Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Belfast, 6th March 1896

Title
Belfast, 6th March 1896
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1896
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. I. — No. 3.



BELFAST, 6TH MARCH, 1896.



PRICE TWOPENCE.


L. 45


Go m-beannuigheadh Dia ar n-Oilean
Glas.



Go m beannuigheadh Dia ár n Oilean glas,
Dà saor'ó bhruid a's ghleo;
Go seoladh Dia sinn air ár leas
Gach uair de'n oidche's ló;
'Ar nguídhe go h-úmhal, a Righ na n-dúl,
Gur fabharthach tu'nnár d-taobh —
'Sgur mó ár seun
Gan bhrón gan leun,
Inn Eirinn ghlas na Naomh.



A Rígh na ngrás ná tréig ár g-cás,
Ach tabharthas tabhair d'-ár ngûidhe,
A's beir sinn slân ó thúis go bás
'O chlaontaibh ghrána'n chróidhe;
Deun cáirde dhúinn d'ár námhad a Rúin
'Sis clúdhmhar, grádhmhar caomh;
Faoi mhór chind séin,
Anís sinn féin,
Inn Eirinn ghlas na Naomh.



Le congnamh dé do cheap an rae
Na reulta árd 'san ghrian,
Ni fad 'uainn fâinne geal an lae
Na Saoirse d-tír na-bh-Fiann,
O ghleann go gleann annsan beidh greann
A's grádh ó thaobh go taobh —
Sbeidh seun a's neart
O Rígh na bh-Feart,
Inn Eirinn ghlas na Naomh!


L. 46


The Dying Command of Robert Emmet



(Impidhe báis Riobaird Emit).



Ní fhuil acht beagán focal eile agam le rádh — táim
ag deunamh ar m'uaigh fhuair uaigneach — tá solus
lochrainn mo bheatha nach mór muchta — tá deire lem
rae tá an uaigh ar leathadh am chómhair, agus teidhim
go ciuin chum luidhe 'na h-ucht. Ní fhuil acht aon
aihchuinge amháin agam le h-iarraidh ar imtheacht
dam as an saoghal-so, 'si sin gan tracht ar m' ainm. Ná
sgriobhaidh aon neach m' fheart-laoi de bhrigh nach
lamhann aon duine ag a bh-fuil fios mo smaointe iad
do chosaint anois. Ná cuirtear faoi mhi-chlú iad tré
chlaonadh ná tré ainbhfios arra fagtar iad-san agus
mise i bh-folach agus isith agus leac mh' uaighe gan
cômhartha agus mo cuimhne foluighthe go teacht na
h-aimsire agus na n daoine a deanfaidh ceart dom
chailanuair anuair glacfaidh mo thir a h-ionad ceart
ameasg chineadh saor na cruinne, an uair-sin agus ar
an uair-sin amhain sgriobhtar m' feart-laoi. Ta deire
agam. — Translated by "SEANDUM,"


L. 57


Is Fad i o'n g-crich.



She is Far from the Land.



Is fad í o'n g-crích, bh-fuil a h-og-laoch 'nn a luidhe
'S gan aird air a suirighibh 'g a breugadh.
Acht uimrigheann go fuar ó shúilibh gach saoi,
Oir tá a cróídhe le n-a ceile 'g a eugadh.



Budh iad abhráin duthchais a tír féin-do seinn,
Rinn gach fearsa d'ar áil leis do mheamharadh,
O's beag imnidhe locht cluinste a ceolta binn;
A croidhe bheith 'g a bhriseadh gan cabharadh.



Do mhair se d' a rún; agus d'eug se d'a chrích
So an meud bhí 'ga cheangail air talamh:
Ni luath 'ghabhfas trom-ghul a thíre aon sgíth.
'S ní bhéidh 'bh-fad gan a chéile an uaimh fallamh.



O! déan uaimh dhi's an áit bh-fuil na gaeth' greine fiar,
'Nuair ghealleann siad marach glórach:
Bhéid sailsuighadh air a suan mar smigeadh an iar
'On-a dil innse féin a tá brónach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services