Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Órtha ó Chonndae Aontroma

Title
Órtha ó Chonndae Aontroma
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1857
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1929)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



ORTHA O CHONNDAE AONDROMA



SA LITRIÚ CHOITCHEANNTA



Labhrochaidh <labhra?> íosal is uasal a' bun. Aithriseoch-
aidh mé <é> ó bhun go bun, i bhfus agus thall. Bheir


L. 96


<bhéaraidh> sé m'anam go réidh go toigh Dé. Dia liom, Dia go
deimhin liom, Dia go dearbhtha liom, Dia liom, ar gach guasacht
agus ar gach gluasacht agus ar gach gábhadh, ar chumhacht <?>
galair, ar mhilleadh fuilt, ar mhilleadh roisg, ar mhilleadh ban, ar
phiosrógaí. Seacht ngread liom, seacht méad ionnaim; i
n-imdhídin Dé go . . . Seacht fó'n seacht, ocht nglais,
naoi nglais, deich nglais, ar gach teach, ar gach cos, ar gach
lámh, ar gach béal . . . ar gach gunna, ar gach claidheamh,
ar gach piostal, tiobadh agus toirmeasg teineadh ortha. A Mhic
Dé, Thú féin a bheith 'do sgiath chonganta agus chosanta idir mé
agus arm gonta, chaithte, ghortha <?> agus teilgin. Brighid liom
a' luighe, Brighid liom ag éirighe, Brighid liom ar gach suidhe
comhnuidhe <?>. A Mhic Dé . . . go soirbhighe sona mo
shuidhe, mo luighe agus mo éirghe. Dia . . . liom, labhra
Chríosta liom, Dia mór liom, Rí tréan liom, Fear mar Íosa <?>
liom, Críosta ó Neamh liom, Rí Neimhe liom, Muire le n-a glan-
fhocla liom sgáil <?> Bhrighde os mo chionn, <a> brat fionn i
m'anacra, mar tchí Dia go bhfeil eagla orm. Imdhídean Dhé agus
Choluim Chille umam, Cros Mhuire umam, Cros Mhic Dé umam,
Cros na Creiche <Croiche?> 'ar righeadh an Rí. Shaoileas
<thuillis?> féin gur charaid <?>, ach murar charaid, cuir <?> aríst
idir mé agus fear a' bhéist Cros na Croiche 'ar céasadh Críosta.
Domhan dian an domhan seo <a> bhfeilim. Is truagh an dáil an
sluagh seo chugam, a Mhic Dé <a> bhfeil me in do fhochair - agus
sgaoil <?> do chochall timcheallt orm. Imdhídean Dhé agus
Choluim Chille umam. Amen.
ÉAMONN Ó TUATHAIL.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services