Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir 11. Lughnasa 1923

Title
Uimhir 11. Lughnasa 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Uimhir II. LUGHNASA 1923 3p. SA MHÍ



RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath.



I dTÚIS AN GHALAIR IS FUIRISDE É LEIGHEAS 207



DHÁ AMHRÁIN … DONN PIATT 208



IOLSCOIL NA MUMHAN (ÁR SCEULAIDHE III.) … PÁDRAIG Ó CADHLA 209



SEOSÁN MAC SEACA, DUINE UASAL … SEOIRSE MAC CLÚIN 211



AN T-AON A H-ART … NIOCLÁS TÓIBÍN 214



NAOMH PÁDRAIG I gCARSONIA … CLOCH LABHRAIS 215



IODHBAIRT SHEÁIN A GHRÁDH … SEÁN ÓG Ó h-AONGHUSA 217



FOGHAIR NA GAEDHILGE VIII. … PÁDRAIG Ó CADHLA 219



“AN DOCHARTACH” … CÚ CHULAINN 220



LÉIRMHEASA 221



LEITREACHA 223



AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE.



Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá
ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do
labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa.



Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54.



CUALLACHT DÚNA EIMER
TEOR,
Sráid Hardbhic, i mBaile Átha Cliath.



ÉADAIGHE EAGLAISE, ILGHRÉASACH
AGUS ÓIRGHRÉASACH.



CULAITHE BAN ÉIREANN



CAIRPÉIDÍ LÁIMH-FHIGHTHE.



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



na polasaithe is iomláine le
fagháil.


L. 206


TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



Tae ón t-Sín — 2/8, 3/— agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.,
Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.



THE MONUMENT CREAMERY



AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR.



Deunta d'uachtar glán, úr, pasturáltha: Milis, blasta,
is úr i gcomhnuidhe.



Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
gach aon lá.



SRÁID PHÁRNEILL, 75, & PORT CAOIMHGHIN
ÍOCH., 25, BAILE ÁTHA CLIATH.



WEST & SON
SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,
102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



An cnuasacht is mó i n-Éirinn;
Fáinní pósta & Fáinní geallamhana;
bronntanasaí airgid; córacha
tae & caifí; &rl.



Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.



DIXON & HEMPENSTALL



Fir Deunta Speuclairi



SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA



Támuíd tréis na cóireacha is deidheannaighe
ceapadh chun gloiní (lensaí) chur i dtreo d'fhághail.



Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl



Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chugat é an lá ceudna.



SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.



GACH RUD ATÁ ACRACH D'OIFIG.



Tar go bhfeice tú an teasbántas díobh atá againn.



TYPEWRITERS



(Coracha Cló-Sgríobhadh).



“HAMMOND” (Gaedhealg agus Beurla ar an
maisín ceudna).



“ROYAL” (Leitreacha Gaedhealacha air).



Gach cóir chun mamraim agus cáipéisí oifige a
choimeád in eagar agus in órdú.



Duplicators — Rotary & “Rolo” -flat 55/ — agus 75/ —
(iomlán).



CONAN, MAULE & CO., 7 Crow St., Ath Cliath.



Guthán: 3319.



BANNDAÍ GLUAISTEÁIN



AJAX TYRES



Gheibhtear go díreach ó Shasana Nuadh iad
gan aon bhaint le Sean-Shasana.



Banndaí thar barr iseadh iad.



Mara bhfuil siad ag gach aon siopa
gluaisteáin ar fúd na hÉireann ba
cheart go mbéidís.



Seo an t-aon dream amháin de lucht
díolta bannda san iomlán a chuireann
suim i gcúrsaí na Gaedhilge.



Oifhig — Cae Eden, 7, Baile Átha Cliath


L. 207


I DTÚIS AN GHALAIR IS FUIRISDE É LEIGHEAS



Ba cheart ná beadh aon dabht in aigne
aoinne cad é amhrán nó Anthem náisiúnta
na h-Éireann. Go dtí 1916 dhearfaidhe
gurb é “A Nation Once Again” a bhí
againn agus ó 1916 anuas ba é “The
Soldiers' Song” a chuir ag preabadh 'nár
seasamh sinn agus ár hataí 'nár lamha againn.
Bhíomar i bPáirc Faithche Stiopháin an lá fé
dheire agus beannd an D.M.P. ag seinnt
ceóil mar is gnáthach, agus ba ghreannmhar
linn a bheith ag éisteacht leó ag imirt an
“Soldiers' Song” agus iad san áit a
thógadh mar cuimhne ar Jubilee bainrioghna
Shean-Shasana. Is maith an coiscéim chun
cinn an méid sin. Ach san am cheudna ní
ceart go dtairraingeóimíst aon phort
chugainn mar phort náisiúnta gan an cheist
do chur trí chéile go cúramach roimhré. Gan
dabht tá rud éigin le rádh i bhfábhar an
“Soldiers' Song” toisg gurb é sin an
port a bhí againn an fhaid as a bhíomar ag
baint amach an méid saoirse atá againn ach
sin a bhfuil ann. Ní port fíor-Ghaedhealach
é agus ní port é a bhfuil aon ceól aoibhinn
as an gcoitchiantacht ag baint leis. Cuimhnig
ná fuil aon náisiún ar dhruim an domhain a
bhfuil ceól níos breaghdha níos ársa níos fíor-
náisiúnta aige ná mar atá againn. Is
gránndha an port agus is suarach na focail
atá ag gabhailt le Anthem náisiúnta na
Sasanaig ach níl aon rud níos seasamhaighe
ná sean nós agus dá mbeadh sean-chéol
oireamnach féin ag na Sasanaigh níorbh fhéidir
leo glacadh le ceann eile in áit an rud atá
aca anois. Ná bhimís sa chás cheudna. Tá
eolas ag gach aoinne in Éirinn ar phort
Doire (an ceann adeirtear na focail
suaracha Sasanacha “Danny Boy” leis —
agus gach aon Éireannach adeireann iad
tugann sé masla do sheanceól na h-Éireann)
agus “Cailín deas crúidhte na mbó” agus
ní fuiris neachtar aca san do shárú mar
ceól, ná aon phort d'fhághailt a chuirfeadh
fuil Éireannaigh ag corruidhe mar a dheun-
fhaidís. Má dheirtear go bhfuilid ró righin
agus ro brónach tá an “Wearing of the
Green” agus an “tSean-Bhean Bhocht” ann
má theastuigheann ceann uainn a bhfuil baint
aige le Stáir na h-Éireann. Theasbáinfheadh
sin go raibh an cuspóir ceudna againn i
gcomhnuidhe .i. ár saoirse do bhuachaint ó
Shean Shasana. Is tabhachtaighe an port ná
na focail pé sgeul é ach pe aca é a toghfar
mar amhrán náisiúnta ba chóir go mbeadh
focail Gaedhilge oireamnacha ag baint leis
agus go múinfidhe na focail san do gach
aon pháiste i ngach aon sgoil ar fúd na tíre.



Dála an sgeul, tá daoine ann gurb mhaith
leó dá mbeadh brat eile againn seachas an
óir, an bán agus an uaithne, ach níl aon leigheas
aca air anois: táse ro dhéidheanach aon athrú
do deunamh air sin. Tá se againn mar
bhrat náisiúnta anois agus bímís dílis dó.



Ní páipeur poilitidheachta “An Sguab,” ach
caithfimíd glacadh le rudaí mar atáid, agus
ba leamh an sgeul uainn-ne é dá seachaineó-
maist na ceisteanna is tábhachtaighe toisg
saghas baint a bheith aca le poilitidheacht. Ní
ceart d'aoinne gan feuchaint isteach idir an
dá shúil ar an saoghal go dána, neamhspleádhach.
Cad atá aireacht “gnóthaí coigcriche” ag
deunamh, cur i gcás? Tá Connchubhair Ó
Briain ag deunamh taisdil mór timpeall na
cruinne 'na bháidín féin agus gan de chead
aige brat na n-Éireann a bheith ináirde aige.
Ná deirtear ná beadh cumhacht ag luingeas an
t-Saor-Stáit brat na h-Éireann a bheith á
theasbáint aca mar bhrat naisiúnta. Tá
ach go socróch an Rialtas an sgeul dréir na
cumhachta atá aca fe'n gconnradh. Is eagal
linn go bhfuil Aireacht “Gnóthaí Coigcriche”
ar an aireacht is laige agus is leisgeamhla,
dá bhfuil ann. Feuch ar cheist ár gConsuls
i dtíortha eile cuir i gcás. Ní bfuigh-
feadh aoinne a rádh go bhfuil sé sin ar fheabhas:
má thá Éireannach ag dul thar lear caithfidh sé
passport Shean-Shasana a bheith aige fós —
deirtear go mbeidh passports fé leith againn
go luath ach ba cheart go mbéidís fadó agus
níl aon fhonn ar mhuintir Shean-Shasana, dréir
deallramh, an obair seo do deunamh dúinn
a thuille. Aireacht “gnóthaí coigcriche” is
cionntach ar fad ar fad.



Ní bhímíd ag tabhairt fén Rialtas ós rud
é gur Rialtas an t-Saor Stáit é. Tá's ag
ár lucht léighte go molamuíd iad dréir an
t-slighe a samhluigheann sé dúinn go bhfuilid


L. 208


ag obair ar son náisiúntachta agus Gaedheal-
achais na tíre. Ba mhaith linn dá mbeadh ár
n-airgead féin againn in Éirinn mar
chomhartha náisiúntachta agus neamhspleadhachais
ach tuigimíd go maith gur ceist cruaidh trí
na chéile í sin nach féidir í shocrú gan
cuimhneamh ar gnó agus tráchtáil na tíre agus
ar gach aon taobh dí. Táthar ag díbirt
comhartaí an namhaid in áit a chéile, agus sé
bille — “um Scrúdóracht Scannán” an rud
is déidheannaighe a righneadh chun na comharthaí
san do chur ar neamh-nidh. Is gairid ná
beidh T. P. O'Connor ós ár gcomhair amach
gach aon lá ag na pictiúirí. Tá ceist
patents agus ceist Copyrights idir lámhaibh
leis. In áit a chéile deuntar na caisleáin.



Táimíd ag tnútán le bille an Oideachais
ach is ar éigint a bheidh sé á thabhairt isteach
go dtí go mbeidh an Dáil nuadh ann, tréis
an Toghaidh Mhóir. Tá Aireacht an Oideachais
ag deunamh a chion féin chun an tír do
Ghaedhealú ach níl an oiread san muinighin
againn as Aire an Oideachais as ba mhaith
linn — ná dubhairt sé an lá eile i Luimneach
go mbeadh an Ghaedhealg le fághailt ag
muintir na h-Éireann, má thá sí ag teastáil
uatha. Bfhearr linn abairt níos láidre ná
san agus eolas againn conus mar atá an
dream neamh-Ghaedhealach ag éirighe na coinne.
Déineann siad sin beagán dí toisg gan í
a bheith aca agus ós rud é go bhfuilíd ro
leamh ionnta féin i d'fhoghluim.



'Sé ár dtuairm gur cheart liosta desna
múinteoirí sgoile a bhí dílis don Ghaedhilg
le dathad bliadhain agus do dhein obair don
Ghaedhilg fe'r chuireadh Connrad na Gaedhilge
féin ar bun agus a theasbáin an dílseacht
cheart don Ghaedhilg ar feadh na h-aimsire
sin — liosta díobh a bheith againn agus aoinne
aca atá beo ba cheart go bhfuighfidhe úsáid
do dheunamh díobh féin agus dá gcuid Gaedhilge
agus cúiteamh éigint do dheunamh leó ar an
obair fíor-tairbheach fíor-náisiúntac a
dhineadar.



Do theasbáineamar an nóta so shuas do
dhuine mhuinteardha dúinn agus 'sé an rud
adubhairt sé ach “Cad mar gheall ar na
sagairt a theasbáin an dílseacht cheudna i
rioth na h-aimsire ceudna?” Aontuighmíd
leis, ach ní hé an Rialtas atá ag stiúrú ná
ag díol na sagairt agus mar sin ní mar a
chéile an dá cheist.



DÁ AMHRÁN.



I.



Tá duilleóga ag tuitim
Ó ghéagaibh na gcrann,
'S go síorraidhe ag rinnce
Go sroichid an abha,
A ghluaiseann le fánaidh
Go luath is go dána,
Go buan is go láidir,
Go tráigh gheal na dtonn.



Tá fuar-bhrat na sneachdadh
Ar mhullach Chip Iubhair.
Tá gaoth glórach garbh.
Ag séideadh le huabhair
Níl foscadh fé chrannaibh
Nó'r sleasaibh an ghleanna.
Go dtiocfaidh an t-Earrach
Go geal is go húr!



II.



Tá scamaill go dubhach
Ar stuadh na spéire.
An ghealach fé smúit
'S ní buan na réalta,
Fóirneart na stoirm —
Glór garbh srotha —
Brónach an torann
'Measg mullach is sléibhte.



Feadghail bog íseal
Na gaoithe i gcrannaibh.
Na huain go síothmhar
Ar thaoíbh an ghleanna.
Sruth Dothra go ciúin,
An spéir gheal gan smúit,
'S gach éinne gan bhuaidhirt
Le suaimhneas Earraig.



DONN PIATT.



GAEDHEALG DO LEANBHAÍ.



Scoil na Gaedhilge i gCromóg an áit chum
Gaedhealg do múineadh do leanbhaí.



Ní labhartar ag an scoil acht Gaedhealg
ó maidin go h-oidhche. Bionn an Ghaedhealg
go blasta ag na leanbhaí taréis leath-
bhliadna. Osclóchaidh an téarma an 3adh lá
de Meadhon Fhoghmhair, 1923.



Gheobhfar gac faisnéis ón Uachtarán.
Scoil Pádraig Naomhtha,
Cromóg,
Cloch Múna, Fearna.


L. 209


IOLSGOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH



AN SEANCHUIDHE III.



Ceachtanna Mhicil na ceachtanna is luach-
mhara agus is tairbhighe a bhíonn againn in
Iolscoil na Mumhan gach aon tsamhradh.
Suidheann sé síos annsin ag gach aon bhuidhin
ag caint agus ag seanchus leis na micléighinn.
Scríobhann an t-Ollamh an chaint ar an gclár
dubh d'réir leitridh an fhoclóra agus teas-
báinann sé béinn agus bualadh na cainte
mar a labhartar í. Tá orra go léir aithris
a dheunamh ar Mhicil — eudtromacht na cainte
in áiteanna agus a truimeacht agus a
láidreacht in áiteanna eile; an foghar agus
an blas; an ceol agus an t-imtheacht; an
áit den chaint a mbíonn an laigeacht béime
agus 'n a leigtear ar lár cuid den bhfocal
nó béidir focal ar fad; agus mar sin de.
Tá an chaint cheart, bhog nádúrtha aige gan
milleadh gan múchadh le Beurlachas — í annsin
aige gan gothaí gan geáitsí acht í ag teacht
in a tuille as a bheul amach. Is mar a chéile
leis an duine is uaisle leis an duine is
ísle. Nár mhór an ní dhúinn go léir dá
bhfuighmís na geáitsí agus 'na gothaí seo go
léir a chaitheamh uainn agus bualadh imeasc
na ndaoine go breágh maordha, nádúrtha dhúinn
féin agus gan a bheith d'iarraidh a chur 'n-a
luighe ar dhaoine gur uaisle sinn ná cách —
cadé chúis a labharfadh do leithéid-se a thógadh
le bainne gabhar le m' leithéid-se a thógadh
le bainne bó. Tá na gothaí seo ag deunamh
an tsaoghail ró-chruaidh do gach aoinne agus
bheadh sé ceart againn briseadh leo. Sé an
galldachas a tharraing orainn é agus caith-
fimíd seachaint ná tábhairfaimís linn isteach
'sa nGaedhilg anois é.



Seadh, mar adubhairt mé cheana, ní fhuil
léigheamh ná scríobhadh ag Micil; ní raibh sé
ag bodhradh a chinn riamh le healadhain na
gramadaighe ná le healadhain na bhfoghar acht
is aige atá siad — idir gramadach agus
foghar — chomh glan, chomh maith le haon fhear a
mheil mín agus garbh riamh. Tá rioth agus
bualadh na cainte aige; tá na foghair go
soiléir agus go glan aige; thá an t-urtacht
aige agus tagann an chaint ón a bheul amach
mar a thagann an fíor uisce ó eudan an
tsléibhe — uaireannta riothann sí 'n-a tuilltí
chuige le fothramh an mhaidhm-shléibhe acht an
chaint i gcomhnuidhe ar a glaineacht in gach
aon slighe.



Tá cló ag an bhFear Mór ar dhosaoin do
sceulta Mhicil anois, scríobhtha fé leitridh
an fhoclóra, an gramadach díreach mar a
tháinig sé as a bheul amach. Nach iongantach
mar a choimeád Micil agus a leithéid cirteacht
na cainte agus iad féin agus an seacht
sinsir d'imthigh rompa gan léigheamh ná
scríobhadh 'sa nGaedhilg. Ní raibh aon droch-
Ghaedhealg ná mi-chirteacht gramadaighe 'sa
nGaedhilg dtí anois. 'Siad na daoine a
raibh an Beurla aca agus tabhairt suas an
Bheurla orra atá chum i mhilleadh anois d'
iarraidh í thabhairt comhthrom le n-a gcuid beurla.



Nach mór an truaigh gan leithéid Mhicil a
bheith ag baint le gach aon Choláiste Gaedhealach.
Ba cheart 'sa cheud dul síos an Coláiste
Gaedhealach a bheith istigh i gceart lár na
Gaedhealtachta agus cainteoir den áit, mar
Mhicil, a bheith ag an Ollamh chum an chaint
cheart nádúrtha a theasbáint.



Atá an-chuid grinn ag baint le Micil 'n-a
shlighe féin. Tháinig sagart uair go dtí an
Rinn ar lorg na Gaedhilge agus ní raibh sé
sásta gan an blas ceart agus na foghair
chearta d'fhagháil ó Mhicil. Thug sé leis amach
ag siubhal é tráthnóna agus nuair a bhíodar
amach ag bóthar d'iarr an sagart air focal
cainte a rádh. D'fheuch Micil amach 'sa chuan
agus chonnaic sé bád iascaireachta — “Tá
bád amuigh 'sa chuan,” ar sé sin, “a's
ceathrar fear innte.”



“Cá bhfuil do theanga anois? a Mhicil,”
arsan sagart.



“Mo theanga,” arsa Micil, “cá mbeadh
mo theanga, a Athair, acht istigh i m' bheul.”



“Ó, seadh, a Mhicil,” arsan sagart, “acht
an thíos nó thuas atá sí.”



“Tá sí thíos agus thuas, thall agus abhus,
a Athair, acht ní bhfuighbhinn a dheunamh amach
duit ceart cá mbíonn sí aon am.”



B'ait le Micil an cheist acht shíl an sagart
gur cheart go mbeadh eolas ar ealadhain na
bhfoghar aige.



Bhí cócaire uair againn — Prúiseánach ar
fad ó Dantzig. Ní raibh focal Beurla aici
ná focal Gaedhilge, dar ndóigh. Tháinig sí
d'aon ghnó cum na Gaedhilge d'fhoghluim agus


L. 210


bhí sí sásta ar an gcócaireacht a dheunamh dhúinn.
Gearmáinis a bhí aici agus bhí an Ghearmáinis
ag an mbean-tighe a bhí againn. 'Se Micil
a bhíodh ag tabhairt isteach uisce agus guail
agus gach aon rud mar sin go dtí an chistin.
Bhíodh Micil ag caint léi sin agus í sin ag
caint leis agus gach aoinne aca agus a theanga
féin aige. Is gairid a bhí sí againn nuair
a léim an cat isteach 'sa bhfuinneoig tráth-
nóna agus cois coinín in a beul aici. Do
léim an cócaire ináirde 'sa chathaoir agus
as san go dtí an mbórd agus gach aon screuch
agus gach aon liúigh aici



“Gott bewahre uns vor …!!”
“Gott bewahre uns vor …!!”



tháinig Micil isteach an dorus agus chonnaic
sé an stiúigh a bhí uirre. “'Dén diabhal
athá ort?” “Fait sup?” adeireadh sé.
“'Dén ‘Cat buidhe Mháire Mhór” cad a
thabharfadh ‘Cat buidhe Mháire Mhór’ annso,
ná feiceann tú gur é sin ár gcaitín féin.”
Bhíomair ábalt ar suaimhneas éigin a chuir
innte pé sceul é acht sé rud a mhairbh Micil
acht cionnos a chuimhnigh sí ar “Chat buidhe
Mháire Mhór.”



D'fhoghluim an bhean san caint na Gaedhilge
in trí mhí. Thugas-sa ceachtanna speisialta
dí agus bhí me ábalt ar gach aon rud a chur
i dtuigsin dí trí theasbáint agus bagairt.



Bhuail an duine uasal Cluaid Ceabhasa
chugainn uair agus thóg sé Micil agus í féin
tráthnóna chum léigheamh agus foghar na
Gaedhilge a chur i dtuigsin dóibh. Bhíodar
cráidhte ciaphta ar feadh uair go leith an
chluig aige agus 'sa deireadh bhris ar an
fhoidne ag Micil agus ghlaoidh sé orm féin
— “ar son Dia, a Phadraig Uí Chadhla,” ar
sé sin, “tar annso agus fuascail orainn
nó ní fhágfaidh an fear so leus ionnainn.”
Níor eirigh le Ceabhasa an léigheamh a mhúineadh
dhó pé sceul é.



Casadh ar Mhicil an lá 'n-a dhiaidh sin é
suas an cnoc agus é ag tomáint asail. Is
beus le gach aoinne “Gú-an abhar dait”
a rádh nuair athá sé ag tomáint asail.
D'airigh Ceabhas é. “Cad fá nach n-abrann
tú Gaedhilge leis an asal?” ar sé sin.



“É-a,” arsaigh Micil.



“Cad fá nach n-abrann Gaedhilge leis an
asal?” arsaigh Ceabhasa arís.



“Ó, seadh, an t-asal!” arsaigh Micil,
“gú-ain abhar dait,” ar sé sin arís ag
tomáint leis. Níor thuig sé blas cainte
Ceabhasa.



Tá eagla mór orm ná tabharfaimíd linn
tréithe agus iomchur na fíor-Ghaedhealtachta.
Táimid ag saothrughadh agus ag leathnughadh
na teangan ar chuma éigint acht ní fhuiliúid
ag saothrughadh tréithe agus iomchur agus
beusa agus cultúr an sinsir Gaedheal d'imthigh
romhainn. Táimíd sásta ar thréithe agus
beusa a chuir na gaill orainn a choimeád agus
a shaothrughadh agus clúdach na Gaedhilge a
chaitheamh anuas orra sin. Ní fhuil an meas
ceart againn ar na daoine a fhan an
Ghaedhealg aca. Ní Gaedhalughadh dhúinn é
sin. Caithfimíd sár-iarracht a dheunamh ar
na tréithe fé leith a bhain leis na daoine
breaghtha Gaedhealacha a bhain linn a thabhairt
linn. “Gaedheal mise agus mise im'
Ghaedheal agus ní thuigim gur nár dam é.”
Gaedheal Micil leis agus ní thuigeann sé gur
nár dó é. Má theastuigheann uainn a bheith
Gaedhealach siar go smior caithfimíd dul ar
ár nglúine chum Mhicil agus chum a leithéid
(buidheachas le Dia go bhfuil siad fós againn)
agus gach tréithe atá ag baint leo a
shaothrughadh agus a bhailiughadh linn.



Bhí an Dochtúir De Henebre uair ag caint
ag feis thuas i dThiobraid Áran. Bhí sé
d'iarradh chur i dtuigsin do na daoine annsin
gach aon rud mar gheall ar an Cultúr
Gaedhealach — an ceol, na habhráin, an rinnce,
an caitheamh aimsire, an seanachuidheacht agus
gach rud mar sin. Caint bhreágh chiallmhar a
bhí aige acht bhraith sé gur beag an chluais a
bhíodh ag tabhairt do. Theastuigh uaidh croidhe
éigin a chur 'sa chomhthionól mar ná raibh
aoinne ag bualadh bos ná ag liúirigh dó.
Shiubhal sé treasna an árdáin cúpla bobhta
gan aon rud a rádh — “Gallant Tipperary!”
ar sé sin. Chuir gach aoinne cluais ar féin,
d'éirigh an liuigh, chaitheadh hata san aer agus
bhí gach aoinne ag screuchadh agus ag liuirigh
agus ag chaitheamh hata san aer ar feadh
chúig nómantaí. “Tá agam” ar sé sin,
in a aigne féin.



“Gallant Tipperary!” ar sé sin arís
agus d'éirig an liúigh agus an comhrádh-bó
arís. Agus nuair a bhí a gcluasa aige agus
gach aoinne ag faire ar cad eile bhí le rádh
aige — “Gallant Hypocrisy i mbaiste!” ar
sé sin. “Sibh-se ag maoidheamh as gair
éigin catha a thug bundúnaí éigin Sasnaigh do
amadáin do bhúr muintir a bhí ag cur a
ngiodáin amach ag troid dóibh ar pháirc an
bhuailte. Hutaidhí! a dhaoine gan meas
oraibh fein! Téidhidh síos go dtí iascairí


L. 211


bochta Bhaile na nGall i nDúthaigh Déiseach
agus foghluimighí caint agus ceal agus rinnce
na ndaoine sin agus déinidhí iad a chleachtadh
agus bídhí mar ba dhual as ba dhúchas díbh
a bheith ón bhúr sinsir. Foghluimighí na
habhráin chaoin chathach atá ag Micilín Shighle;
an rinnce croidheamhail, spleodarach atá ag
Learí Mháire; agus an seanchus breágh
Gaedhealach atá ag Micil Ó Muirgheasa agus
annsin ní miste dhíbh a bheith ag mhaoidheamh
as bhúr maitheas.”



(Crioch.)



PÁDRAIG Ó CADHLA.



GUAL! GUAL! GUAL!



Anois an t-am chun Ghuail a cheannach i gcóir an
ghéimridh. Béidh sé i bhfad níos costasaighe nuair a
thiocfas an aimsir chruaidh. Ceannuigidh ó Ghaedhealaibh
é. Tá an cineál is fearr le fághail



Ó MHUINNTHIR PLÉIMEANN,
9 SRÁID FREDERIC THUAIDH, ÁTH CLIATH.



Guthán 2723.



N.B. — Tá gluaistean (a iomcróchas ualach tonna) le
fághail uainn ar thuarastal.



LEABHRA MAITHE GAEDHILGE



AN BARRA: Leabhairín do Pháistí. Nioclás Tóibín
an scríbhneóir.



Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa
ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir.
Mar do dhein sé sa nGeamhar tá a dhícheall déanta ag
Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar
don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus
cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann.
Luach 6d. glan.



ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma.



Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh.



Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i
nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí
riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí
Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil
le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg
bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar
gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl
aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan.



BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le Seán Ó
Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd
ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle);
Tolstoí (The Long Exile); Lorimer Stoddard (The
Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar
aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó.
Luach 3s. 6d. glan.



Agus na Leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó
CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR.,
89 SRÁID AN TALBÓIDIGH I MBAILE ÁTHA CLIATH.



SEÓSÁN MAC SEACA,
DUINE-UASAL.



Ní raibh fhios agam ró-chruinn cad a chlog
a bhí sé. Bhíos im chola tréis an dínnéir
mar ba ghnáth liom ó tháinig aimsir bhrothalach
an tsamhraidh nuair a dúisigheadh me de
phreab. Cnag! cnag! thíos ar an ndoras
i slí a bhain mac-alla as an dtig, agus 'na
dhiaidh sin díreach siúd an clog teintrighe sa
tsiúl ar séirse thíos sa chistin. Chuala
sodar an choimeáduí tighe thíos sa halla agus
cainnt árd anamhóineach nuair oscluíodh an
doras. Cheapas gur duine éigint a bhí marbh.



B'in deire leis an gcola agam. Phreabas
amach ar an úrlár is bhíos am shocrú féinig
chun mo thoile — bhí am go leór an tráth san
chuige agam, fóiríor, mar ná raibh puínn
eile agam le déanamh — nuair a ghluais an
Barrach isteach go socair ciúin chúgham gan
deabha ná deifir air.



“Cás beag eile, a Shéamuis,” ar seisean
liom, “is muna miste leat neósfad duit
'na thaobh faid a bheidh an cárr ag teacht
amach.”



“Seadh; tá go maith,” ar seisean, nuair
a dubhras leis buala ar aghaidh is go mbéinn-
se go dian-aireach, “deinfead, mar deinean
an ínsint na poinntí a bhailiú chun cruinnis i
gcomhnuí, bíodh is ná fuil ana-chuid díobh ann
an trus seo. Ceathrú an chluig ó shoin nó
fiche nóimint, béidir, tháinig duine suas go
dtí 35 Radharc na Sléibhte, fear fuinte árd
deigh-éadaigh, is dubhairt sé leis an seir-
bhíseach go raibh sé tréis fear eile a d'fheiscint
ag teacht amach as an dtig, go raibh aghaidh
scannruithe air, go raibh peictiúir fé fráma
'na láimh, is chó luath is a shrois sé an casán
gur chuir sé go tréan sa rith an tsráid suas,
is gur mheas sé féinig tréis gearra-
mhachtnamh a dhéanamh ar an scéal gur deineadh
goid, is go mb' fhearra é sin a chur i n-úil
do mhúintir an tighe. D'iarr an cailín ar an
bhfear so fanacht sa tseómra feithimh go
gcuirfeadh sí fios ar a máistir. Duine
saibhir é sin gurab ainm dó Seóirse Mac
Cathail a thug ana-thamall thoir i n-India,
tráth, go bhfuil flúirse mhór airgid aige, is
a cheannuigh ana-chuid peictiúirí cáiliúla anso
is ansúd ar ceainteana. Nuair a tháinig
an máistir anuas bhí an stróinséar so thíos


L. 212


ag feitheamh leis. Dubhairt sé a scéal
ansan aríst is chuaidh fear an tighe ag
féachaint is ag cuardach tímpal. Nuair a
tháinig sé thar n-ais, is gan aon ní braithte
amú aige, ní raibh aoinne roimis ins an
seomra. Bhí cheithre cinn de pheictiúirí an
tseomra san imithe is na frámai fágtha
Phreab sé chun an doiris. Bhí gluaisteán ag
borra chun siúil ar an sráid is buachaill ag
teacht isteach le litir chuige.



“D'oscail sé an litir. Bhí an dubh fliuch
fós ar an gclúdach. Seo dhuit í:—



“‘A Dhuine Chóir, is a Chara,



“‘Deonuigh, le do thoil, a leigint dom
me héinig a leath-scéalú i dtaobh nár fhágas
slán agat mar a dheinfeadh duine uasal is
mar is gnáth liom héin a dhéanamh, is a miniú
gur thaithn ceithre cinn de dho pheictiúirí
liom i slí ná féadfainn gan iad a thógaint
le cur lem' bhailiú féinig. Tá's agat fé
seo, dar ndó, go bhfuighim ana-thaithneamh 'na
leithéidí sin: is mheasas go mb'fhearra iad
a chur san áit go bhfuighfí an pléisiúr ba chóir
asta.



“‘Deonuig aríst, a dhuine chóir, mo leath-
scéal a ghlaca is mo mhíniú. Tá súil agam
nár chuireas corrabhuais ar bith ort. Má
chuireas táim go mór 'na chathú.



“‘Táim ag súil nách fada go bhfeicfead
aríst thu. Buailfead thar n-ais sara fada
chun na seoda san atá sa mbosca daingean
agat a thabhairt liom, is bead go mór agat
fé chomaoin iad a bheith ullamh rómham.



“‘Go dtí san slán is fiche



“‘Mise agat, fé deifir,



“‘Do sheirbhíseach umhal,
“‘SEÓSÁN MAC SEACA.



“‘Do



“‘Sheóirse Mac Cathail.
“‘35 Radharc na Sléibhthe.”



“Sin agat an litir úntach san. Cuireadh
fios ar Bhraitheadóirí an Stáit díreach is
ansan seoladh teachtaire anso chúgham. Ní
chreidim go bhfuil a thuille le n-ínsint.”



“A thuille?” arsa mise. “Agus an
gcreidean tu é seo go léir?”



“Creidim, is gach uile fhocal de. Tá
sean-aithne agam ar Mac Seaca. Tá's
agam go maith cad is féidir leis a dhéanamh.”



“Agus an dóigh leat go bhfuil éinne ar
thalamh an domhain a shuidhfeadh síos is litir
den tsaghas san a scríobh i dtig éinne tréis
an tig céadna a robáil?”



“Is dóigh, is ní dóigh é ach deimhin. Is
minic cheana a dhein sé a leithéid, chuala:
is aithnighim an scríobh mar go bhfaca trus
amháin cheana é. An dtiocfaidh tu chun an
tighe?”



“An dtiocfad? Is me a dheinfidh, a
dhuine, is fáilte. Cathain?”



“An nóimint seo díreach.”



Agus do ghluaiseamair.



Bhí Braitheadóirí an Stáit ann romhainn.
Chun na fírinne a dh'ínsint níor fhéadas an
scéal a ghreamú. Cunathaobh go dtabharfadh
éinne mar sin focal don seirbhíseach?
Cunathaobh go gcuirfeadh sé fios ar fhear an
tighe? Is cunathaobh, ar deire, go suidhfeadh
sé síos, litir éachtach aisteach den tsaghas
san a scríobh, is í chur isteach chun an doiris
nuair a bhí sé ag bhoga chun bóthair? Bhíos i
bpúnc — is na Braitheadóirí Stáit, leis.
Bhíodar ansan ag obair — ag tómhas, is ag
féachaint, is ag scrúdú, — is fhios agam go
maith nár thuigeadar an scéal. Ní raibh san
de chuma ortha. Is cad é an tairbhe dhóibh
mar seo nó mar síud bheith ag tómhas is ag
scrúdú? Bhí an gníomh déanta is nárbh'
fhearra é dh'fhágaint mar sin?



Ní fhaca an Barrach ach ag tómhas na
bhfrámaí le n-a shúil is a fhiafruighe cén
saghas na peictiúirí a goideadh. Níor
theastuigh uaidh a thuille, mheasas.



Sa tslí abhaile dhúinn bhí mo chara ag cainnt
is ag gáirí is fonnmhar chun gach ní ach amháin
an rud a bhí ar aigne agam-sa. Níorbh féidir
liom an fhiosracht a smachtú a thuille.



“I dtaobh an cúrsa san ó chianaibh,” arsa
mise, “bhfuil aon rud nua fachta amach agat
ó shoin?”



“Tá,” ar seisean; is cheapas go raibh an
maga 'na ghlór, “an méid a theastuigh. B'in
tuairisc na bpeictiúirí sin. Thuigeas cheana
cá bhfuighfinn iad. Ní gá anois ach mo lámh
a bhuala ortha .i. ba cheart go ndeinfeadh uair
an chluig an méid sin.”



Ba ghearr 'na dhiaidh sin go raibh an gluais-
teán ag borra againn. Ghluaiseamair linn
go tapaidh ar feadh tamaill trí sna sráideana
móra is ansan isteach is amach is amach is
isteach trí sna cúl-shráideana i slí ná raibh
fhios agam sa deire cá rabhamair. Sa deire
thiar do stopamair.



“Uimhir 72 ar an dtaobh clé tímpal is
céad slat suas ansúd an tig is le Mac Seaca.
Tóg do rogha, fanacht anso i mbun an cháirr
nó tabhairt fén dtig im theannta.”


L. 213


'Na theannta a chuas.



Is anois, a léightheóir, tagaim go dtí páirt
den scéal nár chuala riamh a leithéid is muna
bhfuil gur scríobhas síos a chúntas an
tráthnóna san is gur cuimhin é go binn ní
bhéadh sé de mhisneach ionnam é bhreaca síos
anois.



Thánamair go dtí 72. Bhuail an Barrach ar
an ndoras is tháinig buachaill amach.



“Bhfuil do mháistir istig?” ars 'an
Barrach.



“Tá,” ars' an buachaill. “Cé déarfad?”



“Abair, ‘cara’,” ars' an Barrach. “Is
cuma é.”



D'fhill an buachaill thar n-ais ar an
bpoinnte á rá go ndubhairt a mháistir linn
gabháilt suas go dtí n-a sheómra féin, ná
raibh sé gabhtha.



Bhuaileamair suas, an buachaill beag ár
dtreórú. Isteach sa tseomra linn. Bhí
Mac Seaca le h-ais an chlabhair 'na sheasamh.



“Táim ana-mhór fé chomaoin agaibh is
onóir a dhaoine,” ar seisean linn go séimh
síodúil, “is teacht anso indiubh. Deanuighidh
suidhe, len bhúr dtoil. Tá cathaoireacha ansan
is fíon, is tobac, is bídhidh istigh libh féin.
Seadh, a Bharraigh, uair éigint eile led thoil,”
ar seisean, don glór síodúil ceanan céadna.



“Cuir uait an gunnán nó deinfear díobháil,
béidir. Féach anois, fan ansan mar a
dheinfeadh duine ciallmhar nó raghaidh tu síos
i lár an úrláir le h-oibriú an chnaipín seo,”
(Cnaipín a bhí sa bhfalla), “is cuimhnigh go
bhfuil gunnán eile ins an seomra. Anois
béidir go bhfuil deabha oraibh is ní bhead
bhúr gcoimeád. Na peictiúirí sin a thug
anso sibh? Bhuel, ní maith liom gan bheith go
deas libh — níor mhaith i n-aon chor, ach mar
sin héin ní féidir liom iad a thabhairt suas.
Táid ró-luachmhar, is rud eile, nílid agam.
N'fhaca riamh iad. Béidir go measan sibh
gur mise Seósán Mac Seaca agaibh, ach, a
dhaoine —.”



Bhí méar leis ar an gcnaipín, is lámh leis
fé n-a chluais. Bhí an Barrach ag bánú is ag
bánú, gur thug sé léim amháin treasna an
tseomra, gur ghreamuigh sé an cainnteóir
sa chúl. Tháinig cúl is plaosc is uile 'na
dhorn! Bhíodar bréagach, iad uile léir go léir!



“Há, a chladhaire,” ars' an Barrach,
mheasais —.”



“Níor mheasas aon ní, a dhuine,” ars' an
fear bocht. “Buail féinig do mhéar ar an
gcapnaipín.”



Bhuail, is níor dhein sé ach acu solus a lasa.



Thuit an Barrach bocht i laige, geall leis.
Bhí an misneach caillte aige.



Chuala féinig borra thios sa tsráid is
scréach! scréach!



“Hé, a Bharraig,” arsa mise ón
bhfuinneóig.



“Féach do ghluaisteán thíos is fear ag
scríobh litre ínnti.”



Nuair a bhí an doras thíos sroiste bhí an
gluaisteán fiche slán ó bhaile, is í ag
gluaiseacht go mear.



“Gabhaim párdún is míle agaibh, a Bharraigh,
ach níl leigheas sa tsaol agam air. Tá deabha
an domhain orainn, is féach —.”



Níor chuala a thuille cainnte. Bhí mearbhall
is measca aigne orm is bhí an cárr ró-fhada
uainn. Scaoileadh litir amach is dheineas-sa
í phioca aníos.



Dheineamair í oscailt is seo mar a léigh
sí:—



“‘A Bharraigh cóir,



“‘Párdún is míle toisc ná féadaim an
rud is cóir a dhéanamh. Leis an athrú atá
i ndán don saol, áfach, tiocfaidh liom an
gluaisteán so a chúiteamh leat go fial.
Iarraim ort i n-ainm na carthanachta atá
eadrainn gan fraoch ná fearg a leigint ort.
Agus má thugas féinig an seóla dhuit (72)
is gur iarras ort dul go dtí uimhir 35 go
mear tá's agam ná tógfair orm é anois.
Duit féinig, a Bharraigh, is dod chara mo
dheigh-mhéinn. Tá súil agam nách fada go
bhfeicfead sibh aríst.



“‘Slán agaibh is míle beanacht.



“‘Mise, fé dheabha,



“‘Do chara dhílis bhuan,



“‘SEÓSÁN MAC SEACA’.”



SEÓIRSE MAC CLÚIN.



ÁRACHAS



Polasaithe ar ghach
Conntabhairt le
fagháil.



CÁIN-IONCUIM



Cóirighthear Eilimh
Aisiocha, Reidhtighthe,
& rl.



ag



MAC DONNCHADHA & Ó BEÓLÁIN, TEÓ.



51 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH.



Guthán: 1106.



Sreangán: Arrange, Dublin.


L. 214


AN t-AON A h-ART



Lánamha a bhí 'na gcomhnuidhe i dtigín
tuaithe. Bhíodar i dtaobh le h-aon mhac
amháin agus is air a bhídís ag braith chum
maireachtain a dhéanamh. Bhí sé mar bhuachaill
aimsire i dtigh feirmeora a bhí tamall ó'n
tigín. Thagadh sé abhaile gach aon oidhche
chum an oidhche thabhairt i bhfochair a athar
agus a mháthar.



An oidhche seo bhí an triúr 'na suidhe ag
an teine nuair a bhuail an duine ag an dorus.
Chuaidh an tsean-bhean agus d' oscail sí an
dorus. Bean siubhail a bhí ann agus d' iarr
sí a bheith istigh ón síon. Thug bean an tighe
isteach í féachaint cad dob' fhearr a dhéanamh,



“Nach déanach duit a bheith ar lorg a bheith
istigh?” ars an fear léi.



“Is déanach,” ar sí, “acht is fada me
ag teacht an bóthar agus ní fheaca me acht
cúpla tig. Chuadhas chúcha agus ní bhfuaireas
uatha acht an diúlta.”



“Rabhais riamh roimhe seo annso?”



“Ní rabhas. Ní 'lim acht ag imtheacht
romham.”



“Is deacair duit sin féin a dhéanamh san
oidhche.”



“Is deacair, acht is taithighe liom é.”



Ba é deire a bhí ar an scéal acht go
dtugadar áit di chum í féin a shíneadh i
gcomhair na h-oidhche. Thaithnig sí an-mhór
le bean an tighe agus ar maidin lá ar na
bhárach nuair a bhí sí chum cur chum bóthair
dubhairt bean an tighe léi nár ghádh dhi aon
dithneas a bheith uirre dá mbadh mhaith léi
fuireach tamall. Dubhairt an bhean bhocht
nárbh' fhearr léi ar domhan mar gurbh' mhór
i bpráidhinn reaist á bhí sí ó shíor-shiubhal.



D'fhan sí seachtmhain agus nuair a bhí sí
ag imtheacht dubhairt sí leis an lánamha gur
mhaith léi rud éigin a thabhairt dóibh mar
chúiteamh ar a séimhialtacht léi.



“Ná fuil fhios againn,” ars an fear, “nach
acfuinn duit aon rud a thabhairt dúinn.”



“Bhoil, ní mórán gur acfuinn, acht seo,”
ars sí, ag tógaint rud éigin amach as a
brollach, “sin cárta agat, sin é an t-Aon
a h-Art agus cuir chughat é. Tá trí ghuidhe
ag gabháil leis sin. Má iarran tusa aon
trí ghuidhe agus an chárta sin id' sheilbh tá
siad le fagháil agat.”



Ghlac an fear an chárta, agus dhein sé gáire.



Dhein bean an tighe gáire leis. Ghabh an
bhean siubhail buidheachas leo agus bhagair
sí ar an bhfear arís a mhuinighin a chur san
Aon a h-Art.



“Go n-éirghe ádh leat,” ar sé, agus
annsin, ar sé, ag gáire, “ní bheadh aon
chur i gcoinne chúig chéad púnt againn anois
dá mbuailfeadh sé isteach an dorus chughainn.”



“Beidh fuireach agat leis,” ars' a bhean.



D'imthig an bhean siubhail.



Timcheall meadhon-lae tháinig an feirmeoir
a raibh an mac in aimsir aige dtí 'n dorus
agus dhein sé ar a aghaidh isteach. Dhein
bean an tighe iarracht ar fháilte chur roimhe,
acht b'fhuar léi an tslighe tháinigh sé isteach.
“Ní dócha,” ar sí, “gur aon droch-scéal a
bheadh agat.”



“Ní aon scéal ar foghnamh atá agam,”
ar sé, “bhain ciotrainn dod' gharsún ar
maidin agus ní'l sé ar fognamh. An
dtiocfá go dtí 'n tigh liom?”



D'imthigh sí leis. Ní raibh sí acht imthighthe
nuair a tháinig gluaisteán go dtí an tigín.
Tháinig duine uasal amach as. Bhí fear an
tighe ag obair sa ngáirdín agus tháinig sé
chuige. “Tá droch-scéal agam duit,” ars
an duine uasal leis, “bhíomair ag gabhail
de choinne an bhóthair thíos annsin cúpla
uair ó shin agus tháinig an cearr anuas sa
mullach ar ógánach; ní'l aon mhaith a bheith
ag caint ar cionnus a thuit sé amach ar aon
chor, mar tá an garsún marbh. Dubhradh
liom gur mac duit-se é. Ní'l dada agam
le déanamh mar leigheas ar an scéal, acht
féach, seo dhuit an seic seo agus is ró-bheag
liom é duit mar is fuar an mhalairt ar do
gharsúinín é.”



Seic le chúig chéad púnt ba eadh é. Ba
chuma leis an athair bocht 'dé mhéid é. Ar
aireachtain an nuadhachta sin do níor fhan
aithne ná éisteacht aige agus níorbh' labhairt
ba mhéinn leis. D'imthig an duine uasal
agus ba ghairid go raibh an mháthair tar n-ais
chum deimhin a súl d' innsint don athair.
Ba mhór ag an lánamha bhocht an mac sin agus
is tearc suadh ná saoi ná fós file a fhéadfadh
géire a mbuaidhrimh a chur i mbréathra.



Bhí coiste crónaera ar an mbuachaill.
Cuireadh é. Sin a raibh ann — scéal na naoi
lá a dhein don lánamha. Dhein sé breis aoise
a chur orra gan trácht ar an uaigneas a dhein
sé dóibh in-ear a saoghail. Cúpla mí 'na
dhiaidh sin agus an mháthair 'na codla chrom


L. 215


sí ag liúirig agus ag béice. Bhí a fear
d'iarraidh suaimhnis a chur innte acht ní
raibh aon mhaith do ann. Las sé an solas
agus ar an mbórd le n-a ais bhí an t-Aon
a h-Art. Rug sé air agus le neart an tre
n-a chéile a bhí air dubhairt sé ina aigne
féin — “mhuise, nár bhreágh dhúinn dá dtiocfadh
ár ngarsúinín thar n-ais chughainn.”



Bhí an oidhche chómh ciúin agus go n-aireochthá
an sruth ag rith le fánadh nó an clog ag bualadh
an leath-bhuille nó fós an croidhe ag bualadh.
Acht ní raibh an méid sin cainte acht as a
bhéal ag an bhfear nuair a thosnuig seordán
gaoithe. Tháinig cioth cloch-shneachta a bhí ag
baint cnagarnacha as an bhfuinneoig. Bhí mar a
bheadh gairbhéal á chaitheamh leis an dorus agus
annsin thosnuig an bualadh ar an dorus.



D'éirig an bhean. “Sid é,” ar sí, “mo
leanbh atá ag an dorus. Raghad agus os-
clochad do, is cuma liom beo nó marbh é.”



D'imthigh sí. Bhí an fear ar mearthal ceart.
Ní fheadar sé cad a bhí ag teacht ar an
saoghal. Acht i nóimeat na h-uaire chruinnigh
sé é féin. Chuimhnigh sé ar a mhac le dhá mí
curtha san uaigh agus é anois ag an dorus.
Tháinig gráin agus eagla i dteannta a chéile
air. D'fhéach sé ar an Aon a h-Art arís.
Díreach a bhí a láimh leagtha ag á bhean ar an
gclaibín chum an dorus d'oscailt nuair
adubhairt se — “Mhuise, b'fhearr liom ná ór
an tsaoghail go raghadh ár ngarsúinín thar
n-ais san uaigh arís.”



Ní raibh acht an focal as a bhéal nuair a
stad an gleithireán go léir. D'oscail an
bhean an dorus. D'fhéach sí amach. Bhí an
oidhche ar áilneacht. Dhún sí an dorus arís.
Tháinig sí thar n-ais. D'fhéach sí ar an
mbórd. Bhí loch bheag fola air mar ar leag
a fear uaidh an t-Aon a h-Art. Bhí na trí
ghuidhe iarrtha agus faighte.



NIOCLÁS TÓIBÍN.



DEUNANN



SCOTT & A CHOMH., TEÓ.



Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair,
&rl.



I MÓIN-ÁRD I GCO. CORCAIGHE.



OIFIG: Sráid Mhic Curtain ig Corcagh.



NAOMH PÁDRUIG I gCARSONIA



AN 12ADH LÁ.



An t-é ar mhaith leis machtnamh do dhéanamh
ar imtheachtaibh Naoimh Pádruig i n-Éirinn,
agus ar chúrsaidhe an tsaoghail sa tír ó
shiubhail sé fód ann, mo chómhairle dhó turas
do thabhairt go Sliabh Mhis i gConndae
Aontruim, agus ní lá Fhéile an Naoimh é,
acht lá Fhéile Ríogh Liam, an 12adh lá de Mhí
Iúil. Thugas-sa an turas i 1914, an bhliadhain
do bhris an cogadh mór amach agus is mithid
liom trácht air.



Lá brothallach as meadhoin ba eadh é, agus
an traen do thug amach as Bhealfeirsde mé,
bhí sí tar éis cúpla ualach de lucht greadtha
na ndrum do bhreith isteach cheana an mhaidin
sin, agus ná bí ag trácht ar theas, ná smúit,
ná múchadh nuair ná rabhais i m'fhochair ag
dul isteach innte! Agus cad é an díoghbháil
dá mbeadh slíghe innte, acht ní raibh. Is
amhlaidh nach mó an flosc bhíonn ar lucht Liaim
ag teacht isteach go dtí an chathair an lá
sin ná ar lucht Shéamais ag brúghadh amach.
Iad pulcaighthe ar a chéile ins na traeneachaibh.
Iad gan aon rud uaithne orra, ná cómhartha
d'aon tsaghas le n-a gcois do sgéithfeadh
orra. Iad go ciúin, cionntach, ag faire
chucha ar eagla a mbraithte, agus nár bhfhearr
leótha go gcuirfídhe chuca ná uatha go mbeidís
slán thar n-ais abhaile arís um thráthnóna.



Ar an gcuma sin do bhíodar ins an
gcairéiste ar chuadhas isteach ann, agus iad
cnuasta ar a chéile acht amháin óglach do bhí
i n-a sheasamh ag an bhfuinneóig. Ba é do
leig isteach mé, agus nuair bhíos istigh, is
dócha gur bhraith sé orm go raibh duine éigin
sa deire aige do labharfadh leis mar, ar
seisean, — agus d'aithneóchthá ar a chaint gur
as Bhaile Átha Cliath dhó:—



“P-f-i-ú-ú-ú-ú-ú —!” — ar seisean, i
mBéarla; “Tá sé seo te go leór do'n
Phápa féin, badh dhóigh liom”; agus d'fhéach
sé orm-sa.



Acht, dar ndóigh, do bhí a mhalairt de chéill
agam-sa seachas labhairt, ná fiú gáire, gan
a fhios agam cé leis, agus ní baoghal gur
labhair aoinne eile.



“Humf!” — arsa mo dhuine, agus d'iom-
puigh sé a dhrom linn, agus ní dubhairt a
thuille go rabhas ag fágaint ag an Innis
Glas. D'oscail sé an dorus dom agus nuair
ghaibh mé buidheachas leis —



“Tá fáilte rómhat” — ar seisean, — “acht


L. 216


cogar. Seachain agus ná bí ag caint leat
féin, eagla go mbeadh aoinne ag éisteacht”
— agus do bhí dran air do bhainfeadh gáire
as fhear druma féin. Do dheineas-sa gáire
ó bhíos amach as an dtraen úd, agus do
bhailigheas liom ar mo rothar.



Ní'l i Sliabh Mis acht cnocán suarach,
aonaránach, i lár réidhe riascaighe, agus is
beag má tá aon bhóthar ar fóghnamh ag dul
ann ná ag teacht as, acht mar sin féin, is
fiú an t-aistear an saothar, mar gur áluinn
thar na beartaibh an radharc atá le fághail
ó n-a mhullach. Gleann na Brághad idir é
agus an drom mór sléibhe cois fairrge
thoir, ní dócha go bhfuil a shárughadh le fághail
i n-Éirinn Iath-Glais ar dheiseacht a dhreach
agus a dhéanamh. É go saidhbhir, sódhsurach;
é go torthamhail, taithneamhach; é go
slachtmhar, saothruighthe; go n-a pháirceannaibh
iol-dhathacha cuirdeóireachta agus a thighthe
sásta, cluthmhara, agus bóithre geala agus
bóithríní cama ag imtheacht eatorra; caol-
dhoire annso agus annsúd ar shleasaibh cnuic
agus úrlár ghleanna, agus an ghrian ag a lasadh
go léir go soillseach, subháilceach. Lá d'á
mhalairt, is mise do dhéanfadh taithneamh de'n
radharc úd, acht an lá sin —!



Seadh; indé roimis sin, bhínn 'ghá rádh
liom féin go mbeinn ag cur tuairisce Naoimh
Pádruig ar na daoine ar mo shlighe go dtí
an sliabh féachaint ar fhan aon chuid d'á
sheanchas sa duthaigh. Mo léir! Ní raibh
na daoine ann chum an tuairisc do chur orra.
Gach mac máthar agus inghean athar díobh,
bhíodar imighthe i ndiaidh na ndrumanna.
Cúpla snáid-bhaile dár ghabhas tríotha, bhí na
sochraidí ceóil ar siubhal ionnta, acht níorbh
é mo dhearmhad aon cheist mar gheall ar
Naomh Páduig do chur ar aoinne da raibh sa
tsiubhal. Dá gcuirfinn, ní deirim ná go
mbeifidhe ag cur mo thuairisce féin sa
mbaile an oidhche sin. Agus mar sin,
bhaineas amach Sliabh Mis.



Le duadh agus trom-thurasdar do bhaineas
amach sa deire é. Dubhras cheana ná raibh
aon bhóthar ar fóghnamh ag dul go dtí é. Má
bhí, níor aimsigh mise é. Treasna leithre
mhongaighe tré sheisc agus gall-luachair agus
giollcaigh do dheineas an chuid dheireannach
de'n turas, agus le ciúineas agus uaigneas
an tsaoghail i m'thimcheall, le brothal an lae,
agus le tuirse an aisdir, is duthrachtach do
ghuidheas bun bóthair thar ais abhaile dom
féin as, mar Shliabh Mis, fé rabhas ináirde
ar a mhullach. I lár m'amhgair agus m'aingcise
thánag ar thobairín fíor-uisce ar chliathán an
chnuic agus do chuadas ar mo ghlúnaibh chum
deoch d'ibhe as. Má chuadhas, —; agus
mé ag lag-smaoineadh ar Phádruig ar a
ghlúnaibh, b'féidir, n-a mhogha ag an tobar
céadhna! — pé athrughadh do baineadh as an
ngaoith, do phléasc an torann mar bheadh sa
spéir ós mo chionn, agus an screaduíl
feadáin ar n-a meascadh tríd. Do preabas
i'm shuidhe agus i'm sheasamh. Bhítheas chugam!



Bhítheas agus ní rabhthas. D'féachas uaim
suas. Sean-fhear agus scata leanbhaí is eadh
do bhí ag teacht de dhruim an chnuic anoir,
agus drumanna beaga agus feadáin ag na
leanbhaibh. Do ghabhadar thorm síos agus
timcheall stolla cairrge thíos agus as mo
radharc. Ar eagla an sinnsear do bheith
'ghá leanmhaint, agus go mb'fhéidir go mba
mhisde mé é, do bhrostuigheas chum fiaradh
an chnuic do bhaint amach, agus pé rud a
bheadh le feiscint d'fheiscint, agus annsin
bheit ag cur díom abhaile.



Do bhaineas an fiaradh amach agus, — a
daoine m'Árann! Do thráchtas ar áilneacht
an ghleanna. Bhí an áilneacht ann, acht cad
é an mhaith sin? Cad é an mhaith é do shuile
ag déanamh taithnimh de rud agus do chluasa
bodhar ag an rud? Is fíor nárbh é an
gleann, ná fós na sléibhte thall, ná fós an
spéir thuas ná an talamh thíos ba chionntach
leis an torann uathbhásach agus an screaduíl
fían ceóil, acht bhí an torann agus an
screaduíl ann, agus gan dul uatha acht le
teicheadh. Ó Bhruach Sheáin thuaidh, agus ó
Bhaile an Chláir theas; ó'n mBaile Meádhonach
thiar, agus ó pé ainm é do bhí ar an mbaile
mbeag thoir, do bhí an t-aon stuirm amháin
ar siubhal; an gleann ag fiuchadh léithi;
an t-aer lán dí; mac-alla 'na gcnoc ag
cur léithi; fiú an ghrian féin 'ghá méadughadh
leis an mbrothall trom, tuirseamhail bhí aici
d'á bhruchtadh agus d'á scéitheadh anuas ar
an saoghal mí-ádhmharach do bhí gabhtha i
ngeibheann ag an anfadh fíochmhar. Chum
machtnamh do dhéanamh ar Naomh Pádruig do
b'eadh do chuaidh mé ann. Machtnamh ná
Naomh Pádruig adeirim leat! “An t-é
leis gur cumhang fágadh” — ars an ghráinneóg
fadó i bpoll an choinín. Dá fhairsinge an
duthaigh úd Sléibhe Mis, d'fhágas-sa.



Níor dhearmhadas an machtnamh mar sin
féin. An oidhche sin cois teine is eadh
dheineas é. “CLOCH LABHRAIS.”


L. 217


IODHBAIRT SHEÁIN A GHRÁDH



“I mbraighdeanas! Sáidhte isteach i
gcillín bheag chúmhang i ndubh-chareair mhóir
dhaingean gan súil le fuasgailt go ceann
deich mblian! Am' dhíbearthaigh dhealbh ar
oileáinín uaigneach fhiadhain i mbeul na fairrge
móire. An amhlaidh a chaithfead bláth geal
m'óige do chaitheamh go mí-thoileach mí-thiarbheach
san áit uathbhásaigh seo? An amhlaidh a
chaithfead an chuid is fearr dem' shaoghal do
chaitheamh ag éisteacht le gliogarnaigh gránda
na n-eochrach, agus ag feuchaint ar an
gcoimeáduidhe dhroch-bheusach ró-shillteach leith-
bheulach a chaitheann isteach chúgham ar mhaidin
an sean-channa meirgeach de leitin leamh leath-
fhuair, agus a shíneann chúgham an sean-channa
céadna de thé lag do-ólta sa tráthnóna,
agus a luíghann siche uair sa ló orm mo bheul
d'éisteacht nó ‘duit-se is measa a …!’
Acht ní h-eadh! ní h-eadh! Ní féidir go
gcaithfead fanamhaint annso sa choifín cloiche
seo. Beud ag imtheacht i gceann tamaillín
bhig. Tá poll éilighthe ann cinnte acht é
lorg. Geobhad é sin amach, agus —”
Tháinig cnag ar an ndoras. “Uimhir 39!
Corraigh tú féin annsan, cóirigh do leabaidh.
Beidh an t-uachtarán timpal láithreach.” Bhí
sean-thaithighe agam ar fuaim arbh ghlóraigh
an ghutha a labhair. D'éirigheas agus
chóirigheas an leabaidh-fráma adhmaid agus
dhá bhlancaed shalacha a ghalróchadh aoinne a
dheunfadh codladh ionnta. Ag Dia amháin
atá fhios cad é an chríoch a bheurfadh me, nó
cad a thiocfadh de dheasga mo chod' gruaime
mura mbeadh rud a thuit amach cúpla uair
'na dhiaidh sin.



Timpal a dó dheug a chlog an oidhche sin,
agus me sínte ar mo bheul fúm, ag cuimhneamh
agus ag cur is ag cúiteamh i dtaobh mo cháis
bhoicht dhéaróil, d'airigheas doirsín phoill an
ghail-soluis d'á osgailt go mall ríghin réidh
agus chonnac rud éigin bán ag tuitim ag
bun na leabthan. Blúire de pháipéar bhog
so-fhillte ab'eadh é. D'éirigheas. Chuadhas
anonn go poillín na spiaireachta agus
d'fheuchas amach. Ní raibh aoinne leath-is-
muigh. D'iompuigheas isteach arís, agus le
solus lasáin bhig chéirigh a fuaireas i gcúinne
phóca mo chasóige léigheas an teachtaireacht a
bhí sgríobhtha air.



Teachtaireacht speisialta ó'n gCeannaire
ab'eadh í, gh'á chur in iúl dúinn gur cailleadh
a lán fear le deunaighe, agus toisg a luighead
oifigheach a bhí sár-oilte ar ghnóthaí chogaidh
bheith san arm i láthair na h-uaire, agus fós,
toisg go rabhthas ceapaithe ar tabhairt fé áit
mhóir thábhachtaigh go raibh na céadta namhaid
inti, go rabhthas gh'á órdú dhúinne, na
príosúnaigh, teacht le céile agus treun
iarracht do dheunamh ar Thadhg —, an t-aon
fhear amháin go raibh eólas agus taithighe na
h-áite daingne úd aige, do shaoradh, ar
ais nó ar éigean, agus é chur amach chúcha.
Gurbh eisean ab' fhearr a threóireóchadh na
h-Ógláigh, agus, do réir tuairme an
Cheannaire gurbh é Tadhg b'oireamhnaighe chun
an ghnótha ins gach aon tslíghe. Dá bhrígh
sin, dá luaithe a chuirfí chun na h-oibre istigh
b'eadh ab' fhearr agus ab' usáide dhóibh siúd
amuigh í thabhairt chun deigh-chríche.



B'shin deire leis an éadóchas agus leis an
ngruaim. Bhí rud éigin fóghanta le deunamh
fé dheire seachas bheith ag síor-mhachtnamh ar
mo thrioblóidí shuaracha féin.



“Connus a saorfaimís Tadhg?” B'shin í
an cheist a bhí ag deunamh buartha dhom agus ag
baint codladh na h-oidhche dhíom anois. Ní
fheudfaimís tabhairt fútha gan airm, dá
thoileannaighe sinn. Bhíomair go léir fé
ghlas agus an chuid ba 'mhó againn dona droch-
shláinteach go leór agus do gheóbhfaí gan
duadh sinn. Chaithfimís cuimhneamh ar sheift
éigin eile; ar chleas éigin nár trialladh
cheana agus ná nochtfadh dó'n namhaid sinn,
mar, dá bhfhaghtaí oiread is gaoth an fhocail
bheifí anuas orainn, agus ní bheadh acht caol-
chuid ní ba chaoile agus cruadhtan ní ba
chruaidhe 'ge sna príosúnaigh ba dhóigh leó
bheith cionntach, agus ba mheasa de do sna
buachaillí amuigh leis é, agus ba ghéire de
an tóir ortha dá dheasga.



Maidin lá'r na bháireach nuair a dhúisigh
sgreuch ghlórach chluig mhóir an phríosúin me,
níor dheineas aon mhoill ag éirighe acht leímeas
amach as an leabaidh agus chuireas umam chómh
mear agus do b'fhéidir dom. Ní h-aon ró-
fhonn a bhí orm riamh fuireach sa leabaidh
cheudna, acht b'fhíor-dhéirc liom sgaramhaint
léithe an mhaidin úd. B'é cheud rud a dheineas
tar-éis éirighthe dhom ná fráma na leabthan
do chur ar a cheann in áirde i gcoinne an
fhalla (b'shin é an dréimire a bhí agam chun
na fuinneóige do shroisint) agus dul suas
go dtí an fhuinneóg feuchaint cadé an saghas


L. 218


aimsire bheadh againn an lá san. D'fheuchas
amach. Bhí deallramh ceart doininne ar an
lá; an spéir clúdaithe le dlúth-sgamaill
mhóra dhúbha, agus gaoth láidir sguabach ag
séideadh aneas. Bhí fhios agam go ndeunfadh
sé lá fluich salach, agus dá chómhartha san
féin, thosnuigh sé ar silleadh sar a dtánag
anuas de'n bhfuinneóig. Tháinig árd-mhisneach
agam láithreach. Bhí an t-ádh linn! “Seadh”
arsa mise liom féin, “ní leigfear amach sa
chlós in aon chor indiú sinn, fágfar istigh
sinn, agus feudfaimíd cruinniú le céile ar
chuma éigin.



Bualadh an clog ar a deich, agus tar-éis
cúpla neómat do h-osgladh dóirse na gcillíní
agus do leigeadh amach sinn. Annsan bhí an
gleó! Priósúnaigh ag glaodhach ar a chéile.
Cannaí stáin d'á gcaitheamh amach as na
cillíní. Cliotaráil bucaed an dríodair
d'á leigint anuas go fothramamhail. Uisge
d'á tharrac i gcóir nígheacháin. Sála breuna
bulóg 'ge sna priósúnaigh d'á gcaitheamh le
'na chéile, agus fiche cleas eile a thuillfeadh
uath-bhraighdeanas agus “arán is uisge” dá
mbeurtaí ortha. Bhí gach aon rud i gcóir
agus in a áit féin fé dheire agus tugadh
cead ár gcos dúinn go dtí a dó dheug a
chlog. Bhí sé ag clagarnaigh amuigh fé seo,
agus dúbhradh linn go bhfeudfaimís fuireach
istigh in sna pasáistí, rud a dheineamair
go fonnmhar. Thosnuigheamair ag siúbhal síos
suas an phasáiste íochtaraigh in ár mbeirte.
“Anois an t-am!” arsa mise, agus stadas
de'n tsiúbal, stad na buachaillí eile chómh
maith. “Cad mar gheall ar amhrán?” arsa
mise, de ghuth árd, agus leis sin chuadhas
síos go tóin an phasáiste. Lean an chuid
eile me, agus bhailigheamhair go léir timpal
ar “Sheán a ghrádh” buachaill óg árd caol
mí-lítheach. Buachaill deas deagh-mhúinte
a b'eadh é, agus amhránuidhe bréagh binn go
raibh cion ag gach aoinne air. Nuair a chuirtí
ceist air nó nuair a dh'iarrtaí air aon rud
a dheunamh, ní deireadh sé acht “tá a ghrádh,”
nó “ní'l a ghrádh,” nó “deunfad a ghrádh,”
agus níor thug aoinne againn riamh air acht
“Seán a ghrádh.”



Chrom Seán ar “Ráidhteachas na Tairn-
greacht” a ghabháil go fuinneamhail meanmnach
agus an fhaid a bhí an ceól ar siúbhal chuireas-
sa in iúl dóibh go raibh teachtaireacht faghta
agam ó'n gCeannaire agus gur theastuigh
uaim í chur ós a gcómhair. Thuigeadar lom
láithreach cad a bhí uaim. Thosnuigh an ceól
arís agus shleamhnaigh cuid againn isteach sa
chillín ba ghoire dhúinn. Bhailigh an chuid eile
aca timpal leath-is-muigh de'n dorus. Leanadh
ar an gceól, agus léigheas an teachtaireacht
dóibh i slighe ná cloisfeadh aoinne acht iad
féin me. Buachaill óg a b'eadh Tadhg. É
árd caol deagh-chúmtha agus folt mór gruaige
air. Ní raibh an radharc ró-mhaith aige agus
chaitheadh sé speuclóirí móra tiugh-ghloinneach
de ghnáth. Bhí ana-chosamhlacht idir é féin
agus Seán a Ghrádh, acht amháin ná raibh mórán
gruaige ar cheann Sheáin agus ná caitheadh sé
aon speuclóirí.



Leanadh ar an gceól arís, agus b'shiúd gach
duine ag machtnamh go geur. Ba 'mhó cleas
maith do tarraigeadh anuas acht ní rabhamair-
ne ná na daoine chuimhnigh ortha sásta leó.
Bhí lúb ar lár éigin ins gach aon cheann aca.
Bhí an sgeul ag dul sa mhuilean orainn, agus
sa deire, cé go raibh fhios againn go
luighfeadh an tshileug agus an mhoill go trom
orainn, bhíomair chun éirighe as agus sgara-
mhaint go dtí an lá a bhí chúghainn, nuair do
labhair Seán a Ghrádh. “Fanaidh!” ar
seisean, “tá plan agam-sa gur fiú é
thriall.” D'fhanamair. “'Seadh, a Sheáin
ghrádh,” arsa mise, “sgaoil chúghainn é.”
“Is eól díbh go léir” ar seisean, “go
bhfuilim-se annso anois le leath-bhliain geall
leis agus go mbeifear am' sgaoileadh i
gceann coicthighis eile. Tá's agaibh go léir
connus a deintear an obair do riarú annso;
Má bhíonn aon ghearán againn le deunamh is le
n-ár gceannaire féin a dheinimíd é, agus
má bhíonn aon rud ag lucht an phríosúin le
cur in iúl dúinne is chun ár gceannaire a
thagann siad agus deineann seisean an chuid
eile. Mar sin is beag má bhíonn aon
chaidreamh in aon chor idir sinn agus iad-
san. Is eól díbh leis an cosamhlacht atá
idir me féin agus Tadhg. Ní deirim ná go
n-aithneófaí thar a chéile sinn mar atáimíd
fé láthair; acht dá mbaineadh Tadhg an
ghruaig sin agus na speucloírí sin dhe, ní'l
aon amhras agam ná ná h-aithneófaí. Baineadh
sé dhe an ghruaig fhada agus tugadh sé na
speuclóirí dhomh-sa. Tá coicthigheas againn
fós. Leigfead dom chuid-se gruaige fás
idir an dá linn. Téigheadh seisean isteach
am' chillín-se agus raghad-sa isteach in a
chillin-sean. Malartuightear na cártaí atá
ar an dá dhorus cúpla lá roim ré. Tugtar
Tadhg orm-sa agus Seán a ghrádh ar Thadhg,
agus mura bhfuil dearmhad mór orm-sa


L. 219


saorfar Tadhg in am. “Agus cad mar
gheall ort féin?” arsa sinne, “ná bacaidh
é sin” arsa Seán, “Chaitfidh duine éigin
seasamh sa bhearnain agus domh-sa is cóir
seasamh inti an turas so.”



Ní ghlacfadh Tadhg leis ar dtúis,
ach nuair a teasbáineadh dó go soiléir
ná raibh aon chleas eile de sna cleasana
a tarraigeadh anuas oireamhnach, agus nár
cheart diúltú dó'n aon tseans amháin bhí aige,
tháinig sé ar mhalairt aigne, agus chuaidh an
triúr againn i gcómhairle feuchaint connus
ab' fhearr an cleas a chur chun chinn.



D'imthigh seachtmhain eile. D'imthigh naoi lá,
agus bhí an gnó fé lán-tsiúbhal. Bhí an mogall
gruaige imthighthe de cheann Thaidhg, agus bhí
a chuid gruaige go breágh bearrtha snasta
anois agus sgoilt dheas dhíreach inti. In a
dteannta san bhí culaith eudaigh le Seán
uime. B'iongantach an t-athrú é. B'é Seán
a ghrádh in a steille-bheathaidh é, agus dá
bhfeictheá tamall uait é thabharfá an leabhar
gurbh é Seán a bheadh ann. Maidir le Seán,
bhí athrú mór air sin leis. Bhí na speuclóirí
úd Thaidhg ar bharra a shróna anois aige, agus
a chuid gruaige ag imtheacht leis an ngaoith.
Eudaigh dhúbha a bhíodh air de ghnáth; acht anois
bhí sean-chulaith geal breac-liath le Tadhg
uime, agus ní raibh aon aodhaire ar Thadhg acht é.



Tháinig an Mháirt. Bhí an lá buailte linn.
Bhíothas chun Seán agus triúr eile priósúnach
do sgaoileadh ar maidin. An tráthnóna san
tháinig an príomh-choimeáduidhe chúgham agus
dúbhairt go raibh an t-órdú faghta aige Seán
agus an triúr eile do leigint saor agus
gur theastuigh uaidh iad do cheistiú i dtaobh
cathuin ba mhaith leó imtheacht, ar a seacht
ar maidin, nó tar-éis an bhreicfeásta, ar a
deich. Bhí na buachaillí go léir sa phasáiste.
Ghlaodhas ar an dtriúr. Thángadar, — an
bheirt agus Tadhg. Cheistigh an príomh-
choimeáduidhe iad. Tháinig uain Thaidhg.
“Tusa Seán ó —?” “Is me” arsa
Tadhg. “Cá mbeidh do thriall nuair a sgaoil-
fear tú?” “Uibh Ráthach i gCiarraidhe,”
arsa Tadhg. “Hum! Beidh traen ag
imteacht go dtí an áit sin ar leath-uair
tar-eis a seacht, agus ní dhóigh liom go mbeidh
aon traen eile go dtí a dó nó a trí sa
tráthnóna. Tá sé chómh maith agat imteacht
go luath.” “Sin é ba rogha liom, a dhuine
uasail,” arsa Tadhg. D'imtigh an coimeáduidhe.



Chuaidh Tadhg anonn go dtí Seán. Bhíodar
ag cainnt ar feadh sgathaimh, agus chonnac
go rabhadar beirt ana-chorruighthe. Bualadh
an clog. Chrothadar lámha a chéile agus
sgaradar. Tháinigh Tadhg anall chúghamsa.
Bhí na deóra le na shúile agus bhí fhios agam
go mb' fhearr leis go mór gan glacadh leis
an íodhbairt uasal san ó Sheán. Rug sé ar
láimh orm. “Slán beó agat-sa a bhuachaill”
ar seisean agus tocht 'na ghlór. D'fháisg
sé mo lámh. “Beannacht dé leath. Chuimh-
neóchad oraibh go léir agus ar íodhbairt Sheáin
a ghrádh” agus d'imthigh sé isteach 'na chillín.



Ní fheacamair a thuille é. Sgaoileadh maidin
Dé cheudaoin' é, agus dhá lá 'na dhiaidh
fuaireas sgeula ó'n gCeannaire go raibh sé
slán folláin a bhfochair na n-óglách.



SEÁN ÓG Ó h-AONGHUSA.



FOGHAIR NA GAEDHILGE.



CEACHT A VIII. — FOGHAIR MÍ-RIAGHALDHA.



“A” in am, cam; in dall, thall, &rl.;
in beann, teann, crann, &rl.; in seang,
meang, &rl.; in meant, &rl.



“O” in tom, com, lom, &rl.; in poll,
coll, &rl.; in fonn, tonn, donn, &rl.; in
long, mong, &rl.



“I” in im, suim, sceim, &rl.; cill,
coill, fill, &rl.; tinn, binn, slinn, &rl.;
cling, faing, maing, &rl.; caint, saint, &rl.



Nuair a bhíonn “A” roimh m, ll, nn, ng,
nó nt in focail aon siolladh baintear casadh
as an “A” (in gach aon áit i gCúige
Mumhan) agus bíonn foghar dhá ghutha nó trí
ghutha aige. Bíonn an foghar coitchionta
aige i gCúige Chonnacht. An foghar coit-
chionta bhíonn againn-ne leis nuair a bhíonn
níos mó ná aon siolladh amháin sa bhfocal-
ama, cama, dalla agus mar sin.



Baintear an casadh as “A” in focail
mar deallramh, scannradh, ceannrach, &rl.,
gé go bhfuil níos mó ná aon siolladh amháin
isna focail.



Ní hé an dath ceudna atá ar an “A”
so in gach aon áit de Chúige Mumhan.



Baineann an cleas ceudna do “O” fé
na coinghill ceudna; agus do “I.”



Ní féidir na foghair so a chur i dtuigsin
leis na comharthaí scríbh atá againn. Caith-
fear iad a fhoghluim ó na daoine a bhfuil
siad aca.



Is fuiris Déiseach d'aithint ó Chiarraidheach
nó ó Chorcaigheach tré na foghair seo.



Tá an rud ceudna tabhartha fé ndeara i
nGaedhilg na hAlban. PÁDRAIG Ó CADHLA.


L. 220


TOMHAISEANNA.



Ní fuil, ní feoil, ní cnámh é,
As fhuil is as fheoil d'fhás sé;
Bain an ceann de is tabhair deoch dó
Agus dheunfadh sé réidhteach idir caraid is
namhaid.



Freagra. — peann dheunfaí as chleite gé.



Trí cosa ar thalamh,
Dhá chluais gan eisteacht,
Beul gan ithe,
Is cothuigheann sé a mhuintir.



Fr. — Corcán.



Trí cosa anáirde,
Dhá chois ar thalamh,
I mbeul duine mhairbh.



Fr. — Corcán ar cheann dhuine.



Fear fada fionn,
'na sheasamh sa ghleann,
Gan dada 'na cheann,
Acht diabhal agus deamhan.



Fr. — Feochadán.



Ceathrar ag rith,
Ceathrar ab crith,
Beirt ag deunamh eolais,
Fear ceoil rómpa amach,
Agus fear fuipe 'na ndiaidh aniar.



Fr. — Bó.



Oidhche Shamhna d'ith me mo chuid de ghamhain,
Is bhí laogh ag an ngamhain
Bliadhain ón tSamhain sin.



Fr. — D'itheas mo bhéile dá drom.



COR TEANGAN AGUS TRIAIL ANÁLA.



Sliocht sleachta ar shliocht do shleachta
Agus ná raibh sliocht ná slacht ar shliocht a
shleachta
Ag anté nár mhaith leis sliocht ná slacht
Bheith ar shliocht do shleachta.



Is bog an fód é seo fám chois,
Ní buige é ná'n fód is giorra dhó,
Fód bog ar dhá bhog-fhód,
Bog-fhód fá dhá fhód bhog'
Fód bog san idir dhá bhog-fhód.



CRAIFTINE.



“AN DOCHARTACH.”



Sgéal eile ó Ultach. Sgéal a bhaineas le
sean-nósa an Chreidimh, le gradh agus le feall
an t-Sasanaigh. Máirnéalach é Seosamh Ó
Dochartaigh a rinne a lán taisdil ar na
fáirrgí móra agus a bhí ábalta ar gach a
bhaineas le stiúradh luinge nó báid a dhéanamh
ar dóigh. Is iomdha sin cruadh-chás in a rabh
sé ag luascadh ar bharr na dtonn gcoimhthigheach
acht tháinig sé slán thríotha uilig. Bhí dóchas
mór aige as brat Bhrighde. Chan mar sin
do'n Bhaoigheallach. “Pisreógaí” — dar
leis-sean. B'fhearr leis an bruitín ná an
brat. Cailleadh eisean ar an fháirrge.
Ins na h-Indicheacha Thiar thuit an Dochartach
ingrádh. Eadar an tír sin agus Baile Áth
Cliath tig éad agus feall an t-Sasanaigh
isteach sa sgéal. Tligeadh an Dochartach
isteach san fháirrge, agus báidheadh é, dar
leis an chaptaoin Shasanach.



Nuair a bhí seisean as an bhealach bheadh an
cailín agus a cuid saidhbhris aige. Pósfaidhe
i gcionn bliadna iad — socruigheadh ar sin.
An oidhche roimh an phósadh bhí fleadh mhór i
dtoigh an Dálaigh — athair an chailín. Oidhche
spóirt 's ceoil, go dtí gur — bhail — thárluigh
rud eintean a chuir an cleamhnas bun-os-
cionn.



Sgéal ar nós sean-sgéil agus ar nós
úir-sgéil é. In a thús agus in a dheireadh
tá cuma air gur úr-sgéal é — tá na gníomhartha
agus an chuma ortha díreach mar tchífeá iad
ar an aimsir fa láthair — go h-áirighthe in a
thús. Cuireann an t-ughdar gníomhartha i
leith an Dochartaigh in áiteacha eile gur doiligh
a thuigbheail caidé mar deanfaidhe iad gan
cuidiú na draoidheachta úd a bhíodh ins na
sean-sgéaltaí. Dá iongantaighe é an saoghal
a bhí ag Robinson Crúsó bheireann ughdar
an sgéil sin fath féidhime agus ion-dheantacht
gach gnímh dúinn. Seort Caol-an-Iarainn a
bhí san fhear dubh a rinne an currach a chéaslú
o'n charraig i lár na fáirrge móire isteach
go h-Ath Cliath i gcupla uair an chluig. Truagh
nár lean Fionn do'n t-saoghal nádúrach rith
an sgéil ar fad, óir is deas agus is ion-
spéiseamhail an sgéal é.



Bheireann duine fa dtear rudaí corra
annsiud 's annseo in Gaedhilig Cúige Uladh
go minic. Féach ortha seo: — mo chuid chos;


L. 221


mo chuid lámh; a cuid guailneacha; a cuid
súl. Char chuala mé iad seo go minic i dTír
Chonaill — agus dá gcluinfinn fhéin b'fhearr
liom gan iad a sgríobhadh. Leagain mar
seo, fosta, agus cha saoilim nár bhfearr a
mhalairt de chuma bheith ortha:— “… ar
feadh fada go leor … Thug an captaoin
go dtí an teach í a b'fhearr ar an bhaile …
Ní'l fhios agam caidé mo shaidhbhreas …
Bhí tonnaí na fáirrge ag eirighe chomh h-árd
sin nach rabh an fear a bhí sa chrannóig ábalta
nuair a bheadh an bád eadar dhá thoinn,
fheiceáil thar an toinn a bhí roimhe.”



Chuala mé fear óg ag tabhairt freagra ar
cheist uair amháin. D'fhiafruigh an giuistís
de caidé an gaol a bhí aige d'fhear a' toighe.
D'fhreagair sé i mBéarla mar seo: “I'm
married to the man that owns the house's
daughter.”



Ní dóigh liom go bhfuigheann Gaedhilig Cúige
Uladh Cothrom na Féinne uainn nuair bhíos
muid 'ghá sgríobhadh. Dá ndeanfamaoist
sgagnú beag ar an chainnt sul a bhreacfamaois
páipéar b'fheairrde do'n chanamhaint é.
Bíonn leagain sa chainnt in gach teangaidh
agus in gach chanamhaint nach ndeanfadh gnaithe
i leabhar. “Seasann sé le réasún” — sin
ráidhte a chuala mé ag Gaedheal maith uair
amháin. Léigh mé ag fear eile — “D'fhosgail
siad teinidh ortha” — ag cur síos ar sgaoileadh
gunnaí bhí sé. “Fuair an bradán ar
shiubhal” — agus a léithidí. Ceithre ughdair
a chuir in-úsaid na ráidhtí sin — leith-ar-leith.



Bhfuil a mhalairt ann? Tá, féach ar
leabhar bheag de chorra-chainnte a cuireadh
le céile aige S. Mac M.



Dubhairt mé cheana féin gur deas an
sgéal é — agus is deas. Sé an chead chionn
d'a shórt as Ultaibh, agus an cineal sgéil
a chuirfeadh lucht léighte na Gaedhilge spéis
ann gan a bheith de shíor ar lorg míniú na
bhfoth-fhocal deacair.



Is maith is fiu dhá sgilling é.



“CÚ CHULAINN.”



“An Dochartach” — Fionn Mac Cumhaill a
sgríobh do Chumann Liteardha Cúigidh Uladh.



Preas Dhúin Dealgan. 2S.



NÁ DEARMHADAIDH LUCHT NA BHFÓGRAÍ
SA “SGUAB.”



LÉIRMHEASA.



“MÚIN MAR SEO í.”



(SEÁN TÓIBÍN a chuir in Eagair).



Nuair a cuireadh an leabhairín seo isteach i m' láimh
chum mo léirmheas a thabhairt air deir mé leat gur
chuir sé roinnt ar mhearbhall me. “Seo fear,” arsa
mise liom féin, “a bhfuil fiacla oirthir a chinn caithte
aige ag múineadh na Gaedhilge.” Feuch ar chlúdach
an leabhair agus innis dam cadé an mheabhair a
bhainfeá as. Tá clár dubh ar thaca agus fear óg in a
sheasamh cliathánach leis agus láimh leis sínte amach
chum an chláir dhuibh agus gotha an mhúinteora air. Ós
a gcionn in áirde ar stuaigh atá na focail “Múin
Mar Seo Í.” 'Sé rud a dheurfainn-se acht “Ná múin
mar seo í.”



D'oscail mé an leabhar agus chonnaic mé fógra eile
leath istigh — “focail gearra bhríoghmara le múineadh
do ranng agus focail stiúrtha don Mhúinteoir.”
“Tá san go maith,” arsa mise. D'iompuigh me billeóg
eile agus chonnaic mé fógra eile — “Do bhuanú cuimhne
beirt mhúinteoirí Gaedhilge a fuair bás ar son na
h-Éireann.”



“Go ndéine Dia grásta agus trócaire orra,”
arsa mise óm chroidhe amach. Chuaidh mé níos sia agus
léig mé an roimh-fhocal — “Mar a chítear domhsa.”
“Go maith,” arsa mise, “agus sin, geall leis, mar
a chítear domhsa.”



Anois a cím an bhrígh atá leis an bpeictiuir ar an
gclúdach acht ní dóigh liom gur maith an teideal ar
an leabhar é. “Ná tabhair do bhreath ar an gceud
sceul go mbeurfaidh an dara sceul ort,” mar
adubhairt an té dubhairt é; nó, “ná meastar an
leabhar d'réir an chlúdaigh.”



“Níl aon tseó ach a bhfuil de dhaoine anso sa
Mhumhain a thosnaigh ar an Ghaedhilg, ó am go h-am,
agus gur theip glan orra í fhoghluim. Iad do thosnú
ró-luath ar léigheamh na leabhar fé ndeara é sin.”
Tá an-chuid den fhírinne annsin.



“An tslí seo a cheap an t-Athair Domhnal Ó Tuathail
'sí an t-aon slí amháin í chum daoine a mhealladh chun
comhrádh na Gaedhilge: an múinteoir do rádh an fhocail
(na habra) go minic agus na mic léighinn do dheunamh
fíor-aithrise air.” Ní hé an t-Athair Domhnal (go
ndéine Dia grásta agus trócaire air) a cheap é seo.
Seo í an t-slighe a bhí agus atá ag gach aon athair agus
máthair clainne chum caint a mhúineadh dá gclainn.
Chuir an t-Athair Domhnal eagar nó órdughadh éigin ar
an t-slighe nádúrtha so chum daoine a raibh caint éigin
eile cheana aca a tharraingt isteach ar chaint na
Gaedhilge.



Leabhar múinteora iseadh é seo agus tá an
stiúrughadh go maith ann.



“Do thosnaightheoirí a bhailigheas na focail seo istig.
Tá mianach na fíor-Ghaedhilge ionnta mar is ó
Ghaedhilgeoirí bhinne a shíolraigheadar.” Ní fhuil sé
ceart a bheith ag múineadh aon Ghaedhealg eile dar ndóigh.
Tá an-chuid múinteoirí agus is í an chaint is fusa a
ionntódh chum Beurla a mhúinfidh siad do na foghluim-
eoirí. Beidh a rian ar a gcuid Gaedhilge siúd.


L. 222


Tá bailiughadh maith de gach aon saghas abairtí 'sa
leabhar maille le tomhasanna, ranna, agus drachtíní
— sean-fhocail agus drachtiní agus ranna a tabharfaidh
saidhbhreas agus blastacht agus gach dhealtacht na
cainte do na foghluimeoirí ó thúis agus iad dá
bhfoghluim in slighe thaithnimheach.



Ní maith liom leabhar Gaedhilge agus mórán de na
lúibíní easnaimh a fheicsin in gach aon leathnach de.
Nuair a thosnaightear ar seo ní fios cá stadfar. Má
theastoigheann ó dhuine congnamh a thabhairt in leabhar
do foghluimeoirí an chaint a thabhairt amach mar
adeirtear í is ceart eochair éigin a bheith ag gabháil
leis an leabhar acht dhearfainn go mba cheart an
scríobhadh agus an leitriughadh a beith go h-iomlán in
gach aon leabhar a bheifí ag cur i lámha leanbhaí nó
foghluimeoirí.



T'rom fuar é, T'rom te é,
Tóg uaim é, 'Speáin i leith é!



Sin mar a bheadh sé san eochoir agam, acht



Tabhair dom fuar é, tabhair dom te é
Tóg uaim é, teasbáin i leith é!



mar a bheádh sé 'sa scríobhadh coitchionnta agam. Ní
fheicim in aon chor cadé chúis a scríobhfaí “dout.”
Ní fhuil aon rud 'sa nGaedhilg in aon chor mar é sin.



(Brún & Ó Nualáin, Raol).



“FEAR FEASA.”



“AN DUBH 'NA GHEAL.”



NIOCLÁS TÓIBÍN an Scriobhnóir.



Ath-leagaint ar Dhrama Frainncise is eadh an drama
so, nó ba chirte a rádh leagaint Gaedhilge ar dhrama
Frainncise. Nioclas Tóibín ó Rinn ó gCuanach i
nDéisibh Mumhan an scríobhnóir, 1/- a luach.



Nuair a théidheann fear maith Gaedhilge mar Nioclás
Tóibín i mbun rud mar seo a dheunamh níor mhór do a
bheith an-aireach nó beidh sé ró-cheangailte ag caint
an cheud lae. Beidh leagaint agus rioth na cainte
iasachta dá dhalladh agus dá chaochadh agus is minic ná
h-eireochaidh leis an chaint bhog nádúrtha a bhaineann
le n-a bhaile agus le n-a dhúchas féin a thabhairt leis.



Dheurfainn-se gur ar shlighe éigin mar seo ba cheart
tabhairt fé an obair. An rud a léigheamh agus a
mheabhrughadh 'sa teangain iasachta an cheud uair agus
má riothann sé leat gur rud é atá cosamhail le
saoghal agus le beatha muintir na h-Éireann tabhair
fé agus dá mhéid a bheidh againn díobh is amhlaidh is
fearr é. Annsan ná peictiúirí go léir atá ag baint
leis an sceul a bheith socair soiléir id' aigne. Daoine
aithnideamhail a bheith agat in gach aon pheictiúir agus
beidh sé fuiris duit an chaint bhlasta nádúrtha a chur
in a mbeul san — an chaint a bheadh ag n-a leithéidí i
ndúthaigh Déiseach nuair a bheidís ag caint i nGaedhilg.
Mar an eireochaidh le duine na peictiúirí agus na
daoine seo a thabhairt chum a aigne ní bhfuighidh sé an
chaint nádúrtha, oireamhnach, a shníomhadh agus a chasadh
dhóibh. Beidh deilbh agus dath na h-iasachta ar gach aon
rud. Is chuma so ná súd a dubhairt a leithéid seo ná
a leithéid siúd i gcathair ná i dtuaith 'sa bhFrainnc
ná 'sa Spáinn, acht cad a dheurfadh a leithéid seo nó
a leithéid siúd i gCnoc an Gighe Móir nó i nDún na
Méith-bhreac nuair a bhíd ag caint i nGaedhilg. Má
théidhtear in a bhun mar seo gheobhaidh Nioclás Tóibín
nó a leithéid greasanna fuirseoireachta a thabhairt
dúinn a mbeadh an dath fíor-Ghaedhealach orra gé gur
'sa teangain iasachta a rugadh agus a tógadh na
dramanna ceudna sin.



Tá eagla orm nár sgur Nioclás é féin amach ó chaint
an cheud lae. Is fuiris an méid sin a aithint ar an
gcaint go minic.



Ar shaoghal agus ar bheatha daoine fíor-Ghaedhealacha
atá cleachta agus tabhairt amach ag Nioclás. Tuigeann
sé an nádúir agus an feallsamhanacht atá ag baint
le n-a maireachtain siúd agus bheadh sé ábalta ar
chaint a shníomhadh agus a chasadh dhóibh go binn agus go
blasta — caint nár mhisde dhuit an “Imprimátur” a
thabhairt dó. Acht is doigh liom gur mó bhaint a bheadh ag
an sceul so “An Dubh in a Gheal,” le saoghal daoine
in Éirinn a gaibh an Galldachas chucha mar rogha beatha
agus ní bheadh aon tabhairt amach ag Nioclás ar
cainteanna a leithéidí siúd. Go mba fada mar sin
dó agus nár chaille sé buaidh na Gaedhealtachta.



“FEAR FEASA”



LEABHRA ÓSNA FOILLSIGHTHEOIRÍ.



Comhlucht Oideachais —



“Riaghlacha an Amhráin” — S. Ó Cuill, 1/-



“Tuaim Inbheir” — Micheál Ó Murchú, 1/6.



Preas Dúin Dealgan —



“Bodach a Chóta Lachtna” (agus sé cinn eile de
leaibhríní) — S. Tóibín, 6p. gach ceann.



EASON



Leabhar úrnaighthe Catoileachaighe, an cur amach
is deidheannaighe aith-sgriobhtha agus ceartuighthe.
Clóbhuailtear agus clúdaightear in Éirinn iad.



The Garden of the Soul.



The Key of Heaven.



The Manual of Catholic
Piety.



The Treasury of the
Sacred Heart.



The Imitation of Christ.



Holy Childhood.



&rl., &rl.



Cló breághdha, páipeur maith, Clúdach cruinn agus
seasamhach, mar adeireann gach aoinne.



Luach íslighthe — 1/- go 18/-



An seachtmhadh cur amach le fághailt anois 61,000
cóip ar fad.



TREASURY OF THE SANCTUARY,



Leabhar Úrnaighthe.



Á chur in eagair ag Siúracha na Trócaire,
Sráid Stanhope, Baile Átha Cliath.



Royal 32mo. 5" x 3¼".



Clúdaighthe go deas, i bpáipeur in Eudach nó i
leathair.



Luach ó 2/- go 9/-



Liosta le fághailt ach é dh'iarraidh. Gheibhtear na
leabhra thuas ó gach Siopa Leabhair agus Cráibhtheachta.



EASON AGUS A MHAC, TEO.,
Baile Átha Cliath agus Béil Féirsde.


L. 223


LEITREACHA.



DO'N “SGUAB.”



FONN: “Seán sa' Bhrístín Leathair.”



Ar chualabhair féin, a Ghaedheala,
Go bhfuil Sguab i nÉirinn feasta,
Do ghlanfhaidh dínn smuirt Béarla
Do bhí go léir ar sgairtibh.



Cuirfá:—



Faic fall doll, dí á,
Faic fall dá rí aidí,
Faic fall doll, dí dí á,
Ár Sguab bhreágh áluinn ghreanta.



Glanfhaidh sí siúd úrláir
Agus an bóthar áluinn fairis,
Ghlanfhaidh sí an smúit do'n éadach,
A bhíonn taréis an lae air Shagairt,



Faich fall doll dí á, &rl.



Is fada dhamsa féinidh,
Ag ruagairt Béarla geallaim,
Is a spreagadh na fíor-Ghaedhilge,
Do fuaireas féin am' leanbh.



Faic fall doll dí á, &rl.



Sí an Sguab an chabhair is léire,
Do fuaireas féin le fada;
Tá fuaimeant ínnti déarfhainn,
Ó's na h-Úghdair Gaedheal is fearra.



Faic fall doll dí á, &rl.



Cé gur thiar dam sa bhlascaod,
Is nách mór mo shaoghal ann caithte,
Is faidigheacht ar mo shaoghal,
“An Sguab” le léigheamh am aice.



Faic fall doll dí á, &rl.



Má's duine thu't fhíor Ghaedhal,
Is gur maith leat bréithre t'athar
Ná bí gan “Sguab” le'd thaobh,
Chuirfhidh ruaig ar Bhéarla ó'd b'allaibh.



Faic fall doll dí á, &rl.



TOMÁS Ó CRIOMHTHAINN.



DO “THADHG GAEDHEALACH.”



('N-a Cheann ar Chumann Cosanta na Gaedhilge.)



I.



M'anam thú, a Thaidhg! go leathaidh do ghéim go Dáil;
Mara leathaidh, is deimhin gur mairg do'n Ghaedheal
'sa Stát;
Le Gallaibh i ngeimheall, a's nach taitheach leis réim
ró-árd,
'S é b'áil leis acht greim ar ghlafarnach Béarla d'fhághail.



II.



B'fhada sinn tinn de'n aicme i gcéin fuair cáil,
Ag bagairt a mbladhmain bladair gan staonadh ar
Sheán;
Ag freasdal le feidhm ádhbhar magaidh dá 'r léir an
ádhbhacht,
A's 'sa mbaile fé Mhaighistribh tacair “Sinn Féin”
go tláth.



III.



Tá i n-achrann doimhinn an galar docht céadna i
gcnámhaibh
Na bhfearchon dtaidhleach threascair lucht béice ar lár.
Tá Paiddí is sceimhle air leagaint an Bhéarla 'spáint
I n-a aistriuchán grinn a mbaistear air “Gaedhilg
Stáit.”



IV.



Garbh-ghuth tradhna ag labhairt go tréan ar bhán;
Tafant óg-ghadhair chum gealaighe 'sa spéir go h-árd;
Casachtach treighide ag seanduine i mbéalaibh báis;
Dar Bhaccus! gur bhinn seach teanga so nGaedheal
mar tá.



V.



Lean ort, a Thaidhg; le gardha glas nGaedheal cuir fál;
Tá scata ag gabháilt timcheall stathfadh ó phréimh gach
bláth.
Fearann do Shinnsir bainte ar éigean bháis,
A sealbh na nGaillseach, glan de a scéith go bráth.



“CLOCH-LABHRAIS.”



ÚSÁID
GRANIA
TOOTH
PASTE
AR SON t'FHIACLA



ÚSÁID
GIBSOL
OINTMENT
AR SON DO
CHROICINN



Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail
ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go
díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an
Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.


L. 224


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSI:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Clith; Corcaigh,
Luimneach, Portlairge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.



Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath,
agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services