Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deascán ó Chúige Mumhan

Title
Deascán ó Chúige Mumhan
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1876
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1953)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A Chlíodhna, go mbeanuíghe Críosd féin duit,
is fada an stáir seo thugus ad fhéuchain
úan gCoill Chluthmhar mar a bhfasaid na cáora
go brúach soineathar Shoinnin na gcaolbharc.



A bháinríoghain árrsa fháigeamhúil réaltach
léighionta chráibhtheach mhnámhúil bhéusach,
le cían atáim ag teacht ad éiliomh,
a mháighdean cheannsa, bí trúaighmhéileach.



A shíghebhean tsuairc do shluaighte séibhe,
ní air sgíth ná air cúaird do ghlúais mé ad éiliomh,
acht fios d'fhághail uait cá chuan 'nar shéidis
mo ghléghas úasal, Seághan mhic sic Shéamuis.



Aithris air dtúis go ciúin ad véarsa,
an fá ghlasaibh ad dhún tá'n suaircfhear tréitheach,
nó a' bhfuil ceangailte dlúith le brúid Bhuiltéarach?
m'osna fá sdiúir é 's é a gcian dá thráocha.


L. 106


Aitchim go grínn ort, tabhair dhom sgéula
cad is cor do Sheaghán mhic Shéamuis,
an bhfuil Caitilinn Builtéar réig leis,
nó a' bhfuil a phósadh fós dá dhéanamh?



Clíodhna: -
Labhair go ciúin is dlúthaig do bhéul air,
aithris dúin air dtúis na sgéulta;
cad é an siabhrog síghe theas 'nar éagais,
nó cad é an t-ár cráidhte as nar léimis?



Is cosamhuil leat gur bean a gcéin tú
atá le seal air ceal ó aoinneach
ag teacht dom fhiosruíghe a gcruith dhaona,
nó ad mhnaoi shúaraicc air buairt céille.



Tá do ghruaig 'na sguaib go féur leat,
táid do bhasa lag 'na gcréachtaibh,
do stróic an choíll taíbhse t'éadaicc,
's do loisg an ghrían dhá dtrían do sgéimhe.



An tú Mór, Róis, nó Méidhbhe,
nó Íodhbhal Donn na Craige Léithe,
an Bhríghideach na módhamhuilrosg mhaordha,
nó Áine Chlíach ó ghrían na maolchnoc?
an Ínnlighthe úa Cheann Léime,
nó an Fhíadhchailleach úa íarthar Bhéarra?



Inghean Chaitilinn: -
A charaidh na rún 's a chiúinbhean bhéasach,
ná tagair lióm-sa dróng an éirlicc,
síabhraídhe leasa ná sluaighte maolchnoc,
diúltuíghim dóibh, ní dhíobh mé air aon chor.


L. 107


Clíodhna: -
Níorbh ióngna lióm ód labhartha léighionta
dá mo tú an chúilfhionn mhúinte, Helen,
Déirdre mhódhamhuil tug fógh, nó Céirnit,
nó an máighre ceannsa tug smúit ar Éire.



Inghean Chaitilinn: -
Is fiosrach fáigeamhúil 'tá tú, a réultan,
ag cuir ceisdionna air bháb 'tá cráidhte céasta,
cá hionad, cá háit, cá hál úa'r phréamhas,
go deimhin más práin gan spás do réighfiod.



Dar go deimhin, ní díobh go léir mé,
is do léigfin leat, do reacht mo mhéine,
gur dalta me do Bhallar Béime,
is gur oil Grúagach an Doire Léith mé.



Is deirbhshiúir mé do Ridire na Gréine
is don Ridire Rúadh úa chuan Cheann Léime,
gurb é mo dhearbhráthair an Donn Déidgheal,
is an Gollamh Mór mar an gcéadhna.



Is í mo mháthair, bláith na sgéimhe,
an t-úbhal óir do bhí a ndóid Venus,
's a' sgáthán do bhí ag Máighdine na Gréine,
do ghníodh óg an té bhíodhach aosda.



Inghean mhic Phill mhic Ghíll úan dTraédh mé,
cnó den chnóa nár dhiúltaig d'aonneach,
searc seangbhean na meallfholt maomal
bo ghnáith a n-aice na bhflatha bo tréine,
a Ráth an Ghleanna 's a gCathair na Féine,
adtuaigh a mBeárnain Mhóir an éigin.


L. 108


Bhíos lá a ndún aoibhinn air thaoibh sléibhe,
do bhí ceól fiolair an, druid agus naosgach,
bhí laoi alla ann is coileán caolchon,
is buídhean ag imirt air fhuirionn go saothrach.



Crannaibh na long is seóirdsídhe téadrach,
is fúaim na dtónn air bhónn a chéile,
fúaim na n-each 's a dteacht go haosga,
fúaim an tsluaigh fá bhúadh na mbéimionn,
fúaim na mart 's a dteacht le héigion
go dún an cheóil an óil 's a ngléus dúin.



Do gheall Castor dhom a gCathair na Thébe
mé thabhairt tríd an dtír dá m'fhéidir,
do thugas an t-each úan marcach san Égipt,
's an sgíath chorcra úa Dhonn Déidgheal.



'S é brat Síghe na Gaoithe shaor mé,
's é mo leannán, Seághan mhic Shéamuis,
agus 's é mo mhíodhán teacht dá éiliomh,
is tabhair do cómhairle is cóir dho a dhéanamh.



Abair leis má phógan sé ógbhruingiol na gcraobhfholt,
a pósadh ná leófar dho air aon chor a dhéanamh,
air bhólacht, air thréadaibh, ná air chómhaltus dá thréine,
nó má phósan, bíodhach a chróchar dá ghléus do;
abair leis, cuireach sé giolla dhom fhéuchain,
is go deimhin níor mhisde dhá dtigeach sé féin ann.



Clíodhna: -
A ghailtion bhig bháirdeamhúil fháigeamhúil léighionta,
tug masla is mícháil do mhná síghe Éirionn,
cad é 'n searc 's a' grádh do raidis féin do
's a líocht fear breágh gan bean a nÉirinn.



Inghean Chaitilinn: -
Réighfiod-sa do cheisd, má fhéadaim,
feabhas a phearsain is taithneamh a sgéimhe,
a uaisleacht nár chuir crúas air Ghaoidhealaibh
is ná tug dúas air chluain do dhéanamh.


L. 109


Is mithid duit trácht air Sheághan mhic Shéamuis,
is amhairc air 's áil liom d'fhághail air aon chor,
suíghe an' aice 's 'na dháil gach tráith dá éireacht,
is go sgarfhaig an bás sin é fhághail mar chéile.



Dá mbéidhin oilte mar ráib den dáimh chum Gaodhailge,
nó clisde chum dáin do ráidh nó véarsa,
dob fhuiris dom trácht air thuille dom ghaolta
is gach curadh nár thláith is dob fheárr chum laochais.



A mhursaire mná do phlás na spéire,
nár feasach gach tráith gur chrádhais na céuda,
dob fhuiris duit gabháil tar Sheághan mhic Shéamuis,
is a athair go tláith 's a mháthair a dtaobh leis.



Cá'r mhisde sin bruingiol do shliocht flatha agus féile,
nó máidhre sionanta maiseamhúil maordha
do thabhairt don fharaire meanamnach tréitheach,
acht a cheangal le haimid gan chairid gan ghaolta.



Seághan a ainim, ní cheilfiod air aon é,
is lóiste caile do chineadh Builtéarach
gan mhían gan mhaise gan taithniomh gan sgéimhe,
acht síolrach Danair is fleasgach gan féile.



Is iomdha coillte chuardaíghios, cumair is réidhchnoic,
innse, tuile, glasfhearainn is sléibhte,
nar ghabhas a dtuise gan giolla gan chéile
acht an Mhaighdion Muire am chomairc 's a hAonmhac.



Le mearbhal cinn agus díth mo chéille,
's mé stracaighthe sraoilte claoidhte céasda,
ag tarruing don oídhche bhíodhain go traochta
a n-iomal Chnoc Fírinne Dhonn Do Léighise.



Tar éis aga bheith sínnte agus críoch lem néalta
phreabas am shuídhe do bhíog mé is léimios,
chum ratha do sgínn mé, do dhruím gach sléibhe,
's air maidin do bhíodhain a Síghe Chnoc Gréine.



Nach aindis mo shlíghe ag buídhean an éirlicc
's aig an mursaire Clíodhna air tíghe mo thraochta,
am shuíghe chois leasa 's mo bhallaibh gan aon neart,
ag plé le caillicc 's le haicme gan daonacht.


L. 110


Rachfad chum dlíghe le Clíodhna craosach,
is beidh agam Críosd 's a bhuídhean chum plé dhom,
ní íarfuid fíghis ná díol a n-éiric,
is tabharfaid ón mbruíghin chúgham Seághan mhic Shéamuis.



Mo chúmhadh! mo chreach! mar mheath na tréanfhir,
Eóghan is feas, is Conn tug céad chaith,
Brían Bóroimhe ach éirleach
a gCath Chluain Tarbh Aoine an Chéasda.



Dá mairfeach Fionn mac Cúmhaill bo tréitheach,
Díarmuid, Usgur, agus Oisínn éachtach,
is mórchuid eile do mhaithibh na Féine,
do chaithfeach Clíodhna stríoca is géile.



Cár ghaibh an trúip bo dlúith a ngaol dom,
Síol mBríain seánnda na n-each léimneach,
Mac na Mara ón gCreatalaicc glégheal,
agus Íarlaídhe Túa'mhan bo mhór géile.



Bain an glas go fras is go haosga,
agus sgaoil amach chúgham Seághan mhic Shéamuis,
go m'fheárr liom marbh air m'amharc féin é
ná pósda ag núachair ar bith a nÉirinn.



Is é mo cheart é fhághail mar shearc chéile,
's, a Chlíodhna, sin críoch air mo sgéal duit;
cuir chúgham gan stad mo sgafaire tréightheach,
's muna dtugair é féin dhom, tabhair a spré dhom.



Clíodhna: -
A ainfhir bhig bháirseamhúil gháirseamhúil sgléipeach,
dá mhéid é do ghláim ar rás do ghaolta,
níl agad aoin fhághail air Sheághan mhic Shéamuis,
acht labhair gan tláthas is áireamhaig a spré dhúin!



Inghean Chaitilinn: -
Chúig chéud bulán cínnárd glégheal,
chúig chéud gamhnach geanncach bléineach,
chúig chéud ailbhín ceannabhuídhe caérach,
chúig chéud each air dhaith a chéile.


L. 111


Chúig chéud píopa d'fhíonn na Gréige,
chúig chéud baraile d'airgiod raolach,
chúig chéud gabhar maolabhar gan aon locht,
chúig chéud ganra 's a gcómplucht géadhanna.



Tabhair íad san nó tabhair é féin dhom,
no déanfad-sa teine ort ná múchfaig Éire.



Cliodhna: -
A ghasdail tar mhnáibh do rug bárr tair chéuda
tá fileamhúil fáigeamhúil barrachdamhúil tréitheach,
do spré níl le fághail a gCríochaibh Éibhir,
acht sin agad Seághan, agus táim 'na dhéig ort!


L. 112


B 1853-56 19L
U James Goodman
Tá Corcra Uí Dhuibhne faoi sgamal,
le tréimhse 's le tamall,
tá dubhcheó ar shléibhte,
agus fraoch ar an líng;
mná óga faoi mhairg,
agus brón ar ár bhfearaibh,
an bhean aosda 's an leanbh
ag síorbhriseadh croidhe.



Bíd mná sidhe ag sgreada
ó oidhche go maidion,
ag bualadh a mbán-nglac
's ag stathadh a ndlaoi;
tá Ughna gan aitios,
agas Aoibhill an Leasa
's Síothbhraidhe an Ghleanna
ag gol 's ag caoi.


L. 113


Cé dubhach iad an dreamm sa
's iad sínnte sa chlammpar
a líondubh gan amhrus
ó thréigis an tír;
is seacht measa mo chás-sa
ó fhágbhais an áit seo,
am thruadhán bhochd cráidhte
gan suairceas ná síth.



d'imthig uaim m'áthas,
is d'imthig mo shástacht,
d'imthig uaim m'fháilte,
's d'imthig mo ghreann;
mo chuideachta, mo cháirde,
mo shult 's mo gháire,
fear tógtha mo pháirt-si,
's d'imthig mo bheann.



d'imthig mo bhráithre
is neart mo dhá láimh-si,
m'fhear cúil a n-amm báire,
mo léim 's mo lúith;
m'Usgar ar shástachd,
's mo Churaidh mhic Dáire,
mo thaca roimh náimhde,
mo mheas is mo chlú.



Creach mo chroidhe cráidhte
mar thréigis mo pháirt-si,
dul ag claoidhe na n-eachtránach
le fóirneart do lann;
beig Baile Móir feasda tnáidhte
ag cóbaig na sráide,
béarfaig Hickson go fásda
gan cosg leis an geall.



Tráth bhís ann sa tír seo
níor sáruigheadh tu choidhche,
air gach action líomhtha
do-bhéarthá-sa buadh;
's ó rugais an sway leat
as iarthar na hÉirionn
is dual ort 'na dhéig seo
go mbeig laochus le luadh.


L. 114


Cuirim slán chugad ód ghaolta,
céad slán chugad go héasga,
míle slán chugad uaim féinig
ó íochdar mo chroidhe;
a ghléghas gan éisling
de chrú cheart na féile,
beig ceóbhruid ar chéadta
go bhfeicfid thu arís.



Sgreadaim 's éighim-si
chum Aoinmhic na féile
do dhoirt a fhuil 'na slaoda
ag saoradh clann Ádhaimh;
an NaomhSpiorad fós aicim,
's Rígh geal na bhflaithios,
bheith mar ghárda ad aice,
gach oidhche 's gach lá.



A n-am catha 's coimheasgur,
a n-amm basgadh 'gus bruigheanta,
go raibh neart Dé dod dhídean
's dod chosaint gach tráith;
nuair bheid táinte ad thímchioll
dá ngearadh 's dá gcíorbhadh,
gan leónadh ód naimhde
go dtagair-se slán.



An Ceangal
Seo cuimhniughadh míosa gnídhim-si féin go beacht
ar chSeóirse Gudmann, bláith 's rogha na bhfear,
's ó chuadhaigh a n-adhaigh na Rúsians ann sa chaith,
go dtugaidh Dia gach uair do séan 's raith.



B 1835obc 19L
U Labhrás Ó Séagha

Do chuadh gabha ó Dhún Guairne go Crosra an Daingin agus do guideag casúr
as an gceártuin uadha, agus do chuir sgéala chum Labhráis Uí Shéagha
mallacht do chur 'na dhiag; agus do chuir air an modh so: -



4. - MALLACHT AR DHUINE GHOID CASÚR Ó GHABHA Ó DHÚN GUAIRNE.




Bpé cneadhaire ghuid t'áis uait go madh fada a bpéin dho,
gan fághaltas gan áthas gan raith sa tsaogul,
ach cneadhna ar a ghráinchorp a' rith 'na mbraonuibh,
gan cháirde ach sé lá muna bhfachair é, a Shéamuis.


L. 115


Go brách a n-aon bheárrnuin a leas nár dhéinig,
is go madh geárr coiste an bháis do tré ghuid do dhéanamh,
go náireach a n-áirde sa chroich lá gaothmhar,
t'áis chughat gan spás muna gcuirfidh, a Shéamuis.



Nára feárrde é grásaibh an Athar Naomhtha,
nára feárrde é dá bhreádhthacht do thiucfaidh laethibh,
nára feárrde a ghráinchorp an bheatha shaoghalta,
is nára feárrde é Pádruig do theacht go hÉirinn.



Gníomh náireach go ndeárnuig gur fios don tsaogul
cé an spágaire tháinig is ghuid ó Shéamus
an áis sás an táirne do chur 's do dhéanamh,
greim sáighte tré lár ghoile is chuirp an tséithlig.



Gráin air ag an Árdmhac agus mallacht chléire,
gráin air aig fáige agus mallacht éigse air,
gráin ag a cháirde air is mallacht naomhaibh,
faoi'n gcáirde réamhráite muna ndíolfadh an t-éiliomh.



Práinnbhruid do ghnáth air is sgotha géaga,
's a n-árus dhubh Shátan go raibh a leaba déanta,
na naoi bplágha do bhí air Pháoro is air a thrúp san Égipt
'na ghráinchorp go rásaid 'na gceatha caemhthach.



Ceangal
Go dtréige an saoghul so ar bpé rin ort an feall,
is le taomanna sbéire go gcaillidh sé a mheamhair,
léirsgrios na Féinne air dá chosgairt ag amhuis,
muna gcuirfidh sé chughat, a Shéamuis, t'acara a n-am.



A Thaidhg Óig léig an dréacht so dod chomharsain tsoir,
go gcloinfeach an créice claon gach guidhe dhíobh san,
ionnus gurbh é toil Naomhmhac Dé a smaointe rith
's a chasúr chum Shéamuis séimh arís do chur.


L. 116


B 1824ls 19T
U Anaithnid
Mo ghrádh thu is mo stór,
do thaisgeadh thu suas go hóg
le hím agus le feóil,
le hairgiod is le hór,
le fíon agus le beóir,
a ccuideachtuin daoine mór,
ar mhuin capuill chuthuig óig,
asé mo mhíle brón,
mar is minic annsa ló
do shilim ceatha deór
air a shon mo mhic do mhille sa ghleó.



Mo ghrádh thu is mo rogha,
tóg th'aighidh mhín mhoghuil,
atá do láir mhaol thall,
tógbhann suas a ceann
is leigean é síos go trom,
mar níl Mícheál Ó Sé ann
do chuireadh fuip 'na drom
agus spuir air a cobhuil,
do léimeach anonn a n-abhuinn
chum bheith sa bháire a n-am.



Mo charadh is mo rún tu,
a mharcuig an úirchnis,
nuair dhearcuinn-se chugham thu
maidin bhreágh dhrúchta,
do chapall a' cúbhra
is do mhadra a' lúba,
do dheallruíghinn le diúic thu,
le mac rígh nó priónnsa,
is a fhios ag an Úrmhac
go mo dheallrach leó a ttriúr thu
a maise 's a n-iomchar.


L. 117


Mo ghrádh thu is mo thaithnniomh sic,
éirigh suas ad tseasamh
go labharthar le t'athair,
is uruis do súd do aithint
mar is fada anuas a hata
agus rian na ndeór ar a leacuin;
labhair le hinghin do dheirbhshéar feasta
atá ad dhéig faoi mhairg
agus a móirsheisear ógleanabh.
Cad a dhéanfuid siúd feasta?
Atá Mícheál Ó Sé air a leabuig
nar thaithig an tábhairne sheachuint.



B 1820ls 19T



6. - AIGHNEAS AN DIAIL LE HENRY PURDON AR LEABAIDH AN BHÁIS



Devil
Tarraing do chúntas a dtráth,
ní bhfáighir cáirde ní bhus sia,
a thrú mhailísigh na locht,
beir go docht a dteach na bpian.



Henry
Pian an bháis atá dom shníomh,
atá mo chroídhe briste am chliabh,
mallacht na bhfann atá am chrádh,
leigheas mom chneádha ní bhfuil ag liaigh.



Devil
Do thuill tú a bhfuil ad chómhair,
bheith ad dhóigh a lic na bpian,
a n-éiric a ndearna tú do cham,
d'aragaint ceall agus cliar.


L. 118


Henry
Do chliar Phádruig tugus fuath,
níor ghean liom uaisle na nGaodhal,
do bhíos fuathmhar ar a ndruim,
ba mhian liom a gcur dá bpréimh.



Devil
A mhallathóir an bhárr mhéith,
beir go faon a tteach na ndocht,
ní bhfáighir síothcháin ná síth
ar a bhfuil d'ór fán ngréin anocht.



Henry
Admhuíghim gan cheart gan chóir
annsan ór gur chuireas dúil,
ní bhfuil agam do bhláth an tsaoghail
pingin do réidhfeach mo chúis.



Devil
Ar a n-iomparaigheann an talamh d'ór,
dá mbeadh le díol as do láimh
's a thabhairt damh-sa mar dhuais,
as mo phluais ní léigfinn spás.



Henry
I gcóir saoithe agus flaith
gan chóir gan cheart do chuirinn chugham
gach neach do chuir fa ghreidhm
go follus do mheill mo chlú.



Devil
Do chaill tú do chlú go beacht,
a shúghmaire do chleacht an cam,
chrochadh na saoithe gan chóir,
beir go deó, is feas, go fann.



Henry
Mairg dham a rugach riamh,
uch, mo chiach, is olc mo cháil
don Róisteach ní dheárna ceart,
do chuir é gan rath gan bhláth.


L. 119


I mbláth an tsaoghail do chuireas dúil,
níor sheachnaíos drúis ná puímp,
gé mór mo chéim an gach cúirt,
ní bhfuil pingin ná púnt am shlíghe.



Is duibhe mo chróidhe ná an gual,
's is cruaidh atá mo ghnúis,
gé mór mo thart ní bhfáighim braon,
tá dá phéist an lug mo shúl.



Devil
Do gheabhair do dhíol fá dhó,
a ngeíbhleach bróin go duairc,
cuirfead slabhra fád bhrághaid,
a chníopaire tá lán d'uabhar.



Henry
Mallacht Chríost ar mo mháthair,
mallacht Dé ar shíol na n-olc,
mallacht ar an mnaoi rug ar mo cheann,
mallacht na bhFiann ar mo chruit.



Devil
Ní truagh liom claoidhte fán mbrat
tú, a eiriceóir flatha is triaith,
Púrdan an éithigh 's an uilc
ag únfairt a dtintibh pian.



A chaoimhleac coingibh go docht
sgriostóir na mbocht san uaigh,
bréan fallsa do thréig Dia,
do sgaoil an diabhal dá phluais.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services