Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-oideasaí Leighis

Title
Sean-oideasaí Leighis
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
An Seabhac
Composition Date
1794
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1939)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1 Ar Chusachtach agus Fuacht.
Cárt fíoruisge chuir a mbuidéal, luadh trí pinnine do shiucre
candy do bhrúith agus do chuir ann, luadh pinnine do Liquorice Ball
do shnuighe nó do ghearra na shlaidhseadha tanuidhe leis an sgiain
agus a ccuir ann. 18 n-ingne gairleóigia agus a bpolladh le
snáithid do chuir ann, corc do chuir ann, a chuir 24 huaire a ttalamh
gan aon bhraon do dhortadh iná do dhól, acht an té dá ndéanfaí dhó
é, fóirionn cusachtach agas fuacht.



2 Ar Theinnios Croidhe.
Naoi n-ingine gairleóige dfaghail agus trí chuid do dhéanamh díobh
.i. trí hingne chuir ann gach cuid, sin do chur astig i mblúire ime
agus mar sin na trí chuid do shloga maille re na ccoguint agus
d'ithe agus sin do dhéanamh ar feadh naoi maidionnacha agus fóirionn
teinnus croidhe, más fíor.



Trí bholguim do bhainne lárach d'ól do dhruim baighte .i. cuideóigín
dearg dfear an treacha, agus fóirionn más fíor. An chuideógín
do chuir beo san áit chéadna inna bhfaghfaí é.


L. 148


3 Ar Theinnios Fiacal.
Seacht bpaidreacha, seacht nAibhe Mairae agus Cré do rádh a
n-onóir do Dhia agus do bhannaomh na bhfiacal agus a gheallamhuin
do Dhia gan é féin do bhearra aon Domhnach feadh mhairfiodh sé, agus
fóirionn teinnios fiacal, agus creidim sin.



4 Ar an nGairbhéal.
Duille agus préamh an leacáin d'ithe agus fóiridh na clocha fuail,
nó Germander do bhruith ar uisge agus fóireann clocha fuail.
Sugh neanntóige do chuir ar fhíon fionn, ól agus fóireaun na clocha
fuail. Croicionn míl muighe do lusga agus púdar do dhéanamh de
agus a chuir ar fhíon fionn agus fóireann an céadna, gé gomadh
ársa, amhuil adeir Aurílius. An felependula do bhrise agus do
bheirbhioghadh ar fhíon agus fóireann na clocha fuail. A sléibhtibh
agus a n-ionnadaibh cruadha fhásas. Betonica .i. beitionn do
thabhairt ar fhíon do lucht na cloiche fuail agus fóirionn iad. Oixis
do dhuille creamh na muice fiadh do bhruith ar bhfinéigre, ól go
ceann fithche lá agus fóirionn na clocha fuail.



5 Ar an mBoighre .i. Bodhaire.
Gaibh naoi n-áirimh do mhismín dearg agus bíodh naoi bplanda san
áiriomh díobh, caith an deachmhadh uait, brúig iad agus bain a súgh
asda le na bhfásga trí éadach lín. Leig lán méaracáin ann gach
cluais don othar agus fóirionn. Nó gaibh bainne na mbó mbleacht,
idir bhun agus bárr, préamh agus duille, nig agus glan, brúig
agus fáisg trí éadach lín, cuir mil ar a súghlach agus cuir chúghad
a mbuidéilín agus más mian leat bóighre do leighios léig lán
méaracáin de a bpollaibh na srón agus lán méaracáin de is na
cluasaibh agus coimeád an t-othar seal ar chúl a chinn. Annsan
léigiodh a aighidh faoi go silfiodh gach réim uisge agus gach annagal
bhias tíomcholl na hinchinne agus fóirionn. Nó cuir cúpla eascú
a nduilleóig cabáiste fán ttine go mbogfaid, ar sin fáisg an
súgh asda agus cuir san ccluais agus fóirionn; súgh éinneáin
do chuir teith san ccluais agus fóirionn.



Nó gaibh naoi nduilleóga don fheirdhris agus caith an deachmhadh
ceann uait, leig a súgh san ccluais agus fóirionn. Nó cuir craobhadh
fuinnseoige san tine agus gaibh an súgh thiocfaidh asda le teas na
tine is léig trí braoin bheaga ionngach cluais ag an othar agus
fóirionn.



Nó mún geirfiadh chuir ionnta agus olann dubh chuir leath bhus
inte agus fóirionn.


L. 149


6 Ar theinngios Cínn is Cluaise.
Lus míghde do bhrúith agus a chuir amhuil ceirín um an éadan agus
um na huisionna agus fóirionn teinnios an chínn, agus súgh míghde
do léigionn san ccluais fóirionn teinnios na cluaise.



Nó súgh eighneáin do chuir teith san ccluais, agus fóirionn. Nó
súgh lusa chuir san leathtsróin as sia ón ccluais teinn agus
fóirionn. Nó an tan théid piast bheag san ccluais, súgh déadha
do chuir inte agus tiocfaidh amach gan fuireach.



7 Ar an nGairbhéal.
Caorthan curruig do bhruith ar fhíon fionn, ól agus fóirionn an
gairbhéal. Nó an chorchopóg do bhruith ar sheann-fhíon, ól agus fóirionn.
Nó creamh muice fiadh do bhruith ar fhíon, ól agus brisidh na clocha
fuail. Nó croicionn míl muighe do losca agus púdar do dhéanamh
de, annsan a chuir ar fhíon, ól agus fóirionn.



Nó cúpla lán doruinn do na peallthóiríghe do bhruith ar dhá chárt
fioruisge go ttéighidh cárt díobh fé bhruith. An cárt san do sgaga
trí éadach lín agus piúnt Geneva chuir 'na cceann, ól ar feadh trí
maidineacha ar céadlonga, agus fóirionn. Nó síol na luibhe dár
b'ainm meacontuadh do bhruith ar fhíon ól agus fóirionn.



Nó siol na luibhe dárb ainm torcán do bhruith ar fhíon, ól agus
fóirionn an galar fuail.



8 Ar Theinnios Cuirp.
Gaibh trí púint go leith iaruinn agus goir san teallach é go mbeidh
dearg go maith. Cuir a ttrí cáirt leamhnochta a ccorcán, dearg
mar sin, cúmhdaig gan stad agus fág mar sin seal go mbeith don
iarann fuar, cuir san teallach arís agus ar mbeith dearg do déin
an céadna leis agus mar sin trí huaire go mbeith don bhainne
bruite go trí pínt, óladh an t-othar leithphiúnt ar maidin is leithphiúnt
um neóin de agus fóirionn.



Nó omh ceirce do bhruith a bhfinéigre go mbeig cruaidh, a chathamh
agus fóirionn flux na broinne, nó stairis do bhruith ar leamhnocht
agus ím guirt do chuir tríd, a chathamh agus fóirionn teinnus
cuirp.
Nó coirt an draoighin do bhruith ar leamhnocht, ól agus fóirionn.



9 Ar Ghairbéal.
Féar tirm do bhruith a ccrocán mhór agus an t-othar do theacht
os a chionn agus beith dá chimilt síos ón imliocán agus gan tallus
do leigion suas ná a chimilt suas tar imliocán agus fóirionn.


L. 150


Nó bain fuil as an othar mar so aniugh agus tabhair progóid do
ar maidin agus an feadh bhiaidh an progóid ar iomchur aige ibeadh
camimeill mar dhigh go n-oibreig an phrogóid air. Iar sin itheadh
plúr cruinneachta bruite ar leamhnacht amhuil leite. Gaibh cart
whiskey maith láidir agus luadh raeluidhe do Hippocoanna Powder.
Cuir luadh tuistiúin de .i. a dhá ttrian, ar an ccárt whiskey sin,
ibheadh an t-othar leathchnagaire dé ar maidin agus leathchnagaire
eile um thráthneóna. Mar sin ar feadh ocht lá is gan aon tsóinseáil
bídh ná díghe chathamh an feadh sin, acht arán cruinneachta gan ghiost
gan salann agus laoigfheoil agus anbhruithe laoigfheoladh mar dhigh.
An trian eile den Hippocoanna thabhairt ar bhraon meidhig sa
phrogóid dho. Luadh leithphinne caimimeil chuir a Tea-pot is uisge
fiuchda do chuir air, a chúmhdach agus ól an feadh bhiadh an phrogóid
ar iomchur aige nó go n-oibreóig sí air agus fóirionn.



10 Ar an Ibhil Reatha.
Gaibh trí crocáin do Sweetning wood ionna mbeidh cheithre húnsa
Sassafras, cheithre húnsa do Rude Antimony, cheithre húnsa do
Lignum Vitae, ceithre húnsa Sasferla agus ceithre húnsa Salls
ionngach aon chrocán do na trí crocáin, agus bíodh luadh dhá phinninn
do Liquorice Stick anngach crocán díobh, agus piúnt coilleacha
crainn. Cuir na neithe seo a ccrocán mhór agus ocht bpota fíoruisge
ortha. Cuir ar an ttine iad mar so ar maidin go much agus géaruigh
an tine fútha go bhfiuchaidh go láidir agus fág ar an ttine iad go
ndeachaidh leath fé bheirbhiughadh díobh. Ar sin cuir na cheithre phota.
sin bhias agad a ccrúsga nó a bpróca mhór agus cúmhdach air, agus
cuir cárt d'uisge rósaoil na cheann. Ibheadh an t-othar leithphiúnt
de ar maidin is um neóin. Iar sin cuir síos na stuifna céadna
arís agus beirbh iad chuim laig-díghe do dhéanamh agus ibheadh deoch
de sin aon am den ló do gheabhaidh tart é; acht an leithphiúnt don
dig láidir d'ól gach maidin is neóin.



N.B. - Ní beag aon chrocán amháin díobh so sa chúaird agus mairfidh
10 lá agus annsin an 9mhadh lá crocán eile ghléas noch do bheadh fhollamh
nó oreamhnach uim an ann a mbeadh an chéad chrocán óltha nó usáidthe
agus usaltar fán ccuma ccéadna, agus mar sin an tríomhadh crocán
a ccion naoi lá eile, agus usaltar mar an ccuid eile.
N.B. - Ná hitheadh agus ná hóladh an t-othar aon rud ar feadh na
haimsire sin bhias dá léighios, acht arán tirim nó blúire feóla
rósta ón smearóid agus braon Green Téa má fhéadann a lúbhail -
agus muna bhféadaidh méidhiog-dá-bhainne d'ól agus fóirionn, an
t-othar do chathamh progóide agus do bhuain fola as féin an lá roimh
rae.


L. 151


Nó gaibh naoi bplannda beaga don óghraicc bhallaicc agus caith
an deachmhadh plannda uait agus, más fiú an chneadh nó'n lot bhias
ar an othar é, tosnuigh ré naoi bplannda eile agus caith an deachmhadh
ceann uait, nigh go maith a bpréamha agus cuir a nduile ar leith
leis féin. Ar mbeith mar sin nidhte sgriosta glan do na préamhaibh
so bruith a bhfíoruisge iad go mbeid bog go maith. Iar mbeith mar
sin dóibh cuir ím gan salann na cceann agus ná cuir d'uisge chúghad
acht an méid is gábhadh duit chuim a mbruite agus ná cuir d'ím
chughat acht do réir mar bhiaidh do uisge agus do phréacha agad.
Iar mbeith don ím leaghta sgag iad so trí éadach lín a n-árthach
criadh, tíormaidh an duille gan dógha gan losga agus déin púdar
de, gaibh gealcán oimh ceirce agus cuir san bpúdar iad maille ré
luadh leithphinne don tsiúcaire ruadh is doirche do gheobhair, luadh
leathphinne nó fós luadh pinne do chéirbheach agus leig í agus lúadh
pinne do phómetum agus snuig é. Coimisg iad so trí chéille .i.
gealcán oimh ceirce agus an púdar so na nduilleóg mbeag agus
an siúicre ruadh, an chéir bheach agus an pometum agus cuir san
nídh sgagfair iad .i. an t-ím agus na préamha agus suath trí chéille
iad go mbeidh amhuil plástradh agad, gaibh buidéal d'uisge corta,
an chuid is láidre de, agus nigh an chneadh ris roimh an bplásdra a
ccómhnaoi agus annsan cuir an méid is áil leat féin don phlásdra
so ar chadás éadaicc lín agus cuir ris an ccneadh iar a nígh le
huisge na corta, agus na préamha úd ar na sgaga agus ar na
bhfásga leat, cuir amhuil ceirín ar éadach lín leath muith don phlásdra
sin. Sóinseáil an plásdra ar maidin agus um thráithneóna agus
cuir an ceirín phréamh so leathmuith don phlásdra a ccomhnaoi agus
má bhíonn tirim déin úr í le hím gan salann agus ná h-óladh an
t-othar spridíghe agus ná hitheadh feoil ghuirt ná im guirt ná iasg
guirt ar feadh bhiaidh dá léighios, agus fóirionn Running Íbhil.



A ttógfá ar rael do nítre, chuir ar phiúnt phórtuir, ól gach n-oidhche
ré luighe agus fóirionn dathacha más fíor.



11 Ar an Scuirbhí.
Gaibh pónaire curruigh, fuaim an tsioruig - an t-úr sa críon,
préacha na liottán liosda agus cailleacha crainn, bruith go maith
a bhfíoruisge, óladh an t-othar piúnt ar maidin agus piúnt um
neóin díobh go ceann seachtmhuine nó go ccuirfidh an aicíd amach.
Iar sin gaibh luadh dá phinnin do actus caliminarus, luadh dhá phinnin
de citern oilment, luadh dá phinnin do oil of bage agus a chimilt
de ar feadh trí n-oidhche, agus fóirionn.



Nó gaibh samha feárrna is pónaire curruig do chuir a ccrúsga,
uisge fiuchda chuir ortha, a chumhdach agus fhágbháil mar sin go mbeith
fuar do, leite do dhéanamh ar chuid de agus a chuir amhuil ceirín
ris an ccneadh agus an chuid eile de d'ól agus fóirionn. Nó cuir


L. 152


ím guirt ar dhuilleóig chabáiste agus buail leis an lurgain ar a
mbiaidh scuirbhí, mar so anocht agus bain di ar maidin. Déin sin
go ceann trí n-oidhche agus fóirionn scuirbhí éadtrom.



Préamha na ccopóg do nígh agus do ghlana, do bhrúith agus a
mbeirbhiúghadh ar ím gan salann agus luadh leithphinne deiliobar chuir
ortha. A chimilt do bhotan scuirbhí agus fóirionn, más fíor.



Nó an scuirbhí ar a mbiadh ainfheóil do nígh le róman bhitereal -
agus pinch bheag do ghargrene púdar do chrothadh ar an ccneadh go
théadtrom agus caistile is siucre ruadh do shuatha trí chéile, a
chuir amhuil plásdra leis agus fóirionn, más fíor.



Nó gaibh préamha na ccopóg sráide agus cruach Pháttraig, lusra
na saoir, slánlus, an athair thalmhann, lusra na nóinínighe, duile
an chogail, duile an táithéilion, barra an truim, bara an chabáiste
agus an mismín Muire. Bruith iad so ar dhá chárt, nó ar chárt
fós, fíoruisge agus iar mbeith a fiuchaidh dóibh seal tóg aníos agus
sgag trí éadach lín. Cuir an t-uisce sin do bhias dá mbruith ar
leith ris féin a ccrúisgín agus cuir dá mbruith arís iad a n-ím
gan salann agus a ngeir úr chaoireach agus cuir barlpitch, braon
tarra agus luadh pinne de chéirbheach leo dá mbruith, measg lead
sgiain é agus léig do fuara, cuir plásdra de so ris an ccneadh
agus nigh an cneadh roimh an bplásdra leis an uisge úd do bí dá
mbruith ar dtúis agad agus fóirionn gan amhras.



12 Ar an Sgaibéas.
Gaibh luadh trí leathphinne do Yellow Tetter Oilment agus luadh
trí leathphinne do Bhlue Tetter Oilment. An gorm do chimilt
mar so anocht agus an baoi astoidhche máireach don sgaibéas agus
do na faithnidhibh fiadhaine agus fóirionn.



13 Ar na Faithnidhibh Fiadhaine.
Abair chúig Paidreacham, chúig Aibhe Máire agus Cré ar órdóig
do láimhe deise agus í buailthe lead bhéal agad ionnus go rachadh
th 'análl fúithe agus sin a n-ónóir do Dhia na n-uile chómhacht agus
do bhannaomh na bhfaithníghe fiadhaine agus annsin fíoghar na cruise
bhuaint ar an ttalamh fé thrácht do choise deise agus do sheile
céadlongain do chur ar shúil th'ordóige agus so do dhéanamh roimh
éirghe gréine ar chosán dhearg nó ar bhóthar éigin, an órdóg do bhuala
fliuch ar an ttalamh anuas agus an méid don chré leanfaidh do shúil
th' órdóige chimilt díobh a n-ainm an Athar agus an Mhic agus an
Spioraid Naoimh, agus sin do dhéanamh trí maidineacha as a chéile
agus fórionn gan amhras iad.


L. 153



14 Ar na Cluig .i. An Ruachtach.



Gaibh slánlus, lusra na saor, cruach Phattruig, an t-athair
thalmhan, lusra na nóinínighe, duile an chogail, duile an táithfhéilinn,
barra an chabáiste, duile an truim agus préacha na ccopóga sráide,
cuir im úr agus geir úr caorach leo dá mbruith a ccrocán beag,
tóg aníos iad iar na mbruith go maith agus sgag trí éadach lín a
mbáisín criadh, bíodh brimstone brúighte fútha san mbáisín, measg
iad lead sgiain, léig dóibh fuara go ndéinfidh bró bheag dhíobh amhuil
bró bheag gheire, geárr chúghad plásdra dhe léd sgiain agus cuir
ar chadás éadaicc lín agus a cuir leis na cluig, fóirionn, agus
nigh iad roimh an bplásdra le mil agus le branndí mar as deas.
Agus foghnann an plásdra so don fhiolún agus fós d'aoin ghearra.
agus deirthear gur maith ar an scuirbhí féin é.



N.B. - Ná dearmaid céirbheach do chuir tríd do chuim na cclog,
agus gealcán oimh ceirce agus fóghnann an charaigh, etc.



15 Ar na Píles.



Gaibh sínséar bán agus greim d'im gan salann. Dein piollairíghe
dhé agus cuir ris an othar mar dlíghthear agus fóirionn iad; an
sínséir do bhruith san im ar ttúis.



16 Ar an tTine Dhia.



An tairpín .i. lusra an tóiteáin, do brúith agus fhásga agus a
shúghlach do léigean sile ar an ttine dhia agus fóirionn.



Nó fuil cait duibh do chimilt di agus fóirionn, nó súgh míghde
agus min chruinneachta nó órnan do shuatha ar a chéile agus a chuir
amhuil ceirín ris an ttine Dhia agus fóirionn.



Nó duile pobail do bhruith ar uisge agus chuir amhuil ceirín ris
an ttine dhia agus fóirionn.



Nó an chúigeach do bhruith ar fhinéigre agus fóirionn. Itim.
Nó diomlus bó nó tairbh do chuir amhuil ceirín ris an ttine dhia,
agus fóirionn.



17 Ar an Aillse.



Súgh míghde agus plúr mine cruinneachta shuatha trí chéille, a
chuir na cheirín ris an aillse agus fóirionn. Nó púdar do dhéanamh
do choideógaibh agus d'ailím trí chéile agus fóirionn aillse. Nó
únsa do Yellow Bassilicon agus únsa do Tincture of Myrrh agus
luadh pinne do parcipitate powder, iad do choimiosg trí chéile


L. 154


agus plásdra do dhéanamh díobh, a ccuir ris an ccneadh aillse agus
fóirionn. Nó an luibh darb ainm colaimbín do bhriseadh na haonar
agus fóirionn an aillse.



18 Ar an cCaraig.



Gairleóg do bhrise fuar agus a cimilt don ccaraigh agus fóirionn,
nó raibh is ailím do bhruith ar bhfinéigre, a chimilt don charraigh agus
fóirionn .i. cothrom do gach nídh. Nó súgh na corchopóige maille
hola na cnó franncuíghe agus pic agus céir nuadh tríthe agus fóirionn
an charraigh.



Nó cárt do shúgh fuaim an tsiorraig agus a úrdháil de mheigheog
nó do bhainne gabhar agus fóirionn an uile laibhre, bruth agus carraigh
le na n-ól ar céadlongan .i. re luighe agus re héirghe.



19 Ar an cClaibe .i. claimhe.
Gaibh préamha na ccopóga sráide, brúigh é agus bruith ar im úr.
iar sin cuir luadh leithphinne d'eilliobar tríthe, a chimilt mar dhlígh-
thear agus fóirionn an chlaibhe agus gach salachar croicinn.



20 Ar na Faithnidhib.
Bris uinneamhun agus bruith ar finéigre, cimil do na faithnidhibh
agus fóirionn. Nó diomlus ae bacáin do chuir ar na faithnighibh
agus fóirionn. Nó blonag seilthide plaoisge chuir 'na ceirín leo
agus fóirionn. Nó boilgeadáin bó do bhrise ortha agus a chimilt
díobh trí maidineacha ar céadlongan a nainm na Trionóide agus
cuir na dhiaig sin san aoileach ionnus go ndreóghfadh agus fóirionn.
Nó gaibh sruillín sráide agus a chimilt díobh trí maidineacha ar
céadlongan a nainm na Trionóide agus cuir na dhiaig sin san
aoileach ionnus go ndreóghfadh sé. Nó beirbh an tsráidín seo a
n-im gan salann agus cuir leó é amhuil ceirín, agus fóirionn.



Nó gaibh snaidhim cuinlín .i. brobh tuíghe, agus abair chúig Phaidreacha,
chúig Abhé Máire agus Cré a nonóir do Dhia agus do bhannaomh na
bhfaithnighe agus é agad ad láimh. Cimil díobh trí huaire é agus
cuir na dhiaig fán aoileach é agus fóirionn. Nó éirghe trí maidineacha
Domhnaigh bhus foigse dá chéile go nuige sruith teoran sul a n-éireóig
grian agus tabhair bas trí huaire a ccuinnimh an tsrotha agus cimil
trí basa don uisce díobh agus cuid don chúbhrán bhias ar an abhainn
agus fóirionn sin na faithinnidhe gan amhras.


L. 155



21 Ar an Ccrith.



Milbhocáin do shuatha ar bhrannda mhaith láidir agus ól agus fóirionn.
Nó cúpla lán doruinn do bhláith an aitinn do shuatha ar phórtar mhaith
agus luadh leithphinne d'eiliobar do chrotha air, ól agus fóirionn.
Nó piúnt bláithighe do bhruith agus gruith do bhuain di le na sgaga
tré éadach lín agus cnagaire seannabhrannda agus spiún brimstone
do chuir na cceann, a n-ól d'aon digh amháin an tan do bhiadh an crith
ag teacht ort agus fóirionn. Nó dul go claidhe teoran agus síne
ar an ndeichmheadh hiomaire ón cclaidhe amach agus fanamhuin ann
go ttigeadh an crith ort agus a chuir dhíot ann agus fóirionn gan
amhras.



22 Ar an liathbhaoi.



Gaibh buadhfallán nách heasgarann agus suath ar phórtar mhaith
agus cuir buidéal d'uisge an othair a cclaidhe teóran agus fóirionn.
Nó cuir naoi míola iasachta a narán choirce nó eórnan, itheadh le
pórtar maith. Cuirtear uisge an othair sula ttuitfeadh aon bhraon
ar an ttalamh de a cclaidhe teorann agus fóirionn. Nó tosach
is deire do mhúin do ghabháil agus min choirce d'fhuine air, a bhruith
ar an sméaróid agus a thabhairt do mhadra le hithe, lár a mhúin d'ól
agus sin do dhéanamh trí maidineacha agus fóirionn an liathbhaoi.



23 Ar an líona.



As mór fhóghnas arán coirce agus biollar d'itheadh re chéille
agus tobac do chogaint agus do chathamh a píopa ar an líona so.
Nó duille mulbháird agus duille truim do bhruith ar uisge fearthana
agus déintear amhuil fothragan do na ballaibh a mbia at ó ydropsí
nó ó airtetica nó ó photagra, agus fóirionn.



24 Ar na Dathacha.



Luadh pinne do pharssultus, luadh pinne don axicrocia agus luadh
pinne do Burgandí Pitch agus a mbruith a n-éinfheacht, a dtabhairt
dá chéille amhuil plásdra, plásdra de so chuir ar thaobh na feola
de leathar bhán caereach do leasuigheadh le hailím agus a bhualadh
ris an ionnad a mbiadh dathacha agus fágbháil ceangailthe dhíobh go
ttuitfeadh sé uaidh féin agus fóirionn. Nó préamha an chaorthain
curaig agus préamha na raithníghe madradh do bhruith a ním gan
salann, a chimilt díobh agus diomlus mhurmunt do chimilt na dhiaig


L. 156


sin díobh agus fóirionn. Nó brisglán do bhruith ar dhá chárt leamhnochta
go nuige cárt. An cárt sin do ól bog teith agus clúdach air amut
san leabuig gan stad go ccuirfir allus díot, agus fóirionn gan
amhras. Nó rum láidir agus caistile do suatha ar a chéile amhuil
ola agus a ccimilt do na dathachaibh agus fóirionn, más fíor. A
ttógfádh ar rael do nitre, cuir ar phiunt phortar, ól gach n-oidhche
re luighe agus fóirionn dathacha, mas fior.



25 Ar an ngúta.



Mingmhear a bhrise agus a fuinne a plúr mine eornan agus a
chuir a mbácús agus a bhrise 'na dhiaig sin agus a chumaisg maille
súgh míghde agus fíon agus re finéigre, agus a chuir na cheirín ar
na halthaibh agus fóirionn gach uile ghúta agus airtetica thig ó theas.
Ceirín den luibh chéadna iar na brise agus blonag mhuice agus
tuirrín airgid do chuir ar na halthaibh teinne agus fóirionn gúta
thig ó theas. Nó síol mustáird agus figínidhe tíorma, plúr aráin
ghil agus finéigre do chuir trí chéile agus a ccuir amhuil plásdra
ar na halthaibh teinne agus fóirionn teinnis agus galair na n-alt.
Nó préamh tathabha agus duille feádha, slánlus agus cruach Páttruig,
sgibirgin, agus ros lín; bristear agus beiríghthear ar ola choitchionn
agus curtar púdar raibhe ann agus a chimilt do na halthaibh, fóirionn
potagra. Nó praiseach garuidhe agus ros lín agus finéigre do
chuir mar cheirín um na halthaibh teinne agus fóirionn airtitica na
n-alt. Nó an chúigeach do chuir na ceirín maille gealcán oimh ar
na halthaibh teinne agus fóirionn teinnios na n-alt. Nó luibh dar
ainim gafann dfághail agus a súgh maille plúr mine cruinneachta
agus re gealcán oimh do chuir amhuil ceirín um na halthaibh agus
fóirionn potagra agus airtetica thig ó theas.



26 Ar an leona.



Préamh leamhadh bhaoi do bhrúgha agus do bhrise agus blunag mhuice
do chuir tríthe agus fóirionn gach uile at agus teinnios. Nó an
gum dárb ainim tuirpintín do chuir trí préamha na luibhesi, ar na
bruith trí bhlunag mhuice agus fóirionn gach at. Nó gaibh filig agus
beirbh ar uisge agus fáisg go maith agus bristear maille blunag
mhuice agus re him gan salann agus cuirthear ar an mball a mbia
an teinnios agus fóirionn é. Nó gaibh an campare .i. lus na ccnámh
mbriste, agus atá tátha agus dlútha na ccnámh mbriste ann. Gaibh
súgh campuir. agus préamh marbhdhroighin agus airgiod luachra agus
súgh cruach Phattraicc agus plúr mine eornan agus súgh cortan
darach agus gealcán oimh, comaisg agus cuir amhuil ceirín ar na
cnáimh briste agus daingnín iad. Nó is maith filig agus uachtar


L. 157


chuir ris an leona agus fóirionn. Nó ola an leamhadh bhaoi agus
spridighe tuirpintín do chimilt don leona mar dlighthear agus
fóirionn.



Nó is maith ortha ar an leona so.



27 Ar an bhFail.



Gaibh dréimre Muire agus suath ar leath-phiúnt fíoruisge, ól
agus fóirionn an fhail. Nó an tan thiocfas fail ort cuimhnicc
ar fhéachaint ar an Abhluinn agus muna mbiaidh comhgar agad air
sin cuimhnig go bhfeacuighis Corp Críost eidir dhá láimh an tsagairt
Dia Domhnaicc agus fóirionn.



28 Ar Fuil Shrón.



Coinnioll Muire do chuir san leathtsróin as a mbiaidh an fhuil
ag teacht agus fóirionn. Nó snáithín do chasa go cruaidh daingean
ar an lúidín as foigse don leathtsróin as a mbiadh an fhuil ag teacht
agus fóirionn, agus gaibh guradh préacháin agus cuir briste ris
na cnéadhaibh flanna agus fóirionn. Agus déineann coinnioll
Muire an céadna; nó púdar do dhéanamh do mheasóga na daruighe
agus a chuir annsna cnéadhaibh flanna agus tíorman iad. Nó duille
daruighe do bhrise go mín agus a chuir annsna cneádhaibh flanna agus
toirmiosgann a bhfuil agus fóirionn iad. Coirt na daruighe do
brúith ar uisge agus an t-uisge dh'ól agus an t-easlán do shuighe
ar an ccoirt agus fóirionn flux na broinne. Nó ros dearg do
bhruith ar fíon agus ól agus fóireann flux na bruinne. Agus súgh
lusa chuir sa tsróin agus coisgion flux fola na srón. Nó an t-othar
dfliucha íochtar a léine a nuisge fhuar agus a bhuala suas re an
fhleasg agus fóirionn.. . . . . .



29 Ar an cCoilic.



Dorann don mheanta do bhruith agus a chuir teith ris an imliocán
agus fóirionn. Nó barr na ruilleógaidhe do shuatha ar fhíoruisge,
ól agus fóirionn. Nó filig do bhruith ar a súgh féin agus a chuir
teith ar an imliocán agus fóirionn agus coiscionn gonta na broinne.
Nó caorthan curuig do bhruith ar fhíon agus foirionn teinnios an


L. 158


ghoile agus telnnios na broinne. Nó milbhocáin do bhruith ar fhíon
agus a chuir ar an imliocán agus fóirionn. Nó gaibh gairgín agus
bruith ar fhíon agus fóirionn coilic agus flux na n-inniodha. Nó
cartlánn do bhrise, a bheirbhe ar uisge, a chuir mar cheirín ar an
éadan agus fóirionn a theinnios. A chuir mar an ccéadna ar
an ngoile agus fóirionn a ghaothmhuireacht agus a theinnios. An
ceirin cheadna do chuir ar an imliocán agus fóirionn an coilic
agus a chuir ar an tímpreacht agus fóirionn builg an daorghalair.



30 Ar an Sgeatharaicc.



Meanta bhruith ar finéigre, ól agus fóirionn an sgeatharach
agus fós as de so déintear an surfeit water thugaid na dochtúiríghe
amac cuim sgeatharuighe do leighios.



31 Ar Theinnios Fiacal.



Meanta do bhruith ar finéigre agus na fiacla do nígh as. Gealan
agus daingníon iad agus fóirionn a tteinnios agus fós fóirionn
bréananáile. Nó gáirleóg do chuir fón bhfiacail teinn agus
fóirionn. Nó an luibh darb ainim meacon tuadh dfagháil agus a
súgh do chongbháil san mbéal agus daingníonn na fiacla. Nó síol
mustárd do chongbháil san mbéal agus fóirionn teinnios na bhfiacal.
Nó corrán géill gráinneóige chuir fán bhfiacail theinn agus fóirionn,
más fior.



32 Ar an mBréananáile.



An eachsheamair dfághail agus a bruith ar fhíon agus fóirionn
dúnta na n-ae agus na sgamh, leasa agus áran; agus bláith na
luibhe céadna do chaitheamh agus fóirionn bréananáile.



33 Ar Thuitim an tSeine Seáin.



Gaibh lusra na nóinínighe agus slánlus, brúig agus fáisg a súghlach
asda agus cuir gráinne salainn ar a súgh, leig lán méaracáin de
a bpolluibh na srón. Lán-chuir an t-othar móimint nó dhó ar chúl a
chinn agus air sin léigeadh a aighidh faoi go silfidh gach annagal agus
réim uisge bhias tímchioll na hinchinne agus fóirionn. Nó púdar
ailime do bhuala ar an sine seáin agus a chimilt de agus fóirionn,
más fíor.



34 Ar Losga Tine no Uisge.



Ceirín don róis dearg a chuir ar losga tine nó uisge agus
fóirionn maille gealcán oimh ceirce. Nó an lile do bhruith maille
blunag mhuice agus a chuir ar losga tine nó uisge agus fóirionn.


L. 159


35 Ar Shúil Theinn.



Gaibh an t-athair thalmhan agus lusra na nóinínighe, brúig agus
fáisg a súgh asda, cuir suas a mbuittéilín maille bainne cídh mná
bhéaras inghean agus re gráinne copróis bháin. Cuir an bláth dearg
do bhíos ar an nglan-ruisg na cceann sa bhuidéilín, fág mar sin go
maidion amáireach iad. Gaibh chúghat agus croith é agus nig an tsúil
theinn as agus fóirionn.



Nó gaibh glanruisg agus maothán feirdhrise agus bristear go
mín agus cuirthear baocán oimh ceirce tríd agus fóirionn teinnios
agus deirge na súl tteinn. Nó bláth na luibhe seo agus bláth an
róisdeirg agus comaisg maille gealcán oimh ceirce agus a chuir
mar cheirín ris na súilibh teinne agus fóirionn iad. Nó roisdearg
do bhruith ar uisge agus fhásga agus a bhrise agus gealcán oimh
ceirce do chuir tríd agus a chuir mar cheirín re súilibh teinne agus
fóirionn a ndeargadas agus a tteine. Plúr aráin ghil do chuir
tamall a nuisge róis agus fóirionn deirge na súl.



36 Ar Mhéir Theinn.



An chré bhíos faoi sheanna-chrann truim dfliucha a huisge coisrigthe,
a chuir mar cheirín ris an méir theinn nó ris an mball teinn gan
mhoill ar na mhothughadh teinn leat agus ní thiocfadh chuim urchair
míllte. Nó dá mbeadh méar nó cos gearrtha agad an cheirín úd
dfóghnas chuim na gclog chuir léi amhuil plásdra agus fóirionn.



37 Ar an Urchur Meillthe.



Naoi bplannda don odhraig bhallaicc dfághail agus an deachmhadh
ceann do chaitheamh uait. A mbruith ar dhá chárt don mhaghaistir
agus a chuir amhuil ceirín ris an urchar meillthe, agus mún bó deirge
dfághail do nígh na cneádha, agus fás na haon-oidhche dfághail agus
gacha re cceirín díob san agus don odhraicc bhallaicc do chongbháil
ris agus an cneadh do nígh a ccómnaoi re huisge na bó deirge, nó
an tréanluibh dfághail agus ceirín di chuir ris agus fóirionn gan
amhras, agus fós as maith ceirín na cclog air seo.



38 Ar Ghearra nó ar Ghreidhim Madra Uilc.



Meanta agus salann do bhrúigh trí chéile agus a chuir mar cheirín
ar gheara an mhadra uilc agus fóirionn. Nó luibh darbh ainim cruach


L. 160


Páttraig do bhrise agus im do chuir tríthe, a cuir ar ghreidhim na
con confuidhe agus fóirionn. Nó cnúighéagach do bhruith ar mhil
agus ceirín do dhéanamh díobh maille blunag mhuice agus a ccuir
ar ghreidhim na con confuidhe agus fóirionn. Nó gaibh naoi mblúire
ime úir agus naoi míola iasachta ann gach blúire dhíobh, annsin trí
blúire chuir a naon bhlúire amháin ionnus go mbeadh na naoi mblúire
ionna ttrí mblúire agad. Blúire dhíobh so shloga sa chuaird go
sloigfeadh na trí cinn agus fóirionn agus toirmeasgan buile ré a
dhéanamh sul a n-imthighidh naoi ttrátha thort, nó cruinneacht omh do
choguint agus do chuir le greidhim an mhadra uilc agus íocan.



39 Ar Chasachtaicc.



Gaibh an fothlacht agus dubhchos úr, lus an ghallóglaicc, bláith
sailchuach agus ráib, gaibh agus liachroidhe agus bliochtfhothadáin
agus easpug speáin, cómhmhór do gach gné, brúigh ar im míosa Maoi
agus sítheóltar trí éadach lín agus púdar liocairis agus ainíse
chuir ann. Ibheadh ar mheidhiog nó ar dhig mhilis agus fairsingíon
an t-ucht agus fóirionn an chusachtach. Nó an luibh chéadna bhrise
agus leamhadh bhaoi agus easbog speain, a mbruith ar an ndigh re
n-abarthar milsá agus a hól bog agus fóirionn an chusachtach chruaidh.
Nó praiseach bhaoi do bhruith a bhfíoruisge agus a fhásga trí éadach
lín agus mil do chuir ar a súgh, ól agus fóirionn an chusachtach thig
ó fhuacht. Nó liocairis do bhruith ar fhíon agus fóirionn gach uile
chusachtach re a ól.



40 Ar Dhúnta na n-Ae agus na Sgamh.



Préamh caorthann curraig agus préamh finéil agus préamh maistix
do bhruith ar fhíon agus fóirionn dúnta na n-ae agus na sgamh. Nó
an biothnuadh do bhruith ar fhíon nó ar uisge agus glainidh an fhuil
leath astigh do na cuisliona agus osglann dúnta na n-ae agus na
sgamh. Nó súgh eighneáin d'ól agus fóirionn dúnta na n-ae agus
na sgamh. Nó gaibh easpog speáin agus áiriomh slánluis, préamh
finéil agus pirsile agus bár mearcuireil, creamh muice fiadh agus
dubhchos agus cuilionn trágha, úrdháil do gach gné. Bruitear na
luibhesi ar bhruithlin mhaith agus cuir gabháil fútha agus as comhachtach
a naigh dúnta ae agus sgamh agus fóirionn. Nó déadha bhruith
ar fhíon, ól agus fóirionn dúnta ae agus sgamh. Nó gaibh
gairleog agus pibior agus peirsile agus pellatra, sáiste agus
mionntus, comaisg ar finéigre, caith, agus fóirionn an luimbrise
agus osglann dúnta na n-ae agus na sgamh, agus fóirionn a naigh


L. 161


strangoria agus disinteria. Nó camaméill do bhruith ar fhíon
agus fóirionn dúnta ae agus sgamh. Nó an tarafont do bhruith
ar fhíon nó lionn agus f. d. ae agus s. Nó gaibh madra agus preamh
mionntuis agus súgh talmhan agus préamh cruach Phattraig agus
siticra, úrdáil do gach nígh. Bristear na luibhesi, púdar do
dhéanamh díobh agus ibheadh ar fhíon molláltha agus fóirionn créacht
na sgamhán agus flux na bruinne. Préamh lile do bhruith ar uinmintibh
re n-abair dialatia agus léigthear trí éadach lín agus a cimilt
do dhruim na n-ae agus na sgamh agus osglann a ndúnta agus
sgaoileann a ccruas. Nó duilleóga an spuíngc, sáiste cnuic
agus préamh caorthann curraig, a mbruith ar fhíon agus fóirionn
dúnta na n-ae agus na sgamh. Nó gaibh lusra an sparáin,
an caisirbhán coisdearg, fionnsgoith, duilleóga an spuingc, balm
orgánas, hoarhound, eighneán talmhan, flig agus sáiste cnuic -
bruith ar fhíon, ól agus fóirionn dúnta na n-ae agus na sgam,
teinnios croidhe agus gach uile chúmhangach cléibh.



41 Ar Bhuilg an Daorghalair.



An choinnioll Mhuire chuir ar chlochaibh dearga, a chuir san timthireacht
agus í teith agus fóirionn an daorghalar. Nó ingne gairleóige
chuir san maclán agus togharman an fhuil mhacláin. Nó róisdearg
a bhruith ar fhíon agus fóirionn flux na bruinne agus flux na fola
macláin. Nó eilisdront do bhrise agus a chuir san mbandacht
agus fóirionn agus togharmann an fhuil mhacláin, agus gaibh
leamhadh bhaoi agus bruith ar fhíon nó ar leamhnocht, a ól don mhnaoi
agus fóirionn agus sgaoileann ceangal na fola bhíos a mbroinn
na mban torach d'aithle an torachais. Nó gairleóg agus blunag
mhuice chuir amhuil ceirín ar an ttímtheireacht agus fóirionn a
teinnios.



Nó más áil leat marbhleanabh d'ionarba an luibh so do bhruith
ar ola nó ar fhíon agus a chuir amhuil ceirín fá shliasaid na mná
as goire don loch bhléine agus fóirionn go luath.



Nó an buadhfullán do bhruith ar lionn nó ar fhíon, ól agus togharmann
an fhuil mhacláin, a brise agus a cimilt ar lionn nó ar fhion, agus
a thabhairt don mhnaoi a tteinnios na cloinne agus béaraidh an
torchas go luath.



Nó an luibh chéadna do cheangal foir an sliasaid a ngar don
bhandacht agus béarfaidh an leanbh, agus baintear an luibh uaithe
gan fuireach déis an leinbh nó as baoghlach an maclán do tharangc
aisde, agus as mór fhóghnas an chloch fhuail agus cruas an mhacláin,
an luibhesi do bhrise agus a chuir ar lionn úr agus fóirionn chun
gach nídh dá ndubhramair.


L. 162


Mar an ccéadna an luibhsi do bhruith trí bhlunaig agus a chuir
um na cosaibh déis an tsiubhail agus fóirionn tuirse agus teinnios.



Nó olann cíortha do thuma a súgh chruach Phattraig, a chuir san
mbandacht agus fóirionn an fhuil mhacláin agus teinnios an leasa
agus na n-arann.



Nó cruach Phattraig do bhrise agus a chimilt don mhnaoi déis
leinbh agus slánuighionn, agus a chimilt ar finéigre agus do na
cosaibh déis an tsiubhail agus fóirionn a ttuirse.



Nó an bhean a mbeadh lusra an sparáin fé na brághaid ní urchóidíonn
flux fola dhí.



Nó gaibh balsamita .i. an cartlann, do bhrise agus a bhruith ar
uisge agus a chuir mar cheirín ar an ttímthireacht agus fóirionn
builg an daorghalair.



Nó gaibh cailiomont agus beirbh ar fhíon nó ar lionn agus togharman
an fhuil mhacláin, nó a bhruith ar uisge agus an bhandacht do nígh as
agus do ghnídh an céadna.



An luibhsi do bhrise agus a cimilt ar uisge, ól agus marbhann
na piasduidhe fada bhíos ansna hinneadha.



Crosaimíd ar na mnáibh toracha buaint ris an luibh seo óir togharman
an toghluaiseacht.



An luibh do bhruith ar fhíon fionn agus as maith do chúmhangrach
an chléibh agus fóirionn dúnta ae agus sgamh agus teinnios
an ghoile.



An luibh seo do bhrise agus mil do chuir tríthe agus fóirionn an
daith gorm bhíos ar an ccroicionn ó bhuala, agus ionarbann a shalachar.



Nó déadha .i. an dréimire Muire a bhruith ar mhil agus calmann
an diléa agus fóghnus go mór an n-aigh strangoria agus teinnus
an leasa agus na n-árann, agus a brúigh fuar agus an mhil chuir
ar a súgh.



Nó an tarafont dfághail agus a dhuille do bhruith maille fíon
agus a chuir fón mbathus agus coisgionn teinnios an chinn. Togharman
fothragan na luibhe seo an fhuil mhacláin.



Nó an luibh dar ainm lúiríola do bhruith ar ola choitchionn agus
a chimilt don tímthireacht agus fóirionn a teinnios, a chimilt do
na hárannaibh agus do na húrgaibh agus fóirionn strangoria agus
deisinteria agus a chuir san ccluais teinn agus fóirionn an bhodhaire.



Nó mingmhear do bhruith ar fhíon agus a chuir na cheirín ar an
bhfordrom agus ar an imliocán ag mnáibh nó ag fearaibh agus
fóirionn ilix agus coilicidhe.



Nó bogúrd, sáiste cnuic agus raibh do bhruith a ccorcán agus
naoi cclocha bána dheargadh san tine agus a ccuir san ccrocán leo,
a chumhdach agus éadach bhuala ar bhéal an chrocáin, agus an bhean
do shuighe air agus fóirionn builg an daorghalair.



Nó gaibh fugo Demonum .i. an bhiothnuadh, bruith ar fhíon nó ar
lionn nó fós ar uisge, ól agus glanfaidh an fhuil leith astig dona


L. 163


cuisleanna agus osglann dúnta ae agus sgamh agus togharman an
fhuil mhacláin.



Púdar na luibhesi chuir ansna cneadhaibh flanna agus tíorman
iad gan fuireach, agus as uime deirthear fugo demonum ris an
luibh seo, do bhrígh go ruaigionn sí na deamhain ón té iomchurus í.
Agus biadh buadh an uirghill ar an té aige á mbiadh sí 'na láimh,
agus biadh grádh ag an té chidhfig ad láimh í dhuit.



Nó cogal agus coinniol Mhuire do bhruith ar fhíon agus tumthar
cadás ann agus cuir san tímthireacht e agus fóirionn flux emórídis.



Nó gaibh cogal agus déin púdar dhe, caith maille re mil agus
fóirionn gach uile phian annsna hinneadha. Nó ceirín de phúdar
na luibhe so agus súgh urmont do chuir ar an imliocán agus marbhann
gach uile phiast bhias ionnta.



Mar an ccéadna púdar cogail agus súgh carnáin caisil do chuir
bog ansna cluasaibh agus marbhaidh gach uile phiast bhias ionnta.
Nó cogal agus a shíol as imchuibhe chuim an leighis, a bhruith ar fhíon
agus fóghnann dúnta ae agus sgamh agus seilíghe agus strangoria
agus desinteria agus coilice agus teinnios an ghoile re a n'ól.
Nó púdar cogail do chuir a mbiadhaibh agus do ghnídh an céadna.



Nó giolcach, as mór fhóghnas anaigh na fola macláin. Agus
fothargan do dhéanamh don luibh so agus a dheatach do léigin fán
maclán agus fóirionn. Púdar síol na luibhesi chomaisg maille
súgh cruach Phattruig agus a thabhairt amhuil pisarium agus coisgionn
flux na fola macláin.



Meilísa .i. an t-airgiod luachra, agus as maith a úr 's a chríon,
agus béiridh a bhrígh bliaghain ann, agus a bhruith ar fhíon agus a
thabhairt dá ól agus togharman an fhuil mhacláin, a dheatach léigion
fán mnaoi agus glanaidh an maclán.



Gaibh a shíol agus a phréamh agus bruith ar fhíon agus is maith ar
táimh an chroidhe re n-abair singcopis do ghnídhthar ó fhuacht.



Pireadha a ccathamh a ndiaigh na coda agus fóirionn an dílea
agus a chathamh roimh an ccuid agus fóirionn flux na broinne.
Nó pireadha do bhrise agus a bhruith ar uisge fearthanna agus chuir
na cheirín ar bhéal an ghoile agus fóirionn flux agus coilicidh. An
cheirín chéadna a chuir ar an imliocán agus fóirionn nó coisgionn
flux na broinne.



Nó gaibh burneata .i. an lus créidhe agus as mór comhfhortuigheas
teinnios an éadain agus nímhneachas leanna.



Item, gaibh lus créidhe agus bárr camamail agus muadhonn
agus finéal dearg, duille dairinn agus bláth roisdearg. Bristear
agus brúightear ar im nuadh agus beagán d'ola ráibe agus fáisgthear
trí éadach lín agus cuirtear a soitheach, cumhdaig, agus a cimilt
don éadan agus do na háirgibh agus togharman an codla agus
fóirionn teinnios an chinn agus as maith ar flux na broinne.



Nó lán doruinn don luibhsi agus préamh cruach Pattraig agus
stoinnsi crainn agus sithraic .i. gné don dubhchosaigh, creamh na


L. 164


muice fiadh, dubhchos úr, a mbruith ar uisge fearthanna agus a sile
go maith agus a súgh sin do chomaisg tré bhainne agus a bhruith
le hiarann dearg, ól agus fóirionn flux desinteria le hé ól le
luighe agus re héirghe. Nó creamh muice fiadh do bhruith ar fhíon
nó ar lionn go ceann dá fhithchid lá, ól agus fóirionn galar na n-árann
agus an leasa agus fóirionn an galar baoi.



42 Ar an Mola Maol.
Gaibh gaisín coille agus bruith ar fhíon agus ionnarban iomarcracha
leanna ruadh.



Itim, adeir Aurilus an luibh so chimilt ar fhíon nó ar uisge agus
fóirionn fear na hinidhion, nó bean aigeá mbeadh mola maol, agus
a hól go ceann IX lá.



Nó gaibh eighneán talmhan agus atá togharma an fhuail ann agus
na fola macláin mar an ccéadna.



Gaibh eighneán talmhan agus cluaisliaith, cothrom díobh, bruith ar
fíon agus tabhair mar dhig don mhnaoi agus sgaoilean an mola
maol.



43 Do Mhnáibh bhias ag Cailleamhaint a Leanabh nó dá mBreith
marbh.
Gaibh an croibhdhearg, luibh na bhfear mbeag, luibh Eóin Baiste,
luibh na seacht ngábha agus an tseamair Mhuire. Bruith a bhfíoruisge
don mhnaoi thruim re hól sul a ccuirfidh an chlann di, cuid de do
ól agus an chuid eile do chongbháil go ttigeadh an leanbh agus a nígh
leis agus fóirionn.



Bárr menta bhruith ar finéigre agus a chuir mar cheirín um na
hárannaibh agus glanidh an maclán agus fóirionn builg an daor-
ghalair. . . . . .
44 Ar Meilltheóireacht Daoine.
Gaibh coinnioll Mhuire Gaibh cluaisliaith
seamair Mhuire oghrach bhallach
cobhair Mhuire muadhonn
míoghnán Mhuire plúirín siongán
dréimire Mhuire goirmín searc
dearna Mhuire croch an uisge
gaibh an luibh ortha gaibh sail chuach
luibh Eóin Baiste mismín dearg
luibh na seacht ngábha taithfhéidhlion
luibh na bhfear mbeag fothram
lus créidhe lus mór
crobh dearg sgeamh chrainn
agus leith-bhlathach.


L. 165


Buin iad uile mar dlíghthear agus bruith ar uisge fíorthiobrait.
Ná léig aon bhraon do dhorta dhe agus ná léig ar an ttalamh é go
n-ólfaidh an t-othar san iomláine é agus fóirionn, agus abair
paidreacha ar bhuaint gach aon luibhe dhíobh agus ná cathach amach a
sheile déis na díghe ól do.



Nó gaibh an bhiothnuadh .i. árdluibh an chnuic, agus atá ainm eile
uirthe .i. luibh bhainríoghan na bruidhne, agus fós goirthear tréanluibh
dhí. Bain mar dlíghthear agus beirbh ar uisge, ól agus fóirionn,
agus a léaghthóir, bíodh a fhios agad go bhfuil sórt meillthóireacht
ann agus nach beirid na chúig luibhne fichead úd greidhim ar a leighios
agus gurab í an tréanluibh dfóirionn na haonar gan chongnamh aon
luibhe eile; gidheadh as amhula as neamhchonntabharthaighe a buaint
.i. cat nó madra dfághail agus snáithín righin a cheangal dá chois
agus a thabhairt timchioll préime na luibhe agus bainfidh mar sin í,
óir atá sé toirmaisgthe ar dhaoinibh a buaint chum na hócáide so
agus as iomdha buadh eile ar an luibh seo.



Agus do gheobhair leabhar Eoin na meilltheóireachta ag folio -
don leabhar so.



Agus más mian leat a leighios bíodh an tréanluibh ar iomchar
agad agus ní baoghal dhuit féin, agus bíodh an tisbeánadh do rin
ár Slánaghthóir do St. Elizabeth ar iomchur agad agus fós an ortha
bheannaighthe do fríoth sgríobhtha ar thuama na baintiagharnan Muire,
mail1e ris an leabhrán dár ba ainim nó dár ba tosach Deus
in adjutorum meum intendo, etc.



N.B. - Abair na paidreacha atá ris an ttisbeánadh uair san
ló go ceann chúig mbliaghna déag ar do dhá ghlúin a n-onóir do Dia
uile chómhachtach agus do chúig créachta CHRIOST, agus saorfar ó
phiantaibh Ifrinn tu, agus as iomdha buadh eile ar an ttisbeána so.



Nó fós do chonnarc meillteoireacht dá leighios le luibh na bhfear
mbeag, luibh Eoin Baiste, an luibh ortha, luibh na seacht ngábhadh
agus an luscréidhe do bhruith ar fhíoruisge agus a n-ól mar dlíghthear.



Nó do mhéar do thuma naoi n-uaire sa mhaighistir agus léigion
di sile a leathphiúnt fíoruisge agus naoi mblúire beaga do chac
bán ceirce do chuir ann agus an deichmheadh blúire do chathamh uait.
Annsin a sgaga tríd an mbeannacha doruis a n-árthrach eile
agus an sup san do chathamh a ccuinnimh na gaoithe do dhruim an tíghe
agus so dh'ól agus fóirionn más fíor.



Agus dul gus mac mic gabha agus suc is colltar dfághail déanta
uaidh, a ccuir fá na bhráighid agus luadh naoi bpinninne do mhin
choirce thabhairt ar son Dé agus re hanam an té bhí ag déanamh
a dhíoghbhála nó ris an anam is mó bhí ag fulang pianta purgadóra
agus fóirionn más fíor.


L. 166



45 Ar Mheille Ba nó do Bhuaibh ar a mBeadh Mille.
Gaibh an goirmín searc, plúirín siongán, luibh na seacht ngabha,
an lus créidhe, an tslaitín ortha, an beithniúr cosanta, an mismín
dearg, an tseamair Mhuire agus an chrobhdhearg, a mbruith ar uisge
agus an meid den talamh bhias fá chois deire na bó as goire don
mhnaoi dá chrúgh chuir leó agus leithphiúnt nó lán adhairce dhe so.
chongbháil ris an mbuin trí huaire, a húgh do nígh re cuid de agus
an chuid eile de do chathamh siar uirthe go léir agus fóirionn na ba
bhias meillte.



Cuir an mismín dearg agus an leithbhlathach fé árthach an uachtair
agus cuir na naoi luibhne úd adubhramar os cionn doruis an tígh
a mbiaig an bainne astigh ar an bport fhalla agus bíodh uisge glan
astig a ttig an bhainne gach aon oidhche, agus fóirionn.



Nó má bhíonn ím bán agad, gaibh dearg an ime brúighte ar bhraon
leamhnochta, cuir sa chuiginn agus beidh an t-im dearg, breagh.



Ar an ccuiginn do bhiadh ag dul a bhfad gan teacht gaibh trí phlannda
den athair talmhan agus trí phlannda beaga don tslánlus, suaith ar
bhraon uisge coisrigthe, cuir sa mheidir agus tiocfaidh an t-ím
tar ais.



46 Ar an cCrithir Fhola.
Gaibh bainne na bó agus léig trí braoin dfuil a heiriobaill sile
anuas ann. Cuir gráinne salainn ann. Iar sin cuir trí braoin
don uisge coisrigthe ann. Coiméad sin ris an mbuin go n-ólfadh
si gach aon bhraon de. iar sin gaibh naoi n-áirimh don tslánlus
agus caith an deachmhadh háiriomh uait. Déin trí chuid do na naoi
n-áirimh agus bíodh trí háirimh ionn gach cuid díobh agus léigionn
don bhuin leathróidín díobh so do shlogadh sa cheann ar feadh trí
cceann mar atá ar maidin anéidh, araoir agus ar maidin aniugh,
agus fóirionn do bhuaibh aigeá mbiadh mún fola nó bainne dearg;
agus cros don tarra chuir ar an éadan agus ar leaba an dubháin
aca.



47 Chuim Brise ar Othras nó ar Adhbar Cruaidh.
Goid an ursal mar so annocht agus cuir a bhfollach í a gan fhios
d'aon neach san tig agus ar maidin bain fíoghar na croise trí
huaire ar an áit teinn, leis an ursail agus brisidh air go luath.



48 Ar an nGreidhim.
Coirce chuir a máilín agus salann do chuir tríd. An coirce
do bheith teith go maith agus a chuir leis an ngreidhim agus fóirionn.


L. 167


49 Chuim Noscóidí Cruadha do Leighios.
Oinniún do rósta ar sméaróidí dearga, cuir leis na nuscóidí
cruadha. Aibigheann agus brisionn iad. Nó plúr mín le gealcán
oimh, mil agus beagán safron, tarnann agus íocan nuscóidí
taraingeann agus leighionn nuscóidé agus otráisti i leanbhuidhe
agus i ndaoine crionna agus as fearr plúr seagail chuim tairngthe
ná plúr cruinneachta.



Préamh na corchopóige do bhruith ar bhlonaig mhuice agus aibíghionn
agus brisionn nuscóidí.



Figíneadha agus ros lín do bhruith ar ola agus fóirionn .i. bogann
agus aibighionn nuscóidí gan fuireach.



Nó an nóinín agus bárr poibiuir ghil agus duille mighaigi, bristear
na neithe so agus comuisgthear agus friothbhuailtear iad go cómhachtach
agus a mbruith ar bhlunaig mhuice agus cuirthear arna nuscóidibh
cruadha agus fóirionn.



An gallfhóthadán eidir bhun agus barr do bhrise agus a chuir
leó agus íocann.



An buadhfothlán agus súgh tineagail friothbhuailtear iad ceirín
don sgaibias agus do ghealcán oimh, chuir ar na nuscóidibh re n-abair
aintraix agus fóirionn.



50 Ar léathuisge .i. Aicíd nó Galar bhíos ar Chaoiribh.
Lus míghde do bhrúigh agus d'ásgadh agus a shúgh do thabhairt don
chaoirigh ar a mbiadh léithuisge le hól agus fóirionn.



Nó an luibh chéadna do shuatha ar bhraon fíoruisge ól don chaoirigh
agus fóirionn.



Do réir an tsean-fhocail seo -
Ní truadh bean gan caoire
'S lus míde ar na bántaibh.



51 Ar an nGreidhim.
Grean na habhann chuir leis an ngreidhim agus fóirionn, nó an
chriadh bhíos fán sgeith ghil. Nó éadach olladh chuir teith, ar na thuma
a nuisge fhiuchda, ris agus fóirion.


L. 168


52 Ar an bhFiabhras.
Luibh Eóin Baiste agus luibh na seacht ngábha a chuir a ndig fir
an fhiabhruis, aothóig air agus ní aithiompóig air. Agus tá ortha
ar an bhfiabhras so agus do gheobhair ortha an fhiabhrais seatrain ag
folio - don leabhar so leamhadh bhaoi do bheirbhe agus a súgh
do chuir san maclán agus glanaidh ó na shalachar é agus fortachtuighion
a theinnios.



Súgh uineamhuin agus bainne cíodh léigionn san ccluais agus
fóirionn gach teinnios bhias innte.



Nóinín do bhrise agus uisge gabhthar a mbualthach bó 'na chómhnuighe
chuir tríd, a chuir ar na faithnídhibh agus fóirionn.



Binit míl muighe do chathamh an treas lá déis na fola macláin
agus togharman an torchus gan fuireach agus mná iortorcais
glanaidh an maclán flannach.



Fuil míl do chimilt ar charbad na leanabh agus fásaid a bhfiacla
gan teinnios dóibh agus ím do chimilt do charball na leanabh agus
do bheir ortha a bhfiacla dfás dóibh.
Ní truadh bean gan leanbh
'Sa lus créidhe trí thalamh.



Gaibh cheithre crúgh fíorasail agus dein dhá leath do gach crúgh
dhíobh. Cuir leathchrúgh díobh ar an ttairsicc agus leathchrúgh dhíobh
ar an bhfuinneoig agus mar sin leathchrúgh ar gach doras agus
fuinneoig dá mbia ar an ttigh agus nochan ttiocfaidh síoghbhradha ná
deamhan aedhir asteach tarsa.



Cuir sgeamh crainn a bpróca agus dá chárt fíoruisge uirthe.
Cúmhdaicc a ccás ná faghaidh gaoth ná grian go ceann ceithre n-uaire
fithchiod, óladh an t-othar agus fóirionn don bhuighion ar a mbiaidh
meilltheóireacht na ccnámh nó mar sin.



Sílim gur maith oghrach bhallach do bhruith ar shean-fhual agus a chuir
amhuil ceirín ar bhuala ó síoghbhraidhe óir do chonnarc bean nar
camadh a béal agus nar hiompuigheadh siar ar a cluais agus as é
dfóir í .i. naoi bplannda don oghraicc bhallaidh do bhruith ar dhá


L. 169


chárt don mhaighistir agus a beirbhe go cárt a chuir le na giall amhuil
ceirín agus dfóir.



N.B. - Tuigeadh le daoinibh gur mar gheall ar luibh mheill-
theóireachta éigin do thaisbeánt nó do bhuaint gurab eadh buaileadh í.



a Guth maith do dhéanamh agat.
Gaibh dréimire Muire agus suaith nó beirbh ar phiúnt fíoruisge,
ól go ceann cheithre maidinniocha ar céadlongan agus biaidh guth
maith binn suairc agad dá éis.



b Chuim na feicfidh aonduine tu.
Gaibh c.t.d. , mairbh é agus sgoilt air, cuir trí ghráinne
pdlnccrsc asteach ann, cuir mar sin a ttalamh é agus cúmhdaicc an chriadh air.
Tair i ccionn mí agus gibé aca sin gráinne as a mbiaidh píoc ag
síne anonn fán dá cheann eile é sin do thógbháil, a chuir ad bhéal
agus an feadh biadh ad bhéal ní fheicfeadh neach eile ar bith thú, más
fíor.



c Chuim daoine chuir a rinnce.
Gaibh maide sailighe, déin ceathairbheannach é ar luigh an dísle
ach bíodh timchioll sé horla ar faid ann, sgríbh na chúig focail seo


L. 170


air mar atá: sator arepo tenet opera rotas, cuir ar
an bhfárdorus ar a ttaobh astig agus rincfidh gach n-aon dá mbeidh
astigh annsa tig sin más fíor.



53 Ortha an Leona.
Do chuaidh Críost ar an ccreig, do leonadh cos eich, chuir Sé fuil
re fuil, feoil re feoil, cnámh re cnámh, mar shlánuigh sé sin go
slánuighidh sé seo. Amen.



54 Chuim Cídh Theinn do Leighios nó Briseadh air.
Blonag mhuice, plúr céirbheach, gealcán oimh ceirce, agus a
mbruith ar lionn láidir agus ceirín do chuir leis agus fóirionn.



55 Chuim Teinnios Croidhe do Leighios.
Gaibh drúichtín beag bán agus ith gach maidin ar feadh naoi
maidionacha agus fóirionn. Uisge rósaoil d'ól ar theinnios droma
agus ibhil, running of the reins, fóireann, agus Sassafras agus
Liquorice Stick d'ól na dhiaig sin chuim na fola ghlana agus fóirionn
siad so don lucht gá mbiadh a ccuid fola na huisge a rith cois
cnámha.


L. 171


Leamhadh-bhaoi, hoarhound, meacain aille agus an t-athair lusa
d'ól agus fóirionn cúmhangrach croidhe agus cléibh maille duilleoga
an spuingc, sáiste cnuic, orgánus, lochall agus an caisearbhán, etc.



Gráinne salainn, gráinne minc coirce, braon uisge coisrigthe
agus trí pínt uachtair, iad so uile do chuir a ccrúsga mar so.
asdoidhche Dia Satharuinn agus a ccúmhdach go maith .i. an crúsga
do stopa, agus annsin ar maidin roimh éirghe gréine cuiginnín
do dhéanamh de sin agus, ar mbeith a n-im do, a chimilt do gach aon
órlach agus ball don tí ar a mbeadh meille nó cuiriúghadh agus
fóirionn más fíor. Ní fheadar, Dia eidir sínn 'sa t-olc.



A dhearbráithreacha bíodh a fhios agaibh go bhfuilid mairgeadha
síorruidhe agus buanchaoineadh le leanamhuin pleisiúir an tsaoghailsi;
óir ní féidir le haon duine luthghárughadh san tsaoghal so agus san
tsaoghal eile, agus dá réir sin atá sé riachtanach ag an té shealbhóig
ceann aco an ceann eile chailleamhuin. Más mian leat lúthghárughadh
annso biodh a fhios agad go ndíbreóchar tú ód thír dhúthchais .i. ó
fhlaitheamhnas. Gidheadh má ghoileann tú annso goirfear agus
áireochar annso féin tú amhuil aon d'áitighthóireadhaibh na bhFlaitheas.
St. Augustin, Ser. 11. adfra.



Agus adubhairt ar tTighearna féin - is beanaighthe lucht an
dóláis óir gheobhaid compórd .i. sásamh agus pléasúr.



Cuimhníghean an t-eagnuidheach a ccómhnuidhe ar an saoghal atá
le teacht, noch sheolas é ar an láimh ndeis agus esion noch atá an
amadán, ní chuímhnigheann ach an ain sir atá láirtheach noch atá curtha
ar an ttaobh eile. S. Jerom.



56 Do Leanbh do ghlacfadh Bíog nó Spang Meilltheóireacht
trí na Chodla.
Bain de anuas a léine agus srutháil sa mháighistir. Tóg leat
í iar sin go habainn teórann agus tabhair trí huaire a ccuinnimh
an tsrotha í a n-ainm na Tríonóide agus fógair a chuid uilc agus
urchóide le fána na habhann agus tabhair leat iar sin í bog fliuch
mar biadh sí agus cuir ar chathaoir ar aighidh na tinne amach í, faigh
sup don bheanachadh doruis .i. suipín don díon ós an bhfárdorus
agus a leithéid ar an ttaobh eile do thig agus las an dá shup so leis
an léine agus buail uime suas í. Curthar a n-ucht a mháthar é agus
má thuiteann a chodla air fóirionn.



Nó glac don mhuadhonn dfághail agus a leath do bhruith ar mheidheag,
a thabhairt le n'ól do, agus an leath eile dfuath ionna chuid éadaicc,
agus fóirionn, le é nígh a nuisge trí tteórann; agus suc is
colltar dfághail déanta do ó mhac mic gobha agus a gcuir fa na
bhráighid. An lus mór 's an fothrom do bhuaint eidir dhá fhéil St.


L. 172


Seáin agus a mbruith ar uisge trí tteorann, a ccuir suas a
mbuittéal agus a ccumhdach go mbiadh uacaid agat leo agus fóirionn
sórt meilltheóireachta bhíonn ann, etc.



57 Chuim na Fola ghlana ó Scuirbhí, etc.
Gaibh únsa nitre agus únsa brimstone. Cuir ar dhá chárt fíoruisge
iad .i. an t-únsa brimstone ar chárt fíoruisge a mbuidéal leis
féin agus an t-únsa nitre ar chárt eile a mbuidéal leis féin mar
an ccéadna. Oladh an t-othar leath-chnagaire don brimstone re
lúighe dho agus leath-chnagaire don nitre le héirghe ar maidin agus
ná cathadh aon rud an feadh bhiaidh dá n-ól acht min choirce beirbhthe
ar bhainne ghéar nó ar bhláithig. Nó préamha na ccopóg agus préamha
na liodán liosda do chuir a ccrúsga agus uisge fiuchda ortha,
cúmhdaicc go ceann cheithre n-uaire fithchiod agus fóirionn.



Luibh lathaighe do shuatha ar mheighidh nó ar fhuiscídh d'ól go ceann
trí maidionacha nó re laoighe agus re héirghe ar feadh trí lá, agus
fóirionn gairbhéal.



Naoi snáithín síoda dhuibh dfághail agus tairnge crúgh gan iarraidh,
a ttabhairt aniar tar chom na mná san túisge a mhothóig sí anam
san leanbh na broinn agus a ccoimead mar sin agus gan Aifrionn
aon Dómhnaigh do léigeann tháirse go gcuirfidh an leanbh di, agus
fóirionn do mhnáibh bhias ag breith leanabh marbh, más fíor.



58 Bó ag a mbiadh Fuil a teacht nó dá crúgha as a Sine.
Gaibh licín ghlas agus bain fíghior na croise uirthe sul a ttógfair
don talamh í. Ar sin bain fíghior na croise ar sine na bó leis
an ttaobh do bhí ar an ttalamh don chloich trí huaire agus a cuir
san áit a raibh ar an modh ccéadna, agus fóirionn.



Nó sreabh do chrúgh as an sine teinn ar bhlúire de bhualthach na
bó agus sin do chimilt dá húgh agus don tsine teinn agus fóirion,
nó an bhean chrúighte do chimilt an taobh astig d'íochtar a cóta .i.
fíoghar na cruise do bhuaint leis uirthe trí huaire, agus fóirionn.



59 Chuim Othoruis do chuir ar cCúl.
Lus mór do bhrúigh go maith agus salann ruadh do bhrise go mín
agus a ccumaisg maille blonag mhuice agus re bran cruinneachta


L. 173


trí chéile. Ceirín nó trí ceiríne de sin chuir leis an áit teinn
agus fóirionn.



Nó dá ttuigfidhe dhuit gur saoighead nó poc ó shíobhradha é, trí
ceirín don lusmór agus a ghléas mar so .i. an lus mór do bhrúgha
agus trí bhlúire do chac bán ceirce agus trí bhlúire don tsúgha agus
trí braoin don mháighistir do chuir tríd agus trí cheirín de do chuir
mar sin ris an otharus agus fóirionn maille trí cheirín eile don
fhothrom agus a ghléas mar an ccéadna. Bainfid an phian agus
nimh na saoighead as bíodh gurbh urachur meillthe féin é.



60 Chuim íbhil Reatha leighios.
Gaibh an tobar baistidhe .i. an chneadh do nígh trí huaire ris an
uisge bhias ag baiste an leinbh agus fóirionn, más fíor.



Nó an t-uisge do bhiadh ag nígh an chéad leinibh lánamhan óige - ach
gur mhac - eidir a bhreith 's a bhaiste. .i. an t-uisge do níghfeadh é
gan stad déis teacht ar an saoghal do, agus an chneadh do nígh leis
mar adubhart trí maidineacha agus trí neóin agus fóirionn. Tá
ortha ar an Evil so.



61 Do Bhuaibh ar a mbiadh Conach.
Ocht cáirt fuail do bhruith go maith a ccrocán, piúnt mádair
chuir dá bhruith ris an bhfual. A mheasga trí chéile. An tan do
bhiadh sé bruithte cárt do thara ghlan do chuir na cceann agus a
mheasgadh leo, púnt ailíme chuir brúighte na cceann agus a mheasgadh
go maith. Air sin chúig phaidreacha, chúig Abhé agus Cré do rádh
do Dhia agus do bhan-naomh lusra na bhfear mbeag, a brise agus a
cuir leo. Lán adhairce dhe seo do thabhairt do gach buin díobh, piúnt
don tara ghlan do bheith agad agus slisne beag dfághail agus cros
don tara sin chuir ar a n-áranaibh deasa, ar a ccoingcínidhe agus
ar a ccarbuil uachtaracha agus fóirionn iad.



62 Do Bhuaibh ar a mbiadh Gallar Camm.
Lus mór, an mhuadhonn agus an mismín Muire shuathadh ar bhraon
fíoruisge, a thabhairt re hól dóibh agus fóirionn.


L. 174


63 Do bhuin bhiadh a sile a Cuid Bainne.



Cárt do thosach céad mhaothaile bó óige ar an ccead ghamhain agus
cnagaire do shúgh na mine mire, a ccimilt dá húgha agus dá sinídh
agus fóirionn ba ar a mbiadh muthúghadh nó meille cnuic. Atá a
leighios aig folio 40 don leabhar so agus fós ortha an mhothaighthe
ag folio 52.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services