Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Maidean i mBéarra agus Dánta Eile

Title
Maidean i mBéarra agus Dánta Eile
Author(s)
Ó hAimhirgín, Osborn,
Pen Name
Crádh Croidhe Éigeas / O.J. Bergin
Composition Date
1918
Publisher
Cló na gCoinneal

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÉIMHSGÉAL



Nuair a chuireann duine a chuid sgríbhinní le
chéile chun leabhair bhig a dhéanamh díobh, is
gnáth leis a rádh gurab iad a charaid is freagar-
thach leis an leabhar, mar gurab iad do
ghríosuigh chuige sin é. Is dócha ná bíonn
sa chaint sin uaireanta acht camaflás, ach bíodh
san mar atá sé, ní fhéadaim-se cuimhneamh ar
a mhalairt de leathsgéal anois. Na dánta atá
cruinnighthe annso, tá a bhformhór fé chló le
tamall maith, cuid aca le breis agus fiche
bliadhain.



Tá roinnt aithriseóireachta 'na measg — agus
ná beireadh an léightheóir leis gurab ionann
aithriseóireacht agus recitation, mar ní headh.
An dán do cumadh mar aithris ar chaint an Ghall-
Ghaedhilgeóra, ní abraim ná gurab é an dán is
measa dár cumadh riamh é. Níl blas ná ceart
ann. Na focail, suidheamh na bhfocal, na
fuaimeanna, an aiste, taid go léir bun os cionn
leis an nGaedhilg. Ach is beag tuathal sa dán
san ná feicfidhe a leithéid annso 's annsúd i
sgríbhinníbh éigin tá cúig bliadhna déag ó shin
ann, nuair do céad-chuireadh an aithris i gcló.
Ní raibh uaim ach adhbhar suilt, agus ní rabhas
a' gabháil ar aon sgríbhneóir fé leith. Dar ndó
dob olc an mhaise do dhuine bheith a' magadh
fé lucht foghlamtha na Gaedhilge toisg gan í
bheith aca go blasta, ach cad chuige dhóibh
bheith a' ceapadh dánta, mar 'dheadh? Má tá


L. 8


éinne ann anois agus a leithéid sin de dhroch-
Ghaedilg dá sgrí aige — agus dá cur i gcló — ní
mise sgéifidh air.



Is fuiriste aithris a dhéanamh ar chaint bhriste,
ach bhí de dhánaidheacht ionnam an uair sin
tabhairt fé chaint Eoghain Ruaidh Uí Shúillea-
bháin. Do cheap Gaedheal i Lonndain freagra i
bpearsain 'Gharsúin an Chéad Leabhair,' dá
rádh gur do féin d'oir casóg agus béabhar Eoghain.
Tá éileamh an ghársúin le fagháil i mBanba. I
bhfreagra air sin do cheapas-sa Freagra Eoghain
Ruaidh ar an nGarsún.



CRÁDH CROIDHE ÉIGEAS


L. 9


MAIDEAN I MBÉARRA



Fonn:



Is é mo chaoi gan mise maidean aerach
Amuigh i mBéarra 'm sheasamh ar an dtráigh,
Is guth na n-éan am tharraing thar na sléibhtibh cois
na fairrge,
Go Céim an Aitinn mar a mbíonn mo ghrádh.
Is obann aoibhinn aiteasach do léimfinn,
Do rithfinn sáor ó anabhroid an tláis,
Do thabharfainn druim le sgamallaibh an tsaoghail seo,
Dá bhfaghainn mo léir-dhóthain d'amharc ar mo
chaoimh-shearc bhán.



Is é mo dhíth bheith ceangailte go faon-lag,
Is neart mo chléibh dá thachtadh 'nnso sa tsráid,
An fhaid tá réim na habhann agus gaoth ghlan na
fairrge
Ag glaodhach 's ag gairm ar an gcroidhe seo 'm
lár.
Is milis bríoghmhar leathan-bhog an t-aer ann,
Is gile ón ngréin go fairsing ar an mbán,
'S ochón, a Rígh-bhean bhanamhail na gcraobh-fholt,
Gan sinn-ne araon i measg an aitinn mar do
bhímís tráth!




L. 10


CAOINEADH AR
PHÁDRAIG Ó LAOGHAIRE



Tá ceó ar na cnocaibh,
'S ar thaoibh an ghleanna,
Tá glór an tsrotha
Do shíor am aice,
Is brónach osnadh
Na gaoithe i gcrannaibh,
'S is deórach doiligh
Mo chroidhe-se, a chara.



Is lúthmhar láin-mhear
Do bhíos-sa sealad,
Ag siubhal ma mbánta
I n-aoinfheacht leat-sa;
Gan chumha gan cháineadh,
Gan díth, gan easbaidh,
Gan súil, a bhráthair,
Le sgaoileadh an cheangail.



Ba sháimh do thriallainn
I n-úire an tsolais,
Do ráidhte im chliabh-sa,
'S gach rún dá nochtadh;
Gur fhág an ghrian sinn,
Gur dhubhuigh a loise,
'S gur crádhadh mé id dhiadh-sa
Dom brúdh gan chosnamh.


L. 11


Ba ghile t'fháilte,
'S do bhriathra caomha,
'Ná duille is blátha,
'Gus niamh na spéire.
Anois níl áthas
Ar shliabh ná ar ghaortha,
Ach duibhthean d'fhág mé
Id dhiaidh im aonar.


L. 12


CAOINEADH EILE AR
PHÁDRAIG Ó LAOGHAIRE



Múchta ar loisne, Mumha is lom,
an t-ég do ghoid ar ngradam,
gile is greann do chuir ar gcúl,
do ghearr ar mbile mbarrúr.



Searc na suadh, do chaill anois
a dhúthracht ndéin 's a dhíoghrais,
gloine a thobair iúil go n-aoibh,
mar chlogaibh ciúil i gcnúchraoibh.



Tugais, a chara gan cheilg,
gean do chroidhe don Ghaoidheilg;
gan mhustar do dháilis di
gustal láinfhis do líne.



Brónach Bérra na mbeann maol,
do chaill míonbhláth a mhaccaomh,
gan tuir, gan chabhair, gan cheann —
a shamhail cuin do-chífeam?



MÚCHTA.


L. 13


A THEANGA NA RÍOGH



Fonn:



A THEANGA na ríogh dob aoirde réim
I dtir na Féinne cródha calma,
Is fada do bhís go híseal faon,
Gan bhrígh gan chabhair i ngábhatar;
Do chlú 's do chéim dá mbrúdh gach lae,
'S gan dúil ag éinne id chaomhna ón dearmad —
Géar an aithis do chlannaibh na dtreón,
'S ná dearcaid an duibhthean tá a' druidim go duairc
Le seanchas gruama an tsluaigh do thréig
A n-uaisleacht féin ar bhéasaibh eachtrann,
Tarcuisne truagh gur fuaigheadh, mo léan,
Dá síltreibh aigeantaigh ársaidh.



An labhairt is líomhtha ag snighe gach sgéil,
'S i laoithibh léigheannta is mórdha maiseamhail,
Mairg do dhíolfadh caoimhe a sgéimhe
Ar dhaoirse glafarnaighe gránna.
Is úrghlan aobhdha a cúrsa caomh
'Na thonntaibh tréana a' téacht go taitneamhach —
Réim na habhann i ngradam a glóir.
Ó beatha don fhile b'eadh binneas a fuam
I dTeamhair na ndruadh, 's i gCruachain déin,
'S i sluagh geal éachtach aerach Eamhna,
Is aiteas gan fhuaire suadh 'gus naomh
I ríogh-bhrugh Chaisil na gcláirseach.



'S a ghasradh an chroidhe nár claoidheadh, ba léir
Bhur ndíograis naomhtha i neól dubh neamhshuime,
Is dearbh gur chríochnuigh oidhche an léin,
Tá an tsoillse a' taitneamh go sáimh deas.


L. 14


Is lúthmhar laochda glonnmhar géar,
'S is fonnmhar faobhar-ghlan saothrach seasamhach
Gléineach galach ár gcatha sa ghleó;
'S is gairid go gcluinfimíd friotal na suadh
Fé mheas ag an sluagh idir tuata is cléir,
'S i nduantaibh Gaedhilge ag éigsibh Ealga,
Is canfam go huallach buaidh na nGaedheal
I gcríochaibh draganta Cláir Luirc.


L. 15


AMHRÁN DÓCHAIS



Fonn: Mór Chluana



Slán go deó le brón is buaidhirt,
Slán gan mhoill dár gcaoine dhuairc;
Canam laoithe dóchais
I dteangain bhinn na Fódla,
'Gus seasaimís go beómhar
Os comhair an tsaoghail.
O, canam, etc.



Ní bheam feasda leasg gan luadhail
Cráidhte, cromtha, fann-lag, fuar.
Neart is brígh na hóige
Dár dtarrac tríd a' gcomhlann,
Is bainfimíd-ne an ceó so
Do phór na dtréan.
O, neart, etc.



Clanna Gaedheal fí réim gan ruaig!
Beid siad saor is béarfaid buaidh.
Leanfaimíd-ne an lóchrann
Do las ár sinnsir romhainn,
Is ní heagal linn go bhfeódhfaidh
A gcró 'nár ndéidh.
O, leanfaimíd-ne, etc.


L. 16


SGARADH



Má's sgaradh liom-sa is rogha leat,
A theann-chara shéimh,
Is eadrainn gur shleamhnaigh
An clampar 's an bhréag,
Do shligh-se féin má's gabhtha dhuit,
Imthigheam ó chéile i gcarthannacht,
'S dá dhuibhe mo réim-se it easbaidh anois
Guidhim samhradh ort-sa im dhéidh.



Ní fada ó shin do shaoileas.
Ar dhílseacht ár ngrádha,
Gur snaidhmeadh linn an snaidhm sin
Ná sgaoilfidhe go brách.
Mo chrádh 's mo chumha mar teasgadh é
Lé ráidhtibh tnútha is cealgadh,
Do bháidh 's do mhúch an caradas
Ba chaoine bhí ar fagháil.



'S aréir i ndoimhneas suain dam
Do chuala do ghlór,
Is d'fhéachais mar ba dhual duit
Sul fuaradh do chló.
Fóríor mar d'eirigh an mhaidean gheal,
Chuir críoch le meidhre is meanmain,
'S do sginn an taidhbhreamh taitneamhach
Le gluaiseacht an cheóigh.



An ceó san ó sna bántaibh
Fuair árdach ón ngréin,
Ach ceó is truime ón dtráth san
Ní fhágfaidh mo raon.


L. 17


Mo thruaighe fé dhó fad mhairfead-sa,
Nach duairc go leór an bheatha so,
Gan uaigneas fós dár gcailleamhaint,
'S ár náimhde fí réim?



Ach bíodh san mar atá sé —
Seo sláinte ort óm chliabh,
'S do dhíol de charaid ghrádhmhar
Bheith láimh leat im dhiaidh.
Pé treó 'na raghair óm amharc-sa,
Gan brón ná treighid ad leanamhaint,
'S go deó gan deaghailt ná sgaramhaint
'Na sgáil ar do rian.


L. 18


DUAN OSGAILTE AN TAISBEANTA
I GCORCAIGH, 1902



Ó DRUIDIDH linn, a shluaighte gur dual díbh
bheith Gaedhealach,
Tar muar-chnoc is réidhteach, tar chaol-ghleann
tar sáil;
Ar mhothuigh sibh an nua-chuisle a' luasgadh 's a'
léimnigh?
Tá'n suan fada 'á raobhadh, 's ga gréine ar an
mbán.
Airighmíd, airighmíd a hosnadh le dóchas;
Aithnighmíd, aithnighmíd ár ndiol-bhuime
Fódla;
'Sí féinig, is beó í,
'Sí Spéirbhean na hóige í,
Do thaobhnuigh fad ó linn 'nár dtámh.



Ba mhinic mise a' gluaiseacht ar fuaid fearann
Eibhir,
Go gruaidh-fhliuch im aonar, arsa éin-shearc na
ndámh,
Gur thuiteas seal i mbuan-taise, suarach nár éagas,
Le fuaire mo chlaon-mhac fí dhaor-gheasa an
bháis.
Eirighmîs, eirighmís! A gcloistí a glórtha?
An draoidheacht san do bhí orainn is briste
go deó í.
Nach léir díbh a beól binn
A' réidhteach na comhairle
Do shaoradh ar bhrón sinn go brách?



Seo cruinnighthe i gcluain gheal ar bhruach Laoi na
ngéise.
I nua-hallaíbh néata cois gaortha go sámh,
Gach obair chliste bhuacach dár smuain gliocas
daonna,
'S dá luaidhtear i nEirinn ar shaor-sgoil na
gceárd.
'Nar dtimcheall, 'nar dtimcheall tá cosnamh
ár gcóra,


L. 19


Fíor-shaoirse Mac Míleadh, 's a n-ursana ar
fhóirneart.
Le chéile má gheóbhthar,
Ní baoghlach go gclófar,
Uainn féin atá foghnamh le fagháil.



Seadh! tigidís go suairc idir thruagh-dhuine is
tréinfhear,
Fir ualaigh an léighinn is fir saothair na lámh:
Seo cuireadh dhóibh is fuagra, gluaiseam i n-éin-
fheacht
Chun cuarda ar an bhféasta tá gléasta 'nár ndáil.
Cruinnighdís, cruinnighdís! Tá sult againn
rómpa:
Is líonta iad ár gcroidhthe 's is osgailte ár
ndóirse,
Go bhféachaimíd comharthaí
An lae dhul i ngnóthacht,
Mar chéir i gcoirceógaibh na gceárd.



'S a Chorcaigh mhilis chuan-chlothair bhuan-tsroth
ach bhraonach.
Go mbuadha beannacht Dé leat, a chraobh gheal
na mbláth.
Nár theipidh t'ainm uaibhreach ar nua-chairt na
hEireann,
An uair a bheidh Eire ar fadd Gaedhealach 'na
cáil.
'Sé ghuidhmíd, 'sé ghuidhmíd, gach sonas
fé dhó ort!
Gan draoidheacht ar do dhaoinibh dá
mbrosdadh tar bóchna,
Caithréim insa ghleó cheart
Ar Sgéith na dTrí gCróinneach,
Is Réilteann an Eólais is fearr.


L. 20


AN SÍOL-AMHRÁN



Fonn: Baile an Doire



Ó CUIRIDH an síol, a Mhuimhnigh mhaithe,
A ghasradh bhinn na laoithe sámh,
Tá'n branar go cumhra 's beatha fén úir,
'S an ithir a' feitheamh le lúth ár lámh.
Síol hó, síol hó!
Go mairidh bhur mbuidhne rinnce 's reatha,
Nár chaillidh bhur gcríocha a gcéim go brách,
Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
'S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.



O cuiridh an síol i gcríochaibh Uladh,
A ghasradh ghroidhe nár claoidheadh le crádh —
Tá'n branar go cumhra 's beatha fén úir,
'S an ithir a' feitheamh le lúth ár lámh.
Síol hó, síol hó!
Nár chaillidh bhur gceólta glóir an ghradaim
Bhí i nEamhain na slógh fí réim gan bádhadh,
Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
'S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.



O cuiridh an síol i gcríochaibh Connacht,
A ghasradh chaoin an chroidhe gan cháim —
Tá'n branar go cumhra 's beatha fén úir,
'S an ithir a' feitheamh le lúth ár lámh.
Síol hó, síol hó!
Nár chaille sibh togha 'gus rogha na fola
Bhí i gcuisleannaibh amhra Gaedheal gan tla
Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
'S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.


L. 21


O cuiridh an síol a dhaoine an oirthir,
A ghasradh mheidhreach Laighneach lághach —
Tá'n branar go cumhra 's beatha fén úir,
'S an ithir a' feitheamh le lúth ár lámh.
Síol hó, síol hó!
Na nósa do dhíol bhur sinnsir oraibh,
Is córaide dhíbh-se a saoradh ón mbás,
Ach sgaipidh an síol ó mhaidin go hoidhche,
'S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.



O cuiridh an síol arís a' tuitim
Ar thalamh na Midhe ba shíolmhar tráth —
Tá'n branar go cumhra 's beatha fén úir,
'S an ithir a' feitheamh le lúth ár lámh.
Síol hó, síol hó!
Ná caillidh an bhrígh thug díbh-se an ceannas
O Theamhair na Ríogh ar gach taobh go tráigh,
Ach sgaipidh an síol ó maidin go hoidhche,
'S tiocfaidh an toradh i nEirinn lá.


L. 22


LÁ 'LE PÁDRAIG, 1913



A Chlanna na nGaedheal 's a ghaolta ár gcuirp
Tá sgaipithe i gcéin ó Eire anois,
Seo beannacht ár gcroidhe thar fairrge dhíbh,
Is teachtaireacht aoibhinn áthais.



Canaimís dréacht le chéile indiu:
Tá atharrach saoghail a' téacht 'na rith,
Thug óg is sean gan cheó gan mheath
Le dóchas aibigh láidir.



Ná habradh éinne — is baoth a mheas —
Gur seanabhean tréith gan réim gan rath
An Ríogain uaibhreach bhríoghmhar bhuacach
Aoibhinn uasal álainn.



Níor chaith sí a ré, 's ní baoghal gur thuit:
Tá beatha 'na géaga is fraoch 'na fuil,
Tá brígh 'gus fuinneamh 'na croidhe 'sna cuislinn,
Is chífar ise i n-áirde.



An fhaid a bheidh tréad ar féar ann so,
An fhaid a bheidh gaoth a' séideadh ar chnoc,
Craobh ar chrann is éisg i n-abhainn,
Ní thréigfidh a clann an Mháthair.



An fhaid a bheidh éan san aer amuigh,
Is taitneamh na gréine ar Shléibhtibh Mis,
Seasfaidh a bonn ar a talamh go teann
Is ní leagfar a ceann le náire.


L. 23


TRÍ TRÉITHE NA FÉINNE



Ceist ag Pádraig, grádh na nGaedheal,
Lá ar laoch an liath-fhuilt,
Caoilte mac Rónáin na sgéal,
Tráth i nEirinn iath-ghlais.



“Innis dúinn, a sgéalaighe bhinn,
Créad thug daoibh-se an tighearnas?
Nó créad do choinnibh sibh gan mheath,
An oiread mhair na Fianna?”



“Trí tréithe do dhaingnigh sinn,”
D'fhreagair Caoilte ciallmhar,
“Gloine ár gcroidhe 'gus neart ár ngéag,
Is beart do réir ár mbriathar.”


L. 24


DO GHAEDHEALAIBH BÉAL
FEIRSDE



Beatha 'gus sláinte don tsáir-shliocht acfuinneach
shuairc
Ná leagfar ar lár san ár lá caismeartha cruaidh,
Is daingean iad lámha a mál is gan mhalairt is
buadhach,
Agus canfad go hárd a gcáil i gCathair na gCuan.



I gCathair na gCuan is buan ár mbeannacht ón gcliabh
Ar fhearaibh gan fhuacht is luaithe ag cabhair go fial,
Is neartmhar a sluagh lastuaidh 's is draganta dian,
'S dar mh'anam is truagh gan chuairt dam tamall 'na
rian.



'Na rian níor léan tréimhse do chaitheamh go fóill,
Is ba mhian liom féin éisteacht le maitheas a mbeól:
Ní iarrfainn-se gné spéise ná a mhalairt de ghnó,
Ach a dtriatha do ghéir-fhéachaint, dá bhfanainn 'na
gcóir.



'Na gcóir ba thaitneamh liom labhairt gach caomh-
oide,
Is ceól dá spreagadh gan mhairg gan éin-cheilg,
Oigfhir ghlana 'gus gailtheanna is glé-dheise,
Bród is barra-chruth Banba is Béil Feirsde.



I mBéal Feirsde gan éin-leimhe tá leathan-treabh
láidir,
Saor-theisteas a nglé-sgoile ghaibh sealbh im lár-sa.
Déin deithneas a chaol-chleite go mbreacair mo phár
dam,
Is chun caomh-fheise na tréin-treibhe cuir beatha 'gus
sláinte.


L. 25


DO GHARSÚN



DO RUG AN PHRIOMH-DHUAIS SA GHAEDHILG



A CHARA dhil de sheana-stoc na saoi léigheanta,
Rug barra leat is gradam gach ealadhan aosta,
Is mairg liom ná feaca seal do ghnaoi aerach,
'S gur bh'fhearra bheith a' labhairt leat ná a' sgrí'
bhéarsa.



Cé maith do chuiris aithne — tá fínné agam —
Ar Laidin is ar labhra na caoin-Ghréige,
'S ar theangain mhilis Ghallia na ngrinn-sgéalta,
Níor ghabhadar san sealbh ar do chroidhe Gaedh-
ealach.



Mo bheannacht ort, a phreabaire 's a phrímh-éigis,
Mar leagais gach ar casadh ort le fír-éifeacht,
Is mar bhainis as na reathaibh ar an rígh-réim sin,
Gur leathanuigh do theastas is gur líon Eire.



Is feasta, a mhic, ó's leat-sa anois an aoird-chéim sin,
Go maire tú do cheannas, agus ní baoghal duit!
Nár laguighthear do rath ort, ná do bhrigh i n-éan-rud,
Sin teastas fir thug taitneamh duit 's a ghuidhe id
thaobh-sa.


L. 26


AN LITRIÚ(GHADH)



1. AN SEANDUINE BRÓNACH



MH' ATUIRSE 's mh'fhada-chreach shíor-thínn!
Lucht teangan na Banba sgrí' síos
Gan filleadh, gan feacadh,
Gan chaime, gan chasadh
Ach gach litir dá labhairt go símplidhe!



Ca bhfuil an seanchas bhí síos?
Is ca bhfuil na leabhair ba bhínn línn?
Dá mbriseadh 's dá stracadh
'Ge foirinn gan faisean,
Gan time, gan taise, gan chaoin-chroidhe.



Gach litir bhreagh bhalbh do bhí i mbrígh
Ag druithibh i dTeamhair le línn Chuínn
Dá ruagadh 's dá ngearradh
'Na sluaighte as gach leabhar!
Ní chuala-sa creacha ba nimhnighe.


L. 27


AN LITRIÚ(GHADH)



II. AN T-ÓGÁNACH



Fóill iriú a chara, 's ná gluais úainn
Go brónach dubh feargach gruadh-dhuairc;
Níl bac ar do shamhail
Bheith a' breacadh a chuid leabhar
On tseachtmhain seo feasda go Sluagh an Luain.



Gach faraire charas an cruas buan,
'S gach cailín nár bh'fhearra léi a luadh i nduain
'Ná foghlaim is fuirseadh
Na seanndachta is sine —
Ní labharfad 'na gcoinne sin fuaim uaim.



Friotal ár gcine do fuair buaidh
Ar bhinneas, ar chruinneas, 's ar chruas, uair,
Mo ghrádh-sa an té thuigfeadh
A háilleacht sa bhfoirm
Is ársa 's is cruinne 's is cruaidhe snuadh.



Leanaidh, má's maith libh, den chruaidh chruaidh,
Is caithidh fé tharcuisne an nuacht uaibh,
Ach má fachtar sibh feasda
A' cur smacht ar ár n-acfuinn-ne
Is eagal d'bhur gcathaibh an Sguab Mhuar!



Tá atharrach saogail a' dlúthú
Le Clanna na hEireann, 's ní rún dúinn.
An sean is an t-éifeacht
Mura dtagaid le chéile,
Dob fhearra liom féin Letiriú Ur.


L. 28


FILE NA GALL-GHAEDHILGE



ÓTSIG liom-sa d'fheicsin go bhfuil mise cóar,
Có follus is radharc mo chuid súl,
Is tá sibh-se uile i ndorcadas móar,
Muna géillean sibh dam go fleathúl.
'Sé geárbhas na Géidhilge atáim déinimh mín,
Mar rinne gach náisiún na suadh,
'Gus is é an fáth so nach rin' sibh-se sin,
Atá sibh có fada amudha.



Féach ar an slúgh móar lér thaitnighean mo chroidhe;
Támuid-ne 'nár Néidhilgeóraibh úr',
'Gus támuid 'nár lucht bhéas fó mheas i mBlea' Clí,
Nuar béidh sibh-se marbh is fúr.
Do ritheann ár bhfocla theas thúidh agus thiar,
Os cionn Earann gach uar don lae ghil,
Is leathann ár bhfilidheacht tsimcheall na tsíor'
I míle lochánaibh gan moil.



Níl maith in bhur gnímhibh a dhaoiní, mar tá
Sibh ceangailt' do nósaibh an am'
Chúdh thart, agus d'imthighe acoidche an tráth
Raibh meas ar bhur sean-chaint tá cam.
O glacaidhe mo chomharla, 's méadóchaidhe sibh neart
An tseangga do labhar Néimh Bruighid,
Néimh Pádruig, Colm Cille 's Rí Cármac Meaic Airt
Núr bhí Eiria lán sróil agus síod'.


L. 29


FREAGRA EOGHAIN RUAIDH



AR FHILE NA GALL-GHAEDHILGE



ÉISTIDH lem bréithribh, a chaomh-fheara an
ghrinn,
Nár ghéill do lucht baoise is bladair gan bláth,
Go réidhfead mo sgéal díbh ar chlaon-bhearta an Chlíc
D'fhúig glé-theanga Ghaoidheal faoi ghalar an bháis.
'Sé mo chreach nimhneach bheir m'intinn ar mheara-
thal.
Daosgar-sprot daoithe drabhuíolach dúr-labharthach
Ag féachaint le hí chur i ngeimhleachaibh smachta
Gan braon d'fhuil na beatha 'na creatalach cnámh



Aon-labhairt éigeas ba shéis-bhinne linn
'Ná éanlaithe i gcoill ar maidin go sámh,
Géir-shearc na spéarbhruinngheal mbéil-mhilis mbinn
Bhréagadh mic ríogh 'gus flatha gan cháim,
Acfuinn gach ughdair chirt mhúinte i gclár Bhanba
Caithte fé chúram an trú san dá tearmainn!
Amach léi! ní thabharfainn-se trumpa gan teanga
uirthi,
Níor bh'fhiú liom mar bhail uirthi beatha seoch bás.



Sgréachaire sméirle gan spréachadh 'na chroidhe,
Straere díomhaoin is glagaire práis,
Baoth-ghaige péacach na Gaedhilge do chlaoi,
Do chlaonadh as a slighe, do chamadh 's do chrádh.
Féach annsan tall é 's an chomplacht do mheallann sé,
Is léigheannta an Chéad-Leabhair de ghlain-mheabhair
ag gach fear aca!
Céim do-bheir togha cirt is rogha nirt dá n-aigne,
Foghlaim ghlic d'aithint thar phraisigh ar phár.


L. 30


Cé chuir i gcéill dá leithéid sin do dhaoi
Go bhféadfadh a bhrígh 'gus cabhair a lámh
Éigse na hEireann do shaoradh, 'gus í
Daortha 's i dtaoibh leis d'fharaire i gcás?
Tusa 'gus t'obair-se, a choirbthigh chealgaigh!
Focal ód phusaibh ná cloiseam, a chlabaire.
Corraigh ort! imthigh leat! sgrios as ár n-amharc,
Nó sgoiltfear do phlaitinn is leagfar san láib.


L. 31


FREAGRA EOGHAIN RUAIDH



AR AN NGARSÚN Ó LONNDAIN



Éiligh go béasach, a straere firín,
Na gréithre do thigheann dod shamhail do ghnáth.
Is baoghal dod leithéid bheith ar saothar mar taoi,
Eist liom, suidh síos, is tarraing t'anál.
Loitfir do sgórnach, a cheólaire mh'anma,
A' rith ar na bóithribh, a' brón-ghol sa' callaireacht;
Triomuigh do dheóra, ní leómhfar thu leadradh.
Seólfad thar n-ais tu: sin agat mo lámh.



B'éachtach an sgéal é dá ngéillinn dod ghuidhe,
'S go mbéarfá tar tuinn leat m'fhallaing gan smál,
Mo bhéabhar breagh féin, is cluith éadaigh fir ghroidhe,
Ba faon an chomaoin é, a pheata gan fás.
Tusa, a gharsúin bhig, dá n-iompar cois Tamesis!
A' tuitim 'sag únfairt, ad mhúchadh 's ad thachtadh
leó!
Fé choimirc gach lúbaire Lúndainigh leacan-duibh —
Iompuigh ort, faire! glac eagna i dtráth.



Béabhar breagh néata dá dtéigheadh ort, dar linn,
Dob éigin duit puill do ghearradh 'na sgáil,
Nó caochfaidhe gach aon rud ó éadan do chinn
Go caor do smigín tais leanbaigh lághaigh.
Brat ar do ghuaillibh ar luasgadh ní thaitnfeadh leat
Glanfaidhe an luaithre 's do sguabfaidhe an lathach
leis,
Caithfidhe é bhuaint díot, 's a chruachadh féd bhaca-
lainn,
Ualach ná rachadh tar caladh go brách.


L. 32


Bréithre mí-bhéasacha, a laogh liom, ní cuibhe
D'éinne do ríomhadh ar chlannaibh na mbárd:
Tréig-se an droich-mhéinn sin, is b'fhéidir gan mhoill
Go ndéanfa mé laoi do sgaipfeas do chrádh.
Féachann tú id thimpeall go fíochmhar droch-aigean-
tach,
'S gach aon chuisle id chroidhe beag a' fír-chrith le
heagla,
Is léir nach le hintinn dá ríribh do labhrais;
Is cuimhin liom nach fear thu, is maithim dod
chás.



Eist, a mhic léighinn bhig na n-ae 'stigh go cruinn,
Go ndéarfa mé nídh mar mhaithe led cháil,
Do-bhéarfaidh go baodhach tu, 's do réidhfidh do
shlighe,
Má théigheann tú i n-aois 's i n-acfuinn na ndán.
Dob fhiú dhuit-se claoi leis a' bhfíor-chaint do chleach-
tadar
Prionnsaí Mac Míleadh 'gus binn-sgoth na Banba,
Is Múirnigh na maoine, fir ghroidhe do rug barra leó
I gcoimheasgar an chatha 's i gcaismirt na ndámh.



Aonduine d'éistfeadh le séise na saoi
Ba léir-bhinne líomhtha taitneamhach tráth,
'Sé mo mheas féinig ná géillfeadh sé arís
Do bhéice gan bhrígh gan tathac gan tábhacht.
Ba bheag ar a chluasaibh do mhuar-fhocail bhacacha,
'S iad cruinnighthe cuarduighthe cruadh-chasta crap-
aithe
Sgiobaithe fuaduighthe a cnuasach Uí Rathailligh —
Thruaillfeadh a samhail an teanga dob fhearr!


L. 33


Ní hé do leithéid-se do ghéar-ghoin mo chroidhe,
Ná Gaedhilfhir an tsaoighil, a fhir chanta na ndán,
Ach sgaotha ceann-éadtroma Béarlacha i mbrígh,
Is Gaedhilg na ríogh dá tachtadh gan tlás
Ní brón liom fir thall do ghabh sgannradh fém ran-
naibh-se,
Ach clódóiri Gallda gan chabhair do-rin praiseach
díobh;
Fógair-se an leabhar úd Uí Ghramhna ar gach fear aca,
Is foghlaim do cheachta féin farra gach lá.



Ach féach ann so taobh linn an tréan-bharc ar tuinn,
Is séideadh na gaoithe 'á gairm thar sáil,
Glaodh na mairnéalach ag éirghe go binn,
Is téada dá sgaoileadh ó chaladh-phort Fáil.
Is mithid dod shórt-sa bheith tóirseach ód thaisteal-
aibh;
Imthigh ar bórd leat, tá lón agus leabaidh ann;
Seo pingin is póg duit; bí it óigfhear mhaith feasta;
'S go seóltar thar n-ais tu go Sasana slán.


L. 34


DO THORNA



NUAIR A THUG SÉ GUTH NUA LEIS ÓN MBREATAIN



SONAS ort-sa a Thorna shéimh,
a mhic na bhfilidhe, a bhinn-bhéil,
a chroidhe cheannsa a tsuaircis te,
dod leabhar-sa ní cuibhe cáineadh.



Báird na Breatan, árd a gclú,
uatha do thuillis th'árdú:
i gcoill chumhra a bhflaithis mhóir
do chaithis ubhla an il-cheóil.



Na hubhla, ní rádh gan rath,
ní tim an té do chéad-chaith;
ó théigheann a mblas i mbeól fir,
ceól na n-éan ag an fhear-sin.



Lá dhuit thoir dár ithis ubhall,
d'airigh gach file fíor-úr
'san choill ghéiggil fonn ná feódhann,
uair éigin thall mar shídhe-cheól.



“An glór so,” ar cách, “cuma linn
no ceól an éin darb ainm
linn 'san bhfóid-bhreac-fhonn a-bhos
i dtír Oig-Bhreatan Eos.”



Cruinnighid gan mhoill mar mheasaid
timcheall an bhinn bhróin-chleasaigh:
fear 'na shuidhe fé chrann do-chíd,
a chaint thall is í airighid.


L. 35


“Cia hé,” ar gach duine don dáimh,
“fuair ubhla órdha an ioldáin?
Ní brath breith air, 's a buain de,
má bheir uainn creich na críche,”



Do labhair a n-ollamh árd:
“Ná loittear libh, is fíor-bhárd!
fréamh-fhuil Eireann an caomh cas,”
ar glé-Ghuin séimh-gheal Seónas.



Tusa an fear-san do-fuair buaidh
i dtír Bhreatan ón bhinn-shluagh:
do laoidh, lá dá mbíonn dá meas,
ní Crádh do Chroidhe fhíor-Eigeas.



S.O.N.A.S.



Aithris an dán so ar nós filidheachta na sean, ach fuaim
na Nua-Ghaedhilge ar na foclaibh.



Ionann eos sa Bhreatnais agus nightingale sa Bhéarla.



T. Gwynn Jones, fear atá ar na filidhibh is mó clú sa
Bhreatin indiu.


L. 36


DON FHEAR CHÉADNA



AITHRIS AR A NÓS FÉIN



A SHÁIR-FHIR chalma is feardha ag fuiliú lann,
Is d'fhág i gcathaibh gan cheanna na miliúin
Ghall!
Cuir lámh chun meamraim, breac é le bior nú peann
Is árduigh m'aiteas le freagra is fileamhail fonn.


L. 37


WANDERLUST



Ní hé Nennius is cás liom, dá ársaidhe a chlú-san,
Ná Gofraidh Fionn O Dálaigh, dhin bárda do
mhúineadh,
Ná leathan-hallaí lána, cé breághtha iad ná Lúna,
Ach na bóithre fada bána 's iad am shámh-tharraing
chútha.



A malairt sin níor bh'fearr liom ach bád seasgair
siubhlach,
'S í a léimrigh le fánaidh is lán srotha fúithe;
Eamonn geal bheith láimh linn 's do lámh-sa dár
stiúradh,
'S a chara dhil na n-árann, nár bh'álainn an triúr sinn!



Mhuise caithimís i dtráth uainn Pokárny 'gus Brúg-
mann,
'S a leabhair throma ghránna nach fearrde an té
sgrúd iad.
Cad é an mhaith a bhfuil i gClár Luirc de dhántaibh
is d'ughdair
Seochas bóithre fada bána nú bád seasgair siubhlach.


L. 38


ÓN MBÉARLA



Fonn: Móirín Ní Chuileannáin



Bhí uainín beag ag Máirín,
Ba bhreágh flíos mar shneachta ló,
'S gach áit 'na dtéigheadh an bháb mhín
Ba ghnáth í ag teacht 'na treó.
Do lean sí isteach sa Chláiste í —
Nár dhána í, gan chead ón mBórd? —
Gur sgairt amach ar gháiridhe
Gach páistín le gean don spórt.



NÓ MAR SEO!
Uanéne le Móiríni lomrad snechtai fair,
cip ed tech hi tégedsi gnáth a petta istaig.



Téit, ba turus aindligid, nos len isin scoil.
tibis cách fon úanéne tuc don légund toil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services