Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéal Sheandúin

Title
Sgéal Sheandúin
Author(s)
Ó Murchadha, Tadhg,
Pen Name
Seandún
Compiler/Editor
Mac Suibhne, Toirdhealbhac / Ó Murchadha
Composition Date
1920
Publisher
Brún & Nóláin

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SGÉAL "SHEANDÚIN"
(Tadhg Ó Murchadha)



CUIR SÍOS AR GHNÓ NA BHFÍNÍNÍ I GCORCAIGH
Ó THOSACH BLIADHNA A '65 GO DEIRE
BLIADHNA A '67 AN MÉID SEO ISTIG


L. ii


Fógartar gach ceart ar cosnamh


L. iii


I mBuan-chuimhne
Laochradh Gaedheal de gach aois
a fuair bás ar son na h-Éireann.


L. 3


RÉAMHRÁDH.



Tá an chuid seo de Sgéal "Sheandúin" 'á cur i gcló
againn ar dtúis, de bhrígh go bhfuil sí níos iomláine
innti féin ná an chuid eile dhe. Déanfaimíd an chuid
eile sin do chur le chéile chómh luath agus is féidir linn
é. Is truagh linn nár saoghluigheadh "Seandún" chun
críche do chur ar an obair. Ag tosnughadh dhó uirthi,
bhí ag dul d'á shláinte, agus níor éirigh linn fhághail
uaidh ach cuid bheag d'á raibh aige. Ba mhór go léir
an chreach a dhein a bhás do Litiridheacht na h-Éireann.



Tuigtear ná fuil sa mhéid a fuaramair ach an chéad
innsint do réir mar a tháinigh sí ó n-a bhéal féin. Toisg
ná raibh ar a chumas í aithléigheadh agus a cheartughadh,
b'fhéidir go mbeadh tuathal beag cainnte annso agus
annsúd: má tá, ámhthach, is suarach le rádh iad.



I ndeire an mhéid seo d'á sgéal tá roinnt bheag
nótaí a fuaramair i mBéarla uaidh i dtaobh gnótha
na bhFíníní. Bhí sé ag brath ar go bhféadfadh sé sgéal
cruinn iomlán a dhéanamh díobh i nGaoluinn. Cheapa-
mair gur cheart dúinn na nótaí sin do chur i gcló sa
leabhar so, leis. Ó's rud é, ámhthach, gurab eól dúinn
nár mhaith leis féin aon Bhéarla a bheith na leabhar, do
chuireamair féin na nótaí i nGaoluinn, agus gheobhthar
san aguisín iad.



Sinne do dhein an sgéal do roinnt 'na chodaibh.
Ba nós ag "Seandún" é, gach focal d'aithléigheadh
agus d'aithsgríobhadh airís agus airís eile, d'fhonn is
ná beadh aige fé dheire ach an rádh ba bhríoghmhaire agus


L. 4


ba líomhtha. Ag déanamh an chéad innsint féin dó, ní
bhíodh sé sásta gan iarracht a thabhairt fé 'n bhfocal
ab' fhearr agus b'oireamhnaighe d'fhághail. Nách soluíd
dúinn é, dá bhrígh sin, a dhéine a bhí an droch-shláinte ag
goilleamhaint air, nuair a thug sé dhúinn nótaí i mBéarla
agus nuair a labharadh sé annso agus annsúd focal
i mBéarla 'na sgéal féin. Chuirfeadh sé síos nótaí i
mBéarla ní ba thúigse ná focal neamh-oireamhnach,
dar leis féin, a rádh i nGaoluinn. 'Sé a deireadh sé
ná: "Fág mar atá sé é. Fillfeam airís air." B'é
toil Dé é, ámhthach, nár fhíll sé air a thuille. Toil Dé,
go ndéantar.



Ar a shon san is uile, is iongantach agus is tairbheach
an leabhar atá againn, moladh le Dia. Agus tuigfar
a fheabhas agus a líonmhaire agus a áilne do bheadh sé,
dá saoghluightí "Seandún" chun críche do chur ar an
obair.



D. Ó M.
T. Mac S.



I gCorcaigh Dúinn,
Meadhon Fóghmhair, 1919.


L. 5


SAOTHAR "SHEANDÚIN."



I.



"Is minic adubhradh gur truagh nách ar litridheacht
do thug sé 'aghaidh tar éis sgoil d'fhágaint dó, agus cé
go raibh sé ró-chliste, árd-intinneach 'na chéird, ar a
shon san gur do litridheacht do bhí a intleacht cúmtha
cóirighthe."



Focail iad-so a ndubhairt "Seandún" i dtaobh
Donnchadh Pléimean. Cuirtear i gcuimhne dhúinn anois
iad, agus sinne ag déanamh machtnaimh ar a chuid sgríbh-
inní féin. Is léir do'n t-é a léighfidh an chuid bheag
so d'á sgéal, ná raibh éinne i nÉirinn chómh cúmtha,
cóirighthe le "Seandún" chun oibre na litridheachta
a dhéanamh.



'Na theannta san, do thuig "Seandun" cad is
litridheacht agus cad is ughdar litridheachta ann, agus
do thuig sé, cé go raibh a lán sgríbhneóirí againn, gur
tearc duine acu gurbh' fhiu é ainm ughdair litridheachta
a thabhairt air: mar ag cur síos do ar thuairmíbh an
Phléimeanaigh i dtaobh cúrsaí litridheachta, do labhair
sé linn na focail seo adeireadh an Pléimeanach:
"Fóiríor, na daoine atá ag sgríobhadh i nGaoluinn
anois, níl ionnta ach tusnuightheóirí i gcúrsaíbh litridh-
eachta, abair is go bhfuil an teanga go h-álainn ag cuid
acu. Ní h-éigse iad, agus ní locht san ortha. Dá
mbeadh na mílte sgríbhneóirí againn, ní dócha go mbheadh
duine ar an gcéad 'na measg do thuillfeadh ainm
ughdair litridheachta." 'Seadh, ach is léir dúinne go
mbeadh "Seandún" 'na dhuine ar an gcéad.


L. 6


II.



Is minic a tugtar fé ndeara go bhfuil a lán sgríbh-
neóirí ann, ag innsint sgéal dúinn, ach gan de thuis-
gint acu connus sgéal do thosnughadh ná connus críoch
oireamhnach do chur air. Níor mhar sin do "Sheandún,"
ámhthach.



Féach leat tosnughadh a sgéil féin: an t-ógánach,
go raibh i ndán dó bheith 'na shaighdiúir na h-Éireann,
ag gabháil thar an ndroichead an chéad uair a bhí sé sa
chathair, agus féach, cé h-é an chéad duine a bhuailfeadh
uime ná an saighdiúir dearg úd, agus é ar tí thabhairt
fé'n ógánach dílis do mhealladh isteach san arm Gallda;
agus annsan na focail ghunta adeir sé féin — nách
soléir a chuirid siad i n-úil dúinn an troid a bhí ar
siúbhal i nÉirinn an tráth úd, agus atá fos; nách soluíd
dúinn ar spioraid chalma an ógánaigh iad: "thugas
féachaint air nár mheasa dhó deoch nimhe do shlogadh ná
é. — Bhí obair na bhFíníní ar siubhal an tráth úd agus
thugas mo bhóthar orm gan freagra a thabairt air."



Dá oireamhnaighe tosach a sgéil, nách ró-oireamhnach,
leis, a dheire. Tá obair na bFíníní ar lár; na cinn
i bpríosún, agus an triúr laoch úd tar éis a gcrochta
i Mancoin. Cuireann "Seandún" críoch ar a sgéal
ag cur síos dó ar an sochraid a bhí i gCorcaigh lá ar
n-a bháireach tar éis an ghnímh fhuiltigh úd a bheit imeartha
ag na Sasanaigh. Tuigimíd uaidh púnc atá dorcha ar
a lán connus a mhaireann an spioraid fós i nÉirinn.



A bhformór de sna daoinibh a bhí ar an sochraid an
lá úd, níor ghabhdar páirt leis na Fíníníbh roimhe sin;
ach nuair a thug an triúr laoch úd fuil a gcroidhe ar son
na h-Éireann, do las an spioraid i n-anamnaibh Clanna
Gaedheal, agus thánadar 'na sluaightibh chun onóra a
thabhairt do sna marbhaíbh, agus chun leanamhaint ar


L. 7


an dtroid d'fhonn Éire do sgaoileadh ó fhorlámhas
Shasana. Léigh leat na focail dheireannaigh, an machtnamh
a bhí ag na daoinibh ar theacht abhaile dhóibh: "(Ba leir
duit) gur mhó ógánach calma, láidir, agus cailín fíor-
Ghaedhealach agus duine meadhon-aosta amháin, go raibh
main i ghin acu gan an braon imtheacht as a súilibh go
mbeireadh an lá ortha go gcúiteóidís an gníomh fuil-
teach úd le Sasana an Fhill."



Mar sin a cimeádtar an lasair beó i n-Éirinn:
mar sin "a leanfaimid-ne an lóchrann do las ár
sinnsear rómhainn."



III.



Má tá ádhbhar i sgéil ag "Seandún" cad é mar
ádhbhar dráma, leis. Dá mbeadh sé beartuighthe aige
dráma do cheapadh, connus a thiocfadh leis é dhéanamh
níos fearr ná ar an gcuma 'nar dhein sé an sgéal do
thosnughadh: an saighdiúir agus an t-adhbhar Fínín ag
bualadh um a chéile. Ní dhéanfam ach tagairt d'aon
tsoluíd amháin eile — an cúntas i dtaobh an tsaigh-
diúir marcaigh, an spíothaire úd a tháinigh ag triall ar
"Sheandún" agus ar an sean-tháilliúir sa n-áit 'na
rabhdar ag obair sa bhearraic. Léigh leat an cúntas:
"Seandún" ag cainnt leis an spíothaire, agus a gan
fhios dó gurab é an spíothaire féin a bhí aige, agus ag
déanamh easgainí air, "agus é féin 'na sheasamh le
m' ais agus an dá shúil aige á gcur tríom, agus go
deimhin ní go grádhmhar é"; agus an seanduine ag
tabhairt fé cur i n-úil dó go raibh rud éigin bun os
cionn, agus é ag teip air chun gur thug "Seandún"
an bríste do'n spíothaire, agus go raibh sé-siúd imighthe


L. 8


an doras amach "gan an oiread agus go raibh maith
agat a rádh."



Cad é mar ádhbhar dráma é.



Is minic, ámhthach, a bhíonn ádhbhar dráma ag sgríbh-
neóir agus gan a bheith ar a chumas cómhrádh bríoghmhar
do chúmadh. Ach chun cómhráidh do cheapadh níl sé ag dul
thar fóir a rádh ná raibh sárughadh "Sheandúin" le
fághail i nÉirinn: bhí sé chómh maith leis an Athair Peadar
féin chuige. Léigh leat an cómhrádh idir Geary agus
an píléir; an cómhrádh idir "Sheandún" féin agus an
spíothaire agus an sean-duine, agus tuigfir connus
a rith leis cainnt chruinn ghunta do chur síos go
nádúrtha.



Léigh leat an t-aon líne amhain seo: "go ciúin,
go ciúin," ars' eisean, "na h-abair a thuille ach bros-
duigh, brosduigh chúgham anuas." Nách mór an feabhas
ar an innsint an t-ath-rádh, "go ciúin, go
ciúin." Cuirtear i n-úil dúinn go raibh an píléir ag
labhairt ós íseal le Geary, ar eagla go gcloisfí é.
Agus "brostuigh, brostuigh," ní h-amháin go gcuir-
eann sé i n-úil dúinn an gádh a bhí acu chun brostuighthe,
ach cuireann sé meadaracht sa líne. Dar le duine
a bheadh dall ar chéird an sgríbhneóra, is suarach le
rádh rudaí beaga dá shaghas san: an t-é a thuigeann cad
is litridheacht ann, amhthach, tuigeann sé cad é an
toradh foghanta do'n innsint focal do chur isteach
nó focal do bhaint amach, agus a fhios a beith ag
duine connus an t-eólas san do chur i ngníomh.


L. 9


V.



I n-éagmais sin, bhí cáilidheacht eile ag "Seandún,"
sé sinn, connus cur síos beacht a dhéanamh ar áit agus ar
shluagh ar chuma go ndeanfí pictiúir beó, soléir, cruinn
'nár n-aigne. Ní gádh dhúinn ach tagairt a dhéanamh do'n
chúntas i dtaobh an tabhairt-amach i mbearraic na saigh-
diúirí, agus do'n chuntas i dtaobh na sochraide i ndeire
a sgéil.



Smuainigh ar an gcur síos i dtaobh an tabhairt-
amach sa bhearraich, agus a chruinne, a shoiléire, a iom-
láine atá sé. Chímíd an áit agus an sluagh, agus gach
uile nidh, idir bheag agus mór, na gunnaí móra agus an
t-ór go léir a bhí ar mhuinirthlibh ceann airm na bearr-
aice, cómh maith agus dá mbeidhmís féin ann an lá úd.
Tuigimíd an spéis do chuir "Seandún" i ngach rud
do thuit amach ó thosach deire, mar innseann sé dhúinn
connus do shiubhail sé go dtí doras an charcair agus
na príosúnaigh 'á mbreith isteach. "Siúd suas le
n-a gcois me féin agus compánach a bhí agam…
Do chuireadar an bólta ar an ndoras." Chuaidh an
pictiúir i n achrann cómh daingean san 'na aigne, gur
éirigh leis tar éis breis is deich mbliadhan is dachad
cúntas cruinn, iomlán a thabhairt dúinn air.



Féach leat 'na theannta san an cur síos ar an
Sochraid: an tosnughadh ar maidin ag Aifreann, an
t-ollmhughadh i gcóir na Sochraide féin, an mór-siubhal
agus líonmhaireacht an tsluaigh — "ní h-aithneófá na
casáin coise seachas lár na sráide ó n-a chéile le
lionmhaireacht an tsluaigh"; an mór-bhrón ar gach uile
dhuine ag dul ann agus an fonn dioghaltais ortha ar
filleadh abhaile dhóibh. Tá an cur síos go beacht. Níl
an rud is lugha i n-easnamh ann; agus tá gach uile nídh


L. 10


riaruighthe cómh maith san go bhfuil an pictiúir go beó-
soléir ós cómhair ár n-aigne.



VI.



Rud eile tabhachtach: ar nós na n-ughdar is mó cáil
dheineadh "Seandún" machtnamh ar gach rud go gcuireadh
sé síos air, agus do chuir sé linn a óige i gcóimh-mheas
le n-ár linn féin chun na staire a chur i n-úil dúinn
i gceart. Tá daoine ann agus ní thuigid siad gurab
é an troid chéadna atá ar siubhal ag na Sinn Féinidhthibh
i n-aghaidh Shasana anois a bhí ar siubhal ag ár Sinn-
searaibh romhainn agus a bheidh ann go dtí go sguabfar
a' h-Éirinn ar fad na Sasanaigh. Do thuig "Seandún"
é, ámhthach. "Ag machtnamh dom anois tar éis deich
mbliadhan is dachad ar an ngnó a bhíodh ar siubhal
againn is na báiríbh comórtais úd, agus ar ghnó na
Sinn Féinidhthe atá ar siubhal anois, tá a leithéid sin
de chosamhlacht eatortha, gur deamhrach le cúpla iad,
ná h-aithneófí duine acu thar an nduine eile, sa mhéid
gurab é lán-neamhspleádhachas na h-Éireann do bhaint
amach a gcloch-bhuinn araon."



Níor dhuine é "Seandún" a chuireadh síos ar rud
agus é dall ar a bhrígh. Do chíodh sé a fhirinne tríd is
tríd: Éigse dob' eadh é.



VII.



Ní raibh ughdar mór le rád ann riamh, gan intinn
an fhile a bheith aige. Sgrúdaigh saothar "Sheandúin"
anois leis an bhfromhadh so, agus chídhfir go bhfuil an
chraobh aige. Seo soluíd duit: an tagairt seo do'n


L. 11


droch-uain a bhí ann lá na Sothraide úd: "Ba dhóigh le
duine ar an gcrot a bhí ar an dá lá úd, gur thuig na
dúile an choir fhuilteach, aithiseach, éagcórach a bhí imeartha
ag an mbitheamhnach éagcráibhtheach úd, Seán Buidhe, agus
gur chuireadar úmpa failling éagcaoine." Cad é mar
smuaineamh é sin chun a chur i n-úil dúinn connus a bhí
an cumha ag goilleamhaint ar gach uile dhuine, na dúile
féin ag déanamh bróin. Ní mór do dhuine féith na
filidheachta a bheith ann chun machtnaimh d'á leithéid a
dhéanamh.



VIII.



Tá deire, geall leis, le n-a bhfuil le rádh againn
annso. Bí sé beartuighthe againn ar dtúis cur síos
ar an gcuma gur tháinigh an sgéal so a bheith sgríobhtha
agus a bheith fé n-ár stiúradh, go mór mór, cur síos
ar "Sheandún" féin, a intleacht, a chroidhe agus a
bheatha. Ach dhéanfadh san an aiste seo ró-fhada: agus
rud eile dhe, is fiú é chur síos ar "Sheandún" fé leith
tráth éigin eile. Cuirfimíd críoch ar ár léir-mheas
ag déanamh tagairt d'á nádúr uasal. Is minic,
nuair a labhrann duine linn i dtaobh sobháilce a charad,
go nochtann sé dúinn a shobháilce féin. Ba mhar sin
do "Sheandún" insna focailibh seo i dtaobh an
Phléimeanaigh: "Ach, dá mhéid é an meas do bhí ag a
cháirdibh ar bhrígh a intleachta agus ar mhéid a chod' eolais
agus ar luas agus ar líomhthacht a chleite, dob' fhearr
ná iad san go léir a nádúr glan uasal féin. Bí
an croidhe 'na chliabh chómh símplidhe, neamhurcóideach le
croidhe an leinbh is óige. Ní raibh claoine na caime
'na smuaintibh. Má bhí air go minic troid go tréan
i n-aghaidh namhad na cúise, ní raibh pioc mailíse 'na


L. 12


spioraid ghrádhmhar. Éire bheith air, ní fhéadfadh sé gan an
rud ba chóir, dar leis, do chosaint."



Deirimíd 'na thaobh anois na focail chéadna a
dubhairt sé i dtaobh báis an Phléimeanaigh: "Is éachtach
an chreach é. Tá ionad folamh anois 'na dhiaidh ná
líonfar go deó; do réir mo thuairim-se. Do chailleam-
air sgríbhneóir agus sgoláire do bhí ar laochraibh láidre
na cúise. Tá an cómhairleach cian-radharcach agus an
cosantóir calma sínte go tréith."



Táid na focail seo 'nár n-aigne anois, agus guidhmíd
ar ár sean-chara séimh mar ar ghuidh sé féin ar a dhalta
ionmhuin: "míle slán leat anois, agus go réidhidh Dia
an bóthar duit, a "Sheandúin" a chara, agus a fhír-
Éireannaigh. Taoi anois go sona i slighe na fírinne
ach is é ár léan do chroidhe Gaedhealach a bheith gan tapa
go lá an luain."



D.Ó M.



T. Mac S.


L. 13


SGÉAL "SHEANDÚIN."



(Cur síos ar ghnó na bhFíníní i gCorcaigh, ó thosach
bliadhna a '65 go deire bliadhna a '67.)



'65 AGUS '66.



I.



Tamall beag tar éis na Nodlag, bhíos ag dul treasna
droichid Naomh Pádraig, agus m' aghaidh tabhartha agam
ar an gcathair, féachaint a' mbuailfeadh aon chabhair Dé
umam, do thárla go raibh saighdiúir 'na sheasamh ann,
agus a dhrom le slait an droichid, agus ribíní dearga,
bána, gorma, ar sileadh le n-a chaipín, agus an ghaoth
'á luasgadh. Ní rabhas ag cur aon tsuim ann. Ach
níor mhar sin dó san. Bhí sé 'gham thabhairt-se fé ndeara,
mar go bhfeaca é ag cur an dá shúil tríom, agus me ag
déanamh air. Díreach agus me ag gabháil thairis, do
bheannuigh sé dhom go deas agus go muinnteardha,
agus d'fhiafruigh sé dhíom cá raibh mo thriall. "Ar
lorg oibre," arsa mise, 'á fhreagairt. "Cad é an
obair a bhíonn ar siúbhal agat?" ars' eisean. "Táill-
iúracht," arsa mise. "Níl aon fhághail agat ar obair
an taca so bhliadhain, go mbeiridh an samhradh ort. Ná
raghfá is na saighdiúiríbh?" ars' eisean. "Tá sé de
dheamhramh ort go ndéanfí saighdiúir deas díot.
Do bheadh cothughadh maith agat, agus sgilling id' phócha
i gcomhnuidhe." Do thugas féachaint air nár mheasa


L. 14


dhó deoch nimhe do shlogadh ná é. — Bhí obair na bhFíníní
ar siúbhal an tráth úd, agus do thugas mo bhothar orm
gan freagra a thabhairt air.



II.



I gcionn suím beag aimsire 'na dhiaidh san bhíos am
sheasamh ar aghaidh fuinneóige an tsiopa mhóir té le
Newsom, agus gan aon teasbach orm, bheirim m' fhocal
duit leis. Do tháinig duine amach as an tsiopa, agus
d'fhiafruigh sé dhíom an raibh ionad oibre uaim. Dubhart
leis go raibh. "Tar isteach," ars' eisean, "agus
gheobhair rud le déanamh annso." "Ní raghad," arsa
mise. "Ceárduidhe iseadh mise." Agus do ghabhas
a bhuidheachas leis. Ba bheag orm, ceárduidhe óg mar
mé, dul 'na leithéid d'ionad. Ba thúisge liom dul
amach ar an dtuaith airís ar lorg oibre, go mbeireadh
an samhradh orm. Do chuadhas, agus ba mhaith d'eirigh
liom. Tar éis tuairim ráithe do chaitheamh dom ar an
dtuaith, thánag isteach sa chathair airís, agus fuaras
obair mo dhóithin le déanamh i seana-shráid Sheóirse, ag
siopa Seáin Mhic Suibhne, an tarna lá déag de mhí an
Abráin. Bhí an geimhreadh curtha agam díom, agus me
socair im ionad oibre; agus tar éis caidrimh a
dhéanamh le cuid de m' chómh-cheárduidhthibh ar fuaid na
cathrach, dheinimís coinne le n-a chéile i gcóir gach
Domhnaigh chun dul ag aeridheacht dúinn nó ag féachaint
ar bháire comórtais. Ní bhíodh sa bháire comórtais ach
cómhartha sóird. Bíodh a mhalairt de ghnó ar siúbhal.
Cleachtadh oilteachta shaighdiúra is mó a bhíodh ar siúbhal.
Ag machtnamh dom anois, tar éis deich mbliadhan is
dachad ar an ngnó a bhíodh ar siúbhal againn is na báiríbh
comórtais úd, agus ar ghnó na Sinn Féinidhthe atá ar


L. 15


siubhal anois, a leithéid sin de chosamhlacht eadh-
tortha gur deamhrach le cúpla iad, na h-aithneófí
duine acu thar and nduine eile sa mhéid gurbh'é lán-
neamhspleadhachas na h-Éireann do bhaint amach a gcloch-
bhuinn araon.



Bhí saighdiúracht seachas saighdiúracht na Sacsan
cruthuighthe le roinnt bhliadhan roimis-sin — saighdiú-
racht nár cuireadh ar bun le bpreab sgillinge, agus
b' shin í an tsaighdiúracht a bhí im' cheann-sa agus im'
chroidhe-se agus i gceann agus i gcroidhe aos óg na
h-Éireann an tráth úd.



III.



Níorbh' fhada do shaighdiúracht na nGaedheal ar bun
nuair a cuireadh deichniúbhar ógánach sa phríosún. 'Seo
mar a thuit sé amach. Lá Nodlag nó lá 'le Stiopháin,
'63, nílim cruinn air ciacu de'n dá lá é, do ghluais
deichniúbhar ógánach sa Bhlárnain, agus a ngadhair le
n-a gcoir, chun dul ag fiadhach. La breágh cruaidh seaca
ab eadh é. Ar caradh abhaile dóibh, bhíodar 'na mbeirt
is 'na mbeirt i ndiaidh a chéile, agus iad ag gluaiseacht
d'aon choiscéim, ar nós saighdiúirí. Ar shroisint
bearraice na bpílérí dhóibh, "halt," ars' an ceann a bhí
ortha, agus do sgaoil sé abhaile iad. Cé bheadh ag
féachaint ortha ná sergeant na bpíléirí. Slattery ab'
ainm dó. Is maith is cuimhin liom a ainm. Níor leog
se air go bhfeaca sé in aon chor iad. Ach i gcionn
seachtmhaine do sheirbheáil se le barántas iad, 'a chur
'na leith go rabhdar ag "illegal drilling." Do
tugadh i láthair na nGiúistísí iad i gcionn roinnt laeth-
eanta, agus dar ndó, dob' ortha ba ghairid an mhoill
iad do dhaoradh; agus do mheasadar a gcoir a bheith chomh


L. 16


h-uathbhásach san gur órduigheadar dóibh a dtriail do
sheasamh i láthair an Bhreithimh sa tSiosón Mhór. Siosón
mór laé le Pádraig, mar a thugaimís ais, ab' eadh é.
Agus díreach mar a bheadh an nimh ar an aithne, do b'é
breitheamh a bhí ag triail coirthe na contae an bhliadhain
cheudna ná Keogh — nó mar a tugtí air "Norbury
Resurrexit." Ní gádh a rádh ná gur dhaor an coiste
iad; agus do mhol Keogh 'na thaobh iad (an coiste),
agus d'órduigh sé go gcuirfí i bpríosún na contae
go ceann bliadhna iad.



IV.



Gach Domhnach nuair a bhímís ag dul ag báireacht agus
sinn ag gluaiseacht 'nár mbuidheanaibh, bhímís ag
amhrán dúinn féin. 'Seo cuid de na h-amhránaibh a
bhíodh againn: "Who Fears to Speak?" "The Rising
of the Moon," "The Green above the Red," "The
Saxon Shilling" 'Seo bhéarsa d'amhrán acu:



Ba mhaith an bhail orainn-ne é ná raibh Reacht Cosanta
na Rioghachta ar bun an uair sin. Dá mbeadh, níor
bheag le lucht an Cheannais an méid sin chun sinn do chur
sa phríosún gan triail gan coiste, nó sinn do chur


L. 17


anonn go Sasana i bpríosúnaibh ann, fé smacht oifigeach
gan truagh gan taise acu do sna "Hirish Rebels."
Sin mar a chaitheamair Domhantaighe Samraidh na bliadhna
úd, '65. Bhí fear, darbh' ainm Warner, ag drilláil
cod' againn. Duine de'n Militia ab' eadh é. Orange-
man ab' eadh é 'na óige, ó Dhroichead na Banndan.
Ba mhór go léir againn é, ach do dhein sé spiothaireacht
orainn 'na dhiaidh san. Dob' olc an díol uaidh orainn
é, mar gur chothuigheamair i gcaitheamh an tsamhraidh
é, gan easba bídh ná dighe ná airgid air.



V.



Fé dheire do cuireadh gairm amach ar an mbuidhin
gur bhaineas-sa leó, teacht i bhfochair a chéile i seómra
na gcúipéirí, i sráid Dominic. Dob' éasga d'fhreag-
ramair an ghairm. I gcionn tamaill do bhuail beirt
fear chúghainn isteach. Brian Dillon duine acu, ach
ní feadar cérbh' é an duine eile, agus is beag
má bhí aithne ag éinne sa tseómra air. Dob' é Brian
Dillon ceann ár mbuidhne, mar bhí an chathair roinnte
'na buidheannaibh. Do nocht Brian dúinn fáth na
gairme do chuir sé orainn. 'Seo mar a labhair sé:



"A dhritháracha agus a chomh-Ghaedheala, bídh d' bhúr
n-ollmhughadh féin. Tá an lá lámh linn — an lá go
raibh súil againn leis le tamall maith. Táimíd chun
iarracht eile a thabhairt fé chómhacht mhailíseach fhealltach
agus daor-bhruid Shasana a dhíbirt ó n-ár dtír-dhúthchais.
Nílim cruinn ó ló go ló cathain a glaodhfar orainn,
ach chómh luath agus gheóbhad-sa an t-órdughadh ó's na
h-árd-oifigigh, curfar sgéala chughaibh air gan mhoill."



Bhí mac drithár máthar dom le m' chois. 'Nár
dteannta-na a bhí sé 'na chomhnuighe, agus ar dhul a


L. 18


bhaile dhúinn d'innseamair dom' mháthair an obair a
bí rómhainn, agus ba dhúinn nár mhisde. "Níl aon
nidh ar mo chumas," ars' ise, "ná déanfad chun
cóir agus treó do chur oraibh, agus mo bheannacht
libh bhur mbóthar" Tar éis gach nídh do chur i dtreó
dhúinn féin chómh maith agus do b' fhéidir linn é, bhío-
mair ag brath ó ló go ló ar an nglaodhach nár tháinigh an
turus san.



VI.



I gcionn coicthighis nó trí seachtmhaine 'na dhiaidh san,
bhíos ag dul ag obair maidin Satharainn Meitheamh an
Fhóghmhair agus do thárla go raibh bruid orm. Bhíos
ag dul síos Mallow Lane. Is beag farra lóchtain a bhí
ann. Nuair a shroiseas Gabhal a' Spurra do leath mo
shóile orm nuair a chonnac na sluaighte píléirí agus
saighdiúirí, idir shaighdiúiríbh coise agus saighdiúrí
marcaigh, ar dhá thaobh an chalaidh ó dhroichead Naomh
Pádraig siar go droichead naomh Bhincent, lámh le
Still Wyse, agus oifigigh ortha, agus claidhmhte acu agus
iad i mbun capall agus giúistís a córom ar a
gceann. De mhuintir Cróinín ab' eadh é siúd agus ní
gean-chuimhne atá ag éinne againn-ne atá 'nár mbeathaidh
fós ar a ghníomharthaibh i gcaitheamh na mbliadhanta úd.
Isé a bhí go h-oireamhnach ar obair an Chaisleáin do chur
chun cinn. Bhí sé chómh moch san ar maidin nár bhuail
éinne umam d'inneósadh dom cad ba thrúig do'n arm
bheith ar dhá thaobh na h-abhann agus iad chómh gléasta san


L. 19


chun troda gur dhóich le duine ortha gur ag dul d'ionn-
suidhe Sebastopol a bhíodar.



Ar mo dhul chun béile na maidne do chaitheamh, do
chuadhas isteach i siopa Barter, i sráid án Chaisleáin, ar
aghaidh halla Chumann na bhFear n-Óg, chun an "Irish
People" d'fhághail. Dob' é páipéar nuadhachta na
bFíníní é. "Ní bhfuaras na páipéir fós," arsa fear
an tsiopa. "Cad d'imthigh air ná fuarais é? arsa
mise. "An bhfuil d'á fhios agat ach mar sin?" ars'
eisean. "Níl fhios a'," arsa mise. "Ná feacaís
an t-arm agus na píléirí ar fuaid na cathrach ar
maidin?" ars' eisean. "Do chonnac" arsa mise,
"agus do chuir sé ionga orm." D' innis sé dhom annsan
go ndeaghaidh buidhean píléirí isteach san oifig i
mBaile-átha-Cliath agus, gur ghabhadar 'na bpríosún-
achaibh an uile dhuine a bhí ann rómpa. Is dóigh liom go
raibh Diarmuid Ó Donnabháin Rossa ortha.



Dob' fhuras d' aicme an Chaisleáin obair na maidne
úd do chur chun cinn, mar do bhí spíothaire darbh' ainm
Pierce Nagle ag obair i n-oifig an "Irish People."
Ní raibh aon rún ná discréid acu a gan fhios dó, agus
é ag cur lucht an Cheannais sa Chaisleán ar a súilibh
ar an uile nídh do bhain le gnó na bhFíníní, agus gan
aon amhras acu air. Do gabhadh Stephens, T. Clarke
Luby, Seán Ó Laoghaire, duine darbh' ainm George
Hopper, agus Thomas Francis Roantree. Mac
ministéir ab' eadh Luby. Agus do gabhadh Nagle d'aon
ghnó chun an chuid eile do dhalladh. Do bhí Warner ag
déanamh na spíothaireachta i gCorcaigh agus Nagle
i mBaile-átha-Cliath. I bParliament Street i mBaile-


L. 20


Átha-Cliath a bhí oifig an "Irish People." Ar maidin
an chúigmhadh lá déag nó an sémhadh lá déag de Mheitheamh
an Fhoghmhair do gabhadh iad.



VII.



Le linn na cinn urraidh i mBaile-átha-Cliath a bheith
d'á ngabháil do gabhadh cinn urraidh Chathrach Chorcaighe
agus cinn urraidh gach cathrach agus sráidbhaile ar
fuaid na tíre, agus tar éis iad go léir a bheith fé
ghlasaibh daingeana acu do shocaruigh lucht an Cheannais
ar iad do chur ar a dtriail. Brian Dillon, duine de
mhuinntir Loingsigh, fear de mhuinntir Cheallacháin, agus
duine darbh' ainm Adams (do gabhadh an la úd). Cléireach
atúrnae ab' eadh Brian Dillon. Fear tábhairne ab'
eadh mac ní Loingsigh. Bí ionad cléirigh ag mac uí
Cheallacháin. I mBrewery Beamish a bhí Adams.



Níor gabhadh Geary (ceann urraidh eile a bhí ortha?)
Ach ba ró-dhóbair dó é. 'Seo mar a thuit sé amach, é
dhul saor uatha: tráth éigin tar éis mheadhan oidhche
d'airigh Geary agus a bhean bualadh ag an ndoras.
Chuaidh Geary anonn agus d'fhéuch sé tríd an bhfuinneóig,
agus d'fhiafruigh sé cérbh' é an t-é a bhí ag an ndoras,
agus cad é an gnó a thug ann é chómh mí-thráthamhail-san
san oidhche. D'iompuigh an t-é a bhí ag an ndoras a
aghaidh suas ar an bhfuinneóig. Bhí hata árd síoda
air agus cóta mór bhréide uime. "Go ciúin, go ciúin,"
ars' eisean, "ná h-abair a thuille, ach brosduigh,
brosduigh chúgham anuas. A leithéid seo," ars' eisean,
"cuir díot agus teich leat féin, láithreach baill bonn,
mar beir gabhtha i gcionn leath-uair a chluig mara dteichir.
Tá na píléirí ar do thóir agus ar thóir Brian Dillon


L. 21


agus na cod' eile agaibh." Agus ar eagla ná creidfí
fírinne a sgéil, do shín sé páipéar chuige agus do léigh
sé a ainm féin agus ainmneacha na cod' eile. Órdughadh
ó Bhaile-Átha-Cliath ab' eadh é. "Agus," ars' eisean,
'do chonnac é seo ag an sergeant, agus chómh luath
agus thug sé a dhrom liom do sgríobhas síos an
t-órdughadh focal ar fhocal fé mar a bhí sé. 'Sé mo thuairim
go bhfuilid go léir gabhtha cheana féin. Níl ach aon
fhocal eile agam le rádh leat sar a n-imthighir. Píléir
'seadh mise. Ach do chuireas umam an t-éadach so ar
eagla go bhfeicfí agad' dhoras me. Slán leat anois.
'Sé is dóichighe ná feiceam a chéile choidhche airís ar an
saogal so." "Cad is ainm duit?" arsa Geary.
"Ná bach do m' ainm anois," arsan píléir, "b'fhéidir
go dtiocfadh sé chun cinn go n-inneósainn duit m'
ainm tráth éigin eile." "Bheirim mo mhíle buidheachas
leat," arsa Geary. Agus leis-sin d'imthigh an píléir.
Siúd Geary ag triall ar a mhnaoi agus d'innis sé
dhi an cúntas a fuair sé. Do dhírigh an bheirt annsan
ar pé páipéir agus leabhair go raibh aon bhaint acu leis
an nGluaiseacht do bhailiughadh. Agus do chuireadar
trí theine iad. Nuair a bhí an méid sin déanta acu
d'imthigh Geary leis féin ó chúl a thighe i sráid an Chinn
Thuaidh, ar aghaidh, nách mór, teampail Gallda Pheadair.
Is ar éigin a bhí sé imthighthe nuair a tháinig meitheal píléir
agus a ngunnaí acu d'ionnsuidhe a thighe. Do bhuail-
eadar an doras go dána agus go teann. D'fhéuch
bean Geary amach agus d'fiafruigh sí dhíobh cérbh' iad
féin nó cad a bhí uatha. "Is cuma san," arsan ceann


L. 22


a bhí ortha, "osgail do dhoras agus leog isteach sinn."
Tháinigh sí anuas agus d'osgail sí an doras, agus isteach
leó. Bhí a gcuaird in aistear, ámhthach. Ní raibh fáth
a loirgreachta rómpa. Níor fhágadar poll thíos na
thuas gan cuardach. Dá mb' é fiú na leapacha é, do
stolladar agus do stracadar as a chéile iad ag lorg
páipéar nó leabhar a bheadh mar fhinné acu i gcoinnibh
Geary. Ach do theip ortha. Deirtear go raibh roinnt
bheag páipéar acu gur theip ortha (ar Geary agus ar a
mhnaoi) iad d'fhághail ar dtúis, ach ar ádhbharaighe an
tsaoghail, do chonnaic síse iad agus do chaith sí isteach
sa teine iad sar a dtáinig sí anuas.



Mac uí Loingsigh an chéad duine eile gur airigheas
aon chúntas ar an gcuma mar ar gabhadh é. Tháinigh
meitheal píléirí chun a thighe an mhaidin chéadna ar a lorg.
Bhí sé 'na chodladh agus gan aon amhras aige éinne a
bheith ar a thóir. Bhí spadalach mór fir, darbh' ainm
Breathnach, — árd-sergeant ab' eadh é — 'na cheann ortha.
D'éiligh sé cead dul isteach "in ainm na banrioghna":
do leogadh isteach é. D'fhiafruigh sé an raibh mac uí
Loingsigh istig. Dubhradh leis go raibh, agus go raibh
sé 'na chodladh. Anáirde leis, agus isteach sa tseómra
mar a raibh mac uí Loingsigh 'na chodladh. "Cuir
umat," arsan píléir leis, "is tu mo phríosúnach"
agus do léigh an barántas dó. Do chuardaigh sé an
seómra agus do fuair sé culaith airm i gcupúrd a bhí
ann-casóg uaithne agus claidheamh agus gach cóir do
bhain le colonel, agus do rugadar (na píléirí) leó iad.
Ní cuimhin liom gur airigheas aon nídh i dtaobh mic uí
Cheallacháin ná Mark Adams. Ach do gabhadh an mhaidin
chéadna iad.


L. 23


VIII.



Tar éis na cinn a bheith curtha fé ghlas agus fé bhóltaibh
daingeana acu, do dhírigh na píléirí le h-órdughadh an
ghiúistís tuarasdail ar sgiúird ar thighthibh daoine, go
mbíodh amhras acu airm a bheith curtha bhfolach acu.
Do bhíodh an chuid ba mhó d'á gcuid sgiúird i n-aistear,
mar go mbíodh na h-airm curtha i gcoimeád in áit nárbh'
fhéidir iad d'fhághail. Gach long agus bád a thagadh
aníos chun an chalaidh, do chuarduighdís iad ag brath ar
go bhfaighdís airm nó aon ghléus eile cogaidh. Ach dá
fheabhas an cuardach agus an fhaire a dheinidís, do
thigeadh na h-airm isteach ó uair go h-uair. Bhí duine
darbh' ainm Sergeant Crowley — pensionéir píléir
ab' eadh é — agus bhíodh a shúile anáirde i gcómhnuidhe ag
cabhrughadh leis na píléiríbh ar fuaid na loingeas. Is
maith is cuimhin liom maidin áirighthe go raibh
lucht oibre an Packet Office ag cur na n-earraí
amach ar an gcaladh. Ameasg na n-earraí bhí
bosga mór agus páipéar ceangailte ar an dtaobh
a bhí anáirde dhe, agus na focail seo sgríobhtha air:
"Glass, this side up with care." Bhí mac uí
Chruadhlaoich 'na sheasamh le h-ais an bhosga, agus ní
raibh súil cait riamh ag faire níosa chíocraighe ar
fhranncach ná ar luich ná mar a bhí a shúil ar an mbosga.
Díreach nuair a bhí an lucht oibre ar tí an bosga do chur
amach ar an dtalamh — "stop stop" ars' eisean,
"leave that there lest the glass should be broken."
Do ghlaodhaigh sé chuige isteach ar bheirt phíléir annsan,
agus ar chaptaen na loinge. "An gceadóchthá dhom,"
ars' eisean leis an gcaptaen, "an bosga so do chuar-
dach go bhfeicinn cad é an saghas gloine atá ann?"
"Cuardaigh gan amhras," arsan captaen. Annsan


L. 24


dubhairt sé (mac uí Chruadhlaoich) leis na píléiríbh an
bosga d'osgailt, agus cad a bheadh ann ná gunnaí
agus piostail agus claidhmhte agus pléir i gcóir na
ngunnaí. "A, mo ghradhn mo shúil," arsa mac uí
Chruadhlaoich, "Is maith a bhí fhios agam cad é an saghas
gloine a bhí ann." Do chuireadar suas go bearraic
na saighdiúirí láithreach baill bonn an bosga. Ní raibh
de ghnó ag na píléiríbh ar feadh a ceathair nó a cúig de
sheachtmhainaíbh ach ag cuardach dóigh agus an-dóigh
d'airm. Do thigidís de ló agus d'oidhche ar lorg airm
agus do ropaidís a mbeaignití isteach is na
leapachaibh, ach ní mór a mbíodh de bhárr a saothair go
léir acu.



IX.



I gcaitheamh na h-aimsire sin bhí lucht an Chaisleáin ag
socarughadh agus ag cur gach nídh i dtreó chun na cinn
do chur ar a dtriail. Sar a dtáinig an aimsir a bhí
ceapaithe i gcóir na dtriail, ba bheag nár chailleamair
radharc ár súl agus lúth ár ngéug nuair a chonncamair
cúntas ar na páipéiribh gur éaluigh James Stephens
a' Príosún Richmond. I gcaitheamh an lae chéadna do
chonncamair fógraí móra curtha suas ag dóirsibh
bearraic na bpíléirí agus ar shean-fhallaíbh na cathrach
ag cur síos ar éalódh Stephens, agus míle púnt mar
luach saothair le fághail do'n t-é a thabharfadh cúntas
nó tuairisg do lucht an Chaisleáin, dá mbeirtí air de
bhárr na tuairisge. Ach sin a raibh dá bhárr acu. Ní
h-amhlaidh ná go raibh fhios ag daoinibh ionad folaighthe
Stephens, agus gur mór an áise a dhéanfadh míle púnt
dóibh. Ach daoine ab' eadh iad gor mheasa leó cead


L. 25


cos a bheith ag Stephens ná eirighe as an mbochtaineacht
de bhárr na breibe sin. Bí ainm fir ionaid na ban-
rioghna — Lord Woodhouse — ag bun an fhógra úd.



X.



Tar éis na cinn i mBaile-átha-Cliath a bheith curtha
ar a dtriail i láthair bheirte bhreitheamh, agus iad a bheith
daortha, do tháinigh an bheirt bhreitheamh chéadna — Keogh
and Fitzgerald — a dtuaidh go Corcaigh, chun na cinn
a bhí annso do chur ar a dtriail, agus ba ghairid an
mhoill ar na coistíbh do thriail iad, daor-bhreith a
thabhairt ortha. Dar ndó, níorbh' fhearr Norbury ná
an bheirt úd chun droch-ghnó an Chaisleáin do chur chun cinn.
Níor chuir san obair na bFíníní ar gcúl i gCorcaigh ná
i mBaile-átha-Cliath ná in aon pháirt eile d'Éirinn.



XI.



Bhí lámh ag cuid de sna saighdiúiríbh i ngnó na bFíníní.
Bhí dhá regiment i gCorcaigh, saighdiúirí coise agus saigh-
diúirí marcaigh — 2nd Queens a tugtí ar na saigh-
diúiríbh coise. Do cuireadh cuid acu ar a dtriail.
Cúirt shaighdiúirí do thriail iad. Do daoradh beirt de
sna saighdiúiríbh coise — Sergeant Darragh duine acu,
agus Drum-Major Butler an duine eile — chun a lamh-
aighte. Bhí atúrnae darbh' ainm Collins ghá gcosaint
ar na coirthibh do cuireadh 'na leith. Ach do theip air
iad do shaoradh. Tar éis an bhreith a bheith tabhartha,
d'iar sé, mar athchuinge ar cheann urraidh na cúirte,
gan an bhreith do chur i bhfeidhm an lá a bhí ceapaithe acu,
mar go raibh ceapaithe aige athchuinge do chur ag triall
ar an mbanrioghain chun iad do shaoradh ó'n mbás, dá


L. 26


bhfaghadh sé cead na cúirte chuige. Do tugadh dó an
cead, agus ní raibh a bhfad gur chuir an bhanrioghan
freagra uaithi, gan iad do chur chun báis agus é fhágaint
fé'n gcúirt pé breith eile ba mhaith leó do thabhairt
ortha. Do thárla go rabhas féin agus meitheal mhór
táiliúirí eile ag obair sa bhearraic le linn na h-aimsire
céadna, ag déanamh éadaigh do sna saighdiúiríbh mar-
caigh. Bhí beirt de sna saighdiúiríbh marcaigh 'na
spíothairibh, duine de mhuinntir Chatháin agus duine de
mhuinntir Mhurchadha. Tháinigh saighdiúir marcaigh isteach
sa tsiopa chúghainn, maidin, chun bríste do dheisiughadh
dhó. Bhí sé an-mhoch ar maidin. Agus ní raibh ach
sean-tháilliúir, a bhíodh ag obair do'n regiment i gcómh-
nuidhe, agus me féin ann. Dubhairt a sean-dune
liomsa an bríste do dheisiughadh. An fhaid a bhíos 'á
dheisiughadh, do thairgeas chúghamh sgéal na dtriail agus
do dhírigheas láithreach ar bheith ag easgainí agus ag
badhbóireacht ar an mbeirt spíothaire, agus é fé 'na
sheasamh le m'ais, agus an dá shúil aige 'á gcur tríom,
agus go deimhin ní go grádhmhar é. I gcaitheamh na
cainnte dhom, arsa mise: "Cad é an iongna é ach
duine de mhuinntir Mhurchadha a bheith 'na spíothaire.
Dá mbeadh sé ar mo chumas agam, do chuirfinn deire
le n-a chuid spíothaireachta." Bhí an-shiolladh cainnte
fúm, agus anois agus airís nuair a bhíodh siosúr nó
snaith uaim, d'fhéuchadh an sean-tháilliúir orm trí n-a
ghloiníbh. Níor chuireas aon tsuim sa bhféachaint a
thugadh sé orm ar dtúis, ach fé dheire do labhair sé go
feargach liom agus dubhairt: "Ba chóra leat bros-
thugadh ort agus an duine do sgaoileadh amach i bhfeidhil
a ghnótha, agus deire do chur le d' shiolladh cabair-
eachta." D'fhéachas air, agus do chroth sé a cheann go
bagarthach orm agus d'fhéach anonn ar an saighdiúir.


L. 27


Do thuigeas laithreach annsan go raibh rud éigin bun os
cionn. Do thugas an bríste do'n tsaighdiúir, agus
do thug sé an doras amach air féin, gan an oiread agus
"go raibh maith agat" a rádh. Tar éis an saighdiúir
a bheith imthighthe, dubhairt an sean-duine liom: "Nách
iongantach nár thugais fé ndeara me ag bagairt ort
do bhéal d'éisteacht?" "Níor thugas" arsa mise,
"go raibh deire agam nách mór leis an ndéisiúcán."



"Bhfuil fhios agat" ars' eisean "cérbh' é an saigh-
diúir gur dheinis an déisiúcán do?" "Níl fhios, dar
ndó" arsa mise. "Mac uí Mhurchadha" ars' eisean.



"An spíothaire go rabhais ag déanamh na n-easgainí
go léir air." "Is truagh" arsa mise, "ná raibh fhios
agam cérbh' é an t-é a bhí agam, mar dá mbeadh sé air
agam an doras amach a chur díom, is túisge a dhéan-
fainn é ná é dheisiughadh dhó."



Ba dheacair do'n bheirt shaighdiúirí dul saor ó'n
ndaor-bhreith. Do bhí ceathrar spiothairí ag tabhairt
fínné 'na gcoinnibh. Bhí an bheirt shaighdiúirí marcaigh,
atá luaidhte cheana agam, agus Warner agus Pierce
Nagle 'na dteannta.



Do chuireas aithne ar Pierce Nagle le linn na
h-aimsire úd; agus dá bhfeicinn thíos sa chathair é,
déarfainn gurbh' fheirmeóir é. Fear mór garbh ab'
eadh é. Bhí sé ag breith suas ar sé troighthe ar aoirde.
Níor bheag iongna an leithead a bhí idir a dhá shlinneán.
Ní bhraithfeadh éinne ar a cheannachaibh feall a bheith 'na
chroidhe. Bhí féasóg air ag teacht anuas thar chluasaibh
air go barra a ghiall. Do dheamhruigh sé im' shúilibh-se
bheith ag déanamh ar dheich mbliadhain is dachad.
D'airigheas gurbh' í céad slighe bheathaidh a bhí aige
ná ag múineadh scoile i dTiobrad Áran, a chontae
dhúthchais.


L. 28


Tar éis an breith-bháis a bheith curtha ar ceal ag an
mBanrioghain, do thug an Chúirt shaighdiúirí breith, iad
a chur thar lear i gcaitheamh a saoghal. An lá go raibh
an bhreith sin le cur i bhfeidm ortha, ní raibh saighdiúir
sa bhearraic ná raibh fé n-a éide chogaidh, chómh gléasta
agus dá mbeadh a raibh d'fhíníníbh i n-Éirinn ar tí cogadh
a chur ortha. A leithéid de thabhairt amach le gunnaíbh
móra agus le saighdiúirí marcaigh i mbun a gcapall agus
a gclaidhmhte 'na ndóirnibh acu, agus na saighdiúirí
coise agus a ngunnaí agus a mbeaignití ar a
nguailnibh acu, agus iad go léir riaruighthe ar fuaid
cearnóige na bearraice. Nuair a bhí gach nídh curtha
i dtreó acu, do cuireadh oifigeach agus céad fear le
n-a chois go ruig carcair na bearraice, agus thugadar
leó anuas Darragh agus Butler. Do cuireadh 'na
seasamh an dá príosúnach i lár na cearnóige. Annsan
do tháinigh ceann airm na bearraice, agus siúd anonn
fé dhéin na bpríosúnach é. Bhí cath-bharr ar a cheann
agus bhí casóg chraorac uime. Do bhí an oiread san
óir ar a dhá mhuinirthle agus ar a bhóna agus ar a bhrollach,
dá mbeadh a luach ag duine bhocht, do bheadh spré mhaith
aige. — Ba tharcuisneach leó Khaki a chaitheamh san
aimsir úd. — Bhí aide-de-camp le na chois. Bhíos féin,
agus a raibh de tháilliúiríbh ag obair ann, ag féachaint
ar an dtabhairt amach go léir. Do shín an t-aide-de-
camp páipéar chuige. D'osgail sé é agus do léigh.
Chómh maith agus is cuimhin liom é, sidiad na focail a
dubhairt sé i n-ard a chinn 's a ghutha: "It has pleased
her most gracious Majesty to commute the sentence
of death passed on you, traitors, to transportation
for life." Tar éis na bhfocal san a rádh dhó, dubhairt sé
"God save the Queen" trí h-uaire. An túisge a bhí
na focail as a bhéal aige, do lámhaigh na marcaigh a


L. 29


gclaidhmhte díreach mar a bheidís ag troid, agus na
coisidhthe, do dheineadar an cleas céadna le n-a
ngunnaíbh agus a mbeaignití sáidhte ionnta.
D'fhanadar ar an gcuma san; agus do chuaidh an
t-aide-de-camp agus do rug sé ar chuislinn ar Darragh,
agus do ghearr sé na cómharthaí teidil do bhí ar a mhuin-
irthle, agus do chaith uaidh go tarcuisneach ar an dtalamh
iad. Ansan do shatail sé ortha go feargach agus do
ghaibh de chosaibh ionnta. Do dhein sé an cleas céadna
le Butler. Nuair a bí an méid sin déanta, do
h-órduigheadh do sna saighdiúiríbh dul dá n-ionadaibh
féin. D'fhan buidhean seisear agus sergeant i bhfeidhil
na bpríosúnach. Do rugadar leó suas go doras an
phríosúin iad, agus siúd suas le n-a gcois me féin
agus compánach a bhí agam. Isteach leis na príosúnaigh
agus a lucht coimeádta. Nuair a chuadar isteach, do
chuireadar an bólta ar an ndoras.



Níor chaith Darragh a shaoghal i mbraighdeanas.
D'éaluigh sé as le cabhair carad i n-America. Ach ní
fheadar cad d'imthigh ar Butler.



Bhí beirt shaighdiúir eile a daoradh le gnó na conspiracy.
Sergeant McCarthy, duine acu, agus Gunner Flood,
an duine eile. Ní cuimhin liom anois cad é an áit 'na
rabhdar. Nuair a sgaoileadh amach na príosúnaigh
go léir tháinigh McCarthy go Baile-átha-Cliath, agus do
cuireadh a leithéid sin d'fháilte roimis, dubhradh gur
eirigh a chroidhe air agus fuair sé bás obann.



Do leogadh O'Donovan Rossa agus na cinn eile go
léir amach an t-am céadna, ach ar choinghill gan filleadh
thar n-ais go h-Éirinn go mbeadh aimsir na mbreith a
tugadh ortha caithte acu.


L. 30


XII.



Tar éis na príosúnaigh go léir do gabhadh i '65 a bheith
curtha fé ghlas ag annspian an Chaisleáin do tháinigh a
leithéid sin de mhaolughadh agus de shuaimhneas ar ghnó
na bhFíníní, gur dhóich le duine a bheadh dall ar an obair,
go raibh deire le n-a gceannairc. Ach dáltha an tsean-
fhocail a deir "Siad na muca ciúine a dh'itheann an
triosc," dob' in é díreach an t-ráth a dhírigheadar go lán-
díograiseach ar chrich do chur ar a ngnó. Do cuireadh
deire leis an gciúineas agus leis an síothcháin oidhche
an eirghe-amach an cúigmhadh lá de mhí na Márta sa
bhliadhain, '67.


L. 31


'67.



I.



Do congbhuigheadh chómh maith san 'na dhiscréid an
choinne a bhí déanta, gur ró-bheag de sna fíníníbh go raibh
fhios acu an t-Eirghe-Amach a bheith chómh gairid dóibh agus
do bhí sé. Ní raibh aon fhios againn air go dtí maidin
an cheathramhadh lae. Ní h-amhlaidh ná go raibh pé méid
córughadh a bhí acu 'na chóir socair againn go léir, chun
gluaiseacht láithreach de phreib na súl, nuair a glaodhfí
orainn. Bhí beirt chómh-cheárduidhthe agam ag obair i
n-aon tsiopa liom, agus do chuir an t-é a bhí ós ár
gcionn-na sgéala chúghainn a bheith ollamh 'na chóir ar
a h-ocht a chlog um thráthnóna an cheathramhadh lae i n-áit
áirithe, agus go mbeadh sé féin agus an chuid eile dár
gcampa ann rómhainn, nó mara mbeidís ann go prín-
siopála, fanamhaint ann go dtigidís. Ar an dtaobh
thíar de'n chaladh go dtugtí an Sand Quay air agus i ngar
urcair cloiche do dhroichead an Chinn Thuaidh ag bun
Gabhal a' Spurra, an áit-chruinnuighthe a bhí socair
dúinn-ne. Bhí cúpla tigh idir an chúinne 'na rabhamair
agus Gabhal a' Spurra: Brown's Hill a tugtí ar an
mball san. Ní raibh ach faid trí truslóg ann. Níor
theip ar mo bheirt chomrádaidhe ná orm féin gan a bheith
ann roimin a h-ocht a chlog, an t-am a bhí ceapaithe.



"Sheadh," arsa duine acu, "tá buaidhte againn.
Tá tosach againn ortha." Bhí dhá thigh-tábhairne ann,
agus do leogamair orainn a bheith ag dul isteach


L. 32


is amach ann ag ól, an fhaid a bhíomair ag feitheamh leis an
gcuid eile i dtreó ná beadh aon amhras orainn aon
droch-fhuadar a bheith fúinn, mar bhí bearraic na
bpíléirí ar an dtaobh thuas de Ghabhal a' Spurra. Tigh
chúinne ab'eadh é, ag bun bóthair na Blárnan agus
bóthair Mhagh-Alla. Isé sergeant a bhí ortha ná Sergeant
Porter Spadalach mór fir ab' eadh é, agus níor dhroch-
duine é i ngnáth-ghnó píléir; ach, dar ndó, bhí cúram
sa bhreis ortha an tráth úd, ag faire ar na fíníníbh, mar
bhí aithne acu ar a lán acu, go h-áirithe ar na ceannaibh
a bhí ortha. Ní mór dom filleadh ar an gcúntas bheag
i dtaobh na h-oidhche úd.



I gcionn tamaill nuair ná feacamair éinne d'ár
mbuidhinn a bheith chúghainn, agus, go mór mór, an ceann
a bhí orainn-duine de mhuinntir Mhathghamhna ab' eadh é
— do bhí corrabhuais ag teacht orainn le h-eagla go
raibh rud éigin bun os cionn; agus dub' é eagla ba,
mhó a bhí orainn ná go mb' fhéidir go raibh beirthe ar mhac
uí Mhathghamhna. Bhí aithne mhaith ag Sergeant Porter air.
I mbóthar Mhagh-alla a bhí cómhnuidhe air, tamall suas
ó 'n mbearraic. Bhiomair ar an gcuma san ar feadh
uair a chluig, ag cur's ag cúiteamh, sinn i dtriúr le n-a
chéile, ar cad dob' fhearra dhúinn a dheanamh; agus do
thugamair uair a chluig eile isteach 's amach sa tigh-
tábhairne, ag ól, mar dh' eadh, agus ag caitheamh trí
truslóg. Níor mhór dúinn an méid sin a dhéanamh, mar
nár bheag iongnadh a dhéine a bhí an oidhche ag cur seaca,
agus na réiltíní ar dearg-lasadh sa spéir. Tá an
oidhche úd agus laetheanta an Eirghe-Amach áirimhthe ar
an aimsir ab fhuaire a tháinigh ó shoin. Ní raibh casóg
mhór ag éinne againn le cur uime ná aon bheann againn
ortha. Mar bhí an óige againn agus gan n-ár n-inchinn
ná i n-ár gcroidhe ach saoirse ár dtír dhúthchais do bhaint


L. 33


amach-agus a bheith gan spleádhachas do Sheán Bhuidhe an
fhill, an bitheamhnach gaduidhe atá i gceannas agus i
gcómhacht leis na céadtaibh bliadhan, ag déanamh cara-
dais leis na náisiúntaibh móra agus as maithe leis-
féin atá an caradas go léir; agus ag déanamh cean-
gal síothchána agus gan de choinne aige ar bheith seas-
amhach leó, ach an fhaid díreach a leogann an tsainnt
agus an fuath dhó é: bitheamhnach a bhíonn ag déanamh
toirmisg a gan fhios ameasg tíortha eile, agus nuair
a cionn sé toradh na ceilge do chuir sé ar bun, fóg-
rann sé síothcháin, mar dh' eadh; agus gan uaidh ach
riaghaltóirí a dhul i n-adharcaibh a chéile, agus é,
ag faire ar ciacu is deamhrathaighe go mbeadh an
lámh uachtar acu, go ngabhadh sé páirt leó; agus
é 'a leogaint air báidh an domhain a bheith aige leis
an dtaobh eile.



Ach i ndeire bára tar éis trí h-uaire a chluig a chaith-
eamh, do shocraigheamair eadruinn ar dhul abhaile.
Nuair a bhuaileas isteach abhaile, bhí mo mháthair — go
ndeinidh Dia trócaire uirthi — 'na codladh. Níor bheag
éacht an iongna a tháinigh uirthi, mar tar éis slán fhágaint
aici agus a beannacht d'fhághail i gcóir an bhóthair, ag
gabháil amach dom, is lag an tsúil a bhí aici go bhfeicfeadh
sí choidhche airís ar an saoghal so mé.



A chaoin-léightheóir, b'fhéidir go measfá as a bhfuil
curtha síos agam, gurbh' fhear mór, calma, groidhe me
an tráth úd, agus go rabhas cumasach ar chion fir a
dhéanamh, ach níorbh' eadh. Mararbh' eadh féin, ámhthach,
bhí meanma agus fonn orm dóithin éin fhir chun a raibh
ar mo chumas a dhéanamh. Agus mar a deir an sean-
fhocal: "Ní fir móra ar fad a bhaineann an fóghmhar
go léir."


L. 34


II.



Lá 'r n a bháireach, an cúigmhadh lá, do fuaramair
cúntas ar mhac uí Mhathghamhna. Do h-innseadh dó
indé roimhe sin go ngabhfí é astoidhche. Dubhradh gur
píléir do chuir ar a shúilibh 'na thaobh é, agus ars' eisean
leis: "Eirigh láithreach baill go tigh bearbóra go
mbaineadh sé dhíot do chuid féasóige agus do chrom-
bhéal, agus bíodh do cheann chómh beártha agat agus dá
mbeitheá tar éis taom éagcruaise do chur díot"
Do dhein sé rud air. Ní fheacaidh éinne i dtriúr
againn-ne é go ceann a trí nó a ceathair de laeth-
eantaibh 'na dhiaidh san. Do chuir an bearbóir an
oiread san áthrughadh air go ndeaghaidh sé as ár n-aithne
ar fad. An foláramh a fuair sé fé ndeara gan é
teacht chugainn do réir mar a bhí socair aige.



III.



Dá dtárluigheadh d'eachtranach a bheith i gCorcaigh
maidin an sémhadh lae, níor dhóich leis go raibh aon nídh
bun os cionn ann. Bhí an lucht oibre, an méid ná raibh
amuich acu, ag dul ag obair mar ba ghnáth, agus
siopadóirí ag dul i mbun a ngnótha mar a' gcéadna. Níor
mhar sin do lucht an Cheannais i gCorcaigh é, ámhthach.
Chuadar ag fiosrughadh ionaid na cathrach, 'na raibh
mórán daoine ag obair, ag cur tuairisg' an rabhdar ag
obair mar ba ghnáth. Do h-innseadh dóibh i n-áiteannaibh
go raibh cuid dá lucht oibre gan teacht fós. An t-é
a chuaidh go Brewery Mhuinntir Mhurchadha, dubhradh leis
go raibh a lucht oibre go léir ag obair mar ba ghnáth;
agus is ar éigin a bhí a leath acu ag obair. Do
dhírigheadar go gnóthach agus go h-imshníomhach de ló


L. 35


agus d'oidhche ag cuardach d'airmíbh; agus éinne, go
raibh amhras acu air, lámh a bheith aige sa cheannairc, d'á
ghabháil agus dá chur sa phríosún gan triail gan coiste
— mar go raibh "Habeas Corpus" curtha ar ceal ó
gabhadh na cinn an bhliadhain roimhe sin.



IV.



Ná beireadh éinne leis gur éirigh Fíníní na cathrach as
an ngnó tar éis an sgaipeadh do cuireadh ortha i mBaile-
Chnocáin. I gcaitheamh na bliadhna úd deireadh na
píléirí go mbídís bodhar ag daoinibh gach lá, ag baint
an dorais d'á chéile, le h-inntinn spíothaireacht a
dhéanamh, agus ag innsint dóibh cá bhfaighfí airm. Le
gliocas agus d'aon ghnú do chuireadar na raflaí seo
amach, agus gan aon bhunadhas leó, mar is folus as an
tsoluíd seo: na daoine go léir — mar dh'eadh! — a
bhíodh ag tairisgint do sna píléiríbh na cúntaisí a
thabhairt dóibh, ní raibh bach ortha, aon lá ba mhaith leó é,
a innsint dóibh cá bhfaighfí Captain Mackey; agus ba
bhreágh é a luach saothair, mar bhí bpreab mhór le fághail
ag éinne a thabharfadh fios, fáth nó rún an sgéil do lucht
an Cheannais. Is ameasg na ndaoine mbochta a bhí sé
na chómhnuidhe, agus é pósta agus togha na h-aithne acu
air. Ach mo náire fé dhó agus monuar go deó, do
fuaradh fealltóir fé dheire. 'Seo mar is cuimhin liom
do thuit sé amach: bhí Mackey i dtigh-tábhairne, oidhche, i
bhfocair cod' dá cháirdibh, cé nár bhlais sé féin braon
bhiotáille ó'n lá a bhí a mháthair ag tál a cíche air. Thug
sé leitir do dhuine acu, darbh' ainm Hartnett, le cur
sa post dó. Bhí an tigh-tábhairne i ngar caithimh
cloiche do bhearraic na bpíléirí. I gcionn tamaillín
tar éis Hartnett a dhul amach leis an leitir, cé h-e


L. 36


phreabfadh isteach sa tseómra 'na raibh Captain Mackey
agus a chairde ná Head Constable Gale agus beirt
phíléirí le n-a chois. Do preab sé anonn chuige chómh
tapaidh agus chómh fíochmhar agus do dhéanfadh cat ar
fhrancach, agus do leag ar fleasg a dhroma é. Leis-
sin do thug Mackey iarracht bháis agus bheathadh ar a
piostal do tharrach chuige agus pléar do sgaoileadh
trí Gale. San iomrasgáil dóibh, agus a piostal
dírighthe ag Mackey ar Gale, do thug seisean lámh leis
d'iompuigh i leath-taoibh é; agus le n-a linn sin tháinigh
pléar as an bpiostal, agus chuaidh sé i n-acrann i
gceann de sna píléiríbh, darbh' ainm Casey. Nílim
cruinn ar ciacu marbhuigheadh láithreach baill é, nó ar
mhair sé tamall éigin 'na dhiaidh. Nuair a chonnaic Mac
Uí h-Argáin, an píléir eile, gur lámhachadh Casey, do
labhair sé le Gale agus dubhairt: "Head will I shoot?"
"Ná dein," arsa Gale. Ba mhórálaighe le Gale, agus
ba mhó ab' fhiú aige é, a bheith le rádh aige Mackey do
ghabháil 'na bheathaidh, ná dá mbronntí air an fircín óir
úd a deireadh na sean-daoine fadó do bhí ag Déimir.
Fé dheire bhí Mackey fé ghreim docht ag lucht an Cheannais,
dá fhaid a bhíodar ar a thí. Níor tugadh a bheag ná a
mhór d'iarracht fé n-a shaoradh uatha. Bhí fhios ag uach-
taránaibh Fíníní na cathrach ná beadh ann ach neamh-
nídh, agus tar éis mór-chuid fola a dhortadh agus cuid
acu do mharbhughadh ná beadh Mackey (saor) dá bhárr
acu.



V.



Le marbhughadh lán-toilteanach an píléir, Casey,
do cuireadh ar a thriail é. An t-Ard-Tighearna
Breitheamh Tómás Ó hAodhagáin, — "Sliabh Cuilinn";
duine de lucht leanamhna Smith O'Brien agus


L. 37


Mitchell agus Meagher agus mar sin dóibh ab' eadh
é. 'Sé a cheap na h-amhráin úd: "How Did They Pass
the Union?" "Dear Land," "England's Ultimatum,"
"Ourselves Alone," "Paddies Evermore." — A Thighearna,
nách ait an saoghal é! Nách mó claochlódh a thagann ar dhuine
ó aois go bás dó! "Sliabh Cuilinn" a bhí chómh mór san
i gcoinnibh Riaghaltais Shasana agus chómh cíocrach chun
an Riaghaltais sin do sgrios amach a' hÉirinn i laethibh
a óige féin agus do bhí Mackey nó Rossa nó aon duine
eile de sna Fíníníbh. B'shiúd é an tráth úd é 'na bhreith-
eamh chun breith bháis a thabhairt ar Mackey dá ndaoradh
an coiste é — agus sa choir chéadna go raibh sé féin
cionntach (ann) i mbliadhain a h-ocht gcéad déag a
h-ocht is dachad. Ach b'fhéidir gur mhaith an bhail ar
Mackey é, gurbh' é "Sliabh Cuilinn" an breitheamh do
thriail é; agus cá bhfuil a fhios tar éis an athrughadh mhóir
a tháinigh air siúd agus a dhilse a bhí sé d' Forlámhas
Sasana ná go raibh roinnt éigin báidh 'na chroidhe do
Mackey agus é ag cuimhneamh ar laethibh a óige féin;
mar i gcaitheamh na cainnte a dhein sé le Mackey, tar éis
na breithe a bheith tabhartha aige air, do tháinig creathán
'na ghlór agus do stad sé ar feadh tamaillín, agus
do réir na ndaoine a bhí sa chúirt agus a súile tabhartha
go daingean ar an mbreitheamh, tháinig na deóra le n-a
shúilibh.



VI.



'Seo, a léightheóirí, sin agaibh ar fhan am' chuimhne ar
imtheachtaíbh na bhfíníní ó Mheitheamh an Fóghmhair i
mbliadhain a '65 go dtí an tráth gur gabhadh agus gur
daoradh Mackey. Focal nó dhó eile anois agus beidh
deire agam leis an mbliadhain sin a '67. Sidiad iad:
maidin Dia Satharainn, ar a h-ocht a chlog an trímhadh


L. 38


lá ar fhichid de mhí na Samhna, do marbhuigheadh le feall
bheart éithigh an triúr laoch úd — go ndubhairt Tadhg
Dómhnal Ó Súilleabháin na dtaobh: "Never till the
latest day shall their memory pass away." Is beag
na laetheanta a tháinigh ó shoin ab' fhuaire ná ba dhoiri-
chighe ná an Satharn úd agus lá 'r n-a bháireach, an
Domhnach — dá bhfeictheá-sa na daoine óga, calma,
agus iad ag séideadh a n-anál fé bharra a méireanna
d'fhonn iad do théidheadh, bhí a leithéid sin d'fhuairneamh
ionnta. Ba dhóigh le duine ar an gcrot a bhí ar an
dá lá úd, gur thuig na dúile an choir fhuilteach, aithiseach,
éagcórach, a bhí imeartha ag an mbitheamhnach éagcráibh-
theach úd, Seán Buidhe, agus gur chuireadar úmpa
falaing éagcaoine. Bhí an dá lá chómh dorcha agus
chómh fuar san, nár fhágadar fonn ná misneach i n-aon
Éireannach, gurbh' fhiú é Éireannach a thabhairt air. Ní
raibh de chúram an tSatharainn úd ortha, ámhthach, ach ag
riarughadh agus ag cur neithe i dtreó i gcóir na Soch-
raide lá 'r n-a bháireach, mar go rabhthas ceapaithe ar a
sochraide a bheith ann an lá san. Ba mhoiche go mór
a bhí muinntir na cathrach 'na suidhe maidin an Domhnaigh
úd ná mar ba ghnáth leó é; agus rud nách ró-ghnáthach,
pobul mór is na séipéalaibh chómh luath san ar maidin.
Ní gan fáth a bhíodar ann, ámhthach; bhí a gcúis féin acu
leis. Chuaidh a bhformhór acu ann d'fhonn corp Ró-
Naomhtha an Tighearna do ghlacadh, agus é chur le
h-anamnaibh an trír. Agus na daoine nár ghlac
an Corp Ró-Naomhtha do chuireadar a nguidhe go
duthrachtach i láthair Dé ar a son. Tar éis na Com-
aoine, nuair a thug an sagart aghaidh ar an bpobul, dob'
iad súd i dtriúr na trí ainmneacha do chuir sé ar
dtúis fé ghuidhe an phobuil. An túisge i bhí na
h-ainmneacha ráidhte aige, d'árduigh an pobul geóin


L. 39


ag guidhe ortha. Táim deimhnitheach, dá mba i n-aon
áit eile seachas séipéal (dóibh), go n-eireochadh an
gheóin úd chómh h-árd san go mbeadh sí 'na h-olagón.
I Séipéal Naomh Mhuire fé chúram Bráthar Naomh
Dominic do bhíos féin ag Aifreann an Domhnach úd;
agus, dá fhaid síar é, tá a chuimhne chómh beó am' aigne
indiu agus do bhí an Domhnach úd. Do chuireadh na
sagairt fé ghuidhe an phobuil iad go ceann mórán
bliadhan 'na dhiaidh san, i gcuimhne an lae do crocadh
iad. Tar éis Aifrinn do bhrostuigh na daoine go léir
ortha abhaile chun iad féin d'ollmhughadh i gcóir na
Sochraide. Tar éis an Aifrinn deireannaigh do thug
gach éinne aghaidh ar an áit go raibh ceapaithe gach
nídh do chur i dtreó agus do shocarughadh i gcóir na
Sochraide. Bhí trí cinn de hersanaibh de'n tsean-
dhéantús, agus cheithre chinn de chapallaibh fé gach ceann
acu, agus cómhra i ngach hers. Do cuireadh ceathrar
fear ar gach taobh de gach ceann de sna trí cómhraíbh.
Bhí na trí hersana deighilte ó n-a chéile ar chor go raibh
buidhean fear ag siubhal ar gcúl an chinn tosaigh agus
an chinn láir, agus lastiar de'n tríomhadh ceann do
luigh na daoine go léir isteach. Tar éis gach riarughadh
a bheith curtha i dtreó do ghluais an tSochraid. Dob'
ar aghaidh Scoile Lancasterian an áit do ceapadh chun
cruinnuighthe na ndaoine. Gach aon tabhairt amach
mhór do bhíodh sa chathair an tráth úd, ba ó'n áit sin a
ghluaisidís chun cuaird na cathrach a thabhairt. Do
ghluais an tSochraid fé dheire de shiubhal réidh, socair,
agus síos Sráid Mhór Sheórse — Sráid Washington
a tugtar ar an sráid sin anois. Nuair a shrois
ceann na Sochraide an taobh theas de cheann tSráid
an Chinn Thuaidh, thugadar a n-aghaidh ó thuaidh fé dhéin
droichid an Chinn Thuaidh. Ní raibh cor curtha ag deire


L. 40


na Sochraide dhi, nuair a shrois a ceann an áit sin.
Caladh na Gainimhe síos léi annsan. Agus cad é mar
uain a bhí ann le fuacht nimhe agus le ceófrán dorcha.
Ag infhiúchadh na Sochraide dhuit ó Droichead an Chinn
Thuaidh agus í ag cur caladh na gainimhe síos di, go
socair agus go réidh, dá leithe an caladh san, ní h-aith-
neófá na casáin coise seachas lár na sráide ó n-a
chéile le lionmhaireacht an tsluaigh a bhí ann, idir fhearaibh
agus bantracht. Ag coisidheacht a bhí an uile dhuine.
Isteach Sráid Phádraig léi, agus ó dheas Sráid an
Chapaill Bhuidhe, agus síos an Meal theas fé dhéin an
Droichid Mhiotail; suas sráid leathan, atá ag gabháil
thar Mhargadh an Arbhair, léi; agus ba dhóigh le duine
gur ag dul i lionmhaireacht a bhí sí; agus mar sin de
gur shrois sí Roilg Naomh Shéosaimh. Na daoine go
raibh cúram na Sochraide futha, chuadar chómh fada isteach
le h-uaig Father Mathew, agus dubhradar na gnáth-
paidreacha a deirtear le h-anamnaibh na marbh.



As a' gcainnt d'aireóchthá idir na daoinibh (ba leir
duit) gur nó ógánach calma, láidir, agus cailín fíor-
Ghaedhealach, agus duine meadhan aosta amháin, go raibh
mainighin acu gan an braon imtheacht as a súilibh, go
mbeireadh an lá ortha go gcúiteóchaidís an gníomh
fuilteach úd le Sasana an Fhill.


L. 41


AGUISÍN.



('Siad so na notaí do fuaramair ó "Sheandún" i mBéarla.)



BAILE-CHNOCÁIN.



Bhí "Mallow Lane" mar áit chruinnuighthe acu. B'é Prayer
Hill áit an mhór-chruinnuighthe (general rendezvous). A h-aon-
déag astoidhche an uair a bhí ceapaithe chun gluaiseachta. Níor
tháinig aon ordughadh chucha chun sgaipthe. Dá bhrígh sin, do
ghluaiseadar fé cheannus Captain Mackey, J. F. X. O'Brien agus
M. O'Brien agus captaen eile ó Lónndain, duine de Ghaedhealaibh
Lonndain. Wm. Walter Barnett O'Grady ("Smithy") ab' ainm
dó. Bhí breacadh an lae ann nuair a shroiseadar an Bhlárna, —
an sémhadh lá de mhí na Márta, '67. Bhuail sagart úmpa ar
an mbóthar. D'iar sé a phiostal ar Mackey ach ní bhfuair sé é.
Nuair do shroiseadar Baile-chnocáin do h-órduigheadh dóib
riar catha do chur ortha féin ("ordered to form up"). Chuaidh
Mackey go dtí an doras agus do bhuail le n-a phiostal é. Do
fiafruigheadh de: "Cia atá annsan?" "Saighdiúirí Saorstáit
na h-Éireann. Géillidh dúinn i n-ainm Saorstáit na h-Éireann."
Níor tugadh aon fhreagra air. Bhí giúistís istigh sa bhearraic.
D'éaluigh sé ar muin chapaill. Do sgaoil cuid de sna Fíníníbh
pléir leis, ach d'imthigh sé saor. Do gearradh na sreangáin
aibhléise. Do ghlaodhaigh na Fíníní ar na feirmeóiríbh, agus
d'órduigh dóibh an bóthar iarainn do raobadh. Do briseadh
cúl-doras na bearraice. Cuireadh an bhearraic trí theine.
Bhí dhá dheichniúbhar píléirí istig mar lucht cosanta. Bhí an
céim deireannach de'n staidhre dóighte sar ar ghéilleadar.
Do thugadar (na píléirí) a ngunnaí uatha tríd an bhfuinneóigh,
agus thánadar féin anuas thar dhréimire. D'aimsigh duine de
sna Fíníníbh a ghunna chun na píléirí do lámhach. D'órduigh
Mackey dhó gan a lámhach ar a bhás. Bhí na saighdiúirí ag teacht


L. 42


annsan. Cuireadh na píléirí ós comhair na bhFíníní amach, idir
iad agus na saighdiúirí, i dtreó 's ná féadfadh na saighdiúirí
urcair do chaitheamh leis na Fíníníbh. Do chuaidh na Fíníní ar
gcúl annsan fé dhéin Bottle Hill. Agus annsan abhaile leó
chómh maith agus dob' fhéidir leó é gur sgaipeadar go léir.



Do gabhadh Morgan Sweeney ag dul abhaile dhó ar an mbóthar.
B'e breith a tugadh air 'ná príosún cúig bliadhan. An bhreith
chéadna ar Lombard. An bhreith chéadna ar Sweeney, búistéir.
Do gabhadh McCarthy, leis, ach do sgéidh seise ar a cháirdibh.



I dtaobh gabhála Mackey: tar éis na leitire úd a bheith
tabhartha ag Mackey, do Hartnett ní fheacaidh éinne Hartnett
'na dhiaidh san. Tháinigh na píléirí ar Mackey i dtigh-tabháirne.
Bhí D.I. Gunn agus Head-Constable Gale orta. (Féach leat
a chúntas san i Sgéal "Sheandúin" féin.)



An píléir úd do chuir Geary ar a shúilibh, 'sé ainm a bhí air
ná Perrin. Protestúnach ab' eadh é.



SGIÚRDANNA AR LORG AIRM.



Siopa Allport. Ar a h-ocht a chlog ar maidin. Do chuaidh
Stack agus Barry Adams isteach sa tsiopa san. "Cad tá
uaibh, a daoine uaisle?" "Éist, led' thoil." Do sgiobadar
leó a raibh d'airmibh ann, agus níor fhágadar aon mhúnla pléar
amháin na ndiaidh.



Siopa Richardson, Sráid Naomh Pádraig. Do cuadhathas
steach ann astoidhche. Bhí cleas-eocair acu. Do tógadh
na h-airm. Ní raibh aon bhruid ortha de'n chor so, mar bhí lucht
faire agus airm acu amuigh sa tsráid.



Siopa Morton, Sráid Sheóirse. Deineadh an bheart annso,
fé mar a deineadh i siopa Allport, fé lán tsolus na gréine.
Chuaidh triúr isteach sa tsiopa agus piostail acu. Bhí cléireach
istigh. "La breágh, a dhaoine uaisle," ars' eisean, "an bhféad-
fainn aon rud a dhéanamh díbh?" "Do bhéal d'éisteacht agus


L. 43


t'aghaidh a thabhairt leis an bhfalla." D'árduigheadar leó a
raibh uatha annsan agus d'imthigheadar saor. Bhí cárr clú-
daighthe ag feitheamh leó. D'fhan an lucht faire ar feadh sgathaimh.
D'imthigheadar-san saor, leis, gan aon nídh imtheacht ortha.



Túr Martello. Tháinigh na Fíníní ó Chorcaigh i mBádaibh.
Fuair Mackey caoi ar dhul isteach sa tús, — ní fios d'éinne
connus. D'eirigh leis na h-airm agus na pléir do sgiobadh
leis. Na fir, a bhí ins na bádaibh, do chualadar urchar gunna —
foláramh ó lucht cosanta an túir ab' eadh é, agus do dhruid-
eadar isteach chun an chalaidh. Thugadar na h-airm agus na
pléir chun na h-áite a bhí ceapaithe 'na gcóir. Bhí a ndóithin
bád acu. Níor gortuigheadh éinne. Thug Mackey airgead do
leanbhaí (a bhí sa túr), agus do phóg sé iad.



Túr Eóchaille. Dia Domhnaigh. Do h-ollmhuigheadh gach rud
roim ré. Bhí sé socair go ndéanfadh fir ó'n gcathair an obair.
Theip ortha tar éis gearra-throda. Do gabhadh M. Halloran
ar an dtraen. Do thug cóisteóir finné 'na choinnibh. D'aithin
an cóisteóir é ar dhath a bhróg. Do triaileadh é ag an Siosón.
Ní raibh aon tuairisg ar an gcóisteóir lá na cúirte, ámh. Do
tugadh saor-bhreith ar Halloran. D'imthigh sé go h-America.



An Long úd, "Juno." Bhí an long, "Juno" ag an gCaladh
("Passage West"), agus sé dhuine déag ar fhichid d'fhoirinn
aici. Bhí ráfla amuigh go raibh fiche míle gunna innti. Tháinigh
fir ó'n gcathair, cuid acu an abha aniar agus cuid eile an bóthar
aniar agus chuadar ar bórd na luinge, ach fuaradar ná raibh
ann ach bréagáin gunnaí. Do sgríobh captaen na bhFíníní chun
captaen na luinge ag gabháil a leith-sgéil leis i dtaobh na
trioblóide a cuireadh air.



Tháinigh báid na bhFíníní aniar ó Chorcaigh fé sgáth na h-oidhche
ar a h-aondéag a chlog. Agus nuair a ghabhdar caladh —
suas leó fé dhéin na luinge. D'fhanadar ag feitheamh le
h-ordughadh chun dul ar bórd. Do gabhadh an captaen agus


L. 44


an fhoireann na bpríosúnachaibh. Cuireadh gobáin ionnta.
Na Fíníní a tháinigh an bóthar, do chuadar chun cabhruighthe
leó. Bhí na píléirí idir an dá bhuidhin. Ní raibh fhios acu cad
ba mhaith dhóibh a dhéanamh — ciacu fogha thabhairt fé'n ndream
a bhí ar an luing nó fé'n ndream a bhí ar an gcaladh. Do
baineadh a theideal de Head-Constable Dunn agus do h-isligheadh
'na chonstábla é. Ní raibh ann ach cúpla gunnaí go raibh aon
tairbhe ionnta. Thuit duine éigin síos i gcúm na luinge, agus
do bhris a chos. Do tugadh gan cosg go Corcaigh é, fé chúram
carad. Ní fheacaidh éinne é go raibh ar a chumas siubhal agus
rith airís.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services