Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Branar

Title
An Branar
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
Muinntir an Bhranair

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Branar



Tá ráithe anois ó tháinig An Branar amach. Iaraimíd ar ár léitheóirí
gan an mhoill seo a thógaint orainn; ní raibh aon leigheas againn
air mar sgéal. Do chuir na clódóirí stailc oibre suas agus dob éigean dúinn
géille do chomhachta Oibreachais. Ach anois ó tá socrú déanta táimíd ag
tosnú arís, mar ní cóir go dtiocfadh fás Oibreachais trasna ar fhás leitríochta
na Gaedhilge. Is amhla ba cheart dóibh araon fás a dhéanamh in éineacht.



An fhaid a bhíomair 'nár stad bhí aga againn ar dhul isteach go mion
i gcúrsaí An Bhranair, i.e., an costas agus an trioblóid a leanan é agus an
glaodhach atá air. Sé tháinig as an iniúcha san ná an méid seo a bhuala
isteach 'nár n-aigne, - go raibh an costas agus an trioblóid ró-mhór i gcomórtas
leis an nglaodhach agus, dá leanfaimís orainn, nárbh fhada go gcaithfimís é
a leigeant ar lár de cheal airgid.



Dá bhrí sin tá socair againn ar atharú beag a dhéanamh. Árdófar fiacha
An Bhranair ó sgilling go dtí sgilling is leath-raol agus ní tabharfar amach
feasta é ach uair sa ráithe in inead uair sa mí. Is oth linn féin go gcaithimíd
an t-atharú san a dhéanamh ach is dó linn gur fearr é dhéanamh ná deire a
chur leis An mBranar ar fad.



Féadfar An Branar a thabhairt amach arís in aghaidh an mhí má's maith
le lucht léighte na Gaedhilge é. Ní iaraimíd ach míle duine a cheannóidh é.
Ba chóir nár dheacair an méid sin dfháil má tá suim againn in aithbheóchtaint
na Gaedhilge do réir ár gcainte. Go dtí go mbeidh míle léitheóir in áirithe
againn, ámhthach, caithfidh An Branar fanacht 'na ráitheachán. Gach
duine atá ar mhaithe le saothrú na Gaedhilge, mar sin, dineadh sé a dhítheal
chun léitheóirí a sholáthar dúinn.



Ba mhaith linn ár mbaochas a ghabháil anso leis na daoine a chuir
síntiús chughainn i dtosach agus a rá leo go gcuirfar An Branar chúcha go
deire a síntiúis.


L. 116


Rinnce.



Chun brigh iomlán a bhaint as an bhfocal san rinnce, ní foláir trí rudaí,
ar a luighead, do chur tré chéile, mar atá: (a) gluaiseacht na bhféithleóg
asta féin tré oibriú na hinntinne le linn di bheith suaithte go mór, dá mb'é
oibriú na cráibhtheachta féin a bheadh ag gabháilt di, (b) céimeanna áirithe
gluaiseachta i gcolainn an duine ar son an phléisiúra a bhaineann an rinncéoir
asta, (c) céimeanna speisialta deigh-oilte a múintear don rinnceóir chun aithris
shoiléir, sho-thuigthe ar ghníomhartha agus ar mhianta daoine eile a dhéanamh
i bhfuirm rinnce. Ní gádh cur síos go ró-chruinn ar shuathadh na haigne
agus ar an mbaint atá aige leis an rinnce. Is gnáthach, go deimhin, go
méaduigheann ar an rinnce d'réir suathadh na haigne. Acht ní mhaireann
san i bhfad, agus taréis tamaill tagann tuirse agus traochadh ar an rinnceóir,
idir chorp agus inntinn. Is minic, leis, a thuiteann amach go dtagann saghas
gealtaighe ar an rinnceóir ar dtúis, agus go mbíonn gach ball dá bhallaibh
beatha, agus gach féith dá cholainn ar mhire-ghluaiseacht ionnus ná haith-
neóchadh an t-athair a mhac go minic agus é ar na stárthaíbh sin! Tá
somplaí againn ar na neithibh sin imeasc na Spinning Dervishes, gan trácht
ar rinncí gealtacha Bacchus. Agus dar ndóigh ní gádh cur síos ar La danse
macabre 'na mbíodh na daoine ag rinnce agus ag rinnce leó no go dtuitidís
'na meaig mharbh ar láthair an rinnce.



Ní bhfaightear an rud san go nglaodhtar "meadar" air ach amháin
'sna rinncí toileamhla a chleachtuightear imeasc daoine síbhíalta. An chiall
atá leis an bhfocal "meadar" ná gach re gluaiseacht féitheóige a bheith
láidir, lag i ndiaidh a chéile. Má dheinimíd scrúdú ar an aigne lena linn, is
follus dúinn gur cúis áthais dúinn suathadh na fola, ag gluaiseacht di i dtreó
na hinntinne. Cúis eile áthais dúinn na gluaiseachtaí céadna do theacht i
ndiaidh a chéile gan teip; gan trácht in aon chor ar an bpléisiúir a thagann
as géarú gach gluaiseachta go dtí go sroistear an poínte is aoirde dhi. Ionann
san agus teacht agus imtheacht na taoide, fé mar adeir Florizel le Perdita
(Winter's Tale): "When you do dance, I wish you a wave of the sea." Tá
oiread áilneachta i ngluaiseacht chorpordha agus atá i nótaí an cheóil. Sin
é tuairim na hinntinne ar an rinnce.



Aoinne a dhein greas rinnce riamh (agus, dar ndóigh, cé nár dhein?) ní
gádh a chur 'na luighe air a fheabhas is neartuigheann an ceol leis an rinnce.
Rud eile dhe, dá mhéid daoine a bheidh ag rinnce, is eadh is feárr a thaithnfidh
an rinnce leis na rinnceóirí féin, gan trácht ar na daoine a bheidh ag féachaint
ortha. An t-ordú agus an riaghalú nách foláir do bheith ortha chun an rinnce
'dhéanamh 'na cheart, is feárr a thaithnigheann sé leis an té atá ag féachaint
ortha ná dá mba ná beadh aon riaghlú in aon chor ar an ngluaiseacht.



Is mó saghas rinnce atá ann, agus do réir gach deallraimh, níl de bhunús
leó go léir acht an pléisiúir a baintear as an ngluaiseacht chorpordha nách


L. 117


foláir a bheith ionnta. Má dheinimíd nósa na ndaoine fiadhaine atá fós ar
an saoghal d'infhiúchadh, chífimíd an méid sin gan ró-mhoill. 'Sé is
deallrathaighe dhe, ámhthach, ná go bhfuil saghas éigin tagartha ionnta so
don bhaint atá ag an nduine lena bhain-chéile. Ach pé bunús a bhí leó agus
iad dá gceapadh an chéad uair riamh, ní dócha go gcuireann san triobloíd
aigne ar bith ar na rinnceóirí fé láthair. Is leór leó-san gur taithneamhach
an rud an casadh dúbalta, agus go ngabhann sé níos feárr le deiseacht an
cheoil ná mar gheobhadh an casadh aonair. Aon rian des na seana-nósa atá
le fáil gus an lá indiu, is cuma cad air go mbeidh an rian úd, taisbeánann sé
go bhfuil an seana-nós san oireamhnach do gach aois agus do gach dream
daoine, agus mar sin, ní gádh don choitiantacht dul isteach ró-dhoimhin 'sa
bhunús a thug ar ár sinnsir iad do chumadh an cheád uair riamh.



Is annamh a deintear rinnce gan ceol de shaghas éigin mar chuidiú leis,
pé aca an rinnceóir féin a dheineann an ceól a spreagadh no duine éigin eile.
Ní hamháin gur comhartha eile ar shuathadh aigne an duine an ceol a bheith
'á spreagadh aige, mar is minic a thuiteann amach gurab é an ceól (no an
amhránuidheacht) bunús na tabhartha amach go léir. Cuir i gcás muinntir
Tahíti. Tá amhrán fé leith ag gach duine aca san go bhfuil slighe-bheatha
fé leith aige, agus is minic a chuidightear leis an amhránuidheacht le greas
rinnce. Tá "amhrán an bhádóra" ag an mbádóir, agus "amhrán
fiaguidheachta" ag an bhfiaguidhe, agus mar sin dóibh. 'Na theannta san
is uile, bíonn an rinnce mar a bheadh órnáid ar an scéal go léir.



Ach is minicí, gan amhras, gurab é fé ndear an ceol ná breis phléisiúra
a theacht don rinnceóir agus don lucht éisteachta dá bhárr. Is follus san
ó rinncí na bhfear gorma, agus ó tá tagairt anso is ansúd agam dos na daoine
sin, bfhéidir nár bhfeárr rud a dhéanfainn ná cur síos go cruinn ar Korroboree
na nAstráileach. Chuige sin, tá cúntas gairid agam anso síos do scríobh
ollamh Gearmánach taréis dó roinnt blianta a chaitheamh imeasc na bhfear
gorma úd. Ag seo mar chuireann sé síos air:-



"Toghtar árdán beag féarmhar, agus gabhtar de chosaibh ann go mbeidh
sé mín, réidh. Is gnáthach gan ach aon cheóltóir amháin a bheith ann, agus
é 'na shuidhe ar an dtalamh, agus a chosa fillte ar a chéile aige. Port ar
siubhal aige do shíor, agus is é gléas ceóil is minicí in úsáid aige ná búmaraing
agus fearsad dá mbualadh i gcoinne a chéile aige mar chabhair leis an
bportghail.



"Os a chomhair amach bíonn sé feara déag no mar sin, agus iad 'na
gceathrar no 'na gcúigear. In aice leis an gceóltóir, ar a dheis, chítear bean
ag rinnce síos, suas, agus tugtar fé ndeara an rinnce a bheith freagarthach
don cheól agus do ghluaiseacht na bhfear. Ní bhíonn ach an t-aon bhean
amháin ar na rinncí sin, agus is mór an t-éad a bhíonn ag na mnáibh eile léi.


L. 118


Suigheann siad-san ar dhá thaobh dí féin agus den cheóltóir. Mar sin dóibh,
agus a mbasa dá mbualadh ar a nglúinibh aca in éinfeacht leis an gceól, i
dtreó gur uathbhásach an fothram a dheineann siad. Bíonn an lucht faire
ar dhá thaobh na rinnceóirí agus as san suas go dtí an dá chúinne 'na mbíonn
na mná 'na suidhe.



"Is annamh a bheadh aon órnáid ar an lucht faire. Níl ach cor-dhuine
a bheadh péinteálta. Ach ní bhíonn aon teóra riamh le hórnáidí na rinnceóirí.
Iad stríocaithe ó bhathas go bonn le péint, idir bán agus dearg agus buidhe.
Smearann siad a ngruaig le céir na mbeach agus sáthaid cleití den uile shaghas
innte. Cuid aca, gur mhaith leó féachaint go fíochmhar, cuirid tor cleití 'na
mbéal, agus barr na gcleití amach. Daoine nách iad, bíonn sliogáin
greamuighthe dá bhféasóig aca. An chuid is greannmhaire den scéal ná,
ná cuirtear aon ornáid in aonchor an an dombidombi (bain-rinnceóir)." Níor
thaithn an Korroboree leis an ollamh úd go ró-mhaith. Bhí sé ró-leadránach,
dar leis.



"Ach is iad na rinnceóiri fireanna na daoine is mó tábhacht 'sa scéal
ar fad. Rinnceann siad rómpa i dtreó an cheóltóra, agus gach aon fheacadh
agus casadh aca dá mbaint as a gcolainn, agus pus-cheól ar siubhal aca san
am chéadna. Ar theacht i ngiorracht an cheóltóra dhóibh, stadann siad go
hobann, scarann siad amach ó chéile, thar nais leó go dtí an áit nur thosnuighdar,
agus seo ar siubhal an seana-rud céadna airís. Bíonn súile na mná rinnce
greamuithe ionnta so ó thúis deire, agus a cosa freagarthach do sheinneamhaint
an cheóltóra. Ba dhóigh leat ná raibh aon spéis in aonchor aige siúd 'sa
tabhairt amach. Ní bheadh sé cortha go deó dhe bheith ag amhránuidheacht,
dar leat. Maidir leis an lucht faire, gáireann siad go minic i rith an rinnce,
agus is follus go gcuireann sé áthas mór ortha."



Ní ithtear puinn bídh ar na rinncí sin. Éinne go bhfuil cuire chun an
rinnce aige, ní foláir dó a chuid bídh féin do bhreith leis. An rinnce go
bhfuil cur síos air anso, bhí sé ar siubhal ar feadh sé seachtaine, ach sos a
bheith ann ó am go ham. Ní haon iongnadh san nuair is fios dúinn ná beadh
Korroboree eile ann go ceann bliana, mar nách foláir leis na fearaibh gorma
rinncí nua agus puirt nua-cheaptha a bheith aca gach uair, agus is dócha go
mbíonn an iomad leisce ar lucht an cheóil do cheapadh chun a leigint dóibh
rinncí a bheith níos minicí aca.



Éinne a chuireann mórán spéise in úirscéalta na haimsire seo, is cuimhin
leis an cúntas, breagh, spéisiúil ar "rinnce an bháis" ag muinntir Aifrice
atá sa leabhar úd darab teidiol King Solomon's Mines. Is í an bhan-
draoidheadóir "Gagool" agus a complacht ban-chongantóirí a dhein an
rinnce sin imeasc na saighdiúirí gorma, agus éinne go leagaidís na rinnceóirí
lámh air, b'in breith bháis air láithreach baill, do réir an chronáin a bhí ar


L. 119


siubhal ag na mnáibh: "Cad tá i ndán don duine shaoghalta anso thíos?
An bás." Cuireann an rinnce sin a gcuimhne dhúinn go mór "Dóra" na
nGall. Ba mhaith an áis ag an rí é chun bás obann a dh'imirt ar éinne ná
taithneóchadh leis.



Ní miste, is dócha, tagairt a dhéanamh do rian na seana-nós fhanann ar
an aos atá suas anois. Ar an gcéad dul síos, fé mar a bhíodh rinncí agus
a mbaineadh leó mar shaghas ofrála dos na déithe fadó riamh, agus go dtáinig
as san go mbíodh rinncí speisialta i gcóir ócáidí áirithe, tá nós againne anois,
agus dá dtagadh taidhse ón seana-shaoghal thar nais, ní dóigh liom go
gcuirfeadh sé an t-iongnadh ba lugha air. 'Sé sin, nuair ba mhaith linn
ócáid éigin speisialta do shollamnú, an chéad ní ná a cheile a bheidh ar siubhal
againn ná rinnce nó céilidhe. Imeasc an aosa óig, leis, is minic a tugtar
fé ndeara, nuair ba mhaith leó bheith go meidhreach, go n-aimsighid canna
stáin agus blúire adhmaid, agus dar leó féin, níl a shárú de cheól ar domhan
ná an gleó a baineann siad as le linn rinnce dhóibh. Agus ós ag tagairt don
cheól anso dhom, níorbh aon díobháil an bhaint atá ag feabhas an cheóil le
feabhas an rinnce i dtíortha an domhain do thabhairt fé ndeara. Is gnáthach
go mbíonn dlúth bhaint ag an dá ní sin le chéile. Cuirim i gcás na hIndighig
agus na hAstráilig. Ní bhíonn de ghléas ceóil aca-san ach blúire adhmaid
no blúire croicinn, agus tá an tútacht chéadna ag baint leis an rinnce a
dhineann siad. Ach na náisiúin go bhfuil an tsíbhialtacht ortha le cian
aimsire anuas, tá deise gach deiseachta de ghleásanna ceóil sreangánacha aca,
agus deiseacht is áilneacht na rinncí dá réir sin.



B'fhiú go mór rinncí aithris na ndaoine a bhí ann fadó do thabhairt fé
ndeara agus do mhion-scrúdú. Cuid aca san, do réir deallraimh, a bhíonn
dá gcleachtadh ag treabhacha na bhfear gorma gus an aimsir seo féin. Tá
rinncí ag na h-Ostiaki (Áisia Thuaidh) 'na ndeintear aithris ar an
bhfiaguidheacht, agus ar shúgradh an bheithir, na faolchú agus na n-ainmh-
idhthe fiadhaine sin. Ní dhineann na rinnceóirí ionnta san ach bheith ag
léimrig agus ag casadh go hobann ar a chéile go mbeidh siad traochtha amach.
Nós eile greannmhar ag Bushmen na hAstráile iseadh go gcaitheann siad
léimeanna fada, neamh-riaghalta le linn rinnce dhóibh, fé mar bheidís ag
déanamh aithris ar thréad laogh a bheadh ag súgradh dhóibh féin.



An rinnce is mó a thaithigheann gach treibh fhiadhain is é an "rinnce
cogaidh." Gléastar in airm 's in éide gach fear fásta, agus leigeann siad
ortha go bhfuil an namhaid os a gcomhair - go bhfuil sé chúcha. Screadann
siad amach in árd a gcinn 's a ngotha, agus cuirtear an ruaig ar an namhaid
ná fuil ann. Is iad na mná a spreagann an cól de ghnáth. Tá nós ag na
mnáibh i Madagascar bheith ag síor-rinnce an fhaid a bhíonn na fir as baile
ag troid, mar is dóigh leó go dtagann misneach dá bhfearaibh as san. Tá


L. 120


rinncí eile ann a dhineann aithris ar cheisteanna tábhachta eile, mar atá
suirghe agus pósadh agus sochraidí. Mar shompla amháin ortha so, tógfaimíd
rinnce sochraide na Todas, - treibh atá 'sna hIndiacha. 'Sé atá ann ná duine
do bheith ag síor-ghluaiseacht siar is aniar, agus gan de phort aige ach:
"Hú, há, hú, há." Ní ró-léir an bhrigh atá leis sin. Tá nós greannmhar
eile ag an dtreibh sin darab ainm Veddahs. Tá fear leighis ortha go dtugtar
"diabhal d'réir céirde" no professional devil air, agus seo mar chleachtuigheann
sé a cheárd. Cuirtear roinnt bídh ar árdán trí gcos. Gléastar an "diabhal"
i mbilleóga crann ó bhathas go bonn, agus taréis machtnaimh dó go ceann
scathaimh, cromann sé ar rinnce. Tagann mar a bheadh gealtaighe air
ansan agus é ag rinnce, agus as an ngealtaighe sin gheibheann sé eolas ar an
leigheas atá ag teastáil uaidh. Ní gádh a innsint cá n-imthigheann an
biadh!



Rinncí fé leith eile a b'eadh na rinncí naomhtha a bhí ann ó aimsir
Adaim, agus isé bunús a bhí leó, do réir daoine ughdarásacha, ná gur ceapadh
mar aithris ar chúrsaí na réilthíní iad. Is mó fáth a thugadh ar ár sinnsir
na rinncí sin do chleachtadh, mar atá: buidheachas a thabhairt don Tighearna,
umhlú na haigne, impidhe agus moladh a dhéanamh ar na déithe. Tá sompla
maith againn leis seo i stair na Rómha. Bhí órd áirithe sagart san Róimh
fadó, agus bhíodh de nós aca a sciatha do bhualadh go láidir ag rinnce dhóibh.
Tugtar fé ndeara go dtáinig an seana-nós san isteach san Eaglais leis, mar
bhíodh slighe agus áiteacha fé leith dosna rinnceóirí i gcóracha na dteampall.
Do réir cuid des na dochtúirí diadha, bíonn na haingil ag síor-rinnce mar is
daoine áthasacha iad! Ach tháinig droch-mheas ar an rinnce 'sna
teampallaibh. Bhí San Abhaistín go mór 'na choinne, agus is é ainm a
bhíodh ag na hAlbigenses air ná "Comh-shiubhal an Diabhail." 'San am
chéadna bhí rian na rinncí sin le feiscint i dteampallaibh móra na Spáinne
agus an Phortuingéil i lár na hochtmhadh aoise déag.



Bhí rinnce fé leith ag muinntir Aithne 'sa Ghréig, - rinnce na hamharc-
lainne, no rinnce ar an árdán. Nuair a bhí Augustus 'na impire ar an
Róimh 'na dhiaidh sin, dhin sé a dhícheall chun na rinncí sin pantomime do
chur chun cinn, agus d'éirigh leis go sár-mhaith. Ach mar is gnáthach le
gach éinní dá shórd, tháinig athrú mór air le himtheacht aimsire, agus is é
rud a tháinig as dúinne ná ballet na linne seo.



Ba mhaith liom tagairt fé leith a dhéanamh anso dosna rinncí Gaedhalacha,
agus an díospóireacht is gnáthach a bheith ar siubhal mar gheall ortha. Ní
ró-léir dúinn as na seana-scríbhinní cad as a dtáinig mórán desna rinncí
Gaedhalacha atá ann fé láthair, ach amháin go bhfuil déanamh na nGaedhal
ortha, agus mar sin de go dtaithnigheann siad leis na daoine. Admhuigheann
gach éinne, idir namhaid agus cara, go bhfuil na rinncí sin, agus na rinncí


L. 121


aonair go mór-mhór, ar dheise an domhain, agus gur dheacair iad do shárú.
Mar sin de, nuair tháinig aithbheó na Gaoluinne suim blianta ó shoin, theastuig
ó lucht na teangan d'aithbheó sinn do dheighilt ó Shasana ar gach uile shlighe,
agus chuireadar idir rinnce aonair agus rinnce fada ar siubhal airís imeasc
na nGaedhal. Anois tá 'fhios againn go dtéidheann an seana-rinnce fada
ana-thamall siar, go dtí an t-am 'na dtagadh gealtaighe rinnce ar ár sinnsir,
agus b'fhéidir gurab' shin é fáth go gcuireann na rinncí Gaedhalacha oiread
sin tuirse ar dhuine seachas na rinncí nua a thagann chughainn thar lear anois.
Is dócha go bhfuil na rinncí nua san níos oireamhnaí don aos atá suas anois,
nuair nách béas leó an tsuim chéadna do bheith aca insna rudaí sin a bhíodh
ag ár sinnsir. Ní hionann san agus a rádh ná fuil oiread san dúile i rinnce
ag muintir na linne seo, ach ná féachaimíd anois air ach mar chaitheamh-
aimsire, agus tá 'fhios againn go maith gur mhór le rádh mar nós shollamanta
é ag na daoine fadó. Bíodh san go léir mar atá, ní dóigh go bhfuil ach cor-
dhuine anso is ansúd a bheadh sásta na rinncí nua a chaitheamh uainn ar
fad, agus claoidhe leis na rinncí seannda amháin. B'fheárr leis na Gaedhil,
dar liom, cothrom na Féinne a thabhairt dos na hEachtrannaigh. Ní
gnáthach go mbíonn aon dream daoine sásta lena n-earraí féin amháin, má
bhíonn a sárú le fáil thar lear, agus sin é an údhálta ag a lán daoine in Éirinn
fé láthair. Ba mhaith leó bheith deighilte ar fad amach ó Shasana, ach ní
fhágann san gur mhaith leó rinncí idir-náisiúnta do dhíbirt as an dtír seo ar
fad. Maidir leis an gceist chéadna, is cuimhin liom scéal mar gheall ar
sheana-bhean áirithe ar an dtuaith a bhí ag féachaint ar waltz don chéad
uair riamh. Bhí an sagart paróiste ann leis, agus d'fhiafruigh sé dhi cad
é a meas ortha súd mar rinncí. "Do you know, father," ar sise, "I'm thinkin'
they're sinful." "Airiú, conus san, a Shiobhán?" arsan sagart, agus
iongnadh air. "Ní fheicim-se cad do bheir duit san a rádh." "Well,
father, 'tis hard explainin' it, b - b - but I think 'tis all in the hoult, a
mh'anam"



Anois chun crích a chur ar an scéal ar fad, deinimís machtnamh ar pé
toradh, no díobháil, a thagann as an rinnce. Adeirid daoine ughdarásacha
gur mór an mhaitheas a dheineann an rinnce don aos óg. Taithneann rinnce
le gach páiste, ar an gcéad dul síos, agus 'sa rinnce dhóibh, baintear feidhm
as gach féitheóig, geall leis, dá bhfuil 'na mballaibh beatha. Tá dream
áirithe ann, leis, adeir go bhfuil greas rinnce, anois is airís, riachtanach don
te gur mhaith leis an tsláinte a bheith ar fheabhas aige. Gan dul chomh
fada san ar fad leis an scéal, níl dabht ná gur taithneamhach an rud rinnce,
agus má tá saoghal fada roimis, tá tréimhse maith curtha dhe aige cheana
féin.



M. BASTABAL.


L. 122


Iarann agus Cruaidh.



Ór, airgead agus finndruinne na mianaigh is mó a bhfuil trácht orra
i litríocht na hÉireann. Ní mórán luaidhtear fá iarann nó cruaidh gur
feas dom-sa. Adeireadh furmhór na druinge bhíodh ag cainnt ar mhianaigh
nach ndéantaoi aon úsáid d'iarann sa tír seo in allód: gur de chlocha, do
chnámha, d'fhinndruinne, agus de mhianaigh eile déantaoi uirlís, is iodhna,
is goireas.



Ach cheana, bhíothas ag carta srutháin a bhí ag sníghe thrí phortach i
gCo. na Midhe, sa mbliain 1839, agus céard casfaoi le lucht a chartuithe ach
ceann de na sean-chrannóga úd a mbítí in a gcomhnuí ionnta fadó; gur
frítheadh an-lear cnámh - cnámha fearbóg, torc, sionnach, faolchon, agus
caorach na gceithre n-adharc, ann. Frítheadh a lán iarsmaí rinneadh
d'iarann agus maille leo bhí go leor sean-rudaí rinneadh d'adharcanna, de
chnámha, de chlocha agus dhe ghloine. Na claidhmhte, na sleaghanna na
miodóga agus na tuaghanna cartuigheadh aníos is d'iarann rinneadh iad,
agus ar thochailt chrannóg eile réir a chéile frítheadh a maca-samhail; go
rabhthas ag cur ina gceann. Cruthú é sin nach raibh aon ughdarás aca
siod adubhairt nach leáightí iarann i nÉirinn inallód. Ní shin amháin ach
atá focal againn, a focal bearbhadh agus sí an chiall atá leis leághadh, i.e.
"ag bearbhadh mianaigh" - ag leághadh mianaigh.



Atá a fhios ag an nglúin seo go bhfuil an-chuimsc iarainn fá thalamh
in Éirinn; é i bhfolach annsin gan aon duine ag drannadh leis, fairíor! thar
éis gur luachmhaire é ná ór dhá gcartuightí é, slacht a chur air agus an
soighleas atá ann - agus is mór é, a bhaint as. Déanfar sin lá éigin agus
racha iarann na hÉireann i dtairbhe di féin is dá daoiní.



Adeirtear "gur námha í an cheárd gan í fhoghluim" agus ós rud é nach
bhfuil mórán cleachta ag Gaedheala i bhfus ar chéird déanta an iarainn ní
misde dhúinn éisteacht leo seo atá ina bhun agus i ndon bail agus slacht a
chur air, é a ghlanadh agus a mhunlú go dtig leat do rogha cineáil a thoghadh
dhuit féin ar a bheith uait duit.



Sean-cheárd í ceárd bhearbhadh mianaigh iarainn. Atá a fhios againn
anois go mbíodh Clanna Gaedheal ag á bhearbhadh sul a dtáinic ár Slánuigh-
theoir ar an saoghal agus ní hiad-san amháin a thuig an modh sin ach ciníocha
eile ar fud an domhain. Atá peictiúir ar bhallaí na sean-Éigipte, peictiúir
a rinneadh 3,500 bliain ó shoin; agus is peictiúir Éigipteach ag leághadh
mianaigh iarainn atá ann. Níl aon difríocht idir modh déanta iarainn fá
láthair agus modh na n-Éireannach nó na n-Éigipteach na mílte bliain ó shoin;
ach amháin nach mbíonn an dubh-sglábhuíocht chéadna ag baint leis an
obair a bhíodh: atá deis agus comhgar ag lucht a dhéanta fá láthair agus


L. 123


stuaim ag baint leo seachas mar bhíodh ag na sean-daoiní. Ach sé an rud
ceanann céadna a bhearbhas an t-iarann indiu a bhearbhaigh fadó é, eadhon,
teine.



Séard a sheas do dhaoiní gur thuigeadar leis an aimsir go mbfhearr gual
agus gualain 'un bearbha ná gual-ádhmaid. Ní féadfaoi dúchan iarainn a
dhéana ar theine ghual ádhmaid. Ní fearacht sin leis an ngualain é: atá
sé chó cruaidh sin gur féidir carn mianaigh a dhéana air agus ní cuirfear as
do'n aer a choinnigheas an teine sin ina caor i gcomhnuí.



Foirnéiseacha séideánacha tugtar ar na monarchanna ina leáightear an
mianach agus soirn árda iad, i riocht is gur féidir morc ollmhór de theine
bheith ag sír-théitheadh agus ag sír-leághadh an mhianaigh. Déantaoi an
oiread sin iarainn san Oileán Úr, sa nGearmáin, agus i Sasana go bfhéadfá
do shean-eire de fháil saor go maith: ní raibh sé leithphíghinn an punnt féin!
Bítí ag déana gaisge go mb'eo é "saoghal na cruaidhe," de bhrí gur ab í
an chruaidh "éadach uasal" an iarainn.



Sí Meiriceá tír mhianaigh an iarainn thar thíortha agus réigiúin an
domhain, de chionn nach bhfuil rígheachan leis an méid de atá ann. An
tír atá thart ar Loch Superior atá sí beo beithidheach leis; é annsin chó bog
le clábar agus é ag cuimilt beagnach le uachtar na talmhana, i gcruth is nach
bhfuil síleál ar lucht a bhainte ach é a charta aníos chó teann in Éirinn is atá
sé ina gcumas a gcuid inneall oibriú. Atá gual agus cloch-aoil san Oileán
Úr freisin as éadan a chéile, - cuirtear an chloch-aoil isteach sa bhfoirnéis leis
an mianach, measgann sí leis an dríodar agus cabhruigheann sí leis an mianach
a leághadh. Is iongantach an borradh atá fá dhéantús seo an iarainn san
Oileán Úr le 50 bliain anuas. Sa mbliain 1855, ní raibh ach 132 tonna
mianaigh ar an gcéad luing a thug ualach chuig foirnéiseacha san oirthear.
60 bliain in a dhia sin, sa mbl. 1915, bhí 11,262 tonna d'ualach ar luing as,
agus i rith 1916 tugadh 60,000,000 tonna ó Loch Superior 'un na mbailte
cuain ar na lochanna ó dheas. Nach ait an mac an saoghal agus nach mór
atá i gcinneamhaint an duine is go bhfuil sé le rádh go raibh an mianach úd
annsin le 1855 bliain agus nár deárnadh úsáid fiú trácht air dhe. Ach bhí
fáth leis, ar ndó', mar bhíos le gach ní. Go dtí le goirid anuas ní raibh an
cine daonna i ndon an chumhacht atá sa ngual, san uisge, no san aibhléis a
chur 'un soighleasa: níor eirigh lena gcinn finne an draoíocht úd a mhealla
do chongnamh dhóibh; ach ó mheall níl léigheadh ar an gcás! Nach do-
chreite an sgéal é nach bhfágtar méar ar an mianach ó fhágas sé Loch Superior
go gcuirtear isteach sna soirn é!



Sáidhtear pléasgáin sna fodhuirmeacháin go ndéantar mion-sprúáin de'n


L. 124


mhianach. Cuirtear sluasaid mhór mhillteach a bhíos ar bhóthar-iarainn,-
sluasaid a thógas dhá thonna cúig uaire chuile mhóiméad, in éadan. Caitheann
sí ísteach i dtrucaill mhóra a bhíos ar bhóthar-iarainn eile lena taoibh é.
Tochailtear suas le 15,000 tonna dhe as uaimh anaghaidh na hoíche. Agus
atá an oiread sin mianaigh sa gceanntar gur baineadh an oiread salachair
dhá bhárr in aon uaimh amháin ann is baineadh le lád Phanama a dhéana.



Bíonn 50 trucaill mhóra i ngach traen agus nuair thagaid gar do'n chuan
buailid suas ar bhóthar-iarainn atá crochta go maith os cionn na gcaladh.
Atá "pócaí" móra thíos fá na trucaill. Sgaoiltear sluidíní tóin na dtrucaill,-
amhail mar sgaoiltear sluidíní na bpárdóg se'againne, go leigtear an mianach
síos sna pócaí. Atá fiodáin ar síneadh ó na pócaí sin isteach sna longa agus
sleamhnuightear isteach thríotha é. Atá na longa 600 troigh ar fad agus
cuirtear 10,000 tonna isteach ionnta anaghaidh chuile dheich móiméad. Ar
a bhfalmhadh faluightear i dtrí huaire agus fiche móiméad iad. "Falmhain"
tugtar ar innill a bhfalmha agus tógaid 15 tonna le gach iarraidh.



Ar theacht don traen don fhoirnéis atá uirri dul suas ar bhóthar iarainn
atá ar árdú suas ar ghabhlóga. Atá an fhoirnéis sin thrí lasadh le teinte
móra. Atá cómhraí fá na gabhlóga agus sgaoiltear an mianach síos ionnta
agus asta sin go carranaí beaga árduightear go béal na bhfoirnéis is go
sgaoiltear an mianach, no an chloch-aoil, no an gualain síos in aon tsiota
amháin innti.



Bruinntear an mianach agus tuiteann an lacht síos i sonnach a bhfuil
balla fóid timcheall air. Leagtar bearna sa mballa go ngluaiseann sí amach
ar liacha móra a bhíos ar bhóithríní iarainn. Tugtar 'un muilinn cruaidhe
í, áit a nglantar ath-uair í le teine, go measgtar miotalacha éagsamhla thríthi
is go ndéantar gach cineál cruaidhe dí. Sgáirdtear isteach i munláin í go
gcruaidhigheann sí beagán. Cuirtear ar fhoirneacháin annsin í, go gcumtar
í réir mar bhéas éileamh uirri, - giota chó tanaidhe le sgragall, no pláta mór
le haghaidh sgabaill innill, nó sail le haghaidh an bhóthair iarainn, no trasnáin
le haghaidh tighe mhóir, no fiodán don táthaire, nó damba le haghaidh
monarcha.



Agus féach féin an méid a thugas congnamh le damba cruaidhe a dhéana:
an dream a chartas an mianach, lucht líonta na gcartach, drong thiomána
na traenach meithle a bhearbha cumann a chruachain agus feara a mhúnluithe.
No ní ceart dearmad a dhéana ar fhuirinn an ghuail, ar thochlóirí cloch-aoil
no ar ghiollaí an ghualain. Is iomdha sin duine a mbíonn a mhéar san obair
ó charta an mhianaigh go críochnú don chruaidh, - agus a rádh ina dhia sin
go raibh sí le fáil ar leith-phíghinn an punnt cúig bhliana ó shoin ann!


L. 125


Sin céim ar aghaidh ón am a mbíodh beirt ar a ngugaide ag iarraidh láin
glaice a dhéana le barr a chur ar shleigh no rinn ar chraoisigh dóibh féin.



Adeirtear go ndeanann airgead airgead agus sin é a fhearacht ag an iarann
freisin. Ghníonn iarann iarann. Na hinnill a bhearbhas é, na traentacha a
tharraingeas é, na longa a iomchuras é, na sluaisde a chartas é, na foirneacháin
a leathas é, iarann no cruaidh iad uile; a baineadh is a bearbhadh
is a múnluigheadh le go mbainfeadh an cine daonna soighleas asta.
Níl aon inneall dá bhfuil ann indiu nach bhfuil a bheag ná a mhór
d'iarann ná de chruaidh ann, is dócha. Ordonás? Iarann is cruaidhe uile
é. An t-inneall a chló-bhuaileas an dréacht seo den mhianach céadna é. An
peann a sgríobh í den chruaidh atá sé déanta. An bhróg atá ar mo chois
níor bhféidir í a chur i dtoll a chéile gan í. An t-éadach atá ar mo dhruim
innill d'iarann agus de chruaidh a shníomh is a d'fhighe é. An gléas a
thiubhrfas an sgéala seo go Baile Átha Cliath atá iarann is cruaidh ann. Ní
féidir teine no biadh a bheith againn ar an saoghal seo gan iad, i gcruthanas
díbh go bhfuil ár dtiacht suas ar iarann agus cruaidh chuile ordlach chó mór
is atá sé ar an mbiadh féin. Meireach iad ní bhéadh long aeir no long-fó-
thuinn againn, ní bhéadh traen no gluaisteán no cárr no rothar againn; ní
bhéadh aer-sgéal no cian-sgéal againn, agus ó mhéadaigh uimhir na ndaoine
sa mbaile is i gcéin bu bhocht an bhail bhéadh orra meireach gur gheall Dia
an oiread sin mianach doibh, óir caillfí na milliúin is na milliúin díobh ceal
bídh is dighe, ceal teine is éadaigh, agus bheidís, mar bhíos a lán in aimsir
ghorta is chruatain; beo bocht ag imeacht agus a méar ina mbéal aca.



PÁRAIC Ó DOMHNALLÁIN


L. 126


Cearca mar Shócain Airgid.



Is 'mó sórt duine a théidhean chun gnótha náisiúin a dhéanamh. Ní mór
di an saighdiúir chun í 'chosaint; an loingseach a thugan aire dá cuid
trádála; an cairéirí a aistrighean an earra ó áit go háit do réir mar atá glaodhach
uirthe; an fear siopa a bhailighean an earra chuige 'na stór, i gcás go mbeadh
sí chun lámha ag daoinibh. Caithfidh fear an léighinn bheith ann, an
múinteoir, an dlighthóir, an dochtúir. Agus dá mb'é an pílear féin é, ní
féidir déanamh 'na éaghmais.



Cé go dteastuighean siad so go léir, agus tuille ná háirighim, ní gnó
tairbheach ann féin atá ar suibhal aca: isé atá mar oibleagáid ortha ná
teagasg, ceart, slighe agus aire a thabhairt do dhuine eile, - an té ar a bhfuil
seasamh na tíre. Sé sin an fear oibre, a chruthuighean saidhbhreas na tíre,
no a chuirean leis. Mar a bhfagha sé cóir agus cothrum ni thiocfaidh leis
an méid de bhia agus d'earra a theasdódh ós na daoine do shaothrú. Beidh
sé air aca an fear-is-bárr do cheannach thar lear, agus fágfaidh san an tír fé
bhochtanacht. Ach má tugtar a cheart féin don fhear oibre, cruthóidh sé
níos mó de bhia agus d'earra ná theasdóidh sa tír. Díolfar thar lear
an bhreis a bheidh spártha; tiocfaidh airgead isteach air; méideóidh
sé ollmhaitheas na tíre agus is féidir a rá gur b'in náisiún atá fé
rachtmas.



Thá sé ceangailte ar gach éinne, a bhuil 'na chumas a dhéanamh chun
gustal na tíre do mhéidiú; agus gach fonn is féidir leis a chur ar a chomhursain
chun an ruda chéadna 'dhéanamh. Is mó slí na bhféadfadh sé lámh a bheith
san obair thairbheach so aige. Cearca agus uibhe ceart, cuir i gcás. Lasmuich
de lucht cathrach, is fánach duine go bhfuil cúram tighe air ná fuil slighe
aige do bheagán cearc. Is fíor nár dhual do aon tsuim mhór a chur ionnta.
Ba scoirn le Gaodhal na sean-aimsire blúire feasa ar chearcaibh a bheith aige.
Thá an saoghal san imthithe. Na daoine ná bainfidh an tairbhe is fearr as
gach sócain atá aca cuirfear síos iad.



Agus is mór an tsócain airgid uibhe cearc. San mbliain 1915 do díoladh
as Éirinn thar lear luach ocht milliún púnt díobh. Ní móide go bhfuil an
oiread cearc sa tír anois agus bhí an uair sin; ach ós rud é go bhfuil siad trí
huaire níos daoire anois ná mar a bhíodar, ní misde a chur síos go bhfuil fiche
milliún púnt sa mbliain dhá fháil ortha.



Is mór an tsuim airgid é sin, agus sí an cheist í, an féidir é 'mhéidiú?
Deir muintir Bhoird na Curadóireachta i bpáipéar atá aca dá chraobhscaoile
gur féidir, agus comhairlighid siad dosna daoine conus é 'dhéanamh. Tagaim
le muintir an Bhoird gur féidir an t-airgead mór so do mhéidiú, - é 'dhúbailt


L. 127


mar adeir siad; ach ní dó liom go bhfuil an chomhairle a thugaid siad uatha
cabharthach chun a dhéanta. Sid í comhairle an Bhoird:



1. Cearca 'fháil a bhéarfaidh níos mó ubh sa mbliain;



2. Cearca 'fháil a bhéarfaidh nuair a bheidh uibhe daor, - sé sin sa
gheimre.



Do thuigfeadh amadán go bhfuil réiteach na ceiste anso; ach conus a
soláthrófar na cearca iongantacha úd? Deir an Bórd; "Má thá níos mó
ná éan tsiot (breed) amháin cearc agat, deighil gach siot ó chéile; ansan
deighil eilíní (pullets) gach siota ós na sean-chearcaibh; ansan fair ar gach
circ dá bhfuil agat, agus cimeád cúntas ar gach ubh a bhéarfaidh gach cearc
i rith a saoghail; ansan ná cuir ubh dá ghor ach ceann a thiocfaidh ó chirc
a bheidh nótálta chun breith imeasg na coda eile go léir."



Comhairle mhaith í seo do dhaoinibh áirithe, do dhaoinibh go bhfuil
cúram cearc mar shlí bheatha aca. Ach sidiad díreach na daoine ná
teasduighean sí uatha, óir nil innte dhóibh ach A. B. C. na céirde. Do
dhaoine coitchean na tíre níl sa chomhairle ach magadh, óir níl cao ná uain
aca ar an ndlúth-fhaire seo a dhéanamh ar chearcaibh.



Ba cheart gurb é an Bórd féin do bheadh ar lorg an eolais seo. Níl
conntae sa tír ná gur cheart feirm a bheith fé chearcaibh innte, agus an fheirm
a bheith fé stiúra an Bhoird. Is ionnta ba cheart cearca do thogha, agus
d'fhéadfí uibhe na gcearc bhfoghanta do sgaipeadh tríd an dúthaig. Tuigfar
ó pháipéar an Bhoird gur fiú é an togha so do dhéanamh. Do réir an
pháipéir ní bheirid cearca na dúthaí ach tímpal 50 ubh an ceann sa mbliain,
agus gur cheart go mbéarfaidis 150 ubh. Ní dó liom go bhfuil cearca na
dúthaí chomh dona is deir an Bórd. Thá aithne agam ar scata cearc sa
tuaith agus le chúig bliana do rug gach ceann aca, tríd is tríd, 85 ubh
sa mbliain.



Slí eile ina gcailltear mórán airgid le huibhe is eadh an tslí go gceannuightar
iad. Bídís mion no garbh, úr no stálaithe, sé an t-airgead céadna a gheibhtear
ortha, agus an cóiriú céadna a thugan an ceannuithóir dóibh. Glan agus
salach, pocáltar isteach is mboscaíbh iad agus féar, no tuighe, tímpal ortha.
Is minic go mbíon an tuighe fliuch, mar is ar bholg sráide no ar thaobh
bóthair a díoltar iad. Ní bhfaghaid na daoine ortha ach airgead na n-ubh
is measa ar an margadh, - an phingin is lú. Deir an ceannuithóir gurb í an
phingin is aoirde í, ach ní hí. Ní fheicim go bhfuil an Bórd ag déanamh
éinní chun cosg a chur leis an slad so. Seo ar díoladh ar gach


L. 128


dosaon ubh san áit seo le 4 1/2 bliana. Téidhim in urradhas air go bhfuil
sé ceart:



Ní dó liom go bhfuil sé thar intinn mhuintir an Bhóird leigheas 'fháil
do so.



Admhuighim gur tháinig leis an mBórd roinnt mhaith eolais do sgaipeadh
imeasg na ndaoine ar chearcaibh agus ar a ngabhan leo. Tuigean daoine
anois ceaca siot cearc is fearr a oirean dóibh; ceaca is fearr a bheirean sa
gheimhre; ceaca is fhusa do chothú. Tuigid siad, leis, nách ceart cearca
do chimeád go dtuitid siad i gceann a gcos leis an aos; agus, rud is tairbhí
ná san go léir, tuigid siad go bhfuil gnó éigin ar an saoghal ag coileach in
éaghmais ruagairt a chur ar na daoine matha i ndeire na hoidhche.



Gruagach an Tobair.


L. 129


Curaidheacht agus Garradóireacht.



Is fada mise amuigh faoi shneachta 'gus faoi shioc
'S gan dánacht agam ar aon neach:
Mo sheisreach gan scur mo bhranar gan cur
Is gan iad agam ar aon chor.
Níl caraid agam is dainid liom sin
Do ghlacfadh mé moch nú déidhneach
'S go gcaithfidh mé dul thar farraige soir
O is ann ná fuil aon de mo ghaoltaibh.



Is iomdha duine sa tír seo atá bunáite chó fágtha is bhí Éamonn a' Chnuic
bocht; ach iad seo atá ar a mhalrait de chaoi agus a bhfuil seisrighe
agus branair dá gcuid féin aca, altuighdís é. Níl aon deagh-Ghaedheal ar
fud an domhain mhóir nár mhaith leis toradh céadtach a bheith ar thalamh
na hÉireann; ach caithfear admhachtáil san am céadna go bhfuil talamh-
aidhthe anseo is ansúd ar fud na tíre a bhíos sásta go leor le curaidheacht
leibideach, agus le barraibh suaracha. Blianta gearra ó shoin (1905) nuair
a cuireadh slat ar Éirinn fritheadh amach ón tomhas go raibh leath na tíre
seo faoi chimín no 'na thalamh féaraigh, agus as cúigmheadh cuid na tíre ní
raibh toradh ar bith dá bhaint, ach é 'na dhearg-fhásach. Sa nGearmáin,
sul thosuigh an cogadh mór, is beag péirse talmhan nach rabhthas ag baint
leas eicínt as, agus bíodh fhios againn go bhfuil cnuic agus sléibhte agus talta
suaracha sa nGearmáin chó maith agus atá sa tír seo. Ach chuir na
Gearmánaigh cóir agus leasú air a gcuid talmhan féin, agus bhí a shliocht
ortha, - bhíodar i riocht cath is comhrac a chongbháil leis an domhan mór
ar feadh cheithre bliana móra fada.



Na Crainn.



Déarfaidh feilméar leat gan amhras: - "Céard is féidir liom a dhéanamh
leis an gcriathrach báidhte?" Is féidir cuid mhaith den chriathrach céadna
a thriomú, a thabhairt isteach, agus a shaothrú; agus an méid de nach
bhfuil feileamhnach le haghaidh cuir tá sé feileamhnach le haghaidh crann.
Cruthuigheann an ghiumhasach fhaightear sna portaighibh go raibh criathraigh
na tíre seo faoi choilltibh san aimsir in allód.



"Trí huaire," adeir an Dochtúir Céitinn, "do chuir Éire trí monga is
trí maola dhi."



Agus le deireannas anuas dubhairt file eile:-



Do b'árd a coillte 's ba dhíreach réidh,
'S an bláth mar aol ar mhaoilinn géag.


L. 130


Faríor géar, ní mar sin atá an sgéal faoi láthair, agus má mhaireann don
ghearradh is don smíochadh atá ghá dhéanamh ar chrannaibh is gearr, mar
deir an t-amhrán, go mbí deire na gcoillte ar lár. Ní mó ná go maith a
thuigeas cuid againn cén díobháil atá dhá dhéanamh ag an dream úd atá ag
bánú na tíre mar seo. "Ina dhiaidh," adeirtear, "iseadh a feicthear a leas
don Éireannach." Nuair bhéas dromchla (uachtar) na tíre seo lom, noch-
tuighthe gan crann, gan coill, nuair nach mbeidh sail d'adhmad na hÉireann
le fáil le cur ar theach nó ar bhothán, nuair bhéas deire le "ceol na n-éan
ar bhárr na gcrann," - siné an uair a bhuailfeas aithmhéala muid faoi gur
leigeamar siléag san obair ba chóir a bheith ar siubhal le bliantaibh againn,
i.e., cur na gcrann. Ach is fearr go deireannach ná go bráth. Tá an
geimhreadh ag teannadh linn; agus tá lá áithrid leagtha amach ag muinntir
na tíre seo le crainn a chur. Cuirtear iad, in ainm Dé, an lá sin, nó mara
gcuirtear an lá sin iad cuirtear iad i rith an gheimhridh, nó i dtús an earraigh,
agus ná bítear ag súil leis an bhfear thall le na dhéanamh. Duine ar bith
a bhfuil meabhair chinn ann tá fhios aige cén cineál is fearr a fhásfas ar a
chuid talmhan féin. Tuigeann sé, an crann a fhásfas go maith ar thalamh
durabhán, nach móide go bhfásfadh sé go maith ar thalamh créafóige. Is
eol dó má tá cloch eibhir ar a chuid talmhan go bhfuil crainn áithrid a fheilfeas
do; agus, má tá sé aineolach i dtaobh na gcrann agus i dtaobh mianach a
chuid talmhan féin, gheobhfaidh sé comhursa éigin a chuirfeas ar an eolas é,
nó béidir go mbeadh múinteóir feilméarachta an Chonndae soilgheasach go
leor le sin a dhéanamh. In gach baile, b'fhearr do na daoinibh a theacht
le chéile agus na crainn a chur in aon ghiodán amháin ná crann aonraic a
chur anseo is ansúd. D'fhásfadh an dair, an leamh, an cuileann is an
fhuinnseóg go breagh sa tír seo; an crann bán, an crann fearna, an crann
sailighe, agus na scórtha cineál eile. Nach as coill i ngar do Bhaile Átha
Cliath a fuair Liam Ruadh Shasana fadó rataí agus taobháin le haghaidh
halla mór Westminster. Go maireamuid uilig nó go bhfeicimid slacht ar
éadan na tíre seo ag croinntibh is ag coilltibh!



Ós ag caint ar churaidheacht is ar thalamhaidheacht é dfhéadfadh cuid
de na hoidibh sgoile sompla maith agus deagh-chomhairle a thabhairt uatha
in áiteachaibh. Áit ar bith a bhfuil gáirdín isteach leis an scoil agus an
máighistir oilte ar gharradóireacht níl aon bhacainn air eolas a thabhairt do
na páistibh scoile ar an gcóir ba cheart a chur ar an talamh ionnus go mbaintí
farasbarr toraidh as. Is iad buachaillí an lae indiu a bhéas ina bhfeilméaraí
amach anseo, agus, ós rud é gur talamhaidheacht an tslighe-bheatha atá ag


L. 131


furmhór na nÉireannach (agus a bhéas go ceann tamaill), níor mhisde gach
eolas is riachtanach don fheilméar a thabhairt do pháistibh scoile na tuaithe
ar chuma ar bith. Nuair chruadhuigheas an tslat is deacair a sníomh 'na
gad, agus má eirigheann buachaillí scoile na tuaithe suas gan eolas beacht
ar churaidheacht, is é is dóichide go leanfaidh siad don nós a bhí aga
n-aithreacha rompa, bíodh sé olc, maith. Ach má ghlacann an múinteóir
na páistí mar is cóir, cuirfidh siad suim agus spéis i dtalamhuidheacht nach
scarfaidh leó go luath, beidh muinighin aca asta féin nuair gheobhfas siad
giodán talmhan dóibh féin, agus ní bheidh an oiread fonn ortha an tuaith
fhágáil agus a n-aighthe a thabhairt ar na bailtibh móra.



Leagan amach an Gharraidhe.



Níor bhfuláir crainn, móta mór, nó fál maith árd a bheith ar an taobh ó
thuaidh agus ar an taobh thoir den gháirdín; thar é, an ghaoth i dtuaidh
bíonn sí cruaidh, agus cuireann sí fuacht, ní hé amháin ar dhaoinibh, ach
ar gach ní dá bhfásann, agus tá an ghaoth anoir bunáite 'chuile phioc chó
nimhneach.



Ansin níor mhór an garraidhe a roinnt idir na páistibh agus a ghiodán
féin a bheith ag gach malrach. Is riachtanach, ar a laighead, píosa deich
dtroighthe fichead ar fhad agus naoi dtroighthe ar leithead a thabhairt do
gach páiste, agus giodán níos mó má's féidir é. Ba cheart don chasán idir
'chaon dá phíosa bheith ó throigh go dtí dhá throigh go leith ar leithead do
réir mar bhéas fairsinge sa ngarraidhe. Is féidir síol féir, brící, clocha, nó
bláthanna a chur le ciumhais na gcasán. D'fhéadfaí díoga a dhéanamh áit
ar bith sa ngáirdín a bhfuil casán le bheith, an chréafóg as an díoga
a chaitheamh aníos agus a scaradh amach ar an talamh; clocha móra a chur
ar thóin na díoga ansin, mion-chlocha os a gcionn sin, agus gairbhéal os a
gcionn sin arís go mbí an áit comhthrom leis an talamh eile. Agus ag fíor-
íochtar an gharraidhe beidh díoga mhór dhoimhin ag teastáil. Beidh sé
riachtanach píosa ocht dtroighthe ar a laighead fhágáil thart timcheall an
gháirdín le haghaidh crainn bheaga, sgeacha, fiadhaile, agus bláthanna;
ach má cuirtear fiadhaile ba cheart iad a bhaint sul scéithfeas an síol.



Sa bpíosa seo a fágtar thart timcheall an gharraidhe d'fhéadfaí crainn
ubhall, pluma, agus péiríní a chur; sgeacha spíonáin, sugh craobh, agus
sugh talmhan. Is iomdha sin ní a bhaineas le garradóireacht nár thráchtas
go fóill air; béidir go mbeadh faill go luath le cur síos a dhéanamh ortha
sin.



TOMÁS Ó RAIGHILLE.


L. 132


An raibh tú riamh ar an ngail-inneall gluaiseachta ag imtheacht ar luathas
síos amach fá'n tir ar an mbóthar-iarainn? Ní rabhais. Ní beag
duit, adeir tú, bheith id' shuidhe ar do shocamhlacht istigh i gcóiste san traen,
do phípe ar lasadh agat agus tú ag breathnú an fhuinneóg amach. Bíonn
na cóistí go compórdach agus is taitneamhach an rud é táimhín beag codlata
agus an aimsir bhrothallach atá ann anois. Níl a fhios agam an cuimhin
leat na fir-oibre a bhí san rian-charr an tráthnóna fá dheireadh agus tú ag
filleadh abhaile. Bhí tuirse ortha tar éis saothair an lae agus ó thárla go
raibh roinnt aca go dubh le salachar an tsiopa bhí eagla ort-sa go bhfágaidís
smúiteacha ar an gculaith úrnua shamhraidh a bhí ort. An chéad uair
eile a fheicfeas tú na hoibridhthe céadna beidh a fhios agat gurb iadsan na
fir a ghníos na cóistí compórdacha céadna. Mura mbeadh go rabhadar san
ag obair go dian i rith an lae fhada badh bheag aistear réidh socair a bheadh
agat-sa indiu. Chor leis sin, a mhic ó, nuair bhís-se id' chodladh go moch
ar maidin bhí fir eile ag obair leis an traen so do chur i dtreo led' aghaidh.
Bhí glanadóirí ag déanamh sciomair ar an inneall. Bhí fear na teineadh
dh'á bheathú le gual agus ag cur íle faoi. Mura mbeadh go raibh bheadh
turas in aisce agat go dtí an stáisiún so anois. Feiceann tú gur fada an traen
í so ón gcóiste tosaigh go dtí carbad an ghárda ar gcúl. Beidh dhá chéad
tonna go leith ag an inneall le tarraingt ina dhiaidh an mhaidin gheal aoibhinn
so, agus geallaim-se dhuit go gcaithfidh fear na teineadh allus a chnámh do
chur 'na obair agus é ag caitheamh an ghuail isteach trí bhéal an teallaigh.



Beidh an t-inneall anso ar ball, - sin é é ag druideamhaint anuas linn
anois. Nach é atá go breágh lonnach fá na choire líomhtha agus fá na chuid
ráillí agus slatacha geala, agus fá na chuid práis bhuidhe agus fá na rothanna
seanga cruaidhe. Cloiseann tú an ghail ag séideadh go glórach bodharach
as an scéith. 'Bhfuil a fhios agat go bhfuil feidhm míle capall go leith ins
an each iarainn so? Ní mór an neart so agus traen mar í so ar iomchur
aige. An bhfeiceann tú na daoine ag satailt ar shálaibh a chéile ag iarraidh
dul isteach ins na cóistíbh?



Seo chugainn anois fear na teineadh. Síos leis ar chúl an ghualtaigh
leis an slabhradh do chur ar chrúca an charbaid tosaigh agus le cuislí baic
an fhollamhnais do cheangal le chéile. Tá a fhios agat, b'fhéidir, go bhfuil
píopa - "píopa na traenach" - fá bhun urláir gach aon chóiste, iad ceangailte
le chéile le cuislíbh lúbacha agus follamhnas, no vacuum, ionnta ó cheann,
ceann na traenach ar fad. Má's rud é go mbrisfear an píopa so de bharr
timpiste no urchóide is amhlaidh a rachaidh an t-aer isteach ar an bpoinnte


L. 133


boise agus siúd é an bac ag cur coisc uaidh féin ar rothannaibh an innill agus
na gcarbad uile. Seadh, is iongnantach an gléas é agus tá d'fhiachaibh ar
na bóithríbh iarainn é 'chur ar na traenachaibh go léir ó marbhadh na páistí
bochta i ngar d'Árd Macha in Ultaibh - slán mar a n-innistear é! - na
bliadhanta ó shoin nuair bhí tusa agus mise ar scoil.



Suas leat anois ar stad an tiománaidhe. So chugainn é féin, - fear teann
téagarthach agus déanamh sláinteamhail air. Is fear calma é, froisin, i ngan
fhios dó féin agus do'n sluagh, b'fhéidir. Ní mór dhó radharc a shúl agus
éisteacht a chluas agus boladh a shróine bheith ar feabhas aige, óir is air-sean
atá cúram beathadh agus sláinte na dtaiste lach go léir a bhéas ar chúl a
innill no go mbeidh an t-aistear thart.



Seas-sa annso agus seasfad-sa ar an taobh eile. Beir ar an ráille úd go
dlúth, daingean. Ní cóiste-cinn sean-mhná uaisle é inneall bóthair-iarainn.
Is ionndual go mbíonn sé rud beag corrach ann féin, go háirithe nuair bhualann
sé crosaire no lúb ar an líne faoi.



Tá gach éinní fá threóir anois. Tá neart gaile san choire agus tá sé
in am againn a bheith ag bogadh. Sin é an gárda anois agus é ag crothadh
a bhrataigh uaine. Séideann an tiománaidhe an feadán, tarraingeann sé
slat an riaghaltáin. Baineann an capall iarainn searradh as féin agus siúd
chum siubhail é. Tá na cocanna ar fhoscailt i dtosach an innill agus tá gail
agus uisce ag scáirdeadh go screadach asta. Nach caillte an tormán é!
Badh eagal leat go dtógfaí barr an droichid so os ar gcionn le teann puthair-
eachta agus an tsimléir ag dul faoi. Aire dhuit! támuid ag druideamhaint
le crosaire anois - bíonn a leithéid go han-chorrach. Féach anois, - tá béal
an teallaigh ar leathadh agus tá fear na teineadh i mbun a ghnó. Sin lán
sluasaide guail - a haon, a dó, a trí, a ceathair, a cúig, a sé, a seacht! Lán
sluasaide ins gach coirnéal de'n bhosca, cúpla ar gach taobh agus ceann fá'n
bpoll. Tá a obair roimhe' mar fheiceann tú féin, agus ceithre tonnaí guail
aige le caitheamh ar an ngráta in imtheacht an aistir so. Tá an t-inneall
ag puthaireacht go mór ós amhlaidh tá an traen ag dul in aghaidh cnuic. Sin
é an chéad stáisiún agus an baile beag ar a chúl lena shean-chloigtheach liath
ag bagairt a chinn thar bharr na gcrann. Seadh, is fíor dhuit gur sláinteamhail
an bheatha a bhíos ag tiománaí innill, agus é i gcomhnuidhe fá spéir neimhe
agus an t-aer glan úr ag líonadh a chuid scamhóg. Is breagh an saoghal
é ach amháin gur mór an imnidhe a bhíos ar an bhfear agus cúram traenach
fada ar a aigne. Ní ionndual go mbíonn reamhracht ar fhear na teineadh!
So chum a oibre é arís. Ní túisce a bhíos doras puill an teallaigh iadtha
aige ná bheireann sé ar chnap an steallaire le uisce do scáirdeadh isteach san


L. 134


gcoire in éiric ar cailleadh dhe ina ghail. Tá tuilleadh agus trí míle galún
uisce san ngualtach so ar ár gcúl gan trácht ar sheacht tonnaí guail. Beidh
an méid so taosgtha fá cheann deich is trí fichid míle de shlighe, agus caithfimíd
a thuilleadh d'fhagháil as columhan an uisce chomh luath is bheidh an traen
ina stad. 'Bhfuil a fhios agat cad é neart no breith na gaile taobh istigh
de'n choire so? Tá céad púnt agus cúig púnt déag is trí fichid ar gach aon
órlach cearnach dhe. Ní beag soin! Tuigeann tú anois an gádh atá le
plátaí teanna cruaidhe i gcoire. Ní cruaidhe atá i bplátaí bosca na teineadh
ach cuprás chun go rachaidh an teas go réidh thríotha. An cloigead a
fheiceas tú ar dhruim an choire is ann a cruinnighthear an ghail a éirigheas
ón uisce. Tá an "riaghaltán" ins an gcloigead ar cheann an ghalaire agus
sin píopa cupráis a dtéidheann an ghail thríd fá dhéin a hoibre san inneall.



Támuid ag neartú san tsiubhal anois. Tá imtheacht trí fichid míle
in uair an chluig fá'n traen agus támuid ag fágáil na stáisiún 'nár ndiaidh de
réir a chéile. Is gearr anois go dtí go ndruidfidh fear an innill slat an
riaghaltáin ós amhlaidh tá sé ag teacht i ngar don chéad stad. Níl aon ghail
fá'n inneall anois. Fuinneamh a luathais féin atá dhá thiomáint agus tá
deireadh le seideóigeacht an phuthaire. Ach mba beag gur fhoscail fear na
teineadh an "séideán" le siolla gaile do leigint amach thríd an tsimléir,
bheimis plúchta leis an toit as poll an teallaigh. An mothuigheann tú an
bac ar bhonnaibh na rothanna anois? Breathnuigh ar an tomhas úd ar
d'aghaidh. Chífidh tú an tsnáthaid ag casadh thart de réir mar thiocfaidh
an t-aer isteach ag milleadh an fhollamhnais roimhe. Is amhlaidh a
choinnigheas an follamhnas an bac gan brughadh ar na rothannaibh. Sé
an t-aer ag teacht isteach a chuireas cosc le gluaiseacht na traenach. Is
amhlaidh tá an tiománaí dh'á leigint isteach go mall ar an gcaoi 'dtiocfaidh
an traen 'na stad go socair gan sancas a bhaint as na daoinibh.



Síos linn anois ós rud é nach bhfuilmíd ag dul níos fuide den bhabhta
so. Fanamuis 'nár seasamh ar an bport anso cúpla móiméid ag breathnú
ar an inneall. So é fear an phumpa ag cur an "mhála" no an phípe leathair
atá ar shróin cholamhain an uisce isteach i bpoll an ghualtaigh. Cloiseann
tú an ghlugarnach agus an chomhla ar fhoscailt fá bhun an cholamhain.
'Bhfeiceann tú an tiománaí ag láimhsiú mol na rothanna agus boscaí na
bhfearsad ag féachaint an bhfuil aon teas ionta? Agus níl an fear eile
díomhaoin de réir mar fheiceann tú é ag dul thart thimcheall ag cur braoinín
íle ins gach aon "chupán" agus ins gach aon pholl san ngléas-imtheachta,
idir barraí sleamhaine agus slatacha móra, agus slatacha ceangail agus boscaí
na bhfearsad. Tá sé ag sáthadh sróine fada a channa isteach trí spócaí roithe


L. 135


an bhogaí fá cheann tosaigh an innill anois. Seadh. Tá an bheirt réidh
ag feitheamh leis an gcomhartha-imtheachta ón ngárda.



An mbíonn lá-saoire ag an inneall? Bíonn, - lá san tseachtmhain.
Ní mór sos oibre a thabhairt don chapall agus a choire do nighe le uisce glan.
Cibé rud beag a bhíos amú caithfidh na hoibridhthe caoi do chur air an lá
úd chum go mbeidh gach éinní i dtreo in aghaidh an chéad aistir eile. Ach
sin é an gárda agus a bhratach 'na láimh aige. So chum siubhail an t-inneall
agus an traen arís. Go soirbhidh Dia dhíobh agus go dtugaidh Sé slán
abhaile sibh!



Anois a mhic ó, bímís ag bogadh as so agus tá súil agam nach ndéanfaidh
tú dearmad ar a bhfacais ó d'fhágais Baile Átha Cliath ar an ngail-inneall
gluaiseachta indiu.



AN BUACHAILLÍN BUIDHE.



Téarmaí Teicniceacha.



Bac an fhollamhnais =Vacuum brake. Gualtach=Triocail an ghuail agus an
Barraí sleamhaine =slide bars. uisce, Tender.
Bogaí=Bogie. Puthaire=Blast pipe.
Boscaí na bhfearsad=Axle boxes. Riaghaltán=Regulator or throttle
Colamhan an uisce =Water column. valve.
Comhla =Valve. Scéith=Safety valve.
Cloigead=An "chruit" ar bharr Séideán =Blower.
coire. Dome. Slat mhór=Connecting rod.
Crosaire =áit i mbionn na ráillí Slat cheangail=Coupling rod.
trasna a chéile. Steallaire=Injector.
Feidhm capall=Horse power. Tomhas=Gauge.
Gléas-imtheachta =Na slatacha etc.
fá choire innill. ("Motion").


L. 136


Is mó fear foghlumtha fiúntach agus Gaedheal dílis dúthrachtach a leagadh
ar lár de dheasgaibh Chogadh na Cásga, 1916. Bhí fionn-sgoth fear
na hÉireann sa troid sin, ach mo léarghoin! do threasgair piléir na namhad
a lán díobh sa tsráid no sa charcair. Ortha-san a fuair bás ar son a dtíre
dúchais bhí Séamas Ó Conghaile, treóraí lucht oibre i mBaile Átha Cliath
agus ceannurraid in Arm Phoblacht na hÉireann. Seo mar chuirean iris-
leabhar míosúil Caitliceach síos air: - "Fear an-éirimiúil, sár-oilte i gcéird
an tsaighdiúra, agus cainnteóir clisde do chaith sgoth a shaoghail d'iarraidh
feabhas a chur ar staid a chomh-oibrí dob eadh é." Is mór an moladh é
sin, agus go deimhin tá sé tuillte go maith aige. Tá sgata daoine in Éirinn
gur fuath leo an Conghalach, agus go mór-mhór a theagasg. Ní hiomadúil
iad, mar isiad lucht na maoine agus na sócamhlachta iad. Ach furmhór
d'fhuirinn na tíre, an lucht oibre, tá meas agus muirnéis acu ar an bhfear a
bhí ag síor-iarraidh a moghsaine do mhilleadh, agus is fada bheidh cuimhne
acu air féin agus ar a shaothar thairbheach.



Is i gCo. Mhuimhneacháin a rugadh Séamas Ó Conghaile, ach do chaith
sé tosach a shaoghail in Albain go mór-mhór imeasg oibrí Ghlaschú. Tháinig
sé tar 'éis sin go Baile Átha Cliath mar ar chuir sé Cumannacht na hÉireann
ar bun amach chun deire na naomhadh aoise déag. Do lean sé lorg Shéamais
Fhionntáin Uí Leathlobhair agus do ghlac chuige féin a theagasg san. Bhí
stuidéar ana-dhian déanta aige ar an seana-stát Gaedhealach, lenar cuireadh
crích ag Cath Chinn tSáile i 1601, agus ar chúrsaí stair na hÉireann ó shoin
i leith. Tá toradh an stuidéir sin le feisgint go soiléir 'na sgríbhinní, go mór-
mhór sa leabhar chlisde sin dara teideal: Lucht Oibre i Stair na hEireann.
Tá a thuairmí sa leabhar san bun-os-cionn le tuairmí furmhór na staraithe
ar glacadh leo go dtí so in Éirinn.



Níl meas aige ach ar aon leabhar staire amháin, isé sin, Déanamh agus
Briseadh na hÉireann, le Bean Uí Uaithne. Deir sé gur ar mhaithe leis an
lucht maoine agus mursaireachta a sgríobhadh stair na hÉireann agus nár
cuireadh ach suim shuarach san íseal-aicme, lucht oibre na hÉireann. Níor
chuir na treóraithe dá dtugan na staraithe gradam agus moladh mór an tsuim
ná an spéis ba lugha sa lucht oibre, ach amháin nuair a bhí sé ar mhaithe
leo féin. Níor theastuigh ó sna huaislibh bhí ag troid ar son saoirse na hÉireann,
mar dheadh, i gcoinnibh Rí Liam agus ar thaobh Rí Shéamais i ndeire na
seachtadh aoise déag, ach na taltaí agus an tseilbh a fuaireadar le feall roime
sin do chosaint ar dhream nua eachtrannach. Agus is mar sin, adeir sé,
atá an sgéal ó shoin anuas. Níor féachadh le feabhas ar bith a chur ar na
bochtaibh, ná ar na sglábhuithe a cimeádadh fé chois ar feadh an ama go


L. 137


léir. Taisbeánan sé conas a bhí Domhnall Ó Conaill, ní hamháin neamh-
shuimiúil i staid an lucht oibre, ach go dearg 'na n-aghaidh, mar do chuir
sé i gcoinnibh dlighthe bhí d'iarraidh staid na n-oibritheóirí óga i monarchain
Shasana d'fheabhsú.



Dob é tuairim an Chonghalaigh nách ceist pholiticeach Saoirse na
hEireann, ach ceist economiceach, ach nár mhaith leis na treóraithibh é
'admháil. Dob é a thuairim, leis, go mbainfí saoirse na hÉireann amach
roime seo dá mba mhaith leis na treóraithibh an fhírinne sin d'admháil agus
beart do dhéanamh dá réir. Is mó adhbhar machtnaimh atá sa leabhar
so, agus b'fhiú d'éinne é 'léigheamh; go mór-mhór na fir go bhfuil ortha
an náisiún do threórú fé láthair, níor mhisde dhóibh leabhair léigheanta mar
seo do léigheamh agus d'ath-léigheamh. Go dtí so bhí na hoibrithéoiri féin
dall ar fhírinne an sgéil, toisg gan aon chaoi bheith acu, mar atá i dtíorthaibh
eile, ar aon adhbhar léighte d'fháil ach amháin a mbíon sna páipéirí. Do
nocht Séamas Ó Conghaile mórán den fhírinne sna páipéiri úd a bhí féna
chúram, The Irish Worker agus The Workers' Republic, agus do chuir na
hoibritheóirí ar bhealach a leasa. 'Sé an suaicheantas a bhí aige ar cheann
an pháipéir deiridh thuas ná, - Is dóigh linn gur mór iad na daoine móra mar
táimíd féin ar ár nglúnaibh; eirighmís!



Tá an Conghalach san uaigh uaigneach indiu, ach tá a ainm imeasg
ainm mairtíreach na hÉireann, i bhfochair Emmett agus Tone agus Ó Donn-
bháin Rosa, agus i bhfochair a chomhméirleach féin, Pádraig Mac Piarais,
Tomás Mac Donnchadha, Seósamh Pluingceud agus an chuid eile a dhein
an tsár-iodhbairt ar son na hÉireann i 1916. Dá mbeadh sé beo indiu do
bheadh gliondar ar a chroidhe usual nuair dhearcfadh sé ar an bhfeabhas
atá tagha ar an lucht oibre i mbeagán blian. Chífeadh sé na himpireachtaí
móra, An Ghearmáin, An Rúis, agus an Astáir ag tuitim óna chéile, an chomh-
acht 'á bhaint as lámhaibh na máighistrí móra agus na dtíoránach, agus
an choitiantacht ag teacht i réim. Chífeadh sé toil na ndaoine 'á chur i
bhfeidhm sna tíorthaibh sin, cé go bhfuil Sasana agus ár dtírín féin fé riaghlú
ag dream beag daoine saidhbhir sotalach go fóill. Ach ba léir do ná fuil
na daoine sna tíorthaibh seo 'na dtrom-shuan ar fad, agus ná fuil ann ach
cúrsaí aimsire go leanfaid lorg na híseal-aicme i dtíorthaibh eile agus go
gcuirfid deire le réim na tíorántachta agus an trom-éigin 'na measg go deo.
An sprid bhreagh do-chlaoidhte tá beo ar fuaid na tíre indiu, sprid na saoirse
agus an neamh-spleáchais, ba chúis árd-áthais agus árd-shásaimh do é.



Má's mian linn uraim agus onóir cheart do thabhairt do chuimhne an
Chonghalaigh, is féidir linn é 'dhéanamh ach an náisiún do thógaint ar an


L. 138


gcloich-bhuinn dhaingean do chuir sé féin agus a chomh-Ghaedhil dúinn.
"Leanam lorg na laochra" a thug a saoghal ar son na hÉireann, a throid
chun Saor-Stát Gaedhealach, 'na mbeadh saoirse agus sástacht ag an té is
ísle agus is boichte ann, do chur ar bun. D'fhág an Conghlach, agus a chomh-
oibrithe i gcúis naomhtha na hÉireann, oighreacht uasual uaibhreach againn;
isé slighe is fearr chun ár mbaochas a thaisbeáint ná leanúint don saothar
gan sos go mbeidh an tsaoirse bheannaithe, ná raibh i ndán dóibh-sean d'fheis-
gint, againn,-



"Fós gan ghó tá búir it áit,
Lean go deo ar áil na fóirne!
Neartuigh sinn chun gleo is áir,
Beag linn bás as ucht do ghlóire!"



SEÁN MAC GIOLLA BHUIDHE.


L. 139


Seanfhocail ón Domhan Toir.



I.



An péarla is gleóite má thuiteann san muir gan áird,
's an féar má seóltar ar thonnaibh a huisge a' snámh,
is claon é a nós, ar an muir atá 'n locht gach lá-
beidh an séad 'na sheód is an brobh ina bhrobh go brách.



(Nú mar seo).



Má leigeann an t-uisge an péarla síos,
's an féar i n-aoirde a' snámh,
ar an muir atá a locht, beidh an seód 'na sheód,
's an brobh 'na bhrobh go brách.



II.



Cé 'n duine gur ghnáth leis féachaint síos,
nár mhéaduigh a bhrígh thar chách?
Árduigh do shúile, a mhic mo chroidhe,
agus tuigfe tú a ísle atáir.



III.



Firín beag meata gan bhrígh,
's é a' creathadh 'na chroidhe le heagla,
ach é bheith 'na ghiolla ag an rí,
ní leomhfadh na daoine satailt air.



V.



Ná comhnuigh i dtír gan smacht,
ná i dtír i mbíonn smacht ag slógh,
ná i dtír i mbíonn ceannas ag mnaoi,
ná leanbh lag-bhríoghach i gcróinn.



V.



"An linn féin é nú an coigcríoch?"
Sin ceist ón aicme is íseal méinn,
Don druing is uasal aigne 's nós
aon teaghlach mór an domhan go léir.


L. 140


VI.



Folamh an bheatha gan léigheann,
folamh an saol gan coidreabh,
folamh an tigh gan mac,
's is folamh ar fad an bhochtaine.



VII.



An duine nár sheasaimh ar tairsigh an tréin gan chomhacht,
's nár imigh air sgaradh le caraid a chléibh go deó,
's nár thuisligh a theanga le hamaideacht bhaoth tar chóir,
is milis a bheatha - má mhair a leithéid sin fós!



CRÁDH CROIDHE ÉIGEAS
d'aistirigh.



PEICTIÚIR.



Triúr fé ghlas i gcillín bheag
I gCill Mhaighneáin seal go tláth,
Triúr do ráinig saor ón éag,
Sgéal dob iongnadh le cách.



Triúr sínte i dtoirchim suain
Ar úrlár cruaidh go lag faen,
Gur mhúsgail gleó gunnaí iad
Ón gclós thiar le breacadh an lae.



Arsa fear den triúr fé chéas:
"Tá an bheart déanta, mo léan!
"Beannacht Dé le hÉamonn fial,
"Le Liam, is le Seosamh tréan!"



Triúr eile d'éis bháis go moch,
Triúr máthair ag gol go fras,
Éire fann 's a clann ar ceal,
Triúr i gcillín bheag fé ghlas.



PIARAS BÉASLAÍ.



Éamonn Ó Dála, Liam Mac Phiarais agus Seosamh Pluinceud do
lámhadh an lá san. Bhíos féin agus Seosamh Mac Aonghusa, T.D., agus
Éamonn Ó Dúgáin, T.D., istigh in éin-chill i dtriúr agus do mhúsgail fuaim
na n-urchar sinn.


L. 141


MARBHNA.



AR BHÁS SHEÁIN DE BRÚN.



Rugadh, Meitheamh, 1894. D'éag, Iúl, 1919.



Is dubhach an scríbhinn caoineadh driotháirín,
Uileacán dubh ó,
Ní dualgas aoibhinn do chroidhe tá cráidhte,
Uileacán dubh ó,
I mbláth geal t'óige níor chóir, mo léan,
Bheith ar lár i gcomhrainn 's ag feodh san gcré,
A's do mháithrín fá bhrón gan stór a cléibh,
Uileacán dubh ó!



2.



Is tú bhí dílis do Rí na ngrása,
Uileacán dubh ó,
A's ba chumhra do smaointe a's do ghuidhe d'á Mháthair
Uileacán dubh ó,
B'uasal, ba dhaingean tú, a's ba charthannach fial,
Mo thruagh, a's tú caithte ar do leabaidh phian;
O! stiúir don bhflaitheas a anam, a Dhia!
Uileacán dubh ó.



3.



Bhí do cholann sínte againn le stiúradh,
Uileacán dubh ó,
I dtosach oidhche go cill do dhúthchais,
Uileacán dubh ó,
Mar ba mhian leat eolus go deo san uaigh
Go bhfuil triall na gcómharsan i dtreo do thuaim,
Agus Críost ar altóir an dóchais bhuain,
Uileacán dubh ó.



4.



Tá gaotha ar an gcnuicín a's gile spéire,
Uileacán dubh ó,
Chuirfeadh fiabhrus ag imirt tré chuisleannaibh daonna,
Uileacán dubh ó,
Ach is cuma leat lá geal a's báisdeach liath,
Soineann a's trátha a's fás an tsíl,
Cé gur chuiris led' lámhaibh an bárr do-chím,
Uileacán dubh ó


L. 142


5.



Is tú bhí éascaidh i réim na spóirteann,
Uileacán dubh ó,
Ag siubhal an tsléibhe nó ag léimeadh thar teorainn,
Uileacán dubh ó,
Ní bhfuightear aon bhrígh i ngaiscíocht ná i gcraobh,
Tá an bheidhlín caointeach, an rinnce gan spéis,
D'imthigh aimsear na mbuidhean aoibhinn i gcéin,
Uileacán dubh ó.



6.



Ba mheidhreach do chluain agus fuaim do gháire,
Uileacán dubh ó,
Do leigheasóchadh gruaim a's buairt do cháirde,
Uileacán dubh ó,
Ach níorbh eol dhuit leigheas do shaighid an bháis,
Ná comhairle do raghadh in aghaidh a stáit,
Ná ceol binn cainnte ná feidhm amhráin,
Uileacan dubh ó.



7.



I bhféar na móna tá crónán uaigneach,
Uileacán dubh ó,
Éanlaith gan glór a's an bhólacht fa chlúdach,
Uileacán dubh ó,
Tá cúirt an tsamhraidh tré dhomhan na mbláth,
Fá'n mbruach tá an abha ag sleamhnú go sámh,
Is ciúin gach beann, tá an gleann gan anál,
Uileacán dubh ó.



8.



O! codail go réidh fá'n tsléibh ghorm scáthmhar,
Uileacán dubh ó,
Ó's cortha do ghéaga bhí éadtrom in áirde air,
Uileacán dubh ó,
Tá ceo ar an bhféar agus péarlaí drúcht'
Tá do ghnótha déanta fá'n ngréin go luath,
Agus seoladh do chéim roimh ré chum suain,
Uileacán dubh ó.



PÁDRAIG DE BRÚN.


L. 143


Tá cuan ar an dtaobh thuaidh d'Oileán Cléire ar a dtugtar Tráigh Chille
Chiaráin; agus ag dul isteach duit ann don chéad uair, déanfair
iongna dhe, a dheise atá sé agus a bhruidiúla bhíon. Chífir árthaí seanga
mar a bheadh conairt na mara ag druidim isteach ann, seolta donna ar
leatha, inneal gluaiste ag cneadaig; chífir báid dhíomhaoine cnuasta cois
caladh, a gcrainn loma in áirde mar a bheadh fás-choill sa gheimhre; cloisfir
tuagh agus tuireasc an tsiúinéara sa chuan istig agus buillí na mbróg dtrom
ag baint ceoil as leacacha an chalaidh; agus déarfair gur mór an áit é Tráig
Chille Chiaráin le bruid agus le fuadar. Go réidh! Taréis tamaill tabharfair
fé ndeara an caoin-chnoc a dheinean foithin don chuan ar an ngaoith aniar
adtuaidh. Ar ghualainn an chnuic sin tá seana-chill agus roilig. Cill
Chiaráin is ainm di mar sé Ciarán naomhtha a thóg an chill ann na céadta
blian ó shoin. Bhíodh manaig na gcochall mbán ag saothrú an tailimh mar
a mbíonn na líonta á ndeisiú iniu, a naomhóga ar stáitse ar an gcarraig thíos,
agus cling a gcluig ag imtheacht thar an gcuan chun na fairrge fiadhne.



Ach d'imthig a luaim is a riaghail
Is a gcualacht fé chian-chrádh;
Uch! ní fhionnaim anois fén iadh
Ach carnán criadhta cnámh.



Trathnóna samhraidh nuair a bhí coisgithe ar gach fuaim, nuair a bhí
na báid imthithe amach i gcóir iasgaig na hoidhche, do dheineas ar an seana-
roilig sin chun leac éigin d'fheiscint ann agus chun paidir do rá ar son an té
atá féna bun. Do shuidheas ansan ar an gcarnán bheag ag machtnamh.
Tháinig faoileán ag foluamhaint go hárd os mo chionn; bhí ceol ag an dtraona
sa bhféar i ngar dom. Ach ní hiad san a chimeád ar siubhal mé ach a malairt
ar fad: maidhm na mara maidean áirithe, agus gaisge an duine agus coraí
cruadha an tsaoghail.



Úm!
Do scaoileadh an t-urchar go hoban as gunna an tighe sholuis atá ar an
gCarraig Aonair.



Úm! úm!



D'fhreagair an gunna eile atá ar an gCarn é agus as lean an dá ghunna
don scaoileadh gach re cúig nóimeataí ag foláireamh do luingeas na mara go
rabhathas i ngar do chiumhais na hÉireann. Óir do bhí an ceo taréis
éirighthe as an ndomhan tiar agus ba ghearr gur leath sé go tiugh ar tír is
ar muir. Do dhall sé lasair na dtighthe soluis agus do shleamhnaigh sé


L. 144


isteach thar faill is tré ghóilín ar Oileán Cléire i dtreo nár léir duit an bóthar
romhat. An ceo liath fealltach! Bhí sé ansan tímpal a deich a chlog
oidhche amháin sa tSamhain ...



Um a sé ar maidin do dhúisig fear a bhí 'na chomhnuí in aice an chuain
theas. D'fhéach sé amach. Bhí an ceo scaipthe beagán ach bhí na gunnaí
dá bpléasca fós gach re dtamal. De phreib d'airigh sé an fhuaim agus do
chonnaic sé an lasair ag léimt sa spéir os cionn an oileáin. Ansan do thuit
an doircheacht airís. Is ró-mhaith a thuig sé cad a bhí ann ach d'fhan sé
sa bhfuinneóig 'na stad ag féachaint amach go bhfeaca sé ceann eile agus
ceann eile airís. D'imthigh sé ansan agus do dhúisig a chlann mhac agus
dubhairt leo go raibh long i gcontabhairt a báidhte ar na cairrgeacha thiar.



Tímpal a hocht a chlog bhí muintir an Oileáin bailithe le chéile ar na
faillteacha thiar. Bhí an ghaoth éirighthe um an dtaca so, agus bhí an ceo
scaipthe aici. Bhí sé dorcha, ámh. Chífeá na daoine ag teacht 'na mbeirt
is 'na dtriúr, iad ar a gcroma-ruathar aníos an fiara i gcoinne na gaoithe, agus
gan ionta ach paistí dubha fé chlap-sholus na maidne. Bhí cuid mhaith
dhíobh cheana féin ar árd na faille, iad ar a gcroma fé scáth an fháil chloch
atá ar bhárr ann nú sínte ar an bhfionán - ní leigfeadh an ghaoth dhóibh
seasamh - ach d'éirigheadh duine ó am go ham chun féachaint síos. Bhíodh
an cóta mór ag gabháil na gaoithe uime agus an ghaoth ag cuardach na
gcnámh mór dtímpal isna póirsíbh folamha idir chroiceann agus éadach go
dtí gur chuimhnig duine éigin ar chórda a chasa ar imeall na muinchillí agus
na mbrístí. Ní raibh an sgéal chomh holc as san amach. Bhíodh na daoine
na dtost de ghnáth; ní leigfeadh an ghaoth ná an radharc ná a mí-mhisneach
féin dóibh puinn do rá.



Níorbh' iongna san. Na faillteacha atá ar an gceann san den oileán,
táid chomh díreach le pinniúr an tighe agus brisean an tonn 'na gcoinne le
fuamán uathmhar. Ach ní thuigfeá le féachaint ortha go bhfuil cairrgeacha
reatha ar síneadh amach óna mbun. Tá, ámh, cairrgeacha tanaí, garbha,
faobhracha agus gan an cubhar féin ós a gcionn le taisbeánt go bhfuilid ann.
Níl captaon dá bhfeicean Oileán Cléire ná lóchrann Charraig Aonair ná fanan
ó dheas uatha agus sceon ann. Ach ní raibh an t-ádh leis an Nestorian. An
ceo a chuir an captaon amú. Do cheap sé gur ón dTarbh a bhí na gunnaí
dá bpléasca. Do dhruid sé isteach agus ba ghearr an mhoill air an long do
sheola ar an gcarraig reatha. Do hairigheadh go hoban an chimilt agus an
réaba. Do chrith an long ó cheann ceann agus do stad sí de gheit. Do
thuit an crann láir agus d'imthig le fán; d'éirig tosach na luinge in áirde
os cionn na fairrge agus d'fhan an chuid eile in achrann sa charraig. Ach


L. 145


má fhan féin níor scuir na tonntacha móra den tóir. Siúd féna déin iad,
'á stealla féin 'na coinne, 'á buala, 'á léasadh i dtreo go gcritheadh sí fésna
buillíbh mar a bheadh créatúirín beo. D'imthig cuid den fhuirinn suas go
ceann na luinge agus do cheangladar ann iad féin. Ach bhí deichniúr acu
ar an ndroichead agus is dóibh ba dhona. Nuair a chídís chúcha an tonn,
do chromaidís síos, bheiridís gréim an fhir bháidhte ar an ráil iarainn agus
d'fhanaidís léi. Thagadh sí, léimeadh sí féna ndéin, laisgeadh na braonacha
iad, scuabadh sí na cosa uatha, taréis nóimeat d'éaluigheadh sí. Ansan
nuair a bhíodh sí tráighte d'éirighdís 'na lipíníbh báidhte chun suaimhneas
sealaid do cheapa agus anál eile do tharrac. Bhí aon duine amháin ortha,
fear téagartha ruadh; agus dá uathbhásaighe an radharc é, ní fhéadfá gan
gáirí uime, an chuma na n-éirigheadh sé 'á chrotha féin agus an t-uisge ag
sile uaidh. Ní fheacaís riamh a eighre ach gadhairín ruadh agus é 'á chrotha
féin taréis teacht amach as an uisge.



Long mhór uasal ar bhior na carraige, suatha uathmhar 'na tímpal,
dharéag aindeiseóirí fé sciúirse an anfa agus an lá ag geala, - cad é sin mar
radharc! Agus mar dhonas ar fad ar an sgéal, gan leigheas le fáil. Bhí
téadacha agus creasa agus gach gléas eile ag muintir an Oileáin le caitheamh
anuas; bhí an long as raon aon gléis a bhí acu. Tháinig dream daoine
adtuaidh ó Dhún na Séad agus áise eile acu; bhí sé fánach acu teacht.
Cuireadh bád cogaidh aniar ón gCruachán; ní leigfeadh an t-anfa dhi teacht
in aon ghaor dí; d'fhan sí tamall maith amach ag féachaint ar an bhfuirinn
agus ag gabháil tímpal. Ba dhíol truagha an Nestorian idir muir agus tír:
í ró-fhada isteach do lucht an bháid; í ró-fhada amach do mhuintir an oileáin.



Is isna dálaibh sin d'éirig iasgaire óg ón Oileán. Seán ó Dála ab' ainm
do, beannacht Dé lena anam. Do bhreathnuigh sé go géar ón bhfaill
suidheamh na luinge agus suatha na fairrge. Do labhair sé ós íseal le triúr
dá chomrádaithe. D'éirigheadar ceathrar agus bhíodar ag féachaint amach
chun fairrge agus iad ag cogarnaig. D'imthigheadar ansan agus fuadar
fútha. Taréis tamaill do ghluais árthach seoil agus báidín ceangailte dhi
thar ceann an oileáin. Do leig an lucht faire liú asta nuair d'aithnigheadar
an Mary Joseph agus thuigeadar go raibh Seán ag dul i gcontabhairt a anama
chun an fhuireann do shábháil. Bhí beirt ag rámhuíocht 'na theannta agus
duine ag stiúra agus dhruideadar isteach chomh achmair don Nestorian agus
dob' fhéidir dóibh. Leis sin do léim Seán isteach sa bháidín agus do bhog
sé an téadán go dtí go raibh sé i ngiorracht leath-chéad slat don charraig.
Do cheangail sé an téadán go dlúth docht ansan. Bhí luasca uathmhar fén
mbád - ba chuma é nú bolla cuirc ar bhárr an uisge nú bolgán séidthe sa


L. 146


ghaoith; ach níor bhris ar mheanmain Sheáin. Do labhair sé leis an
bhfuirinn agus b'aoirde a ghlór ná torann na dtonn ná séideadh na gaoithe.



"Táim," ars' eisean, "chun an téadáin seo do chaitheamh chughaibh.
Beireadh duine agaibh air agus casadh sé air é. Ach ná léimeadh sé go dtí
go mbagrad-sa air. Fanadh sé go n-imthighidh an tonn thairis isteach.
Ansan nuair a bheidh an sgabhat ag brúgh amach, léimeadh sé agus ní baoghal
dó. Fágadh sé fúmsa an chuid eile."



Do deineadh amhlaidh. Do chaith Seán an téadán ach níor aimsig
éinne é go dtí an tríú hamas nuair rug an Ruadh air. D'orduig an captaon
do é chasadh air féin. Do dhein. Do sheasaimh sé ansan ar shlait an
droichid cé gur dhícheall do é. Tháinig an tonn chuige, bhuail sí an long
agus do scuab sí thairsi an góilín isteach; ansan do thráig sí agus cubhar
agus sobal go tiugh léi. Do chuir Seán béic as. Do phreab an Ruadh
amach ar a léim-lúth, agus do shluig an sáile é. D'éirig sé, ámh, i gcionn
nóimit, do shnáimh cúpla béim agus bhí i ngreim ar imeall an bháid, slán
foláin. D'árduig an lucht faire an liú fhiaig. D'iompuig an Ruadh 'na
dtreo agus do bheartuigh sé a lámh. Ansan níorbh fhaillí leis gan é féin do
chrotha ar nós an ghadhairín. Do chur a ghníomh ana-mhisneach sa chuid
eile: agus bhíodar ag teacht saor ón luing 'na nduine is 'na nduine go dtí an
chéad mháta. Fear óg lúthmhar ab' eadh é agus snamhaí maith, ach ní
leigfeadh an mí-fhoidhne dhó fanúint leis an nglaodh. Do léim sé in
anntráth, scuab an tonn i gcoinne sleasa na luinge é agus do deineadh brúscar
dá cheann. D'fhan an corpán ar uachtar na dtonn ar feadh tamaill; b'é
b'fhada leis na daoinibh gur sceinn sé as radharc. Bhí an captaon ar an
nduine deiridh ag tréigint an droichid. Duine trom meadhon-aosta b'eadh
é agus do ghoill bás an mháta go mór air. Ní gan duadh an domhain do
sábháladh é.



Níor fhág san ach an bheirt a bhí i dtosach na luinge; agus b'í an adhb
í conus teacht ortha-san. Bhí maidhm mhór mhara 'na dtreo agus cuid de
raic na luinge ann leis. Dob' ana-chontabhartach an ní é aon iarracht do
thabhairt fútha, ach cé thréigfeadh iad gan an iarracht a dhéanamh? Nuair
chonncadar Seán chúcha, do chuadar beagán in áirde ar na téadacha agus
aghaidh an tsín isteach ortha. D'aimsigheadar an téadán a chaith sé
chúcha ach níor mhaith le ceachtar acu an tosach a bheith aige. Fé dheire
do shocradar an sgéal ar chuma éigin-, agus do cheangail duine acu an téadán
ar an nduine eile. Ach nuair a thug seisean aghaidh ar an muir, do theip
a mhisneach air. Chonnaic sé na tonntacha ag síor-bhrúgh chuige go fuar,
dubh ach amháin go lasaidís anois is airís fé sciúirse na gaoithe; chonnaic


L. 147


sé an báidín ar luasca san anfa agus í faid gach nfaid uaidh dar leis; chonnaic
sé tamall maith eile na hárthaí móra agus iad ag éirighe is ag tuitim ar
iomaire na mara. Ghaibh mí-mhisneach é. D'iompuigh sé agus thug sé
féachaint ar an oileán. Chonnaic sé an fhaill dhubh, ghéar os a chóir, cubhar
agus sobal na tuinne ag a bun, aighthe bána na ndaoine ar a bárr. Do
dhubhaig is do ghormuig aige. Do bhain sé an téadán de agus d'áitigh sé
ar an bhfear eile an chéad iarracht do thabhairt. Bhí ag éirighe eadortha
nuair labhair Seán ón mbád. Dubhairt sé ná raibh i ndán dóibh ach an bás
dá bhfanaidís mar a raibh acu, agus gurbh fhearra dhoibh an iarracht do
thabhairt mar ná beidís éinní chun deiridh leis.



"Féach," ars' eisean, "conus mar éirig leis an gcuid eile. Níl le
déanamh agaibh ach léimt amach ar bhúr ndícheall nuair a beidh an sgabhat
ag brúgh amach, agus tiocfuidh sibh slán le congnamh Dé." Leis sin do
chuir an tarna duine an téadán uime, do chroith sé lámh leis an nduine eile
agus do chuaidh in áirde ar an gcórdáil. Nuair do ghaibh an tonn thairis
isteach, do bhailigh sé chuige agus do léim sé amach ar a chroidhe dícheall.
Bhí sé i dtráth. Scuab an t-uisge leis amach é, rug Seán ar an dtéadán agus
thosnuig ar é tharrac; ach do tháinig tonn eile treasna ar an bhfear agus
do tumadh as radharc é. Lean an sgéal mar sin acu ar feadh tamaill mar
do bheadh bradán in achrann i ndubhán ag iasgaire; ach bé leónú Dé gur
shrois sé an bád fé dheire. Bhí sé chomh traochta san, agus Seán 'na
theannta, gur beag ná gur theip ortha i ndeire na dála. Bhí ortha a scíth
do leigint go fóill agus ansan an t-uisce do thaosca amach as an mbád, mar
bhí sí lán náchmór, sara bhféadfaidís aon rud eile do dhéanamh. Dhírigheadar
ansan ar an obair airís. Má bhí mí-mhisneach ar an bhfear bhocht an chéad
uair, ba sheacht measa ná san anois é agus é 'na aonar ar an luing mhí-
ádhmharaig. Ach níor thug sé caoi mhachtnaimh do féin an turus so. Nuair
a fuair sé an téadán do chas sé timcheall air féin é agus shnaidhm sé go docht
é. Níor fhéach sé 'na thimcheall in aon treo ach d'fhan ag féachaint os a
chóir amach. Ansan nuair d'airigh sé béic Sheáin, do phreab sé amach ar
nós garsúin a léimfeadh agus a dhá shúil dúnta aige. B'éachtach an íde a
fuair sé. É á chaitheamh ó thuinn go tuinn, 'á thumadh fén uisge, tamall
ar snámh agus tamall eile 'á bhuala agus 'á lasga ag an bhfairrge fé mar do
bheadh sí ag iomrascáil leis nú ag súgra go fíochmhar, garbh. Ag Dia
amháin atá fhios conus a tháinig sé saor; ach tháinig sa deire thiar thall.
Bhí an obair déanta ansan agus é déanta go dian-mhaith. Bíodh geall go
raibh lúthgháir agus gáirdeachas nuair do bhí fuireann an Nestorian bailithe
le chéile ar bórd an Mary Joseph agus gan ach an t-aon duine in easnamh


L. 148


a bhuidhe le Dia agus le gaisge Sheáin Uí Dhála. Ba ghearr an mhoill ortha
an cuan do bhaint amach. Do thréigeadar ann an long bhreagh uasal agus
í ag cnagaig ar na cairrgeachaibh géara.



Níl ach beagáinín eile le hinsint ach tá sé ar an mbeagáinín is brónaí sa
sgéal. "Is mairg a báidhtear in am an anfa" do réir an tsean-fhocail; is
seacht mairg a báidhtear "nuair a thagann an ghrian taréis na fearthanna."
B'in é údhálta Sheáin chróga Uí Dhála. Fuair sé an mola a bhí tuillte aige
de bharr na gaisge agus do bronnadh inneal gluaiste air i gcóir a bháid.
Nuair a bhí sí in ionad aige, d'imthigh sé féin agus an t-innealtóir agus cuid
dá cháirdibh idir bhuachaillí agus chailíní amach chun triail a bhaint aisti.
Bhíodar ag gluaiseacht ar mire an domhain agus ag gabháil idir dhá oileán
dóibh, do theip ortha iad féin do sheachaint ar charraig. Do polladh an
bád go mór, do bhrúcht an sáile isteach, do phléasg an t-inneall, do hairigheadh
an gheoin, an uaill uathbhásach; ansan bhí gach éinní ciúin airís ach go
raibh an t-uisge 'na chuilithe guarnain ar feadh nóimit agus go raibh bulgóidí
ag éirighe go huachtar.



A Dhia, déin trócaire orainn.
A Réalt na mara guidh orainn.



Tá Seán Ó Dála 'na luidhe anois sa tseana-roilig ar Thráig Chille
Chiaráin. Tá mairbh an Oileáin 'na luidhe 'na thimcheall, clann na mara a
chaith a saoghal ar an sáile agus ná codlóch' go sámh as raon torainn na
dtonn. Scréachann an faoileán os cionn a uaighe; fliuchann gaoth ghlan
na fairrge an féar; agus tagann stróinséar anois is airís chun féachaint ar an
lic agus chun uair nú dhó do chaitheamh ag machtnamh ar mhaidhm na mara
maidean áirithe agus ar ghaisge an duine agus ar choraíbh cruadha an
tsaoghail.



Séamus Ó hAodha.


L. 149


Réadóirí.



(Sgéal eile ó Thír na bhFinn.)



Bhíodar, beirt acu, in aimsir i dtig an mhinistir, eisean 'na ghiolla
stábla, ise 'na seirbhíseach tighe. Is air-sean a bhíodh na capail a
ghiolluíocht agus is uirthe-sin a thiteadh cúraimí an tighe. Aimsir bhídh, do
shuidhidís araon age cúinne don mbórd agus do gháiridís lena chéile uaireanta,
ach ba mhinicí ag bruighean iad. Do mheas an máighistir agus an mháigh-
streás nár ceapadh riamh aon bheirt ba mhí-oiriúnaí dá chéile; go deimhin,
dob é dálta an chait agus an mhadra acu é.



Ach ó bheith ag dul ag iasgach le chéile ist oidhche, agus ó bheith ag
cabhra lena chéile ag sábháilt fhéir agus ag baint arbhair is ló, do rith an
smaoineamh chútha go gcuirfidís tig chútha féin, agus do neartuig an
smaoineamh 'na gceann in aghaidh an lae. Bhí cuimhnte acu ar láthair dá
mbothán, paiste talmhan abhfad amach sa bhfásach le cois phortaig. Bhí
fuighleach talmhan fé sna coillte ann; níor ghá ach é 'ghlana. An bogach
mór, fairsinn, fearnógach, b'fhuraiste talamh mín-réidh a dhéanamh de, agus
d'fhéadfaí móinfhéar a dhéanamh don dtalamh íseal ar dhá thaobh an
tsrutháin. Ach an bothán a thógaint! Bhí an pádh ana-bheag, agus
theastódh capal agus bó ó dhuine chun tosnuithe ach go háirithe. B'éigean
moill a chur ar an bpósa. I gcaitheamh na bliana do ghreamuighdar ní ba
dhaingne i gcroidhe a chéile, agus d'árduig ar a ndóchas as an saol. Do
thugaidís na hoidhcheanta ag comhaireamh na bpinginí a bhí spártha cheana
acu, agus ag déanamh amach an fada chaithfidís fanacht no go mbeadh an
méid ba ghá churtha le chéile acu. Níor thaidhrimh éinne riamh air go
raibh dúil mhór i saoirse, agus caitheamh i ndiaig tig a bheith acu dhóibh
féin, ag fás agus ag fás i gcroidhe an bhuachala agus an chailín seo. Bhí
saol chomh breá socair sin acu i dtig an mhinistir, a gcothú agus a gcuid
éadaig acu i dteannta a dtuarasdail, agus gan aon chúram ortha. Ach amach
chun an fhásaig a bhí a gcroidhe ag féachaint.



Samhradh amháin, mar sin, nuair a dubhradar araon ná raghaidís in
aimsir a thuille, bhí gach éinne agus comhairle a leasa i mbarra a theangain
aige dhóibh: "Is leis an sioc an áit sin thall, isé is rí air, agus ní dhéanfa
sibh ach sibh féin a bháth i bhfiacha. Ní fada an mhoill ar chlainn eirghe
suas agus tá lucht déirce ár ndóthain cheana againn." Ach bhí cuimhnte
agus machtnuithe acu ar an sgéal le chúig bliana agus bhí a n-aigne socair.
B'éigean don ministir iad a ghlaoch ón altóir, agus an foghmhar a bhí
chughainn d'fhágadar a thig.


L. 150


Tháinig an gheimhre agus bhíodar ar lóisdín fós. Bhí Ville gnóthach,
ámhthach, ag tógaint an bhotháin agus do dhineadh sé lá oibre i dtig an
mhinistir ó am go ham. Do thugadh Anni congnamh do bhean an mhinistir,
leis, ag fuagháil agus ag sníomh di.



Do pósadh iad an Chingcís a bhí chughainn. Muintir an mhinistir a
sheasaimh an costas, agus an ministir féin a phós a sheirbhísig féin tráth i
seomra mór an tighe. Ach nuair a dh'fhág an lánmha, d'fhan an ministir
sa bhfinneóig ag féachaint ortha ag imeacht síos an casán, agus do chroith
a cheann go himníoch: "Feicidís cé'n lámh is féidir dóibh a dhéanamh de,
ach ní haon ghustal gharsúin is ghearachaile a ghlanfaidh an fásach." Isé
a leithéid sin do ghustal, ámhthach, do ghlan fásach Thír na bhFinn, ach
bhí an ceart ag an ministir leis.



Do thionnlacuighmair, ógánaig an pharóiste, ár seana-cháirde go dtí na
dtig nua. D'imig an lá fada samhraidh agus sinn ag bhálcaereacht fén gcoill
ghlais, agus do chaitheamair an oidhche ag rinnce sa bhothán nua. Bhí
cláracha an bhotháin garbh fós; d'fhan ceann na sailteacha mar a gearradh
iad, gan plánáil, agus ar fuaid an phaiste talmhan a tugadh chun mín-tíreachais
do bhí uisge donn an tsrutháin ag leatha arís. Ach thall ar an leacain bhí
an seagal ag geamhra go húr-ghlas imeasg stúmpaí dóite na gcrann, agus ar
an dtalamh a glanadh chun arbhair bhí na crainn loma-ghearrtha ag dreogha.
D'aduig an bhean óg teine chnámh ar an dtalamh ghlanta, agus do chrúidh
an bhó ann mar an gcéad uair. Do shuidheas féin agus Ville ar chloich ag
féachaint uirthe ag teacht is ag imeacht fé sholas bhreoite na gréine ag dul
fé; bhí éadaí an phósta fós uirthe.



Ní raibh aon amhras age Ville ná go n-eireódh an saol leo. "Má
fhéadaimíd an tsláinte 'chimeád, agus mara dtiocfaidh an sioc" - agus mar
a bheadh fhios aige cad a bhí im aigne, ar seisean, "Tá fhios agam gurab
ana-dhroch-áit chun seaca an bogach san thíos, ach má choinnighim na géaga
ag obair a gcomhnaí, tiocfaidh liom an choill a ghearra siar uaidh a thuille
agus an áit a dh'osgailt suas don ngréin, agus ansan... Tá na tráthnóintí
buille beag glas anso fós, béidir, ach tair amach ár bhfeisgint an Samhradh
so chughainn agus chífir é."



Níor chuas 'á bhfeisgint an samhradh a bhí chughainn, ná an samhradh
na dhiaig sin ach oiread. Admhuighim gur dhearmhadas glan iad; ach
uair amháin agus mé age baile do chuireas a dtuairisg.



"B'éigean dóibh fiacha 'chur suas," arsa m'athair. "Agus tá Anni ag
gearán," arsa mo mháthair.


L. 151


D'imig cúpla bliain. Bhíos im mhacléighinn anois, agus guna agus
gadhar agam, agus bhíos ag túirt laetheanta saoire ar an dtuaith. Lá dorcha
i ndeire an fhoghmhair do ránguig liom bheith ag gabháil trí sna coillte, agus
do thána ar chosán chaol a thaidhsig aithnidiúil dom. Do tháinig sé 'na
cheobhrán; bhí an gadhar ag piardáil leis romham amach. Do thosnuigh
sé ar bheith ag dranntán gan choinne, agus ansan ar bheith ag sgeamhaoil
go fíochmhar. Do chualamair fuaim chos an chapail 'nár dtreo. Ar ball,
ar chasa sa bhóthar, do nocht an capal chughainn; bhí sé gabhtha idir dhá
leath-chlaidhe, agus dhá cheann na leath-chlaithe ag tarac ar an dtalamh 'na
dhiaig. Bhí éadach bán crochta ar na hamaí, agus comhra ceangailte anuas
trasna na leath-chlaithe. Bhí Ville ag siúl 'na ndiaig aniar mar a bheadh
céachtóir i ndiaig a chéachta. Dob é a dhícheal an t-ualach a chimeád in
ionanas. Bhí cuma chaithte air; dath mí-lítheach ar a aghaidh agus gan
solas ná anam 'na shúile. Níor aithin sé mé no gur chualaidh sé m'ainm.



"Ach cé'n saghas ualaig atá ansan agat?" arsa mise.



"Mo bhean atá caillte," ar seisean.



"Caillte?"



"Seadh, tá sí caillte."



Do phriocas an sgéal as t'réis beagán ceistiúcháin, an sgéal aduarthas a
bheadh acu: an sioc, fiacha, mórán cloinne, breóiteacht a mhná, agus ansan
a bás do dheasgaibh an iomarca oibre. Chaithfeadh sé í dh'úmpar chun na
huagha anois, agus na bóithre chomh holc! Bhí súil aige ná titfeadh an
chomhra as a chéile sara sroichfeadh sé an teampal. Do tharaig sé ar na
haradhnacha mar d'imig an capal don gcosán ag cuardach greim féir imeasg
an duilliúir fheóite. "Bhaoi-í!" Is amhla' bhí an capal a d'iaraidh an
ocrais a bhí ag gabháil do a shásamh. Bhí sé i riocht chomh suarach leis
an bhfear; ní raibh ann ach na cnámha.



D'fhág Ville slán agam agus d'imig leis gan a shúile 'thógaint dá ualach.
Do ghearraig na leath-chlaithe dhá chlais as coinne a chéile i ngainimh an
chosáin. Do chaoluigheas liom an treo eile, agus thána go dtí bogach mar
a raibh tosnuithe ar chlais thriomuithe a bhaint, ach do stadadh don obair
agus í leath-déanta. D'imig an cosán suas chun an bhotháin bhig, bhí
aithne agam air ó aimsir an phósta.



Laistig don ráil bhí bó bhocht ag lag-ghnúsaoil, agus muc ag tóch sa
gharrdha. Do fágadh geata an gharrdha ar osgailt. Bhí leabaidh i lár an
chlóis, agus éadach leabtha na mná caillte caithte anáirde ar an ráil. Sa
bhothán féin bhí ceann na sailteacha fós mar a gearradh iad, gan plánáil.
Bhí balsam ag feodh í bpota beag d'adhmad bheithe sa bhfinneóig, agus
plánaí na finneóige go léir salach brocach.


L. 152


Ar a shon san is uile, bhí eirithe leis beagán don bhfásach a ghlana. Bhí
béal-sgair déanta sa choill, stráice beag talmhan, cúpla acra no mar sin, fé
arbhar, agus a leath-oiread eile, béidir, ulamh chun a churtha. Ach do
chuaidh dá neart ansan d'réir deallraimh. Do leag sé an bheith-choill agus
do dhin móinfhéar don mbogach fearnógach. Ach laistiar díobh-san bhí an
ghiúis-choill dhorcha 'na falla daingean roimis. B'éigean do stad ansan.



D'fhanas ar feadh abhfad i gclós an bhotháin thréigthe. D'imig an
ghaoth ag feadaoil léithe tríd an gcoill agus do bhain sí fuaim as bhéal mo
ghuna, a bhí buailte suas lem chluais, fuaim fhada bhrónach.



Tá a ghnó déanta ag an gcéad réadóir; ní dhéanfa sé a thuille maitheasa
ann anois. Tá a neart agus a fhuinneamh imithe, tá lasair a shúl múchta
agus muinghean lae a phósta caillte aige. Ach tiocfaidh fear eile 'na dhiaig
agus tógfa sé seilbh an bhotháin. Eireóidh leis níos fearr, béidir. Ní bheidh
oiread oibre air ar an gcéad dul síos, mar ní bheidh an choill fhiadhain roimis
gan rian láimhe an duine uirthe. Beidh bothán tógtha roimis chun cur fé
ann, agus féadfa sé an síol a chur sa talamh a threabhaig duine eile dho.
Déanfaidh feirm mhór shaidhbhir don ngabháltas botháin sin leis an aimsir,
agus fásfaidh sráid-bhaile suas 'na thímpal lá éigin. Ní chuimhnighean éinne
ar an té a chéad-bhrisean an bán, ná ar an t-aon ghustal amháin atá aige
chuige, - fuinneamh na hóige. Ní raibh ionnta ach garsún agus gearachaile,
agus do thánadar anso folamh ó mhaoin.



Ach isiad a leithéidí sin do ghlan fásach Thír na bhFinn agus do dhin
talamh mín-réidh de. Dá bhfanfadh an bheirt seo i dtig an mhinistir, eisean
'na ghiolla capal agus ise 'na cailín tighe, do bheadh a saol féin saor a dhóthain
ó chúram is dócha. Ach ní tabharfaí an fásach chun mín-tíreachais, ná ní
préamhófaí an tsíbhialtacht i lár fiantais na coille móire. Nuair a gheamhran
an seagal agus a dh'aibighean an t-arbhar isna goirt tugaimís na céad-
mhartair seo na síbhialtachta chun ár gcuimhnte. Ní féidir dúinn leacht a
thógaint ar a n-uaghana, mar tá na mílte acu ann, agus níl fios a n-ainmneach
féin againn.



Taube.


L. 153


Ní fheadar go cruinn ceacu ag imirt chártaí no ag dul a chola a bhí an
bheirt, no idir bheith eatortha, no ag imirt go colatach, no 'na gcola go
himearthach nuair a cuireadh isteach ar idir chola agus imirt acu. Cúigear,
beirt bhan agus triúr fear do bhrúigh isteach chúcha. Iad go léir ag caint
go corruitheach, i dteannta chéile, ag baint na bhfocal a béalaibh a chéile,
gach duine d'iaraidh tosach cainte bheith aige, no aice, ar gach éinne eile
agus gan an focal deiridh d'fhágaint ag éinne. Tuigfar a fhothramaí is tá
beirt bhan ag cullóid, agus ní lugha ná san a tuigfar a chlaotaraí is tá triúr
fear ag liúirig, ach ní chuirfead síos ar an rud ná tuigfar, sé sin toradh fuama
na beirte agus an trír i gcomórtas lena chéile.



Ach gairm ghnótha "Hart and Brien" a dhein fóirithint ortha arís.
Deithneas agus discréid in uachtar arís! Do chuir Pádraig píosa páipéir
agus peann luaidhe os comhair gach duine gan fiú focal a rá leo, agus féach
gur ghairid an mhoill ortha a raibh le rá acu do sgrí' síos, agus ar Phádraig
na páipéirí a bhailiú i ndiaidh a chéile uatha.



B'é cás lucht an ghleóidh ná so. Clann aon athar amháin ab'eadh iad
agus mirabile dictu bhí an fear bocht 'na bheathaidh fós. Do bhí agus
teasbach na hóige ann, má b'fhíor an sgéal a bhí thíos acu. Mar bhí beartaithe
aige ar leasmháthair a sholáthar dóibh, cailín chomh hóg lena ingheanacha
féin. Agus gan bheith leadránach air mar sgéal, is mó rud ab' fhearr leis
an gclainn chéadna ná leasmháthair, agus mara ndéanfadh an cumann so an
cleamhnas do bhriseadh, ar ais no ar éigin, ní raibh éinne eile sa tsaol a
ghnóthóch' an céad púnt de thuarasdal a bhí le fáil, fiche púnt ón nduine
acu.



"Ní mór," arsa Mícheál, taréis na bpáipéirí a léigh' dho, "duine éigin
agaibh a thoghadh chun cabhair agus eolas a thabhairt dúinn. Cé thabharfaidh
an chabhair sin dúinn?"



Bhíodar go léir ar aon fhocal sa bhfreagra, ach ní fhágan san go rabhdar
ar aon aigne. "Mise!" d'fhreagair gach duine den chúigear in árd a ghotha.



"Is maith é sin," arsa Pádraig le deithneas agus le discréid, "agus is
tusa is fearr chuige im thuairim-se," ar seisean ag síneadh a mhéire i dtreo
an duine ba shine acu. "Is fearr fear chun an ghnótha so, ach má theas-
tuighean aon chabhair eile uainn is léir go mbeidh sí le fáil uaibh." D'fhreagair
an tóirthneach arís é.



B'é an duine do thoigh sé ná fear óg, chúig bliana fichead d'aois, den
tsaghas san a thaithnean le mnáibh na tíre seo toisg gur cuma no cailíní iad


L. 154


féin, i bpearsain, i dtréithibh agus in iompar. Lionel ab' ainm do, agus
maran peata ban gach Lionel abhfus ní duine é go 'reamhnuighean a ainm
bhaiste é. D'oireamhnuig an ainm an duine gleóite seo go maith, ámh.



"Bí anso amáireach ar a deich, led thoil, a Mhister Lionel," arsa Pádraig,
"tá gnó agam díot."



Pe'cu sásta no mí-shásta a bhíodar go léir, d'fhágadar slán ag muintir
"Brien and Hart" agus do fágadh an bheirt ag machtnamh san oifig.



Ach níor mhachtnamh gan cur isteach air é, óir cé seolfaí isteach chúcha
taréis tamailín ach fear árd, cíordhubh nár dhóigh leat air thar cúpla sgór
bliain a bheith aige, ach... ciorruighim an sgéal... dob é athair an
chúigir é.



Do mhínigh sé gur bhaintreach fir é, go raibh clann mhac agus inghean
sa bhaile aige, gan riar, gan smacht. Ná raibh rud ba ghátaraí dhóibh ná
bean sa tigh acu a chuirfeadh slacht ar an dtigh agus smacht ar an gclainn.
Ach ná raibh an chlann sásta le leasmháthair a bheith acu, cé go raibh bean
dheas, bhéasach, dhea-iompuir, mhúinte, mhánla, chráibhtheach, eolgaiseach
(agus a thuille) fachta aige in áit éigin sa Bhreatain Bhig. Gur chúis mhagaidh
agá chlainn a n-athair a phósadh an tarna huair, ach nách d'fhonn pósadh
do sholáthraigh sé an bhean ach d'aon ghnó chun máighstreás thighe den
tsaghas cheart a bheith acu. Gan amhras caithfí í 'phósadh chun ceannus
agus ughdarthás mná pósta do thabhairt di, tá 's agat, ach ní chreidfeadh a
chlann ná gurbh é baois a chroidhe, agus nárbh é ciall a chinn a bhí 'á sbriocadh
chun na hoibre. Ach gurbh é a vice versa ar fad é, mar a thuigfeadh daoine
ciallmhara, discréideacha de shaghas "Brien and Hart." Ar nóin, cad na
thaobh go bpósfadh sé mara mbeadh na díleachtaithe sa bhaile aige.



Agus is maith a thuigeadar an bheirt é, leis, go mórmhór Pádraig, óir
peata ban ab'eadh Pádraig gach lá dá shaol. Ach má thuig féin ní dubhairt
sé pioc ach an rud a déarfadh éinne d'réir nósúlachta lucht gnótha.



"Fág fúinne é, a dhuine uasail," ar seisean, "agus bíodh geall go
bhfáilteóidh do chlann roimis an nua-mháighstreás thighe i gcionn mí ón lá
indiu. Níl éinne is diombuidhighe ná clann, ach má fágtar fúinn é tiocfaidh
atharach meoin ortha sara bhfad."



"Go raibh maith agat," arsan fear, "agus má eirighean libh, is fiú liom
céad púnt a thabhairt díbh as an ngnó."



Má theastuig tamal uatha chun machtnaimh taréis an chlann do dhul
uatha, ba dhá shia an tamal a bhí anois uatha taréis don athair imeacht. Bhí
tréimhse maith caithte acu nuair a labhair Mícheál go bog, réidh.



"A Phaidí," ar seisean, "an deamhan an bhfeadar-sa an féidir leis an


L. 155


ngobadán an dá thráigh a fhreasdail. Caithfimíd claoidhe le taobh éigin sa
ghnó so, agus dob' fhearr, dar liom, an cleamhnas so a bhriseadh. Bainean
san lem chuid-se desna gnóthaibh, cleamhnaistí a bhriseadh."



"Cuir uait," arsa Pádraig, "agus múinfead-sa dhuit conas an dá thráigh
a fhreasdail. Tá plean agam."



"Cadé an plean é, led thoil?" arsa Mícheál.



"Chífir ar ball é," arsa Pádraig, "ach ní feicfar mise san oifig seo go
ceann mí, is baolach. Fág fúm-sa é, adeirim leat."



Má bhí Mícheál sásta ní dubhairt sé pioc.



Bhí an mí nách mór istig nuair a bhí cruinniú eile in oifig na beirte. Ní
raibh Mícheál ann ach bhí an cúigear cloinne ann agus bean óg ón mBreatain
Bhig gurbh ainm di, Gladys Askin. B'í an bhean so adhbhar leasmháthar
na cloinne. Agus ba léir ortha go raibh ana-ghrá acu ar fad anois don
mhnaoi óig uasail. Ba léir, leis, go raibh obair ana-thaithneamhach ar siubhal
acu, agus go raibh ana-cháirdeas eatortha go léir. Níorbh aon iongnadh
san má innstear duit go raibh an mí caithte sa Bhreatain Bhig age Pádraig
i dteannta Lionel agus go mbíodh gach duine den cheathrar eile ar cuaird
go minic sa dúthaig chéadna. B'éachtach an fear é Pádraig chun síol an
ghrá a chur ag fás.



"Ba mhaith liom," arsa Pádraig, "go sighneochadh gach duine agaibh
an fógra so a léighfead-sa dhíbh." Sidé im dhiaidh an rud a léigh sé:



"A athair ionmhuin,



Is mian linn a chur in úil duit go bhfuil aithne curtha againn ar Mhiss
Askin, agus gurab é ár dtuairim gur bean dheas, lághach, dhea-mhúinte í a
chuirfeadh áilneacht ar an dtigh na mbeadh sí agus glionndar i gcroidhthibh
a mbeadh 'na cuideachtain.



Má chaithimíd máighstreás thighe a bheith againn, níl éinne is fearr a
thaithneóch' linn ná an bhean uasal so.



"Guidhmíd saol fada fé shéan di, agus dá fear pósta, agus go mairid
siad an céad.



"Is sinne do chlann ionmhuin féin."



Do shighnighdar go léir an fógra, agus taréis dóibh bheith imthithe, do
sgríobh Pádraig leitir chun an athar ag cur an fhógra so chuige agus ag rádh
leis go raibh an bhean óg ar cuaird sa chathair agus go mbeadh sí san oifig
ar a deich a chlog maidin lae'r na bháireach dá n-oirfeadh do teacht.



Tháinig an mhaidean, agus má tháinig bhí mo dhuine ag an oifig abhfad


L. 156


roim a deich. Nuair a tháinig Pádraig isteach is ar éigin a dh'fhéad sé an
duine buile a chosg ar é phógadh.



"Seo dhuit an céad," arsan fear, "agus céad eile 'na theannta mar
bhónus."



Do bhailigh Pádraig na nótaí chuige taréis a bhuidheachas a chur in úil
do. Tháinig an bhean, ach níor chuir sise aon chosg ar an bhfear bheith
'á pógadh.



"Tá súil agam go bhfuilean tú sásta," ar sise.



"Táim agus lán-tsásta," arsan fear.



"Well," ar sise, "agus creid uaim é, tabharfad-sa dhuit an grá agus an
t-ómós a gheobhfá ót ingheanacha féin."



"Tabharfair," arsan fear, "agus tabharfair a thuille. Caithfir smacht
do chur ortha, agus orm féin, leis, gan amhras."



"Ní gá é," arsan bhean. "Do chuireas aithne ortha go léir agus tá
ana-bháidh againn lena chéile. Chomh luath is bheidh Lionel agus mé féin
pósta..."



"Lionel agus tu féin pósta! An é sin adubhraís? Lionel?"



"Lionel, gan amhras. Cé eile?"



"Cé eile! Cé eile ach me féin!"



"Tá dearmhad éigin ort, a dhaid," ar sise.



"Cadé an obair é seo," arsan fear go feargach le Pádraig, "ná fuil sé socair
agaibh go bpósfa sí seo mise?"



"Níl," arsa Pádraig, "níorbh é sin an margadh. B'é an margadh ná
do chlann do thoiliú chun í seo do theacht chúcha mar mháighstreás thighe,
agus ughdarthás mná pósta bheith aice. Siné díreach atá socair againn.
Tiocfa sí isteach chughat 'na bainchliamhain. Tá an gnó déanta go maith
dhuit. Ar ndóin, ní bean phósta leat féin a bhí uait ach bean chun smacht
a chur ar do chloinn, mar adubhraís féin."



Ba dhóbair go dtachtfadh an fhearg an fear bocht, agus mara mbeadh
gur thárla do Mhícheál bheith 'na sheasamh sa doras le linn na cainnte seo ní
fios cad a thárlódh. Do thug Mícheál leis i leataoibh an fear bocht leis an
ndeithneas agus leis an ndiscréid nár chaill riamh ar ár mbeirt.



"Tá botún éigin déanta," ar seisean leis, "ach ní botún gan leigheas é.
Ar mhaith leat féin í 'phósadh fós?"



"Níor mhaith," do spalp an fear, "agus is lugha ná san ba mhaith liom
mo mhac 'á pósadh, an toice!"



"Fág fúm-sa é, má seadh," arsa Mícheál, "agus brisfar an cleamhnas
so gan mhoill. An fiú ceád púnt é?"


L. 157


"Bris ar dtúis é, a bhithiúnaigh, agus beidh trácht againn ar dhíol an
airgid 'na dhiadh son. Ní haon ionntaoibh sibh, a thuathalána slíbhíneacha!"



"Well," arsa Mícheál, "tá chúig nóimití agat chun seic a sgrí'. B'fhearra
dhuit é 'dhéanamh d'fhonn do chuid fola d'fhionfhuaradh." Agus d'iompaigh
sé uaidh chun na mná óige.



"A bhean chóir," ar seisean, "tá gachaon ughdarthás agam lena bhfuil
agam le rá. Ní phósfaidh Lionel tu."



"Ní phósfaidh, an eadh?" ar sise ag meanghail. "Tá taobh eile ar
an sgeal san. Tá an dlighe ann tá's agat."



"Tá," d'fhreagair Mícheál. "Tá an dlighe ann, agus an chúirt agus na
breitheamhain. Tá, agus fínnéithe. Seadh, agus isé is ainm d'fhínné acu
san ná James Gwynne Roberts, go bhfuil aithne éigin agat féin air, geallaim
'uit."
A dhaoine mh'árann, níor thúisge an ainm sin amach as a bhéal ná do
baineadh bréigriocht na hóige den mhnaoi óig. D'imthigh an ghrámhaireacht,
an dea-mhúineadh agus eile. Focal ní dubhairt sí, ach is amhlaidh a
sheasaimh sí ansan chomh feargach fióchmhar le leomha go mbainfí creach
an fhiadhaigh de. Ba dhóigh leat uirthe nár dhiablaí deamhain Ifrinn féin
ná an bhean tharcuisnithe seo go raibh na fiacla ag gíosgán le feirg aice, a
hingne ag sgríobadh na feola dá lámhaibh agus a súile ag léimrig 'na ceann.



D'osgail Mícheál an doras. D'umhlaigh sé dhi go deas, béasach, múinte.
Ba mhó de rith ná de shiubhal do dhein sí ag gabháil tríd an ndoras di, agus
níor luigheaduigheadh ar an gcoisidheacht aice go dtí go raibh sí céad slat
ón oifig. D'iompuig Mícheál chun an fhir.



"Seadh, a dhuine uasail," ar seisean, "ba dhóbair dod mhac, no dhuit
féin, an botún a dhéanamh. Tá sí sin pósta cheana, agus tá a teastas pósta
anso agam. Tabharfad duit é mar mhalairt ar an seic úd."



Fuair sé an tseic agus do thug an teasdas don bhfear. D'imthig an fear
amach go brónach, agus go lán-bhréan de féin. Tamal 'na dhiaidh sin, do
labhair Mícheál le Pádraig:



"A Phaidí," ar seisean, "fág fúm-sa gnó na gcleamhnaistí a bhriseadh.
Tu féin agus do ghobadán! Agus do dhá thráigh! Caithfimíd bheith
macánta, a mhic, nuair ná fuil leigheas air. Is fearr céad púnt ná neamh-ní,
nách fearr?"



"Is fearr, a Mhíchíl," d'fhreagair Pádraig, "ach mara bhfuilimse ag dul
amú go mór, is fearr trí chéad ná aon chéad amháin. Cá bhfuil na cártaí
sin, a dhuine mhacánta?"



AN FÁINNEACH FÁIN.


L. 158


Do dhúisigh an t-othar fé dheoidh. Do leath-oscail sé a shúile, ach
b'éigean dó iad do dhúnadh arís mar bhí an solas 'á dhalladh ar a
shon go raibh an seomra beagnach dorcha. Níorbh fhada gur oscail agus
gur dhún sé ar an gcuma gcéadna arís iad, agus do lean air mar sin 'á n-oscailt
agus 'á ndúnadh go dtí gur chuaidh sé i dtaithí an tsolais, agus gur fhéad
sé iad do choimeád ar leathadh. D'fhan sé ag féachaint uaidh ansan ar feadh
sgathaimh bhig gan aon rud seachas a chéile do thabhairt fé ndeara le haon
chruinneas ceart, ach oiread le leanbh an chéad uair riamh d'osclochadh sé
súile ar an saoghal so.



Ní raibh 'na thimcheall, dar leis, ach mar bhéadh scím éigin glas-ghorm
agus solas ag lonnradh tríd. Níorbh fhada dhó mar sin go bhfeaca sé go
cruinn soiléir, tamall uaidh anáirde, an mháthair bheannuighthe féin agus
an leanbh Íosa 'na baclainn aici, agus iad araon ag féachaint anuas air go
truaighmhéileach. Bhí na slimpíní ar a shúilibh, agus is dócha gurb'in ba
thrúig don bheirt bheith ag corruighe anonn is anall. Pé sgéal é, do cheap
sé go rabhadar ag bagairt chuige agus ag oscailt a mbéil fé mar bheidís ag
labhairt leis. Ní haon eagla do chuir an radharc míorbhúilteach so air.
Bhí an oiread san de mheasgán mearaí air nár rith leis gur radharc iongantach
é. Níor chuimhin leis fiú a ainme féin, ní raibh a fhios aige ó thalamh an
domhain cá raibh sé agus ní baoghal go raibh aon iarracht de thuairim aige
ar cad do thug ann é ná cad do bhain do.



Ndiaidh ar ndiaidh, do réir mar bhí sé ag dul i dtaithí an tsolais, - no
an dorchadais - do bhrath sé go raibh sé 'na luidhe ar leaba i seomra éigin.
Níorbh é a sheomra féin é, ámh, agus níorbh í a leaba féin a bhí fé. Bhí
pictiúirí ar na fallaibh ann agus conncathas dó anois go raibh an mhaighdean
agus an leanbh ar cheann aca so. Thug sé iarracht ar iompódh. Ní túisce
thug ná do chuir an doig do ghluais fan a bhall beatha in umhail dó go raibh
sé leointe, basgtha; agus, san am chéadna, do bhraith sé go raibh céiríní
casta timcheall a chinn agus a cholna. Cad do bhí tar éis imtheachta in
aon chor air? Ba léir gur thuit ciotrainn éigin amach do agus gur gonadh
go mór é. Ach conas?



Thug sé súil-fhéachaint uaidh ar an dtaobh den leabaidh ba shia ón
bhfuinneóig, agus chonnoic sé ar chathaoir ann culaith ghlas-uaithne éadaigh.
Culaith ógláigh dob eadh í. Bhí giobail stractha ar liobarnaig léi. Bhí sí
salach in áiteannaibh, bhí paisde mór, dubh, gránda, dorcha ar an ionar, agus
paisdí beaga den dath chéadna anso agus ansúd ar idir ionar agus bríste. Do
dhúisigh na paisdí seo smaointe 'na aigne. "Fuil, mo chuid fola," ar sé.
Lean smaointe eile an smaoineamh so; agus ba gheárr, de bhárr na


L. 159


draoidheachta do bhain leis na paisdíbh agus leis an gculaith féin, gur
sgaipeadh na néalta do bhí 'na luidhe anuas ar a chuimhne, agus gur eirigh
ceo an mhearbaill do bhí ag dalladh a aigne.



Chrom sé anois ar shlabhradh na cuimhne do chur le céile, lúb ar lúib,
agus ar na heachtraí do shocrú as diaidh a chéile do réir mar fhéad sé
cuimhneamh ortha. Luan Cásga an uain dheireannach do chuir sé an chulaith
úd uime. D'fhág sé slán dil dúthrachtach agá dhaoinibh muinteardha mar
bhí tuairim éigin aige ar cad do bhí roimis. Tháinig a chomplacht i gceann
a chéile agus chun siubhail leo. Bhí blianta d'imtheachtaibh, dar leis, is na
cúig laethantaibh 'na dhiaidh sin. Síor-throid agus dian-choimheasgar.
Ráflaí gan teora; cabhair agus congnamh ag sodar chúcha; ruaig ar ghallaibh
thiar agus theas; sluaighte Gaedheal ag scuabadh rómpa go buadhach.
Bhíodar so ar na ráflaibh. Act do bhí pléascadh na bpiléar agus na n-urchar
mar síor-thóirthneach 'na chluasaibh. Bhíodh ionnsuidhe agus aithionnsuidhe,
séirse agus cosaint gan aon tsos aca. Anois, bheidís ag dul ar ag aidh, arís
is ar gcúl do bheidís ag dul. Bheidís anso indiu, ach is ansúd do bheidís
lá ar na mháireach. Bhí laochas agus géarchúis na gceann, cródhacht agus
calmacht a pháirtithe de ghnáth os comhair a shúl. Níorb' aon ráfla an
méid seo go léir, ach cogadh i ndáiríribh.



Bhíodar go léir, idir ghíomhtharaibh móra agus mhion-eachtraibh, dóighte
go doimhinn 'na aigne. Ach cad d'eirigh dó féin? Cad do bheir dó bheith
'na luidhe ansan? Ba chuimhin leis gur gonadh ar an Luan é, ach níorbh
fhiú biorán is é, agus níorbh fhéidir gurbh é ba bhun dos na céiríníbh a bhí
air, agus dos na piantaibh do mhothaigh sé ó am go ham. A,' seadh! is
cumhin leis de phreib anois. Airigheann sé arís gach ar bhain leis an bpáirt
dheireannach do thóg sé féin sa mhór-dhráma úd. Árd-bhúithreach na
ngunnaí móra, - feaduíol na bpiléar ag gluaiseacht tríd an aer agus a n-árd-
chlagar ar thuitim 'na gceathannaib dóibh, - gliogarnach faobhair ag bualadh
ar fhaobhar agus torann agus pléascadh na sliogán do scaip an searpnéal
chomh tiugh le sneachta mór-thimcheall. Is cuimhin leis an t-uathbhás go
léir anois. Tá sé féin agus beirt eile ag cosaint bearnan. Tagann pléascadh
adhbhal-mhór níos measa ná a chéile do chroith an talamh agus na tighthe
ar gach taobh. Airigheann sé sgread óna chompánachaibh "Seachain!
Siar! Faire!" Léimeann sé siar, ach tá sé ró-dhéidheanach. Buailtear is
leagtar é. Tá trom-mheaghchaint éigin ag brúgh anuas air. Cailleann sé
aithne agus cuimhne gach aon ruda ansan go dtí gur mhúscail sé anois beag
ar leaba iasachta, i seomra iasachta in áit éigin thar a eolas.



Bhí an oiread san de shaothar agus de dhuadh meabhrach faighte aige


L. 160


ag casadh leis na heachtraibh seo do mheabhrú go raibh pian buile 'na cheann,
agus bhí an cuisle aige ag preabadh ar luas reatha. Le na linn sin, thug sé
fé ndeara go raibh bean 'na seasamh tamall ón leaba agus í ag cur na súl tríd.
Ní raibh cor aici 'á chur di ach oiread is do bheadh ag íomháigh, ach do bhí
rud éigin san uaigneas do-labhartha do bhain léi d'iompuig a aigne chun
neithe neamh-shaoghalta agus, in ainneóin a dhíchill, tháinig sórt sgeoin ann
agus ghluais codladh grifín fan a bhall beatha. D'fhan sí 'na coilg-sheasamh
ansan gan friotal do labhairt, gan oiread is an fhuaim ba lugha do dhéanamh.
Bhí driuch uirthe ná feaca sé riamh cheana ar aon mhnaoi dá lucht aitheantais,
a mhí-chuibheasaí bhí sí. Bhí a haghaidh agus a brághaid ar dhath an
tsneachtaidh, no na céireach líomhtha, agus bhí folt ciardhubh ag sgaoileadh
léi siar thar a slinneánaibh agus é ceangailte 'sa chúl uirthe le banda. Culaith
dhubh a bhí aice 'á chaitheamh, agus den dath céadna, leis, an saghas caipín
do bhí ar a ceann aice.



Ar chur a chéad sgannradh dhe dhó, do chrom sé ar a déanamh
d'infhiúchadh go géar. Bean árd, mhaordha dob eadh í, agus ar an gcéad
amharc ba léir dó nárbh' aon ghnáth-dhuine í, ach go raibh uaisleacht agus
mórdhacht fé leith inte. Bhí deabhramh bainrioghna uirthe má bhí sé ar
aon mhnaoi riamh, agus b'fhuirist d'aithint go raibh taithí aici ar a smacht
do chur i bhfeidhm. Bhí a beóla ana-thanaí, gan rian na fola ionta, agus
bhíodar fáisgthe dlúithte ar a chéile mar bheadh ag té a bheadh ar aigne rún
mór éigin do chur i bhfeidhm agus nár mhór do lán-neart a thola chun a
dhéanta. Chun sgéal gairid do dhéanamh de, ba chuma í, dar leis, no ceann
d'íomhághaibh marmair na mban-déithe úd do ghrean na seana-mháighistirí,
agus do theip air a dhéanamh amach i gceart ceaca ban-dia, bean-sidhe no
bean shaoghalta ba cheart do thabhairt uirthe.



Do réir mar bhí sé 'á hinfhiúchadh bhí maolú ag teacht ar an sgannradh
do bhí air, agus níorbh fhada go dtáinig a mhalairt ar fad de mhothú ar a
mheon agus ar a chroidhe chúiche. Bhí ag dul 'na luidhe go doimhinn ar a
aigne nár leag sé súil riamh ar a leithéid d'áilneacht, de mhaordhacht agus
de ghradam ar a shon ná feidir sé a gceart cad iad na neithe fé leith ba bhun
leis an áilneacht san agus leis na tréithibh eile. Ba ghairid, ámh, gur thuig
sé gur ins na súilibh aice a bhí a comhacht agus a buadh go léir. Bhíodar
san ar dearg-lasadh agus ag spréacharnaigh ar nós cloch lóghmhar, agus bhí
draoidheacht éigin 'na ndoimhneas do tharraing croidhe agus anam an othair
chúcha agus do ghreamuigh go docht é le cuibhreach rúndha do-thuigse.
'Na theannta san is le linn teagmháil shúl na beirte le chéile gur ghabh an
mhalairt mheoin sin é. Ní bhfuair sé 'na chumas na dhiaidh sin a shúile de


L. 161


bhogadh dá súilibh siúd. Bhí a lasair ag loscadh rómpa isteach go dtí an
croidhe ann agus ag múscailt rachta grádha, urrama agus ómóis nár mhothuigh
sé riamh roime sin. Do chuir "Halt! who goes there?" de ghuth dúr
garbh-ghlórach isteach ortha de phreib. Níor airigheadh aon fhreagra ach
do bhí geoin chainte ar siubhal ar feadh cúpla nóimid lasmuich agus ar ball
do hoscladh an doras. Ar oscailt do d'fhéach an t-othar 'na threó agus
chonnaic sé sagart chuige isteach. Ag féachaint thar nais arís dó bhí an
bhean ag éalódh léi féin. Tháinig eagla air go raibh sí chun imtheachta
agus do ghlaoidh sé uirthe go truaighméileach: "Ná fág mar sin mé. Tar
thar nais chugham," ar sé, de ghlór chomh lag san gur chuir a laige iongnadh
air féin, mar, in árd a chinn agus a ghotha do cheap sé labhairt. D'iompuigh
sí na súile air ón ndoras agus chomh léir agus dá labharfadh sí do léigh sé a
teachtaireacht. "Tiocfad arís," ars a súile.



Fé'n am so bhí an sagart tagtha go taobh na leapan. "'Na dhúiseacht,
a bhuidhe leis an Arad-mhac," ar sé. "Arabh í siúd mo bhanaltra, a
athair"? an chéad cheist do chuir an fear breoite air. "Banaltra?" ar
an sagart. "An bhean do chuaidh amach anois díreach," arsan t-othar.
"Na speabhraoidí," arsan sagart 'na aigne féin, ach d'fhreagair os árd. "B'í
siúd an bhanaltra, a mhic." "Loiteadh mé, a athair. An fada dhom anso?
Cá bhfuilim in aon chor?" "Taoi i dtig carad, geall le coigthigheas. Bhí
dian-fhiabhras ort, leis, agus ní fuarthas thu d'aistriú. Ach ná dein a
thuilleadh cainte anois. Déanfaidh sé díobháil duit."



"Conas do chuaidh dúinn, a athair? Ar rugamair buadh? Tá súil
le Dia agam nár cailleadh na taoisigh," arsan t-othar, de ruthag gan aon
toradh 'thabhairt ar an gcomhairle. "Ó, éist, éist! Caithfe tú gan focal
eile do labhairt. Ní raibh a leithéid de bhuadh in Éirinn riamh. Tá bhur
dtaoisig" - agus tháinig snag 'na ghlór - "go sona séanmhar. Ach ná labhair
a thuilleadh, ní fada go mbeirse féin 'na bhfochair agus béidh réim shaoirse
gan teóra agaibh. Ná labhair focal eile anois."



Do dhírigh an sagart ar a ghnó bheannuighthe. D'éist sé a fhaoisdin
agus a chluas buailte, nách mór, le béal an othair. Chuir sé an ola
dhéidheanach air agus ansan do chrom ar phaidreoireacht.



Do dhún an t-othar a shúile. Taidhrigheadh dó go raibh sé ag imtheacht
an fhairrge amach i mbád bheag. Bhí an sagart ag glaodhach air ón dtráigh,
ach ní bhfuair sé a thuigsint toisc a fhaid uaidh do bhí sé agus glór agus torann
na dtonn 'na thimcheall. Bhí a bhád dá sguabadh fé dhéin duibheagáin
adhbhal-mhóir i ngiorracht fiche slat dó. Thuig sé go raibh sé a gcontabhairt
a bháidhte agus go raibh an sagart ag tabhairt foláraimh dó. Do fuair sé


L. 162


na focail, "Trócaire Dé," "An t-Árd-Bhreitheamh," "Maithiúnachas,"
"Croidhe-bhrúgh," do dhéanamh amach go cruinn soiléir, agus do chrom sé
féin ar phaidreoireacht go dúthrachtach. Thuig sé go raibh an bás i ndán
dó dá scuabfaí de dhruim an duibheagáin úd é. Ach, ní raibh aon eagla
air roimis an mbás. Ní raibh pioc ar a choinsias, bhí a chroidhe glan.
Saoghal cáidh, measardha a bhí caithte aige. Dochar ná díobháil níor dhein
sé d'aoinne riamh. Bhí sé ar imeall an duibheagáin. Do dhúisigh an glór
garbh úd agus a "Halt! who goes there?" arís é.



Bhí an sagart tár éis tarraingthe siar fé sgáth béil na fuinneóige. Bhí
deóra na shúilibh. Ar cloisint focal an ghárda dhó do leath mion-gháire
searbh, cnáideach ar a bhéal agus dubhairt féna anál, "Éalóchaidh bhur
gcime chun saoirse síorruí gan spleadhchas díbh."



Nuair d'oscail an t-othar a shúile do líon a chroidhe le háthas, mar bhí
an bhanaltra 'na seasamh taobh leis, agus do ghluais mar bheadh mion-
thonnto aoibhnis féna fhéithibh go léir mar níor fágadh aon mhearbhall air
i dtaobh an ghrádha a bhí 'na féachaint. Níor thug sí aon iarracht anois
ar an ngrádh a bhí aici dhó a cheilt. Dhruid sí go troigh-éasgaidh 'na threó
agus do mhothuigh sé mar bheadh a chroidhe agus a anam ag léimt amach
'na coinne. Do léigh sé smaointe a croidhe óir ar chuma rúndha éigin do
chuaidh os cionn meabhrach aige do mhíniú. Do bhí glan-thuigsint smaointe
a chéile gan caint dhaonna dá nochtadh curtha i bhfeidhm eatortha. "Táim
tagtha thar nais chughat anois," ar sise, "d'aon-ghnó chun thu 'bhreith chun
siubhail liom. Bhéarad ód cháirdibh gaoil agus ó mhnáibh uile an tsaoghail
seo thu. Bhfuilir réidh chun teachta liom?" "Mo chéad ghrádh agus
m'annsacht thu," ar seisean, "agus is fonnmhar a raghad it fhochair," agus
bhí racht lúthgháire agus sclóndair 'á mhúchadh, óir ba léir dó go raibh
grádh neamh-shaoghalta ag an mnaoi seo dho.



"Táim ag feitheamh leat le fada agus ocras ar mo chroidhe ag tnúth
leat," ar sí. "Agus tá sé ag rith trém rámhaillibh gur minic cheana a
chonnac tu," ar seisean, "cad é an ainm a tugtar ort?"



Chuir sí a lámha timcheall a mhuiníl agus chrom anuas go raibh a béal
buailte lena bhéal san, nách mór, agus go raibh an dá shúil iongantacha úd
'á bháth i lasrachaibh grádha. "Labhair i gcogar grádha liom," ar seisean,
"B'fhearr liom ná ollmhaitheas na cruinne aireachaint ód bhéal féin admháil
do ghrádha dhom."



D'fháisg sí chúiche é gur dh'fhóbair go múchfaí é, agus dubhairt le mire,
"Is tu mo rogha agus is tu mo ghrádh, taoi toghtha agam thar fhearaibh
an tsaoghail. Aontóchar anois sinn agus go bráth arís ní scarfar sinn. Is
liom thu anois a rúin mo chroidhe agus éileóchad thu ón saoghal go léir."


L. 163


"Mo chumann agus m' annsacht thu thar ar tháinig agus thar a dtiocfaidh
de mhnáibh. Ach níor nochtais t'ainm dom."



Chuir sí a béal lena bhéal. Bhí a hanál chomh fuar le lic oidhre agus
bhí fuacht na huagha 'na póig, dar leis. "Ní misde m'ainm do chur in
umhail duit anois ó taoi chun a bheith snaidhmthe liom go deo na ndeor.
Sí aínm do tugtar orm ná. -"



D'airigh an sagart an sclogaoil. Sceinn sé fé dhéin na leapan.
Chríochnuigh sé i gan fhios dó féin an chaint do bhí ag an mnaoi úd dá rádh
i dhá fhocal.



B'iad an dá fhocal iad ná. - "An Bás!" Chlúduigh sé aghaidh an fhir
mhairbh, mar bhí an t-óglách fuaduighthe agá chéad ghrádh.



SEÁN Ó CONCHUBHAIR.


L. 164


Tá Wilson, Uachtarán Americe, ag túirt cama-chuaird ar fuaid na Stát
anois ad iaraidh Connra na Náisiún agus Téarmaí na Síochána a chosaint
ar pháirtí láidir atá 'na choinne sa tSeanaid ná taithnighean idir chonnra
agus théarmaí leo ach oiread is a thaithnighean Wilson féin leo. Ta an plean
céadna 'á dhéanamh ag an bpáirtí atá 'na choinne, - ag imeacht tímpal ag
caint agus ag óráidíocht ad iaraidh baint ó thora saothair an Uachtaráin.
Tá an dá thaobh ag oibriú go dian agus tá gachaon deallramh go mbeidh 'na
chath mór eatortha. San am chéadna tá na téarmaí agus Connra na Náisiúin
fé dhíspóireacht i dtigh na Seanaide agus déanfar an bhótáil dheirineach
ortha tímpal lár mí October, isé sin ce'ca ghlacfaidh Americe leo no na
glacfaidh.



Shantung, Airtigeal 10 de Chonnra na Náisiún agus Coinghealacha
Sicréideacha an cnámh atá acu le prioca le chéile, - ós árd go háirithe. Formad
dhá pháirtí mhóra pholaitíochta le chéile an cnámh ceart is dócha, ach is
ar na poinntí sin a comhraiceófar amach eatortha é. Tá Wilson ag leigeant
air anois go raibh sé dall ar na "Coinghealacha Sicréideacha" go dti gur
chuaidh sé go Páras, ach níl muintir na Stát ró-ghéilliúil 'na thaobh dréir
deallraimh.



Deir Airtigeal 10, ná beidh de chead ag aon náisiún cuir-isteach a chur
ar líomatáiste náisiúin eile. Má dintar dhí dhe sin sara mbainfar saoirse na
hÉireann amach is cuid d'Impireacht Shasana Éire agus ní féadfar baint léi
dréir an Chonnartha. Deir Wilson, ámhthach, go bhféadfar ceist na naisiún
beaga a phlé tréis Airt. 10 a chur i bhfeidhm féin, mar go ndeir Airt. 11 go
bhféadfaidh aon bhall de Chonnra na Náisiún cuir-isteach a chur ar pholai-
tíocht bhaill eile má bhíon síocháin an domhain i mbaol a briste. Is caol
an rud an dlí. Chomh fada is bhainean an sgéal leis an dtír seo tá De Valera,
Uachtarán na hÉireann, thall ag féachaint 'na dhiaidh, agus dréir gach deall-
raimh tá ag eirghe go maith leis. Labharfa sé ag tuairim is trí fichid cruinniú
idir so is an Nolaig.



Cé go gcoisgean Airt. 10 ar náisiún cumhangracht a dhéanamh ar
líomatáiste náisiúin eile ní fhágan san ná féadfaidh náisiún siubhal isteach
ar thalamh náisiúin eile chun coga a dhéanamh. Ach má dintar aon chuid
do thalamh an náisiúin sin a chimeád beidh dhí an Chonnartha briste. Níl
aon teora, ámhthach lena fhaid is féidir fanacht ann, ná aon mhíniú ar cad
a chialuighean cimeád. Do shiubhluig Sasana isteach 'on Éigipt sa mbliain
1882. Ní raibh sé chun fanacht ann is dócha, ná níl anois féin, ach tá se ann
fós agus ní féidir focal a rá leis 'na thaobh fén gConnra nua so a bhí chun ceart
agus cóir a chur in áirithe do náisiúin bheaga an domhain. Sé an sgéal
céadna ag Malta é; tá na Sasanaig ann le céad éigin bliain ar an bhfuitin


L. 165


céadna agus fanfaid dréir deallraimh. Nuair a theastóidh ó Americe Mexico
a chúibleáil chúithe féin ní bheidh aice ach a rá le Connra na Náisiún ná fuil
sí ar aigne fanacht ann ar fad ar fad, ach an fhaid a bheidh sí ag cur "dlí agus
órdú" i réim arís, agus ní féadfar éinní a rá 'na coinne. Ní fios d'éinne an
fada a thógfaidh san uaithe; ach idir an dá linn ní bheidh a bhac uirthe
toibreacha íle agus mianacha Mhexico a chasa chun a tairbhe féin, agus féach-
faidh an chéad ghlúin eile chuige ná bogfar an greim de sgórnaig Mhexico
bhocht.



Tréis a tuigtar gach beart," adeir an sean-fhocal. Anois atá an saol
ag dul amach ar mhacántacht na gComhachta Aonta agus ar fhíoraontacht
an chogaidh a bhuaileadar ar son na subháilcí go léir a bhí i mbaol a gcurtha
ar neamh-ní ag an nGearmánach. Ach tuar dóchais iseadh an saol a bheith
ag dul amach ortha in éanchor. Nuair a tuigfar ná fuil sa tsaghas rialtais
atá i bhfeidhm anois ach robáil nea-náireach agus féile-bhligeárduíocht ar
son na saibhir nuair a tuigfar é sin go fóirleitheadúil féadfar bheith ag súil
le fuasgailt éigin. Agus féachan an sgéal go bhfuiltheas 'á thuisgint cheana
féin, cé nách ró-mhaith fós béidir. Cúpla seachtain ó shin do caitheadh an
chéad urchar nuair a tosnuigheadh ar an Stailc Mhór i Sasana. Do socruigh-
eadh an stailc gan éinní a theacht as an turus so. Níl ann, ámhthach,
ach an sgéal a chur ar an méir fhada; tiocfaidh an t-iomp ó mór uair éigin,
pe'ca fada gearaid a caithfar feitheamh leis. Tá Oibreachas ag fás agus
ag fáil aithne air féin in aghaidh an lae, ní hamháin i Sasana ach ar fuaid an
domhain. Is mithid é, leis, mar ní measa rialtas acu ná rialtas eile mar a
thaisbeánan an sgéal so Shantung.



Nuair a tháinig an tSeapáin isteach 'on choga níor dheacair a thuisgint
cadé an fuadar a bhí fúithe. Tsingtau, cala-phort Kiaochau, i bprobhainse
Shantung a bhí ar léas ag an nGearmáin ón Sín, isé a bhí uaithe. Do cuireadh
saighdiúirí Seapáncha i dtír sa tSín agus do hionnsuigheadh agus do tógadh
an cala-phort le cabhair Shasana. Tréis é thitim, agus tréis do shaighdiúirí
Shasana imeacht as an áit, ba mhithid leis an Sín saighdiúirí na Seapáine
dh'imeacht leis agus do cuireadh an méid sin i bhfighis ar an Seapáin. Sé
freagra a tháinig uaithe ná órdú is fiche a chur ar an Sín a thabharfadh máis-
tríocht di féin ar thuaisceart na Síne ar fad. An leath-sgéal a tugadh i dtaobh
na n-órduithe ná "Impireacht na Seapáine a neartú chun síocháin a bhuanú
sa Domhan Toir." Níl aon amhras ná go ndéanfa siad an chéad rud pé ní
a dhéanfaidh an tarna ceann.



Feadfar chúig roinnt a dhéanamh ar na hórduithe mar seo:



1. Kiaochau agus an bhuanacht a bhí ag an nGearmáin ar phrobhainse Shan-


L. 166


tung a bheith ag an Seapáin feasta; an tSín a thoiliú roim ré le pé socrú a
déanfaí idir an Seapáin agus an Ghearmáin; a gheallúint ná tabharfaí aon
talamh ná oileán sa phrobhainse d'aon Chomhacht eile ach don Seapáin;
leigeant don Seapáin bóithre iarainn a dhéanamh in áiteanna áirithe, agus
cathracha agus bailte áirithe dh'osgailt suas chun trádála.



2. Léas a bheith ag an Seapáin ar Phort Artuir agus ar Dhalny agus ar na
bóithre iarainn ó Mhukden go Port Artuir agus go Korea go dtí 1997 in inead
go dtí 1923; cead a bheith ag muintir na Seapáine comhnaí, traibhiléaracht
agus gachaon tsaghas gnótha a dhéanamh sa phrobhainse; buanacht a bheith
ag an Seapáin ar na mianacha, ar na bóithre iarainn agus ar iasachtaí airgid;
é fhágaint fén Seapáin "múinteóirí" saighdiúrachais agus air geadais a sholá-
thar dá mbeidis ag teastáil ón Sín.



3. Na hoibreacha iarainn is mó sa tSín a bheith fé chúram na Seapáine agus
na Síne in aonacht agus gan leigeant d'aon Chomhacht eile baint leo.



4. An tSín a gheallúint ná tabharfa sí léas ar chuan, ar bhá ná ar oileán fean
chósta na Síne d'aon Chomhacht eile ach don Seapáin.



5. "Comhairleóirí" Seapánacha a bheith ag an Sín i gcúrsaí saighdiúireachta,
airgid agus polaitíochta; póilínteacht "áiteanna tábhachta" a bheith fén
Sín agus fén Seapáin i bpáirtíocht; roinnt áirithe ("50 per cent. no níos mó")
dá muinision cogaidh a cheannach ón Seapáin agus oibreacha púdair féna
gcúram araon a bhunú; lucht eolais na Seapáine a chur ag obair sa tSín agus
earraí na Seapáine a cheannach; cead a bheith ag an Seapáin bóithre iarainn
a dhéanamh ag ceangal Kiaochau dosna bóithre móra iarainn a shnaidhmean
tuaisceart agus deisceart na Síne dá chéile: iasacht airgid a thógaint ón
Seapáin chun bóithre iarainn, cuanta ags oibreacha árthach a thógaint in
bprobhainse Fukien (os coinne Formosa amach). In aon fhocal amháin-
an tSeapáin a bheith 'na máistir ar an Sín go léir lastuaidh don Yangtse-
Kiang. Siné mar a tuigeadh Coga na Saoirse sa Domhan Toir.



Ní raibh aon chúis ag an Seapáin ar an Sín ach a sainnt féin agus laige
na Síne agus níor bheag san de chúis. Ní raibh d'arm chosanta ag an Sín
ach an gearán agus an tsiléig agus do tharaig sí chúithe iad. Do bharr eadar-
gabhála lucht dioplómasaí na náisiún eile sa tSín do taraigigheadh siar an
cúigiú roinnt desna hórduithe, ach do cuathas chun cinn leis an gcuid eile
agus do cuireadh i bhfeidhm go daingean iad fé bhagairt chogaídh ón Seapáin.
Dob éigean dosna Sínig géille don láimh láidir agus do shaighneáladar na
coinghealacha ar an 5 lá de Bhealtaine. Ní hi ganfhios don gcuid eile desna
Comhachta Aonta do dineadh an éagóir sin ar an Sín, a gcomh-pháirti cogaidh


L. 167


féin. Bhí fhios acu go léir cad a bhí 'á dhéanamh agus do thoilighdar leis,
isé a dhéanfaidís féin.



Ní raibh an tSín páirteach sa choga ó thosach. Níorbh é sin ba mhaith
léi féin, mar i Lughnasa, 1914, do bhí fonn uirthe dul i gcoinne na Gearmáine
in ionnsaí Tsingtau. Ach duarthas léi go ndéanfadh san ceataí do "Chomh-
acht Mhór éigin." I mí na Samhna do thairig sí a cabhair dosna Comhachta
Aonta arís ach do chuir an tSeapáin 'na coinne. Ní gá a fhiafraí ca na thaobh.
Do bheadh creacha a comh-pháirtí coghaidh ró-nea-náireach do dhioplómasaí
an lae iniu féin. I mí Iúil, 1916, do dhin an tSeapáin agus an Rúis coingheal-
acha 'á gheallúint dá chéile gan cabhrú le haon tsocrú polaitíochta ná beadh
fabharach d'aon taobh acu, agus ag beartú pleananna cosanta dhóibh féin
dá mbagrófaí cumhangcas a dhéanamh ar na bonntáistí a bhí acu sa Domhan
Toir. Bhí an méid sin poiblí. Ach lena chois sin, agus ós íseal, bhí ceann
eile, a shoillsigh na Bolsévicí 'na dhiaidh sin, 'á shocrú eatortha an tSín a
"chosaint" ar mhianta aon Chomhachta eile, agus ag geallúint cabhair airm
dá chéile dá mba ghá é.



Bhí san go maith, ach ní raibh an coga ag imeacht ró-mhaith dosna Comh-
achta Aonta agus, ó bhí a talamh a saoirse socair eatortha cheana, do buaileadh
isteach 'na gceann nár mhiste an tSín a leigeant isteach chun cabhraithe leo.
Dá bhrí sin do dhin an Rúis tathant ar an Seapáin tarac suas ón gcur a bhí
aice i gcoinne í theacht isteach. Ba chuma leis an Seapáin anois ó bhí na
coinghealacha aice, ach do mheas sí nár chás di í féin a dhaingniú agus geal-
lúintí dh'fháil ósna Comhachta eile chomh maith. D'iar agus do fuair sí
geallúintí ón bhFrainnc, ó Shasana agus ón Iodáil, agus aith-gheallúint ón
Rúis, go seasóidís leis na coinghealacha i dtaobh na Síne. Tréis socrú eatortha
féin mar sin i dtaobh creacha agus robáil na Síne do thóg na Comhachta Móra
an cosg di agus do bhuail sí coga ar an nGearmáin 14 Lughnasa, 1917. D'aon
ghnó agus as fhuil fhuair amach siné an sórt oibre a bhí na Stáit go raibh
Ceart agus Síocháin mar rosg catha acu a dhéanamh i rith an chogaidh, - an
coga deirineach mar dh'eadh. Ní haon iongna ná teastuighean uatha na
hairm a chaitheamh uatha. Ní féidir an tSeapáin a mhilleánú ar leithrig,
leis; níor dhin sí ach sompla na coda eile a leanúint. Tá sé molta ag Seanaid
Americe anois Shantung a thúirt thar nais don Sín. Feiceam an bhfuil oiread
macántachta fágtha sa tsaol chun an mola san a thúirt chun críche.


L. 168


An Sgoruidheacht. .i. cúrsaí oidhche sgéalaidheachta is sean-aimsireachta,
mar a bhíonn imeasg na ndaoine ins na gleanntaibh in Deas-Mhumhain Thiar
ar theorantaibh Chiarraighe agus Chorcaighe. Ar na chur le chéile do
"Ghruagach an Tobair" agus do Fhionán Mac Coluim, Bealtaine, 1919. Ath
Cliath. Muintir Fheallamhain, Cúirt an Dáma. 6d.



D'ainneoin faid a theidil leabhar beag, deas iseadh An Sgoruidheacht,
leabhar do leanbhai béidir, ach leabhar nár mhiste don nduine fásta é léigheamh
chomh maith. Ní bhfagha sé árd-leitríocht ná smaointe doimhinne ann,
ach gheobha sé boladh an tseana-shael Ghaedhlaigh sin atá ag imeacht uainn
ar cos anáirde agus taithneóidh an boladh cumhra san leis. Seana-sgéilíní,
eachtraithe beaga agus clis leanbhaí, sin a bhfuil ann; ach tá siad ceangailte
dá chéile le comhrá snasta agus innsithe ar shlí chomh simplí, nadúrtha
nách féidir do dhuine gan titim i ngreann láithreach leis na daoine grámhara
neamh-urchóideacha atá ba lithe le chéile i gcistin sa Ghaedhealtacht chun
oidhche a chaitheamh le sgéaluíocht agus le caint thagartha.



Tá an tseana-Ghaedhealtacht san ag imeacht as an saol, ní hamháin i
nDeas-Mhumhain ach ar fuaid na hÉireann, agus Gaedhealtacht nua ag eirghe
suas 'na hinead, ach Gaedhealtacht eile, Gaedhealtacht dheifiriúil léi ar fad.
Imeóidh an tseana-Gheadhealtacht agus an aigne a ghabhan léi nuair a caillfar
an dream atá anois suas. An chéad ghlúin eile, má bhíon siad Gaedhlach
in éanchor, beidh aigne agus meon eile acu agus rian na sgoile, an pháipéir
nuachta agus an fhinn-sgéil ortha. Cor eile sa tsaol; is dócha ná fuil leigheas
air. Dá bhrí sin dá mhéid do na sean-iarsmaí Gaedhlacha (no sean-aimseartha
béidirmar is ionan le chéile go minic iad) a baileófar agus a cuirfar i gcló iseadh
is fearr a sábhálfar an spré dheirineach do sheana-Ghaedhealtach na hÉireann.



Ní móide go bhfaghfaí agus a bhfuil do shean-iarsmaí fós i mbéal na
ndaoine a chur síos, ní móide go bhfaghfaí oiread is aon tseoid amháin leit-
ríochta gurbh fhiú í chimeád. Ach mara bhfaghfar féin is fiú é dhéanamh
mar déanfa sé stóras mór do chainteana agus do chanúiní luachmhara nách
miste dh'áireamh 'na seoda agus a dh'fhóirfidh ar sgríbhneóirí Gaedhilge lá
éigin nuair a bheidh leitríocht againn 'á dhéanamh. Níl aon tslí is fearr chun
iad a chuir síos ná an tslí seo Fhionáin agus "an Ghruagaigh" iad a cheangal
dá chéile le comhrá deas so-léighte.



Tá mola ag dul don dá údar as a dheiseacht a chuireadar an leabhar le
chéile agus creidiúint ag dul dosna foillseóirí as a shlachtmhaire a thugadar
amach é.



Tá leath-sgéal ag dul dár léitheóirí i dtaobh a dhéanaí agus
a fhánaí a tháinig an cúpla uimhir dheirineach so amach.
Cúrsaí airgid fé ndear é. Mar is eol dos gach éinne, tá costas
clódóireachta imithe sa ghréin ar fad le cúpla bliain nú mar sin
agus ní fios cá stadfa sé. Ní raibh aon airgead laistiar dínn ná
aon ghlaoch mór ar An mBranar. Dá bhrí sin níor fhéadamair
teacht amach chomh minic agus ba mhaith linn gan fiacha
móra a chur suas.
Tá socair againn anois, ámhthach, leanúint de go ceann
bliana eile go háirithe, isé sin, cheithre uimhreacha eile a thabh-
airt amach, ag tosnú leis an gceann so. Tiocfaidh an chéad
uimhir eile amach Lá Samhna agus an dá cheann eile Lá 'le
Bríde agus Lá Bealtaine.
Má eirighean linn an costas a ghlana go dtí san leanfar de.
B'éigean a fhiacha dh'árdú go dtí 1/6, síntiús bliana 6/-.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services