IV. AN DÁN
A Áth Cliath is aoibhinn dhuit
Gur pósadh leat an Prealoid
Mac Síomuin cara na mbocht
Pádruig nach gann sa diadhocht.
I ndlighe Pheadair do toghadh thú
Id áirdeaspucc le mórchlú
Is fada ó thuill do ghníomha dhuit
Bheith 'n-áirdchéim uasail oirdheirc.
A chara na mbocht 's na bhfann
'S na ndílleacht ndaor i n-achrann
Dá gcothughadh 's dá dtógbháil suas
I n-easláinte is i n-éagcruas.
Ní raibh le fághail i gcrích Banba
Aon eile bhur macasamhla
Le feabhas bhur léighinn go beacht
I bhfeallsamhnacht 's i ndiadhacht.
Má chuartaighe Éire ó thuinn go tuinn
Is thart magcuairt go Duibhlinn
Ní bhfuil san réim sin uile
Aon don chéim is iomchuibhdhe.
Fuair sibh buaidh sna tíortha thoir
Agus áirdchéim ag Sevill,
Tar gach aon da raibh 'bhur ndáil
Gidh gur líonmhur a gcomhdháil.
Na ceithre príomhtheanga go beacht
Atáid agaibh go fírcheart
Eabhra, Laidion is Gréigis
Mar aon is an chruaidh-Ghaoidheilg.
Ní raibh béarla déis an tuir
Dá theagasg ag mac Eathoir
Nach bhfuil i nglanmheabhair leis
Dá chanamhuin gan aincheas.
Sgriúdthóir sgagtha an scríbhinn dhiadha
Is tuigseoir gach ughdar m'áird-thighearna
Na leabhair dhiúltach is gabhtha
Is an fíor-scrioptur canonta.
Prealaid uasal gan uaill gan choir
Pádraig rialta Mhac Síomuin
Ní mó is céile don loch an lach
Ná dhuibhsi féile agus eineach.
Fear gan díomus gan uaill
Fear gan cheilg gan aon-chluain
Fear do fuair mór-chlú i gcéin
Croidhe gan chruas gan toibhéim.
Ó aois leinibh bhaoth-bhig bhláith
Ní bhfuair sibh béim i n-aon-cháil
Ach i ngrádh le Dia 's le daoine
Gan aithfir gan tathaoire.
Is iomdha céim is dlightheach dhuit:
Sagart ongtha is prealoid,
Príomhfhaidh i n-Áth Cliath na gclog,
Tighearna, abb is ard-easpog.
Taréis gach caithréim fa dheoigh
Dar thiodhlaic dhíbh an Tríonóid
Bí do ghnáth bhur gcoimhideacht:
Umhlaigheacht, féile is carthannacht.
Is fíor-ghlan do ghnúis gan tlás
Ag teagasc peacthach ó shíor-bhás
Amhuil eala ar ghile 'na measg
Ag stiúradh cháich 's dá dteagasg.
Columhuin daingean i ndlighe Phóil,
Buabhall binnghlórach don Tríonóid,
Nach leigeann caora ar seachrán séad
Gan a dtabhairt ar ais don bhfíor-thréad.
Pádruicc canonta is ceart cuing
Gan uaill, earraid ná doghroing,
Lán d'eineach, d'fhéile agus d'aoibh,
Saor-ghrádh éigse agus macaoimh.
I measg do chaorchann (go caoin)
Ní fhuilngir saoibh-shliocht Chailbhín
No Luitérian dream is docht,
A thriath nach fann sa diadhocht.
Madraidh allta no faolchoin fhéigh
Ní lámhaid i measg do shaoir-thréid
Nach díobruir uaibh go cian gan cheas,
An suairc-fhear fial gan doirbhfeas.
Beannacht na mbaintreabhach mbocht
Agus na ndílleachtaibh tárnocht
Atá agaibh go moch 's go mall
A dhídionóir dlighe na naoimh-cheall.
A Áth Cliath go mairigh tú
Do nuadh-chéile le mór-chlú
'S go mairigh seision dhuitse
Gan easláinte gan athtuirse.
An Ceangal
Go madh saoghlach Mac Síomuin gan athtuirse
Dídionóir naoimh-cheall 's na fíor-eagluise
Faoi Chríosda 'na mhílidh 's 'na ridire
Mar Mhaoise os cionn Ísrael sa n-Eigipte. etc.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11