REMHRÁDH.
CUMANN NA hÉIGSE.
Is fada dhúinn ag braith ar Éigse na Gaedhilge a thabhairt le chéile agus
ceangal cumainn is caraduis a dhéanamh eatortha, i slighe go bhféadfaidís
cabhrughadh le chéile d'fhonn a leasa féin is d'fhonn maitheasa na h Éireann.
Sidí an ceathramha bhliadhain aca a d'iarraidh an cheangail sin do cur
ar bhun. Go dtí so ní cuirtí puinn suime sa ghnó. Do thagaidís i bhfochair
a chéile aimsir Feis na Mumhan. Do léightí aistí agus amhráin. Annsoin
do sgaraidís ó chéile agus ní cloistí uatha go ceann bliadhna arís.
Níor bh'fhéidir go dtiocfadh maitheas as obair den tsórt soin. Dá
bhfanadh an scéal amhlaidh badh ghearr go mbeadh deireadh le gach saghas
ceangail earortha. Sa saoghal atá ann fé láthair ní'l slíghe don duine
— nó don bhfuireann — na déanann gníomh. Mar sin do b'éigin don
Éigse gníomh a dhéanamh nó imtheacht as. Do b'éigin dóibh céim a thabhairt
ar aghaidh. Do tugadh an céim sin ar aghaidh an iarracht so, agus do
cuireadh ar bun n-a cheart Cumann na hÉigse.
Thángadar i bhfochair a chéile fé thrí le linn Feis na Mumhan i mbliadhna.
I seomra Comhairle Cathrach Chorcaighe iseadh bhí an chéad chruinniughadh aca.
Thuit so amach ar an seachtmadh lá déag de Mhí Mheadháin an Fhoghmhair
Ar a ceathair a chlog do tosnuigheadh ar obair. An tAthair Pádraig
Ua Duinnín a bhí in' Uachtarán ann. Do léigh sé don chuideachtain oráid
bhlasta ar "Fhilidhibh na Mumhan."* Do labhradar an Dochtúir Ó Luingsigh
agus an tAthair Cathaoir Ó Bréandáin, Riseárd Ó Foghludha agus Tadhg
Ó Donnchadha ag tagairt do aitheasc an Uachtaráin, agus dubhrathas gur
cheart cumann a hur ar bun i measc na bhfilidhe, i slighe is gur móide an
mhaith do b'fhéidir leó a dhéanamh.
Do léigheadh aistí filidheachta ó Dhiarmaid Ó Muimhneacháin ("Dhá Chích
Dhanann"), ón Athair Cathaoir Ó Breandáin ("Oisín"), ó Ribeárd Bhel-
don agus ó "Thórna."
* Gheobhthar é ar leathanach a 5.
Lá ar n-a bháireach, thángadar i bhfochair a chéile arís ar a haon dhéag a
chlog; an tAthair Pádraig Ua Duinnín in' Uachtarán. Do léigheadh an
iomarbháidh filidheachta a thárla idir Phádraig Ó Chruadhlaoich ("Gaol na
nGaedheal") agus "Tórna." Do léigh Piaras Béaslaoi aitheasc ann.
Do léigh Riseárd Ó Foghludha ("Fiachra Éilgeach") gearra-chunntus ar
"Fhilí Chorcaighe." Tá an dá aitheasc soin i gcló sa leabhar so.
Do deineadh a thuilleadh cainnte i dtaobh cumainn fé leith a chur ar
bun i measc na bhfilidh. B'é tuairim láidir gach éinne go ndéanfadh
cumann den tsórd soin a lán maitheasa, agus ó thárla na filidhe i
bhfochair a chéile agus an chaoi aca ar an gceangal a chur ortha féin, nár
mhiste dhóibh an gnó soin a chur i gcrích.
Do thairg an Dochtúir Ó Luingsigh mar rún: "Go gcuirtar cumann ar
bun i measc na bhfilidhe is na ndaoine chuireann suim i bhfilidheacht; agus
gurab é leathchoróin an díolaidheacht i lugha i n-aghaidh na bliadhna ó gach
dalta den chumann."
Do chuir Riseárd Ó Foghludha leis an rún agus do glacadh leis d'aon-
ghuth.
Do deineadh Uachtarán den Athair Pádraig Ua Duinnín; do deineadh
Cisteóir den Dochtúir Ó Luingsigh; do deineadh Reachtaire den Athair
Cathaoir Ó Bréandáin; do deineadh Scríbhneóir de Thadhg Ó Donnchadha.
Furmhór na ndaoine bhí láithreach chuireadar a n-ainmneacha isteach agus
dhíoladar a gcion bliadhna leis an gcumann.
Bhí an tríomhadh cruinniughadh ar siubhal i dTigh na Cathrach i gCorcaigh
Dia Céadaoin, an naomhadh lá déag, agus bailiughadh mór daoine ann.
An tUachtarán, .i. an tAthair Pádraig Ua Duinnín, is é a bhí i n-a cheann
comhairle againn. Do chuir sé fáilte roimh an Athair Peadar Ó Laoghaire,
ar a chéad-theacht i n-ár ndáil, agus adubhairt gur mhór an misneach do
chuir an tAthair Peadar air fhéinidh nuair a bhí sé ag obair roinnt bhliadhanta
óchoin ar shaothar Aodhgáin Uí Rathaille, le n-a dheagh-chomhairle is le n-a
ghríosughadh.
D'admhuigh an tAthair Peadar gur mar sin a bhí, acht nár lugha ná san an
meisneach a ráinig dó féin ó obair an Athar Pádraig ar cheapadóireacht
na bhfilidhe Gaedhilge, mar is aca súd a bhí cruinn-eólus ar an dteangain,
is ní raibh lúb ar lár i n-a gcuid cainnte, agus dá bhrígh sin ní bheadh
baoghal dearmhad orainn dá leanfimís a rian súd.
Do léigheadh annsan roinnt iarrachtaí seannda is do rinneadh trácht
ortha, go mór-mhór ceann nó dhó ag tagairt do Chaisleán Ó Liatháin mar
a bhfuil an tAthair Peadar i n-a shagart paróiste indiú.
Chualamair cainnteanna ó Sheán Ó Ceallaigh ("Sceilg"), Riseárd
Ó Foghludha ("Fiachra Éilgeach"), is ó n-a lán eile ar a raibh déanta le
trí lá ar ár gcruinnighthibh, agus gach n-aon do labhair bhí sé lán-tsásta,
go háirithe i dtaobh gur cuireadh an Cumann ar seól.
Chuir ochtar eile isteach a n-ainmneacha is a síntiúsaí airgid chun an
sparánuidhe agus do scaipeamair go cionn bliadhna eile.
FILIDHE NA MUMHAN.
[Ag seo an óráid a thug an tAtháir Pádraig Ua Duinnín uaidh:-]
A Éigse na Mumhan, dé bhar mbeatha. Is fada nár tháinig sluagh na
hÉigse le chéile sa Mhumhain. Cuireann an sluagh chím ós mo chomhair
annso indiu i gcuimhne dham na sluaighte thagadh le chéile san tsean-
aimsir chum bheith ag éisteacht le hamhránaibh Sheáin Chláraigh is Sheáin Uí
Thuama is Phiarais Mhic Gearailt. Is chum leanamhaint den obair a
bhíodh dá déanamh ag na mórfhilidhibh sin, is chum milseacht ar bhfilidheacht
dúthchais do mhúscailt sa Mhumhain agus ar fuaid Éireann, is chum mis-
neach do chur ar éigsibh an lae indiu, atáimíd bailighthe annso i gcathair
ghil Chorcaighe, i bpríomhchathair na Mumhan, mar a mbíodh trácht is tais-
teal na bhfileadh le linn cruadhtain is anbhruide na nGaedheal.
Ní náire ná masladh dhúinn leanamhaint d'obair na sean-éigse. Tá trí
céad bliadhan anois ann ó chúm an Céitinneach an laoi darab tosach:-
"Óm sceol ar árdmhaigh Fáil ní chodlaim oidhche,"
agus ón lá soin go dtí an lá indiu ní raibh file ná fáidh sa Mhumhain nár
thrácht 'n-a laoithibh ar andlighthibh is ar anbhruid na hÉireann.
Is minic a léightear stair ar fhilidhibh na Mumhan; is minic daoine ag
trácht ortha, is gan eolas ar an gceist aca. Duine do chuir spéis i n-a
thír dúthchais do b'eadh an file Muimhneach, duine go raibh cion a anama
aige ar mhuinntir a dhuthaighe féin, is nár ghreannuigh an Ghalldacht ná an
t-iasacht, is do chlaoidh le nósaibh is le béasaibh a shinnsear. Duine do
b'eadh é, leis, do scrúduigh seanchus na hÉireann. Cibé eolas a bhí ag
Muimhneachaibh ar feadh na gcéadta bliadhan ar stair na hÉireann, ar
shean-scéaltaibh na hÉireann, ar imtheachtaibh a ríogh is a curadh, is de bhárr
saothair na bhfileadh do bhí an t-eolas soin aca. Do chuir binneas is
milseacht na n-amhrán do cheap ar bhfilidhe ceol i gcroidhe na ndaoine;
do chuireadar bród is áthas ar an aos óg. An té thiubhradh fé ndeara
líon tíghe de Ghaedhilgeoiridhibh ag éisteacht le hamhránuidhe is é ag canadh
aislinge éigin do chúm Eoghan Ruadh, abair "Mo léan le luadh is m'ath-
tuirse," nó "Ag taisteal na Blárnan," agus thiubhradh fá ndeara an
t-uaigneas, an dólás croidhe, an t-áthas, an fhearg, an bhuile do ghabhann
i ndiaidh a chéile an líon tighe sin, an té thiubhradh sin uile fá ndeara,
thuigfeadh sé gur bh'é saothar na bhfileadh do bhuanuigh tréithe na nGaedheal
sa Mhumhain, is do choimeád sruth na Galldachta ón ndoras againn. Má
tá anam is spioraid i n-ógGhaedhealaibh an lae indiu, má's rud é go
bhfuilid ag casadh ar dheaghnósaibh a sean, is go bhfuilid ag cur suime 'n-a
dteangain dúthchais is 'n-a litridheacht dúthchais, bíodh a bhuidheachas soin ar
na filidhibh Gaedhealacha agus ar fhilidhibh na Mumhan go sonnradhach.
Bíodh gur mó an cháil atá ar fhilidhibh áirithe do geineadh i n-allód i
dtíorthaibh tar lear; bíodh nár rugadh sa Mhumhain le trí chéad bliadhan
aon Homerus ná Virgilius, ná fós aon Dante ná aon Moliére, ní fhágann
soin ná gur cheart dúinn spéis do chur sna filidhibh do chuir Dia chughainn,
a gcáil do leathadh agus a lorg do leanmhaint. Acht cé gur mó í cáil na
mórfhileadh do geineadh i dtíorthaibh áirithe tar lear, níor sáruigheadh
riamh ar bhfilidhe-na, filidhe na Mumhan, ar cheol is ar bhinneas. Níor
sáruigheadh riamh iad ar a ndílseacht dá dtír dúthchais ní hamháin le linn
a séin is a sonais acht le linn a cruadhtain is a cruadhcháis, nuair a bhí sí
fá bhráca na hanbhruide, nuair —
"Ba fliuch a gruadh go buan le déaraibh,
Gruag a mullaigh ag tuitim 'n-a tréan-ruith,
Srothanna fola as a roscaibh go caobach,
A haghaidh ar snuadh an dubhghuail le chéile."
Is iad filidhe na Mumhan do choimeád an spioraid agus an t-anam
ionainn le linn na buaidheartha agus na hanbhruide do bhíodh ag urdhubhadh
ar dtír dúthchais
"Ó lom an cuireata cluithche ar an rígh choróinneach,"
nuair a bhíomar
"Ag Gallaibh dár gcrádh ón lá do cailleadh an Bhóinn.
B'é an file solas na nGaedheal i ndorchardas; b'é a neart is a dteannta
é; b'é a gcroidhe is a n-anam é; b'é díon a dteach le linn na fearthana
é; b'é a gcloidheamh chum réabtha é;
"B'é a mbarc 's a mbád 's a n-áthrach séin é,
A leomhan a seabhac a gceann 'sa bhféinnidh,
A lonnradh solais i ndorchadas sléibhe,
A dtriath ceart 's a meas tar Éirinn."
Is le hamhránaibh ma bhfileadh do chuireadh an dream a tháinig rómhainn
an leanbh do chodladh. Is le ceol na bhfileadh do choimeádaidís an t-uaig-
neas uatha féin ar dhruim na sléibhte. Is le saothar na bhfileadh do
choimeádadar foighne Dé n-a gcroidhe ag brath ar aiséirghe a dtíre ó bhás
na hanbhfainne is na hanbhruide.
Cad is gábhadh dham ainmeacha na bhfileadh so do luadhadh?
Do shroich dánta na mórfhileadh gach áird den Mhumhain; cé go raibh
ball fá leith ag gach file aca 'n-a theannta soin.
Do scaip an Céitinneach an dorchadas ó chlár Mumhan ar fad.
Do leath ceol Dháithi Uí Bhruadair ó luimneach go Corcaigh.
Do bhí "Aodhagán éigeas iarthair Fáil," ag fuineadh a chroidhe 'n-a laoidh-
thibh ar fuaid Sléibhe luachra.
Do bhí an tAthair Eoghan Ua Caoimh agus Seán geal Clárach ag déanamh
tuair is tarngaireachta agus ag cur mheisnigh i gcroidhe na nGaedheal i
Ráith Luirc agus i nDún ar Aill.
Do bhí "Filidhe na Máighe" — Seán Ua Tuama agus an Mangaire
Súgach, agus an chuid eile — ag déanamh ghrinn is scléipe cois Máighe na
méithbhreac agus i gCroma an tSughchais.
Bhí Seán na Ráithíneach agus an tAthair Uilliam Inglis is Éadbhard de
Nógla is Uilliam an Dúna is Uilliam Ruadh is Éamonn de Bhál is Piaras
Mac Gearailt, is "tuilleadh ná tigeann liom d'áireamh" ag cur ceoil
dúthchais mar inneach lé bréithribh Gaedhilge le hais chathrach Chorcaighe.
Bhí Tadhg Gaedhealach agus Donnchadh Ruadh agus sluagh binn eile ag
coimeád an anma i muinntir na nDéise,
Bhí Aindrias Mac Cruitín, Aodh Mac Cruitín agus Brian Mac Giolla
Meidhre agus Micheál Cuimín agus gasradh de bhinnfhilidhibh nach iad ag
cur meidhre is áthais ar mhuinntir an Chláir.
Bhí Piaras Feirritéir agus Séafradh an Ghleanna agus a lán eile
d'fhilidhibh groidhe ag spreagadh cheoil "ar bhruachaibh locha léin" is i measc
sléibhte is gleann Chiarraidhe an ghrinn.
Do hoileadh Eoghan Ruadh ar Sliabh Luachra acht b'fhada ó bhaile a thrácht
is a thaisteal. Bhíodh sé "ag taisteal na Blárnan" nó ag siubhal
"Cois na Siuire maidean drúchta is é támhach lag faon."
'N-a ndiaidh-san uile d'airigheadh guth Fhinghin Uí Scannaill i gCill
Áirne, agus guth Mhichíl Uí Longáin i gCorcaigh, agus guth Sheain Uí Choileáin
i nIarthar Chorcaighe, agus binnghuth Shéamais Uí Chaoindhealbháin i nIarthar
luimnigh.
'N-a ndiaidh-san arís d'airigheadh ceol ó Dhonnchadh Ua Scannaill, ó
Sheán Mac Peadair, ó Thomás Ruadh, ó Phádraig Conndún; agus tá a lán
d'fhilidhibh binne annso indiu, agus cloisfear ceol uatha ar ball, i dtreo
nár múchadh riamh ceol na bhfileadh sa Mhumhain; agus le congnamh Dé ní
múchfar an ceol soin go bráth na breithe.
Acht 'n-a dhiaidh sin le breis is céad bliadhan ní raibh puinn den cheol
soin ann. Ní raibh acht file aonair annso is annsúd, agus ní bhíodh
toradh ar a ghlór; ní bhíodh toradh ar ghreann ná ar aiteas na ndán
dúthchais; agus dá dheascaibh sin is beag an iongnadh gur doirteadh an
donas orainn; is beag an iongnadh go ndeachaidh an spioraid Ghaedhealach
i bhfuaire 'n-ar gcroidhe; is beag an iongnadh mío-áth orainn
Ó bhalbhuigh cláirseach Chlár Luirc Éibhir,"
agus
"Gan dán dá ríomh le haiteas,
Gan ráidhte grinn dá n-aithris,
Gan sámhchruit bhinn dá spreagadh
I mbanbhrogaibh réidhe."
Is beag an iongnadh gur ghabh lagmhisneach ar gcine; is beag an iongnadh
gur
"Chailleadar Gaedhil a dtréithe caoin córach,
Carthannacht féile béasa is binncheolta:"
Is beag an iongnadh go ndeachaidh an spioraid agus an t-anam i laige
ionainn agus gur bh'ar éigin d'aithneochaidhe sinn tar shliocht na nGall le
linn na haimsire sin.
Do leigeamar uainn le faillighe ceol is binneas ar bhfileadh. Bhí a
leabhair ag dreoghadh agus na luchaigh dá gcreimeadh. Níor thuig Gaedhil
na ré sin focal dá saothar.
"D'aithle na bhfileadh dár ionnmhas éigse is iúl,
Is mairg do chonnairc an chinneamhain d'éirigh dúinn,
A leabhair ag tuitim i leimhe 's ag léitheadh i gcúil,
'S ag macaibh na druinge gan siolla dá séadaibh rúin."
Dia is Muire linn, is fada bhí
"Clódh Gaoidhilge ar feodh sínte re sealad go táir,
Stró buidhne mórchoimhthighe dá treascairt gach lá,
Reo scíosmhar is ceo líonmhar ar a maireadh den dáimh
Gan glór binnghuth ná óirfídeacht acht glamaireacht ghnáith."
Ní raibh againn fáiríor acht glafairneach Ghallabhéarla. Is leis an
nglafairnigh sin do hoileadh ar n-aos óg, agus ní hiongnadh méid a
ndonais dá dheascaibh sin!
"Gach lóimín 'n-a lóistín nuair chaitheadh a sháth,
Ar fóidín ar stóilín nó ar stana bheag chláir,
Is beodha bhíodh mar gheoin laoich ag gliogar gan adhbhacht,
Gan mórshuim i gceol chaoin ná i mbeatha na bhfáidh,"
Níor fhan ceol ná filidheacht ag Gaedhealaibh,
"Ní raibh tathac 'n-a bhfriotal ná binneas 'n-a ndán
Bhí cuisle na dáimhe tráighte aca, is feas."
I lár na naomhadh haoise déag tugadh iarracht ar na filidhe do bhailiughadh
le cheile agus misneach do chur ortha agus ar gceol dúthchais do saothrughadh.
Ag seo litir do seoladh chum sluaigh na héigse an tráth soin:
Acht ní raibh aon toradh ar litir Swanton, cé gur dhein sé a dhícheall.
Do b'é toil Dé, ámhthach, go dtáinig atharrughadh ar an saoghal i ndeireadh
na haoise sin, sar a raibh an léirscrios ar fad déanta ar ar dteangain
dúthchais, sar a raibh leabhair na bhfileadh ar fad millte creimthe ag
luchaibh, nó dreoighte i gcúilibh sa Mhumhain.
Do chrom Gaedhil ar obair aithbheoidhte a dteangan. Do cuireadh mór-
chuid Gaedhilge i gclódh. Do cuireadh i gclódh saothar na bhfileadh, nó cuid
mhaith dhe. Do cloistí amhráin Aodhagháin is Eoghain Ruaidh, is Dhonnchaidh
Ruaidh is Sheain Chláraigh is Sheain na Ráithíneach is Sheain Uí Thuama i
mbéal ar n-aosa óig.
Tá an lá ag breacadh orainn le tamall. Níor thréig na filidhe ar fad
sinn. D'fhan fo-dhuine aca annso is annsúd ag feitheamh le gealadh an
lae fá mar d'fhan fáidhe is lucht tarngaireachta i n-allód nuair a bhí an
tóir ar an mullach aca. Agus seo annso indiu sinn chum obair saoth-
ruighthe na filidheachta do chur i gcóir is i gcrích. Bhailigheamar annso
chum cromtha ar an obair sin díreach mar ar scuir Seán Clárach is Seán
Ua Tuama dhi.
Tá céad go leith bliadhan ann ó thug Seán Ua Tuama an coire seo
d'fhilidhibh na Mumhan; an bhliadhain díreach i n-ar cuireadh Seán Clárach
do b'eadh é:-
A ghasradh fhial ghrianda do b'úire uair,
Is gach leanbh don mhian iaidhfeas le hiúl na nduan,
Ag scanadh gach rian riaghla is gach dú ircheist chruaidh
Tagaidh go dian d'iarracht ar Chúirt na Suadh.
Tugadh coire dá leithéid sin d'fhilidhibh an lae indiu is don bhuidhin chuireas
suim i bhfilidhibh is i bhfilidheacht, agus dá bhrígh sin féach an sluagh ceolmhar
atá im thimcheall indiu.
Cuirim-se féin fáilte ó chroidhe rompa:
A ghasradh den aradfhuil 's a chrú na bhfáidh,
Cé fada sibh fá mhasladh dhubh 's fá smúit go tláith,
Beidh feasta anois má mhairimíd bhar gclú 's bhar gcáil
'N-a lasair thiugh ag leathanruith fán Mhumhain go bráth.
Ó's sleachta sibh den aicme-sin dár dhúthchas dáin
Do chasadh tiugh le meadaracht glan ciuil go sámh,
Ná dearmadaidh na ranna binne 'mhuscailt slán
As teanga mhilis Aimhirgin nár bh'umhal do námhaid.
Gach calmshaoi do chanas laoi le fonn is adhbhatht,
'S chuir anashuim i dteanga Ghaoidhil nár mhúch an bás,
Radadh síos chughainn aiste ghrinn gan dúire ar clár,
gheobhaidh gradam síor ó reachtairidhibh na Cúirte i dtráth.
NA BREAGÁIN.*
"Oisín," cct.
Fonn: "An Cailín deas donn."
Féach an bréagán, téad trí n-a éadan —
Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
Tarraing an téad agus seo é ag léimrigh;
Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.
Ní'l sa duine acht bréagán leinbh —
Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
Ní túisce thuiteann ná siúd é briste;
Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.
An Seán so againne, íochtar na cloinne —
Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
Seo é ar mire i ndiaidh gach toice,
Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.
Tadhg an chroidhe shubhaigh, má tugtar air súd —
Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
Seo, a bhean bhúidh, tabhair cárt eile chughainn,
Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.
Féach an sagart agus deabhadh air chun Aifrinn —
Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
Do cheapas gur bh'fhada uainn cuaird an easbuig,
Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.
Ní taise dham féin, 'om tharrac mar aon —
Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
Cá bhfuil an téad? Tá a fhios ag Sinéid,
Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.
Óró, corruigh í, bog leat is corruigh í,
Óró corruigh an teine bhreágh bhuidhe;
Óró, corruigh í, bog leat is corruigh í,
Óró corruigh an teine bhreágh bhuidhe.
SCÉALA Ó RIBEÁRD BHELDON.
"Thimcheall an bhliadhain 1856, nuair ba lag an mheas a bhí ar na
nGaedhilg, bhínn-se ag cumadh amhráintíbh den tsaghas so leanas, ag
déanamh caitheamh aimsire do sna daoine ionnta, de réir mar a thuiteadh
aistíbh sultmhara amach — agus mar siúd de — ag coimeád na Gaedhilge
beó i measg na ndaoine agus á cur i bhfeidhm.
Déanaídh-se bhur scair féin den obair anois; tá mo ucht-sa thart: acht
amháin gur aoibhinn suairc liom a bheith ag breathnughadh ar bhur n-obair
ag borradh ag fás is ag dul i dtalamh i measc na ndaoine — sé sin má's
i measc na ndaoine thá sí ag borradh is ag blabhscughadh.
Sé fios fáth eachtra an amhráin seo acht mar seo: I dtigh Phádraig
Uí Chiarghusa, i mBaile Bheaidh le hais Phortláigh bhíos ag tuilleamh mo
pháidh lae. Bhí ón gCumarach leis ann n-a seirbhísigh, Máire Ní Mheachair,
Páid leathan, Brighid Ní Ghearailt, Inghean an Bharraigh. Ba mhaith leis
an gCiarghusach muinntir ón gCumarach a bheith aige mar sheirbhísigh, mar
bhíodar cneasta cúramach, aireach thimcheall a ghnó seochas daoine na
háite. Acht tháinig táilliúir dar bh'ainm Peadar — Peadar na Gruaige
ghlaodhtaoi air — ag obair ar feadh seachtmhaine nó coigthighis sa tigh;
agus pé cúis a bhíodh ag an mbrasaire ró-chainnteach tailliúra so leis,
ní théidheadh lag air acht a d'iarraidh magadh dhéanamh fé mhuinntir an
Chumaraigh a bhí ann, ag rádh "Seana-phobal," is mar sin leó, mar 'dheadh
go rabhadar fiadhain mí-shnasta mar bhraith sé iascairí na Rinne bheith.
Ar shon nár bh'fhiú leó aon aire thabhairt ar an spreallaire de ghligín
táilliúra, n-a dhiaidh-san is eile bhí cuid aca ag teacht roinnt bréan de.
Agus mar sin de, bhí Máire Ní Mheachair ag baint na srathrach, lá sa
mhacha, den asal, nuair cia bhuailfeadh chúichi acht mo tháilliúir ag cur
stróbh uirthi mar ba ghnáthach leis; acht níor dhein mo Mháire acht casadh a
bhaint as an tsrathair a bhí ina láimh aici, agus é phléascadh sa chionn leis,
ag déanamh fuarpa san asair aitinn bhí sa láthair sin de.
Um thráthnóna, nuair a chualaidh Ribeárd cad do thuit amach do ghaibh a
gheangháire air. Ba ghreannamhar leis an aiste. Mhol sé Máire; agus
dubhairt, an táilliúir a leigint fé fhéin anois, is go gcuirfeadh sé deireadh
le n-a ghliogaireacht; agus do rin mar leanas:
Peadar na gruaige.
Fonn: "Gan síoda it Bhalait."
A chomhursain na gcarad, éistidh liom sealad
Go léighfead mo cheacht fé nbhur dtuairim
I dtaobh Mháire Ní Mheachair, an fhinni(r)bhean mhaiseach,
Mar a threascair sí Peadar na Gruaige.
Níor chuaird in' aistear í cuaird an bhrasaire
Ag fógairt catha ar mo stuaire;
De réir mar a mheasaim ó bhaisteadh air Peadar
A leithéid eile dhe phlaba ní fhuair sé.
Gan síoda n-a bhalait,
Acht píosa dhen tsrathair
Thug Máire Ní Mheachair sa chluais dó,
I gceartlár an mhachaidh do chuadar chun catha;
Ba ró-gheárr a sheasuigh mo bhuachaill,
Nuair a baineadh as leagaint le siollsa dhen tsrathair,
Rin fuarpa san asair go luath dhe.
Bhí inghean an Bharraigh is Brighid ní Ghearailt
Is thuilleadh n-a dtaca ná luadhfad,
Uisce aca á tharraint as tobar na sceatha
Á chimilt le basaibh dá ghruadhnaibh.
Gan síoda n-a bhalait, agus rl.
Sé bhreóidh an grabaire is chuir é gan mhaise,
Nuair tháinig an ainnir adtuaidh air
Le droichead na srathrach ar an gcorreasna;
B'fhuirist a mheas go raibh buaidhte air.
Sé dubhairt Páid leathan é thógaint n-a sheasamh,
'S gan a leigean don bhfalaire fuaradh,
É choinghbháilt n-a bheathaidh go dtiocfadh an sagart,
Go mba lag a bhí a chuisleanna ag bualadh,
Gan síoda n-a bhalait, agus rl.
Nuair a mhúscluigheadh Peadar do bhog sé chun reatha,
Gan féachaint ar ais thar a ghualainn;
Níor fhág sé geata ar fhuarchus an bhaile
Gan preabadh thairis le fualthan;
Bhí mná agus fearaibh ar bhóithribh n-a seasamh,
Gach n-aon aca ag déanadh drochthuar do:
Go n-imtheóghadh le gealthaigh n-a gheilt i gcionn faille,
Is ná fuighfaidhe go maidin a thuairisc.
Gan síoda n-a bhalait, agus rl.
Ba scannradh le hamharc, 's gan fagháil ar é cheangal,
A shamhailt de phreabaire ag gluaiseacht,
Cubhar le n-a dhranna, is a shúile ba lasta,
'S gan snáithe dhen hata ar a ghuaireach.
A thailliúir na maige, má's i ndán duit casadh,
Seachain do thaisteal ar tuathal;
Fain insan mbaile ag fuagháil is ag gearradh,
Nó cíorfaidh Malaí do chuachaibh.
Gan síoda n-a bhalait, agus rl.
CEANGAL:
Glac uaim mo theagasc: bíodh ciall agat feasta,
Is ná bí it ghaige ró-shuarach;
Fill ar do hata, buail é ar do bhathus,
Is ná bíodh do charaid ar buaireamh.
Is, a Mháire ní Mheacair, mo ghuidhe dhuit gach maidin;
Do dhá láimh nár chaillidh an luadar;
Is tu chóireóghadh gan mhairg, gan córacha catha,
An fleascach go tapaidh gan dualgus.
'S gan síoda n-a bhalait, agus rl.
Síoda go fairsing go raibh in do bhalait,
Is laetheanta geala fé shuairceas;
Giorta in do shrathair — badh mhaith í i gcaismirt —
Má chuirfaidhe le fearg místuaim ort;
Gach am is gach aga, má castar leat Peadar,
Ná bhí leis ag bladar, acht buail é;
Ba shuarach é a ghaisce, badh chóir dam gabháil thairis,
Scéithfead gach alt mar a fuaireas:
Go raibh Máire á ghreadadh
Sa phlaosc leis an tsrathair
Gur bhain sí macalla as a chluasaibh.
Clanna Mumhan.
"Dhá Chích Dhanann," cct.
A Chlanna Mumhan ghil ionnraic aoil,
Pé treabh nó triúch, pé dúth' as díbh;
Ar scaip an búr anonn tar tuinn,
'S a maireann dínn i bhFódla.
A Chlann nach fonn libh crúb Seáin Bhuidhe —
An deamhan — gan diúltha, d'iomchar choidhch';
A dhream do b'umhal le cúlaibh claidhimh,
'Nis gabhaidh tríom-sa comhairle.
An mhaicne chródha, chomhachtach, ghroidhe
Do sheas ar bórd, do sheol le gaoith,
'S nár stad go deó, de ló ná d'oidhch'
Go ndearcadh Baoi thar bóchna.
Ar thalamh leó 'gus thóg an tír
le fearta gleoidh, le comhrac faoibhir:
An ghasra ghlórmhar — cómhlucht Ír —
Sin eascur cruinn na leómhan úd.
Ba rathmhar, ciallmhar, fial an dlighe
Do lean a dtriall ag riaradh críoch
Na Banban iathghlais riamh go dtí
Gur phreab thar taoide crón-phuic.
Thuit scamall ciachmhar, ciar, le linn
A dteacht — na diabhail — go hiathaibh Chuinn;
Tig creach is diachair, ciapadh is caoi;
Tig dalladh, daoirse is brón dubh,
Bhí triatha Fáil dá gcrádh 's dá gclaoidhe,
'S ba shiamsach, sámh lucht fátha 'n díth;
Cér chian a lá, 's dá bhreághtha bhí,
'n-a dhiaidh tig buidhe-thráthnóna.
Tá Dia na ndúl ós cionn gach nídh,
'S is dian a scrúdfaidh Súd an tslighe,
'Gus iarrfaidh dúnadh cunntais faoi
Gach pian i slighe an éagcóra.
Tar sáil an chuingir, sí an ithir Ghaoidhil;
I lár na bruide bhris an chuing;
Sin bráca an daille dhuibh díomhaoin
Is tá gan chríoch an gnó úd,
Dir mhagh 'gus mhuir, dir thigh is tigheas
Is geárr gur linn gan bhaint, gan chíos,
'S an t-ál do choinghibh sinn-na síos
Gan grán dá síol sa chóig seo.
A fhir nách fann i n-am an bhruighin,
Imthigh let lann i gceann an bhuidhin
A chuirfidh an gall ar ball thar linn —
De chuisle Mhíle a bpór-san.
Ná glac mar shamhail le feabhas do ghnímh
An fear úd thall ar dhrom an chlaidhe
Ní cara teann, 's ní namhaid 'n-a chroidhe
Acht spreas gan bhrígh é 'n sórd san.
Sin treasa dlúth den Mhumhainfhuil aoird —
San áit is tiugha dhen túrnadh bhíd —
'S is dána dúr a siubhal mar chíd
Gur "Teanga is Tír" a seóid as
Má tá sa Chúig seo triúr, acht níl,
Gur feárr leó clú náisiúin a dhíol,
Mo rádh-sa riú, gach triú bhocht díobh:
Ná tárlaidís n-ár mbóthar.
A Chláir ghil Mhumhan, a lonnradh fhír
Do thaitn tré mhúrthaí dubha an tsaoighil.
An cháil, do shiubhail thar tonn is d'fhill,
Nár fhágaidh sí go deó thu.
Tá'n cheannrach lobhtha — so le haois —
Dir cheann is cos, sin sos dod bhaíll;
Tá'n slabhra crosta croithte dhíot,
'S ót bhrannra scaoilte an córda.
'Riú, cá bhfuil abha mar abha na laoi,
Chomh sámh, chomh seamhrach, seang, n-a luighe
I n-áileacht gleann, is crann, is craoibh
Ón tráth éirigheann go Cóbh dhí?
Nó, cá bhfuil cnoc mar chnoc na Cích',
Chomh hálainn cruth, chomh sruthair-bhinn;
Go cárthanntiugh, go n-iomad fraoigh;
Ó bhárr a cinn go córach?
Níl macha méith, ná gaorthadh mín,
Níl leathanréidh, níl caol ná coill,
Níl barra sléibhe, ná maolchnoc caoin
Go léin-loch ghlinn, ghrion-órdha.
Nách linn go léir, is lé n-ár gcloinn-
Is linn-na Éire fhéin gan fuigheall —
An fonn do shaothruigh Gaedhil le claidheamh
An mbainfar díobh gan chomhrac?
A Chlannaibh áigh, a bhláth na nGaedheal,
Ná scaraidh lámh le Gráinne Mhaol;
Ná labhradh cách a bárr a mbéil
Acht teanga ghlé ár mór-fhear;
Is creideamh ársa Phádraig naomh,
Ná ceiltear á! ná táradh aon;
Bítear cáirdeach, páirteach, tréan.
Díreach, daond', deaghchomhursach.
AN FÁNUIDHE.
"Dhá Chích Dhanann," cct.
Fonn: "Seán Buidhe."
Áirimh a naedéag gan easnamh de chéadaibh,
N-a bhárr-san a sé cuir go sár-chruinn,
Sin dáta an scéil, ó bhliadhain Páise an Éinmhic,
A thárla dham éisteacht ghá lán-ríomh:
I lár Bhaile an Aonaigh i n-árus beag aoltha
Tá Seán geal Mac Éibhir an ceárduidhe,
'S gan neach den treibh dhaonna in' aice dhá chaomhnadh
Acht mada go nglaodhann sé air "Fánuidhe."
Tá ainm an Ghaedhil úd ón nGaillimh go Béarra
'S is feas do gach aon fhear a cháilidheacht,
A ghradam don Ghaedhilg, a tharcuisne ar Bhéarla
Do fásadh le claonbheart i gClár Ír.
Sa Mhárta, nuair a léigtar, ar áis nó ar éigean,
A madraíbh Éireann an cháin síos,
Deir Seán: "Sar is déadhnach is feárr dul ag réidhteach
Na cána so ag glaodhach ort, a "Fhánuidhe."
Seo leis ar séide go hoifig an chléirigh —
An bodaire baoth leamh de tháirshíol
Na bhfolachon gcraosach, do chroch is do chéas sinn
D'éis Cromail dár n-éirleach le láimh fhill.
"This canine possession, describe him," ar seisean,
"His dye and his sex and his — aw — bweed.
Those items in question, a license doth mention;
Besides you must tell his —" ar Seán, "creed?"
"Tá uachtar an réice úd go cluasaibh ar dhaoldath,
'S anuas leis práisléad fé n-a bhrághaid buidhe;
Do suaitheadh a thréadfhuil le buac na gcon n-éachtach
Do ghluaiseadh fan taobh is le sáil Fhinn;
D'éis fuaradh do Phoébus, le fuath bheith in' aonar do,
Cuardann thar sléibhte 's tar fánlaí,
'S d'éis bualadh chugham féin do go buartha is léir
Cadé tuairim gach n-aon i dtaobh Fhánuidhe!"
"By Jingo!" ar san Cléireach, "ní thuigim tu i n-éanchor;
Muna ndeinir i mBéarla comhrádh bríghe,
Ní chuirfead-sa séala an ríogh ar pháipéar duit,
Is tuillfidh tú déine na gnáithdhlighe."
"Gheobhair uaim mar is méin liom leórthuairisc i nGaedhilg
Le luadh n-a pháipéar don choileán groidhe;
Muna dtógair dá réir sin gach comhartha is gach tréith
Ní bhfuighir feóirling let shaoghal as an bhFánuidhe."
Lá de sna laethibh a tháinig n-a dhéidh sin
Is Seán geal go scléipeach ag ceárduidheacht —
Bhí gáirdeachus cléibh air de dheascaibh an scéil
Go bhfuil fáscadh dhen téid curtha ar Sheán Buidhe;
Do airigh sé géarsceamh ón madra, fé mar
Is gnáth leis ar straére ghníonn dánaidheacht;
Ag ceann tighe Mhic Éibhir bhí amhus de phíléir dhubh
Ghá theanntughadh go tréan ag an bhFánuidhe.
"Is mar sin gan bréag é, 's ní nár línn."
Dir ordóig is mhéaraibh do tógadh is léigheadh do
Dianfhógradh soiléir dul i ndáil dlighe;,
'S i meadhón geal an lae sin os comhair lucht na pléidhe leis,
'S ar seól-shodar taobh leis bhí Fánuidhe.
Do bhíodar annsúd lucht na dlighe do mhionscrúdadh
Go dígeanta dúr le n-a málaí;
Ar bhínse os a gcionn do bhí buidhean de ghallbhúraibh
Ó, míle ciorrbhadh ortha — n-a sámhshuidhe.
"A chléirigh na cúirte, anois glaéidh ar an gcúis seo
Mhic Éibhir a dhiúltann do cháin d'íoc.
An té sin is cionntach an méid sin n-a chunntuis
'Nis téidheadh go príosún go ceann dá mhí.
Mar' ndíolaidh leathchróin gheal gan mhoill as a mhórchoin
Go ciste coróinneach Edbhárd, Rí,
Filleadh sé córda mórthimcheall a sceólmhuigh
Is ídeadh go cóir é ó bhárr craínn."
"Fiú leathphine 'em stór-sa má fhágann mo phóca
'S má thachtaim go deó é, an lámh dhíom;
Níor bh'annamh an córda ghá chasadh ar an scórnaigh
'S ar mhalairt do shórd-sa, a Fhánuidhe.
Níor bh'annamh go dreólach sinn caithte ar an mbóthar
'S an sladaire ag dóghadh an bhótháin tighe;
Do b'fhada dhá scóladh i gcarcair an chróinphuic
M'athair-se romham, is ba chrádh croidhe;
Acht teanga na Fódla fé tharcuisne ag cóbaigh
Sin masla ná leomhthainn dir tháin díobh,
'S ní fheicfid siad beó, acht sa bhfriotal is eól dam,
Oiread is cianóg as an bhFánuidhe."
CUAIRD AR THEAMHAIR.
Tórna, cct.
A Dhomhnaill ghrádhaigh, a bhláith na seabhac
NGruagach ngárdach mbárrchas mblasta,
Ó gheibhim lem thaobh thú i mBréagh na mbeannacht
Téanam ort indiu go Teamhair.
Chífir radharc is greadhnach greanta:
Bóithre breághtha is mágh mhaith fhairsing;
Tighthe saetha ar thaobh gach bealaigh;
Ba ar féar 's a laéigh n-a n-aice.
Féach it thimcheall coill fé chrannaibh,
Sliosach séanmhar craobhach cnapach;
Sceacha glé ar mhaolaibh clathach,
'S a mbarra ag trácht ó bhán go dearg.
Airighir glór seoch dórd do chapaill:
Crónán comhlághach ag beachaibh
Ag suirgheacht le scoithíníbh meala,
Ag foluamhain ag gluaiseacht 's ag casadh.
Siní an ghrian tuas go niamhshnuadhach ag faire
'S ag líonadh gach croidhe mhaith le haiteas;
Tá riabhachsmúid aniar chughainn ag tarraint,
Acht ní bhrisfidh sé indiu mar mheasaim.
An tír gheal so tríthi go ngabham
Tír í ná maoidhfidhear a samhail,
Tír gháireach tír áluinn tír ataill,
Tír mhéith do fuair craobh Inse Chathail.
D'éis na díleann san dtír seo bhí Ceasair
'S bantracht gan annsacht n-a farraidh;
Thug Párthalón 's a leoghain ann sealad,
Gur fhúig an phláigh iad tláith fé leacaibh.
Clanna Neimheadh gan cheilg gan chaime
Bhí a réim annso tréimhse 's a bhflaitheas;
D'fhásadar láidir fé airm,
'S do scéith ar fuaid Éireann a sleachta.
Tháinig Fir Bolg i gcothrom 's i gceannus
An mhachaire ghlé seo Bhréagha na n-ealtan;
Thugadar grádh dhó páirt is taitneamh
'S ba dhuine dá dtréantslógh a chéadthóg Teamhair
Is deimhin gur bhuadhadar Tuatha Dé Danann
Seilbh na máighe seo is cláir na Banban;
Tá rian a lámh is tásc a nAicill
Ó life go Bóinn 's ar bhórd na mara.
Tháinig n-a ndéidh sin Gaedhil n-a mbarcaibh,
'S ba ghearr go rabhadar go toghmhail fé rachmus;
Ba chaomh a riar, ba riaghalta a reachta,
Ba chríostamhail 's do b'fhíor-umhal a mbeatha.
Duine dhen bpór so, leógan lannach,
Laoghaire, ba thréanrí i dTeamhair
Nuair tháinig cughainn Pádraig mac Chalphruin
Chun creidimh is gníomha Chríost do theagasc.
Acht tugaim-se is tugair-se fé ndeara,
Dá fhaid a bhí Éire ag Gaedhil an cheana
Nár chuireadar féin le chéile i gceangal,
'S gur fhág soin sinn i gcuing ag gallaibh.
Ní chlaoidhfeadh dream ar domhan, is dearbh,
Fir Éireann ar aontoil 's a n-acmhuinn;
Mar fhiadhnaise dháilfinn lá Chluain Tairbh
Nar cuireadh an ruaig ar shluaightibh Danar.
Faigh lorg a mí-ghníomh fill trí Theamhair
Tá indiu n-a fásach scáinte scaithte:
An tuaith 's an chléir le chéile ag caismirt
D'fhúig brogh na réx n-a shéithleach dealbh.
Ca bhfuil Ráth na Ríogh is na míleadh b'fhearra
Mar a dtigeadh slóighte fó n-a dtreallamh,
Mar a bhfeictí éadaighe is péarlaí ar bhrataibh
Ríghthe cóigeadh — flós na bhflatha?
Ráth Chormaic, thugadh foithin gan mhairg,
Cá nheabhaidh a díon is íoghair a caiseal?
Tá abhlórd de neantógaibh glasa
Ina hionad ag fás is slánlus fairsing.
Cá ndeabhaidh an Forradh 's a chothrom fear gaisce?
Is Ráth Gráinne, gnáthárus na mbarrfhionn?
An Teach Míodhchuarta fíonchuachach fada,
Is na grianáin ba shiansánach seascair?
Sidé an áit n-a dtárla Teamhair,
Is ní'l le fagháil dá ráthaibh ratha
Acht cnapóga glasfheóir agus clasa
Ar a bhfásann fiadhaile fiaidhne is sceacha.
Ar an ndrom so tráth bhí scáth ón bhfearthainn
Ag ríghthibh 's ag buidheantaibh airm;
Tá indiu n-a maoilinn fhíorluim leathte
Is gaoth scéirdeamhail gach saesúir á feannadh.
Annso bhí comhnuidhe is lóistín sealad
Ag Cormac maith mac Airt fé cheannus,
Ag Tuathal nár thuathail n-a reachtaibh,
Ag Dáithí 's ag Niall Naoingiallach neartmhar.
Annso ba ghnáth i dtrácht 's i dtaisteal
Ríghthe agus ríogana cailce,
Maithe tuaithe is uaisle rachmuis,
Bochta Dé agus cléir na salm.
Mar a dtagadh Fionn mac Cumhaill 's a chatha
De churaidhibh glé na Féinne ar fleadhaibh,
Do-ghníodh báire idir tháintibh ar faithche
Scléip gan cheasnaidhe is gleacuidheacht airm.
Mar mbíodh báirseóirí is cláirseóirí ag spreagadh,
Ollamhain léighinn is éigse an aitis,
Geócaigh is óinmhide gasta,
Is cinn gach céirde b'aéirde gradam.
Mar mbíodh cúirtéirí, cúirtéis agus maitheamh,
Clagar ciúil is súgra leanbh,
Amhastrach con muighe is giollaí capaill;
Gá dtáim ris? Ba bhreágh dhon té mhair ann.
Siné an radharc is saidhbhre ar thalamh;
Féach ó thuaidh thar an uaimh — nach deas é:
Ithir aoibhinn choillteach mheasach,
Ón mBóinn go Móghdhurn maiseach?
Féach siar, cá bhfuightheá radharc do b'fearra
'Ná Midhe na méithe is Bréifne bharrfhionn?
Féach ó dheas, Magh nEalta lachta;
Is soir go muir ní'l locht ag neach air.
Samhluighim-se i n-éinmheidh Éire is Teamhair:
Bhí treó ar an ndís gan fuigheal gan easbhaidh
An fhaid do bhíodar síoch i gceangal;
Acht tá Banba féig ó tréigeadh Teamhair.
A Dhomhnaill óighe, chun bóthair as linn;
Ná téidheadh ár smaointí i bhfíoghraíbh leanna;
Ragham de scrabha go Domhnach Seachnaill
Go blaiseam chóir an chródhfhir Peadair.
An bhfeicfar choidhche arís i dTeamhair
Maithe Gaedheal le chéile ar seanaid,
Feis ar siubhal ann, túirling seabhac,
Is Éire ar a haontoil chun ratha?
FILÍ CHORCAIGHE.
B'éidir nár mhiste cur-síos beag do dhéanamh ar chuid de sna filíbh
Gaedhilge a bhain leis an gconntae mór-fhódach so Chorcaighe, agus go
háirithe leis an gcathair seo Chorcaighe mar a bhfuilimíd bailighthe indiu.
Is ar éigin a chreidfeadh duine go raibh na filí chomh líonmhar annso is
mar a bhíodar: níor shaoileas féin, go dtí go ndeachas ar thóir beagáin
feasa i n-a dtaobh, go rabhadar chomh tiugh ins gach éan-pháirt dhen gConn-
tae is mar a bhíodar, agus ní cuibhe ná cóir ná comhthrom dúinn a
gcuimhne do leogaint ar ceal andiu nuair atáid Gaedhil ag bíogadh is ag
cur roinnt spéise i ngníomhartha is i mbeartaibh is i ngnáith-chúrsaí a
sean is a sinsear.
Is fíor-shuarach a ndeárnadh go dtí a bhfuil le déadhnaighe, maidir le
cur-síos ar bheartaibh na nGaedhilgeóirí ba thábhachtaighe do frith san
dútha so, acht ní beag i n-aon-chor a ndeárnadh ar shiubhal na gcúig
mbliadhna so d'imthigh tharainn, ag ár nUachtarán annso, an tAthair
Pádraig Ó Duinnín. Go mairidh sé fé mhaise slán. Do oscail sé an
bheárna dhúinn nuair a chuir sé i nglan-chló dhen gcéad uair bhéarsaí
Aodhgáin Uí Rathaille, Eoghain Ruadh Uí Shúilleabháin, Sheáfra Uí Dhonnchadha
an Ghleanna, Phiarais Feiritéir, Sheáin Clárach MacDomhnaill is filí na
Máighe, agus an t-athchló de cheapadóireacht Thaidhg Ghaedhlaigh Uí Shúillea-
bháin. Ba bhreagh liom féin é do leanamhain den tsórt san oibre. Táthar
ag cabhrughadh leis anois — ní leogfar dó a bheith ag treabhadh i n-a aonar,
agus beidh cuideachta aige feasta. Féach sár-bheart Thórna ar an leabhar
áluinn úd, Seán Ó Murchadha na Ráithíneach, agus is feasach mé go bhfuil
iarrachtaí tábhachta eile aige dá dtabhairt chun deigh-chríche.
Agus an file b'fhearr ar fhilíbh na Mumhan, chomh fada lem thuairim, .i.,
Dáth Ó Bruadair, ó Uíbh Macoille, tá an tAthair Eóin Mac Giolla Éain
chun a chuid oibre do fhoillsiughadh fé tharmoinn Chumainn na dTéx
nGaedhilge gan ró-mhoill. Má tá go bhfuil éinne ná hadmhuigheann mór-
acmhuinn Uí Bhruadair san dán fanadh go dtí go mbeidh iomlán a shaothair
againn i dteannta a chéile, agus is féidir linn an scéal do phléidhe i
láthair na cúirte seo.
Ní bheidh uain agam den chor so, nídh nach iongnadh, acht chun beagán
d'fhilíbh na conntae seo d'ainmniughadh, gan trácht i n-éan-chor ar a
gcursaí saoghail ná ar a saothar sa bhfilidheacht — a bheag ná a mhór de. Má
théidheam ar aghaidh, gan stad, go cionn deich mbliadhna ó ndiu beidh
roinnt eólais againn ar chúrsaíbh na ndaoine seo a luaidhim annso síos.
Isé réim a leanaim ná eagar na bliadhna in ar éagadar:-
An tAthair Domhnall Ó Colmáin, .i., an té úd a cheap Parliament na
mBan, agus a bhí i n-a shagart paróiste ar Chnoc Rátha. I mbliadhain a
1670 thosnuig is do chríochnuigh an tsár-iarracht san.
1697. Dáth Ó Bruadair, ó Uíbh Macoille. Ní'l annso acht tuairim i
dtaobh na bliadhna i n-ar cailleadh é.
1712. An tAthair Eóin Baiste Mac Sleighne, Easpog Chorcaighe, Chluana
is Ruis. Do dhíbrigh Gallafóirne é as an gcathair seo i mbliadhain 1702,
taréis dó bheith chúig bhliadhna aca sa phríosún, agus do sheoladar an cuan
amach é i mbáidín beag suarach, acht tré ghrásta Dé do shrois sé tír san
bPóirtinghéil, mar a bhfuair sé bás naomhtha. Tá leabhartha Gaedhilge leis
ar marthain indiu, acht is fíor-bheag a bhfuil de thuairisc an tréin-fhir sin
le fagháil i n-a chathair dhúthchais. Isé fé ndeara san ná gur bh'iad na
hallmhuraigh a scríbh ár seanachus dúinn go dtí so.
1709. Art Óg ó Caoimh. Ní raibh sé acht bliadhain is fiche d'aois nuair
a ghaibh sé long i gCóf Chorcaighe an 13 de mhí Iúil 1709 ar a thurus don
bhFrainnc chun bheith i n-a shagart, agus níor mhair sé acht aon-mhí amháin
ann. Bhí a mháthair d'éis bháis roimhe sin, agus do ghlac a athair, Eoghan
Ó Caoimh, Grádh Coisreagtha ocht mbliadhna i n-a dhiaidh san, agus do bhí i
n-a shagart paróiste ar Dhún ar Aill nuair a cailleadh é i mbliadhain 1726.
1724, An tAthair Donnchadh Mac Sheáin Bhuidhe Mac Carrthaigh, Easpog
Chorcaighe, Chluana is Ruis. Do bhí sé i n-a shagart paróiste sa chathair seo
le linn a théarma easpogaidheachta. An sean-easpog, Eóin mac Sleighne,
d'ainmnigh é sara bhfuair féin bás. Dlúth-cháirde don Athair Eoghan Ó
Caoimh do b'eadh an bheirt. Bhí an tAthair Eoghan Ó Caoimh ar na fearaibh
ba léigheanta san Mhumhain i n-a chomhaimsir, agus na cóibeanna do rinn
sé do shaothar Chéitinn, táid, dá bhrígh sin, ana-bheacht thar barr. Níl éan-
teóra le n-ar scríbh sé, agus tá súil agam go bhfagham a shaothar ó láimh
Thórna.
Sidí an iarracht do rinn an tAthair Eoghan ar bhás a mhic, .i., Art,
adhbhar sagairt:-
An tan ná faicim fear ag maoith croidhe liúm
Anair ná andeas do leanfadh laoi caoidhe cumha
Beart do bhasc me an t-adhbhar fríth linn dúbhach
I bhfeart thar lear mo mhac i gcill fí chlúid.
Is feas cad as ar las an tsaoi ghroidhe ar dtúis
Den cheap nár chrap i dtreas na ngníomh laoich lonn
Ná i dtrap na dtreas i gcleas na gcloidheamh nglinn-gcúl.
Flaith gan mheaith de mhaithibh shíol gCaoimh Mumhan.
Níl art i gceart dá bhfeaca an saoir-laoich subhach.
Nár chart a gceart le gastacht gaois aoird iúil
Níl neart ar thart an ghalair fhíor-nimhe úd
Tug Art i bhfeart 's is dart sin tríom chroidhe anonn.
Ba phras a phreab ar phratain chaoil-phinn dlúith,
'S is glan do lean na ranna i mbinn-phuinnc ciúil.
Mo cheas gan mheas an gas ar díth bríogh i n-úir,
'S is neart gan cheart bheir Art, a Rí Neimhe, it dhún.
Gach sleacht ba dleacht i gcleasa laoi nGaoidheal ndlúth.
I reacht na sean ba bheacht a scríb phinn siúd,
Is prap 's is tapa cheap don phrímh-rígh a rún,
'S i measc do thaisce an aisce a Choimhdhe fhír úd.
Mo scread mo chnead do ghread mo chroidhe im chlí anonn,
'S tug lacht mo dhearc ag teacht 'n-a linntíbh tiugha,
Mo bhean mo mhac nár fhan le haois críon liúm,
Gur leagtha leac ar lag ár dtrí gcaoil-gcúm
Mo chom is lag ó theastuigh dearbh díogruis,
Is togha mo scart mo mhac nár chleacht an chinnteacht.
Do chrom do chrap do mheath do mhairbh m'inntinn,
An fhoghail tug Art i bhfeart i bhfearann Laoisigh.
Deirid cách (ar seisean) gur suairc an séala agus gur snoighte an
siosoa do bhéarfainn ar fhoclaibh ag caoineadh daoine eile, agus ní
fhéadaim a thuille do rádh anois do chaoineadh mo mhic ionmhuin, oir
toirmeascann mo dhéara mo bhriathra an tan smuínim ar a mhaith-
ghníomha, de bhrígh gur follus ná raibh i leath Mogha i n-a chomh-aimsir a
mhacasamhail i Laidin, i mBéarla, i nGaedhilg ná i gceól. Bliadhain is
fiche do b'aois dó, agus an 13 de July, 1709, do ghlac a long i gCóf
Chorcaighe, agus níor mhair sé acht ar feadh aon mhí san bhFrainnc.
Seo ceathramhadh grinn a cheap an tAthair Eoghan ar cheathrar sagart de
shíol gCaoimh do thárla i gcomhluadar a chéile, gan éinne eile eatortha,
agus Eoghan mar ainm ar gach n-aon díobh:-
Eoghan seannda ó Cheann Tuirc is sine dhen bhuidhin,
Eoghan sanntach ó cheanntar Chuillinn Uí Chaoimh
Eoghan crannda nach ramhar-phluic ó iomad na dighe,
Eoghan manntach 's a dhranndal ag druidim le haois.
1724. — Liam Mac Cairteáin an Dúna, file breágh eile, acht ní thagann
liom fí láthair acht é a luadhadh annso.
1737. — An tAthair Conchubhar Mac Cairteáin, bráthair gaoil do Liam.
Bhí sé i n-a shagart paróiste i nGleann Maighir.
1752. — An tAthair Seosap Mac Cairteáin, gaol dóibh sin araon.
Ó dhútha Thórna do b'eadh iad a gceathrar, agus ós rud é go bhfuil a gcuid
sin ceapadóireacht go léir i bhfuirm aige ní fada uainn go dtí go
mbeidh a gcnuas amhrán againn uaidh, má gheibhann an chae chuige.
1738. — Liam Ruadh Mac Coitir ó Chaisleán Ó Liatháin. Táilliúir a
b'eadh é, agus má bhí crích air i n-a chéird bheathadh de réir fheabhuis a
fhilidheachta ní fuláir nó bhí sé i n-a tháiliúir mhaith. Tá a chuid amhrán
bailighthe agam féin. Cuirfar i gcló iad má's buan dúinn.
1752. — Seán Ó Murchadha na Ráithíneach. Tá san déanta le mí nó mar
sin aige Tórna, agus ní gábha é dhéanamh go bráth arís, Ní beag san.
1754. — Seán Clárach Mac Domhnaill. Tá san, leis, déanta, acht ní
dóigh liom go bhfuil cóib le fagháil fí láthair. Tá a thuilleadh dá amhráin
againn anois seoch is mar bhí, agus b'éidir go gcuirfeadh an tAthair
Pádraig leis an leabhar iad nuair a bheidh an chae ann.
1760. — Éamonn de bhFál ón gCobharthach, láimh le Dún Guairne. Do
cheap sé a lán, is tá a chuid dá chur fí chló agam féin fí láthair. Beidh
chughainn gan moill.
1769. — An tAthair Seán Ó Briain, Easpog Chluana, .i., an fear léigh-
eanta úd do chuir an Foclóir le chéile. Bhí sé i n-a fhile bhinn agus do
scríbh a lán ar phrosódia na Gaedhilge. Tá a lán dá shaothar i gcnuas ag
Tórna.
1778. — An tAthair Liam Inglis, Bráthair d'Órd Sant Augustín i
Margadh an Éisc, nó Fishamble Lane sa chathair seo, tar éis dó bheith
tamall i n-a scoil-oide i mBaile an Chaisleáin Róisteach. Is dócha gur
beag duine ag éisteacht liom nár léigh an iarracht ghrinn úd, "Leastar
an Bhráthar," is "Barántus na mBróg," agus a lán eile dá shaothar.
1789. — An tAthair Síomon Ó Cuinn, leas-easpog ar Chluain. B'in fear
eile ná raibh fann san duan. Bhí sé i n-a shagart paróiste ar Bhaile Nuadh
na hEagluise, agus is ann atá sé curtha, cé gur ó thuaisceart na conntae
é de bhunúdhas, láimh le Dromchullachair is dóigh liom, agus níor bh'iongna
liom dá mba ó Thír Eoghain anuas a thángadar le linn an chruadhtain. An
uair a rug fear na deachmhan (Robert Boyce) arbhar an easpoig leis do
rinn duine de sna comhursain, .i.
Seán Ó Coinneagáin amhrán i n-a thaobh. Bhí gaol gairid age Seán le
máthair Phádraig Stúndún, deagh-Ghaedhal, cara is comhursa dham féin, atá
slán beó i n-ár n-aice annso i gCorcaigh indiu. Agus, an gábha dham a
luadh ná raibh Pádraig féin maol maidir le filidheacht sa Ghaedhilg?
Éamonn Ó Flaithbheartaigh, ó Bhaile an Scúrlóg. B'id é an fear gur
lean teideal Phiarais Mic Ghearailt dó ó bhliadhain a 1791 amach. Níl
againn acht timcheall leath-dhosaein amhrán dá chuid — ceann aca baineann
sé le léasadh is díbirt a chomhursan, an tAthair Peadar Ó Néill ó Bhaile
Mhacóda, i mbliadhain a 1798, sean-úncail Pheadair Uí Chruadhlaoich a
marbhuidheadh i mbliadhain na bhFíníní, i n-aice Bhaile Mhistéala.
Piarus Mac Gearailt ó Bhaile Mhacóda. Chuireas féin a shaothar súd i
bhfuirm éigin, acht ní raibh ann acht mion-fhile, cé go raibh meas mór ag
an éigse air.
Ní thagann liom fí láthair éan-fhad-trácht do dhéanamh ar leath-chéad eile
de fhilíbh Chorcaighe, ná puinn do rádh anois i dtaobh na mbliadhanta i
n-ar éagadar, cé go bhfuil an bhliadhain go minic againn le cuid dá
n-amhránaibh.
Donnchadh Caoch Ó Mathghamhna — Sa chathair seo iseadh chomhnuigh sé. Isé
do cheap na bhéarsaí úd do luaidh an tAthair Peadar linn annso ar Fheis
na Mumhan roinnt bhliadhnta óchoin, .i.,
Tá an oiread san tarcuisne ar bhreathaibh na binn-Ghaoidhilge
Gur milleadh mo theanga le cas-fhriotal Gaillbhuidhne.
Ionnus go meastar le haicme de chlainn Mhíleadh
Dar Muiris, gan magadh, gur Sasanach tíntí me.
Sirim an tAthair 's a gheala-Spioraid chaoin naoimhtha,
Go deimhin dár gcabhair gan dearmad guidhim Íosa
Scrios ar na Gallaibh 's a n-agall go ndíbrightear,
Ionnus go leanfainn-se teanga mo phrímh-shinsear.
Is ise ba chneasta ba ghasta is do b'fhíor-líomhtha,
Do b'oilte do b'aite ba thapa is ba bhinn brígh guib
Ba ghlioca le glacadh i gcleasaibh na gaois-laoithe,
Ní hionann is glafairneach mhalluithe ár bhfíor-naimhde.
Bhí de mí-ádh ar dhuine éigin "Splinc" a thabhairt ar Dhonnchadh Caoch,
acht ní dócha go raibh sé buidheach de féin i n-am, nuair a thug Donnchadh
aghaidh a chaoruigheachta air mar seo:-
An té ná tuigfadh dom phúir
Go mbuailidh an tiubaist air pleannc,
Is an té do ghoirfeadh dhíom "splínc"
Ar Chríost nár fheicidh sé splannc.
Éadbhard de Nógla, táiliúir is file binn. Sa Chathair seo Chorcaighe a bhí
comhnuidhe air. Cara ab eadh é dhon Athair Liam Inglis, agus do cheapadar
araon is Tadhg Gaedhlach trí cinn d'amhráin ar an bhfonn san "An
Craoibhín Aoibhinn Áluinn óg," i mbliadhain a 1756. Séamus de Nógla
file eile dá gcomhaimsir sin, atá sé luaidhte gur dearbhráthair do
Éamonn é. Chun fir den ainm is den sloinne chéadna iseadh do sheol
Eoghan Ruadh ceann dá amhráin féin, acht measaim gur dhe shíol Nóglach
Bhaile na Móna é siúd.
Ós ag trácht ar Thadhg Gaedhlach Ó Súilleabháin é, b'éidír nach eól do
n-a lán díbh gur chaith Tadhg bocht tréimhse i bpríosún sa chathair seo, i
dtaobh sláinte an Phretender d'ól ar Sheana-Mhargadh na hÁirnéise.
An fhaid is bhí sé fhé ghlas aca do chúm sé na cheithre ranna so:-
Mo shlán leat-sa, Éire, mo shlán let chléir ghlain,
Mo shlán le Gaedhil bhocht cé tinn atáid,
Mo shlán let shéimh-fhir 's let ráib ba scléipeach,
Ba dheághthach taobh liom ag roinnt na gcárt.
Mo shlán let bhéithe is let bhába maordha
Bhíodh ag práisc 's ag pléireacht go binn im páirt.
Mo shlán le héinne do ghrádhfadh Gaedhil bhocht,
Cé fágadh daor mé dá ndruim chun báis.
Ní raibh de chúis age na hIúdaigh
Chun mise dhúbailt i gcuibhreach áir
Acht a rádh go ndiúgfainn ar chlár go súgach,
Sláinte an phrionnsa is an Ríogh seo ar fán.
Dá gcaillinn an tsúil leis ba dheacair a dhiúltadh
Gan a bhlaise le dúthraát i bhfíon ón Spáinn,
'S dhá bhfaicinn na búir seo lag marbh i gcumhgach,
Dar mo bhasa ba liúm-sa ba bhinn an lá.
Mo shlán go Barracha cois Bríghde cailce amuigh
Mar a mbíodh gasra gheal ghrínn ar clár,
Mo shlán dá dheascaibh sin le fáidhe seanachuis,
Cois trágha agus mara theas mar a mbíodh mo thrácht.
Mo shlán is dathad-sa go bráth don Mhainistir
Mara mbínn seachtmhaine dom shuidhe go sámh,
Mo shlán gan mearathall dom cháirde ar dhanaid me
Cé tláth sa chathair seo me 'om chlaoidh idir námhaid.
Is iomdha cúilfhionn mhaordha mhúinte
Ainnir chúmtha is maighre mná,
Buachaill súl-ghlas is cailín súgach,
Marcach lúthmhar is oighre stáit
Ó Chaiseal Mumhan go Cóf na n-úr-bharc,
Gur brónach dubhach leo súd brígh mo cháis,
'S dá mbeirinn-se ar thúirling arís dom dhúthaigh
Go n-ólfainn crúsca geal dighe 'n-a bpáirt.
Níor bh'fada istigh don bhfear bocht go dtáinig Piarus Ó Faoláin, ó
Sheana-chúirt na nDéise is gur thug scaoile a ghlasa air, agus b'in é an
tráth do ceapadh an t-amhrán molta úd, "Cé dealbh dúbhach mo scéimh-
chruth." Acht ní misde dhúinn Tadhg Gaedhlach d'fhágaint fí n-a fhear eagair,
cé gurab é seo an chéad uair ag éinne i n-ár ló-na ag tagairt do Thadhg
do bheith sa phríosún i dtaobh an "mhéirleachuis" úd.
Ní hi dtaobh le Liam Ruadh Mac Coitir a bhí Caisleán Ó liatháin: duine
dhe sna filíbh do b'fhearr sa dútha b'é an tAthair Conchubhar Ó Briain é,
ó Choill na Curra sa pharóiste sin (láimh le Tobar Pártnán). Do b'aoibhinn
thar bárr an cur-síos do rinne sé ar Bharracha san iomarbhádh a thóg Con-
chubhar Ó Ríordáin leis agus eisean ag maoidheamh as deise a cheanntair
féin, .i., Muscraighe. Bile tréan den éigse do b'eadh Conchubhar ó Ríor-
dáin ó Bhaile Bhoirne, .i., "Conchubhar Máighistir." Ba dheacair innsint
ciaca b'fhearr dhen mbeirt, agus ní hé sin héin é, acht dálta "Iomarbhá
na bhFilí" fadó, tháinig daoine eile i gcabhair dóibh. Ní cuimhin liom fá
láthair acht rann aonair de ar cheap an sagart:-
"Nuair a thighim-se maidin earraigh d'éis mo shuain,
Suidhim go deas ar Charn tSéamuis tsuas,
Do chím an barc ag teacht go béal an chuain,
Scaoilim fead ar fad don Bhéillic uaim."
Fí'n ainm chleite sin "Carn Tiarna," do scríbh sé a lán, agus is
gleóidhte an cur-síos do rinn sé ar choillte, ar aibhnibh, ar mhachairí, ar
chnocaibh is ar ghleanntaibh a dhúithche féinidh. An dream Béarlóirí seo,
lucht na leath-chluaise Gallda, atá dá shíor-mhaoidheamh nach "poets of
nature," filí an ochtmhadh aoise déag, tá breall ortha. Is éigin innsint
dóibh go soilléir ná fuil cur-síos ar bith ag an bhfile úd thall ar an spéir-
bhean, acht i n-a dhiaidh san is uile ní fuláir do chlé-chritic éigin a rádh ná
taithneann "Aisling" an fhile sin leis! Caithfidh an Chúirt gobán do
chóiriughadh i gcomhair na ndiogánach so, sé sin má leanaid dá bhfuadar
san mearathall i n-a bhfuilid le tamall.
Ba mhaith liom roinnt do rádh i dtaobh mórán de sna filíbh seo atá
againn dá n-ainmniughadh annso:-
Liam Apson, píobaire, ón gcathair seo.
Finghin Ó hAllmhúráin.
An Báróideach, ó cheanntar na Léime.
Dáth de Barra, ó Charraig Thuathail.
An tAthair Risteárd Breathnach, .i. Easpog Chorcaighe, có-scoláire do
Sheán Clárach, agus dlúth-chara do Thadhg Gaedhlach.
Seán Cúndún.
Séamus Green.
Domhnall Mac Carrthaigh na Buile.
Domhnall Mac Carrthaigh na Tuile.
Eoghan Mac Carrthaigh an Mhéirín.
Seán Mac Chormaic.
Seán Mac Fhlannchaidhe.
Pádraig Mac Gearailt.
Donnchadh Mac Giolla Phádraig ó Bhaile na Móna.
Aodh Ó Briain, ó Ghleann na Láinne.
An tAthair Seán Ó Briain, d'Órd San Dominic, ó Bhaile Áth Ubhla.
Seán Ó Briain, ó Ghort an tSeagail i bparóiste an Teampuill Ghil.
Labhrás Ó Buachalla, ó sna Cloíchíní, láimh leis an gcathair seo.
Fearfeasa Ó an Cháinte.
Micheál Ó Caoimh, ó Charraig na bhFear.
An tAthair Seán Ó Ceallaigh ó Ráth Ó gCogáin.
An tAthair Sean Ó Ciarmhic, ón Scibirín.
Diarmuid Ó Coileáin.
Stiabhna Ó Coiligin, ón gcathair seo.
Séamus Ó Conaire.
Liam Aerach Ó Conaill.
Seán Ó Conaill, ó Thuath na Dromann.
Seán Ó Conchubhair, ó Bhaile na Móna, láimh Le Malla.
Brian Ó Cruadhlaoich, scoil-oide.
Seán ó Deasmhumhna, ó Inis Eoghnáin.
Dáth Ó Dubhghall, ó Chúil Uí Mhurchadha ar bhruach na cathrach so.
Seán Ó Dubhghall (a dhearbhráthair-sean, ceapaim) ón áit chéadna.
Tadhg Ó Duinnín, file Chlainne Carrthaigh, a chomhnuigh ag Cnoc na
nGall, láimh le hAchadh an Chóiste.
Donnchadh Ó Eachthigheirnn.
Muiris Ó Eachthigheirnn.
An tAthair Seán Ó Eachthigheirnn.
Peadar Ó Féithín, .i. trúpaeir na Blárnan.
Cormac Ó Fithchiolla, ón gcathair seo.
Donnchadh Ó Floinn ón gcathair seo.
Mághnus Ó Gláimhín.
Pádraig Ó hIongurdail, ón dTeampull Geal.
Donnchadh Dall Ó Laoghaire, píobaire, ó cheanntar an Bhaile Ghallda.
Pádraig Ó Laoghaire, ó sna hAedhiríbh i mBéarra, d'éag an 30 de
October, 1896.
Diarmaid Ó Longaigh, ó Ghleann na Láinne.
Seán Ó Maoláin, ón gcathair seo.
An tAthair Labhrás Ó Mathghamhna, ó Oileán Cléire.
Dáth Ó Mathghamhna.
Diarmuid Ó Mineacháin ó cheanntar na Scibiríneach.
Séamus Mór Ó Muimhneacháin ó Bhaile Bhuirne.
Donnchadh Ó Murchadha, an Phuisín.
Seán Mac Peadair Ó Murchadha, ó Chnoc na Groidhe.
Seán Bacach Ó Murchadha, ón Réidh Reimhir.
Liam an Mhaoláin Ó Murchadha ón mBaile Gallda.
Muiris ó Murchadha.
Tomás Pruinnibhíol, ó cheanntar Shráid an Mhuilinn.
An Sagart Dubh, ó Dhún ar Aill.
Labhrás Ó Séaghdha, ó Ráth Argáin.
Liam Scott, ó Mhainistir na Corann.
Seán Ruadh Ó Séitheacháin.
Risteárd Ó Sionna.
Tadhg Ó Síothcháin, ó Ghleann na Láinne.
Domhnall Garbh Ó Súilleabháin, ón Iarthar.
An tAthair Domhnall ó Súilleabháin, ó Chill Bhriotáin, an fear
léigheanta úd do rinn "Searcleanmhain Chríost" i nGaedhilg.
Micheál Mac Chormaic Ó Súilleabháin.
Seán Smíst ó Uibh Macoille.
Sin ainmnighthe agam díbh suas le céad pearsa d'éigsibh Chorcaighe, agus
ní cóimhreamh iomlán é ná geall leis, mar measaim gur bh'fhuiris leath-
chéad eile do chur leo. Ceapaim gurab é is mó a chuirfidh iongna oraibh
ná a liacht díobh go raibh comhnuidhe ortha istigh sa chathair seo i n-a bhfuil
ár Suadh-Thionól indiu, agus an t-ádhbhar mór díobh do chaith tréimhse fí
ghlas idir easpuig is sagairt is tuataigh. Acht bíodh a fhios ag an saoghal
gur chathair Ghaedhlach í seo, trés gach éin-scéal, san ochtmhadh aois déag
agus abhfad isteach san naomhadh aois déag.
Dar ndóigh bhí meas ar an nGaedhilg sa chathair seo is ar chleachtadh na
Gaedhilge tré phrós is tré filidheacht anuair ba bheag é suim Éireannach i
gcoitcheann innti — féach an obair do rinn "Coimhthionól na Gaedhilge"
annso chomh fada siar leis an mbliadhain 1830.
San ficheadh aois fhéinidh ní fheadar ná gurab í cathair Chorcaighe an chathair
is Gaedhlaighe sa dútha so Éire, mar, bíodh go bhfuil scím trom Ghalldachuis
ar shúilibh a lán annso le tamall, mar sin féin is iad Gaedhil is Éir-
eannaigh atá i n-uachtar is i gceannus sa chathair acmhuinnigh seo. B'fhuiris
cathair fhíor-Ghaedhlach do dhéanamh di, agus sin rud nách cóir dúinn a
dhearmad. Acht má bhí Cathair Chorcaighe líonmhar fí éigsibh rug an chonn-
tae an bárr léithi. Bhíodar go tiugh timcheall na Blárnan is an
Teampuill Ghil. Sin áit eile i n-a raibh a lán díobh, .i. sa límistéireacht
san ó thuaidh go Caisleán Ó Liatháin is cois Brighde go Rath Chormaic. Bhí
na Coitirigh chomh líonmhar san sa dúthaigh úd go bhfuil ag dul díom teacht
thórsa go léir. Tá Liam Ruadh MacCoitir luaidhte cheana agam. Ón áit
sin, measaim do b'eadh:-
Tomás Mac Coitir, an té do cheap an t-amhrán breágh fuinneamhail
úd, .i. "Leather away the Wattle O!" Ag múineadh scoile a bhíodh sé
ag an Sléibhín i n-aice Chluana, agus chaith sé tréimhse eile láimh leis an
gCóf.
Risteárd Mac Coitir ón gCladh Choill, cois Brighde, b'in duine eile
ca, acht ní puinn a cheap sé.
Séamus Mac Coitir, i mbliadhain a 1721 do beireadh é, agus do cheap
sé amhrán breágh sar a raibh sé an seachtdéag slán, ar bhás Liam Ruadh.
Seo ceann do rinn sé i mbliadhain Fontenoi:-
Do Sheán Mac Risteird Coipinéar, le linn dultha don Fhrainnc dó i n-a
mhacaomh óg, san mbliadhain 1745:
Cúig athchuinghe atá agam duit, a Sheáin, chun siubhail,
Ar fheartaibh na gcúig ngarrason, an Árd-mhic úir,
Do bhalbhuigh na dealbha is do lámhaidh ar gcúl
Asteroth is Ainon agus Dágon dúr.
(An Chéad Athchuinghe.)
Aitchim ortha óm anam is óm láimh ar dtúis,
Anfadh na fairrge nó gráin na dtonn,
Nár bhainidh libh ná taipigean dá bhfásadh púir,
Ón mbaile seo go ndeachair-se go Clár Toulouse.
(An Tara Athchuinghe.)
Sa chathair sin mar chaithfir-se do spás, a rúin,
San eaglais mar mheastar dhuit go ngráidhtear thú,
Go mba fada leathfas t'ainm agus t'áireamh chughainn,
'S go mba pearsa thú do Bhanba a dháilfeas clú.
(An Tríomhadh Athchuinghe.)
Tan ghlacfa manachasta thu go lán-ghort lughaidh
Paition garma easpuig libh ar chách mar stiúir,
'S is meanma dot athair is dot mháthair súd —
Go mairid-sean go bhfaicid sibh it shláinte sonn.
(An Ceathramhadh Athchuinghe.)
Go mba tapar luisne ar lasadh annsan, gan smáil, gan smúit,
Do theagasc-sa le spreagfar spioraid an chrábhaidh i n-iúil
Le gcasfam uile ón mearathall atá anois fúinn
go n-aithrisfear gur samhail sibh le Pádraig dhúinn.
(An Cúigmhadh Athchuinghe.)
An tan mheaithfidh ort an mheabhair is do bhánfa an cúl
Ó's dearbh duit an bagarthach an bás dot bhrughadh,
Screadaim-se ar na ballaibh sin do tháil a gcrú
Go ndeachair-se go caidreamh na ngrás anonn.
An Ceangal.
Naiscim ar an ngearrasan atá i n-a chionn,
'S ar a bhanaltrain dár gealladh bior a pháise siúd
Go ndeachaid uile i dtairbhe go bráth dot ghnúis —
Cúig athchuinghe do chanas duit, a Sheáin, chun siubhail.
Agus do bhí ann Séamus eile de shíol gCoitir a bhí n-a fhile mhaith, acht
níl agam fí láthair an uain chun a thuille do rádh i n-a thaobh, mar,
déarfaidh mo cháirde ó Mhuscraighe is ón iarthar na fuil cothrom na
Féinne agam dá thabhairt do sna filíbh binne bríoghmhara do fríth i n-a
measc féin. Dá bhrígh sin caithfead scríb a thabhairt ar cheanntar Bhaile
Bhoirne, mar ar chomhnuigh sliocht Iarfhlatha i gceannus. Bhí a lán ann den
treibh sin a bhí fileamhail.
Liam Ó hIarfhlatha, do chúm sé beagán rudaí maithe. A athair sin, .i.
Dáth Ó hIarfhlatha, do ghlac sé grádh Coisreagtha tar éis dó roinnt dá
shaoghal do chaitheamh i n-a fhear pósta, go dtí gur éag a bhean. An sagart
so, deigh-fhile do b'eadh é, agus file do b'eadh a athair sin arís, .i. Dáth,
mac Pádraig Ó hIarfhlatha, agus nuair a bhí athchuinghe aige dá cur chun an
easpuig, An tAthair Maittias Mac Cionnaoith (an fear breágh úd a
cuireadh i bpríosún Chorcaighe i ngeall le Whiteboys), chun gan primhléidí
an Úird do thógaint deá mhac de dheascaibh é bheith roinnt greannamhar,
i bhfuirm amhráin is eadh a chuir sé an athchuinghe. Ní heól dam fós an tré
amhrán do fuair sé an freagra. Do scríbh an Dáth so iarracht ana-
bhreágh i mbliadhain a 1778 ar an scaipeadh a bhí an tráth san tagaithe ar
shliocht Iarfhlatha Bhaile Bhuirne, agus ar an droch-chrích i n-a dtárla fuigh-
leach na muinntire sin is muinntir Charrthaigh. Agus do b'é an Dáth
céadna so a cheap an t-amhrán úd darab céad líne, "Araoir is me im
aonar cois taoibh Fleasca an Ghaortha." Do rinn an Dochtúir Sigerson
mBéarla é.
Measaim gur mhac eile dhó súd Pádraig Mac Dáith Mic Pádraig Uí
Iarfhlatha. Do scríbh seisean roinnt filidheachta agus ós ag tagairt dó
é, seo rann beag do rinn sé mar mhachtnamh ar a chúrsaí fhéinidh:-
"Tá mo chosa ró-thinn is a leigheas ag an Aon-Mhac,
'S me gan chostus, gan oighreacht, gan saidhbhreas, gan séada,
Mar bheacha nuair cailltar 'dir chadhain mhilis chréithre
N-a gcaithid a dteaghlach le daidhbhreas do shéanadh."
Pádraig Ó hIarfhlatha (mac Ghearóid), b'in é, b'éidir, an file b'fhearr
a bhí ortha súd. Sin rud ana-bhinn do chúm sé, .i. "An Ceó Draoidheachtha:"
chuireas féin i gcló sa bhFreeman é cúpla bliadhain óchuin.
Ó's ag tagairt do mhuintir Iarfhlatha é, seo rann do ceapadh iar gcur
Thomáis Óig i bpríosún Chorcaighe i ngeall le géanna Fiadhaine;
"M'uchlán, mo dhiombáidh, mo chiach, mo chnoc;
A Thomáis Mhic Thomáis Uí Iarflatha,
An beangán ba farránta i n-iaithibh Luirc,
I gcaisleán i gcoimeád age diabhlaibh uilc."
Acht dálta na bhfilí eile, bheinn annso go dtí maidean amáireach ag
cur síos ar mhuintir Iarfhlatha. Caithfead iad do thréigean anois go
bhfagham cae eile chun trácht ortha.
Na bain-fhilí féinidh ní rabhadar maol, agus bíodh a fhiadhnuise sin ar
Mháire Ní Mhurchadha, ar Mháire Ní Chruadhlaoich, ar Mháire Bhuidhe Ní
Laoghaire, ar Eibhlín Ní Chaoilte ó Chathair Druinge, is ar Eibhlín Ní
Eachthigheirnn. Níor mhór do dhuine iarracht fí leith chun teacht thórsa-san
is thar a gcuid amhrán, agus sin rud ná fuil im chumus-sa den scríb seo.
Bheadh léightheóireacht seachtmhaine sa méid do cheap Micheál Óg Ó
Longáin, ó Charraig na bhFear, agus ní dócha gur mhair éan-Ghaedheal riamh
is mó do dheachtuigh de dhéantús dhaoine eile ná mar a rinn sé. Tá a
chuid dhílis féin bailighthe ag Tórna, agus cuid a athar san, Micheál Mac
Peadair Uí Longáin, mar an gcéadna.
Bhí beirt fhilí sa chonntae seo darbh ainm is sloinne Séamus Mac
Gearailt, fear aca a mhair go mór os cionn céad bliadhain óchuin agus
an fear eile ó cheanntair Eochaille lem linn féin — fuair sé bás tim-
cheall na bliadhna 1875, agus is maith is cuimhin le Pádraig Stúndún é.
Ní gábha dham righneas do chur oraibh le héan-trácht ar Sheán Ó Coileáin
ó Mhíorus, mar is clos dam go bhfuil ár gcara, Peadar Ó hAnnracháin,
ar thóir gach ar cheap seisean. I mbliadhain a 1817 d'éag Seán sa
Scibirín, an t-ochtmhadh lá déag d'Abrán.
Tá deire agam den chor so go dtí fíor-bheagán, agus b'éidir gur
mithid sin, mar saoilim go bhfuil bhur bhfoidne caithte agam. Níl uaim
uaibh acht dhá nóimeant eile chun go luadhfad beirt nár mhaith liom iad a
leogaint ar bóiliagair:-
Duine aca, ó cheanntar Chaisleáin Ó Liatháin, do b'eadh é, .i. Tomás
Firéast, agus is é fáth go dtagraim dó annso ná gur cheap sé amhrán
binn céad bliadhain óchuin ag fáiltiughadh roimh an Athair Éamonn Mádhm
a bhí ag teacht isteach mar shagart paróiste insan áit i n-a bhfuil Leomhan
na Mumhan anois, .i. an tAthair Peadair Ó Laoghaire.
Agus i ndeire bára, tá comhursa mo sheana-mhuintire, Pádraig
Phiarais Cúndún ón tSeana-choill i bparóiste Bhaile Mhacóda. I
mbliadhain a 1776 do beireadh é i n-áitreabh a shean, agus i mbliadhain a
1857 d'éag sé ag Machaire an Fhiaidh, taobh le Cathair Utica, i Stáit Nua-
Eabhroc, i Sasana Nuadh, mar ar chomhnuigh sé fhéin is a chlann deich-fichead
éigin de bhliadhantaibh. Tá sé dearbhuighthe agam fé n-a láimh féin ná
raibh tuigsin ná acmhuinn ar bhith aige i n-éin-teangain eile acht sa
Ghaedhilg amháin, acht ní misde rádh ná go raibh sí sin ar a dheis aige. Tá
bailighthe agam trí fichid éigin dá chuid amhrán, agus i n-a dteannta san
a lán de sna leitreacha Gaedhilge do sheól sé a-bhaile chun a sheana-cháirde,
mar atá Micheál Ó Glasáin, Tomás Ó Briain, Tomás Stac, Pártnan
Suipéal, Séamus Mac Gearailt, Dáithí Mac Gearailt, agus c, agus c. Ba bheag
leibide a bhí ar a theangain súd i n-amhrán ná i bprós leis, agus dá
maireadh sé indiu is é do thabharfadh an pléascadh do sna bastúin Ghallda
so atá ag síor-mhilleadh na Gaedhilge. Thug sé fé lucht an ainbhfeasa le
n-a linn féin, agus cuirfead annso dhá rann dá shaothar ortha, mar,
measaim go bhfuilid oireamhnach go leór indiu féin:-
Mo cheasna fine chalm-chumuis chródha Chuinn
Fhearguis na n-arm n-oilte, Éoghain is Ír
Gan fearanntus i mBanba ná stór chun tíghis,
Is ár dteanga mhilis marbh uile feóidhte acht fuigheall.
Gach fearg fionghal faltanuis thug lócuistí
Ar aigne do thachtaithe fé gheóc aindlighe,
Is measa anois an t-ainbhfios so romhat sa tslíghe
Ag graimeallaigh ná feadair nach í a dtóin an cloidhe.
Bhí an Cúndúnach ana-dhian thar bárr ar dhaoine bhíodh ag lot na
teangan Gaedhilge. Do cheap sé, féibh mar a cheapann a lán againn
indiu, gur bh'fhearr leogain di dul i n-éag ar fad ná í bhuanughadh i
gcam-riocht. Do cuireadh leitir. Gaedhilge anonn chuige tuairim na
bliadhna 1848, i n-ainm dhuine dá chomhursain. I gcionn sé bliadhna
fuair sé cruinn-fhios an scéil, .i. gur b'é an té a scríbh í ná fear a bhí
tar éis cúl a chinn do thabhairt le Gaedhaltacht. Sidé mar do scríbh sé
abhaile:-
"Ní'léin-iongna orm anois tré gach leamh-chomhrádh leibideach aimideach
díthcéille dá bhfuil innti, óir is mar sin do bhí a bhfeaca scríobhtha leis an
bhfear céadna, — go bacach, botúnach, forúnach, clé-ghnéitheach, — acht cóimh-
líonann se an sean-fhocal mar adeir nár theip an tuathal ar éinne riamh.
Ní locann an tuathal air siúd i ngach uile urlabhra dá bhfeaca scríobhtha
i n-a dhiaidh, — is amhla chuireann sé an dall roimh an ngiolla agus an
trucaill roimh an each!" Agus, féach arís: "Pé amadán do thóg isteach
é, má's chum Gaedhilge do mhúineadh do chonnraidh sé leis is cruaidh an
chuing air siúd san do dhéanamh, óir cionnus do b'éidir leis an nídh ná
fuil aige féin do mhúineadh d'éan-duine eile? Is follus dam go cinnte
ná fuil tuigse ar bith aige i riaghlachaibh na teangan Gaedhilge. Is olc an
t-iomlot a thug sé air féin i ndeire a shaoghail." Acht an fear go raibh
an Cúndúnach ag tagairt do insan méid sin, is léir damh-sa ó n-a
scríbhníbh go raibh sé i n-a fhear léaghanta sa Ghaedhilg seochas cuid de sna
hughdair is de sna heagarthóiríbh seo againn indiu. Ba chuma liom-sa
ciaca ar mátharuigheadh duine chum na Gaedhilge nó nár mátharuigheadh,
acht í bheith aige go glan cruinn. Acht daoine ná fuil an Ghaedhilg ar a
ndeis aca, cad é an mhaitheas dóibh sin ná dá leithéidí bheith ag casadh le
"téarmaí" do cheapadh nó le riaghlacha do chumadh i gcomhair na Gaedhilge.
Acht i n-a dhiaidh san is uile sidiad an cinéal daoine a thugann fé chur-
síos do dhéanamh ar fhilidheacht Ghaedhilge, acht, féibh mar adubhairt an
Cúndúnach breis is leath-chéad de bhliadhnthaibh óchoin, ní locann an
tuathal ortha; is amhla a chuirid an dall roimh an ngiolla is an trucaill
roimh an each!
Caithfeam na díolmhanaigh seo d'fhaire agus má thugaid a thuille suadh-
mhasladh uatha ar shiubhal na bliadhna so i n-ár gcionn, beidh ar an gCúirt
seo iad do chur i n-a gcomhnuidhe:-
"Gach dúr-scraith nach umhal dúinn chun géille 'o reacht
Brúghfam gach cúinne dá phlaesc le staic."
Nó má's cruaidh ag cuid d'ár líon an méid sin tómhasfam pianta eile
dhóibh le righin-chórda, mar
"Caithfidh an "neart gan cheart" so stríocadh,
Is caithfidh an ceart 'n-a cheart bheith suidhte."
"FIACHRA ÉILGEACH."
AN BÉARLAGAR GALLDA
Aiste í seo do léigh Piarus Béaslaoi os comhair Dála na hÉigse:-
"Ar lí ní breitheamh fear gan súile." Ó n-ár sinnsir a fuaireamair
an seanfhocal soin, acht tá a mhalairt de chiall againn-na fé láthair. Is
eól dúinn gurab é an fear caoch is feárr chun dathanna mholadh. Dá
chomhartha soin féin nach minic dúinn ag géilleadh do thuairim an Bhéarlóra
ar chúrsaíbh litridheachta na Gaedhilge.
Níl éan tseo acht an ráiméis airíghtar age sna critics mar gheall ar
fhilí na Mumhan. An Béarla is feárr chun cur síos ar fhilidheacht na
nGaedheal. An té atá istigh ar bhéarlagar na n-ughdar nGallda is
fuirist dó meascán mearaidhe is scím draoidheachta do tharrac anuas
orainn i slíghe is go mbíonn droch-ionntaoibh againn asainn féin an fhaid
is a bhíonn gliogar a chainnte ag rinnce i n-ár gcluasaibh.
Bíonn rith an ráis leis an mBéarlóir i gcúrsaí na Gaedhilge. Tá sé
de chead aige magadh dhéanamh fé n-ár bhfilíbh. Tá sé de chead aige a
n-amhráin do cháineadh le breac-mholadh tré Bhéarla. Glacaimíd le na
thuairim. Ní miste linn filidheacht na Gaedhilge, filidheacht d'fhás agus
d'aibidh as ithir na glan-Ghaedhealtachta, a bheith dá tarcuisniughadh age
duine ná féadfadh, agus a dhá shúil a chur ar chipíní, éinnídh gur fiú é a rádh
a chur i bhfuirm rannaidheachta i nGaedhilg.
Ár sinnsir do rugadh leis an nGaedhilg, do fuair mar bhainne cíche í,
agus ná deaghaidh balath an Bhéarla fé na srónaibh, gur fánach gur chlos
dóibh siolla dhe, is dóich liom féin gur suarach an mhaise do Ghall-
Ghaedhealaibh a gcothrom niolta a mhaoidheamh ortha.
Ní gádh dhúinn a bheith mórdhálach as a bhfuil againn den tseanachiúta.
Nílmíd acht ag tosnughadh ar athshaothrughadh na Gaedhilge, agus is fearra
dhúinn an fhoighne is an chneastacht is an stuaim ná fuadar árd nach dual
dúinn. An té is lugha meas ar a chuid eólais féin isé is mó fhoghluim-
igheann. An té chreideann ó éinne go bhfuil fios fáth gach doimhinn-scéil
go cruinn aige, ní baoghal go raghaidh a chuid eólais i méid go háirithe.
Dá mb'áil le lucht stealltha an Bhéarlagair Ghallda fanamhaint go
ciúin socair b'fhéidir go dtiocfadh ciall dóib fé dheireadh. Níl éinnídh
is mó a chuireann seirbhthean orm-sa ná an ráiméis airighim gach Lá i
mbéalaibh Gall-Ghaedheal mar gheall ar fhilidheacht na Gaedhilge. Iad ag
scaoileadh comhairle ár leasa dhúinn i dtaobh na filidheachta, á mholadh
dhúinn aithris a dhéanamh ar na filí Gallda, agus gan de thuiscint ná
d'eólas aca ar shaothar ár ndáimhe acht oiread agus atá age Seán Buidhe
féin.
Cur síos do deineadh i bpáipéar éigin an lá fé dheire mar gheall ar
amhráin Sheáin na Ráithíneach, agus isé deir an t-ughdar líomhtha do scríobh
é ná gurbh fhile gan mhaith Seán, agus gurbh ionann scéal d'fhilí na Mumhan
go léir. Ag éisteacht le fáinne an lae a bhí an té scríobh an cur síos de
réir dheallraimh. Ar airigh éinne riamh a leithéid? Deir sé gur mar a
chéile na filí go léir. Is dócha nach léir dó go bhfuil pioc idir Aodhagán
Ó Rathaille agus Donnchadh Ruadh.
Isé mo thuairim-se gur tairbheach an gnó dhúinn-na cur síos a dhéanamh
ar fhilí na hochtmhadh aoise déag, dá gcur i gcompráid le na chéile,
féachaint cá rug gach duine aca buadh, nó cár theip féith na filidheachta air.
Is fearr soin ná bheith á síor-chur i gcompráid le filí Gallda, le Burns,
le Byron, le Beranger nó duine eile den dream thar lear. Deinimís
ár ndícheall chun tuiscint dóibh, chun breághthacht a saothair do mheas is do
mheádhchant, agus aithris a dhéanamh ortha.
Níl ionnamsa éan-tuairim a thabhairt uaim ar cheisteannaibh filidheachta
gur fiú éin-bhreis suime chur innti. Acht is dóich liom go mb'fhearrde
filí an lae indiu dian-stuidéar a dhéanamh ar fhilí na sean-aimsire.
Níl éinnídh eile is mó a raghaidh i dtairbhe dhúinn ná soin. Measamís as
ár ngustal féin iad gan beann ar thuairim an fhir thall.
Tá a lán sean-fhilí áirimhthe ag ár nduine muinteardha, "Fiachra
Eilgeach." Is baoghlach gur mdhó sár-fhile do chaith a shaoghal i measc na
nGaedheal breis agus céad bliadhain ó shoin go bhfuil dearmhadtha glan
air agus toradh a shaothair ag dreóghadh is ag liathadh i sna seana-láimh-
scríbhinnibh. Sidé an t-áireamh a dhéanfainn-se ar na filí ba mhó do
thuill cáil is clú, de réir mar a thagann a n-áireamh le duine dall dem
sórt: Daithí Ó Bruadair, Aodhgán Ó Rathaille, Brian Mac Giolla
Meidhre, an tAthair Eoghan Ó Caoimh, Tadhg Gaedhealach, Éamonn de Bhál,
Seán Clárach Mac Domhnaill, Donnchadh Ruadh, Seán na Ráithíneach, an
Mangaire Súgach, Micheál Ó Longáin, Seán Ó Tuama an Ghrínn, Eoghan
Ruadh, Piaras Feiriteir, an tAthair Liam Inglis, agus b'fhéidir beirt nó
triúr eile; acht ní thógfainn orm féin "minor poets" a thabhairt ar gach
éinne lasmuich dhen áireamh soin. Pé scéal é, ba dhána an mhaise d'éinne,
focal cáinte a rádh ar an dtruip seo d'áirimheas. Ní mór ná go mol-
fainn an chraobh do Bhrian Mac Giolla Meidhre, dá mbeadh a riaradh
ormsa, acht níl éinne i dtúrtaoib lem thuairim, agus b'fhéidir nárbh fheárr
riamh é. Dá fheabhas na hamhráin, dá fheabhas na haislingí, is na caointe,
is na haoir, níor bhuail sárughadh "Cúirt an Mheadhon Oidhche" umam fós.
Dáltha an scéil, ní fada go mbeidh an "Chúirt" fé ath-chló, nó cuid di go
háirithe — ag "Conall Ceárnach."
B'iongantach an file é Dáithi Ó Bruadair leis. Éistidh leis seo —
Muirear le mí do thiomairg im thimcheall coilgthe cinn is cliabh-
thuirse,
I leimhe do ling ar chuireas dem aois is fuide na slíghe ar a
dtriallaim dul
Tuilleadh dhom shníomh mo choirthe gan chuímse an duirbh is daoire
d'fhiabhrasaibh,
'S a chruinne do chím nach cuma dhom puinn a dtiocfaidh dem chlaínn
chun tighearnaise.
Sidé ceangal an dáin chéadna:-
Coingbhidh a Choimhdhe i n-urraim 's i naoimhe i gciste 's i gcloinn gan
ciach i gcruth
San ionad is aoibhe i n-iostadh na Soíllse it ghoire gan aoin-chith
iarraim-se
Gach duine do rinn den mhiotal a míne m'fhurtacht dá luighead i rian
ar bith,
Is nár chuidigh mo chroidhe do dubhadh le gaoithibh goirte mar dhíol
a biadhtachas.
Nó éistidh arís leis seo —
Biapeán strapaire ó d'atharuigh an Choimhdhe an cás
A chliar ná leanfaidh a dteagasc arís go brách
Is a Dhia cá haite dhom athasc an scaoinse phláis
Ná fiarán cailleach 's a bhfearg le Ríogh na nGrás.
Truagh ná fuil sé d'uain agam a thuille dhen tsórt chéadna d'aithris
díbh.
PIARUS BÉASLAOI.
AN FORFHÓGRA — 1907.
I a-ainm na hÉireann.
ÁRD-CHÚIRT NA hÉIGSE.
Dochum gach nduine d'fhír-éigsibh soilbhre saoitheamhla suadhfoclacha
Leithe Mogha Nuadhad, maraon le mórchuaird cheithre hollchóigeadh Éireann
uile, beannacht.
Agso uainn órdughadh acmhuinneach éifeachtamhail agus forfhógra
forusta feidhmláidir chum filidhe na hÉireann agus go háirithe is go
sonnrádhach chum na bhfírleóghan do fríth fé láthair i gceannus is i bhfor-
lámhus chóige Chonrí mhic Dáire, dá chur i dtuigsint dóibh sin is do gach
n-aon i gcoitchinne go dtionólfar i mbliadhna ar an ndáimh idir shaoithibh
is draoithibh, i Mí Mheadhóin an Fhóghmhair, .i, aimsir Feise na Mumhan, i
gCathair chaomh-áluinn chaoinchuantaigh Chorcaighe.
Bíodh a fhios ag gach éinne go dtiocfaidh le chéile an tráth úd príomh-
scoth i a hÉigse, agus go raghaid i gcomhairle d'fhonn leasa na hÉireann
is na Gaedhilge. Déanfar trácht ar na slightibh is fearr chun na Gaedhilge
a chur i bhfeidhm i gcúrsaíbh litridheachta. Léighfar aistí ó sna filidhibh is
fearr dá bhfuil againn, agus measfar iarrachtaí na hógbhuidhne. Bhéar-
far cabhair is ceathramhna dhon umhal is do lucht na deighmhéinne; acht
satalóghfar gan truagh gan taise ar dhrongaibh dána dorcha diablaidhe
na drochiasachta.
Dar linn gur ró-fhada dhúinn ag lámhacás ar an dtalamh agus cead
ár sciathán againn i réigiúnaibh an aéir. Ní féidir a dhéanamh den
tseilthid acht seilthid, agus ní bhuadhann an lagmhisneach gradam go deó.
Is cóir, ar an adhbhar-san, an ísleacht do sheachaint, agus claoidhe leis an
uaisleacht i ndálaibh saothair. Is maith mar adubhrathas: "Ná héirigh ag
unfhairt san ndríb nó ceanglóidh dhíot."
Gach duine nar mian leis go ndéanfaidhe a shaothar do mheas, cuireadh
roim ré aiste dá dhéantús féin ag triall ar "Oisín" na Féinne, i gCill
Áirne na Suadh. Tabhairfidh seisean os comhair na mbreitheamhan í, mar
a riarfar ar gach éinne de réir mar bheidh tuillte aige. Scríobhfar gach
aiste fhóghanta i mBolg Soláthair na hÉigse agus áireómhthar ainm an
té do cheap ar Rolla na Suadh.
Ní bhrille bhreaille ná racaireacht ráiméise,
Ná gliogar gaile i dtaobh asal nó gáirtéirí,
A chuirfidh teanga na Banban fá réimheas,
Acht friotal feardhacht fara gach árdéifeacht.
Tuigeadh gasra ranna do rádh réilteach,
Gur mithid feasta bheith scartha le smálghréasaibh;
Tuileadh sealad, 's a gcasadh níor bh'fhearrde éinne,
Cuit Bhil Fhada agus madra Sheáin tSéamuis.
Feiceam deachtuighthe i bpratainn de bhárr mhéire
Mire is gaisce agus sanus ár sárlaochradh,
A gcuthach dearg i n-airm na mbláthmbéimeann,
'S a gcion ar bhanaltrain bhandha ár ngrádh dhaondha.
Tuillid gairm i starthaibh 's i n-árddhréachtaibh;
Tuillid gradam ó fhearaibh do ghrádhann éachta;
Tuillid caintic do b'fhearra 'ná dán Éineas,
Is tugtar tamall ar dhealbhadh a snáith éide.
An truip seo ar marthain, tá i gcreathaibh i bpáirt Éireann.
Ní miste a gcleathacha neartachadh tráth éigin;
Moltar eatortha ar mhaithe le Clár Laoghaire,
Is troid na gcarad nár cheadaidh an Dáil Éigse.
Tá atharrach saoghail ar Éirinn tagaithe;
Is faire ná déanfaid éigse an tseanchuis,
D'fhonn leasa na nGaedheal, go dtéidheann dá n-anabhroid,
'S go bhfaiceam n-a ngaobhar ré na tairngreacht?
Glanaidh bhur bhfaobhar is gléasaidh meamruim
Chun seasaimh go héag ar thaobh na Banban;
Canaidh i gcéill, ná déinidh bachram,
Is aga na nGaedheal ná léigeam tharainn-na!
Tá an forfhógra so ar n-a chur amach fá ughdarás breitheamhan Árd-
chúirte na hÉigse indiu, an t-ochtmhadh la de mhí na Bealltaine, 1907.
PÁDRAIG UA DUINNÍN, Uachtarán;
CATHAOIR Ó BRÉANDÁIN (Oisín), Reachtaire.
TÓRNA, Scríbhneóir, cct.
FREAGRA
<Ó "Ghaol na nGaedheal," .i. Pádraig O Cruadhlaoich
i Magh Chromdha.>
Ní bhrille bhreaille mar mheasann an dámh léigheanta,
Ná siutha seatha idir cheannuidhthe is grásaerí,
Ná fuirse fairse lucht branair is díog a réabadh,
Choidhche a scarfaidh thu, a Bhanba, a daoirghéibhinn.
Acht gníomhartha fearachon calma croidhelaochta,
Bheadh líomhtha ar armaibh gaisce na bhfíor nGaedheal soin.
Ag baint teinte creasa a ceannaibh na mbuidhe méirleach
Do scíord ó Shacsain go fearantus Clainn Éibhir.
Coinle gaisce nár bh'annamh i ngníomh éachtach:
Sliocht Chuinn na gcatha nár mheathta le linn glaédh chuir,
Sliocht ríoghdha Chaisil do charas gach dlighe naomhtha —
Anois díobh ní mhaireann mo dhanaid acht fíorspré bheag.
Is díth liom argain mhairbh na ngroidhlaoch soin
Do-ghníodh gach caismirt le gallaibh gan puinn féige,
Le claidheamh a ghearradh gach easna gan fuigheall béime,
Ag síorchur danar i gcreathaibh chun slighe éaga.
Acht, ó chím an ghairm seo breacaithe ar pháipéaraibh
Chun lucht ríomha ranna do tharraint ar dháil Ghaedhilge,
Bídh 'nbhur mbeathaidh is freagraidh í i n-éinfheacht:
Tá an taoide ag leathadh, agus lasadh bhur gcroidhe léi-se.
Scríobhaidh gach aiste agus staracha i mbinn-Ghaedhilge;
Ná bíodh aon leathanach fada, acht í i gcéill ghluin,
Suidhte i n-eagar gan easbhaidh le gaois ghléineach;
Annsoin dlighthear barra don ngleacaire is fírléire.
Táim críona caithte, ní'l taitheac ná brígh im bhréithribh,
Acht bíodh ar m'fhallaing an fhaid mhairfead bheith síoraonda
Le dlighe agus reachta 's le ceachta na bhfíoréigse,
'S bíodh druim mo ghlaice le graithin na ráiméise.
FREAGRA Ó "THÓRNA"
Ar "Ghaol na nGaedheal."
A "Ghaoil na nGaedheal," is fiú
Do laoi bheag aérach úd
Go scríbhfinn bhéarsa i bhfuighlibh Gaedheal
Ag síne a bhaodhchus chughat.
Ó taoi-se d'aontoil liúm,
Is rinn do ghléphin umhal,
Suidheam-na tréimhse ag fighe na féithe
Ar scríb i ngaobhar don chúl!
Ó's gríobh glan aosta thu,
'S gur cuibhe dhon léithe umhlughadh,
I luing na héigs beidh buidhean fét réir —
Don chríona théidheann an stiúir.
Smaointe bréige um chlú,
'S neamhshuim sa saoghal n-a gcionn,
Bheir mílte Gaedheal i linntibh déar
Thar tuinn i gcéin sa tsiubhal.
Bíd ar séirse annsúd
Sa díg sa bhféith sa scubhat,
'S ag claoidhe le gléas nár ghnaoi leó é
N-a dtír bhig fhéin ar dtúis.
An dísce préimhe is clú
Do fríth ar Éirinn úir,
Beidh línn, is léir, go crích an tsaoghail
Má bhíd an éigse ciúin.
Ní gníomhartha léire lúith
I n-íorghuil lae na súnc
A scíordfaidh béir a críochaibh Chéin,
Acht intleacht éifeachtamhail.
Ní claidheamh ná pléir ná púirt
Arís is déanta dhúinn,
Acht claoidhe le céird, is luighe le léigheann,
Is síthchur céachta i bhfunn.
'S ó chír an éigean chumang
Ler síneadh Gaedhil do rúin,
'S an nídh do bhéarfadh díon don tréad,
A síorchur déin i n-umhail.
"GAOL NA nGAEDHEAL"
Ag Gabháil a bhuidheachas le "Tórna an Ghleanna."
A chaoinfhir fhéil 's a rúin,
do scríbh gan taodadh chugham,
Míle baodhchus dhíbh n-a thaobh
Ó chroidhe gan chlaon n-a chionn.
Maoidhfead féin an chúis,
Ó scaoilis réimeas liúm,
'S gur dhlighis me im bmhaor ar dhraoithibh céad
Im chríochaibh féin sa Mhumhain:
Saoi le léigheantacht thú,
Nach íseal méin ná clú,
D'fhíorfhuil Shéafhradh ó thaoibh Chuiréil,
Ór shín an éigseacht chughat.
Is binn bog béasach búidh,
Mar síorchur téad ar tiúin.
Milseacht bréithre caoin do bhéil
Ag tigheacht go saor n-a srúill.
Ná tigheadh ort léan ná cumha,
Ní'l puinn det Ghaedhil amugha;
Fillfid féin arís gan baoghal
Am cíorrbhtha béar ar gcúl.
Bíodh do chéachta i n-úir,
Is síoltha ag cré dá thabhairt;
Acht bím-sa ag gléasadh buidheanta laochradh,
Mar bhíodh an Fhéinn ag Fionn.
Mar, 'sí mo chéadfhadh ar dtúis
Ná stríocfaid béir go humhal,
Gan gníomhartha géag is fuighlach faobhair
Do thabhairt dá dtaobhaibh dubha.
Seascad ar fiche de bhruinnealaibh mín módhmhar,
A chara, do chuirim gan choinne san tslighe romhat-sa,
It aice ar gach conair, 's ar imeallaibh righinmhóinte,
'S go leabaidh an fhile chirt thuigsionaigh chaoin, Tórna.
TÓRNA cct., ag freagradh air sin.
A Phádraig chroidhe na rún
S a cháidhfhir chinn na dtrúp,
An ráfla chír ar phár dá mhaoidheamh
Ná crádhadh do chlí-se i bpungc
Ní gnáth ár suim á thabhairt,
Do ráidhtibh buidhne um chúis,
Gan fagháil arís ó chách n-a thaoibh
Ar a shásamh d'fhíorurrudhas.
Dá mb'áil libh scaoile fúinn
Go fáthach fíochta i bhfunn,
Ár gcáirdeas saoighil ní bháithfadh laoi,
Agus tá's ag Íosa súd.
Is cráidhte bhím 's is dubhach,
Ó thánga i n-aois chun rúin,
Mun dtáin seo chloinn na Máthar Gaoidhil
Gach lá thar tuinn san tsiubhal.
Nár bhreágh dhon bhuidhin fanamhaint
I gClár Luirc aoibhinn úr,
Is ránn 'n-aghaidh an laoi i láimh gach n-aoin —
Badh shámh do thuillfeadh púnt.
Nó tráth le saoireacht shubhach —
Ag cur spáll is dín ar chúirt,
Nó plána mín ar chlár do luighe —
Badh shás chun croidhe gan smúid.
Ní háil leó taoibh dá ndubhart,
Acht gabháil tar íoghair na dtonn.
Go mbáithtar mílte den táin i linn
Na ngnás so an ghaill, mo chumha!
'S a Phádraig chroidhe, dar liúm
Gur bh'fánach dhíbh-se annsúd,
Bheith soláthar buidheanta a dáil na díogha,
'S an bláth i gcríocha ainiúil.
Nár bhfearr fá thrí dhon Mhumhain,
Na sáirfhir laochta úd
le dálaibh tighis ó Mháigh go laoi,
'Ná ar stáir na dtíortha ndúr?
Nár bh'fheárr dhon bhuidhin fé chúig.
An tsláinte fí bhrogh súigh,
Ná táinte ar mhaoil gach árdchnuic díobh —
Is cneádha coigcríocha á scumhadh?
Má táir chun suidhe le Fionn,
Is áise faoibhir a thabhairt
I lámhaibh an dríodair d'ál na laoch,
Mo chás mo líonruith thú!
Badh gheárr go sínfeadh búir
Ar chlár mhaith mhín na Mumhan
Le grán, le plaoisc, 's le lámhach gunnaí,
Na sárghaiscidhigh 's a bhFionn.
Ní tráth chun gníomhartha lúith
An tráth so, chítar dúinn,
Acht tráth chun claoidhe le ráinn le deímheas
'S le bráca síoch ar úir.
Fágaim d'aointoil fút
Na rábairí le clú;
Mar, táin le crích a b'fheárr liom fhín,
A Phádraig chroidhe na rún.
Sin céad bruinneal aérach gan scáith ón sín
le haon-chumann cléibh is le gáirdeas croidhe
do léigim ón dtaobh so de Chlár gheal Chuinn,
Gan staonadh go dtéighid-sin go Pádraig aoil.
"GAOL NA nGAEDHEAL" arís;
agus ar an aiste seo do bhaist sé "Dólás Ghaoil na nGaedheal."
A Thórna, a chara fhíor, a leóghain badh ghasta gníomh,
Stór is taisce croidhe ná héigse,
Eólach ceart ar laoi do sheóladh i n-abairt bhinn
Go fóghanta fras i bhfuighlibh Gaedhilge,
Dar ndóigh ní magadh ghnís lem shórt-sa sheanaghríobh
San chomhad do chanais linn go déadhnach;
Thomhaisis beart go fíor le comhacht an gallabhuidhin
Tar fóir go ngreadfaidís na pléir liom.
Má tá an sceól so mar a chím, is cóir dam stad gan mhoill
De ghnóthaibh ait le baois dígh céille;
Tá an fóghmhar gan barra chím, 's is dóch gur mheath an síol
De phór na bhflaith badh dhíon ó bhaoghal dam;
Ní'l comhaltus ar mo thaoibh, ná comhairle ceannairí,
Do sheólfadh maca Míleadh d'aontoil,
Act glór ag smearaithí, gur mó a ngaeth 'na a ngaois,
Do tógadh as an ndríb go déadhnach.
Is mór an t-easnamh línn go deó i bhfearann Flainn,
Gur leónadh flaith is rígh na Féinne,
Gan comhacht age na buidhin, ná fóirne fear mar bhí,
Do thógfadh cath ar scríb an lae dhúinn;
Táid dreóighte lag gan bhrígh, ar feódh fá ghlasaibh líog,
Is gan an ógham ortha scríobhtha féinig;
Do-bheir slóighte na mban sidhe ar bhórd na leasa ag caoidh
N-a ndeóidh go cathach caointeach céasta.
A Thórna, a shearc mo chroidhe, is eól gan easbhaidh dhíbh
Gan teóra beatha Chuinn na gcéad cath,
Mac Róigh, mac Airt is Naois, Eóghan is Oilill caoin,
'S an leóghan dá ngarmuítear Céin air,
Go leór de mhacaibh ríogh gur chóir a maith do mhaoidheamh,
Acht a dtómhus isteach im laoi nár fhéadas,
Ní rómhar do chleachtaidís, acht mórdhacht maith is gníomh,
Ag cur sceón i srathairíbh thar Téitis.
Mo bhrón mo chreach mo dhíth mo scóladh isteach go croidhe,
Sin deóra ag teacht n-a linn óm chaomhdhearc,
Is pór mo charad Ghaoidhil dá seóladh ar fairrgíbh,
Gan cóir gan ceart i dtíorthaibh Féidhlim,
Gach ló fá shraith is cíos, gan cóir ar sin do íoc,
Le fóirneart galla an fhill 's an éithigh;
'S dá rómhraidís an chríoch ná tógfaidhe an gad soin díobh,
Dom dóigh, gan caismirthíocht do dhéanamh.
Le deóin an Athar aoird badh chóir dúinn preabadh arís
Go leóghanta mear, go fíochmhar fraochta,
Le slógh de gharbh-bhuidhin, le fórsa ar mhachairíbh,
Is n-a ndóirne lanna is craoisigh ghéara,
Le mórtus ceart chun gnímh, mar ló Chluain Tairbh thíos,
Le gleó agus greadadh claidhimh gan staonadh;
Crónphuic glanfaimíd a Fódla amach arís
Gan fód de fhearainn mhín bhog Éathuir.
"TÓRNA" arís;
agus ar an ndéantús so do bhaist seisean "Deireadh dhon Díoghruis."
Ba leór an t-aiteas linn an sceól ar cairt do scríbhis,
A leóguin ghasta shíol na héigse,
'S is mó liom geallaim díbh na cómhda a spreagair línn
'Ná Tórna theacht n-a rígh ar Éirinn;
Nár chóir gur bh'fheasach dhíbh ná leómhthainn magadh á laighead
Fát short-sa chanann laoi le héifeacht;
'S an tómhus ó dh'atharruighis is cóir go leanfaimís
Sa rod le freagra cuibhe dá réir thu.
Is eól dam adamhuighim na sceólta is startha scríobhadh
Ar chródhacht Airt is Chuinn na gcéad cath,
'S na dtreón do b'fhearra gníomh i ló na caismirthíocht
Chun slóighte dearg-naímhead do thraochadh;
Ní gleó le barra claidhimh san ló so an airm nimhe
Do thógfaidh buileach dhínn, amh, géibhinn,
Acht treó agus slacht is crích, is stór gan easbhaidh fuinn —
An chródhacht fanfhaidh sí, ní baoghal di.
Ná glóis i gcathaibh baoighil go dtómhaisir neart do naímhead
'S an treó atá air chun gnímh a dhéanamh,
A shlóighte ar thalamh cruinn, is fórsa a bharc ar tuinn,
'S a chóir chun gasraidhe do ghléasadh;
An dóigh liot, fachtaim díbh, gur dóth dhuit cath aonlaoi
Ar leóguin fearainn Flainn le chéile,
Is stór is rachmus ríoghdha fós ná deachaidh i ndísc
N-a gcomhair ag aicme an fhill le glaodhach air?
Tar fóir ná gabhaimís go fóill, go meastar línn
An ród go gcaithfar tríd dul d'aontoisc;
Má's meóin linn preabadh arís bíodh gnó na bhfear n-a luighe
Rompa amach gan fuigheall le féachaint;
Bóthar achrannaighe seadh an ród so, a chara chroidhe,
Is ní thógfaidh preab dá aoirde é dhuit;
Dar ndóigh níor cheart do Ghaoidhil do chomhairle a ghlacadh arís
Ní comhairle a leasa í adéarfainn.
Nach mór do chaillimíd i bhFódla mhaith n-aghaidh an laoi
Ó ghlór le bladar sínte i gcéimibh;
Dá dtógfadh bagairt chlí an smól de shearc ár gcroidhe,
Fadó do bheadh gan cíos ár bhféarghuirt:
A chródhaigh chanta laoi ar nós na sean go binn
Ár sceól-na feasta tigheadh le réidhteach
Rómhair-se clais lem thaoibh go ló na bhfear le gníomh,
Is geóbhad let ais sa bhruidhin gan méala.
DOMHNALL Ó LAOGHAIRE,
ó Inse Geimhleach, cct.
ag freagradh ar "Ghaol na nGaedheal."
Is mó 'ná seachtmhain ó léigheas ranna sa Ghlór Ghaedhealach,*
Dán nuacheapaithe i dteangain na binn Ghaedhilge,
Ní bhrille bhreaille mar mheasaim acht dámh léigheanta
Do chúm na ranna cruinn slachtmhar is breagh déanta.
Locht ní abraim fachta ar na seacht bhéarsa,
Acht go mbraithim easnamh ar ainmneacha na bhfíoréigse:
An tAthair Peadair thuilleann barra agus clú i n-éinfheacht —
Ursa daingean is fíorchara na caoin Ghaedhilge.
Nuair thugaim amus roinnt ranna d'fhighe le chéile
Bím go heaglach roimh mhagadh na saoi léigheanta,
Gur "bhrilleacht bhreallacht," nó leathnach gan puinn éifeacht,
Do chífidhe i n-eagar agus m'ainm leis thíos léighte.
Is fíor gur easnamh dúinn cabhair na groidhe laochra;
Sliocht ríoghdha Chaisil ba thaithiceach i gcruaidh-ghéibhinn,
Sliocht Bhriain ba chalma i ngaisge 's i mórlaochus,
Do ruagair Danair, gan casadh go Crích Éireann.
Cois laoi do mhairim-se sa bhaile dheas fíornaomhtha,
Mar bhfuil naoimh is aingil im fhaire 's im shíoraodhaireacht,
Chun mo smaointe tharrac ó gach peacadh tá ar tí baoghail dam,
'S ma chaillim m'anam caithfead beatha go míréartha.
Pé file blasta chúm na ranna sa nGlór Gaedhlach,*
Dlighim barra dhó 's ní fhanfad le glór éinne:
Dá bhfaghainn i dtigh an tabhairne é, nó im aice im thigheas féinig,
Do dhíolfainn airgead fairsing as trí "thraét" dó.
Má's críona caithte me, 's mo phlaitinn níl liath acht gléigeal,
Mo luadhail go lagaithe, 's is an-ghearaid mo choiscéimí,
Mo labhartha balbh, is ní maitheas dam gáirtéirí,
Bím ag guidhe go mairidh ar dteanga i measc Gaoidheal Éireann,
A "Mhuimhnigh"* bhlasta mhilis chneasta na mbinnbhréithre,
Deaghughdar tairbheach agus taca don chúis Ghaedhilge,
Má's a d'iarraidh startha dhuit chun a gcuir i n-eagar sa Ghlór Ghaedhlach
Seo chughat m'acmhuinn-se, 's mara dtaitnfidh leat ní'l díth déanta.
FREAGRA "GHAOL NA nGAEDHEAL"
Ar Dhomhnall Ó Laoghaire.
A chaoinfhir chailce 's a dhalta na Naoi mBéithe,
Ós faoi n-a dtearmuin chaithis do ghroidhethréimhse,
linn Pharnassus nuair bhlaisis fá scím braon di
Gur dhíogais dealbh an glaise ar an mbuidhin Éigse.
Bíodh dá bharra gur cantaire caoin saor tu,
gan moill ná mairg ar aitheasc do bhinnbhéil-se,
Go líonmhar deachtuighthe i ndleachtaibh na bhfíréigeas,
De shíor ag scanadh gach aiste dá dtí it ghaor-sa.
Groidhre rabairneach farsaing ó Uíbh Laoghaire,
Do dhlígh i n-aisce dham cathuighibh na dtrí thraét úd,
Do dhíogfainn canna dhí it fharradh le croidhe bhaodhchus,
Acht de dhruim an charrbhuis gur bh'eagal dúinn dígh céille.
Má ghníos-sa dearmad, 's gur measach dham luighe fé sin.
Gan scríobh ar ainmneach' ceachtar den bhuidhin léighinn úd,
Ta roímhe seo a dteastus-san scaipithe i gCrích Éilge,
'S dar linn badh bhladar dam casadh ar an ngníomh céadna.
Acht ó mhaoidhis-se ainm an tsagairt ba rí-léigheanta,
Ding den tseanastoc d'eascair de Chloinn Laoghaire,
Is maith a fhreagair dó a ainm n-a naoidhean ghléigeal,
Is é thigheacht mar Pheadair chughainn, carraig na caoinchléire.
Ní raibh maitheas i sagart nach fríth saor ann
Díon do lagaibh is tarmon daoine aosta,
De shíor dá dteagasc le leanfaid sin slighe saortha
'S le linn an Aifrinn ag canadh na soíscéala.
A chroidhe do ghreannuigh le heachtra a thír féinig,
'S gach nídh bhí taiscithe i n-analla fíora Éireann,
Do scríbh gach seanchadh leanas a buidhin laochradh
Síos le tagra leathan go cruinn téicsach.
Seo dhíbh mo ranna, 's ó's ceaduighthe dhíbh, léighidh iad;
Bíodh nach taithiceach bhreacas-sa brígh an scéil díbh;
Acht gur cuibhe liom freagairt do sheanduine ó Uíbh Laoghaire,
Fear grinn dá amhail ná feaca-sa i gCrích Féidhlim.
"PÚCA AN IARTHAIR," cct.
Ó gheibhim gan Leisce lucht deilbhthe draoidheadóireacht,
Is faghairt chun reicthe ar gach gleidire 'en ríchóip sin,
Beidh m'adharc-sa feistighthe ar mheidir an bhinnghleó so
'S mo laghair sa leitinn ar steillinn an tighe seóda!
Go deimhin ní fheicim-se leithead ná aoirde fhóghanta
Sa chladhaire a theilg chun deiridh ár mbuidhean ghleóidhte;
Faghadh gan cheileatrom sceilmis croidhe is drólann,
Is raghaidh n-a leibide i leirg na mínbhóchna.
'Sé leigheas na teibirsean leigean do spídeóireacht
Do bhladhmann geilthe, do mheisce is do mhillteóireacht,
Do adhnadh gleice agus feirge is míchomhairle,
'S do stradhnaibh reithe i n-aghaidh sceiche gach claidhe teórann.
Nuair a leighfidh meirg na ceilge a chlaoidheann fós sinn,
Is soilse an chreidimh gan teipe ghár síorlónnramh,
Ragham ar deiseacht i seiscin na sítheóiltheacht,
Mar bhfaighidh ár seisreach steillirith fí mhórtus.
Roinntear seilbh na ceiste ar na groidheleóguin;
A n-adharca seinnid i bhfeirmimint Críoch Fódla;
'S gach meidhleach meirbh ná creimeann mar thighid crónphuic
I dtadhm go raibh is a mheilli-phus críonscóltha!
COMHFHREAGARTHA.
Níor dhual do Ghaedhlaibh riamh gan bheith tugaithe do ghreann. Ar éigin
a b'fhiú do dhuine bheith ar marthain mara mbeadh cluithche beag spóirt
aige. Is geall le faid ar a shaoghal é; agus mar adubhrathas romhainn-
na: "do mealladh an duine ná bainfeadh an t-iasacht as." Do bhainea-
mair féin ádhbhar grinn a soláthar do Dháil na hÉigse anuiridh, agus ó
thárla slighe againn dóibh, b'fhéidir nár mhiste samhlaíd nó dhó d'áireamh.
Sidé an cuire a thug Tórna do Ribeard Bheldon:
Mo dhafhichid múirneach gan luid den éadach
do chuirim péinigh chun Ribirt ghroidhe,
I dtaisteal triúcha le cion mo chléibh air
'S le hiomad géille dá fhriotal grinn.
Gaibh feasta ag súgradh cois srotha an naonbhair
Go ngoidir dréacht maith ó dhuine 'en bhuidhin,
'S de bharra an tiúscail fagham scoth do bhéil ghil
I gCorcaigh aéraigh go sulthmhar síoch.
Sidé an freagra a thug Ribeard air sin:
Do rachainn go Corcaigh de shodar go saothrach
Is bheinn gan dochar nbhur bhfochair, dá mb'fhéidir;
Thá folacha mo bhosca gan eochair gan bhéilheasp,
'S an siogán is an scrogal ró-ghoibhte dá mb'fhéidir.
Agus seo mar adubhairt Tórna, ag gabháil a bhuidheachus le Ribeard i
dtaobh "Peadair na Gruaige":
A Ribirt, a chara, go maire tú t'fhéith gheal
Chun duanta do chasadh go greanta sa Ghaedhilg;
Do chófhra go daingean is glas air ná réabfar,
Is do ghlór-sa go mbainidh macalla as na sléibhte.
Is, fé mar do cheartuigh tú Peadair na céibhe
Iompuigh let bhallait ar ghlagairí an Bhéarla
Go gcloistear a gcneadaigh a screadaigh 's a mbéicidh
Ó phortaibh na Machan go caladh Bhaoi Bhéarra.
Seo mar do hiarradh congnamh ar "Dhá Chích Dhanann":
A Dhá Chích Dhanann na ndán mbinn mblasta,
Ní fuláir dhíbh freagairt dom ghlórthaibh
Le báibín ceana, badh shárdhíol seabhaic,
Ó sháil rinn deachtuighthe i gcómhdaibh.
Pár aoil glacaidh, 's a bhláthghnaoi breacaidh
De bhárr pinn acraigh sheóltha;
'S a lánbhuidhe, measaim, i dtráith dhíbh raidfid
An Dámh chroidhe s' againn is Tórna.
Thugamair cáirde mí dhó d'fhonn is go mbeadh aimsir a dhóthain aige
chun na dealbha a chur suas. Seo mar adubhairt sé n-a thaobh:
A Thórna an tsoghmhailfhriotail bhinn,
Is eóltha i ngrinnshlightibh dámh,
Mo bhrón nach liom comhachta do phinn
Is seólta do scríobhfainn-se dán.
Ó's leór liom bhur scór go ceann mí
Chun cnósta na smaointe tá ar fán,
Má's beó mise gheóbhair-se uaim laoi;
Ag Tórna go dtí soin, seo slán.
Agus, d'éis "An Fánuidhe" d'fhagháil do Thórna dubhairt le "Dhá Chích":
A ráib ghroidhe ón Dá Chích do ghlóis
Thar máigh mhín na Fódla gan bhéim
It fhánuidhe agus fánuidhe breac-óg
Let sháil troighe chun spóirt i n-aghaidh 'n lae,
"An Fánuidhe" ní fuláir dhíbh a dhóghadh
Tá an Mhárt aoil ar nódhrith fét dhéin
An tráth bhíd connstáblaí sa tóir
Is ar Dhá Chích ní fhóirfidís féin.
Ní beag an méid sin don chor so. Bídh ag súil le tuilleadh is le
hearradh nísa shlachtmhaire an chéad uair eile. Badh mhaith linn é thabhairt
mar chomhairle do sna filidhibh an greann do chleachtadh. Beidh an lá leis
an té gur féidir leis gáire a bhaint a daoinibh, agus má's sa Ghaedhilg a
bhíonn ár ngreann beidh aghaidh — seadh agus intinn — na nGaedheal uirthi.
Dá bhrígh sin, feiceam bhur ngníomh, a Éigse. Tá greann sá leabhar so.
Bíodh a dhá oiread sa chéad leabhar eile uaibh. Mar sin is fearr a thait-
neóidh sibh féin is bhur saothar le muinntir na Gaedhilge.
AGUISÍN.
Sin agat, a léightheóir, an chéad chnuasach de shaothar Chumann na hÉigse.
Do b'fhuirist dúinn an leabhar so, agus céad leabhar dá shamhail, a líonadh
le filidheacht bhlasta na seandáimhe. Acht ní hé sin a bhí uainn. Do theas-
tuigh uainn a chur i n-umhail cionnus mar atá filidhe an Lae indiu ag
obair, agus iad a ghríosadh chun tuilleadh a dhéanámh. Ní bhfuighfar annso
iarrachtaí ó sna filidhibh go léir. Ní raibh an chae aca air. Acht de réir
mar bhímíd ag dul i dtaithighe na hoibre tiocfaidh feabhus orainn
Badh mhaith linn ár mbuidheachus a ghabháil le Comhaltus Feis na Mumhan.
Thugadar uatha síntiús maith chun an leabhair seo a chur i gcló. Déinid
soláthar i gcomhnuidhe dhon Éigse, agus tugaid an chaé dhóibh ar theacht i
bhfochair a chéile is ar chomhairle a cheapadh. Tuillid ar mbuidheachus féin
agus buidheachus ó gach duine a chuireann suim i bhfilidheacht na Gaedhilge.
Cúiteóghfar leó ann.
Táimíd buidheach den uile dhuine do chabhruigh linn san obair seo. Tá
súil againn go mbeid sásta linn féin is le n-ár "Saothar," agus n-a
theannta-san, go bhfuighid an oiread sult n-a léigheamh is do fuair an
Éigse n-a chumadh. Is dual ár mbuidheachas, leis, do Phádraig Ó Briain
i dtaobh a shlachtmhaire is do dhein sé a chion Féin. Ó thárla gnaoi na
hÉigse aige, badh chontabharthach an rud teacht crosta air.
Sid iad ainmneacha na ndaoine do dhíol a gcion leis an Sporánuidhe;-
Comhaltus Feis na Mumhan, £7.
An Dochtúir Ó Luingsigh, Baile Mhúirne, 5/-
Leathchoróin an duine, uatha so:-
An tAthair Peadar Ó Laoghaire, Canónach, Caisleán Ó liatháin.
An tAthair Pádraig Ua Duinnín, Baile Átha Cliath.
Riseárd Ó Foghludha (Fiachra Éilgeach), Baile Átha Cliath.
An tAthair Pádraig de Bhulbh, Cill mo Cheallóg.
Pádráig Ó Cadhla, Scoil na Rinne.
Conchubhar Ó Muimhneacháin, Inis, Co. an Chláir.
Tadhg Ó Séaghdha, Baile Áth Luain.
Seán Tóibín, Cill Áirne.
Séamus Ó hEachach, Timthire.
Tadhg Ó Cruadhlaoich, Baile Mhúirne.
Tomás Ó Gormáin, Sráid an Ríogh, Corcaigh.
Piarus Béaslaoi, Baile Átha Cliath.
Diarmaid Ó Laoghaire, Ráth Caoldha.
Séamus Ó Súilleabháin, Doire Fhionáin.
Pártholán Ó Céilleachair, Corcaigh.
Tadhg Ó Donnchadha (Tórna), Baile Átha Cliath.
Seán Ó Ceallaigh (Sceilg), Baile Átha Cliath.
An tAthair Éamonn Mac Gearailt, Corcaigh.
An tAthair Pádraig Ó Riain.
Diarmaid Ó Foghludha (Fearghus Finnbhéil), luimneach.
Domhnall Ó Murchadha, Corcaigh.
An Dochtúir Tadhg Ó Cruadhlaoich, Áth an Chóiste.
Tomás Ó Muirgheasa, Corcaigh.
Muiris Ó Foghludha.
Pádraig Mac Suibhne, Mainistir Fhearmuighe.
Séan Ó Cadhla, Cuilinn Uí Chaoimh.
Máire Ní Shúilleabháin, Baile Átha Cliath.
Séamus Ó Ceallaigh, Stiúrthóir "An Chlaidheamh Soluis."
Tomás Ó Rathaille, Baile Átha Cliath.
An tAthair Máirtín Ó Maoldhomhnaigh, An Clár.
Diarmaid Ó Muimhneacháin (Dhá Chích Dhanann), Mainistir an Bhealaigh.
Seán Ó Gruagáin, Biorra.
Donnchadh Ó Donnchadha, Carraig na bhfear.
Pádraig Ó Dálaigh, Baile Átha Cliath
Mícheál Ó Cuileannáin, sa Scibirín.
Seán Ó Laoghaire, Cluain Droichead.
Pádraig Ó Cruadhlaoich (Gaol na nGaedheal), MaghChromdha.
Éamonn Ó Donnchadha, Corcaigh,
Pádraig Ó hAragáin, Corcaigh.
An tAthair Criostóir Ó hEillighe, i nAlbain.
Donnchadh, Óg Ó Donnchadha, Muigh Nuadhad.
An tAthair Micheál Mac Craith, Cill Rosanta.
Pádraig Ó Briain (Clódhadóir), Baile Átha Chliath.
Ribeard Bheldon, Cill Rosanta.
Ní'l áirimhthe annsoin acht an méid atá ar láimh againn. Tá a thuille
geallta dhúinn, acht ní bhfuaireamair fos é. Iad so gur mian leó bheith
n-a ndaltaí ar an gCumann, agus cabhrughadh linn, cuiridís a n-ainm-
neacha agus a síntúisí go dtí an Dochtúir Ó Luingsigh, i mBaile Mhúirne,
nó go dtí Tórna, i gConnradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath.
*Féach "Les Marionnettes" — Dán de dhántaibh Béranger.
*.i. Pádraig Mac Suibhne, fear an "Ghlór Gaedhlach."
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11