Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Belfast, 3rd April 1896

Title
Belfast, 3rd April 1896
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1896
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



BELFAST, 3RD APRIL, 1896.



PRICE TWOPENCE.



VOL. 1. — No. 4.


L. 77


Dán Máirseála na n Gaodhal.



Feuch sinn-ne, clann na h-'Eireann
Rugadh ar an oileán so,
Támaoid bailighthe ar ár sléibhtibh
Mar budh ghnáthach linn fad o.
Feuch na-h-airm ar ár ngualain
Ní'l aon ghimm' ná picé linn
M' anam! d'fheicfidhe iad go luath linn
Da mbeidh' Eire 'g iarraidh sin!



Ar son Eireann támaoid bailighthe
Támaoid cruinighhthe ar an sliabh,
Gan aon eagla, gan aon fhaitchios,
Gan aon sgannradh acht roimh Dia.



Tá an Sacsanach 'na ghamach!
Snámhuidhe bocht gan spreacadh é!
Támaoid wasal uaibhreach láidir,
Ni mar iad ta sinn-ne a Dhé!
Ni 'l áit le fághail mar sinn-ne féin
Clann na-h-Eíreann, sliocht Mhilésus
Muinntir gaisgidheach uaibhreach treun!



Ar son Eireann támoid bailighthe
Tamaoid cruinighhthe ar an sliabh,
Gan aon eagla, gan aon fhaitchios,
Gan aon sgannradh acht roimh Dia.



D'fhág ár n-aithreacha 'na ndiaigh
Cogadh fada cogadh dubh!
Tá an chonspóid sin gan criochnughadh
Tamoid fein ag troid andiú.
Rugamar ár móid 's ár mionna,
Seanfamaoid do'n chogadh so;
Padraig Sairseull Riobard Eméid,
'Siad leanfamaoid go deó!



Ar son Eireann támoid bailighthe
Tamaoid cruinighhthe ar an sliabh,
Gan aon eagla, gan aon fhaitchios,
Gan aon sgannradh acht roimh Dia.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services