Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimh. 18. Mí na Márta, 1924

Title
Uimh. 18. Mí na Márta, 1924
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Im. II. Uimh. 18. MÍ NA MÁRTA, 1924. 3p. SA MHÍ



RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath.



TAGANN AN GHRIAN I nDIAIDH NA FEARTHAINNE 103



AN LAMPA ÓIR … S. Ó CRÍOMHTHAINN 104



AR MO THIMTHIREACHT DOM, 111. … PÁDRAIG Ó CADHLA 105



SRÁIDEOIGÍNÍ GHLASCÚ … “SAGART” 106



FEALLSAMHNACHT NA nDEAGH-BHEART … AODH MAC FHINN 108



AN CHÉILIDHE MHÓR … PÁDRAIG Ó HÓDHRÁIN 110



CÉARD A DHÉANFAMUID FEASTA … LEÓN Ó BROIN 111



GIOTAÍ AS SEAN-LÁIMH-SGRÍBHINN … “AN MADADH RUADH” 113



M' ANNCAIL SEÁRLAÍ … CLOCH-LABHRAIS 114



ACHT NUADH NA TALMHAN … SEÁN Ó RUADHAIN 116



TOMHAISEANNA 117



LEITREACHA 117



LÉIRMHEAS 119



An Ghaedhealg sna Siopaithe.



Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá
ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do
labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa.



Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54.



NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN
NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH.



Dá bhrigh sin
Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun



TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE
(COURT LAUNDRY)
SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.



Guthán: 603 Áth Cliath. Bunuighthe 1902.



CLÓ-OIFIG UÍ MHATHGHAMHNA



CLÓDÓIRÍ I gCOITCHINNE, CLÓDÓIRÍ
TRÁCHDÁLA, CLÓDÓIRÍ IRISLEABHAIR



Clódóireacht Dá-theangthach ar Fheabhas



SRÁID YARNHALL, BAILE ÁTHA CLIATH



Sé ár gcomhartha: gach rud i n-am tráth



Bain triail-órdú asainn



AN ÍCE IS FEARR DÁ BHFUIL ANN.



Ní túisge cuirtear Gibsol le áit tinn ná gheibhtear fuascailt. Cruthuigheann san
ná fuil a shárú le fághailt.



Dhéarfá gur draoidheacht atá ann agus an slighe a dhíbirigheann sé tochas is pian
ar an nóimeant dearg. Tá ealadha cheart an dochtúra ann, dar ndóigh.



FUIGH BOSGA GIBSOL INDIU.



Níl a shárú ann le h-aghaidh fochmaí, oidhear, goráin, méiscrí, claimh, teinefhiadh,
iosgóidí fola, gabhag, fuachtáin, croicinn briste, cosa tinne, &rl., &rl.
Tá sé le fághailt ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1s. 3d.



GIBSOL
AN ÍCE I gCÓIR GACH LÍON-TIGHE.



Deuntar “Grania Tooth Paste” agus “Gibsol Veterinary Ointment” leis
ag Gibsol, Teo., Lana an Chlair, Baile Atha Cliath.


L. 102


LEABHRA MAITHE GAEDHILGE



AN BARRA: Leabhairín do Pháistí. Nioclás Tóibín
an scríbhneóir.



Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa
ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir.
Mar do dhein sé sa nGeamhar tá a dhícheall déanta ag
Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar
don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus
cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann.
Luach 6d. glan.



ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma.



Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh.



Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i
nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí
riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí
Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil
le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg
bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar
gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl
aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan.



BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le Seán Ó
Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd
ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle);
Tolstoí (The Long Exile); Lorimer Stoddard (The
Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar
aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó.
Luach 3s. 6d. glan.



Agus na Leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó



CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR.,
89 Sráid an Talbóidigh i mBaile Átha Cliath.



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



na polasaithe is iomláine le
fagháil.



WEST & SON



SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,
102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



Tá suas le ceud duine ag
obair san gnó so. Déinimid
duaiseanna óir agus airgid
le h-aghaidh feiseanna &rl.
agus deuntús fíor-
Ghaedhealach ortha.



Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.



CUALLACHT DÚNA EIMER
TEOR,



Sráid Hardbhic, i mBaile Átha Cliath.



ÉADAIGHE EAGLAISE, ILGHRÉASACH
AGUS ÓIRGHRÉASACH.



CULAITHE BAN ÉIREANN



CAIRPÉIDÍ LÁIMH-FHIGHTHE.


L. 103


TAGHANN AN GHRIAN I nDIAIDH NA FEARTHAINNE.



Tá an-thrácht ag León Ó Broin, ag Tadhg
Gaedhealach agus ag daoine nach iad sa
“Sguab” le cúpla mí anois ar cheist an
stáit Gaedhealaigh, ar chultúr Ghaedhealach agus
mar sin de. Cad is cultúr ann? Is dócha
go mbaineann leitridheacht le cultúr, agus
ceól agus na h-ealadhnta go léir leis. Tá
daoine ann adeir go mbaineann deigh-bheusa
agus “fíor-uaisleacht” leis chomh maith.
Bfhéidir e. Níl cultúr fé leith, per' sa
domhain de, ag tír nó náisiún mura bhfuil
a leitrideacht a's a ceól féin aici. Ní'l
aon chultúr fé leith ag baint le h-Aimeiricea,
cuir i gcás. Tá a lán daoine cultúráltha
sa tír sin, gan amhras, sé sin le rádh daoine
a chuireann suim i leitridheacht a's i gceól
agus mar sin de, ach níl acu le léigheamh
a's le cloisint a's le feiscint ach mór-
oibreacha maighistrí na h-Eórpa — fós, pé
sgeul é. Ní fheadar an bhfuil aon chultúr
cheart Gaedhealach ann. Bhí, gan dabht, agus
árd-chultúr, dá shaghas féin, agár sinnsir
míle bliadhan ó shoin. Do cailleadh san
in áit a chéile, cé go bhfuil a rian orrainn
fós. Tá meas againn fós ar sean-cheol na
h-Éireann ach maidir le ceol is beag de
nuadh-cheol a bhíonn dá chumadh i nÉirinn;
ní raibh aon Greig ná Beethoven ná Wagner
ná Tchaicowsky ná fiú aon Rossini féin
againn. Tá clú tuillte ag Éireannaigh
áirighthe ar fúd an domhain mar sgríbhneoirí
ach is i mBeurla a sgríobhadh a gcuid leabhar
agus dá fheabhas é a saothar níl ann ach rud
gan éifeacht maidir le cultúr Gaedhealach.
Agus ní dóig linn go bhfuil ach cúpla péintéir
ann, ach an oiread, a bhfuil tréithe Gaedhealacha
ag baint lena gcuid oibre.



Bhí an taoide ar tráigh-mhara ar fad sa
naomhadh aois deug. Tá sí ag tuilleadh anois.
Gan trácht ar an méid a sgríobhadh i nGaedhilg
le fiche bliadhan anuas, agus an suim a
chuirtear anois, cuir i gcás, i bhfilidheacht
an 17adh agus an 18adh aoise, tá le feiscint
fé láthair ceann desna comharthaí is
muinighinighe dá bhfuil ann go bhfuil cultúr
fé leith dá ath-nuadhchaint i nÉirinn .i. dráma
dá léiriú as Gaedhilg. Níl ann ach rud
lag fós, go deimhin, ach is fearr a fhásann
an rud ná bíonn an iomarca gleo as
gleithearán timpeall air ar dtúis ná an rud
a bhíonn i mbeul an t-sluaigh an cheud lá.



Uireasbhaidh drámaí is mó atá i gcoinne
oibre na n-aisteoirí i mBaile Átha Cliath
fé láthair, agus caithfidh siad a bheith ag
braith ar aistriúchán ó teangacha eile de
gnáth. Ach is dócha go sgríobhfar drámaí
i nGaedhilg anois má chítear go bhfuil seans
ann go léireófar iad. Cé sgríobhfadh dráma
roimhe seo, dár ndóigh, chun é dh'fhágaint i
bhfolach 'na sheomra féin go lá na Luain?
Ní rud suarach an iarracht so in ao' chor
Tá fíor thréithe na h-aisteoireachta i Tadhg
Ó Scannaill agus sa dream a chidhimíd in
amharclann na Mainistreach nuair a bhíonn
na drámaí so ar siubhal ann. Ba mhór an
nidh é dá bhfuighfidís taisdeal mór-thimpeall
na tíre, ag léiriú na ndrámaí nGaedhealach.
Líontar amharclann na Mainistreach gan
trioblóid anois i gcomhnuidhe nuair a bhíonn
siad ann agus ba dhóigh le duine nach
taise le áiteanna mar Chorcaigh a's Gaillimh. Ní
fheadar mar gheall ar Luimneach agus
Portláirge. Castar daoine orrainn anois
a's arís ósna h-áiteanna sin agus ní
árdóchthaidhe do chroidhe ag an sgeul atá le
n-innsint aca i dtaobh cúrsaí na Gaedhilge
ionnta. Ach bíodh san mar atá ní bhfuighfidhe
aon nidh níos fearr agus níos tairbhighe do
dheunamh ar mhaithe leis an nGaedhilg agus ar
mhaithe le cultúr Gaedhealach d'aithbheóchaint
ná na h-aisteoirí do chur mór thimpeall na
tíre ar turus mar sin. Níor mhór roinnt
airgid cuige sin, sar ndóigh; ach tá ár
riaghaltas féin againn anois agus ní h-aon
rud neamh-choitchianta amharclann náisiúnta
i tíortaibh eile.


L. 104


Tá daoine ann agus deireann siad gur
caitheamh airgid gan tairbhe Gaedhealg agus
Beurla i bhfocair a chéile a bheith ar na
fógraí a's ar na cáipéisí a bhíonn dá gcur
amach ag an Riaghaltas. Ní ghéillimíd dóibh
in ao' chor sa méid sin mar 'sé brigh a gcuid
chainnte ach gur cheart an Ghaedhealg do chur
ar neamh-nidh. Dá gcuirfidhe amach iad, ámhthach,
gan ach aon teanga amháin ortha, cuid acu i
nGaedhilg agus cuid acu (go ceann tamaillín
eile) i mBeurla, agus dá gcaithfidhe an
meud airgid a shábháilfidhe sa t-slighe sin
ar sheift éigin chun cúis na Gaedhilge do
chur chun cinn (rud níos tairbhighe ná an cló-
bhuaileadh dá-theangthach do-thuisge úd) bhuel
sgeul eile ba d'eadh é sin agus dob' fhiú
cuimhneamh air.



Tugamuíd fé ndear go bhfuil oifigí an
phuist annso a's annsúd ar fúd na tíre
agus gan ach Beurla sgríobhta in áirde leath-
is-muigh ortha fós. Is dócha go bhfuil a
mhalairt de ghnó ag lucht stiúrtha aireacht
an phuist seacas a bheith ag feuchaint i ndiaidh
obair an phuist. Broadcasting is mó atá
ag tabhairt cúram dóibh fé láthair. 'Sé
tuairm an ghnáth-duine gur chuma sa riabhach
mar gheall air sin dá mbeadh sé le rádh aige
ná raibh aon mhoill ar a chuid leitreacha ag
gabhailt tríd an bpost.



Ní minic a bhíonn Árd Easbog, ná Easbog
féin, ag tabhairt cainnte uaidh ag cruinniú
Ghasra an Fháinne — mar a thuit amach i nDún
Dealgan le déidheannaighe. Caithin a bheidh
sé le rádh againn i gCúige Mumhan agus i
gCúige Connacht go gcuireann Easbog a
leitir Carghais amach i nGaedhilg, ach an
oiread.



Gheobhfar “An Sguab” ón mBainis-
teóir, 24 Cearnóg Montseoighe,
Baile Átha Cliath, saor tríd an
bpost ar feadh bliadhna ar 4
sgillinge.



“AN LAMPA ÓIR.”



Amhrán ó na Blosgaoidí é seo.



I.



'Sé an t-iongantas is mó a chonnac fós
I gcaitheamh na mbliadhan,
Ná amharc na seoide do seoladh (seolach)
Go dtí an t-Oileán Mór thiar
Tháinigh sé i dtreo tré Fodla
Gan bascadh gan rian
'Sé Lampa úmha an Óir
Do sheol an faraire Brian.



II.



Is minic a seoladh (seolach) air ár gcósta
Ní deirim libh briag,
Órnáidí móra ó phórtaib
Na facamair riamh.
Ní raibh ionnta, dar ndóigh (thir) ach seodaibh
Gan maitheas, mo chiach!
Seochas Lampa Úmha an Óir
Do sheol an faraire Brian.



III.



Is creideamhnach an gró (gnó) dá shórt,
Sé an faraire fial.
An tabharthas lán-mhór a chur ar bórd
Chun an fhir atá thiar.
Tabharfaidh cabhair dom, dar ndóigh (thir),
Chun gnótha na teangan do riar.
Sé Lampa Úmha an Óir
Do sheol an faraire Brian.



IV.



Is mó ceangaltán néata do thréinig
Anso chugainn le bliadhain
Ó Mheirice féinig mar a ngléastar
Na nidhthe fé riar
Ní'l ionnta, dar ndóigh (thir), ach seodaibh
Gan maitheas tar bliadhain,
Seochas Lampa umha an Óir
Do sheol an faraire Brian.



V.



Tá an t-óg uasal gan pósadh i bhFódla
Ní deirim libh briag.
Is na bruinneallaibh óga atá i dtreo leis
Ach duine bheidh siar
Fear an Lampa Óir seo a chur i dtreo chugham
Mo bheannacht 'na dhiaidh
A's molaim an óig-bhean a bheidh i dtreó
Leis an bhfaraire Brian.



S. Ó CRÍOMHTHAINN do sholáthraigh.


L. 105


AR MO THIMTHIREACHT
DOM



III.



Baile beag fíor-ghallda b'eadh Mainistir
Fhearmaighe; bhíodh sé lán suas de shaighdiúirí
Shasana. Acht má b'eadh féin bhí gasradh
beag, dílis, dúthrachtach ag obair ann le
linn na h-aimsire dá bhfuilim-se ag tagairt.
Bhí Pádraig Mac Suibhne, an righ-Ghaedheal
agus an sár-fhear in a fhear-cheannais orra
agus Tomás Mac Donchadha, an duine beag
gleoidhte do mharbhadh 'sa mbliadhain 1916 le
feallneart Gall, dá ngríosadh agus dá
spreagadh chum oibre. Is mó seal taithneamhach
agus tairbheach a chaitheas in a gcuideachtain
súd agus gach aon seal díobh ag dul chum mo
dheigh-mhéin agus mo mhaitheasa. B'é Coláiste
Cholmáin an t-árus léighinn ba threise ar
choláistí uile na hÉireann an uair úd ar
obair na Gaedhilge agus is dócha go bhfuil
an sceul ceudna aige riamh ó shoin.



Ar feadh scaitheamh de bhliadhanta is i
Mainistir Fhearmaighe a bhíodh an fheis ba
thorthamhla agus ba rathamhla i gCúige Mumhan.
Bhailigheadh na Gaedhil ann ó Bhaile Mhac Óda
agus ó Bhaile Mhisteula; ó Chathair Chorcaighe
agus ó Chathair Phortláirge; ó Rinn ó
gCuanach agus ó Charraig na bhFear. Bhíodh
an tAthair Peadar ann chum caint a dheunamh
leis an tsluagh a bhíodh bailighthe i láthair.
B'iongantach an taithneamh a bhíodh ag na
daoine eisteacht leis an gcaint fáidheamhail,
fuinneamhail, cáirdeamhail, a bhíodh aige. Ba
bhinn agus ba chliste agus b'éifeachtamhail
an cainteoir é i nGaedhilg nó i mBeurla —
an chaint dá cur abhaile de gach aon iarracht
aige. Bhí an teanga chomh oilte aige gus a
bheadh casúr i láimh sár-shaerluinge ag cur
an tarrainge abhaile in asnaidheacha an bháid
— gach aon iarracht níos treise ná a chéile.
Ba chríochnamhail agus ba léir an cainteoir é.
Ba dheas leat feuchaint suas idir an dá
shúil air — a chuid gruaige chomh geal leis an
sneachta, a dhá shúil mheidhreach agus an béilín
mionn-gháireach. D'fhanfá choidhche ag feuchaint
air agus ag eisteacht leis agus an leath-mhaig
ar a cheann agus an chaint ag teacht in a
sruthán binn ceolmhar ón a bheul amach. Ba
bhreágh a bheith beo an uair úd. “Cuirfeadh
sé in óige tú in áit a dhul in aois duit a
Mhúirnín dílis! Eibhlín Óg.”



Bhí gasradh beag eile ag obair go dian,
dícheallach i mBeul átha Ubhla agus Ristéird
Ó Caoimh in a cheann-stiúir orra. Chaitheas
an obair a dheunamh as an nua i mBaile
Chaisleán an Róistig agus i nDún-air-Aill.



Is mór an suim a chuir An Canónach Ó
Síothcháin .i. úghdar “My New Curate,” agus
“Luke Delmege,” in obair na Gaedhilge.
Dubhairt sé gurbh' fhearr leis ná an méid
go léir a bhí scríobhtha aige go mbeadh sé in a
chumas aon scéilín beag amháin a scríobhadh
i nGaedhilg. Thagadh sé gach aon oidhche go
dtí an Chraobh agus a leabhairín in a láimh
aige chomh maith leis an té ab óige chum a
bheith ag treabhadh agus ag fuirseadh tríd.
'Sé Pádraig De Burc ó Gleann Beithe i
gCiarraidhe an múinteoir taisdil a bhí agam
ann. Sár-rinnceoir b'eadh é agus deireadh
An Canónach go n-árduigheadh sé a chroidhe
nuair a chíodh sé Pádraig ag rinnce “Pléidh-
raca na Bandan.”



Bhíodh An Tighearna Mac Giolla Phádraig,
de shliocht shean-threibh Taoisigh Osraidhe, go
minic i nDún air Aill an uair sin agus é
ag cur an-spéis i ngach aon rud a bhain le
sean-nós Gaedheal. Thug sé congnamh mór
dúinn chum Aeridheacht a chur ar bun agus
bhronn sé duaiseanna ar rinnceoirí agus ar
cheoltóirí. Is minic a rioth sé liom ó shoin
gur mór an feall agus gur mór an caille-
amhaint dóibh féin ná cuirfeadh sliocht sean-
uaisle Gaedheal suim 'sa tsean-aimsireacht
a chleacht agus a thaithigh a sean agus a sinsir
nuair b'uaisle agus ba chródha a gcine 'sa
tír seo. Ní fheadar an bhfuil aoinne aca
anois a sheasóchadh amach agus a dheurfadh
go raibh sé ag cur a oighre óg ar oileamhaint
go dtí an Gaedhealtacht. Ba cheart do
dhuine éigint aca na cineacha uasail so de
shean-threibh Gaedheal a ghlaodhach ar aon láthair
agus a mholadh dhóibh an tsean-aimsireacht so a
sholáthar dá gclainn. Cá bhfios ná go
ndeunfaídhe aith-bheochain ar shean-thaoisig
Gaedheal; cá bhfios 'dén Righ a bheadh ar
Éirinn ceud bliadhain ó andiu. Is dóigh
liom féin gur fearr a oirfeadh Árd-Rí agus
Feis Teamhrach agus taoisigh Gaedheal dúinn
ná aon saghas riaghaltas eile.



Bhí feis iongantach maith 'sa cheanntair seo


L. 106


anuraidh. Bhí breis gus sé cheud leanbh
scoile i gcomórtas le chéile ann i nGaedhilg,
i Seanchaidheacht, agus i rinnce agus i gceol
ár sean. Cuid aca agus gheobhthá a bheith ag
caint Gaedhilge leo ó mhaidin go hoidhche.
Muintir Mhic Ghiollaiasachta i gCoill Chuill,
An tAthair De Barra, Cill na mBealach,
agus Micheal Breathnach, Múinteoir Taisdil,
a bhailig gasradh beag dílis timcheall orra
agus dhein an obair. Is mór an chreideamhaint
atá ag dul dóibh. Táthar ag cur chum na
hoibre arís i mbliadna.



An fhaid gus a bhí mé ar mo thimthireacht
'sa cheanntair seo tháinig Éilís Ní Mhaolagáin
agus lóchran draoidheachta aici chum leictiúirí
agus peictiúirí a nochtadh dos na daoine
ar Stár na hÉireann. Théidhinn-se amach gach
aon lá chum gach aon socrughadh a dheunamh
roimpe i gcoir na hoidhche. Is orm a scríobh
sí, “The man on the wheel.” Is cuimhin
liom aon oidhche amháin a chuadhmar go
Caisleán Uí Liatháin .i. paróiste an Athair
Peadair. Bhí an tAthair Peadar féin ann
agus tháinig an-olc air nuair d'airigh sé
ná raibh aon Ghaedhealg aici agus ní luadhail-
feadh sé dhi an chaint a dheunamh i mBeurla.
Nárbh' ait an gnó é sin leat agus gur an-
annamh a tugadh sé féin seanamhóin i nGaedhilg
dá phobal mar go ndeireadh sé nach ró-mhaith
a thuigfidís é. Thuigfeadh gach aoinne ós
cionn leath cheud bliadhain d'aois an Ghaedhealg
acht sin a raibh. Ní raibh caint na Gaedhilge
ag aon leanbh ann. Tomás Mac Donchadha a
thug an chaint i nGaedhilg in a dhiaidh sin.



Bhí sean-shagart 'sa pharóiste ba ghiorra
dho Caisleán Uí Liatháin agus ní fhógaróchadh
sé dada dhúinn mar go rabhamar i gcoinne an
“Pharty.” Bhí an Cúndúnach, feisire, ó
Chluainmeala ann an lá a chuadhas-sa ann
agus mar an raibh gaoth ag séideadh.



Bhí Gaedhealg go leor an uair úd suas
chum Gleann Ára agus Bailemhisteulaigh agus
amach thar na sléibhte go Beulach an Phóirín
agus Rae Choill. Bhí amhráin agus sceulta
Gaedhilge ag na sean-daoine go léir. Bhuail
sean-bhean deich mbliadna agus cheithre fichid
d'aois isteach chugainn Domhnach in áit aca
so agus d'árdóch' sé do chroidhe a bheith ag
éisteacht leí ag rádh, “Ráiseanna B'l'á
hÚbhla.”



PÁDRAIG Ó CADHLA.



(Tuilleadh le teacht.)



SRÁIDEOIGÍNÍ GLASCÚ.



Nuair a bhiosa am' shagart óg chaitheas
tamall maith de'm shaoghal thall i nGlascú.
Is fada fairsing an chathair í, cathair Ghlascú
agus dála gach catharach eile is mó sórt
agus cineál daoine innte. Tá fear a'
ghluaisteáin agus fear a' chiseáin innte.
Tá'n boicín saidhbhir go fairsing innte. Is
fuiris dhuit é fheiscint agus é d'aithint.
Níl lá ná tugann sé sgríb fé'n sráid,
gluaisteán mór á dh'iompur, an Gluaisteán
san ag cneadaig agus ag séideadh agus ag
búithreach, an boicín saidhbhir caithte istig
innte agus gan le feiscint agat ach a bháireadh,
ach é múchta i muthalain agus i suidheacháin
bhoga. Is anamh a stadann an gluaisteán
mór árd-ghlórach úd ag doras bochtáin. Ba
lag leis sin. Doras an airgid agus na
h-uaisleachta a bhíonn uaidh, “aithnigheann an
fhuil a céile,” “aithnigheann ciaróg ciaróg
eile.”



Ach ní i dtao' le luchth airgid agus
gluaisteán atá cathair mhór Glascú. Tá'n
dealbhas agus an ganntanas go láidir innte
leis. Dá n-deanfá na sráideanna móra,
breághtha, solasmhara, glana do tréigint
tamall beag, agus imtheacht leat féin ins
na sráidheoigíníbh dubhacha, dorchadh, is ionta
san a chuirfeá aithne ar an n-gortadh agus
ar an nganachúis. Tá na sráideoigíní sin
lán de phollaibh agus de póicéidibh dúra,
donna. Ba leas-ainim tighthe do thabhairt
orra. Níl ionnta ach sórt uaimhín loma
mar a mbailigheann draoidear na catharach
chun comhnuighthe. Ní gnáthuigheann aoinne
coidhche ins na póicéadínibh seo ach mí-
ádhmharaighthe gan áird, gan séan, gan raith.
Ní lónuigheann go deó ionta ach an droch-
dhuine. Ní dheinid díon ná fosgadh go bráth
d'aoinne ach do'n mbitheamhnach agus do'n
nGaduighe agus do'n bhfrig. Ní bhíonn le
fághail ó cionn ceann na bliadhna ins na
sráideoigínibh bréana so ach sloigisg Ghlascú,
lucht foghla agus fill, lucht drúise agus
droch-bheatha, dream go bhfuil an saoghal mór
go léir 'na gcoinnibh agus iad féin go léir
i gcoinnibh an t-saoghail mhóir; comhlucht
gan chrích, sliocht na h-aindise a d'aisiogh
cathair Ghlascú dá chroidhe mór amach fadó
riamh.


L. 107


'Sé donas an sgéil go bhfuil beartha ag na
sráideoigíní diabhluidhe, donna so ar chuid
d'ár muintir féin, ar chuid de shíolrach
sheannda Clanna Gaodhal. Táid annsúd i
measg na mbitheamhnach agus na ngaduighthe
agus na bhfrigeanna. Táid ansúd i measg
lucht na drúise agus na droch bheatha. Táid
le fághail ins na sráideoigíníbh bréana lobhtha
úd agus gan de rian an Ghaodhail anois ortha
ach a sloinne amháin. An sloinne féin, tá
sé caillte ag mór-chuid aca, agus Dia d'á
bhfóirthin 'sa Mhátair glórmhar! ní taise do'n
gcreideamh acu é. Dia linn! Nách é an
diombádh é? Síolrach cloinne ciúin,
creideamhnach na Fodhla sloigighthe suas múchta,
báidhte, súighte isteach ag an t-sloigisg
bréan, claon, úd i sráideoigíní dorchadh
bhréana na mór-chatarach úd Ghlascú!



A! nác mó lá cruaidh a thugann an sagart
bocht ag iarraidh na bhfánaighthe caorach bhochta
do mhealladh leis airís thar n-ais abhaile
chun an Chró! Ach, ochón! is ró mhinic gur
fearr leo an mactíre ná an t-aodhaire.
Tá'n greidhm ró-dhaingean ag an ndiabhal
anois ortha, agus is deachair mileán a bheith
ortha mar is fada dhóibh i gcomhluadar
lucht leanamhna an Áirseóra — fiaghar na
Croise idir sinn a's é! “Nuair a
chruadhan an t-slat is deachair í sníomh.”
Uch! ní hao' rud salachar má's salachar
ó thúis é. Ach an ghlaineacht a lobhann, níl
ao' rud chómh bréan léi. Is minic gur b'é
an droch-Ghaodhal a bhionn le fághail thall
annsúd i nGlascú, nú i n-áit éigin eile mar
é, is minic gur b'é is fearr chun tarcuisne
do thabhairt do'n sagart agus do'n Eaglais
Naomhtha. A Uain Dé, a thógas peacaí an
domhain stiúirigh anamacha bochta dhá leithéidí
sin ar slighe na slánaighthe. Ná leog aon
anam bocht do'n gcineadh a bheannaig Pádraig
uait ar ceal.



Ach fóil! más minic fáth buadhartha agus
doláis á fhághail ag an sagart bocht ag
machtnamh dó ar aimhleas an pheacaigh is minic
leis a chuireann Dia adhbhar áthais agus
lúthgháire 'na threó. “Is giorra cabhair Dé
ná an doras”; is geal leis an dTighearna
a lucht sglábhuidheachta féin. Ní h-anamh
nuair is duairce agus is dubh bhrónaighe
croidhe an t-sagairt ag cuimhineamh ar mhailís
an t-saoghail agus ar chrích uathbhásach an
pheacaigh, gur le n-a linn sin díreach a
cuireann an Tighearna — moladh go deó leis!
i n-iúil go soiléir dó, le solaoid éigint,
ná fuil aon teóra le n-a ghrásta agus le n-a
thrócaire féin, agus dá dhonnacht é staid
an pheacaig, go bhfuil fághail na h-aiseirighe
aige, má's toil le Dia na Glóire é. Is mó
solaoid dá shaghas san a chonach-sa thall sa
chathair mhór úd Ghlascú. Ní'l aon sagart
ná go bhfeachaidh solaoidí dá sórt amuigh nú
i mbaile. Táim se á cheapadh le tamall
gur maith an bhail ar an “Sguab” cuid acu
a sgrí agus a chur ag triall air.



SAGART.



‘Beidh ceann acu sa cheud uimhir eile den “Sguab.”
F. E.)



DEUNANN



SCOTT & A CHOMH., TEÓ.



Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair,
&rl.



I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE.



Oifig: Sráid Mhic Curtain i gCorcaigh.



R. SCOTT & CO. Ltd. MacCurtain St.
CORK.



MUINTIR MHIC EUMOINN



Síolta le h-aghaidh an gháirdín
(Bláthanna is uile)



Síolta le h-aghaidh na feirme



EDMUNDSON BROS., 10 DAME ST.
Baile Átha Cliath.



DIXON & HEMPENSTALL



Fir Deunta Speuclairi



SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA



Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl



Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chugat é an lá ceudna.



SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.


L. 108


FEALLSAMHNACHT NA NDEAGH-
BHEART. Ag tagairt do Shólás.



(Ar leanamhaint.)



Ní in aigne gnóthach a bheadh ag tnúth le
toradh a bheadh sólás. Rud ann féin is eadh
an sólás agus ní'l dul níos sia ná é ag aon
ghníomh tola. Is iad na gnótha is uaisle
gheóbhadh duine meabhair do chaitheamh leo nach
cóireacha catha agus gnótha tíre. Acht ní
theidheann aoinne chun cogadh i ngrádh a bheith
ag troid, agus is ar mhaithe leis na daoine,
a bhíonn gnótha tíre ar siubhal. Obair is
eadh í do dheuntar ag tnúth le sólás; dá
bhrígh sin caithfear an sólás do lorg in áit
éigin eile.



Baineann sólás le marbhna gan aon tnúth
le toradh acht i ngradh a bheith ag marbhna.
Tá gach aon rud do bhaineann le sólás annso.
Is é an gníomh is aoirde atá ar chumacht an
duine. Is é is buaine, agus atá gach suair-
ceas dá fheabhas agus dá uaisleacht ag baint
leis. Ní'l aon ghníomh eile ann a bhfuil níos
lugha baint aige le h-aon rud leath-is-amuigh
dhe féin má atá an rud a bhfuil an aigne
leagtha air os a chomhair. Feartar fáilte
roimhe ar mhaithe leis féin gan trácht ar aon
mhaith eile. Saoghal róghamhail suaineasach
is eadh é, agus is chun teacht ar a leithéid
sin atá duine go gnóthach.



Seo mar a labharann Áraoiscatol mar
gheall ar an gníomh so.



“Bheadh a leithéid sin de bheatha ró-mhaith
do'n duine, mar níor mhór dó rud beag
éigin de'n diadhacht a bheith ann chun a leithéidh
sin de bheatha do chaitheamh. Acht má tá
diadhacht ag baint leis an tuigsint i
gcomórtas leis an duine, tá diadhacht ag
baint le beatha na tuigseana i gcomhórtas le
beatha an duine. Níor cheart dúinn comhairle
do ghlacadh ó an dream adeir linn, ó is
daoine sinn gur cheart dúinn smaointe a
bheith againn mar a bheadh ag daoine, sé sin,
smaointe a bheadh ag duine atá ag cuimhneamh
go mbeidh deire leis lá éigin, acht gur cheart
dúinn cuimhneamh ná beadh deire linn go bráth,
agus ár ndocheall do dheunamh chun maireach-
taint dó réir an adhbhair is fearr atá ionnainn,
mar, dá luighead é an adhbhar sin, is iomdha
é ná an chuid eile dhínn ar fad. Gheóbhfaidhe
duine do mheas do réir an adhbhair is fearr
atá ann. An rud is dual do aon chreutúir
is é an sud is fearr agus is cirte dhó. Dá
bhrigh sin is é beatha na tuigseana is fearr
uaisle ann.”



Caithfidh an gníomh marbhna sin teacht ó
bheus a dheuntar do chleachtadh. Chun sólás
críochnuighthe a bheith in gníomh caithfidh sé
teacht go bog chun duine gan duadh gan dochair.
Acht ní bhfuighfidhe aon ghníomh aigneach do
dheunamh ar an gcima sin gan é a bheith de
bheus ag duine. Mara mbeadh sé de bheul
ag duine ní dheunfadh sé acht fogha do thabhairt
fé i gcoinne a thola agus ní bheadh ann acht
mar a bheadh ceol do dheunfadh duine ná
beadh aon taithighe aige air, nó obair do
dheunfadh garsún a bheadh ag dul go dtí an
scoil. Ní sólás atá ag bainc le foghluim
fuadarach ná aon ghníomh eile a bhfuil duadh
ag gabháilt leis.



Caithfidh buaineacht a bheith ag baint le
sólás. Is é an sólás an mhaith is fearr
gheóbhadh a bheith ag duine, acht ní'l aon mhaith
in aon rud ná fuil buan. Ní bhfuithfidhe
Samhradh do thabhairt ar aon lá breágh amháin:
sa tslighe ceudna ní thabharfadh tamall beag
suainis sólás do dhuine. Aon uair amháin
do gheibheann an aigne aon sólás fiafróchthar,
an mbeidh sé seo buan? Má chaithtear a
rábh ná beidh tá ain mhaith imthighthe as agus
ní'l sólás críochnuighthe ann. Má's rud é
go ndearfaidhe go mbeadh, agus nár bh'fhíor,
atá an mhaith imthighthe airís as. Ní bhfuigheadh
an mhaith is fearr a bheith ag baint le dalladh
mar sin. Caithfear a leithéid seo de fhreagra
fíor do fhagháil: beidh an sólás so buan.



Seo mar do mhínighthear sólás: gníomh
anama is eadh é a leanann ó an mbeas is
treise agus is fearr de chumhacht an aigne,
agus a bhfuil buaineacht agus socaireacht ag
baint leis.



Adeirtear gur “fearr an t-imireas 'ná
an t-uaigneas.” Ní dual do an duine a
bheith 'na aonarán. Is dual dó cuideachta a
bheith aige. Caithfear an sólás do fhagháil
in áit a mbeidh cuideachta a beidh gean is
grádh aige dhóibh. Tá baint mór acu sin le
n-a shólás.



Do réir an mhíniughadh do thugamar ar
sólás ní féidir teacht air i gceart ar an
saoghal so. Do thuig Araoisteatol nár
bh'fháidir teacht ar an sólás sin acht gur
mhaith an rud feuchaint leis. Tá rud eile
ann gur mhaith le gach aoinne sólás iomlán
a bheith aige, ar shon gur fada ó n-a chéile
an tuairim atá ag gach aoinne ar 'dé rud é


L. 109


a thabharfadh sólás dó agus gur beag ar fad
do geóbhadh é mhíniúghadh dhuit. Dá mhéid é
an éirim aigne, agus dá aoirdeacht é an
tuairim atá ag duine ar sólás, is eadh is
iomdha a bheidh caitheamh in a dhiaidh aige.
Cuireann sin in iúl gur dhual dúinn a bheith
ag braith ar teacht air. Dualgas is eadh
é a bhaineann leis an duine.



Ní mar a chéile sástacht agus sólás. Is
beag an chuid a dheunfadh duine do shásamh
uaireannta, acht eachtra is eadh an méid
a dheunfadh duine do shásamh 'sa' tslighe go
mbeadh sólás iomlán aige. Nuair adeir
duine go bhfuil sé sásta leis an oiread
sin, Cuireann sé in iúl go bhfuil a thuille
le Fagháil, acht nuair ná fuil sé aige gur
fearr dhó brúgh fé leis an méid atá aigea



Nár dhóigh leat ná beadh aon chiall le
bheith ag tnúth le sólás de'n tsórt sin?
Nach deirtear gur cheart dúinn sinn féin
do chur fé smacht? Nach ceann des na
subhailcidhe measaracht, agus nach ceallmhar
an rud a bheith sásta led' chuid? Seadh.
Tá an ceart 'sa' méid sin, acht ní'l ionnta
sin ach congnamh chun teacht ar rud. Ní
theastuigheann ó'n othar purgóididhe d'ól ach
an méid do dheunfadh maith dó, agus is é an
cleas ceudna é ag an doctúir atá ag tabhairt
oireachais dó; acht, chómh fada is tá an
tsláinte i gceist teastuigheann uaidh é a
bheith chomh maith agus is féidir é do bheith.



Tá an méid seo againn anois chun meabhair
do chaitheamh leis: gur dual do gach aoinne
a bheith ag coinne le sólás iomlán: gur
dual dó an méid sin mar gheall ar gur duine
é agus nach beidhthidheach é: gur féidir
do dhuine teacht ar sástacht agus roinnt
sóláis ar an saoghal so; acht nach féidir
dó teacht ar sólás iomlán: dá bhrígh sin
gur dual do dhuine a bheith ag tnúth le rud
nach féidir dó a shásamh ar an soaghal so.



AODH MAC FHINN.



(A thuille fós).



SCEULTA MHICIL



(An Fear Mór do scríobh iad)



Tá Gaedhealg Greann is Gáire ionnta.



Tá Caint Chanta Cheolmhar ionnta.



'Sé an leabhar is oireamhnaighe ar an
margadh é do scoláirí ná fuil an
Ghaedhealg ró-láidir aca.



Le Faghbháil ó



Rúnaidhe, Coláiste na Rinne, Dún-
garbhán, nó ó Chomhlucht Oideachais i
mBaile Átha Chliath.



BEATHA TEANGAIN A LABHAIRT.



Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach
a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg
le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha.



Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na
Driseóige, Baile Átha Cliath.



Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor, 89 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor, 85 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co.
an Chláir.



Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an Fheis-
tighe, Baile Átha Cliath.



Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh,
Baile Átha Cliath.



J. L. Stewart, Siopa Choracha Oifige, 4 Faithche an
Choláiste, Baile Átha Cliath.



Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim-
gréine, Co. an Chláir.



Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile
Átha Cliath.



H. Ridgeway (aon duine amháin), Bearrbóir, 22 Sráid
an Fheistighe, Baile Átha Cliath.



Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha
Cliath.



Muintir Pléimeann, Gualadóirí, 9 Sráid Fheardorcha,
Thuaidh, Baile Átha Cliath.



An Siopa Gaolach (Fountain Book Shop), An Parád
Mór, i gCorcaigh.



Muintir Jules (aon duine amháin: Tomás Ó Catháin),
coiffeurs de dames, 26 Faithche Stiobhna, Thuaidh,
Áth Cliath.



Pádraig Ó Bodhléir, Táilliúr, 2 cé Urmhumhan, Ioch.
Ó Raogáin agus a Chomh., Teo., Grósaeracht, 54 Sráid
Dáson, Áth Cliath.



Irish Manufacture Depot, 18 King Street, Béil
Féirsde.



S. Ó Gruagáin, Fuinteóracht, &c, agus Leabhair Gaedhilge,
23 an t-Sráid Mhór, Biorra.



Bríghid ní Aonghusa, Sráid na Feise, i gCoill Coinnigh.



Liam Ó Cionnaith, Cúntasaidhe, 9 Sr. Uí Chonaill Ioch.,
Baile Átha Cliath.



Irish Sales Agency, Feadhmannaigh um dheuntasaí
71 Sr. na Mainistreach, Meadh, Áth Cliath.



Comhar-Comhlucht Foillseureachta Gaedheil, Teo, Clódóirí
42 Sr. na Mainistreach, Meadh, Áth Cliath.



Ba maith linn a thuille ainmeacha d'fhagháilt le haghaidh
an liosta so.


L. 110


AN CHÉILIDH MHÓR.



Tamaillín gearr ó shoin bhí — iongantas na
n-iongantas — lá saoire agam agus a' gabháil
trí shráideanna na Cathrach dhom á cháitheamh a'
féachaint a raibh le feisgint fé thaithneamh
gréine cé bhuailfeadh umam ach mo sheanachara
Séamas Mac Gabhann.



Nuair do bheannuigheamar dá chéile dubhairt
sé liom:



“Is dócha gur airighís go mbeidh Céilidh
Mhór ar siubhal i Halla na Craoibhe ist oidhche
imbáireach agus fuaireas dhá thiceud. Mar
sin ba mhaith liom dá nglacthá ceann agus
teacht.”



“Ach cé bheidh it 'theannta,” arsa mise.



“Tiocfaidh mo chailín féinigh im' theannta,
dar ndoigh.”



“Ó, seadh, sin cailín na gruaige duibhe.”



“Go díreach, nach glic tá'n tú.”



“Ní'l cailín nú leannán agam-sa. Cad
déanfad?”



“Bhel, amhic, tá compánach fíorghleóite ag
mo mháirín agus táim cínnte go dtiocfadh
sí 'nár dteannta ach an cuireadh d'fháil.”



“Geallaim dhuit go mbeidh fáilte is fice
roimpi,” do ghlacas an ticeud beirte uaidh.



I gceann tamaillín bhig eile do sgaramar
óna chéile á rádh:



“Cífidh mé imbáireach thú ar a naoi a clog
ag cúinne na sráide so.”



Leanas orm agus bhí aiteas orm a' súil le
hoidhche mhaith le cáilín sgíamhach.



Ba dheas ar fad an cáilín Eibhlín Ní Aodha
— compánach leannáin Shéamais agus bhí gach
naon i halla na craoibhe a' féachaint uirthi
as í gléasta go háluinn i gcustúm gaodhal.
Bhíos ana mhórálach aisti.



Chuadhas amach i lár an úrláir nuair do
ghlaodhadh “Cor seisear déag” agus
tosnuigheadh.



Ní raibh an rinnce seo leath thart nú gur
sheasaigh aindeiseóirín ar chois liom. Níor
mhaith liom a raibh im' aigne a' rádh cé go
raibh gart a' cur orm go nimhneach ach bhí
áthas orm suidhe síos airís. D'airigheas
ainm á glaodhach amach. D'eirigh gaigín
agus chrom sé ar amhrán a' ghabháil.



Uch, uch, mo chreach! Bhí sé go dona ar
fad agus chuiread ar buile mé ag éisteacht
leis a' milleadh ceóil a's bhinnis; ach,
d'réir cosúlachta, ach go háirithe, do thaithn
sé go mór leis na cailíní mar d'iarr sluagh
acu air ceann eile a' thabhairt nuair do bhí
an chéad cheann ráidhte aige. Bualadh bas.
Is deocair mná óga a' tuigsint. D'eirigh
sé airís agus thug reachaireacht uaidh de
ghlór uathbhásach.



Baochas le Dia nár eirigh sé thuille. Rinnce
eile agus leogas osna uaim; an gart airís.



Ghluais an t-am thart agus bhí tae ullamh.



Tháinigh Eibhlín liom annsan go Seómra
ináirde staighre agus shuidheamar chun bhúird.
Níorbhfhada dhom mar sin ar mo shuaineas ag
ól a's a' cómhrádh go dtí gur dhoirt óinseach
amadáin 'cupán lán de thae ar mo thriús.
Leogas béic asam.



“Bhfhuilir gortuithe?” arsa Eibhlín.



Bhí orm a' rádh ná rabhas. Bhíos cráite le
teann péine ach ní raibh aon leigheas le fáil
ach é bhrú fúm, agus d'eirig liom sa deire
foighid 'a dhéanamh leis. Dheineas gáire.



Nuair do thángamar go dtí an halla airís
cad do chídhfinn ach mo hata nua agus é salach,
stracaithe, brúite fé cheann des na
cathaoireachaibh. Dob' amhlaidh a leagadh é
agus do dhein cosa na rinnceóirí an chuid
eile de'n ghnó. Conus a bhféadfainn bheith a'
cainnt go caoin, cneasta, mánla agus m'
anam istig ar buile na ngrás? Ní féidir
é. Cuireadh an caidhp bháis air mar sgéal.
Níor labhras puinn ach bhíos a' guidheadóireacht
ar mo dhícheall. D'fhéachas ar Eibhlín agus
táim geall le bheith cínnte go raibh sise a'
bagairt na súl ar ghaigín a bhí ar an dtaobh
thall de'n halla.



Pé sgéal é, bhí déistean uirthi toisg mé
bheith im' thost go gruamdha dúr ach ba chuma
liom. “Scithire ghearrchaile.”



“Greann agus Siamsa agus meidhir”
deirim leat.



… Bhí sé thart sa deire agus siúd amach
linn fé aer na maidne.



Ar dhul abhaile dhúinn a gcreidfeá nár
bhaineas an oiread is aon phóigín amháin dá
béilín caol meala. B'ait san, admhuighim
ach is fíor é. Seadh, cínnte bhíos cráite;
agus mar bharra ar an ndonas fuaireas
amach ar shroisint mo thighe féinigh dhom gur
fhágas mo chóta mór im' dhiaidh. Ceann
giobalach bhí orm 'na 'ionad.



Céilidh, an eadh? Ní raghad! Bídhidh
cínnte dhe ná raghad go Céilidh Mhór airís.



PÁDRAIG Ó hÓDHRÁIN.


L. 111


CÉARD A DHÉANFAMUID
FEASTA.?



Teagann maith as cainnt, sgaithte, díreach
mar bhíonn rath ar an obair a déantar go
maith. Agus gidh gur dream le cainnt sinn-
ne Connrathóirí, bíonn toradh céadtach ar ár
gcuid cainnte anois is arís. Tháinic
maitheas, cuir i gcás, as an gcainnt a rinneadh
tamall ó shoin ar na canúintí mar táthar
sásta a admháil nach bhfuil aon difrigheacht
mhór eatorra agus má tá féin, nach chun
leasa cúise na Gaedhilge a bheith ag bladar
fá'n difrigheacht sin. Ar an gcuma gcéanna,
nuair a dubhairt daoine áithride, tá bliadhain
nó mar sin anois ann, go raibh ré an
Chonnartha caithte agus nach raibh gádh ar bith
feasta leis, bhí an-chaint dhá dhéanamh ag chuile
dhuine. Ní dearnadh aon ghníomh de bhárr na
cainnte agus féach! tá an Connradh fós ann!



Ceart go leór! Is fiú i gcomhnaí beagán
cainnte agus mórán machtnaimh do dhéanamh
fá gach ceist a thagas ós ár gcomhair ach ní
mór dúinn bheith ciallmhar. Tá curtha i n-iúl
do lucht coimhéadta na teangan nach ceart
dóibh a bheith ag cainnt i dtaoibh laige na
teangan go poiblidhe ná nár cheart dóibh
iomarca ama do chaitheamh ag cainnt eatorra
féin ar an nGaedhilg agus réidtighim go
fonnmhar leo seo a deireas an dá rud sin.
Tá an Ghaedhilg lag mar theangain i gcomórtas
leis an teangaidh is mó a chaithfeas sí throid,
agus ní stuamdha an rud é a laige agus a
lochta do nochtadh do na daoine go bhfuilimíd
ag iarraidh iad do mhealladh chun í d'fhoghluim.
Agus arís, cuirfear feabhas ar an nGaedhilg
agus déanfar í do láidriú má's ar iol-
ádhbhair an domhain a bhímíd ag trácht innte i
leabaidh a bheith ag argóint faoi'n gcorr-
chainnt seo i s fá'n bhfocal siúd. Mar a
dubhras, táim sásta agus lán t-sásta glacadh
leis an dá thuairim sin ach bíodh ciall againn.
Ná déanaimís ceist na Gaedhilge agus ceist
Chonnartha na Gaedhilge do mheasgadh. Ná
ceapaimís gurab ionann bheith ag cainnt ar
an teangaidh Gaedhilge agus a bheith ag
iarraidh cabhrú leis an ngluaiseacht chun na
Gaedhilge do leathnú mar mheadhon cainnte
i bhfad is i ngearr ar fud na tíre — an
gluaiseacht sin a bhunuigh an Connradh agus go
bhfuil an Connradh fós ina bhun agus ina
bhárr.



Fairior chruadh dheachrach! tá daoine ann
a chreideas gur mar a chéile an dá rud agus
de bharr an chreidimh sin tá an Connradh agus
gluaiseacht na Gaedhilge gan a bheith chomh
folláin láidir agus ba cheart. Dá n-innsighinn
an fhírinne, is ar éigin atá tarrainnt na
h-anála fágta ann. Tá dearmad dhá dhéanamh
ag an dream go mbeithí ag súil le stiúrú
uatha ar iad féin a chur i n-iúl. Mearbhall
tuairme atá orra mar a dubhras thuas agus
iad ró-chinnte go dtiocfaidh gach ní ina cheart
ar ball. Ní thiocfa gach ní ina cheart choidhche
mura ndéanfar atharrú éicint a chur ar
sgéim oibre an Chonnartha agus mura
ndúisightear an pobal as an trom-shuan ina
bhfuilid. Cuirtear i n-iúl go láidir daingean
go bhfuil an Connradh ann — gidh gur beo ar
éigin é — agus go bhfuil gádh le cainnt agus
obair dá réir chun a réim oibre a chur chun
críce.



Níl figiúirí ós mo chomhair fá láthair (ba
mhaith an rud dhá bhfoillsigheadh an t-Árd
Rúnaidhe grafa a thasbáinfeadh an laghdú atá
tar éis teacht ar uimhir na gcraobh &rl. le
cúpla bliain) ach ní theastuígheann siad uaim
mar tá gach duine sásta gur ag dul chun
deireadh atá an Connradh le dhá bhliadhain.
Céard tá cionntach leis an laghdú sin mar
dhá mbéadh fhios againn d'fhéadfaimís seifte-
anna do cheapadh chun an sgéil do leigheas?
Deirim-se go bhfuil trí rudaí ann mar atá:—



(1) An t-atharrú poilitidheachta a tháinig
ar Éirinn; an troid a lean an t-atharrú
sin agus ar thóig an t-atharrú sin uainn d'
fhearaibh óga agus de mhnáibh óga a chaith a
ndúthracht go dtí sin ar obair Chonnartha na
Gaedhilge.



(2) An tuairim atá ag an bpobal gur
leor obair an Aireachta um Oideachas chun
ceist tárrthála na teanga do réidhteach.



(3) An t-eolas atá ag an saoghal
Gaedhealach nach bhfuilimíd ag féachaint leis
na deacrachtaí a bhiós ar gach tosnuightheóir
do dhíbirt.



Is é an chéad cheann atá luaidhte agam
an ceann is léire agus is tábhachtaighe.
Airighimíd uainn go leor d'ár sean-cháirde
a d'imthigh uainn chun freastal ar ghnóthaí
éicint eile agus a d'fhág sinn gan aon duine
le dhul i n-a n-áit. Is annsin atá an buille
ar fad. Ar fuaid na tíre, tá daoine
borramhla de dhíth orainn chun soisgéal an


L. 112


Chonnartha do sgaipeadh agus chun iad féin
d'íodhbairt ar son na cúise sin amháin. Is
indá ríríbh glan atáim nuair a deirim go
gcaithfid siad iad féin íodhbairt mar sin
í an chiall atá le baint as obair an Chonnartha.
Annseo sa bpríomh-chathair, is iad na daoine
céanna atá ar gach aon choiste ariamh a
bhaineas le gluaiseacht na Gaedhilge: An
Coiste Gnótha agus na fo-choistí a bhaineas
leis; an Fáinne agus na fo-choistí a bhaineas
leis; an Comhar Drámuidheachta agus gach
aon coiste is comhar Gaedhilge eile. An
té atá ina rúnaí nó ina chisteóir nó ina
oifigeach ar an gCoiste seo tá sé ina bhall
coitchianta san gcumann eile. Sin mar
atá! Agus maran íodhbairt é sin, ní thuigim
céard is íodhbairt ann.



Anois céard a thagas as a leitheid sin
de sgéal? Séard a thagas as nach ndéantar
an obair i gceart: ní féadfaí a dhéanamh
i gceart. Déanann gach duine a dhícheall
báis agus beathadh ach dhá fheabhas iad nó dá
inntleachtúla iad, eirigheann siad tuirseach
ina n-aigne, caoluighean a smaointe agus
a léargus — agus — ní déantar an obair i
gceart. Sin bun agus bárr an sgéil, gan
bréig gan áidhbhéil.



Tá leigheas ann, áfach, agus is é an leigheas
é an obair a bhíos le déanamh, cuirim i gcás,
ag an gCoiste Gnótha do sgaipeadh agus do
mhion-bhriseadh agus í thabhairt amach do daoine
ar fuaid na tíre. Is é badh mhaith liom go
gcuirfí coistí ar bun i ngach conntae ar a
mbéadh triúr no ceathrar Gaedhil díograsacha
a d'fhéadfadh a theacht le chéile uair sa
t-seachtmhain chun gach ní a bhainfeadh leis an
teangaidh sa gconntae a shochrú. Choinneóchadh
siad súil ar na buird puiblí, threórochadh
siad an timthire, agus dhéanfaidís gach uile
rud do b'fhéidir. Pé brí uair a mbéadh
connstaic do-réidtighthe rómpa d'fhéadfadh
siad comhairle do ghlacadh leis an gCoiste
Gnótha ach ba chóir go mbeadh ughdarás iomlán
aca ó'n gCoiste Gnótha. Nuair a thiocfadh
ádhbhar clamhsáin os comhair an Choiste Gnótha,
cuirfí ar an bpointe ag triall ar an gCoiste
beag Conntae é agus ní bhead baint, páirt
ná dréim a thuille ag an gCoiste Gnótha ach
fanúint le sgéala. Má's daoine misneamhla
díograsacha a bhéas ar na Coistí seo déanfar
an obair go sásúil. “Decentralisation”
atá ag teastáil!



Ní chuirfeadh an sgéim seo isteach ar na
Coistí Conntae de réir mar tá i gCóiriú
an Chonnartha mar is beag Coiste Conntae
atá ann agus pé áit a bhfuil a leithéid, ní
mórán oibre a ghníos siad.



An tarna rud, dar liom, is cionntach leis
an laghdú a tháinig ar obair an Chonnartha is é
an tuairim atá ag an bpobal gur leor obair
Aireachta an Oideachais chun an teanga do
shábháil. Dearmad é sin nach bhfuil leigheas
ann dó ach poiblidheacht agus propaganda.
Fágann páistí an sgoil ar a trí a chlog gach
lá agus imthigheann siad fiadháin, ag spalpadh
Béarla, go dtí an mhaidean dá chionn ar
a naoi. Ba chóir dúinn iarracht do dhéanamh
ar ghreim d'fhágháil ar páistí tar éis oibre
an lae sgoile. Is cuimhin liom go mbíodh
árus mor ag muinntir Mhic Aonghusa annseo
i mBaile Átha Cliath ina mbailightí isteach
gach tráthnóna na mílte páistí chun biadh,
spórt agus Béarla do thabhairt dóibh.
Creidim go bhfuil an t-árus sin fós ann agus
má tá, creidim go gcuirfidh sé ar neamh-nidh
pé Gaedhilg a múinfear i sgoileanna an
cheanntair. Ní déarfainn go bhféadfaimís
áiteanna mar sin do bhunú agus do chothú,
gan Mac Aonghusa a bheith againn ach ba chóir
gan an prionsapal do sgaoileadh uainn.



Maidir leis an tríomhadh fáth, an fada go
dtuigfidh na h-árd-ollamhna a bhíos de shiór
ag masladh a chéile mar gheall ar cheist cló,
ceist leitrighthe agus a leithéid — an fada
go dtuigfidh siad gur táirne i gcónthra na
Gaedhilge gach aon fhocal ariamh a sgaoilid
amach go poiblí? An fada go dtiocfaidh
siad le chéile agus sochrú do dhéanamh ar
na ceisteanna seo ar mhaithe leis na
tosnuightheóirí agus ar mhaithe leis an
nGaedhilg?



Ba mhaith liom go gcuirfí suim ins na
smaointe seo agus go ndéanfaí beart de
réir pé ceann aca atá ciallmhar.



LEÓN Ó BROIN.



GACH RUD ATÁ ACRACH D'OIFIG.



Tar go bhfeice tú an teasbántas díobh atá againn.



TYPEWRITERS
(Coracha Cló-Sgríobhadh).



“Hammond” (Gaedhealg agus Beurla ar an
maisín ceudna).



“Royal” (Leitreacha Gaedhealacha air).



Gach cóir chun mamraim agus cáipéisí oifige a
choimeád in eagar agus in órdú.



Duplicators — Rotary & “Rolo” -flat 55/- agus 75/-
(iomlán).



CONAN, MAULE & CO., 7 Crow St., Ath Cliath.



Guthán: 3319.


L. 113


GIOTÁÍ AS SEAN-LÁIMH-
SGRÍBHINN.



Seo thíos giotaí a fuaireas as sean-láimh-
sgríbhinn, tá tamall maith ó shoin.



I.



Samhail na mná do gheóbhair duit féin má's
féidir:—



Tóg bean bhíos meidhreamhail, maorga,
malltrilleach, ghéag-leabhair, ghrásamhail, arm-
beigh, * claonfholt, craobhach, cuach bhuidhe, caim-
fhleaghach, * agus éadan áluinn, imleathan,
malaí míne, cúmtha, caola, ciardhonna, agus
gorm-dhearca goibheamhla, gloineamhla, agus
dá ghruadh ghártha, dhaithte, ghríosamhla, agus
srón cúmtha, caol-phollach, agus beag-bheól
bhórd-dhearg, bhinn-bhríatharach, agus dlúith dheid
dh'aith gheal dheigh-dheunta, leathan-ucht sho-ghlan
lile, a's cruadh-chíocha cruinne cailce, saor-
chorp seang snasduithe, sneasdaidhe séimh-
ghlaca slíme, sleamhaine, slat-mheura beaga
boga bána, beag-altacha, maol-ghlúine méithe
míne, agus colpaí díreacha, dáth-áille,
troigthe taobh-shnuite, agus clár fliuch fair-
sing, neamh-eaglach.



* (Ní fheadar dén saghas focail iad sin. F. E.)



II.



Duine éigin tar éis dréacht maith fada
filidheachta do cheapadh, do sgríobh sé fé
na bhun mar seo:—



Gach n-aon do chalmsliocht chathamhail Néill a's
Chuínn
Do léighfidh na ranna so breacuighthe i
nGaodhluinn chaoin
Le chéile an t-Athair, an Mac, a's an Naomh
Spiorad guidheadh
Chum saor-bhreith thabhairt ar anam an té do
sgríobh.



Duine eile dá fhreagradh sin:—



Ó's aon do'n aicme sin chanais ad' bhéarsa
bhinn
'S gur léigheas le taithneamh gan easbaidh do
shaothair pinn
Le h-aonta m'aigne aitchím chúgat seun a's
síol
'S is geug do thaisdeal ó chine Mhilésius sinn.



III.



Sean-duine áirithe ag teagasg a mhic:—



Air maidin duit, a mhacaoimh óig
Iar teagasg duit ar an Tríonóid
Ionnuil go cáidh; gaibh go glan
Gan sal adh láimh do leabhar
Feuth gach líne go glinn, glic
Déan meabhrúghadh go minic
Ceacht bheag agus meabhar gheur-ghlan
A leinbh, feuch gach focal
Bheith ag feuchain cách 'na chleacht
Tabhair aire dot' aon cheacht
Taisgidh í ó chúl do chinn
Bí léi cé cruaidh an cómhluinn
Cé mba cruaidh í na géill dí
Ná stad coidhche go gcuirfir
Go socair caoin ré chéile
Caoimh-fhocail dá aimhréidhe
Ar muir mhóir an léighinn láin
Bí ad' loingseóir mhaith, a mhacáin,
Bí má's áil at' fháidh eagna
An Dáil catha do chóimh-fhreagradh
Do'n eagna lán a's dá fios
An tan gheóbhair tú toircheas
Biaidh gach flaith fá chíos ad' cheart
Biaidh ann gach leath id' labhairt
Ibhidh gach lá lán-digh dí
Tobar na heagna uaisle
Ní raibh ad' bheól a blas
Ba sealbh óil agus aoibhnis.



IV.



Iarratas —



Duine bocht liath atá d'iarraidh furtacht a's
cabhair
A's beidh maitheas ó Dhia ag lucht riar na
mbocht le fonn
An té sgaipeas an biadh a's riaras fairsinge
in am
Gheibhidh seilbh gan chiach 'na dhiaidh is fearra
sa domhan.



AN MADADH RUADH,
Do sholáthruigh.



“ÉARNA”
léigh “Éarna” a 4: le fagháil lá
'le Pádraig.


L. 114


M'Anncal Seárlaí.



II.



EACHTRA AN LOCHA.



Lá eile thug m'anncal Seárlaí go dtí
Móin Eitre sinn agus theasduig uaidh dul
ar snámh treasna an chuain go dtí Eochaill
agus sinne do bhreith ar a mhuin leis. Ní
leigfeadh eagla dúinne dul, agus ritheamar
uaidh, agus annsin adubhairt sé, “tá go
maith,” nár ghábhadh dúinn; agus thánamar
thar n-ais, agus níor bhain sé dhe ar aon
chor, acht do shuidh ar an ngainimh, agus sinne
le n-a ais, agus d'innis sé scéal dúinn
mar gheall ar rud do bhain dó féin agus é
ar snámh uair. D'fhiafruigh sé ar dtúis
dínn an adtuaidh tríd an mbeárnain ó
Chloichín thánamar agus sinn ag teacht; agus
dubhramar gurbh' eadh; a adtuaidh go dtí
an Lios Mór agus Ceapach Chuinn.



“Seadh,” — ar seisean, —” an tslíghe
céadhna tháinigheas-sa agus mé ag dul chum
faoisidine go dtí Mellerí fé'r chuadas
an tarna bobhta go dtí Sasanna Nua, agus,
chonnchabhar an loch ar thaoibh an bhóthair díreach
ag an mbeárnain, is dócha?”
Adubhramar go bhfacamar.



“Lá an-bhrothallach ba eadh é an lá bhíos-sa
ag teacht” — ar seisean, —” agus bhíos
ag cur alluis tar éis árd an chnuic do chur
díom, agus, nuair thánag go dtí an loch
do bhaineas díom chum mé féin d'fhuaradh. Níor
dheineas acht snámh treasna an chéad iarracht
agus thar ais arís, acht annsin, tar éis
tamall do thabhairt ar an bport, do léimeas
amach arís agus timcheall ar fad liom.
Má dheineas, ba dhóbhair dom díol as. Do
bhí crann ag fás amach as éadan na faille
ós cionn an locha; ní fheadar an bhfuil sé
ann i gcómhnuidhe?



“Tá,” — arsa mo dhearbhráthair, —” tá
a lán aca ann. Thugas-sa fé ndear iad.”



“Agus mé ag gabháilt thar cheann aca”
— arsa m'anncal, — “do shíneas suas
mo lámh agus rugas ar ghéig féachaint an
bhfuighinn cleas an chuaille do dhéanamh as
an uisce, agus bhíos a m' tharraingt féin
suas nuair airigh mé an “glug-glog” ag
bun an chrainn istigh. D'fhéachas síos agus
cad do bheadh ann acht eascú mhór. Bhí
sí cómh reamhar, badh dhóigh liom, le h-adhart
leapthan, agus bhí a craos ar leathadh aici
agus í ag déanamh orm. Cleas an chuaille!
Is mise do bhí sásta go bhfuaras na cosa
liom suas ar an gcrann uaithi, agus ní
raibh ann acht sin, agus bhí mo chroidhe i m'
bhéal agam i m' shuidhe thuas annsin agus
mé ag féachaint síos uirre.



Is é eagla do bhí orm go léimfeadh sí
suas i m' dhiaidh, acht níor léim. D'fhan
sí thíos, a soc díreach aníos as an uisce,
an dá shúil ag glinneamhaint suas orm, agus
an dá chluais mar bheadh dá dhuilleóig cabáisde
ar leathadh amach ar bharr an locha, agus
mise agus an crann beag ar luascadh fúm,
agus an t-uisce ag tuitim díom síos timcheall
an tsuic sróna. Acht, níor bhaoghal dom.
Is é sin níor bhaoghal dom dá mb'áil liom
fhanamhaint socair acht ní bhfuighinn. Ní
raibh mé sásta gan slat do bhriseadh de'n chrann
agus chromadh síos agus tosnú 'ghá cimilt
d'á sróin mar stainncín uirre agus chum
í chrádh. Ba dhícéillidhe an obair dom é
dar ndóigh, mar, a dhearbhráthair, an t-aon
shnap amháin bhí an tslat n-a béal aicí, agus
leis an ngeit, agus an tarraingt, thug an
ghéag a rabhas i m' shuidhe uirre, agus síos
liom!



“A thiarcais!” — arsa sinne.



“Seadh, go díreach, agus ní misde díbh
é rádh,” — ar seisean. “Acht” — ar seisean —,
“níor bhaineadh mo mheabhair ar fad
díom. Bhí sé tabhartha suas dom i
gcómhnuidhe m' fheabhas chum snáimh, agus
treasna liom ar stealladh dtí an áit ar
fhágas mo chuid éadaigh, agus í sin i m'
dhiaidh. Ar éigean do dheineas an port
uirre, acht do dheineas, agus do léimeas
i dtír. Do ritheas tamall isteach chum
bheith ó bhaoghal, agus annsin do stadas agus
d'fhéachas síar. Ba mhaith an bhail orm gur
fhéachas. Nuair shroich sí an trágh, cad
do dhein sí agus mé ag féachaint uirre,
acht a cheann d'iompódh síar, bhreith ar a
h-iarball n-a béal agus fáinne dhéanamh dí
féin, agus seo i m'dhiaidh an scarbhach í ag
casadh mar bheadh roth. Do chuireas aon
bheic amháin asam, suas liom go barr an
scarbhaigh, agus síos le fánaidh amuich cómh
mear agus bhí i m' chosaibh.



Le fánaidh liomh, acht dearmhad ba eadh
é sin dá bhfuighinn chuimhneamh orm féin.
An fánaidh do bhí uaithi sin orm agus í n-a
roth, agus ní raibh mé péirse síos nuair
bhraith mé ag mo shálaibh í agus phreabas i


L. 115


leath-taoibh as an slíghe. Leis an bhfuinneamh
do bhí léithí, ní bhfuigheadh sí í féin do stopadh,
agus d'imthigh sí tharm amach, acht ní fada
dh'imthigh nuair thuig sí cionnus do bhí agus
do scaoil sí d'á greim ar a h-iarbhall agus
do shín í féin amach ar a faid, agus dá bhfeictheá
an slaod mór gairbhéil, agus cré, agus
créafóige, thug sí leithi de chliathán an chnuic
fé raibh sí n-a stad! Cómh luath agus
bhí sí n-a stad do chuir sí an t-iarball n-a
béal arís agus do dhein iarracht ar chasadh
thar ais i gcoinne an chnuic suas i m' dhiaidh,
acht ní bhfuigheadh. Ní bhfuigheadh sí é dhéanamh,
agus b'éigean dí dul ar an snámh mar
dhéanfadh piast. Do chuaidh sí ar an snámh
agus do bhí ag teacht ar a dícheall acht, dar
ndóigh, ba righin an teacht é nuair ná raibh
an t-uisce aici. Acht, dá righine é, níor
dheineas-sa aon mhoill ag cur umam thuas,
ná níor fhanas chum mo bhróga do chur orm
acht oireadh, acht glanadh as an áit chómh mear
agus d'fhéadfainn é suas dtí fiaradh an
chnuic, agus anuas ar an dtaoibh seo go dtí
bearraic na bpíléirí do bhí ann, ní fheadar an
bhfuil sé ann i gcómhnuidhe?



“Tá — arsa sinne, — “acht ní'l aoinne ann
anois.” Mar ní raibh. Connacamar agus
sinn ag teacht é.



“Seadh,” — ar seisean —, “do bhí an uair
sin, agus do bhí píler istigh, agus tháinigh
sé liom, agus guna aige, agus thar ais linn go
dtí an loch. Acht, bhíomar ró-dhéidheanach.
Bhí mo léidí direach ag sleamhnú de'n scarbhach
síos 'san uisce, agus níorbh' aon mhaith
caitheamh léithi. Is é an píler do bhí go
mí-shásta n-a thaoibh leis, mar ní raibh a fhios
aige go dtí sin cad do bhí ag tógaint na
mionán, agus na n-uan, agus na céiseanna
agus gach aon rud uatha féin agus ó na
cómharsain.”



“Agus do bhí sí cómh reamhar le h-adhart
leapthan, a anncail,” — arsa mo dhearbhráthair.
“Cad é an fhaid do bhí innte?”



“Ní fheadar an mó slat adéarainn a
bheadh innte,” — ar seisean. “Ní fhacas
sínte ar a faid i gceart í, tá a fhios agat,
acht, agus í ag casadh tharm n-a fáinne síos
an cnoc, bheadh an fáinne cómh h-árd liom
féin, nó beagáinín níos aoirde, b'fhéidir.”



CLOCH-LABHRAIS.



ACHT NUA NA TALMHAN.



BUAIDH AR DEIREADH.



Anois leis an acht nua seo tá súil againn
go socróchar ceist acrannach na talmhan atá
ag déanamh buaidheartha do'n tír le fada
an lá. Is iomdha callán agus clampar a
tharraing an cheist chéadna le bliadhanta fada.
Is iomdha duine a chuir roimhe a socrú.
Cuireadh dhá chonnradh ar bun le ceart a bhaint
amach do'n tineónta. Ní raibh seisean
mórán níos fearr 'ná sglábhuidhe go dtí sin.
Rinne riaghaltas Shasana a mhíle dícheall le
gach connradh aca a chur fá chois. Budh ghearr
gur líonadh na príosúin leis na connarthóirí
agus go ndearnadh gach iarracht na cruinnighthe
a chosg, go dtí fiú na daoine a lámhach agus
a mharbhú. Bhí gléas troda amháin ag na
daoine a sheas dóbhtha i ngach am agus i n-aghaidh
gach éagcora agus ain-dlighe. Budh é sin
an “Boycott.”



Cuireadh beagán feabhais ar an sgéal ó
am go h-am de bharr an ghríosuighthe ach ní
rabhthas ach ag sgríobadh leis an uachtar.



Anois gan buille 'sgin ná 'chlaidheamh tá
acht againn agus tá súil ag gach duine go
gcuirfidh sé deireadh leis an sgéal ins an
méid do'n tír a mbaineann sé leis.



Cuid de na sgéalta is brónaighe agus is
dolásaighe d'á bhfuil i stair bhrónaigh na tíre,
mar tá le léigheamh i leabhra Chicam agus an
Athar Ó Síothcháin, budh é tromachan agus
sainnt agus éagcóir na dtighearnaí agus a
gcuid báillí budh cionn-tsiocair leobhtha.



Ó's rud é gur ab iad na h-áiteacha is
iargcúlta is mó a bhfuil ganntan talmhan
ortha, agus gur ins na h-áiteacha seo is mó
a labhartar an Ghaedhilg — go deimhin ní féidir
a rádh go bhfuiltear d'á labhairt i n-aon áit
eile — tá faill ag an riaghaltas anois, má's
rud é go bhfuil siad dá rírí i dtaobh na
teangadh, buille breagh a bhualadh ar a son,
agus a h-athrú ó'n áit a bhfuil sí beo,
biodhgamhail go fóill, imeasg na ngleannta
agus na bportach, isteach go dtí na machairí
míne, méithe i lár na h-Éireann, áit a mbéidh
faill aici borradh agus biseach teacht uirthi,
agus a géaga a shíneadh amach uaithi ar gach
taobh, soir, siar, síos is suas. Ins an
gcaoi a bhfuil an sgéal fá láthair tá tobar


L. 116


na fíor-Ghaedhilge ag dul i ndísge i n-aghaidh
an lae, ins na ceanntair iargcúlta, thart
le imeall uaigneach na mara, agus tiocfaidh
an lá gan mórán moille nach mbéidh le fágháil
ann ach an dríodar, muna bhféachtar leis an
sgéal a leigheas go luath. Níl lá ná leathuair
le cailleadh.



Caithfear furmhór na nGaedhilgeoirí a
aistriú le fairrsingeacht talmhan a leigean
ar an muinntir eile. Is fíor go mbéidh
doicheall agus drugall ar a lán aca, go
mór-mhór na sean-daoine, an sean-áitreabh
a thréigean. Má bhíonn féin níl sé ion-
tóigthe ortha. Is annseo a rugadh agus a
tóigeadh iad féin agus a seacht sinnsear
rómpa. Níl claidhe ná fál, tom na sgeach
nach bhfuil a gcroidhe agus a n-anam sáithte
ann. Is briseadh croidhe leobhtha gan a bheith
ar a gcumas dul ar uaigh a muinntire tar
éis aifreann an Dómhnaigh: agus go deimhin
béidh corr-dhuine aca nach bhfágfadh an baile
dá mbronntaoi dúithche ortha i n-áit eile.
Dá mbudh é an beithidheach brúideamhail féin
é tá a chlaon leis an mball a dtóigtear ann
é, bíodh i ndán agus gur ab é an áit is
boichte ar dhruim an domhain é.



Ach má h-aistrighthear iad i n-a ndreamanna,
cuir i gcás fiche muirighín nó mar sin de
chómhursanna nó de dhaoine muinnteardha a
shocrú i n-aon áit amháin, annsin ní bhéadh
an droch-mhisneach céadna ortha ag fágáil an
bhaile. D'fhágfadh seo ceanntair bheaga
Ghaedhealacha againn i lár na Galldachta —
ceanntair a sheasfadh ar a mbonnacha féin
agus nach mbéadh aon chontabhairt go bplúchfadh
coigeal an ghalldachais iad, rud a thárlóchadh
go cinnte dá mbéadh gan ach muirighín nó
dhó Gaedhilgeoirí cur fútha i n-áit. Bhéadh
aghaidh sgolairí agus lucht foghlama ar na
ceanntair seo ó bhliadhain go bliadhain, mar
go mbéadh siad cómhgarach do na bailte
móra agus do na bóithre iarainn. Deir
a lán daoine, agus tá an ceart aca, nach
mairfidh an teanga ins an nGaedhealtacht
nó go mbeiridh an t-ionnradh tuile uirthi
atá geallta dhúinn. 'Séard is cionntach
leis an trághadh, an cruadhtan agus an t-anró
agus an bhoichtineacht. Tugtar an Ghaedheal-
tacht anois, eidir chorp agus cheirt, isteach
as na criathraigh agus as na carraigeacha,
agus cuirtear ar ais í ins na talta saidhbhre
ar díbrigheadh asta í le foir-neart agus le
láimh láidir. 'Sí an teanga an tseoid is
luachmhaire i seilbh na tíre i láthair na h-uaire
seo, agus níl rud ar bith a déanfar ar a
son ró-mhaith ná ró-chostasach, ach tairbhe a
bheith air. 'Sé mo bharamhail gur mó an
mhaitheas a dhéanfadh coilíneacht amháin de'n
chineál atá luaidhte agam 'ná a mbéadh de
thairbhe ar ollsgoltacha agus ar choláistí
agus ar chúrsaí Gaedhilge ar feadh bliadhna.



Agus ní chosnóchaidh sé leith-phinginn ruadh
na Gaedhilgeoiri a fhágáil i mbonn a chéile
ach oiread is dá sgaptaoi soir agus siar iad.



SEÁN Ó RUADHAIN.



AN GOVERNOR GENERAL!



Aréir agus mé im' chodla taidhbhrigheadh
dom mar leanas.



Do righneadh Goibhearnóir General dhíom-sa
in áit Thaidhg Uí h-Éalaigh.



Dá mhéid é mo ghráin, de ghnáth, ar righte,
níor chuireas fiacal sa mhionn úd — do
thuigeas go raibh caoi thar bárr agam chun na
Gaedhilge do chur chun cinn.



Ní túisge a bhíos istigh sa Lodge ná
chuireas riaghal nuadh i bhfeidhm ann, .i. “'sí
an Ghaedhealg teanga na cúirte seo.”
A leithéid de sgrios a's a dheineas! Ní
raibh aoinne sa tigh ná chaitheas é chur chun
siubhal. B'fhuiris dom na Béarlóirí do
ruagadh as an áit agus san taidhbhreamh ní
raibh sé aon phioc níos deachaire orm
Gaedhilgeoirí d'fhághailt 'na n-áit. Is annsan
a bhí an Ghaedhealg dá stealladh i gceart-lár
Bhaile Átha Cliath arís. Ní raibh aon teora
leis an méid a fuaireas dheunamh leis an
£30,000 úd.



Taidhbhreamh ba dheadh é, dar ndóigh, ach
mar sin féin, nach taidhbhreamh é gurbh féidir
é fhíoradh dá mba mhaith linn.



TADHG A' MHARGAIDH.



TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.,
Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.


L. 117


TOMHAISEANNA.



11.



C. Dhá chlaidhe cloch; dhá loch uisge; dhá
uaigh duine agus dhá thriopall luachra?



F. T'fhiacla; do shúile; pollaíocha do
shróine agus do mhalaí.



12.



C. Dubh amuigh agus dearg istigh. Sin í
agat í, agus sáidh innti.



F. Bróg nua.



13.



C. Tá tobairín fíor-uisge ar fíor-bharra an
t-sléibh', Fuinneóigín gloine air agus
doraisín cré.



F. Lic-oidhir.



14.



C. Firín beag dubh thar cnoc anoir ag ínnsint
a sgéil gan féith gan fuil?



F. Leitir.



15.



C. Braithlín bhán ar thaobh a' tighe agus ná
féadfadh éinne dul á fighe?



F. An ghealach.



16.



Cúigear dall do chuaidh fé'n gcoíll
Cúigear giolla i mbun gach díoll
Cúigear ban aiges gach giolla
Cúigear leanbh aiges gach mnaoi



Cé méid a bhí ann ar fad?



17.



Tá trí fichid páiste ag Pádraig Ó Broin
Agus trí fichid lámh ar gach páiste aca san
Trí fichid práta isgach láimh aca san
Agus trí fichid mála ar gach páiste aca san
Agus trí fichid práta is gach mála aca san



Cé méid é sin ár fad?



18



Ceist. Siúd é 'mach a' tó-tó
Siúd é 'steach a' to-tó
Tháinig rí na cheithre gcos
Agus do sgiob sé leis an tó-tó?



Freagra. Luch a bhí ag imirt di féin ar fud
an tighe. Tháinig cat uirri agus sgiob sí léi í.



19



C. Sidé 'sa chuan é agus dhá chéad súil air?



F. Anairthe.



20



C. Dealg Fionn na mbrat ar a 'dtaobh thoir de
Chnoch na nGeal. Ní húan é is ní
héan é agus ní cupán ná stáin é agus
ní clár ná cloch é?



F. Coínnle reodha.



LEITREACHA.



AN STÁT GAEDHEALACH.



A Fhir Eagair,



San aiste bhreágh chiallmhar a scríobh León Ó Broin
fé'n Stát Ghaedhealach mhothuigheas mar a bheadh saghas
dubhshláine aige d'á chur fé Ghaedhil uile na tíre, 'a
rádh nach raibh ar an tsaoghal seo a leithéid de rudaí
is “Stát Gaedhealach” nó “Aigne Ghaedhealach” ann.
Muna bhfuil, nach bocht an scéul e do lucht na Gaedhilge;
agus nach díth-chéillidhe an fuadar athá fútha ag síor-
leanúint teangan náisiúnta agus rudaí eile náisiúnta?



Creidim go bhfuil an ceart ag an scríbhneóir, ag
León, i dtaobh cuid de'n mhéid a dúbhairt sé. Ní
ceart dúine, cinnte, bheith ag cailliúint measa orainn
fhéin, is ag fagháil locht orainn fhéin agus ar gach rud
a dheintear sa tír seo fé láthair. 'Sé mo thuairim
féin gurab iad na Gaedhil féin is cionntaighe le cuid
de — nó dream aca ar aon chuma. Ós rud é go mbíonn
misneach mór, meabhar mhear, agus ana-dhúil aca i ngach
rud a bhaineann le Gaedhealachas, gan mórán foighne
aca, ní bhíd sásta le haon duine ná le haon nídh ná
bíonn ar an dul cheudna. Agus mar gheall air sin
caithid droch-mheas ar gach naon ná bíonn fíor-Ghaedhealach
ó thosach. Buidheachas le Dia go mbíonn misneach is
foighne i dteannta chéile uaireannta — agus bíonn
gábhadh leo; mar deintear a lán díoghbhála, dar liomsa,
sa tslighe eile.



Ní théigheann arm ar aghaidh níos mire ná mara bhíonn
siubhal age sna fearaibh ann; agus arm Gaedhealach
atá uainn in Éirinn sul a mbeidh aon Stát Gaedhealach
ann — sluagh Gaedheal ag leanúint nósanna agus tréithe
na nGaedheal de ghnáth i ngach slighe.



Acht, cád iad na nósanna súd? Sin ceist ceart
a chuireann an Broineach orainn. Deireann sé féin,
mar fhreagra, nach bhfuil a leithéid ann. Ní fheadar
an fíor é sin.



Tá nósanna fé leith ag muinntir gach críche; tá
agus ní amháin ag pobailibh nach bhfuil an taon teanga-
dhúthchais aca. Feuch na Punncánaigh agus teanga na
Sasanach aca, acht a mhalairt de nósannaibh ar fad
agá bhfurmhór, d'réir cúnntais. Tá ár nósanna fé
leith againn féin gan amhras, agus ní h-iad nósanna
Sheáin Bhuidhe ar fad iad acht an oiread, gídh go bhfuil
an Beurla go laidir againn mar an gceudna. Is fíor
go bhfuil trácht ins na sean-sceulta ar nósanna fé
leith in Éirinn nach bhfeictear indiu; agus nach fiú
bheith aghá gcleachtadh againn, béidir, san ficheadh aois
seo. Acht is fíor seo, saoilim, leis; go bhfuil
tréithe agus nósanna luaidhte ann a bhíodh mar gnáth-
cúrsaí ag ár sin-sean-sinnsear agus dá mbeadh tréithe
de'n tsaghas sin againne indiu is amhlaidh a bfearr
dúinn. Cad a thabharfadh riaghaltas Éireannach ar
shaighdúirí freagraighe mar a bhí ins an bhFiann fadó?
Nó ar dleachtairidhe chomh dílis leis na daoine is a bhí
na mbreitheamhain? Ní foláir nó bhí age sna laochraibh
úd, nó age sna breitheamhain úd, aigne fé leith. Aigne
Gaedhealach, arbh eadh?



Dheurfainn-se féin go bhfuil aigne de'n tsaghas
sin ann, aigne Ghaedhealach. Do mheasas go bhfuaras
amach dom féin an méid sin ceithre bliadhna ó shoin,
in aice Bheul Átha 'n Ghaorthaidh; agus gan ionnam acht
famaire gan aon fhocal Gaedhilge agam an uair sin.


L. 118


Siúd é an t-aon leath-sgeul amháin agam ar láimh (nó
peann) do tharraingt annso. Agus measaim go mbain-
eann beusa agus nósanna áirighthe Gaedhealacha leis
na rudaí atá luaidhte ag León Ó Broin — le rinncí
le hamhráin, le sean-sceulta, le iománuíocht, béidir
leis an bhfilleadh beag féin.



Measaim-se leis go mbaineann tréithe móra maithe
leis an aigne Ghaedhealach fé mar a cheapaim fhéin go
dtuigimse í, fé mar a bhí ag an bPiarsach (go ndeinidh
Dia trócaire air), fé mar a cheapaim í fheiceál in
sna sean-sceulta nó i measc na ndaoine sa Ghaedhealtacht
indiu féin. Sid iad uaisleacht, flaithiúlacht, fírinneacht,
simplíocht, glaineacht, feariúlacht is dúthracht dáiríre,
dar liom. Bíonn geurghábhadh len a leithéid fé láthair,
ar fuaid an domhain. Is beag linn gluaisteáin,
eitealláin, is mórán rudaí nach iad. Feuch ar an Rúis
agus ar an Ghearmáin, ní heasba gluaisteán is mó
a bhíonn ag cur orra siúd.



Bíodh tréithe fóghanta mór-uaisle ionainn agus ní
baoghal dúinn maidir le saibhreas, as obair mhacánta
'nár nduthaigh féin. Ní gádh dhúinn glacadh le nósannaibh
gallda ná le h-aigne Gallda, ná bheith d'iarraidh cur
'na luighe orainn féin nach bhfuil aigne Gaedhealach ann.
Tá aigne ag an Ghaedheal chómh bríoghmhar beo seasmhach
glán is atá ag aon chine ar domhan; agus béidir le
Dia go mbeidh Stát Gaedhealach aige fós.



Mise, PROINSIOS Ó CINNÉIDE.



3.2.'24.



A Eagarthóir, a chara,



Bhí súil agam le sgiolladh d'fhághail ó “Thadhg
Gaedhealach” mar gheall ar an aiste sin agam “An
Stát Gaedhealach” (an “Sguab” — mí Eanair) agus
fuaireas é go breágh binn.



Tá meas agam ar “Thadhg” pé é héin, agus ar
ráidhtí a bhéil ach caithfead admhachtáil, agus tá a lán
dem' lucht aitheantais ar aon fhocal liom, go raibh
iongnadh orm mar gheall ar an gcaoi in ar fhreagair
sé mé. An sean-sgéal a bhí aige: (1) mé cháineadh
toisg go raibh sé de dhánaidheacht ionam féachaint le
sean-tuairmí do bhriseadh agus (2) an bréagán sin
“an aigne Gaedhealach” do thabhairt chun beathadh arís.



Chuma liom an cáineadh arae is fearrde sin go léir
a bheag nó a mhór de uaireanta ach cé'n fáth ar fhág
sé an chuid ba thábhachtaighe dem' aiste gan focal a
rádh mar gheall uirrí agus an rud go mba dhóigh liom
é bheith marbh agus ag tabhairt an fhéir — “an aigne
Gaedhealach” do sgaoileadh chugainn arís.



Cé'n dochar sin ach na rudaí a dubhairt sé, is amhlaidh
a ládruigheann síad mo thaobh-se den sgéal .i. nac bhfuil
aigne Gaedhealach ann. D'iarfainn ar do léightheóirí,
a Eagarthóir dhíl, freagra Thaidhg d'ath-léigheadh agus
fiafróchad díobhtha nach cruthú iomlan an freagra sin
nach bhfuil aon “aigne Gaedhealach” ann ach “aigne
eadarnáisiúnta.”



Ní dhéarnas dearmad agus is dóigh nach ndéanfad,
go bhfuil dlúth-bhaint ag an sisteam oideachais a bhí
againn a n-Éirinn, le dhá sgór bliadhan, leis an riocht ina
bhfuilimíd indiú ach chuaidh Tadhg ró-fhada leis mar sgéal.



Má's comhartha Galldachais béasa cearta búird a
bheith ag duine — bhfhearr liom bheith im' Ghall ná bheith neamh-
spleádhach de sgeana agus a leithéid agus mé ag ithe.



Rinne na sgoileanna agus na Coláistí díoghbháil ach
is do'n aimsir le theacht a bhíos ag féachaint nuair a
bhéas cúram an oideachais fá Ghaedhil, is nuair a bhéas
caoi ag chuile dhuine an Ghaedhilg d'fhoghluim.



Ní déarfad aon cheó faoi'n atharrú atá tagaithe
“idir an saidhbhir agus an daidhbhir” mar ní chreidim
go raibh Tadhg dá rírí sa méid sin.



Rud amháin eile sul má chríochnuighim, Ba mhaith liom
go dtuigfí gurabh í an chiall atá agam leis an bhfocal
“náisiúntacht” ins an aiste sin “Rinncí Gaedhealacha
agus Rinncí Gallda” (leath. 92, líne 35) ná “nation-
hood.” Dair liom go bhfuil fíor-bhaint ag teangain
le “nationality” mar a feicfear ó aiste atá sgríobhtha
agam agus a cló-bhuailfear sa “Sguab” go luath,
leo chead-se, a Eagarthóir.



Mise, le meas, LEÓN Ó BROIN.



D'fhear Eagair an “Sguab.”



Dar liomsa — tá an ceart ag Leon Ó Broin agus
é ag cur síos a bharamhla ar “an Stát Gaedhealach.’
Bíodh go raibh a leithéid so ann i laetheanntaibh na
pagántachta fad ó — ní'l sé ann anois agus ní féidir
dul siar ghá aithbheochaint. Nuair a ghlac Éire an
Creideamh — ghlac sí an t-sibhialtacht a bhí 'sa' Róimh
le h-alt na h-uaire sin — agus chuaidh an t-sibhialtas
duthchais i n-éag (teagascthar mórán rudaí nuair a
theagascthar an Creideamh — mar sompla, tugtar eólas
ar shibhialtacht lucht sgaipthe an Chreidimh iml.) As
a h-aithle sin bhí Éire rann-pháirteach i sibhialtacht
Iarthair na h-Eóirpe agus ní'l 'sa chultúr Ghaedhealach
as sin amach acht aon bhláth amháin de bhláthannaibh na
sibhialtachta céadna.



Tá tréithe, réim beathadh agus feallsamhnacht, amhthách,
is dual do gach cinéal, agus ní féidir a nochtadh so
acht 'sa teanga do shaothruigh an cineal úd. Dá mba
h-é an togha rud an Stát Gaedhealach do bhunughadh arís
— ní féidir anois acht an tanáiste togha a dhéanamh .i.
an intinn Ghaedhealach atá i riocht bháis d'aithbheochaint
i dtreó go mbeidh snas na Gaedhilge ar smaointibh agus
ar ghníomharthaibh na ndaoine agus go mbéidh an aigne
náisiúnta ag siubhal go céimseach ar shlighidh a leasa.



Baoth-chaint do b'eadh é a rádh nach bhfuil a léithéid
so de lúith-chleas le cleachtadh acht ag a leithéid so de
chinéal — gur cheart gan snámh a bheith ag aoinneach acht
ag Punncán, chuir i gcás, gan lannaireacht ag aoinneach
acht ag Fhranncach, gan marcuigheacht acht ag Rúiseach,
&ml. Tá na lúith-chleasa idir-náisiúnta; Ní'l cosc
nó Cabhair le náisiúntacht, ag baint leó. Is minic,
ámhthác, a bhíos droch-chuideachta gha gcleachtadh.



Cleachtfar na cluichí Gallda i n-Éirinn; ní mór
iad a Ghaedhlughadh. Má cleachtann Gaedhilgeóirí caon-
dúthrachtacha iad is gearr go mbeidh caoi aca ar shoiscéal
na teangan a leathnughadh agus fá dheodh béidh smacht
aca ar na Cumannaibh.



Muna ndéantar amhlaidh leanfaidh lucht adhartha Sheáin
Bhuidhe de adhradh an dé bhréige. Bímís leathan-
aigeanta agus admhuighimís dúinn féin ar a laighead
go bhfuil an uile saghas lúith-chleasa ag teastáil uainn
chum an aois óig do neartughadh agus do smachtughadh.
Má shaothruighthear an teanga ní baoghal do'n intinn
Ghaedhealaigh.



Nach mbéadh sé i bhfad níos fearr féachaint chuige
nach gcailltear caoi oireamhnach chum gach nidh is féidir
ar son na Gaedhilge a dhéanamh agus gan a bheith ag
foluamhain anonn agus anall ag caitheamh nirt agus
aimsire ag déanamh iarracht ar chuspóir do-shroiste
gan tairbhe. Deirtear go bhfuil an Rialtas ar tí
Breitheamhan úr (ochtar, is dóigh) i gcóir na n-Árd-
Chúirteanna dlighe d'ainmniughadh láithreach ball. Tá
mórán post eile le líonadh (Cléirigh Síothchána &ml.).


L. 119


D'éagmhais cúpla d'ár sean-cáirdibh ní raibh ariamh 'sa
dlighe Ghallda i n-Éirinn (idir Breitheamh, abhcóid,
cléireach & túrnae, le n-a n-ailleagánacht, a mbaoith-
tiodalaibh agus a ráiméis) acht tobar bréan Galldachais.
Tá caoi ann anois ar sprid na sean-dlighthe duthchais
d'aithbheochaint sna Cúirteannaibh acht an Ghaedhealg
a bheith ag gach aon Oifigeach Cúirte. Tá na laetheannta
sin thart 'na mealltaoi an duine chum rud a dhéanamh
ar mhaithe leis féin gus ar mhaithe leis an Náisiún.
Is mithid anois an teanga a sháthadh agus a shungcáil
síos i gcraos lucht ghlóir-mhianaigh an dlighe.



Is gearr go gcuirfear scéim um Sláinte Phuiblidhe
i bhfeidhm ag an Rialtas. Ná bíodh dochtúir rann-
pháirteach 'sa scéim so nach bhfuil an Ghaedhealg aige.
Tá mórán dochtúirí i n-Éirinn indiu nach gcuireann
suim ar bith 'sa teanga duthchais — acht má tá sí so
riachtanach i gcóir puist puiblidhe is iomdha an fear
a chromfas (idir dochtúirí agus daoine nach iad) ar a
foghluim agus tiocfaidh an intinn Ghaedhealach chuige sin
diaidh ar ndiadh. Ní bhéidh an Ghaedhealg fá réim go deó
nó go ndéantar amhlaidh; annsin ba chuma ciaca ag
cleachtadh cluiche iasachta nó a mhalairt a bhéifear 'sa
tír. TOMÁS MAC CIONASTA.



AISTRIÚ.



Do Fhear Eagair “An Sguab.”



A Chara,



Tá an litir seo roinnt deunach ach bhíos breoite le
mí agus dob éigin dom an rud seo a chur siar go dtí
anois.



Ar dtús tá sé orm mo bhuidheachus a gabhailt leat
agus le Taidhg Gaedhealach mar gheall ar an aistriú a
dhein seisean ar an liosta focal Beurla a chuireas
chughat agus a chuir tusa i gcló sa “Scuab.”



Is beag é an spás atá agat le sparáil it pháipeur,
a fir eagair, ach d'á luighead é iarraim ort piosa beag
dé chun freagairt a thabhairt ar Thaidhg Gaedhealach i
dtaobh a ndubhairt sé fe'm liosta fochal Beurla i
“Scuab” an Eanair. Tá a lán de'n fhírinne sa mhéid
a scríobh sé ach ar an dtaobh eile, tá sé beagán ró-
chruaidh ar an bhfoghluimtheoir. Deireann sé nar
misde dhúinn scáth agus eagla bheith orrainn i dtaobh
aithbheochain agus leathadh na Gaedhilge.



Deireann sé gur i ndul agus i sníomhadh na cainte
atá an contabhairt. Is fíor dó, ach cé hiad atá
cionntach leis an méid imtheachta Beurla atá san
nGaedhilg fá láthair? An íad na foghluimtheóirí?
Ní h-eadh, mar bionn na faghluimtheóirí ag braith ar
na cainnteoirí duthchais is ar na leabhraibh chun na
Gaedhilge d'fhoghluim. Is iad na cainnteoirí duthchais
is na scríobhnóirí atá cionntach le dul an Bheurla ar
Ghaedhilg an lae indiu. Agus ní indiú nó inde a tháinig
an dul so isteach sa teanga; do léigheas sceul,
“an Giobalachán” cúpla blian ó shoin; cuireadh an
sceul i gcló deich mblianta ó shoin agus is cuimhin liom
fós an rádh seo: “D'iompóchadh na buachaillí amach,”
ar an gceud leathanach ach ní hé seo ach é siúd. Do
réir mar a thuigim ó alt Thaidhg Ghaedhealaigh, ní maith
leis na focail is na h-abairthí úd ná raibh an focal
comh-bhrigh agam-sa i nGaedhilg ortha (agus tá cuid
acu ná fuil focal Gaedhilge agam fos ortha!) Cad
é an fáth go bhfuil fearg air? Deireann se: “Mara
bhfuil na scolairí as na h-údair Gaedhilge sásta ar
dul siar go dtí an mbun slan (an Gaedhealtacht) agus
'an Ghaedhilg a shaothrú …”



Sin é díreach atá uaim, ach ós nach féidir liom dul
go dtí an mbun san, feuchaim chun na cainnteoirí
duthchais atá i mBaile Átha Cliath chun sniomhadh agus
dul na Gaedhilge do shaothrú. Tá clí-mhagadh ar Thaidhg
Ghaedhealach dos na foclaibh as na ráidhte a chuireas
chun an fhir eagair, ach ní fheicim aon chúis dó, an clí-
mhagadh san. Aistriú an t-aon slighe amháin d'fhoghluim-
theoir chun teangan na hÉireann a thabhairt fé smacht
ag a theanga. Nach bhfuil aistriú éigin ar gach focal
agus ar gach rádh dhíobh riachtanach dom i dtreó go
mbéinn ábalta ar an nGaedhilg a labhairt? Deireann
Tadhg Gaedhealach a lán i dtaobh an fhoghluimtheora agus
an scrios atá dhá dheunamh aige ar an dteangain agus
nuair a chuirtear ceist air i dtaobh aistrighthe an fhocail
so nó an ráidh súd tagann fearg air agus screadann
sé go bhfuiltear ag lot na teangan! Ach is cuma
cad a deireann na cainnteoirí duthchais, tá gach focal
agus gach rádh a bhí sa liosta agam riachtanach do fhás
agus do bhrigh na Gaedhilge.



Is mise,



Le meas mór,



20.1.'24. LIAM Ó TRAIGHTHIGH.



LÉIRMHEAS.



“MION-MHÍNIÚ AR AN dTEAGASG CRIOSTUIDHE.”



Aistriú ar an Leabhar Beurla, Manual of Religious
Instruction, do scríobh An tAth. Pádraig Paor.



An t-Athair Ó Cúrnáin do chuir i nGaedhilg le cead
ón úghdar.



Cúrsaí creidimh is eadh is mó atá i ndiaidh deireadh
maidir le leabhartha Gaedhilge a bheith dá bhfoillsiughadh
le scaitheamh aimsire. Is beag den obair seo
deineadh ó fuair an tAthair Peadar bás (go ndéine
Dia grásta a's trócaire ar a anam agus ar anmainn
gach n-aon). Mar sin cuireann sé áthas agus lúthgháir
orainn an leabhar so an Athair Ó Cúrnáin d'fheicsint.



Tá céud agus seascadh leathnach de mhion-chló
Gaedhilge 'sa leabhar ar chúrsaí mhínighthe an Teagasg
Críostuidhe — Gaedhealg mhaith bhríoghmhar d'réir córa
agus cirt nach gábhadh a cháineadh ná a lochtughadh. Is
mór an rud an méid sin a bheith le rádh i dtaoibh
leabhair aistrighthe ón mBeurla. Tá caint agus focail
fé leith ag baint le scrúdughadh creidimh díreach mar
a bheadh ag baint le haon ealadhain eile agus im'
thuairm-se tá an chaint agus na focail seo soláthraighthe,
saorthuighthe go cruinn agus go héifeachtamhail ag an
Athair Ó Cúrnáin. Sin buaidh nár mhór a bheith ag fear
teagasca creidimh in aon teanga chum go mbeurfadh a
chuid cainte greidhim ar chrathacha agus ar aigne na
ndaoine. Is cuimhin linn go maith dá fhichead agus as
sin anuas go dtí deich mbliadna fichead ó shoin sean-
shagart paróisde ag tabhairt seanmóin uaidh agus ag
míniughadh an tSoiscéil don phobul gach aon Domhnach
agus an cumha, agus an druaighbhéil, agus na srutha
deor a tharraingeadh sé ón a gcroidhthe amach agus ón
a súile anuas le buaidh focal agus cainte agus le
díograis croidhe.



Cuirimíd fáilte roimh an leabhar agus molaimíd an
tAthair Ó Cúrnáin.



Tá focal molta leis ag dul do “Mhuintir
Maunsel agus Roberts, Teo.,” ar a dheiseacht agus
a sholéireacht agus a chirteacht atá sa chló.



1s. 6d. atá ar an leabhar.



FEAR FEASA.


L. 120


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON t-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
ltd



Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath,
agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services