Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Inghean Mhanannáin : laoi-sgéal

Title
Inghean Mhanannáin : laoi-sgéal
Author(s)
Ó Riain, Liam Pádraig (William P.),
Pen Name
Cara na nUghdar / Kevin O'Kennedy
Composition Date
1922
Publisher
Gaedheal-Chomhlucht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


INGHEAN MHANANNÁIN.



Tá árd-chúmhachta agus iongantais gan teorainn ion-
ainn féin is i n-ár dtímpal - tá Rígheacht Neimhe
'n-ár measg do réir an tSoísgéil. Tugtaoi
"Manannán" ar cheann de na h-árd-chúmhachta
san fad ó, "Aonghus Óg" ar cheann eile dhíobh,
"An Dághdha" ar cheann eile fós; agus mar sin dóibh.
Tá na cúmhachta ann anois chó maith agus do bhíodar riamh,
cibé ainmeacha a ghlaodhtar ortha. Is féidir linn "Domhan
na nUisgí," agus "Magh Mell," agus "Tír na nÓg," agus
stáda níos iongantaí 'ná iad féin, do shroichint, ach "bóithre"
móra na meanman do chur dínn. Na sgéalta is doimhne
dá bhfuil againn fá "dhraoíacht na bóchna" agus fá
"eachtraí i n-oileáinibh an iarthair" tá baint fá leith aca
le stáda aigeanta, le corrú agus cúrsaí meanman, le
himeachta árd-anmann.



CUID A hAON - IONTSOILLSIÚ.



I.
D'fhág Colm Ó Dómhnaill tráthnóna grianda
Coláisde Gaelach bhí aerach siansach.
Fá bhun an tsléibhe 'na chaogaí aonair
Do shiubhal an t-ógbhárd go tóirseach léanmhar.
Do thuit an oíche, níor mhian leis suaineas,
Ach chuir an ród de fá bhrón, fá uaigneas.
D'eirigh an ghealach, do phreab a chroí ann,
Chó luath 's dhearc sé an fhairrge shíothach.


L. 4


"A bhóchna an tséin!" ar sé go sóghach,
"Ba thusa do ghlaoidh orm go bríomhar beodhach
Gur eirigh mé cráite fá bhráid na ndaoine,
A's ghabhas triall fá dhraoíacht an iarthair...
Sna Gaedheala féin, a bhféile 's a dtréithe,
Gleo na gcéilíthe 's méinn na héigse,
Meidhir a's lághacht na sár-choláisdí:
Níor bhraitheas ach leimheas i ndeire na dála...
Do sheachnas an grá gí go dtáinig caoin-bhean
Do chorruigh mo chroí i nÁth Cliath an Díomais.
Och! bhís ró-shaolta, a Mhéabh Ní Mhaoláin!
A's go deo is annsa liom Anam an Ghaolachais:
Anam a's áille do bhláithigh i gcéin ann -
Is leamh liom an Gná lá ar lá i nÉirinn."



Do stad sé go prab: amach os a chómhair
Bhí ainnir áluinn, i lár an bhóthair.
Le bród a's beodhacht ba ghleoite a gnaoi,
Ó thír na sídhe, do shaoil sé, an ríoghan.
"Is áil, is annsa leat Anam na Fódla,"
Ar sise go haoibhneach i mbriathra binn-cheolmhar.
"Tar liom thar bóchna, a óglaoich dhílis,
Is rómhat-sa bhéidh fáilte lán-ghrádhach san iarthar."



Do dhearc sé uirthe go soilbhir faobhrach,
Ar a dlaoithe néamhrach, a sgéimh-chrut aolda.
Do las a ghné do léim a chroí 'stigh
Le seirc a's déine do'n spéir-óigh niamh-ghlain.
Dar leis ba léir 'na haol-chorp sneachta-
I bhfuirm shíorruí - oll-draoíacht na fairrge.



"Le linn mo ré," ar sé go háthasach,
"Do ló a's d'oíche bhí mo thriall fá áille.
Do theip orm í fháil ar bhántaibh Éireann,
'S dá bhrí sin riamh do bhínn im' chaogaí.
Fá dheo mar táim i do láthair, a shídhe-bhean,
Tá an domhan léir-áluinn a's lán de dhraoíacht.
Ní ag dul amú, ní fá dhlúimh a's phian, mé.
Is rí an ghrá' mé fá bhráid mo ríoghna."



Ar sise: "fairíor! ní mar shaoileas taoi-se-
Do mholais oll-anam na Banban le díoghrais,


L. 5


Agus smaoineas féin gur laoch an áigh thú
Le n-a bhfuilmíd ag súil 'nár rún-bhall ársa.
Ach anois ar ghrá taoi ag trácht go saolta-
Le Grian, Inghean Mhanannáin alga mhaordha!
'S ag mola mo chló' ar nós léir-chiallaí!
I bhfad uaim bréag-ghrá, dearg-ábhar maoithe!
Tá na mílte sár-sprid i lár na bóchna
Thug grá i gcéin do laochra cróga -
Agus iad fá cholnaibh oscardha i nÉirinn-
As' do bhain a mbrón dá dtreoir iad 'na dhéidh sin.
Óir d'eirigheadh na laochra saolta cathach,
I ngean, i ngrá, i n-áille, 's i maitheas
Ba bheag a suim le himeacht blianta:
Monuar a gcéilí! béithe na gcaointe.
Anois ní méinn le héinne dhíobh-san
Filleadh go deo ar Fhódla ó'n iarthar.
Diúltuíghid aith-bhreith, ag grinn-fheitheamh an tsuainis,
Gí go mbíonn m'athair dá dtafann chun dualgais.
Agus sinne' siabhraí riamh nár rugadh,
Ní lugha is baol linn saol sa gcolainn
Fanaimíd i réim i n-aibhéis na glóire,
Dar linn ró-chruaidh saol buartha Fódla.
'S i n-aice linn fanann anama laochra:
Ní háil leo teacht mar ní chasann na béithe.
Deirid nár mhéinn leo léan na hÉireann
Gan i ndán dóibh árd-chéilí réir na sean-réime.
(Tá cuid eile fá shuan go buan, go síothach.
Ní airighid áthas ná bláthacht ár rí-bhaill)."



"Is iongna do sgéal liom, a bhé gheal aoibhinn-
Annso sa bhFódla go fóill nach mbíonn
Sár-mhná 's deagh-fhir a d-oirfeadh go bríomhar
Mar chéilí dod' bhannaí dá dtagaid ó'n iarthar?"



"Ní bhíonn! - faoi láthair ní áitigheann Éire
Ach samhalta Gaedheal, gan chéill gan éifeacht.
Ní daoine go fíor iad, fairíor, a lán díobh:
A's aca, do shíor, tá an tír 'na fásach."



Annsin ghabh colg mór Colm Ó Dómhnaill -
"Is náireach an sgéal díbh, i gcéin sa mbóchna.
Dá mhéid bhúr saoíacht, bhúr mbrí, bhúr n-áille


L. 6


I lár na fairrge, cé'n tairbhe d'Fhál iad?
Cáineadh ní cuidiú do-bheirthí dhúinne,
Agus sinne clí-bhreoite, méinn-fheochta, múchna!
Is ait mar ghaolta d'Éirinn na ndeor sibh;
Is fearr i gcéin sibh óir ní méinn libh treorú."



Lán-tsámh d'fhan Grian fá dhianas an óglaí;
Thug gileacht a gnaoi sár-aoibhneas dó-san.
"Tuigfir go fíordha gníomha mo ghaoil ghlé
Sa mBóchna Rúnda," adúbhairt go saoileach.
"Bu gheal linn cuidiú go fuinniúl le hÉirinn
Ach monuar, gan bhúr n-anam ar lasadh ní féidir
Le n-ár ndéithe féin a leithéid do dhéanamh,
Gí gur doimhin a ngrá do Chlár Luirc chréachtach.
Idir bóchna na sídhe 'gus críocha na Banban
Ní féidir bheith ceangal ach ceangal na n-anmann.
Bu ghnaoi linn anama feadh Banban d'eirghe
Tuirseach a's tnáite de'n ghná-shaol; bheimís
I n-ann d'éis sin, le fuinneamh a's aoibhneas,
Tígheacht le cúngnamh, tríotha súd, do'n tírín.
A's do b'éidir 'na dhéidh sin ár saothar rúnda
Chur ar aghaidh go díochra - óir 'sí an dúr-fhadhb:
Má's croí-lag Éire, 'gus tréigthe deorach,
Cuirtear moíll ar dhéithe cibé a nglóire."



"Thar gach a gcualas de thuairisg éachtaí!
Is ait, dar ndóigh, moílleadóireacht Éireann
Bheith ag déanamh buartha do Chuachta Síorruí,
Bheith 'na cosc do dhéithe 's do réim a rígheachta!"
"Is diamhra an fhíre," ar Grian go sámh leis,
"Baineann iomdha dlí le Slí na Bláthachta.
Tá ceangal rúnda 'dir plúr a's réalt,
Idir daoiní a's Manannán 's Anam na saol.
Tá oll-tsaothar roimh cách, a's ó sháile go spéartha
Is riachtanach aonacht, árd-laochas, brí naofa.
Ach tar le mo thaoibh thar an chaoin-mhuir aoibhinn
Go Rí-Ghort na mBláth, Rún-Oileán na nDraoithe.
De bhrí gurab áil leat bláthacht an Ghaolachais
Tá Magh Mell i ndán duit a's bárr na héigse."


L. 7


II.



Do-chonnaic an t-óigfhear, nóimid 'na dhiaidh sin,
Amach os a gcómhair aingiseoir críon liath.
"A Chuilm a chroí," ar sí go dobrónach,
"Ná himigh thar lear: níl sin ceart ná cóir duit.
Is mise do mháthair, sprid chráite na hÉireann,
Máthair na bplúr do ghlúin-ghein ó Éibhear,
Ag caoine mo chloinne, lucht broide 'gus géibhinn,
'S ag súil le faoiseamh ó Dhia na spéartha.
Gí gur trua mo chás, fá strácáil mo laethe,
Gí gur caillte mo chló-sgéimh, fá'n bhfód mo laochra,
Gí gur cruaidh mo phian a's dian mo phionos,
Mo sgéalta gan bhrí, mo laoithe gan bhinneas-
Tá dream díl cóir agam fós sa dúthaí;
Is fial a dtréithe, is saor a ndúchas;
Is measa leo mé 'ná béithe na cúmhachta,
Chó seasmhach atáid le sár-lucht Mhic Cúmhaill.
Is goirt leo mo chás, is grádhach mé féin leo,
Cnuasaid mo laoithe 's ínnsid mo sgéalta;
'Sé Soísgéal a láin mo shean-ráite 's urnaíthe,
'S tá Homéros groí 'gam sa gCraoibhín Aoibhinn.
'Seadh, thríd mo phortaí, thar cnoca 's sléibhte,
Le dúil a's díoghrais tigeann saoi a's sgéaluí:
Na daoine dílse thug riamh le háthas
A gcúl do'n saol mór as méid a ngrá' dhom.
An tráth is clos dom a mola maoite,
Tré oráid a's laoithe,'sé bhíos im' chuímhne:
Is fearr dom donas, bochtacht, claoiteacht,
Óir méaduíann riamh an díl-ghean tríotha.
Ó fan sa mbaile, ar thalamh na ndaoine;
Is fearr duit an gná-shaol cráifeach síothúil;
Seachain an t-eolus thar teorainn na tuaithe,
Fá fhóghluim i gcéin ná tréig mo shluaite."



D'éist Grian fá iongna le duan na mná boicht',
Sa deire 'sé duairt go huaibhreach, "a mháthair,
Tá t'anam i ngéibheann, do sgéal lán dúire;
Ní féidir fíor-dhaoine bheith dílis ná úmhal duit."
"Ataoi-se ró-dhian ar mhnaoi dheilbh chlaoite,"
Ar Colm go ciúin, "tá sí brúighte le cianta.
Tá an mhór-Éire buailte, monuar, agus sí seo -"


L. 8


"Is taidhbhse faoi chrá í, ar fán feadh na hoíche."
D'imigh an tsean-bhean go feargach déarach-
In a háit ar an mbóthar bhí slóite na héigse:
Múinteoirí na nGaedheal iad féin, as gach cúige,
Mar a mbídís ag sgaipe bun-teagaisg le dúthracht.
"A Chuilm Uí Dhómhnaill," ar a dtreoruí le hiongna,
"A dtréigfeá lucht eolais, árd-chómhairlí na n-úr-ghás?
Nach mian linn teagasg do sgaipe feadh Fáil
Chuirfeas uaisleacht a's brí a díl-chroí i mbláth?"
Dubhairt Colm: "Fairíor! táim liath ag bhúr mbriathra.
Gach oíche, gach lá, ag siabhránacht a bhíonn sibh.
Do-bheirthí do'n ógraí leamh-eolas gan staonadh-
Is suarach an ghaois í do shíolrach na Féinne!
Táim tuirseach d'fhuair-sgéalta, sean-tréanta, gná-
theagasg,
Anam Gaedheal i síor-dhlúimh, a's lucht múinte crith-
eaglach-"
Gháir Grian, a's 'na dhéidh sin rann aerach do chan sí,
A's d'imigh na buidhne, go diachrach gairgeach.



D'eirigh ceol ó gach taoibh: ag tígheacht chun spáird leis
Chonnaic Colm 'na dhiaidh sin buidheanta sáir-fhear.
"A Chuilm Uí Dhómhnaill," ar a dtreoruí go láidir,
"Is tréigtheoir gan treoir thú, bu chóir ort léir-náire.
Sinne Fianna Fáil, dian-ghárda na Fódla,
Ár mbratach i n-áirde, 's ár gcáirde go bródúil
Ag súil leis an daoirseacht ag slíocadh chun báis léi,
Ag súil leis an tsaoirseacht, ag tígheacht i mbáireach.
A's níl fúth-sa ach éalú le glé-bhruinnill siabhardha!
Dar réaltann a's ré ní oilbhéim go dtí seo."
"De shaothrú meanman do leanúin i gcómhnuí
Bu chóir daoibh, a cháirde: tá gá leis ag Fódla.
Is calma deagh-chroidheach sibh, is gnaoi liom bhúr laochas,
Ach saighdiúireacht intleachtach'tá ag teasdáil ó Éirinn."
Do mhol sin an ríoghan; sgar na Fianna go luaimhneach;
Ar sliabh a's chúl-ghleann thuit ciúineas a's uaigneas.
Dhearc Colm ar Ghrian, tháinig aoibhneas thar maoil air,
Ghabh loinnir a ghnaoi, bhí a chroí lán de dhraoíacht.
D'éaluigh tromlach an domhain ó n-a mheabhair go díreach:
Ghabh sé síos chun na Bóchna, Oll-Bhóchna an iarthair.


L. 9


III.



An turas sámh, an bhláth-mhuir ábhal,
Le Colm ba hiad ba rian chun sár-iúil.
Do gheal a chroí mar le taoibh na bláth-bhé'
Lán-luath ránag sé oileán na háille.
Do mhéaduigh sgiamh a's draoíacht a threoruí
Mar mhéaduigh suan a's uaigneas bhóchna.
Prímh-sprid a b'eadh í, mheas sé díreach,
Bhí ann ó thús, sa rún-réim shíorruí.
Bhí athró ar réilt, ar ré, ar taoide,
Bhí athrú air féin thar chéill na saoithe.
Fágadh an gná gan spás gach nidh,
A's d'eirigh soiléir dó a méinn 's a mbrí.
Do thuig sé iongantas, oll-rúin, iol-aoibhneas
An domhain diamhra, fhíordha, síorruí.
Do shaoil sé gur réalta rí-léir' a smaointe,
Ag taithneamh go niamhrach 's ag síoladh saoíachta.
Is air bhí bród thar meodhan mar d'airigh sé
An t-eolas i dtaisgí i bhfeartas a mheanman -
A mheanma féin do bhí léanmhar brónach-
Ag eirghe i dtráth mar lánta móra.



Siúd é an rí-bhall! Ar slí rúindiamhraí
Thuig Colm go beacht ar dteacht i dtír dóibh
Go mbéadh Magh Mell i n-a sheilbh féin aige
Do réir mar bhéadh sé saor a's laochta.
Níor ghá tar eis sin ceist ná sgrúdú,
Bhí togha na físe 'na íntinn lúnnraí-
Thar léigheann na n-aoiseann, thar saoíacht ba chlúmhla-
Níor ghá dhó ach smuaine 's ba ghluar gach rún dó.



Tré smaoineadh do-níthí na gníomhra go léir ann,
Chó luath leis an smaoine: an gníomh, an saothar.
Le gach smaoine d'eirigh ceol meidhreach aoibhneach,
'S chó binn, chó seolta le ceol ó shidh-lios.
Níor airigh Colm an cholann choitiannta,
Chó bríomhar, éadtrom, éasgaidh a's bhí sé.
Mhéaduigh diaidh ar ndiaidh ar a fhís 's a thuigse
'S bhí fáilte ag saoithe 's oll-draoithe roimhe.


L. 10


Do bhíodar súd, mar thúismítheoirí,
'Gá n-oileadh oídheam a's smaointe glórmhar
I gcóir árd-aoiseann, cian ó'n daonnacht-
"D'éis mílte saol 'seadh béifear réidh dhóibh"
Bhí sógh a's bród thar meodhan sa rún-bhall;
Lean Colm an tséin an t-éacht de shúgradh;
Ach níor chian gur feas dó, 'measg na síthe,
Cúis bhróin a's náire, a's ábhar maoithe.



Bhí Cúchulainn, Craobh Rua, 'gus slua na Féinne,
A's na céadta taoiseach nach iad, 'na séimh-shuan.
Níor bhéidir a ngluaiseacht ach corr-uair le dianas,
A's do bheidís láithreach 'na sámh-shuan sínte.
Do b'é a rún, ar leath-dhúiseacht dóibh, seal,
Nach rabhdar ach díreach d'éis tígheacht ó'n bhFódla.
"Ó leigidh dúinn codla, ró-mhoch ár músgailt,
Táimíd tnáite traochta d'éis an tsaoghail 's a chrúdhais."
Gí gur mhór a laochas ró-shaolta bhíodar
Agus iad i nÉirinn sna laethe cianda.
Dá bhrí sin anois ar leith-lis léanmhar,
Gan chúmhacht, gan bhrí, do luigh na tréin-fhir.
Níor bhéidir le neach díobh a spraic d'ath-adhnadh,
Gí gur cóir do chách lán d'áthas d'eirghe
A's úr-shaothar dhéanamh sa réim spriodálta,
(Níl i Magha Mell féin ach an Chéad-Neamh ábhal).



Agus anama nach iad do bhí 'na ndúiseacht
Níor mhaith leo eirghe a's oibriú le dúthracht.
Ariamh níor toil leo dul níos sia:
Go stád níos glórmhar sa mBóchna bhFíordha.
Lán-tsásta bhíodar le brí a's sóghas
Do bhí i ndán d'eis báis ar dtós dóibh.
Ba leisgiúil aoibhneach ba hiad sa Chéad-Neamh:
Do b'annamh dóibh smaoine ar rígheacht ba mhaordha.
Thuig Colm gan mhoíll na mílte árd-stáda
Thar Magh na hÁille atá le fáil ann.
'S nárbh iongna laochra bheith faon, neamh-aireach
I dtaoibh a nglóire 's a mbeodhacht 's a maithe!


L. 11


Do réir mar shaothruigh sé féin an árd-mhéinn
Ó'n gCéad-Neamh go stáda nua-áille tháinig sé;
A's b'é bárr an áidh gur láimh le Manannán
I ndeire na dála do ránag a anam.
Do las an chruinne le loinnreadh diamhra
Fá bhráid an dé, gí gur géar a bhriathra.



IV.



Chuir dia na bóchna i n-eol do'n anam
Faillí na spiorad - ar mhuir 's ar thalamh-
Nár chuir chun críche gníomhra tábhachta
Do cheap na déithe mar shaothar áigh dhóibh.
"Bu dhual do dhaoine bheith gníomhach meanmnach
A's iad i nÉirinn, cibé a gceasna,
Ó bhliain go bliain a gcroíthe níos laochta
Gí dhá mbéadh a gcolna dá dturnamh fá éigean.
Dá dhruim sin ar tígheacht do'n iarthar d'éis bháis dóibh
Bhéadh a n-anama go bríomhar, líonta d'áthas,
Bheidís réid roimh saothar a's raon ab fhíordha
A's fonn ortha triall ar il-tslíthe síorruí.
Ar ghnó na ndéithe, ó réilt go fódán,
Ní bhéadh aon dian-chosc nó moílleadóireacht;
Bhéadh an rí-bhrí cheart i mbeatha na hÉireann,
A's bríoghach éachtach bhéadh an réim 'na dhéidh sin.



"Is mór iad na Gaedhil i dtréithe 's i dtréanas,
Go seasmhach dian, ach casaoideach saolta.
An locht is measa dhóibh: ceal fír-léarguis:
Rún-bheatha na smaointe ní gnaoi leo saothrú.
Dá bhrí sin d'éis éaga is saolta de ghná iad,
Gan i n-ann bheith go tréan sa réim spriodálta.
Do'n Chéad-Neamh féin ní théidheann a lan díobh
Ach fanaid faoi léan i gcéin ar dhroch-stáda,
A's i n-am 's i dtráth, go cráite buartha,
Fillean ar ais na taiseacha duairce
Fá aith-bhreith i nÉirinn 's an sgéal goirt céadna:
Neamh-aireacas, léan, a's tréimhse gan éifeacht,
I gceilt ó shaol go saol a dtréithe
Gur cosúil le ceo fá dheo a nGaolachas.


L. 12


A's ní bhéid ar bhealach a leasa choíche
Nó go mbéidh a rún-toil mar dhún-phort diaga,
Gan sgáth ar a gcroí roimh pian ná cuacht
Ar a mbíonn crot tréan sa tsaol neamh-bhuan.
Níl ach cruth sa tsaol úd cibé a mhórdhacht,
Mar is doimhin do thuigis ar sroich na Bóchna dhuit.
Ní buan, ní fíor, ins na tíortha 's réalta
Ach anam a's spiorad - a thigeann o'n Éin-Bhrí.
A's tá ortha triall ar na Slíthe Síorruí,
'S is neamhach na buadha gur dual dóibh críochnú.
Is féidir le cách gach lá go bás dó
Bheith 'na dhealbhóir groí sa rígheacht spriodálta
Cibé a raon insa tsaol mío-ádhmhar -*
'Sin í bun-fhíre fá riaracht na bhfánuí..."



Do b'í an chómhairle cheap an t-óglach séanmhar:
Filleadh ar Fhódla, i gcóir rí-shaothair.
A's chó luath 's smaoin d'éaluigh saoithe 's draoithe
'S Magh Mell na slógh ar nós sídhe gaoithe.
A's do bhuail sé arís fá thígh na nGaedheal
'Na raibh a cháirde lán d'áthas ag pléireacht.
Shaoil siad-san a thriall bheith fá thaoibh an tsléibhe,
Gan éacht ar a aise thar ceapa dréachta.
Ní raibh duine do'n bhuidhin a shaoil go dtí sin
Go dtiocfadh chun dáimh sa ngná-ló draoíacht.



V.



Do Cholm an tséin ba ghlé 'na dhéidh sin
Do ló a's d'oíche draoíacht na hÉireann.
Fíor-bhrí na neithe, spiorada na ndaoine
Ba hiad ba léir dó pé raon ar thriall sé.
Do chum sé dánta lán sáimhe 's aoibhnis,
Do sgaip rún-eolas chuir bród ar shaoithe.



* 'Sé sin, is féidir le duine bheith ag obair san domhan
spriodálta nuair a bhíos sé 'na chómhnuí sa ngná-shaol féin.
Is féidir le n-a mheanmain agus a anam bheith ag déanamh
oibre móire do shíor.


L. 13


B'é thuig go beacht il-cheacht lucht eolais
A's do mheas go fíordha brí na nÓglach.
Ach gí gurbh áil leis trácht go bríomhar
Ar a raibh de bhreaghacht bheathadh 'sa dtírín,
Do chuir sé i n-eol do'n slógh i gcómhnuí
Gur bheag a bhí sí, i mbrí 's i mbeodhacht,
I gcó-mheas le háille i ndán dóibh uile
Ach a neart leir-dhoimhin chur i bhfeidhm le fuinneamh.
Do bhíodar naofa rún-tsaolta síorruí,
Agus Neamh 'na measg le teacht chun críche.
"Tá ceangal rúnda 'dir plúr a's réalt,
Idir daoiní a's Manannán 's Anam na saol.
Tá oll-tsaothar roimh cách, a's ó sháile go spéartha
Is riachtanach aonacht, dian-laochas, brí naofa."


L. 14


CUID A DÓ. - TÍR NA nÓG SA mBAILE.



I.



Cois Life geamh-oíche, i dtígh geal Gaelach,
Bhí Colm ag trácht le dáimh a's éigse.
"Is deas," ar Pádraig Mac Sáimhe, "sinne
Do bheith mar táimíd, ró-áthas ionainn.
Cuirtear i gcuímhne dhom brí na nDéiseach.
Sliabh geal gCua, i dtuaith na féile.
Ach deirim go dána gurb ábhar caoi dhom
Ár gceol, ár gcaint, ár meidhir, ar slíthe.
Níl againn dá mbárr fíor-shásamh anma,
Feallsúnacht ná saoíacht chun gríosta Banban."
Ghabh gáir An Craoibhín Aoibhinn láithreach,
D'fhéach Taidhgin Éigeas go haerach gáirdeach,
Bhí deallramh iongantais ar ghnúis an Laoidigh,
Agus dubhairt Conán "ní milleán go dtí seo."
"Bídhidh réidh, a cháirde," ar Pádraig Mac Sáimhe,
"Agus cuirfead i gcéill mo sgéal gan spás daoibh.
Ag cur tar maoil bhíos mo chroí le ró-ghrá
Do shaoithe na Gréige 's d'éigse na Fódla.
Tá Platón 's Homéros mar ghaolta groí dhom,
Sean-chathair na hAithne ag taithneamh do shíor liom.
Agus Éire na bhFiann is gnaoi liom fós í,
Chó mór leis na Gréagaí a laochra cróga.
Ach Gaedhil na ré seo - mo léan an tuairisg!
Is cosúil a saoíacht lé fiaige tuaithe.
Platón a's Oisín dá mbeidís i nÉirinn,
Dar ndóigh bu shuarach a dtuairim fá Ghaedheala.
Ach is eol dom ár ndaoine bheith bríoghach cráifeach,
Spiorad an fhileadh sa ngiolla, san sglábhuí.
Dá bhrí sin is iongna nach cúmhachtach a saothar
A's aithris ar Theamhraigh Cois Fhairrge 's na Déisí.
Agus maidir linn féin: báird, tréin-fhir, taoisí,
Bímíd go meidhreach, cainteach, gliadrach.
Ach d'éis an áirneáin, de bhárr ár mbriathar,
Ní thigeann úir-smaoine ná brí cliaruíochta.
Ar neimh-nídh téidheann, gan éifeacht, ár gcómhrádh,
Mar deatach tobac amach sna dóirse."


L. 15


D'eirigh díospóireacht go beodhach 'na dhiaidh sin'
B'í barúil na ndámh nach tráthach filíocht,
Nach féidir saoíacht, gaiscíocht, áille
Bheith i bhfeidhm go fóill i bhFódla mhío-ádhsaí
Agus i spiorad na tíre claoite breoite,
A's na Gaedhil simplí, neamh-fhuiseach, mí-threorach.
"Ach sinne! buac na suadh!" ar Pádraig,
"Dar linn, árd-éigse, laochraí áigh sinn'
I n-ann go léir bheith saothrach saoithiúil.
Le maithe sa Féinne 's le Gréagaí sean-aoiseann.
Bu chóir dúinn oibriú le faghairt An Chraoibhín
Agus é ar tóir il-tseod na ndaoine.
Bu cheart dúinn uile bheith chó fuinniúil éachtach
Go foircheann an bheatha le fear ceaptha Sgoil Éanna."
"A Mhic Uí Shaimhe," do ráidh An Craobhín,
"Is tusa 'tá scúidhte chuig chúmhacht a's saolacht.
Nach cóir a bheith sásta le lághacht a's cráifeacht,
Nádúracht a's féile na nGaedheal go bráthach?
Tá fáth a's ciall le gach nídh sa gcrinne,
Le píopa tobac chó maith le Sirius.
Ar slí tá sluasadh chó hiongantach le cláirsí,
Agus níl sa bhfáidh ach dreatháir an sglábhuí.
Is geal liom Platón a's Kant a's Hégel,
Ach is iomdha feallsamh imeasg tinncéirí,
Tuilleann rudaí úmhla plúr na dílse,
A's is féidir bheith mórdha fá bhóithiríní."
Dubhairt Colm: "is féidir gan bréig, a Chraoibhín,
Ach níl sa méid sin ach taobh de'n fhíre.
Ní sna bóithiríní a bhíos an mhórdhacht,
A's níl sí le fáil san áit is glórmhaire,
Ach 'nár spiorada féin, 'nár méinn, 'nár léargus
(Agus ionta súd tá iol-chúmhacht níos maordha).
Is ait an trácht bhíos de ghná ag Gaedheala
Ar rudaí luardha na tuaithe saolta,
'Gá mola go hárd a's ag rá nár mhian leo
Aon athrú theacht ar a ndreach 's a mbrí bhig,
Bu cheart dóibh eirghe a's oibriú go tréanach
De na neithibh úmhla neithe cumhachta dhéanamh
Níl ionta mar táid ach ábhar saothair
I n-ionad bheith síorruí mar shaoileann Gaedhil."


L. 16


"Dar fiadh!" ar Taidhgín go meidhreach lághach,
"Taoi níos uafásaí 'ná Pádraig Mac Sáimhe.
Bu ghnaoi leat an Ghaeltacht féin d'aithdhéanamh!"
"Gan aithdhéanamh do shíor ní fíor an Ghaeltacht;
Níl inte ach cabhail gan meabhair gan tábhacht,
Gan fás gan sonas," ar Colm go láidir.
Ar An Craoibhín: "Mo léan! gan Gaedhil bheith sásta
Le simplíocht a's úmhlacht a ndúchais ársa."
"A cháirde, má's toil linn," ar Colm go saoileach,
"Níl teora le Gaeltacht ná méid ár maoine
Is doimhin ár n-oighreacht ach oibhriú go saothrach
A's gan a bheith sásta le práta 'gus caoróg."



II.



D'fhág Colm Áth Cliath 's chuir faoi fá'n dtuaith
'Na bhaile dúchais, iargúlta 's uaigneach.
Annsúd, i Lioschorraigh ba lom ba liathach,
Fá chúram a athar bhí talam tur riascach;
'S a samhla d'fheilmeacha i seilbh na gcómharsan-
A's ba hiad ba bhocht, dream dochrach gan dóchas,
Dar leo b'é Lioscorraigh, as ucht a chruaidhis,
Príomh-ghleann na ndeor i bhFódla na luain-chreich.
Do b'iongna leo Colm lán tola do thígheacht
Ó chathair na luaraidh go luachair a's síthbhín
A's ag luíghe chun saothair i léana 's riasca,
I n-ionad bheith ag sgrí' i "n-Áth Cliath an aoibhnis."
Ach d'eirigh an t-iongna go luaith, go líonmhar:
Ar cách, "ní éacht le cré go dtí seo!"
I ndeire na dála de bhárr an tsaothair
Bhí an fheilm faoi slacht a's maiseacht as éadan.
Do rinne sé ar de'n phaiste ba shuaraí;
Bhí arbhar a's bláthacht i n-áit na luachra.*
Do thug sé niúnadh a's cúngnamh go deontach
Dá cháirde go léir as a mhéid úir-eolais.



* Is eol do lucht ealadhan anois go bhfuil oll-bhrí ins na
riascaí féin. Cuímhnigh ar sgéal an leasuítheora ar a dtug-
tar "humogen." Déantar as móin agus bactéria é.


L. 17


Agus diaidh ar ndiaidh ar a riascaí uile
Dar ndóigh bhí teacht áird-leasa le silleadh.
Tógadh glé-thíghthe, líon brí a's beodhacht,
Ceapadh có-oibriú, d'eirigh léir-chómhacht.
Ar cheol, ar ealadha do lean na hóga,
Cheap na sean gur áitigh san ráth sídheóga.
A's ag Feis na dúthaí lá lúnnrach samhraidh
Ba mheidhreach An Craoibhín, go haoibhneach labhair sé.
Do mhol sé an ceanntar mar bheanna-bhrogh Gaolachais,
Mar réamh-thús na Fódla glórmhaire saordha
Do bhéadh lán-fórsach os cómhair an tsaoghail
Agus geal le saothruí, céard a's éigeas.
Imeacht a luachra fá bhuac na bláthachta
B'in samhail nódh-Éireann ar raon an fháis ghlé.
"Dar Fionn! Is ag Colm bhí lom na fírinne-
Is dual dár sluaite gluaiseacht choíche.
Is cuibhidh iol-tsaothar 's úir-dhéanamh gach tréimhse.
Mo ghreidhin an úr-aois! As an riasc le Gaedheala!"



III.



Do cuireadh ar bun i Lioscorraigh 'na dhéidh sin
Idir cnoc a's fáschoill Coláisde Gaelach.
Lán-luath do b'árd a cháil sna dúithchí,
Ach do Cholm dá bhárr do tháinig dlúimh chroí.
Imeasg na n-oidí, go soilbhir gleoite,
Bhí cailín do riar a chroí go mór, tráth.
B'shin Méabh Ní Mhaoláin, sgéimheach sóghach,
Léir-dhoimhin ar shaoíacht na ndaoine gcóir.
Do b'aoibhinn léi teacht i n-a measg ist-oíche,
Ag bailiú rócáin, sean-ráite, 's urnaíthe.
Do b'iongna leo uile a fuinneamh 's a pléideacht,
Ag dul go réidh le léigheann a's tréartha.
Ba ghná léi bheith aerach, deisbhéalach, aoibheall
A's í i dtigh Chuilm nó i gcuideacht leis aoin-tráth.
Dá athair 's dá mháthair ba ghrádhach do bhíodh sí,
A's dar leo bhí Méabh mar ghréin dá gcroíthe.
Ba dhian a ndóigh le pósadh na díse,
A's níor taise le dóchas na gcómharsan gcroidhiúil.
Ach ba mhinic do Cholm bheith corruíthe cumhach,


L. 18


Gí gur lean sé sa ló dá ghnó le dúthracht.
Théidheadh sé d'oíche ó fhíodh go maol-chnoc,
I bhfad ó dhaoine 's ó aoibhneas daonna.
D'eirigh Méabh mion-ghruamdha 's do bhuail sí breoite,
A's tháinig imshníomh ar chroí na gcómharsan.



IV.



Chuaidh Méabh i laige gur airigh croí Chuilm bhoicht
Solusa shaoghail ag éalú fá'n mbruinnill ghil.
Feascar amháin faoi áilleacht an luain ghlé
Ag smaoine dó féin i gcéin do-chuaidh sé.
A's ar ais ag teacht um an mheadhon-oíche
Ar thaoibh an chnuic go tuirseach do shuidh sé.
"Is ait an saol é," ar sé go smaointeach,
"Do bhí ag eirghe lem' chuid oibre go bríomhar.
Do bhí soiléir dom séan na hÉireann,
A's glóir na cruinne 's an chine dhaonna.
Ba dhoimhin do thuigeas gur spiorada sinne,
Óg a's aosta, laoch a's bruinneall,
Do tháinig annso, le colna clúdta,
Cuid dár saothar síorruí do chríochnú le dúthracht.
(Tá iomad saol a's il-réalta rómhainn:
Anama go léir tá ár raon gan teorainn) ...
Och, is maith is feas dom gur sealadach saol-ghrá,
Gan baint leis an anam ach galar a's baol de.
Ach is deas, is beodhach, é do dheoraí sa domhan so,
A's is corruíthe cráite atáim mar gheall air.
Mo ghéar-chrá Méabh i bpéin mar luigheann sí,
I mbéal a háille, 's i mbláth a bríoghaireacht'."



"Is doiligh liom tusa fá'n gcnoc so go cráite
I n-ionad bheith grádhach a's áthasach láimh léi."
Do phreab sé fá iongna: go ciúin os a chómhair
Bhí Grian 'na seasamh, go geal a's go gleoite.
"Is gnaoi liom mar leanann tú teagasg an iarthair
Le dílseacht a's dúthracht," adubhairt sí go haoibhneach.
"'S bíonn m'athair 'ga mhola Lioscorraigh 's bhúr
saothair,


L. 19


'Gá maoidheamh mar bheangán úir-bheathadh na hÉireann.
Ceapann iomarca Gaedheal gur cinéal aosta feochda
iad,
Measann sibh-se go tuigseach gurb innealta 's óg sibh.
Is agaibh an fhíre - thar ríomha na cúrsaí
Atá rómhaibh fá'n ngréin a's i réaltanna rúnda.
A's i dtóláimh is dual daoibh suairceas, sámhacht.
Faoi rádh a's go bhfuil sibh i gcruinne léir-áluinn.
Ach tá ort-sa go fóill aon mhór-locht amháin
'Tá ag milleadh do bheathadh: baoth-eagal roimh grá glé.
Creid uaim - mar an ghréin do phlainéada: go díreach
An grá glan do'n aigne, ag taithneamh do shíor leis.
Gan grá i n-a chroí, úr, íodhan, a's léir-ghlan,
A's é dílis go bráth de, tá sé fánach ag éinneach
Sa tsaol bheith ag ceapa gur 'na bheatha dáríribh
A bhíonn sé aon uair dá chuacht a's shaoíacht é.
Fíor-thuigseach fá'n ghrá, fá n-a bhláthacht a's a naofacht
Níl na Gaedhil go fóill idir óglaí a's bhéithe.
(Ins na laethe fad ó, mar is eol duit uaim cheana,
Ní bhíthí ach sealad faoi cheangal an gheana).
Tá liacht sa dtír agus saoilid i gcómhnuí
Gur náireach, ainmhianach, baoiseach an mór-ghrá.
Agus measann dream eile, lucht feilme 's tráchtála,
Gurab ionann a's earraí le ceannach mná glé.
Ní rachaidh ar bhealach a leasa croí Éireann
Go gcuirtear ar neimh-nidh an mheirbheacht éidigh.
Saothrú tailimh, is beannuíthe bríoghach é,
Saothrú meanman, taithneann le draoithe.
Ach saothrú croí, 'sé críoch ar an ghlóir é -
Mar is mithid duit múnadh le dúthracht sa bhFódla."
"A réilteann an aoibhnis a thriallas go seolta,
I n-aimsir mo bhuartha, ó bhuan-bhrugh sa mbóchna,
Do ló agus d'oíche ó bhíos i Maigh-Áille
Is eol dom léir-aoibhneas i gcríocha Chláir Luirc.
Ach 'na dhiaidh sin, 'sé airighim: nach ndeachas go fóill
Ach tamall thar ciúmhas an iongnaí 's na cómhachta.
Is fada mo raon, dian an saothar do cheapas,
A's sheachnas an gean ar eagal nach leanfainn."
Rinne Grian mion-gháir - "atáir fá shaoltacht
Go fóill, 's ní foláir duit láithreach í thréigean.


L. 20


Is ceann do na Cúmhachta Rúnda an grá glé,
Deirbhshiúr Cheoil na Cruinne, Naomh-Intinne,'s Áille.
A's le daoine ná déithe ní féidir bheith fíor-bheo
Gan a bheith i gcó-ghluaiseacht le Cuachta Síorruí.
Tuigtear an dlí sin san iarthar i dtóláimh,
A's nuair eiríann tráth as a sámh-shuan mór-laoich
Má's mian leo teacht chun aith-bheatadh i nÉirinn
Iarraidh go léir bláith-bhéithe mar chéilí.
Anois 'na lán-dúiseacht, déis dlúimhe na néallta,
Tá Fionn groí Mac Cúmhaill, é scúidhte chuig laochas
I nÉirinn arís, ach iarrann an sár-spriod:
Mar ríoghain a's céile mé féin bheith láimh leis.
Adubhras le Fionn nár bhinn liom a ghuídhe-se
A's dá dtigeadh sé d'Éirinn ní bheadh 'na fhiannlaoch.
Bu héigin dó cromadh ar obair níos tábhachtaí:
Ag múnadh stair' Fódla nó ag treorú na sglábhuí.
Anois tá a mheabhair go hamhrasach, smaointeach,
É idir dá chómhairle i mbóchna an iarthair.
Ní hamhla san duit-se, a Chuilm an mhóir-áigh,
Ach leanúin go díreach de ghríosa na Fódla,
Agus fháil mar mhnaoi fá aoibhneas do shaoghail,
A's mar chláirsí a's réalt duit, Méabh Ní Mhaoláin."
Do las a ghnaoi gur thuig Grian go fíordha
An grá 's an tsíoth bheith 'gá líonadh a chroí-se.
"Beir buadh a's beannacht, a ghaisce dhílis,
Taoi anois faoi Aonghus" - 'na aonar bhí sé.



V.



D'eirigh síth-cheol éan i gcéin a's i n-aice leis,
A's 'sé do cheap sé d'éis seala 'ghá ghrinn-fheitheamh:
Gurbh istigh ann féin bhí na héin 's an siansa;
D'eirigh léargus aignidh 's meannmú thar ríomh dó.
D'airigh sé Aonghus ar raon na glóire,
D'airigh sé Aonghus i gcéin cois Bhóinne,
Mhothuigh sé Aonghus fá n-a dhéin ag tígheacht,
Agus dubhairt an dia: "bím do shíor ar thaoibh dhíot.
Agus bíonn na hÉin fá réim, fá aoibhneas,
Ag gábhail a gceoil do ló a's d'oíche.
Tá siad-san 's a mbinneas 'na gcuid de'n chruinne,


L. 21


De'n chruinne rúnda, cosúil le spiorad.
Ní chloiseann na sluaite aon uair an mór-cheol,
Óir ar bhánta Fáil atáid 'na ndeoruíthe.
Ní léir dóibh maordhacht na hÉireann fíordha,
Táid dall a's bodhar, gan meabhair, gan físe.
Ach is geal liom tusa chuig dorus mo rígheachta,
Agus bruinneall aolda mar aon leat 'tígheacht.
Níl oraibh ach leanúin go geanúil glé-ghlan,
A's béidh fáilte rómhaibh ar bhóithre na ndéithe ..."
Do shaoil an t-óglach gur ghleoite ghrámhar
Do-chonnaic sé Méabh le n-a thaobh an tráth san.
A's do fuair sé amach ar teacht na maidne
Go mba chian ar bhealach a leasa do'n ainnir.
Agus dubhairt sí leis féin go séanmhar 'na dhiaidh sin
Go gcuala sí ceol lán bróid an oíche úd;
Gur labhair rí-ghaisce i n-aisling áidh léi,
Ag ínnsint rúin thug úrach sláinte dhí.
Dubhairt Colm go ciúin go raibh rún 'ge féin dí-
A's cheana, 'na shúilibh, an rún soiléir dí!



VI.



An lá 'n-ar pósadh an óig-dhís aobhdha
Bhí cómharthaí feise le feicsint gach taobh díobh.
A's bhí feis dáríribh i gcroí an phobail,
A's na héin go siansach, dá ngrian-ghoradh.
Ba dhóigh le Colm gur mhothuigh sé caoin-bhrí
Ó cheol Éan Aonghuis mar phréimh an tsiansa.
A's d'éis luighe do'n ghréin a's é féin 's a bhláith-bhean
Ag siubhalm chun a dtighe, thar taoibh na ráithe,
Do-chualadar ceol go raibh bródh, thar ríomh ann;
Dar leo bhí feis fá leith ag Clíodhna ...
Um an mheadhon oíche, a's iad ag caoin-trácht,
Tháinig spiorad chúcha 's adubhairt go haoibhneach:
"Is mithid daoibh eirghe, 's rún-radharc d'fheicsint
Sa bhFódla shíorruí, príomh-rígheacht na seise."
Amach leo go réidh - ar raon an áthais,
Do dhearmadar glan go raibh "am" a's "áit" ann,
Go bhfacadar slóite cois Bhóinne go saothrach


L. 22


A's na saoir i rún-chathair na Teamhrach go héachtach.
Os a gcómhair bhí Cláirseach an Dághdha go séiseach,
Í chó leathan le Fál a's chó hárd leis na réalta.
A's ó mhéaraibh an Dághdha, ar an gCláirsí 'gá seinnm,
Las gaethe soluis ar fud na cruinne.
Do b'é an ceol bhí ag treorú na saor-slua,
A's ba léir gurbh i n-oídheam 's i smaoineadh a saothar.
Do tháinig Aonghus chuig Méibh 's a céile
A's chuir sé an rún a's an t-iongantas i gcéill dóibh:
"Atámuid ag críochnú as smaoineadh a's spiorad
Árd-bheathadh na Fódla, lán de bhród a's bhinneas,
Tá le bheith fá réim ins na laethe rómhaibh
Nuair a bhéas a clann i n-alt rí-ghnótha.
Tá an Teamhair fhíordha, dhiamhra, rúnda
I réim go bráthach, lán d'áille 's d'iongantas.
Agus inte bímíd le díoghrais ag déanamh
Nua-shaoghail na glóire i gcóir na nÉireannach
Ach ní mór dóibh féin bheith árd-saothrach smaointeach,
A's lán de dhóchas a's bheodhacht a's dhílseacht,
Nó ní thig leo teacht chun beathadh so na ndéithe,
Ní thig leo fháil sa ngná-réim léas dí.
(Má's neamh-mhothuíach, brónach do ló a's d' oíche iad
Ní bhéid i n-ann a n-anama díriú.
Agus béid ag ceapa, ar bhealach a mío-ghnaoi,
Gurab í a réim lom an saol dáríribh!
A's i ndeire na tréimhse nuair éagfaid go cráite
Ní bhéid ullamh i gcóir na Bóchna Spriodálta).
Árd-ghrá, árd-mhéinn, árd-saothar i nÉirinn
'Siad ábhair a's slíthe na saoirse do Ghaedheala.
Annsin béid i n-ann teacht i ngar dom' shaoir-lucht
A's a ngná-shaol cheangal le Beatha Shíorruí."
Chuímhnigh Colm go beacht ar theagasg Mhanannáin,
D'fhéach Méabh mar shoirbh-sprid i n-oireachtas anmann.
D'éis sin os a gcómhair i ngach treo ba léir dóibh
Sglábhuíthe dealbha 'measg na saor-slua,
"Ionta súd," arsan dia, "tá taoisí a's ríoghlaí
mhill treoir agus saol na hÉireann ó chianta,
Mar Lisbet a's Cromuell a's lucht na gcam-dlíthe,
Agus Éireannaí féin rinn' éigceart dá dtírín.


L. 23


Tá ortha, roimh faoiseamh ó dhian-ghnó a's úmhlacht,
An oiread a's bhris siad d'athfhuirmiú do'n úir-réim."
Do-chuadar ar aghaidh fá shoillse na Cláirsí;
An iomad neamh-stáid thaisbeán rí an ghrá 'dhóibh.
Ba léir dóibh mar ceangaltar Teamhair 's brugh Chlíodhna
Le parrthas na Bóinne 's Rún-Bhóchna an iarthair.
Níor chuímhin leo an ceangal ar dteacht dóibh abhaile
Ach d'fhan i n-a gcroíthe díoghrais ar lasadh.
Dubhairt Colm le Méibh, "is séanmhar ár rígheacht
Ó áille na Bóinne go mórdhacht an iarthair.
Faoi chrutha neamh-bhuaine tá il-iongna, tá 'n tsíorruí,
A's is breagh a bheith beo le n-ár gcómhacht chur chun críche.
Rún-cheol ar ár raon do-ghéanaid go bráthach
Éin Aonghuis an Ghrá' agus Cláirseach an Dághdha."


L. 24


CUID A TRÍ. - AITH-BHREITH NA LAOCH.



I.



Ist-oíche na gcnámhlach, le dán do chríochnú,
I n-a aonar fá'n gcnoc ghabh Colm go smaointeach.
(D'fhág sé a bhláith-bhean le cáirde go haerach
Ag riaradh pléaráca i n-árus na nGaedheal ngroí).
Faoi sholus an luain, i n-uaigneas an árd-chnuic,
Do phreab sé fá bhród - 'na threo bhuail sár-spriod.
"A Chuilm Uí Dhómhnaill, is sóghach liom trácht leat
Os cionn Lioscorraigh, ar chnoc an áthais.
Mise Fionn Mac Cúmhaill 'tá faoi chlú tré Chlár Luirc,
Gí nach dtuillim an tásg thug bárd a's dámh orm.
Óir ba chian ba dhall mé, i mball na háille,
I n-ionad bheith saothrach im' laoch spriodálta.
A's déis mo shuain bhíos buartha léanmhar
I dtaoibh mo thréimhse ba dhéanaí i nÉirinn.
Óir gí go ndearna mé gaisge go meanmnach
Ní raibh mo shaol mar roimh-ré do cheapas.
Níor ghlacas ceacht ó bheathaidh roimhe
(Ba bhocht gach ceann díobh mar bheathaidh spioraid).
Sa tsaol fá cholainn iomad tráth bhíos:
Mar fhile, mar rí, mar dhraoi, mar árd-laoch.
Tar éis gach saoghail bhíodh léan thar ríomh orm,
Ar ais, ath-uair, ag smuaine san iarthar.
Annsúd im' shaor-anam, cois Mhanannáin mhaordha,
Do chuímhnighinn ar olcas a's lochta mo laethe.
Ach d'eirigheadh mo dhóchas 'measg glóire na Bóchna
A's do chuirinn go bríomhar úir-iarracht rómham.
A's rí-chinnte do bhínn gur ag tígheacht arís dom
Chun beathadh i nÉirinn nach mbéadh cúis chaoi agam.
Ach fairíor, ar dteacht chun an tailimh do mhór-spriod
Ní foláir dó gná-chéadfaí 's gná-mhéinn do thógáil.
Ar ioncholnú sa tsaol dó éaluíann díreach
A chuímhne ghluar ar a ghluaiseacht fhíordha
'S ar éachta 's eachtraí bu cheart dó chríochnú
(Mar cheap sé go glé, roimh-ré, san iarthar).


L. 25


Aithris do-níonn sé feadh blian ar ghaolta
Nó go mbíonn sé ceanndána, mórálach, saolta;
A's do réir a ghná-thuigse ní spiorad ná saoi é,
Doiléir a dhúchas rúnda síorruí.
Mar sin bhí mo sgéal im' Fhéinní i bhFál-chrích,
Síor-dhearmad do rinneas ar chruinne spriodálta.
'S ar bhfilleadh mar anam ar bhall na saoirse
Ní hiongna gur chráite 's tnáite do bhíos.
Ach bhí laochas a's beodhacht sa bhFódla lem' ré-se:
Gí nach rabhmar spriodálta ba ghrádhach ár ndaonnacht.
Ach monuar! na cláiríní do-chím 'nár n-inead!
Aith-ioncholnú 'na measg! bu heaglach mé roimhe.
Bu shuarach mo stáid: ní fás spriodálta
Do bhéadh i ndán dom ach fás i dtáire.
Bhíos idir dá chómhairle i mbóchna Mhanannáin
(Fágann na déithe saor-raon do'n anam).
Bu gheal liom saol Éireann ach Gaelach grádhach í,
Bu leisg liom tígheacht chó baoiseach 's atá sí.
Dá dhrunn sin cheapas go mb' fhearr dom bheith sínte
Arís im' tháim-néall mar tá na mílte.
Ach fuaireas feas ar do cheanntar chroí-bheo,
A's i Magh na Slógh líon mo dhóchas 'na thaoide.
Is geall go mbéidh saol rí-laochta saoileach
Annso am feasta 'measg na ndaoine.
Dá bhrí sin fá dheire do spiorad i gClár Luirc
Béidh rí-áit le fáil chun fáis spriodálta.
A's is mian liom féin, insa tréimhse rómhainn,
Aith-bhreith sa gcrích seo a's gníomhacht ghlórmhar."



II.



Nóimid 'na dhiaidh sin ar thaoibh an mhaol-chnuic,
Thart tímpal Fhinn, go glinn, go sgéimheach,
Ghabh spiorada maordha ba shaothrach sa bhFódla
Sna haoise cianda sul chríon a cómhacht.
"Tá Fionn 'na dhúiseacht, d'éis dlúimhe san iarthar,
A's ní taise dúinne," adubhairt Diarmuid.
"'S bu gheal liom féin dian-tsaothar i nÉirinn


L. 26


Ar son na mban a's fá bhratach Aonghuis."
Ar Oisín, "bu ghnaoi liom laoithe laochais
Arís do chanadh chun Banban na Féinne,
Laoithe do spreagfadh ar bhealach árd-saoghail í
Nó go mbéadh a méinn i n-aonacht le déithe.
Ach tá eagal orm-sa roimh colainn faoi láthair,
Roimh aith-bhreith, gná-mhúnadh, gná-thuairim i bhFál-chrích.
Bu bhocht, bu bhaolach an léigheann do-gheóbhainn,
A's do-ghéanainn dearmad ar Neamh na Bóchna."
Bhrís Cúchulainn fá gháire: "Nach sásúil bheinn-se
Mar ghiolla nuachta nó buachaill aimsire!
Nó bulláin fám' chúram i gcúinne na tuaithe-
Dar Eamhain! dar Ulaidh! tá ioncholnú uaim-se!"
"A's imbasa," ar Déirdre, "nach séanmhar seolta
Do bheinn fá'n dtuaith mar nuachar sgolóige!
Indiu monuar! is suarach saol Éireann,
Gan réim-chion sa Ghaeltacht féin ag na béithe."
"Is dian an donas," ar Osgar, "gurb éigin
Dár n-anmainn ar dteacht ar ais do'n tsaol dóibh
Colna coitchianta 's gná-íntinní thógáil
A's triall fá chuacht bréag-thuairme 's nóis leimh.
Mo chaoi! gan le fáil i gClár Luirc rómhainn
Fir ghroí ghlan - ghrádhacha 's mná glé gleoite.
B'oiriúnach siúd mar thúismítheóirí
A's ghaolta dhúinn: ní hamú ó'n óige
Do bheimís ag dul, ag borradh sa tsaoltacht,
Ach ag fás go glórmhar i dtreo na ndéithe."



"Is follus," ar Fionn, "nach bhfuilmíd go fóillín
'Nár ndúiseacht iomláin d'éis tláithe na Bóchna.
Dá mbeimís lán-dúiseach do b'úrghlan ár léargus,
Ní eagal bhéadh orainn roimh ioncholnú i n-aon bhall,
Ná faitíos orainn roimh obair dá ghéire í,
A's dar ndóigh nár leisg linn aith-bhreith i nÉirinn.
Ar aghaidh linn chun éiste le séis Éan Aonghuis,
A's 'na dhiaidh sin le Cláirsí an Dághdha, go mbéimíd
Ar árd-stáid an tséin, agus raon an dualgais
Soiléir dúinn uile, bhí milte le suan trom."
Ach dubhairt gach aoinneach nár ghnaoi leo a chómhairle
A's nár bhéidir a mealladh chun beathadh sa bhFódla.


L. 27


III.



D'eirigh ceol caoin aoibhinn thíos sa tsídh-lios,
Agus tháinig aníos na sídhe 'na mílte,
Ag brise go duanach uaignis na hoíche,
A's ar chionn an tsluaigh go huaibhreach Clíodhna.
Do stad na sídhe dá siansa ghlé-bhinn,
A's do labhair Clíodhna le scaoithre na saor-spriod:
"A cháirde ón mBóchna, a slóigh na mór-bhrí,
Is mall bhúr dtígheacht arís go Fódla.
A's is olc liom d'airiú bhúr n-eagal roimh saothar
Fá cholna nua cuachtacha Gaelacha.
Tá aonacht rúnda 'dir plúr a's réalta,
Idir spiorada, daoine, sídhe, a's déithe,
A's má's leisg le slua dhíobh a dhualgas dhéanamh
Tá an ceangal briste, millte an aonacht;
Agus cailleann an tlacht a rang sa gcruinne,
Agus éagann foirtileacht spioraid a's duine.
Mar sin tá an sgeól sa bhFódla le cianta,
'S is oraibh an locht, a's bhúr gcodla san iarthar.
Bhí sinne, na sidhe, ar ár ndícheall i gcómhnuí
A d'iarraidh árd-tréithre choiméad i ngach cóige;
A's na daoine bochta fá dhonas, fá éigean,
Ba dhílis, le haoisibh, a gcroí mar aon linn.
Bhí sibh-se fá shuan, fá bhuairt iad-san,
Ach fuaireadar faoiseamh de dhraoíacht na sídh-lios.
Anois, tá rí-dhóchas i slóite An Chraoibhín:
Tá úir-Éire dá críochnú i n-oídheam a's smaoineadh,
A's san áit seo nach raibh ach seisc a's riasca
Le feicsint de ghná, tigeann áille 's saoíacht.
Dar Teamhair! is iongna Craobh Rua 's na Fianna
Bheith eaglach roimh beathaidh imeasg na ndaoine,
A's nach toil leo bheith éachtach do réir a ndualgais,
'Na dtéada de chruit na cruinne i suaimin."



"Dar Fál-chrích," ar Fionn, "is binn liom do bhriathra,
Is dual dúinn teacht chun aith-bheathadh le díoghrais."
"Táim anois," ar Cúchulainn, "léir-ullamh mar aon
leat,


L. 28


'S is fada liom feitheamh le haith-bhreith i nÉirinn.
Ba chian sinn i dlúimh, a's ar ndúiseacht ba tláith sinn,
Ach is óg an domhan - a's rí-fheabhas i ndán dúinn."



D'eirigh lánta siansa, d'éaluigh sídhe a's slua-spriod;
Bhí Colm 'na aonar faoi réalta 's luan ghlé.
A's ar dtús do shaoil gur draoíacht a's ceol-sídhe
Do mhair i ngach nídh ó réalt-bhuidhin go fódán.



IV.



D'fhéach Colm ó'n spéir ar léanta 's tíghthe,
A's tháinig d'éis tamaill, mar sgamal lá aoibhinn,
'Na aigne doilgheas nár thuig sé fáth leis
Óir bu chóir dá chroí bheith líonta d'áthas.
Ach annsin adubhairt sé: "an iongna é duine
Bheith brónach tráth um chás na cruinne?
As oll-bhrí na glóire ar dtós do tháinig sí,
A's iomláine arís d'éis na n-aoiseann i ndán di.
Ach monuar! is mall, is dall, is dúr sinn
Ar ár dtlacht iol-aisteach caimseach cumhach.
Agus spiorada féin-de Ghaedheala gluardha!
Is deacair a ngríosa chun gníomha 's dualgais.
A's ní fios nach leanann dreamanna 'na mílte
De'n mheirbhe chéadna feadh réalt thar ríomha.
Sinn anama maordha, ach d'éis gach soísgéil
'Nach suarach ár saothar ar raon na n-aoiseann!"



"Cuir dhíot an sgáth, stad de'n trácht mí-chiallda,
Ná bac leis na réalta, ach déan do dhícheall."
Ghabh séan a mheabhair mar labhair Grian leis,
Do phreab a chroí fá n-a tígheacht arís ann.
'Na gnúis bhí comhartha bróid a's sáimhe
Do chuir ar neimh-ní ceist an dáimh óig.
"Do fuairis fios," ar sise go ceolmhar,
"Ar iomad rún thar iúl do chó-lucht.
Is maith is eol duit na cómhachta maordha
Tá ag seoladh na beathadh ar feadh na saol mór.


L. 29


Agus tugadh an t-eolus i dtreo 's go ndéanfá
Go foircheann an bheatha neart árd-saothair.
Istígh ins na rátha, ar bhánta na Fódla,
I righeacht Aonghuis, taobh rún-Bhóinne,
'S i gCead-Neamh na nGaedheal i gcéin sa mBóchna
Síor-uasal an saothar le déanamh go fóill againn.
Ach is gá togha aonachta, léarguis, a's fuinnimh
I bhfeidhm ag daoine 'gus sídhe 'gus spiorada
Chun go mbeimíd lán-fórrach mar slóite sna réalta,
Ár bhfialas is aoirde saoíacht a's naofacht.
(Do-níd ar oll-stáda, i n-iol-áruis na glóire,
Toil an Athar ar slíthe ró-dhiamhra fós dúinn).
Fá dheire tá rí-sgoth lán-bhríoghach ag gluaiseacht
D'éis suain na n-aoiseann chun gníomhacht is dual dóibh.
Do shaothar do ghríos iad: Fionn, Diarmuid, 's a
gcáirde-
Aireófar 'na mbeathaidh, d'éis sealaid, an sár-lucht.
Seo rún an áigh dhuit: i dtráth béidh an míorbhail-
I gcolnaibh do chloinne-se spiorada dhíobh-san! ...



"Is follus fá dheo dhuit Fódla mar tá sí,
Amuigh a's istígh, a's an tslí chun a bláthachta.
Léan, eagal, ná sgáth go bráth ní dual duit
Ach lean ort go tréan, mar an ghréin dá gluaiseacht.
Tá an chruinne dá fás - Crann na hÁille Diamhra
Bhéas i mborradh 's i mbláth go bráthach na síorruí.
Tá na tíortha 's réalta 'na gcraobha 's 'na mblátha dhe,
Agus spiorad is brí de ghach nídh ag fás leo.
A's de shíor tá orainn ó Lioscorraigh do'n tréin-
mhuir
Dár sgeachóig Éire rí-chraobh do dhéanamh."



A's ag canadh laoi do gheal croí a's anam ann
D'éaluigh i gcéin Grian mhaordha, Inghean Mhanannáin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services