Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir 10. Iúl, 1923

Title
Uimhir 10. Iúl, 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Uimhir 10. IÚL, 1923. 3p. SA MHÍ



RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath



MÚINEANN GÁDH SEIFT 187



IOLSGOIL NA MUMHAN, VI. (AR LEAN.) … PÁDRAIG Ó CADHLA 189



DUAN AODHA MASSEIDH … SEÁN CLÁRACH MAC DOMHNAILL 191



CUALLACHT COSANTA NA GAEDHILGE … “TADHG GAEDHEALACH” 192



AN GABHAR AGUS AN GRÁDH … MICHEÁL BREATHNACH 194



AN BATA FUINNSEOIGE … “CÚ CHULAINN” 196



FOGHAIR NA GAEDHILGE, VII. … PÁDRAIG Ó CADHLA 199



BEATHA TEANGAIN A LABHAIRT 201



LEITREACHA 202



LEABHAIR 202



COMÓRTAS 203



COLÁISDE BHRIGHDE, OMÉITH.



COLÁISDE MHÓDH'-NA-RÁIDHTE.
(Cois Locha Cháirlinne).



San áit is deise in Éirinn.
Eadar Beanna Bóirche agus Sléibhte Chuailgne.



Béidh trí seisiuin ann i mbliadna.



Iúl, Lughnasa agus Meadhon-Fhoghmhar.



Ranganna do dhaoiní nach múinteoirí.



Sgríobh chuig:—



PEADAR Ó DUBHDA,
Oméith,
Iubhar Cinn Trágha.



IOLSCOIL NA MUMHAN
I RINN Ó gCUANACH.



Lughnasa, 1923.



Ón 8mhadh Lá Lughnasa go dtí
8mhadh Lá Feile Michíl.



Sibh-se atá ar lorg na fíor-Ghaedhilge
tagaidh agus caithidh mí dá saothrughadh agus
dá cleachtadh, maille le ceol, spórt, agus
aoibhneas Gaedheal, agus sin gan duadh, gan
dochair, gan diachair. Slighe do 100 duine
'san árus-tighe ann.



Ní ceadtha do neach Beurla do labhairt ann.



Scríobh go dtí an
Fear le Scríobhadh.



DEUNANN



SCOTT & A CHOMH., TEÓ.



Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair,
&rl.



I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE.



Oifig: Sráid Mhic Curtain i gCorcaigh.



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I N-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



PRÍOMH-OIFIG — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FAGHÁIL.


L. 186


Sgeul greannmhar iseadh é seo: do cuireadh
siopa ar bun i mBaile Átha Cliath cúpla
mí ó shoin agus tá gach aon rud a bhaineann
le lón-tighis le fághailt ann — bagún, im, tae,
siucra, brioscaí, subh, agus biadh de gach
saghas, gan trácht ar ghalúnach, coinnle, snas
brógh, agus rudaí nach iad a bhíonn á ndíol
i sár-tsiopa dá leithéid; tá milseáin,
toitíní agus tabac ann chomh maith. Do
ceapadh triúr Gaedhilgeoirí chun a bheith ag
obair ann sa t-slighe nar ghádh d' aoinne
focal Beurla do labhairt an fhaid as a
bheadh sé ag deaghláil sa t-siopa úd. Shíl
na daoine atá i mbun na h-oibre go rabhadar
ag deunamh rud' mhóir ar son na Gaedhilge
— obair do sholáthar do Ghaedhilgeoirí agus
mar sin de. Ach 'dé an mhaith Gaedhil-
geoirí a bheith ag obair i siopa nuair ná
tagann ach fó-dhuine desna mílte Gaedhil-
geoirí atá i mBaile Átha Cliath isteach fé
dhéin a gcuid lóin agus nuair ná cuireann
ach fó-Ghaedheal ar fúd na tíre fios ar
rudaí chucha tríd an bpost. Tá an siopa
i lár na cathrach agus cuirtear a mbíonn
ceannuighthe ag bean-a-tighe go dtí an dorus
chúichi i ngluaisteán-iompair in aon áit 'sa
chathair nó 'na comharsanacht. Agus i ndeire
na dála is ar Beurlóirí ar fad atáid ag
braith chun slighe maireachtana do bhaint
amach dóibh féin! Iseadh, agus gráin ceart
ag cuid acu san ar an Gaedhilg, ach dá
aimhdheoin sin bíonn siad ag deaghláil sa
tsiopa toisg an feabhas atá na rudaí
gheibheann siad ann. Bhel, sin é an sgeul,
a dhaoine, agus más féidir é shárú —
Béidir ná fuil a fhios ag a lán Ghaedhil-
geoirí go bhfuil a leithéid d'áit ann,
béidir gurb é sin an cúis go bhfuil
Beurlóirí áirithe ag deunamh ceap-magaidh
den tsiopa nua gaodhlach. Ar eagla ná
fuil a fhios acu ní misde a rádh go bhfuil
an obair seo ar siubhal ag Ó Raogáin
agus a Chomh., Teo., agus gurb i Sráid
Dásún, uimhir a 54 atá an siopa acu.
'Sé an rud adeirtear leo ach “tagann
gach maith le cáirde agus grásta le foidhne.”


L. 187


MÚINEANN GÁDH SEIFT



Tá súil againn go gcuireann ár lucht
léighte an oiread suime i gceist airgid an
náisiúin as a chuirimídne, mar sin é an port
a bheimíd ag seinnt an mí seo arís. Sí
ceist an cheud iasacht airgid atá ag deunamh
trioblóide dúinn anois. Beidh 20 miliún
púnt ag teastáil ar a luighead. Níl aon
dabht ná go bhfuil an t-airgead le fághailt
— ó dhaoine áirithe agus ar choinghiollacha.
Geobhfuidhe i Sasana Nua nó i Sean Shasana
é, ach na custuim do chur fé urrús le é
aisíoc agus 5½ nó 6% béidir do dhíol mar
brabach air. Ach tá gach aon duine tuisgeanach
eolgasach ar aon aigne gur cheart an t-airgead
do sholáthar in Éirinn gan é lorg leath-is-
muigh den tír seo. Conus? Níl morán
airgead sa mbreis ag aoinne. Tá gnó agus
tráchtáil go dona lag ar fúd na tíre agus
is amhlaidh atá an fhurmhor de lucht airgid na
tíre seo ag cuimhneamh ar airgead d'fhághailt
ar iasacht iad féin, nó neachtair aca táid
tréis teicheadh thar lear agus gan aon coinne
aca le teacht thar nais.



Dubhairt Alexander Hamilton ná raibh aon
tír 'na náisiún cheart go dtí go raibh fiacha
náisiúnta uirre. Bhí Americeá i gcruaidh-
chás an uair sin gan airgead sa gciste agus
gan creideamhaint chun airgid d'fhághailt ar
iasacht. Agus feuch conus a dh'éirig leo sa
deire. Ach nuair adubhairt Alexander
Hamilton an rud sin do chuir sé i dtuisgint
dosna daoine san am ceudna cadé an brígh
a bhí le na chuid cainnte — nárbh mhór dóibh
an t-airgead do sholáthar leath-istig dena
dtír féin sa tslighe ná béidís fé smacht agus
fé stiúrú an eachtranaigh. Sé an rud a bhí
'na aigne ach é seo: má bhíonn baint ag
mórán daoine idir beag a's mór le hairgead
an náisiúin cuireann sé socaireacht agus
síothchántacht ar daoine an náisiúin san,
toisg go gcuireann siad níos mó suime i
ngach aon rud a bhaineann leis an Rialtas.
Do bfhíor é sin 150 bliadhan ó shoin agus is
fíor é anois chomh maith.



Tá suas le £40,000,000 i dtaisge sna
banncanna agus tá an cuid is mó de sin
leagtha amach aca arís fé urrús Rialtais
Sean-Shasana. Deirtear go bhfuighfidhe a
mbeadh ag teastáil uainn d'fhághailt ach iachall
do chur ar na banncanna é d'aistriú ó urrús
Rialtas Sean-Shasana agus é a chur chun
tairbhe Rialtais na hÉireann, ach deirtear
leis go millfeadh san creideamhaint na tíre,
go nglacfadh lucht airgid sgannradh dá bhárr
ar eagla ná beadh ann ach tosnú agus go
ndeunfaidhe aon éirighe slighe ar a gcuid
airgid — dá mbeadh £500 ag duine, sa mbannc
nó in Guinness cuir i gcás, go sgiobfaidhe
uaidh é agus go gcuirfidhe iachall air é chur
fé urrús níos neamh-muinighinighe, dar leis.
Ní dóigh linn go bhfuil sa méid sin ach an
taithighe atá ag ár ndaoine ar slighte Shasana
maidir le cúrsaí airgid; ach pé sgeul é
tá slighe eile chun airgead do sholáthar go
bog as go saor agus ní raibh an oiread trácht
air go dtí so as ba cheart.



Ní dheunfaimís aon iongantas de dá
bhfuighfeadh an Rialtas an cheud 20 miliún
gan aon trioblóid in Éirinn féin, gan iachall
do chur ar na banncanna ach amháin tearmaí
maithe do thairsgint. Beidh sé de dhualgas
ar gach aon bannc sa tSaorstát (agus ar
bhanncanna Béil Féirsde leis ós rud é go
ndeunann siad gnó sa tSaor-Stát) carn mór
airgid do chur fé urrús an Rialtais dréir
mar is acfuinn dóibh, agus tá a lán daoine
ann leis gur dóigh leo go bhfuil sé de dhualgas
ortha féin cabhrú leis an náisiún sa rud so
chomh fada as is féidir leo. Ach ní bhfuighfidhe
a bhfuil ag teastáil sa tslighe sin amháin.
Sé ár dtuairm féin ná gur cheart d'Aireacht
an Airgid “Premium Bonds” do chur
amach. Do righneadh san sa bhFrannc agus
sa mBeilg agus d'éirig leo go h-an mhaith
i gcomhnuidhe. Geibhtear airgead níos saoire
sa tslighe sin, se sin le rádh go mbíonn an
brabach níos ísle. Is dócha go bhfuighmís-
ne an t-airgead do sholáthar gan a bheith ag
braith ar Shean-Shasana nó ar Shasana Nua.


L. 188


Is dócha leis, go mbeadh an-chuid daoine in
Éirinn páirteach san obair ná feuchfadh ar
iasacht coitchianta — lucht mion-airgid ar fúd
na tíre agus mar adubhramar cheana níl aon
rud is mó a chuirfeadh an Rialtas ar bun
seasamhach ná a leithéid.



'Dé chúis ná chuirfidhe i bhfeidm é? Le
linn an chogaidh mhóir bhí coimisiún fiafruighthe
ar siubhal i Sasana feuchaint ar cheart dóibh
san an plean so do tharraingt chucha féin.
Tréis é a bheith 'na shuidhe tamall maith
d'fhoillsigheadh tuarasgbháil ag rádh nárbh cheart.
Ach má righneadh níl aon éifeacht sna rudaí
adubhradar 'na choinne — ní bhaineann siad le
cúrsaí na hÉireann in ao' chor. Dubhradar,
cuir i gcás, ná réidhteóch sé le stuaim tíre
ársa mar Sean-Shasana a leithéid de rud
nua do bheith aca. Dubhradar leis go gcuirfeadh
sé déistean ar an “Nonconformist Con-
science” agus cúpla rud eile a bhain le
ceist poilitidheachta Shasana an aimsir sin.
Bhel ní gádh dhúinn bacaint leis an “Non-
comformist Conscience” in Éirinn, dar
ndóigh, agus maidir le stuaim caithimís
uainn é mar sgeul. An rud ná fuil muintir
na Frainnce ró mhór ionnta féin deunamh — ní
beag dúinne san. Agus rud eile i Sean
Shasana féin do ghlacadh le h-éirim an ruda
nuair a chuireadh amach na “Victory Bonds.”



Má lorgigheann an Rialtas airgead le
haghaidh an Stáit sa tslighe coitchianta ní mór
dóibh 5¼% do dhíol is dócha. Ach gheobhadáis
airgead ar 4¼ idir brabach agus duaiseanna
dá gcuirfidís “Premium Bonds” amach
Gheobhaidís: dá ngeallfaidhís go ndíolfaidhe
an bun-airgead thar nais tréis chúig bliadhna
agus dathad abair, agus go mbeadh tarraingt
ann gach sé mí nó mar sin a thabhairfeadh caoi
do gach aoinne a mbeadh Bond aige duais
mór — £10,000 abair, a thuitim leis.



Deirtear go ndeunfadh a leithéid náisiún
carbhuaigh dínn — go bhfóiridh Dia orainn. Cad
é an saghas sinn cheana? Teir isteach i
bPáirc Faithche Stiopháin aon lá, a dhuine,
agus cuirfimíd geall go mbeidh gach aon
duine desna ceudta daoine a bhíonn 'na
suidhe ann am eadarshuth gach aon lá ag
léigheamh an “Racing Herald” nó ag piocadh
amach na “Winners” ó cáipéisí éigint.
Glacaimís leis an bhfirinne in ainm Dé agus
bainimís tairbhe aiste.



EASON



Leabhar úrnaighthe Catoileachaighe, an cur amach
is deidheannaighe aith-sgriobhtha agus ceartuighthe.
Clóbhuailtear agus clúdaightear in Éirinn iad.



The Garden of the soul.



The Key of Heaven.



The Manual of Catholic
Piety.



The Treasury of the
Sacred Heart.



The Imitation of Christ.



Holy Childhood.



&rl., &rl.



Cló breághdha, páipeur maith, Clúdach cruinn agus
seasamhach, mar adeireann gach aoinne.



Luach íslighthe — 1/- go 18/-



An seachtmhadh cur amach le fághailt anois 61,000
cóip ar fad.



TREASURY OF THE SANCTUARY.



Leabhar Úrnaighthe.



Á chur in eagair ag Siúracha na Trócaire,
Sráid Stanhope, Baile Átha Cliath.



Royal 32mo. 5” x 3¼”.



Clúdaighthe go deas, i bpáipeur in Eudach nó i
leathair.



Luach ó 2/- go 9/-



Liosta le fághailt ach é dh'iarraidh. Gheibhtear na
leabhra thuas ó gach Siopa Leabhair agus Cráibhtheachta.



EASON AGUS A MHAC, TEO.,
Baile Átha Cliath agus Béil Féirsde.



URRÚS



De gach saghas agus ar na téarmaí is ísle
(tóiteán, bás, ciotarainn, gaduidheacht, cúiteamh
do lucht oibre, an triomhadh duine, tagharthas clainne,
gluaisteán, &rl.)



Deunamuíd gnó tríd an bpost i nGaedhilg.



RAMSEY AGUS RAMSEY,
32 SR. NASSAU, ÁTH. CLIATH.



Guthán 1009. Brócaerí Urrúis.



MUINNTIR PLÉIMEANN, GUALADÓIRÍ



I DTEACH LÁMH DHEARG,
9 SRÁID FHEARDORCHA THUAIDH,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Ceannuighidh bhúr gcuid guail ó Ghaedhealaibh.



Tá an gual is fearr le fághail uainn.



Buail isteach nó sgríobh go dtí an seoladh seo thuas.



Guthán 2723.


L. 189


IOLSGOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH



VI. (ar leanamhaint).



ÁR SCEULAIDHE.



Maran fíor an dá nídh seo i dtaobh óige
Mhicil is mar a chéile é mar go gcreideann sé
féin anois iad tá siad inniste chomh minic
sin aige. Chum na fírinne d'innsint thuit
rudaí ní b'eagsamhla amach air i rioth a
shaoghail. “Chait mé mo chuid a's mo chothughadh
a thaghda dhom féin ó chosain mo bhróga
tistiún,” ar sé sin. Thug sé go leor dá
shaoghal in a óige ag obair a “leite is
fiche 'sa tseachtmhain” d'fheirmeoirí agus
is é a labharfadh go cruaidh orra ar an lá
andiu. Bhí sé ag romha agus ag graphadh
dhóibh luath agus déidheanach in sioc agus in
annró, i bpluide agus in aingcise agus gan
de mheas air acht an oiread gus a bhí aca ar
a madra.



Chaith sé ocht mbliana dá shaoghal in Sasna
Nua. Cuimhnig air — an fear ná feudfadh an
oiread gus aon abairt amháin 'sa mBeurla
a thabhairt slán leis an méid sin blianta a
chaitheamh in Ameirca. Ag deunamh hataí a
bhíodh sé agus aon uair amháin theastuig
árdach pádh uaidh. Ní raibh an oiread Beurla
aige gus a iarrfadh an méid sin dó. Chaith
sé dul a's é d'fhoghluim. Bhí fear san obair
in a fhochair a raibh Gaedhealg aige agus
mhúin sé dhó cad a dheurfadh sé. Rioth sé
isteach go dtí an tÁrd-Bos (mar adeir sé
féin) maidin Sathairn gan hata, gan casóg:
— “More pay for Morrissey,” ar sé sin.
“You'll get,” arsaigh an maighistir, agus
fuair. Is iongantach na heachtraí atá aige
ar na h-Iodálaibh, ar na Iúdaibh, agus ar na
“Nigers” (mar a thugann sé ar na fearaibh
ghorma). Gheobhadh sé a bheith ag tabhairt
amach ar na daoine seo dhuit chomh tuigsionach
chomh éifeachtamhail le cuid de na feall-
samhanaibh is léigheanta amuigh. Ní raibh
leabhar ná léigheann aige acht an chiall agus
an mheabhair a mhúin Dia dhó. Badh dheas
leat suidhe síos cois teineadh leis seal
d'oidhche ag seanchus ar ghníomharthaibh an
tsaoghail agus ar mhailís daoine.



“Ar ól tú aon bhraon riamh, a Mhicil?”
adeir duine éigin leis.



“Inneosfa mise dhuit, mhuise, a Athair,
cad a chur dúil 'sa mbraon agam an cheud
uair. D'imthigh mé óm' mhuintir uair agus
d'fhan mé amuigh uatha ar feadh seachtmhaine.
Istoidhche Dhé Sathairn nuair a chas mé dubhairt
mó mháthair liom go raibh an t-aislín caillte
'on ocras:



“Is gairid a bheidh sé mar sin,” arsa
mé féineach: dá bhfuighinn-sé rud beag níos
déidheanaighe 'san oidhche é raghainn agus
bhainfinn beart aitinn dó. D'fhan mé go
dtí thimcheall an t-aon bhuille deug 'san
oidhche mar is chum é a ghuid a bhí mé. Fuair
mé mo bhilleog, mo mhútóg agus mo chórda
agus mharar bhaineas-sa beart níor tháinig
siar aniar fhós.



Ar mo chasadh dhom bhí sé an t-am mharbh
d'oidhche. Bhí an beart trom agus leag mé
ináirde ar chlaidhe an bhóthair é chum mo
reast a dheunamh. Cad a gheobhadh tharm ná
an sluagh. Bhí fear mór, árd, ruadh thiar i
ndeireadh an tsluaigh agus gach aon léim aige
d'iarradh coimeád suas leis an gcuid eile.



“Cad atá ort-sa?” arsa mé féineach
leis, “ná fuil tú chomh bríoghmhar leis an
gcuid eile?”



“Innseofa mise sin duit, mhuise,” ar
sé sin, mar nuair a bhíos-sa i m' thórramh
'sa saoghal a bhfuil tusa ann anois bhí
piadóirí éigin ag an tórramh agus ní
dheunfadh aon rud an gnó dhóibh gan snáithín
a cheangal ar mo dhá órdóig agus níor
chuimhnigh na mná a bhí im' chur 'sa chomhrainn
an snáithín a ghearradh agus sin é a chúis a
bhfuilim-se ag imtheacht mar seo.”



“Ní fheadar an bhfuighinn aon rud a
dheunamh dhuit?” arsa mé féineach leis.



“Gheobha tú,” ar sé sin. “Má thá scian
agat gheobha tú é a ghearradh.”



Bhí bun scinín i m' phóca agam. Chuaidh
mé amach i lár an bhóthair chuige agus chuaidh
mé síos ar mo leath ghlúin agus ghearraidh
mé an súaithín.



“Táim-se chomh bríoghmhar le haoinne 'sa
sluagh anois,” ar sé sin liom féin, “acht
caithfe mé cúiteamh éigin a dheunamh leat-sa
ar an mhaith atá deunta agat dom. Bí annso


L. 190


seachtmhain ó anocht; béimíd-ne ag dul go
Londuin an oidhche sin agus ní bhfuighmís an
gnó a dheunamh gan duine de d' leithéid-se
a bheith in ár bhfochair.”



D'imthigh sé leis annsin i ndiaidh na coda
eile agus chomh bríoghmhar le haoinne aca.



D'innis mé an sceul dom' mhátair nuair
a chuaidh mé abhaile.



“Ó, mhuise, Dia linn, a Mhicil,” ar sí
sin, “b'fhearr liom ná aon rud ná h-iarfainn
ort dul amach a chuigint, acht is dócha gur
rud é bhí id' cheann agus go gcaithfe tú dul
tríd.”



Bhí mé ann an oidhche bhí beartuighthe, 'san
áit cheudna a casadh an chead uair orm iad.
Is gairid a bhí mé ag fuireach leo nuair
d'airigh mé ag teacht iad agus bhí an fear
mór so in a ndiaidh aniar. Tháinigh sé chugam
féin agus thug sé hata dhom.



“Taimíd-ne ag dul go Londuin anocht
mar adubhairt mé leat,” ar sé sin, “agus
tiocfa tusa linn agus chífe tú radharcanna
ná faca tú riamh go dtí so. Cuimhnigh,”
ar sé sin, “go ndeunfa tú agus go ndeurfa
tú gach rud a chífe tú agus a aireocha tú
sinn-ne a dheunamh 'gus do rádh.”



D'imthigh mé leo agus ba ghairid gur airigh
mé iad ag rádh, “Éirigh a hata.”



“Éirigh a hata,” arsa mé féin, agus
ináirde liom 'sa spéir uachtarach. Bhíomair
ag imtheacht linn tré na réiltíní gur thúir-
lingeamair leath is muigh dhe stór óil i
gcathair Londuin thall. Chuadhmair isteach tré
pholl an ghlais; bhí an buadh ceudna agam-sa
gus a bhí aca san. Thosnuigheadar ag ól agus
dar ndóigh thosnuigheas-sa san ól leo. Ní
fhuil aon rud níos míoádhmharaighe do
bhogánach bocht, bog, óg, ná an droch-chuideachta
a chasadh air a Athair! Nuair a bhí mé féin
ag fagháil an óil gan dada dhein mé fiasta-
féasta dhé agus ar maidin nuair ab' am leo
san imtheacht ar ghlaodhach an choiligh bhíos-sa
sínte ar meisce idir dhá leath-bharraile.



Nuair a tháinig fear an stóir ar maidin
leag sé a lámh ar bharraille agus fuair sé
follamh é, agus leag sé a lámh ar bharraille
eile agus fuair sé follamh é; fuair sé iad go
léir follamh. B'ait leis cad a fhollamhaigh iad
agus gan an glas ná aon rud briste 'sa dorus.



Ar a ghabháil thimcheall dó fuair sé mé féin
sínte idir dhá leath-bharraile agus gan meum
ionnam. Thug sé abhaile leis mé agus tugadh
an t-árd aireachas dom gur tháinig mé
chugam féin.



Cuireadh triail orm agus daoradh chum me
a dhóghadh agus a chrochadh in aoinfeacht mé.



Nuair a tháinig an lá a rabhadh chum mé
dhóghadh agus a chrochadh bailigheadh fagóidí
móra sceach agus aiteann suas ar bharr
chnuic aird a bhí leath is muigh de Londuin.
Leagadh cairt siar ar na sáilíní agus cuireadh
stól beag isteach fé 'n dá leath-ladha.
Bailigheadh na fagóidí timcheall air agus
cuireadh mé féin in áirde ar an stól. Bí
mo dhá láimh ceangailte le n-a chéile ináirde
os mo cheann. Bhí dubhadh na gcnoc a's na
mbánta de dhaoine bailighthe ag feuchaint orm.



Díreach nuair a bhíodh chum mé a chrochadh
agus teine a thabhairt do sna fagóidí d'iarr
mé ar fhear na croiche mo lámh dheas a
scaoileadh chum go mbainfinn fioghar na
croise dhíom féin fé bhfágfainn an saoghal so.



Dhein, agus chuir mé mo lámh isteach i
bpóca m' oscala agus fuair mé an hata
ann. “Eirigh, a hata,” arsa mé féin agus
ináirde liom 'sa spéir, me féin agus an
chairt agus an stól agus na fagóidí, agus
seo gach aoinne ag teicheadh le n-a n-anam
mar ná feadaradar cá dtuitfinn féin agus
mo chuid achrainní. Marbhadh an-chuid daoine
ag teicheadh. Thuit amach gur anoir a bhí an
ghaoth agus shéideadh anoir mé gur thuit mé
thíos ar ché Phortláirge. Cúpla máirneulach
bhí ar an gcé a scur mé féin as na h-achrainní
agus tháinig mé aníos abhaile chum mo mháthair.
Tá sé dhe chreideamhaint agam-sa gur mé
an cheud máirneulach a sheol long-aer ó
Londuin go dtí an tír seo acht d'fhág cúrsaí
na h-aimsire an dúil 'sa mbraon agam.”



PÁDRAIG Ó CADHLA.



LÉIG “RÓISÍN BHÁN AN tSLÉIBHE.”



Scéal nua-cheaptha ó Peann Niocláis Toibín le fagháil
ó Comhlucht Ordeachais h-Éireann nó ó Nioclás Tóibín,
Ceatharlach. (Fógra).



GACH RUD ATÁ ACRACH D'OIFIG.



Tar go bhfeice tú an teasbántas díobh atá againn.



TYPEWRITERS



(Coracha Cló-Sgríobhadh).



“HAMMOND” (Gaedhealg agus Beurla ar an
maisín ceudna).



“Royal” (Leitreacha Gaedhealacha air).



Gach cóir chun mamraim agus cáipéisí oifige a
choimeád in eagar agus in órdú.



Duplicators — Rotary & “Rolo” -flat 55/- agus 75/-
(iomlán).



CONAN, MAULE & CO., 7 Crow st., Ath Cliath.



Guthán: 3319.


L. 191


DUAN AODHA MASSEIDH



.i. droch-dhuine den aicme sin, liútair,
noch do marbhuigheadh le piléar go toirmeas-
camhail.



SEÁN CLÁRACH MAC DOMHNAILL cct.



I.



San dtalamh fá leacaibh in Dún Trí liag,
Tán diabhal Aodh Masseidh, an feallaire, ag
daoil mar bhiadh
Gan chiall, gan fhearann, gan cheannas, gan luth,
gan rian,
A's n-a dhiaigh tá an t-sailm seo ag taisdeal
go h-úghain na bpian.



II.



Tá pianta ullamh, á chrochaire, reomhat-sa thíos,
I dteinnte ad' losca, gan sosadh, gan spás,
gan críoch
Is fior don phobal gur follus a's tá le
suidheamh.
Gurb é iríre a's osna na mbocht dfhág tú fá
liag.



III.



Fá liag mo dheacair, 'nár taiscigeadh thu i
dtúis do shaoghail
A chladhaire, chealgach cheachartha, chlamparach,
chlaon,
Díth-chirt dannarda damanta, thriail na Caoir,
Aníos ó Aceron sealad ag ciapadh Gaodheal.



IV.



Tá Gaodhil faoí ghradam ó leagadh go fann,
an fiadh,
Bhíodh fraocmhar, fallagtheach, gangaideach, gann
fán mbiadh
Nár ghéill do shneachta ná'n gall-síon aon
oidhche riamh
Gan iad do stracadh a's a leapthach fá gárda
dhian.



V.



Gan díon gan taise mo dheacair, gur fágadh é.
I gCré nár beannachadh le h-Eaglais, fáidh, ná
Naomh,
N-a spríata mharbh, gan tathag i gcómhrainn
gcaol
A's do thriail a anam san &a * a's tá sé daor.



* (Seo mar atá san M.S. ní fheadar i gceart cé an
focal é.)



VI.



Ba dhaor a's ba mhursanta é ar dhuine bhíodh
riamh ar fhághan.
Is braon d'uisce in a chistin ní bhfaghadh donán,
Deirc do luige ní thuigeach ná greidm d'arán
Is níl aon dár bhfuireann gh * doirs & * nach binn
a thásc.



* (Ní feadar cad tá annso).



VII.



A thásc le teachtaire tathaigeach ráinig mé,
Céad nach tug praitin an aiste nár básuigheadh é
Ach go gcualadh dhá canadh ag fearaibh dhá
chómharsain féin
Gurab é an diabhal a bpearsa Buchannan,
do lámhaigh le pléir.



VIII.



Do bhé an pléur do bfhéarr é do caitheadh in
Éirinn fós
Do thraoch an madra chanaig go tréith fén bhfód.
Ní baoghal do “Croppís” bocht' feasda
é ná aon dá corps,
Tá a théarma caithte a's ní danaid liom é ag
dreóghadh.



IX.



Ag dreóghadh, gan fuinneamh 'n-a chuisle ná
beodhacht in a bhaill,
Gan treóir, gan tuiscint, gan cumas, gan
céol, gan meidhir,
Gan ól, gan imirt, gan cuideachta spóirt ná
grinn,
A's, dar dóith, seo mittimus scríobtha le
“Stroinse an fheill.”



AN MITTIMUS.



A Shátain, glac-se an stracaire claon ar
neasc,
Fáisc a's ceangail a reathacha buidhe re gad.
Cuir gárda daingean ghá fhaire — a's bíodh air
glas
Fiadhaig air, a's teith dho, is seachain é ar
ghabáil amach.



A CHUIDEACHTA IN IFREANN.



Cuir lámh le Cailbhin, le Bagbhuil a's le Máud
an Spreas.
Friotháil an laisc air dhá chleachtadh fé
chineaghal a's teas.
Cé dhfág sé an baile go dealbh díoth-cháidheach
lag,
Bain cíos na h-aindheise bonn láithreach as.


L. 192


Ná glac air bannadh a's ná mealladh sé thu
le bréig.
Tá fineál leagthithe air ach caithfidh sé díol
gan staon.
Tá díotáil agam-sa air de gheasca robál'
a 's slaid
Is sásaigh t'aigne air tríos an domaiste ar
fad.



AN FEART-LAOÍ.



Sin fút a líog, an rioghtheach, cleasach, cam,
Cealgach coímtheach fíochmhar tugtha dfheall.
Malluighthe móideach millteach, gortach gann.
Creachaire, dílis, líomhtha chun feille gach am.



NÓTAÍ.



1. Masseidh: dritheár chéile do “Dáuson
liath” an Mittimus do b'eadh so.



2. Dún trí liag. Roilg cháileamhail lámh le
Gall-bhaile i gCo. Luimnighe a's ar teorainn
ghleann Eatharla. Is ann atá Cormach Cas,
Righ mór Dáil gCas curtha.



3. Bagbhuil: Bagwell. — Orangeman mór.
É n-a Árd-Mhaor ar Chluain Meala 1790-
1840 (circa).



4. Máud: Madra allta eile d'Orangeman
do thug finnéachta i n-aghaidh an Athar Síthe do
crochadh i gCluain Meala. I nDún Droma (Co.
Thiobrad Áran) lámh le Caiseal do bhí
cómhnuidhe air.



Sliocht láimh-scríbhinne le Eadhmonn Puirtéal
ó Chathair Dhún Íasca iseadh é seo. I nEanair
1854 do scríobh siúd é. Ón Athair Tomás
De Bhál, Béal an Átha, Co. Luimnighe, do
fuaireas-sa é.



SEÁN Ó GRUAGÁIN.



GLAINE GAEDHILGE: BINNEAS CEOIL:
SLACHTMHAIRE RINCE.



“BEIRT DHÉISEACH” — 3/6
(S. Ó CUIRRÍN.)



Cheithre sceulta ann:— “BEIRT DHÉISEACH” (nua)
ceaptha) agus aith-innsint ar “Rip Van Winkle” (Irving-
“The Long Exile” (Tolstoi), “The Indian's Hand”
(Stoddard); maille le ghluais i nGaedhilg agus cnuasach
adhbhar cleachttha'.



(arna fhoillsiú ag Comhlucht Oideachais na h-Éireann.)



“ROGHA AN FHILE” (Rince-Beirte) — 2/-
(T. Ní Ailpín do cheap.)



Tuarascbháil an rince ann i nGaedhilg agus i mBeurla,
agus an ceol i gcóir bheidhlíne agus clár-chruite. Buaidh
maise agus glaine air thar aon rince-beirte dá dtáinigh
chughainn thar lear.



Tá na leabhair sin fághail ag lucht siopann ó “Mhuintir
Dollard, Tigh an cló, Baile Átha Cliath.”



CUALLACHT COSANTA NA
GAEDHILGE.



Tháinig mór-sheisear fear i gcionn a chélle
i seomra iargcúlach in áit éigin i mBaile
Átha Cliath timcheall deich mbliadna fichead
ó shoin. 'Sé an rún a bhí aca acht an
Ghaedhealg a chosaint agus gan í leigint in
eug. Níor rioth aon rud níos aoirde leis
an dream a chuaidh i mbun na hoibre i
dtosach acht an leitridheacht a bhí 'sa teangain
a chonnladh agus a chur in eagar. Ní raibh
uatha acht an suim céadna a chur innte gus
a bhí sean-anndúirí ag cur i sean-fhothracha
na tíre. Bhí a rian air: chuaidh daoine in
achrann san obair ná beadh aon bhaint aca
leis an ngnó dá mba dhóigh leo go mbeadh aon
dath náisiúntachta ag gabháilt léi. D'éirigh-
eadar aiste nuair a tháinig an dath sin dí.
I dtosach na haimsire sin bhí Easbog den
Eaglais Gallda in a leas-uachtarán ar
Chraobh de Connradh na Gaedhilge i gcathair
Bhéil Feirsde. D'aistrigheadh go deisceart
na hÉireann é agus chuir lucht Chonnartha na
Gaedhilge san áit sin fáilte roimhe. Chonnaic
sé 'dé'n dath a bhí orra theas agus níor fheuch
sé thar tairsing isteach orra ó shoin i leith.
Is cuimhin liom gur chuaidh mé chuige uair
chum a chongnamh d'fhághailt don Chraobh a bhí
san áit. Dubhairt sé ná raibh sé sásta
leis an gcasadh bhaineadh as Chonnradh na
Gaedhilge le déidheanaighe .i. an Ghaedhealg
d' aithbheochain mar theanga náisiúnta.



'Siad na leictiúirí ar náisiúntacht a léigh
an Dochtúir ó Íceadha do na mic-léighinn i
gColáiste Maigh Nuadhat ó 1896 go 1899
d'árdaigh an Connradh suas amach ar bhóthar
árd an náisiúntachta. Smaointe Thomáis
Dáibhis a bhí mar bhunudhas aige is na léigh-
eachtaí seo. Chuir sé i dtuigsint go soiléir
dóibh an bhaint a bhí ag an teangain le
náisiúntacht. Bhí sé in a leas-Uachdarán ar
Chonnradh na Gaedhilge le linn na haimsire
seo agus 'sé is minicidhe a bhíodh ós cionn
a cruinnighthe den Choisde Gnótha. 'Sé a
cheap an cóiriughadh a threoraigh an Connradh
ar bhóthar a leusa ó shoin anuas.



Deallruigheann gur i mBeurla a bhí an
chaint idir an cheud mhór-sheisear agus go
ndubhairt duine éigin aca go mbadh cheart
“League” a chur ar bun chum na Gaedhilge


L. 193


a choimeád ón eug. “Is eadh,” arsaigh duine
eile, “Gaelic League.” Bhí “League”
ann do gach aon rud. Bhí “Land League,”
“League Of the Cross,” “Temperance
League,” agus mar sin agus cad badh chóra
a thabhairt ar seo ná “Gaelic League.”



Is eadh, acht, chaithfí na focail seo a bheith
i nGaedhilg.



Cuarduigheadh Foclóir Beurla-Gaedhilge agus
fuaireadh “League” ann agus “Connradh” a
chomhthrom den nGaedhilg ag gabhailt leis.
Dheunfadh sin an gnó, dar ndóigh, “Connradh na
Gaedhilge.” Daoine a dhéineann “connradh”
le n-a chéile. Ní féidir “connradh” a bheith
idir rudaí. An sórt sin ainmniughadh a
gheibhtear as an chaint a bheith 'sa mBeurla
an cheud uair agus annsin a chomhthrom focal
d' fhagháil do 'sa nGaedhilg. Fuaireamair an
amalaidheacht cheudna in “Deunta in
Éirinn.”



Is dócha ná fuighbheadh aon rud a bheith níos
aingcisidhe ná “Deunta in Éirinn.”
Airighimíd anois “An bhfuil sé deunta in
Éirinn?” “Tá sé deunta in Éirinn”;
&rl., &rl. Ní fheiceann cuid de na daoine a
fhoghluim an Ghaedhealg aon díoghbháil don
Ghaedhilg in a leithéid seo chaint. Ní headh
acht theastochadh uatha go ndeurfaimís “Tá
sé asal bán” chum na Gaedhilge a “shimpliú”
dhóibh.



Má is maith linn an fíor-náisiúntacht uasal
Gaedhealach a bhí ag ár sinsear romhainn a
thabhairt linn go glan caithfimíd gach aon
tréith atá 'sa teangain agus is an leitridh-
eacht a shaothrughadh agus a thabhairt linn.



Ba mhór an aimhleas don Ghaedhilg gur 'sa
nGalldacht a bhunuigheadh an “Connradh” so
an cheud uair. Dá mba 'sa nGaedhealtacht a
bhunófaí é bheadh fás na teangan go nádúrtha
againn, rud ná fuil anois. Ní baoghal go
mbeadh rudaí mar “Connradh na Gaedhilge,”
“deunta in Éirinn,” ná “Roinn na
Talamhaidheachta” againn mar Ghaedhealg.



Tá sé buailte go daingean, láidir, do-
scaoilte isteach i m'aigne go gcaithfear
cuallacht fíor Ghaedhealach a chur ar bun chum
na teangan agus a tréithe a chosaint ar na
feallthóirí atá ar a tí agus ar a tóir; ar
na daoine a bhrisfeadh agus a raobfadh í
agus a stracfadh as a chéile í agus ná fágfadh
brigh ná fuinneamh inte; na daoine a fhágfadh
gan teas fola ná cneasa í acht í d' fhágaint
go liobarsach leadhbach againn gan croidhe ná
cuisle dá cuid féin aici.



Tá an gluaiseacht go treun agus go láidir
taobh thiar den Ghaedhilg anois acht tá baoghal
uirre — baoghal basctha le Beurlachas. Bhí
an baoghal sin uirre le deich mbliadna fichead
anuas mar a chítear dúinn in tConnradh na
Gaedhilge agus deunta in Éirinn &rl.,
acht is seacht gcontabharthaighe an baoghal sin
anois uirre nuair atá gach aoinne d'iarraidh
í sníomhadh agus í chasadh.



D'iarrfainn ar na daoine a rugadh agus
a thógadh leis an Ghaedhealg agus ar dílis leo
gach féith dá croidhe agus dá corp labhairt
amach dá cosaint. Deurfainn féin go mbadh
ceart dúinn “Cuallacht Cosanta na
Gaedhilge” a chur ar bun láithreach bonn
fé ndeunfaí a thuille milleadh uirre. Dob'
fhuiris dúinn daoine maithe, údarásacha ó
gach aon cheanntar Gaodhalach a thabhairt i
gcionn a chéile a dheunfadh í chosaint ar
loitiméirí na haimsire seo.



Deir daoine gur ó Bhaile Átha Cliath amach
a Ghaodhalofar an tír seo arís; deirim-se
Gaodhalughadh leat más mar sin é. Sin é
an Gaodhalughadh ná beidh ann acht an plaosc
agus an croide cruaidh Gallda leath istigh
de.



Táim-se réidh chum an “Cuallacht cosanta
so na Gaedhilge” a chur ar bun má gheibhim
an congnamh ó na daoine gur meabhair leo
an Ghaedhealg a choiméad slán. Tá Cumann
na Múinteoirí Taisdil ann anois; rugadh
agus thógadh an chuid is mó dh-iobh so sa bhfíor-
Ghaedhealtacht agus tá an Ghaedhealg fíor-
nádúrtha aca agus cadé an cuspóir is uaisle
a gheobhaidís a chur rompa ná í sin a chosaint
mar a chosain a sinsear rompa í.



TADHG GAEDHEALACH.



ÁRACHAS



Polasaithe ar ghach
Cóirighthear le
fagháil.



CÁIN-IONCUIM



Cóirighthear Eilimh
Aisiocha, Reidhtighthe,
&rl.



AG



MAC DONNCHADHA & Ó BEÓLÁIN, TEÓ.
51 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH.



Guthán: 1106. Sreangán: Arrange, Dublin.


L. 194


AN GABHAR AGUS AN GRÁDH



Tráth éigin i gcaitheamh na Samhna anuiridh
fuaireas cuireadh chun sgoruidheachta ó locht
Craoibhe Bhaile na mBeach. Ní le h-ao' mhéid
liom-sa a thugadh an cuireadh sin dom, ach
bhí fhios ag Maidhc Mhicil go dian mhaith nárbh
bhaoghal go leogfaí Neans so 'gainne ann
gan mise bheith na fochair. Tuigeann fear
léighinn leath-fhocal. Bean ana ghéar-chúiseach
iseadh Mom.



Ach go h-áirighthe dhe, nuair a tháinig oidhche
na sgoruidheachta, bhogamair linn, me féin
a's Neans. Maidir liom-sa níor mhór mo
dhúil sa gnó. Bhí mo chúis féin agam leis
sin. Ag duine féin is fearr fios cá
luigheann an bhróg air. Mara dtéighinn ann,
ámhthach, bheadh Neans sa dromaigh orm an
chuid eile dom shaoghal. Thuigeas an méid
sin go ro bhreagh as ní raibh aon dul as agam.
Ní ciallmhar an rud do bhuachaill a dhriofúr
do chur 'na choinnibh, go mór mhór nuair a
bhíonn grádh fir óig sa sgéal.



B'olc a bhí na bóithre an oidhche sin. Deich
míle a bhí orainn. Ní fios an mó tuisle a
bhaineadh as a' mbeirt againn. Bhios féin
cráidhte, ach le gach tuisle gáire dhéineadh
Neans, cheapfá uirri gur go flaithis De
a bhí sí ag dul. Is iongantach an galar an
grádh. Agus dé'n diobháil dom aoinne eile
ach an seana-phusachán san, Maidhc Mhicil,
ná fuil a leithéid de thuathalánaí sa pharóisde.
Ach dá ndearfá é sin le Neans bheadh an luch
sa leanamhacht agat. Dá bhfeicfeá an aghaidh
a tháinigh do Mhaidhc nuair a chonaic sé chuige
an doras isteach an oidhche sin í, dheirfá
go raibh an cailín bocht as a meabhair agus
aon taithneamh do thabhairt riamh dá leithéid
de phlíoma. Ach cheap Neans, is dócha, ná
raibh a leithéid Mhaidc ann le breághthacht
agus le sgeimhamhalacht an oidhche sin ag
sgoruidheacht Baile na mBeach. Is geal
leis an bhfiadhach dubh a ghearrcach.



Ach ca'ilim ag caint. Bíonn a chuid féin
do'n mí-ádh i n-án do gach n-aon. Ní rabhas
leath h-uaire chloig ag an sgoruidheacht úd
nuair a ghoideadh mo chroidhe uaim. A
leithéid de chuaichín, a dhuine! “Ál — the
vaoys ó Bhlá Cliath” a dúbhairt Peaitsín
Bhill. Cé'r bhí fein í? Inghean driféar
do Jim Sheamais thuas. Dar fiadh! ach do
bhain a breaghthacht an anál díom. Bhí mo
chroide ar sgeanna chun labhartha léi, ach
dé'n fhághail a bhí agam air sin? Ní raibh
ógánach ag an sgoruidheacht ná raibh ar an
gcuma gceadna. Fiú amháin Maidhc Micil
thógas fé ndeara go raibh faillighe aige á
thabhairt do Neans agus an bhruinneall iasachta
aige á mealladh chun rinnce leis. Níor
phuinn torradh a bhí aici ar aoinne sa
chuideacht, ámhthach, dar liom-sa. Thug cléireach
bainnc a bhí ann iarracht ar í bréagadh, ach
b'amhlaidh a bhí sí ag magadh fé agus sa
deireadh d'éirigh se as an sgéal agus é go
leamh de féin.



Tráth éigin san oidhche 'n fhaid as bhí Fallaí
Luimnighe ar siúbhal ráinig dí bhéith ag rinnce
os mo chómhair féin amach, agus sa rinnce
dhúinn rugas ar láimh uirri. Dhein sí gáire
agus d'fhéach sí go modhail cneasda orm
agus, a dhuine, bhraitheas mo chroidhe ag
leigheadh istig ionam le grádh dhi! Nuair a
bhí deire leis an rinnce dheineas í thionnlacan
chun an bhúird agus bhí tae i dteannta chéile
'gainn agus d'éirigh ana chuidireamh eadrainn.
Be deire an sgéil gur dheineamair ionad
coinne lena chéile i gcóir tráthnóna a' lae
a bhí chúghainn. Socruigheamair go dtiocfaimís
le chéile ag an gcrois agus go raghaimís ag
siúbal amach bóthar na trágha.



Nuair a gheal an lá d'fhágas slán ag an
mbruinneall ó Bhlá' Cliath agus bhogas thar
n-ais abhaile le Neans. Ní ró-mhaith an
mheidhir a bhí ar mo dhriofúr bocht an mhaidean
san. Rud éigin a dh'éirigh idir í féin agus
Maidhc Micil i gcaitheamh na h-oidhche, agus
ní dhéarfainn ná gur bhí an t-óig-bhean o'n
gCathair fé ndeara an tubaist. Ach má bhí
gruaim ar Neans bhíos-sa agus ceolta sídhe
na cruinne am' chluasa agus mé ar meisge
agus ar mire le grádh.



DIXON & HEMPENSTALL



Fir Deunta Speuclairi



SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSCAILT GACH LA



Támuíd tréis na cóireacha is deidheannaighe
ceapadh chun gloiní (lensaí) chur i dtreo d'fhághail.



Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl



Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chugat é an lá ceudna.



SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.


L. 195


Ghluais an lá. Bhí an ghaoth adtuaidh agus
glais-reoidh seaca aige á dheánamh nuair a
bhogas thar n-ais go Baile na mBeach chun
mo shearc d'fheiscint ag an gcrois. Níor
chuireas féin suim i sioc ná i sneachta ámhthach.
Bhí mo chroidhe ag crónán am' chliabh le
aoibhneas. Níor bhfada gur bhuaileas an
t-sráid a's thógas fé ndeara mo dheárling
ar a' gcrois ag fanamhaint liom. Bhí sí
'na sgoth ceart, a dhuine agus níor thaise
domh-sa é. An colaith do b'fhearr a bhí agam
b'í bhí umam. Siúid amach sinn go righin reidh,
amach Bóthar na Trágha. Ba ghrádhmhar cneasda
ceanamhail na bréithre bhí eudrainn. Ní
cuimhin liom a leithéidh de mhóráil a bheith orm
riamh! Nuair a chídhinn an spéir a bhí ag
mo chumann agus an ghluaiseacht uasal a bhí
innti, thagadh mustar an domhain orm, agus
lionainn le taithneamh dí féin agus dá dreach.



Ach, ochón! níor bhfada gur bhaineadh geit
asainn! Ní raibh ao' chuimhne againn ar ao'
rud nuair a phreab chúghainn amach thar claidhe
pocán gabhair a bhí chómh mór le h-asal Thaidhg
Mháire. Nuair a chonaic mo dhearling é ní
foláir nú cheap sí gur bh'é an diabhail féin
aníos ó ifreann a bhí ann chuir sí a leithéid
sin de sgread aisti. Agus níor bh'aon
iongnadh san, mar pé fhaid dom féin am'
bheathaidh ní fheaca riamh a leithéid de deallramh
buille ar aon ainimhidhe. Bhí boláith uaidh a
leagfadh duine agus teine chreasa ag teacht
as a dhá shúil amach. Dhein an cailín óg
crúngcóg dí féin le sgannradh agus chuaidh
i n-achrann go lom a's go daingean ionam
féin. Bhíomair 'nár seasamh díreach ar
bruach díge a bhí lán d'uisge. Tháinigh mo
bhitheamhnach pocáin agus sheasaigh ar ár n-aghaidh
amach agus bhreithnigh go géar ar dtúis sinn.
D'fhanas-sa agus é féin tamall ag féachaint
ar a chéile isteach idir an dá shúil. Shleamhanaigh
an t-óig-bhean ar mo chúlaibh d'fhonn cosanta.
Ansan iseadh thárla an mí-ádh. Chuir mo
phocán a cheann san aer ar feadh nóimeait.
Ansan chuir sé dranna air féin agus tríd
an ndrannadh san amach tháinig sraodh feirige.
Le linn a dheanta san do bhuail sé buille
de chois leis ar a' dtalamh chómh maith is dá
mbeadh sé ag rádh: “Cé thug cead díbh teacht
an treo so?” Ansan d'fhan sé siar pas
uainn agus d'éirigh ar a dhá chois; d'éirigh
agus thug aon léim amháin as a chorp agus
d'aimsigh mé féin le n-a dhá adhairc díreach
isteach i mbun na putóige agus chuir me féin
agus mo dhian-ghrádh ó'n gcathair i n-ainim
philíní an diabhail isteach ar phléasg ár ndroma
sa díg mhór uisge. D'éirigheas féin agus
mé caoch dáll ag dríb as múnlach agus thugas
iarracht ar mo ghrádh geal do tharraingt liom
amach agus í saorad ó bhádh as ó mhúchadh. Ach
níor thúisge am' sheasamh mé ná go rabhas
aimsighthe airís ó'n dtaobh thiar ag an bpocán
agus mé caithte ar bhior mo chinn airís isteach
sa díg ar bhathas na mná. Agus do lean an
sgéal ar a gcuma san, mise ag éirighe agus
an pocán am' leogadh agus an cailín óg d'á
múchadh, nú go rabhamair ndeireadh an anama.
Fé dheire tháinig beirt fhear an treo agus
lámhuigheadh an pocán agus cuireadh ceangal
air. Tharraingeadh mise agus mo spéir-
bhean amach as a ndíg agus gan aon eighre
orainn ach dhá fhranncach bháidhte. Deirimse
leat má bhí teas an ghráidh ag imirt orainn
ná raibh an pocán gabhair úd i bhfad ár
leigheas. Is beag orainn a chéile riamh ó
shin. Deir an óig-bhean gur duine meaite
mise nár thug fé'n bpocán ó thúis. Ach is
fusa rud a rádh na é dhéanamh.



AN MÚINEADH.



Seacnuigheadh lucht gráidh pocán um Samhain.



“TRAOCHTA.”



ÚIRLISÍ
le haghaidh gach ao' Céird.



RÁSÚIR
le haghaidh gach ao' saghas
feusóige



SGEANNA
le h-aghaidh gach ao' tighe.



DEUNTÚS NA h-ÉIREANN
(más féidir)



MCQUILLAN,
35 & 36 SR. CAPEL, ÁTH CLIATH.


L. 196


AN BATA FUINNSEOIGE



CUID D'Á CHUID EACHTRAÍ.



Bata breagh fuinnseoige a bhí ann. Ceann mór
téagartha láidir air agus muinéal reamhar lúbtha.



Chonnaic mé é in a luighe ar an bhóthar agus é briste.
Bhuail mo chos in a aghaidh agus leig sé osna as.



Annsin d'innis sé an sgéal seo damh:



Thiar annsin d'fhás mé suas, tá sé trí bliadna anois
ó bhí mé go h-aoibhinn sóghach agus go h-aereach ag
luascadh le gaoith gach lá no go dtáinig an bodach agus
ghearr anuas mé. Bhidhinn amuigh faoi dhoinnean 's
soinnean agus thaithin an saoghal go breagh liom. 'San
Gheimhreadh is minic an fhearthainn do mo fhliuchadh agus
an ghaoth mhór dom' bhascadh go neamh-thrócaireach. Acht
nuair a thigeadh an t-Earrach bhíodh an smaolach agus
an spideóg in a suidhe thuas orm no ar chraoibh os mo
chionn in áirde agus iad ag cur fáilte roimh áth-óigeadh
na bliadna. I moch na maidne agus le luighe na gréine
ba bhinn liom a gceileabhair. I ndorchadhas na h-oidhche
bhidhinn uaigneach beagán acht bhí mórán comradaidhthe
in aice liom ar an chrann agus bhídhimíst ag cogarnaigh
le chéile. Le h-eirghe gréine san oirthear thigeadh áthas
agus meidhir orm óir tchínn gach rud thart orm agus
chluininn gach ceol agus torann. Tchínn an lon dubh
agus chluininn a chuid ceoil, agus tchínn an bhean le
n-a crúiscín ag teacht ag bleaghan na mbó san pháirc
in aice liom.



Ó ghearr an bodach anuas mé trí hliadna ó shoin bhí
saoghal an-chruaidh agam. Indiu bhris a ghiolla mé agus
chaith uaidh mé ar an bhóthar annseo.



Fear é go mbíonn a chuid gnaithe ar aonach agus ar
mhargadh agus a bhíos ag taisdeal ó áit go h-áit.
Iomdha sin bó bhocht agus capall breagh gur thug mé
buille dóbhtha. Ní de mo dheoin fhéin dheininn é acht le
fuinneamh na láimhe go rabh mé in a glaic.



AR AN TRAEN.



An chead aisdir a bhí agam leis an bhodach úd b'é
turus ar an thraen go dtí Baile an Dúin.



Fear beag reamhar tiugh a bhí san fhear sin agus ó
bhí sé beagán ró-throm sa chorp do na cosa a bhí faoi
luigheadh sé go h-an-throm orm-sa uaireannta. Shiubhail
sé leis maidin go moch go dtí stad na traenach agus
mise in greim glaice aige. Bhí triur no ceathrar fear
eile cosamhail leis annsin agus bata ag gach duine
aca. Bheannuigheadar d'á chéile sa chainnt is gnáthach
le ceannuidhthe bó agus muc beannú d'a chéile. Cainnt
gharbh árd. Nuair a fuair siad a gcuid ticéad shiubhail
siad suas agus anuas ar árdán stad na traenach no
go dtáinig an traen. Isteach leobhtha annsin san
charáisde amháin. Bhí a phíopa saithte i mbéal gach aoinne
aca agus iad uilig ag tarraint asta go láidir bréan.
Bhí an caráisde lán toite agus na fuinneóga druidthe
go daingean docht. Is beag nár múchadh mé ar a'
bpoinnte sin. Ní rabh aon taithighe agam ar a
léithid d'áit phlúchta. Tháinig saghas tinneas cinn
orm ó bheith druidthe plúchta astoigh annsin. D'amharc
mé ar na bataí a bhí ag na fir eile acht ní rabh aon
chorabhuais ortha-san no tré-na-chéile. Is dóighthe go
rabh siad-san cleachtuighthe go maith leis, ó bheith tamall
maith ag gabhail de n-a léithid. Acht mise bocht! Shaoil
mé nach mbéidhinn beo leath-uair ann. Sin an t-am
is mó chrothnuigh mé mo shaoirseacht. Tháinig chugam
smaointí aoibhne ar an am dheas shláinteamhail a bhí
agam amuigh faoi'n spéir agus ag luasgadh liom go
bagartha le gaoith ghlain faoi thaithneamh na gréine. Bhí
éad orm agus tnuth agam in mo chroidhe do mo chom-
rádaidhthe a d'fhág mé in mo dhéidh ar an chrann bheag
cois chlaidhe na páirce. Nach ortha-san a bhí an t-ádh
gan an chinneamhaint cheudna a bheith indán dóbhtha 's
bhí indán damh-sa! Nár bh'mhéanair dóbhtha-san bheith
ag éisteacht le méidhlighe na gcaorach 's le géimnighe
na mbó agus le canntán na n-éan seachas bheith mar bhí
mise — astoigh faoi ghlas i gcaráisde plúchta. B'é
seo an chead mhaidin damh ó rugadh me gan eirghe na
gréine 'fheiceal. B'é seo an chead lá gan a cuid teasa
dom' ghoradh, agus gan amharc agam ar néaltaí neimhe
ag bogadh leo siar no soir roimh an ghaoth chaoin chaomhail.
Is beag a shaoil mé an tráth seo indé agus mise in
áirde ar an chlaidhe ag féachaint anuas ar na neóiníní,
ar na buachailleáin bhuidhe agus ar bhlath gheal na
scéachóige go mbeadh mo shaoirseacht bainte díom chomh
h-obann, agus go mbéinn — go mbéinn mar tá mé anois.
Faraor géar! Nach mbeadh cead agam pilleadh ar
ais aríst? No cá rabh mo thriall?



FEAR NA CASACHTA.



Bhí na fir ag cainnt agus ag gáiridhe go garbh tiugh
acht is beag ar thuigeas d'a gcuid cainnte toisg an
meaghraim agus an tinneas a bhí in mo chionn.



Bhí mé in mo sheasamh idir dhá ghlúin an fhir bhig reamhair
agus greim aige ar mo chionn le n-a dhá láimh. Anois
agus aríst leigeadh sé é féin anuas orm díreach 's
mar bheadh sé a' leigint a sgíste. Uaireannta eile
thógadh sé mé in a leath-láimh agus d'árduigheadh sé mé
mar bheadh sé ag iarraidh orm-sa rud éigin a bhí dhá rádh
aige a dheimhniú agus a chruthú.



Fa dheireadh stad an traen, fosgladh an doras agus —
ó! tháinig puf breagh gaoithe isteach chugain a thóg mo
chroidhe. “Buidheachas do Dhia!” arsa mise im'
aigne féin. Acht níor bhfada gur druideadh aríst é.
Tháinig fear mór brúideamhail isteach. Bhí cóta mór
bréidín air agus a bhóna druidthe thart fa n-a scórnach.


L. 197


Bhí bata i bhfad níos mó ná mise in a láimh aige agus
bhí sean-dúidín greimighthe in a ghob aige. Bhannuigh sé
do'n triúr a bhí ann. Bhí aithne aca ar a chéile, dar
liom. Bhí droch-chasacht ar an fhear mhór seo agus bhí
sé síor-iarraidh rud éigin a thligint amach no a
tharraint amach no a thiomaint amach as a chléibh rith an
bhealaigh. Eadar bheith ag cainnt, ag casachtaighe agus
ag diuil as an t-sean-dúidín bhí ag dul go teann cruaidh
air.



Ag cainnt ar bheithigh de ghach seort bhí na fir seo.
Ba, gearráin, muca, colpaigh, bearaigh, bainbh, bulóga,
mairt — go fiu na n-asal féin. An luach a bhí ar gach
cionn aca sin agus an áit a b'fhearr agus ba shaoire
ceannach a dheanamh ar gach cineal aca. 'Sé thuig mé
ó n-a gcuid cainnte ná gur saoire díoltar ba bainne
agus asail ar aonach Bhaile an Dúin ná ar aonach ar bith
eile. Gur bhfusa gearran maith fhághail saor ar aonach
an Chamlocha ná ar aonach na Maighe féin. Dubhairt
fear aca gur cheannuigh sé muca ar aonach na Croise
agus an luach a thug sé ortha nach bhfoigheadh sé ar a dhá
oirid sin iad dá mba ar aonach an Iubhair bhí siad dhá
ndíol.



BEAN NA mBUIDÉAL.



Agus mar sin de no gur stad an traen aríst.
D'eirigh an ceathrar agus — buidheachas do Dhia — fosgladh
an doras agus amach leobhtha. Bhí mé amuigh faoi'n
spéir aríst, agus — bhí na píopaí curtha i dtaisge ag
na simleóirí daonda.



Áit mhór do b'eadh an stad traenach úd — i bhfad
níos mó ná an stad ó n-a dtainigheamar. Tháinig sluagh
maith daoine amach as na caráisdí agus bhí ag bogadh
leo féin go deifreach. Bhog ceathrar-na-mbataí ar
a suaimhneas agus amach síos an t-sráid. D'fhág siad
an t-sráid go h-obann — isteach ar dhoras deas ornaideach
de thoigh mhór. Shiubhail siad isteach gan aon chnag a
bhualadh ar an doras. B'iontach liom sin. Stráinseirí
ag dul isteach i dtoigh dhuine eile gan de dheagh-mhúineadh
ortha cead iarraidh no fógra éigin a thabhairt.



Bhí bean óg árd san áit agus chuir sé fáilte rómpa
i mbeannacht dheas chroidheamhail. Bhí sise agus mar
bheadh bord mór árd eadar í féin agus an t-slighe isteach.
Chuir sé iontas orm an méad buidéal 's bhí thart ar gach
aon thaobh san áit sin. Caidé an gnaithe a bheadh ag
bean leis an méad sin buidéal — na céadthaí aca !
No caidé bheadh ionnta? Ní rabh acht cúpla ceann go
rabh rud éigin ionnta cosamhail leis an uisge go mbíodh
na ba 'ghá ól as an umar san pháirc. Bhí dath buidhe
agus dath dearg agus dath dubh agus dath an óir ar an
chuid is mó aca. Chan fhaca mé buidéal ar bith a rabh
dath an bhainne air. Thabhairfinn fa dtear é agus
d'aithneóchainn ar a' bpoinnte boise é dá mbéadh a
léithid ann. Nach minic a chonnaic mé an canna lán
de ag bean blighte na bó báine san pháirc úd agus mise
ag amharc síos uirthí ón chlaidhe !



Sheas na fir ar an taobh i bhfus de'n bhord árd agus
leag cuid aca a lámha no a leath-láimh air. Sheas an
óig-bhean díreach os a gcomhair ar an taobh thall de. Bhí
bratóg in a láimh aicí-se agus chuimil sí do bharr an
bhúird é. Thárluigh gur árduigh Learaidhe (chuala mé
na fir eile ag tabhairt Learaidhe ar mo mhaighistir-se)
thárluigh gur árduigh sé mé leis an láimh a rabh sé ag
tochas a chinn léithi agus chonnaic mé rian agus lorg
ar an bhórd mar bheadh fáinní fliucha sul ar chuimil an
bhean agus scuabh as radharc iad isteach san bhratóig.
Chuir fear an chóta mhóir ceist ar an triúr eile caidé
bheadh aca. Dubhairt gach duine aca rud éigin nar thuig
mé i gceart acht cuid de. D'áirigh mé an focal
buidéal. Cuireadh dhá bhuidéal dhubha agus gloiní ar
an bhórd agus dhá ghloine bheaga gan cuideacht bhuidil
ar bith. Ba mhór an deifridheacht, dar liom, eadar
méid na ngloiní. Nuair a líonadh an gloine mór bhí
oiread stuf dubh ann 's a dhéanamh cupla duisín de na
gloiní beaga a líonadh. An stuf a bhí ins na gloiní
beaga bhí sé beagnach ar dhath an óir — líon an bhean óg as
cionn de na buidil adaí a bhí ar a cúl iad.



D'óladar ceathrar. “Arís,” arsa mo mhaighistir-se,
agus ní túisge dubhairt ná bhí na gloiní beaga líonta
an dara uair agus dhá bhuidéal de'n chineal dubh cheudna
leagtha ar bhórd dóbhtha. Tugadh airgead geal do'n
bhean ar son na dighe ,agus b'iontach liom sin. Is minic
a chonnaic mé bean na bó báine amuigh san ghort agus
canna mór bainne aicí agus í ag tabhairt na ndeach do
na fir oibre a bhíodh ag déanamh an fhéir no ag baint
an choirce — agus cha dtugadh siad aon airgead dí am
ar bith. Seadh! agus ba mhinic arán agus im air agus
tae aicí 'á dtabhairt do na fir cheudna — a lán sáith
díobhtha — agus gan pighinn ruadh fhághail ar a son.
B'iontach liom airgead geal bheith 'á dhíol ar son na
dighe seo. Acht b'fhéidir gur mar gheall ar an dath
a bhí air.



AR AN AONACH.



D'imthigh as an toigh sin agus níor bhfada go rabhamuid
in áit a rabh na céadthaí beitheach de ghach seort. Bhí
a lán daoine ann fósta. Shaoil mise ar dtús go rabh
duine le gach beitheach ann acht chan mar sin a bhí. Thug
mé fa dtear go mbeadh fear amháin agus trí no ceithre
cinn de bheithigh aige. Áit eile bheadh sean-fhear agus
a bhean agus a mhac 's gan acht an bhó mhaol aca. Chonnaic
mé beirt stócach agus naoi gcinn déag de bhulógaí aca
— agus deirim leat gur bh' aca-san bhí an rith-réatail
anonn 's anall ag iarraidh na beithigh sin a choinnilt ar
an bhall. Bhí hataí aca agus dar m' fhocal char mhaoidh
mé dóbhtha an leadráil a bhí aca le déanamh. Chluinfeá
an craic-craic ar chnamha na mbulóg bocht dá mbéidhtheá
leath-bhodhar.


L. 198


Acht bhí Learaidhe agam-sa scartha ó'n tríur eile fa
seo. Bhuail sé suas le fear a rabh greim ar chapall
aige. Thóg sé mise os a chionn, gan aon fhocal a rádh
no fógra a thabhairt, agus bhuail sé anuas ar dhruim an
chapaill mé. Mhothuigh mé an buille go mór. Nuair
a theaghmhaigh druim an chapaill agus mé fhéin le chéile
shaoil mé go mbrisfinn in mo dhá leath. Acht is é an
capall is mó mhothuigh troimeas an bhuille sin. Phreab
sé agus thóg an dá chois deiridh in áirde. B'éigin do'n
fhear a ghreim a theannadh ar an bhéalmhach no bheadh an
capall sin imthighthe ar fud an aonaigh. Bhí eagla orm
go mbeadh achrainn agus troid ann eatorra agus go
ndéanfaidhe úsaid díom-sa chun é shocrú, acht ní rabh.
Thuig mé nach rabh ann acht nós — nós ceannuidhthe capall.



“Cá mhéad air?” arsa Learaidhe. “Deich 's fiche
punt,” ars an fear.



“Cad chuige nár iarr tú céad punt air!” arsa
Learaidhe — “bhearfaidh mé fiche punt duit.”



“Asal atá uait,” arsa an fear. D'imthigh Learaidhe
— agus mise.



Níor bhfada chuaidh gur bhuail sé de bhuille mé ar
dhruim chapaill eile. Bhí an buille seo i bhfad níos
truime ná an buille eile. Shaoil mé go rabh mé sgoilte.
Díreach ar chnáimh dhroma an bheithigh tháinig mé anuas.
Phreab an capall agus thlig aniar an dá chrúb mar
tligfidhe urchar as gunna. Dhóbair gur fhág sé lorg
an dá chrúb sin ar easnacha colpaigh a tharluigh in a
sheasamh in a aice. Níor bhaoghal do Learaidhe — ar
leath-taobh sheasochadh seisean nuair a bheadh sé ag
tabhairt smailc do bheitheach. Chaith sé tamall annsin
ag breathnú ar an chapall sin agus 'ghá scrúdú ar gach
aon dóigh. D'fhoscail sé a bhéal agus d'amharc as a
chuid fiocal. Tharraing sé a rioball. Chuir sé a lámh
ar a rúitín agus chuimil sé síos suas é. Bhuail sé
buille beag trasna ar lorganaí na gcos tosaigh. Chuir
sé a lámh ar a bhleana. Bhain sé statadh as a mhuing,
agus mar deireadh leis an scrúdú bhuail sé trí buillí
díom-sa go géar gasta trasna ar an druim air. Rith
an fear siar agus aniar leis cupla bobhta agus é ag
gabhail dó de'n stumpa bata a bhí aige.



Fhad 's bhí seisean 'ghá dhéanamh sin sheas Learaidhe mar
bheadh sé ar a leath-chois agus mise in mo thaca aige
ar an taobh eile. Is beag nár bhris sé mé, bhí mé dhom'
lúbadh faoi, agus ach' a b'é an roighneas a bhí ionnaim
bhéidhinn in mo bhruscar. Acht nuair a d'fhill fear an
chapaill tógadh an meachan díom arís.



AG DÉANAMH MARGAIDH.



Bhí cainnt chruaidh gharbh ag an bheirt aca
annsin ar luach gur bh'fhiu an beitheach.
B'iontach liom an difridheacht mhór a bhí eadar
barramhala na beirte agus a rádh go rabh eolas maith
aca beirt ar luach capall cheana. An méad gur bh'fhiu
le fear an chapaill é ba leór é, dar le Learaidhe,
cuingir chapall a cheannach. D'iarr an fear cúig
punnta 's dhá scór air. Thairig Learaidhe cúig déag
's fiche dó. Chuir sé beagán de bhreis leis acht ní
ghlacfadh an fear pighinn níos lugha 'ná an méad úd.
Thairig Learaidhe trí punnta eile — ocht déag 's fiche.
Ní bhogfadh an fear. Caidé thárluigh annsin acht go
dtáinig fear an chóta mhóir thart. Níor leig sé air
gur aithnigh sé Learaidhe 'chor ar bith. “Caidé an
luach air?” ars eisean. “Cúig 's dhá scór,” ars
an fear. “Humh!” arsa fear an chóta mhóir — “nach
nglacfá trí céad go leith air!” agus iarracht de
sgigilt taircuisne aige. Annsin d'amharc sé ar
Learaidhe. “Gabhaim pardún agat, a dhuine uasail,
acht b' fhéidir go bhfuil tusa ag ceannach an chapaill
seo.”



“Ó, gabh leat, a dhuine chóir,” arsa Learaidhe, agus
é ag cainnt mar bheadh stráinséar.



“Bhearfaidh mé fiche punnt air,” arsa fear an
chóta mhóir.



“Gheobhainn níos mo ná sin ar a chroiceann,” arsa
fear an chapaill.



“Cúig 's fiche!” ars an ceannuidhe mór — agus é
ag casachtaighe in dhéidh gach focal.



“Tairgeadh ocht déag 's fiche damh cheana air,” arsa
an díoltóir.



“Muise, cé an t-amadán thairg an méad sin duit
ar chonablach beithigh mar sin!”



“Mura maith leat an beitheach ar an luach,” ars an
fear, “ná bac é — agus ná h-aibhsigh é, le do thoil !
Chan ar son magaidh a tháinig mise ar an aonach indiu,
bíodh 'fhios agat!”



“Má tá tusa 'á cheannach,” ars eisean le Learaidhe,
“tá brón orm chur isteach oraibh. Acht bhéidhinn fhéin
sásta deich 's fiche a thabhairt air — agus dheamhan leath-
phingin níos mó.”



“An bhfuil tú sásta le mo thairgsint?” arsa
Learaidhe.



“Bhearfaidh mé ar an dá scór chothrom,” ars an fear.



“Caidé tá eadraibh?” arsa fear na casachtaighe.



“Tá dhá phunnt,” arsa Learaidhe — “acht ní'l fhios
agam anois an dtabhairfidh an méad sin dó 'chor ar
bith.”



Thusaigh siad annsin ar bhosa na lámh deas a bhualadh
ar a chéile mar bheadh páisdí óga ag imirt “na h-ailt
is cruaidhe.”



Fa dheireadh fuair sé an capall ar an ocht déag 's
fiche, acht b'é fear an chóta mhóir a shocruigh an margadh.



CLEAS NA CEÍRDE.



Cheannuigh sé cúpla capall eile an lá sin agus thug
mé fa dtear go rabh duine éigin de'n triúr eile i
gcomhnuidhe ann chun an margadh a chríochnú. Ar theacht
a bhaile san traen dóbhtha bhí Learaidhe ag maoidheamh as
na capaill mhaithe a cheannuigh sé. An beitheach úd gur


L. 199


thug sé ocht déag 's fiche air dhíol sé tamall beag in
a dhéidh sin ar ais é ar cúig 's leath-chéad punt. Agus
b'fhíor é. Chonnaic mé fhéin é 'ghá dhíol. Agus a
léithid de mholadh thug sé as an chapall sin! An capall
ceudna go rabh sé 'ghá cháineadh uair a chluig roimhe sin.



D'innis sé do'n duine a cheannuigh é go rabh sé aige
ó rugadh é. Gur ab é fhéin a h-oil é agus go rabh a
mhathair sa mbaile aige in a láir bhreagh dheagh-chumtha
go fóill. Gur dhíol sé dreatháir dó athrú anuiridh ar
cheithre scóir agus gur fearr fa dhó an cionn seo ná
é. D'innseochadh Learaidhe a lán rudaí mhar sin nach
rabh an fhírinne ar fad ionnta.



CNÁMH DHROMA ASAIL.



Acht, a rúin mhilis, tá mé annseo ar ais faoi'n spéir
aríst agus gidh go bhfuil mé leonta thar léasú go bráth
b'fhearr liom bheith mar seo agus mo shaoirseacht agam
ná bheith mar bhí mé leis na trí bliadna atá caithte.



'S caidé mar thárluigh an briseadh sin duit? arsa
mise.



Bhail, ars an bata, tá giolla beag ag Learaidhe
agus thar a bhfaca tú ariamh 'sé an galaidhe críochnuighthe é.



Dubhairt Learaidhe leis greim 'fhághail orm-sa agus
na ba a thiomáint amach san pháirc. Bhí na ba ag siubhal
socar go leór ar an bhóthar acht cionn óg bradach amháin.
Thusaigh síse ag baint cor-ghreim de'n fhéar a bhí a' fás
ar thaoibh an bhóthair. Thusaigh an giolla 'ghá leadráil
go milltineach neamh-thrócaireach. Bhí sé sin dona
go leór orm-sa acht nuair a tháinig Paitsí beag ó Cuinn
aníos agus é ag marcuidheacht ar mhuin asail chuir sin
deireadh liom-sa. Bhuail sé an t-asal bocht sin mar
bhuailféa punnan coirce le súiste. An fuaim a bhain
sé as a chuid asnach chluinféa leith-mhíle ar shiubhal é.
Agus — ó! 'siad a bhí cruaidh! Chomh cruaidh le
h-iarann. Bhuail sé sa chionn é; bhoail sé sa druim
é; bhuail sé sa muineal é; bhuail sé sna guailne é —
agus bhuail sé in gach bhall d'á chorp é. Cha dtearn an
t-asal bocht acht na cluasa agus an ruball a bhogadh,
agus mharbhochadh sé trí capaill an bualadh a fuair sé.
Acht an buille a bhris mise ba bhuille trasna ar cnaimh
an droma é. Anuas díreach tháinig an buille sin agus
bhí an cnámh chomh lom géar sin go ndearn sé dhá leith
díom-sa. Agus féach! ní'l acht píosa beag de'n
chairt do mo choinnilt le chéile. Agus tá cuid d'fhionnadh
an asail greimighthe damh go fóill.



Ní'l fhios agam an é mo bhuidheachas no mo mhallacht
atá tuillte aig an giolla úd. Is fearr liom mo
shaoirseacht mar tá mé ná mo dhaoirseacht mar bhí mé.
Tlig amach thar an fháil san pháirc mé, le do thoil, mar
a gcluinfidh mé ceileabhair na n-éan agus géimneach na
mbó feasta.



Agus rinne mé rud ar an bhata fuinnseóige.



“CÚ CHULAINN.”



FOGHAIR NA GAEDHILGE



CEACHT A VII.



CONSONA AG CAILLEAMHAINT AN
FHOGHAR-GHUTHA.



(A)



Tá a fhios againn anois go bhfuil foghar-
gutha ag gabháil le “B” agus “M”;
le “D” agus “N”; le “G” agus le
“nG.” Cailleann cuid aca an guth sin go
minic, bain an guth as “B” agus beidh
“P” agat; bain an guth as “M” agus
beidh “P” agat (ní chailleann sé an srónghail
má iseadh); bain an guth as “Bh” agus “F”
a bheidh agat. Má chailleann “D” a ghuth
“T” a bheidh agat; agus nuair a chailleann
“G” a ghuth “C” atá againn.



Cad is ciontach leis an ghuth sin a chaille-
amhaint? Inneosa me é sin duit — foghar
“H” a bheith taobh leis an gconson. Bíoin
foghar “H” agat in “Th,” in “Ch,” in
“F” san am fháistineach agus san am
choinghiallach. Feuch na focail seo:—



Focail Foghair



b leabthan p leapthan



b leadhbtha p leadhpatha



bh lobhtha F loftha



mh líomhtha f líoftha



m timcheall p timpal



d goidthe t goitithe



g tréighte c tréicithe



g fágtha c fácatha



g cluightheach c cuilctheach



bíonn an
sronghail ag
rith tríd an
bhfocal ar
fad.



(B)



AN BRISEADH IDIR DHÁ CHONSON.



Is é nádúir na Gaedhilge go mbíonn
briseadh go minic idir dhá conson nuair a
rángann dóibh a bheith i bhfochair a chéile i
bhfocalaibh. “Sear-ubh” agus “gar-ubh”
adeirtear do “shearbh” agus do “gharbh”;
“ana-mhaith” adeirtear do “an-mhaith” acht
feuch ná deirtear “ana-olc” acht “an-
olc”; adeirtear “seana-bhean” do “shean-
bhean, acht sean-fhear adeirtear.



Feuch leat annso:—



Focail Foghair



bogtha bocatha



tréigthe tréicithe.


L. 200


fágtha fácatha



ciaptha ciapatha



gnó gunó



sloigthe sloicithe



goidthe goitithe



FOGHAIR DHÁ GHUTHA.



Dobh fhéidir an méid seo i m' dhiaidh a bheith
ann:—



ae ai ao au
I I I _



ea ei eo eu
I I I 2



ia ie io iu
2 _ I I



oa oe oi ou
_ _ I _



ua ue ui uo
2 _ I _



Tá line fé gach ceann ná fuil in úsáid
againn; ta (I) fé gach foghar aon 'gutha agus
(2) fé gach foghar dhá ghutha.



Foghair aon ghuth is eadh — ae, ai, ao, ea,
ei, eo, io, iu, oi, ui.



Foghair aon ghutha iseadh — ae, ao, eo acht
tá siad fada. Ní gábhadh aon síne a chur
ós a gcionn.



Foghair dhá ghutha iseadh — ia, eu, ua.



Fial = fí + ul ceol = c (caol) + ól.



beul = bí + al gaol = g (leathan) + é



buan = bú + an + l (leathan)



Fail = fa + l (caol)



fear = f (caol) + ar,
ceil = ce + l(caol), agus mar sin.



Bíotar ag cur “síne” ar an “o” in
“eo” acht ní gábhadh é.



Thug muintir na nDéise “eu” leo insan
áit a thug Corcaighigh agus Ciarraidhigh “ea”
leo. Foghar dhá ghutha atá annso ag Déisigh,
foghar aon ghutha ag Corcaighigh agus Ciarraidhigh.



Bíonn éi, agus ái, éa, &rl., dá leithéidí ann
acht ní fhuil ionnta nach foghair aon gutha .i.
an foghar a bhfuil an “síne” air. Chum
leathnughadh nó caolughadh a chur i dtuigsint
is eadh an dara comhartha gutha in a leithéidí
seo.



FOGHAIR TRÍ GHUTHA.



Ní fhuil ann díobh acht — iai, agus uai.



Ní fhuil in scríobhadh mar seo .i. aoi, eoi,
eái, iui acht foghair aon ghutha — chum an caolughadh
nó an leathnughadh a chomhthromughadh iseadh an
cuid eile.



Feoil = F (caol) + ó + l (caol)



Sheáin = Sh (caol) + á + n (caol)



ciuin = c (caol) + ú + n (caol)



caoin = c (leathan) + í + n (caol).



Ní fhuil in “iai” agus “uai” ach foghair
dhá ghuta acht an oiread.



Liaiagh = lí + a + gh (caol)



fuair = fú + a + r (caol).



PÁDRAIG Ó CADHLA.



GACH CINEÁL
EARRAÍ UM CRÁIBHTHEACHTA



PAIDRÍNÍ, SGABAILL,
BUINN, DEILBH, PICTIUÍRÍ



C. BULL, LTD.,
21 SR. SUFFOLK, BAILE ATHA CLIATH.



WEST & SON



SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,
102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



An cnuasacht is mó i n-Éirinn;
Fáinní pósta & Fáinní geallamhna;
bronntanasaí airgid; córacha
tae & caifí; &rl.



Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.


L. 201


BEATHA TEANGAIN A LABHAIRT



Daoine a bhfuil roinnt Gaedhilge acu is
minic a bhíd ag gearán gur uireasbaidh
taithighe fé ndear gan an chainnt a bheith níos
pras acu, agus teidheann siad — nó an cuid
díobh is mó atá i ndáríribh mar gheall ar an
Gaedhilg — go dtí áit éigin san Gaedhealtacht
gach aon tsamhraidh fé dhéin taithighe cainnte.
Aon duine i mBaile Átha Cliath a theastuigheann
uaidh cleachtadh do dheunamh ar a chuid Gaedhilge
tá slighte aige chun é dheunamh. Árus an
Fháinne, cuir i gcás — ach ní gach aoinne a
mbíonn sé d'uain aige dul go dtí an Árus:
níor mhór dó fuinneamh agus brigh a bheith ann
agus árd-chaitheamh i ndiaidh na Gaedhilge a
bheith aige chun é sin do dheunamh go coitchianta.
Is beag Gaedhil, ámhthach, nach gádh dó roinnt
dá chuid aimsire do chaitheamh i siopaithe
áirite ag ceannach gnáth-rudaí an t-saoghail
agus mar sin de. 'Sé an rud atá 'nár
n-aigne ach go bhfuighfeadh Gaedhil na cathrach
níos mó Gaedhilge do labhairt dá gcuirfidís
cuige. Sa t-slighe seo: gach aon uair,
cuir i gcás, a bheadh sé ó dhuine dul isteach
go dtí bearrbóir gheobhadh sé dul go dtí
Gaedhilgeóir agus gheobhadh sé a bheith ag
cainnt Gaedhilge an fhaid a's a bhéidhfidhe dá
bhearradh. Abair go mbíonn leabhar uaidh,
nó púnt ime, nó culaith eudaigh, nó tonna
guail agus ná beadh sé chomh fuiris dó buaileadh
isteach go dtí Gaedhilgeoir fé dhéin a mbeadh
uaidh as a bheadh sé dul isteach go dtí Beurlóir?
Ní h-ar son na Gaedhilgeoirí a bhfuil siopaithe
&rl. acu atámuíd á rádh san ach chun teasbáint
donár lucht léighte gur féidir leo an Ghaedhealg
d'úsáid gach aon lá mar theanga gnáthach,
más maith leo — an méid dhíobh atá na
gcomhnuidhe sna bailte móra, pé sgeul e.
Tá's againn go ndéineann cuid maith daoine
é sin cheana, ach san am cheudna tá daoine
ann ná déineann. Agus ní h-amháin i
siopaithe ach i n-oifigí leis. Sin é an cúis
a dh'fhoillsighmear an liosta so leanas ó am
go h-am sa “Sguab,” sa t-slighe go mbeadh
a fhios ag Gaedhilgeoirí cá bhfuighfidís deaghláil
gan Beurla d'úsáid. Geallamúid daoibh, a
dhaoine, nach aon stocaireacht é seo; támuíd
á dheunamh ar mhaithe leis an Ghaedhilg. Níl
aon rud le díol ag na daoine atá sa liosta
so agus ní gádh dóibh fógraí a tabhairt dúinn
i gcóir an “Sguab” agus ní iarramúid
ortha iad ach an oiread, ná fiú an méid a
cosnuigheann sé an liosta do chur i gcló.
Deirimíd an méid sin ós rud é go mbíonn
an oiread san uisge fé talamh agus clisteacht
ag baint leis an slighe a oibrigheann lucht
páipéirí gurb é an cheud rud a dhearfuidhe
ach gurb ar mhaithe linn féin atámuíd á
dheunamh!



Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach
a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg
le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha.



Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na
Driseóige, Baile Átha Cliath.



Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor, 89 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor., 85 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.



Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co.
an Chláir.



Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an Fheis-
tighe, Baile Áthe Cliath.



Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh,
Baile Átha Cliath.



J. L. Stewart, Siopa Choracha Oifige, 4 Faithche an
Choláiste, Baile Átha Cliath.



Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim-
gréine, Co. an Chláir.



Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile
Átha Cliath.



H. Ridgeway (aon duine amháin), Bearrbóir, 22 Sráid
an Fheistighe, Baile Átha Cliath.



Bannc na Talmhan, faithche an Choláiste, Baile Átha
Cliath.



Muintir Pléimeann, Gualadóirí, 9 Sráid Fheardorcha,
Thuaidh, Baile Átha Cliath.



An Siopa Gaolach (Fountain Book Shop), An Parád
Mór, i gCorcaigh.



Muintir Jules (aon duine amháin: Tomás Ó Catháin),
coiffeurs de dames, 26 Faithche, Stiobhna, Thuaidh,
Áth Cliath.



Pádraig Ó Bodhléir, 2 cé Urmhumhan, Ioch., Táilliúr.
Ó Raogáin agus a Chomh., Teo., Grósaereacht, 54 Sráid
Dáson, Áth Cliath.



Irish Manufacture Depot, 18 King Street, Béil
Féirsde.



S. Ó Gruagáin, Fuinteóracht &c, agus Leabhair Gaedhilge,
23 an t-Sráid Mhór, Biorra.



Ba maith linn a thuille ainmeacha d'fhagháilt le haghaidh
an liosta so.


L. 202


LEITREACHA.



LUCHT FOGHLUMTHA AGUS NA CANAMHAINTÍ.



Bíonn gach éinne anuas ar an bhfoghluimtheoir boicht
le deidheannaighe. Deirtear gurb iad na daoine a
fhoghluim an Ghaedhealg le cúig bliadhanta anuas nó
mar sin is mó atá ag coimeád suas an cúigeachais agus
is mó a chlaoidheann le h-aon canamhaint amháin. Ba
dhóigh leat ón slighe a bhítear ag tagairt dó go raibh
an duine bocht chomh mústarach as an mblúirín Gaedhilge
atá pioctha suas aige ná úsáidfeadh se focal ná bíonn
i mbéal na ndaome sa ceanntar 'na bhfoghluim se a
chuid Gaedhilge. Béidir go bhfuil fó-dhuine den t-sórt
san annso a's annsúd. Is cuma mar ní h-e sin an
cúis is treise go mbíonn lucht foghlumtha mar sin.
(Daoine a bhfuil an Ghaedhealg foghlumtha acu cuibheasach
maith atá me a rádh anois, ní h-iad na daoine atá ag
tosnú atá i gceist sa rud so).



Is amhlaidh atá an sgéal, dréir mo thuairim-se, ach
gur mhaith le duine a thugann fén teanga d'fhoghluim í
a bheith aige sa t-slighe go mbeadh se inonn í labhairt
gan dearmhad, sa t-slighe ná dcarfaidhe gach nóimeant
go bhfuil se ag déanamh praisce den Ghaedhilg.
Admhuighim gur bheag an deifiridheacht atá idir na
canamhaintí ach dá luighead iad na rudaí éagcosamhla
chuirfidís amuigh tu sul a mbíonn an teanga agat i
gceart agus ba mhaith le foghlumtheoir leanamhamt d'aon
canamhaint amháin sa t-slighe go mbeadh se siúráltha de
féin. Maran ndéanfadh se e sin ba thruagh leat e do
bheadh se chomh trí na chéile san. Cuir i gcás, déineann
“go dtí” an focal do urdhubhadh i n-Oirmhumhan ach ní
dhéineann in áiteanna eile; análuightear an chéad
leitir san “autonomous” in áiteanna agus in
áiteanna nach iad dearfaidhe gur dearmhad cainnte an
rud céadna; tá's ag gach éinne an saghas ruda atáim
a' rádh. Agus maidir le foghair na Gaedhilge 'se an
sgéal céadna e: os cionn = ciún agus = ceann
dréir na háite gan a bheith ag dul leath-is-muigh de
Chúige Mumhan. Ós rud e ná fuil aon standard ann
sa Ghaedhilg ní mór do gach duine a bhíonn a foghluim
áit éigin áirithe do bheartú mar standard dó féin agus
annsan nuair a bhíonn cainnt na h-áite sin go daingean
'na cheann aige is féidir leis a chainnt féin do laidiriú
ó stór na n-áiteanna eile.



Nílim ag gearán toisg gan an standard a bheith
againn, a dtuigeann tu a fhir eagair, ach táim ag iarraidh
deachrachtaí an fhoghluimtheora do chur in iúl dosna
daoine a bhíonn 'nár ngearán-se.



Mise,



DUINE ATÁ AG FOGHLIUM LE DEICH mBLIADHANTA.



AN FÁINNE.



D'on Eagarthóir “An Sguab.”



Iarraim de chomaoin ort a fhógairt go bhfuil socair
ag Gasra Átha Cliath de'n bhFáinne go mbeidh comhthalán
de Gaedhilgeóirí ar siubhal i bhFaithche Stíopháin gach
Máirt i gcaitheamh an tsamhraidh, ó 7.30i.n. i leith.
Tionólfar é san áit chéadna mar a mbiodh a shamhail
cúpla bliadhan ó shoin, .i. timpal na mbannaí. Táimíd
ag braith ar go mbainfidh móran Gaedhilgeóirí feidhm
agus tairbhe as an saoraidh seo, agus go mór mór na
daoine óga atá foghluim na teangan ar sgoil ach ná
cloiseann i n-aon chor í lasmuich de'n sgoil. Deirtear
linn go dteidheann a leithéidí sin ar gcúl go tiugh nuair
ná bíonn na sgoileanna ar siubhal. Ba chóir go
bhféadfaí an sgéal san do leigheas má thagaid siad
ar an bhfód gach Máirt agus má dheineann na Fáinnigh
a gcion féin chun cabhrú leó. Ní bheidh de choingheall
ann ach gur Gaoluinn amháin a labharfar.



Rud eile, beidh roinnt Ghaedhilgeóirí ag caithcamh a
saoire ar Roinn na h-Eórpa i mbliadhna. An fhaid a
theidhid siad ann 'n-a n-aonar, nó i gcuibhreann
Béarlóirí, ní h-eól d'aon duine iasachta gur
Gaedhilgeóirí iad. Dá bhféadtaí a shoearú go ndéanfadh
sgata dá leithéid taisteal i n-aoinfheacht, do chuirfeadh
sé breis aoibhneasa ar a saoire agus do thabharfaidís
sompla breágh do mhuintir na dtiortha ar a mbeadh a
dtriall. Mar sin, iarraim ar aon Ghaedhilgeóir atá ar
aigne dul go Roinn na h-Eórpa i mbliadhna sgríobhadh
chugam laithreach.



ART Ó RIAIN,
Reachtaire.



LEABHRA.



Is oth linn ná fuil slighe sa “Sguab” an mí seo
cúpla léirmheas do chur isteach mar is gnáthach linn.



Fuaireamar na leabhra so leanas ósna foillsightheoirí.
Dollard —



“Solus an Ghrádha.” — Pádraic Óg Ó Conaire. 4/6.



Preas Dúin Dealgan —



“An Dochartach.” — Fionn Mac Cumhaill. 2/-



“Gael óg ar Scoil.” — A. Ó Dochartaigh. Cuid I.
agus II. 5d. agus 6d.



An Gaedheal-Chomhlucht —



“Inghean Mhanannáin.” — Liam P. Ó Riain. 1/-



Sean Ó Maitiú —



“Paidreacha i nGaedhilg.” — 9d.



“Pota Cnuasaigh.” — Lorcan Ua Muireadhaigh. 9d.



Brún agus Ó Nóláin —



“Cruinne Eolas.” — Eibhlín De Buitléir.



“Múin Mar seo Í.” — Seán Tóibín.



Preas Powell —



“Gaedhealg san Oifig.” — Pádraig Ó Bróithe. 9d.



Leinster Times, Ceatharlach —



“An Dubh 'na Gheal.” — Nioclás Tóibín. 1/-.



Comhlucht Oideachais —



“Ceistiúchán.” — An t-ath G. Ó Nualláin. 2/6.


L. 203


COMÓRTAS.



Tá an-chuid focail Gaedhilge in úsáid ag muintir
na h-Éireann agus an Beurla dá labhairt acu, fiú i
n-áiteanna 'na bhfuil an Ghaedhealg tréis bháis le trí
ficidh bliadhan nó níos mó. Tá cuid acu agus táthar
tréis iad do glacadh isteach sa mBeurla leath-is-
muigh d'Éirinn féin — “go leór,” cuir i gcás,
“smidiríní,” “sean-tigh” agus “gaimbín,” &rl.,
&rl. Tuigeann gach aoinne, dar ndóigh, 'de an rud e
banbh, amadán, síbín, cipín, agus mar sin de, biodh
ná fuil focal Gaedhilge aige, dar leis féin.



Tabhairfimíd £1 don duine a cuirfidh isteach an
liosta is sia d'fhoclaibh den t-saghas san chughainn roimh
an 3adh lá de mhí Lughnasa, agus 10s. don dara duine.



Ní mór do gach aoinne an Coupon so do chur isteach
i dteannta lena liosta.



Com. VI., 1923.



Mise



m'áit comhnuidhthe



CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN
(THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY)



CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN.
FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I mBUN NA h-OIBRE SEO.



Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe



S. M. Ó DEORÁIN



ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL A 16, ÁTH CLIATH.



ÚSÁID
GRANIA
TOOTH
PASTE
AR SON
t'FHIACLA



ÚSÁID
GIBSOL
OINTMENT
AR SON DO
CHROICINN



Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail
ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go
díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an
Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.



TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.,
Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.



THE MONUMENT CREAMERY



AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR.



Deunta d'uachtar glán, úr, pasturáltha: Milis, blasta,
is úr i gcomhnuidhe.



Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
gach aon lá.



Sráid Phárneill, 75, & Port Caoimhghin
Íoch., 25, Baile Átha Cliath.


L. 204


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSI:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.



Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath,
agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services