Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Provincialisms and Dialects

Title
Provincialisms and Dialects
Author(s)
O'Flynn, John,
Composition Date
1910
Publisher
Gill, M. H. and Son, Limited

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An baile fá an bhfairrge.



Bád í seo do bhí ar an bhfairrge thimcheall potaí. Ceathrar
fear bhí innti — fear an bháid agus a mhac agus beirt eile.



Bhíodar lá breaghdha gréine ar an bhfarraige agus tháinig codladh
ar fear an bháid, agus adubhairt sé le n-a mhac a ndinnéar
d'fhágháil do na fearaibh agus go sínfeadh sé féin fá an siota no
go mbeadh sé i gcóir aige, agus “glaodhaigh orm annsin” arsa sé
leis an mac. “Atá go maith,” ars an mac, “dogheunadh.”
Fuair sé an corcán agus go bhí sé dá rinnseáil amach tar cliathain
an bháid. Do shleamhnaigh an corcán uaidh, agus do thuit sé síos
go tóin poill. Do bhí an t-athair an-chruaidh ar an ngarsún agus
do bhíodh sé ag bruidhean leis i ngcomhnuidhe.



Adúbhairt an mac leis na fearaibh cibé mar dorighne sé riamh
go mbeadh sé marbh anois mar gheall ar an gcorcán. Adubhairt
na fearaibh [fir] leis, imbasa go mbeadh “Fanaigí [fanaidh] go
fóill” arsé sin, “feuc, deunaigí-se [deunaidh-se] teud orm-
sa go lom docharach [go docht] agus raghad-sa síos fá n-a dhéin.”
“An fonn atá ort tú féin do bhádhadh?” arsa na fearaibh [fir].
“Cadé an baoghal bhias orm nuair bhias an teud orm?” adubhairt
sé leotha. Do dheineadar [dorighneadar] an teud air. “Anois”
ar sé sin “nuair bhead-sa thíos agus bainfe mé tarraingt as an
téid congbhaighidh greim maith uirri annsin.” “Atá go maith,”
ar siad sin, “síos leat in ainm Dé.” Dochuaidh, agus nuair do-
chuaidh sé síos go dtí tóin poill do bhí an corcán leath-is-amuigh
dhe dhoras tighe agus tháinig iongantas air nuair do-chonnaic sé an
teach agus an doras oscailte agus gan aon bhaoghal air an t-uisce
do dhul isteach ann agus gan aon rud thimcheall air nach [acht]
oitir bhreaghdha gainimhe. Do-chuaidh sé isteach in san tigh agus ní
fhaca sé aoinneach istigh acht sean-duine beag críon aosta in a


L. 21


shuidhe cois na teineadh agus é ag caitheamh a phíopa. Do bheannuigh
an garsún dhó agus do bheannuigh sin do sin, agus do chuir sé fáilte
roimhe. Adubhairt sé leis teacht aníos agus suidhe annso le n-a
ais go mbeadh gail aige. “Go raibh maith agat, a fhir an tighe,”
arsa an garsún, “níor chuireas cois [cos] píopa i mo bheul riamh.”
“Maran [muna] righnis féin ní dheunfaidh gail dem phíopa-sa díogh-
bháil ar domhan duit.” “Ó, ní bhacfa mé leis,” arsa an garsún,
“atá deithneas orm agus caithfe mé bheith ag imtheacht. Corcán
thuit anuas as an mbáid uaim ó chianaibh, agus thángas fá n-a dhéin.”
“Is dócha,” arsa an sean-duine “gurab é d'airigh mé ag tuitim
annsin amuigh tamall ó choin.” “Is é,” arsa an garsún, “atá
sé annso amuigh.” Ag iompódh thimcheall chum imtheachta ar a dhul
amach do cibé feuchaint thgu sé dochonnaic sé ceathrar cailíní óga
thiar i seomra agus iarann i láimh gach duine aca. Nuair dochonn-
cadar ag feuchaint orra é do stadadar den obair agus do chroma-
dar ag gáire. “A chailíní, ná cuirim-sé ó-n bhúr n-obair do
dheunamh sibh.” “Ná bac leo sin a mhic ó',” ars an sean-duine.
“Sin iad mo cheathrar inghean-sa, agus sin é slighe mhaireachtain
atá aca, nigheachán agus deunamh suas do a choitcheanntacht thimcheall
annso.” “Ó,” arsa an garsún “an bhfuil a oiread sin daoine ann-
so.” “Imbasa atá, a gharsún” ar seisean. Tháinig eagla ar an
ngarsún. Do bhain sé stothadh as an teud. Do cheangail sé an cor-
cán ar a bhásta agus siúd leis suas in an mbád arís. Nuair do-
chuaidh sé suas d'fhiarfuigh na fearaibh [fir] do, cad do choimeud
chomh fada sin é, gur shíleadar gur báidhte do bhí sé. Do innis sé dhóibh
annsin cad do-chonnaic sé agus ní chreidfidís é. Adubhairt sé leo
ceann aca féin dul síos agus go bhfeicfidís an rud ceudna.
Adubhairt ceann de na fearaibh, maiseadh go raghadh sé féin síos
cibé rud ba chor dó. Dochuaidh, agus má dochuaidh, ní baoghal go
ndeachaidh sé tar an doras. Nuair do chonnaic sé an sean-duine
beag foirbhthe ag an teinidh siúd suas leis ar an téid arís. Ba
é b'fhada leis a chosa nó go dtí [go] raibh sé istigh ins an mbád
arís agus adubhairt sé leotha an bád do aistriughadh as an áít
sin mar gur dócha go raibh draoidheacht éigin ar an áit sin, ráidhte
go raibh tigh thíos fá an uisce.



Adubhairt fear an bháid imbasa gur dócha go raibh agus d'aistrigh-
eadar an bád agus dochuadar tamall maith ó'n áit sin, agus ní
baoghal ná go dtug an garsún aireachas maith do féin as sin amach.
Bhí daoine dá rádh dá dtógfadh an garsún an píopa ó'n sean-duine
go gcaithfeadh sé fuireach in a fhochair i gcomhnuidhe.



Ní bhfuighbhinn [feudfainn] cuimhneamh air, acht chomh fada le mo


L. 22


thuairim d'airighinn, nó is dóigh liom go n-airighinn gur do shean-
athair Seáain Uí Nuanáin do bhain so.



Bí beirt bhaintreabhaigh ann roimhe seo. Do chomhnuigh siad ins
an dá thig ba ghiorra dá chéile. Bhí mach ag ceann aca agus inghean
ag an gceann eile. Bhídís ag imtheacht isteach agus amach le n-a chéile
mar bheadh dearbhráthair agus deirbhshiúr ag dul dtí an scoil le na
chéile agus in gác aon áit. Well, an lá so dochuaidh máthair an cailín
go dtí an baile mór badh gnathach dí dul ann, díreach mar a raghadh
duine go Phórtláirge nó Carraig na Siuire agus b'éigin don chailín
fuireach sa mbaile. Nuair do-chuaid an garsún go dtí an scoil
do fhiarfuigh an maighistir scoile de cá raibh an gearr-chaile “ní
feichim ins an scoil í” arsa sé. “Ní fheadar mé cad tá dá
coiméad sa mbaile” ars an garsún, acht do airig mé go raibh a
máthair cun dul go dtí an baile mór indiu, agus ceirim gurab é
sin atá dá coiméad sa mbaile.” Sguir an maighistir suas an
scoil ansoinn agus dubhairt sé leo dul a bhaile, go raibh práinn
air dul in aít éigin. Níor ainmig sé dóib cá raibh sé ag dul. Ní
raibh uatha sin acht iad do leigint a bhaile.



Bhí fhios ag an maighistir annsin go raibh an áit uaigneach, ná
raibh aoinneach ann acht an inghean. Do-chuaid sé go dtí an tigh
annsin agus rug sé thall is abhfus ar an géarr-chaile agus mharbh sé í.
Annsin tug sé go dtí an móinteán í agus cur sé síos fé ghlataracht
í (chaith sé sios indíg í).



Ní raibh a thuille thimcheall uirthi ansoin go dtí táinig an mháthair
a baile. Do-chuaidh sí amach sa macha nuair d'airigh sí an cailín
uaithi. Ní raibh sí roimpi ná aon fhios cá raibh sí. Do chuaid sí
go dtí an garsún agus do fhiarfuigh sí de cad ba chor do an ghearr-
chaile. Dubhairt sé ná feadar sé: “Ní raibh sí ag an scoil
indiu” arsa sé: “Ní bhfuighinn a thuille cúntas do tabhairt inti,
acht gur fhiarfuigh an maighistir díom cad do bhí á coimeádh. Adu-
bhairt mé nach feadar mé, acht gur airig mé go raibh a máthair
cun dul go dtí an baile mór indiu.


L. 23


Mac na Baintreabhaighe.



Do bhí baintreabhach ann fadó agus do bhí mac aici. Ní riabh sí ró-
acmhuinneach sa tsaoghal agus d'obruigh (d'oibrigh) sí go cruaidh moch
déidheanach go raibh a mac éirighthe suas go hárd is na deugaibh do
bhliadhnaibh. Do bhí an mac ag obair annsain chóm dícíollach agus do
bhí a mháthair roimis, acht, dá gcuirfeadh sé croiceann a chos agus a
lámh de, ní thiucfadh aon bhreis ortha. Bhí sé ag obair amuigh sa phairch
mar seo lá fuar fluich sneactaidh. Do mhachtnaigh sé i n-aigne
go mbeadh sé mar seo go brách dá bhfanfadh sé annso agus go mbh
fhearra dho imtheacht i n-áit éigin eile chun a bheatha do thuilleamh, -
go mb'éidir go mb'fhearr a rithfeadh an saoghal leis na mar a bhí.
Agus na smuaínte seo i n-'aigne chaith sé uaidh a rán agus bo bhuail
sé isteach chun a mháthar.



“A mháthair” arsa eisean “Táim ceapaithe ar imtheacht ag tuilleamh
mh'fhortúin dam féinig: ní bheidh an sceul níosa mheasa againn
go h'airighthe ná mar atá, agus ó tá an oiread sa bhóthan agat-sa is
beurfidh thar an n-geimhridh so tu imtheóchad-sa.”



“Airiú a dhalithin,” arsa an mhathair, “ar nóin, ní mairfinn ad'
dhiaidh ag an uaigneas i na-himthigh uaim i n-aon chor.”



“Dom bhriathar dóm-sa mhuise, a mháthair,” arsa eircan “ó tá
m'aigne deunta suas agam go n-imtheóchad ar maidin amáireach.”



Sin mar a bhí. Ar maidin amáireach do bhí sé 'n-a shuidhe leis an
ndearg-mhochóirighe agus d'ollmuigh sé é féin i gcómhair an bhóthair.
Fuair sé máilín beag is chuir sé rudaí ann d'oirfeadh do i gcómhair
an chúrsa bhí roimis. D'fhág sé slán ag á mháthair agus amach an dorus
leis. Do thug sé aghaidh soir ó dheas agus do ghluais sé chun siúbhal;
acht ní riabh sé i bhfad ó'n dtigh nauir a casadh stoc mór ba air agus
tarbh 'n-a mearg.


L. 24


“Cá raghair, a mhic na baintreabhaighe?” arsa an tarbh.



“Raghad ag tuilleamh mh'fhoirtiúin dam féinig,” arsa mac na
baintreabhaighe.



“Raghad-sa leat,” arsa an tarbh.



“Ambasa acht ná rághair,” arsa mac na baintreabhaighe.



“Ambasa acht go raghad,” arsa an tarbh.



“Seadh gluais ort má's eadh, nuair nách fuláir leat é,” arsa
mac na baintreabhaighe.



Thiomáineadar leó annsain: Do thiomáin mac na baintrea-
bhaighe leis agus do lean an tarbh é. Níor bh'fhada dhóibh arís gur casadh
sgata mor caereach ortha agus reithe 'n-a measg.



“Cá raghair, a mhic na baintreabhaighe?” arsa an tarbh.



“Raghad ag tuilleamh mh'fhoirtiuin dam fhéinig,” arsa mac na
baintreabhaighe.



“Raghad-sa leat,” arsa an tarbh.



“Ambasa acht ná rághair,” arsa mac na baintreabhaige.



“Ambasa féin go raghad mhuise,” arsa an reithe.



“Gluais ort má's eadh, nuair nách fuláir leat é,” arsa mac
na baintreabhaighe.



Sin mar a bhí. Do thiomáin an triúir leó agus ba ró-gheárr a chuadar
nuair a casadh ortha le thais tighe dhuine bhoicht sgata mór cearc
agus coileach 'na mearg. Do léim an coileach in áirde ar chloidhe
agus do bhuail a dhá sgiathán agus do chuir sé glaodh fada bog bínn as.



Cá raghair, a mhic na baintreabhaighe,” arsa an coilleach.



“Raghadh ag tuilleamh mh'fhoirtiúin dam féinig,” arsa mac na
baintreabhaighe.



“Raghad-sa leat,” arsa an coileach.



“Ambasa acht ná raghair,” arsa mac na baintreabhaighe.



“Ambasa acht go raghad,” arsa an coilleach.



“Gluais ort má's ead,” arsa mac na baintreabhaighe, “i dtaobh
nac bea' liom-sa a bhfuil do chuileachtain cheana agam.”



Sin mar a bhi. Thiomáineadar leó, iad féin agus mac na baintrea-
bhaighe. Bhí cnoc mór le n-a n-ais agus do mhachtnaimh mac na bain-
treabhaighe dho féin go mo' fhearra dho an cnoc a thógaint air féin
feuchaint an bhfeudfadh sé iad do chor nó imtheacht uatha ar slíghe
éigin agus ná feudfidís é leanamhaint acht sar ar shrois leis dul
sa chnoc do chasadh sgata géanna air i ganndul mór láidin ortha.



“Cá raghair a mhic na baintreabhaighe?” arsa an ganndal.



“Raghad ag tuilleamh mh'fhoirtiúin dam féinig,” arsa mac na
baintreabhaighe.



“Raghad-sa leat,” arsa an ganndal.


L. 25


“Ambasa acht ná raghair,” arsa mac na baintreabhaighe.



“Ambasa acht go raghair mhuise,” arsa an ganndal.



“Seadh gluais ort, má's eadh, agus tá mo chroidhe briste agaibh,”
arsa mac na baintreabhaighe.



Seaghan. Táthar annso.



Eoghan. Táthars.



S. N'fheadar an raghadh daoine amach anocht. Bhfuil aoinne a
bórdáil? Níl. Fuaireadar a ndóthain aréir.



E. Airú, cad dob' áil le daoine bochta amach á straenail féin
chomh maith is dá mbeadh aon nídh dá barr aca. Raibh aon nídh
annso indiu?



Pádraig. Ní raibh, acht ladhracha beaga-ceatharmhadh is leath-chéad.
Bhí taoscán beag aige Micil Sheáin Uí Shéaghdha. Bhfuil aon
sgian agat?



Sál. Ta spriocaire; ghearrfadh sí blúire tobach, is sin a bhfuil
ann.



Clas Peg. In diabhal mé gurb ait é. Bhí an oidhche aréir, a
dhearfá dóigheamhail go maith, is feuch cad é an tairbhe sin.



Sál. Is greánach a bheadh daoine ar na madraí, agus feuch go
mb'fhearr ann iad 'á mbeadh an breach ar siubhal.



P. Ná leig de mhúchad í sin.



E. Seo cipín duit, níl siad Flúirreach an aimsir seo. Tá sí
múchta airíst.



Sál. 'Mbeadh aon fhonn amach ort, a Pheaid?



P. T. An diabhal mé má fheadar, a dubhairt a Síothach. Ní mhaith
liom an siubhal atá faoi an scamall sin thiar. Tá an-droch-spéir
ós cionn Chuan a' Chaoil.



P. Tá, agus tabharfaidh sí uaithe é. Tabharfaidh sin. Bhfuil sí
barra taoide fós? Níl.



Sál. Ar feadh cúla cuirín. Sgaoilimís amach ón mbeilithín
iad i as san go Caisléan. Beidh tarrac siar ann. Teunam, a
Pheaid.



P. T. Ar son Dé leig dom féin. Ní beag dom a bhfuil chugham.
Tá teinneas im' dhá géig ó aréir.


L. 26


P. Mar ata, a dhuine!



Sál. Tá na Cathallaig a leagadh.



Poit. Fir maithe, a bhuacaill, an-fhear iseadh an mach crionna
sin Muiris.



Sál. Cad é an bhreith atá aige ar fearaibh eile annsan?



P. T. Peadí féinig, cuir igcás.



Poit. Ó leig dom féinig, a dhuine, táim ag dul san aois anois.



Sál. Da mbeadh oiread babhtaí tugtha aige ar a Sefelonia
leat-sa b'fhéidir gur maith tarraicthe an íoscad abheadh aige.



Poit. Faighim blas ar do caint!



Sál. Mar go bhfuil an ceart agam.



Ridire na gCleas



Annsan tsean-aimsir bhí duine-uasal ann. Ní raibh acht aon
mhac amháin aige, agus nuair d'fhás an t-ógánach suas chuaidh an
t-athair ag tóruigheacht mná dhó. Tháinig sé go teach feilméara a
raibh inghean aige le pósadh agus d'iarr sé air an bhfeilméar a inghean
do thabhairt d'á mhac mar chéile. Dubhairt an feilméar leis nach
dtiubhradh sé a inghean do fhear air bith acht d'fhear-céirde. Bhí
mac an dhuine-uasail i ngrádh le h-inghin an fheilméara agus dubhairt
sé le n-a athair, “Caithfidh mé céird fhóghlaim, agus fanfaidh
inghean an fheilméara liom.” An lá air na mhárach d'imthigh an
t-athair agus an mac agus bhídheadar ag siubhal go d'tángadar go
bruach na fairrge. Chonnairc siad fear air luing, d'fhiafruigh sé
dhíobh creud do bhí a thóruigheacht. “Tá mé tóruigheacht fir


L. 27


a mhúinfeadh céird do m'mhac,” ar san t-athair. “Má leigfidh
tu liom-sa é,” ar san Ridire. “Múinfidh mise céird dó,
agus bhéarfaidh mé arís duit é, faoi cheann lá agus bliadhain.”
“Táim sásta,” ar san t-athair. Do thug an Ridire Cormac
(b'é sin ainm mhic an duine uasail) air bhórd luinge. Thóg sé
an crann seóil agus chuir amacha go fairrge. Budh fhear-dhraoi-
gheachta an Ridire, agus nuair chuaidh sé tamall amach do bhuail sé
buille de'n tslaitín-draoigheachta air Chormac, agus rinne poc
gabhair dé. Rug sé leis é go dtángadar chum oileáin air an
bhfairrge. Bhí teach bréagh ag an Ridire. Chuaidh Cormac air
aghaidh go maith, go raibh an bhliadhain críochnuighthe agus bhí cuid mhaith
draoigheachta fóghlumtha aige. Thug an Ridire Cormac leis air an
luing, go dtáinig siad chum na h-áite a bhfuair sé Cormac
ó'nathair. Bhí seisean air bhruach na fairrge agus bhí lúthgháire
mhór air nuair chonnairc sé Cormac. “Seó é do mhac,” ar san
Ridire, “tá céird mhaith aige, acht má fhágfaidh tu agam bliadhain
eile é, béidh dá chéird aige.” “Fágfaidh mé agad é, ar san
t-athair, “agus fáilte.” Rug an Ridire Cormac air ais leis, agus
bhí sé ag múnadh draoigheachta dhó go raibh an dara bliadhain críoch-
nuighthe, agus bhí fhios ag Cormac nach d'tghbhradh an Ridire a bhaile é,
mar nár chuir an t-athair annsan margadh, é do thabhairt air ais
an dara h-uair. Anuair nach dtáinig an mac a bhaile ag deireadh
na dara bliadhna chuaidh an t-athair dá thóruigheacht. Bhí sé ag
siúbhal go dtáinig sé go teach an Ridire agus dubhairt leis. “Cad
fá nach dtug tu mo mhac a bhaile?” “Ní raibh sé ann mo mhargadh.”
Ar san Ridire, “acht tig leat é do bheith agad air maidin amhárach.”
Lá air na mhárach thug an Ridire an t-athair agus an mac leis gur
fhág sé iad air bhruach na fairrge. Ann sin dubhairt an mac, “Tá
rásaidh móra le bheith i n Gaillimh amárach, deunfaidh mé capall
díom féin go n gnóthuighidh mé uile rása. Cuir uile phíghín a tig
leat d'fhághail, orm; nuair a bhéidheas na ráiaidh thart tiocfaidh
Ridire na Cleasa le mise do cheannach, geobhfaidh tu dá cheud
púnt orm; na sgar le mo shrian, agus béidh mé 'sa' mbaile rómhad
féin.”



Air maidin lá air na mhárach rinne an mac capall dé féin, le
diallaid agus le srian óir. Chuaidh an t-athair ag marcuigheacht
air, agus chuaidh chum na rásaidh. Ghnóthuigh sé uile rása, agus fuair
an t-athair dá cheud púnt air, acht níor sgar leis an t-srian, agus
bhí mac 'san mbaile roimhe.



Lá air na mhárach chuaidh an bheirt go teach na fheilméara, agus


L. 28


d'iarr siad an inghean. “Taisbéan dam bhfuil céird ag do mhac,”
ar san feilméar. Chuadar amach agus rinne an mac teach breágh
a raibh ceithre reithe faoi. Chuadar uile asteach, agus d'imthigh an
teach air na reithibh mar chóiste mór. “Tá mé sásta go bhfuil
céird ag do mhac,” ar san feilméar. “Tig leis m'inghean a bheith
aige.” Pósadh an lánamhain, agus bhí mic agus ingheana go liór
annsan teach-air-reithibh, fuair siad-san an t-áth agus sinne na
clocháin, báitheadh iad-san agus tháinig sinne slán.



Bhí lánamhain ann suim bliadhanta ó shoin, agus bhí a sáith de
shaidhbhreas an tsaoghail seo aca.



Theidheadh siad igcuideachta in gach uile áit, agus bhí sise in a
togha daimhseora, agus bhí an fear ró-bhródamhail aisu: ní tiocfadh
leis a leigean as amharc.



Bhí siad mar sin nó go dtáinig an droch-saoghal, agus go dtáinig
an lobhadh ar na fataí. Bochtuigheadh chomh mór sin iad agus nach
raibh mórán aca le caitheamh le siamsa no le súgradh. Tháinig an
aicíd annsin ortha, agus guidh sí Dia da gcailltí a fear, í féin bás
do fagháil chomh luath leis. Bhí a shliocht uirthi; fuair sí a guidhe;
fuair a fear bás ins an oidhche dár gcionn, agus bhí an beirt i
gcuideachta chum na cille. Do imthigh an clann go fánach agus do
imthigh an teach ar an gcaoi cheadna. Táinig stoirm agus fuaduigheadh
an cumhdach sgraith agus thaobhán, agus cuireadh poll ins an teach.
Bhí seisear fear ag dul ag iascaireacht ins an oidhche agus bhí an
teach ar a mbealach agus chonnaic siad solas amach ar an bpoll
seo agus tháinig siad go dtí é, agus dhearcadar isteach ins an
bpoll agus chonnaiceadar an fear a cailleadh ins an teach ag
coisgbháil coinnle, agus a bhean ag damhsa le fear eile, agus
píobaire ag seinnm dóbhtha. Nuair b'fhada leis na hiascairí a bhí
siad ag amharc ortha, do imthigheadar chum na fairrge ag iascaireacht
agus nuair tháingeadar a-bhaile d'innis siad do dearbhráthair an
fir mairbh an t-amharc do chonnaic siad, go raibh a dhearbhráthair
ag congbháil solas agus a bhean ag damhsa le fear eile, agus
culaidh éadaigh chomh geal leis an tsneachta uirthi mar ba gnáthach
léi nuair a bhí sí beo. Bhí iongantas mór ar a dearbhráthair faoi
sin; chuaidh sé agus cuir sé deis ar an teach i riocht agus dá mbeadh
siad ann airis nach feicfidhe iad. Bhí an teach mar sin gur leag
an gaoth mór lé agus tá na ballaí le seiceáil i gcomnuidhe.


L. 29


AN CEAPAIRE MIN-SGÉALAIDHEACHTA.



Bhí fear siubhal aon lá amháin agus fuaidh sé isteach i dteach
tráthnóna beag. Ni rabh istoigh acht bean-a' toighe, agus d'iarr sé
lóistín iurthí.



Dubhairt bean a' toighe leis nár gnáthach le fear-a' toige duine
ar bith a choinneáilt go maidin acht a té 'mbéidheadh a ceapaire
min-sgéalaidheachth' aige.



Dubhairt fear a' tsiubal go rabh sé aige-sean, agus d'iarr sí
air annsin suidhe.



Nuair a tháinig fear a' toighe isteach, d'innis a' bhean dó go rabh
an fear'g dul 'fhanacht go maidin, agus dubhairt fear a toighe,
má bhí an ceapaire min-sgéalaidheacth' aige, é fuireacht go maidin;
agus dubhairt fear a' tsiubhal go rábh cinnti.



Rinn siad annsin a shuipeár, agus nuair a bhí an suipéar thart,
d'innis fear a' toighe sgéal, agus d'fhiafruigh sé de'n fhear tsuibhal.



“Cá bhfuil mo cheapaire min-sgéalaidheacht'?”



Dubhairt fear a' tsiubhal nach rabh 'fhios aige goidé a' rud é.



D'éirigh fear a' toighe agus thug sé leis slata draoitheachta
agus bhuail sé trí bhuille ar fear a' tsiubhal agus rinn sé bean dó.



Bhí sé annsin 'na bhean go rabh truír mach aici. Tháinig a' fear
'fhad léi (nó leis) annsin, agus d'fhiafruigh dó an rabh ceapaire
min-sgeálaidheacht' aige, agus dubhairt sé nach raibh.



Crann Donóige



Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé ag obair aige sgolóig.
Thug sé barr áithe a bhaile agus dubhairt sé le n-a mhnaoi:


L. 50


“Nuair a éireochaidh tú ar maidin fagh criathar, agus nuair a
bheas an mhin criathruiste, cuir isteach 'san usgáid í.”



D'éirigh an bhean. Cuaidh sí á criathrughadh na mine. Chuir sí a
lámh i n-a hasgall a chuartuighe bearáin a bhí in a cuid éadaigh agus
é d'á gortughadh. Thuit an bearán 'sa mhin. Chuaidh sí a chuartughadh
an bhearáin thríd an min. Cha dtiocfadh léi a fhághail. Thug sí amach
ar an chnoc í. Tháinic gaoth mhór agus thug sé leis an mhin, agus,
ag teacht a bhaile do'n bhfear 'san oidhche, chonnaic sé an talamh geal.



Ag teacht isteach dó chuige n-a mhnaoi:



“Chan fheil 'fios agam” adeir sé, “goidé d'fhág an talamh
chómh geal gan sioch ná sneachta!”



“Mise chuaidh a criathrughadh na mine” adeir an bhean. “Thuit
bearán uaim. Cha dtiocfadh liom a fagáil. Tháinig gaoth mhór
agus thug sé an mhin uilig uaim.”



“Ó, crann donóige bocht!” ars eisean, “anois níl againn
acht bhútais óir agus coinneocamaid le haghaidh na coise teine é.”



Char bh'fhada go dtáinig fear isteach a rabh cos fhrithir aige. Chuir
sí fáilte roimhe.



“Céad fáilte dhuid!” adeir sí, b'fhéidir gur tú fear na coise
tinne.”



“Ó, tá sí tinn go leor, a grádh, adeir sé.”



“Má tá” ars ise, “tá rud maith annseo ag feitheamh ort.”



Tug sí an bhútais óir dó, agus bhain sé amach.


L. 32


I.



Mar fuair Colam Cille a ainm.



An Colam Cille atáimid do luadh annso, is é fa hainm baisdidh
dho, Criomhthainn. Is uime trá do lean Colam Cille dh'ainm air,
an tan do bhí 'na leanbh ag a mhúnadh i nDubhghlaise i dtír Lughdach
i gCinéal Chonaill, do léigtí lá gach seachtmhaine fan mbaile amach
do reabhradh i measg a lochta comhaoise mar shaordháil, ar
mbeith don fhuil roighdha dhó, agus mar do cleachtadh dol amach lá san
tseachtmhain mar sin, do thionóilidis leinbh an cheanntair 'na choinne


L. 33


an lá do chleachtadh eirghe amach agus ar mbeith ar aon-láthair dóibh ag
feitheamh ris, an tan at-chídís ag triall ón mainistir chúcha é, do
thógbhadaois a lámha tré lúthgháir ar a rádh d'aon-gháir. Ag súd
Colam na Cille cugainn! Agus mar do-chualaidh oide Foghlamtha
Cholaim go gcleachtaoi leis na leanbhaidh Colam Cille do gairm
dho, do mheas gur toil re dia an t-ainm sin tárla i mbéal na
leanbh neamh-urchóideach go ghairm do shíor dhe, agus an t-ainm baisdidh
mar atá Críomhthann, do thabhairt í ndearmad. Agus is meinic,
tárla a shámhail sin do malairt ar anmannaibh na naomh.



Ní leanta dhúinn do bhreugnughadh na Nua-Ghall so nídhsa-mhó.
Bíodh gurab iomdha nídh chuirid síos i n-a stáiribh do féadfaidhe do


L. 34


bhreugnughadh; do bhrígh urmhór a scríobhaid go maslaightheach ar
Éirinn, nach fuil d'-úghdardhás aca re n-a scríobhadh acht innisin
sceul ainttasdach do bhí fuathmhar d'Éirinn, agus aineolach i n-a
seanchus; óir is dearbh, na saoithe do bhí re seanchus i n-Éirinn,
ná'r fhóbradar solus do thabhairt dóibhsean ann, agus mar sin,
ná'r bh'fhéidir dóibh eolas do bheith i seanchus nó i sean-dálaibh
Éireann aca. Agus Cambrens, do ghabh ré' ais barántas do
dhéanamh ar chách, is cosmhail ris gurab dall nó daos tug frais-
eolas fabhaill dó, mar gur fhágaibh gabháil Tuaithe dé Danann
gan luadh do dhéanamh uirre, agus go rabhadar trí bliadhna teasda
do dhá chéad i gceannas, Éireann, agus go rabhadar naoi ríogha
díobh i bhflastheas Éireann; gémadh gabháil Cheasrach í, agus
nach gabhaid na seanchadha go cinnte mar ghabháil ria, tar cheann go
luaidhtear leó i n-a leabhraibh í.



Measaim go fírinneach nach raibhe seadh aige i seanchus Éireann
do lorgaireacht, acht gurab é adhbhar fa'r ghabh do láimh scríobhadh
uirre le mítheastaibh do thabhairt ar a foirinn re n-a linn féin,
agus ar a sinnsearaibh rompa; agus fós is gearr an uain do
bhí aige ar chuartughadh seanchusa Éireann, do bhrígh nachar chaith acht
bliadhain go leith ris gan dul go Sacraibh; agus ar mbeith
d'á stáir gan bheith críochnuighthe do-fhágaibh cuid leith-bhliadhna
teasda dhi ar chúram “compáin” dó féin, d'ar bh'ainm Bertram
Uerdon.



Uime sin, atá dóigh agam cibé léaghthóir coimhtrom léighfeas gach
breugrughadh d'á ndéinim ar Chambrens, agus ar na Nua-Ghallaibh
seo leanas a lorg, gurab mó chreidfeas an breugnughadh doghním
ar a mbreugaibh ioná d'on innisin sceul doghnídh cách, óir atáim
aosda, agus drong díobh-san óg; do chonnairc mé agus tuigim
prímleabhair an tseanchusa, agus ní fhacadar-san iad, agus dá
bhfaicidís, ní tuigfidhe leó iad. Ní ar fhuath ná ar ghrádh droinge
ar bioth seach a chéile ná ar fhuráileamh aon duine, ná do shúil re sochar
d'fhaghbháil uaidh, cuirim rómham stáir na hÉireann do scríobhadh,
acht do bhrígh gur mheasas ná'r bh'oircheas comhonóraighe na hÉireann
do chrích, agus comhuaisle gach foirne d'ár áitigh í, do dhul i m
báthadh, gan luadh ná iomrádh do bheith orra; agus measaim gurab
córaide mo theist do ghabháil ar Éireannachaibh ar an tuarásgbháil
do bheirim, do bhrígh gurab ar Ghaedhealaibh is ro-mhó thráchtaim.
Cibé lé n-ab mor a n-abraim riu, nach inmheasta go mbéarainn
breath le báidh ag tabhairt iomad molta tar mar do thuilleadar
orra, agus mé féin do Shean-Ghallaibh do réir bunadhasa.


L. 36


“Ar geineadh Muire i bpeacadh an t-sinnsir?... adeir
Pól, Rómh., v. 12, ‘do pheacuigheadar na huile in Ádhamh’ — Ionann
sin le rádh agus go raibh peacadh an t-sinnsir ar an uile duine ó
Ádhamh. Mo fhreagra ar briathraibh Póil go bhfeudaid siad bheith
fírinneach tar ceann go mbeadh duine nó dias ar n-a n-eisceacht
ó pheacadh an t-sinnsir... Ní híontuigthe go héigeantach asta
go raibh peacadh an t-sinnsir ar Muire... Óir atáid dá
shingin choitcheanna ann, mar atá singin choitcheann deimhníghtheach
agus singin choitcheann diultuigheach; agus fuilngidh an t-singin
choitcheann deimhníghtheach eisceacht go minic; óir dá n-abradh duine
an pobal uile do bheith san dteampall do ghnáth-mhodh labhartha, is
fíor dhó é, cia do bheadh duine nó dias díobh gan bheith ann; agus
san gcéill sin is fíor gach rádh coitcheann deimhníghtheach dá bhfághthar
sa Scriptúr. Ní mar sin cheana do an rádh coitcheann diultuigh-
theach, ní fhuilngeann eisceacht; óir dá n-abradh duine ná beadh
aon duine do an phobal san dteampall, ní fíor dhó é, dá raibh
duine nó dias díobh ann. Tuigtear an t-eidirdhealughadh atá idir
an dá shingin úd, as an ní léightear Iohan. I. 3, ‘is maille ris-
sin do rinneadh na huile agus ní dhearnadh aon ní gan é.’ Tuig
gurab uime adeir nach dearnadh aon ní gan é, do thoirmeasc an
t-seachráin adeuradh ar son na faisnéise deimhnighthe úd go bhfeud-
fadh ní éigin substainteach do bheith ar n-a dheunamh nach é Dia
dogheunadh. Gidheadh ní fhuilngeann an diúltadh coitcheann an
tuicsin sin do bhuain as. Uime sin is eadh freagraim do an ionad
úd Póil, do bhrígh gur rádh coitcheann deimhníghtheach é agus nach rádh
coitcheann diultuightheach, nach iontuighthe (do bhrígh) go n-abair gur luigh
peacadh Ádhaimh ar an uile dhuine, gur luigh ar Muire; do bhrigh
do réir a ndubhramar go bhfeudtar í d'eisceacht ó an rádh fhuráil-
teach úd Póil agus ó n-a chosmhailíbh eile.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services