Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chaise Gharbh

Title
An Chaise Gharbh
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Pen Name
Cairbríneach Ciardhubh / Fachtna / Lorga
Composition Date
1918
Publisher
Cló na gCoinneal

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


GUIDHE.



GLUAIS ORT, A CHAISE,
GO HUAIBHREACH NEARTMHAR,
GO HUASAL MAISEACH
IS GO SUANMHAR SÓGHACH;
GO MALL. GO TAPA,
LE FONN AG CASADH LEAT
TRÉ GHLEANNTAIBH BANBAN,
A CHAISE 'N CHEOIL!



GO RAIBH FÁILTE RÓMHAT,
GO RAIBH GÁIRE IT' DHEÓIDH,
GO RAIBH GRÁDH IT' THREÓ DHUIT,
AGUS CÁIL GAN CHEÓ;
GO RAIBH LEANBHAÍ FÓDLA
IS A SEAN CHROIDHE-CHRÓDHACH
GHÁ MEALLADH 'G DO CHEÓL-SA
CHUM TÍR NA n-ÓG.



"BRIAN NA BANBAN."


L. 9


BEIR NÓDHACHT IT LÍNTIBH.



Beir nódhacht it líntibh, a sgríbhinn tséimh,
Do Nóra an chroidhe ghil bhus aoibhinn léi;
Ceolta ó choilltibh, as bínn-phuirt éan,
As leoithne gaoithe, it' shlíghe dí béar.
Nuair leagfar ort-sa a rosca súd,
Do chroidhe dí oscail, go sochma súghach,
Bíodh le feiscint ionat fé rún,
Mar stiúraigh cion dí mo phion sa tsiubhal.
Bíodh at bharra a's at leacain tsíos
Draoidheacht a mheallfaidh go ceart chugham í,
Cómhacht a lasfaidh an tsearc 'na croidhe,
As a sheolfaidh feasda fé rachmas sínn.


L. 10


BEIDH GAEDHLUINN FÉ RÉIM GAN MHOILL.



Fonn: "Cáit ní Dhuibhir."



Am shuidhe dhom maidean ghréine, ar thaobh cnuic i
gCorca Luighidh,
Ag amharc ar an nglé-mhuir, fé'n spéir ghil, go socair
bhíos;
Dom mheas do labhair caomh-ghuth go haerach ó thor an
fhraoich,
Agus dubhairt, nárbh' fhada an tréimhse go mbeadh
Gaedhluinn fé cháil arís.



Mo chroidhe do phreab le héifeacht cé nár léir dom aon
neach lem thaoibh,
Do chanfadh liom an scéal san, i dtaobh Gaedhilge do
theacht chun cinn;
Do dhearcas thar gach maol-thor de'n fhraoch ghlas am
aice bhí,
Ach ní fheaca ann aon spéir-bhean, ná aon réaltan ná
ainnir mhín.



Annsan do cheapas féinig, gur gaoth dhein an abairt
bhinn
Do bhiodhg as do spreag go haé me, as d'éisteas go
haireach cruinn;
As níor b'fhada dhom gur séideadh de dhruim éadan
na leaca aníos,
Na focail cheanan chéadna, go mbeadh Gaedhluinn fé
cháil arís.



O'n bhfaraige ghil ghléinigh tig séimhghuth go canta caoin.
Nuair a thagadh go deas scléipeach gan traochadh gach
tonn thar tuinn;


L. 11


Mar mheasas-sa níor bhféidir le héin'ne do bheadh mar
bhíos,
Gan a cheapadh gur bh'é a scéal san ná go mbeadh
Gaedhluinn fé cháil gan mhoill.



Ar charraig do bhí taobh liom bhí éan beag ag luascadh
fuínn,
Ba thaithneamhach deas néata mar dhéan sí a duan ó
croidhe;
Níor bh'fhearra an mhuir ghléigeal, chun an dréacht phuirt
do chasadh am shlighe,
Ná labhairt bhog an éin bhig, go mbeadh Gaedhluinn fé
cháil gan mhoill.



Tamall soir sa réidh-chnoc, bhí caol-shruth'na chaise ghlinn,
Ba dheas a chrot fé'n ngréin ghil, 'na thréanrith, thar
chlochaibh buidhe;
Nuair a phreabadh sé 'na léimrigh, fé'm dhéin-sé thar
leacain tslím
Do thagadh an port saor-mhaith, go mbeadh Gaedhluinn fé
cháil gan mhoill.



Thar bhaitheas cinn an tsléibhe bhí gaoth bhog 'na cúrs' a'
tigheacht,
As chanadh sí foth-bhéarsa, ar théacht dí thar cúl gach
maoil;
As mar cheapas-sa, dom léir-mheas, b'iad na bréithre
ba rún do'n ghaoith,
Ná teachtaireacht ó'n Naomh-Bhrog go mbeidh Gaedhluinn
fé cháil gan mhoill.



An mhuir, an sruth, as an t-éan beag, as an ghaoth san
am' bogadh bhí,
Chun eachtraí an lae sin do léir-chur go slachtmhar síos;


L. 12


Agus breacaim iad mar léightear, agus glaodhaim-se
ar Chlanna Gaoidheal
A dteanga mhilis féinig chur fé réim cheart 'na measc
gan mhoill.


L. 13


BEANNUIGHIM DUIT-SE, ÉIRE.



Beannuighim duit-se, Éire, a laogh ghil mo chroidhe,
Leanbh leat féin mé ó chaol-chois go rinn;
Tá grádh duit am chléibh-se, grádh Gaedhealach geal
glinn,
As leanfad go n-éagad díot, a Éire, go díl.



Do sheanchus léigheas-sa go tréanmhar nuair bhís,
Nuair bhí righthe agus naomha agus léigheann-lucht sa tír;
Nuair thagadh na céadta 's na céadta thar tuinn
Ar lorg an léighinn chirt feadh tréimhse ót chlainn.



Do léigheas thar Aodh Ruadh, thar Ó Néill, as thar Eoghan,
As thar Seáan mór an tréan-fhear, nár ghéill riamh dá
nómhaid.
Thar Pádruig Sáirséal, thar Ó Raghallaigh an leomhan,
'S is breagh liom a sgéala cé gur éag siad fad ó.



'S thar Ruaidhrí Ó Mórdha deagh-sgeola do léigheas,
Thar Emmet, thar Teóin, as thar treona fíor-Ghaedheal;
As mothuighim an fhír-spioraid am chroidhe-se go tréan
Nuair a phreabann chugham smaointe thar ghníomhartha do
laoch.



A' siubhal nuair a théidhim-se i n-aon pháirt de'n tír
Taithneann a sgéimh liom cé maol cuid dí bhíonn;
Taithneann liom sléibhte fé 'na bhfraoch-bhrat go mín,
As taithneann liom séirse na héanlaith go bínn.



Is eol dom mar táthar fé láthair sa tír,
Cuid dínn go háluinn, go dána, go groidhe,


L. 14


Go meisneamhail do réabfadh le faobhar cheart do
chuinng;
Agus cuid dínn, mo léir-chreach! gan éifeacht gan bhrígh



Ach, a Éire, a mháthair, a ghrádh ghil mo chléibh,
Ní múchfar go bráth ionainn grádh ceart duit féin;
Mairfidh as fásfaidh an grádh san gan baoghal,
As eireochaidh gan spleadhchas do Sheán Buidhe na
Gaedhil.



Labhraim an Ghaedhilg 's ní shéanfad-sa í,
Ós léir gur'b í an Ghaedhilg ár gcaém-theanga bhinn;
Mo chion beag féin déanfad lem shaoghal-sa gach ní
Do mhéadóchadh do réim-se do ghlé-chur chun cinn.



Beannuighim duit-se, a Éire, a réaltan mo chroidhe,
Leanbh leat féin mé ó chaol-chois go rinn;
Tá grádh dhuit am chléibh-se grádh Gaedhealach glan,
glinn;
Beannacht ort! go n-éagad ní thréigfead mo thír.


L. 15


BEANNACHT CHUGHAIBH A FHEARA MAITHE.



Fonn



Beannacht chughaibh-se, a fheara maithe,
Chorruigh Gaedhil chun gaisge tráth;
Beannacht chughaibh ó Ghaedhealaibh mhaireann
As bhúr gcreideamh acu slán.
As má shroicheann sibh mo bheannacht
Tuigidh fé mar tá an sgéal
Cuid againn i dtreo chun catha
Chur ar sheana naimhdibh Gaedheal.



Ná bíodh buairt oraibh nbhúr mbaile
Toisg nár chnagabhar an chuinng;
Tuigimíd mar bhí na Sacsain
Thall as a bhfus bhúr leagadh síos.
Acht do nochtabhar gan eagal
Bóthar ceart ó smacht do'n tír,
As do ruagabhar na scamaill
Bhíodh a dalladh Clanna Gaoidheal.



As an solas úd do las sibh
Cé gur chaill sé a theas feadh tráth,
Tá sé arís againn ar lasadh
As a dul i neart atá;
Tá an creideamh ceart do scaip sibh
I n-ár gcroidhe go daingean beo,
As beidh áis againn go gairid
Bhainfidh as ár namhaid ceol.



Admhuighim go rabhmar tamall,
Neamh-shuimeamhail as leamh go leor,
As gur chreid cuid mhaith dhár bhfearaibh


L. 16


Go bhfuigheam cóir as ceart ó Sheón.
Ach anois tá ár gciall ag casadh,
Tuigimíd an cleas thar bárr;
Tuigimíd ná fuigheam ó'n Sacsain
Pioc, gan troid, d'ár gceart go bráth.



Beannacht chughaibh arís, a fheara,
'S sgaoilidh beannacht chughainn anall;
As guidhidh ó chroidhe chun Righ na bhFlaitheas
Go bhfuigheam neart ag leagadh Gall.
Guidhidh, mar ghuidhim-se, ár gcuinng go gcnagam,
Mar is fada linn an lá
Chun go gcuiream Riaghaltas Sacson
Glan amach as Inis Fáil.


L. 17


A CHLANNA MAITHE GAOIDHEAL.



Fonn - "An Maidrín Ruadh."



A Chlanna maithe Gaoidheal nách fada libh ár righeacht
Leath-stracaighthe ag buidheanta 'n Bhéarla;
Nách fada libh gan chrích ar ár dteangain mhilis bhinn,
As nách fada libh Gall-dlíghe ghár gcaochadh?
Má's fada libh eirighidh is mairg bheith díomhaoin,
Mar ní bainfear dínn aon gheimheal gan saothar,
Ní bhogfaidh Gaill a gcuinng go mbraithidh siad an faobhar
Bheith i bhfearras ceart ag muinntir Éireann.



'Sí Éire ár dtír, as caraimíd í,
Níl a samhail de righeacht fé'n ngréin ngil;
Caraimís í as cuirimís arís
Ar ár Róisín chaoin a glé-bhrat.



Ba dhual díbh bheith go groidhe, a Chlanna maithe Gaoidheal,
Ba dhual díbh an íntinn uasal;
Rinne an cine ar díobh sibh an iomarca gníomh,
Do chuirfeadh anam sa bhuidhin ba shuaraighe;
Na Gaedhil úd do bhí i gCluain Tairbh mín,
As ag Béal an Átha Bhuidhe go buadhmhar,
Ar an mBoirb-Bhinn as ar fhód Dhún Baoi,
Níor mhisde dhíbh a ngníomhartha luadhachtaint.



Curfá -



I gCalainn, i gCiarraidhe as i gCathair Luimnighe,
Níor ob ár ndaoine an tréan-chath;
As ag Fantanaí do b'iad na Gaedhil-fhir do bhí,
I mbeárna an bhaoighil lá an éigin;
Ar muir nó ar tír, ní bhíodh meathtacht 'na gcroidhe,
Ná i gcaismirt na gclaidheamh ní ghéilleadh;


L. 18


Do lagaibh b'iad ba dhíon, do phleanncaidís claidhrí,
As sgaipidís a maoin le féile.



Curfá -



Níor bhfearra iad na Gaedhil, chun gaisge-bheart na
dtréan,
Ná chun cúrsaí léighinn as sgríbhinn;
As dá chómhartha san féin, fuair Banba árd-réim
Mar "Inis na Naomh as na Saoithe."
Ósduigheacht agus léigheann i n-aisge gheibheadh gach aon
Do thagadh fé dhéin ar sínnsear,
Nuair bhí an tír seo mar laom mhór-eolais ag an saoghal,
Fé stiúradh a clainne féin ba ríogamhail.



Curfá -



Ní raibh easnamh filí, ná lucht seanchus do sgríobh,
Ná lucht ceaptha na ndlighthe ar Ghaedhealaibh;
As lucht seanma do bhí, ar an gcláirsigh go ro-bhinn
I measg uaisle agus righthe i nÉirinn.
As fairis sin arís ná fuil deimhniú go cruinn,
Ins na seana-iarsmaí do'n tsaogal,
Go raibh ceárdaighthe sa tír bhí go hoilte i ngach slighe,
As is mór le maoidheamh a saothar.



Curfá -



Is sinne na hoidhrí atá acu san sa tír;
Is sinne ceart-síol na nGaedheal san;
Is sinne, a chlanna chroidhe, sgiath chosanta Róisín,
As tá orainn bheith go dílis Gaedhealach.
Caithimís fé dhraoib gach achrann as bruighean,
Ach achrann le buidheanta an Bhéarla,
As go deó na stadaimís go mbeidh Éire saor arís
Gan beann aici ar Sheán Buidhe bréagach.



Curfá -


L. 19


AN GAEDHEAL A GHÉILLEAS DO'N GHALL.



Ag siubhal cois na taoide do bhíos-sa aréir
Nuair chuala an caoine, mar shaoileas, go géar;
I ndeire gach rainn de dom íntinn ba léir
"Gráin ar an nGaedheal a ghéilleas do'n Ghall."



Do leanas de'n chúrsa am shiubhal cois na trágha,
As do leanadh de'n chumha phort le dúthracht am dheáidh;
Ba shearbh dar liúmsa mar liúghtaí ós árd:-
"Gráin ar an nGaedheal a ghéilleas do'n Ghall."



D'fhilleas t'réis tamaill dom' bhaile aníos,
As má fhilleas níor sgaras le canadh ó'n mbuidhin,
Mar gur luidheas ar mo leabaidh a' teacht ar an ngaoith
Bhíodh "Gráin ar an nGaedheal a ghéilleas do'n Ghall."



Am chodladh go sámh dom do thárla, dar liúm,
Teachtaire dána am' sháthadh-sa gan chúis;
Do phreabas le dásacht, ach mar gháir tháinig chúgham:-
"Gráin ar an nGaedheal a ghéilleas do'n Ghall."



D'eirigheas ar maidin as ghreamuigheas mo pheann,
D'aimsigheas mo leabhar as bhreacas roinnt rann,
Pé rud do cheapfainn, go blasda 'na bhonn
Bhíodh "Gráin ar an nGaedheal a ghéilleas do'n Ghall."



Cá bhfios dom nách fearra é rada fé chló,
As é mhúine mar abairt measg sean agus óg,
Nó é sgríobh ar na fallaibh ar gach taoibh 'en ród
"Gráin ar an nGaedheal a ghéilleas do'n Ghall."


L. 20


Ní háin liom droch-theagasg do scaipe lem línn,
Ach teagasg do scaipfinn mar mhaithe lem thír,
As tá gádh leis an dteagasg so theagasgaim díbh:-
"Gráin ar an nGaedheal a ghéilleas do'n Ghall."


L. 21


JOHNNY BULL CRÓN.



Fonn - "A Dhuine bí ciúin go fóill."



Ar aireabhair fós an sgeol
Thar Johnny Bull Crón ó Shasana,
Mar d'imthigh dhá mheamhair go mór,
De bhárr ár dtreo le tamall beag?



"Mo mhairg, mo chaoi, mo bhrón,
Mo thuirse, mar sgeol len' aithris."
Deir Johnny Bull cam gach ló,
"Siúd Gaedhil thall fós gan meas orm."



Nuair d'airigh sé trácht ar dtúis
Go rabhamar brúighte cartaighthe,
Do rinne sé gáir as liú
As dubhairt - "Is liúm a dtalamh-san."



Ní bhíodh na bhéal de ghnáth
Ach cainnt gur náir liom aithris,
Ag tagairt do mhuintir Fháil,
Mar dhream gan áird gan tairbhe.



Chuireadh sé chughainn droch-chóip,
Nár bhfearrde 'n fód 'na seasaidís;
Ní fírinne bhíodh 'na mbeol,
Ach cainnt neamh-chóir as eascainí.



Goid agus creachadh 'gus cam,
As sladadh 'gus feall do chleachtaidís,
Chun gurbh ionann linn diabhal as Gall
Ach gur bhuaidh an Gall ar chamastuigheal.



Ach theip ar Ghallaibh ár mbuidhean
Do dhíbirt a tír a n-athardha;


L. 22


As fanfaidh go bráth ann síol
Na nGaedheal ba ghroidhe i gcathannaibh.



Túigeann Seán Buidhe an sgeol;
'Sé trúig a bhróin le fada 'nois
Go bhfanfidh na Gaedhil go deó,
Dá dhearg-aimhdheóna i mBanbain.



A chonách san ró-dhian ar Sheán
Má tá sé cráidhte feargach,
As nára thagaidh nár ngaor an bás,
Go gcloiseam-na tásc a threascartha.



D'bhúr sláinte a Chlanna Gaedheal
Ólaim-se braon, as athchuinghim
Go mairidh bhúr sliocht fé réim
Go deire an tsaoghail i mBanbain.


L. 23


ROS CAIRBRE.



I Ros Cairbre na nglas-ghruadh,
Mar ar mhair fé bhuadh buidheanta Gaedheal,
Mar ar las Fachtna solus fíor
Creidimh Chríost, táim am aon.



Comhacht Mhic Coise dá mbeadh am cheann
Do chuirfinn mo rann i gcéill;
Ríomhfainn fé reachtaibh sean
Laoi chríonna cheart fé dheagh-réir.



Thráchtfainn as uaisleacht ar ghaois
Na bhfear do bhíodh i Ros tráth,
Nuair thagadh mic-léighinn thar tuinn
Fé dhéin an bhaíll ba mhór cáil.



A shean chlocha liatha chím
Lem ais, an cuimhin libh an lá
Nuair mhair go sughach suairc sa chíll
Manaigh do sgríobhadh duain as dáin?



An cuimhin libh teacht na ndubh-Ghall
Chleachtadh feall as caimeghníomh,
Do ruaig gan truagh an ciúin-dream
Gur leo an ball so lem thaoibh?



Ach b'shiúd é díolfiach na nGall
Teacht anall as olc 'na gcroidhe;
Saint ghá ngrioga bhí as feall,
Cleachta creach as cam gan síth.



Ach dá mhéid é millteacht do namhad
Theip air an meall so do lot;


L. 24


Fanfaidh go deire an domhain,
A Ruis, do chabhail fé dheagh-chrot.



Maoidhfear go raibh naonbhúr fó thrí
De threibh thréin Lughaidh 'ad réir
Ó ré Fhachtna mhongaigh fhínn,
Gur leagadh síos Dualdach caomh.



Uíbh Eidrisceoil saor an treabh
Thug duit seacht bhfichid go fíor
De Chomharbaibh Fhachtna thuill rath
A cheall chríon ghlas, don cheoil-chrích.



Is tú Ros Ailithir fós,
'S beir go deo fé áird-mheas
Mairfidh do stair agus do cháil
Nuair mheathfaidh an t-ál dhein do chreach.


L. 25


CUAN DOR.



I gcuimhne an trátha chaithim go sámh,
I gcuideachtain ghrádhmhair Ghaedhealaigh,
Ba mhian liom amhrán am leabhairín d'fhágáil
Ós binn liom thar bárr mo shaoghal ann;
Tá saoirse gan chuinng, ins an áit seo go fíor,
As beatha do'n chroidhe le fághail ann,
Gan brúsgar, gan baois, gan fothrom puinn,
Ach saoghal socair, aoibhinn, áluinn.



Lucht léighinn annso tá, go fíor-Ghaedhealach grádhach,
Ag obair gach lá ar saothar,
As tráthnóna 'na suidhe cois faraige bíd
Ag foghluim 's a sgríobh na Gaedhilge;
Mar bheacha i gcruiceóig, leanaid dá ngnó,
D'oidhche 's de ló gan staonadh,
As beidh againn fós, toradh maith mór,
Ar obair de'n tsórd so i nÉirinn.



Ar éadan árdáin, i measc seana-chrann mbréagh,
Tá againne árus Gaedhealach,
As níl cead ag aon bháb teacht nár n-aice san áit,
Ar eagla 'n grádh ghár gcaochadh.
Ac tá suairceas ró-mhór le fághail ann, as ceol
Gach maidean bhreagh Fhóghmhair ó éanaibh,
Do chuirfeadh an tóir ar thuirse as ar bhrón,
As ruagfadh gach aon tsórd léin uait.



Ar ár n-aghaidh amach tá cuan cluthmhar sámh,
As lonnradh 'na bhrághaid go glégeal;
As ar maidin bheith ag snámh ar imeall na trágha
Is aoibhinn thar bárr fé'n ngréin ngil;


L. 26


As tráthnóna go ciúin i bhfochair mo rúin,
I mbáidín go súgach, séanmhar,
Braithim am chroidhe fíor-uachtar an ghrínn,
As áthas ag rínnce taobh leis.



Foth uair bíonn sgoruidheacht againn cois a' tighe,
As ceol ar a bpíb ó Mháire;
As seineamhaint go ró-bhínn ar an gcláirsigh ann bíonn,
A's amhráin agus rinncí breaghtha;
An ghealach gheal sa spéir, mar lampa mór glé,
Cuireann draoidheacht ar ár gcéill isd oidhche,
Agus meallann cainnt shéimh thar bruachaibh ár mbéal,
A nochtann doimhin-sgéal ár gcroidhthe.



Dá gcuirinn-se am dhán a dtuilleann an áit
De'n mholadh as de'n cháil go ró-bheacht,
'Sé 'déarfadh mórán ná raibh ach plámás
Ghá ríomhadh gan áird am sgeol-sa,
Ach creididh mo sgéal gur inead breágh é,
Cois cuain ghil i mbéal a' tsáile,
Idir bhinneas na n-éan as cumhracht san aér
Is flaitheas dúinn é ar áilneacht.


L. 27


AN tEARRACH BOG ÚR.



Ceol éan ar maidin,
Cois tighe ar chrannaibh,



Cómhartha an Earraigh bhuig úir
Saoghal suairc fé aiteas
Brígh beodhacht as anam
Go raibh ag an Earrach so dhúinn.



Borradh agus eascairt,



Brat glas ar thalamh,
Beireann an tEarrach bog chúghainn.
Ruagairt ar ghalar,
Leaghadh ar an sneachta,
Cómhachta an Earraigh bhuig úir.



Daoine bhí craptha
Gan neart ionta taisteal,
Is breágh leo lá Earraigh bhuig úir.
Iad so bhí caithte,
Feadh 'n Gheimhridh sa leabaidh,
Beannuighid do'n Earrach bhog úr.



Gamhna 's ba laga,
Léimid as preabaid
Tráth bhraithid an tEarrach bog úr.
Níl ainmhidhe fearainn,
Ná mothuigheann nua bheatha,
Nuair thagann an tEarrach bog chúghainn.



Aníos tríd an dtalamh,
Na neoiníní tagann
Le linn an Earraigh bhuig úir,


L. 28


Agus bláithíní deasa
Sa bhfoithin chúghainn preabann,
Aoibhinn a dteacht san do'n tsúil.




An feirmeoir slachtmhar,
I bhfeidhil gnótha is aibidh,
Nuair a thagann an tEarrach bog chúghainn;
A sheisreach gabhtha
Ag bun pháirc a' leasa
Agus, "ha! ha amach libh!" mar tiúin.



Tá fear eile a' grafadh,
I bpáircín a ghleanna,
Agus beirt thall a' leatha an mhúir,
Tá scioláin ghá ngearra
Ag mnáibh i ngach baile,
Aoibhinn leo Earrach bog úr.



Fáilte 'gus dachad
Céad fáilte fíor fearaim
Óm chroidhe roimh an Earrach bog úr.
Mothuighim-se nua-anam
Am' chorruighe gach maidean
Ó tháinig an tEarrach so chúghainn.



Fraoch agus aiteann
Ar chlaidhe as ar leacain
Dom cuireann an tEarrach i n-iúil.
Na préacháin ar maidin
A gcainnt féin ghá casadh
Dom cuireann an tEarrach i n-iúil.


L. 29


Uain óga ar leacain
A' léimridh le teasbach,
Agus gamhna sa mhacha a' siubhal.
As céad rud a dhearcaim
Mór-thimcheall am thaisteal
Dom cuireann an tEarrach i n-iúil.



An trát san go dtagaidh
Nuair bheidh Éire gan cheangal
A' caitheamh a hEarraigh bhuig úir,
Agus mise am beathaidh
Chun dáinín a bhreacadh
Agus sibh-se gan galar go súghach!


L. 30


SLÁN LEIS AN ABRÁN.



Slán leat, 'Abráin bhraonaigh,
A mhí bhog úr;
Slán leat, as bead go déarach
Ó taoi sa tsiubhal.



Chuiris brat breágh féir ghlais
Ar réidhthibh Mumhan;
Chuiris brat breágh féir ghlais
As glas-duilleabhar.



Chuiris neart sa dream aosta
Gur lag a siubhal,
Chuiris ba ag mear-léimrigh
Bhí seal gan lúth.



Chuiris ceol i min-éanlaith
Bhí tráth go ciúin,
Chuiris cló ar fhiadhain-shléibhte
Bhí lom gan chlúid.



Slán leat, a mhí bhraonach,
Slán let dhrúcht,
Slán leat go dtighir fém dhéin-se
Arís it shiubhal.


L. 31


DO'N CHUAICH.



Seinn-se a chuach,
Ó thánag fé'n dtuaith,
Tuille det' shuairc-cheol bhínn dom,
A bhainfidh díom buairt,
A thaithnfidh lem chluais,
Ós maith liom go muar do chaoin-phort.



Dom cuirir i n-iúil
An tráth sona úd
Nuair bhínn-se go súgach meidhreach,
Cois tighe chúghainn ar cuaird
Nuair thagadh an chuach
Dár ngleann-na ar bhruach na hAidhlean.



Is minic do bhíos
Sa gháirdín cois tighe
Ag éisteacht le binn-ghuth cuaiche;
As a faire go cruinn
Ar an éinín beag bhíodh
Mar leanáinín deas sidhe sa chuaird léi.



Is 'mó bliain fhada chruaidh
Curtha dhíom-sa, a chuach,
Ó chuala-sa duan ót shamhail-se;
Ach is binn liom gách tráth
Nuair chloisim do rádh,
Mar tá draoidheacht dom thar bárr it labharthaibh.



Gan amhras ar domhan
Tá leanbhaí anois ann,
Ót ghlór-sa gheibh greann as suairceas,


L. 32


Mar do gheibhinn-se an t-am
Do bhíos gan eolas am cheann,
As gurbh iongantach liom labhairt na cuaiche.



As anois féin bím suairc,
Nuair chím tu ath-uair,
A' gluaiseacht ar cuaird trí Éirinn.
Let "chu cú" bog buadhach,
Go ceolmhar am chluais,
Mar ní hannamh a ruaig sé léan díom.



Lean ort go bínn,
A chuaichín a chroidhe,
Let aon-phoirtín aoibhinn aerach;
Mo ghrádh é do cheol,
Ná staon de go fóill
Beannacht ar do ghlór, a éin deis


L. 33


IS AOIBHINN LIOM MO SHAOGHAL.



Fonn - "Bean Dubh a' Ghleanna."



Is aoibhinn liom mo shaoghal
Go minic as me am aon,
Ar rothar fé'n spéir isd oidhche;
Solus geal ó'n ré.
Nó solas lag na réalt,
Nó gan agam éan léas am' choinnleacht.
Is ionann liom mar sgéal
An bháisdeach ann as an ghaoth
Nó leoithne bog de'n aer am' shlíobadh;
Is mó a chuirim spéis
Is na nídhthibh sin gan bréag,
Ná i ngliogar bog baoth na ndaoine.



Aoibhinn liom an bheatha
Bhíonn agam-sa a' taisteal
Trí Éire na sean-tsreabh áluinn;
Cloisim ceol ó'n abhainn,
Cloisim ceol ó'n nglaise.
A's cloisim ceol ó'n gcaisín dána;
Ceol dom éin ag cantain,
Ceol dom glór na n-easach.
Ceol dom fuaim na mara ar trághannaibh,
Neart am shláinte braithim.
Amuigh i lár na leacan,
As i n-uaigneas an ghleanna bhreágh ghlais.



Ní hairgead is maith liom,
Ná mórán maoine as eallaigh,
Ná saoghal istigh i gcathair ghránda,


L. 34


Ach árus geal cois mara,
I bhfad ó'n mbóthar leathan,
Mar a séidfeadh gaoth andeas thar sáil chúgham;
Mar a léighfinn-se na leabhair,
As glór na dtonn am' spreagadh,
As mar a gcúmfainn-se gan bac na dánta;
Is ann mo chailín charfainn
As ba shuairc mo shaoghal 'na haice,
'S nách ¬rg nách mar sin atá 'gam.


L. 35


PUIRTÍN BA MHÉIN LEM CHROIDHE.



Puirtín ba mhéin lem chroidhe-
Puirtín an éin ar chraoibh,
I dtúis an lae fó'n dtír,
I nÉirinn.



Scaipeann séirse caoin,
Chanann éin sa choill,
Tráthnóna gréine buidhe,
Gach léan díom.



Ceol srutháinín chaoil,
Anuas le fán cois tighe,
Ceol bheir áthas croidhe
Is séan dom.



Géimnidh bó 's a laoigh
As méileach uan ró-bhinn
'S an t-aoraidhe a' feaduigheal-
Nách séanmhar!



Coileach ag glaodhach ar chlaidhe;
Nó cearc cois neid a' maoidheamh
Gur rug sí ubh breagh buidhe,
Sin ceol dom.



"Ha amach!" 's "hí!"
"Go réidh a láirín bhuidhe,"
'S "ha amach arís!"
Is ceol dom.



Amhlaidh sin do bhíonn
An treabhadóir fó'n dtír,
Agus é a' cur an tsíl
Sa chré bhuig.


L. 36


"Hó a bhaile!" is bínn
Mar phort ó'n ngleann aníos
As na ba a' teacht go righin
Do'n bhuaile.



Ó'n gcathair seo gan crích
Raghad a bhaile arís
Amach fé'n dtuaith mar a mbínn
Am óige.



Tá cloch i lár mo chroidhe,
Bíonn brón am' chrádh de shíor
Ní thaithneann liom éin nídh
San áit seo.



Tá duairceas dubh am' shnaoidhe,
'S ní lugha liom sioc ná baois
Na ndaoine seo lem thaoibh
Gan daonacht.


L. 37


RANNA DO LEANBHAIBH.



Huisabá a bháibín óig,
Huisabá ó a mhúirnín,
Huisabá a bháibín chóir,
Codail go sóghach a rúinín.



Codail a ghrádh ghil óig,
Codail go fóill a pháisdín;
A chuisle a chroidhe a stór,
Codail gan brón let mháithrín.



Mh'anam mo bhláithín óg,
Mh'anam go deo mo bháibín.
Codail go ciúin go fóill,
Mh'anaimín gleoidhte áluinn.



Go ngealaidh Mac Dé do ród,
Go rabhair go ceolmhar grádhmhar;
Mh'anam mo bhláth beag óg,
Carfad go deo mo pháisde.



Huisabá a bháibín óig,
Huisabá ó a mhúirnín,
Huisabá a bháibín chóir,
Codail go sóghach a rúinín.


L. 38


LITIR Ó'N UGHDAR.



A Choluim a chara -



Dhearmhadas sgéal do chur chughat ó shoin i
dtaobh an leabhair úd agus seo annso anois me fá
iadh phríosúin na nGall gan cead agam mo ghnó
do dhéanamh. Ní fheadar a' bhfuighir é seo fiú
amháin. Beidh ár dtriall ar Shasana anocht, is
clos dom. Ní fheadar cad atá i ndán dúinn ann-
súd.



Ach i dtaobh an leabhair, cuir ainm éigin air.
Níl aon ainm socruighthe am' aigne féin, ach anois
díreach cheapas go ndéanfadh "An Chaise Gharbh"
an gnó go maith. Ainm athá cois baile é, mar
déineann an Aidhle árd-ghleó uaireanna. Níl na
hamhráin sin mín. Dá mbeidís chuirfinn "Caisín
Ceolmhar" ortha, nó "Caisín Chairbre."



Beannacht chugat anois a Choluim, agus go
n-éirighidh go geal leat féin agus let' mhuintir i
gcomhnaidhe.



Seacht nduine dhéag dínn atá annso. Dia go
deo le Gaedhil, agus go saoraidh Sé Éire ó smacht
Gall.



PEADAR.



Detention Barracks,
Arbour ill,
Luan Cingcíse.



Ar an gclúdach ina dtáinig an litir bhí an méad
so sgríobhtha-



"Dia le Gaedhil go deo."


L. 39


NÓTA Ó'N gCLÓDÓIR



"Ní'l a fhios agam," arsa Peadar, "cia atá ag
féachaint i n-diaidh an leabhair." Bíodh a fhios aige, mar-
sin, na cáirde a chuidigh liom- agus ar ndóigh ní mór
le rádh mo chuid-se de'n obair- 'ghá chur i n-eagar agus
i gcló.
Sé Tomás Ó Raithile is mó a thug comhairle agus
congnamh dhom. Seán MacGiollarnáth agus Mícheál
Ó Cuileannáin as an Sciobairín, thuilleadar bheirt
buidheachas Pheadair ag léigheamh 's ag aith-léigheamh na
bhfromhadh.
Fríoth an chéad réamh-rádh ar an tsráid ar Bhóthar na
gCloch i mBaile Atha Cliath. Buachaill dar b'ainm
Seosamh Ó Néill a thug dom-sa é. Iarraim ar an léigh-
theóir beannacht a thabhairt dó sin agus do ghach duine
eile atá luaidhte agam- gan mé féin a leigin i
ndearmad.



CLÓ NA gCOINNEAL.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services