AN SGUAB
Uimhir a Trí MÍ NA NODLAIG 1922 3p. sa Mhí
RÉIM NA H-UIMHREACH SO
IS GEAL LE GACH FIACHDUBH A GHEARRCACH FÉIN 43
IOLSCOIL NA MUMHAN (SCEUL A BHUAIDH) PÁDRAIG Ó CADHLA 44
DÓGHADH TIGHE AN CHUSTUIM “COS OBANN” 46
AN GHAEDHEALG MAR TEANGA GNÓTHA 49
OBERAMMERGAU MÍCHEÁL MAC LIAIMMHÓIR 50
SLOINNTE C. M. 52.
LEABHRA 54
FOGHAIR NA GAEDHILGE — III PÁDRAIG Ó CADHLA 55
AN ÁRD-FHEIS — IMTHEACHTA PÁRLIMINTE NA GAEDHILGE SEÁN Ó CUILL 56
LEITREACHA SEÓIRSE MAC CLÚIN AGUS TADHG GAEDHEALACH 57
COMÓRTAS 59
AN LEABHARLAN:
An cnúsach is fearr i nÉirinn de shluagh
sean-leabhar Éireann, ó na h-úghdaraibh is
uaisle agus is úghdarásaighe atá ann. Má
tá a leithéid uait, tar isteach chugainn-ne —
nó cuir fios ar an gClár.
CÚ ULADH 'S A CHUID,
9 SRÁID FHEARDORCHA THUAIDH, ÁTH CLIATH.
DÉINIMÍD-NE
DABHACHA, PEIGÍNÍ, AGUS
FIRCÍNÍ
as an adhmud feagha is fearr a fha-sann i dtír
na hÉireann agus is againn atá ceann de na
tighthe cúpaora agus boscaí a dheunamh is mó
in Éirinn.
Tá bosca an ime, bosca na
cáise, bosca na n-ubh, bosca an
éisc, a's na barrailí le fagháil
annso — an t-adhbhar is fearr agus
marga maith.
Déintear annso iad.
Gach fios agus faisnéis uainn-ne —
SEUMAS MAC MATHGHAMHNA
(TEOR.)
i LUIMNIGH
Guthán 4804
SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH
TTA.,
45 SRÁID DASÚN, ÁTH CLIATH.
An t-aon tsiopa amháin i nÉirinn go
bhfuil le fáil ann gach leabhar go gcuireann
Gaedhil suim ann — i nGaedhilg nó i mBearla.
An t-aon tsiopa amháin i nÁth-Cliath gur
éigin do gach duine ann eolas bheith aige
ar theangain na nGaedheal.
Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr
AN CUMANN IBÉRNEACH
INSIÚRÁLA TEÓ.
I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.
Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.
NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FAGHÁIL.
GRANIA
TOOTH PASTE.
DEUNTUS NA h-ÉIREANN AR FAD.
NÍ BHEIDH AON PHRÁINN LE FIACLA FALLSA.
GIBSOL AGUS A CHUIDEACHTA — Lucht
deunta an íce atá dá chur ós ár gcomhair.
Ta Gibsol an Íce i mbeul gach aoinne
in Éirinn, is eadh, má seadh bíodh
“Gráine” sna fiacla aca — Coimeádfaidh
sé gan lobhadh iad.
GRÁINE ainm an artha so.
Tabharfaidh GRÁINE fiacla glana,
geala dhuit Ní'l aon ghalúnach ann;
beidh do sheile go folláin nádúrtha
leis agus blas táithniomhach id' bheul
aige. Ní baoghal do phlaosc na bhfiacál
ná do fhéitheacha an bhéil.
Ar a nglaineacht athá seasamh na
bhfiacal.
Is féidir “GRÁINE” d'fhagháil ó lucht díolta íce
i ngach áit nó ó lucht a deunta — Gibsol & a Chuid., Lána
án Chláir, i mBaile Átha Cliath.
N.K.M.
IRISH CREAM TOFFEE
Tabhair rud don pháiste agus
tiocfaidh sé amárach. Maidir
le N.K.M. tabhair rud don
pháiste agus don t-sean-duine
agus tiocfaidh siad araon gach
aon lá. Mílseán blasta agus
fíor-ghlan iseadh an tofaí so.
¼-lb., 7½d.; nó
bosgaí stáin ar
1/- a's 1/5.
Á deunamh ag
North Kerry
Manufacturing
Company,
Ráth ó Máine, Áth
Cliath.
BA CHÓIR A'S BA CHEART
DO GACH FÍOR-GHAEDHEAL
A CHUID URRADHAIS A DHEUNAMH
LEIS
AN GAEDHEAL-COMHLUCHT
TAIGHDE UM URRADHAS
NÁISIÚNTA, TEORANTA
(The Irish National Assurance
Company, Limited)
Is féidir do dhuine gach aon tsaghas
Urradhais a dheunamh leis an gComh-
lucht so:—
AR FEADH SAOGHAIL
AR FEADH TAMAILL
I gCOINNE TIONÓISCE
I gCOINNE DÓIGHTEÁIN
AR GLUAISTEÁIN
MAOIN — £120,000 AGUS TÁ
AN CISTE AG DUL I MEUD
Ó LÁ GO LÁ.
RUD EILE: IS GAEDHIL SINNE.
Árd Oifig:—
30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.
Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa “Sguab”
IS GEAL LE GAC FIACHDUBH A GHEARRCACH FÉIN.
DEIRTEAR gur cheart do Fhear
Eagair páipéir an iolraidh d'úsáid
i gcomhnuidhe agus é ag sgríobh
alt nó nóta. Níor dhineas é sin
roimhe seo. Nílim chó siúrálta
san anois ciaca aca is fearr
(ní úsáidtear an uimhir uaitheadh
riamh i bpáipeur Beurla, gan dabht, ach nach
cuma dhúinn-ne san). Pé'r sa domhan de, bhíos ar
aigne “sinne” do sgríobh in áit “mise” an
uair seo. Fan go inneosfad dé chúis ná fuilim
á dheunamh anois.
Seo mar a thuit amach. Do sgríobhas na
nótaí chun mo shástacht agus mé fén dtuaith.
Do chuireas isteach i gclúdach iad, agus roinnt
síntiúsaí fuaras ó dhaoine annso agus annsúd
agus sgeul breágh dosna leanbhaí leis. Cad é
an díobháil ach gur chuireas sa Phost iad go
díreach sa tslighe go sroisfidís Baile Átha
Cliath an oidhche fé dóghadh an “Rink.” Is
dócha ná raibh na nótaí sin chó deigh-sgríobhtha
ná chó iongantach nach féidir leis an saoghal
maireachtain 'n-a n-éumais, ach dála praiseach
na gcomharsan, tá's agat — an aon iongnadh
leat gur chuir an dóghadh úd déistean orm
níos mó ná aon cheann aca, béidir. Is beag
an obair na nótaí so do sgríobh déarfaidhe, ach
ba dheacair tabhairt fútha go croidheamhail dá
luighead iad tréis an rud a bheith críochnuighthe
agam cheana seachtmhain ó shoin.
“Conus a thaithnigheann ‘An Sguab’ leat,”
arsa mise le duine dem aitheantas lá. “Ó,”
ar seisean, “tá sé alradht, ach níl aon rud
speisiálta ann.” Ní fheadar cad a bhí uaidh.
Nílim ag rádh go bhfuil “An Sguab” gan locht
ná gur cheart dúinn a bheith ag maoidheamh as,
ach cheapas go raibh sé cuibheasach maith mar sin
féin. Is geal le gach fiachdubh a ghearrcach
féin, gan dabht, ach caithfidh mé a rádh gur mó
ar fad de mholadh ná de cháineadh a fuaireamar
ó n-ár lucht léighte go dtí so. Bhel, an rud
a bheathuigheann duine 'sé a mharbhuigheann duine
eile, dar ndóigh. Má dheunamuid an rud is
féidir linn sin a bhfuil ionnainn le deunamh.
Bhí aon rud amháin, rud neamh-choitchianta ná
casfuidhe ort go minic, sa nGaedhilg go
speisiálta, agus nuair a shocruighmear ar
“An Sguab” do chura mach an cheud uair
bhíomar ag braith air sin mar pièce de resistance.
Cinn-lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin atáim ag
tagairt dó. Tá lámhsgríbhinn an chúntas cinn-
lae so san R. I. A. i mBaile Átha Cliath, agus
tá an sgríobhadh chó craptha crosda san agus
tá an oiread san de ann nárbh fhéidir leis an
ngnáth-dhuine tabhairt fé obair a scagtha in
ao' cor. Bhel, bhí cuid mhaith de deunta tamall
ó shoin, ach (agus is ar éigin a creidfidhe mé)
do chaill an duine do dhein é toradh a shaothair
agus níl oiread a's nóta dhe le fagháil aige
anois. Gaedheal breágh ba eadh é, ach tá sé
'na dhuine mhór in Éirinn anois, agus is dócha
ná cuireann sé an oiread suime sa nGaedhilg
a's a chuireadh sé, nach mar a chéile a's a
chuireann an chuid eile den Rialtas.
Rud an-shuimeamhail iseadh Cúntas Cinn-lae
Amhlaoibh Uí Shúilleabháin. Múinteoir sgoile
ba eadh é do rugadh i gCo. Chiarraidhe agus a
raibh sgoil aige i gCo. Chille Choinnigh timpeall
na bliadna 1830. San “Cinn-lae,” mar a
sgríobh sé é, tá an iomarca trácht ar an aimsir
gan dabht; agus ní léighfeadh éinne den lá
indiu an méid a sgríobh sé mar gheall ar
planndaí, &rl., ach amháin fo-dhuine a chuirfeadh
fíor-shuim i luibh-eolas agus a leithéid. Sin é an
chúis a dheunfaimíst é do scagadh go cúramach.
Níl aon feall is measa ná'n geallamhaint
ná cómhlíontar, ach mar sin féin táimíd ag
coinne go bhfeudfaimíd an rud san d'fhoillsiú
luath nó mall, agus geallaim-se dhuit, a dhuine,
go mbeidh tú ag cur aithne ar dhúine daonna
ceart, ní airighim súil-fheucaint do thabhairt ar
saoghal na hÉireann timpeall ceud bliadhain
ó shoin. Bhí an Ghaedhealg ag dul i luighead
go tiugh cheana i gCo. Chille Choinnigh an aimsir
sin. “Ní fheadar,” a ndeireann Amhlaoibh in
áit éigin den chúntas cinn-lae, “an mbeidh
teanga na nGaedheal tréis bháis d'fhagháilt
amach a's amach ceud bliadhain ó anois.” B'ait
leis dá mbeadh fhios aige go bhfuilimíd ag
trácht air féin anois i 1922 agus i bpáipeur
gan ach Gaedhealg ann ó thosach deire leis.
Ag tagairt do cheist na bpáipéirí Gaedhilge
an mhí seo caithte, do dhearmhadas aon cheann
amháin .i. “An Timthire.” Cuirtear san amach
ó oifig an Chroidhe Naomhtha go reigileálta gach
aon ráithe. Gabhaim mo leith-sgeul leis an gCum-
ann Íosa mar gheall ar an dearmhad a dhineas.
Tá áthas orainn go bhfuil “Fáinne an Lae”
le fagháilt arís. Dá mhéid páipéirí cuirtear
amach i nGaedhilg iseadh is fearr, dar linn.
'Sé an feall é mar sin féin ná cuireann a
lucht stiuruighthe an riaghal ceudna i bhfeidhm
a's atá againne .i. gan Beurla d'fhoillsiú,
fiú amháin insna fógraí.
Is againne atá fhios an méid trioblóide
nár mhór do dhuine chur air féin chun Gaedhilge
do chur ar fhógraí Bheurla ('sé sin le rádh má
bhíonn sé uaidh Gaedhealg nádúrtha cheart do
chur ortha). Ach nach fiú é an saothar ar mhaithe
le n-ár dteangain? Níl focal Beurla sa
“Sguab,” agus ní raibh sé sa “Lóchrann.”
Ba dhóigh leat gur mithid do phríomh-pháipeur
na nGaedheal a bheith láidir-aigeantach ar an
bpoinnte seo. Dhála an sgéil, is dócha go
mbeidh solus “An Lóchrainn” ag taithneamh
arís chó luath a's a bheidh aimsir níos socraithe
againn, má bhíonn go deó! Maidir linn féin,
ní fheadar an ceart sinne do mholadh toisg an
misneach do bhí againn “An Sguab” do chur
amach agus an saoghal atá againn in Éirinn,
nó a bheith ag magadh fúinn cionn is sinn a
bheith chomh mór san gan ciall. Táimíd sásta
go leor leis an slighe atá an obair ag dul
chun cinn, ach mar adubhramar cheana (ag
tagairt do cheist na bhfógraí sa cheud uimhir)
bailigheann brobh beart. Bheinn fé chomaoin
ag ár lucht léighte dá gcuirfidís i n-iúl do
Ghaedhilgeoirí de n-a n-aitheantas cad é an
saghas páipéir "An Sguab." Ní bheathuigheann
briathra na bráithre agus is fearr gníomh ná
focal. Ach deunfaid focal annso a's annsúd
an gnó, sa rud so.
Tá an-dhíospóireacht ar siubhal sa “Sguab”
fé láthair ar cheist Gaedhilge oifigiúla. Is
maith linn leitreacha do chlóbhualadh ag plé
ceisteanna tabhachtacha de'n tsaghas san. Ní
hionann san a's a rádh go n-aontuighmíd le
gach aon rud deirtear ionnta. Dheurfaimíst
go bhfuil ciall i gcainnt Thaidhg Ghaedhealaigh,
cuir i gcás, ach mar sin féin, béidir go bhfuil
sé rud beag na fríde ró-láidir-aigeanta agus
ró-fhíochmhar. Dála an sgéil, táimíd chun an
fhocail “Montseóighe” do tharraingt chughainn
in ionad “Cnocán Áthais.” Ní hamhlaidh atá-
imíd tréis teacht ar ath-smaoineamh, dar ndóigh,
ach is amhlaidh a chuir muintir an Phuist féin
leitir a raibh “Cnocán Áthais” uirri (.i. a
bhfocal féin) go dtí Cearnóg Mount Pleasant,
agus do chaill sí seacht laetheanta ag teacht
chughainn ó oifig eile an Rialtais i mBaile
Átha Cliath. Cheapamar ná raibh “Duine den
Mhuintir” ach ag magadh — ach nár bhuail sé sa
cheann go maith é.
IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH.
SCEUL A BHUAIDH.
(Tuille dhe).
Gach buaidhirt agus beannacht a thárlaigh dhó le hocht mbliadhna deug anuas.
Is eadh, acht cadé an áit é siúd a rabhas
lem' sceul. Shocruigheamar go mba cheart
congnamh éigint a thabhairt do na daoine bhí
ag teacht go dtí an Rinn gach aon samhradh ar
lorg na Gaedhilge, áit ceart lóistín a sholáthar
dóibh, congnamh a thabhairt dóibh chum an thairbhe
is fearr a bhaint as a dturas ann agus mórdháil
a chuir ar lucht na háite i dtaobh na Gaedhilge
bhí chomh láidir chomh flúirseach sin aca. Chuadhas
go dtí an áit an samhradh in a dhiaidh sin agus
bhí roinnt de mhuintir Bhaile Átha Cliath ann
romham. Shocruigheamar ar mhuintir na háite
a bhailiughadh i dteannta a chéile gach aon
tráthnóna ar feadh uair nó cúpla uair an
chluig agus léigheamh na Gaedhilge a mhúineadh
dhóibh. Deir mé leat gur mó ceist árd
léigheanta, ealadhanta cuireadh orainn ar feadh
na sé seachtmhaine a chaitheamar ann an uair
úd. Seo ceann nó dhó dhíobh — “Dér'd é
réidhteach an réidhscéil agus Claidheamh Fhada
Uí Dhubhda?” “Ciaca is giorra gaol duit,
máthair céile bean do dhearbhráthar nó dearbh-
ráthair céile bean t'ancail?” Ní raibh de
uirlis scoile againn acht píosa cailce agus
blúire beag de chlár dubh buailte suas le
pinniúir tighe Dóchais na hÉireann. Ní raibh.
teine ná fraigh tighe againn, fuithin ón ngaoith
ná foscadh ón bhfearthainn; acht bhí an leacach-
oidhir briste agus bhí ár gcrúcaí in achrann
'san obair againn.
An samhradh in a dhiaidh sin theastuigh uainn
dul in achrann go daingean 'sa sceul.
Cheannuigheamar píosa beag talmhan agus
bheartuigheamar ar sheomra scoile a thógaint.
Tháinigh Coisde Ceanntair na nDéise i gcabhair
orainn agus an-chuid eile dár ndaoine muin-
teardha. Thógamar an tigh scoile, chuireamar
feabhus ar chuid des na tighthe i gcóir lóstaeirí,
d'fhógramar ár n-earaidhe, fuaireamar bean-
nachadh an Easbuig agus chuireamar fúinn.
Ar feadh na haimsire seo níor chuireamar
isteach ná amach ar shagart an pharóiste, níor
chuireamar chuige ná uaidh. Thug sé iarracht
ar na daoine a shéideadh fúinn, acht níor éirigh
leis.
Bhailigh sé na daoine i dteannta a chéile
Domhnach tar éis Aifrinn agus chomhairligh sé
dhóibh gan aon chriosbhuaint a bheith aca olc ná
maith leis na strainséirí a bhí ag teacht annso
go dtí an Rinn; gan aon fhocal Gaedhilge a
labhairt leo, agus gan aon chongnamh a thabhairt
dóibh. Dubhairt sé leo go raibh na daoine seo
ag teacht ar mhaithe leo féin agus ná raibh uatha
acht an méid a bhí ag muintir na Rinne a phiocadh
leo agus an tairbhe a bhaint as. “Tugaidh an
Ghaedhealg dóibh,” ar sé sin, “ar aon choinghiall
amháin .i. má dhíolann siad as go maith sibh.”
Is beag dhe chiall a bhí ag an bhfear bocht 'sa
méid sin, mar ná fuigheadh na daoine macánta
a mhalairt a labhairt mar ná raibh a mhalairt
aca. Rud eile, ní rabhadar táir ná greama-
samhail i dtaobh airgid acht fíor fánaire dhíobh.
Insan mbliain 1905 bhí seomra beag deas
scoile againn, deunta dh'adhmad, thoir ar
Bhóthar na Sop. Bhí thimcheall deich bpéirse de
thalamh againn i bhfochair an méid a bhí fén
dtigh. Sean-fhothrach a bhí san áit. Leagamar
na fallaí agus do-righneamar an áit a romhar
agus a ghrafadh agus a chothromughadh. Do
righneamar bráca suas le falla bhí ann agus
bhí gach aon rud go deas compórdamhail
againn.
An Dr. de Henebre (go ndéine Dia trócaire
air), an Dr. Ó Síothcháin, Diarmuid Stócs (go
ndéine Dia trócaire air), “An Fhear Mór”
(.i. Seumas Ó hEochaidh), agus me féin na
hoidí-múinte a sheasaigh an lá samhraidh úd, an
cheud Luan dhe mhí an Iúil, ag bearna an mhacha
chum fáilte a chuir roimh gach aoinne a thiocfadh
chum an nídh a leasóch' an tír a bhailiughadh leo.
Siobhán Bean an Phaoraigh agus a clann ba
thúisce chugainn. Mar adubhairt mé cheana is
iad na Paoraigh a dhein amach an Rinn agus an
mianach a bhí ann. Chuireadar fútha i dtigh an
Fhaoitigh, agus b'ann a chuir an urmhór againn
fúinn. Ba shéimh agus ba chuideachtamhail an
gasradh bhí ann agus is mó sceul sultmhar
agus cleas cliste agus rinnce gan ragairne
do righneadh ann. Amuigh i scioból mór a bhí
ar chliathán an mhacha a chodladh na buachaillí go
léir, agus níor náir agus níor tháir linn é;
nárbh' amhlaidh dho Phádraig naomhtha nuair a
sheol Dia go hÉirinn é — sabhail a bhí aige chum
Aifreann a léigheamh ann.
Is é badh mhaith liom a dheunamh anois acht an
sceul a chuir me romham a scríobhadh, é sin a
leagaint uaim annso agus cuir síos ar gach
eucht agus eachtra, ar gach cleas agus claoin-
bheart d'imirigheadh piadóirí an sciobóil seo
ar a chéile fé luighidís agus fé n'éirighidís,
atá gach ceann díobh ag rioth chomh soiléir sin
trím' aigne. Ba bhreágh í an óige agus is
mairg a cháinfeadh í, agus mo mhairg-se ná
thagann sí fé dhó choidhche. Is mó cor agus
iompó a chuireadh leabthacha agus clúdaigh díobh
i gcaitheamh na hoidhche. Ba é órdughadh Uach-
tarána an tSaor Stáit a bhí againn sínteán
an Fhir Mhóir a chur ar aghaidh an doiris isteach
sa tslighe go mbeadh caoi aige a chosa a shíneadh
a's a chrapadh nuair ba mhéin leis é ar feadh
uaireannta gairide an tsuain bhig a thuitfeadh
leis ar bhreacadh an lae ar maidin. Bhíodh
sceul ag Diarmuid Stócs in a thaobh. Dheireadh
sé gur minic a chonnaic sé é in a mharbh-chodladh
agus dhá órdóg a chos leagtha ar an leath-
dorus aige, gur tháinig cú Bhillí maidin ag
fóisidheacht feola thimcheall an mhacha agus gur
rug sé ar órdóig an Fhir Mhóir idir fiacla
oirthir a bhéil agus go mbeadh sí imthighthe aige
maireach an tslighe d'aimsigh sé féin an chú
le bróig Chathail Paoir (atá anois in árd-
chonnsiléir Righ nó Bainríoghna fé reacht Dála
Éireann). Gheobhainn a bheith ag seanchus duit
ar seo agus ar eachtraí mar é ar feadh seacht-
mhaine. Is aoibhinn agus is taithneamhach liom
iad ag rioth trím' aigne agus a bheith ag cur
síos orra acht ní hé seo acht é siúd, caithfe
mé bualadh amach ar an mbóthar díreach lem'
sceul.
Bhíomair annsúd, na hoidí múinte mar
d'áirimh mé romham annso. Is beag d'fhios a
bhí ag cuid againn an uair úd cadé an léigheann,
cadé an deiseacht, cadé an cruinneas, cadé
an meudughadh meabhrach agus meanmann a bhí
i bhfolach uainn 'sa nGaedhilg, agus nuair a
thosnuigh an Dr. de Henebre ag cur síos ar
an teangain ó gach aon taobh; ar fhuinneamh,
ar chruinneas, agus ar cheol na cainte; ar
bhrígh agus ar nádúir agus ar ársaidheacht na
bhfocal; ar fhoghair gutha agus ar fhoghair
cainte; ar bhéim gutha agus ar bhéim cainte,
&rl., do leath ár radharc orainn le hiongantas
an mhianaigh agus an mhianadóra. Iascaire bocht ó
Bhaile na nGall a bhí ag éisteacht leis lá agus
a bhí ag seanchus air in a dhiaidh sin, dubhairt sé
gurb é an tslighe a raibh Dochtúir de Henebre
ag múineadh na Gaedhilge acht mar do rinne
Dáibhidh Rí chuireadh seacht bhfeadha i dtalamh
agus d'réir mar do rinne sé sailm d'eirigh
sé feadh go dtáinig sé ar bharr na talmhan.
Mar sin a tháinig sé fé'n Ghaedhilg. Do bhí sé
ag bogadh an fhocail roimhe go dtug sé glan
le tuigsint don tsaoghal 'sa deireadh é. Is
cuimhin liom so mbíodh cuid de na mic-léighinn
óga ag aithris air, nuair a bhíodh a cheacht
tabhartha uaidh aige agus nuair a imthigheadh sé
agus a shíneadh sé thairis ar an bhfeur ar bharr
na faille chum gal den phíopa a bheith aige
(agus is aige bhí an dúil ann). Bheireadh ceann
de na piadóirí seo ar an gceirt agus ar an
gcailc a bhíodh leagtha uaidh ag an Dochtúir
agus seo chum an chláir dhuibh é. Bhailightí
thimcheall air. Bheireadh sé ar an gceirt in a
chiotóig agus ar an gcailc in a láimh dheis,
agus seo chum cuid de na córacha-catha bhíodh
ag an Dochtúir é: “Annso thuit an béim agus
bhain laige dhó, thuit sé seo as, chuaidh an srón-
ghail siar, agus seo é an focal anois mar
d'fhan sé againn.” Thugtaí scuab den cheirt
don chlár dubh, chuirtí ceo cailce ag rinnce ar
fuaid na háite agus théidhtí chum suaimhnis
arís. Ba mhór an spota é, a dhuine. Bhíodh
an Sanscrit, an Laideann, an Ghréigis, an
Ghaedhealg Chian-Aosta, an tSean Ghaedhealg, an
Mheadhon-Ghaedhealg, agus glan-Ghaedhealg agus
droch-Ghaedhealg na haimsire seo buailte,
breactha i bhfochair a chéile ar an gclár dubh
aige. An feall ba mhó acht gur beag a thagadh
a mbíod aon tuigsin aca 'sa sceul.
PÁDRAIG Ó CADHLA.
(Tuille le teacht).
TOGHA AGUS ROGHA
de Leabhraibh Gaedhilge
Sin atá le fagháil ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87 SRÁID UACH. NA
DRISEÓIGE.
Ag a bhfuil an chnuashacht is
fearr i mBaile Átha Cliath dá
leithéid.
Tógtar fé ndeara nách gádh
Beurla do labhairt 'sa tSiopa so
DÓGHADH TIGHE AN CHUSTUIM.
Is maith í mo chuimhne ar an gcúigmhadh lá
fichead de Bhealtaine, 1921, an lá dóghadh Tigh
Custuim Átha Cliath. Ní fiadhnuise focail béil
agus cluaise an innsint seo acht fiadhnuise mo
shúl agus mo mheamhrach féin.
Do chaitheas maidean an lae úd ag obair
i dTigh an Chustuim. Do scuireas ceathramhadh
tar éis a dó-dhéag agus do-chuadhas amach a
d'iarraidh lóin. Thángas thar m'ais tamall
beag tar éis a buille. Shiubhlas chun an gheata
thuaidh agus do dréimeas an staidhre cloiche go
béal an doruis. Annsin ab eadh thugas fé
ndeara go raibh rud éigin neamh-ghnáith ar
siubhal istigh. Chonnacas sluagh daoine 'n-a
seasamh leathsistigh de'n laindéal gloine agus
d'fhilleas go h-obann thar m'ais. D'éirigh
macaomh aníos as an dtalamh nó thúirling sé
anuas as an spéir — ní fheadar cia aca — agus
do labhair liom go lághach.
“Is féidir leat dul isteach; ní baoghal
duit,” ar seisean. B'é sin an macaomh
macánta deigh-iomchurtha.
“Ní raghad,” ar sa mise.
Ní fheadar cad as a dtáinig beirt mhacaomh
eile a sheasaigh sa bhealach rómham an uair
chéadna.
“Téighir isteach, má's é do thoil é,” ar sa
duine aca.
“Ní raghad,” ar sa mise.
Rugadar go teann orm agus do thionn-
lacadar isteach thar tairsigh me. Bhí beirt
ógánach istigh agus arm teine 'n-a lámhaibh aca,
agus nuair chonnacadar an cime agá thabhairt
'n-a dtreo mheasadar eagla do chur air i
gcéadóir. Do dhranntuigheadar a mion-
ghunnaí orm.
“I n-ainm Dé, a Chríostaidhthe,” ar sa mise,
“ná lámhaighí duine bocht neamh-urchóideach.”
“Cuir do chúl leis an mballa,” ar sa duine
aca.
Do chuireas. Bhí cúpla céad cúl leis an
mballa cheana, agus ní raibh 'n-a bhfeighil acht
an bheirt ógánach. Acht bhí neart fear óg
ag rith anonn agus anall, suas agus anuas an
staidhre, agus beodhacht 'n-a mballaibh agus
meanmna 'n-a súilibh. Giodh deithineach a
ngluaiseacht ní fheaca-sa cómharthaí imshníomha
ar neach aca. Ní raibh eagla ná ciach ortha.
Ba stuamdha agus ba riaghalta an cumann iad.
Bhíos-sa im' sheasamh i ngualainn an tsluaigh.
Do chuimhnigheas go raibh dorus i n-éadan thoir
de'n tigh agus dá bhféadainn an dorus sin do
shroichint go bhféadfainn éalódh amach sa chala-
phort. Do chonnaic an bheirt ógánach me acht
níor bhacadar liom. Thugas aghaidh ar an Life
agus do shiubhlas go h-éadan na conaire.
Chromas ar buidheachas do ghabháil le Dia mar
gheall ar me do thabhairt slán ó bhaoghal agus
ó anachain, acht ní raibh an phaidir go baileach
ráidhte agam nuair d'éirigh dhá thaidhbhse amach
as an ndorchadas.
“Cuir do chúl leis an mballa,” ar sa duine
aca.
D'fhéachas air. Ní raibh ann acht meannán
seacht nó ocht de bhliadhantaibh déag d'aois.
“Sabhta baise tá uait, a dhailtín,” ar sa
mise.
An dtáinig fearg air? Do leath aghaidh
agus gnúis an deagh-óglaigh sin amach le
smiod-gháire neamh-urchóideach amhail agus dá
mbadh naoidh é agus é ag súgradh le aingeallaibh.
Do theasbáin sé mion-ghunna dham. Ní raibh
smiod-gháire 'á dhéanamh aige sin. Dar ndóigh,
do chuireas mo chúl leis an mballa. Cad 'n-a
thaobh ná cuirfinn. Tháinig beirt nó triúr
seachránaidhthe eile chughainn agus do chuireadar
sin cúl le balla, leis. Do labhair an naoidh
linn.
“Ná bítear ag breathnughadh aighthe,” ar
seisean.
“Go gcuiridh Dia an rath ort, a gharsúin,”
ar sa geimhleach, “agus iompuigh béal na
h-uirlise sin uainn. Ná fuil céad áit a
bhféadfá í dh'iompódh seachas í dh'iompódh
orainne?”
Bhí na daoine 'á mbailiughadh chughainn go
tapa agus níor bh'fhada go raibh trí fichid fear
sa láthair sin. Do chualamar urchar ghunna.
Tamall beag 'n-a dhiaidh sin d'iomcruigheadh
'n-ár láthair fear feighile Tighe an Chustuim
agus leagadh ar an urlár ós ár gcomhair é.
Bhí rian fola idir a dhá shlinneán agus ar a
ucht. D'fhéach sé 'n-a thimcheall. Bhí an mheamhair
cruinn go leor 'n-a súil ar dtúis, acht do
réir mar bhí an fhuil agus an neart ag trághadh
uaidh bhí an tsúil ag dul i laige. Bhí an codla
fada ag tuitim air, agus an radharc ba dheir-
eannaighe fuaras air bhí na súile dúnta.
Do tosnuigheadh ar lámhach i n-áit éigin:
lámhach tiugh tapa. Bhí cnagarnach eile ar
siubhal, leis, mar bheadh fuinneoga 'á mbriseadh,
agus do mhothuigheamar bolath fealltach deataigh.
Bhí fear caol árd lem' ais-se agus b'éigean
dó suidhe ar an urlár le neart laige. Tháinig
sé chuige féin arís i gceann tamaill.
Do chonnacas cúigear nó seisear óglach ag
obair ar gach taobh de'n chonair a bhí ar m'aghaidh.
Bhí na cóthraí móra 'á mbriseadh agus 'á
n-oscailt aca; sean-leabhair agus páipéir 'á
stothadh amach agus 'á scaipeadh ar an urlár
agus ola 'á stealladh anuas ortha. Bhí an
obair sin déanta cheana aca i ngach conair
agus i ngach áiléar eile sa tigh, agus ní raibh
a thuilleadh le déanamh acht teine do radadh le
sna páipéaraibh. Do shíreamar ortha gan é
sin do dhéanamh go dtí go mbeimís-ne imthighthe
agus do ghealladar ná déanfaí. Tar éis bheith
ag fuireach annsin tamall maith ag éisteacht
le gleo catha agus le cnagarnach teine seoladh
sinn ar fhaid na conaire ba ghoire de'n Life,
ar aghaidh Libertí Hall. Acht ní dheaghmar a
bhfad nuair cuireadh cosc le n-ar ngluaiseacht.
Bhí dorus éigin sa slighe rómhainn agus glas
air; agus dá fhaide bhíos féin ag dul isteach
agus amach ann ní raibh fhios agam an dorus
do bheith ann.
“Fág an bealach! Fág an bealach!”
Tháinig óglach tréan d'ar bhfóirithin agus
ceap-órd 'n-a láimh aige. Níor mhoill dó an
dorus do bhriseadh. Siud chun siubhail sinn
arís; d'iompuigheamar ar deiseal agus do
chuadhmar suas staidhre agus ar fhaid an áiléir
leathstuas go rángamar an staidhre ba ghoire
do'n dorus thuaidh. B'éigean dúinn stad
annsin. Bhí sluagh mór daoine ar an urlár
thíos ag feitheamh go n-oscluighthí an dorus dóibh.
Do réir deallraimh bhí an cath 'á bhualadh fós
i gcómhgar an doruis mar chualamar lámhach
agus cnagarnach pléascán. Acht níor ghlac
aoinne againn sceon ná imeagla mar gheall ar
an gcath. Níor ghlac; acht níor bh'fhada go
raibh rud ba mheasa ná gleo agus ná cath ag
teannadh linn. Bhí sé de mhí-ádh orm féin bheith
insan éadan deireannach de'n fhuirinn a bhí 'n-a
seasamh ar an staidhre; bhí barr mo chinn i
gcómh-aoird le barr an staidhre. Do bhíodhg
teine ag an gcúinne ba shia uaim de'n áiléar
a bhí ar mo dheis agus do chuaidh d'aon spréach
go fraigh an tighe. Do shiubhail an lasair an
raon i leith roimpi chómh tapa agus shiubhalfadh
duine, beagnach, agus ola agus páipéar 'á
slamairt aici go h-amplach. Do leath mo dhá
shúil orm le neart iongantais. Do shiubhail sí
chun cúinne an áiléir leathstiar díom agus
d'iompuigh timcheall an chúinne sin fé mar
bheadh srian léi agus do lean d'á gluaiseacht
ar fhaid an áiléir ó dheas. D'imthigh an iongna
dhíom agus do ghabh sceon agus eagla me. Do
chrom na daoine ar osnaighil, ar chneadaigh,
agus ar chasachtaigh.
“Loiscfear sinn, loiscfear sinn!” ar sa an
sluagh, agus go deimhin ba dhóbair go loiscfí.
“Oscaltar an dorus sara loiscfear sinn!
Oscaltar!”
Anois nó riamh, ar sa mise im' aigne féin,
an t-am chun gníomh croidhe-bhrughaidh do rádh
má dubhradh riamh é. Bhí an teine ag bearradh
tadhaill liom agus ní bheadh uain agam chun
paidireoireacht fhada do dhéanamh. Do thos-
nuigheas, agus bhí sé d'inntinn agam neart
díocuis agus díoghraise do chur lem' ghuidhe.
“A Dhia, tá doilgheas croidhe orm mar
gheall …”
Tháinig lóithne teine agus deataigh treasna
an staidhre a bhain racht casachtaighe asam. Do
thosnuigheas arís.
“A Dhia, tá doilgheas croidhe orm mar gheall
ar fearg do chur ort …”
“Oscaltar an dorus! Oscaltar!
Oscaltar!”
“Agus tá fuath fírinneach agam …”
Liugh eile. “Cé h-é an t-ifreannach atá i
mbun an ghnótha so? Oscladh sé an dorus!”
Sé rith im' cheann an tráth so acht ná tiocfadh
liom mo ghníomh croidhe-bhrughaidh do chríochnughadh
i n-aon chor. Bhíos dam mhúchadh leis an
ndeatach. Do smuaineas, agus ba h-é an
smuaineamh guirt é, gur mairg an té fhágas a
ghníomh croidhe-bhrughaidh gan rádh go dtí go
mbíonn an teine ag teannadh leis!
Acht fé dheire deineadh faoiseamh orainn.
Do h-oscladh an dorus agus scaoileadh amach
sinn. Bhí ronn frioth-bhaic ag bun an staidhre.
Do chuadhmar tríd an ronn sin amhail agus dá
mbadh beithidhigh allta sinn. Níor airigheas féin
an dealg ag baint liom, acht nuair chuadhas
a bhaile bhí mo chuid éadaigh stractha agus mo
loirgní gearrtha.
Ar mo ghabháil amach dam ní raibh i gcómhgar
an doruis acht triúr nó ceathrar óglach. Bhí
sluagh mór d'arm Shasana leathsamuigh agus
d'fhógradar orainn teicheadh go tapa anonn go
Sráid na Mainistreach.
Bhí sean-fhear lem' thaobh ag dul amach agus
do labhair sé le taoiseach na ndubhchrónach.
“D'fhágas mo chasóg istigh,” ar seisean.
“Fanadh sí istigh i n-ainm an diabhail,” ar sa
an Sasanach. “Acht fan,” ar seisean; “ar
mhaith leat dul d'á h-iarraidh?” Ní dheaghaidh.
Ar rochtain taoibh thall de'n sráid dúinn do
cuireadh ar choragiob sinn ar an gcasán. Is
dócha go raibh cheithre chéad duine ann. Bhí
arm Sheáin ag gabháil tslighe ar gach aon taobh
dínn. Bhí ar gcosa i n-achrann 'n-a chéile agus
bhíomar brúighte fé n-a chéile agus díngcthe le
n-a chéile go mío-chompórdach, acht mar sin
féin bhíos-sa ar mo shóghmhas seachas an teine
do bheith ag teannadh liom. Ní raibh fuascailt
ar an gcás acht é d'fhoidhneadh. Do thosnuigh
ar lámhach arís. Dia linn go deo a's go
daingean! Sin daonnaí bocht ag rith le n-a
anam ó Thigh an Chustuim go Libertí Hall.
Táthar ag caitheamh leis. A leithéid de radadh
piléar! Is diabhalta an tóir í tóir na bpiléar,
acht, a bhráthair, ní fiú biorán í seachas an teine.
Uch, uathbhás na teine! Acht cibé duine é siúd
ní fear meathta é. Tá mion-ghunna 'n-a láimh
aige, nó b'fhéidir i ngach láimh leis — nílim
deimhintheach cia aca — agus tá sé ag radadh
piléar le n-a namhaid go tiugh agus go calma.
Sin dubhchrónach ar lár aige. Acht — ochón ó,
tá sé féin ar lár! Níl, níl; níor bhain dó acht
tuisle; tá sé 'n-a sheasamh arís. Tá sé ag
rith fé dhéin an bhóithrín atá taobh le Libertí
Hall; acht tá dubhchrónach sa bhealach roimhe
agus lámhfaidh sé é. Níl a fhios agam-sa cé
chaith an t-urchar, acht thuit an dubhchrónach ar a
bhéal agus ar a fhiaclaibh, agus d'imthigh an
t-óglach as mo radharc.
Seo fear bocht eile ag rith le n-a anam mar
an gcéadna. Táid ag caitheamh leis agus tá
sé sin ag caitheamh leo. Sin dubhchrónach eile
ag tuitim, pé duine leag é. Acht mo chreach!
mo mhíle truagh! tá an t-óglach bocht féin ar
lár. Tá sé sínte ar fhleasc a dhroma agus a
dhá láimh fillte thar a chéile ar a ucht aige.
Fíoghair na Croise Naomhtha!
Tá beirt eile ag rith anall. Tá duine aca
ar lár cheana, acht tá an duine eile imthighthe
as mo radharc. Ní fheadar cad ab oidheadh dhó.
Acht is mó truagh an fear bocht anbhuaineach
so atá fé thóir anois ná aoinne d'á dtáinig
roimhe. Níl gunna ná uirlis aige. Is cosmhuil
gur scannruigheadh go mór é, tá sé ag rith
chómh barrathuisleach sin. Táthar ag caitheamh
leis ó gach taobh, acht ar a shon sin agus uile
is fada tá ag dul leis. Á, tá an créatúir
ar lár fé dheire. Tá sé i ngoireacht cúig slat
déag díom. Chím criothán an bháis 'n-a chois
chlé. Chím crón-phoc ag díriughadh a ghunna air
agus ag caitheamh leis. Tá deire leis an
gcriothán.
Cé h-é fear díchéillidhe seo an éadaigh dhuibh
atá ag teacht ar deithineas ó Shráid na Mainis-
treach agus ag dul isteach i lár baill amhail
agus dá mbeadh toisc an-tábhachtach air? Fan;
is fé dhéin an chuirp atá sé ag dul; tá sé ag
seasamh ós cionn an mhairbh agus ag léigheamh.
Tá piléir ag greadadh an bhóthair 'n-a thimcheall,
acht is beag a shuim siúd i bpiléaraibh; is beag
é a bheann ar an mbás. Tá sé ag dul fé dhéin
mhairbh eile. Cé h-é? ar sa tusa. Ní gábha
a fhiafruighe. Ní fheaca-sa go dtí sin searc-
leanamhain dílis 'á dhéanamh ar an bhFear Cinn
Riain. Umhluighim duit, a Shagairt, móraim
thu, agus umhluighim dod' Éide!
D'fhéachas ar Thig an Chustuim. Bhí toit mhór
deataigh agus lasrach ag brúchtghail amach as
na fuinneogaibh. Bhí an teine go teann; ní
mhúchfadh neart fear nÉireann í, agus ba léir
go raibh tigh mór maiseach Ghandí imthighthe thar
fóir.
Bhí gach uile dhuine ag fiafruighe um an dtaca
so cá raibh na h-óglaigh. Bhí suim mhór ionnta
ag caraid agus ag namhaid. Do chuala ceann-
phort na ndubhchrónach 'á rádh go raibh breis
agus céad fear istigh i dTigh an Chustuim, agus
go rabhthas ag feitheamh go gcuireadh an teas
an teicheadh ortha.
Is gearr anois go mbeidh na coiníní ag
preabadh amach as an bpoll, agus annsin
tosnóchaidh an greann i ndáiríribh,” ar seisean.
“Tá breall ort,” ar sa mise im' aigne féin.
Bhíomar ciaptha ó bheith ar choragiob agus gan
cead againn cor do chur dínn. Fé dheire
dubhradh linn éirighe 'n-ár seasamh, agus ba
mhór an faoiseamh orainn é. Do chonnacas
mion-ghunna ar an dtalamh lem' ais agus
tulchán piléar agus crios leathair agus hata.
Thosnuigh na dubhchrónaigh ar ár bpócaí do
chuardach. Do chuir fear a bhí im' aice barr a
bhróige fé'n hata agus do leag ar an mion-
ghunna é. Tháinig dubhchrónach buidhe foirbhthe
geanncach clag-shúileach agus d'fhéach sé ár
bpócaí. Chómh luath agus bhí sé imthighthe tharainn
do chuir mo chómharsa barr a bhróige fé'n hata
agus d'árduigh suas é. Bhí an mion-ghunna
imthighthe!
Annsin do h-oscladh dorus Brooks Thomas
agus dubhradh linn dul isteach san iadh. Bhí
fear breathnuighthe eile san ngeata rómhainn
annsin. Do chuir sé stad le garsún a bhí
rómham féin. Bhí súl-aithne agam ar an
ngarsún, acht is cuma cá bhfeacas é.
Aithneochthar as a chómharthaíbh é.
“Is cosmhuil le duine aca thusa,” ar sa an
dubhchrónach. “Tá an scamh céadna ort.”
(Acht ní scamh a bhí air acht smiod-gháire.) “Cá
rabhais ag obair indiu?” ar seisean.
“Annsúd thall,” ar sa an garsún go neamh-
urchóideach.
“Annsúd thall? Cia an áit annsúd thall?”
“An tigh úd thall,” ar sa an garsún; agus
b'fhíor dó.
“Bailigh leat,” ar sa an dubhchrónach, agus
thug sé buille baise dhó. Scaoil sé mise
thairis. D'fhéachas ar an ngarsún agus d'fhéach
sé sin orm. Go deimhin, badh mhór ab fhiu do
dhuine gnúis ionnraic do bheith aige fé mar bhí
ag an ngarsún sin.
Casadh fear orm i Sráid an Talbódaigh agus
do chroith sé mo lámh go báidheamhail lághach.
Ba h-é sin an chéad uair a bheannuigh sé dham
le ciantaibh. Go deimhin, is maith adubhairt an
sean-fhocal é: “Is maith an scáthán an saoghal
so, an té fhéachfadh tríd.”
Do chaitheas cúig nóimeat ag an ndroichead
ag féachaint uaim síos go h-athtuirseach ar
thoradh an tsluaighimh mhóir. B'éachtach an teine
í. Bhí gach uile dhuine ag fiafruighe, “Cá bhfuil
na h-óglaigh?” Agus d'fhreagraidís, “Loisc-
fear iad, loiscfear iad!”
D'fhan arm Sheáin annsúd ag faireadh agus
ag feitheamh le teicheadh na g“coiníní.” Acht
tá na “coiníní” gan teacht amach fós.
D'éaluigh na faol-choin imeasc na gcaorach.
COS OBANN.
AN GHAEDHEALG MAR TEANGA GNÓTHA.
Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach
a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dhéanadh i nGaedhilg
le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha.
Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na
Driseóige, Baile Átha Cliath.
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor., 89 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.
Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor., 85 Sráid an
Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.
Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co. an
Chláir.
Domhnall Ó Chonchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an Fheis-
tighe, Baile Átha Cliath.
Ághaistín Ó hAodha, Táilliúir, Sráid an Húmaigh a 16,
Baile Átha Cliath.
J. L. Stewart, Siopa Córacha Oifige, Faithche an Choláiste
a 4, Baile Átha Cliath.
Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim-
gréine, Co. an Chláir.
Siopa na Leabhar nGaedhealach, Sráid Dáson a 45,
Baile Átha Cliath.
H. Ridgeway. (aon duine amháin), Bearrbóir, Sráid
an Fheistighe a 22, Baile Átha Cliath.
Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha
Cliath.
OBERAMMERGAU.
Cara Rúiseach liom bhí ag cainnt liom i
München lá, duairt sé: “Ní thaithneóchaidh
Oberammergau leat. Tá athrú tagtha air, is
clos dom. An rud bhí go háluinn maordha
tá sé loitthe anois ag lucht taistil is ag
ticéadaí … enfin, mon cher, tu seras ennuyé.”
Ní raibh an ceart aige. Thaithnigh Oberam-
mergau thar cion liom, go deimhin chuir sé
draoidheacht orm ar mhódh nach ndearna aon cheó
eile lem' bheó. Ní féidir liom cheapa nach
gcuirfeadh sé draoidheacht ar dhuine ar bith
d'fheicfeadh é. Ó'n nóiméad chuireann duine
a chos san áit, beireann an uptha atá ag baint
léi ar a chroidhe. Is geall le brionglóid an
áit iomlán.
Oberammergau!
Tá aoibhneas caomh aislingeach áithrid ag
baint leis an ainm féin. Bhí an baile beag
an-chiúin an lá tháinig mise ann. Lá órdha i
Meadhon Fómhair bhí ann. Na tighthe a raibh
pioctúirí ioldaithte 'á gclúdach; na páistí
cos-nochtuithe; na fir tuaithe árda agus
féasóga fiadhánta - orra go léir, beagnach,
agus gruag fhada; na crainnte ubhall bhí ag
fás ar thaoibh an bhóthair agus iad luchtuithe le
torthaí; na sléibhte… ba dheacair dhom
chreidiúint nach raibh acht trí uair a' chluig
caithte ó bhíos i München. Sráideanna, cear-
nóga, foirgnimh maordha, caiféanna, sgoláirí
ealadhna, gluaisteáin, pioctúirí na nua-sgoile,
amharclanna, ceól … Seadh, tá München
iongantach, acht in Oberammergau ní mian le
duine smaoiniú ar chathracha móra, ná ar
chúrsaí an lae indiú, ná ar leabhra freac-
nairceacha. Smaoinigheann sé ar rudaí ársa
nach bhfuil aon deifir ná deabhadh ag baint leó
— ar chnocaibh is ar chrainnte, ar shealgairí is
ar threabhadóirí is ar iasgairí, is ar fháidhthe na
sean-aimsire … Is cuma leis na cuair-
teóirí eile, a gcuid cainnte tormánaighe is a
gcuid clamhsáin i dtaoibh an bhídh nó a leithéid.
Nach dtigh leis siúl leis thríd an mbaile um
tráthnóna, agus breathnú ar na soillse d'á
lasa sna siopaí, nó amach faoi'n tuaith, agus
féachaint ar an gcrapsholus ag dorchú na
bhforaoiseach; agus é ag machtnamh ar an
dráma fheicfeas sé amárach, agus ag fiafruighe
de féin an mbéidh sé chó hiongantach agus
ceapann sé go mbéidh?
Is cuimhin liom, an chéad tráthnóna sin in
Oberammergau dhom, gur mhothuigh mé mar
mhothuigh mé roimhe sin uaireannta agus mé
i gConnamara nó imeasg sléibhte Átha Cliath,
agus an breac-sholus ag tuitim go mall ar
an talamh, agus réalt aonraic, béidir, ag
lonnra ar nós bláthóige ar ór na spéire san
iarthar: go bhféadfadh a leithéid d'áilneacht an
domhan a mhille le n-a neart millteach dá
dtogróchadh sí. Bhí an dreach céadna ar chuile
ní, amhail is dá mbéifí ag coinne le rud mór
aisteach eicínt thuitim amach. Béidir gurab é
an Dráma fá ndear an fhéachaint choinneach
dhian seo atá le tabhairt faoi deara chuile áit
in Oberammergau. Níl amhras ar bith ann ná
go bhfuil grádh mór doimhin ag na daoine d'á
ndráma, ní ar an ábhar go mbaineann siad
airgead as, mar cheapann daoine áirithe, acht
ar an ábhar go bhfuil dlúth-bhaint aige le n-a
gcuid cnámh is fola féin. Tuige nach mbéadh
grádh aca dhó? Sa mbliain míle sé céad a
trí déag is fichid bhris galar uathbhásach amach
sa gcuid sin de'n Bhaibhéir agus do leathnuigh
ar fud na mbailte bhí thart ar Oberammergau
— Partencirchen, Eschenlohe agus eile — ar
nós lasrach dóighteáin mhóir. Níor mhair sna
bailte sin acht corr-dhuine annseo 's annsiúd.
Bíodh is go raibh Oberammergau gearrtha amach
ó na bailte eile ag na sléibhte árda tá 'na
thímpeall, níor fhág an galar saor é. Fear
oibre, Caspar Schliessler an t-ainm bhí air,
thug isteach é. Tháinig sé, é féin is a mhuirighin,
ó Eschenlohe, áit a raibh sé ag obair sna
páirceanna, d'fhonn bheith i láthair ag féile
coisrighthe an tséipéil. Thug sé an aicíd 'na
theannta. Fuair sé bás lá ar n-a bhárach, agus
i gcionn trí seachtainí bhí ceathrar daoine is
ceithre fichid marbh de bhárr an ghalair chéadna.
Annsin do thug muinntir an bhaile mionn agus
móid do Dhia: dá sábháilfí an chuid eile d'á
muinntir, go léireóchaidís Dráma Páise Chríost
gach deich mbliana as sin amach. Ní bhfuair
éinne eile bás, cé go raibh an tinneas ar chuid
mhóir de na daoine cheana féin. Agus, an
bhliain 'na dhia sin, léirigheadh an dráma do'n
chéad uair, agus leanadh de ó shin i leith,
d'aimheóin na céadta cúnnstaicí is toirmeasg
cuireadh 'na aghaidh.
Tosuigheann an dráma ar a leath-uair
tharéis a hocht ar maidin, agus bíonn an chéad
chuid críochnuithe ar a leath-uair tharéis a dó-
dhéag. An lá chonnaic mise é lá fíor-iongantach
bhí ann, lá geal gréine; gan néall ar bith ar
an spéir acht í chó gorm le bláthanna gorma;
an t-aer go teasaí cumhra; na cnuic ag
soillsiú fá'n solus órdha. Bíonn an lucht
éiste 'na suidhe fá dhíon árd áirsithe na
hamharclainne, acht is faoi'n spéir bhíos an
chuid is mó de'n dráma d'á léiriú, óir tá
deire leis an díon áit a dtosuigheann an
stáitse. Ag cúl an réamh-stáitse, ámh, tá
árdán íseal agus é dúnta amach ó'n gcuid
eile de'n úrlár ar próiséinium chíochta atá
clúduithe le cruitíní fada díreacha dubh-ghorma,
acht go dtarraingtear na cruitíní seo siar le
linn an dráma bheith ar siúl. Bíonn córa
fear is ban, agus róbaí fada daithte orra,
ag canntain roimh gach gníomh (tá seacht
ngníomhartha déag san dráma); agus iad
'na seasamh ós cóir na gcruitíní. I rith an
dráma, tig na haisteóirí amach go réamhchuid
an stáitse agus labhartar na focla ceólmhara
faoi sholus na gréine.
Ní féidir trácht ar an dráma 'na iomlán
annseo: leabhar mór trom bhéadh ag teastáil
le sin dhéanamh: ní féidir cur síos ar a leath
de'n áilneacht bhí ag baint leis na focla, leis
an dath, leis an aisteóracht. Maireann an
dráma ar feadh ocht n-uair a' chluig: ceithre
huaire ar maidin agus ceithre huaire sa
tráthnóna; agus téigheann an ghluaiseacht ó
theacht isteach in Ierúsalem do Chríost Dé
Dómhnaigh na Pailme go dtí an tEiséirghe.
Dar liom-sa gurab é an rud dob' áilne is
dob' thruaghmhaire, ar mhódh eicínt, dá raibh ann
ar fad, an chéad-radharc de Chríost agus é ag
marcuíocht thríd an gcathair agus na sluaighte
corruithe caithréimeacha 'á thionnlacain, agus
na pailmeacha d'á luasga in aer aca. Ní
dhéanfaidh mé dearmad go deó ar an gcéad-
amharc fuair mé dhe agus é ar dhruim an asail:
an róba bán a raibh an fhallung chróidhearg
fillte ós a chionn amuigh; na súile doimhne;
na lámha sínte amach roimhe agus é ag beannú
na ndaoine; an meanga-gáire mistéireach ar
a bhéal … Caithfear rudaí de'n tsórt sin
fheiceál le n-a dtuigsint… Thuit ga soluis
gréine air agus é ag teacht trí na háirsibh
dorcha ag cúl an stáitse agus do las a cheann
is a ghuailne suas le teine óir. Chítear na
rudaí seo trí cheó deór, acht mar sin féin, tá
siad déanta as áthas is as ríméad.
Anton Lang! Níl sé gan a lochtaí féin
béidir mar aisteóir — cá bhfuil an té d'fhéadfadh
Críost thaisbeánt nó a chur in iúl do'n tsaol
gan locht? — acht an chéad-theacht-isteach sin, tá
sé míorúilteach amach is amach. Feictear dhom
anois agus mé ag cuimhniú air gurab é ceann
de mhór-oibreacha ealadhna an domhain é, go
dtig leis a áit thógáil taoibh le Monna Lisa,
is le íomháigh Apollo Belvedere, is le ceól
Tristan agus Isolde. Agus Guido Mair, an
t-aisteóir a thaisbeán Iúdás dúinn: ealadhan-
tóir a bhfuil cumhacht iongantach ag baint leis
tá ann. Nocht sé pearsantacht Iúdáis go
gasta fíor-ealadhanta, agus bhí na mion-rudaí
uile go léir thar bhárr aige: an róba buidhe,
an ghnúis ghlic rocach, an tsainnt is an sgannra
ag baint na sál d'á chéile 'na shúile. Is
deacair a chuimhniú gur fir gan an iomarca
taithí aca ar cheárd an aisteóra an bheirt fhear
seo. Ní raibh an Naomh Eóin go ró-mhaith, dar
liom. Sílim nár thuig Melchior Breitsamter
pearsantacht ná meón Eóin. Samhluigheadh dom
gur thionntuigh sé báidh agus caoimhe agus
milseacht dhoimhin an naoimh go laige fuaránda
mí-éiféachtúil; agus Marta Veit, an Mhaigh-
dean Bheannuithe — bean iongantach áluinn bhí
innti — bhí sise beagán mílítheach freisin, beagán
laigbhríomhar. Acht bhí glórtha na beirte seo
an-cheolmhar an-bhinn, agus bhí urraim is ómós
fíor-thaithneamhach ag baint le gach a ndear-
nadar: sí an chumhacht bhí in easnamh orra.
Maidir le Andreas Lang, nocht sé pearsan-
tacht Naoimh Peadar chó soilléir sin dom gur'
gheall le cur-in-aithne é a léiriú, dar liom.
Ealadhantóir críochnuithe tá ann.
Béidir gurab é an radharc ba mhó áilneacht
d'á raibh ann, radharc an tSuipéir Deiridh. Chuir
sé pioctúir mór Leonardo da Vinci i gcuimhne
dhom, cé go raibh cóiriú na ndeisgiobal athruithe
beagán: an pioctúir sin atá d'á shearga i
leabaidh a chéile fós ar bhallaí an tsean-sheomra
bídh i mainistir Maria delle Grazie i Milano.
… Na ballaí fada pánaluithe, an spéir
ghléineach atá le feiceál trí na fuinneóga,
na dathanna fanna lonnracha, an solus bog
ceómhar úd a raibh an oiread sin grádha ag
Leonardo dhó, bhí siad uile go léir ann: agus
bhí mar bhéadh brat trom ciúinis is trághuíochta-
le-teacht ós cionn chuile ní a bhí go hiongantach.
Na focla uamhnacha: “An rud atá tú ar tí a
dhéanta, déan go tapaidh é!” agus an tost
leanas iad, d'fhág siad an lucht éiste ar crith.
Agus annsin, sna gníomharthaibh úd 'na bhfeic-
tear triáil Chríost roimh Phíoláit, nach iongantach
iad sotal trom óirdhearc lucht an dlí
Rómhánaigh, agus simplíocht dhiadha lonnrach an
Té bhí ós a gcóir amach agus é cuibhrithe
ceangailte! Tá nóiméadaí iongantacha le
fáil ar fud an dráma go léir: an pháis in
uaigneas an gharrdha duaibhsigh; iompur na
croise chuig Calbhaire; dólás Mhuire; an
céasa ar an gcrois, agus na focla iongantacha
uamhnacha úd: “Eloi! Eloi! Lama Sabach-
thani! …”
Béidir go raibh grian an tráthnóna ag
taithneamh fós is ag dathú na sléibhte le n-a
solus ómra, acht is cuimhin liom-sa anois gur
thárla an radharc sin agus dorchadas trom
ann, agus sgáileanna móra millteacha mí-
chumtha chuile áit …
An tEiséirghe, agus a chuid dathann fann
ceómhar agus a chuid ceóil buig áthasaigh, tá
sé sin áluinn freisin, áluinn ar nós sean-
phioctúra Iodáiligh, agus tugann sé ríméad
solúnta diamhair do chríoch an dráma.…
Agus ar a bheith críochnuithe do'n rud iomlán,
is féidir fille abhaile, nó siúl amach faoi
óir-dhearg an chrapsholuis ag breathnú ar na
sléibhte ag tarraingt an dorchadais ós a
gcionn ó'n spéir anuas, agus tuigeann duine
go bhfuil a lán foghlumtha aige de bhárr
a thurais go dtí Oberammergau. Is eól dom
go gcuimhneóchaidh mise air i gcomhnaidhe, pé
sgéal é, fá mar chuimhneochainn ar eachtra
diadha eicínt.
Oberammergau! Iongantach liom an t-ainm
féin anois — an áit, a gnáthchuimhne, agus a
muinntir.
MÍCHEÁL MAC LIAIMMHÓIR.
SLOINNTE.
Tá taithighe ag an mBeurlóir is sgothaighe
anois ar na focail Dúnlaoghaire agus Cóbh
d'fheiscint agus do chloisint in ionad na
hainmeacha fíor-Shasanacha glaodhthí ar na
háiteanna ceudna go dtí le déidheannaighe.
Ní hionann san agus a rádh go saluigheann
siad a mbeola féin lena leithéid de chainnt.
Ach b'é an sgeul ceudna é tamall ó shoin i
dtaoibh Biorra, agus is ar éigin atá
aoinne ann anois, dá mhéid é a mhórchúis, go
dtugann an ainm Gallda ar an áit sin.
Táthar ag casadh ar na sean-ainmeacha ar fud
na tíre agus is amhlaidh is fearr é. Maidir
le ainmeacha áit, tá slighthe go leór chun atharú
mar sin do chur 'na luighe ar na daoine —
Oifig an Phuist, na bóithre iarrainn, meuranna
ar eolais ag na cros-bhóithre, mappaí, agus
mar sin de. Ach tá an gluaiseacht ceudna
ar siubhal ar sloinnte na ndaoine leis. Is
mó siopa cífeá anois agus an ainm sgríobhtha
suas thar an bhfuinneog i nGaedhilg (cé ná
fuil aon Gaedhealg béidir ag an nduine is
leis an áit), agus tá a lán daoine ann leis
a chuireann an fuirm Gaedhealach de n-a
n-ainm le n-a gcuid leitreacha: le déidhean-
naighe go speisiálta. Ach fé'r chromadh ar an
nós sin in ao' chor bhí muintir na hÉireann
ag deunamh úsáid desna réimh-cheangail “Ó”
agus “Mac” i mBeurla a bhfad níos minicí
ná mar do bhídís fiche bliadhain ó shoin.
B'iongantach le duine páipéirí an Census 1891
do sgrúdú agus a luighead do bhí Ó agus Mac
á n-úsáid i mBeurla leis na sloinnte is
Gaedhealaighe — Ó Ceallaigh, Ó Riain, Ó hÉig-
cheartuigh, Mac Ceothach, Mac Cárthaigh, Mac
Suibhne, &rl., mar sampla. Anois dar ndóigh,
tá a mhalairt de sgeul ann, agus gach aoinne
ná fuil ainm Gaedhealach aige ag ceapadh ceann
do féin. Gheobhfuidhe dul ró fhada leis an
rud sin, ach is fearr é ná an sean-nós, náire
a bheith ar dhuine nó leisge, pér sa domhan de,
mar gheall ar an sgeul.
Teanga oifigiúil Riaghaltais na hÉireann
iseadh an Ghaedhealg anois. Is féidir leitir
do sgríobh fé dheire gan de bhac ort an seóladh
do sgríobh i mBeurla ar eagla go mbainfeadh
an leitir seachtmhain ar an slighe fé shroisfeadh
sí an duine eile: agus tá leabhar údarásach
againn 'na gcuirtear síos an Ghaedhealg ceart
ar gach Oifig an Phuist in Éirinn .i. “Post-
Sheanchas.” Gan dabht tá dearmhad anois agus
arís ann, ach is beag atá. 'Sé an feall é ná
fuil leabhar eile den tsaghas ceudna againn
ar ainmeacha na sráideanna i mBaile Átha
Cliath agus insna bailte móra go léir. An
áit a bhfuil oifig “An Sguab,” cuir i gcás,
tá leath-dosaen slighthe ar é rádh i nGaedhilg,
agus do chaitheamhar sgríobh chun Árd-Oifig an
Phuist nuair a tháinighmear annso ag fiafruighe
dhíobh cad é an ainm oifigiúil atá air, mar is
i mBeurla atá sé sgríobhtha suas ag Cumann
na Cathrach. Ach sin a bhfuil de ghearáin agam
mar gheall air sin.
Ag tagairt don rud eile — sloinnte na
ndaoine, ní bhfuighfheadh aon nídh a bheith níos
tráthúla ná cur amach nuadh de “Sloinnte
Gaedheal is Gall.” An tAthair de Bhulbh do
sgríobh agus Muintir Mic an Ghoill d'fhoillsigh.
Tá dhá chuid de ann — Cuid 1, Beurla-Gaedhealg,
agus Cuid 2, Gaedhealg-Beurla (leath-choróin,
luach gach coda). Bhí Cuid 1 againn le fada
gan dabht, ach tá an ceann nuadh a bhfad níos
mó agus abhfad níos muinighinighe ná an sean-
cheann. Tá 116 leathanaigh ann in ionad 65
(ní áirighim an réamh-rádh: níl an oiread sin
difridheacht eatorra sa méid sin de). Agus
maidir le Cuid a 2, leabhar nuadh iseadh é sin
amach is amach ach amháin go bhfuil an réamh-rádh
ceudna ann a's atá i gCuid a 1. Is truagh
nár sgríobh sé an réamh-rádh i nGaedhilg i
gCuid a 2.
Pé dearmhad bhí braithte agam sa cheud chur
amach tugaim fé ndear go bhfuil siad go léir
ceartuighthe anois sa tara cur amach, agus is
dóigh liom gurbh fhéidir linn a rádh anois go
bhfuil údarás muinighineach againn ar Shloinnte
Gaedheal agus Gall. Ní hionann san a's a
rádh ná fuil aon rud bun os cionn ann. Níor
mhór do dhuine é infhiuchadh go han-dhian fé
bhfuighfeadh sé moladh cho árd leis sin do
thabhairt do aon rud. Níl aon choill gan an
droch-chrann, dar ndóigh.
Nuair a chuimhnighmíd ar an méid cur isteach
do righneadh ar muintir na hÉireann ó thosach
deire is iongantach cho láidir agus cho buan
a's do bhíodar. Gan dabht is ainmeacha
Gaedhealacha atá ar an urmhór dínn in Éirinn,
ceithre fiche duine as ceud ar a luighead. Is
fíor go bhfuil sloinnte ann go ndeurfuidhe
ar an gceud radharc gur sloinnte Gaedhealacha
iad nuair nach eadh in ao' chor, Mac an Ridire,
Mach Fheórais, cuir i gcás: ach, má thá, tá a
bhfad níos mó ainmeacha san am ceudna a
bhfuil deallramh Sasanach ortha agus sloinne
Gaedhealach i bhfolach ionnta mar sin féin. An
t-aistriú do ríghneadh ó am go ham fé ndear
san. Ní féidir anois a rádh cárbh as sinnsear
fir is ainm Smith, Woods, Moore, Young,
King, &rl., indiu. Béidir gurbh Mac Gabhan,
Mac Caoilte, Ó Mórdha, Ó hÓgáin, Mac an
Rígh, iad, agus béidir nárbh eadh. Is cuma san
anois, má bhíonn daoine sásta a bheith 'na
nÉireannaigh maithe bíodh an fuirm Gaedhealach
aca, mara mbíonn údarás aca féin. Ach do
chuirfeadh sé déistean ort a bheith a' feuchaint
ar “Mr. Smith” agus a leithéid ag tabhairt
“Mac Gabhan” ortha féin agus gan oiread is
“Dia a's Muire dhuit” acu ná aon fhonn ortha
é fhoghluim nach oiread.
Chun cuirp lán na fírinne d 'innsint ní féidir
le haoinne a bheith siúrálta go bhfuil sloinne
fíor-Ghaedhealach aige ach amháin nuair a bhíonn
“Ó” nó “Mac Giolla” nó “Maol” ann.
Nílim á rádh ná go bhfuil ana-chuid desna
“Mac” cho Gaedhealach le haon “Ó” — Mac
Cárthaigh, Mac Conmara, Mac Suibhne, agus a
lán eile: ní hé sin é ach é seo, go bhfuil
mórán sloinnte “Mac” i leabhar an Athar de
Bhulbh agus is ar éigin a fuighfidhe a rádh gur
sloinnte Gaedhealacha iad an cheud lá. Mac
Coirce, cuir i gcás, nó Mac Haicéid, Mac
Mairtín, agus an domhan eile de na leithéid
atá sa leabhar.
SEÁINÍN NÓ
EACHTRA MIC MÍ-RIALTA
“AN SEABHAC” DO SCRÍOBH
Úna De hÍde a dhein na pictiúirí
Díreach tar éis teacht amach, 4/- glan
EACHTRADH EIBHLÍS
I DTÍR NA nIONGANTAS
PÁDRAIG Ó CADHLA do chuir Gaedhealg
ar an sgeul so. C. Ní Bheirsceoil agus Úna
de hÍde a dhein na pictiúirí, 4/6 glan
'Sé bunús an leabhair seo ach “Alice in Wonderland”
CLÓDÓIREACHT GHAEDHILGE
Tá fhios ag cách cad é an cháil atá againn i dtaobh
Béarla a chlóbhuaileadh. Is féidir linn a chomh-mhaith
a dhéanamh leis an nGaedhilg. An fear a chuireann
an Ghaedhilg le chéile, duine de lucht an “Fháinne”
is eadh é.
MAUNSEL & ROBERTS, TEO.,
Sráid Bhagóid, Íoch., 50, Baile Átha Cliath
Agus anois go bhfeuchaim isteach sa sgeul
níos géire chím go bhfuil a lán sloinnte thos-
nuigheann le h-Ó nach ainmeacha sean-Ghaedhealach
iad in ao' chor; tá's againn go léir, cuir i
gcás, gur ainm Normánach Barry (De Barra),
ach cad atá i leabhar an Athar de Bhulbh (cho
maith le De Barra) ach Ó Báire. Dá mba
“Little” tú an dtabhairfeá “Ó Beig” ort
féin nó “Peitidh” nó “Little”?
Béidir go bhfuil an ceart aige ar feadh na
haimsire. Is dócha go bhfuil údarás muinigh-
neach aige le teasbáint gur mar a chéile
Rowntree (ainm fíor-Shasanach) agus Ó Caor-
thainn, Grubb agus Mag Rob, agus mar sin de.
Tá práidhinn againn anois le leabhar mór
i dtaobh Sloinnte Gaedheal agus Gall. Do
dheunfadh an leabhar atá i gceist againn anois
an gnó mar bun, agus dar ndóigh cé eile a
dheunfadh an leabhar ceudna do sgríobh agus
do chur in eagar ach an tAthair Pádraig de
Bhulbh. 'Sé an rud is mó atá uainn anois ach
an t-údarás a bheith le fághailt againn ar gach
sloinne. Maidir le háiteanna níl aon rud
le díospóireacht mar gheall air cad é an
Ghaedhealg is cirte do chur ar na fuirmeacha
Beurla atá á n-úsáid againn san aimsir seo,
agus mar sin gheobhfaimíd a rádh gur údarás
muinighneach go leor ann féin an leabhar úd,
“Post-Sheanchas,” ach ní mar sin do “Sloinnte
Gaedheal a's Gall,” mar tugtar an oiread san
fuirmeacha ann nár mhór dúinn údarás sa
mbreis chun teasbáint dúinn cad é an ceann
is oireamhnaighe do gach aoinne againn.
C. M.
LEABHRA.
“Don Cíochóté”: Bhí léirmheas againn an mhí seo
caithte ar “Don Cíochóté.” Dubhramar gur 1/6 a luach.
Dearmhad ba eadh é sin, mar 'sé an luach atá ar an
leabhar ach 5/-. Níor tháinig ach cuid de amach ar dtúis,
agus 1/6 a bhí air sin.
Seo an mhéid leabhra fuaireamar ósna Foillsightheóirí
ó chlóbhuaileamar an liosta deireannach:
Comhlucht Oideachais —
“Beirt Dhéiseach.” — Seán Ó Cuirrín. 2/6.
“Foclóir (Gaedhealg-Beurla).” — Seumas Ó Duirinne
agus Pádraig Ó Dálaigh. 2/6.
Preas Dúndealgan—
“Sgeulta Goiride Geimhreadh.” — S. Mac Meanman.
2/6.
“Mo Dhá Róisín.” — “Máire.” 2/6.
“Daoine Beaga agus Daoine Móra.” — F. Mac Ríogh.
7d.
“Maidean an tSoluis,” Cuid a I agus a II. — Feargus
Mac Ríogh. 9d.
Agus cúpla ceann beag eile.
uy and Co., Corcaigh —
“Cócaireacht.” — Mícheál Ó Cionnfhaolaigh. 3/-.
LEABHRA GAEDHILGE
“The Irish-English Pronouncing Dictionary.”
Tá timcheall 10,000 focal ann: na
focail a bhíonn in úsáid gach aon lá. Tá
teanga na nGaedheal ó thosach deire sa
leabhar so, mar tá na préamh-fhocail go léir
ann ó dtáinig na mac-fhocail. 'Sé an
rud is breághtha atá ag baint leis ach go
dtugtar foghair gach aon fhocail díobh.
Fearaibh a bhfuil an Ghaedhealg acu ón
gcliabhán a chnuasaigh iad. Shin é an leabhar
atá uait, a dhuine. Luach 2/6 glan; 2/9
tríd an bpost.
RÉILTHÍNÍ ÓIR.
Cuid a hAon agus Cuid a Dó. An tAthair
S. Mac. Clúin, Ollamh Gaedhilge, Coláiste
Naoimh Flannáin, Inis.
Rud nuadh amach a's amach iseadh an leabhar
iongantach so. Tá na mílte abairtí ó bheul
na ndaoine ann, fuil agus feoil na teangan,
agus gach saghas míniú agus có-bhrígh leis,
agus gan ach Gaedhealg ann. Má tá Gaedhealg
pras, saidhbhir uait, seo dhuit í. 5/- gach
cuid de, no 5/3 tríd an bpost.
Oibreacha Gaedhilge a sgríobh an Athair
Gearóid Ó Nóláin, M.A., Ollamh Gaedhilge,
Coláiste Naoimh Pádraig, Magh Nuadhat.
Studies in Modern Irish.
Introduction. Handbook for Teachers and
Beginners. 5/- glan.
Part 1. Grammar. 6/- glan.
Part 2. Prose Composition. 6/- glan.
Parts 3 and 4. Prose Composition. Gach
Cuid, 5/- glan.
Key to Part 1. 4/- glan.
DIA, DIABHAIL AGUS DAOINE.
Aistriú ón Rúisís agus sgeulta
cheapaithe. 5/- glan.
DUANAIRE GAEDHILGE.
Cnuasacht des na sean-amhránaibh is áilne
agus is mó clú. Róis Ní Ógáin do chruinnigh
agus do chuir i n-eagar. Luach, 3/6 glan;
3/8 tríd an bpost.
OIDHCHEANTA SIDHE.
Leabhar sgeulta agus pictiúirí le haghaidh
leanbhaí na hÉireann. Mícheál Mac Liaim-
mhóir do sgríobh agus do mhaisigh.
Seo é an cheud iarracht dár dhin sgríbhneoir
agus maisightheoir riamh chun leabhar fíor-
mhaiseamhail do chur amach do leanbhaí. Tá
sgeulta ann i dtaobh Féile Bríghde, Oidhche
Bhealtaine, Oidhche Láir an tSamhraidh, agus
Oidhche Shamhna. Tá Gaedhealg agus Béarla
orra san. 2/6 glan; 2/9 tríd an bpost.
COMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN, TEO.
AGUS COMHLUCHT AN TALBÓIDIGH, TEO.
SRÁID AN TALBÓIDIGH, BAILE ÁTHA CLIATH.
FOGHAIR NA GAEDHILGE.
CEACHT A III.
CONSONA BÉIL NÓ CONSONA AN CHÉAD
DORUIS.
CONUS IAD A DHEUNAMH.
Paou — déintear an foghar so
leis an dá bheul (an dá phus)
buailte ar a chéile agus iad go
bog amach ó na fiaclaibh.
Pei — Is é an tslighe a dhéin-
tear an foghar so acht an dá
bheul a bheith buailte ar a chéile
agus iad tarraingthe siar chum na bhfiacal.
Baou — Is é an tslighe ceudna a dhéintear
foghar so agus a dhéintear Paou .i. leis an
bheul buailte ar a chéile agus iad go b
amach ó na fiaclaibh, aon rud acht go bhfuil
guth ag gabháil le B.
An sceul ceudna atá againn le rádh
tagairt do Bei .i. gur mar a chéile a dhéintear
é agus Pei, aon rud acht go bhfuil an ghuth
gabháil le B.
Déintear Maou mar a chéile le Baou agus le Paou,
aon rud acht an srónghail a bheith ag gabháil le M.
Baintear foghair eile as na
comharthaí ceudna so leis an
marc beag so ós a gcionn in
áirde. Comhartha an Tinfeadh
(nó análadh) é seo.
Phaou — Déintear an foghar so
leis an dá bheul gairid dá
chéile agus iad go bog amach ós na fiacla.
Phei — Déintear an foghar so leis an dá bheul
gairid dá chéile agus iad tarraingthe siar chum
na bhfiacal.
Is mar a chéile a dhéintear Bhaou agus Phaou,
agus Bhei agus Phe, acht go mbíonn an guth le B.
Agus is mar a chéile a dhéintear Mhaou agus Bhaou
Mhei agus Bhei, aon rud acht an srónghail a bheith
ag gabháil le Mh. (Béidir nár bhfearr dhúinn
áit a gcuirfimís i bháir ar na daoine an
srónghail seo atá ag baint le Mh a chosaint ná
annso. Táthar dá leigint in eug, agus ní
maith é. Chuirfeadh sé déistean ort a bheith ag
éisteacht le daoine ag rádh “le cóna Dé”
(cooney day) in áit “le congnamh Dé,” agus
rudaí eile níos measa ná sin.)
Is eadh! Cad is Tinfeadh ann? Ní ansa.
Oscailt ar an gconsona iseadh an Tinfeadh.
Bíonn an dá bheul buailte ar a chéile do P,
acht bíonn an da bheul gairid dá chéile do Ph;
sin a bhfuil 'sa deifir. An sceul ceudna ag
B agus Bh, agus ag M agus Mh.
Is fuiris d'fheicsint go mbaineann “F”
leis an dtreibh seo. Is mar a chéile Phaou agus
Faou; déintear iad díreach 'sa tslighe ceudna.
Agus is mar a chéile Phei agus Fei. Cuimhnigh
go ndéintear iad go léir leis an dá bheul
gairid dá chéile. Na daoine a bhfuil an
taithighe aca ar an mBeurla is amhlaidh chuireann
siad na fiacla uachtracha ar an mbeul íochtrach
chum na foghair seo a dheunamh. Sin mar a
dhéintear “F” an Bheurla. Ní fhuil a leithéid
d'fhoghar 'sa nGaedhilg. Tabhair fé ndeara
conus adeir an fear a thógadh leis an Ghaedhilg
“Fine Day”; agus annsin tabhair fé ndeara
conus adeir an duine go b'é an Beurla a
theanga dhúthchais “Fan go fóil.”
Tá a fhios agat gurb' é “Bh” an earchradh
tá ar “F.” Cailleann Fh an foghar ar fad.
Tá F eile ann .i. an F atá san am fháistineach
agus insan am coingiallach den mbriathar. Is
mar a chéile an foghar F so agus H in go leor
áiteanna. “Dúnha me,” agus “Dhúnhainn,”
adeirtear in áit “Dúnfa mé” agus “Dhún-
fainn.” Agus deirtear “anha” in áit
“anfa,” “tinheadh” in áit “tinfeadh,”
“conhach” in áit “confadh,” “sinn héin” in
áit “sinn féin.” Adeireadh an Dochtúir de
Henebre nach ionann an “F” seo agus an
“F” in “fear,” “fíor,” agus mar sin.
PÁDRAIG Ó CADHLA.
(Tuille le teacht.)
AN ÁRD-FHEIS
IMTHEACHTA PÁRLIMINTE NA GAEDHILGE, IN SO!
A Fhir Eagair na Sguaibe! An uair iarais-se orm-sa
dul isteach in Árd-Fheis Chonnartha na Gaédhilge in Áth
Cliath, agus cúntas a scríobhadh dhoit air gach a dtabhr-
fhainn fé ndeara gur bhfiú é a áireamh, do cheapas féin
go mbeadh a lán rudaí le tabhairt fé ndeara. Bhí
dearmhad orm, agus uime sin caithfidh tú bheith sásta
leis an gcúntas beag suarach so, in inead na tuaras-
gabhála móire a bhí ceapaithe agam im aigne dhoit.
Do cuireadh mise im shuidhe ag bórd beag, in éinfheacht
le fir na bpáipéar, agus bu lághach, cineálta iad na
fir chéadna. Do chuireas-sa n-a luíghe ortha a mhéid
agus a thábhachtaí a bhí an páipéar le-n ar bhaineas féin,
agus níor dheineadar san aon-mhaoidheamh d'aon-bhrígh, as
a gcuid páipéar féin. Ní fheadar cad n-a thaobh! Ach
thugas fé ndeara go mbídís ag scríobhadh i bhfad ní bu
mhinicí ná bhínn-se. Is dócha gur b'shin é an fáth ná bíodh
saé d'uain acu bheith ag caint.
Ní raibh aon-rud le déanamh agam-sa ach bheith im
shuidhe ag éisteacht leis na daoínibh ag caint, agus ag
féachaint ortha ag féachaint air a chéile, agus ag tabhairt
fé ndeara. Ní raibh ach fíor-bheagán daoíne air an
Árd-Fheis seo, ach in a dhiaidh san, do thugas fé ndeara
go raibh cuid de sna Gaedhilgeóiribh is feárr in Éirinn
ann. Agus do thugas fé ndeara go mbíodh cuid de
sna sár-Ghaedhilgeóirí céadna so ag labhairt Béarla go
h-ana-mhinic, ach focail Ghaedhluinne a bheith acu. Agus
a léightheóirí na “Sguaibe,” do bheadh iongnadh agus
alltacht oraibh-se dá-n ínsinn díbh cé h-iad na Gaedhil-
geóirí céadna so. Ach bead-sa glic, agus ní inneósad
díbh é. Ní scéithfead air aon-Ghaedhilgeóir chómh bog
san. Ach inneósad díbh cuid den Bhéarla bhíodh air
siúbhal acu. Bhíodar ag trácht air chórú an Chonnartha
d'fheabhasúghadh agus deiridís gur bh'fheárr “dul isteach
sa scéal,” nó “dul isteach sa cheist,” nó “dul isteach
in sna puíntíbh,” nó “dul isteach sa ghléas nua,” nó
“dul isteach san gcóiriú.” Do airígheas gach abairt
acu so ó dhuine éigin, agus do scríobhas im leabhar é
in éinfheacht le h-ainm an-t é adubhairt. Ní theaspeán-
fhainn an leabhar san air mhíle muc. Tuigim-se go maith
cionnus is féidir dul isteach i dtigh, nó isteach in uisce,
nó isteach i dtobán; agus tuigim cionnus d'fhéadfaí
scéal do scrúdú, nó puíntí do thaighde, ach níor éirigh
liom riamh, fós, “scéal” do chur tímcheall orm fhéin
air shlígh go bhféadfhainn a rádh go rabhas “istigh sa scéal.”
Agus mura an féidir bheith istigh, ní féidir dul isteach.
Dubhairt duine gur bh'fheárr “scéal an Chóiriú a chur
SIAR”!! Agus ní siar go Ciaraí, ná go Connachtaibh,
ná fiú go hAmerica do cheap sé an scéal do chur, ach
go lá eile!!! Ach féach! Thoir is eadh thosnuighean an
lá, agus anoir a thagann sé chúghainn-ne, i dtreó go
mbeadh ciall éigin oireamhnach le cainnt an fhir seo, dá
dtrialladh saé an scéal a chur “soir.” Ach ní soir
adubhairt sé, ach “siar,” má is é bhúr dtoil é! 'Sé
an rud do theastuigh uaidh ná an scéal do chur ar
ath-lá!!! D'airígheas roinnt eile daoíne ag ceistiú a
chéile ós árd, de réir mar a bhíodh an aragóint ag dul
chun cínn. “An socruíghean san an scéal?” “Is
eadh,” adeireadh an duine eile mar fhreagra!!! “An
féidir — do dhéanamh?” “Ní h-eadh”!!! Tá an
scoláirtheacht ag mille Gaédhluinne na sár-Ghaédhilgeóirí.
An saghas saoghail atá aguinn fé ndear a luíghead
daoíne agus a bhí air an Árd-Fheis. Agus do bhí
cómharthaí eile eas-sláinte le feiscint. Ceann acu san
is eadh a luíghead daoíne a bhí ainmnighthe i gcóir an
Choiste Gnótha. Le ceart, bu cóir beirt, air a luíghead,
a bheith ainmnighthe i gcóir gach áit a bheadh le líonadh.
In a inead san, do bhí triúr in easnamh air Chúig Uladh,
i dtreó gur bh'éigin triúr a chómh-ghlacadh. Bhí breis
agus an oiread a theastuig i gcóir Chúige Laighean,
toghtha cheana ag Coistíbh Ceanntair Chúige Laighean. Do
bhí ceithre dhuine dhéag le togha i gcóir Bhaile Átha Cliath,
ach ní raibh ach beirt, air fad, thar an méid sin, ainm-
nighthe, agus de bhrígh gur toghadh beirt díobh so a bhí
ainmnighthe, in a Leas Uachtaránaibh, ní raibh aon-toghadh
chun na ceithre áit déag so do líonadh. Aon togha beag
in aon-chor a bhí ann, is i gcóir Cúige Chonnacht agus
Cúige Múmhan a bhí sé, agus níor mhór le rádh san féin.
Ní maith agus ní fóghanta an rud gan daoíne go leór
a bheith ag dul isteach air an gCoiste Gnótha gach bliain,
agus san ó gach Cúige. Agus — ó! mo chuímhne agus
mo dhearmhadh! Do thoghadar me féin air an gCoiste
Gnótha i mbliana, agus ar ndóigh is mór an scéal é sin.
Agus anois ó tháim istigh, ní'l aon-rud dob' fheárr
liom ná beirt, nó triúr nó ceathrar, nó as san go
deichneabhar, d'fhiscint a d'iaraidh mé a chur amach air
an mbliain seo chúghainn. Tabhair fé ndeara anois go
cruínn, nách abraim gur mhaith liom iad d'fhiscint im
chur amach, ach díreach A D'IARAIDH É A DHÉANAMH,
agus é ag teip ortha ar ndóin!! Sin mar a tháimíd go
léir air an gCoiste Gnótha, thá fhios agat —. Á! Níor
theastuigh uaim an méid sin d'ínnsint díbh in aon-chor
anois, ach tá mealltha agaibh uaim. Sibh-se, a shloigisc
léightheóirí, a bhí ag féachaint orm in san trém chuid
samhluighthe, an fhaid a bhíos ag scríobhadh, agus ceist
i ngach amharc libh, a mheall an rún uaim. Ach bíodh agaibh
an truip seo. Bead-sa suas libh fós!
Agus sul a-n imthíghim ó'n scéal so an Choiste Gnótha
— an méid seo. Is dóigh le Gaédhilgeóirí na tuatha
gur b'iongntach na Gaédhilgeóirí le feabhas a bhíon air
gCoiste Gnótha. Cheapas féin é leis, ach tá a fhios agam
anois, gur toghadh roinnt daoíne, i mbliana, ná féadann
“tá” do rádh in aon-chor, ach “tó,” agus gach uair a
chaithid “á” leathan na Gaédhluinne do rádh, is “ó”
adeirid! Cúis gáire chúghainn!! Adeirim libh nár
mhuar níos mó Gaédhilgeóirí do ainmniú' i gcóir an
Choiste Gnótha.
Do dhein an Árd-Fheis, i mbliana, dhá nídh gur mhaith
dob' fhiú iad do dhéanamh. Do shocruígheadar iaracht
do thabhairt air scéim a chur i bhfeidhm, a chuirfheadh
Múinteóirí Taistealacha na Gaédhluinne ag múine in
sna scoileanaibh Náisiúnta, in aon-áit ná fuil Gaédh-
luinn go leór ag an Múinteóir. Agus do iaradar
air an dá thaobh atá ag cogaidh sa tír seo fé láithir,
stad do chur leis an gcogadh air son Dé, agus air son
gacha nídh is ionmhuin leó ó Dia anuas. Má is féidir
an dá nídh sin a chur chun críche, ní bheidh áireamh air an
méid maitheasa a dhéanfhaid siad do'n Ghaédhluinn, agus
do Éirinn le chéile.
Do dhein an Coiste Gnótha gearán leis an Árd-Fheis
go raibh a lán Coistí Ceanntair nár chuir isteach airgead
Sheachtmhaine na Gaédhilge, cé gur íoc na craobhacha i
ngach ceanntar a gcion féin leis na Coistíbh Ceanntair.
Tamall ó shin, do chuireadh gach craobh a cion fhéin díreach
chuig an gCoiste Gnótha, ach, d'fhonn smacht ceart a bheith
acu féin air na craobhachaibh, d'éirigh le cuid de sna
Coistíbh Ceanntair an riaghail sin d'athrú, i dtreó go
gcaithfeadh na Craobhacha é do thabhairt dóibh fhéin air
dtúis, agus ghealladar go solomunta go ndéanfhaidís
é do ais-íoc leis an gCoiste Gnótha, chómh luath agus
do gheobhaidís é. Tá a fhios ag an gCoiste Gnótha anois,
cia cu b'fheárr an-t airgead san d'fhághail air an Módh
Díreach, nó air Mhódh na Ráidhte!!!
Tosnóchaidh Dáil Éireann sul a fada, air bheith ag
déanamh dlighthe i gcóir Oideachais in Éirinn. Leis an
ínntinn sin, do cuireadh roinnt rún i bhfeidhm ag an
Árd-Fheis a d'iaraidh na ndlighthe sin do shocrú mar
mhaithe leis an nGaedhluinn. Do bhí dhá rún áirimhthe
de'n-t shórd san ann; an céad ceann, “gur chóir ná
leigfí aon-leanbh sa bhfíor-Ghaedhealtacht, air scoil, go
mbeadh saé in ann an Ghaédhluinn do labhairt sa cheart”
— san, i dtreó go leanfhadh an fhíor-Ghaedhealtacht in a
fíor-Ghaedhealtacht go deó. An dara ceann: “nách
leigfear mac-léighinn ar bith isteach i Scoil Idir-
Mheádhonach a cothuíghtear as an gCiste Náisiúnta, tar
éis trí bliana, muna bhfuil sé in ann Gaedhilge a labhairt
go réasúnta maith.” Do bhí dream air an Árd-Fheis
i gcoinnibh an céad rúin, agus air thaobh an dara rúin.
Ní raibh aoinne i gcoinnibh an dara rúin, agus do
cuireadh i bhfeidhm é. Do admhuig an dream so go
gcaithfí oibriú de réir an céad rúin, dá ndeintí dlígh
dhe, mar go gcaithfeadh na leanbhaí dul air scoil, agus
dá bhrígh sin, nár cheart é 'chur i bhfeidhm, agus do
admhuigheadar nár ghádh d'aon mhac-léighinn dul air scoil
Idir-Mheádhonach, murar mhaith leis féin é. D'ínnseadar
dúinn, san am chéadna, gur acu féin, a bhí i gcoinnibh
an céad-rúin, a bhí an chiall. Ba mhaith an rud gur
ínnseadar san dúinn, mar, an-t é bheadh ag éisteacht
leis an scéal, agus gur chuma leis eatortha, ní chuímh-
neóchadh saé choídhche gur acu san a bhí an chiall, mura
n-ínnstí dho é! Do buadhadh air an gcéad rún, le seacht
nguth i gcoinnibh cúig nguth — breis de dhá ghuth, as a dó
dhéag in iomshlán, air scéal thábhachtach mar é sin! Do
bhí a lán daoíne eile air an Árd-Fheis, nár thug aon-
ghuth, mar seo ná mar siúd. Is ortha san is cóir furmhór
an mhilleáin a chur. Mura ar thuigeadar an díospóireacht
níor chóir dóibh bheith air an Árd-Fheis, ach leigint do
dhaoínibh a thuigfeadh é, teacht in a-n inead. Agus dá
dteastuígheadh uatha a bheith láithreach ag éisteacht le
Gaédhluinn, d'fhéadfheadh an Árd-Fheis socrú' a dhéanamh
fé mar a dhein Oireachtas an Fháinne, daoíne dé'n-t
shórd so do leigint isteach, ach gan cead cainte ná
guthuígheachta a thabhairt dóibh.
Bu chóir do Chonnradh na Gaedhilge bheith i bhfad ní is a
cíocraí le-n a cuid oibre i gcóir na bliana so chúghainn.
SEÁN Ó CUILL.
MAISÍNÍ CAINTE & PLÁTAÍ.
GACH AON DEUNTÚS.
Gheobha Lucht Léighte “An Sguab” Locáiste
Speisialta.
Fuigh an Pláta nuadh (Gaedhilge) —
“RAITHEANACH A BHEAN BHIG.”
GEARÓID CROFTS dubhairt an t-amhrán so.
TOMÁS MAC MATHGHAMHNA,
AN SGAIRBH, CO. AN CHLÁIR.
LEITREACHA.
UAISLEACHT IS EILE.
Ós rud é gur tairrigíodh an cheist anuas bé nár
mhiste dhom a mhúscailt cad a chuireas rómham a dhéanamh
ins an leabhar san gur deineadh léir-mheas air i n-uimhir
a dó den “Sguaib” — mar gur agam-sa amháin, dar
ndó, a fhios san.
Theastuigh uaim, fé mar a dúbhart ins an Réamh-Rá,
a chur ar chumas na ndaoine atá ag foghluim na
Gaoluinne an fhoghluim sin a dhéanamh tríd an nGaoluinn
féinig agus an Béarla a chaitheamh uatha mar thaca is
maide croise.
'Na theannta san, ón uair gur thuigeas go raibh mórán
mór de shaibhreas na Gaoluinne i gCorca Dhuibhne ná
raibh ar fáil i n-aon leabhar — ná i n-aon leabhartha—
eile, do bheartuíos an saibhreas san, có fada is a
dh'fhéadas é, is an cothrom a bhí agam chuige, a thabhairt
le chéile is a chur i dtaisce sa tslí is ná fuighfeadh sé
bás, mar níl aon amhras ná go bhfuil an teanga ag
ceiliúra is ag dul siar i n-iarthar Chiarraidhe. Tá
saibhreas na cainnte ag imeacht i n-aghaidh na bliana.
Ach tuigtear nách le h-aon droch-mheas ar na daoine
féinig atáim á rá san. Ní h-eadh; ach a mhalairt. Is
éachtach an greim atá coimeádta aca ar cainnt na
h-Éirean agus na cómhachta tréana láidre a bhí ag
oibriú ortha agus 'na dtímpal.
Mar sin do dheineas focla agus cainnteana neamh-
choitianta na dúthaighe sin thiar 'na rabhas a chnósach is
a léiriú is a mhíniú chó fada is a theastuigh san im
thuairim-se.
Tá súil agam gur tháinig liom a theasbáint leis an
méid sin gur leór an Ghaoluinn féinig chun gach ní atá
ínti féinig a mhíniú. Ach níor theastuigh uaim san —
níor chuímhníos riamh air; mar, muna bhféadfadh an
Ghaoluinn í féinig a mhíniú, dar ndó, níorbh fhearra bheith
a d'iarraidh í choimeád ón mbás. Ach ní baol di an
bás chó fada leis sin de mar ní h-é amháin gur féidir
léithi í héinig a mhíniú ach gach aon ní eile, chó maith. Tá
an méid sin ínti, ach go h-áirithe.
Tá's ag an saol ná fuil míniú iomlán bunaigh déanta
agam ar na focla, agus is dóigh liom go bhfuil sé le
feiscint go soiléir nár thugas fé n-a leithéid. Na
focla neamh-choitianta is na cainteanna neamh-choitianta
agus iad a léiriú i nGaoluinn — sin é an ceann sprice
a bhí rómham amach agam héinig. Dá dteastóch 'na
theannta san bun-bhrí na bhfocal san is gach aon fhocal
eile a tháinig an treó a mhíniú níor mhór dom 10,000
leathanach de leabhar chuige, agus fiú amháin ansan ní
bheadh an clausúr agam.
Ní mar fhreagra é seo, agus mar sin deinfead
gearra-thagairt do chúpla poinnte eile a tugadh ar
barra.
Ba mhaith liom a thuiscint cad a chialluíon uaisleacht
agus ísleacht chó fada le cainnt na Gaoluinne, agus
cathain ba chóir dúinn focal nú abairt a chaitheamh uainn
toisc gan iad a bheith uasal go leór. Cad a thógfaimíd
mar chaighdeán, mar thómhas? Tá rudaí uaisle agus
rudaí ísle ar an saol, ins an saol, i n-ár saol, is
caithfimíd iad a rá, iad a chur i n-úil. Tá, ar an imeacht
céadna, breis is aon tslí amháin, uaireanta, chun aon
ní amháin a chur i dtuiscint. An dtagan an uaisleacht
is an ísleacht isteach anso? Tagan, agus bíon oiread
difríochta díreach eatora is a bhíon i gcleachta na
ndaoine, chó fada le brí is béasúlacht. Agus an t-é
ná fuil aon taithí ná aon chleachta aige ach amháin ar an
mBéarla, abair, lasmuigh den nGaoluinn, tá rudaí ins
an nGaoluinn ná h-abróch sé má leigean sé don
mBéarla nú don síbhíaltacht a ghaibhean leis dul na
luighe air. Ach an ceart leigint don dteangain nú
don tsíbhíaltacht san dul 'na luighe ar dhuine?
Ní gá ach tagairt a dhéanamh anso do litríocht. Aon
dlí amháin, aon tómhas amháin, a rithean tríd an litríocht
go léir, ársa is nua, agus an t-é go bhfuil cleachta
aige ar litríocht na dteangcacha ó Hómer is Demostenes
is Horas is Bhergil is Libhí is Cicero anuas tiocfaidh
leis ins an nGaoluinn na focla oiriúnacha a thabhairt le
céile chun cainnt cheólmhar chórach dheagh-chúmtha a dhéanamh.
Tabharfaidh sé uaisleacht leis ansan — uaisleacht na
litríochta.
Ach is cúntúrthach an rud bheith ag cur síos ar aon
tsaghas uaisleachta eile. I láthair na h-uaire ba chóir
dúinn cainnt na ndaoine a thógaint agus uaisliú na
litríochta a chur i bhfeidhm uirthi má theastuíon uainn a
leithéid, agus má's féidir linn é.
Cúrsa eile a bhíon ag teacht treasna orainn aige sna
scoláirí seadh an módh foshuidhtheach san — cioca, abair,
ba cheart “dá gcloiseadh” nú “dá gcloisfeadh,” “dá
dtaidhsíghtí” nú “dá dtaidhseófaí.” Maidir liom-sa
de, ní amhlaidh a dh'éaluigh “dá gcloisfeadh” is “dá
dtaidhseófaí” isteach i n-aochor. Do chuireas isteach
iad d'aon ghnó. An cheist chéadna airíst. Cad é an
tómhas, an caighdeán, a thógfaimíd? Rudaí a scríobhadh
na blianta blianta ó shoin: nú an chainnt a bhíon sa
tsiúl aige sna daoine i mball amháin, ach go h-áirithe,
den nGaeltacht? Bé go bhfuilean siad araon ceart!
Ní le h-easba eólais ach le bárr eólais ar ghramadaigh
na teangan beó a deintear rudaí áirithe a scríobh an
aimsir seo. Agus má chaithim mo rogha a thógaint,
b'fhearra liom bheith “neamh-cheart” i dteannta na
ndaoine a labhran is a choimeád an Ghaoluinn ná
“ceart” i dteannta na scoláirí is na leabhartha a
scríobhadh fadó.
Is fíor — ana-fhíor — nách mór do dhuine stróinséartha
bheith aireach nuair a bhíon sé ins an nGaeltacht, ach is
maith an chosaint beagán den dtuiscint. Thuigfeadh
éinne, abair, ná fuil aon ní bun-ós-cionn i “caipín
dubh a chur ar fhocal” pé ball go gcloisfí sé é. Tá
san le cloisint ar an Oileán Tiar, agus tá “beilt an
chlaidhimh” i gCorca Dhuibhne, leis.
Is fairsing é saibhreas na Gaoluinne i nDún Chaoin
agus an Bloscaod Mór (é seo go mór mór), agus ba
dhána an duine a déarfadh go raibh na h-áiteana san
crúidhte amach aige. 'Sé is cosúla go mbéadh breall air.
Táim tréis foclóir barántúil Béarla d'iniúch fén
bhfocal “wind,” agus tá “wind up” fachta agam 'na
steile-bheathaidh! Ach ní h-aon aragóint é sin. Bé
nách fiú é chur isteach ins an bhfoclóir barántúil seo,
ach ní bhainean san le “ag breith phiscíní” ná le h-aon
ní eile i dteanga ársa na nGaedheal.
SEÓIRSE MAC CLÚIN.
[Tá leitir fhada eile fuighte againn ar an adhbhar so, acht ní
raibh slighe againn dí. — F.E.]
TUGTAR CEART DON GHAEDHILG.
A Fhir na Sguaibe,
Chím gur bhain an méid do scríobhas-sa ar “Cheart a
thabhairt do'n Ghaedhilg,” chím gur bhain sé béic as dhuine
éigint ag 33 Parád Gleanngarbh i mBaile Átha Cliath.
Má's rud é gur tháinig an t-ualach chomh trom sin anuas
ar ghuailne “Dhiarmuid Uí Dhuibhne” gur bhain sé an
bhéic agus an screuch chomh ní-nádúrtha chomh neamh-
cheolmhar, chomh neamh-fhileamhail, chomh uathbhásach sin as,
ní fhuil leigheas agam-sa air; foidnigheadh sé é. Má
'sé a chúm agus a chas an píosa amlach sin a bhí in “Iris
an Phuist” ní cás linn a phus agus a phreiciol. Ní
dhéineann sé aon iarracht ar mo bhreugnughadh ar aon
chuma. Ní bhíonn buan acht an fhírinne agus maran
bhfuigheann an fhírinne solus sa “Sguab” beidh gan
treabhadh, a dhearbhráthair. Ní theastuigheann uainn aon
“chlaon” d'imirt ar aoinne, ní chuige a chóirigheadh ná
a ghleusadh “An Sguab,” acht chum cóir agus ceart na
Gaedhilge a phléidhe, nach eadh, a Fhir an “Sguaib.” Is
eadh, má 'seadh, bíodh an fhírinne againn pé aca fada
nó gairid do “thráth le Gaolaibh.”
Is iad cúrsaí mo ghearáin-se acht an easair seo atáthar
a dheunamh den Ghaedhilg bhoicht mar oireamhaint don
mBeurla agus é sin dá dheunamh ag riaghaltas na tíre.
D'oibreas “'sa díg” agus dheineas romhar agus grafadh
ag saothrughadh na Gaedhilge chomh doch chomh déidheanach
le haon Diarmuid Ó Duibhne; dhein mé “mo chuid”
agus mo chlú, agus sin é a chúis a mbeinn dian ar aoinne
ná tabharfadh ceart dí. Ná riothfadh sé leis gur aon
fáslach 'sa ghnó mise. Dá mba eadh féin dar ndóigh
níorbh' aon bhreugnughadh ar mo chúrsaí gearáin é sin.
Rud eile, beidh coinne agam le cabhair agus le congnamh
ó gach aoinne a thuigeann cad é an mianach atá 'sa
nGaedhilg agus ar mhaith leis a bheith fíor-dhílis dí. Mar
adubhairt mé caithfimíd iarracht a dheunamh ar í thabhairt
linn glan nádúrtha agus gan leigint don mBeurla a
bheith ag gabháilt dá chosa uirre i gcomhnuidhe. Maran
bhfuil an Riaghaltas i gcóir chum iarracht a dheunamh ar
an nGaedhilg a chur amach go breágh bog nádúrtha gan
aon tacuidheacht ón mBeurla, in ainm Dé ná bímís ag
maoidheamh as ár saoirseacht, mar fanfaidh an ghreim ag
an daoirseacht is measa ar ár gcroidhe agus ar ár
dteangain; fanfaidh an Beurla agus a ngabhann leis
calcaighthe in ár gcroidhthe. Tá sé riachtanach orainn-ne
croidhe agus anam agus aigne an tsean-dhream ar fhan
an Ghaedhealg aca a thabhairt linn chomh maith le focail
agus gramadach na cainte. Neachdreaca is é rud a
bheidh againn acht nósanna agus iomchur agus gothaí lucht
an Bheurla agus clóca na Gaedhilge caithte thimcheall air.
Feuch ar an amalóir a chuaidh ag cur Gaedhilge ar
Mountjoy Square — “Cearnóg Cnocán Áthais”!!! agus
fios ag an saoghal gur beag áthas do Chlann na Gaedheal
an Mountjoy ceudna. Baisteadh-urláir a fuair an áit,
baistear arís é in ainm na hEaglaise. Má leantar
de rudaí mar “Cearnóg Cnocán Áthais” agus go leor
eile mar é atá ag fás chugainn fé láthair ní baoghal ná
go mbeidh Gaedhealg “suas-go-dáta” againn. Ar
mh'anam duit ná fuighfí cuid de na fógraí agus na
hórduighthe atáthar ag cur amach anois ó oifigí an
Riaghaltais a léigheamh ná a thuigsin muireach an Beurla
a bhíonn ag gabháil le n-a gcois. Caithfe tú an Beurla
a bheith agat an cheud uair. Is eadh, a cháirde, caithfe
sibh an Beurla a fhoghluim go maith a cheud uair fé bheidh
sibh in iúl ar Ghaedhilg an Riaghaltais a thuigsin. An
Beurla an bunúdhas atá aici. Imthigheadh Gaedhealg
“Thaidhg Ghaedhealaigh” agus Gaedhealg Sheáin Chláraigh
agus Gaedhealg Eoghain Ruaidh le cubhar na habhann —
imthigheadh blas agus cirteacht agus saidhbhreacht cainte
Riobaird Bheldon agus “Muiris, an Geailt,” in ainm
na pláige agus bíodh an Ghaedhealg “suas go dáta”
againn.
Má bhaineann so béic eile amach ní misde liom é.
TADHG GAEDHEALACH.
AN COMÓRTAS.
Cúrsaí sásaimh dúinn an méid daoine a chuir iarrachtaí ar an gcomórtas so isteach chughainn, Níorbh' fhuirist
an rud an breitheamhntas do dheunamh. 'Sé an rud is mó a bhí uainn ach go gceapfaidhe slighe gairid agus so-thuigse
i dteannta a chéile chun na habairtí crosda sin a rádh. D'réir ár dtuairim seo an bheirt is fearr chuige sin, ach
(maidir le giorracht go speisiálta) ní mór níos feárr iad ná iarrachtaí MHíchíl Uí Shúilleabháin agus Aghaistín Uí hAodha
agus cúpla ceann eile. Ní mór dúinn tagairt d'iarracht “Mac Mic Sean-MHichíl,” leis, toisg an saothrú a dhin sé.
1.
PÁDRAIG Ó CÉILEACHAIR,
Coláiste N. Lughbhaidh,
I mBuailte Fearnáin.
1. — Geas Tobac,
2. — 'N (.i. don) chathair: fantar
inso le cárr.
3. — Treoruidhe trama.
4. — I gcóir taistealach an cheud
ghráid amháin an leibheann so.
5. — Baoghal dlighe gabháil inso.
6. — I gcóir fuighligh pháipéar, cos-
mairt oráistí, &c.
7. — Seomra Taisce.
8. — Seomra Feithmhe.
9. — Oifig na dTicéad.
10. — Seomra Lóin.
11. — Árdán na h-imirce.
12. — Follamh.
13. — In áirithe.
14. — Robhadh-Chomhartha: Cóir Agal-
lamha idir teaistealaigh agus
Gárda.
15. — Iar-chlódh.
16. — Iarcháin.
17. — Láthair stoc-mhalartuighthe.
18. — Brat Cosanta.
19. — Mórtháil agus Attáil.
20. — Léir-Reic ar Shlais-mhargadh.
21. — Díoltar ag Binse an Airgid.
22. — Á Chur (Ar Chíos).
2.
MÍCHEÁL MAC LIAIMMHÓIR,
Villa Berna, Davos-Dorf,
An Eilbhéis.
Níl Cead Tabac Annseo!
Go dtí an Chathair: Fan annseo
leis an gcárr.
Treóraidhe. Giolla na dTicéadaí.
Níl an leibheann seo acht i gcóir
paisinéirí an chéad-raing amháin.
Cuirfear an Dlí ar Lucht Seachráin!
I gcóir páipéir caithte, croiceann
óráiste, &c.
Taisgeadán Bagáiste; Taisge-
Chasóg.
Seómra Fanachta.
Oifig Ticéadaí.
Seómra Bídh.
Árdán Imeachta; Árdán fágála.
Saor.
I Seilbh; Glactha.
Gairm Ghábhtha: Cómhrádh idir Pai-
isnéirí agus Gárda.
Cló Deiridh!
Íocas Áirneáin: Áirneán-Chíos.
Búrsa.
Brat Slánuithe: Brat Sábháilte.
Mór-dhíol agus Mion-dhíol (-tóirí,
-tóirí).
Díolachán Mór follamhuithe.
Íoch(tar) ag Both an Airgid.
Le Fáil Ar Chíos.
NÓTAÍ NA mBREITHEAMH.
Raghadh an dá rud so go maith le
céile: “Geas Tobac” agus
“Cead Tabac.”
Nó “do lucht an cheud ranga
amháin an t-úrlár so.”
Tá “baoghal dlighe gabháil annso”
go toghtha.
Táid so araon go maith.
Do b'fhearr linn “As so imthigh-
tear” agus ag gabháilt leis sin
“Annso Tuirlingtear.”
Nílmid ró-shásta le h-aon iarracht
orra so. Ní bheadh “In Airighthe”
agus “Neamh-Airighthe” ró-olc.
Do b'fhearr linn “Fógartha ón
dTeasdaluidhe don Ghárda.”
Molamuíd “Búrsa.”
Tá “San Iomlán” agus “Thar
Cúntar” go maith leis.
Tá “An tAirgead-síos Annso”
go maith leis.
Tá “Le Cur” níos fearr ná
ceachtar aca.
COMÓRTAS EILE.
Beidh comórtas de shaghas eile ar siubhal againn sa
“Sguab” go luath, ceann dh'oirfeadh don aos óg. An
fhaid a's atámuíd ag fuireach leis tabhairfimíd coróinn
mar duais ar gach ceann desna cúig sgeulta beaga is
greannmhara gheobhfamuíd roimh an 1adh lá Mí Eanair,
agus foillseóimíd in uimhir na Feabhra iad. Ba cheart
gan níos mó ná 150 focail a bheith in aon cheann aca.
Uireasbhaidh slighe is cionntach gan aon ghreann a bheith
san uimhir seo.
TIGH-ÓSDA “CLARENS,”
ag Cé Uellington
i mBaile Átha Cliath.
Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit
is fiú le rádh 'sa Chathair.
70 Suainliosa.
Solus Eleictric.
An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta
agus an freasdal ar fheabhus.
An díol-fiach réasúnta.
BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN
“RESTAURANT” atá ag gabháil leis.
An Guthán 1217. Telegram: “Clarence Hotel, Dublin”
TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE
Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath.
Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd-
amhla 'sa Chathair.
Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta.
Guthán 2678. Telegram: “Comfort, Dublin.”
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.
Árd-oifig:— Faithche an Choláiste,
Baile Átha Cliath.
DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.
Bun-airgead Geallta, £406,000.
Bun-airgead Díolta, £203,000.
Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000.
BUNUIGHTHE 1920.
BRAINNSÍ:—
68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Maghchromtha.
THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.
Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear Cló-Oifig Maunsel & Roberts Teo.,
Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11