Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Northern Medley

Title
A Northern Medley
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1830
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1933)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



I
AGALLAMH EADAR BÁRD AGUS AN GALAR BREAC



AN BÁRD:
Fáilte agus céad romhad, a ghalair bhric bhreágh,
Tabhair furtacht aodhal bocht, má's féidir, gach lá;
Buail suas le lucht a' Bhéarla 's ná tabhair dóbhtha spás;
Bhéaraidh an Francach duit féirín 's cuir na ceudtan chun báis.



AN GALAR BREAC:
I gcogadh nó síothchaint ní dhéanaim a choidhch' feall,
Bheirim a' t-úr is a' chríon liom, an Gaodhal is an Gall;
Níor bh'fhearr liom fear míosa thabhairt ó'n gcích liom anall
Ná an cruadh-dhuine aosta le haois a bheadh dall.



II
"GABHAILT ÓRÁIN"
Is binn liom cláirseach chiúin,
Is binn liom orgán a' déanamh ceóil,
Ach ba bhinne liom ná a gcuala mo chluas inniú
Rí na Spáinne a' gabhailt Óráin.


L. 205


Ní binn liom ceól i bhfad uaim
Cé go n-éistidh mo chluas le crónán;
Ba bhinne liomsa gul na nGall
Ná Rí na Spáinne a' gabhailt Óráin.



III
A fheara modhamhla Dhún na nGall
Chuireas mur gcuid crann go tiugh,
Cha dtig toradh ortha ná bláth
nó go gcuirthear fá n-a mbun.
"From Mr. McBride."




VII



AN MADADH RUADH AGUS AN COILEACH.



Nuair a ghabh a' madadh ruadh coileach agus leag sé a dhá
chrúib air. "Maise, ná hith mé," arsa'n coileach, "go n-altocha
tú do bhiadh." Leis sin thóg a' madadh ruadh a dhá chrúib suas
a thabhairt buidheachais do Dhia go raibh an coileach aige, agus
leis sin, sgird a' coileach suas ina gcrann. "Mo mhallacht go
bráth," arsa'n madadh ruadh, "air aon duine 'mo dhéidh a altochas
a bhiadh go mbeidh sé in a bholg!"



VIII



AN DALL AGUS AN TALAMH



Dall a chuaidh a ghabháil talaimh, agus mur chruthughadh air
mhaitheas a' talaimh, d'iarr sé air a ghiolla a ghearrán a cheangal
do fhobhanán. "Ní'l aon fhobhanán ann," arsa'n


L. 208


giolla. "Ceangail do bhuachallán é," arsa'n dall. "Ní'l a leithide
ann," arsa'n giolla. "Maise," arsa'n dall, "talamh gan
bhuachallán gan fhobhanán, talamh nach fiú a shaothar."



B 1851ls 19L
GzzzzzL
U 0401



Órtha chuir Críost le croidhe Mhuire
'S go bhfoghnuidh dod' chroidhesa, a dhuine,
Mar a d'fhoghain sé do chroidhe Mhuire,
Ar tharraing na sleagha go teann
As corp Chríost a bhí go fann,
Mar a d'fhoghain sé do chréachtaibh Cuinn,
Go bhfoghnuidh ar do chroidhe tinn, a dhuine.



B 1830lsc 19T
GzzzzzL
U 0401



XI



THE USUAL COMMENCEMENT OF AN ÚR-SGÉAL



Bhí annsin aon uair amháin agus má bhí, cha raibh, agus dá
mbéinnse an lá sin cha bhéinn aniú. Budh chríon liath an
sgeulaidhe mé agus níor bh'fhearr ná an seanchaidhe. D'iom-


L. 209


prochuinn mála na seacht leabhar air astard tiptop mo ghuallana
agus air chaol mo dhroma 'g 'ul a fhoghluim an sgéil so. Agus
má's dona atá sé agamsa anocht, go mbudh míle measa a bhéas sé
agadsa san oidhche 'máireach!



XII



BEANNACHTA



1. Bail ó Dhia ort.



2. Beannacht Dé is Muire dhuit 's chan fhearr duit buiseal eórna.



3. Críoch mhaith ort.



4. Dhia 'sas Mária muinn. The vulgar expression for "O save us!"
Probably "Íosa 's Mária umainn."



5. Dia is Muire is Pádruig is Eóin Baiste linn. Sometimes said of
sneezing.



6. Go gcuiridh Dia an t-ádh ort. God give you luck.



7. Go dtreisidh Dia leat.



8. Go n-éirighe do thuras leat.
Success to you.



9. Go mba cómhach a bhéas tú.



10. Go mba buan a bhéas tú.



11. Go mba buan thú.
Long life to you.



12. Go bhfeicidh tú cruacha mónadh is cocaí féir.



13. Go ndéanaidh Dia trócaire air lena luadh. When he is recorded
i.e. mentioned.



14. Go ndearcaidh Dia orainn.



15. Go gcuidighe Dia linn.



16. Go mairidh tú do bhróga.



17. Go measaidh Dia do mhaoin.



18. Go neartuighe Dia leat. More power to you.



19. Go dtóigidh Dia an tsraith the layer. Said on coming in where
people are in bed.



20. Go seacht soirbhighe Dia na rún dhuit, mur dubhairt Bháitear
(Walter) Brídean le na bhean nuair a bhí sí ag 'ul dá báthadh
féin.



21. Iomad in do láimh or iomad in do láimh is go mba slán lucht a
ghlacaidh.



22. Mo chaoin-bheannacht leat.



23. Ná raibh an fad sin de thinneas bliadhna ort. Said when you
are pleased with what anyone has done for you.



24. Nár laghduigh Dia do stóras.



25. Rath Dé ort.



26. Saoghalach go raibh tú. Long life to you.



27. Saoghal fada le seun agad.



28. Séan maith ort. Good luck to you.



29. Sonas agus seun ort is dearmad fada ó'n éag ort.


L. 210


XIII



DROCH-GHUIDHTHE, ETC.



1. An diabhal go bhfurtaigh bhfóiridh, bhfoiridh air.
Devil mend him.



2. Barr donais ort.



3. Bhéara mé ort seile céa'longa chur amach tráthnóna. I'll give
you nothing to eat all day.



4. Briseadh do mhuinéil agad.



5. Buailfidh mé Cumhaidh na gCúig Síon agus Mársáil Cholla
Chiotaigh ort. Two tunes, - one still known.



6. Cha deanaim mallacht nó eiteóg ort acht ballaí ifrinn go
dtuitidh ort.



7. Dar fiadh. Dar an nDomhnach. Dar m'anam. Dar láimh
m'athar. Dar an gcrois atá in mo dhearnaid nár chum
ceárta ná gabh' ariamh.



8. Donas is doghruinn ort.



9. Do thachtadh nach mbíonn tú in do thost.



10. Droch-íde ort. Bad end to you, or bad fate.



11. Droch-bhail ort.



12. Droch-rath ort.



13. Fágfaidh mé drannán i.e., druim dubh agat.



14. Fágfaidh mé lorg na gcúig méar is na hordóige ionnad.



15. Fuigfe mé gron a mark ort.



16. Fuigfe mé do chnámha i n-aice leat.



17. Go dtachtaidh an diabhal thú.



18. Go dtugaidh an diabhal leis thú.



19. Go polltaidh ? read Poll Toighe. Cf. Gaelic Journal xii. p.140
Léabáin leat.



20. Imtheacht na tuile le fánuidh agat; sin imtheacht 's gan
pilleadh.



21. Is olc an mianach atá ionnad. It's bad stuff you are made of.



22. Marbhfháisg ort, a ghiolla na dtroighthíní.



23. Marbhfháisg is col is contracht ort.



24. Nár dhéanaidh tú do leas. May you not prosper.



25. Ocras is íota ort.



26. Tá breall ort, a bhodaigh, - a bhodaigh shalaigh, a chúl sneadhach.



27. Tuirse mo chroidhe ort, a ghiolla na créafódach ? read créafóige.



28. Turas Cuinn fá na gabhair ort.



XIV



SEAN-RÁIDHTE



1. An té nach mbeidh umhal dá athair nó dá mháthair is éigean
dó bheith umhal do ní is táire .i. craiceann an laoigh.
Alluding to a profligate fellow enlisting.


L. 211


2. Ar ghrádh na hAoine agus na huaisle ná bíodh cuid agad de.
Have nothing to do with him.



3. B'é a dhálta sin agadsa é. That was the case with you.



4. B'é an fhearg bheannuighthe é. That would be a queer way to
vex me.



5. Beidh tú air a' triúr a bhéas a' cumhdach a' tsaoghail. Said to
a very old person.



6. Beidh na ba ag éibheall 'na dhiaigh sin. A saying on a cold
(?warm) day. Éibheall, the running of cows or other
animals when tormented by flies.



7. Bhuail sé preab sa mbuaraigh. Buarach is a spanchel (sic)
on a kicking cow. Said of a girl going on a frolic or a boy
going off and enlisting, or the like.



8. Bídh duilleabhar áluinn agus toradh searbh ar chrann na
sgéimhe.



9. Bígidh subhach! Answer: Nuair a bhéas muid sáitheach or
Subha Dia dhúinn.



10. Buachaill cruaidh stálaidh a sháruigh an deich fichid. Applied
to an old bachelor.



11. Cá bhfuair an bacach an brannra? An áit a raibh sé.



12. Cha dearn mé luach madamadída, sin a' seiseadh cuid de
mheanach na feóirlinge. A County Louth and Meath saying.



13. Chuir siad na fuiridh fáilte is na gártha lúthgháire aroimhe.



14. Cuirfidh mé an tsúil i n-áit na cluaise. I'll grow sharper.



15. D'fhastuigh sé ionnam mur a bheadh cat i n-iarna snáth.



16. D'fheall mo lámh orm. I have been too liberal, hospitable, etc.



17. D'ól sé bolgam agus símin sip.



18. Duine or cailín faitcheach dána. One who is modest in
appearance but bold in reality.



19. Fuair Séamus Ó Domhnaill bás. Gaidé bhí air de' taobh,
'muigh or leith amuigh?



20. Fuair mé báthadh na luchóige.



21. Gheanfaidh mise sin má bhíom beó nó cró in mo shnáthaid.



22. Ghearr Marcus a sgórnach aréir. Ó, is dóigh mar bhain sé leis
a' bpíobán!



23. I gcead do'n mbord, or sometimes humorously i gcead do'n
mbord agus do na haicleáirí. With the leave of the company,
or saving your presence.



24. Innseochaidh mé dhuit é gan mórán sneagaireacht' (hiccuping).



25. Is deas a' leath-uair ariamh. It is a nice queer half hour!
Ironically.



26. Is fear gan eagla gabh' an tSíodháin beyond Ardee.


L. 212


27. Is fiú beirt mharbh go fóill thú. You're worth two dead men yet.



28. Is mithid bheith ag bogadh na ngad. It is time to prepare for
departure.



29. Leigheas ar shúla tinne d'fheiceál.



30. Mar adubhairt a' bhean leis a' gcailín sníomhacháin, tá an snáth
sin dócrach caol i n-áiteacha.



31. Mo ghrádh thú an t-aoileach; ní fheicfe tú dúradán a mote
ann.



32. Ná bíodh ainnis is iasacht ort. Don't be narrow-hearted. Ní'l
ainnis is iasacht air. He's not badly off.



33. Nachar leór do dhuine dhona a dhichiollt a dhéanamh.



34. Ní lugha a mhaoin ná a mhuirighin. If he is poor, his family
is small.



35. Níl urad dhubh do shúl ann.



36. Ní'l dá mhóide nach fearrde. The more the better.



37. Rud air bith acht buille bhata!



38. Sé triall na gcearc ag 'ul go hAlbain. That is talking about a
thing and never doing it.



39. Se tigheadas a' bheagáin a chaitheamh go luath.
Is bheith ar a' tsoláir soláthair ó shin suas.



40. Sgléip os cionn sglamhaireacht.' Said when a poor farmer puts
on fine clothes.



41. Tá mé ag gearradh na bhfuthóg fughóg, O'Brien's Dict.
I am shortening the thrumbs, i.e., making the account the smaller,
or making anything smaller by degrees.



42. Tá an lá fada is é sona. Said when one is excusing a delay.



43. Tá mé ag cur romham dul ar astar. The other person generally
says: I n-ainm Dé.



44. Tá sgéal agam duit. Ó, sgéal maith ó Dhia againn, is the
usual reply.



45. Tá preab sráide de dh'fheóil ort. You are very fat.



46. Tá an oidhche seo a' baint biolair. Said of a blustery night.



47. Tá sé ag meilt chainnte mur bheadh muilionn ann.



48. Tá tú ag seasamh air chois an adhastair. You are impeding
your own progress like a horse standing on his own halter.



49. Tá mé 'mo bhata sioca.



50. Tá aois capaill Airt aici or aige - na trí dheich 's a' dó
dhéag. Applied to an unmarried person of advanced years.



51. Thug sé ó dhúthchas nature, instinct é, mar thug a' mhuc a'
rútáil.



XV



RÁIDHTE SAMHLUIGHTHE



1. Comh brúighte le triúr i leabaidh.



2. Comh séidthe le mála píobaire.



3. Comh lag le gallán a kind of aquatic weed.


L. 213


4. Comh bán-shúileach le gealaigh.



5. Comh súgach le mangaire ruis.



6. Comh folamh le fideóig.



7. Comh dubh leis a' phúca.



8. Comh buidhe le cróchar ? read cróchadh, i.e., ochre.



9. Comh luath le gearr-fhiadh Márta.



10. Comh corrach le stól thrí gcos.



11. Comh deimhin is go bhfuil an diabhal i mBail' Sheircín i.e.,
Wilkinstown. A Co. Meath saying.



12. Comh daor le him na Fraince.



13. Comh bocht le luchóig theampuill.



14. Comh bocht le míol fiabhruis.



15. Comh dó-mharbhtha le cat.



16. Comh domhain leis an uaigh.



ÉAMONN Ó TUATHAIL.


L. 272


B 1829ls 19T



MAIRBHNE ÁINE



Clintear fonn fial feacht Áine annsa chill is buan braon glaise
ris thairis na géige grian-luighte ní bású go sluagh Aoinis.



Mise agus Aoinis airm gaisciodhaig, dís nach ionnan dúinn
creideamh ní bhfuil fá fhuaim talmhan aon ghrádh againn ach Áine.



Is aoibhinn corp seang séimh, 'sa béal fá chuíneas focal, a
ccanuireacht na tarngrachta táinig go hÉirinn, an árd fhlath.



Thar cuinne ná sa mhuidhean is do mhuidhin an té do ghraidhimse.



Beannocht ar an anam d'ainmnighim do bhí a ccorp inghin Áilthe'



Gibé a mbiadh an mairimhne so is beannaighthe dá ghrásaibh.



Ní bhfeaca bean badh chradhfuighe ná Áine badh mhóil-ghríosa, badh
náire, cé atá sí fáchta so-chlaoite.



Mise Pattraig míorbhuilleach, an t-easbog tháinig go Éirinn,
ba chuma l'ainnir uasail, is mó do theagaisc dán léighinn.



Mise Pattraig prímhiolthach, do léigheas an uile bheatha, fágaim
na buadh so go brath ag mairne.



So na buadha déanacha d'fhágaimse aice - Neamh go gach n-aon
do mheabhruigheas í, ar cách uile nár ceiltear.



Dá ngabha tú an mhairne so go moch ar maidin ag dul ag iascach
ar loch, creideamh ód chroidhe do Chríost oige, do gheobhadh tú do
lán-ghabháil.



Dá ngabhadh tú an mhairne so ag dul go teach fuar-chleathach,
marbh ní tiocfair as, agus ní bheir gan biadh gan éadach.



Dá ngabhadh tú an mhairne so ag dul a mbreitheamhantas ná a
bhfiachaibh, aon ní dhíot ní ghreamochar agus cách romhat go raonmhar.


L. 273


Dá ngeabhadh tú an mhairne so, do chineadhaibh na hÉireann ar a
mbeith a ghníomhailteacha do ghlasaibh ná géibhinn ort, do
ghníomhailteacha ná ghlasaibh agus do géibhinn ort scaoilfidh.



Dá ngabhadh tú an mhairne so ag dul ar each, má síogh má cogadh
má creach, déanfair áthas ar muin an eich agus tiocfair féin saor
ón ccath.



Dá ngabhadh tú an mhairne so a bpointighe an bháis, nó dá mb'fiú
an cás, na trí ranna déanacha, do-gheobhair an t-anam do thabhairt
ó Ifreann saor leat.



Saor sinn, a Thighearna Íosa Críost, tré úrnuighthe na bhfaois-
dineach, tré fhaoisdin na n-abstal, tré dheallramh gach uile naomh.



Saor sinn, a Thighearna Íosa Críost, mar do shaoras Ionas ón
bpéist, Chuson ón gcuir mbréige, Domhnall an fáidh ó uabhar na
leomhan, ón bpeacadh ón riachtanas agus ón ngorta.



Saor sinn, a Thighearna Íosa Críost, mar do shaorais an triúr
ón bhfuirnéis, Iacla ón tteine agus Lasarus ón uaig.



Saor sinn, a Thighearna Íosa Críost, mar do shaorais Peadar
agus Pól naomhtha ón luing mbriste, Eoin Baiste ó nimh an pheacaidh.



Saor sinn, a Thighearna Íosa Críost, mar do shaorais Isaac ón
ccloidheamh, Ioseph ón bpríosún, pobal Israel ón Éigipt, Dáith
rí ó hAilbhe.



Saor sinn, a Thighearna Íosa Críost, mar do shaorais Muire
Bhanndaléan ó na seacht ndeamhain, Críost ó láimh Anruaidh, an
té do bhris doirse Ifrinn ag fuascailt na mórshluaighte suas chun
na bhflaitheas.



Saor sinn, a Thighearna Íosa Críost, mar do shaorais an uile ógh
agus mairtíreach, naomh agus bhan-naomh, óg agus ban-óg, mar
súd a Athair an Uain trócaraigh, go dílis dúthrachtach diongbhalta,
saor, dín, slánuigh agus coimeád ar n-anamnacha annso anois
dod láthair, suas chum na bhflaithios ar feadh na síoruigheachta go
bráth. Amen.



B 1794ls 18D
U 0201

Marbhna Éithne naomhtha sond agus goirid daoine Himin Pháttraig
di go neimhfhirineach.




Claoidhtior sond feart fial Éithne
Annsa ccill ós Bóinn braonghlaise
Déis na géige grianóige
Ní budh súgach sluagh Aonghaise.


L. 274


Mise is Aongas arm-ghaisce
Dís dárbh ionann rún creidimh
Ní raibh ar tuinn talmhun
Aon ghrádh againn ach Éithne.



Fágbhaimse na buadha so
Ar mharbhna Éithne chúlbhaoi
Buadh cloinne, buadh nuachair
Ach go ndeine feis re fionnmhnaoi.



Neach dá gcluin an marbhna so
Re dul i gcaith nó i ccomhrac
Tiocfaidh slán ón ngábhadh sin
Gan nochta armchur chródha.



Neach dá gcluin an marbhna so
Re dul a mbreith fa fhiachaibh
Aoinnídh de ní tarbhuighthear
Agus biaidh cách roimhe go riarach.



Neach dá gcluin an marbhna so
Re dul i loing nó a n-eathar
Tucfadh as go hardbhladhach
Gan baoghal tonn na treathann.



Neach dá gcluin an marbhna so
De chinnidibh na hÉireann
Gé biaid iaghta oisgeolfaid
Eadar ghlas agus géibhinn.



Innis do righ ráithlíonmhar
Marbhna Éithne tre fhormdhal
Go mbiaidh conách aithridheach
Dá neiste agus gach go neamh comhrádh



Ionnamhain a folt blathchunnla
Ionmhain a haighidh chaomh chorcra
Ionamhain corp seang snuagh-chumhra
Ionmhain béal fa binn focal.



Is me Páttraig príomhbhuadhach
Eascop me tainig go hÉirinn
Déis mo dhalta fíoruasal
As mó chailleas den léighion.


L. 275


Ní fheaca bean badh náiridhe
Ná Éithne badh fhial craoidhe
Badh caoimhe is badh cráibhthidhe
Gé tá a feart iar na claoidhe.



Gach neach ghabhas an saormharbhna so
Ar iairmhéirghe ghloin uasail
Rachaidh ar neamh naomhainglidhe
Is ní baoghal do rí an uabhair.



Ag seo na buadha déaghnacha
A Bhrógain fhágaim agaibh
Neamh do gach n-aon mheabhrós
Ar aon duine ní ceiltior.



Grádhfar leam charaibhse
Scéala na féata fíorghloine
Claoidhfior sond feart fial Éithne
A corp san ccill mar claoidhtior.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services