SEANCHAS RIOGH EREANN
Ar na leanmain go a mbunaidhfhremhoibh
accas an aimsir ro chaith gach
rí diobh a cceannas agus
a ccumhachtaibhhh
Erenn ina
righe
GENEALUIGHI NA NAOMH
nEREANNACH
Amhail fríth iad a leabhroibh na seanughdar
ar na ccur síos ina sleachtannaibh amhail agus
do ghabhlaighsead ar urd aibghitre dochum
glóire Dé onóra na naomh accas na rioghaichte agus
do thabhairt aithne accas eolais ar na neithibh
rémhraite accas fós ar na hughdaraibh ro choimhéd
seanchas Erenn ria ccreideamh accas iar ccredeamh
Ar na ccriochnucchadh a cconvent bhrathar
Observantiae Mhainistreach Átha Luain
a neasbaccóideacht
Chluana Mc. Nóis
1630.
DO TOIRRDEALBHACH MAG COCHLAIN
IAR mbeith cethre bliadhna iomlána don bhrathoir bhocht Míchél O Clérigh
(ar aithne a uachtaran) ag teacclamadh accas acc tionol a bfuair do shenchas
naomh na hEreann accas na riogh dochum a mbearar iad, do smuain aige fén
nárbh iomchubhaidh an teacclamadh sin do chur i tteangthoibh oile gan
ughdarás, derbhadh, accas radharc seanchadh eolach oile. Do thuicc mar an
ccédna nárbh uras an ní rémhráitte do chriochnucchadh gan chosdas, uair boi
do bhochtacht an uird dá raibh, do thaoibh a móide accas fós a leattruim isin
aimsir si, gor chuir roimhe sin deccaoine ré daoinibh uaisle onóracha ar
nach raibhe móid bhochtaine. Gidh mór ndaoine re a ndearna a chasaoid accas
a éccaoine, ni fhuair aon ler sásadh a mheanma do thaoibh a riachtanois
dochum na hoibri si do chríochnucchadh acht aoinneach do bí fonnmhar chum
cuidighthe les ionnas go rachadh i nglóir do Dhia, i nonóir do na
naomhaibh, don rioghaicht, accas i leas anma dó bhudhén, accas as é an
taoinneach sin .i. Toirrdealbach Mag Cochláin m Semais m Semais m
Semais m Semais m Toirrdealbaigh m Fedlimidh m Toirrdealbaig
m Donncaidh m Fearghail na ngarmann m Maoileachluinn an mhagha m
Domhnaill m Maoileachlainn m Amhlaoibh m Maoileachlainn m
Amhlaoibh na bfiacal m Concobhair óicc m Concubhair móir m Aodha m
Loingsicch m Muircertaigh móir m Cochláin m Flaithtile m
Gormaccáin m Ainbheth m Faghortaigh m Uathmarain m Finn m
Cochlain m Maoilmíchil m Coclain a quo Mécc Cochlain m
Caindigh m Donngasa m Clothchon m Comghaill móir m Saráin o
Thigh Sáráin m Bróccáin m Comhgaill bhric m Bloid m Sidhe ó
ráitter Magh Sidhe accas Inis Sidhe m Aindealaigh m Bicc m
Baodáin m Dealbhaoith m Cais .i. Tal a quo fuil Tail accas
Dál cCais m Conaill eachluaith m Luighdech menn m Aongasa
tirigh m Fir chuirb m Modha cuirb m Corbmaic cais m Oilealla
oluim m Modha nuadhat
m Modha néd m Dercc m Dercctenedh m 'Enna muncaoin m Loich
moir m Mófebis m Muiredhaigh muchna m Eathach gairb m Duaich
dalta deaghaidh m Cairbre luiscc m Luighdheach luaighne m
Ionnadmháir m Nia sedhamain m Adhamair fholtchaoin m Fir chuirb
m Modha cuirb m Cobhthaigh caoimh m Reachttadha righdercc m
Luighdeach láigidh m Eathach m Oilealla m Airt m Luighdeach
laimhdhercc m Eathach uairches m Luighdeach iardhuinn m Enna
dercc m Duaich fhinn m Sedna ionnarraidh m Bres righ m Airt
imligh m Fedhlimidh m Rotheachtaidh m Roain righailigh m
Failbe iolcoraidh m Cais chédchoimhgnig m Fail derccdoid m
Muinemhoin m Cais Clothaigh m Fir arda m Rotechtaigh m Rosa
m Glais m Nuadhaid deghlaimh m Eathach faobharghlais m
Conmaoil m Emhir fhinn m Miled easpaine m Bile m Breoghain m
Bratha m Deaáth m Earchada m Aldóid m Nuadhaid m Ninuail m
Eimhir glais m Agnoin fhinn m Eimhir ghluinfhinn m Laimhfhinn
m Agnamain m Taitt m Odhamain m Beoamain m Emhir sccuit m
Sru m Easru m Gaoidhil glais m Niúil m Féniusa farsaid m
Baath m Magoc m Iafeth m Noe m Lamech m Mathusalam m
Enoch m Iarett m Malaleél m Cainan m Enoss m Seth m
Adaim.
Assé an Toirrdealbach so Mag Cochlain adubramar do chuir an saothar so
ar a aghoidh accas do chongaibh an comhluadar baoi ga chriochnucchadh a naice
aroile amaille le gach congnamh desccredeach da ttuc an chonvent remhráitte
doibh go laitheamhail. An ceathramhadh la do mí October do tionnsgnadh an
leabhar so do sccriobhadh accas an ceathramhadh la do mí November do
forbhadh a cconvent na mbrathar rémhraitte an cuiccedh bliadhain do righe
King Charolus 1630.
bhar ccairde ionmhaine
Br. Michel O Clerigh
Fearfeasa Ó Maolchonaire
Cucoiccriche O Clerig
Cucoiccrici D.
DOCHUM AN LEGHTHORA
Cia an chland nadúrtha lá ná budh truaghhh accas lá na búdh himsniomhach a
mathair accas a muime gineamhna accas glanoilte dfaicsin nó désdeacht fo thár
accas tharcaisne fo dímhiadh accas dimiccin gan techt ar cuairt da
hionnsaicchidh do chor sholáis accas subhachais uirre accas do thabhairt
cabhartha accas comhfhurtachta dhi. Iar na tabhairt da naire do dhruing
dairidhe dord nádúrtha S. Fronses go ndeachaidh naomhtacht accas fíréndacht
a matharbuime Ere ar ccúl tre gan beathaighthi fearta nád míorbhaile a
naomh do shioladh innte fén ná fos a rioghachtaibh oile, assí comhairle do
cinnedh leó brathair bocht mionur da nurd fen dord Observantia Michél O
Clerigh (dar duthchas accas darb foghlaim croinic) do chur uatha go
hErinn dochum a bfuighedh do leabhraibh ina mbeth énní do thiocfad tar
naomhtacht a naomh gona sencasaibh accas genealaighibh do cruinniucchad go
hénionadh. Ar ttecht don brathair remhraite do shir accas do chuartaigh gach
aird dErinn ina ccuala leabhar maith no saith do beth ionnus gor caith
ceithre bliadhna comhlána le sccriobadh accas le solathar gach neith dar ben
le naomhaibh na hErend. Gidedh ger mór a dhuadh accas a dhochar ni rainicc
lais acht uathadh dfoghbail diolar diobh do brigh go ruccsat eachtrainn
primliubra na hErenn i ccriochaibh accas i ccinelaibh imchiana ainiuil go
nár fháccaibsiod ní as ionáirmhe da leabhraib innte. Tar és gach ar fhéd an
brathair cedna do chruinniuccadh go henlathair aseadh do smuain accas do
sgrúdasdair ina inntinn triúr dona daoinibh dob oireamhnaighe accas dob
iomchuibhde lais dochum na hoibre do chuir roimhe do criochnucchadh (amaille
le toil a uachtarain) do cruinniucchad go hénáit do bhreathnucchadh gach
teaccloim da ndearna, mar atá Ferfeasa Ó Maolchonaire ó Bhaile Uí
Maolchonaire a cconndae Rosa Comáin,
Cúcoiccriche Ó Clérigh o Bhaile Uí Clerigh a cconndae Dhúin na nGall
accas Cucoiccriche Ó Duibhgheannáin o Bhaile Choille Foghar a cconntae
Liattroma. Tangadar na pearsonna rémhraitte go hénionadh accas iar
ttorrachtain do chinnsead na cceathror rémenna rioghraidhe na hEreann do
sccriobhadh i ttosach an liubhair do tionnsgainsiod ar dá ádhbhar. An céd
adhbhar, uair nír fédadh seancas na naomh do breth isin raon díreach go a
mbunadhas gan seanchos na riogh do bheth reampa, ar as uatha ro shiolsad.
An dara hadhbar, ionnas go madh móide dúthracht accas devotion na
ndaoineadh uasal da naomhaibh da ccomharbaibh accas ceallaibh fios a ccairdis
accas a ccaradraidh do beth aca re a bpátrúnaibh beannaighthe accas re
duthchasnaomhaibh na fremhe da mbeth gach craobh diobh accas fós fios nuimre
naomh na craoibhe cédna. Óir atá gach aicme do naomhaibh na hErenn, don
mhéd fríth iar nurd a seanchas díbh, diaidh a ndiaidh gan tréchomascc
sleachta for aroile, acht amhail ro ghabhlaighsiod accas ro sgaoilsead ó a
mbunaidhfremhaibh. Gibé tú, a léghtóir, legmíd a mheas ad leth fén go bfuil
tarbha effeacht eolas accas athcuimriocht isin saothar so, óir ata rém na
riogh guna ngluinibh genealaighe go bunadh ann, do rér mar do ghabhsat
rioghacht iar nurd, guna naireamh bliadhan, go naois an domhain a bforbhadh
flatha gach rígh díobh, accas go naois ar ttigearna Íosu ó a
ionchollnughadh go hécc Maoileachloinn mhóir; accas na naoimh do rér uird
aibghitre accas do rér a mbunadhais mar do raidheamar romhainn.
bhar ccáirde ionmhaine.
Gloir do Dia.
Br. Michel O Clerigh
Fearfeasa Ó Maolchonaire
Cucoiccriche O Clerigh
Cucoiccrici D.
Adbhaimsi an brathair Seoirse Diolmain (gairdian Atha Luain) accas
do ním dfiadhnaisi gur forbhadh accas gor criochnaiccheadh an saothar so, da
ngoirter rém rioghradh na hEreann accas senchas a naomh, iar ccaitheamh
mios go hiomlán les do laithibh accas doidhcibh amaille le dícheall stuidér,
do meduccadh gloire Dé, na naomh, accas onóra na rioghaichte. As iad
pearsanna le ar criochnaigheadh an saothar so .i. an brathair bocht Míchél
O Clerigh, Fearfeasa O Maolchonaire, Cúcoiccriche O Clérigh accas
Cúcoiccriche Ua Duibhgeannain, daoine eolcha neamhainbfiosacha a seancas
na hEreann, a cconvent brathar Observantia Atha Luain, accas
dfiadhnaise ar na netibhsi adubhramar ataim ag cor mo laimhe air so 4
November 1630.
Br. Seoirse Diolmhain
Gairdian Atha Luain
Ataimsi Conall mac Neill Meg Eochagáin o Lios Maighne a gCinel
Fhiachach a gcundae iairthair Midhi, dhuine uasal, admhalach go
bhfhaca me na leabair chruthaighthe do bhi ag an leabar sa, accas
dfhiaghnuisi ar sin do cuir me mo lamh an ceathramhadh la do mhí
Nouembir anno Domini 1630.
Conall Mhag Eochagain
Ag so ughdair choimhéda seanchois na hErenn o theacht mac Mileadh
innte gosan aimsir dhedheanaigh si .i. Aimhirghin gluingheal mac Mileadh
easpáinne, Athairne ailgheasach, Seancha mac Oilealla, Nedhe mac
Adhna, Fercertne file, Fítheal fíorgaoth, Flaithrí mac Fíthil,
Ciothruadh mac Fircaoccat, Roighne rosccadhach, Laidhceann mac
Boircheadha, Torna ecceas.
Ughdair iar ccreidemh. Aimhirgin mac Amhalgadha, Colman ua Lócháin,
Cionaoth ua hArtaccain, Dallán forgaill, Dubh da lethe, Eochaidh
ua Flannagain, Flann mainistre, Macraith ua Farreth, Seancha ab
Arda Macha, Eochaidh ua Flaind, Giolla Caomhain, O Duinn, O
Dubhaccan, Giolla Modhudo, Irard mac Coissi.
B 1646 17L
Do Phrovinsial na mbráthar nEireannach dord S. Froinsias.
A athair onóraigh,
Ar mbeith don bhráthair Míchél O Cléirigh san ríoghacht sa na hEirenn ag
sgríobhadh a bfuair do sheanchus naomh accas ríogh Eirionn do chuir roimhe
donóir na ríoghachta na leabhair do sgríobh do bhreith cruthuighthe leis
amaille re haprobation egluisi accas aois ealadhna. Ar ccosg a chíocruis do
thoil gach aoin dfagháil cuid díobh nár léigh a leabhair accas cuid eile do
léigh cuid díobh tarla go bfuarusa gach cúis do na cúisibh i nar ndiaigh go
neimhdhlisdenach aige dar lem féin do bhrígh nach bfuil leabhair ar bioth ag
teacht leo ionnus gurbh éigin damh ar an adhbhur sin gairm tar ais sul do
ghluais an leabhar as Eirinn do dhénamh ar chuid do na lámhaibh bhaoi ar
an aprobation accas dullmhaighes fós an chúis do chur ar siobhal déis
imtheachta an bhráthar san ccaibidil ghenerálta bhaoi a tTuadhmhumhain san
mbliaghain 1638. Táinig Mac Bruaidedha an tan soin accas do ghoir go
puiblidhe a lámh ar ais accas do sgríobh Flann Mac Aodhagáin (sul dimigh an
bráthair) chugainn go Baile Atha Cliath accas do ghoir a aprobation féin
mur an ccédhna go beith do na cúisibh i nar ndiaigh réidh accas atáid aca san
a Labháin dá ccur ar a naghaidh mur so. Dá bhrígh sin a athair onóraigh
as é ní aitchim oruibh más éidir libh ó dhlighedh umhlacht do chur ler
ccumhachtaibh ar an obair go Lobháin accas gan a léigen ar a haghaidh go
tabhairt na cúisi i nar ndiaigh do láthair Brian Mic Aodhagáin accas
dhaoine foghlumtha eile accas gibé modh ar a bfaicfidher dhóibh go
sgríobhthur ionann é re breitheamh na cúisi accas as deimhin go nguidhfidh
oroibh do shíor bhur mbochtchara ionmhuin
Tuilegna O Maolchonuire.
Nóta athchumair ar gach ní dár thionnsguin an bráthair Míchél O Cléirigh
do sgríobhadh ina ttuigfidhe letrom claonadh senchusa brég nó dermad a
naghaidh énduine dEirinn accas go háiridhe Connocht ar na sgríobhadh accas
ar na ghairm ar ais anois gach ní dhíobh nach bfuil fírinne shenchusa dhá
chruthughadh do budh cúis mhasla do shenchadhaibh Eirionn accas do gach
druing oile re mbenann an chúis.
1. An cédní mur a nabair (a Senchus na Naomh san Réim Ríoghraidhe san
Leabhar Gabhála accas san Leabhar Iris et cetera) do sgríobh sé gurab
mac do Bhres dar bhráithre Nár accas Lothar clann Eachach Fheidhligh
Lughaidh Shriabhnderg. Atá sin a naghaidh leabhar Eirionn óir
foillsighidh an uile leabhar senchuis sgríobhus ar an bponc sa nach fes go
haonaránach cia dhíobh dar mhac an Lughaidh romhuinn. Tig an tairdeasbog
Flaithrí O Maolchonaire na chroinic accas Doctúir Céiting leis an
ccédfaidh ndeighenaigh maille cruthughadh na seinleabhar.
2. Gurab ag Eochaidh Muidhmhedhón rí do sgarsad na trí Connachta re
clanna Néill. As amhlaidh sgríobhus leabhair Eirionn so gurab ag an
Eochaidh céadna sgaraid so re roile accas as fíor an chédfaidh dheighenach
óir do ba derbhráithre dároile Brian an sinnser Fiachra o bhfuilid na
teora Connachta accas Niall ó bhfuilid clanna Néill accas mur sin an
mhéid nach ó Niall (bhaoi ní budh óige iná cechtar díobh) tángadur a
ngeinemhain ní héidir crann do dhénamh dhe orra re sgarfaidís nó dá
mbenfaidís acht as oirchesaighe a sgaradh nó a ttegmháil araon dá nathair ar
gach taobh. Atáid na seinleabhair ag teacht leis an ccédfaidh ndeighenaigh.
Atá an tairdeasbog Flaithrí accas Doctúir Kéiting. Atá leabhar an
bhráthar Míchél féin go huilidhe ag teacht leis mar a sgríobhann daoine do
sgaradh re roile acht an ponc so amháin.
3. Gurab rígh go bfresabhra a bhfuil o Mhaoilseachloinn Mhór anuas an
mhéid ro ghabh cennas Eirionn go Gabhaltus Gall accas gurab amhlaidh
gairmthí rí go bfresabhra .i. dá madh do leith Cuinn dó leth Cuinn do
bheith aige go hiomlán accas cúigedh do leith Modha. Mur an cedna dá madh
do leith Modha dhó leith Modha do bheith aige go hiomlán accas cúigedh do
leith Cuinn. As iomdha résún ní áirbhim leabhair ag techt a naghaidh an
phuinc si. Oir as follus
nach mur sin do bhíodh ríogha go bfresabhra óir adeir Uiraiceacht Bheg
(leabhar Féineachuis) go ngoirfidhe rí Eireann go bhfresabhra muna
mbeith acht énchúigeadh dEirinn aige accas lorg a shluaigh do thabhairt as
gach cúigeadh eile dEirinn. Adeir Uiraicecht Chaol leabhar oile
Féineachuis go ndiongna freasabhra dhe dá mbeith Eire uile aige accas dún
nó baile do ríoghbhailtibh Eirionn do bhuain de nó do chonnmháil uaidh.
Neimhionann sin accas an chúis romhuinn accas as mó go mór bhaoi cúrum an
neithe sí ar an bFéinechus iná ar an Senchus óir as déis na cúisi do
bheith réidh ó dhligheadh do budh cóir don tsencha a sgríobhadh an mhéid gur
cúis imresna í. Ar an adhbhur sa nír chóir fresabhra go haonaránach do chur
mur thioduil ós cionn na ríogh romhuinn accas gan é ar énrígh rompa accas gibé
adh lorgaireacht nár chóra cuid do na ríoghuibh deighencha sa do
bheith go bfresabhracht iná do na ríoghaibh rompa accas má tá go ttuigfedh an
léughthóir freasabhra orra ar gach taobh a mórán dáitibh nír sgríobhadh mur
thioduil ós cionn flaithis énrí an focal as fresabhra roimh an mbráthair si.
4. Adeir nach raibh Toirrdhealbhach Mór O Conchubhair acht fiche
bliaghain na rígh Eirenn go bfreasabhra. Atá Leabhar Chluana mac Nóis
Leabhar Chluana hEidhneach Leabhar Leacain Leabhar Chluana Plocáin
accas urmhór leabhar Eirionn dá dheimhniughadh go raibhe caoga bliaghain na
righ Eirionn accas ní sgríobhuid fresabhra air. Tig Donnchadh Bán O
Maolchonaire leis so (san duain darab tosach Eisdigh a eigsi Banbha)
mur so
<B 1404ob <17>
Dhá fhichead bliaghain becht linn
sa deich leó luaidhim
do bhí Toirrdhealbhach go tenn
na rígh ós fheroibh Eirenn
B 1646 17L
Fós as urusa a chruthughadh nach raibhe (do réir mur sgríobhus an bráthair
freasabhra) Toirrdhealbhach Mór go bhfresabhra óir cruthuighid na leabhair
romhainn go ndeachaidh an rí Toirrdhealbhach accas Laighnibh maille ris
go Muimhneachuibh gur ghabh a neart accas gur oirnn dhá rí orra .í. rí don
taoibh theas accas rí don taoibh thuaidh accas gur thill an rí go mbuaidh
ccosgair iar sin accas ar mbeith mar sin dó
táinig sgéula chuige gur fhás cogadh eidir Mhuimhneachaibh accas gur
marbhadh rí Desmhumhan ionnus gurbh éigin don rí Toirrdhealbhach dol go
leith Modha an dara feacht accas ríghthe doirdneadh ar dhá chúigedh
Mumhan ionnus mur sin go raibhe leth Modha uile aige accas ar mbeith go
bfreasabhra do réir an bhráthar bhaoi leth Cuinn aige uile accas ní fhuil
conntobhairt go raibh leth Modha fa na smacht accas mur sin do réir an
bhráthar féin as rí gan fhreasabhra é.
5 Adeir go raibh cíos ag O nDomhnoill a cConnachtuibh. Cuirim a ccás
go mbeith cíos cosanta a mbloidh do Chonnachtuibh aige accas gan tuaith ná
tigherna dá chengal go síordhaidhe dó masedh nír mhasla don chuid eile do
Chonnachtuibh sin accas nírbh oircheas a sgríobhadh ar mhodh go ttuigfidhe
cuid ar bith do bheith ag an muinntir nár gheall é dhe. FINIS.
B 1646c 17L
Freaccra do chum an leicchtheora
Foillsighim dhaoibh a léightheóir go ttugus éisdeacht re haimsir nimchéin
don bhráthair Tuilegna O Maolchonaire gan fhregra do thabhairt air a
cceithre poncoibh dár thrácht a naghaidh an bhochtbhráthar Míchél O
Cléirigh um aghaidh si accas a naghaidh deisi deighshenchadh oile
(Cúcoiccríche O Cléirigh accas Cúcoiccríche O Duibhgeannáin) ga mbadur
san accas meisi ag congnamh le Míchél an mhéid fhoillseóchum síosana do na
leabhraibh ro ghabh re a ais do sgríobhadh diomlánadh accas do chur le chéile
eidir bhuga accas chruas do réir ar ccumhuing mur atá urmhór
Naoimhshenchuis Eirionn go na Réim Ríoghraidhe Gábhaltus Eirenn go
hiomlán ó bheagán daimsir ria ndílinn go flaithes Ruaidhrí mheic
Toirrdhealbhaigh Mhóir I Chonchubhair (rí Eirionn go bfresabhra) accas
leabhair Annála accas Irisi Eirionn ón mbliaghoin do chéadaois an domhain
tionnsguintear ann gusan mbliadhainn 1333 accas gan bheith go coitchionn
dhúinn an ceathrar sa dfiaghnuibh ar éinní dár tráchtadh isin leabhar
Irisi ó sin síos.
Tuig a léightheóir gurab eadh fadeara dhamh éisdeacht riú mur
sin gur shaoileas ó thús iar na cclos nach léigfidhe ós aird go puiblidhe
iad coimhéuttrom accas do léigedh nó go ccuirthí féuchain go deiscréideach
orra do láthair dhaoineadh ttromdha deagluis accas dealadhuin dfios an
molfaidhe nó an ndiommolfaidhe a léigen ar a naghaidh. Do bhadhusa mur so
ag éisdeacht riú go gairm ar an ccúis go caibidil ghenearáilte uird S.
Froinsias a mBuailtibh Farannáin an bhliaghain si 1641 go ndechusa
accas mo chomthach coimhealadhna accas comhoibrighthe Cúchoiccríche O
Cléirigh gusan ccaibidil si iar nar ngairm cuice accas go ttáinic
Tuileagna mur an ccédhna. Gá ttú acht mur nár mhaith lemsa éiccert follus
do dhul ós aird ar aon don chineadh dá bfuil sean foillsighim go bráthardha
fírcheart na cúisi go deiscréideach dhó re ndul dá haighneas do láthair a
breithemhnais. Tugus mar chomhairle dhó go fiadhnach éisdeacht ris an
cceirtshenchas do thrácht Míchél gona chomhoibrightheóiribh tre dhá
adhbhur ionnus go ccuirtí ar a aghaidh é accas a phuinc chethardha do ghairm
ar ais nó do dhíchleith as nach beithdís na siocair imresna o sin amach
eidir uaislibh: accas mar nár mhiadh leis comhairle a lesa do ghabháil uaim
toghthar linn do thoil aroile daoine tromdha fesa foghlomtha don eglais a
mbreithemhnus ar ccúisi do réir mur foillsighid féin a nanmanna ar
sgríobhadh a mbreithemhnuis iar naighnes dúinn do gach taoibh na
bfiaghnuisi.
Do shaoilesa go deimhin annsin accas as dóigh gur shaoilsed daoine oile nach
léigfeadh Tuilegna iomrádh puiblidhe do dhénamh ar a phoncuibh ó sin
amach. Gidheadh as iomráidhtighe go mór ó bhél go bél in gach aird
dEirinn iad anois iná roimhe accas (do bharr ar an ttubuisde) do sgríobh
Tuilegna go fiadhnach chugum an dara lá dég dOctober 1646 nach dhá
thoil féin do rónsad na bráithre breithemhnus nó ordughadh isin ccúis ccédna
ionnus go ttuigim air sin (gibé darab adhnár é) go bfuil sen contrárdha
dordughadh na mbráthar gona choingheallaibh ní do bheir orum anois freagra
fheasach fhírinneach do réir ar ccédtráchtuigh do thabhairt orra accas a
léigean ós aird ó nach oircheas accas nach iomchubhaidh lem bheith ag
beulaighneas re gach aon fa leith na ttimcheall ionnus go tturnfadh sin
maille le toil Dé an tár an tarcuisne accas an toibhéim do tionnsgnadh do
Mhíchél accas dúinne thrempa accas do chum go tturnfadh mur an ccédna an
fhochain
imreasna shíordhuidhe do thiocfadh as a los eidir uaislibh slechta Breis
maille re gach diomdha dá mbeith aca do gach taoibh ar an ccineadh
cConaireach do tharruing tar ais a ngrádh accas a ccarthanacht tre
fhírcheart na cúise do chruthughadh dhóibh ó aon díobh: accas mur nár
sheachnus féin ná maos cumtha englorg na senchadh suaidhbhésach a
cceadtráchtadh na cúise do chuireas romham anois a cceartlorg do lenmhuin a
bfreagra na bponc so mur atá a tráchtadh a mideardhacht tar a tráchtadh a
ccomhrádh sgaoilte do bhrígh go bfaicim go follus na ghnáthnós ag
senchroinicibh eolcha na hEirionn diaigh a ndiaigh a ttagra accas a
bfreagra do bheith a bfoirm dhána mur so tar a mbeith a bprós.
Tuig a léightheóir gurab éigin damh neithe nuaidhe (bíoth go bfuilid seanda)
do tharruing asteach go meinic isin bfreagra thionnsgnuim. Oir gach sreth
aighnis éiccirt dár thrácht Tuilegna ina phoncuibh dob éidir gurab éigin
mór sreth ccert dfoillsioghadh a naghaidh gach sreithe dhíobh do
chruthughadh an chirt accas do chur an éiccirt ar ccúl ionnus go ttig dhe sin
an tesaidhecht shuidhighthe diarrfadh an léightheóir do bheith isna rannaibh
si go ccuirther ó chéile í tre éirghe ón sreith críochnuighther dhíobh do
chum sreithe eile do fhregra. Gach áit a léghthóir ina mesfaidhther libh an
anshocracht shuighidhthe sin do bheith ionnta léigh an ponc dá mbenaid
ainnsidhe accas tuigfe sibh dar ndóigh go mbeid suidhighthe do réir na sreth
foillsighther ann.
As fesach dhamh go ttug an bráthair Míchél (Dia do dhénamh trócaire air)
fregra iúlmhur fhírfhesach ar phoncaibh Thuilegna roimhe so accas faríor
mar as fonnmhuire le mór ndaoinedh an téiccert do shíoladh eattorra iná an
cert as foirleithne fhairsinge saobhphuinc shearbha Tuileagna gá síoladh
fo Eirinn iná ceirtfhregra chnesta chéillidhe thromdha thabhachtach an
bhráthar orra: accas do réir mur do chuidigheasa le Míchél a
ccédtráchtadh an mhéide ro ráidhes thuas atá dá leabhraibh atú (ag
nertchuidechadh léna fhregra sonna) san lorg ndírech accas bed rem bheó bíodh
nach bfuil a esbaidh uirre gidheadh as feirrde maith a móradh.
Tuig fós a léightheóir gach athais accas gach imdhergadh dár ullmhaigh
Tuileagna ina litir ina nóta accas ina phoncuibh do Mhíchél gur ullmhaigh
an ccédna do gach aon dá chomhoibrightheóiribh bíodh nach ttug ós aird díobh
acht eision amháin fo bhíth gurbh ionann
aon díobh dainmniughadh a moladh nó a ndiommoladh a saothair accas a
nainmniughadh uile.
Go bfes damh a leightheóir mas fer caomhanta masla senchadh Eirionn
Tuileagna (do réir mar adeir ina nóta) as beg nach nár dhó a laige
chaomhnus an seinchinedh aosda onórach ealadhanta ór chin féin gá mbíodh
cathaoir ollamhnachta Connacht ag gach aon díobh gá ttegmhadh cennus fine
do thromdhacht daois accas dealadhain ón aimsir (beg nach) fár ghabhsad an
sloinnedh Conuirech chuca nó gur chlaochlaigh foirnert conquest na
nGall onóir uaisleadh accas ealadhan Eirionn. As deimhin go sgríobhthar
a ttiodal Neidhe Conuing Buidhe a athair accas Thanaigh Eolaigh a
shenathar (sa lorg ar a bfuilid clann Uí Mhaolchonuire go coitchionn) go
mbaoi ardollamhnacht Eirionn a senchus ag gach aon díobh. As tuigthe do
chách nach tiocfaidís na hardollamhuin sin (gan áiremh ar a mbaoi rompa accas
na ndiaigh dá ccinedh gusan aimsir si na ndaoinibh fesacha foghlomtha a
senchus) leis na briathraibh si thíos thráchtus leabhar Connachtach dá
mesdaois lettrom do bheith do Chonnachtaibh ionnta. Ag so na briathra:
Connachtaigh thra até ad neasa cairdes dUíbh Néill do shaorchlannaibh
Eireann et cetera
accas do bhrígh gurab é lorg na nughdar sa accas gach seanughdair eólaigh le
senchus deagluis accas dealadhain Eirionn go huilidhe do lenadh le
Míchél accas linne san lorg ndíreach isna neithibh le ttángamur do
thoil aroile ní héidir má tá lettrom claonadh senchusa brég nó dermad
inar saothairne mar adeir Tuileagna nár chruthughadh orra san uile go
mbaoi an cédna leó.
Go bfios damh fós as dermadach nár éisd Tuileagna le ceirtshenchus
cruthaightheach an bhráthar gona chomthachaibh mur do éisdsiod go heolach an
taois ealadhna foghlumtha aosda onórach dár taisbénadh é táinic leis accas
do chuir a lámha air mur fhiadhna.
As tuigthe dhaoibh mur an ccédna a léughthóir muna mbeinnsi ar baois nó ar
buile nach ttiocfuinn le héiccert do dhénamh ar uasailshliocht Briain
mic Eachach tar uaislibh Eirionn accas go mórmhór Síol cConchubhair gona
ttaoiseachuibh eidir a mbíodh a bhfuil accas a mbia an cineadh dá bfuilim
gá ccothughadh gá ccaomhna accas gá
cconnmháil suas go síordhaidhe amaille le carthanacht éadáil accas onóir
bíodh go mbeithdís maos comtha go coitchionn fonnmhar air mur nach rabhadar
accas nach beithdís choidhche ar chomhuidh ná ar chennach.
Gabhuim ced agaibh budheasta a léughthóir maille le mo thoil do thabhairt do
gach croinicidh ceart coinsiasach feasach foghlomtha a senchus seachnóin
Eirionn dá bfaicfidhther go cruthaighthech éiccert nó arráid senchuis do
bheith isna neithibh thráchtuim síosana mo chertughadh ionnta maille le
hughdarrás. Lór de acht guidhim Dia libh accas atú ag iarraidh bhur
nguidhe mur an ccédna. Bhur mbiothchara ionmhuin a léightheóir
thuixeanaigh gibé sibh degluis duaislibh nó dealadhain accas duini darab
dúthchus bheith nemhainbfhesach a ttuxin accas a ttráchtadh senchuis na
nGaoidheal.
Fearfeasa O Maolchonuire.
B 1632 17T
Atáimsi Flann mac Cairbre Meic Aodhagáin ó chuntae Thiobrad Arann accas ó
Bhaile Meic Aodhagáin aggá fhiadhnughadh go bfuil an Réim Ríoghraidhe si
accas an Naoimhsheanchus so ar na nglanadh accas ar na certughadh go
hionmholta leis an mbráthair bochd .i. Míchél O Cléirigh accas leis an
cuidioghadh aosa ealadhna oile baoi maille ris. Mur dhearbhadh air sin
atáim ag cur mo láimhe dá dhearbhadh sin a mBaili Meic Aodhagáin 31
August 1632.
Flann Mac Aodhaccain
B 1636 17L
Atáimsi Mac Bruaideadha .i. Conchubhar mac Maoilín óig ó Chill
Chaoide a ccuntae an Chláir ag fiaghnughadh go bfuil an leabhar so
ionmholta iar na thogha accas iar na ghlanadh as seinleabhraibh oirdherca
Eirionn leis an aois ealadhna reimheráidhte. Dá dhearbhadh sin atáim ag
cur mo láimhe cuige so a cCill Chaoide an dara lá do mhís November
1636.
Conchubhor Mac Bruaideadha.
Coip fhirinneach.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11