Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Lament in Irish for John Stafford, Coadjutor Bishop of Ferns

Title
A Lament in Irish for John Stafford, Coadjutor Bishop of Ferns
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1781
Publisher
(Loch Garman: The Uí Cinsealaigh Historical Society, 1970)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ar bhás an dochtúir diadhacht oirdheirc, an tAthair Seon Staford, noch do
fuair bás an chéad lá don t-ochtmhadh mí, aois an Tighearna 1781.



B 1781c 18D




A Athair Seon, is tusa mo dheacair -
níorbh iongnadh liom fhéin dá mbeith éclips ar ghealach,
dá dtiteadh na spéara le chéile ar an dtalamh,
dá scoilteadh an fhuinseog ina barra,
dá mbeith na ba ag géimne in gach aon taobh don bhaile,
dá mbeith an Bhadhbh ag caoine go claoite agad gheata,
ag cíora a cinn ó oíche go maidean,
tré easpag an éide, mo ghéire, a bheith marbh.


L. 48


A Athair Sheoin, is tusa mo bhuaire,
mar tháinic an t-am so id cheann chum gluaiseacht,
i bhfeidhil do leapa in aice do shuaineas,
in iomaire chaoil gan chraobh gan chuaille,
ach do láimh dheas a scarúint ód ghuailinn
is do láimh chlé ná faighidh cead fuara,
do éadan breá séimh ag tréigean a stuaime,
do cheann múinte ag tréigin a ghruaige
is drúcht na maidne mar allas go fuar ort,
an ghaoth anoir agus síontaí aduaidh ort
agus an sneachta mar bhrat ó Dhia anuas ort.
In aimhdheoin do charaid do tháinig an duain ort
is ní bhfaighidh na sagairt a n-easpag a fhuaiscilt.



A Athair Sheoin, is tusa mo ghéire,
a Dhia, mo dhochar-sa t'iomraí dhéanach,
ag tabhairt do chúl go dubhach don tsaol so.
Cuirim brón ar an bhás, is caillte an scéal é.
Níor thug sé am duit conntas do dhéana,
go bhfágfá síocháin ar do ghaolta.
Scuab sé uainn ár n-easpag breá naomhtha
do bhíodh ag déana eolais do shagairtí an éide
is do bhíodh 'na bhun suite ag a charaid le chéile.



A (Athair) Sheoin, is tusa mo chráiteacht.
Chuaidh tú anonn ag foghlaim na Páise;


L. 49


chuaidh tú 'on bhFranc ag foghlaim na ngrása;
thug tú do théarma oirdheirc don Phápa;
tháinic tú abhaile id chraobh úr álainn,
a bhuinneáin bheannaithe dár bheannaigh na hardfhuil.



A Athair Sheoin, is tusa mo dhíth-se,
ó a Dhia, mo ghéire do ghaolta a bheith 'od chaoine
agus leaba na bpéist led thaoibh gheal sínte;
in áit chlúimh na n-éan beidh an chré led mhínchnis
agus Rí na Naomh ag déana díon do,
easpag an éide, mo ghéire, a bheith sínte.



A Athair Sheoin, is tusa mo dhíth-se -
atá do chomhla chaol chláir mar scáth ón ghaoith ort
is do leaba chodlata fá chosa na ndaoine,
drúcht na maidne mar mhaise lae shaoire ort,
an féar ag fás tré lár do chroí-se,
a easpag an éide, mo ghéire, a bheith sínte.



A Athair Sheoin, is tusa mo dhíth-se.
Chonnarc-sa aisling do chealg an croí agam,
go raibh mé i Ratangan ag síorbhaint luibhne,
gur chruinnigh saithe beach im thimpeall,
gurb é dúirt an bheach eolais leis an bheach chríonna,
go bhfeicfinn-se bradán ar urlár an tí seo -


L. 50


ní bradán donn as abhainn ná as taoide
ach easpag múinte as ceartlár mná míne
le plór na bhfear donn ba dheise sin gníomha.



A Athair Sheoin, is tusa mo dhíth-se,
ba thú bó na mbocht ná téadh i ndísce;
do bhíodh do chroí oscailte is do láimh gheal sínte
ag déana fuascailt, a uain ghil, ar dhaoine,
go gcloisim-se do thuairisc go mór ins na tíortha
ar fheabhas do mhiteal is ar dheiseacht do ghníomha,
a easpaig in éide, mo ghéire, a bheith sínte.



A Athair Sheoin, is tusa mo bhuaire;
is deas do thagadh spur dod chois agus buatais,
culaith néata don éadach dob uaisle,
hata béabhar do cheann na stuaime,
do ghearrán 'od thógbháil in uachtar,
d'fhuip chinn-airgid id dhoirne breá ag gluaiseacht.



A Athair Sheoin, is tusa mo ghéire.
Is mar do bhí tú in do mharainn is ea chaoinfinn-se féin thú
Do bhí gach cnáimh in do chorp ag breith deise thar a chéile
is gach alt leat ina staid féineach
is do shúil mar dhrúcht na méile
is béal do bhrollaigh mar eala ar an fhéar ghlas


L. 51


is do shrón do bhí cumtha séimh ceart
is do mhailí gan mhailíos fén tsaol so;
ó Dhia do dhealbha bhí suite dá réir sin,
a ghile trí dheirge is guirmeach tréithe.
Do rug tú an barr ar bhláth na scéimhe.
Chas tú ar th'ais is sciub tú an suae leat
ar chiúineacht, ar mhúinteacht, ar shéimheacht,
ar fheabhas do mhiteal is ar dheiseacht do thréithe.
Ba dheas í do chois in bróig mhín néata,
ba dheise do ghruaidh ná tulips lá gréine,
ba dheise do gháire breá ná an méid úd;
a easpaig mhúinte na gealdéide,
ba mhór an trua a bheith ag dreo san chré thú.



A Athair Sheoin, is tusa mo dheacair -
dá mbeadh agam Béarla, Gréigis ná Laidin,
ná glór chaoin béil ós na sagairt,
comhairle ón Róimh ná glór ón easpag,
chuirfinn-se do thréartha-sa i gcéill dos na haingil
is go bhfaicinn fá chomhachta na glóire thú fé mhaidin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services