Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimh. 20. Lughnasa, 31, 1924

Title
Uimh. 20. Lughnasa, 31, 1924
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Im. II. Uimh. 20. LUGHNASA, 31, 1924. 3p. SA MHÍ



Ar chualais riamh ceól ba bhinne
Ná an Scuab ar Chlár na Fodhla ag
sciorradh?
A's má bhíonn Seán Buidhe gan
fonn air imtheacht
An Scuab 'sa chúl, — ní gábhadh a
thuille.



SCRÍOBHNÓIRÍ.



Pádraig Ó Cadhla.



Aodh de Blácam.



Seán Mac Giolla
Bhuidhe.



“Sliabh gCrot.”



León Ó Broin.



“Sean-eiteallóir.”



Tomás Mac Cionasta.



Seán Ó Criomhthainn.



&c.



LUCHT IOMCHAIR AGUS AISTRIGHTE
TROSGÁN AGUS UILE.



W. W. KENNEDY & CO.



GLUAISTEÁN LE
h-AGHAIDH GACH OIBRE.



GUTHÁN: 1028



122 SRÁID UACHTARACH NA DRISEÓIGE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



BAINSTEÓIR:— TOMÁS M. C. STUDART.


L. 146


LEABHRA GAEDHILGE.



COMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN, Teor.



Ceapadóireacht agus Gramadach do Mheadhon
Scolairí. Do hollmhuigheadh an leabhar so go
speisialta i gcóir Cláir nua na meadhon-scol. Tá
sleachta (giotaí) ann ó sna hughdair is fearr Gaedhilg
do scríobh riamh; agus míniú cúramach, compráideach,
déanta orra maidir le gramadach, léir-mheas,
stíl iarmbunús focal, cora cainnte: litreacha, &c.
Do cuireadh le chéile é do réir comhairle Aireachta
an Oideachais díreach.



Foclóir Foghruíochta Gaedhilg-Bhéarla: S. Ó
Duirinne agus Pádraig Ó Dálaigh. 220 leathanach;
a luach 2s. tríd an bpost 2s. 3d.



Óir-Chiste Fiannuíochta. “Torna.” Tadhg Ó
Donnchadha do chuir le chéile. Cnuasacht é seo de
sna sgéalta agus de sna dánta is fearr do bhain
leis an bhFéinn. Mar shompla “Laoi na Seilge,”
“Cnoc an Áir,” “Feart Chaoil,” &c. Tá réamh-
focal mínithe ó Thórna féin ann. A luach Is. 3d.



Fionn agus a Chuideachta. M. Ó Cionnfhaela
d'aistrigh ó scéal Ainéislis Uí Ghrádaigh, “Finn and
his Companions.” Tá an Ghaedhilg go deas, simplí,
Gaodhlach mar is dual agus dúthchas do mhuinntir na
Rinne. 1s. 3d. a luach tríd an bpost 1s. 5d.



COMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN, Teor.
89 Sráid an Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



MUINTIR
BRAONÁIN & BREATHNAIGH



Táiliúiri agus Lucht Freasdail Éadach Fear.



5 SRÁID UACH Ó CONNAILL,
ATH CLIATH.



SCEULTA MHICIL



(An Fear Mór do scríobh iad)



Tá Gaedhealg Greann is Gáire ionnta.



Tá Caint Chanta Cheolmhar ionnta.



'Sé an leabhar is oireamhnaighe ar an
margadh é do scoláirí ná fuil an
Ghaedhealg ró-láidir aca.



Le Faghbháil ó



Rúnaidhe, Coláiste na Rinne, Dún-
garbhán, nó ó Chomhlucht Oideachais i
mBaile Átha Chliath.



Irish Polishes
for every Purpose



AN TIGH 'na ndeintear úsáid de Smearthaí
an “Max,” bíonn sé i gcómhnuidhe
go geal, glan, fólláin.



Tá buadh ag Smeartha Urláir an “Max”
ní h-amháin do gach saghas úrláir ach do
throsgán chomh maith; tá buadh ag Smeartha
miotail an “Max” a chuireann snas
go mear is go bog ar gach saghas miotail;
tá buadh ag Smeartha bróg an “Max” a
chimeádann an leathar go bog, so-lúbtha
agus ghabháilt aige le dá dhonacht aimsir.
An bhfuil na Smearthaí breághtha so id'thigh
féin agat sa?



Díoltar Smearthaí an “Max” ins gach aon
áit.



The Max Polishes



Deintear ar fad i nÉirinn —



McMASTER, HODGSON & CO., Ltd.,
ÁTH CLIATH.



NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN
NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH.



Dá bhrigh sin
Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun



TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE
(COURT LAUNDRY)
SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.



TEACH-ÓSDA
AN PHLÉIMEANNAIGH



31-32 Plás Gáirnéir, Áth Cliath.



Áit Chiúin gan Bheith Iargcúlach.



Áith Chompórdach Gan Bheith Costasamhail.



Margaidhe agus eile ar do Chomhgar ann.


L. 147


Ár Scéal Féin!



“An sean-‘Scuab’ acht amháin cos nua
innte?” — adéarfar nuair léighfear an
t-eagrán so. Is díreach é. Mac Giolla
Iasachta do chuir an páipéar ar bun agus do
choimeád ar siubhal é go dtí Mí na Béaltaine
seo caithte, b'éigean dó eirighe as annsin,
agus b'éigean do chomhlucht d'á cháirdibh teacht
i n-a ionad agus i n-a áit. Seacht gcúraimí
an tsaoghail d'á éaghmuis a bheith air fé
ndear dó eirighe as an obair, acht ní h-amhlaidh
atá sé ag casadh a chúil uirre ná ag tabhairt
druime láimhe leithi. Ní'l sé. Beidh sé ag
cabhrúghadh linn i gcomhnuidhe. Beidh rún
aige leis “An Scuab” agus páirt i n-a
cion, agus is maith atá tuillte aige go
mbeadh. Maireach é ní bheadh aon “Scuab” ann.



Támuíd i dteannta. Ní mar a chéile
lucht léighte páipéir Gaedhilge agus lucht
léighte páipéir Beurla. Is éigin dúinn-ne
cuimhneamh ar dhá shaghas duine: ar an
gceud dul síos tá an dream a bhfuil an
Ghaedhealg acu on gcliabhán agus bíonn cuid
mhaith acu san ag faire orrainn feuchaint an
bhfuighdís aon bhuntáiste do bhreith orrainn;
feuchaint an mbímíd-ne ag tuitim siar ón
standard a bheadh acu dá mbéidís féin i
mbun an pháipéir; agus ar an taobh eile dhe
tá na daoine mí-ádhmharacha atá ag foghluim.
Bíonn siad sin ag súil le rud simplidhe i
gcomhnuidhe, rud a chuirfeadh misneach ionnta
agus deireann a leitéidí linn go minic
gurb amhlaidh a chailltear ar a misneach ar
fad ar fad agus iad a d'iarraidh an
“Sguab” (nó “Fáinne an Lae”) do
léigheamh. “Glac chughat do pheann,” arsa
múinteoir taisdil áirighthe linn an lá fé
dheire, “agus tabhair fé leath na n-alt a
bhíonn sa “Sguab” gach ao' mhí agus déin
níos simplidhe iad.” Go bhfóiridh Dia
orrainn! Cad a dhearfadh na sgríbhneoirí
annsan? Is beag ar fad de sgríbhneoirí
an lae indiu a thugann simplidheacht agus
fior-láidireacht cainnte i bhfocair a chéile
leo. Ní bhíonn daoine mar an t-Athair
Peadar ar an saoghal gach aon lá. Sin í an
adhb, ní bhfuighfeadh an gobadán an dá thráigh
a thabhairt leis, agus is dócha gurb éigin
dúinn leanamhaint den obair sa t-slighe
ceudna a's a righneamar go dtí so í.



Déinimíd iarracht gach ao' mhí alt nó
dó do chur sa “Sguab” a thuigfeadh aon duine
a mbeadh roinnt Gaedhilge aige. Déinfimíd
an rud is fearr is féidir linn agus mara
mbíonn gach ao' dream sásta, ná tógtar
orrainn ro-dhian é. Is léir pé'r sa domhain
de, ná deunfadh sé an gnó an rud ceudna
do sholáthar don duine a dteastuigheann
Gaedhealg láidir saidhbhir na Gaedhealtachta
uaidh, Gaedhealg 'na mbíonn na casta cainnte
breághtha atá á gcailleamhaint ó lá go lá
dréir as a gheibheann na sean daoine bás
(mar go bhfuil a fhios ag an domhain ná fuil
Gaedhealg na ndaoine óga chomh láidir ná
chomh saidhbhir a's a bhí Gaedhealg a n-athracha)
ní shásóch an rud ceudna iad sin a's a shásóch
lucht foghlumtha na teangan. Agus cé acu
dream acu is tabhachtaighe i ndeire na dála?
Muireach na Gaedhilgeoirí léigheannta ní
bhfuigheadh na foghluimtheoirí foghluim in ao'
chor, agus in eugmais lucht foghlumtha na
Gaedhilge do bheadh sé chomh maith ag an dream
eile an obair do thabhairt suas ar a bpaiste.
Ní neart go cur le céile; sin bun agus barr
an scéil, agus tuigimís é.



AN SGUAB.



VARIAN'S



Deintear i mBaile Átha Cliath iad.



Uim. 012.



Sguaibe de gach saghas.



Dá ndíol ins gach siopa earraidhe tigheasa
lorgaidh iad.



Ní'l am againn chum a rádh mar gheall ar na Príosúnaigh acht — Buidheachus le Dia iad saor!


L. 148


Mise Annso a's Fios
Agam.



Scríobh roinnt daoine chugam dá rádh gur
cheart agus gur chóir “An Scuab” a choimeád
beo, ag tabhairt a dtuairmí conus sin a
dheunamh, agus ag geallamhaint gach aon
chongnamh chuige, acht níor scríobh leath an
oiread gus ba mhaith liom.



Táim ag deunamh ionad coinne le cuid
de na daoine seo agus tá muinghin agam go
ndeunfar socrughadh ar é choimeád ar siubhal.



Tá an sceul mar seo anois i dtaobh na
Gaedhilge. Tá mór-chuid daoine againn a
rugadh agus a fháiseadh as an nGaedhilg agus
go bhfuil an léigheamh agus an scríobhadh go
maith aca acht ná fuighfeá aon toirt ná éifeacht
'sa rud a scríobhfaidís. Bheadh an chaint
go hiongantach flúirseach aca agus an
Ghaedhealuigheacht cheart nádúrtha ag briseadh
amach trí gach alt agus féith den chaint sin
acht as an gcáitheadh go léir ní bheadh agat
acht mála lócháin. Ní choiméadfadh an lóchán
so páipeur mar “An Scuab” ar siubhal.
Caithfear an gráinne maith folláin a sholáthar
don phobal.



Tá mór-chuid daoine eile ann agus an
cleite ar a dtoil aca, an t-eolas go glib
aca acht gan deil ná deallramh ar sníomhadh
na Gaedhilge aca.



Tá daoine ann a léighfeadh gach saghas
Gaedhilge ar lorg an Ghráinne agus daoine
eile ná léighfeadh aon rud acht an rud a
scríobhfaidís féin. Agus tá a lán Gaedhil-
geóirí ná caithfeadh leath-choróinn 'sa mbliadhan
ar aon pháipeur Gaedhilge. Mar sin tá
sé deacair do pháipeur mar “An Scuab”
a mhaireachtain a dheunamh.



Sé rud a chuireamar romhainn a sholáthar
don phobal 'sa “Scuab” an cheud lá acht
ailt brioghmhaire, éifeachtamhla, clúdaighthe i
gcaint gunta le ceart agus cóir na Gaedhilge.



Ní fhuil mé féin sásta gur eirigh linn é
sin a dheunamh chomh maith gus a bhí coinne agam.



Tá a fhios agam má 'seadh go dian dóighte
cad atá in easnamh orainn. Na daoine
a bhfuil an t-eolas agus na h-ealadham aca
is tríd an mBeurla a bhailigheadar gach aon
rud chúcha, agus gach rud a thugann siad
dúinn 'sa nGaedhilg imtheacht an Bheurla
bhíonn fé 'sa tslighe nár mhór do dhuine a
rugadh agus a thógadh le Gaedhilg an-eolas a
bheith aige ar an mBeurla leis chum a nGaedhilg
siúd a thuigsin. Sé sin go gcaithfidh ár
leitéidí-ne an Beurla d'fhoghluim go maith
chum a gcuid Gaedhilge siúd a thuigsin. Ní
bhfuigheadh rud a bheith níos mí-nádúrtha ná
sin.



Acht deir siad linn gur mar sin a bheidh,
Is mór an mí-ádh don Ghaedhilg agus don
tír má chaithear leigint leo.



Tá sé riachtanach orainn-ne spriodáltacht
na Gaedhilge agus ár ndaoine a thabhairt linn
má's maith linn sinn féin a shábháilt ón saoghal
damanta atá thimcheall orainn anois. Tá
an chaoí againn. Tá ár súile osgailte.
Táimíd ag deunamh ath-nuadhchain ar ár
mbeatha agus ba cheart dúinn saoghal
spriodálta na fíor-Ghaedheal a thabhairt linn.



Is fadó riamh a cheapadh ag Árd-Fheis i
mBaile Átha Cliath gur cheart Scoil Gaedhealach
a chuir ar bun 'san áit is Gaedhealaighe de
gach Cúige. Tá seacht mbliadna deug ann.
Níor cuireadh. Más maith linn an seod
luachmhar a oireann dúinn chum sinn féin a
shábháil ó dhiascur sluaigh an tsaoghail mhalluighthe
atá anois ann a chosaint agus a choimeád
badh cheart trí nó ceathair de Árd-scoileanna
fíor-Ghaedhealacha a chuir ar bun láithreach
bonn.



Gach múineadh agus gach teagasc agus gach
tógaint a bheith dá thabhairt tríd an Ghaedhilg
ionnta. A bheith ag saothrughadh na teangan
agus dá cur in úsáid in gach aon ocáid.
Na hollamhain a bheith go fíor-Gaedhealach
in a gcroidhe agus in a meon. Ba chóir
go bhfuighfí a leithéidí a chur ar bun
anois fé an scéim nua oideachais atá ag
lucht oideachais idirmheadhonaigh.



Mar a dtuigeann an Riaghaltas go bhfuil
sé riachtanach orra an rud so a dheunamh
ní thuigeann siad cúrsaí na Gaedhilge; agus
mar a dtuigeann siad cursaí na Gaedhilge
ní thuigeann siad cúrsaí an Náisiúin.



Bhí an-thabhairt amach cúpla seachtmhain
ó shoin ag oscailt na hárd-chúirteanna i
mBaile Átha Cliath agus deineadh mórán den
Ghaedhilg d'réir deallraimh. Acht cathain
a aireofar an méid sin Gaedhilge san áit
cheudna arís? Do rigneadh an leathadh-laghar
ceudna uirre ag an cheud agus ag an dara
Dáil acht cá bhfuil sí anois aca? Tá sí,
in a bpluc aca. Is ann a bhíonn a dteanga
go minic aca.


L. 149


Ní dheunfaidh aon “leigint orainn” an
gnó dhúinn i dtaobh na Gaedhilge. Caithfear í
chur in úsáid i gcomhnuidhe nó neachtar aca
ní fhuilimíd i ndáiríre.



Tá súil le Dia againn go n-eireochaidh
le hÁrd Coisde na gComhairlí gCondae rud
foghanta éigint a dheunamh i dtaobh na
Gaedhealtachta.



Is ar éigin athá aon deifir idir an tslighe
atá rudaí sa nGhaedhealtacht anois agus an
tslighe bhíodar fe riaghaltas Shasna. Tá
oifigí ón Riaghaltas ag dul isteach go dtí na
ceanntair sin ag thabhairt eolais agus
teagosca do mhuintir na háite agus gan
aca acht an Beurla. Cad é an iongnadh go
mbeadh daoine bochta na háiteanna seo ar
lorg an Bheurla dá gclainn. Ní fhuil acht
díthcéille dhúinn a bheith ag rádh gur b'í an
Ghaedhealg teanga an Náisiúin seo.



Agus ós ag trácht ar sin é chím go bhfuiltear
ag cur dochtúirí ag frithealadh ar na bochtáin
'sa nGaedhealtacht ná feadar cad a bheitheá
ag rádh dá ndeurfá leo iad féin a choisreacan
as Gaedhilg. Go bhfeuchaidh Dia ar na
bochtáin; is iad a bheidh thíos de.



Tá an Ghaedhealg dá giolcadh ós comhair
ár súl. Cibhe méid baint atá ag an riaghaltas
leis an Gaedhealtacht nár chóir go ndeunfaí é
tríd an Ghaedhilg amháin.



PÁDRAIG Ó CADHLA.



DO LUCHT FÓGARTHA — GAEDHILGEÓIRÍ.



Scríobh chúghainn, nó dein coinne leis an
mbainisteóir agus béidh áthas air luach na bhfógraí
agus gach eolas Ídtaobh “an sguab” a thabhairt díbh.



MUINNTEAR AN SGUAIB.



DO'N GHAEDHEALTACHT NUA AGUS UILE.



Má tá sorn guail nó sorn oíle uait, nó,
Má tá gléas cócaireachta uait, nó,
Má tá sgeanna, forcanna, spiúnóga,
&rle., uait, nó,
Má tá aon rud uait i gcóir an tighe nó
an gharrdha, buail isteach chúghainn nó
sgríobh chun:—



Muinntir Glasáin, Déagha & a gCuid.,
Tta.,
21-22 Plás Teampuill Críost,
Baile Átha Cliath.



Humpty Dumpty. (Leagan Ciarraigheach.)



Tá Filimín Falaimín i n áird' ar an bhfalla.
Thuit Filimín Falaimín anuas ar an dtalamh;
Dá dtagadh dháréag agus triúr agus dachad
N'Fhéadfaidís filimín Falaimín a chuir i
n áird' ar an bhfalla.



Re-bhó-seam.



Cheithre caora maola liatha luatha leath-
iorballach is beag an t-iongna liúm-sa na
cheithre caora san do bheith maol liath luath
liath leath-iorballach. 'Sé an reithe do dhein
iad reithe maol liath luath liath leath-iorballach.



Ceann eile.



Do dhoirt cearc-uisge pic uisge le corcoise
cas choise an chómhra.



(Iad seo araon a rá go mear!)



TOBAR NA FIOR-GHAEDHILGE
I RINN Ó gCUANACH
I nDÚTHAIGH DÉISEACH.



Caith do shaoire ar do shuaimhneas
ann agus raghaidh sé chum tairbhe
dod shaoghail agus do shláinte.



Tá tigh fada fairsing i gcomhaír bhidh, iostais,
agus an mhúineadh ag lucht Iolscoile na Mumhan
ann — an fharraige i mbeul an doiris aca.



AN CÚRSA COITCHIANTA
MÍ LUGHNASA



Scoil na Leanbhái ag Tosnú in a dhiaidh sin.



Tá gach fios agus faisnéis le fagháil



Ó'N bhFEAR MÓR
I RINN Ó gCUANACH.


L. 150


DÁ NÁISIÚN NÓ DÁ
AICME — CÉ ACA?



Deireann na Sasanaigh go bhfuil “dá
náisiún” i nÉirinn, agus go bhfuil deighilt
agus dífríocht do-leigheasta idir Ultaigh agus
Éireannaigh. Is minic an bhréag céadna ghá
canadh ag lucht leanúna an Charsonaigh, agus
is minic minic a chualaidh mé muintir an
Deiscirt ag dímeas muintir Uladh mar
allmhuraigh agus drong iasachta.



Do shliocht Gall-Ghaedhal Uladh mise.
Ionmhuin liom muintir na Sé Condaetha, agus
creidim go bhfuil ciall chruinn agam dá méon.
Deirim gur cuid de thréad Pádruig iad,
muintir Uladh, gídh nach ionann a mbéasa
agus béasa muintir na Mumhan.



A cháirde Gaedhal, más Muimhnigh sibh, ná
creididh go deo don té adeirfeas libh nach
Éireannaigh iad na hUltaigh. Tá tréithe fá
leith acu; tá tréithe fá leith ag Connachtaí
freisin. Mothuighthear na tréithe seo i
gCaitilicigh Uladh chomh maith le Prodasdúnaigh.
'Na theannta sin, tá béaloideas spioradálta
ag na Prodasdunaigh nach bhfuil ag furmhór
Gaedhal: acht ní fhágann sin gur allmhuraigh
iad. Tá saoghal spioradálta ag Caitilicigh
Sasana nach dtuigeann furmhór a gco-lucht-
tíre, acht níl aoinne ag cur 'na leith gur
dream iasachta iad dá bhárr sin.



Plus ça change plus ç'est la même chose,
adeir an sean-fhocal Franncach, agus tá
duthracht agus cionndánacht na nGaedhal le
mothú i gcreideamh na bProdasdúnach i nÉirinn,
gídh go bhfuil gné úr ar na sean-tréithe
náisiúnta. Má téidh tú go Sasana agus
cuairt a thabhairt ar eaglaisí na nGall,
deirfidh tú nach bhfuil aon chosúlacht idir
Prodasdúnacht Sasana agus Prodasdúnacht
na hÉireann. Ní abrochaidh mé cé acu is
córa nó is gloine mar Prodasdúnacht; acht
cuirfidh mé i gcuimhne duit go bhfuil an
dífríocht chéadna le mothú idir Caitliceacht na
hÉireann agus Caitliceacht na Mór-Roinnte.



Más fíor damh, mar sin, tá rian an
náisiúin, meon na nGaedhal, ar Phrodasdúnacht
agus ar Chaitliceacht na hÉireann chomh maith.
Tá cosúlacht idir Caitlicigh agus Prodas-
dúnaigh na hÉireann ina gcuid subhailcí agus
ina gcuid dubhailcí fosta. Claonann an
bheirt aicme le simplidheacht agus fuacht
aigeanta, agus iad ag moladh Dé. Fuath
leis an bheirt acu maordhacht agus áilleacht
ina gcuid eaglaisí agus ina gcuid seirbhísí.
Fuath leo ceol aoibhinn, bheistmintí, tús agus
ceileabhradh solamanta. Bíonn Aifreann
Mór ag Caitlicigh Sasana 'achan Domhnach. Ní
bhíonn acht Aifreann Íseal againne. Fuath
le muintir na hÉireann Aifreann Mór agus
Easpairt Puiblidhe. Ionann an méid sin
agus a rádh gur “Eaglaisidhe Ísle” nó
Low Churchmen, muinntir na hÉireann i
gcomhnuidhe (mo thruagh an scéal!).



Gidh go bhfuil an chosúlacht so idir an dá
dhream, agus gídh go ngrádhann muintir Uladh
a dtír cho maith le muintir an Deiscirt, tá
droch-amhrus i na gcroidhthibh, agus tá eagla
ar Ultaigh roimh Caitlicigh. Tá balla mór
tógáilte idir iad agus a gcómh-lucht-tíre, agus
measann siad gur daoine dána dúra na
daoine atá taobh eile den bhalla so.
Cuimhnighmís go rabh an drochamhrus so idir na
Episcopalians agus na Presbyterians, fad ó.
Níor lugha an fuath a bhíodh eatorra ioná an
fuath so idir Glas agus Buidhe i nÉirinn
anois. Bhí na hOrangemen go dian i naghaidh
Acht na hAondachta, chionn is gur shíl siad go
dtiubhradh an t-Aontú cothrom na Féinne do
chuid dá gco-Phrodasdúnaigh. Leagadh ar lár
an balla sóiséalta a bhí idir an dá dhream
Phrodasdúnach, agus tá siadsan ar aon aigne,
nach mór, anois. Is áirde agus is seasmhaighe,
an balla damanta so idir Prodasdunaigh
agus Caitlicigh.



Is amhlaidh atá an scéal anois, bíonn
roinnt agus deighilt idir an dá chreideamh
ón chliabhán amach. Chan ins na scolanna
céadna a bhíonn Prodasdúnaigh beaga agus
Caitlicíní ag foghluim a gcuid A-B-C. Ní
bhíonn siad ag pléidheáil le chéile. Ní bhíonn
siad i bhfocair a chéile uair ar bith. Nuair
a fhásann siad na bhfearaibh agus na mnáibh,
ní bhíonn siad ag casadh ar a chéile ins na
clubannaí nó insna hallaí damhsa. Ní
ceadhmach dóibh pósadh ar a chéile (rud atá
i naghaidh nadúra agus a déanfas dochar do-
innste don náisiún); agus i ndeire na
dála, cuirthear fá ithir na hÉireann iad i
bhfad amach óna chéile ar eagla go meascfaidhe
a gcuid luaithridh idir lá a mbáis agus Lá na
Cruinne. Meastar go ndeighilfar óna chéile
iad 'sa t-saoghal le teacht, acht is eagal
liomsa go ndíbreochaidh an Tighearna an dá
dream le chéile ó gheata na bhFlaitheas Uaidh
a rádh: “Imthigidh libh, a náisiún gan náire


L. 151


nach rabh daonnacht nbur gcroidhthibh riamh:
níor admhuigh sibh a chéile mar bráithre, agus
ní admhochaidh Mise sibhse mar clann. Imthigidh
libh go hIfreann le chéile, agus nuair a bhéas
sibh ag casaoid is ag caoineadh le chéile fá
dhiansmacht na ndiabhal, bfhéidir go mbeidh sibh
ar aon aigne fá dheire.”



Cuirimís i gcás go ndeighiltí daoine ag a
bhfuil súla donna óna daoine aga bhfuil
súile gorma: go dtógtaí iad gan meascadh
le céile ins na scoileanna, agus go
gcoinneochaidhe ó bheith ag sugradh agus ó
pósadh ar a chéile iad: gan na páipéaraí
céadna do léigheamh, agus gan aon t-saoghal
comonta do bheith acu. Nach léir go mbéadh
an dá dhream lán do droch-amhrus agus fuath
dá chéile cosúil le Prodasdúnaigh is
Caitlicigh? Nach follas ón méid seo gur
féidir le deighilt artifíseálta daoine do
chasadh óna chéile go dtí go mbeidh siad 'na
náimhde i n-ionad bheith 'na gcáirde?



Dá mbúdh ionann an béaloideas spioradálta
ag an dá aicme i nÉirinn, ní bhéadh aon roinnt
eile eatorra, acht chuirfeadh a dtréithe
comonta orra teacht le chéile go croidheamhail
cáirdeamhail: phósfadís ar a chéile, agus
bhéadh náisiún aguinn arbh fhéidir an t-ainm
sin do thabhairt air. Sul má tháinig an
deighilt Creidimh ar an t-saoghal, phósadh mná
na hÉireann ar na Danair is arna Normanaigh,
agus tháinig taom mór deagh-fhola úr isteach
'sa náisiún.



Grádhann Ultaigh a seanoideas féin, agus
is ceart dóibh. Seanoideas uasal fearamhail
atá ann. Acht tá fhios acu nach bhfuil aon
mheas ag muintir na gcúigí eile ar na rudaí
is dílse leo. Tá eagla orra go ndeanfadh
Éireannaigh leithcheal ar na rudaibh sin.
Ionann an scéal ar an taobh eile. Mura
bhfhuil aon mheas ag Caitlicigh ar árd-smaointe
na nUltach, tá droch-mheas (agus dí-mhuineadh
leis) ag Ultaigh ar nósanna an Deiscirt agus
cuspóirí Caitliceacha.



Goidé an leigheas ar an droch-chás-so?
Mo fhreagra, aithne ar a chéile ag daoine
deagh-thola agus stúidéir ar stáir agus
cuspóirí gach uile dhreama i nÉirinn. Bíonn
inntleacht ro-chumhang ag Ultaigh do ghnáth:
acht níl aon fheabhas air sin le feicsint i
ndeisceart Éireann. Má tá cosúlacht idir
Ultach is Muimhneach, seo í gan aon agó — iad
chomh sásta leo féin is bíonn siad. Measann
an t-Ultach nach bhfuil aon drong 'sa domhan
mór cho breagh leis na Fir Bhuidhe, agus nach
fiú dóibh aon rud fhoghluim ó thír ar bith eile.
Measann an Muimhneach nach bhfuil aon sárú
ar nósanna Chorcaighe 'sa chruinne.



Tá subhailcí agus buadha ag 'achan dream
i nÉirinn nach dtig linn spáráil má tái-
mid ag iarraidh fíor-náisiún deanamh do
mhuintir na tíre seo. Tá rudaí áille in
seanoideas spioradálta Uladh chomh maith le
seanoidheas an Deiscirt. Tá mé lánchinnte
go ngrádhann Dia an dá dhream, agus go
bhfuil cuid d'Á fhírinne ag an bheirt acu.
Chan ceart dúinn bronntanais Dé do chur
i n-achrann le chéile, acht iad do bheith ag
cuideadh le chéile. An té a tharcuisgheann
buadha Dé 'na bhráthair, ní chóimhlíonann sé
toil Dé ann féin.



AODH DE BLÁCAM.



C. Bíonn sí thoir; bíonn sí thiar
Bíonn sí i ngáírdín bh'l'Áth Cliath
Is mó a grinn ná greim capaill
Agus ní bhlaiseann sí an fíar (féar).



F. Speal.



C. Téidheann sé anonn gan bhád gan long
Agus tagann sé anall go córach deas.



F. Cubhrán bán tuinne.



C. Láir bhán phlubarnach; lán pháirce d'eórna
Mara mbíonn searrach innte bíonn sé
aisti



F. Bró.



C. Léine hinirí bhinirí bhuachalla
Léine ná nightear ná fightear is ná
fuaightear í.



F. Scannán bán istigh i n-uibh.



DO LUCHT LEIGHTE “AN SGUAIB.”



béimíd fé chomaoin agaibh ach ainm an sguaib
do luadh nuair a bheidh sibh ag ceannach earraidhe
ó lucht fógartha 'sa páipéar so.



MUINNTEAR AN SGUAIB.


L. 152


CAITHRÉIM NA RIDIRÍ STÁIN.



Bhí raic agus rúille-búille sa tsráid-bhaile.
Scata tuincéirí bhí ag gabháil thart, go n-a
seangáin asal, trucailleacha fhada, agus a
spriosáin shalacha chos-nochtuighthe. D'éirigh
eatorra ag cúinne na sráide bige. Fáth
an easaontais, braon beag san iomarca,
agus neamh-chinnteacht i dtaobh an bhothair ba
chóir dóibh a thaisteal. Theastuigh ó chuid
aca dul soir, theastuigh ó'n chuid eile dul
siar. Ní raibh ann ach argóint achrannach ar
dtúis, mionna móra agus beaga 'á stealladh
go tiugh, níorbh' fhada ámh, go rabhadar ag
gabháil de dhóirnibh ar a chéile, agus thosnuig
an raic i ndáríríbh. Chruinnigh gramaisc agus
gioblacháin na sráide, mar is annamh chítí
aon rud neamh-ghnáthach 'sa ghráig shuanmhar san.



An Dubhghallach taoiseach an dreama gur
mhaith leo dul soir agus an Domhnallach ceann-
urraidh an dreama eile. Fear mór téagartha
a b'eadh an Dubhghallach, lomra mor gruaige
ar a cheann, crios leathair fá n-a chabhail
aniar agus faghairt 'na shúilibh dubha. Níorbh
'thaise do'n taoiseach eile. Fathach 'na chrot
agus 'na dheallramh, na cuisleacha ag seasamh
amach 'na ghéagaibh mar bharraí iarrainn, agus
neart do-choimsighthe 'sna ghéagaibh céadna.
Chuirfeadh an bheirt so Cúchulainn agus Ferdhiadh
i gcuimhne duit 'siad ag gabhail go fíochmhar
fraochda ar a chéile. Níorbh' lanna, agus
gaetha bhí ag na laocha so, ach a ndóirne dhúnta.
Bhí a lucht leanamhna ar gach taobh, fir agus
mná agus páistí, ag gríosú 'na laoch agus
ag tabhairt congnaimh dóibh. Sult agus
siamsa ag an sluagh, ag féachaint ar an
gcoimheascar.



Níorbh' fhada gur scread duine éigin ar
iorball an tsluagha go raibh na síothmhaoir ag
teacht. Níor chuir san aon chorabhuais ar na
gladiatóra, ámh. lean siad do phleanncadh a
chéile, na mná agus na páistí ag liúghrach:
“Na Dubhallaigh abú!” nó “Na Domhnallaigh
go deó!” “Bain an mórtas as, a laogh.”
“Tabhair corr choise dó, a ghruagaigh” agus
mar sin de.



Rinne an sluagh slighe do na síothmhaoir.
B'éigean dóibh-sean a mbaitíní a tharraingt
sul scuirfeadh Cúchulainn agus Ferdiadh dá
choimheascar; annsan cuireadh an dornfhasc
orra beirt agus seoladh go dtí an bearaic
iad, na mná ag liúghrigh agus ag caitheamh cloch
leis na síothmhaoir. B'éigin dona síothmhaoir
cillín fé leith d'fhágaint ag gach laoch, ionnus
ná stracfaidís na scórnaig as a chéile dá
leanfaidís do'n troid. Ní rabhadar i bhfad
'sna cillíní nuair thosnuigheadar ar amhráin
do ghabháil agus ba láidhir na scamhóga bhí ag
an mbeirt rógaire



Maidin i mbárach bhí na tuimcéirí chomh ciúin
le cuilm deoil. Do leigeadh amach iad agus
bhí a mbantracht agus a bpáistí ag feitheamh
leo ag an ngeata. Agus ní fhacais riamh a
leitheidh d'fháilte agus a fearadh rómpa.
Rugadar de bharróg ar na taoisigh, phógadar
iad, agus chrothadar a lámha go bríoghmhar.



“Fáilte romhat, a Ghruagaigh!” agus
“conus ar thaitn an áit sin leat, a
Chleithire” — sin mar d'fháiltigh a muirghin
rómpa.



As go bráth leis an siubhlóid buadha annsan,
roinnt aingciseóir asal ar dtúis, cúpla
trucail fada i lár baill, na mná ruadha agus
na páistí salacha stracaithe anáirde ortha,
agus roinnt asal mar chúl-ghárda. Chruinnigh
an daoscar sluagh arís agus thugadar trí
ghártha ar chnuic (ar shráid ba cheart dom a
rádh). Ní raibh aon achrann mar gheall ar an
treó ba chóir dóibh a ghabháil. Bhí san
sochruighthe aca, do réir deallraimh. Siar
a ghabhadar fé dhéin na sléibhte.



Bhí go maith agus ní raibh go h-olc go dtí
— ach sin scéal eile. Tímpal leath-uair t'réis
imtheacht na dtuincéirí, thug éadaightheóir cínn
an tsráid-bhaile go raibh rolla mór éadaigh
ar iarraidh ó thaobh amuigh dhá shiopa. Do straic
sé bathas a chinn. Ní raibh aon ana-mhuinighin
aige as daoscar agus “cuaillí cúinne” an
tsráid-bhaile. Ach ba dheacair a rádh go
ndéanfadh áitreabhach an bhaile a leithéid de
ghníomh i lár an lae ghlé-ghil. Amuigh fé'n
dtuaith uaigneach ba ghnáth leo oibriú. Annsan
do chuimhnigh sé ar na tuincéirí de phreip:



“Na ropairí” ar seisean, “ní chuirfinn
tharsta a leithéid do dhéanamh “agus siúd
fé dhéin bearaic na síothmhaoir gan caidhp gan
cóta air é. D'innis sé a scéal. Do lean
cúpla síothmhaoir na tuincéirí ar a rothair.
Ach níorbh' aon dóighthín teacht suas leis an
lucht siubhail. B'éigin dóibh a lán bóithríní
chasta agus casáin achrannacha a thaisteal sul
thángadar suas le na cuirpthigh. Fuaradar fé
bhun scailp sléibhe an treibh go léir.
Béilthigheach teine aitinn agus scrubarnaigh
sléibhe ar lasadh aca agus iad go léir suidhthe


L. 153


mór dtímpal uirre. Bhí Hercuil agus Achilles
ann, ach ní raibh an fonn céadna troda orra
agus mar a bhí aréir. Fuair na síothmhaoir
an rolla éadaigh ag tóin na trucailleach.



Annsan do thosnuigh an siubhlóid arís —
“filleadh na ndeoraidhe.” Siothmhaoir ar
dtúis agus a bhaitín tarrainghthe aige, roinnt
asal annsan, na trucailleacha agus a luchta
dhaonna, roinnt asal arís agus ar dara
síothmhaoir ar deire thiar. Mar sin do
shroicheadar an sraid-bhaile agus teach osta
an saor-fheisdis agus an saor-lóisdín. Chaith
an sluagh seachránach roinnt lá ar aoidheacht
annsan. Nuair leigeadh amach iad, ní fé
dhéin na sléibhte thugadar a n-aghaidh, ach soir
fé dhéin sráid-bhaile eile agus b'éidir tighe
ósta Ríoghamhail eile — ach ní leanfaimíd a
thuille iad don chor so.



SEÁN MAC GIOLLA BHUIDHE.



“Cad é deifir atá idir ‘éitheach’ agus
‘bréag’?” — arsa scoláire le fear tuaithe.



“San éitheach is gnáthach feall;
San bhréig bé' 'dir gáire 's greann.”
ars an fear tuaithe.



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



na polasaithe is iomláine le
fagháil.



AN FARAIRE BEAG.



Maidin bhréagh, aoibhinn, aerach i mí
Lughnasa 'sa mbliadhain míle, sé cheud, nochadh
le linn ionnsuighthe cathrach Luimnighe le
Gallaibh, do bhí ceathrar marcaigh ag deunamh
a slighe bog-stróc amach as bealach, fiadhain,
uaigneach i Sliabh Ciméalta ar theorainn
Chondae Luimnighe agus Thiobraid Áran.



Lorgairí d'arm an tSáirseulaigh b'eadh iad
agus ba bhreagh, deallrathach, groidhe na fir
iad, lán an cheathrair aca. An bheirt a bhí
ar tosach — in a mbeirt agus in a mbeirt
a bhíodar ag gluaiseacht — is fada mhairfidh
a gclú a's a gcáil imeasc Gaedheal. Eumon
Ó Riain .i. “Eumon an Chnuic” agus giolla
.i. Pádraig ó hÓgáin a bhí ann.



Sé an fáth gur tugadh an leas-ainm sin
“An Chnuic” ar an Rianach dar liomsa, ná
go raibh duais mhór le fagháil ó Riaghaltas
Shasana ag an té a dheunfadh é a thabhairt
chum láimhe — beo nó marbh — ar shlighe go
mb' éigin dó dul i bhfolach 'sa chnoc agus
fanamhaint ann an fhaid a lean an tóir air.
Acht, buidheachas le Dia tá sé le maoidheamh
ag muintir Thiobraid Áran agus ag muintir
Luimnighe ná fuaireadh ar a bhfuaid fear a
bhraithte agus gurbh' eol don dúthaigh go léir
folachán an Rianaigh agus go raibh 'sa dúthaigh
céadna an tráth ud na ceudtha fé ghorta agus
fé ghábhadh. Acht do bhí an ghráin chomh láidir
'sa chroidhe agus san aigne aca ar an
“airgead fola” agus ar an bhfealltóir gur
túisce scarfaidís le n-a raibh 'sa tsaoghal
aca ná a thabharfaidís le rádh d'aoinne, ná é
fhágaint ar chumas aoinne a chaitheamh san aghaidh
orra féin ná ar a sliocht go deo go raibh baint
ná páirt aca le n-a leithéid. In ionad sin, is
amhlaidh thugadh na daoine lóisdín oidhche do
fhearaibh calma mar an Rianach a bhíodh ar a
dteicheadh, — nó “ar a gcoiméad,” mar adeir
na sean-daoine, — agus is minic a théidís i
gconthabhairt a n-anma agus a gcuirp chum
fóirthint orra.



Acht sceul eile 'seadh é sin agus is fearr
dhúinn brostughadh orainn feasda le heagla
go mbeadh na lorgairí d'fhágamar ar bhóthar
Chimeálta imthighthe orainn agus na feicfimís
a thuillead iad.



Do bhíodar, na lorgairí, ag baint lán a
súl as an dtír magcuaird go h-imhsníomhach


L. 154


mar dob' eol dóibh go maith nárbh' fhada uatha
lorgairí namhadamhla d'arm Liam a bhí ag
teacht adtuaidh ó Bhaile Átha Cliath le cóir
cogaidh don lucht ionnsuidhthe.



B'é gnó áirighthe an t-Sáirseulaigh agus a
lucht leanamhna gan leigint don lón cogaidh
so sroichint lámha na namhad. Chuige sin is eadh
chuir an Sáirseulach uaidh an Rianach agus a
chuid fear ag lorgaireacht mar is aca dob'
fhearr eolas na gcnoc trí n-arbh' éigin don
namhaid gabhail ar a slighe isteach go Cathair
Luimnighe.



Anois, ó tuigtear an méad sin leanaimís
na lorgairí.



Níorbh' fhada ó bhun na gcnoc dóibh go
dtángadar chomh fada le bothán cinn tuighe i
mbeul an bhóthair. Bhí crainn, bhréaghtha, árda,
díreacha, teugartha, ag fás ar chúl an bhotháin,
crainn fuinnseoige b'eadh iad. Bhí fuinneog
i mbeinn a tighe agus brat beag uaithne
sáithte innte.



Nuair a chonnaic an Rianach an brat, anuas
leis dá capall agus tar éis órduighthe a
thabhairt don bheirt marcach a bhí ar deireadh
thug sé féin agus an Ógánach aghaidh ar an
dtigh in aoinfheacht.



Bhí garsún beag a bhí isteach agus amach le
trí bliadhna deug d'aois in a shuidhe ar charra
sleamhnáin 'sa mhacha rómpa agus é ag baint
na coirte de ghéig fuinnseoige le n-a scian.



Thóg sé a cheann go tapaidh nuair d'airigh
sé an coiscéim. Garsúinín deas, bríoghmhar,
súil-aibig ruadh b'eadh é, é cosnochtuighthe agus
a bhrághaid leis.



Do bheannuig an Rianach do agus do bhain
an garsún a chaipín de féin sar ar fhreagair
sé é. Fuair an bheirt lorgaire a lán eoluis
uaidh.



Díleachtaidhe b'eadh é féin. Níor cuimhin
leis a athair ná a mháthair. Bhíodh sé ag gabháil
thimcheall imeasc na gcomarsan ag deunamh
acra do gach aoinne a dteastuigheadh sé uatha.
Dubhairt sé go raibh buachaillí an tighe, cúigear
díobh, imthighthe in arm an tSáirseulaigh agus
go raibh na mná in a bhfochair istigh i gcathair
Luimnighe chum cabharughadh leo dá mba ghábhadh
é mar ná fanfaidís i ndiaidh na bhfear.
Dubhairt sé ná faca sé aon rian de na
Sasnaibh thimcheall na háite le trí lá.



“Agus cad atáir a dheunamh leis an
adhmuid so?” arsan Rianach.



“Táim 'ghá ghlanadh le haghaidh cos píce, a
dhuine uasail.”



D'fheuch an Rianach uaidh ar an mbothán agus
do chroth sé a cheann. Annsin do fheuch sé
ar na crannaibh bhí ar a chúl.



“Cogar, a gharsúin,” ar sé, “an bhfuil
an radarc go maith agat?”



“Tá go deimin, a dhuine uasail, buidheachas
le Dia ar a son. Chífinn fuiseog leath-mhíle
uaim in áirde 'sa spéir lá glan.”



“Go maith,” arsaigh Eumon, deunfa tusa
an gnó.”



“An bhfeiceann tú an crann sin?” ar
sé sin, agus shín sé a mheur i dtreo an chrainn
ab' aoirde de na crannaibh fuinnseoige.
“An bhfeadfá dul go barr an chrainn sin
dom?”



“Dul go barr an chrainn sin an eadh?”
ars an garsún agus iongnadh in a ghlór agus
in a shúilibh. “Bead ann in leath nomant
más maith leat é.”



“Dia go deo leat,” arsan Rianach, “ní
dheunfainn dobhta dhíot. Agus nuair a bheir
in a bharr ináirde neosfair dom gach a chífir
uaidh.”



“Deunfad agus fáilte,” arsan garsún.



“Agus, innis dom, anois, cad a bheadh
uait ar sin a dheunamh dhom?” arsan Rianach.



“Cad a bheadh uaim ar é sin a dheunamh
an eadh?” arsan garsún, agus dá bhfeicfeá
na súile móra a tháinig air le hiongnadh.
“I mbasa ná beidh dada, a dhuine uasail;
cad a bheadh uaim chum beart fóghanta a dheunamh
do'm mhuintir féin — dom thír féin. Gaedheal
mé, a dhuine uasail,” arsan garsún dá
dhíriughadh féin suas go huaibhreach.



“Tá go maith,” arsan Rianach, “suas
leat mar sin, in ainm Dé.”



“Raghad, acht amháin mo chasóg a bhaint
díom,” arsan garsún.



Do bhain; thug fáisg don chrios a bhí
thimcheall a chabhlach, bhain a chaipín de agus do
bhuail ar an talamh é. “Tabhair cos in airde
dhom, a dhuine uasail, más é do thoil é,”
ar sé sin annsan.



“Fan go réidh,” arsan Rianach agus mar
a bheadh imshníomh in a ghlór agus in a shúilibh.



“Cad é féin,” arsan garsún, ag feuchaint
suas idir an dá shúil air.



“Ó, pioc,” arsan Rianach ag scaoileadh
leis; “suas leat in ainm Dé.”



Thug sé an chos in áirde dhó agus rug an
garsún ar bhun-gheugaibh na fuinnseoige, do
fháisg a chosa thimcheall a cabhlach agus suas
leis ar nós an chait. Is gairid go raibh sé
in a bharr in áirde.


L. 155


Bhí an ghrian tamall suas ar an spéir
an uair sin agus í ag taithneamh ar bhrághaid
oscailte agus ar cheann ruadh, lomnochta
an gharsúin ar shlighe gur dhóigh leat le
feuchaint air go raibh saghas fáinne scálach
órdha thimcheall ar a cheann.



Dob' éigin don Rianach druideamhaint
tamall maith amach ó bhun an chrainn chum
radharc maith a bheith aige ar an ngarsun.



“Seadh, cad a chír?” arsan Rianach.



“Beirt mharcach ar an mbóthar thuaidh.”



“An fada uait iad?”



“Isteach agus amach le leath mhíle.”



“An bhfuilid ar siubhal?”



“Nílid, in a stad ar an mbóthar atáid.”



“Feuch ar do dheis cad a chír?”



“Chím rud éigin lonnrach trí na crannaibh
le hais na roilge timcheall gus míle uaim,
béidir gur gunnaí iad agus an ghrian ag
taithneamh orra.”



Le n-a linn sin cloiseadh urchar gunna.



“Bhí anuas go mear,” arsan Rianach;
“chífid tú.”



“Ach! ní fhuil aon eagla ormsa rómpa,
agus ní fhuil aon bhaoghal orm, a dhuine uasail.”



“Chím uaim,” ar sé, “timcheall dhá mhíle
uaim;” — cloiseadh urchar eile agus thuit
dorn duilleabhar i ngearracht cúpla troigh
don ngarsún.



“D'obair dom,” ar sé sin, acht sin
adubhairt.



“Bhí anuas as sin láithreach bonn,” arsan
Rianach agus fearg in a ghlór, “nó lámhfar
tú.”



“Ó, táim ag teacht; táim ag teacht,”
ar an garsún “acht amháin go bhfuil na geuga
i m' mhoilliughadh; táid ag dul in achrann
ionnam. Acht an rud dubh úd thíos in imeall
na coille ní fheadar an domhan cad é
mar an —”



Cloiseadh urchar eile. Chuir an garsún
lag-liúigh as agus tuith i ndiaidh a chinn trí
na craobhachaibh anuas ar an dtalamh. D'fhan
sé annsin gan cor as — a dhá lámh sínte uaidh
amach ar an talamh agus caise fola ag teacht
ó n-a ucht beag mar ar bhuail an pleur é.



“Ó, a Thighearna,” arsan Rianach, “tá
sé marbh.”



Ní raibh, acht má seadh ba dhícheall dó an
creutúir bocht.



Do rioth an Ógánach fé dhéin áthraigh uisce
acht nuair a fhill sé leis ní raibh aon ghnó
ag an ngarsún bocht de; bhí sé ar shlighe
na fírinne.



Do leag an Rianach ceann an chuirp bhig
uaidh go deas réidh, bádhmhar ar an dtalamh;
d'eirigh; d'fhill a lámha agus d'fheuch anuas
go truaighmhéileach ar an gcorp mbeag.



“Mhuise, beannacht dílis Dé le d'anam
ghil, a chuisle mo chroidhe,” ar sé agus tocht
in a ghlór.



“Ámen, a Thighearna,” arsan Ógánach go
diadhasach, “agus le n-ar n-anam féin ar uair
ár mbáis”; agus ní tirim a bhí a shúile acht
an oiread.



“Is laoch, is mairtír thú,” arsan Rianach
ag cromadh ós cionn an mhairbh agus ag
dúnadh a shúile. “Is mairtír d'Éirinn
tú, má bhí mairtír riamh innte,” ar sé,
agus d'fhill sé lámha an chuirp bhig ar a ucht
i bhfuirm na croise. “Agus is dual
duit adhlacadh dá réir.”



Bhí an bheirt lorgaire faire do bhí ar an
mbóthar, bhíodar ag feuchaint ar an ngnó
go léir.



“Imthigh, a Thaidhg,” arsan Rianach le
duine dhíobh, “agus faigh an braitín uaithne
atá i mbeinn an tighe.”



D'imthigh, agus fuair.



“Seo, anois,” arsan Rianach, “fillimís
corp an laoigh bhig ann agus beirimís eadrainn
go dtí an campa é go bhfeicidh an Sáirseulach
agus ár gcompánaigh féin é agus go neos-
faimíd an gaisge dhóib.”



D'fhilleadar an corpán beag 'sa mbraitín
annsin agus níor déineadh dearmhad den
gcaipín ná den scian ná den ádhbhar cois
píce a chur taoibh leis istig 'sa bhraitín.
Do phreabadar a gceathrar ar a gcapallaibh
agus níor tharraing srian nó gur shroicheadar
an campa cois Cimeálta.



Nuair d'airigh an Sáirsealach agus a chuid
oifigeach eachtraí an lae ón Rianach bhíodar
ar buile chum a bheith 'sa phreiceal anuas
ar na Gallaibh.



“Fanaidh go réidh,” arsan Sáirseulach,
“go ndéintear an laoch beag a adhlacadh ar
dtúis, agus cár chóra é chur ná ar an láthair
a thuit sé agus insan áit a thug sé a anam
beag ar son a thíre. Agus sar a gcuirtear é
caithfear a caoí a thabhairt do gach aoinne 'sa
champa é d'fheicsint agus a bheannacht a chur
leis. Agus scaoiltear sceula a gaisgidheachta
thimcheall, deunfaidh sé dúbhailt nirt a chur
in ár lámhaibh agus dúbailt misnighe a chur
in ár gcroidhthibh i gcóir na hoibre atá
romhainn.”


L. 156


Annsin, thug sé órdughadh dá shluagh aghaidh
a thabhairt ó thuaidh an bóthar ceudna aghaibh
na lorgairí ar maidin agus an tslighe ceudna
go raibh sé ag tnúth leis an namhaid a theacht.



Shroicheadar an bothán tamall beag roimh
dul fé don ngréin. Do leagadh amach an
mairtír beag go deas, réidh, cneasta, ag
bun na fuinnseoige agus a bhraitín beag
uaithne timcheall air. Fágadh a aghaidh agus
a ucht beag fuilteach gan clúdach.



Bhí sceula a ghaisge leathta ó bheul go beul
imeasc na bhfear agus b'é dob' fhada leo
go mbeadh lán a súl bainte aca as agus
an onóir a bhí ag teacht dó tabhartha aca dhó.



Do bhí srutháinín láimh leis an áit. Bhí
bláthanna fiadhaine ag fás ar a phortaibh.
D'imthigh cuid de na fearaibh dá stothadh
agus dá mbailiughadh. Díreach le linn dul
fé don ngréin tugadh onóir cogaidh don
laoch beag. An fhaid a bhí an uaigh dá dheunamh
bhí na fir ag teacht agus iad in a ngluaiseacht
beirte ag feuchaint ar an gcorp beag;
gach aoinne agus a bheannacht féin aige dhó
amhail gus dá mbeadh sé beo. “Dhia go deo
leat, a laoich bhig!” Beannacht dílis Dé
le d'anam, a stórach!” “Go dtuga
Dia glóire na bhflaitheas duit, a mhaoineach!”
agus mar sin dóibh siar go deireadh thimcheall.



Bhí lucht na mbláthann ar deireadh agus iad
dá gcaitheamh anuas ar an gcorpán mbeag
d'réir mar a bhíodar ag gabháil tharais.
Annsin chuadar go léir ar a nglúine agus
chuireadar suas “Paidir agus deich n-Ábhe,”
go dúthrachtach ar son anmainn an té a bhí ar
lár. É sin agus a bhraitín beag, glórmhar,
uaithne, fillte thimcheall air; fáth an gháire
ar a aghaidh bheag bhán dar le duine, fé mar
a chloisfeadh sé na paidreacha sin agus go
mbeadh sé ag gabháil a bhuidheachas le lucht a
ráidhte. Sin nó go raibh sé sásta mar gheall
ar bás d'fhagháil ar son na h-Éireann.



Ní dócha gur gábhadh dhom a luadadh conus
mar d'eirigh leis an Sáirseulach ag Baile
an Fhaoitigh in a dhiaidh sin ós feas don saoghal
Fódhlach é. Foraoir chraidhte! nach ar son
Éireann a fuair seisean bás nó innte agus
nach féidir a rádh in a leith fé mar feudtar a
rádh i dtaobh an fharaire bhig so againn-ne
— “ar ucht a mháthar .i. Éire a tógadh é agus
ar a húcht a chodlann sé a chodladh deirionnach”
nó mar adubhairt Ingramh file:—



“And the same land that gave him birth
Now clasped him to her breast.”



SLIABH gCROT.



An Ghaedhealtacht agus
Acht na Talmhan.



Duine áirithe ar an gCoiste Gnótha a
chuireas an cheist cheanann chéanna ag gach
cruinniú “Céard tá sibh ag 'ul a dheanamh
leis an nGaedhealtacht?” Agus mar
fhreagra air sin, sa t-slighe is dual do
Ghaedhil uile, cuirtear ceist eile air féin:
“Céard is féidir linn a dhéanamh?”
Cuimhnightear nach comhartha na díth-céille ná
nach ádhbhar magaidh an ceistniúchán sin. Tá
an Coiste Gnótha díocrach fonnmhar ach ní
féidir le baill an Choiste Gnótha aoinní do
dhéanamh fá láthair ar son na Gaedhealtachta.
Sin í an fhírinne ghlan gan cur leis gan baint
de! Agus mura bhfuil an Connradh ag
iarraidh ceist shábhála na gCeanntar
nGaedhealach do réidhteach cé tá ag féachaint
chuca? Níl duine! Ní beag le h-aon dream
cúram speisialta a dhéanamh dhíobh.



Thar aon chonstaic eile a tháinig i mbealach
an Chonnartha b'í ceist na Gaedhealtachta an
cheist bha chruaidhe agus ba do-réidhtighthe! B'fhusa
go mór lucht an Bhéarla do dhíriú ar an nGaedhilg
d'fhoghluim ná a chur i gcéill do na Gaedhil-
geóirí claoidheadh le n-a dteangain dúthchais.
Ní cúrsaí maoidhte dhúinn an uimhir de'n
chéad dream a ghlac le soisgéal na theangan
ach de réir compráide is fearr go mór í
ná uimhir na nGaedhilgeóirí. Ní h-iongnadh
sin, ár ndóigh, mar tar éis an t-saoghail
caitheamh aimsire do b'eadh foghluim na
Gaedhilge do'n Bhéarlóir coitchianta. Ní
raibh aon cheó aige de bhárr a choda saothair —
aon cheó a chabhróchadh leis chun arán do cheannach
dá chlainn. Agus maidir leis an gcainnteóir
Gaedhilge ó dhúthchais cé'n tairbhe a bhí aige-
sin i n-a chuid Gaedhilge. B'é “tairbhe”
a thug sí dó ná áilneacht agus aoibhneas
Chonamara nó Tíre Chonaill agus béal bocht
is bolg folamh. Agus nuair a théigheas sé
rithte ar dhuine greim a bhéil a bhaint amach
is cuma nó seafóideacht bheith ag cainnt leis
faoi áilneacht a thíre is fá bhinneas is blastacht
a choda Gaedhilge. Sin mar a bhíothas leis na
cainnteóirí sa nGaedhealtacht go dtí tamall
bliadhan ó shoin. An té ar ar luigh ciuleóg
nimhe an Chonnartha ar feadh sgathaimh d'imthigh
sé ar a laetheannta saoire go dtí an
Gaedhealtacht agus chrádh sé croidhthe na


L. 157


nGaedhilgeóirí le n-a chuid ráiméise i dtaoibh
chomh binn blasta is bhí an teanga aca. Minic
go leór ba bhinne leo ceól na dtrucall i
Nua Eabhrac nó ba bhlasta leo greim foghanta
feola a bhainfeadh an t-ocras dhíobh. An
Gaedhilgeóir bocht! as fairsingeacht a chroidhe
ní fhéadfadh sé teacht crosta leo. Leig sé
dhóibh a mbriongloídí a bheith aca acht b'aige
féin a b' fhearr a bhí fhios cár luigh an bhróg.



Tamall bliadhan ó shoin, dhúisigh duine éigin
agus dubhairt na focail draoidheachta “Ceist
Econamaidheach ceist na Gaedhealtachta.”
B'in é an “Sesame” a theastuigh chun geit
eile a bhaint as na Connarathoírí agus chun
tuille pionóis a chur ar na Gaedhilgeóirí.
Gan aon aimhreas, ceist economaidheach a bhí
i gceist na Gaedhealtachta agus bhí sé i n-am
againn cuimhneamh air. Ach chomh luath is
frióthadh amach go mba cheist econamaidheach í
sguir gach aon dream, agus an Connradh
maraon leo, de bheith ag iarraidh aon mhaitheas
do dhéanamh do na ceanntair. Céard
d'fhéadfaí a dhéanamh? Féadfaí go leor
leor a dhéanamh, ach an tráth úd ní fhéadfadh
an Connradh nó aon dream Gaedhealach a bhí
ar mhaithe leis an teangaidh faic na ngrást
a dhéanamh. Sí an cheist a bhí ann slighe
mhaireachtála a thabhairt do na Gaedhilgeóirí
agus ní raibh aon duine nó aon dream daoine
orainn i riocht a leitheid sin de mhiorúilt
d'óibriú. Go fiú na céad Dála, nuair a
cuireadh coimisiún ar bun chun ceist an
bhochtainis i gConamara do sgrúdú aimsir
ghorta, bhíodar sásta nach raibh aon chabhair
i ndán do Ghaedhilgeóirí an limistéara úd
ach an iasgaireacht do thosuighe agus a choinneál
ar siubhal. Mhol duine de'n Choimisiún, ní
béadh iongnadh orm dhá mbadh é Rúnaidhe an
Connartha anois é, go mbéadh an oiread seo
milliún punnt ag teastáil chuige sin agus
nárbh fhiú thabhairt faoi rud ar bith i bhfuirm
sgéime iasgaireachta gan an mhéid sin
airgid, ar a laighead, do chur ar fághail i
dtosach báire. Tá fhios againn go maith
nach ró-fhairsing a bhí an t-airgead an tráth
sin againn agus dá bharr sin agus de bharr
rudaí eile fágadh an sgéal mar a bhí.



Ceist econamaidheach is eadh ceist na
Gaedhealtachta go fóill. Agus ó's ceist
econamuidheach í: ceist náisiúnta í freisin.
Cé is móite de'n Ghaedhealtacht i lár Corcaighe
d'fhéadfaimís a rádh gur ar thaobh na fairrge
atá an Ghaedhealtacht. Ní fhágann sin gur
le h-iasgaireacht is mó atá muinntir na
Gaedhealtachta. Ní iasgairí iad muinntir
Chonamara. Is ar an talamh bocht a bhíos
siad-san ag brath — an chuid is mó aca. Agus
sílim go luigheann sé le nádúr gur réidhe a
ghlacfadh siad uilig leis an obair sin ná le
h-iasgaireacht dhá sholáthruigheadh an Riaghaltas
an t-airgead chun sgéime iasgaireachta do
chur ar fothú.



Tá bealach le fághail san Acht nua seo na
Talmhan (1923). Tá comhacht ag an gCoimisiún
um Thalamh talamh do shealbhú agus í roinnt
ar dhaoine nach bhfuil aon talamh aca cheana
féin nó atá taobh le gabháiltisí neamh-
econamaidheacha (uneconomic holdings). Tá
comhacht ag an gCoimisiún tionóntaí d'atharrú
ó'n áit ina bhfuil comhnaidhe orra fá láthair
agus iad a chur i seilbh ar thaltaí eile is
feileamhnaighe dhóibh. Tá caoi annseo ag an
Rialtas ceist na Gaedhealtachta do réidhteach
nó cuid mhaith de'n cheist ach bheith an-aireach
agus an-chúramach.



Mholfainn bailte beaga do phiocadh amach
annseo is annsiúd ar fuaid na Gaedhealtachta
agus muinntir na mbailte sin do thabhairt
i n-a n-iomlán isteach go lár na tíre, áit
a bhfaigheadh siad a ndóthain de thalamh mhaith
torthúil chun deiseamhlacht éigin a thabhairt
dhóibh agus dá gclainn. Istigh i lár na tíre
dóibh, dhéanfainn “preserves” nó “reserva-
tions” díobhtha, agus d'fhágfainn faoi dhaoine
mar Eagarthóir “An Sguab,” go bhfuil
cleactadh aca ar obair de'n chineál sin, na
mion-phoinntí d'oibríú amach. Níor mhór an-
chúram a dhéanamh díobhtha ach ní mian liom
dul níos fuide isteach sa sgéal annseo.
Dar liom gur fiú an tuairim a mheas agus
anois an t-am chuige. Is féidir baint anois
le econamaidheacht ceiste na Ghaedhealtachta.
Tá gléas againn nach raibh ariamh cheana ann.
Ná leigimís an chaoi uainn! Ná tugaimís
le tuigsint do mhuinntir na gceanntar
nGaedhealach nach bhfuil ionann ach lucht cainnte
bladair!



Tá fhios agam go maith nach ró-shásta a
bhéas cuid mhór de na Gaedhilgeóirí imtheacht
ó n-a n-áit chomhnuidhthe; déarfainn go
ndiúltóchadh a lán de na sean-daoine ach ní
bhacfainn mórán leis sin — gheobhfar slighe as
an deacracht.



Mar a deir mo dhuine ar an gCoiste
Gnótha deirim-se i n-ath-uair “Céard tá sibh
ag 'ul a dhéanamh leis an nGaedhealtacht?”
Fiafraighim-sé sin dhíbh, a léightheóirí. An
mbraithfeadh sibh ar fad ar na bailtí móra


L. 158


chun na teangadh do sgaipeadh agus an
ndéanfadh sibh dearmad ar an tobar feasa
atá go fóillín, buidheachas mór le Dia, sa
nGaedhealtacht? Mo thruagh sibh má dhéanann
sibh amhlaidh?



LEÓN Ó BROIN.



“Ar son m'athardha!” — arsa Burmí
nuair bhuaidh sé i bPairis an lá eile. “Le
h-aghaidh an Chamera!” — adéaradh cuid mhaith
eile d'á raibh ann, dá labhairdís.



AONACH AN DOMHAIN



KINGSTON'S, LTD.



Siopa féirín Gaedhlach, stór gach
saghas earraidhe Gaedhlach; córacha
scríobhtha, &c.; cló-bhualadh; dean-
túsaí tuaithe; gúnaí Gaedhlacha;
Racaidí cniotálta; Bratacha cnap-
acha; Cuimhneacháin, &c., &c.



SRÁID TOBAIR PHÁDRAIG 19.
(19 Nassau Street) ÁTH CLIATH.



DEUNANN



SCOTT & A CHOMH., TEÓ.



Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair,
&rl.



I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE.



Oifig: Sráid Mhic Curtain i gCorcaigh.



R. SCOTT & CO. Ltd. MacCurtain St.
CORK.



An Bád-Aeir.



Bád-Aeir! Nach beag an t-eolas a bhí
ar an bhfocal sin cúpla ceud bliadhain ó
shoin. Agus nach mó athrughadh atá tagtha
ar an saoghal ar feadh na bliadhanta sin.
Nach mór atá an saoghal imthighthe ar aghaidh
ó shoin!



Is iomdha deis easgaidheachta agus compóirt
atá faghtha amach ag lucht na n-ealadhan do
Chlainn Ádhaimh. Acht nach minic gur olc an
úsáid a ghníos siad do na rudaí sin. Mar
deir an sean-fhocal go, “mbriseann an
dúthchas tríd shúilibh an chait.” Nuair a
bhriseann an t-oilbhéas tríd chroidhthib
riaghalthóirí na náisiún is do na rudaí seo
a ghníos siad úsáid chum léir-scrios do
dheunamh ar a chéile.



Nach mór an sólás do fhear an reacht so a
fheudfas árdughadh suas insan spéir i measc
na néalta, agus ní ar bhóthar iarainn i dtraen
ná i gcarbad, i gcóiste bodhar ná i gcóiste —
teinntridhe, acht i mbád-aeir.



Nach áluinn an rud lá breágh Samhraidh
a bheith ag eiteall mar iolar tar uisgibh
agus thar farraigibh ag feuchaint anuas ar
na tonntrachaibh móra, bána, ag bualadh in
aghaidh na gcarraigeacha, agus ar na longais
ag seoladh gho dána ar bharr na dtonn agus
na faoileáin ag snámh go h-eudtrom i lár
mór-ghleannta na mara móire! Sin, nó
ag gluaiseacht os cionn lom-fhásaigh na hAifrice
Theas agus an gainim lom le feicéail go
h-áluinn, an ghrian ag soillse air le taithneamh
agus gan de feithidigheach beo le feiceáil
le lorg a chos d' fhagháil ann acht corr chamel
nó an ostris ag rioth trasna tríd i na
sodair. Corr-chrann lag bhrigheach ag fás
mílte ó n-a chéile agus gan féar na fothair
le feiceáil ar feadh mhór-leithre an fhásaigh.
I gciumhais an fhásaigh seo béidir go
n-éireochadh le fear an eitealláin radharc
d'fhagháil ar chorr lochán nó tobar mar a
bheadh carraig nó oileáinín socraighthe 'sa
bhfarraige mhóir. Is ós cionn na lom-áite
seo is dóichidhe do bhádóir an eitealláin
casadh le plódanna móra na lócust ag
dorchughadh mór-lonnradh na gréine le h-iomad
a sluagh agus iad béidir ag deunamh chuig
páirc an fheilmeara chum léir-scrios a dheunamh
ar a shaothar.


L. 159


Nach áluinn an rud gur féidir le fear
an eitealláin a bheith annsin uair agus i
gcionn seachtmhaine nó cúpla lá a bheith ar
ais ag eiteall ós cionn cathracha na n-árd
sheimléir agus na sráideanna líonmhara ag
dearcadh síos ar fhuirnéisibh móra ag dóghadh
agus ag leaghadh iarainn agus luaidhe agus
na saoir ag cur le chéile cnámha na mór-long
le bheith fé réir an chéad chogadh farraige
eile béidir. Nó na céadta pearsa ag
dearcadh go hárd i measc na néall ar an
iolar mór coigcríoch seo ós a gcionn agus
ag smaoineamh gur mór í inntleacht an duine.



Teidheann an bád-aeir in áirde ins na
néallaibh ionnas go mbreathnaigheann an chathair
seo don bhfuireann mar a bheadh púirín
siongán agus na siongáin ag síor imteacht
anonn agus anall thríd a gcuid sráideanna
talmhan. Breathnaigheann an bád-aeir dóibh
sin mar chuileog na beultaine ag imtheacht go
crónánach leis an lá breágh thrid spéartha,
glana, gorma neimhe. “Seadh”! arsaigh
gach aon díobh nach iongantach í an bád-aeir
agus nach croidheamhail é saoghal an bhádóra
úd.



Go dearbhtha is breagh é saoghal eiteallóra
an bhaid-aeir acht ar nós gach fear céirde
mar an gcéadna téideann sé go minic tríd
gádhanna móra. Má chastar feóchann nó
stoirm leis i measc na néall tá sé i
gcruaidh chás mar ní fhághann an ghaoth aon
strómh an t-eiteallán a scuabhadh léithe mar
a bheadh cleite. Insan gcóir seo tá sé an-
dheacair ag an eiteallán a inneall a thabhairt
chum na talmhan, agus má thugann féin is
an-dheachair dó ísliughadh mar is cóir ar an
talamh comhthrom. Is minic gur ar bharr
tighe nó béidir in achrann i measc crainn a
thuitfeadh an bád-aeir, agus má chastar i
measc crainn í tá a sceul críochnuighthe.



Má chastar an bád-aeir tríd aer an-
fhuar acht an oiread priachtar í agus reóidheann
a cuid fola. Sé sin go reóidheann an ola-
inneal a oibrigheann inneal an bhád-aeir agus
caithfidh sí a theacht chum na talmhan ar nós
cloiche a chaithfidhe suas 'sa spéir. Sin é
an uair a bhíonn an t-eiteallóir i gcruaidh
chás dáiríre.



Beidh sé annsin fágtha ar mhullach sléibhe
fiadhain éicint nár mhaolaigh an sneachta
riamh de ó thús an Domhain. I leabaidh a
eiteallán a bheith ag seoladh go heudtrom
i measc na neulta faoi lonnradh na gealaighe
tá sí greamuighthe go mí-foirtiúnach de chnap
leac-oidhre le a bheith roinnpháirteach go deo leis
an sneachta agus leac-oidhre i measc rudaí
eile a raibh an fhoirtiún ceudna i ndán dóibh.
Nach buadhartha cráidhte agus nach dubh-chroidheach
atá an t-eiteallóir go gcaithfidh sé slán
agus beannacht a fhágáil go deo ag a bhádh-aeir
in ar sheol sé thar uiscibh, thar chnocaibh, thar
mhachairí agus thar coillte tiugha in aimsir
feóchann agus in aimsir bhreágh. Agus in a
dhiaidh sin gurbh' é a bhí i ndán dí i ndeireadh
a saoghail a chaitheamh sáinnighthe i meall
mor sneachtaidh agus leac-oidhre!



Nach mór an t-athrughadh atá ar an saoghal
ag an mbádóir féin i leabhadh a bheith in a
bhád-aeir go spóirteamhail go gcaithfidh sé
a aghaidh a thabhairt chum an ghleann na ceudta
mílte ar fad ag triall ar áit comhnuidhte
éicint sul a striompthar leis an bhfuacht
é i bfochair a eitealláin ar mhullach an tsléibhe.



“SEAN-EITEALLÓIR.”



Aingciseóir bocht mí-adhbharach d'ól a chuid
agus a chlú agus do bhí go dealbh, dearóil,
tháinig sé dtí tigh an tsagairt ag lorg déirce.



“Fuascail orm an bobtha so, a athair,” —
ar seisean, — “agus geallaim duit ná
tiocfad chugat go bráth arís. Tá ciall
ceannuigh agam.”



“Tá” — ars an sagart, — “agus aithrighe
báis ort, is dócha. Is maith í aithrighe báis”
— ar seisean — “acht bás d'fhághail annsin
i n-ainm Dé, fé dtiocfá chugat féin.”



Fear ó'n dtuaith tháinig dtí Baile Átha
Cliath ar cuaird, agus nár thaithnigh dath
na Life leis, — “Tá sí chómh salach sin;”
— arsa sé, nuair chas sé abhaile, — “na
bradáin, nuair bhíonn siad ag dul suas
an abhainn, coiméadann siad a gcinn ós
chionn an uisce.”



Cad chuige drom láimhe thabhairt do'n
Gaedhealtacht?



Ó's na tighthe tuaithe i nGaoth dóbhair, Tír-Conaill.



Bréidín Thíre-Conaill, gan ann acht olann na
h-áite, fighte, sníomhtha san áit. Culaithe fear
agus ban. Déanfar duit iad nó cuirfear an
t-adbhar chúgat. Inneósfar duit cia dhein an
t-éadach. 'Neósfar leis duit dé mhéid tugaimíd
air agus chífear go bhfuilmíd dá ríribh i dtaobh
lucht labhartha na Gaedhilge do chothú sa mbaile.



Cuir luach tistiúin stampaí chun:—



E. & T. MARTIN, LTD., 6 HENRY ST.,
DUBLIN.


L. 160


Cosaint na Slainte.



CÚRSA LÉIGHEACHT A TUGADH I gCOL-
ÁISDE NA h-OLLSCOILE, BAILE
ATHÁ CLIATH 'SA tSAMHRADH, 1922.



Léigheacht a Dó.



Indiu tosnuighmíd ag trácht ar chodchaibh
an chuirp dhaonna. Ní bhainfimíd leis na
codchaibh so-fheisceanna ar an taobh amuigh
a bhfuil ainmeacha cinnte orra, acht rachamuid
ag amharc ar a bhfuil le feiscint ar an taobh
istigh.



Dá mbéadh corp gearrtha ós do chomhair
bheadh an obair furas go leór. Is deacair
na ranna istigh d'infhuchadh go cruinn ná a
thuigsint go beacht gan corp-shnasadh agus
toisc go bhfuil siad do fheisceana, tá mórán
mearbhaill 'n-a dtaoibh agus tá a n-ainmeacha
tré n-a chéile i mbéalaibh na ndaoine.
Bhéadh sé chómh maith againn aon fhoclóir amháin
a bheith againn, foclóir cruinn, beacht, —
an t-aon ainm amháin ar an aon nídh amháin.
Mara bhfuil focal Gaedhealach ar bhall,
cuirfimíd an focal sin air; mara bhfuil
focal Gaedhealach cruinn, bainfimíd úsáid
as focal idir-náisiúnta nua-cúmtha ó'n Laidin
nó ó'n gréigis. Ní'l teanga beó ar dhruim
an domhain indiu ná bíonn uirre dul go dtí
an Laidin nó go dtí an Ghréigis ar lorg
téarmaí tacair i gcorp-shnasadh. San
Gearmáinis féin ní'l focal duthchais ar gach
aon chuid de'n chorp.



An Cnámhlach.



Adeir “Mark Twain” gur beag nár
briseadh dá chéad cnámh go leith n-a chorp
aon lá amháin! Bhí an fear grinn ag cur
beagáin aidhbhéile leis mar scéal, mar is é
sin an mhéid cnámh atá ins an gcorp ar fad.
Tá dá cheann agus fiche aca in idir cloiginn
agus aghaidh; tá trí cinn agus triocha i
gcnámh an droma — vertebra atá ar gach
píosa de'n chnáimh sin. Tá dhá phéire cnámh
i gcrios na nGualann — slinneán agus
dealrachán ar gach taoibh. I gcrios na
mbléintidhe tá aon cheann amháin — an cromán —
ar gach taoibh. Ní'l acht an t-aon clár-
uchta amháin ann, agus tá dhá easna déag
ar gach taoibh, — seacht gcinn aca n-a suidhe
go díreach ar chlár an uchta (fíor-easnacha).
Tugtar easnacha bréige ar na cúig cinn
eile, toisc ná sroiseann siad clár an
uchta, agus tá dhá cheann aca sin go lán
saor .i. táid ar snámh. Smaosraí atá i
n-ionad cnámha ag ceann tosaigh na n-easnaidhe;
leiginn sin do'n chlab líonadh agus trághadh
le linn análuighthe. Sa ghéig uachtraigh tá
aon chnamh amháin (humerus) ó'n ngualainn
go dtí an uille; tá dhá cheann aca (radius
agus ulne) ó'n uillinn go caol na láimhe.
Tá ocht gcnámha beaga i gcaol na láimhe,
cúig cinn 'sa bhois, trí cinn i ngach méir,
agus dhá cheann 'san órdóig.



'Sa ghéig íochtraigh is é an scéal céadna é,
acht amháin ná fuil acht seacht gcnámha beaga
i gcaol na coise agus cnamh eile — pláitín
na glúine. Tá aon chnamh na leise amháin
(femur) sha cheathramhain; tá dhá ceann 'sa lorga,
(tibia fibula).



I n-óige agus suas go dtí an cúigeadh
bliadhain d'aois bíonn an chuid is mó des
na cnámhaibh i gcúpla nó i dtrí ronnaibh —
smaosrach ag ceangailt na roinn le céile.
Is iad na cillíní sa smaosrach so ag fás
agus dá n-athrughadh i gcnámh a mhéaduigheas
faide agus toirt an chnámha. Fá dheireadh
tnáithtear an smaosrach agus dlúithtear na
ronna le chéile. Nuair a thuiteas sin amach
ní fhásann an duine níos aoirde. Tá na
cnámha folamh (san uatais 'na lár tá an
smior (medulla) mar a gcoimhéadtar saill
i dtaisce agus mar a ndéantar cillíní
nuadha i gcomhair na fola); ní'l ionnta
acht fáinne cnámha agus mar is eól díbh,
tá columhan folamh cearclach chómh láidir le
colamhan lán agus gan a bheith chomh trom
i n-aon chor leis.



Uaireanta bíonn cruth na gcnámh mar cóir
cosanta do'n duine. Tuiteann sé amach
go minic go mbuaileann piléir luaidhe an
dealrachán agus mar gheall ar lúb an chnámha,
iompuighthear aníos an piléir gan an cnámh
do bhriseadh agus ní dhéantar dochar mór.
Muna mbíodh lúb an cnámha brisfidhe é
agus réabfaidhe cuisle mhór atá ar an taobh
thiar de — arteria subclaira a ainm. Corr
uair déanann na daoine aithris ar chuid éigin
de'n chorp daonna. Bíodh so mar sompla —
gléas tógbhála Fairburn.



Is iomdha an ceangal agus an cúpla agus an
snaidhm atá i gceann agus i muinéal cnámha na
leise. Suidheann lán-truime an chuirp ar a


L. 161


bhárr gach ré coiscéim; dhá thoisc sin tá
an ceann agus an muineál cam go h-ana
láidir. Déanann an uirléis so go bhfuilim
ag tagairt di aithris ar uachtar an chnámha
so agus adeirtear gur ab í an uirléis so
an gléas-togbhála is mó éifeacht dhá bhfuil le
fagháil.



Má chaithtear cnámh i searbhán deóltar
na salainn mhianaigh as agus fágtar gleóthán
— Collagen, sagas gliú é sin. Má dhóightear
cnámh scriostar an gleothán agus fágtar na
salainn mhianaigh. Mar gheall ar an déanmhas
so — bíonn cnámh so-lúbtha agus do-bhriste.



An bheárna atá idir dhá chnamh tugtar
alt uirthi. Síntear croiceann an chnámha
(periosteum) ó chnámh go dtí a chéile agus
téigheann sí móir-thimcheall ar an alt mar
muinchille. Tá smaosrach ar cheannaibh na
gcnámh atá 'san alt. Ní dhéanfadh sé an
gnó — dhá chnámh loma a bheith ag cuimilt ar
a chéile nó 'ghá mbualadh go prap obann.
Mar líontáil ar an taoibh istigh tá meamram
sleamhain ullmhuigheas saghas íle i gcóir
an ailt. Tá an íle cosamhail le gealachán
uibhe. Do réir an t-saghas corruighthe is
féidir a dhéanamh tá ainm speisealta ar
altaibh. Ag alt na glúine agus ag alt na
h-uilleann is féidir lúbadh agus síneadh mar
a dhéanann tuisle. Agus tugamuid tuisle
ar a leithéid sin de alt — tuisle na glúine,
tuisle na h-uilleann. Is féidir le h-alt
na gualann agus le h-alt na leise corruighe
i n-aon aird ar bith. Toisc go bhfuil bárr
na gcnámh so comh cruinn le h-ubhall adeirtear
ubhall na leise, ubhall na gualann. Muna
mbéadh na h-ailt níorbh fhéidir do'n chorp
corruighe; is iad na fáscáin a chorruigheas
na cnámha.



Anois fágaimís an chuid chruaidh de'n
chorp agus téighimís ag amharc ar an gcuid
tais. Do chímid go bhfuil uaithis mhór 'sa
chloigeann 'na bhfuil an inchinn; tá dhá
cuasán eile sa chorp — ceann aca 'sa cléibh,
agus an ceann eile 'sa bholg. Idir an dá uaithis
so tá sganán nó claidhe (diaphrasma).
'Sa chliabhán tá na sgamóga — sgamóg i ngach
leith agus sganán eile (mediastinum) eatorta.
'Sa sganán no do-gheibhimíd an croidhe, na
cuisleanna móra, na féitheanna móra, an
píobhán garbh, bealach an bhídh, &ml. 'Sa bholg
do-chímid an goile, an caslán, an phutóg
mhór, na h-aedeanna, an dubhliath, an briseán
milis, na dubháin. Tugtar pelvis ar íochtar
an bhuilg agus tá an t-éadtromán le fagháil
annsin. Tá scanán mar líonáil ar an taoibh
istig de'n chliabhán agus ar na sgamhógaibh
(pleura a h-ainm). Sac dúnta 'seadh é
nach bhfuil acht braoinín siltigh ann (serum)— a
leigeas do'n sgamhóig líonadh agus trághadh
go bog réidh. Tá an scéal céadna le h-innsint
i dtaoibh líonála an t-seomra (pericardium)
'na bhfuil an croidhe — agus líonála an bhuilg
(peritoneum nó seicin a h-ainm).



TOMÁS MAC CIONASTA.



Bean innileóra a raibh an mac ba shine
de'n ochtar do bhí aici d'á phósadh, bhí saghas
tocht uirre.



“Airiú!” — arsa bean des na comharsain
leithi — “cad é seo ort? Ná fuil mór-
sheisear díobh fós agat mar chuideachtain
duit, má's cuideachta atá uait!”



“Tá a fhios agam é” — ar sise; — “acht,
a mhaoineach! nuair bhogann aon scriú,
bogann gach aon scriú.!”



TIGH ÓSDA “COSMOPOLE.”
3 Plás Gáirnéir, Áth Cliath.



Gléasta go cluthmhar agus gan aon rud siar.



Réidhteach fé leith d'aoidheadha buaine.



Deintear cúram fé leith de lucht cóisire agus
de lucht aisdir.



Sealbhthóir: SEÁN Ó MAOLAGÁIN.



“AN RÓIMH”: Irisleabhar Gaedhilge a
cuirtear amach i n-aghaidh na bliadhna ag Gasra
an Fháinne 'sa Róimh. Béidh an tarna uimhir le
fagháil i gcionn coithighis.



1S. a luach — tríd an bpost 1S. 2d.



ceannuigh and léigh é.



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
Díoltóir páipéar agus leabhar.
87, Sráid Uach na Driseóige,
ÁTH CLIATH.


L. 162


Caisleán Uí Néill



I.



Mo shlán chun na h-oidhche aréir! 'Sé mo léan
nach í anocht atá ann.
Mo bhuachaillín séimh, deas, a bhréagfadh mé
seal ar a ghlúin
Dá 'neosfainn mo scéal duit is baoghalach ná
déanfá orm rún;
Go bhfuil mo ghrádh bán im' thréigint, a's a
Dhia ghléigil, a's a Mhuire, nach dubhach.



II.



Gheallais-se féin dom go mbréagfá mo leanbh
ar dtúis.
Gheallais i n-a dhéidh sin go mbeadh aointigheas
idir mé 'gus tú.
Dhá gheallamhaint in aghaidh an lae dhom gur
leigeas-sa leat-sa mo rún
Agus, foraoir! tinn, géar, dubhach, tá an
saoghal so ag teacht idir mé 'gus tú.



III.



Tá mórán den mbrón so, a dhian-stóraigh, ag
gabháil timcheall mo chroidhe.
Agus lán mo dhá bhróigín de dheoraibh ar sileadh
liom síos.
Grád buachaill óig a bhreodhaigh mé 'gus bhain
díom mo chiall;
A's ná mairfead féin beó má phósann tú
an bhean dubh ón Sliabh.



IV.



Tá mo gháirdín in a fhásach a's a dhian-ghrádh
ghil ní miste leat é.
Gach toradh dá áilneacht ag fás go dtí barraí
na gcraobh.
Ní chloisfinn insan t-sráid seo ceol cláirsighe
ná ceileabhar na n-éan
Ó d'éaluig mo ghrádh uaim, cúil fáinneach, go
dtí Caisleán Uí Néill.



V.



Nár théidhead den t-saoghal choidhche go
scaoilfe mé dhíom an mí-ádh.
Go mbeidh ba agam a's caoire in aointigheas
i bhfochair mo ghrádha
Troscadh na hAoine nó 'n lae saoire ní
dhéanfainn go bráth
A's nárbh' fhada lá a's oidhche bheinn taobh le
d' bhrollach geal bán.



VI.



Tá siad dá rádh go bhfuil ádh na mban deas
orm féin
A's dar ndóigh má tá, a dhian-ghrádh ní miste
leat é
Thugas naoi lá, naoi dtráth agus aon t-seacht-
mhain déag
Ag cúl-tighe mo ghrádha ag baint áirnidhe de
bharraí na gcraobh.



VII.



A chumain ghil, a's a annsacht i dtúis an
tSamhraidh an dtiocfá liom féin
Amach fé sna gleanntaib nó in oileáinín mar
a dtéidheann an ghrian fé
Ba, caoire, ná gamhna ní shanntóchainn-se leat
iad mar spré
Acht mo lámh dheas fé d' cheann-sa, a's cead
labhairt leat go dtí am an dó dhéag.



VIII.



Teanam araon go dtéidheam go tigh an
t-sagairt ó thuaidh
Mar a gcloiseam ceol éan go déidheanach dár
síor-chur chum suain
Níor bhuail aoinne ar an saoghal liom ar aon
chor a bhuail orm cluan
Gur tháinighis-se taobh liom le d' bhéilín ba
bhinne ná an chuach.



SEÁN Ó CRIOMHTHAINN,
An Blascaod Mór.



A thóg síos ó sheanduine ann.



Bíonn cluasa ar na cladhthachaibh, — agus
ar na leanbhaibh. Garsún d'imthigh ag áimh-
éireacht dó féin i n-áit dul dtí scoil lá,
chonnaic sé an ministéir ar mhuin capaill
chuige an bóthar, agus do sciúird thar chlaidhe
agus treasna na bpáirceanna uaidh. Acht do
chonnaic an ministéir é agus do lean, go
dtí gur chuir an t-seilg i dtalamh i bhfothrach
fuar tighe do bhí ann.



“Ní'l aon dul uaim agat” — ars an
ministéir — “agus tá sé chómh maith agat
teacht amach. Nó, tiocfad anuas de'n
chapall, agus rachad isteach i d'dhiaidh” —
ar seisean.



“Mar dh'eadh!” — ars an garsún amach,
tré poll bhí sa bhfalla. “Ní fallaí fuara is
taitheach le d'leithéidibh ionnsuidhe.”


L. 163


ÓRDUGHADH DHÚINN “AN SGUAB” A SHEOLADH TRÍD AN bPOST.



DO'N BHAINISTEOIR,
“AN SGUAB,”
Iol Scoil na Mumhan, i Rinn ó gCuanach, insna Déisibh.



4s.
2s. É SEO CHUN GO nDEUNFAÍ “An Sguab” A SHEOLADH TRÍD AN bPOST CHUGAM



GACH MÍ AR FEADH NA DHÁ MHÍ DEUG LEANAS Ó MÍ
SÉ MHÍ



Mise



M'Áit Comhnuighthe.



BANNDAÍ GLUAISTEÁIN.



AJAX TYRES



Gheibhtear go díreach ó Shasana Nuadh iad
gan aon bhaint le Sean-Shasana.



Banndaí thar barr iseadh iad.



Mara bhfuil siad ag gach aon siopa
gluaisteáin ar fúd na hÉireann ba
cheart go mbéidís.



Seo an t-aon dream amháin de lucht
díolta bannda san iomlán a chuireann
suim i gcúrsaí na Gaedhilge.



Oifig — Cae Eden, 7, Baile Átha Cliath



Fáinne an Lae.



PÁIPÉAR OIFIGIÚL CONNARTHA NA
GAEDHILGE.



GACH DAORDAOIN



25 CEARNÓG PAIRNELL, ÁTH CLIATH.



An Leader.



DO scuaibh an tslighe roimh “An
Scuab.”



Gaedhilg an Athar Phádraig i
gcomhnuidhe.



Gach Daordaoin 2d.



205 Sráid Phiarsach, Áth Cliath.


L. 164


Bannc Náisiúnta na Talmhan, Tta.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON t-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
ltd



Lucht Foillsighthe: Iol Scoil na Mumhan, i Rinn ó gCuanach ins na Déisibh; Clodóirí: Ó Mathghamhna, Áth Cliath;
Lucht Díolta: Eason & a Chomh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services