Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Belfast, 5th June, 1896

Title
Belfast, 5th June, 1896
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1896
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



BELFAST, 5TH JUNE, 1896.



PRICE TWOPENCE.



VOL. I. — No. 6.


L. 116


Domhnall og.



Tarr aig an dorus agus ná tarraigh go cuthal,
Buail an dorus agus ná deun aen diasgan,
'Nuair fhiafrochas mo mhuinntear cia ar dhiob thu,
Déaradh mé féin gur siolla do'n ghaoithe thu.



Nar bhruisteangtá dham féin na' raibh mo stoir a ndan dam,
'Nuair chuir sé amach mé agus bhí an oidhche baistighe,
Baineadh sgiorra anuas le fanaigh,
A's níor dhubhairt sé "Dia linn" agus bhí sé a lathair.



Tá mo chroidhe istigh chomh dubh le airne,
No le gual a buailfidhe a gceardcha,
No le buan-bhrogaidhibh ar thalamhaidhibh bána,
Agus tá brón hn-mhór-mhór os cionn mo gháire.



A Dhomhnaill óig ma théidheann tu thar fhairge,
Tabhair mé féin leat agus ná deun mo dhearmud,
Gheobhaidh tú féirínla aonaigh agus maragaidh,
Agus ingean righ ghreige mar cheile agad-sa.



Chuaid mo mhuinntear-sa ar fad go Sasanaigh,
Ag deunamh mo chleamhnuis le buachaill albanach,
'Nuair a shaoil siad féin gur móidínacob mé,
Cia chaoi mbeidhinn acht 'mo cleirig-banaltra. *



Deir siad liom-sa nach bhfuil maoin na cuid a'm,
Deir siad liom nach bhfuil rud ar bith a'm,
Thug siad h-éitheach tá níos mó 'ná sin a'm,
Agus tá cuig bha deug ar fheur ar an gcnoc a'm.



Sgeul ar an gradh is mairg a thug é,
Do mhac na mná ariamh nár thig é;
Mo chroidhe ann mo lár-is tú d'fhag é briste,
A's ni fheicim ar an tsráid na a n-ait ar bith thú.



Nach fada me fanacht eidii dhá dhorus na gaoithe leath,
Mo bhrollach osgailte agus mo ghruag liom sgaoilte,
Mar shúil as go bhfeicfinn dul tharm anns an tslighe thu,
Aig dul cum an mhargaidh no teacht ó'n aonach.



B'áil liom fein a dhul go tír an dóláis,
Go suidhfinn síos ann aug deunam buairthe,
Bheidheadh mo shúile seilt ar nós na díle;
Mo cheann dubh bhâineochainn le neart mo smuainidh.



B'áil liom fein a dhul go dtigh Bhrighde,
Go suidhfinn síos ann ameasg na ndaoine,
Air an chruinneál ni fhaca me mo bhuacaill,
'Bhfuil lasadh an óir bhuidhe ann a chuilín gruaige.



B'áil liom fein a dhul go tobar Phadraic,
Tabhart an turais ar son mo ghradh bhám,
Ni fhuil mo shuil leat a ndiu 'ná a mbarach,
Acht mo mhuirnín dílis mo míle slán leat.



* "Cleirig-banaltra" — This word apparently means a nursing-sister or nun, as
it is a compound word, i.e., clergy-nurse.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services