Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leoithne Andeas

Title
Leoithne Andeas
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Micil Mac Róba / Mike Robe / Roth, An /
Composition Date
1905
Publisher
Gill, M.H. agus a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Leoithne Andeas.



An Brollach.



A Leoithne Andeas, tá deora leat,
Is clódh-fhliuch tais ataoi-se,
Indeoidh na bhflaith ba chródha beart
I gcóir ár dTeangan dilse;
An shlógh na n-aingeal dóibh ar neamh,
Acht go deoidh go bhfana a ngníomhartha
N-a sompla ar ghaisce fóghanta i gcath
Don chóip ag teacht i gcríonnacht



Mo chomhairle chneasta, a sheoid seo im ghlaic,
I gcló ghlan raid gan chinnteacht
D'óg-shliocht Fhearainn Eoghain is Airt
Ón gCóf go Bann mhíonla.
Glóir-se i measc na n-óg 's na bhfear
Is lónnruigh seal a gcroidhthe;
Tabhair dóibh mo shearc, mo sceol, mo ghean
Fé fhomós i dteanga ár sinsear.



Tórna.


L. ii


Méidreacht.



Is éigin dam beagán a rádh i dtaobh méidreacht na
n-amhrán atá san leabhar mbeag so. Do bh'fheárr go
mór liom an méid sin a chur síos i nGaedhilg; acht
tiocfaidh an leabhar so fé lámhaibh daoine ná beidh an
Ghaedhilg ar tarrac aca, agus fé lucht a foghluma, agus ar
an adhbhar soin is dóigh liom gur fearra dham an beagán
so a scríobhadh i mBéarla.



Is greannamhair agus is aindeis an scéal é ag fear
bhéarsaí a cheapadh má oireann dó roinnt dá dhéantúisíbh
féin a thabhairt amach, go bhfuil d'fhiachaibh air, ní hamháin
foclóir agus tagra graiméir a sholáthar dóibh, acht n-a
theannta-san trácht i dteangain iasachta ar mhéidreacht,
&rl. Agus é sin go léir a dhéanamh d'fhonn is é féin
agus a shaothar a chur i dtuiscint do mhuinntir a dhuthchais
féin! Tá fáth leis seo gan amhrus, acht má dhéinimíd
machtnamh air, nach cúis náire dhúinn é. Bímís ag braith
ar an lá ná beidh gábhadh le n-a leithéid amh.


L. 1


I.- AMHRÁIN CHAOINTE.



1.- CAOINEADH
ar bhás an Athar Eoghan Ó Gramhna, fuair bás i Los Angelós, Cali-
fornia, i nAmerica, 18 Deireadh Fóghmhair, 1899.



A Chlanna Gaedheal an chroidhe,
Is doiligh an scéal san tír,
Flaith na féile 's na ndeagh-ghníomh,
An sagart léigheanta caoin,
An tAthair Eoghan, n-a luighe,
Go fuar i gcré san gcill,
Och, Ochón!



Mo chreach ghéar agus m'amhgar,
Is lag a shíleas an tSamhain seo,
Go mbeadh do chorp-sa, a annsaigh,
Go bocht agus go fann-lag,
Ag neartughadh fáis an gheamhair ghlais,
Ná go mbeinn-se féin go canntlach,
Atuirseach trom-ghuil,
Ag ceapadh marb-rann duit,
A Athair Eoghain Uí Ghramhna,
Och, Ochón!


L. 2


Acht ní mar a síltear a fachtar;
B'fhearr fhios ag Rígh na bhFlaitheas,
Moladh go deo len Ainm,
Is é do cheap an t-aga,
I bhfad roimh ré, do b'fhearr dhot' anam
Chun éirighe as an dtalamh
Go glóire síoch na bhFlaitheas -
Ní gearánta dhúinn ar a achtaibh,
Cé gur mór an chaill é ár gcara,
Och, Ochón!



A chuisle an chroidhe 's na páirte,
Bhí a fhios agam an lá úd
Go raibh scéal éigin báis chugham,
Mar do thaibhrigheadh dham trí trátha
Go gcaillfinn fiacal lá 'r n-a bháireach;
Do chonnac-sa cheithre chága
Ag teacht anoir ón dtráigh chugham;
Do chonnac scamall dubh neamh-ghnáthach,
Mar bheadh glóthach chiardhubh ghránda
Ar leathadh trasna Chlár-Luirc;
Do fíoradh gach tuar i dtráth dham,
Mar tháinig chughainn an tásc guirt,
Go raibh t'anam áluinn
I measc aingeal, láithreach
I gCúirt an Athar Neámhdha;
Go raibh sé tar éis an saoghal so d'fhágaint,
Ar a mhalairt do b'fhearr d'áitreabh;
Agus Clanna Gaedheal, dá bhárr soin,
Go buaidheartha gnaoi-fhliuch cráidhte!
Och, Ochón!


L. 3


Mo bhriseadh croidhe 's mo bhrón
Ba chráidhte linn súd mar sceol
'Ná a dtáinig riamh 'ár dtreo,
'S 'ná a dtiocfaidh anall go deoidh.
Ár sciath 's ár gclogad gleoidh,
Tarbh tána na leoghan,
Oide béal-bhinn na n-óg,
Taithneamh le seanóir,
Ceap cosanta cóir,
Teangadh fearantais Eoghain,
Sagart ba néamhrach clódh,
B'umhal is ba dhiadha meon,
Nár thaobhuigh an t-éitheach gan ghó
Acht an fhírinne i ráidhtibh beoil;
An déirc don truagh 's don d'reoil,
Eólas do lucht an ain-eoil;
Nár ghráidh an saoghal ná a bhaoth-ghlór,
Acht Flaithis na Naomh is na nÓrd;
Táid soin n-a luighe ionnat fé'n bhfód,
Gan fagháil ar chasadh chughainn, a Athair Eoghain.
Och, Ochón!



Ní'l roinn de rannaibh na cruinne
Fé chuaird na gréine gile
N-a bhfuil cuid, dá laighead, dár gcineadh,
Nach deorach a bheidh gach duine
Ar bhfagháil táisc an bhile
B'aoirde bláth de chrannaibh na coille;
Caoinfid go fíor-ghuirt do thuitim
Fé shaighead an Chnámhaigh bhuile,


L. 4


Nár fhág go fóill tu againne
Go bhfuighmís caoi ar a thuilleadh
Den eólas uait-se a phiocadh,
'S ár múineadh go grádhmhar cliste,
Ó's tusa b'aluinn chuige,
A Athair Eoghain, a chumainn!
Och, Ochón!



Mo dhiombáidh chroidhe 's mo léir ghuirt,
Ní chloisfar arís tu, a chaomhthaigh,
Ag tabhairt na comhairle céille uait
Do raghadh i leas don Ghaedhilg;
Ní fheicfar a thuilleadh réiteach
Ag teacht uait ar gach daer-cheist
I "nIrisleabhar na Gaedhilge."
Níor lugha an doigh is tréine
Dá bhfuair do chroidhe bocht féinig
Ón mbreoiteacht so dhein t'éirleach,
A uain na foidhne 's na féile,
'Ná an doigh do chuaidh n-a géireacht
Tré lár chroidhe na hÉireann
Nuair chualthas tásc t'éaga.
Thug súd fir gan áird gan éirim;
Thug mná ag stathadh a gcéibhfholt;
Thug leanbhaí ag béicidh;
Thug ainmhidhthe ag scréachaidh,
Ag bualadh 's ag bascadh a chéile;
Do chrom an scealg ar ghéimridh,
Do chrith an sliabh go héachtach


L. 5


Do bhog is do rith na réalta
Anonn 's anall tré n-a chéile;
Do thuit an clagar ó sna spéarthaibh;
An ghaoth fé anfhaithe ag séideadh;
Is, a chara na n-ae istigh,
Cá bhfuigheam do shamhail ar éan-chor?
Och, Ochón!



Taoi scartha linn a annsacht na páirte,
Do sheachain an t-olc go gnáthach,
'S do thaobhuigh an mhaith mar shubháilce;
Ba dhual duit an umhlaidheacht n-a ndearnais;
Is a Dhia na bhFlaitheas, áilim,
Tré n-ar fhuiling t'Éan-mhac san pháis ghuirt,
Go raibh anam ár gcarad láimh leat
I Ríoghacht na nAingeal neámhdha;
Agus iarraim ar Mhuire Mháthair,
Bhí riamh lán de ghrásta,
Ionad dó do sholáthar
I measc na naomh-tháinte,
Agus abraimís go léir, Ámen.
Ámen, a Thighearna.


L. 6


2.- CAOINEADH
ar bhás Sheagháin Pléimionn, d'éag i mBaile Átha Cliath,
28 Eanair, 1896.



Brón na bhfear ngroidhe, ceasnaidhe, créacht is uch!
Leoghan na bhflaith bhfíor lag fí chré gan chuid;
Treon an deagh-chroidhe ghaiscidhigh, tréith anois,
Seadh leoin le ga nimhe an deagh-shíol Pléimionnach.



An Pléimionnach glé-chrothach gasta glan grinn
I gcré uainn is géar-bhruid dá maireann san tsaoigheal,
Féile agus daondacht do chleachtadh de shíor,
Is réiteach na ndaer-cheast ba dheacair do dhruing.



Drong an tseasaimh is aiste tháinig sé,
Bá lúbach mear é i dtreas 's i mbeárnain bhaoghail,
I gclú 's i meas do raid leis barr na bpréamh,
'S i n-iúl na Banba ghlac ó chách an chraobh.



Craobh-scaoileadh ar a líne badh ghreanta dar ndóigh
Géag fhíor-fhada is aoirde 's is taithneamhaighe cnó,
Préamh Thraoi thoir do shín chughainn tar caladh fé sheol,
Séimh-thaoisigh ba ghaoismhire a n-eascair dá phór.



Pór Mhiléisius, féach nach tirim a súile,
Is leoghan na nDéiseach fé n-a chuilteanna úire.
Mo bhrón an Ghaedhilg! Mhéala ag druidim chúichi,
I ndeoidh an tréin is léire dhein a congnamh.



Congnamh tráth thug Seaghán di 's coimirc cheannsa,
'S a cumhdach ghnáith ar bheárna 'n ghiolla ghallda,


L. 7


Gá thúrnadh tláth, 'gá bháth, 's gá chur i dteannta,
Gan súil le sásamh d'fhaghail 'n-ár nIrisleabhar-na.



Tá leabhair is léigheann go clé gan taithighe cliar,
Tá lom is béim ar éigse 's scread-chaoidh liach,
Tá scannradh léir ar ghné na mban sidhe thiar,
Chionn togha na laoch bheith tréith n-a lag-luighe i gcriaidh.



I gcriaidh, mo bhrón, ór-fhlaith ceann-úr cas,
Sin liathadh ar chlódh Fódla 's lagughadh cnead,
Sciath na leogan eoil gan mearughadh meas,
I mbliadhna, ochón, chóidh fé cheall-úir ghlais.



Glas-tsnaidhm ort a shiothbhra bháis gan stad
Do chíor sinn go dtí 'n smior, is d'fhag sinn gan neart;
'S a Dhia dhílis na n-aoibhneas dot árus beir leat
Ár ngroidhe-fhear, ár dtaoiseach, ar bhfáidh 's ár bhflaith.



an Feart-laoidh.



Flaith atá féd lár, a shéimh-leac mhór;
Flaith gan tlás b'eadh Seaghán glan Pléimionn sóghach;
Flaith do ghráidh thú, 'Chlár Luirc Éireamhóin;
Ár bhflaith do b'fhearr fuair bás; sin Éire i mb-r-ó-n!


L. 8


3.- TUIREADH PHÁDRAIG UÍ LAOGHAIRE,



Do fuair bás in sna hAeridhibh, i mBéarra, Conndae Chorcaighe,
30 Deireadh Fóghmhair, 1896.



Sin loma-scread caointe caoidh-fhliuch géar andeas,
An soirbh-fhlaith caoin bhí bríoghmhar béasach geal,
'S an curadh mear mín ba líomhtha, léigheanta stair,
Bheith curtha lag thíos fé íoghar na cré, mo chreach.



Is creach lán, is diombáidh, is caoidh 's is cumhadh,
An fear grádhmhar cionn-árd i gcill san úir;
Is lag 'táid le goltánacht saoithe Mumhan,
Ó's feas fán ar chrut bhláith a dtaoisigh chlumhail.



Ba chlumhail é an faraire b'fhairsing, 's dob' áluinn
groidhe,
Ba lúthmhar, lannamhar, neartmhar é i mbeárnain
bhaoighil;
Rith cúrsa a aitheasca i dteangain a mháthar aoil,
Mar shrúill na habhann go tapaidh gan tlás gan díth.



Is díth chian chráidhte do sháir-shliocht Éireann Airt,
An rí thiar Pádraig, ba bhreághtha béas is reacht,
Do scríobhadh dian-dhánta go lán-ghlic néata pras,
Tré bhrígh an chiair-cneámhaire i láthair daol san bhfeart.



San bhfeart ó chuireadh an siollaire Gaedhealach óg,
Is creach don bhfuirinn 'tá ag coimirc naGaedhilge beo,
Is mear an tuiseal é thuitim fé éigsibh eoil,
'S gan neach i n-a ionad dar gcosaint ar Bhéir go fóill.


L. 9


Go fóill, a bháis níor fhág tú an laoch againn;
Deagh-chórda cnáibe 'od cháibhleadh ar ghéig go tur;
Níor chóir an fáidh i lár shaoghail a lot,
'S gan leoghan n-a dheáidh do b'fhál le Gaedhil anois.



Anois do-chítar tíortha ar bogad chráidhte,
An mhuir le fíoch ag líonadh 'gus ag trághchant,
Na cnuic mór-thimcheall cíortha ar mire thárlaidh,
Is loch, is linn, is coill gan toradh gnáthach.



Is gnáthach búithridh cumhaidh ón ainimhidhe 'nois,
Ní'l trácht ar tiúin ná fonn ag scata an phíp dheis,
Is fáltha d'fhúigeadh srúille ar easbaidh aoibhnis,
Ó táitheadh dlúth fén úir an taca-thaoiseach.



An taoiseach ba ghasta chun seasaimh i ngleo gan tlás,
Is saigheada na nDanar do bhascadh le fóirneart lámh,
Chum laoithe agus ranna do chanadh do chóip gan cháim;
Mo scíos mo scalladh agus m'atuirse an leoghan ar lár.



Ar lár ó síneadh Rí na nAiceal n-uasal,
Tá Áine 's Aoife ag caoidh 's ag stathadh a ngruaige,
Do fágadh Clíodhna i linntibh leanna ag uallfhairt,
'S tá fán ar shlighe na ndaoine maith ón gcruadh-ghol.



Tá cruadh-ghol cáis ar Chlár Luirc chórach chaoin,
Ó bhruach na Mháigh go hÁth na Bóinne thíos,
Ón Stuaic go Nás 's ón Ráth go Cóf na Laoi,
Ár nGuaire bhláith gan áird ag dreoghadh sa chill.



Sa chill ó taisceadh an flaith-churadh i mBéarra thiar,
Tá a mhuinntir basctha treascartha fé gach ciach;


L. 10


Tá croidhe a bhanartlan laguighthe ag daod go dian;
Is caoin-tsliocht a athar go hatuirseach faon n-a dhiaidh.



I ndiaidh an leoghain is ró-bhocht bheam-na go bráth;
Tá an iath so Fódla ag feogh go follus le cách;
Tá fiaradh ar chlódh 's ar mheoin an Chonnartha cháidh,
'S is cian n-a threo go seolfar duine dá thásc.



Tásc ár gcumainn d'fhúig sinnil an saoghal ar fad;
A Ghrádh na mBuime 's a Chiste na Naomh gan cheal,
Dáil dár gcuradh gach sochar is séan ar Neamh,
Pádraig oilte geal oinigh Ó Laoghaire an fear.



AN CEANGAL.
Fear grádhmhar b'eadh Pádraig nár thogair cas cinnsil;
Fear dána ná stánfadh i dtroid ar son saoirse;
Fear fáith-chliste ar dhánta, 's ar nochtadh stair Ghaoidhilge;
A thásc-san is fáth chirt dom loma-scread ch-a-o-i-n-t-e.


L. 11


4.- D'ÉAG DONNCHADH.
Caoineadh ar bhás Dhonnchadh Pléimionn, d'éag i gCorcaigh, 8 Lughnasa,
1900. Beannacht Dé len' anam.



Och, ochón, is brónach mise!
Och, mo stór, mo chóir, mo chiste!
Och fé dhó, mo chlódh dá chlipeadh!
Mo chara, bhí beo, fén bhfód, anois uaim.



D'imthigh uaim mo luas, a chumainn,
D'imthigh buadh na huama chumadh,
D'imthigh suan, is ghluais go hobann,
Ó d'imthigh uainn an Guaire oinigh.



Beidh mo dheora 'dheoin ag sileadh
Ar an bhfód ar feogh fé' bhfuilir;
Nochtfad sceol don bhfeor i gcogar,
Fé dheoidh an chomhairle ót bheol go dtuigim.



Bím-se gnáthach lán de thuirse,
Ó chualadh tásc do bháis, a chuisle,
Síodhuidhe na dtáinte dámh gur sciob thu;
Sin lúb ar lár n-a dheáidh san bhfuirinn.



Creach na dtláth a gcás ná ceileann,
Fear det cháil ar bhfagháil na breithe,
N-a luighe i measc chách go sámhmh san reilig,
Ba dhual dot cháirde i nÁrd-mháigh tSeithe.



Beannacht Dé 's na naomh go huile,
Is Mháthar a Éin-mhic ghlé do ghoineadh,
Let anam féin dot shaoradh, a ghile.
Och, ochón 's is brónach mise.


L. 12


5.- STREANNCÁN CAOINTE
ar bhás Liam Uí Mhaoilruanadha, d'éag i mBaile Átha Cliath, 6 Beal-
taine, 1901. Go ndeinidh Dia trócaire ar a anam.



Fonn: "A Stóirín mo Chroidhe."



Caoineam, is caoineam is caoineam go huall-mhór,
Caoineam go truagh guirt ar fuaid Inis Fáil,
Ó,' caoineam ár ndíogras n-a luighe 'nois fén bhfuar-
fhód,
Liam Ó Maolruanadha, lag marbh san mbás.



Caoinidís Éigse na hÉireann go buadhartha,
Cíor-bhrat anuas ortha ó thuit leis an dtásc,
Is Rígh-"fhear na Muinntire" an bhéil-bhinn gur scuabadh,
Bó! siúd le luadh againn, 's a chruit cheóil ar lár.



Caoinidís spéir-bhantracht Éilge go huaigneach,
Caoinidís sluaighte fear gcumais neamh-spleádhach,
Mhar chaoinid na sléibhte 's na réidh-chnuic an tUasal
D'fhág go ró-luath sinn i n-easnamh 's i ngábhadh.



Guaire le féile é, 'gus féinnidhe gan chruadas;
Léir-chrobh ba dhual dó chun Banba ar phár;
Rogha-chéile ba dhilse na Naoi mBruinneal nduanach;
Gríos-ghuth ba shuairce chun port do ghabháil.



Trácht ar a thréithe badh bhaoth leamh soin uaim-se,
Taid siad n-a dtuairisc le fada idir chách;
Acht 'Éin-mhic na Béithe dá shéimh-sprid tabhair fuaradh,
Taobh leat is suaimhneas i bhFlaithis na nGrás.
Ámen.


L. 13


6.- TUIREADH MHICHÍL UÍ LÓGÁIN,
Fear "An Ghaodhail," d'éag i mBostún, i Sasana Nua,
10 Eanair, 1899.



Is atuirse ghuirt i bhfearannaibh Luirc
An teastas thar muir do thárlaidh,
D'fhúig sceimhleadh bróin ar aosta 's óg,
Is caoidh ar chóip na gcáidh-bhan;
An gliadhaire grádhmhar siansmhar sámh
Nár fhiar fé ghnásaibh námhad,
An Lógánach fial, sólás na gcliar,
Fó chlár i gcriaidh go lán-lag.



Tá "Cathair na dTreabh," cois fairrge ar fad
I rachtaibh go lag fé ghábhtar,
Is scamaill san spéir ag bagairt go tréan,
'S gan taithneamh na gréine lá ann,
Tá mná 'gus fir ag trághadh na rosc
I gcás i mbruid 's i mbeárnain,
Ó cualthas tásc an tsuairc-fhir lághaigh
San uaigh go tláth thar sáile



I mBaile Áth' Cliath na mbuinneán bhfial
Cionn-árd ciallmhar cáil-ghlan,
Tá fuireann gheal tséimh ag obair go géar
Ar fhriotal na nGaedheal a ghárdadh,
'S is saighead tré chroidhe gach deigh-fhir díobh
An greidhnach groidhe glan grádhmhar
Bheith d'easbaidh mar 'tá tachttha 'g an mbás
Le leagtar ar lár sliocht Ádaimh.


L. 14


Ní'l duine go sóghach ó Chorcaigh na leoghan
Go Doire na seol ngeal áluinn,
'S thar Tuaim dhá Ghualann ghluais lán-bhuaidhirt
Nuair chuaidh fá'n uaimh an sáir-fhear.
Ní'l cúil ná críoch, ná cúinne 'n Ríoghacht
Nách dubhach a bhítar ghnáth ann,
Fear Eagair "An Ghaodhail" fén dtalamh bheith tréith
'S gur theastuigh ó Ghaedhil a lámh-san.



Tá mná sidhe abhus fé lán-chaoidh fhliuch
Mar áirímhid-san a cháile,
Aoibhill, Áine, Clíodhna,'s Gráinne,
Aoife is Áilinn mhánla,
Sadhbh na scuab, an mhaighre bhuadhach,
Do thaidhbhrimh tuargain táinte,
Is Meadhbh na ruag le feidhim do ghluais
Le headhb thar Cruachan chráidhte.



Cá maitheas dam féinig labhairt n-a thaobh,
'S ná braithim liom éinne páirteach?
Nó 'n amhlaidh 'tá 'n éigse sheanda fá néall
Gan leabhaireacht léir n-a lámha 'ca?
Ba mhinic, ochón, me fuirsithe 'g sceol,
Nó tuilte de bhrón fé cháirdibh;
Acht áis na nGaedheal tar sáile i gcré
'Seadh d'fhág i bpéin go bráth me.



Grádh na suadh, 'gus grádh na ndruadh,
Grádh na n-uasal n-ársaidh;
Gaol na gcliar nár staon i ngliadh,
Saor-chlanna Iarthair Fáil ghlais;


L. 15


Cuisle na leoghan, ruire na dtreon
Curata, cródha, cádhasach;
Mairg do chuaidh go tapaidh san uaigh
A Athair na dtruagh 's é is cás linn.



Réidh-chorp laoich, is caomh-chneas aoil,
Géag gheal-ghníomhach láidir,
Séimh-dhearc cruinn is béal ba bhinn
Ar Ghaedhilg Chríche Fáilbhe,
Méar lag mín, caol-chrobh lighe,
Néamh mar Naois i n-áilneacht,
Mhéinn mhaith ghaoise, féile 's ghrinn,
Mho léan, n-a luighe fé láin-lic!



Ní dúinne is mó cathughadh 'gus brón
Fé chúrsaí leonadh an tsáir-fhir,
Acht dá chéile chroidhe 's í d'aontuigh tigheacht
Fé réim mar mhnaoi mhaith tráth dhó;
Dá chlann mhac ghroidhe 's dá chlann inghean
Gan chabhair gan chuimhdeacht thárlaidh,
Is dóibh is duairc an sceol so luadhadh,
Go bhfóire 'n tUan gach lá ortha.



Beannacht an Té cheap talamh is aer,
Is Flaithis na Naomh dá ráidhtibh
Le hanam geal tséimh an scafaire ghlé
Bhleacht-shnuidhte bhéasaigh bhláthmhair;
A Éin-mhic na ngrás do chéasadh sa pháis,
Is do shaor Clanna Ádhaimh dá bhárr-san,
Glac-sa let thaobh anam ár dtréin,
Is canadh gach éinne "Ámen."


L. 16


AN CEANGAL.



Ní sámh sonn crobhairí ógán groidhe;
Ghníd mná thall tonn-tuitim deorán linn;
Chím cách fann call-tsilthe, ó ghlóis fá'n líg
Micheál modhmhail leabhar-ghlaic Ó Lógáin chroidhe.



7.- BEANNACHT DÍLIS DÉ.
Ar fonn chaointe bhíodh coitcheann i measc muinntir Chonntae na
Midhe. Fuarthas an fonn ó shean-mhnaoi céad bliadhan nó os a
chionn, a bhí n-a comhnuidhe le hais "Teamhair na Ríogh."



A.- TUIREADH
(Le linn tógaint an chuirp as tigh an tórraimh).



Beannacht dílis Dé,
Beannacht Dé
Beannacht Dé len' anam!



Go ndéinidh Dia,
Dia na nGrás,
Trócaire ar a anam!



Solus Ríoghacht na Naomh
Tabhair, a Dhia,
Tabhair, Ó, tabhair dá anam!


L. 17


B.- AN CAOINEADH.
(Le gluaiseacht na sochraide.)



Caoineam togha agus rogha fear Éireann
'Tá sínte indiu go tréith lag;
Ochón, nach deorach iad Gaedhil bhocht'
Fé ualach bhuadhartha chéasta,
'S an flaith dár dhual a nguais a réiteach,
Sáithte fé chláraibh caola!



Caoineam cuisle is corp na féile,
Bronntóir na seoda daora;
Ochón cá ngeobham dá éaghmuis?
Ní'l díon ag an naoidhe déarca;
Thuit dubh-bhrat ar ughdair léigheanta;
D'fhágais go fáltha it dhéidh iad.



Caoineam Neart is Ceart i n-éin-fhear,
An Saoi d'fhuil bhríoghmhair Ghaedhealaigh;
Ochón, nach mór é ár méala?
Sin suan ar uaislibh Éireann;
'S ó d'imthigh uainn ár suairc-fhlaith séiseach
Táimíd go cásmhar déarach!


L. 18


C.- CAOINEADH AG GEATA.
(Ar linn dul ó gheata na reilge go dtí an uaigh).



Tógtar an leoghan,
Tógaidís ceathrar den chóip;
Och, ochón!



Stadaidh go fóill;
Cuiridh é síos fén bhfód;
Och ochón!



Flaithis na nÓrd
Go bhfuighidh 'anam go deoidh,
Ámén.


L. 19


8.- CAOINEADH AONGHUIS.



Ar bhas Aonghuis Uí Chuimín, Scríbhneoir na Sochaide d'éag i mBaile Átha
Cliath, lá deiridh na bliadhna, 1902. Trócaire go bhfuighidh a anam.



Cuiridh umaibh an dubh-bhrat síodha,
Tuar an bhróin is comhartha an chaointe,
Déinidh uaill ón gCluain go Daoilinn
Aonghus Óg fén bhfód, a Dhraoithe.



Togha na bhfear ar starthaibh Ghaoidhilge,
Laoch na meor ar chló-chur scríbheann,
Flaith gan cháim i ndáltaibh cuimhdeacht,
Draoi na ndruadh dar dhual an líomhthacht,



File, fáidh, is sáir-fhear ríoghdha,
De Thuathaibh Aeóir ón mBóinn do shíolruigh;
Mór a spéis san aol-bhrogh sidhe uirthi;
Uch! a bhás is cás le mílte.



Tuilleadh fós, tá Fódla fíodh-ghlas,
An t-an-fháilte do dháil don choigcrícheach,
'Dir cnoc is gleann is beann is mín-tsruth
I linntibh deor i ndeoidh an rígh-fhir.



'Aonghuis Óig, b'é leoin ár gcroidhthe
Do sciobadh uainn go luath it aois-se;
Dia na bhFeart ar Neamh dot dhíon-sa
Choidhche in' Árus. Ámen. Finis.


L. 20


II.- AMHRÁIN NÁISIÚNTA.



1.- DIA GO DEOIDH.



Dia go deoidh le slóightibh Éireann cáidh;
A Dhia coimeád a cáil go fíor;
Tabhair buaidh dhi i ngleo na mágh,
'Gus fuascailt ar a cneádhaibh,
Is ritheadh sí gan gábhadh
A cúrsa féinidh.
Fáilte 's míle bíodh ar fagháil
N-ár dtír roimh an tláth is an déarach;
"Creideamh agus Tír,"
Ár suaicheantas le gaoith,
'S an námhaid ag scrios tar tuinn
As Éirinn.



Músclam dóthchas fíor n-ár muinntir féin,
Le cois a chéile saothruighdís,
Fé smaoineamh rádh 'gus gníomh
Chum leasa Fáil ag claoidhe;
Sinn féin sinn féin go síor;
Dia 'ár saoradh!


L. 21


Oibreoghaimíd 'dir oidhche 's lá
Gan staonadh chum árdughadh ar Ghaedhealaibh;
Mairfimíd gan brón,
Is gheobhaimíd bás fé dheoidh
Mar dhein ár sinsir romhainn
I nÉirinn.



Fáisc-se, a Dhia, go dian i gcroidhthibh Gaedheal,
I gcuibhreach láidir grádh dhá dtír,
An grádh do ghrádhann gach gleann,
Gach sruth is bán is abhainn,
Gach portach páirc is beann
D'Inis Éilge;
Teanga 's ceol, is nósa Fáil
Dá ngóthughadh dhá soláthar gan éislinn;
Chífar Gaedhil, dar ndóigh,
Fé réim go seascair sóghmhail
Gan spleádhchas d'éinne beo
I nÉirinn.


L. 22


2.- AN mBEAM-NA SAOR ARÍS?



I leabhar mná uaisle áirithe is eadh do chead-scríobhadh é seo.



An mbeam-na saor arís?
An mbeam-na saor arís?
A Chlanna Gaedheal,
Le héan-ghuth chroidhe:
"Ó, beam-na saor arís!



Cahuin, a Ghaedheala chroidhe?
Cahuin, a Ghaedheala chroidhe?
Nuair a chífar Gaedhil
Go Gaedhealach groidhe
I dteangaidh, i mbéas, i ngníomh.



3.- BANBA, BUIME NA LAOCH.



Cé gur cumann le haicme gach tailimh a gcineadh 's a
gcraobh,
'S go dtugann siad taithneamh dá mhaise, dá shliocht, is
dá scéimh;
'S iad fuireann ar m 'aithne a mhaireann i nOileán leo
féin
Is fearr cumann dá dtalamh-san, Banba Buime na laoch.


L. 23


Ní fheicim-se samhail ár dtailimh san gcruinne go léir;
Fén gcrios ins an Aifric nó as soin go Tuile dá
dtéidhinn;
Ní feicim ná samail na gcailm-fhear shil fuil a gcléibh
'N-a srothannaibh fada ar son Banba Buime na laoch.



I n-imeallaibh ghleanna bhuig seasam-na i dtosach an
lae
Ag breithniughadh 's ag amharc ar bharra gheal shoineanda
an fhéir;
Cnuic ann fé chrannaibh is abhainn is seinim na n-éan;
Is minic a samhail i mBanba Buime na laoch.



An bhfeicir, a chara, na scamaill ag giollaidheacht san
spéir,
'S mar ritheann an ghealach gheal treasna ar a mul-
laighibh go léir;
Nó an gorm 's an dearg i gcaismirt ar dhul fí dhon
ghréin;
Súd uile ní hannamh i mBanba Buime na Laoch.



'S a chumainn na gcarad, i dtalamh beag milis na
nGaedheal,
Tá fuireann n-a mbeathaidh do chleachtann bheith soilbh
gan chlaon;
Ár gcineadh 's ár dteanga beid feasta gan milleadh
gan baoghal,
Is cuisle na seabhac ár mBanba Buime na laoch.


L. 24


4.- OILEÁINÍN GEAL NA hÉIREANN.
Fonn: "An Táilliúir."



A Oileáinín ghil na hÉireann
A phéarla chun fáiltidheacht,
Is tu m'aon-chumann tar cách dhíobh
Nár sáruigheadh i gclódh;
Is grádhaim go mór do shléibhte
Lá gréine fé scáth fraoigh,
Do chaol-tsrothanna ag gáiridhe
'Gus t'fhás-choillte feoir.



Is grádh lem anam féinidh
Do bhéithe gan ceann-fí,
Do thaobhoghadh thu le fonn dílis
Am síthe is gleoidh;
Is mo ghrádh-sa leis na tréin-fhir
Chaithréimeacha teann-bhríghe
Ná léigfeadh faic le Gall choidhche
I lann-tsnaidhm na leoghan.



Bíodh dlúth-cheangal, ná réabfar
Go héag, ar na táintibh
De shéimh-fhir Inse Fáilbhe
'Gus páirtidheacht mhaith fós;
'S Ó, a mhúirnín mhilis Éire,
Níor bhaoghal duit an námhaid fheíll,
Dá n-aontoghadh gach sár-bhuidhean
I ngrádh chroidhe let chóir.


L. 25


5.- SEATHRÚN CÉITINN.



Is iad an Comhaltus atá ag soláthar sleacht-chuimhne do Dhochtúir
Céitinn d'iarr orm an duan so a cheapadh. Do léigheadh é ar chuirm cheoil
a bhí fé n-a gcúram i mBaile Átha Cliath, 15 Bealtaine, 1904.



A Éire bheag éachtach na ngeal-phrionnsa,
Ba léire le féile 's le flaitheamhlacht,
Caomhain-se tréimhse gan mearughadh linn,
Go scéalfam ar thréitheanna ghlan-ughdair.



Do b'aerach do shaoghal is ba cheart ionnraic
Fé ghréithre bhreaghth' éadaigh ar dhath lonnrach,
Tráth thaobhais le Gaedhealaibh 'á neartughadh bheith
Is trean-choiste glé agat i ngach Cúige.



Caomh-righthe i réim chirt, do lean duthchas,
Ba ghléinneach le Gaedhealaibh gan aistriughchant
Chun saor-dhlighthe dhéanamh gan smachtughadh luit
Is féachaint it dhéidh-se go n-aithreamhlacht.



Laochra fé éide go pras lúthmhar,
Ná géillfeadh do chlaon-bhodaigh bhastúnda,
'S dá ndéintí ort éigean nó maslughadh ar bith,
Ná staonfadh in' éiric gan glan-chunntas.



Béithe gan éislinn gan easumhlacht,
Go raibh caora trí aol-dath n-a ngeal-ghnúisibh,
Le héan-lacht a gcléibh is le ceacht-mhúineadh
Do shaothruigh macaéimh dhuit 'n-ar fhan tnúth dhuit.



Do bhéasa, do shaoghal is do cheart duthchais,
Do théarnaidh 'n-a nGaedhealaibh fir allmhurach,


L. 26


Thar tréan-mhuir do léim chun tu cheann-mhúchadh
Gur ghéilleadar séimh-chion dot ghlas-úirdhreach.



Scaodh Danar laochda do fhan umhal duit
Tar éis do Bhrian fhaobhrach a lagughchant,
Tréad Normann éachtach, is Sasúnaigh,
Do bhréagais, 's i nGaedhealtacht do ghlan-tsughais iad.



Acht d'éirigh an t-éad is an neamh-dhlúthacht
Go claon idir récsaibh do dhearmhaid tú;
D'éaluigh an chaothacht 's an gallughadh ort,
'S ba bhaoghlach nár éagais fén athrughadh soin.



A bhanartla an anma, dá mhéid do bhroid
Bhíodh gasra go seasmhach ar thaobh do chirt,
Do scamalladh ar aicme ghliogair bhréige is chlis;
Is calmach dhen ghasraidh úd b'eadh an Céitinneach.



Eagailseach gur thaithneamh leis an naomh-chreideamh,
Do pheannaideadh dá dheascaibh-san le géireacht guirt,
Gach aithis uilc is masla fuair is é n-a bhun,
Badh dheacair soin ar mheamram gan fraoch a chur.



Fear labhartha go taitheacach ar chlaonta chuirp,
Fear teagaisc bocht is acmhuineach le héifeacht gluin;
An greadadh thug ar chleasaire, cér chéile fir,
I nEatharlach d'fhúig tamall é i measc tréadtha 's stuic;



Fear meamram a bhreacadh agus ba ghléasta ar phionn;
Fear seanchuis na Banban le chéile a chur;
Fear cantaireacht' ba bhlasta gob i nGaedhilg bhuig
De Sheana-Ghalla an cheannais a bhí Gaedhealach linn.


L. 27


Machtnaídh-se tamall air, a shluaigh Bhanban!
An sagart milis beannuighthe seo i bpluais chairrge,
Is gramraisc de dheamhnaibh a cuanta Aiciron,
Ag faire air chun a bhraithte 'gus a ruaidh-threascradh!



Fearthainn fhliuch is sneachtadh air is an ghaoth adtuaidh;
Scamaill neimhe ag bagairt air 's ag scéidhe anuas;
An chlagairneach go spairneach ag téacht n-a chluais,
Am eadarshuth gan taise dho ná éin-phioc truaigh!



Gan fallaing air dhá chasnamh ar shíon ná ar fhuacht,
Ná leabaidh ann acht carraig ar a sínfeadh suas;
Ganna-chuid na maidne agus na hoidhche d'uaidh,
A gheala-chrobha ar bailli-chrith 's an ghríosach fuar.



Ailp chairrge cois falla aige mar bhórd chun scríbhe;
Canna duibh i n-aice leis, is stól beag fí;
Leabhair ann do bhailigh as gach Cóige 'en tír,
Is Seanchus na Banba aige i bprós dá ríomh.



A lucht taithighthe na leabharlann n-a mbíonn eolas;
Gur theangamhaidh dhíbh beatha shona ar fíor-chomhghar,
Cead labhartha agus acaracht chun scríbhneoireacht,
Is scaipeadh agaibh ar leabhraibh gan moill nóimit.



Mhachtanaídh ar easbhathacht an fhír-leoghain úd
I nEatharlach is carraig ghlas 'ghá dhíon ón sioc
Bhur gcama-bhreith um aindeise nó mí-chóir air,
Caithidh uaibh, ná labharaidh air níos mó liom.



Borb-churadh is lonna-bhile 'thréad thar lear,
Ba chosnamhach ar lonnardhacht na nGaedheal so is feas,


L. 28


Ba ghonta cliste ar fhocalaibh a scéidhe n-a gceart,
Chun brostuighthe gach trodaire 'leith Éireann Airt.



Is follus dam gur dhoirchigh ar ghréin le racht,
Gur chorruigh ranna soluis, is an rae gur stad
'S gur leogais asat osna guilim, 'Éire Gheal,
Nuair torchradh an fortailleach i gcré go lag.



AN CHEANGAL.



Faraire breagh flaitheamhail de ghlan-chrú Gaedheal is
Gall,
Fear gasradh do cheachtughadh 's a cheartughadh d'réir an
Leabhair,
Fear seanchuis ba mhaith clú, 'gus gas búch d'éigeasfonn,
Is Eagailseach gan mearughadh b'eadh Seathrún Céitinn
sonn.


L. 29


6.- AG FILLEADH.



I gcóir Shochraid an Athar Eoghan Ó Ghramhna seadh do chéad scríobhadh so.
Do thosnuigh an t-aistear ag Los Angelos, i gCalafóirne, ar an dara
lá de mhí Mheadhóin an Fhóghmhair, 1903, agus do chríochnuigheadh air i Maigh
Nuadhat, 27 Meadhon Fóghmhair, 1903.



A Rígh na Naomh ngeal,
Do chum na spéartha,
An mhuir mhór bhraonach
'S an talamh féarmhar,
Céad míle buidheachas,
Let ainm naomhtha,
Ár gcara 's ár gcaomhthach,
A bhí go diadha saothrach
Ar feadh an téarma
A chaith ar an saoghal so,
Bheith ag teacht thar tréan-mhuir
Thar n-ais go hÉirinn;
Do b'fhearr leis féinidh
Go gcuirfidhe i gcré annso
N-a dhúthaigh féin é.



Is dó bhí i ndán abhfus
Barra fóghanta a chur
Le fíor-chruadh-shaothar docht,
Cé nár leigeadh dhó bheith annso
Chun a dhualgas cóir a bhreith,
Chun a thoradh súd do bhaint,
Chun blátha buana a ghuirt
A bhí le teacht go tiugh
A thabhairt fé ndearr indiu;


L. 30


Acht an cladhaire an bás do sciob
N-a líontaibh leis ár gcuid.
A Dhia, nach deorach guirt
D'iathaibh Fódla Luirc
Ár gciallach gleoidhte anocht
N-a chorpán cré gan chor
Ag casadh chughainn tar muir
I gcómhrainn chlár istigh!



A Athair Eoghain na n-árann,
Taoi ag casadh arís tar sáile
Ar an dtír do chleacht do mháthair
'S gach uasal-treabh ó dtángais,
Acht mo chreach is mo chráidhteacht
Ní hit bheathaidh atáir-se,
Acht tú it ualach cnámhna;
Fóríor, is romhat atá an fháilte,
Acht máiseadh ní ró-shólas soin,
Tá an iomad den dólás tríd.
Is romhat-sa a chuirfidhe an fháilte
Dá mbítheá chughainn tar sáile
It bheathaidh is it shláinte;
Acht tá Dia leat 's a Mháthair,
Is taoi-se i bhfad níos fearr as.



A bhantracht chroidhe na Fódla,
Stadaidh feasta 'en bhrón-ghol;
'S a laochra chalma leoghanta,
Cá maitheas dúinn ath-nódhchant


L. 31


Ar shileadh tuilthe deora?
Ní súd do b'fhearr lem stórach
Nuair a bhí go bríoghmhar beo againn,
Acht go bhfeicfeadh sé geal-dóthchas
Ar lasadh i gcroidhthe ár slóighte,
Fonn chun tuilleadh gnó orainn,
Agus Clanna Gaedheal i gcómh-lucht
Ag teacht d'éan-bhuidhean go seolta
Amach as lár an chomhraic,
Is bratach Saoirse Fódla
Le gaoith go huaibhreach rompa!



7.- SEO RAFTERÍ AN FILE.



Ar "Amhráin Rafterí," Leabhar do chuir an "Craoibhín Aoibhinn" i
gcló, is eadh do ceapadh an aiste seo.



Seo Rafterí an file
'S é ag iomchur an fhidil;
Seinnfidh go milis
Is cuirfidh sé sinne
Ag rinnce le mire;
Rafterí an fhriotail
Bhuig nascaithe chliste,
A bheadh géar ar an nduine
Ná féachfadh dá dhuille
Is ná tabharfadh dhó pinginn;
Rafterí oilte
Do mholfadh an bhruinneal


L. 32


Do chuirfadh go socair
N-a shuidhe cois na teineadh é,
Agus freastal ciuin miochair
A dhéanamh n-a ghoire.



A Rafterí, molaim
Do shaothar-sa, a chumainn,
Do ghéireacht, do ghontacht
S an tsaor-thuile focal
Gan staonadh gan tuisle
Ót bhéal-sa do thigeadh.
Gheobhaimíd duit ionad
Istigh i n-ár gcroidhthibh,
Mar a bhfuil truagh dhon duille
Agus meas ar an nduine
Bhí taobh le sean-fhidil
Go raibh téad, b'éidir, briste ann,
Is le cumas a fhriotail
Chun a bheathadh do thuilleamh.



'S a fhir eagair an oinigh,
Do chóirigh dhon bhile,
Do chion-sa dhen mholadh
Badh chóir a thabhairt duit-se.


L. 33


8.-"MÚSCAIL DO MHISNEACH, A BHANBA!"



Fonn: "Mallaí Níc Ailpín."



Do bhítheá-sa 'Éire fé réim cheannais tráth,
Agus laochra nár bh'fháltha ar do shlógh,
Do scírdeadh fé léan uait lucht léir-scrios is áir
Agus tréadta na mbárc is na seol;
Bhíodh taoisigh na Féinne go héascaidh it pháirt,
Is faobhar aca gnáth-ullamh dhóibh;
Is, Ó, a thírín na n-ae 'stigh, uch 'Éire mo ghrádh,
'Bhfuil féinnidhthe 'á gcáil anois beo?



Féach Aodh Ruadh Ó Néill is a chaomhthaigh gan cháim
Do shaothruigh an tÁth Buidhe fé ghlóir,
'San Domhnallach déid-gheal ba léire san ár,
Ar bh'éachta gan áird a geuid ghleoidh?
Nó Domhnall geal Bhéarra na mbéimeann nár thláth,
Nó tréan-Phádraig Sáirséil an leoghan;
A chomhursanna chléibh a' bhfuil éin-fhear dá ngrádh siúd
D'Éirinn ar fágháil anois beo?



Acht cloisim gach éan-ghuth ag éirighe go hárd,
Agus d'éan-toil 'á rádh liom gan brón:
Go mbeidh filleadh ar an bhFéinn go dtí Éire na ndán,
Is Ó Néill agus Sáirséil geal leo;
Ó, sciobfar a géibhinn ár gcaomh-Inis Fáil
Le tréineacht deagh-lámh na bhFear nÓg;
Is mo ghoirim thu 'Éire; sinn féin i n-aghaidh 'n námhad;
Tá an spréidh i gcroidhe-lár ionainn fós!


L. 34


9.- Mo THALAMH BEAG DUTHCHAIS FÉIN.



Fonn: "The Maids of Mourne shore"



A Éire, a chumainn na gcumhangach,
Fuair bascadh 'gus brudh ó Bhéir,
Do réab, a chara, do ghnúis-se
'S do laguigh go humhal do scéimh,
Is dilse fé dhó thu liúm-sa
'Ná stór is 'ná cumhachta an tsaoghail,
'S 'ná ríoghachta na Rómha 'gus na Rúise;
Mo thalamh beag duthchais féin.



Mo ghrádh-sa do mhór-bheanna, a mhúirnín,
Do ró-ghleannta srúileach glé,
Do bhánta 's do móinte geal' úra
Fé cheo-bhrataibh drúchta ar fhéar;
Is aoibhinn é um meadhón an Iúil ghluin
Le fáinne flúirseach an lae,
Éan-amharc amháin ar an ndúthaigh
Im thalamh beag duthchais féin.



Na coillte glasa duilleabhra
Cois abhann gan diúltadh ag téacht;
Na héanlaith gan eagal ag súgradh
Is na héisc ins an tsrúil fé réim;
Ó caithfad mo shaoghal go húir dam
I nÉirinn mo chúig céad spéis:
Is Dia na nAingeal ag cumhdach
Mo thailimh bhig dhuthchais féin.


L. 35


10.- COMAIRLE AN GHAEDHIL DÁ PHÁISTÍN.



Fonn:



A Phádraig Óig, uch a stóir mo chléibh,
Ó's deimhin gur thógas tu ar nós gan bhéim,
Do réir na huaisleacht ba dhual do Ghaedhil,
Ó, mo chroidhe-se 'ot chúram is súd ná tréig.
Mo chuid den tsaoghal thu, mo scéimh, mo chlódh,
Gach áit go mbír-se ann ist oidhche is ló;
Ná dearmhaid choidhche do shinsir romhat,
A dteanga Ghaedhilge 's a léireacht nós.



Taoi ag dul i mbáireach a ghrádh na n-ae
Ar scoil let leabhar chun foghluim léighinn;
Is chím go breágh ann an t-Á Bé Cé
Sa chló ba ghnáthach ag fáidhibh Gaedheal.
Mo chuid den tsaoghal thu, agus rl.



Ní raibh scoil ná buidheanta lem linn-se féin
Acht scoil gan áird agus máighistir baoth;
Ní thuiginn bladhmann an taidhbhsigh chlé,
Agus d'fhágas slán agá gháitsí léin.
Mo chuid den tsaoghal thu, agus rl.



Ó, glac mo chomhairle a mhic ó chughat féin,
Is cuir chun meabhrach do leabhar go séimh;
Mhar ní thiocfaidh árdach ar Chlár-Luirc ghlé
Chun go mbeidh a muinntir ar líomhthacht léighinn.
Mo chuid den tsaoghal thu, agus rl.


L. 36


Seadh, imthigh uaim 's gura' buan tu a laogh,
Go ngabhair-se an bóthar is cóir do Ghaedheal;
Bí ag claoidhe le dúthracht dot dhúthaigh féin;
'S mo bheannacht chroidhe leat dot dhíon go dtéidhidh.
Mo chuid den tsaoghal thu, agus rl.



11.- TEANGA MHAITH SHAORDHA.



Fonn: "Stáca an Mhargaidh."



Is teanga mhaith shaordha mhaordha mhaiseamhail
Néata neartmhar, thug Maor na bhFlaitheas
Le ró-dheoin do Bhanba an eoil;
'S is dearbhtha 'on tsaoghal gur mhéinn len' Aigne
A préamha beannuighthe glé go mairfadh.
I bhFódl' Eoghain, fé rachmas go deoid.



Curfá.



Cara mo chléibh an tréad gan eagla
Thosnuigh scléip ar thaobh ár dteangadh-na;
D'éinne feasta ní ghéillfam dadamh,
Acht Gaedhilg bhlasta gan staonadh labhairt
Go deoidh deoidh, fad mhairfimíd beo.


L. 37


Is fada bhí náire ghránda 's aithis
Ag táintibh alla-chon dána searbh,
Tré mheon d'reoil i labharthaibh beoil,
Dá gcaitheamh gan stánadh ar ghnásaibh Fearainn Luirc,
D'fhág fén ama sinn tnáithte dealbh:
Acht gheobhaid sceon nach taithneamhach leo.
Cara mo chléibh agus rl.



Do chuiris díot téarma, a Éire an cheana,
'S tu traochta i gcreathaibh ag Béir gan taise,
'S do ghlór eoil ag imtheacht ar feodh;
Acht tá gasra thréan ag déanamh spairinne,
Ag gléas ortha airm is éide catha,
San bhrón-chóip seo leagfaid gan treoir.
Cara mo chléibh, agus rl.



Go bhfeiceam-na an lá 'mbeidh sáir-shliocht calma
Láidir Bhanba ar lár a leasa
Fé scóip nódh 'gus aiteas n-a gcóir:
Teanga na nDámh go hárd fé ghradam,
Is táinte 'á cleachtadh go sásta seascair
Gan smól bróin i bhfearantas Eoghain.
Cara mo chléibh, agus rl.


L. 38


12.- AR MHAIDIN INDÉ.



Fonn: "Táim-se im chodhladh 's ná dúisigh mé."



Ar maidin indé 's mé im' aonar tamall
Ar thráigh na fairrge ag siubhal go séimh,
Bhí luisne ón ngréin ag téacht go taithneamhach,
'S dob' árd í cantaireacht chiúil na n-éan;
Bhí balaithe glé ar gach taobh dhíom scaipithe;
Gamhain is géadhanna ar féar ar leachain chnuich;
An talamh gan bhéim 's an spéir gan scamalla;
Táim-se im chodladh 's ná dúisigh mé.



Ba ghairid ar chuaird ar bhruach na mara dham,
'S me chráidhte treascartha brúidhte faon,
Go bhfeacadh-sa anuas ón mbuaich i n-aice liom
Báb 'n-a reathaibh, 's i chugham ag téacht;
Ba chamarsach cuachach fuaidhte é a charn-fholt;
'S a leacha mar dhruacht ar luachair mhaidne 'muigh;
Ba ghasta gan ghruaim a snuadh 's a pearsa liom;
Táim-se im chodladh 's ná dúisigh mé.



Nuair phreab os mo chomhair an óig-bhean bhanamhail
Go lár gan dearmad d'umhluigheas féin;
Is d'aithcheas an ógh den ghlór ba chliste agam,
Fáth a bruide do scrúdadh im ghaobhar;
Nó ar bh'ise agam Céarnait chéad-chuir muileann ann?
Nó an bhruinneal do bhréag léi i gcéin an Ridire?
Nó "an tusa agham Déirdre tre'r traochadh truipeanna?"
Táim-se im chodladh 's ná dúisigh mé.


L. 39


Do fhreagair an bhé de bhéal-ghuth bhlasta me:
"Níor áirímhis m'ainm-se annsúd, a laogh,
Cé gurab aithnid dam féin gach éinne 'n aicme úd
Dob' aoirde gairm is chlú 'gus réim;
Is me buime agus chéile laochra gaischeamhail,
Fuair ceannas is craobh na hÉireann eatortha;
Is chaitheas-sa tréimhse 'em shaoghal i gCaiseal Chuirc;
Táim-se im chodladh 's ná duisigh mé.



Mo chreach is mo léir-scrios géar an aicme seo
D'fhás de shleachtaibh na bprionnsaí dtréan,
Gan aitheasc na nGaedheal fé réim ar an dtalamh so
Fé mar chleachtadar plúr na laoch;
Is fada me ar stáir ó thárlaidh cead agam,
Im reathaibh gach lá tré lár na Banban,
'S ní chloisim i n-áirde acht gáir an tSasanaigh;
Táim-se im' chodladh 's ná dúisigh mé."



"Do mealladh thu a laogh, 's a ghéithlean gheanamhail,
Tá na farairí d'úir-shliocht Gaedheal
N-a seasamh go teann i dteannta an Chonnartha
Ag chur scannradh ar Dhanair a Dúthaigh Néill,
Tá Ó Scannail na ndán 'ghá rádh go solusmhar
Go bhfuil teanga Inis Fáil fé cháil i gCorcaigh theas:
Céad míle hurá, tá báire an tsonais linn!
'S dá mbeinn im chodladh dhúiseoghadh súd mé.


L. 40


13.- AN TSEAN-BHEAN BHOCHT.



Fonn: "An tSean-Bhean Bhocht."



Grádh mo chroidhe an Teanga Ghaedhilge,
Ar san tSean-bhean bhocht;
Grádh mo chroidhe an Teanga Ghaedhilge,
Ar san tSean-bhean bhocht;
Grádh mo chroidhe ár dTeanga féinidh;
B'fhearr liom í, 's ní chanaim bréag díbh,
'Ná an drabhfhuigheall go dtugtar Béarla air,
Ar san tSean-bhean bhocht,



Cad is dóigh leat d'fhás na Gaedhilge,
Ar san tSean-bhean bhocht;
Cad is dóigh leat d'fhás na Gaedhilge,
Ar san tSean-bhean bhocht.
Chífar fós go dána an Ghaedhilg,
Rinnce is ceol is gnáis na nGaedheal,
Is sceimhleadh dóighte ar ál an Bhéarla,
Ar san tSean-bhean bhocht.



Is a mbuaidhfam Saoirse d'Éirinn?
Ar san tSean-bhean bhocht.
Is a mbuaidhfam Saoirse d'Éirinn,
Ar san tSean-bhean bhocht,
Ó adhe! Buaidhfam Saoirse d'Éirinn,
Ó'n gClochán go dtí Binn Éadair,
Mar tá fáinne geal an lae chughainn,
Ar san tSean-bhean bhocht.


L. 41


14.- CATH GHLEANNA MOILIUGHRA.



Mar ar bhuaidh Fiacha Mac Aodha Ó Broin ar ghallaibh, 25 Lughnasa, 1580



Do tháinig Grae de Bhilton chughainn
N-a bhodaire uaibhreach nimhe;
Ní raibh dream fé ghléas sa chruinne riamh
Ná go dtiocfadh leis a chlaoidhe:
"Taispeánfad dos na chodlataigh seo
I nInis Fáil gan mhoill,
Mianach fola an Normannaigh
Agus treise a lámh i mbruighin.



Is go deimhin ó thánag eatortha
Ní fuláir dúinn beart is gníomh
Do chur i leith chlú Shasana
'S ár ndeagh-bhanríoghan Eilís;
Airighim go bhfuil i ngoireacht dúinn
An madradh is dána dhíobh;
Ullmhuighidh i gcóir na maidne dham
Agus leagfam bearna tríd."



Do chaith de Bhilton seachtmhain ghlan,
Cé gur leasc leis uair de mhoill,
Ar scoth na nGall do tharrach chuige
I mBaile Átha Chliath go chruinn;
Adtuaidh aniar 's andeas go tiugh
Do ghabhadar slán gach slighe;
Faire chughat a Bhranaigh ghil
Tá an ghramraisc ar do thí!


L. 42


Acht níor chodladh suain don Bhranach é
An tseachtmhain úd i síth;
'S mo mhíle thruagh de Bhilton tu
Má bhlaisfir d'fhaobhar a chlaidhimh;
"Gheobhad Próinsias mear Mac Gearailt
Agus Séamus Mac Éastaois:
Mo dhubhshlán beo agus marbh fúibh,
A chlanna Lunndain fheíll."



Go luath do ghluais an Gearaltach,
'S a chara le n-a thaoibh,
Ar fuaid Ó dTróin na gcailmfhear
Ó bhFáilghe maith is Laighis;
Ba shuairc é croidhe gach ceatharnaigh
Nuair ghlac n-a láimh a chlaidheamh:
"Seadh, gabhaim thu in-ainm Bhanba,
'S gan dearmad déanfair gníomh."



Níor theipthe ar an nGearaltach,
Do tharraing leis a bhuidhean,
Is Mac Éastaois dá leanamhaint
I gan-fhios tríd an dtír;
'S in-indeoin ar dhein na Sasanaigh
Do ghabhadar folach dín
I nGleann Maoiliughra an Bhranaigh mhir,
'S ar Shliabh Ruadh i measc an fraoigh.



Um dheireadh thiar na seachtmhaine.
Do ghread de Bhilton roimhe,


L. 43


Fiche míle Sasanach
Go greanta gléasta i gcrích,
Gunnaí móra is beaga aige
'S gan dearmad airm faoibhir,
Is thóg sé longphort taitheacach
I mbéal an ghleanna thíos.



Ar Lughnasa a cúig fichead
Fé bhrothal lae teasaidhe
Bhí ullamh ag de Bhilton,
Is d'fhág a longphort aoil;
Seo aníos an gleann an ghramraisc;
Cá ndeaghais a Bhranaigh ghroidhe?
An i gan-fhios duit go bhfuiltar chughat?
Ó a Dia an it chodladh ataoi?



Ní cloistar torann a dtaistil
Cé gur garbh cruaidh í an tslighe;
'S má thárlaidheann duine 'á leagadh ann
Ní cloistar a eascainí;
Na spéartha thuas gan anfhaithe;
An talamh ciúin 's an choill;
An ghrian anuas ag taithneamh ortha,
Is aiteas ar an mbuidhin.



Acht de gheit do chrith an talamh
Is lasadh suas an choill,
Is leagadh sreath breagh Sasanach;
Mo ghraidhn tu a Fhiacha chroidhe!


L. 44


Arís do bhúirth an torann úd
Is do thuit sreath eile dhíobh;
Do ghlac an fuighealach eagla,
'S chum reatha leo gan mhoill.



Anois a Ghaedheala chalma,
Seo, tagaidh fútha arís;
Leanaidh iad is leagaidh iad
Is agraidh ortha díoghal
N-a ndearnadar de bheartaibh uilc
Ar fhearann Éibhir Fhinn;
Tá saithe annsúd ar teicheadh romhaibh
Is tugaidh dhóibh an claidheamh.



Anuas gach taobh do phreabadar
Ar aicme an Bhéarla chaoil,
Dá ruagadh 'gus dá stracadh,
Dhá mbascadh 'gus dá gclaoidhe.
Ghlac scannradh a bháis de Bhilton
Is do theich fé uamhan ón mbruighin;
Is Casbí Mhullaigh Mhaistean
Chuaidh sleagh tré lár a chroidhe.


L. 45


15.- INDÉ IS ME AG TAISTEAL.



Sidé an duan do cheapas i gcóir Oireachtais na bliadhna 1904.



Indé is me ag taisteal ar maidin go ró-mhoch
Cois taobh na habhann so i n-aice dhár gcómhgar,
Fé ghéagaibh darach fé chrannaibh fuinnseoige
Le gréin na maidne a bhí ag tarraint go seolta.



Na héin le haiteas ag cantain go ceolmhar
Dá chéile ag freagairt go taithneamhach beol-bhog;
Scaodh breagh eala ag drapaireacht rompa
Ar séirse trasna na habhann go módhmh'rach.



Na héisc ag preabadh go meanmnach mórdha
Ag déanamh cleasann a chleachtaid a sórd-san;
Tréad fiadh beannach is ana-chuid bó ann,
Is laéigh is capaill n-a seasamh ar feorainn.



'Seadh chonnac fém dhéin an ghéithlean áluinn
Chumasach chraobhach phéarlach bháin-chnis
Ba shoineanta gné is ba néata bláth-chrut
Dá rugadh de phréimh chirt Ébha is Ádaimh.



Do bheannuigheas don gheal-ríoghain bhláthmhair
Mar thaithighid lucht ealadhnta Chlár-Luirc;
Is d'fhachtuigheas cá treabh dhí dá lán-toil,
'S cár haithrigheadh an deagh-shíol ó dtáinig.


L. 46


Ní muar liom a luadh dhíbh, a cháirde,
Gach tuairisc dá bhfuaireas ón gcáidh-ghein,
Tuairisc an tsuaircis 's an áthais,
Tuairisc le fuaimint na bhfáidhe.



"A fhile," ar sí "an fíor nach eol duit
Cá fuireann, cá síol, cá tír, cá pór dham?
Acht tuigim mar dísceadh saoithe an tsóghchais
Fé chrosaibh an tsaoighil, is ní díbh-se is mó locht.



Mise agat Máthair ghrádh na leogan
Fuair seilbh is stát i gClár-Luirc órdha
De chumas na lámh nar bhfáltha dreoighthe,
'S ar ionad an áir ba láidir cródha.



Is me cuisle ne dáimhe bláith seo Fódla,
Gile is leanán Aodhgáin is Eogain,
Muirinneach Sheáin ghil Chláraigh cheolmhair
'S a thuilleadh de rás na rábach eolais."



"Ní gádh dhuit t'ainm a labhairt ar éan-chor,
A bháb na maise is aithnid dam féin tu;
Fáilte is dafhichid le taithneamh mo chléibh romhat,
Acht fáth an taistil seo abair let éan-toil."



"Ní taistealach fáin do tháinigh i gcéin me
Le racaireacht dáin ná ráflaí éithigh
Go bhfuil gasra ag trácht thar sáile d'éan-toisc
Chun fearantais Fáil gan spás a shaoradh.


L. 47


Do thugadh sibh cluas do dhuanta bréige
Is d'imireadh cluain ar chluain 'n-aghaidh an lae oraibh,
Gur sciobadh gan tuairisc uaibh le héigean
Gach seilbh is duais i dtuathaibh Éireann."



"Do bhíomair lag, a bhean, ná daor sinn,
Níor fhan flaith n-ár measc ná tréan-fhear,
Nár scírd tar lear ag braith ar théarnamh
Chun Saoirse a chasadh ar Fhearann Éibhir."



Mo phúir na flatha, mo dheacair a n-iarsma,
Ba dhlúth 's do b'fhada é a ngreadadh 's a bpianadh,
Do mhúin an pheannaid 's an anacair dhian dóibh
Gur i dtúis a leasa thig seachaint an iasacht.



Acht a dhuine mo chroidhe ná bíom go brónach,
Do cuireadh an síol le linn anró againn;
Bhí an ithir go mín, tá aoileach fóghanta ann,
Fuil chuisle agus chroidhe na mílte leoghan.



Braithim ag dúiseacht, plúr-scoth Fódla
Ó Dhaingean Uí Chúis' go Brugh na Bóinne;
An seana-sprid úd níor lúbadh fós é,
Acht maireann dar liúm is fonn chun gnótha air.



Is suairc an stáir a thángadh im reathaibh
Le nuaidheachta it dháil, a cháidh-fhir chneasta,
Ó Chluain Cholmáin ó Nás ó Eamhain
Ó Chruachan árd 's ó árus Chaisil.


L. 48


Tugaim scéala ó réxaibh órdha
Ó ollaimh léighinn ó laochraidh chródha
Go bhfeicfar scéimh an tséin ar Fódla
Acht go gcuirfidh Gaedhil le chéile i gcómh-lucht.



A dhalta na Suadh tabhair cluas dom chómhairle
Is aithris go luath do shluaighte an eoil í;
Ní ceannus go cruadhas; ní buadh go cómh-chion;
Is seachantar gruaim is fuath na cómhursan.



Faghadh Éire chaoin bhur ndicheall grádh anois;
Déinidh smaointe is gníomhartha i bpáirt léi;
Le chéile claoidheadh an mhuinntir ársaidh,
'S an tréad nach línn-na scaoiltar thársta.



Cuirtar an leanbh ag spreagadh na Gaedhilge,
Cuirtar an t-athair in' fharraidh dhá aodhaireacht,
Cuirtar dhá teagasc an teanga i ngach éan-scoil,
Is tuigim gur gairid go mbeidh rath ar bhur saothar.



Cuirtar fé bharraí deagh-thalamh na hÉireann,
Roth muilinn ag casadh ar gach sreabh agus faobhar leis;
Tugaidh aireachas d'bhur stair is d'bhur mbéasaibh,
Is coinghibhidh i mBanba clanna chirt Ghaedhil Ghluis.



Caithfad-sa gluaiseacht uait anois,
Is fada í mo chuaird thar Tuathaibh Luirc;
Beir beannacht gheal uaim go sluaighte an tsuilt,
Is beannacht an Uain go buan agaibh."


L. 49


D'fhág an chúilfhionn mhúinte mhánla
N-a deáidh annsúd mé ag liúgh tré áthas,
D'fháisceas liúm ar siubhal chun m'áruis
De stáiribh lúith thar drúcht na mbáinseach.



An ceangal.



A charaid chléibh sin agaibh fé
Mar thárlaidh dham
Gan chas gan chlaon gan bladar béil
Gan cháim gan chor;
Gheobhaidh Clanna Gaedheal thar n-ais a réim
Ar bhántaibh Chuirc
Acht teacht le chéile ar fad san scléip
Go páirteach glic.


L. 50


III .- AMHRÁIN AR ÁILNEACHT NA
TUAITHE.



1.- TÁ AN SAMHRADH AG TEACHT.
Fonn: "Tá an Samhradh ag teacht"



Tá an Samhradh ag teacht thar an dtír go léir;
Tá béal-bó-bleacht thar an íoghar ag scéidhe;
Bíonn lonnradh taithneamhach mín a gréin,
Is gluise 'gus eascar ag tigheacht ar fhéar.



Na huain san macha go lúthmhar saor,
Gan uamhan eagal ná cúram saoghail;
An bhuar san bhfaithche go siubhlach séimh,
Is siorraigh is capaill is fiú na ngéadh.



Tá an chuach ag labhairt i lár na gcraobh;
Fuiseoga ag cantain go hárd san spéir;
Réamhóga ar aiteann ag rás fé réim;
Is Donnchadh-an-chaipín in-áirde ar ghéig.



A cháirde téanam ag siubhal an fhéir,
Ag ádhbhacht 's ag aiteas tré chúrsa an lae:
Cá gábhadh bheith treascartha i lionn-dubh léin,
Tá an Samhradh ag tarraint le congnamh Dé.


L. 51


2.- GLEANN BEAG LÁGHAC AN CHEOIL.
Fonn:



Is thuas i n-uachtar Éireann áigh
'Tá baile is áilne clódh,
Mara dtaitneann rae 'gus réalta ghnáth,
'S an ghrian go sámh 'om dhoigh,
Mara mbíonn an féar n-a shlaoda ag fás
Ón tSamhain go lár an Fhoghmhair;
Ní'l baile i nÉirinn féin chomh breagh
Le Gleann beag lághach an cheoil.



Ní hannamh mé liom féin 'á rádh
Nuair bhím go tnáithte ó ghnó,
Gur ghreanta néata í scéimh na mbán
Bí ann ar faghail 's me óg;
Bíodh tuile thréan 's gach éan-tsrothán
Go Laghair an dá Abhann mór,
Gan droichead cabas ná fiú 'n chlocháin
I nGleann beag lághach an cheoil.



Ba dhúinne féin ba chéasta cás,
Ón scoil ag trácht um neoin,
An tsrúill ó thaobh go taobh bheith lán
'S an saoghal fé bháistigh sheoidh;
Acht ba lúthmhar éascaidh ár séirse ar bán
Gan fallaing scáil ná bróg,
Is preabadh anall tar abhainn gan scáth
'Dtí Gleann beag lághach an cheoil.


L. 52


Ag aodhaireacht gamhan sa Samhradh sámh,
Cois abhann ar bhántaibh feoir,
Do b'aoibhinn leam, is leabhar im láimh,
'S mé ag scrúdughadh dánta 's eoil;
Beadh seanchuidheacht ist oidhche ar fagháil
Is comhursain áilne fós,
Is ceol is rinnce is fíor-amhráin
I nGleann beag lághach an cheoil.



Go mairid súd fé chlú san áit
Go Gaedhealach grádhmhar cóir;
'S a bhaile is dúthchás dúinn tar cách,
Go rabhair gan cháim go deoidh;
Ar dteanga féin fé réim go bráth,
Is Saoirse ag Clár Luirc Óighe;
'Gus guidhim Mac Dé go bhfuighe mé bás
I nGleann beag lághach an cheoil.


L. 53


3.- SLÁN LE BAILE BHÚIRNE.
Fonn: "Do bhí bhean uasal seal dá luadh liom."



Mo shlán, cé dubhach liom a labhairt i n-éan-chor,
'S nach maith ná léir chuirfinn laoithe i gcóir,
Le Baile Bhúirne na ndragan ngléinneach,
'S is saighead go hae 'nnam mo scaramhaint leo;
Ba dham ba shúgach gach maidean réidh-mhoch
Um meadhán an lae ghil nó seal um neoin,
Gan cheás gan chúinse bheith 'measc na dtréan-fhear
Ag spreagadh Gaedhilge go seáscair sóghmhail.



Is i mBaile Bhúirne do-gheobhthá an Ghaedhilg
Gan cheal gan éislinn ag aosta 's óg,
'S go dtagaid ughdair is scataí béithe ann
Chum feabhas is léireacht do mheabhrughadh 's scóip;
Ba dheacair damh-sa cur síos lem chaol-pheann
Ar na fáiltí féile do-gheibhid go deoidh,
Ó lucht na Cúlach 's an Mhuilinn aoldha
'Gus Charraig an Aedhmaid bhí riamh gan smól.



I mBaile Bhúirne do-chífá réidh-chnuic,
Is mullacha sléibhte fé bhrataibh ceoidh,
Is scamaill úra thar tír ar séideadh
Mar thiocfadh féinnigh fé fhuadar gleoidh,
An cuileann, an t-iubhar is gach crann dá mb'éidir
A ríomh in-éan-bhall i nÉirinn mhóir,


L. 54


Ná héin ag súgradh ann go fairsiog aerach,
'S na bradáin ag léimrigh i bPoll na Bró.



I mBaile Bhúirne do-gheobhthá an fhéileacht,
Is fíor-chroidhe Gaedhealach is gnáthach romhat;
Mná tighe múinte agus leanbhaí léigheanta
Mar ba dhual do Ghaedhil bheith do réir sean-nós;
An cinnteach cumhang-chroidheach, má chaithfidh tréimhse
ann,
Ní baoghal ná gur Gaedhealach a bheidh fé dheoidh;
'S an seoinín súidh, a bhíonn ag spreagadh an Bhéarla,
Curtar ruaig go héascaidh ar gach duine 'á shórt.



Má theangmhuigheann dúinne tré ghrása an Éin-mhic
Go mbeam ar an saoghal i gceann bliadhna beo,
Och tabharfam cúrsa go cneasta céim-mhear
A lár an Bhéarla so ar Chorcaigh mhóir;
Go Baile Bhúirne do-gheobham gan éan-mhoill,
Mar bhfuil an Ghaedhealtacht go greanta cóir;
Is guidhim tré chongnamh an Té do chéasadh,
Go mairidh an Ghaedhilg ann slán go deo.


L. 55


4.- BÉAL NA CAIRRGE.
Fonn: "An Spealadóir."



'S thiar i mBéal na Cairrge
Táid sáir-fhir ghlé,
Do riarfadh céadta a scamall-bhroid
Le láimh bhreagh thréin;
Lucht labhartha Gaedhilge Fearann-Luirc
Go líomhtha léigheanta blasta bog;
'S ní staonfaidís i sparainn chnuic
Roim namhaid dá mhéid.



Do chuadhas-sa ar stáir ón gcathair ann
Le fáinne an lae;
Bhí an drúcht ar bhárr an gheamhair ghlais,
Is fás fada ar fhéar;
Bhí an ghrian go lónnrach taithneamhach
Ag scuabadh an cheoidh de bharra chnoc,
'S an chuach ar gheoig ag labhairt ann,
'S na táinte mion-éan.



Do b'aoibhinn leat bheith an mhaidean úd
Fé scáth choille ar fhéar,
Ag féachaint ar na garbh-chnuic
Is scáil díobh ag téacht,
Na huain i lár buill mhachaire
Go suairc ag ádhbhacht 's ag cleasuidheacht ann,
'S an ghrian anuas ag taithneamh ortha
Ó láimh dheis Dé.


L. 56


Do chuadhas i n-áirde ar bhalla
Dhen chaisleán ghroidhe ghlé,
'S do chonnac mar tholl an Sasanach
Go dána é le p'léir;
'S nuair chuimhnighim féin ar chalmacht
An chinidh chródha bheathuigheadh ann,
Och, bím go dubhach fá'n scaipeadh ghaibh
Ár sáir-fhir féin.



Tá an Ghaedhilg fós ar marthain ann
Go láidir tréan;
Is beidh go deoidh fé ghradam ann
Mar bhárr an léighinn;
Tá connradh d'fhearaibh calma ann
Gur bh'fhonn leo troid le Sasanaigh,
Nó fós le héan-droich-cheannairic
Bheadh páirteach le Béir.



Gluaisídh romhaibh, a ghasra dhil
Na ráidhte séimh;
Buailidh síos an ghramraisc:
Tá lá a ngonta ag téacht!
Bíodh Gaedhilg dhúthchais Fhearann-Luirc
'N bhur mbéalaibh choidhche 'á spreagadh agaibh;
Tá cáirde an Bhéarla caithte anois
'S ní cás linne é!


L. 57


5.- CUAIRD AR AN AILL.
Fonn:



Do chuadhas, lá, cois Abhann na Róiste
Fén Aill is ró-mhodhmharach gnaoi,
'S me tuirseach ó shíor-rothuidheacht bóithre,
'Gus gasra fear leoghanta lem thaoibh;
Do shuidheamair-na seal ar an bhfeór ann
I mothar ghlas lónnrach san gcoill,
Ag éisteacht le cantain na smólach,
'S le gramhsacht na Róiste fúinn thíos.



Do chaitheamair sealad go glórach
Ag síor-spreagadh ceoil ins an gcoill,
Is sealad ar theangain na Fódla
Do lucht an ain-eolais a mhaoidheamh;
Is dearbh nár bh'atuirse leo súd
Lá fada ar an nós soin a chlaoidhe;
Is dá fheabhas gach fear chun an ghnó soin
Is fearra gach óg-bhruinneal díobh.



Mo ghraidhn tu, a Phádraig na meor mear,
Is tu sheinneann go seoltha ar an bpíp;
Do b'fhearr liom 'ná mór-chuid den stóras
Dá bhfuighinn breith ar cheol mar do-ghnír;
Ní hiongnadh an Sean-bhaile dhot mhóradh,
Fine Gall is thar teorainn na Midhe;
'S ba bhinn deas do scaoilis an ceol uait
Mar bhuailis an bóthar romhainn síos.


L. 58


'S a dhaoine, tá iarsma ón ló soin
Ag leanamhaint do Thórna go fhíor,
Dá fhágaint go cásmhar tinn brónach
Gan acmhuin lé bréoiteacht dá chlaoidhe;
Do bhí súile 's gnúis lonnrach ar óigh dhis
Cois Abhann na Róiste a chomhnuidheann,
Agus loit siad a chroidhe bocht i dTórna,
Acht ar Éirinn ní 'neosadh cia'r bh'í.


L. 59


6.- SLÁN LE CORCAIGH.
Fonn:



Mo chúig céad slán léat, a Chorcaigh cháidh,
Nó an bhfheicfad go bráth thu arís?
Tá mo chroidhe go tláth, 'gus im cheann míorán,
'S is dubhach lag tnáithte bhím;
Do b'aoibhinn tráth liom bheith 'fiadhach na mbán,
Nó ag iascach i lár na Laoi,
Sara chuadhas i dtlás is gur chruaidh ar mo chás
I gCathair ghil bhreagh Chorcaighe.



Céad léan agus scannradh ar an dlighe seo anall,
B'é d'fhág i dteannta sínn;
'S ní bhfhuairamair ann acht cluanaireacht cham,
Do bhain tigh agus treabhchas dínn.
Is mé bhíodh go teann mordhálach modhmhail
Nó gur tháinig dream an fheíll,
Do chuir, mo lom, mé féin go fann
Chun fháin ó ghreann Chorcaighe.



A Mháire, a ghrádh, cuir suas do lámha
Agus tiormuigh do bhláth-ruisc ghrinn,
Ní réabfar tráth go héag ár bpáirt,
Agus fillfad gan spás arís;
Tá sceimhleadh is fán dár namhaid i ndán
Ó bhuidheanta fear láidir groidhe,
'S beam fós, a ghrádh, go suaimhneach sámh,
I gCathair ghil bhreagh Chorcaighe.


L. 60


7.- CUISLE MO CHLÉIBH CILL ÁIRNE.
Fonn: "Píobaire an Mhála."



Do chaitheamair lá breagh grádhmhar geanamhail,
Oró,
Ar bhruach Loch Léin na Féinne feardha;
'S cuisle mo chléibh Cill Áirne.



I Mucros na gcraobh na laoch 's na gcailm-fhear,
Óró,
Do chonncamair uaigh Eoghain Ruaidh san mainistir;
Cuisle mo chléibh Cill Áirne.



Tá an file n-a luighe go sítheach soineanda,
Óró,
Fé dhuilleabhar na gcraobh san naomh-bhrogh gile seo;
Cuisle mo chléibh Cill Áirne.



Torc agus Tóime ar bhórd an locha ghluin,
Óró,
'S na heasaigh anuas ar luadhail go torannach;
Cuisle mo chléibh Cill Áirne



Chífá gach lá n-ar bh'áil leat taisteal ann,
Óró,
A réidh-chosáin 's na blátha balsoma;
Cuisle mo chléibh Cill Áirne.


L. 61


Bíonn glas-oileáin ag snámh go seascair ann,
Óró
'S an choill go tráigh ag trácht go maiseamhail;
Cuisle mo chléibh Cill Áirne.



Shuidheamair i n-áirde ar stáitse chairrgeach,
Óró,
I bhfochair na Féinne is féile i mBanbain;
Cuisle mo chléibh Cill Áirne



Bhí "Diarmaid Ó Duibhne" 's laoithe 'á gceapadh aige
Óró,
Annsúd n-a shuidhe 's "Oisín" 'á fhreagradh;
Cuisle mo chléibh Cill Áirne.



Go neartuighidh Dia le Ciaruidhe mh'anma,
Óró,
Ón Dá Chích siar go dtí Iarthar Dhairbhre;
Acht cuisle mo chléibh Cill Áirne.


L. 62


8.- ATHCHUINGE.



Aoibhinn scaradh na scamall ós Léin-loch:
Glórach caismirtheach a easaigh ar thaobh chnuic;
Drúcht na maidne go fairsing ar fhéar ann;
Ceolmhar salmach cantain na n-éan ann.



An chuach ag labhairt san tSamhradh ar ghéagaibh;
An londubh binn san gcoill go séiseach;
Smólaigh cheannais ag freagairt dá chéile ann,
'S a nglórtha ag luascadh it chluais i n-éinfheacht.



A Dhia na gComhacht gan Tórna ar thaobh Tuirc
I bhfochair triath ró-fhial na Féinne,
An ghrian go hárd um lár an lae ghil
Ar chnoc is gleann, ar abhainn is maol-chraig.



Nó sínte ar bharra na cairrge léithe
Mar bhíomair tráth go grádhmar aerach;
An tír magcuaird go suairc gan éalaing,
Go hAchadh Dá Eó na slógh 's na gréine.



A Rí na ndúl do chúm na spéartha,
Do roinn an talamh ón bhfhairrge d'éan-toil,
Céad moladh mór let Mhórdhacht éachtaigh,
Chuir ceanntar fhial na bhFiann i nÉirinn.


L. 63


IV.- AMHRÁIN GHRINN, GHRÁDH, agus rl.



1.- COMHAIRLE AN FHILE.
Fonn



Ná bacthar an file
Acht tuigthar dá chás go fóill;
Is gnáthach a chreimeadh
Ag lucht mire chun práis is óir;
Is annamh a mholtar
An scrogalach cásmhar crón,
Acht tráth bheidh obair
Gan sochar ag trácht 'n-a chóir.



Is iongantach mar thuigeann
An duine do ghnáthann gnó
Na nidhthe ná tiocfadh
Dhon bhfhile bheith páirteach leo,
Ó threabhadh agus fuirseadh
Go piocadh dioscáin san bhFoghmhar:
"Mo náire thu a fhile.
Ót mhullach go sáil' do bhróg!"



Do-chím-se fuireann
San Inis seo Fáil na dtreon,


L. 64


Is cuireann a gclis orm
Buile agus gáire spóirt;
Cugham-sa tigid
Is smigeadh ortha i n-áirde beoil:
"If I had a ditty
I'd make this fonn breagh my own."



Nuair gheobhaid an ditty
Beidh tuilleadh ag teastáil ón gcóip;
Beidh port agus fiche aca
A ruithfidh go sámh mar cheol;
Sin chugham-sa litir
Ag lorg "amhrán nó dhó;"
Acht lá Philib an Chleite
'Seadh mo thuilleamh óm cháirde gheobhainn.



Seachain an file,
Tá fuinneamh 'n-a ráidhte fós;
'S dá scaoilfeadh ort-sa
Is dona bheitheá n-a dheoidh;
Da mhéid é do gliocas,
A dhuine atá lán de ghnó,
Tá spréidh ag an bhfile
Do chuirfadh go lár thu 'ot dhóghadh.


L. 65


2.- MO CHRUADHTAN AN DÁIMH-SHLIOCHT.
Fonn: "B'fhearr leogan dóibh."



Mo chruadhtan an dáimh-shliocht gur ghnáth leo fé réim
bheith.
I bhFáil-inis Néill i measc Gaedheala fad ó,
Ní'l d'uaisleacht i ndán dóibh fé láthair acht aoradh,
Agus báirdíní baotha fé shéan is fé shógh.
'S ag uaisle Chrích Fáilbhe nach náireach an scéal é
Gus fhás ortha claon-treibh do thaobhóghadh le Seoin,
Gur suarach leo dánta na dáimhe le héifeacht,
'S gur breágh leo na clé-ranna a scéidhfadh píoróid.



'S an scuaine seo thárlaidh go tábhachtmhar i réimeas
Níor chás leo lucht léighinn bheith i n-éagcruth go deoidh
Is uaibhreach a thráchtaid ar dhálaibh na hÉireann,
Acht páirt le n-a hÉigse ní dhéanaid de dheoin.
Do ruaigfadh an táin úd le hárd-chranna Béarla
Gan spás uainn na méath-phuic thar tréan-mhuir chun
seoil;
Dá luaithe bheadh ár agus rás ar na méirligh
'S eadh b'fhearr leis an dtréad so do réir ghuth a
mbeoil.



Acht b'fhuath leo na ráidhte do táthfaidhe le téagar;
Ní'l fagháil ar éin-éachta ar son Éireann n-a ndeoidh;
A ndualgas don dáimh ní fuláir a bheith réidh leis,
Is cáineadh i n-áit bhuidheachais a réadh-chaitheamh leo.


L. 66


Deir puathais den ngráscar: "ní háil linn do bhréithre;
Ní stráillí gan séan ar bith dhéanfadh ár ngnó;
Bí ag gluaiseacht is fáisc chughat do mhálaí chruadh-
Ghaedhilge,
Ní'l áird ag lucht céille ar éin-éifid det shórd."



3.- DOMHNALL BÁN.
Fonn: "An Cóta Caol."



Is suairc liom póg mo Dhomhnaill Bháin;
Is geal liom grádh mo chléibh:
Ní bhfuighinn ar shlóighte móra an áir
A dhíol de sháir-fhear thréan,
Is dilse Domhnall cródha cáidh,
Do bhíonn dom ghárdadh féin,
'Ná an fiolar órdha am tógaint áil
'S 'ná an leoghan dá láidreacht é.



Ní gluine an ghaoth do théidheann de rás
Thar maoilinn lá le gréin;
Ní cródha an laoch is tréine d'fhás
I gcríochaibh Fáilbhe 's Chéin;
Ní luaithe an t-éan do théidheann gan scáth
Os cionn na mbánta féir;
'Ná gluine 's cródhacht mhórdha bhláith
Is luas mo ghrádh-sa féin.


L. 67


Mo mhíle stór thu, a Dhomhnaill Bháin,
Mo chuid mo ghrádh mo laoch;
Ní d'réir an óir a thómhaisim cáil
An té seo ghrádhaim go héag;
Ní háil liom maoin a chroidhe gan cháim
Ó taoi-se láidir tréan,
'S le congnamh Chríost do stríoc don pháis,
Ní fheicfam gábhadh ná léan.



4.- CÉAD SLÁN LEAT.
Fonn: "Báb na gCraobh."



Céad slán leat a mhánla na gcarad
Do charas le grádh thar béith,
Ó thárlaidh i ndán dam go gcaithfad
Bheith scartha let pháirt go héag;
Tá a sháir-fhios ag Máighistir na bhFlaitheas
It thaithneamh a ndearnadh féin,
'S a rádh dhuit, mo náire agus m'aithis,
"Do shamhail níor bh'fhearrde mé!"



Cár chás liom acht táin do bhíodh farainn,
'S óm labhartha thál lacht léighinn,
N-a ráidhtibh bhíodh plás agus bladar
'S an ghangaid i lár a gcléibh;


L. 68


Mo shláinte tré pháirt duit do chaitheas,
Is mairfad ót ghrádh-sa i gcéin,
Acht beárna lem cháil-se má chasaid
Ná bac le n-a ráfal bréag.



Níor nár dam gach lá do ghabhadh tharm
Go gcaithinn let dhálaibh é,
Agus soláthar nár bhfáltha gur thaisceas,
Dot chasnamh ar thrácht an léin;
Don táin seo atá im dheáidh ort ag faire,
Mo bhagairt i dtráth 'nois léighim;
Coimeádthar thu a bháin-chnis gan asmuilt.
Nó lascfad-sa cnámhna i n-aéir.



Seo bárr mo dhá lámh dhuit-se, 'ainnir,
Bheith ag taisteal ní fuláir dam féin;
Is slán let dheagh-bhánbhrogh mar stadainn
Le scata fear ádhbhachta ag pléidhe;
Céad slán le n-a ndearnadh ort i n-aistear,
'S ar an aicme nach fearrde iad mé;
Mo shlán leat, 's ní nár liom é labhairt,
A ghaithlean na mbán-chrobh réidh.


L. 69


5.- NA GAEDHILGEÓIRI



Ar an dara lá déag de Bhealtaine do chuireamair ar bun i mBaile
Átha Cliath, fuireann iománuidhthe ar a dtugtaoi "Na Gaedhilgeoirí."
B'é Pádraig Mac Artghail a bhí mar chaptín orainn. Tá cuid de
"Na Gaedhilgeoirí," fá árd-réim i ndomhan na lúith-chleas anois.



Fonn: "An Cnota Bán."



Is fada me ag stródhaireacht romham ar fán,
Ón nGallimh go Bóinn 's ón gCóf go Nás;
Is ní fhaca-sa fós lucht treon do b'fhearr
'Ná an fhuireann Gaedhilgeoirí i ngleo an chamáin.



Ó, buailidh suas í a chlann a chroidhe!
'Gus buailfam cluain ar Bhéarla an fheíll!
Beidh sonás is sógh
Agus rath ar ár ngnó,
Gus leanam do nós na nGaedheal de shíor.



Is againne bhíonn báire láidir tréan
Gá bhualadh go tábhachtach dána géar;
'S ár gceann-uraid grádhmhar Pádraig féin
Ar a shluaighte ó lár na páirce ag glaodhach.
Ó, buailidh suas, agus rl.



Teanga na Fódla os comhair an tsaoigil
Gan eagla ar domhan seadh labhraimíd;
Bíonn tarrac n-ár gcóir de cheol na bíop
Do b'fhearra soin 'ná glór na Seoiníní!
Ó, buailidh suas, agus rl.


L. 70


A fhearairí uaisle chruadha gan cháim,
Cuiridh go búch le lúith-chlis Fáil;
Na cleasa ba dhual dár sluaightibh áir:
Beidh rath agus séan ar Éire' á mbárr.
Ó, buailidh suas, agus rl.



6.- IOMÁNUIDHTHE CHÉITINN.
Fonn: "Iombó Leoil."



Is minic do chonnac-sa truipeanna laochais
Ba chliste chum leadartha ar mhachaire an éirligh,
Acht ní fheaca lem' mharthain éan-aicme do fhéadfadh
An bhuadh bhreith i mbáire ó Iománuidhthe Chéitinn.
'S iombó leoil.



Is mire i lár catha iad 'ná Harcail na Gréige,
'S 'ná tréan-fhuireann Alastruim chalma mhaordha;
Níor mheasa dhuit Fionn agus plúr-scoth na Féinne.
Bheith ar t'aghaidh i n-am báire ná Iománuidhthe Chéitinn.
'S iombó leoil.



Dá bhfeicfá an Captín i lár buíll is é ag scréachaidh
'Á rádh: "coisc an liairne úd a Mhuirchiartaigh a mhéirligh;"
Is Liam agus Diarmaid laistiar agus faobhar ortha
Ag déanamh rí-rá ar son Iománuidhthe Chéitinn.
'S iombó leoil.


L. 71


Nuair a théidhid i gcomórtas is ró-dheas a fhéachaid;
Ríogh-ghorm na Cóige ar chasóigín gach n-aon díobh;
Sciath na dtrí gCoróineach trí ór ortha gléasta;
'Gus togha deagh-chamán ag Iománuidhthe Chéitinn.
'S iombó leoil.



Ní túisce san spairinn ár gcailm-fhir féinidh,
Ná go mbuailfidh Micheál Mac Aodhgáin buille néata;
Tabharfaidh an Luingseach dhi flíop go mbeidh faobhar leis
Is siúd amach báire ag Iománuidhthe Chéitinn.
'S iombó leoil.



Tá buaidhte aca fós, is is dócha dá réir sin
Gur dheacair a sárughadh chum báire do réadh-chur;
Má raghfar go dian ortha, an fial acht beidh éachta
'Ghá ndéanamh ar páirc ag Iománuidhthe Chéitinn.
'S iombó leoil.


L. 72


7 - NA PÁIRTIDHTHE.
Fuireann le báire i mBaile Átha Cliath.



Tá foirne láidre
Cliste chun báire,
Le tamall ag fás
I nÁitreabh Luirc;
Is chím-se de ghnáth
Go mbíonn cluig ar a ndeárnainn,
Fuil ag mear-rás
Is sláinte aca.



Acht mo ghoirim go bráth
Na Páirtidhthe!
Mo chuisle go bráth
Na Páirtidhthe!
Go bhfeiceam an t-ádh
Ar mhachaire an bháire
Ag druidim i ndáil
Na bPáirtidhthe!



Acht fuireann amháin
De lucht na gcamán,
Do bhíonn ins an bPáirc
Go háthásach,
Do bhainfidís bárr
De Fhiannaibh Fáil,
Dá mbeidís-siúd láithreach
Lá aca annso
Mo ghoirim go bráth, agus rl.


L. 73


Ainm na tána
Soineanta bláith seo,
Déarfad gan spás
A cháirde libh;
Nó ar chualaidh sibh trácht
Ar an ngásraidh bhreágh,
Bhuaidh gradam is cáil
Na bPáirtidhthe.
Mo ghoirim go bráth, agus rl.



Dá bhfeicfá ag iomáint
Mo laochra áir,
Beadh iongnadh dhá bhárr
Is áthas ort;
Bíonn Seoirse i gceart-lár
Na fuirinne ar fagháil,
'Gá spreagadh go hárd.
Chun báire a chur.
Mo ghoirim go bráth, agus rl.



Go mairid a gcáil;
S ní beag soin le rádh;
'Gus buadh gach láithreach
Báire aca:
Is béasa Inis Fáil
Fé ghradam go bráth;
Is Danair chun fáin
Fé náire a' scrios.
Mo ghoirim go bráth, agus rl.


L. 74


8 - CEOL NA bPÍOP.



Giota beag do scríobhas i gcóir "An Píobaire" .i. Bolg soláthair
Chumainn na bPíobairí i mBaile Átha Cliath.



A shoilbh-fhir sheasamhaigh
Shásta chóraigh chaoin,
Do bhuilg fet ascail ort,
Fáisc go fóill a chroidhe;
Seo fuireann ag braith ort,
'S ní háthas leo do mhoill;
O, deisigh é, is tabhair dóibh
Spás ar cheol na bpíop.



Is deimhin go mb'fhearra liom
Trácht do ró-chur síos
Ar dheise 's ar shlachtmhaireacht
Mhála cheoil na nGaoidheal
'Ná ar a bhfeicim dá mhalairt
I lámhaibh Seoiníní;
Seo, corruigh ort 'fhearaire,
'S dáil dúinn ceol na bpíop.



Seadh! Éistidh a charaid,
Tá an mála i gcóir 's an tsnaidhm;
Fan socair feadh tamaill,
Mar seántuir nódh 'seadh í;
Mo ghile faid mhairfead tu,
A ráib na meor gan scíth,
Do chlisteacht go mairir
Go bráth ar cheol na bpíop.


L. 75


9.- SUANTRAIGHE.
Ar shean-fhonn Ghaedhealach.



A pháiste a chroidhe istigh, codail go suaimhneach,
Tá an dubh-oidhche ag druidim anuas ort;
Máthair chaoin mo pheata seadh mis' a chuid,
Éir' a chodladh go fóill ó.
Seó, seoithín seó, leó, leó;
Seó, 'gus codail a stóir ó.



A ghrádh ghil chaoin na ngorm-rosc uaibhreach,
Gárdóimíd le linn do shuain tu;
Gábhadh ná díth ní thiocfaidh it fhochair-se;
'S éir' a chodladh go fóill ó.
Seó seoithín seó, agus rl.



A bhábáin aoibhinn, codail gan buaidhreamh;
Cás ná cíos ní thiocfaidh anuas ort;
Táim-se féin is t'athair annso agat
Is éir' a chodladh go fóill ó.
Seó seoithín seó, agus rl.


L. 76


V.- AISTÍ AISTRIGHTHE.



1 - PANGUR BÁN.
Aistriughadh ón tSean-Ghaedhilg. Tá an tsean-chuma ar fagháil san
"Thesaurus Palaeohibernicus," Cuid II., Leathanach 293.



Mise agus Pangur Bán,
Ceachtar dhínn le gnó de-ghnáth;
Bíonn a mheanma-san le seilg,
Mo mheanma fhéin lem éin-cheird.



Caraim-se sos is ciúnas,
Im leabhrán do léir-scrúdadh;
Ní formdach liom Pangur Bán;
Carann féin a cheird mhacán.



Nuair a bhímíd - scéal gan scís,
Ins an dtigh i n-ár n-éin-dís,
Bíonn againn, gan chríochnadh chleas,
Nídh le' ngléirthar ár ngliceas.



Gnáth, uaireanta, ar ghreasaibh gal
Go leanann luch dhá líon-san;
Tuiteann tráth im líon-sa féin
Fo-cheist dheacair le do-chéill.



Caitheann-san ar fuid bhalla
A ruisc léire lúthmhara;
Caithim féin le fál feasa
Mo ruisc righne ró-gheala.


L. 77


Bród dó-san, le déine dul,
Nuair innlann luch n-a ghéar-chrubh;
Nuair thuigim ceist dheacair dhil
Damh-sa cheana is cúis áthis.



Bíodh gurab amhlaidh dhúinne ghnáith
Ní bhacann cách a chompáin;
Maith linn araon gné ár gcleas,
Cách in' aonar len' aoibhneas.



Comhacht chruinn aige-sean tá
Ar ghnó do-ghní gach éan-lá;
Ar dheacair do dhéanamh glé
Deagh-mháighistir seadh mise.



M.i.s.e.


L. 78


2.- FIR AN IARTHAIR
Aistriughadh ar



Nuair a thráchtfar ar cháil as ar dhílseacht
Na ndragan ba líomhtha i n-am ghleoidh,
Ba chalma i n-ár is i gcuimheascar
Ar ghleannta 's ar mhaoilinnibh cheoidh,
Ó, cuirtar san áireamh na buidheanta
Do thaistil i mbruigheanta fad ó,
Nuair bhí buaidhte ar na Laighnibh fóríor bocht,
Is ár súil leis an Iarthar go fóill.
Is ólaimís sláinte gheal Chonnacht,
Mar ar chruinnigh na fir chun an ghleoidh,
Nuair bhí Éire go tláth lag briste;
Hurá! Cúige Chonnacht go deoidh!



Do b'áluinn í féachaint na maoil-chnoc
An tráthnóna breagh buidhe úd san bhfoghmhar,
Nuair a tháinig an luingeas chun tíre
Ag Cill Ala agus taoide bhreagh leo;
Do séideadh na hadharca le díoghras,
Is d'adhnadh i gcroidhthibh na dtreon
A bhí ag faire 's ag éisteacht, an fíor-sprid
Nach múchfaidhear i gConnacht' go deoidh.
Is ólaimís sláinte, agus rl.



Bhí Cill Ala ar ár láimh roimh mheadhón oidhche,
'Gus do theitheadar buidhean bheag na Seon;
Do ghabhadh Baile an Átha go fíor-mhoch,
'S bhí ár mbratach le gaoith ann um neoin;


L. 79


Do chruinnigh sinn bláth-scoth na tíre,
Is do chabhruigh siad linn mar badh chóir;
'S ag Caisleán a Barra mar innstear
Do ruaigeadh gan moill na red coats.
Is ólaimís sláinte, agus rl.



Seo sláinte na bhFranncach, a cháirde,
Bíodh Humbert san áireamh 's a shlógh;
Mar do bhíomair go brónach an tráth úd,
Agus leighis siad ár gcás dúinn go mór;
Is de dheascaibh na bruighne úd, ó thárlaidh
I nÉirinn a lán díobh fén bfód,
San troid ar son Saoirse beid láimh linn
'Gár spreagadh go hárd ins an ngleodh.
Is ólaimís sláinte, agus rl.



'S a cháirde cé chlis ar ár ndícheall,
'S gur creachadh ár dtírín fé dhó,
Tá an sean-spréidh ionnainn go bríoghmhar,
'S ní ghéillfimíd choidhche dho Sheon;
Tá an tIarthar so ullamh arís dó;
Agus seinntar go haoibhinn an ceol,
Is curtar i n-umhail do sna daoine
Go bhfuil tarraint na Saoirse 'n-ár dtreo,
Is ólaimís sláinte, agus rl.


L. 80


3.- CILL ÁIRNE.
Aistriughadh ar "Killarney."



Bíonn im chuimhne d'oidhche 's lá
Glás-oileáin cosáin is cuan
Gleannta's linnte 's coillte bláith
Chill gheal-Áirne, grádh na Suadh.
Bíonn gach tuath fé shuairceas tráth;
Téidheann an áilneacht shámh ar cuaird;
Gabhann gan moill tar tír is tráigh,
Acht, Cill Áirne a háit chun suain.
Tuirlingíd na haingil féin
Thiar san Éden úd na mbuadh.
Árus naomh, Cill Áirne!
Scáthán Dé, Cill Áirne!



Tá mac-alla fada ar fagháil
Thiar cois Léin-Loch ársaidh shuairc;
Tagann glaodhach is céad dá bhárr
'S gheibhid siad bás i n-áirde thuas.
Bíonn an spéir ag éad le scáil
Néamhraigh tíre 's trágha go buan;
Bhuaidh Loch Léin an chraobh go bráth
Thar gach áit ar áilneacht chuain.
Gile sciatháin aingil Dé
Gile Léin-Loch, grádh na Suadh.
Arus naomh, Cill Áirne!
Scáthán Dé, Cill Áirne!


L. 81


4.- RÚN MO CHLÉIBH
Aistriughadh ar



O, tar-se chugham a rúin mo chléibh,
Bí mear, a théagair ghrádh;
Is súgach saor anocht dúinn féin,
Gan brón gan baoghal gan scáth.
Do dúbadh an rae fí smúit san spéir:
Ní'l taithneamh réalt ar fagháil,
Acht is beag liom réalt is soilse ón rae
Seoch maise 's scéim mo ghrádh.



Má bhlaisfad fraoch nó masla faobhair
I rith mo shaoghail go bráth,
Ní thiocfaid tréimhse choidhche 'ár ngaobhar
Fé díon ár n-aon bhotháin;
Ní mhúchfaid spréidh ár gcumainn féin;
Ní thalfam déara 'á mbárr;
Mar mo ghreim-se féin ar rún mo chléibh
Ní scaoilfadh Éire bhán.



Bíodh geimhreadh géar ar fuid an tsaoghail
Is sneachtadh bréithre ag fás,
Bíodh masla 's fraoch 'n-a scamaill aéir
'Gár mbascadh tréith gach lá,
Ní bhraithfam féin n-a ruag go léir
Acht samhradh 's téacht na mbláth,
Is toradh ár saothair chughainn araon
A rúin mo chléibh 's a ghrádh.


L. 82


5- NEOIN DUBH AN LAE.
Aistriughadh ar



Tiocfaidh taidhbhse mo ghrádh
Do fuair bás ins an ngleodh,
Chun mo dhoruis san oidhche
Agus lígh ar a shnódh;
Ó, cuirfad féin chun suain
Mo shearc, mo chumann buan,
Nuair a thiocfaidh ar cuaird
I n-am gluaiste sidheog.



Is osclód dó go ciúin
Le luthgháir mo chléibh;
Ní raghaidh mo theine chaoir'
Ná mo choinle choidhche i n-éag;
Beidh aoibhneas glan im ghlór,
Agus maise im shnódh,
Acht beidh mé i bhfad fé bhrón
Go dtídh neoin dubh an lae.



Nuair a thiocfaidh mo ghrádh
Mar ba ghnáth leis fé réim,
Cuirfidh misneach im lár-sa
'Gus áthas tréan;
Ní bhraithfimíd go deoidh
An oidhche dhínn ag góbhail,
Go teacht na maidne 'ár gcóir
Ó neoin duibh an lae.


L. 83


'S ar dteacht na maidne 'ár gcóir
Do-gheobhthar mise féin
Gan anam sínte ar chlár
'S an bás mo scéimh;
Ní háil liom bás go fóill,
Tá an tSamhain ag teacht 'ár dtreo,
Agus chífad chugham mo stór
Um neoin duibh an lae.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services