Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Láimh-leabhar na Gaedhilge - A Handbook of Modern Irish Part II

Title
Láimh-leabhar na Gaedhilge - A Handbook of Modern Irish Part II
Original Title
Handbook of Modern Irish Part II, A
Author(s)
Mac Énrí, An Dr,
Composition Date
1919
Publisher
Gill, M. H. and Son Limited

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An í an ghé a bheireas na huibheacha so? Ní hí, acht
an chearc. An bhfuil na cearca ag breith anois?
Táid. An mbeirid an oiread uibheacha is bheireas na
lachain? Beirid. Beireann an chráin mhuice bainbh
gach bliadhain agus beireann an bhó laogh. “Má's áil
leat an chráin, is áil leat an t-ál.” A Pheadair, tá
eascú fhada sa mbád. An mbeireann tú ar iorball
ar eascoin go minic? Ní bheirim, leóga. Bíonn fait-
chíos orm roimh fhiaclaibh na heascon. Is fearr leigint
d'eascoin. An mbeireann sibh greim ar choinín go
minic? Ní bheirimid. Ritheann na coiníní uainn go
tapaidh agus ní thig linn breith ortha. Beireann an
cat ar luich go minic. A Shéamuis, gabh i leith. Beir
ar cheann ar an ngearrán. Sgaoil a cheann leis arís.
A Airt, téigh i gcoinne an tsagairt ar an bpointe
boise. Bheirimid punnt go minic dhó. Bheirid siúd
an oiread céadna do'n dochtúir. An dtugann
tú airgead do'n bhearradóir go minic? Ní thugaim,
acht bheirim an oiread agus thig liom do'n tsiúinéara.
An abrann sibh go dtugann sibh a dhá oiread lóin do
mhac an tsaoir agus bheir(eas) sibh do mhac an cheól-
tóra? Ní abramuid. Deirimid nach dtugamuid
leath an oiread dó soin. Deirid nach dtugaid dada
do'n chléireach acht an oiread.


L. 5


An bhfághann na Gearmánaigh gliomaigh ó Éirinn?
Ní fhághaid. Is iad na Sasanaigh a gheibh(eas) go leór
gliomach uainn i rith na bliadhna. An bhfághamuid
mórán rudaí o mhuinntir na Spáinne? Gheibhimid.


L. 6


An bhfághann tú mórán guail ó mhac an tSasanaigh
sin? Ní fhághaim, acht gheibhim neart feóla ó mhac an
Albanaigh. Tá athair an Fhranncaigh úd ag fagháil
bháis. An é an Béarla a labhras na Franncaigh? Ní
hé, acht an Fhrainncis. Labhrann muinntear gach uile
thíre a dteanga féin le cois an teallaigh acht amháin
na hÉireannaigh. Tá an Ghaedhilg ag dul ar aghaidh go
maith anois ar fud na tíre uile. Bíonn an Ghearmáin
i n-aghaidh na Frainnce. Tá athair an mhalraigh seo ag
dul i n-aircis na caillighe. An bhfuil a sáith snáith ag
an gcailligh? Tá. An ndéanann na máirnéalaigh
mórán oibre le solus na gealaighe? Ní dhéanaid,
acht ghníd go leór oibre i rith an lae. Tá solus maith
ar an ngealaigh anocht. Tá an ghealach lán. Ní'l sé
ag toirnigh anois. An ndéanann máthair na giorsaighe
seo mórán práisgíní? Ní dhéanann, acht ghníonn sí
bónaí. Is í a ghní(os) iad le haghaidh Shéamuis.
Ghnímid toitíní. Ghním cláirseach go minic, acht ní
dhéanaim fidil ar bith. Is binn liom ceól na cláir-
sighe. Ní'l sa ngiorsaigh seo acht óinseach bheag.
“Níor mhill Dia ariamh dhá theach le óinsigh agus le
amadán.”


L. 9


A Chéin, an bhfeiceann tú cúl cinn an fhir? Ní
fheicim, acht chím (or 'tím) bárr guib an éin. An
bhfuiltear ag baint fhéir sa móin-fhéar? Táthar. Tá
an madadh ag rith i ndiaidh an bhruic i lár an mhóin-
fhéir. An bhfeiceann sibh iad? Chímid (or 'tímid).
Goidé an gléas a bhfuil na fir (or atá ar na fearaibh)?
Táid go measardha. Tá Cian ag ceannach(t) an ghléis
cheóil seo. Bíonn greann go leór ag caraid Chéin.
An bhfuil tú ag cur gill leis an bhfear grinn as an
gcapall atá ar a chúl súd? Ní'lim, go deimhin. Ní
chuirim geall ar chor ar bith. Sin é an peann. An
bhfeiceann cáirde an leinbh seo an chú ar lorg na
mbroc? Chíd (or 'tíd) an chú acht deirid nach bhfeicid
aon bhroc. An bhfuil na bruic i measg na gcon?
Táid i n-a measg. A Chuinn, an bhfuil mórán éisg
gabhtha agat? Tá geall le lán cléibh annso le m'ais
agam. Tá Fionn ag gabháil fhuinn ar bhárr an chnuic
os ár gcionn. Bhí mac Fhinn ag briseadh cnámha géill
Chuinn. Tá Conn ag rith i n-a dhiaidh. Tá líon i ngort
Éamuinn. Tá Éamonn ag báthadh an lín i n-ár n-aice.
A chara mo chléibh, cá bhfuil tú ag dul? Táim ag dul
amach ag cur (or do chur) an tsíl. Seo é an síol lín.
“Gheibh an capall bás a fhad is bhíos an féar ag fás.”
Tá mac Néill ag obair ar son Dé i dteach an phobail.


L. 11


“Is dóigh leis an bhfear gan chéill (or chiall, see
§ 86c) gur ab é féin fear na céille.” Tá pus na
luinge i mbéal na tuinne. Tá éan beó ar an tuinn.
An bhfeiceann tú néall ag bun na spéire? Chím (or
'tím). Tá an ghealach sa spéir. Beir ar chrann na
speile. Chímid lár na sreinge ar an leic fá'n speil.
Ní fheicim lúb ar an tsreing. Tabhair dhom iall na
bróige. Tá lúb ar an éill. Tá cos an phinn i lúib
na héille. Tá cíor bheag i lár na lúibe. Tá máthair
na giorsaighe ag ceannach(t) círe. A Néill, gabh i
leith. As ucht Dé, téigh (or téirigh) chuig stad na
traenach ar an toirt. Bain as anois. Cluinim (or
cloisim) gur thuit mac dall an fhidiléara thrí
fhuinneóig an charbaid. Bhuail sé bárr a chinn i n-aghaidh
leice an árdáin. Deirthear go bhfuil sé i riocht báis.
Do bhris sé cnámha a láimhe agus bárr ordóige a leath-
choise agus cnámh a uilleann. Tá at mór ar an
uillinn. Seo í m'uille féin. Nigh an fhuil d'á éadan.
Ní thig (theag or thag) liom dul ann anois, a Chéin. Ní
mór dhom dul i n-éadan na hoibre ar an luing.


L. 12


Tar(ra) uait anois. An dtéigheann (or dtéid) an
long i n-éadan na gaoithe? Ní théigheann. Tar ar
ais ar an bpointe boise. Bí ar bois ar ball beag.
An dtigeann (dteagann or dtagann) sibh go Cnoc na
Gréine go minic? Tigimid (teagamuid or tagamuid).



An bradán é sin? Ní headh, acht muc mhara.
Goidé is ciall do'n fhocal soin? Cineál éisg is eadh
muc mhara. Ná bain an chíor choiligh de'n choileach. Is
iad na beachain (or meachain) a ghníos cíor mheala.
Ghníd an mhil freisin. Is fios dom sin. Tá an fear
feasa ag cur fhola. Tá sé ar shlatrachaibh a dhroma i
lár an leasa. Tá dochtúir as an Lios Mór ag cur
greama i n-a éadan. Tá inghean an tSasanaigh ar
lorg an chreasa leathair. Bhí an lá cineál fuar. Tá
an oidhche freisin roinnt fuar. Ólann mac an fhlatha
an iomarcaidh leanna. Tá dúil mhór i lionn dubh
aige. Tá sé beagnach as a chéill. Tá cion mór aige
ar a athair acht tá a dhá oiread ceana aige ar a
mháthair. An ionann ciall do na foclaibh — “cion”
agus “gean”? Is ionann. Cé an aois é siúd?
Tá sé geall le fiche bliadhain. “Ag dul i n-aois, ag
dul i n-olcas.” Bíonn roinnt mhaith airgid ag teacht
dó i n-éadan gach bliadhna acht is gearr a bhíos sé ag
caitheamh a choda. Ní bhaineann stad dó acht 'ghá
chaitheamh as éadan a chéile ar nós amadáin. Má
leanann dó is gearr a bhéas a chuid airgid aige.
Leigeann sé air nach mbíonn sé 'ghá dhéanamh soin. Is
é mo bharamhail nach mbíonn sé agod' ('go do or ghad')
mhealladh-sa. Beannacht leat. Beannacht Dé leat.


L. 17


Tá lear mór daoine ag teacht ar an rian-chárr ó
Charn na gCloch le olann do (or a) cheannach(t). Tá
lear mór cailíní le himtheacht thar lear i mbliadhna.
“Is fada iad adharca na mbóthar lear.” Is é an cás
céadna ag na fearaibh é. Is cuma le Cian. Ní hé
lear na ndaoine is cás leis. Tá sé le dul ar an
gcárr go Doire indiu. Tá sé le fanamhaint annsoin
go ceann bliadhna. Cluinim go bhfuil a theach le díol.
Béidh mac an mhaoir ag teacht fá cheann lae nó dhó
leis na caoirigh do bhearradh. Nach lom an pháirc í sin?
Is eadh, 'd eile. Ní'l a dhath de mhaith sa gcré. An
bhfuil an oiread soin fataí sa nGort Mór is bhí i
gCeathramha na gCloch? Tá an oiread fá thrí ann.
Deir fear na fídeóige nach bhfuil seól le fágháil annso
le haghaidh na luinge. Is beag d'á fhios aige. D'éirigh
an t-iomchurthóir agus tháinic sé amach go haibéil i n-a
dhiaidh sin leis an mála d'iomchur dhom. Iomchuir thú
féin, a Chéin. Leig de do chuid magaidh, a Néill. Bhí
tart ar Niall. D'imthigh sé leis i ndiaidh a chinn roimhe
chun tighe an óil le deoch beórach d'fhágháil. Níor éirigh
leis. Ní raibh beóir ar bith le fágháil ann. Bhí sé ag
éirghe chun feirge. Ná leig leis go bhfuilim ghá innsint
sin duit. Tar(ra) uait isteach le (or chun) coinneall
do chur sa gcoinnleóir thuas staighre i riocht is go
mbéidh tuilleamh soluis againn. Táim ag dul a
(= do) chodladh.


L. 20


Tá fonn orm dul go Gaillimh le Gaedhilg d'fhoghluim.
Tá orm imtheacht ar an bpointe boise go Carn na
gCloch le láighe do (or a) cheannach(t). Ní mór dhom
mo chuid fataí do (or a) chur gan mhoill. Tá fá
Sheaghán teacht annso ar ball leis an mbrocaire do
cheangailt de'n chrann ag coirnéal an tighe. Is
doiligh breith ar an mbrocaire sin. Is toil le Séamus
an ceangaltán do thabhairt leis. Tabhair air fan-
amhaint go ceann tamaill. Tá sé de cheart aige
imtheacht ar an toirt má's breagh leis féin é. Tabhair
fá'n obair sin a dhéanamh. Ní thig liom dada do


L. 21


dhéanamh indiu. Táim fann lag. Is fallsa atáir.
A Thomáis Bháin, iarr ar Sheaghán Mhór bacóg mhónadh
do thabhairt isteach. Ní thig (or theag) leis siubhal
indiu. Abair leis suidhe síos ar an gcathaoir mhóir.
Tá mac óg Shéamuis Mhóir ag réabadh na gclúdach
mbán as a chéile. Is éigin do mháthair na mná báine
óige seo an ganndal bán do dhíol. Tá mac an fhir
bhailbh ag ceannach(t) an ghanndail bháin ó'n mnaoi bháin
óig. Tá na daoine óga so balbh. Is doiligh liom sin
do chluinsteál. Tá inghean na Mná bailbhe ag fuagháil
an doirtéil dhuibh le snáthaid chaim. Tá an cat ag
breith ar cheann ar an luchóig mhóir. Tá fear na
cruite móire ag sgaoileadh amach na cuileóige duibhe.
Tá cruit mhór ar Art Bheag agus tá cruit aige.
“Bíonn an bás ar aghaidh an tsean-duine agus ar chúl
an duine óig.”


L. 22


(a) Ní cóir dhuit iad a
bhualadh.



(b) Ní cóir dhuit a mbualadh


L. 24


Goidé mós tá mac tanaidh an dochtúra Ghearmánaigh
indiu? Tá sé go barramhail. Is barramhail an duine
é. Goidé an mhéid atá sa léar-sgáil dheis úd? Tá
sí troigh agus ordlach ar leithead agus trí troighthe
agus cúig ordlaigh ar fad. Is mian le Art a fágháil
dó féin. Tá sé le n-a ceannach(t) indiu. Is ionann
leithead do'n léar-sgáil mhóir agus do ursain an
dorais mhóir ghuirm úd. Tabhair ar fhear na ráinne
maoile seo cupán tae dhuibh d'ól. Tá sé ag dul d'á
ól. An bhfuil inghean fhionn Sheagháin Ghéir ag bleaghan
na bó duinne? Ní'l fós, acht tá sí ag dul amach d'á


L. 25


bleaghan (le n-a b. or le í do bh.). Abair léithi gan a
bleaghan (or í do bh.) go fóill. Abair leis an ngasúr
gan mhúnadh úd gan bheith ag fágáil na duilleóige
buige fliche sin ar an gcathaoir bhig sa gcúinne. Ní
mian leis a fágáil (or í d'fh.) ann. Is aisteach an
bhean í inghean an fhir bhig fhinn úd. Tá sí as a céill.
“Ceann mór na céille bige.” An bhfuil sí ag cuimilt
na cailce gile anois de mhac na caillighe finne bige?
Ní'l, acht is ait léithi bheith ag cuimilt na cailce deirge
de mhnaoi bhig fhinn an fhir léith aistigh úd. Is aisteach
liom sin. An í sin bean na carraige léithe? Is í.
Bíonn sí 'n-a suidhe ar an gcarraig léith i n-imtheacht
an lae ar fad. Tá éad uirthi (or aici) le inghin dheis
na mná deise féile úd agus le mac an fhir fhéil dheis
seo. An bhfuil fá Chonn labhairt liom thríd an nguthán?
Tá. An altán é seo? Is eadh.


L. 28


A Néill, an bhfuil an músgán ceannuighthe agat?
Ní'l. Táim ghá cheannach(t) anois. An bhfuil an mútán
díolta ag an mnaoi bhig fós? Ní'l. Tá sé le díol
aici le tamall fada acht ní thig léithi a dhíol. Bíonn
mútáin bhána thar cionn d'á ndíol ag inghin na mná
bige, féile, finne. Tá an gluaisteán d'á thiomáint
ag an ngluaisteánaidhe. Tá barraigheacht airgid d'á
thuilleadh aige. “Tuill ór agus caith é.” An bhfuil
a chuid oibre déanta ag an tiománaidhe? Tá. “Déan
aon uair amháin é agus tá sé déanta agat go deó.”
Ní raibh sé i riocht a déanta indé. Goidé bhí ar cearr
leis? Bhí, go raibh tinneas air agus is ar éigin do bhí
sé i n-an siubhail. Ní'l faic na fríghde air indiu. A
Chuinn, buail fút agus déan do ghoradh. Suidh os mo
chomhair. Goidé tá fút a dhéanamh anois? Tá fúm
mo naipcín póca do nighe le gallaoirigh fá chomhair an
lae i mbárach. An bhfuil fúibh milleán ar leith do chur
ar mhac an fhir bhig, fhéil? Ní'l fúinn milleán do chur
air beag ná mór. Is fuath liom na daoine sin acht
mar sin féin ná bí ag magadh fútha (or fúbhtha). Tá
fuath mór agam dhóibh. Tá maróg agus ughagán d'á


L. 29


ngléasadh ag Máire. Tá séan ar Chian acht dá mbéadh
Éire gan roinnt aige ní bhéadh sé sásta. Ní chuireann
sé aon spéis i dteangaidh na hÉireann. Tabhair faoi
mar gheall air sin. Táim ghá fhágáil sin fút féin. Tá
sgamaill dhubha os ár gcionn. Is doiligh dhúinn cur
fúinn san áit fhlich seo de shiubhal oidhche. Tá an chearc
ar gor. Ná sgaoil fúithi.



'Sé (or Dia) do bheatha, a dhuine chóir. Ara, a
Sheagháin, a chara, an tusa atá ann? Tar isteach. Tá
ríméad mór orm thú (a) fheiceál (or d'fheiscint) annso
arís. Táim buidheach dhíot, a Mhíchíl. Bain díot do
chóta (or chasóg). Deasuigh anuas chun na teineadh agus
leig do sgíth. A Chaitlín, a ghrádh, brúigh dhíot amach
an doras. Maise, a Mhíchíl, nach caillte an
aimsir í! Is caillte go cinnte. Bíonn sé ag clas-
gairt (or ag clagairt) bháistighe gach uile lá. Maise,
teastuigheann braoinín báistighe ó'n talamh ó am go
ham. Bíonn an iomarca d'aimsir thirim i Sasanaibh
agus san Oileán Úr. Tíortha tirime is eadh iad soin.
Is é buac na dtíortha soin an bháisteach d'fhágháil
acht bíonn an iomarca dhi i nÉirinn. An


L. 31


bhfeicir Seaghán Shéamuis * go minic? Chím. Goidé
tá d'á dhéanamh aige fá láthair? Tá sé ag dul chun
an aonaigh indiú le searrach na lárach báine do dhíol. Tá
airgead uaidh. Tá faoi sac mine míne agus mála plúir
do cheannach. Is mian leis a bhfágháil ar cáirde má
thig leis. An bhfuil sé bocht? Ní bocht go dtí é.
Tá feilm mhaith thalmhan (or thalaimh, M. & U.) aige
acht bain an chluas anuas díom má tá a
leithéid de leóiste le fágháil san tír. Ní mór dhom
dhul a bhaile anois. Má chír clann mhac Pheadair
Dhuibh fiafruigh dhíobh (or dhíobhtha) an bhfuil an mhóin
bainte aca. Ní baileach atá fós. Tá a lán oibre
ar a bhfeilm mhóir le déanamh aca go fóill. Nach
bhfuil sí d'á déanamh aca? Tá, acht is deacair dhóibh
(or dhóbhtha) a déanamh fá láthair. Tá tinneas ar
chlainn Pheadair Óig. Is mian leó (or leóbhtha) an
obair do chur ar cáirde. Beannacht leat, a Mhíchíl.
Go soirbhighidh Dia dhuit, a Sheagháin.



Fear na mná dílse (or dílise), maithe, ciúine,
áilne (or áluinne). Neart na lárach láidire. Fir
láidire. Gearráin na bhfear láidir.


L. 33


A Sheagháin, cé an t-ainm atá ar an bhfear úd le
hais na fuinneóige? Ní fhuil aon aithne agam air.
B'fhéidir gurab é an brothaire é. Ní hé. Fiafruigh
dhe cé hé féin. Is mian liom cainnt a bhaint as. Gabh
i leith, a dhuine chóir. Badh mhaith liom aithne do chur
ort. Cad is ainm dhuit? Mícheál Ó
Murchadha is ainm dhom. Cad as tú (cé'rb as thú, C.
or cá has thú, U., see idioms)? As Corcaigh is eadh mé.
Cuir an duine uasal so i n-aithne dhom, má's é do
thoil é. Is é seo Conn Ó Briain. Is dócha go bhfuil
aithne agat ar 'Liam Ó Ceallaigh.* Is clos dom go


L. 34


bhfuil an duine bocht caillte. Is truagh liom é sin.
Ba mhór an sgéal é bás an fhir sin. Badh mhaith liom
é bheith i n-a bheathaidh fós. Fear cneasta macánta do
b'eadh é. Ba mhaith fá n-a chuid airgid é.
Cé an bealach atá leat, a dhuine? Ní
fhuil agam acht ag iarraidh na déirce, faraoir. An
mbíonn do sháith bídh agat? Maise, is ar éigin é.
Deasuigh anall chun an bhóird, a dhuine bhoicht, agus ith
stiallóg aráin agus greim feóla. Is dócha go bhfuil
ocras ort. Tá, maise. Ní féidir liom proinn mhaith
d'fhágháil acht go hannamh. Ith greim eile. Ní mór
dhuit é. Ní beag dhom an méid seo
Tá fonn orm dhul fá dhéin an
tsagairt óig. Fear fial atá ann agus bheir sé go
leór déirce do na daoinibh bochta. Nach bhfuil tinneas
air? Tá biseach aige anois. Creidim go bhfuil sé ag
dul go Corcaigh indiú. Ní mór dhuit an bóthar do chur
dhíot má's mian leat dhul fá n-a dhéin. Táim ag im-
theacht ar an bpointe boise.


L. 36


Cé leis an fheilm úd ag bun an chnuic? Ba le cean-
naidhe siopa anuraidh í acht ní leis anois í. Is leis an
mbrothaire í. Cé an fáth ná rabhais i Luimneach indé agus
an fhéis mhór ar siubhal ann? Bhí aithmhéala orm fá nach
rabhas ann. Bhí at mór ar mo chois agus ní rabhas i
n-an siubhail. An bhfuil biseach agat anois? TÁ. Cha
bfhuil faic na frighde orm indiu. Tá áthas mór orm faoi
sin. Badh thruagh liom thú bheith tinn. Táim buidheach
dhíot. An raibh aithne agat ar Mhícheál Ó Ceallaigh
& ar Sheaghán Ó hAirt? Bhí togha na
haithne agam ortha agus mé 'mo (or im') ghasúr fad ó.
Ba dhona (dona, C.) na hÉireannaigh iad. An raibh Gaedhilg
aca? Bhí, a mhaisge, agus togha na Gaedhilge, acht
ba bheag an bheann do bhí aca uirthi. Seóiníní do b'eadh
iad. An ag dul a bhaile atáir, a Thomáis? Ní headh.
Is ag dul chun na páirce i gcoinne an tsearraigh dhuinn
atáim. Is cóir dhuit do chóta (or chasóg) do chur ort
agus an aimsir fhuar atá ann. Is fíor dhuit. Ba
mhillteach an lá do bhí ann indé. Bhí sé ag cur sheaca
agus ag cur shneachta go millteach. An raibh fuacht
oraibh? Bhí, a mhaisge. Bhíomar préachta leis an bhfuacht
agus sinn ag teacht a bhaile ó Luimneach. Is truagh gan
mise i gcathair Luimnighe. Is aoibhinn an áit é. B'fhiú
dhaoibh fanamhaint ann go ceann bliadhna. B'fhearr
liom-sa go mór fada cur fúm i gCorcaigh.


L. 39


Ar mhaith leat mo chuid bromach a fheiceál indiú, a
Mhíchíl? Badh mhaith liom. Cé an dath atá ortha? Tá
ceann aca glas, agus an ceann eile donn. Seo iad
iad anois. Cé aca do b'fhearr leat? Ceapaim gur
bh'fhearr liom an ceann glas. Cé mhéid atá air? Céad
punt. Tá an méid sin as bealach ar fad. Ní toil
liom a thabhairt air. Déan rud orm anois,
a Mhíchíl, agus ceannuigh é. Teastuigheann an t-airgead
uaim. Ní fhéadaim é do cheannach indiú, a Dhiarmuid.
Ní fhuil mo dhóthain airgid agam. Ní fuláir dhom an
margadh do chur ar cáirde go dtí lá eile. Tá go
maith. Is cuma liom. Tig liom an
bromach a choinneál go dtí lá an aonaigh. An raibh
clann mhac Sheagháin Bháin ar an margadh indé? Bhíodar.
Arbh'í Máire Bhríghde do bhí i n-éinfheacht leó (or leóbh-
tha)? Ba í. Cailín áluinn atá innti. Tá gruag ar
dhath an óir uirthi. An raibh aithne agat ar a hathair?
Bhí, a mhaisge, agus aithne mhaith. Nár mhór an fear é?
Ba mhór, go deimhin. Agus is clos dom gur mhaith an
duine é fosta. Cad do b'ainm dhó? Aodh do b'ainm
dhó. Arbh'é sin do bhí i n-a phíobaire le linn a óige?
Ceapaim gurbh'é. Bhí mo dhuine bocht i gcleitheamhnas


L. 40


(or i gcleith) a dhéirce nuair do bhí sé sean. Ba deas (C.)
uaidh ceól a ghabháil. An i n-a ghréasaidhe
atá a mhac anois? Ní headh. Bhí sé i n-a fheilméara (or
fheirmeóir) acht tá a chuid airgid caithte amudha aige.
Bhí sé leisgeamhail, agus tá a shliocht air. Ta sé ar
fán anois. B'éigin dó a chuid talaimh (or talmhan) do
dhíol leis an mbrothaire ar bheagán airgid. Dheamhan
dath na ríogh ruadh ag an duine bhocht, acht ag cur an
lae indiú chun an lae i mbárach (i mbáirigh, M.).
Is truagh liom é. B'fhearr dhó aire a thabhairt
d'á fheilm. Is fíor dhuit. Is léir dhó féin anois an dul
amudha do bhí air.



Ba láidir an gasúr Aodh nuair do bhí sé óg.


L. 42


Tá Caoimhghin ag teacht aníos ó'n abhainn. Cá fhaide
uainn é? Timcheall leith-mhíle. Deagh-fhear atá ann.
Seo é isteach é. Caidé an dóigh atá ort,
a Chaoimhghin? Tá mé ar mo rogha-dóigh,
go raibh maith agat. Tá an-áthas orm thú d'fheiscint
annso. An tú do bhí ar an margadh i mbaile mór na
Gaillimhe indé? Is mé. Maise, nach an-tsaor do bhí
na muca! Is ró-shaor do bhíodar, a mhic ó. Ba ramhar
an mhuc do bhí le díol agat-sa. Ba ramhar, a mhaisge,
acht ní rabhas lán-tsásta leis an luach ar chor ar bith.
Goidé bheir ort do chuid muc do dhíol
agus iad chomh saor agus táid fá láthair? B'éigin
dom é. Is amhlaidh do bhí an t-airgead ag teastáil
uaim. Ara, nach bhfuil do sháith agat, a dhuine? Ná
ceap é, a mhic ó. Seadh, anois! dheamhan lá ariamh nach
raibh an chainnt agat. Ní fhuil caoi mhaith orm ar chor
ar bith. Is an-bhocht atáim. Maise, ní fhéadaim a


L. 43


chreideamhaint agus feilm mhaith agat. 'Sé mo
bharamhail nach bhfuilir ag innsint ceó de'n fhírinne
dhom. Fágaim le hudhacht nach bréag ná
áidhbhéil acht lom-chlár na fírinne atá ann. Is eagal
liom gur daoine leisgeamhla atá in do chlainn
mhac agus inghean. Tá mo chlann mhac an-fhallsa ar
fad. Droch-fhir atá ionnta. Tá na cailíní go sár-mhaith.
Is amhlaidh do bhíos gha cheapadh gur mhaith an rud é mo
chuid talmhan (or talaimh) a thabhairt dóibh-san (dóbhtha-
san) agus d'á bhfearaibh. Ara, ná déan a leithéid de
rud amadánach ar chraiceann do chluaise.
Ar mhian leat bheith ar fán i ndeireadh do shaoghail?
Maise, tá craiceann ar do chuid cainnte,
a Mhíchíl. Ní fhuil (a) fhios agam fá thalamh na hÉireann
cad do b'fhearr dhom a dhéanamh.


L. 46


Cé hé do bhí ag fuinneóig an tighe úd? 'Sé mo
thuairim gurab é dearbhráthair an Easbuig é. Cé'rb
as é? Is as Baile Átha Cliath é (or dhó).
Is áirde é ioná an tEasbog. Is áirde, acht ba dhírighe
an fear an tEasbog ioná é nuair do bhí sé óg. Ní
raibh bean ba dheise (deise, C.) le feiceál san tír 'ná
a dheirbhshiúr, bean an dligheadóra. Óra, nach mór an
truagh í do bheith caillte! Is mór, go deimhin. Fág-
aim le hudhacht nárbh' fhéidir bean ní b'fhéile (or do
b'fhéile) d'fhágháil i n-áit ar bith. Rabhais i dtigh (dteach,
C.) an chléirigh indé? Bhíos acht go deimhin


L. 47


b'fhearr liom gan bheith sa láthair. B'fhada liom
bheith i n-a chuideachtain. Is beag nach raibh sé ag léim-
nigh as a chorp le teann feirge. Caidé
an fáth? Is amhlaidh do bhí sé ar dearg-bhuile fá rádh is
go bhfuil an sagart ag cur d'ialach air an
Ghaedhilg a mhúnadh d'á chlainn feasta. Maise, nach é
an droch-Éireannach é? Bain bárr na cluaise dhíom
má tá Éireannach níos dona le fágháil
san tír. Is iongnadh liom nach mbriseann an sagart
é. Tá iongnadh orm-sa fosta. Ar chraiceann do
chluaise ná habair leis go rabhas ag innseacht an sgéil
seo dhuit. Dheamhan baoghal orm, a mhic ó. Go dtí
le goirid féin ní raibh an Ghaedhilg d'á múnadh i sgol-
tachaibh an pharáiste i n-aon chor. Maise, ba bhocht an
sgéal é. Nach breágh an fear é Easbog Chill Ala!
Is deagh-Éireannach é. Tá na máighistrí sgoile ag
foghluim na teangadh agus ghá múnadh do na páisdíbh.
Dia go deó leó(bhtha).


L. 49


Céad míle fáilte romhat, a Chathail. Maise, goidé
d'éirigh dhuit? An bacach atáir? 'Seadh, go deimhin.
D'éirigh timpist mhór dhom indé. Is amhlaidh do bhí mé
féin agus Ruaidhrí Ó Briain ag dul go Cathair na
Mart. Bhí deithneas mór orainn. Bhí sé air againn
bheith i n-am ar an margadh. Is dócha gur
bhuail a lán daoine libh ar an mbóthar.
Do bhuail. Do chuireadar forrán orainn acht níor
fhanamar ag cainnt leó (or leóbhtha). D'fhágamar
i n-ár ndiaidh iad agus do ghluaiseamar i ndiaidh ár
gcinn romhainn. Thar éis sin do chuireamar an bóthar
dhínn chomh mear is (= agus) do bhí i n-ár gcosaibh.
An é an bóthar mór do ghabhabhar? Ní
hé, acht an casán treasna an tsléibhe. Bhí orainn a
dhul (or dul) ag strapadóireacht thar bhalla an-árd
i n-aice na habhna (habhann or haibhne) ag bun an chnuic
ghlais úd. Bhí cloch mhór ar mhullach an bhalla. Bhí sí
sleamhain agus do thuiteas d'aon phlimp amháin i ndiaidh
mo chinn. Do shíleas go raibh mo chnaipe déanta ann-
soin seachas ariamh. Bhí teach i ngar dhúinn.
Do bheannuigh Ruaidhrí isteach. Do chuir
muinntir an tighe fáilte roimhe. D'iarr sé ar fhear
an tighe agus ar a chlainn mhac fóirithin orm. Do
thógadar agus do chuireadar ar an leabaidh mé. Bhí
pian mhór (mór, M.) in mo ghlúin. Ar chuiris rud ar
bith uirthi? Níor chuireas dada uirthi acht uisge fuar.
Bhí biseach agam ar maidin indiú agus do shiubhlas a


L. 50


bhaile. Badh cheart duit fios do chur ar an dochtúir
le caoi do chur ar do ghlúin. Ní fhuil aon chall agam
fios do chur air. Táim maith go leór anois.


L. 51


Cá rabhais le goirid, a Thaidhg? Bhíos thall i nAlbain
le tamall beag. Do chaitheas sgathamh eile i Sasanaibh.
Do bhíos ag teacht anall ar an ngaltán an lá fá
dheireadh agus do bhuail mo shean-chara, Brian Ó
Raghallaigh, liom. Bhí a dhearbhráthair agus a dheirbhshiúr
i n-éinfheacht leis. Do chuir sé i n-aithne dhom iad.
Bhí an-áthas orm aithne do chur ortha. Is lághach an
cailín í an deirbhshiúr. Tá an-bhród ag Brian aisti.


L. 52


An dtugadar (or ar thugadar) cuairt
ar Lonndain? Thugadar. Cé mar thaithnigh an
chathair sin leó (or leóbhtha)? Dubhradar nach mó ioná
go maith do thaithnigh sí leó (or leóbhtha)?
B'fhearr leó go mór fada bheith i mBaile Átha Cliath.
Cé go bhfuil Baile Átha Cliath níos lugha ioná Lonndain
is dóigh leó go bhfuil sé níos áilne. 'Sé mo thuairim
go bhfuil an ceart aca. Is deise Éire ioná Sasana.
Is í Éire an tír is deise ar dhruim an domhain. Tá
sléibhte na hÉireann níos áirde (airde or
aoirde) ioná sléibhte Shasana. Tá sléibhte
móra árda i gConndae na Gaillimhe. An
dtugabhar (or ar thugabhar) cuairt ar Ghaillimh ariamh?
Thugamar. Bhí Brian agus mé féin ann anuraidh.
Do chaitheamar tamall i dtigh (or i dteach, C.) bheag
ar mhullach an tsléibhe. An ndubhrais (or ar dhubhrais)
go raibh an dearbhráthair is sine do Bhrian (ag or le
Brian) i n-éinfheacht libh? Níor dhubhras (or ní
dubhart). D'fhágamar i n-ár ndiaidh i mbaile mór na
Gaillimhe é. Ar bhain muinntir na Gaillimhe mórán
cainnte asaibh? Maise, ní puínn do bhaineadar
asainn. Ba rígh-bheag an Ghaedhilg do bhí againn le
tabhairt dóibh (or dóbhtha) an t-am soin.


L. 53


An gcualais (or ar chualais) an dtáinig (or ar
tháinig) Tadhg Mac Cárthaigh anall ó Shasanaibh go
fóill? Chualas. Do thárla mé air indé i mBéal
Feirsde. Dubhairt sé liom go dtáinig (or gur


L. 54


tháinig) sé anall ar an ngaltán an lá fá dheireadh.
Do bhuail sé bleid orm. Is amhlaidh tá an duine bocht
i gcruaidh-chás. Badh cheart duit roinnt airgid do
chur chugam (or chugham) le n-a aghaidh. Maise, dheamhan
baoghal orm. Nach bog atá an craiceann ort,
a mhic ó! Ní fhuil aon chabhair dada do chur
chuige. Tá lear mór airgid caithte amudha aige.
Ní fhuil fear níos leisgeamhla ar dhruim na talmhan.
Maise, tá a lán daoine chomh fallsa leis-sean. Ní
raibh sé ní ba mheasa ioná a dhearbhráthair. Is feasach
mé sin, acht ní toil liom aon bhaint a bheith agam leis.
Cad chuige a dtángais (or gur thángais)
ar ais chun Bhaile Átha Cliath chomh luath? Mheasas
go raibh fút fanacht i bPortláirge go ceann
sgathaimh. Bhí, acht bhí gnó áirithe le déanamh agam sa
mbaile agus níorbh' fhuláir dhom theacht (or teacht) ar
ais gan mhoill. Ní raibh aon chaoi as agam.
An gcualais (or ar chualais) cé an saghas
aimsire do bhí aca i bPortláirge le deireannas?
Chualas go raibh sé ní b'fhliche (ní ba fliche, C.) annsoin
ioná mar bhí sé annso. Tá sé níos teó agus níos
breághtha anois. Ní raibh bliadhain ní ba mheasa aca le
fada. Tá an tír sgriosta ag an mbáistigh. Tá an
t-aos óg ag imtheacht as éadan a chéile go dtí an
tOileán Úr. Is beag má tá duine sgafánta, sgol-
bánta fágtha againn ar chor ar bith. Óra, maise, nach
bocht an sgéal é! Is bocht go deimhin.


L. 56


Céad míle fáilte rómhat, a Néill. An bhfuil aon
bhárr nuaidheachta agat, a Chuilm? Maise,
dheamhan cuid aithris'. Buail isteach agus
leig do sgíth. Ní fhuil aon fhonn orm fanamhaint anois.
Tá faitchíos orm go bhfuilim ag cur as duit.
Is follasach go bhfuil cruadhóg ort. Tá, go
deimhin. Tá an duibheachán ag teacht ar na fataíbh
(préataíbh, U.; prátaíbh, M). Tá sé air agam
a mbaint i n-am. An bhfacais (or an bhfeacaís,
M.) Aoife Ní Bhriain le déidheannaighe? Ní fhacas (or
ní fheaca, M.), acht chonnaiceas (or chonnac, M.) a
hinghean, Bríghid. An ndeachaidh dearbhráthair agus
deirbhshiúr Bhríghde go dtí an tOileán Úr go fóill? Ní


L. 57


dheachadar (or dheaghadar; cha dteachaid siad, U.). Is
go hAlbain a chuadhadar. Is faide (fuide or sia) an
turas é go dtí an tOileán Úr ioná go hAlbain. Is
giorra an turas é go Baile Átha Cliath ioná go
hAlbain. Nach mór an truagh go mbíonn na daoine
óga ag dul thar sáile i leabaidh fanacht i n-a dtír
féin. Ní fhuil (a) fhios agam beirthe beó ioná baiste
cé an fáth é. Is dócha go bhfuil fonn ortha
tíortha eile d'fheiscint. Ní hé sin an fáth. Is amhlaidh
nach gcuirid aon tsuim i n-a dtír féin. Is fearr go
mór fada le n-a lán aca Éire d'fhágáil agus cur
fútha (or fúbhtha) i n-áit éigin eile. Chualas an lá fá
dheireadh go raibh an bhliadhain seo chuaidh tharainn go
han-fhliuch san Oileán Úr. Bhí an aimsir ní ba bhreághtha
i nÉirinn féin. An raibh Aoife agus a fear i bhfad i
Sasanaibh anuraidh? Ní rabhadar. D'fhanadar ní
b'fhaide (or ní ba shia) i nAlbain. Thar éis sin tháng-
adar ar a n-ais go hÉirinn. Ní fada ó dubhradar
liom go rabhadar ag súil le thú d'fheiscint. Ní fhuil fúm
cliseadh ortha. Badh mhaith liom a bhfeiceál arís.


L. 59


An bhfuaireabhar faisnéis fá Thadhg Ó Murchadha
agus fá n-a mhnaoi Aoife le goirid? Fuaireamar.
Thárla sinn ortha an lá fá dheireadh ar an
tsráid (sráid, M.). Ar chuireadar mo thuairisg libh
(or oraibh, M. See idioms)? Chuireadar. Dubhradar
go raibh súil aca go rabhais go rígh-mhaith. Táim an-
bhuidheach dhíobh (or dhíobhtha). Cá rabhadar le deirean-
nas? Bhíodar thall i Lonndain. Ní fhacaidh (or fheacaidh
M.) an bhean an chathair úd ariamh roimhe sin. Ba mhian
léithi dhul (or dul) thríthi, agus na tighthe móra (a)
fheiceál. Chuaidh sí anonn i gcuideachta (or gcuid-
eachtain) Thaidhg. Ar thaithnigh Sasana go mór léithi?
Ní mó ioná go maith do thaithnigh sé léithi.
Dubhairt sí liom gurbh' fhearr léithi go mór fada bheith
i nÉirinn nó i nAlbain. Is fusa dhul (or dul) ó Bhaile
Átha Cliath go Sasanaibh ioná go hAlbain. Tá an
turas níos giorra. Bíonn an aimsir níos tiorma
(or trioma) i Sasanaibh. Is dócha go ndearnadar a
lán gnótha (graithe, C. and U.) i Lonndain? Rin-
neadar (or do dhineadar, M.). Tá inghean le dear-
bhráthair Chathail ar sgoil annsin. An bhfacadar í?
Chonnaiceadar. Thugadar cuairt uirthi. Tá a cuid lae-
theannta saoire aici anois, agus tháinig sí anall i n-éin-
fheacht leó (or leóbhtha). Maise, nach gránda an cailín
í! An deirbhshiúr atá caillte bhí sí ní ba ghráinde, acht
b'annsa leis an athair í. Cad chuige ar chuir an t-athair
an inghean is sine aige ar sgoil thar sáile? Fá rádh
is gur Seóinín atá ann. Is amhlaidh do b'áil
leis blas Sasanach do bheith ar a cainnt. Is olc an
obair do rinne (or dhin) sé. Ní fhuil aon tóir aige
acht ar an mBéarla. B'fhearr dhó an Ghaedhilg bhinn
mhilis a bheith aige. Is fíor é do phort, a
mhic ó; acht “beatha dhuine a thoil”.


L. 61


Go mbeannuighidh Dia annso. Go mbeannuighidh Dia
a's Muire dhuit, a Chaitlín. Deasuigh anuas chun na teineadh
agus leig do sgíth. Buail fút agus déan do ghoradh. Is
cosamhail go bhfuil fuacht ort. Tá, go deimhin agus
ta brón orm mar an gcéadna. Maise, cad 'n-a
thaobh go bhfuilir ag gol? Ná tóg orm é,
a Mháire. Mar adeir an sean-fhocal — “Bíonn an
fhírinne searbh go minic.” Is mar gheall ar m'fhear
atá brón orm. Is amhlaidh chuaidh sé chun an aonaigh
ar maidin indé. Bhí air searrach a cheannach le haghaidh
a athar. Do bhuail cara leis ar an tsráid. Eadrainn
féin is cosamhail gur óladar an iomarca leanna le
chéile. Bhíodar ar dearg-mheisge. Ní lia


L. 62


duine 'ná baramhail. Dubhairt an fear eile rud éigin
nár thaithnigh le Pádhraic. D'éirigh Pádhraic chun
feirge. D'éirigh troid mhór eatorra. Ní fhuil duine
ar bith ar an mbaile chomh láidir le Pádraig. Is
iomdha fear maith do bhuail sé ariamh. Rug sé ar
ghreim sgórnaigh ar an bhfear eile. Do bhuaileadar a
chéile. Ní túisge chonnaic na síoth-mhaoir an troid
'ná chuadhadar fá n-a ndéin. Le iompódh do bhoise bhí
Pádhraic agus an fear eile i ngreim láimhe aca.
Rugadar leó (or leóbhtha) iad go dtí an baile ba
ghoire (or do b'fhoisge) do'n áit. Nuair rángadar an
baile chuireadar fá ghlas iad. Tháinig Pádhraic a
bhaile ar maidin indiú. D'imthigh an fear eile leis féin.
Bhí aithmhéala mór ortha fá rádh is go
rabhadar ar meisge. B'éigin dóibh (or dóbhtha) cuid
mhaith airgid d'íoc as. Ní raibh aon chaoi as aca. Ba
mhór an náire dhóibh bheith ar meisge.


L. 64


A Néill, an bhfeadraís cionnos tá mac mic Chonáin
indiú? Ní fheadar, acht bhí sé i n-a luighe indé agus é go
lag lag. Bhíos i lár na coille móire ar maidin indé
agus mé ag leagan crainn áird. Tháinig tuirse orm
agus bhuaileas fúm ar chloich mhóir le hais an chasáin
le mo sgíth a leigean. D'éis tamaill bhig tháinig
Conán chugam (or chugham) agus cruadhóg mhór air. Do
bheannuigheamar d'á chéile. “Cad 'n-a thaobh go bhfuil
an oiread deithnis ort?” arsa mise. “Fá rádh is go
bhfuil tinneas mór ar mhac mo mhic,” arsa
Conán. “Do bhuail taom thinnis indé é. Tháinig
slaghdán mór air. D'fhóbair (ba dhóbair, M. or fhóbair,
C.) dhó bás d'fhágháil san oidche. Dar linn do bhí sé i
riocht báis. Níorbh' fhuláir lem' inghin fios a chur ar an
dochtúir agus cruadhóg a chur leis. 'Séard adubhairt
mo bhean ‘nach bhfuil luibh 'ná leigheas i n-aghaidh an
bháis,’ mar adeir an sean-fhocal. Dar ndóigh, ní fhuil
mórán céille aici. Níor fhéad mo leanbh bocht
fanamhaint i n-a luighe. B'éigin dó éirghe i n-a shuidhe.
Ní raibh sé i n-a chodladh cé go raibh codladh air.


L. 65


Chuireamar ár gcomhairle i gceann a chéile. 'Sé an
chomhairle do cheapamar dhul (or dul) i gcoinne an
dochtúra ar an bpointe boise.” “Ar m'anam, a
Chonáin,” arsa mise,” “nach maith liom an droch-sgéal
soin a chloisteáil. Tá súil le Dia agam
nach fiú biorán é. Ba cheart daoibh fios a chur ar an
dochtúir níos túisge. Acht ‘is fearr go mall 'ná go
bráth.’” “Is fíor é do phort, a mhic ó,”
ar seisean,


L. 66


An mbéir sa láthair ag an bhféis i mbaile mór Loch
gCarmain i mbárach? Béad, le congnamh Dé. Tá súil
agam go mbéimid ag gluaiseacht i gcuideacht' (or i
gcuideachtain) a chéile. An mbéidh Seaghán Ó Conchubhair


L. 67


agus Ciarán Ó Raghallaigh ag dul ann? Is dócha go
mbéid. Bhíodar i bPortláirge indé. Dubhradar liom
go rabhadar ag brath ar dhul go dtí an fhéis. Bhíodar
ar thob imtheacht(a) ó phort an bhóthair iarainn, agus
iad ag dul a bhaile, nuair a chonnaiceas iad. Ar
sgríobhais chun an rúnaire go fóill? Níor sgríobhas.
Táim ar tí sgríobhtha chuige. Nach breágh an sgéal é
go mbíonn féiseanna ar siubhal ar fud na tíre! Is
léir do gach uile dhuine go bhfuil obair na Gaedhilge
ag dul chun cinn go tréan anois. Is mór mór an
gar do'n tír é. Is leas do mhuinntir na hÉireann an
Ghaedhilg a choinneál beó. Béidh an teanga 'ghá gcur
ar bhealach a leasa. An dóigh leat go mbéidh sí fá
mheas agus fá onóir arís, mar bhí sí san am fadó?
Ar m'anam go mbéidh. Ní fhuil amhras ar bith nach
mbéidh. “Tigeann gach maith le cáirde.”
Sin sean-fhocal. Is deagh-Éireannaigh Seaghán agus
Ciarán. Seadh, go deimhin; bíd ag déanamh a ndíchill
báis agus beathadh le obair na teangadh (or teangan)
do chur ar aghaidh. Dia go deó leó. An
bhfuil Eibhlín Ní Chonchubhair ag brath ar dhul chun na
féise? Creidim nach bhfuil, cé go mbíonn sí i n-a
comhnaidhe i ngar do Loch gCarmain. Maise, ní fhuil
innti acht seóinín mná. Dubhras (or dubhart) léithi go
bhfuil an fhéis le bheith ar siubhal i mbárach, acht do leig
sí thairsti é. Níor leig sí uirthi
gur chualaidh (or go gcualaidh) sí mé. Ní
chuireann sí aon tsuim san teangaidh (or teangain)
acht an oiread le bonn mo bhróige.


L. 69


An bhuail Tadhg agus Diarmuid Ó Súilleabháin umat
le goirid? Do bhuaileadar umam an
lá cheana. Mar is gnáthach leó bhíodar rud beag ar
an asal. Ní dhearnadar pioc oibre ar
feadh na seachtmhaine seo chuaidh tharainn. Ar m'anam
go bhfuil dúil nimhe san uisge beathadh aca. Tá a
shliocht ortha, táid i gcruaidh-chás. Deir an
sean-fhocal — “bí ag ithe agus béidh rath ort, bí ag ól
agus béidh meas ort.” Maise, ní fhuil meas uisge na
bhfataí ag na comhursannaibh ar Thadhg agus ar a
dhearbhráthair. An mbéid ag dul chun aonaigh Bhéal an
Átha an tseachtmhain seo chugainn? Béid. Díolfaid
a gcuid eallaigh annsin. An gceannóchaid rud ar
bith? Ní cheannóchaid. Tá lear mór airgid ortha.
An dóigh leat go n-íocfaid an cíos ar an talamh?
Creidim nach bhféadfaid a dhéanamh. Is dócha go
mbéidh ialach ortha an fheilm a dhíol mara (muna) dtig
leó an cíos d'íoc. Bhí cuid mhaith olna aca san


L. 70


sgioból acht chualas go bhfuil sí díolta aca cheana.
Tá trosgán le díol aca mar an gcéadna. Má chír
go goirid iad, abair leó (or leóbhtha) go gceannóchad
an trosgán má thaithnigheann sé liom. Gabhfad fá n-a
ndéin d'á fheiceál fá cheann seachtmhaine nó
mar sin. D'ith na franncaigh agus na luchain an
t-éadach de na cathaoireachaibh orm. Nach bhféadfair
dhul (or dul) chun an trosgáin d'fheiscint um an taca
so i mbárach? Ní fhéadfad. Ní bhéimid annso acht
go ceann tamaill bhig. Ní mór dhom dhul (or dul)
suas ar an sliabh (or sléibh) ar lorg mionnáin liom
atá ar fán. Béidh mac mo mhic i n-éinfheacht liom.
Is ceart dó a chasóg a chur uime (or air). Tá sé ag
cur sheaca. Tá ar gcuid casóg umainn (or orainn)
cheana.


L. 72


Cé hé sin taobh amuigh de'n doras? Is mise,
Conchubhar Ó Domhnaill, atá ann. Leig isteach mé.
Fan ort agus fosglóchad an doras duit. Tar isteach,
a Chonchubhair, buail fút agus déan do sgrísde. Is
deireannach atáir ag gabháil an bhóthair. Cá gcodlóchair
anocht? Codlóchad annso má's maith leat é agus
mara mbéad ag cur as daoibh. Dar
fiadh! a mhic ó, ní bhéir ag cur as dúinn ar chor ar
bith. Ar m'anam go bhfuil céad míle fáilte romhat.
Is fada nach bhfacamar thú. An bhfuil an
fhearthainn bunáite thart? Tá. Ní'l ann acht brádán
anois. Is cosamhail go mbeidh sé ag cur sheaca amach
annso. Dar (or 'ar) ndóigh, “is fearr sioc 'ná síor-
bháisteach.” An bhfuil an síol curtha agat go fóill?
Táim thar éis a churtha. Ní rabhas acht thar éis na
bhfataí (bprátaí or bpréataí) do chur nuair tháinig sé
i n-a bháistigh. Níor tháinig liom a gcur níos túisge.
Bhíos l'éis taoim thinnis a chur dhíom. Bhíos féin go
lag agus chlis na fir oibre orm. Tá faitchíos orm go
loicfidh an síol san talamh. Is olc an bhail ar an tír
é * má loiceann na fataí. Is fíor é do phort, a mhic


L. 73


ó. Táim d'éis mo chuid eallaigh ramhair a dhíol leis an
mbrothaire ar chéad punt. An gceannóchair eallach i
mbárach? Ceannóchad. Ní mór dhom ba agus caoirigh
agus uain a cheannach le cur ar an bhfeilm. Teas-
tuigheann gearrán agus bromach uaim mar an
gcéadna. Tá searrach mo lárach i n-éis bháis
d'fhágháil. Is deimhin liom gur préachta leis an
bhfuacht do bhí sé. Fuair sé bás an tseachtmhain seo
chuaidh tharainn nuair do bhí sé ag cur shneachta go
trom. Ní mór dhúinn dul (or dhul) a chodladh anois, a
Chonchubhair. D'éirigheamar go luath ar maidin. Tá
go maith, (a) Airt. Fanfad-sa cois na teineadh go
ceann tamaill eile. Is mian liom mé féin a ghoradh.
An gcoigleóchair-se an teine? Coigleóchad.


L. 75


An bhfeadraís an bhfuil Conchubhar Ó Máille ag dul
ar aghaidh níos fearr anois? Ní fheadar an domhan
bhraonach. Is fada nach bhfacas é. I gCill
Choinnigh 'seadh chonnaiceas an uair sin é. Cé'rb as é?
Is as Luimneach é (or dhó). Ag teacht a bhaile ó'n
Aifreann dom bhuail sé umam. Thoisigheamar
(thosuigheamar or thosnuigheamar) ag labhairt Ghaedhilge
le chéile. Thugas comhairle a leasa dhó. Bhí sé ag
cur na súl thríom acht níor thug sé aon
áird ar mo chainnt. Do leig sé thairis é.
“Abair do rogha rud, a mhic ó,” ar seisean
agus pus air, “tá súil agam nach dtógfair orm é,
acht tá fúm mo rogha rud a dhéanamh.
Bím amadánach nó ná bím, nach cuma
dhuit é.” Mheasas go raibh sé ag éirghe chun feirge.
Níor mhaith liom fearg a chur air. “Ara, bí 'do thost,
a bhuachaill,” arsa mise, “ná bíodh fearg ort. Ná
bímís ag troid le chéile. Níor mhian liom acht thú do
chur ar bhealach do leasa. Acht ‘bíodh do thoil féin
agat mar atá ag na mnáibh’ mar adeir an sean-
fhocal. ‘Beatha dhuine a thoil.’” “Dar fiadh! a
chara mo chroidhe,” arsa Conchubhar, “Ní baoghal feirge
dom. Tá aithmhéala orm fá gur labhras
mhar sin leat. Bímís i n-ár gcáirdibh arís. Fágaim
le hudhacht go bhfuil mo chroidhe ag cur orm


L. 76


fá rádh is gur dhubhras (or go ndubhart) é sin
leat.” “Ná bac leis, a mhic,” arsa mise, “ná
labhair smig ná smaig eile. Dar an leabhar! ní fhuil
aon chabhair bheith ag cur i n-aghaidh a chéile
acht déan rud orm agus ‘ná leig do leas
ar cáirde’”.


L. 77


Brostuighidh (or brostuigidh) oraibh, a bhuachaillí. Is
mithid dúinn imtheacht. Bímís ag gluaiseacht. Fanaidh
oraibh go fóill. Ná bíodh an oiread deithnis oraibh.
“Moilleann Dia an deifir.” Téighimís go dtí 'n
seomra arís. Buailidh fúibh ar na stóltaibh. Bidhidh
(or bígidh) in bhur suidhe go ceann tamaill eile.
Deargamaois ár bpíopaí agus déanamaois ár sgríste.
Tá faitchíos orainn go bhfuilmid ag cur as duit agus
é chomh deireannach san oidhche, a Thaidhg. Ara, bidhidh
in bhur dtost, a cháirde mo chroidhe. Ní'l sibh ag cur
as dom ar chor ar bith. Ar chualabhar aon tuairisg i
dtaoibh mic m'inghine atá san gcoláisde i gCorcaigh?
Níor chualamar. An bhfuil cuimhne agat air? Ba
mhinic annseo é. Is maith is cuimhin liom é. Tá sé
thar éis duais mhór d'fhágháil san gcoláisde. Rug sé
an chraobh leis. Dar fiadh! a Thaidhg, tá bród an
tsaoghail láimhe orm é sin a chluinsteál. Fad saoghail
chuige. Tá aige anois.
Tigeadh sé aníos anois go Baile Átha Cliath agus
téigheadh sé isteach san Oll-sgoil. Caitheadh sé
tamall innti. Béidh leis annsin. Is é a
bhuac é. Is leas do dhuine ar bith sgathamh
do chaitheamh san Oll-sgoil. Tá leisg air Corcaigh
d'fhágáil. Tá sé i n-a chomhnaidhe i n-éinfheacht le sean-
charaid leis. Foghluimidís an Ghaedhilg. Táid 'ghá
foghluim cheana. Is iongantach de'n tsaoghal
an meas atá aca ar an teangaidh (or
teangain) anois. Ag dul a bhaile dhóibh (or dhóbhtha)


L. 79


fanaidís tamall i gCiarraidhe. Cuiridís fútha (or
fúbhtha) annsoin agus labhraidís Gaedhilg. Brostuighdís
na daoin e chun na teangadh (or teangan) a chur chun
cinn. Is dócha go ndéanfaid é sin. Táim cinnte
dearbhtha go labhróchaid (or labhairfid) neart Gaedhilge.


L. 80


Sidé chugainn (or chughainn) Donnchadh óg Ó Domhnaill
agus é ag gol. Gabh i leith, a Dhonnchadh. Créad fá
a bhfuilir ag gol, a chuisle mo chroidhe?
Cé bhí leat? Buachaill do bhuail umam
ar an mbóthar agus leag sé mé. An bhfuil aithne
agat air? Tá. Cé'rb as é? Is as Conndae Mhuigh
Eó é (or dhó). Cé dh'ar díobh é? Is de


L. 81


mhuinntir Raghallaigh é. Créad dubhairt sé
leat? Chuir sé 'mo (or im') leith go mbínn ag goid
ubhall as garrdha a athar. Thug an buachaill a éitheach.
Ní mise ba chionntach leis. Tá buachaillí eile 'n-a
gcomhnaidhe i ngar do thigh a athar. Is iad-san do
bhíodh ag goid na n-ubhall agus na spíonán (or spíonóg).
Bhídís ag strapadóireacht thar an mballa. Cá bhfios
duit? Is amhlaidh do bhíodh amhras ag mo
dhearbhráthair ortha agus do bhímís i bhfalach ar chúl an
tsean-chaisleáin atá le hais na habhna (habhann or
haibhne) i n-aice an gharrdha. An mbíodh sibh ag faire ortha
agus iad ag dul isteach? Bhímís. An mbítheá ag
cainnt go minic le fear an gharrdha? Bhínn. Ar
innsis dó cé hiad na buachaillí ba chionntach leis na
torthaí a ghoid? Níor mhaith liom a innseacht dó.
Maise, tá faitchíos m'anama orm go mbéidh na
buachaillí úd ag dul chun donachta ar fad amach
annseo. “Ní lugha frighde 'ná máthair an uilc”
Ar chraiceann do chluas ná bíodh aon
bhaint agat leó (or leóbhtha) feasta. Dar
an leabhar! ní bhéidh. Dheamhan baoghal orm. Caith-
fead baint as anois. D'fhágas geata an
mhachaire ar fosgailt (or osgailt, M.) agus dheamhan
fhios agam nach bhfuil na caoirigh ag dul ar fán.


L. 83


An mbíodh sibh go minic ag tigh (or teach) Dhonnchadha
Dhiarmuda? Bhímís. Bhíomar ann an tseachtmhain
seo chuaidh tharainn. An gcuireadh Donnchadh agus a
chlann mórán crann ubhaill san ngarrdha? Chuiridís a
lán crann gach bliadhain acht ní fhásaidís. Nach gcuiridís
aon sgeach spíonáin ann? Ní chuiridís. Ní fhásadh
spíonáin go maith san ngarrdha. D'fhásadh sgeacha
geala san bhfál le hais bhalla an gharrdha. Do loiceadh
an síol do chuiridís. Do b'olc an bhail ortha an síol
a bheith ag loiceadh mar sin. Chaillidís lear mór
airgid mar gheall air. An mbítheá ag cainnt le
Donnchadh i n-a thaoibh? Bhínn. Ní bhíodh (a) fhios aige
beirthe beó 'ná baiste goidé an fáth a mbíodh sé ag
loiceadh. Tá sé thar éis talamh an mhachaire a threabhadh
leis an gcéachta. Tá sé ar tí leasughadh a chur ar an
gcréafóig. Ní mór dhi é. Tá sé ar thob
toisiughadh (tosughadh or tosnughadh) ar an obair. Bhí
sé ag brath ar an talamh a fhursughadh indé. Acht bhí
beara na cléithe briste. B'éigin dó an chliath a
thabhairt leis go dtí ceardcha an ghabhann (or ghabha) acht
ní raibh an gabha san gceardchain. D'fhág sé bior ar
crochadh ar bhalla na ceardchan. Chuaidh sé i gcoinne
an bheara (or bhir) tráthnóna (um thráthnóna, M.).
Tá gaibhne agus saoir nach iad go leor sa
mbaile seo. “Ní lia sméar sa bhfoghmhar 'ná iad.”
Saoir mhaithe is eadh iad. Bíd ag baint bárr d'á chéile
le feabhas a gcuid oibre. 'Sé mo bharamhail go mbíodh
Murchadh Ó Conchubhair ar an ngabhainn (or ngabha) do
b'fhearr ar an mbaile. Ba dheas (or deas)
uaidh caoi do chur ar chéachta nó ar chléith.
Bhíodh sé ag dul i bhfeabhas gach lá. Ní chliseadh sé
ariamh ar fheilméara nuair do bhíodh cruadhóg air.
Faraoir géar! mar tá sé ag tabhairt an fhéir anois.


L. 85


An bhfuil aon bhárr nuaidheacht' agat, a
Sheagháin? Maise, dheamhan cuid aithris'.
An bhfuairis faisnéis fá Shéamus Ó Domhnaill le
deireannas? Do bhuail duine d'á chomhursannaibh,
Féidhlim Mac Mathghamhna, umam indé ag dul go dtí
an móin-fhéar dhom. Do chuireas faisnéis fá Shéamus
air (or leis). Bhí Féidhlim ag cur do thuairisge liom
(or orm). Dubhairt sé go bhfuil an inghean is sine ag
Séamus i gcruth a pósta anois. Is an-deacair an
mháthair a shásamh. Tá sí ag súil le fear saidhbhir d'fhágháil
d'á hinghin. Ní bhéadh sí sásta le cliamhain gan airgead.
Maise, ní bhéidh dath na ríogh ruadh le fágháil
ag an gcailín féin. Is fíor dhuit sin acht má's rud é
nach bhfuil aon spré aici, tá ciall aici. Má tá sí
bocht féin, tá sí críona. Fágaim le hudhacht nach bhfuil


L. 86


cailín is (or níos) deise le fágháil sa gconndae. Is
deas uaithe Ghaedhilg a labhairt. Ní bréag 'na
áidhbhéil acht lom-chlár na fírinne é sin. Is iongantach
de'n tsaoghal an dúil atá aici sa teangaidh. Tháinig feil-
méara óg bliadhain go taca so le n-a hiarraidh ar a
hathair. Dar le Féidhlim táid indán d'á chéile ag Dia.
Tá báidh mhór aca le chéile. Cad chuige nach ndearna-
dar an cleamhnas? Dubhairt Féidhlim liom, dar leis,
gurbh' í an mháthair ba chionntach leis. Thug sí eiteach
do'n fhear óg fá rádh is nach raibh sé sáthach saidhbhir.


L. 87


Bhí leisg ar an athair eiteach a thabhairt dó acht chuir
a bhean d'ialach air a dhéanamh. Badh mhaith le n-a hathair,
nidh nach iongnadh, dá mbéadh a inghean pósta. Is
dóigh leis gurbh' é (or go mbadh é) a leas é. Bhéadh an


L. 88


cleamhnas déanta anois mara mbéadh an mháthair. Tá
droch-theanga aici. Mar adeir an sean-fhocal —
“Ní'l nidh níos géire 'ná teanga mná.” Tá dúil
nimhe san airgead aici. Dá mbadh rud é go mbéadh
tuilleadh airgid ag muinntir an fhir óig bhéadh sí lán-
tsásta an cleamhnas a dhéanamh. “Fanaidís go ceann
cúpla bliadhain eile,” ar sise, “b'fhéidir go mbéadh sé
níos saidhbhre agus go mbéimís sásta leis. Bhéidís sáthach
luath le pósadh an uair sin.” “Ná bacamaois leis
an airgead,” arsa Séamus. “Maise, ‘is fearr é 'ná
a easbhaidh,’” ar sise, “Caithfimid cliamhain saidhbhir
d'fhágháil. Is maith atá (a) fhios agat go bhfuil easbhaidh
airgid orainn. Mara mbéadh go bhfuaireamar beagán
airgid ó'n Oileán Úr, is cosamhail nach mbéitheá i n-an
an cíos d'íoc.” Níor fhan fop 'ná fap ag Séamus
l'éis sin. Mara mbéadh gur dhubhairt (or go
ndubhairt) an mháthair sin is dócha go mbéidís d'á
bpósadh fá'n am so. Is mór an truagh
gan iad a bheith pósta. Bhí fhios ag Séamus nach raibh
cabhair ar bith bheith léithi. Bhí drugall air
cur i n-a haghaidh. Maise, is aisteach liom sin.
An amhlaidh a bhí faitchíos air roimpi? Is
dócha gur ab eadh. Maise, le udhacht mo bheathadh,
is mór an díol truaighe é. Dheamhan smid
bhréige agat.


L. 90


Nach mór an truagh gan Cian Mac Donnchadha do
bheith ag foghluim na Gaedhilge fós! Is
mór, a mhaisge. Labhrann a dhearbhráthair sgaith (or
togha) Gaedhilge. Do labhróchadh Cian mar an gcéadna
í mara mbéadh gur staigín é. Is feasach mé sin.
Bhuaileas isteach i dtigh mo dheirbhshíre an lá fá
dheireadh agus cé do bhuailfeadh umam acht Cian agus
an deirbhshiúr is sine aige. D'fhiafruigheas díobh (or
díobhtha) an mbéidís ag dul go dtí buidhean na
Gaedhilge i mbliadhna. D'fhreagair Cian nach bhféad-
faidís (or ná féadfaidís) a dhéanamh mar nach mbéadh
(or ná béadh) a sáith ama aca. “Ní fhoghluim-
eóchamaois go deó í,” ar seisean. Ba léir dhom nach
raibh aon chabhair dhom bheith leis. Thar éis
tamaill bhig bhuail rúnaire Chonnartha na Gaedhilge
isteach. Dubhairt sé go mbéadh pléaráca an oidhche
sin ag cumann éigin eile. Chuir sé i n-umhail dúinn
go mbéadh damhsaí Gallda aca súd. Níor leig Cian
air gur chualaidh sé é acht thugas fá deara gur chuir sé
cluas air féin. Níor theastuigh uaidh acht
gaoth an fhocail. Níorbh' fhada gur phreab
sé 'n-a sheasamh go tobann. “Caithfimid bheith ag
imtheacht linn,” ar seisean, “‘An chuairt is fearr,
cuairt ghearr agus gan í do dhéanamh acht go hannamh.’”
Bhaineadar as 'sna fásgaí(bh). Bhí (a)
fhios agam go righ-mhaith cad é an fuadar a bhí fútha
(or fúbhtha) agus nach mbainfidís méar d'á sróin
nó go mbuailfidís isteach i dtigh (or dteach)
an tsiamsa. Chualas ar maidin lá ar n-a bhárach go
rabhadar ag damhsughadh ar feadh na hoidhche. Dar
sliabh! bhí á ndóthain am(a) aca le n-a aghaidh sin.


L. 92


Goidé tá Ruaidhrí Ó Broin a dhéanamh fá láthair?
Ní'l fhios agam fá thalamh na hÉireann. An bhfeic-
fir go goirid é? Ní fheicfead, acht chífead a chliamhain
i mbárach. Chífinn é féin mara mbéadh gur éirigh
timpist d'á inghin. Bhí coinne agam leis acht ní fhéad-
faidh sé theacht (or teacht) im' aircis mar gheall ar í
bheith breoite. Ní chluinfimís (or chloisfimís) aon
tuairisg fá dtaobh de'n timpist mara mbéadh
deirbhshiúr an chailín do bhuail um mo mhnaoi ar an
tsráid. Cad do bhí d'á rádh aici? Do réir mar


L. 93


dubhairt sí bhí súil ag na dochtúiríbh go ndéanfaidís
leigheas ar a deirbhshiúr i riocht is (= agus) go mbéadh
sí i n-an siubhail arís. Tá súil le Dia agam go
ndéanfaid. Is mór an truagh gan í bheith ag an bhféis.
Nach deas uaithe Gaedhilg a labhairt! Is
deas, a mhaisge. Do chuirfeadh sé bláth na hóige ar
shean-duine críon caithte do bheith ag éisteacht léithi.
Ar n-a cloisteáil dom an chéad uair do bhíos chomh
cinnte is (= agus) do bhí mo lámh dheas ar mo cholainn
go raibh Gaedhilg aici ó'n gcliabhán. Is iongantach
de'n tsaoghal an t-eolas atá aici uirthi. “An rud is
goire do'n chroidhe, is é is goire do'n bhéal.” Is
aoibhinn di Gaedhilg chomh blasta do bheith aici. Tá an-
tóir aici ar an teangaidh. D'oibrigheadh sí ar a lán-
dícheall agus do bhaineadh sí cainnt as na sean-
Ghaedhilgeoiríbh i gcruth is (= agus) go bhfoghluimeochadh
sí an teanga a labhairt.


L. 94


Ar chualais (or an gcualais) go bhfuil Breandán
Mach Ruaidhrí thar éis bháis d'fhágháil? Níor (or ní)
chualas. Is mór an sgéal é. Bhíos ag súil go
dtiocfadh sé as acht is é toil Dé é. Níor (or ní)
tháinig leis na dochtúiríbh é do leigheas. Ní abhróchaidis
cad é an saghas fiabhrais a bhí air. Ní íosadh sé dada.
Ní rachadh (or raghadh) na comhursanna i n-aice a thighe
de bhárr faitchís a bheith ortha. Chuadhas-sa go dtí an
doras tráthnóna indé. Tháinig a bhean, Aoife, fá mo
dhéin. Chuireas a thuairisg léithe.
“Óra, faraoir géar!” ar sise, “tá sé i gcruth an
tsagairt. Níor bhfuláir linn cruadhóg a chur leis an


L. 95


sagart agus leis an dochtúir.” Ar dteacht (or theacht)
do'n tsagart chuir sé an ola air. Dubhairt an
dochtúir go raibh sé i ndeireadh na déithe. Óra,
maise, an duine bocht! is maith do shaothruigh sé an
bás. Ní rachainn a bhaile nó go mbéadh an dé as. An
dtiocfaidh libh dhul (or dul) go dtí an tórramh? Is
dócha go dtiocfaidh. Sílim go rachamuid ann árd-
tráthnóna. An abróchthá go mbéidh sochraid mhór aige
i mbárach? Déarfainn go mbéidh lear mór daoine
ann. Bhí meas mór ag gach uile dhuine, ba chuma bocht
nó saidhbhir iad, ar Bhreandán, agus is deimhin liom go
dtiocfaid as gach uile áird de'n chonndae go dtí an
tsochraid. Tá an chonra (or comhra) d'á déanamh ag
an siúnéara (or siuinéir). “Is iomdha lá 'sa gcill
orainn.”


L. 96


Maise, bail ó Dhia ort, a Mhághnuis. Tá cuma na
maitheasa ort. Táim ar mo rogha-dóigh,
go raibh maith agat. Goidé thug ort
teacht (or a theacht) amach agus an droch-
aimsir atá ann? Céard do bhéarfadh amach mé acht


L. 97


airgead a bheith de dhíth orm. Tá céad punt agam ar
Fhéidhlim Ó hAodha agus ar a dhearbhráthair.
Do ghealladar dhom go dtiubhraidís fiche punt dom
indiú. “Ní thart 'ná fút a rachaidh sé, a
mhic ó,” arsa Féidhlim. Rinneas coinne leis. Tháinig
mise agus mo chliamhain annseo i n-a aircis. Shíleas,
nidh nach iongnadh, go bhfuighinn (or bhfaghainn, M.) an
t-airgead uaidh, acht faraoir! do chlis sé orm. Is
old an bhail aige orm é. B'fhéidir go bhfuightheá (or
bhfaghthá M.) uaidh é i gceann tamaill. Tá faitchíos
mo chroidhe orm nach bhfuighead (or ná faghad, M.).
Gheobhainn é dá mbadh dhuine (or duine, C.) cneasta a
bhéadh ann. Mara mbéadh nach eadh, bhéarfadh
sé dhom é. Tá riar a cháis féin aige. Ar dteacht (or
theacht) fá n-a dhéin dúinn is amhlaidh do
bhain sé as i mbárr na bhfásgaí. Is
dócha go mbéarfamaois air mara mbéadh gur thuiteas
de phlimp thar chloich mhóir. Ar m'anam go dtiubhra-
maois dulgas an tslisne dhó dá bhfuighmís greim
air. Acht “níl éan-chat mar an sean-chat chun teacht
ar fhrancach” agus bhéarfamuiod dó é uair éigin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services