Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tochmarc Fhearbhlaidhe

Title
Tochmarc Fhearbhlaidhe
Author(s)
Eoghan Ó Neachtain,
Compiler/Editor
Ó Neachtain, Eoghan
Composition Date
1916
Publisher
Mac an Ghoill, M. H.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÉAMHRÁDH.



Is i n-irisleabhar Sgoile na sean-Ghaedhilge, .i. "Ériu,"
a cuireadh an sgéal so i gcló i dtosach. An chanamhain
ina raibh sé bhí sí roinnt ársaidh, acht d'athruigheas-sa
cuid de n-a sean-fhuirmeacha cainte bhí ann, ar n-a
aithsgríobhadh annso dhom, agus chuireas cruth na nua-
Ghaedhilge ortha ionnus go mbeidís sothuigthe. Acht níor
athruigheas an cor cainte cé is moite do chorr-áit ar
cheapas é bheith dorcha. Níor leanas go hiomlán don
sgéal mar tá sé i nÉriu; cúpla cóip eile nó trí den
sgéal go raibh malairt innsin anonn is anall ionnta
chuireas síos na malarta, do réir mar cheapas a bheith
feilteach.


L. 1


TOCHMARC FHEARBHLAIDHE.



1. Rí uasal onórach oirdhearc oireaghdha do ghabh
flaitheas forlámhas agus forsmacht ar chríochaibh áille
oirear-ghlana Alban .i. Séamus Mac Turcaill a chomh-
ainm. Giolla saor idir chruth agus chéill agus chineál an
Séamus sin. De shliocht Chairbre ríoghfhada mac Chonaire
a bhunadh-chineál. Aoin-inghean de chloinn do bhí aige,
Fearbhlaidh a hainm. Do dhearsgnuigh sí de mhnáibh
na cruinne ina comhaimsir ar dheilbh, ar shaoire, ar
shoibhéasaibh. Ba de shoibhéasaibh na hinghine bheith for-
tail, fír-eolach i n-iomad ilbhéarladh: ba dá béasaibh
fós sírreachta ceoil do chantain. Ba samhalta agus gual
adhairce ar n-a bháthadh i n-uisge dealbh ban an domhain
i bhfochair a deilbhe. Ba lán iarthar Eorpa dá huir-
sgéalaibh. Ba do-áirmhe an oiread fear ar a dtug sí
éara tochmairc. Do líon a searc cách chomh mór sin
agus gur bh'ionann d'iarradh an t-árd-rí oireaghdha nó
an taoiseach tuaithe í. Ba díomhaoin dóibh-sean uile na
dála sin. Do líon searc na hinghine an t-árd-rí chomh
mór sin agus nach dtug tochmarc aindeonach uirthi.
An inghean, iomorro, níor thuirling a súil ar fhear
d'fhearaibh an bheatha. Do líon cách uile an ionbhaidh sin
d'fhuath agus d'fhíor-mhiosguis an ríogh, mar is é dar
leo an rí féin do dhiúltuigheadh iad fá thochmarc na
hinghine.



2. Ba mhór ba cás leis an árdrígh onórach iomad na
n-eascarad agus méid na mbíodhbhadh do rinne an
inghean dó. Ghlaoidh sé leis an Fhearbhlaidh lá ar an
uaigneas.



"Maith a mh'anam a inghean," ar sé, "níl de chloinn
agam-sa ná de shliocht orm acht thusa, agus b'fhearr


L. 2


liom ná béarthaoi dhom thú, mar is mór do thraoithis
de mo neart agus do loitis de mo fhlaitheamhnas;
mar do líon cách isteach orm tar chiumhsaibh mo chríoch
aga do dhíoghailt orm agus ag aithbhear agus ag iomaithbhear
orm fá an táir agus an tarcuisne thugais ar na huaislibh
atá i n-iarthar Eorpa; agus ní hamhlaidh ba dócha linn
agad' leasughadh agus agad' oileamhain id' leanbh, acht
iolar carad d'fhagháil asad-sa, a inghean. Agus tusa
anois," ar an t-áird-rí, "ná bí níos faide ag ár
mbuaidhreadh, mar bheirim-se na dúilí aicsidhe agus neamh-
aicsidhe cibé fear d'fhearaibh an domhain is áil leat go
dtiubhrad-sa dhó thú gan toirmeasg. Do bheirim fós
fám' bhréithir," ar an t-áird-rí "gur fearr liom do
thabhairt do mhac moghaidh nó don fhuil is uirísle i
n-Albain ná do bhéinn féin mar atá mé i dtimcheall
do thochmairc-se. Labhair anois, a inghean," ar sé,
"agus innis an fhírinne dhom."



3. "A athair," ar sí, "céard is áil duit do rádh
damh?" "Is áil," ar an t-athair," a innsin damh gan
ghó gan cheilg an fear is tocha leat ar an talamh."



4. Tháinig iolar datha dhi-se annsin; ba deirge i
dtosach í ná corcair choilleadh; ba duibhe ná gual an
dara feacht; ba báine ná bán-sgoth tonn an treas
fheacht agus is suail nach dtáinig táimhnéalla báis di. Bhí
an rí gá dearcadh agus na malarta soin ag teacht uirthi.
Labhair an inghean annsin de ghuth neoid náireach.



5. "A athair," ar sí, "do bheirim-se fa mo bhréithir
duit-se nach bhfeadar-sa cé an fear d'fhearaibh an
domhain dá dtugas mo thoil, acht do charas fear éigin
cé nach bhfeadar cé hé."



"Cionnus sin, a inghean a anam?" ar an t-athair.



"Feacht do bhíos im' ghrianán im' aonar," ar an
inghean, "thuit ciachbhrat codalta orm. Níor bhfada


L. 3


dhom go bhfacas dar liom macaomh óg amhulcach ar
cholbha mo leabtha. Brat corcra ceathair-bheannach
uime, folt dubh dual-chas air, agus aghaidh shochma subh-
áilceach leis. Bhí cruit shlabhradhach shlíoguighthe ar n-a
coimheagar do chlochaibh criosdail agus carmhogail idir a
dhá láimh, agus eisean ag seinnm na cruite go suaimhneach
sírbhinn gur leig a fheadán glan-ghotha i gcoimhideacht
na gcaoin-téad gur ghoid m'anam asam; agus 'athair
ionmhuin," ar sí, "níor fhéadas m'inntinn ná m'aigne
do tháthadh le fear d'fhearaibh an domhain ó shoin ille agus
ní fhéadaim go bhfeicead eisean arís."



6. "A Fhearbhlaidh," ar an t-árd-rí "leig thart sin agus
ná tabhair fá deara an siabhradh sídhe nó an t-aigh-
mhilleadh oidhche sin."



"Uch! a athair," ar sí, "ní nach bhfuil ar mo chumas
ná im, chumhachtaibh sin, acht ní fheileann dom a bheith ag
éagcaoineadh ná ag iomchasaoid uime."



"Ach! ach!" ar an t-athair, "is truagh liom an oigh-
reacht sin d'fhágaibh do shean-mháthair agat .i. Eadaoin
inghean Eochraidhe .i. bean Eochaidh Aireamh, agus an
Eadaoin eile dob'inghean di, agus fós Meas Bhuachalla,
inghean Eochaidh, máthair Chonaire mhic Eidirsgeoil, ar a
sliocht a bhfuile-se. Is truagh liom fós an dúthchas sin
Bhaillghile, inghean Mhogha Lámha do theacht tríot .i. do
shiúr mhíllteach mhailíseach dá dtáinig aighmhille Éireann."



7. Fearbhlaidh, iomorro, do rinne sí brígh bheag de
na briathraibh sin. Bhí an rí 'na shost agus do ghabh air ag
déanamh bróin agus truaighmhéile.



"Éirigh as 'athair," ar sí gheabhad-sa dhuit fios an
fhir úd fá cheann bliadhna, "agus déana mé do thoil-se mara
bhfághad." D'fhágadar slán ag a chéile annsin.



8. Chuaidh an inghean dá hoireagal, agus ghoir chuici
a buime .i. Duibhghil, inghean Duibhghoire .i. bean ghlic i


L. 4


gceárdaibh draoidheachta í sin, mar ní raibh on míol
mór go dtí an chorr-mhíoltóg cruth nach raibh an Duibhghil
sin deas ar a dhul ann. D'innis Fearbhlaidh dhi tabhairt
na seirce, agus mar do thug í, agus aitheasg a hathar féin
léi, agus tuarasgbháil an té dá dtug a searc, idir
chruth agus chéill agus earradh agus éadach, agus amhail do gheall
toil a hathar do dhéanamh mara bhfághadh sgéala an fhir
sin faoi cheann bliadhna.



9. "Nach fada gur innis tusa sin dam-sa?" ar
Duibhghil, "agus bíodh meanma mhaith agat, a Fhear
bhlaidh," ar sí, "má tá an fear sin i dtrí rannaibh an
bheatha gheabhad-sa a fhios duit faoi cheann na cáirde
sin."



10. Cheileabhair Duibhghil dá dalta iar sin, agus d'imthigh
roimpi don teach ina raibh a huirnis draoidheachta: chuir
foluamhan de ghaoithe geintlidhe draoidheachta fúithi
féin, ionnus go dtimchealladh sí Éire nó Alba idir
mharaibh agus thíribh i n-imtheacht aon-lae. Chuartuigheadh
Duibhghil na haonaigh agus na hoireachtais, na gleannta
diamhra do-eoluis agus na tighthe uaigneacha do bhíodh le
seoid agus maoine a chur i dtaisge ionnta. Mar sin di
seachnóin Éireann agus Alban go ráinig sí Fiodhnach
Bearaidh i mBoruinn Uí Lachlainn i dTuadhmhumhain. Ba
hé an Fiodhnach Bearaidh sin ba phríomh-árus ollamhnachta
d'éigsibh Éireann agus Alban an ionbhaidh sin; mar do
bhí trí chaoga fialmhac ag foghluim éigse agus ealadhna le
gach rann de cheithre rannaibh feasa na filidheachta ag
Donnchadh mór Ó Dálaigh sa bhaile réamhráite sin.



11. Lá dá raibh Duibhghil ann chuala sí foghar na cruite
ar a cúl, i gcúlráid uaignigh, i dtigh díobh dá ndeachaidh.
Tharraing sí ar an bhfoghar d'fhéachain cé bhí ann, agus fuair
ann giolla neoid náireach, folt dubh a dual-chas air,
aghaidh shochma seaghanda aige, ba deirge ná an ghrís a


L. 5


dhá ghruaidh, ba deirge ná an partloinn a bhéal, ba gile
ná an sneachta a chorp, ba ghlaise ná bugha a rosg, ba
bhinne ná téadaibh na cruite fuaim a ghotha, agus dar
léi-se níor shlánuigh a shé bliadhna déag. Níor thug sé
áird uirthi-si, óir ní hina cruth féin do chuaidh sí ann.
D'fhan sí rae fhada dá fhéachain agus dá éisteacht,
amhail is dá mba sgoluidhe den sgoil í, agus cách chuige-
sean agus uaidh amhail saoithe beach ag tiomargadh a meala
i laethibh fíor-áille fóghmhair, agus eisean dá n-oirfideadh agus
dá n-oideas gacha le uair.



12. "Is fíor," ar Duibhghil, "is tusa m'iarraidh-se,
a ghiolla óig iollánuigh."



Do chualaidh sí cách annsin dá ainmniughadh agus dá
shloinneadh ionnus go rabhadar a sgéala go hiomlán
aice. D'imthigh sí annsin go ráinig Dún Monuigh i
n-Albain.



13. Do bhí Fearbhlaidh an uair sin ar thaibhlibh a grianáin
agus d'aithin sí Duibhghil, agus is beag nach dtángadar
airgheana éaga dá hionnsuighe le loinne agus le luathgháir
agus do rinne an laoi:-



Maith sgéal atá le Duibhghil,
Gairid do bhí ar slighidh,
Go bráth ní thiocfadh im' dháil
Go bhfághadh fios mo leanáin.



Mogenor is dalta dhi,
Mo bheannacht ar mo bhuime;
Duibhghil, inghean Duibhghoire,
Fuair dhamh-sa fios m'ionmhuine.



Mo chubhais, níor bhfiú mise
Bheith dom' altrom aici-se,
Níor bhain le rígh nó le flaith
Iarraidh cíche ar a comhmaith. Maith.


L. 6


14. Do bheannuigh Duibhghil don inghin annsin.
D'fhreagair Fearbhlaidh go forbhfaoilidh sin, agus do bhí i
dtost fhada, nár leig an eagla dhi sgéala d'fhiarfaighe.



15. Cá fhad do chuadhais ó shoin?" ar Fearbhlaidh, "is
gairid ataoi amuigh, óir is mí gus an lá indiu do
fhágais an baile," ar sí.



"Is gairid, amh," ar Duibhghil, "agus do chuart-
uigheas Alba dheisceartach agus thuaisceartach, idir
mhuir agus tír insí agus oileána. Do chuartuigheas fós cheithre
hollchúigí Éireann agus urmhór an chúige eile."



"An bhfuairis?" ar Fearbhlaidh.



"Má fuaras," ar Duibhghil, "do b'fhearr duit-se
nach bhfaghainn, óir ní fríthe iomchubhaidh dot' fhuil-se ná
dot' onóir an fear fuaras ann .i. éigsín beag uiríseal
a hiarthar Éireann."



"Cá clann nó cá cineál dó?" ar Fearbhlaidh.



"Mac do Dhonnchadh mhór Ó Dhálaigh," ar Duibhghil.



"Mo chubhais, maiseadh," ar Fearbhlaidh, "níor bhféidir
dó athair dob fhearr ná sin do bheith aige an uair ná
budh é áirdrí Alban nó Éireann dob athair dó. Agus
a anam, a Dhuibhghil, dá mbadh é an Cearbhall oirdhearc
ag ar leath a chlú go coimseach do bheadh ann ní bheadh
aithbhear againn orainn féin."



"Is é go deimhin," ar Duibhghil.



"A bhuime bháidh, ó tá an uile cheird ar do chumhacht-
aibh, beir mise anocht go neamhfhailligheach d'fhéachain an
fhir sin do rinne mo bhuaidhreadh de bhunadh."



"Tabhair do bhriathar dhamh fá theacht liom ar ais an
uair iarrfad agus bhéarfad."



"Do bheirim," ar Fearbhlaidh.



16. Do bhuail Duibhghil iad araon de fhleisg doilbhthe
draoidheachta. Ar ndéanamh dhá cholm ghlé-geala dhíobh


L. 7


d'imthigheadar go Borainn i gCorcomruadh thuaiscear-
taigh. Thuirlingeadar annsin ar an bhfuinneoig ghloinidhe
do bhí ar bhéalaibh Chearbhaill ina chodail-tigh. Do bhí
Cearbhall ina chodail-tigh an tráth sin, ag oirfideadh an
aosa cumhtha idir a dhá chodladh. D'aithin Fearbhlaidh an
ceol ar an gcéad-fhásgadh. Thuit Fearbhlaidh agus Duibhghil
araon ina dtoirchim suain ar shliasaid na fuinneoige
leis an gceol, agus níor airigheadar ní ar n-a bháireach go
rug Cearbhall ortha araon 'na dhá láimh. Ghoir sé ar an
toirt ar na macaibh foghluma do bhí istigh agus thaisbeáin
sé an éadáil sin dóibh. Do rinne sé cás gloinidhe dhóibh
fo chéadóir agus do chaithdís na biadha agus na deocha do
dháildís dóibh: agus an fhad agus bhíodh Cearbhall ag seinnm
na cruite do sheinndís-sean siansána truagha taighiúire
leis na téadaibh go gcuiridís lucht a n-éisteachta
riocht bháis le caoin-bhinneas an cheoil sin. Coicidhís ar
mhí dóibh amhlaidh sin go dtángadar sgéala na gcolm
fá na gcríochaibh comhfhoigse go coitcheann.



17. Do bhí Cearbhall lá agus iad-san 'na n-aonar san
aireagal agus do labhair an colm de ghlór dhaonna leis:-



"Maith, a Chearbhaill," ar sí, "an bhfuil a fhios agat-
sa cia sinne, nó céard do thug chugat sinn?



"Ní fheadar," ar Cearbhall.



"Ní bheir-se amhlaidh sin, má thugair do bhriathar
dúinne ar leigean as so gan ar ndíoghbháil do dhéanamh,
agus beidh luach maith dhá chionn duit."



18. Tug Cearbhall a bhriathar leis sin do choimhlíonadh.
D'innseadar dó a ndála go léir maille le feiscin na
haislinge agus éara na dtochmarc agus achmhusán an ríogh dá
inghin agus imtheacht Dhuibheghile agus a dteacht féin i reachtaibh
colm dá fhéachain-sean.



19. "Cé an luach a gheabhad-sa ar bhur leigean uaim?
ar Cearbhall.


L. 8


"Do bhreith féin gan díth dhúinne," ar iad-san.



"Éirghidh in bhur gcrothaibh féin im' fhiadhnuise," ar sé.



20. Do ghníd amhlaidh, iomorro. Chomh luath agus do
chonnaic seisean Fearbhlaidh sháith sé rinn a dheirce ina
deilbh: do tháinig datha iomdha dhe agus teibearsain ar
a theangaidh agus níor labhair ceachtar díobh le chéile.



21. "Ar mo shon-sa mar shaoilim atá an sost mór
sin oraibh," ar Duibhghil.



Chomh luath agus adubhairt sin do léim tar an
bhfuinneoig amach i riocht chuilm.



22. Tharraing seisean ise chuige ar an gcolbha, chuir
lámh fá n-a brághaid agus phóg go dil agus go díochra í. Trí
lá agus trí oidhche dhóibh ar an ordughadh sin, gan bhiadh gan
digh, gan chodladh, gan choir gan chionnta. An treas lá
do chuaidh Duibhghil dá n-agallamh.



23. "Maith," ar sí, "ní fada libh-se bheith mar sin, cé
gur fada dhíbh é; agus a Fhearbhlaidh," ar Duibhghil,
"cuimhnigh do bhriathar dhamh-sa: déanam dar dtigh."



"Déanam amhlaidh," ar Fearbhlaidh. D'imthigheadar
go rabhadar i mbaile ríogh Alban.



24. Do cluineadh fá'n ríoghacht uile Fearbhlaidh agus a
buime do bheith as an sluaigh sidhe agus ní mór nach raibh
daoine i riocht bháis le luathgháir a bhfaghála. Acht maidir
le Cearbhall, líon sé de ghalraibh agus d'easláintibh
iomdha go nár féadadh leigheas dó.



25. Cloiseadh an sgéal sin fá Éirinn agus fá Albain agus
do hinnseadh i bhfiadhnuise an ríogh é. Do bhí cloch uasal
onórach ag an inghin dá dtigeadh gach aingceis agus gach
easláinte do leigheas agus adubhairt;-



26. "'Athair," ar an inghean, "dá dtugthá a chead
damh do chuirfinn an chloch uasal atá agam íocas lucht
galair agus easláinte go mac árd-ollaimh Éireann agus
Alban."


L. 9


"Do bheirim maille lem' bheannachtain," ar an
t-athair.



27. Chuir Fearbhlaidh a teachtaire féin leis an gcloich
go hÉirinn, agus ráinic an chloch go Cearbhall, agus ba
séad flatha an séad ráinic é, mar dá mbadh i n-uaimh
dhorcha a thaisbeántaoi í ba samhalta le ga gréine i
meadhon tsamhraidh an solus d'éirgheadh dhi. D'éirigh
Cearbhall le gabháil na cloiche agus chomh luath agus do
ghlac í bhí sé gan saoth gan ghalar agus do rinne sé an
laoi ann:-



28. Fuaras cloch 'na cloich neimhe
Bhuaidhreas bláth ar ndeilbhe-ne,
Gur meadhradh leis an séad sinn,
A dhearbhadh do fhéad m'inntinn.



Do rad bean dá bois chorcra
Damh cloch is crois éadrochta;
Truagh an séala an chloch sa chros
Och! och! nach éara fuaras.



Sdíom shíoda fá'n gcloich do chuir
Fám' bhrághaid dá bois leabhair;
An bhráighe dar bhain an tsreang,
Do mhear a háille m'inntinn.



Uch! is géar do chuaidh trém' chneas
Cloch na mná do mhill m'aoibhneas.
A gcaomhthach a dhá cích corr,
Do bhíodh naomh-chloch na néamhonn.



Cé minic iarthar orm-sa
An néamhonn bhláith bhall-ghorm so,
An néamhonn tar an té thug
A n-iarann í ní fhaghaid.


L. 10


Maith an mhaise imeasg aonaigh
An chloch áluinn ór-chraobhaigh
Cloch chorcra agus bráighe bhán,
Sgáile a huchta ina hurlár.



Gach uair do chím an chloch so
Smuainim an mhnaoi mhasgluighe-se
Fiú an té is caomhthach id' chlos
Aon chloch mar í ní fhuaras. Fuaras.



29. Agus do chuir sé an laoi sin le teachtaibh Fhear-
bhlaidhe agus ní féidir a innsin méad na luathgháire do
bhí ar an inghin leis an aisgidh bhig éigse agus ealadhna sin.
Acht Cearbhall, do ghabh ag aslach an deagh-ollaimh .i.
Dhonnchadha mhóir, um dhul ar cuairt ollamhnachta i
nAlbain. Bhí Donnchadh mór go haimhleasg uime sin,
acht mar sin féin d'aontuigh dhó-san dul ann. Bhí sé
trí bliadhna ag tionnsgnamh an turais sin, agus do
shaoileadh an rí gach ráithe go rachadh Donnchadh dá
ionnsuighe.



30. Maidir le Cearbhall agus le Fearbhlaidh: níor
chaitheadar coicidhis ar mhí ar an bhfad sin gan seoid agus
teachtaireachta dá n-iomlat eatortha. Do ba lán Éire
agus Alba d'iomráitibh na deise sin: Cearbhall ar
shaoire ar shoibhéasaibh Fearbhlaidh iomorro ar oineach agus
ar éagcosg.



31. Iomthúsa Dhonnchadha mhóir: níor ghabh a mhac uaidh
gan dul ar cuairt ollamhnachta go hAlbain agus rug
leis gléire glan-ollamhan ina chuideachta. Cearbhall
iomorro, rug dhá fhear déag leis de na macaibh
foghluma dob fhearr i nÉirinn; cruit agus fidhcheall
le gach beirt díobh, agus iad féin i n-ionannus aoise agus
éagcoisg. Ní haithristear a n-imtheachta go rángadar
baile árdríogh Alban. D'innis fear dá mhuinntir don


L. 11


rígh an tromdháimh a bheith ar fhaithche an dúna, agus
d'innis dó gach riocht ina rabhadar. Bhí an rí ag ól
chorma an tan sin. D'éirigh an t-iomlán ina seasamh
i n-éinfheacht le deifir a bhfaicsiona: do theilgeadar
na cuirnn agus na copáin as a lámhaibh, ar fhaitcheas
nach bhfághdaois uain ar na doirsibh, go mbadh samhalta
le fear a bhfaicsiona go mbadh i dtigh teineadh do
bheidís, nó go mbadh ag tuitim ortha do bheidís col-
amhain agus uaithní na cathrach le méad a ndeifire
d'fhéachain na n-ollamhan.



32. D'fhear an rí fáilte roimh Dhonnchadh go n-a
mhuinntir, agus níor labhair le Cearbhall acht rug leis
é ar bharr boise gur dheisigh ar a ionchaibh féin ina
shuidhe ríogh é, agus Fearbhlaidh agus Duibhghil ar gach taobh
de agus Donnchadh mór ar an ghualainn eile den rígh
agus na hollamhain ó sin amach ina n-ionadaibh ion-
chubhaidh. Tréimhse agus tamall fada ar an órdughadh
sin dóibh, gur iarr an rí ar Chearbhall cruitearacht do
dhéanamh d'úrgháirdiughadh meanman agus aigeanta do chách.
Ghlac Cearbhall an chruit agus sheinn cuir agus puirt agus
adhmhainn mar atá goltraighe agus geanntraighe agus suan-
traighe, no go rabhadar na flatha agus na filí agus na
sluagha ina dtoirchim suain agus síor-chodlata acht
Cearbhall agus Fearbhlaidh amháin agus Duibhghil. Do ghabhadar-
san ag éagcaoine a n-imshníomha le n-a chéile. Do ghabh
Fearbhlaidh ag aithbhear agus ag iomaithbhear ar an gcinn-
eamhain agus ar uairibh a geineamhna agus a beirthe agus ar an
dtoice domhanda. Do ghabh Cearbhall agá ceannsughadh
de bhriathraibh míne miochaire agus d'fhuighlibh ailgheana,
agus do ghabh Duibhghil mar an gcéadna.



33. Mar sin dóibh go meadhon lae ar n-a bháireach.
Mhúsgail an t-iomlán annsin agus ghabhadar ag ól


L. 12


chorma go ceann seachtmhaine de ló is d'oidhche go
measgadh agus go muirn mhóir gan déarghadh leaptha gan
cheol gan oirfideadh acht ól chorma agus tomhailt bhídh.
Gabhadh dán Dhonnchadha mhóir ar an seachtmhadh lá agus
tugadh céad de gach crodh dhó agus céad uinghe airgid
agus earradh an ríogh féin agus cupa agus colg déad.



34. Do shír an rí cruitireacht ar Chearbhall. Do ghabh
Cearbhall an chruit agus do sheinn an geanntraighe an gol-
traighe agus an suantraighe i gcruth agus go rabhadar go léir
ón tráth go chéile ina gcodladh acht Cearbhall agus Fear-
bhlaidh amháin. Do mhúsgail an rí annsin agus d'iarr
fidhchilleacht ar Chearbhall. D'imreadar araon nó go
rug Cearbhall seacht gcluiche ar an rígh gan aon chluiche
cliseadh air. Do bhí cos Chearbhaill sínte tar an bhfidh-
chill anonn agus Fearbhlaidh ar ghualainn an ríogh agus do bhí
cos an ríogh sínte anonn don taobh eile don fhidhchill.
Do shaoil Cearbhall gurab í cos Fhearbhlaidhe do bhí ann
agus do ghabh ag inghreim ar chois an ríogh le n-a ingnibh i
riocht choise Fhearbhlaidhe. Do líon an rí d'fheirg agus
d'uasnadh le tuisgint inntinne Chearbhaill i dtaobh na
hinghine, agus d'éirigh ón bhfidhchilleacht. Do ghoir chuige
maithe a mhuinntire agus d'innis dóibh dála an ghiolla agus na
hinghine. Comhairligheadh aca Donnchadh mór go n-a mhac
agus go n-a mhuinntir do mharbhadh.



35. Do bhí fear gaoth glic de dhearbhráthair ag Donn-
chadh: macaomh Inse Cneamha a chomhainm. D'fheiceadh
seisean gach dáil fholaigheach inchleithe do bhíodh idir na
daoinibh agus do chonnaic sé a bhráthair agus a mhac do
bheith san éigean sin agus do ghluais dá bhfortacht. Ní
haithristear an fhad do bhí sé ar slighidh gur sroich sé
baile ríogh Alban, mar a raibh an rí go n-a mhuinntir i
gcomhairle. Bheannaigh sé dhóibh.


L. 13


"A rí, an rabhais ag imirt le Cearbhall? ar
seisean.



"Do bhí," ar fear díobh-san.



"Mairg a bhí," ar an macaomh, "óir dob fhusa do
dhuine bheith i gcath nó i gcomhrac ná ag imirt leis:
mar níor imir sé riamh gan a bheith ag inghreim an té
ba neasa dhó d'altaibh agus d'ingnibh ordóg a chos.



36. Do ghluais an macaomh uatha ar rádh na mbriathar
sin.



"A Dhia uile-chumhachtaigh," ar an rí, "is mór an
mheabhail dob fhóbair dúinn d'imirt as an óglach."



"Is fíor sin," ar a mhuinntir.



37. D'imthigheadar annsin. Sgaoileadh de na bráigh-
dibh, agus ceaduigheadh do Dhonnchadh agus dá mhuinntir
imtheacht, acht amháin do Chearbhall agus dá chuideachta. Do
bhí Cearbhall bliadhain iomlán ina chomhnuidhe ar an
gcuairt sin. An mhí dhéidhionach den bhliadhain do bhí
an gníomh foillsighthe ortha go nár fhéadadar a shéanadh.
Do gabhadh Cearbhall agus cuireadh i gcarcair uiriadhta é
agus do rinneadh comhairle fá n-a bhásughadh. Ba thruagh
amh mar do bhí Fearbhlaidh dhe sin óir ní aithnigheadh neach
seachas a chéile, ní chluineadh, ní fheiceadh, ní chod-
luigheadh, ní chaitheadh sí tada, ní fhoilceadh ní fhoth-
ruigeadh sí. Coicidhis ar mhí dhi isan daoirse sin gur
smuaintigh sí fá dheireadh cionnus do rachadh d'fhortacht
a céad-grádha agus a céad-ionmhuine agus a céad-togha
d'fhearaibh an domhain.



38. Chuaidh sí lá n-aon gus an bpríosún agus do ghuidh
sí an coimhéaduidhe um a leigean isteach. D'éar agus
d'aithéar an coimhéaduidhe í. Do thairg sí comhtha móra
óir agus airgid dó tar ceann a leigthe isteach. D'aontuigh
sé fá dheoidh. Chuaidh Fearbhlaidh isteach, do shuidh sí ar


L. 14


dheis Chearbhaill agus tug póg dhó. D'fhéach sí ar an
gcoimhéaduidhe:-



39. "Maith, a anam," ar sí, "téirigh uainn go doras
an phríosúin agus ná bí dár bhfaireadh an fheacht so,
mar níl conair ealóidh againn acht an t-aon doras sin
ar a bhfuilir féin."



40. Do chuaidh an dóirseoir uatha iarsin. Chuir Fear-
bhlaidh a héadach dhi go tinneasnach agus chuir um Cearbhall
é agus do ghabh sí éadaigh Chearbhaill uimpi féin.
"Éirigh romhat," ar sise, "im' riocht-sa agus fág eadarm-
sa agus an rí cibé díol imreochas orm."



41. Do ghluais Cearbhall roimhe amach agus d'fhágaibh
slán agus beannacht ag an dóirseoir agus d'aithin go
dícheallach dhe maith an chimidh do dhéanamh .i. Cearbhall.
Gheall an dóirseoir go ndiongnadh. D'imthigh roimhe
annsin go deifireach go hionad an iomlochtaigh idir
Éirinn agus Albain agus fuair a thógáil gan toirmeasg
go ráinic oirear Éireann. Dar leat ba ríghe nó
flaitheamhnas fuair gach aon ar leith de shaorchlannaibh
Éireann le cloisteacht Chearbhaill do theacht.



42. Iomthúsa an ríogh: do cinneadh aige Cearbhall
do chur chun báis ar na bháireach agus do chuir sé na
básairí ar a cheann. Fosgluigheadh an príosún rompa,
rugadar ar an gcimidh agus thógbhadar leo é go dtí
an t-áirdrí. D'fhéach an rí ar an gcimidh agus d'aithin nach
é Cearbhall do bhí ann.



"Cé seo agaibh, a thruagha? ar sé.



"Cearbhall," ar na básairí.



"Aghaidh bhur n-uilc agus bhur n-urbhadha oraibh," ar an
rí, "Fearbhlaidh atá agaibh."



43. "Is fíor sin," ar na fir, agus a ngáire ag
briseadh amach ortha. Do bhris a gháire amach ar an


L. 15


rígh féin. Sgaoileadh den inghin agus do mhaith an rí a
ndeárna sí dhi, agus ghabh a bhuidheachus léi an file
d'anacol, acht chuir teachta go hÉirinn agus thug a
mhóid dá dtadhalladh Cearbhall úir na hAlban tré bhioth
síor go dtiubhradh bás dó. Chuir sé an dá fhear déag
dá mhuinntir 'na dhiaidh agus seoid agus maoine iomdha leo.



44. Iomthúsa na mban do bhí i bhfochair Fearbhlaidhe:
do bhí leanán dílis diongbhála le gach mnaoi dhíobh de
chuideachta Chearbhaill. Is truagh amh mar do bhí ag an
dá fhuirinn sin: do rinneadar díomhaoin den uile ní
acht amháin de phearsannaibh a chéile. Thuiteadar ar an
dá thaobh i seirg-ghalar agus i n-easláinte go rabhadar
trí bliadhna ar an mbuaidhreadh sin gan fear d'fheiceál
na mná ná an bhean d'fheiceál an fhir díobh acht teacht-
aireacht ghnáth eatortha maille le seodaibh agus litreachaibh
agus laoithibh. Agus níor mhair díobh leith ar leith an treas
bhliadhain acht triúr de na mnáibh agus cúigear de na
fearaibh; agus ní hí bean an fhir do bhí beo do mhair
de na mnáibh ná fear na mná do bhí beo do mhair de
na fearaibh. Cearbhall iomorro: ba measa dhó-san ná
do chách, mar do rinneadh aithid uathbhásach dhe go nach
n-aithnigheadh cara ná coigéile a chruth ná a dhealbh.



45. Maidir le Donnchadh mór agus le fearaibh Chonnacht:
do chruinnigheadar i n-aon ionad d'fhéachain céard do
dhéandaois um dhála Chearbhaill. Is é rud do chinneadar
a dhéanamh .i. lucht an-chumhachta agus aighmhillte do bhreith
dá ionnsuighe go ndáildís deocha díchuimhne dearmaid
dó. Do rinneadh amhlaidh go nár ba chuimhin le Cearbhall
Fearbhlaidh d'fheiceál dá shúilibh riamh, go mbadh slán ón
uile easláinte é.



46. Chomhairligheadar Connachtaigh dhó bean do phósadh.
Bhí inghean áluinn ag rígh Ua Maine .i. Conchubhar mac


L. 16


Ceallaigh mhic Fhiannachta, agus do sháruigh sí mná a
comhaimsire ar áille — Ailbhe a hainm. Do sháith sí féin
agus Cearbhall rinn a rosga agus a radharc i ndealbhaibh a
chéile, gur snadhmadh le chéile iad. Do rinneadar
bainis mhór do mhaithibh Chonnacht le caitheamh.



47. Foillsigheadh do Dhuibhghil an sgéal sin agus
d'innis sí dh'Fhearbhlaidh é.



"Déanam dá bhféachain," ar an inghean.



"Déanam cheana," ar Duibhghil.



Ghluaiseadar rompa agus níor fhanadar den réim
sin go rabhadar ar an iomdha i gcodluigheadh Cearbhall.
Dob í sin aimsir a raibh gáir na bainse ar siubhal agus
dubhairt Fearbhlaidh na rainn-se:-



48. A Dhuibhghil, an gcluin tú an gháir
Sa tigh-se amuigh go mórdháil?
Ní binn lem' chluais mar do chluin
Gáir bhainse mhic uí Dhálaigh.



Olc fuair Cearbhall mo chara
An fhad do bhéinn-se i n-aontumha,
Gáir bhainse do bheith 'na bhrugh
Tar ceann inghine m'athar.



Mo mhallacht-sa is mallacht Dé,
Mallacht naomh an bheatha ché
Do mhnaoi chreidfeas do ghlór fir
Taréis Chearbhaill, a Dhuibhghil. A Dhuibhghil.



49. Sgríobh Fearbhlaidh na rainn sin ar chorr chruite
Chearbhaill dá cró féin le sgín bhig. Ar dtairsgin na
fleidhe chuaidh Cearbhall dá chodail-tigh, dhearc sé ar an
gcruit agus do chonnaic na rainn sgríobhtha innti. Léigh sé


L. 17


na rainn agus chuimhnigh ar Fhearbhlaidh. Tháinig airgheana
báis dó, gur saobhadh a chruth agus a chiall agus do rinne
an laoi:-



50. Dearg anocht corr mo chruite
Ionmhuin fuil-se atá uirthi,
Ionmhuin lámh is ionmhuin fuil,
Sa grádh atá dom' thromghuin.



Ionmhuin lámh och! ionmhuin lámh
Do sgríobh an chrois úd san gclár;
Ionmhuin lámh do sgríobh an chrois
Go sgín mbig is go mbois mbáin.



Ionmhuin sgian go neimh ndéad,
Dár snaoidheadh dead don ór chéard;
Ionmhuin folt cruinn failgheach cas
Ionmhuin bos is béal dearg. Dearg.



51. Do ghabh Cearbhall iar sin ag seinnm na cruite
go luthgháireach agus ag gabháil na rann léi gan stad
gan staonadh, agus inghean Uí Cheallaigh ina haonar
san iomdha go maidin ar n-a bháireach.



52. D'éirigh Ailbhe i mochdháil na maidne agus do
chasaoid Cearbhall le n-a cháirdibh. Chuadar-san d'ag-
allamh Chearbhaill agus d'fhiarfuigheadar dhe cé an
siabhradh seachráin d'éirigh dhó. Níor fhreagair iad acht
amhail nach gcluinfeadh ní dá ndubhairt siad, acht do
ghabh air ag seinnm na cruite agus ag cantain na
rann amhail do bhí roimhe sin, gur tharraingeadar an
t-aos cumhtha an chruit as a lámhaibh le foiréigin. Níor
labhair seisean leo agus níor fhéach ar neach díobh. Coicidhís
lán d'fhanadar na maithe sin uile ina ucht i ndóigh


L. 18


chéille do theacht dó. Ba díomhaoin dóibh-sean sin. Ba
measa agus ba measa a chor gach lá gurbh éigin do
chách ceileabhradh dá chéile agus imtheacht dá dtighthibh
agus d'fhágadar eisean i nEachdhruim Ó Maine i n-éad-
troime céille, gan aithne gan agallamh.



53. Fearbhlaidh agus Duibhghil iomorro do bhídís d'oidhche
ina fhochair. Do hairigheadh sin le cách agus cuireadh
coimhéad ortha i ndóigh go mbéarthaoi ortha. Do foill-
sigheadh sin do na mnáibh agus thréigeadar an teach i
rabhadar. Thigeadh seisean i gcoinne na mban ar bhrú
na Suca gach lá. Thigdís na mná 'na dhá ngéis gléi-
geala dá ionnsuighe go dtí an sruth. Lá dhóibh ann, ba
túisge airgheach Uí Cheallaigh ag an sruth ná Cearbhall.



Chonnaic sé an dá ghéis ar an tráigh. Rug sé ar
chloich ina láimh. Chuaidh sé go ciumhais na coradh i ngan
fhios dóibh-sean agus do dhiubhraic iad gur amuis sé an
eala thanuiste gur bhris a leath-sgiathán gur thuit sí
ar an tráigh. Ba hí sin uair agus aimsir ar shroich Cear-
bhall iad. Do thóg sé an ghéis, do ghuil go hárd agus
go cumhach os a cionn agus adubhairt na rainn-se:-



54. A bhuachaill bó Eachdhroma,
Cé an ní thárla ar th'aire
As ar mharbh tú mh'eala-sa
Imeasg ealadh an bhaile?



Ní raibh agam d'innilibh
Acht dhá ghéis óga áille;
Cér bh'éadtrom a n-imirghe,
Dob fhearr iad ná céad áirghe.



Thugais urchar éagcosmhail
Don dara géis fhinn uasail.
Tháinig lem' chúig céadfadhaibh.
Mo mhallacht ort, a bhuachaill. A bhuachaill.


L. 19


55. Do sháith sé a chlaidheamh thríd an mbuachaill iar
sin gur sgoilt a chroidhe ar dhó ina chliabh go mba
marbh gan anam é. Tháinig an dara heala i dtír iar
sin agus chuadar araon na gcrothaibh féin. Do bhí an
lámh chlé brisde ag Duibhghil.



Do éagcaoin Cearbhall go mór an nídh sin agus do
ghabh doghra an-mhór é, agus do rinne na rainn-se
síos:-



56. Uchán! do lámh, a Dhuibhghil,
Díothchur sláinte sódh aignidh,
Claochlódh do chrotha ba chean,
Maothlamh ba tocha ad' thimcheall.



Uch! do leonadh ciodh díoghbhuidh
Lámh dob adhairt d'áirdríoghaibh;
Níor bhain bíodhgadh roimhe linn
Treaghdadh mo chroidhe ó'n chreidhm.



Fán mbois sin do bheith mar tá
Do chách ní hiongnadh iarghná.
Ba sgéal coigiolta ar bhrón mban,
Ba sódh aigeanta annradh.



Dá gcluintí uaim-se, a Dhuibhghil,
Do lámh mar tá 'na taisibh,
Ba mhór nhfabhra fighte bhfliuch
Fán mBanba thríthe tuirseach.



Mór mac ríogh de ríoghaibh Fáil,
Iomdha míleadh mór macáimh,
Len' torchradh do lámh do lot,
Is ar luigh d'uchlán orat.



Mór n-éigeas n-aignidh sgagtha,
Mór n-inghean mín macdhachta,


L. 20


Len' doiligh ar himreadh ort,
A ríoghan fhinn-gheal éadrocht.



Diombádh liom ar do los féin,
Saoth liom ar Fhearbhlaidh eiséin,
Do lámh neamh-bhríoghmhar indiu,
A ghrádh gheal-ríoghradh Gaedheal.



Lem' chuimhne ní cuimhin linn
Go raibh ar aon-mhnaoi d'Éirinn
Glac ba síodamhla ná soin,
A shlat fhíor-abhla a hAlbain.



An bhog-lámh le mbronntaoi seoid,
Ba mhinic í os fuinneóig
Ag líonadh sróill bhláith-shing bhuig
D'fháithim óir agus airgid.



Ód' chonnac cruth na láimhe
Atá ar meanma marbhánda;
Mo ghol-gháire ní guth linn,
Uch! ní horláimhe ár n-inntinn.



Ní sámh liom lór do dhoghra,
Faoidhe crot cloisdeacht ealadhna
Gáir orgán ná fuighle ban
Ná comhrádh daoine ar domhan.



Do saobhadh riim mo radhairc,
Ní fheicim an fhirmamaint;
Fiú an sgéal mo chur as mo chruth
Romghuin ní mhéar amárach. Uch.



57. Comhairligheadh aca long dhraoidheachta do dhéanamh
do láthair agus chuadar araon innti .i. Fearbhlaidh agus
Duibhghil agus chuadar rompa go rabhadar ina ngrianán


L. 21


féin i nAlbain. Cloiseadh an sgéal sin i mbaile
ríogh Alban .i. Duibhghil do bheith i n-otharluighe láimhe.
Bliadhain iomlán do bhí sí dá leigheas.



58. Aimsir áirithe 'na dhiaidh sin do chuala an rí go
mbíodh Fearbhlaidh ag teacht go Cearbhall go minic i
reachtaibh sidhe. Do thionnsgain an rí cealg mhillte
mhallachtach do dhéanamh do mhilleadh Chearbhaill agus
Fhearbhlaidhe. Lá dá raibh sé amuigh ar mhúr na cathrach
ina shuidhe do chonnaic sé an dias Éireannach chuige.
Chuadar ina dháil. D'fhiarfuigh an rí sgéala dhíobh: cé
hiad nó cé an tír i rabhadar.



"I nÉirinn," ar siad.



"Ba mhaith é bhur luach saothair uaim-se," ar sé, "dá
ndéanadh sibh ní orm-sa."



"Cé an ní é sin? ar siad.



"A innsin dom inghin-se go bhfuair Cearbhall Ó Dálaigh
bás," ar an rí.



"Déanfamuid sin," ar siad-san.



59. Chuadar isan dún isteach. D'innsigheadar a
sgéala agus uighe gach lae diaidh i ndiaidh ó do fhágadar
Cruacha Chonnacht.



"Sgéala libh a hÉirinn? ar cách.



"Sgéala móra olca annsúd," ar siad, ".i. Cear-
bhall Ó Dálaigh do theastáil de sheirg shiabhar-ghalair agus
fir Chonnacht uile ar buaidhreadh dá chumhaidh."



60. Chomh luath agus do chuala Fearbhlaidh sin do léim a
hanam tar a béal agus thuit sí faon ar an bhfidhchill
a bhí ina fiadhnuise. Do léimeadar cách ina timcheall
da teasargain go bhfuair siad gan anam í. Tháinig an
rí féin chuici agus do ghabh dá hagallamh de bhriathraibh
buidhe bith-mhilse agus dá tógáil ina suidhe agus ag
féachain a ball agus agá pógadh, agus tuilleadh dhíobh agá
hiomcháineadh agus ag bagairt uirthi gacha le feacht.


L. 22


Acht níor bhfearrde dhó. Dob éigin an inghean
d'adhnacal agus do fearadh a cluiche caointe agus do
tógadh a lia os a leacht agus do sgríobhadh a hainm
oghuim amhail ba ghnáth san aimsir sin.



61. Is truagh iomorro mar do bhí an rí an tan sin.
D'fhuagair sé an dias úd do mharbhadh tré éag na
hinghine.



"Ná déantar," ar na fir: "ní fíor flatha an ní
adeire, mar ní raibh againne acht an ní a d'iarrais
orainn do dhéanamh agus ar an adhbhar sin do bhreith
féin duit uainne air a áirdrí gan sinne do mharbhadh,"
ar siad.



"Bhur mbriathar leis sin do choimhlíonadh," ar an rí.



"Béidh sin agat go neamh-fhallsa," ar siad.



62. "Éirghidh go hÉirinn," ar sé, "agus innsighidh
do Chearbhall Ó Dálaigh éag Fhearbhlaidhe go bhfagha sé
bás dá cumhaidh. Agus do bheirim-se fám' bhriathar
ríogh," ar sé, "mara ndéana sibh-se sin ní bhéara mise
ar Éireannach tré bhith síor nach gcuirfead chum báis."



63. Do rinne na hóig amhail adubhairt an rí leo.
Lá dá raibh Cearbhall i dtigh a athar do chonnaic sé
chuige an dias anaithnidh. D'fhiarfuigh sé sgéala dhíobh.
D'innsigheadar dó, amhail do naisgeadh ortha .i. éag
Fhearbhlaidhe inghine ríogh Alban agus amhail do fuair é.



64. Do leig Cearbhall a cheann ar chorr na cruite
go bhfuair bás de bhíodhg. Cloiseadh sin fá cheithre
háirdibh Éireann go nár chaith duine i gConnachtaibh
biadh ná deoch ar feadh thrí lá agus thrí n-oidhche dá
chumhaidh.



Gurab í sin imtheacht agus bás Chearbhaill Uí Dhálaigh
agus Fhearbhlaidhe inghine ríogh Alban go nuige sin.



CRÍOCH.


L. 25



Tré bhioth síor = go bráth.



Dár snaoidheadhdéad = dárshnaoidh an t-ór-cheárd déad =
ar ar chuir an t-ór-cheárd faobhar,



52. d'éirigh dhó = do thárla dhó.



ina ucht = inafhochair = ina chuideachta = i n-éinfheacht leis.


L. 26


Lá dhóibh ann = lá dá rabhadar ann = bhíodar ann lá.



Fan mbois sin- = Ní hiongnadh iarghnó do bheith ar chách
fán mbois sin do bheith mar atá sí.



Ba mhór nfhabhra- = is iomdha fabhra fighte fliuch a bheadh
tuirseach ar fud na Banban thríthe .i. is iomdha duine
ar fud na hÉireann a chaoinfeadh mar gheall uirthi.



Ní raibh againne = Ní raibh againne dhá dhéanamh = n
dhéarnamar-ne. Do bhreith féin duit uainne air.



Baillghile, inghean Mhogha lámha,


L. 27


Corcumruadh Corcamroe.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services