Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oideachas san Oileán Úr

Title
Oideachas san Oileán Úr
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
Muinntir an Bhranair

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


OIDEACHAS SAN OILEÁN ÚR.



Adeir an sean-fhocal "nach bhfuil a fhios ag duine ar bith cá luigheann
an bhróg ar a chomhursa: "Níl sé beo indiu, is dócha, an té nár luigh
a bhróg air am eicín dá shaoghal; agus nuair a luigh d'fhéach sé le caoi a
chur uirri ionnos go bfhuigheadh sé faoilte uaithi. Tráth tosuigheadh an
Coga Mór b'iongantach an méid daoine ar luigh a mbróga orra, agus ó shoin
i leith atáthar ar a minegéire ag iarraidh ar ghréasaithe bróga maithe feiliún-
acha a dhéanadh dhóibh.



Sgéala léigheas le goirid anuas fá chúrsai oideachais san Oileán Úr a
mheabhruigh an sean-fhocal úd dom. Sgoláire d'ollamh ar a dtugtar Eliot
a bhíos ag sgrúdú léighinn in Iolsgoil Harvard a sgríobh é agus ní dhéanfa
sé dochar ná díobháil dúinn-ne annseo in Éirinn eolas a chur ar na lochta a
luaidh sé agus an leigheas a mhol sé dhóibh le go mbéadh tairbhe do'n tír
sin as.



Dochtúirí agus páisdí sgoile: Adeir sé go bhfuil dochtúirí ceaptha amach
le páisdí sgoile a sgrúdú i gcathracha áithride agus go gcuirfeadh sé iongantas
ar dhuine an méid d'aos óg na tíre a bhfuil éalang orra, agus nach iongnadh
ar bith é nuair fhásaid suas nach bhfuil aon tidheacht aniar ionntu; nach
bhfuilid i ndon aon chruatan 'fhulaingt agus nuair a thagas orra nach bhfuil
an seasamh ionntu. Cruthuigheadh sin, adeir sé, tráth adubhairt na Meiri-
ceánaigh go mbuailfidís féin buille sa gcomhrac. Is deacair na daoine fásta
a leigheas, de bhrí go bhfuil máthair an ghuir ag goradh ró-fhada ina gcona-
blacha; dá bhféachtaoi ina ndiadh in am bhéadh a mhalairt
de sgéal ann.



An Leigheas: Ní mór don náisiún, agus do na Státa, dochtúirí agus
banaltraí a thoghadh d'aon-turas le aire a thabhairt do shláinte an aosa óig.
Bhéadh orra 'chuile pháisde sa tír a sgrúdú agus má atá aineamh nó éalang
air, iarracht a dhéanadh lena leigheas. Bhéadh orra na tuismitheoiri a thab-
hairt le chéile agus eolas a thabhairt dóibh i dtaoibh cúrsaí sláinte .i. an cineál
bídh is fearr leis an gcorp a chothú, glaineacht na pearsan agus an tighe, sláin-
teachas bailte is cathrach, an chaoi is fearr le bacann a chur le ráigeanna
tinnis, agus ciallú dhóibh céard is cáidheacht agus deá-iomchur ann. Ar
an náisiún is cóir a chúram sin a bheith agus bhéadh ar an Rialtas 'chuile
chostas dá mbéadh ag baint leis 'íoc.



Biadh: Níl aon tuisgint cheart ag Meiriceánaigh (nó ag a lán eile, is dócha)
ar an gcineál bídh is fearr le n-ithe, nó ní gléastar mar bu chóir é agus ina
cheann sin níl barraing ná tíoghbhas ag baint leo mar bu cheart.


L. 4


An Leigheas: Ar chlár gach sgoile níor mhór go mbéadh am le cúrsaí beatha-
eolais, cimíochta agus feallsúnachta nádúra. Bhéadh ar gach eolaidhe, (I)
míniú do na sgoláirí céard iad na biadhta is fearr d'fheilfeadh dho naoineán,
don aos óg, agus don duine fásta; agus (2), chur ar chailíní agus bhuachaillí,
cócaireacht a chleachta i gcruth is go mbeidís i ndon béilí a ghléas agus a
chur ar an mbord i gceart. Chaithfeadh 'chuile sgoláire an t-eolas sin a bheith
aige, no aici, sul sgothadh sé, nó sí, sé bliana déag d'aois.



Acluiocht. - Níor cuireadh an tsuim cheart in acluíocht san Oileán Úr roimh
an gcoga. Bhí a shliocht orra. Ní raibh spreacadh nó fuinneamh sna fir
óga; nó ní rabhadar i ndon aon sglábhuíocht 'fhulaingt mar d'fhulaingeoch'
daoine a bhéadh cruaidh fáisgthe acluithe déanta.



An Leigheas: Caithfear am ar leith a bheith ag lucht sgoile is léighinn le go
n-aclóchaidís iad féin, ionnos go mbéadh tidheacht aniar agus teacht
i láthair ionnta agus go mbéadh ar a gcumas obair fhir a dhéanadh
nuair a bhéadh gábhadh leis, cuma cén cheárd a mbéadh baint aige léi.
B'fheairrde na daoine é agus b'fheairrde an tír é; agus dá gcuirtí
uirri uair ar bith ní i dtuilleamaidh suarachán gan rath bhéadh si.
Bhéadh ar an Rialtas congnamh airgid a thabhairt do na comhluchta bhéadh
i mbun an oideachais i ngach aon Stát nó ceanntar sa tir. Ghníthtear seo
i dtír na hEilbhéise agus bíonn ar chigirí cunntas cruinn a thabhairt
fá'n mír seo de chlár na sgoile.



Bás Naoineán: Is uathbhásach an lear naoineán éagas, agus atá uimhir na
mbreith ag laghdú.



An Leigheas: Atá go leor de mhná Mheiriceá agus bíonn orra greim a mbéil
a shaothrú. Dá mbéadh ceart le fáil ní bhéadh ar aon mhnaoi phósta dul
amach ag obair ar a páighe lae. Ní leigeann Gréagaigh an Óileáin Úir dá
gcuid bhan pósta a dhéanadh. Ach má bhíonn orra bualadh amach níor
mhór sgíth a bheith aca i rith dhá mhí roimh thidheacht don pháisde ar an
saoghal agus go ceann dhá mhí ina diadh sin; agus mná ionaid a bheith ag
na máistrí leis an obair a dhéanadh dhóibh. Ina cheann sin bu chóir am
ar leith a bheith ag na máithreacha lena gcuid chloinne 'oileamhaint mar bu
dual; agus eolas a bheith aca leis an bpáiste a thógáil i gceart.



Eitinn: Cébí cén iarracht atá déanta le eitinn a leigheas ní don Rialtas, do
chomhairleacha Stát nó cathrach atá a bhuidheachas sin ag dul. Ar éigin
atá drannta aca leis go fóill agus fágadh fá dhaoiní phríomháideacha féachaint
leis an sgéal a réiteach.


L. 5


An Leigheas: Ata' de dhualgas ar lucht íoctha cíos-chána iallach a chur ar
an Rialtas an obair sin a ghlacadh ar láimh. Go dtugtar teagasg d'aos óg
agus do dhaoiní fásta ar an modh, no modhtha, is fearr le máthair na h-eitinne
a mharbhú, ní cabhair do lucht aonraic annseo is annsúd bheith ar a tóir.
An fhaid is bhéas na daoiní aineolach comhnócha' si' ina measg agus meallfa
sí na mílte léi go gcuire sí den tsaoghal iad.



An t-Ól: Atá ól ag déanadh an mhí-ádha ar dhaoiní. Ach chruthuigh an
smacht a cuireadh ar shaighdiúirí agus mháirnéalaigh gur féidir an mheis-
geóireacht a sheachaint agus gur feairrde an duine agus an náisiún é. Is
iomdha sin mí-ádh a tharraingeas ól, ach ni'l amhras gur ar pháisdí phótairí
thuiteas an mí-ádh is mó. Bíd lag lúbach gan éirim gan aigne, agus má
mhairid, níl aicíd dá bhfuil ag dul thart nach mbuaileann iad.



An Leigheas: Moltar go gciallóchaí sna sgolta, sna coláistí, agus sna hIol-
sgolta i dtráth is in antráth go cén dochar mór ghníos biotáille do chorp agus
d'inntin an duine; agus comhairliú do mhacaléighinn an teagasg sin a chraobh-
sgaoileadh ina mbailtí féin. Ina theannta sin féin bu cheart don Rialtas deire
a chur go deo le stileóracht sna Státa.



Aineolas: Atá 7.7 per cent. díobh seo atá os cionn deich mbliana d'aois i
Meiriceá nach bhfuil sé ar a gcumas sgríobh nó léigheadh a dhéanadh. Chuir
sin iongantas mór ar Chomhairleacha an Chogaidh, óir níor ceapadh gur
dearnadh aon fhaillí i gcúrsaí bun-oideachais in aon áit sna Státa.



An Leigheas: Níor chóir go bhfágfadh an Rialtas cúram oideachais fá dhream
áithrid ar bith ach féachaint ina dhiadh iad féin. Bhéadh cead ag Stát no
comhlucht clár oideachais a cheapadh d'fheilfheadh dhóibh, ach dhéanfadh an
Rialtas sgrúdú ar sgoláirí agus chaithfidís a ndúthracht ag díbirt aineolais
agus ag géarú inntleacht na ndaoine.



Ceárduíocht: Ní tugtar an oiread aire do Cheárduíocht sna sgolta is bu chóir
a thabhairt. Chuirfeadh sé iongantas ar dhuine an méid mhór mhac-léighinn
fhágas coláistí agus gan de stuaim ionnta speal, tuireasg, no líoghán, mion-
dracán, tomhaiseán nó compás a oibriú. Atá na mílte aca agus gan de rath
orra bád a iomramh, capall a cheannsú, gléas ar bith ceoil a sheinnm nó amhrán
féin a ghabhail.



An Leigheas: Ní gach aon sgoláire bhéadh ina Ghobán Saor, ach déanfaí
stuama is tíoghbhasach iad. Níl aon chailín óg nár cheart go mbéadh sí i ndon
cócaireacht agus fuagháil agus cniteál a dhéanadh. Níl aon fhear óg nár
chóir go mbéadh tuisgint mhaith aige ar obair shiúinéara, obair shaoir chloiche,


L. 6


agus obair ghabha tighe. Agus níl aon pháisde sgoile nár cheart go múinfí
tarraingeórachta dhóibh, as a ngustal féin agus réir tomhais, agus ina cheann
sin níor mhór eolas, bíodh sé beag nó mór, a thabhairt dóibh ar bheatha-eolais,
ar chimíocht agus ar fheallsúnacht nádúraigh.



Na Céadfadha: Maidir le aon tsuim cheart a chur i ndea-mhúnlú céadfadha
aosa óig Mheiriceá ní cuirtear. Ní féachtar le grinneas focal nó beachtach
sgríbhneórachta a chiallú. Nílid áirdeallach barraingeach in aon chor. Ní
cialluightear dhó a bheith céillí, stuama, géar-chúiseach. Ní mealltar chun
cinn é leis an mílseán is mílse leis fein. Má atá fir ghrinne, ghustalacha, stuama
i Meiriceá ní de bharr oideachais Mheiriceá atáid amhla. Cruthuigheadh sin
go binn le linn an chogaidh. Bolgán béic a bhí i ngach duine a raibh cúram
riartha roinnte chun cogaidh do bhualadh. Chualabhar ariamh "go múineann
an saoghal ciall do dhuine." Pé brí cén chiall a bhí ag baint le aireach nó
oifigeach ar bith a raibh aon chúram air aimsear an chogaidh is ag an té múin-
eadh i sgoil an tsaoghail agus ní aca seo teagasgadh i sgolta nó in Iolsgolta
Mheiriceá é. Sin sgéal do-chreidhte ach sí an fhírinne í. Caithtear an iomarca
ama le leabhra, cuirtear beagán oibre ar an tsúil, - ní cuirtear a dóthain;
bíonn an lámh díomhaoin, agus maidir leis an gcluais, níl innti ach "isteach
i gcluais agus amach sa gcluais eile." Soithighe móra folmha a lán de mhuinn-
tir Mheiriceá agus "sí an bhó is mó géim, is lugha bleán." Is cosúil oideachas
san Oileán Úr fá láthair le seangharrdha spíonta, a bhfuil sean-gharrdhadóir
den sean-saoghal ann nach gcuireann ach na sean-síolta céadna; nach leasuigh-
eann mar bu chóir, is gur cuma leis fá bharraí, is thoraithe is ghlasáin atá
le fáil agus bhéadh mar íocshláinte don duine lena bhfollántas agus a mílseacht.
Atá sé thar am sgíth a thabhairt dó, garrdha nua a bhriseadh agus fear a chur
ina chionn a thuigfeadh cén cineál síol a d'fheilfeadh do'n ithir atá ann, an
cineál leasuithe is fearr rachfadh dhóibh, a lánóch iad in am agus nach
leigfeadh dho shalachar, nó dho fhiadhaile ar bith, brigh a bhaint ón ithir
ina bhfásaid. Atá leabhra sáthach ceart ina mbealach féin, ach "ní bheath-
uigheann na briathra na bráithre."



Béidh ar Chlainne Gaedheal réim oideachais a chur ar bun gan mhoill
más fútha Éire a ghaelú agus náisiún stuama tíoghbhasach meabhrach a
bheith aca, agus bfhéidir nár mhiste dhóibh éisteacht le barúil an fhir thall!



PÁRAIC Ó DOMHNALLÁIN.


L. 7


MAIDEAN IS TRÁTHNÓNA



SMAOINTE I SEÓMRÍN.



Fiadhain go leór an radharc ó'n bhfuinneóig seo agamsa - idir chnoc
is shliabh is ghleann is abhainn is fhairrge. Fiadhain thar fóir atá sé
indiu agus an ghaoth anoir chómh tor san ag séide nách fosga fallaí ramhra
tighe ná seómrín seascair mar é seo. Cloisim na seórdáin ag lógóireacht tré
scoltacha na fuinneóige mar bheadh ceól cruite sidhe-ghaoithe agus dórdán
na dtonn dtreun ag síor-thorann tríd an uaill uaighnigh úd.



Bainean a bhreáthacht féin leis an anfa amuich. Tá a bhinneas féin
ag baint le n-a cheól. Ní hi gcómhnuí is féidir len ár n-inntinn freagairt do
gholtraidhe na doininne, ámh, díreach fé mar nách féidir le sreanng siansán
do dhéanamh le sreang eile murar cóirigheadh insa cheart le chéile iad: Mar
ní mór buile bhróin bheith ag tuargaint an anama istig i d'fhonn is an t-anfa
amuich do thuigsint i gceart.



Ach, le baois na hóige, is dócha gur féidir freagairt do gach saghas ceóil
acu - duain na doininne agus ceól an chiúnais, agus, ós gnáth leis an óige
bheith borb, is minic nách fearr léi suantraidhe an chiúnais ná leigeant léi
féin damhas ar a dícheall ar sciatháin na gaoithe móire.



Diúltuighim damhas leis an ndoininn, indiu, ámh. Suidhfead cois teine
uaithe ar mo sháimhín sógha agus beannód uaim a fuaim feargach. Dheineas
mo dhícheal léí indé agus dhein sise a dícheall liom. B'é ceól na stoirme
bhí im anam mar bhí buile bhróin orm agus a chúis agam chuige, agus bhí
anfa an anama istig ag déanamh siansáin le h-anfa na haimsire amuich. Dá
thréine an stoirm 'seadh is giorra ón gciúnas. Dó chiúnaigh mo chroidhe-se,
leis, tar éis tamail. Bhí mo chúis féin agam lem' brón ach is cuma é anois.
Bíon a chúis féin ag gach duine le bheith baganta nó brónach. Tá a fáth féin
leis an stoirm seo ag séide amuich. Tiocfaidh lá eile agus beidh gach glór
ina thost - chómh ciúin sin go mbeadh eagla ort an siansán do scaipe le scríoba
an phinn ar phár agus tu ag éalú ar an gciúnas i d'fhonn is an ceól iongantach
a dheinean sé do chur in iúil do chách. Is mó maidean is tráthnóna bhraithim
an ceól céadna so an chiúnais agus níl teóra leis an aoibhneas a bhainim as;
ach tá sé chómh rúndiamhair sin nách túisge thugaim iaracht ar mo smaointe
do bhreaca ar pháipeur ná go gcuirtear in iúil dom gur fuiriste an t-aoibhneas
so ar muir is tír do léigheamh ach gur ró-dheacair é scríobh.



Ar shlí éigin, tá gaol draoidheachta idir sreanga na beatha ins an intinn
agus an corruidhe mhothuighean duine agus é ag féachaint ar sciamhacht


L. 8


nádúra. Seinnean aoibhneas aer is talmhan is uisge a gceól iongantach féin
agus freagruighean aoibhneas an anama an siansán ar shreanga na beatha.
Is fíor gur maidean is tráthnóna is mó mothuightar an gaol draoidheachta
úd. Dá chomharthaí san féin, 'siad an dá thráth amháin de'n ló is annsa
le lucht canta filíochta - "Ar m'eirghe dhom ar maidin," "Tráthnóinín beag
déidhneach" - ní gádh thuille do luadh - agus cad is fíor-fhilíocht ann ach
an siansán draoidheachta úd a dheinean an dá cheol - ceól na Cruinne agus
ceól an Anama - ag freagairt dá chéile ar shreanga na beatha. Bainean san,
leis, le fíor-phrós ach tá an buadh so ag fíor-fhilíocht ar fhíor-phrós, gur fearr
a dh'fhreagruighean comh-chéim agus duanaireacht an dáin an luasga a bhíon
ins an aoibhneas a chorruighean smaointe breátha in intinn an ughdair:
freagruighean an dá luasga dá chéile.



Dar liom gurbh í an fhreagairt sin dá chéile is cúis leis an uaill uaignigh
atá i mórán de cheól agus de fhilíocht na hEireann: bhí gach rud fé luighe
na súl i gceangal an chonncais: bhí clíng an tslabhra in gach glór agus níorbh
fhéidir le héinne an goltraidhe úd d'fhreagairt ach duine ina raibh comh-
bháidh croidhe aige le cumha Chaitlín. Is eól do lucht scríbhte úrscéal agus
drámuíochta gur cóir d'adhbhar an scéil ('sé sin an fhuireann agus a gcuid
smaointe agus gníomhartha) gaol do bheith aige leis an áit agus leis an uain
dár thárla. Leanan an fuadach, an éagcóir agus an dúnmharbhú an oíche
dhubh, stoirmeach: leanan smaointe ceannsa, comhluadarach an ghrádha
an tráthnóinín aoibhinn, díreach agus éanlaithe na cruinne ag siosmarnaigh
le chéile roim dhul dóibh chun comhluadair ar chraobhaibh. Siansán iseadh
é go léir - siansán an adhbhair leis an áit agus leis an uain.



Dá bhfeicfeadh lucht leanúna drámuíochta an tseana-shaoghail aoibhneas
na radharc atá le feicsint in amharclana an lae indiu, is dócha go dtuigfidís
níosa fearr brí an dráma. Bíon gach tosnú lag agus béidir go mbíodh lucht-
éisteachta Shakespeare sásta go leór nuair a cuirtí cúntas amach ar imeall
an stáitse, ar chlárdubh, dá chur in iúil dóibh gurbh ar radharc áirthe - "Coill
Arden," cuir i gcás - do bhíodar ag feuchaint. Ach, má thaithnig leis an
lucht éisteachta gach a raibh le feicsint agus le clos ins an "choill" úd, ní
raibh puinn gádh le láimh an dathadóra - b'in é buadh an ughdair: do chuir
cómhacht smaointe agus gníomhartha an dráma cochall draoidheachta ar
an stáitse insa tslí agus gur samhluigheadh a raibh in easnamh air - ba ró-
ghearr go raibh duilleabhar draoidheachta ag bog-luasga ós a gcionn ag déanamh
siansáin le bog-bhriarthra Orlando le Rósalind.



Agus, dá mbéidir gach samhlú coille dhíobh do dhathú ar bhrat, díreach
mar ar samhluigheadh í, do gach naon den luchtéisteachta, ní dócha, go mbeadh


L. 9


aon dá shamhlu' mar a chéile. Samhluightar do gach naon againn díreach
do réir mar a dh'fhreagruighean an mhotháil istig ionainn an draoidheacht
amuich - má's doilbh, dorcha do mheón, ní bhfaghair blas ná dath ar ghreann
an fhaid is bheidh an ghnúis ghruamdha ar t'inntinn - má's fear grinn tu
bainfir greann as na clocha glasa, nó, ma theipean ort, déarfair leat féin nach
fiú iad osna leigeant leó. Bím-se féin "la' binn agus lá searbh." An lá bhím
binn, is gránna liom an ghruaim, agus an lá bhím searbh, well, bím searbh.
Ólaim mo mheadar meala agus mo mheadar domblais chómh maith la haon
fhear ba'n. Is fíor, ámh, go bhfuil sé de bhuadh ag an nádúir daonna gur sia
cuimhnightar ar ól na meala ná ar dhiúga an domblais. Is maith dhúinn
gur buaine an binneas in ár smaointe ná an searbhas. Is maith dhúinn nách
misde de cheól na laetheanta geala do ghaibh tharainn cuimhneamh ar gach
cor agus casa ann - i mbinneas do théidhean sé le haois ach téidhean an siansán
a dheinean sé leat i gciúnas agus i gcúthaileacht ó ló go ló do réir mar
théidhean a chuimhneamh ar gcúl; agus, ar deire, ní bhíon ann ach mar
bheadh siansán sidhe dá sheinnim ar scanána gosamair.



Rud éigin do chuir ag déanamh na smaointe seo mé. Is béas liom cúntas-
cinn-lae do chimeád le roinnt bhlianta anois. Ní dóigh liom gur cúntas
coitianta é, mar níl ach lá fada fánach da' bhreaca ar a chuid leathanach agus
ní bhacaim ach le caol-chuid de chúrsaí an tsaoghail. D'osgluigheas an láimh-
scríbhinn cinn lae seo ó chiainibh mar bhíos le cuid de smaointe an lae indiu
do bhreaca air. Féachaint dá dtugas ar leathanach áirithe ann do chuir ag
cuimhneamh me. Do léigheas liom tuairisg an lae úd ó thúis go deire. Do
mhothuigheas corruighe éigin mar bheadh ó áit éigin i gcéin ins an intinn. Ní
raibh ann ach siansán sidhe, agus bhí sé binn thar barr.... Uair
éigin eile déanfad iaracht ar scéal an lae úd do scríobh' agus is é teideal do
bheidh air ná "Múscailt Maidne."



Go dtí san -



Slán ó chroidhe le heirghe áin
Le múscailt bláth na maidne úd.
Beidh mo chuimhne críonna tláith
Roim dhul i bhfán dá chuimhne súd.



Slán le bé na nglé-rosc ndonn
Im' ae do mhúscail corruidhe ceóil
An mhaidean aoibhinn Earruig úd.
Sin é mo rún-sa dhíbh go fóill.
FILE NA FÍRINNE.


L. 10


TEASTAS AR SEAN AR AN gCEOL.



I.



Sa bhliain a 1738 fuair an Cearbhallánach bás. B'é an cruitire b'aoirde
clú le na ré é agus, nuair d'imthigh sé ar shluagh na marbh, bhí deire
le réim na cruitireachta in Éirinn. D'fhan cruitirí nách é ann gan amhras-
tháinig deichniúr acu le chéile i mBéalféirsde sa bhliain a 1792 fé chuire Bunting,
- ach ní raibh ionta ach aos seanma seochas é. Ceoltóir críochnuihe b'eadh
an Cearbhallánach agus file leis. Cheapadh sé ceol do réir seana-nós na
hÉireann agus nua-nós na hEúróipe; bhíodh caidreamh aige le lucht ceoil
na hIodáile, le Geminiani agus le Vivaldi; cheap sé concerto agus tá rian an
cheóil iasachta ar a lán eile dár chúm sé. Taréis báis do, is beag cruit-cheol
a deineadh in Éirinn. Brónach an smaoineamh é.



"Men are we and must grieve when even the shade
Of that which once was great, has passed away."



Agus ba mhór í réim na cruitireachta tráth, agus do b'ársa. Más féidir
dúinn aon téarma amháin de'n réim sin do rádh, níl sé d'eolas ná de mhisneach
ag éinne an téarma eile do thomhas. Is eol dúinn bliain deiridh na cruitir-
eachta; ní heol cathain a thosnuigh sí. Ach mar sin féin, b'fhearrde sinn
iaracht do thabhairt fén gceist. Is fearrde a thuigfimíd ársacht na cruitir-
eachta in Éirinn agus is cruinne-de a thuigfimíd, leis, bun-thuairmí na nGaodhal
ar an gceol. Cuardóimíd, mar sin, an litríocht féachaint cadé an méid eolais
is féidir a bhaint aisti ar Chruitireacht na Fodla; agus tiocfaidh réidhteach
éigin, pé beag mór é, ar an gceist de thoradh an chuardaig.



II.



Chífimíd ar dtúis gur beag file san ochtmhadh aois déag féin nár dhein
tagairt don chruit. B'fhéidir ná raibh ann ach nós nú convention; mar sin
féin tá an nós san mar dheimhne ar chomhacht an chruitire. Ar bhinneas
an cheoil a chuimhnídís go léir. Nuair a labhradh an spéirbhean le hEoghan
Ruadh,



"... ba bhinn bhlasta fhíor mhilis cheolmhar
Mar síodh-chruit gach nóta óna béal."



Ba chuma le Liam Dall "glór na lon san uaigneas" nú "ceol na cruite ag
fuaimint," agus do thrácht Donnchadh Ruadh ar



"An áit úd 'narbh aoibhinn binn-ghuth éan,
Mar shámh-chruit chaoin ag caoineadh Gaodhal."


L. 11


Ach ba chruinne go mór na san an tuairim a bhíodh ag filíbh na haoise
roimis sin. Nuair adubhairt an Céitinneach



"Cia an saoi le seinntear an chruit,
Le n-íocthar neimh go nua luit,
Tré ghoradh guith bhinn a chláir
Mar sruth bhinn fhoghar n'orgáin,"



bhí sé ar aon tuairim leis na sgríobhnóirí is ársaí againn mar a chífimíd ar ball.
Mar sin leis do Phiaras Feirtéar. "Cosc feirge 'gus fola" seadh an chruit.



"Codlaid ris an gclár gcorcra
Aos fíor ghalair fíor ghonta.
An beo badhbh do'n bhrón do bhris
Ceol adhb an óil 's an aoibhnis."



Sé Piaras, leis, a thugann beacht-chúntas dúinn ar dhéantús na cruite,-
an corr agus an lámh-chrann agus an com - agus ar an gceathrar ceárduithe
a dhein í - duine dá suidheacht, duine dá ceárduíocht, duine dá ceangladh is
dá hionnlodh agus duine dá hóir-cheárduíocht. Tugtar fé ndeara gur sgrío-
bhadh an cúntas so dachad bliain taréis briseadh Chinn tSáile nuair do bhí na
sleachta móra ar lár, go mbíodh ceathrar fé leith ag gabháil do'n déantús,
agus gur i Roscomáin a fuaradh cuid den adhmad, i Seantraoi (?) cuid eile,
agus i nDún na nGall an tríú cuid. Deimhnigheann an cúntas san nách
aidhbhéil ar fad na sár-chúntaisí atá i sna seana-sgéaltaibh go léir ar áilneacht
is ar uaisleacht na gcruit. Dá mb'iad na Gaill féin iad, is iongantach an meas
a bhíodh acu ar chruitiríbh na hEireann. Is eol dúinn go raibh cláirseóir
ag Eilís Riogan i Lonndainn Shasana, agus sé is dóicíde ná gurabh aige d'airig
Shakespeare Eibhlín a Rúin dá spreagadh ar an gcruit. Do mhol Spenser
agus Cambrensis a fheabhas a bhí cruitirí na hEireann. Arsa Cambrensis
"incomparably more skilful are they than any other nation I have ever seen."
Nuair d'admhuigh s' an méid sin, do bhréagnuigh sé gach a ndubhairt sé i
dtaobh barbarachta na nGaodhal. Dá mba nár fhan de shean-ealadhain na
Gréige ach dealbha marmuire an Elginig, níor bheag de theastas an méid sin
ar shíbhialtacht na nGréagach. Ar an gcuma gcéadna, níor bheag de theastas
an moladh san Cambrensis ar neambarbaracht na hEireann lena ré féin is le
fada roimis. Ní "fás aon oidhche" an tsár-chruitireacht.



III.



Is ar an seana-litríocht, ámh, is treise rian na cruitireachta. Is gnáth
an litríocht san do roinnt 'na trí réithibh .i. ré Tuatha dé Danann, ré Chuchu-


L. 12


lainn nú ré na Tána, agus ré na Féinne. Is sna sgéaltuibh so is fearr gheibhmíd
cúntas ar chomhacht an chruitire, agus ar thuairmíbh na nGaodhal ar cheol.



Innstear san sgéaluíocht is seanda againn conas mar thug an Daghdha
turus ar thír na bhFomhorach ar lorg a shídh-chruite a goideadh uaidh. "Ar
shroisint an halla dho, chonnaic sé an chruit ar crochadh ar an bhfalla.
Ghlaoidh sé chuige uirthi. Léim sí fé na dhéin (rud beo a bhí inti). D' éirig
na Fomhoraig 'na coinne chun i chimeád. Mhairbh sí naonbhar acu agus
tháinig sí saor chuige. Do leag sé a mhéaranna ar na téadaibh agus do thosnuig
ar sheinnt, agus do sheinn sé na trí saghsanna ceoil a bhí ag gach ceoltóir
oilte. Ar chloisint an Ghol-traighe dhóibh, do dhearmhad na Fomharaig
glan an bhuile feirge bhí ortha, le neart uaignis an cheoil. Do chlúdaig na fir a
n-aghaidh agus do ghoil na mná na trí frasa deor. Ansan do spreag sé an
Geantraighe. Ní túisge a spreag ná do phléasg na scarta gáiridhe ortha.
Fé dheire do scaoil sé chúcha an Suantraighe. Do ghluais ón gcruit, an ceol
aoibhinn sítheach i dtreo gur thuit a gcodladh ortha go léir, agus gur éaluigh
sé uatha i ganfhios dóibh..."



Dá mhéid a chuir an file leis an sgéal, is léir go maith óna chúntas gur
cheárd fé leith dar leis na seana-Ghaodhlaibh ceárd an chruitire, go raibh
stuidéar éigin agus eagar éigin déanta acu cheana féin ar an gceol, gur aith-
nigheadar an draoidheacht is an chomhacht atá ag an gceol, agus gur dheineadar
é rainnt na trí treanaibh .i. an Goltraighe, an Geantraighe agus an Suan-
traighe. Tugtar fé ndeara leis gur ar aigne agus ar anam an duine is mó a
luigheann draoidheacht an cheoil do réir na nGaedhal. "Do ghéill an bhuile
feirge do bhrón an cheoil, do ghéill an brón do'n gháire agus do ghéill an gáire
don séis chodlatach." Is mór an comhartha é sin ar ghéire is ar chruinneas
aigne na nGaodhal. Nuair a dhein na Gréigig machtnamh ar chomhacht
an cheoil agus nuair a chuireadar rompa fáith-sgéal a dhéanamh de, féach
mar adubhradar go mealladh Orpheus chuige crainn na coille is clocha na
talmhan agus go gcúbadh leomhain chuthaig is beithidhig allta roimis trí
aoibhneas a cheoil. Sé sin le rádh gur dhraoidheacht chorportha ar fad an
draoidheacht a bhain le ceol Orpheus. Ní mar sin do dhraoidheacht an cheoil
do réir na nGaodhal. Ba léir dóibh gan amhras go raibh an draoidheacht
chorportha sa cheol: sin é atá le tuigsint leis an Suantraighe. Ach is ar an
aigne is ar an anam a dh'imir an dá shaghas eile a gcomhacht; mar do ghéill
buile na bhFomhorach don cheol agus do tháinig brón a gcroidhe ortha, agus
ar ball do ghéill an brón do'n tsult agus do chuadar sna trithibh gáire
le neart an tsuilt sin.



Taréis tamaill, ámh, is minicí a deintear trácht, thar aon thrácht eile,


L. 13


ar an gcomhacht a bhí ag an suantraighe .i. conas mar do bhí leigheas ann
ar gach saghas péine is galair. Léighmíd go mór mór i sgéaluíocht an tríú
ré .i. an Fhiannuíocht, dá n-airigheadh gaisgidhig ghéar-ghonta séis na cruite,
agus iad na luighe 'na gcosair chró ar pháirc an áir, gur ghearr go ndéanfaidís
dearmhad ar an bpéin le neart aoibhnis an cheoil, agus dá mbeadh mná i
bpéin a dteinnis, go dtiocfadh sos is suaimhneas ar an mbrón ar chlos na cruite
dhóibh. Agus b'in é teastas an Chéitinnig nuair a dubhairt se go "n-íocthar
neimh go nua luit" le seinnt na cruite; agus teastas an Fheirtéaraig chomh
maith "codlaid leis an gclár gcorcra aos fíor ghalair fíor ghonta." Deirtear
gurab é sgéaluíocht na Tána saothar aigne na huaisleachta in allód, agus
gurab í an Fhiannuíocht saothar aigne na hísleachta. Pé 'r domhan é, is léir
gurab uaisle an tuairim a bhí ag sgéaluidhthibh na Tána ar chomhacht an
cheoil ná mar a bhí ag sgéaluidhthibh na Féinne.



IV.



Ba leamh linn deire 'chur leis an aiste seo dá neamh-chruinne í gan tagairt
do dhéanamh do genesis na cruite do réir na seana-Ghaodhal. Muna dtais-
beánfaidh sé aon ní eile, taisbeánfaidh sé nách é an greann a bhíodh in easnamh
ortha sa tseana-sgéaluíocht. Sé Marthán a mhínigheann dúinn cad as go
dtáinig an chéad chruit. "Bhí fear ann fadó" ar seisean, "agus bhí bean
aige agus ní réidhtighdís ach go hannamh lena chéile. B'é crích an sgéil é
gur theich sí uaidh agus gur lean sí uirthi tré réidh is aimhréidh go dtí gur
shrois sí tráig na mara ag Camus. Do thárla, agus í ag siubhal roimpi ar an
dtráig, go bhfeaca sí cnámhairt mhíl mhóir, agus do bhí an ghaoth
ag séideadh tríd i dtreó gur ghluais ón gcnámhairt an ceol sár-bhinn
sítheach. Do chuir an ceol fonn codlata uirthi agus do shín sí
tháirsti ar an dtráig agus do thuit a codladh uirthi. Ar ball,
do tháinig a fear an treo agus chonnaic sé a bhean agus í
'na suan. Nuair do thuig sé cad ba bhun leis an gciúineas, do chuaidh sé
isteach i gcoill a bhí i ngar do'n áit, do dhein sé gléas i bhfuirm lúib na gcnámh
agus do shocraigh sé féitheanna an mhíl mhóir treasna air mar théadaibh.
Agus b'in í chéad chruit a deineadh riamh ar an saol so." Is dócha ná fuil
sa chúntas sain ach magadh Mharbháin fés na bárdaibh. Pé'r domhan é,
chuir Eoghan ó Comhraidhe roint spéise ann, agus d'admhuigh sé gurab
ionann "cruit" agus cnámh bhrollaig an ghé nú na coirre.



Bíodh san mar atá, ta cúntas uasal aoibhinn againn i seana-sgéal eile-
Táin Bó Fraich a ainm - ar conas a shíolraig na trí saghsanna ceoil fadó.
Seo mar do thárla. Bhí triúr cloinne ag "Boand a' síodhaibh." Goltraighe,


L. 14


agus Geantraighe agus Suantraighe 'do b'ainm dóibh. "Agus is mar seo
a fuaradar na hainmneacha san. Do bhí Boand ag iomchur cloinne agus
le linn bheith i dteinneas di, do sheinn Uaithne, a fear, an ceol. Ar dtúis
bhí an ceol ag gol agus ag géar-chaoi, ag déanamh chomh-bhróin léi sa tein-
neas. Ansan bhí gean is gáire ann, le neart a áthais beirt mhac do theacht
ar an saoghal. Bhí suan is suairceas ann sa deire taréis an tríú mac do
bhreith dhi. Ar ball do dhúisig Boand as an suan, agus do labhair sí le hUaithne
agus ars' ise "Tairgim duit do thriúr cloinne .i. Goltraighe agus Geantraighe
agus Suantraighe thar ceann t'fhéile is do mhaithis.'" Ba dheacair, agus
litríocht an domhain do chuardach, an míniú sin do shárú le háilneacht is
le fíor-chaoine na daonnachta. Haec sunt lacrymae rerum. Níor rug aon
ghaduidhe Dé leis anuas ó árus na nDéithe na trí saghsanna ceoil ná níor
sheinn aon aingeal don chine bhocht daonna é ar bhán ná i gcuim an tsléibhe;
ní hiad san mínighthe na nGaodhal ar theacht an cheoil ar an saoghal. Is
as cruadhtan an tsaoghail agus as géar-fhuiling Shíol Ádhaimh is túisge,
dar leo, a shíolruig an ceol: an bhean i dteinneas cloinne, an fear ag seinnt
chun i d'fhuascailt ón bpéin. Aoibhinn uasal an míniú é.



V.



Dá ársaí í réim na cruitireachta, ámhthach, tá an réim sin caithte. Ní
féidir í do bhunú airís. Dá mb'é Seoirse Petrie féin é, d'admhuigh sé an
méid sin. Ach tá ana-chuid de'n chruit-cheol ann fós agus é ar áilneacht
an domhain. Má's áil linn ceol fíor-Ghaodhlach d'athbheochtaint, ní mór
dúinn an cruit-cheol sin do shíor-chleachtadh, agus do chur in eagar i gcóir
an phiánó (agus cad tá i bpiánó ach cruit i bhfolach?) Tá sár-cheol againn
- seinneadh éinne "Tabhair dom do lámh," nú an Princess Royal atá i
gcnuasacht Uí Néill, nú Scott's Lamentation i gcnuasacht Bhunting, nú aon
phíosa beagnách sa tsár-chnuasacht a chuir Eoghan Laoide in eagar do
Chonnradh na Gaoluinne 1902; agus chífidh sé uaisleacht is aoibhneas an
cheoil sin. Bhí an ceol fé árd mheas in Eirinn, tráth, agus ceárd an chruitire
mar phríomh-cheárd: ná bímís feasta ar an náisiún is lugha ceol agus is
suaraighe meas air i roinn mhór na hEúróipe, sinne gurab ársaí teastas ár
sean ar dhraoidheacht an cheoil ná teastas aon náisiúin eile.



DONNCHADH Ó BRAOIN.
SÉAMUS Ó hAODHA.


L. 15


Na Camáin Úd.



Cadé mar bhogann báire comórtais na seana-bhuachaillí chun cainnte,
agus chun maoidhte as a ngníomharthaibh féin lá éigin. Truagh gan
aon ghaisge le maoidheamh agamsa, muna b'é gur fhágas cómhartha ar dhuine
lem' chamán, ach mar sin féin níor dhóigh seana-dhálta le Mícheál Ciasóg
gan fonn cainnte air an lá sciobas fuireann Atha Cliath an chraobh ó Luimnigh.



"Deárna libh a sheana-bhuachaillí Mhíchíl" arsa mise, "agus ar na
hoighrí atá indiu oraibh, gíbé i nAth Cliath no i Luimnigh dhóibh!" Mar
is ar Mhícheál agus a chualacht is mó bhí mo smaointe ag rith, agus as soin
siar go dtí an chéad chamáinín do bhain m'athair dom. Beannacht na ngrás
leis féin agus le Mícheál, do ghéilleadar do mhaith an chamáin.



Ó is geall le scéal ar mheath agus aith-theacht an chamáin atá anois agam,
fágfad an chraobh mar a bhfuil sí - áit nách fonn le daoinibh eile í dh'fhágaint.



Ní fheadar cadé an t-aos do bhí agam, ach gur im' chótaí beaga bhíos,
an lá chóirigh m'athair an dá chamán aitinn, ceann domhsa, agus an ceann eile
dom' dhearbhráthair Seán ba shine ná me. Thug sé dhúinn mar liathróid
ceirtlín mhaith chruaidh de shnáitholna, go raibh corc istigh innti, agus í
fuaidhte le córda lasmuich, agus mo ghairm í an óige! Níor bhfearr linn
fear agus fiche ar an dtaobh ná an bheirt againn ag imirt bháire sa pháirc
bháin ar aghaidh an duiris amach. Ní beag díbh a dhéine bhíodh an cluiche
eadrainn an cómhartha dh'fhan na dhiaidh. Do scior mo chamánsa dá
chamánsan lá, gur bhuail fé bhun na súile é. D'fhan leac d'fhuil bhrúidhte
annsoin ann, no go mb'éigean súmaire chur leis, agus an té fhéachfadh sa
ghnúis indiu air, i gcathair Uellington theas, chídhfeadh sé rian greama an
tsúmaire ag bun na súile cléithe aige.



Fuair na camáin sos na dhiadh soin, ach níor bhfada é, agus níor leigeadh
aon fhán ortha no go rabhdar ró-bheag ar fad dúinn. Do bhaineamair féin
dhá cheann eile annsoin, ó bhíomair chun fiadhaigh, agus níor bh' fhuláir
linn dul imeasg na mbuachaillí móra leo, i bPáirc an Droichid. Annsoin do
cuireadh mo chómhartha ormsa, do lean ó shoin díom - cláirfhiacal do bhri-
seadh orm - ach ná bacaimís leis an méid sin de'n scéal. Níor briseadh fiacal
le camán i bPáirc an Droichid ó shoin, mar bhí an camán ag dul as dáta ar
fad an uair sin. Bhí na fir óga ar fuaid Chiarraí tar éis iompódh ar an liathróid
choise, agus do lean na garsúin iad. Tá fhios ag an saoghal Fódhlach go
bhfuilid siad imeartha go maith ar an liathróid choise, ach is ait é nár chasadar
ar an gcamán ó shoin, thar phobulaibh eile na hÉireann. A gcoséadtroma fé
ndeár dóibh rogha do thabhairt don' pheil b'fhéidir. Mo thuairm féin nách


L. 16


i an chos is bun leis ach an teanga. Bhí déanamh a ngnótha de'n Bhéarla
foghlumtha acu san am soin, agus ní thugadar an aidhm cheart ar an nGaedh-
hilg go dtí so. Ina choinnibh sin braithim gur b'iad na daoine is mó dúil
sa Ghaedhilg is mó dúil sa chamán, ó Mhícheál Chiasóg anuas.



I lár an earraigh sa bhliadhain 1884 do chuas ar scoil Mhíchíl Chiasóg.
Bhí sé an uair sin tar éis cuid dá scoláirí agus dá sheana-scoláirí do nascadh
i gcumann iománachta, agus seilbh do thógaint i gceathrú bheag thalmhan
le hais chairn Uellington i bPáirc an Fhíonnuisge. Níar dhearmad liomsa
bheith ann an Satharn do bhí chúghainn. Fiche éigin duine ar fad ann;
tuairm a leath os cionn fiche bliain d'aois, agus a leath fé na bhun. Mícheál
féin agus a chamán aige i lár báire. Ní dóigh liom go bhfeacaidh muinntir
Átha Cliath camán a dtáinig dá saoghal go dtí soin, agus an iongna dheinidís
de, ach thairis sin ní mór go gcuiridís aon tsuim sa chluiche. Na daoine stadadh
lasmuich de'n fhál ag féachaint orainn, d'imthídís tar éis tamaillín, agus,
dar linn, seana-bhlas acu orainn, ach chun na fírinne níor ghasta mar iomán-
aithe sinn sa rith.



Bhí dream éigin gaigí, ámhach, nár bh'ionmhain leo sinn féin agus ár
gcamáin, ach níor leigeadar aonní ortha i dtosach, mar is nár bhfiú leo é, no
go stadfaimís uainn féin. Nuair dob fhada leo gur coireadh sinn tháinig
chúghainn bocaire mór do bhí mar cheann ortha. D'fhógair seisean dúinn
an áit sin d'fhágaint, gur le na chumann féin an talamh, agus nár cheadaigh
a chumann dúinn bheith ann. Fear dob eadh Mícheál nár lugha air an sioc
liath ná gaigí agus a gcuid cluichí neamhthuigseacha. Is dócha go raibh
fhios aige gur bh'í an tseilbh an teideal ba threise, mar ní mór an chainnt do
caitheadh no go ndubhairt sé leis an mbocaire, dá mba dhóigh leis gur bh'é féin
agus a chumann dob fhearr ceart chun na talmhan, teacht agus í bhaint amach.
Chuaidh seisean ag triall ar a ghaigí leis an scéal do bhí aige, ach ní thángadar
ag baint na sealbha amach, agus is cinnte dá dtagaidís go mbeadh cipineach ann.



Nuair bhí an cumann go maith ar a bhonaibh, agus na buachaillí ag dul i
dtaithí an chamáin, ba mhithid le Mícheál dul céim eile ar aghaidh. Ba
mhaith leis fuireann eile do thoighdeadh amach in áit éigin d'imeoradh báire
leis. Ach ca' raibh fuireann eile le fáil? Thar éis a lán tuairiscí samhluigheadh
do gur bh'é Cúntae na Gaillmhe an dóigh dob fhearr. Bailigheadh fuireann
annsoin, agus deineadh coinne báire i mBéal Átha Slógh i gcóir lae
Domhnaigh um Bealtaine. Ní rabhasa ar an bhfuireann do thoimh
(thoigh) Mícheál, agus ó ná bíodh an t-airgead póca go liobarnach ag
macaibh léighinn na haimsire sin, níor leanas siar iad, no ba ghreannmhar le
clos indiu an scéal do bheadh le haithris agam.


L. 17


Lucht tuaithe go háirithe, ní bhídís ró-thugtha do riaghlachaibh an saoghal
soin, ach aon bhunriaghail amháin ag a lán díobh, de'n tsaghas do múineadh
domhsa thall i Libherpúl cheithre bliana na dhiadh soin. Do luigheas isteach
i gcumann peileann, agus an chéad tráthnóna bhíos ag imirt níor aithin ann
mé ach amháin Ian mac Dubhgaill, Gaedheal mallaithe ó árdaibh Alban.
Le báidh dhomhsa, agus ar eagla ná beadh mo cheart de'n imirt agam, thug
sé gearr-theagasg ar na riaghlachaibh dom.



"Cuma dhuit sa donas," ar seisean, "ach liathróid no lorga, fadhb rómhat.
Aonní thiocfas sa tslighe ort imir an bhróg air, agus muna dtaithnighe soin
leo fanaidís uait!"



Pé riaghlacha cleachtadh i nÁth Slógh an lá úd, bhí breasal ar chuid
d'fhuireann Átha Cliath ag filleadh dhóibh, ach ó nár bhfonn leo trácht ar
imtheachtaibh an lae caithfead an scéal d'fhágaint annsoin.



Ní fada leanas féin d'iomáin ná de pheil, ó bhraitheas ná raibh aon rath
orm chúcha. Ní mar sin dá lán eile de bhuachaillibh Mhíchíl Chiasóg, bhíodh
iománacht dá cleachtadh acu, thall i Sasanaibh amháin. Is ó chualacht
Mhíchíl d'fhás cumann Gaedhlach na Lúthchleas, ach is clos dom ná geobhfar
feasta sa chumann soin le haoinne de sna buachaillí go raibh sé de phláinéad
air dul i seirbhís an Riaghlachais.



Bíonn an roth ag gabháil tímcheall.



FEARGUS FINNBHÉIL.


L. 18


La Bretonne.



Sgéal Frainncise.



Do hosgladh geata carcrach Auberive tráthnóna áirithe 'sa tSamhain - La
'le Caitrín do bhí ann - agus do sgaoileadh amach bean. Bhí sí timcheal
deich mblian fichead d'aois. Gúna olna breac-chaithte a bhí uirthe, agus
cadhp de shaghas éigin cadáis ar a ceann aice, agus ní bréag a rádh gurbh'
áiféiseach ar fad an cadhp céadna mar fráma don aghaidh mhílíligh attha úd
a bhíon de ghnáth ar dhaomibh tar éis tréimhse dá saoghal a chaitheamh
i gcarcair. Cime dob'eadh í a bhí díreach tar éis cead a cos d'fháil arís. La
Bretonne an ainm do thugadh a comh-chimí uirthe. Fuarthas cionntach
i marbhú a naoidheáin í, agus bhí sé bliana imthithe ó tháinig sí ar dtiús sa
chóisde go carcair an chonndae. Anois, tar eis pé airgead a bhí ag teacht
chúici d'fháil ón gcléireach, bhí sí saor arís agus a pas go Langres deimhinithe.
Ach bhí cóisde Langres imthighthe i bhfad roimis sin. Go tuathach, lán
d'anaithe, dhein sí ceann ar aghaidh ar phríomh-thighe ósta na háite, agus,
le snag 'na glór, d'iarr sí bheith istig i rith na hoidhche ortha. Bhí an tig lán
agus 'na éaghmuis sin is dóichí ná raibh aon lorg ag an gcoimeádaí ar a leithéid
siúd d' "éan carcrach," óir chomhairligh sé dhí leanamhaint uirthe go dtí
an tig tábhairne ar an dtaobh thall den bhaile. Tháinig breis mhearbhaill
agus breis eagla anois uirthe, ach thug sí a bóthar uirthe agus do chnag sí
ar dhoras an tábhairne. D'infhiúch bean an tighe í go míchéadtach, óir is
dócha gur thuig sí cérbh as í, agus sgaoil sí arís go doicheallach chun siubhail
í mar dh'eadh ná raibh leaba le cur aici. Ní raibh aon dul ag La Bretonne
ón eiteachas so. Chúb sí a ceann agus d'iompuigh sí ón ndoras, ach i ndoimh-
neas a croidhe do méaduigheadh go mór ar an ndearg-fhuath a bhí aici don
saoghal a bhí fós dá diúltú. Ní raibh le déanamh anois aici ach an bóthar
go Langres do thabairt uirthe féin.



Is oban a thuitean an oidhche i ndeire na Samhna, agus níorbh fhada
go raibh sí ag fuirseadh léi féin tré dhubh-dhoircheacht na hoidhche ar an mbó
-thar liath úd a chasan agus d'athchasan ar iomall dhá choill, agus an ghaoth
a dtuaidh ag búithrigh go fraochmhar agus ag sgaipeadh na nduilleog
bhfeóchta mór-thimcheall.



Tar éis na sé mblian do chaith sí craptha fé ghlas sa charcair' is beag den
lúth a bhí anois ins na glúnaibh aici agus is ar éigin a bhí innti siubhal. Agus
mar bhárr ar an ndonas, toisg gan de thaithí a bheith aici le fada ach ar shlipéidí,
do ghoill na bróga nua go mór uirthe. Ní raibh míle de bhóthar curtha dhi


L. 19


aici go raibh cluig ar a cosaibh agus go raibh sí tnáite traochta. Shuidh sí
ar charn cloch á fhiafruighe dhi féin an mbeadh sé de chrann anois uirthe
bás d'fháil den bhfuacht agus den ocras fé ghéire na hoidhche gan fosgadh
ón bhfuar-ghaoith a bhí ag déanamh lice oidhre dá smúsach.



De phreib, cheap sí gur chuala sí ansan in uaigneas an bhóthair fuaim
mar bheadh glór duine ag abhrán. Chuir sí cluas uirthe féin, agus ar ball
d'aithin sí go cruinn, soiléir' ceann de sna seóthínib seo lena gcuirean an
mháthair leanbhaí chun suain. D'eirigh sí arís, agus do shiubhail fé dhéin
fuama an ghlóir, agus níorbh fhada go bhfeaca sí solas ag lonnradh trí sna
crannaibh; i gceann cúpla nóimid eile bhí sí na seasamh ag doras botháin
a raibh a díon buailte suas fé charraig agus scraitheana agus cré anuas air.
Tríd a fhuinneóig seo a bhí an solas úd ag taithneamh. Go himnímheach,
creathánach do chinn si ar bhualadh ar an ndoras.



Do stad an t-abhrán agus d'oscail bean tuathach an doras. Ní
raibh sí puinn níos sine ná la Bretonne féin ach bhí sí caithte,
críona cheana féin ó dhian obair. Bí cabhal a gúna stractha agus
bhí an croiceann modartha méirscreach nochta. D'fhéach sí le halltacht ar
an ndeoruidhe seo na haighthe uaignighe, truaghmhéilighe.



"Dia dhuit," ar sise ag árdú an lampa do bhí na láimh aici, "cad a theas-
duighean uait?" "Ní féidir liom leanamhaint níos sia orm," ar La Bretonne
agus tocht na glór. "Is fada uaim fós an chathair, agus dá dtabharfá fosgadh
na hoidhche dhom ba mhór an déirc orm é.... Tá airgead agam.
Díolfar as do thrioblóid tu."



"Buail isteach," ars an bhean eile tar éis maranna nóimid. "Ach cad
na thaobh," ar sí de glór a raibh níos mó d'fhiosracht ná d'amhras ann-
"nár fhanais in Auberive?."



"Ní tabharfaí lóisdín dom ann," ar sise, agus ceann fé uirthe. "Mar-
mar, thángas as an gcarcair' tá fhios agat." "O! la Maison Centrale! ach,
is cuma san - buail isteach - Níl aon eagla ormsa, níor chleachtas féin ach
annró agus léan. Rud eile dhe, ba mhór an scrupal liom aon Chríostuidhe
d'fhágaint amuigh a leithéid seo d'oidhche. Déanfad réidh-leaba d'fhraoch duit."



Fuair sí gabhál fhraoich thirm agus do leath i gcúinne na teine é.



"An bhfuilir id' chomhnuidhe it aonar anso?" arsa la Bretonne go
cúthail.



"Táim, agus mo ghearrachaile bheag im fhochair. Tá sí ag déanamh
ar a seacht anois. Mairimíd ar a dtuillimse ag obair sa choill sa ló."



"Tá t' fhear pósta marbh, mar sin?"



"Tá," arsa an bhean eile ag cur smuilc uirthe féin. "Níl aon athair


L. 20


ag mo mhúirnín. Ochón, ó! tá a thrioblóid féin ar chách. Ach, seo, féach,
tá do leaba réidh agus cúpla práta d'fhuighleach coda na hoidhche leis. Níl
a mhalairt agam le tairgsint duit - ."



Do ghlaoidh glór leinbh uirthe ó chlúid dhorcha a bhí deighealta ag
cliathán adhmaid ón gcuid eile den seomra. "Slán agat," ar sise, "tá an
leanbh ag glaodhach. Ní mór domhsa imtheacht. Sámh-chrodla chughat."
Thóg sí an lampa agus isteach sa chloiséad léi agus d'fhág sí la Bretonne 'na
haonar sa doircheacht. Tar éis a cuid bidh do chaitheamh, do luigh sisi ar
an bhfraoch, ach ní chun codlata é. D'airigh sí an mháthair ag caint go caoin
cneasta leis an leanbh. Do dúisigheadh isi nuair do bhuail an deoruidhe ar
an doras agus ba leasg léi codla arís.



Do bhréag agus do chiúnaigh an mháthair an leanbh le caoin-bhriatraibh
grádha a chuir buaidhreamh míchuibheasach éigin ar la Bretonne. Do dhein
an racht caoin-ghrádha símplí úd ana-bhoga ar a croidhe, agus is deabhrath-
ach gur músgladh iarracht éigin den bháidh mháthardha in anam an chailín
seo do daoradh blianta roimis sin i marbhú a nuadh-naoidhneáin féin.



"Muna mbeadh an crann mí-ádhmharach do bheith orm," ar sise go
brónach 'na haigne féin, "bheadh sé 'na chomhnaois don gcailín bheag úd
anois."



Do chuir an cuimhneamh so, i dteannta glóir an leinbh, gach ball dá
ballaibh beatha ar crith. Do bhog sé milseacht éigin i gceart-lár an tsearbhais
mhóir do bhí 'na croidhe, agus do mhéaduigh an fonn guil do bhí cheana
uirthe.



"Seo, seo anois, a chuid," ais an mháthair, "caithfe tú dul a chodla,
agus má bhír id chailín mhaith b'féidir go mbéarfainn lem chois tu ar aonach
Chaitrín amáireach."



"Aonach na leanbh, a mham, aonach na leanbh mbeag an é?"



"'Sé, a laogh, aonach na leanbh mbeag."



"Beirean Caitrín Naomhtha bréagáin chun na leanbh an lá san, a Mham?"



"Beireann, a chuid, uaireanta."



"Cad 'na thaobh, mar sin, ná tugan sí bréagáin chun ár dtighe-ne?"



"B'fhéidir gur mar gheall ar sinne bheith 'nár gcomhuidhe ró-fhada
uaithe, - na éaghmais sin, táimíd ró-dhealbh."



"Ó, ní thugan sí neithe ach chun na naoidhneán saidhbhir? Cad 'na
thaobh, a mham, cad 'na thaobh, adeirim? ba bhreagh liomsa bréagáin
d'fheiscint."



"Seadh, b'fhéidir go bhfeicfá leis, lá éigin, má bhír id chailín mhaith
deagh-iompair anois agus dul a chodla gan mhoill."


L. 21


"Raghad a chodla láithreach, a mham, le hionchas go mbéaradh sí roinnt-
chugham amáireach."



Thuit ciúineas ar an dtig 'na dhiaidh sin. Ar ball ní raibh le clos ach
an anál fhada, réidh, éadtrom. Bhí an leanbh 'na sámh chodla - agus an
mháthair, leis.



B'í la Bretonne an t-aon duine amháin sa tig nár fhéad codla. Bhí
mothú éigin 'na raibh suairceas agus duairceas measgtha le chéile ag cor-
ruidhe 'na croidhe, agus dhein sí maranna ar chuma nár chleacht sí riamh
cheana ar an naoidhneán óg úd do mhairbh sí blianta roimis sin...
agus mar sin dí go breacadh an lae.



Bhí an mháthair agus an leanbh 'na dtoircim suain, ach d'eirigh la Bre-
tonne, d'éaluigh sí an doras amach agus siar thar nais léi an bóthar arís agus
níor stad cos léi gur bhain sí Auberive amach arís. Shiubhail sí go mall
righin suas an t-aon tsráid amháin, ag féachaint go géar ar shighnibh na
siopaí. Fé dheire, do tháinig sí don saghas a bhí sí a lorg. Do bhuail sí
ar an ndoras agus níorbh fhada gur hoscladh é. Siopa éaduightheora dob
eadh é do réir a chomharthaí, ach bhí bábóga, bréagáin agus rudaí mar sin
san bhfuinneóig leis. Rudaí suaracha iad go léir, bábóga bata, arc Noe,
agus caora bheag, ghiobalach cos i dteannta.



Chuir la Bretonne iongnadh a chroidhe ar fhear an tsiopa nuair chean-
nuigh sí a raibh ann díobh. Dhíol sí asta agus thug a bóthar arís uirthe.
Bí sí ag tabhairt aighthe arís ar an mbothán sa choill nuair leagadh lámh
throm ar ghualainn uirthe. Ar iompódh dhi bhí oifigeach gendarmerie os
a comhair amach. Níor chuimhnigh sí go raibh sé i gcoinne na dlighe d'aon
chimea sgaoilfí fanamhaint in achmaireacht na carcrach.



"Taoi ag leadarántacht anso fós nuair ba cheart dhuit bheith i Langres
féan am so," ars an t-oifigeach go haithrinneach. Téanam ort anois agus
brosduigh. Bímís ag bogadh."



Cheap sí an cás do mhíniú dho, saothar in aisge, ámh. Fuarthas cárr
a bhí ag gabháil thar brághaid. Sáthadh La Bretonne isteach ann, agus
an gendarme dá tionnlacan. Bhí sí arís ag cur an bhóthair go Langres di.



Seo chun siubhail an cárr dá shúngadh thar puillínibh oidhrighthe an
bhóthair. Bhí croidhe la Bretonne dá shníomh, ach choinnigh sí greim ar a
beirtín bréagán, ar a shon go raibh barra liobar ar a méireanaibh.



De phreib, ó chasadh den bhóthar, d'aithin sí an casán a bhí ag rith isteach
tríd an gcoill. Do léim a croidhe agus d'impigh sí ar a gárda stad ar feadh
nóimid. Bhí teachtaireacht aice do la Fleuriotte, bean a bhí 'na comhnuidhe
istig annsan. D'athchuinigh sí chomh dian san ar an ngendarme gur ghéill sé


L. 22


dhí. Stadadar, ceangladh an capall de chrann agus do bhogadar leo an casán
suas. Bhí la Fleuriotte ag gearradh adhmaid ar aghaidh an dorais. Nuair
chonnaic sí chúice la Bretonne agus gendarme 'na fochair, do leath a súile
uirthe agus thuit a lámha ar liobarnaigh síos.



"Eist! Eist!" ar la Bretonne," an leanbh - Bhfuil sí na codla fós?"



"Tá - ach -"



"Máiseadh, seo roinnt bréagán, fág ar a leabaidh iad agus abair léi gurbh
í Caithrín Naomhtha thug chúiche iad. Chuas thar nais go Auberive chun
iad d'fháil. Ach is amhlaidh nár cheart dom san do dhéanamh, agus táthar
im breith go Langres anois."



Bhí an oiread san iongnadh ar la Fleuriotte nár fhéad sí a rádh ach, "a
naomh Mháthair Dé."



"Eist! Bí do thost, adeirim!"



Do dhruid La Bretonne chun na leabthan agus do leath sí ar an gcuilt
an t-arc, an chaora agus uainín beag breac-shughach. Chrom sí lámh nochta
a leinbh i dtreo go raibh sí timcheall an uainín, annsan d'iompuigh sí ag mion-
gháirí.



"Anois," ar sise leis an ngendarme a bhí ag cimilt a shúl i muinchille
a ionair - is dócha go raibh an cuisne ag cur ortha - "Anois, táim réidh-
Bímís ag bogadh."



SEÁN UA CONCHUBHAIR.


L. 23


Cill Droichid agus an Déan Swift.



Is deas an áit Cill Droichid i gConntae Chille Dara deich míle ó Bhaile
Atha Cliath agus is geal an tír atá le feicsint ar gach taobh dhe. Sreab-
hann an Life thart fá dhroichead cloiche ar cheann an bhaile bhig i ngar
do shean-mhuileann atá ar bhruach an tsrotha. Dálta a láin sean-mhuileann
eile ar fud na hEireann, fairíor' is fada an lá nach ndearnadh aon obair ann.
Tá sé ag tuitim 'na mhúta anois' agus an t-eidhean ag fás mór-dtimcheall ar a
chreatlachaibh agus ar a bhallaíbh. Cé nach bhfuil i gCill Droichid acht aon
tsráid mhór amháin féadtar a rádh go bhfuil a chion féin de stair na hEireann
ag baint leis. Do chaith an t-Athair Domhnall Ó Súilleabháin tráth 'na
shagart parráisteann sul ar aistrigh sé Searc-leanmhain Chríost go Gaedhilg.
An t-áras breagh uasal úd, nach bhfuil i bhfad ón mbaile bheag ar a nglaodhtar
Teach Bhaile an Chaisleáin, is ann do chomhnuigheadh muinntir Uí Chong-
haile, agus is lena mbunadh-san an áit chéadna fós. Bhí fear aca-san 'na
speaker i bPárlaimid na hEireann le linn an Déan Swift bheith i mBaile Atha
Cliath agus tá trácht faoi le léigheadh ins an seanchas a bhaineas le "leith-
phighníbh Wood."



Tá áras duine uasail eile ar bhruach na habhann a gcurtar an Mhainistir,
nó Mainistir Uí Mheárlaigh, air. Níl a fhios againn go cinnte an raibh manaigh
riamh 'na gcomhnuidhe ann. Má's rud é go raibh níl a rian le tabhairt fá deara
ar an áit indiu, acht tá leachta greanta cloiche le feicsint taobh amuigh de
dhoras mór an tighe agus dá gcreidfí an scéal atá ag na daoinibh san gcomh-
ursanacht, is iad leachta Bhriain Bhóirmhe agus a bhainchéile iad. Is
aoibhinn an talamh atá ar an taobh istigh de bhalla teorann na Mainistreach.
Is iomdha sean-chrann breagh árd atá ag fás ann leis na céadtaibh. Tá
crainn-iubhair agus faidhbhilí agus leamháin ann, agus tá labhras agus pailm
do tháinic ó thír i gcéin le feicsint in aice leis an tigh mór. Bíonn toma glasa
agus bláthanna cumhra ar fud an gharrdha san samhradh agus bíonn sruthán
deas ag glugarnaigh i gcomhnuidhe thríd. Tá sean "Droichead na Cairrge"
trasna na Life taobh istigh de thalamh na Mainistreach. Níl acht cosán caol
ar a bharr agus b'aoibhinn d'éinne bheith ag breathnú uaidh amach ar uisce
na habhann ag gluaiseacht go glórach fá n-a bhun thar leacaibh agus thar
chlochaibh le fánaidh, agus scáile duilleabhair na gcrann os a chionn.



Lá breagh gréine i dtosach an fhóghmhair dá rabhas-sa ins an áit úd
bhí beirt bhan uasal ón mbaile bheag dom' thíodhlacan. Thosuigheamar
ag seanchas le chéile i dtaobh an Déan Swift do chaitheadh seal annsin, corr-
uair' corr-am le linn "Vanessa" bheith 'na comhnuidhe san tigh. Ba léithi-se


L. 24


an Mhainistir, an tráth úd. Fágadh an áit aici in udhacht a hathar agus is
annsin do fuair sí bás.



Ba mhór iad ainm agus clú Sheóin Swift i stair Gall in Eirinn san ochtmh-
adh haois déag. Ba Eireannach de phór na nGall é. Ba bheag an cion do
bhí aige ar Ghaedhealaibh agus ba lugha ná é a mheas ortha. Ní raibh ionnta,
dar leis, acht "lucht admaid do ghearradh agus lucht uisce do thógáil." Fear
duairc, domblasach, duibheacántach a b'eadh é. Bhí an searbhas agus an
mhioscais agus an mhailís go smiorr agus go smúsach ann. Gan géilleadh
don mhéid sin ba mhór an t-eagnaidhe é gan amhras ar bith. Bhí géire tuig-
seana agus innleacht aigne aige. Ní raibh aon ughdar Béarla ann lena linn
ba thriolladhasaighe ná ba thábhachtaighe de réir inntinne cinn ná é. Ní
féidir a rádh go raibh sé 'na fhear chráibhtheach riamh agus dá mhéid eolas
agus radharc agus foghlaim do bhí aige is iongnadh linn go ndearnadh cléireach
eaglaise dhe. Ba iomdha ráfla agus siosarnach 'na thaobh do bhíodh ag
gluaiseacht san dúthaigh agus níor cheil sé féin ar éinnean dí-mheas do bhí
aige ar an gcineadh daonna. Ina dhiaidh sin agus uile féadtar a rádh go
raibh cion ag an bpobal air, i mBaile Átha Cliath, go háirithe. Níorbh fhada
dhó i mbun a ghnótha in Eirinn tar éis teacht go hArd-teampull Phádhraic
dó nó gur fhás déistean 'na chroidhe in aghaidh riaghaltais Shasana. Níor
fheall sé ar na daoinibh dh'á gcosaint ar leathtrom fir-ionaid an ríogh agus
ar chuirptheacht an chipe do bhí ag cuidiú leis. Bhí sean-eolas ag an Déan
ar a dtréarthaibh agus ar a dtútaighil agus níorbh fhallsóir é d'á gcrádh go
millteach leis an nimh do thigeadh ina sruth ó bharr a phinn. D'fhuagair
tighearna Carteret barántas lena ghabháil agus trí céad punt don té a thiu-
bhradh aon fháirnis air an tráth ar cuireadh amach na haistí úd i dtaobh a
raibh beartuighthe ag Wood agus ag Baindiúice Kendal le chéile. Is amhlaidh
bhí an bhaindiúice 'na leannán ag righ Shasana agus d'oibrigh sí go dúth-
rachtach nó go dtugadh cead do Wood an-chuimse leithphighní do dhéanamh
le haghaidh muintire na hEireann. Ba mhaith a bhí a fhios aici go bhfuigh-
eadh sí seachadadh mór uaidh-sean chomh luath ar domhan is bhéadh toradh
a chod' foghlaidheachta ina phóca aige. Mo thruagh thú, a Chaitlín Ní Ual-
lacháin an aimsir dhubh, dhorcha úd, agus cos mhná mar Kendal ar mhuineál
ort! Bhí a fhios ag Eirinn bhig agus ag Eirinn mhóir cé'rbh é an "Drápier"
do scríobh na litreacha acht níor scéith éinne ar an Déan. Bhí an fear-ionaid
le cúthach acht ní raibh leigheas aige ar an scéal. Bhí an báire ag Swift agus
lean sé ag leadradh snámhaidhthe mí-náireacha an riaghaltais ar a shean-
dicheall nó gur fágadh iad buailte briste fá tharcaisne an tsaoghail san deireadh.
Fear aigeantach ab eadh Seón Swift gan aon amhras, acht is beag nach


L. 25


lán-chinnte go raibh rud eicínt amú lena mheabhair shaoghalta. Bhí eagla
i gcomhnuidhe air féin go raibh an ghealltacht i ndán dó agus ba mhór an
crádh croidhe dhó é. Ba mhinic an mhairbhitighe agus an dúire dh'á bhaint
ón tsaoghal, agus b'fhéidir gur mhó an truagh 'ná an milleán do bhí tuillte
aige i ndeireadh na dála.



Bhí caidreamh mór idir an Déan agus beirt bhan uasal ar bhaist sé féin
"Stella" agus "Vanessa" mar ainmneacha ortha. Ba aisteach an grádh
do bhí ag Vanessa air. Grádh gan chéill gan réasún, gan dóchas ab eadh é.
Leanadh sí d'á mholadh gan stad. Deireadh sí leis nárbh fhearr léithi rud
ar bith ná bheith ina chuideachtain ag comhrádh leis agus ag éisteacht lena
bhriathraibh béil. Is léir go raibh cion ag an Déan uirthi-se. Níorbh mhaith
leis an focal cruaidh a rádh léithi acht ba é a bhuac gan baint leis an mhnaoi
sin i n-aon chor. Ina ionad sin do chum sé dán ag cur síos ar an gcaidreamh
do bhí idir "Cadénus" agus Vanessa, agus caithfear a rádh 'na thaobh go
mb'fhearrde an scéal gan a leithéid bheith scríobhtha ar chuma ar bith. Ar
an am chéadna bhí an Déan agus Stella mór le chéile. Pósadh iad san mbl.
1716 i ngan fhios don tsaoghal acht bhí amhras ag Vanessa go raibh rud eicínt
eadortha. Thosuigh na héada dh'á crádh agus ní raibh sí sásta nó gur chuir
sí litir ag triall ar Stella dh'á fhiafraighe dhi an raibh sí pósta le Swift i ndáirírí.
D'admhuigh Stella go raibh agus céard do rinne sí acht litir Vanessa do thab-
hairt don Déan. B'in é an creach! Chuaidh seisean ar sodar lom díreach
go dtí Cill Droichid agus isteach leis i leabharlainn na Mainistreach mar a
raibh Vanessa 'na suidhe roimhe. Chaith Swift an litir do scríobh sí féin ar
an mbord agus as go bráth leis gan focal a rádh. Thuit Vanessa i bhfanntas
ar an urlár agus nuair a tháinic sí chuici féin arís bhí a croidhe briste. Ní
raibh aon leigheas i ndán don chréatúr agus d'éag sí tamaillín thar a éis sin.



Mar sin don té úd,
A thug an-toil don ghrádh.
Mar bhéadh crann i lár sléibhe
Is é gan fréamha ná croidhe slán!



An bheirt bhan uasal do bhí im' chuideachtain an lá úd a rabhas-sa san
Mainistir, threoruigh siad mé cois na habhann chomh fada le "suidheachán
Vanessa." Sin binse cloiche fá áirse ar bhruach an uisce. Ba annsin, má's
fíor an seanchas, a mbíodh an Déan Swift agus Vanessa 'na suidhe le chéile,
eisean ag léightheóiracht agus ise ag éisteacht leis. Thaisbeán na mná uaisle
an "geata aerach" ar thaobh an bhóthair dhom, froisin, agus d'inníseadar
dhom go bhfeicthear Vanessa ag suiblóideacht 'na "mnaoi uasail ghil" ina


L. 26


aice um uair mhairbh na hoidhche. Má's fíor, bréagach an scéal é so, dubh-
airt na mná uaisle liom nach raibh a fhios ag éinne cé an áit a bhfuil Vanessa
curtha.



D'fhanas tamall im' thost ar sh uidheachán Vanessa. Lá foghmhair a
bhí ann agus ba iomdha dath áluinn a bhí le feicsint im' thimcheall. Bhí na
duillí ag tuitim anuas orm agus mé ag faire ar an abhainn agus ag éisteacht le
monubhar an easa. Ba bheag "binn-ghuth éin" a bhí le clos in áirde. Bhí
a fhios agam go raibh an geimhreadh ag druideamhaint linn. Níorbh fhada
go mbéadh na crainn lom gan bláth gan duilleabhar. Ba ghearr go bhfeicfí
an fhearthainn ag siobadh le gaoith agus an tuile ag ropadh thart go gargach
glórach. Ní raibh i ndán don tír acht an doineann agus an gairbhthean.
Chuimhnígh mé ar an Déan Swift agus ar an mnaoi dona do bhíodh chomh
minic sin ins an ionad céadna. Lá foghmhair eile a bhí ann an uair dheiridh
a raibh siad annsin le chéile. Bhí samhradh a saoghail-sean thart an lá úd
agus gan aon toradh ag ceachtar aca d'á bhárr. Bhí gile na gréine ag im-
theacht agus bhí an dorchacht ag teacht ortha. Níor mhair sise le samhradh
eile d'fheicsint agus bhí an chumha agus an cathú' ag criathairt a chroidhe-
sean le bliadhantaibh nó gur fágadh é ina ghealt i ndeireadh a ré. Ba bhrónach
an scéal é ar fad, acht níor buaileadh é isteach im' aigne i gceart go dtí gur
shiúbhlas féin casáin na Mainistreach cois Life i ngar do Chill Droichid.



An Buachaillín Buidhe.


L. 27


Iascairí na Rinne.



Is mór an maoidheamh agus an mórtas don dream san d'fhíor-shliocht
na nGaedheal .i. muinntir na Rinne, an blúire beag talmhan a thug Dia
dhóibh le comhnuidhe ann. Má tá áit in Éirinn atá go haoibhinn, áluinn,
aereach chun mí no dhó do chaitheamh ann le linn agus an ghrian a bheith
in aoirde na spéire, isé an Rinn é. Tá radharc ar shliabh agus faraige ann.
Tá an fraoch is an t-aiteann ann. Tá páirceanna míne glasa ann, - agus
cuireann grian an tSamhraidh maise ar na rudaí seo go léir. 'Na theannta
san tá an t-iasgaire ann go calma, fuinte, fighte lena chéird, - é ag síor-
agallamh leis an fharaige agus leis an mhuir mhór bhraonach, agus 'na shlighe
bheag féin ag maireachtain sa roinn talmhan san díreach mar a bheadh sé
ar oileán i lár na mara. Leigheas don chroidhe, binneas don chluais, mair-
eachtain trí no cheithre aois siar iseadh bheith ag éisteacht leis ag spalpa
amach na Gaedhilge - í ag teacht 'na slaoda, agus 'na ruathar reatha, agus
'na maidhm shléibheas a bhéala amach.



Is aoibhinn áluinn folláin, slántúil an saoghal é saoghal an iascaire. Ní
bhíonn air ach bualadh amach moch no déanach mar a rángóch' ar maidin
agus casadh isteach um thráthnóna no le tuitim na hoidhche. Béidir go
mbéarfadh scailp no iaracht de dhroch-aimsir air anois agus arís ach ní dada
leis é mar tá an taithí aige, agus tá an misneach aige, mar is minic i mbéal
an bháis é ar feadh tamaillín bhig.



Tar éis na Nodlag agus laetheanta cruadha an gheimhridh iseadh bhíonn
an t-iascaire ag cuimhneamh ar thosach a dhéanamh ar obair na bliana.
Thimchioll lár mí Feabhra a thagann bogadh beag agus macántacht ar an
aimsir. Is gnáth gurab é an trál an líon a bhíonn idir lámha aige an t-am so
'bhliain. Is ait an líon é an trál. Tá déanamh an mhála air' ach amháin
gur leithe go mór 'na bhéal é ná siar ann; tá na lúba ana-mhór 'na
bhéal agus bíonn siad ag dul i laighead siar ann. Tá dhá phóca
thiar ann, ansan, agus aon bhreac a ghabhann siar fanann sé thiar.
Ach tá níos mó ná an mála amháin ann. Tá dhá mhuinirtle
ceangailte ar dhá thaobh béil an mhála agus iad mar dhá
sciathán amach roime ar gach taobh, gach ceann acu thimchioll cheithre
slata déag ar faid. Bailigheann siad-so an t-iasc. Sleamhnaigheann an
t-iasc siar díobh isteach sa mhála. Tá córacha eile mar cláiríní, téada, luagha
agus polaí ag gabháil leis nách féidir a chur i dtuisgint ró-mhaith gan a bheith
ar an spota agus an obair a fheiscint.



Ní bhíonn i líon ach snáth, agus tá 'fhios againn ná fuil snáth ró-láidir


L. 28


má deintear mórán éagcóra air. Is 'mó namhaid aige dá bhrígh sin; agus
isé an namhaid is mó an chloch. Tá sé ar an iascaire bheith an-fhaireach
nuair atá sé ag trálaereacht. Caithfe sé fios gach talamh gainimhe a bheith
aige, agus má tá carraig ná cloch in aon áit, ná anncaire mór, ná blúire de
sheana-luing, tá marc aige air agus ní baoghal go raghaidh sé 'na threo nuair
atá sé fé phut, isé sin, nuair atá an mála amuich ag iascaireacht aige. Bíonn
an t-iascaire ana-ghéar ar an marc, agus ní hé gach éinne a thuigfeadh é nuair
a bhíonn sé ag cur síos ar na marcanna so. Saghas béarlagar, no caint chéirde
innte féin atá innte.



Bhí fear ó Bhaile Átha Cliath sa Rinn cúpla bliain ó shoin, agus chuaidh
sé amach ag trálaereacht. Bhí an Ghaedhilg aige, agus ba bhreágh leis bheith
imeasc na n-iascairí ag caint agus ag seanchas leo agus ag éisteacht leo féin
ag caint lena chéile. Bhíodar thimchioll cheithre mhíle chun faraige nuair
a labhair an fear a bhí ar an stiúir. "Cá gcuirfimíd amach an mála?" ar
sé. "Cuir Carraig an Oileáin ar Chruachán agus oscail Ceann Áirde Móire,"
arsan fear a bhí 'na sheasamh ag bun an chrainn. Shíl fear Bhaile Átha
Cliath go mbeadh droch-obair ar siubhal. Ní fheadair sé ó thalamh an
domhain conas a bhí an gnó le déanamh. Ní fheaca sé gunna mór ná gunna
beag ar fuaid an bháid agus ní fheaca sé aon long chogaidh in aon áit ar fuaid
na Faraige a thabharfadh congnadh sa ghnó. Ach ní raibh a thuille sa sgéal.
Ní raibh éinne ag cur aon fhonn mór oibre air fhéin. "Conas a dhéanfa sibh
an obair sin?" arsa stranséir fé dheire.



"'Dé'n obair?"



"Carraig an Oileáin a thabhairt ar Chruachán agus Árdmhóir a oscailt."



"Ní thuigeann tú an méid sin?"



"Ní thuigim a mhiceó, conas a thuigfinn?"



"Bhoil, cuirfead-sa i dtuisgint anois duit é. Féach isteach mar seo chun
na talmhan. An bhfeiceann tú an splinc árd san ar an sliabh? sin é Cruachán,
agus an bhfeiceann tú an charraig a raibh na préacháin bhána uirre agus
tu ag gabháil thóirste? siní Carraig an Oileán. Nuair a bheidh an charraig
díreach ar aghaidh an splinc, beidh an Charraig ar Chruachán."



"Agus ná fuil sí ar a aghaidh?"



"Tá, ach caithfimíd dul amach tamall eile. Beidh an Charraig ar an
Oileán i gcomhnuidhe, ach is gairid go bhfeicfir siar mar seo uait Ceann Áirde
Móire, beidh Carraig an Oileáin ar Chruachán agus Ceann Áirde Móire oscailte
ansan."



"Agus cad is gádh san?"



"Céird, a dhuine uasail. Thíos fúinn anso anois tá carraig - Carraig


L. 29


Philib a tugtar uirre, agus caithfimíd gabháil thóirste chun a bheith ar
thalamh glan."



"Tuigim anois. Tá eolas agaibh ar geometry i ganas don saoghal."



"An drae eolas againn ar cham ná díreach ach an méid sin. Inneosaimís
duit anois an marc atá ar gach aon charraig agus cloch ó Chuan Phortláirge
go Cuan Eochaile."



Dob fhíor do. Tá an t-eolas san acu, agus ní ciall mhúinte í ach ciall
cheannaighthe, mar dá oilte agus dá chlisteacht iad is minic go gcuireann
an ceo agus an doircheacht amú iad agus go gcailleann siad an mála.
Sé saghas éisc a bhíonn sa mhála ná leathóga agus sóil agus fo-iasc eile mar
trobart, cnámhdán, ruthaí agus mion-iasc. Beireann siad isteach go
Dúngarbhán é agus díolaid le ceannaightheóirí é.



Chun trálaereacht a dhéanamh ní mór gaoth cuibheasach láidir a bheith
ann, mar is ag braith ar an ngaoith a bhíonn siad chun an mála a tharraingt.
Bíonn an mála thíos ar an ngainimh agus téada leabhaire as, agus na téada
san ceangailte ar barraí dhá pholla mhóra a bhíonn amach as dhá chliathán
an bháid. Bíonn gach seol teann anáirde ar an mbád agus 'na lán-tharraingt
ag imtheacht fairsing leis an ngaoith. Sa tSamhradh is minic ná bíonn aon
ghaoth ann, agus dhéanfaidís athrú oibre le haon chaoi a thiocfadh.
Dá dtiocfadh calma, d'fhanfadh roinnt bád istig. Chuirfidís isteach líonta
scadán, no macraelí, agus raghaidís ag baint tástáil as an bhfaraige leo. Dá
mbeadh roinnt éisc acu bheadh áthas ar gach éinne. Chuirfeadh gach éinne
isteach na líonta ansan, agus bhainfí trí no ceathair de mhíonna oibre asta.
Ní hiasc seasmhach é an scadán ná an macrael. Nuair a bhíonn sé fairsing'
bíonn sé ana-shaor' agus nuair a bhíonn sé gann, bíonn sé daor go leor.



Ní mar a chéile an líon scadán agus an trál. Is mór an deifir atá eatorra.
Ní líon a bhíonn ann, ach líonta. Bíonn thimchioll fiche líon ceangailte dá
chéile, agus tugtar srang orra go léir le chéile. Bíonn téad in uachtar orra,
agus coirc ar an dtéad chun ná beadh an t-uachtar agus an t-íochtar ag cur
isteach ar a chéile. I bhfochair na gcorc so bíonn buidheanna (buoys), ach ní
bhíonn siad ceangailte ar an dtéad díreach, bíonn siad ceangailte de theadáin
bheaga a bhíonn ceangailte den téad. Insan oidhche is gnáth ag iascaireacht
leo. Bíonn an bád agus na líonta sínte aiste thimchioll míle slighe treasna
na faraige. Is gnáth ná bíonn ach fear no dhó suas insa bhád. Bíonn solas
ar lasadh innte. Bíonn an bád agus na líonta ag imtheacht leis an bhfaraige
go dtarraingtear ar maidin le breaca lae iad.



Nuair a theipeann ar an líon scadán téidhtear ar an dtrál arís, ach amháin
sa gheimhreadh nuair a bítear ag obair le spiléir no le trammels ar charraig-
eacha cois tíreach. Le linn an chogaidh, deineadh ana-chuid den obair seo


L. 30


agus thairbhig an t-iascaire go maith dhi. Agus ós ag tagairt do so, is cuim-
hin liom féin, agus le beirt Ghaedhilgeóirí eile, bheith ag éisteacht le gasra
iascairí ag cur síos ar phoilitíocht. Thárla go raibh fear 'na measc ná raibh
an Ghaedhilg go pras aige, ach sceimhle ab eadh é chun an Bhéarla. Bhí
an chaint ar fad fé féin. 'Sé rud a bhí sé ag cur síos air ná ar Shaoirse na
Faraige, isé sin, an sgéal a bhí idir lámha ag ceann urradh na Stát. Bhí sé
ag caint agus ag caint gur chuir iascaire isteach air. "Féach!" arsan t-ias-
caire, "is olc an ceart Saoirse na Faraige bheith ann."



"'Dé saghas caint í sin," arsa fear an Bhéarla, "dar ndó ní thuigeann
tusa an cheist ar aon chor."



Masa d'eirigh an t-iascaire ar a chosa. Gaedhilg a labhair sé, ach amháin
gur chuir sé isteach "fraidom ov the says" anois is arís.



"Is dócha ná fuil aon tuisgint ag éinne ar aon rud ach agat-sa," ar sé.
"Dá mbeadh fraidom ov the says ann ná faghadh muintir Bhaile uí Choitín
agus gach aon mhuintir eile teacht anso agus iascaireacht a dhéanamh sa chuan
so? Gheobhaidís spiléir, agus potaí, agus trammels a chur amach i gCarraig
na mBan agus i gCarraig an Oileáin, - is beag ná tiocfaidís isteach go dtí
teinteán na teine chughainn. Cá bhfios duit-se 'dén mhaith ná olc a dhéan-
fadh fraidom ov the says ach a bheith ag séide leat? Chífe tú, agus cuimhnig
ar cá bhfuil mise agá rádh leat, go mbeidh muintir na Rinne ag béice má
bhíonn fraidom ov the says againn."



Níor mhaith le fear an Bhéarla dul níos sia leis an sgéal. 'Sé rud adubh-
airt sé ach go raibh an cheist 'na Domestic Question aige. Ach d'eirigh rí-rá
ansan idir na hiascairí agus marar deineadh ceist Rinne de Shaoirse na Faraige
ní lá fós é.



Mar atá ráidhte thuas agam, ní bhíonn anois ag iascaire na Rinne ach
an trál agus an líon sca dán. D'imthigh saoghal na gcolmóirí le teacht na
stíméirí trál ó Shasana agus ón bhFrainc. Mharbh siad-san an colmóir agus
síol an cholmóra. B'é an colmóir an t-iasc b'fhairsinge sa tsean-aimsir. Anois
níl aon trácht ar aon chor air. Agus ní hé an t-iascaire a airigheann uaidh é
ach na feirmeóirí, mar fadó bhíodh iascairí na Rinneag cur an cholmóra ar
salann, agus ansan, ar theacht an gheimhridh, théidheadh sé ó thuaidh go
dtí Cluain Meala, Caiseal, Fíodh Árd, go dtí'n Chathair agus an fhaid le Dúrlas
Éile ag díol na gcolmóirí bréagh' buidhe sin. Agus is feas dom go bhfuil i
ngach baile de sna bailte móra san seanóirí gur geal agus gur macánta an
chuimhne atá acu ar na sean-iascairí a bhuaileadh an tslighe chúcha. Agus
ní hé an colmóir amháin a airigheann siad uatha, ach an gáire agus an fháilte
agus an croidhe breágh Gaedhealach agus, thar gach aon rud, an teanga
bhreágh mhilis Ghaedhilge.



NIOCLÁS TÓIBÍN.


L. 31


Draoidheacht na Talmhan.



"Chonaic Pan an tuamba agus rinne sé gáire." - Lord Dunsany.



Is cuimhin liom, nuair a bhíos im' pháiste, go bhféachainn go minic ar
na crainn 'á luasgadh leis an ngaoith, agus ar sgáileanna sgamall ag rith
ar na cnocaibh, agus ar na réaltaibh ag breathnú uatha as gorm na spéire;
agus ag féachaint orra dhom, ghlacfadh na neithe seo riocht nua orra féin,
thaisbeánfaidís iad féin dom ina gcuma fíor' thosnóchaidís ag cogar le
chéile faoi'n mbeatha mhillteach sgáiliúil ba leo. Bhínn lán-chinnte uair-
eannta go raibh aithne ag crannaibh is ag cnocaibh orm-sa; ag siubhal dom
trí choill do mhothuighinn gurab eol do gach crann mé bheith ann, agus
anois is arís mhothuighinn go raibh cáirdeas iongantach áluinn eadrainn.



Measaim anois go mbíonn na páistí i ngar do'n bheatha seo ar a bhfuilim
ag trácht. Agus bíonn siad, freisin, i ngar do'n spioraid go mbíodh dlúth
bhaint idir í agus an bheatha seo i gcomhnaidhe - .i. spiorad na nGréigeach
is na nGaedheal, spiorad na gcineacha a chreideadh go bhféadfaidís, le
amhrán is le damhsa diachta, agus le neart urraime, iad féin a chócheangal
le Déithíbh na Talmhan agus na Teine, an Aeir agus an Uisge.
Agus measaim, leis, gurab í cuimhne na hAoise Órdha a thugann na páisti
níos giorra do'n bheatha seo ná daoine fásta. Táim deimhnitheach gur
chuimhne éigin do bhíodh 'á aithbheóchaint ionnam-sa nuair a dhamhsuighinn
leis an ngaoith, nó nuair d'umhluighinn do na réaltaibh, nó nuair a phógainn
an chré.



Bíonn na páistí níos giorra do'n chuimhne ársa seo ná mar a bhíonn
daoine fásta, dubhras. Óir ní coinnighthear fá chois iad ag an gcumhacht
bhig shuaraigh úd a dtugtar an réasún uirri, agus a gcuirtear an oiread sin
suime innti indiu. Ar nós áilneachta an dínnseanchais Eireannaigh, bíonn
anam an leinbh a bhfuil samhluíocht aige gan teóra. Diúltuigheann sí bheith
faoi smacht ag tíoránacht amaideach an réasúin. Bíonn sí simplí, dána,
neamheaglach, agus' ar an adhbhar sin, baineann sí an bealach cóir amach,
agus tugann a haghaidh ar an bhfírinne.



Má luighimíd go socair ar shleas cnuic nó i measg crann foraoise móire
éigin, ár gcroidthe saor is glan ó chlabaireacht foclach as leabhra eóluíochta,
tuigimíd ná fuil Pan marbh, ná fuil na Sidheóga imthithe, ná fuil an talamh
ina fód mór cré. Tuigimíd go bhfuil gach uile bhall lán d'iongantas, go bhfuil
gach uile rud beó, go bhfuil draoidheacht i bhfolach i ngach áit fós. Mothuig-
him go minic go gceileann gach rud so-fheicse iongantas aisteach éigin, agus


L. 32


nuair a bhíos beag cheapainn go mbíodh daoine móra lonnracha i ngach áit,
go mbíodh na mílte sluagh im' thímpeall. Níorbh eól dom an uair sin go
bhfuil, de réir mórán smaointeóirí móra, meabhair is tuigsint ag an uile rud,
agus gur féidir gurab iad cuimhneacha na talmhan ag cogar im chluasaibh
na fórsaí do-fheicse do mhothuighinn im ghar. Táim siúrálta go bhféadann
cuimhneacha is smaointe na talmhan atmoisféara do chruthú fé mar fhéadann
cuimhneacha is smaointe duine daonna, a dhéanamh, agus go dtig le daoiníbh
áirithe an atmoisféara úd a mhothú, agus béidir, na híomháighthe diamhaire
chuireann sí uaithi a fheiceál is a thuigsint. An amhlaidh a chreidimíd ná
fuil, agus nárbh' fhéidir a bheith, aon bheatha ann acht amháin ár mbeatha
féin? An éigin dúinn a cheapadh ná fuil teanga ag áitreabhaigh tíre áirithe
ar an adhbhar ná labhrann siad an teanga a labhraimíd-ne? Bímíd ag úta-
máil ar dhruim an domhain ag rádh dhúinn féin go bhfuil an talamh gan
meabhair agus chó marbh le caoirfheóil ar nós deargáin ar dhruim an ealafánta.
Béidir go gceapann seisean an rud céadna faoi'n ealafánta...



Dá smaoineóchaimís ar an gcruinne mar do smaoinigheadh ár sinnsir,
le tuigsint agus le creideamh ina cumhacht, agus ina meabhair, thaisbéanfadh
sí í féin dúinn mar a thaisbeánadh sa tsean-aimsir, measaim - ina garrdha
diamhair líonta d'áilneacht agus luchtuithe de dhraoidheacht. In Éirinn ba
chóir go mbéimís i ngar don draoidheacht san. Tá talamh na hEireann lán
de chuimhneachaibh iongantacha, beó le háilneacht. Sa tsean-aimsir do
thuigeamar go raibh ár dtír líonta go bruach de mhistéire is d'iongantas-
dearbhuigheann ár ndínnseanchas é sin. Ní mór dúinn filleadh do'n áilneacht
ba linn nuair a chuir Aonghus a mhéireanna ar a chláirsigh do'n chéad uair.



Mícheál Mac Liaimmhóir.


L. 33


Tuatha Dé Danann.



"Cérbh'iad Tuatha Dé Danann?" Dá gcuirinn an cheist seo ort,
a léitheóir, is dócha go ndéarfá: "Ó! Déithe, nó rud éigin eile den
tsaghas san ab'eadh iad sa tsean-aimsir." Ach an bhfuil eólas níos cruinne
agat ortha? B'fhéidir ná fuil, - agus is beag duine in Éirinn indiu go bhfuil
an t-eólas san aige. Is dóigh liom nár bhfeárr rud a dhéanfainn ná cúntas
gairid do thúirt ortha anso. An fiú cur síos ortha? - Má's fiú trácht ar na
sean-Ghaedhealaibh in aon chor, is fiú cur síos ar a "ndéithe nó rud eile den
tsaghas san."



Tá an cúntas go léir le fáil i Leabhar Gabhála, nó i bhForus Feasa an
Chéitinnigh. Tugtar Leabhar Gabhála ar an gcéad leabhar acu, mar is é atá
ann ná cúntas ar na daoine go léir go raibh tír na hÉireann fé n-a smacht roim
aimsir na nGaedheal. Sid iad iad:
Ceasair le n-a triúr fear agus a leath-chéad de mhaighdinibh. Bádhadh iad
sa Dílinn.



Partholán agus a lucht leanúna. Cailleadh iad leis an bpláigh.



Neimeadh le n-a shluagh daoine. Dob'é sinnsear Thuatha Dé Danann
é. Le linn na tíre do bheith fé n-a rialachas, bhíodh buairt mhór agus
cráiteacht á imirt ar a dhaoine ag na Fómhoraigh. Fé dheire, nuair a bhí
an buaireamh ag dul in olcas, dubhairt muintir Neimhadh nár bhféidir leo
fulang níos sia leis, agus thugadar cath mór ag Túr Conainn (Tóirinis?). Tar
éis an chatha, níor fhan beo acu ach líon aon luinge amháin des na Fómhoraigh,
agus deich dhuine fhichead de chlainn Neimhidh! Ansan bhí trí taoisigh
i gceannus muintire Neimhidh, - Beothach, Semeon agus Briotan. Do
bhailigheadar leo as an dtír. Chuaidh Semeon le n-a naonbhar "i thíribh
Gréce," mar adeir an Leabhar Gabhála. Chuireadar fútha isna tíorthaibh sin
agus bhíodar ag méadú go tiugh. Tháinig eagla ag na Gréagaibh rómpa,
agus chuireadar fé dhaoirse iad! Bainean sé le deallramh nár thaithn an
daoirse sin le sliocht Neimhadh, mar theitheadar as an áit, agus shroiseader
tír na hÉireann i gcionn aon tseachtaineamháin! B'in iad na Fir Bolg.



I dtaobh Beóthaigh agus a naonbhair: d'fágadar-san a dtír dhúchais
leis, agus chuireadar fútha "in insibh tuaiscertacha na Gréice," - pé ar domhan
innsí iad-san! Chaitheadar tamall maith ann, ag foghluim draoidheachta
agus "ilceárda éccsamhla," nó go rabhadar go feasach fíorghlic. B'in iad
Tuatha Dé Danann.



Is minic a tráchtar ar "Lia Fáil," agus deirtear gur thug Tuatha Dé
Danann é go hÉirinn ó Mhór-roinn na hEorpa. Bhíodar ag déanamh a gcuid


L. 34


stuidéarachta i gceithre chathracha, agus thugadar rud éigin iongantach as
gach cathair díobh: sleagh Lugha Lámh-fhada as Gorias, claidheamh Nuadha
Airgead-lámh as Finias, coire an Daghdha as Murias, agus Lia Fáil as Fáilias.
Thóg clanna Milidh an leac so ó Thuatha Dé, agus shuidheadh a n-árd-Rithe
uirthe i gcómhnaí nuair a cuirtí an choróinn ortha. Chuirfeadh sí béic aiste
fé gach rí dleathach (i.e. duine de chlannaibh Milidh) agus d'fhanfadh sí 'na
tost fé rí d'aon tsliocht eile. Mar sin, níor bh féidir aon mhearbhal do bheith
ortha!



Deir an Céitinneach gur tógadh Lia Fáil as Éirinn go hAlbain, ar ngabháil
na tíre sin d'Fhearghus Mhór mhac Earca. I mbliadhain a 1296, do bhris
Eamonn I., Rí Sasana, ar na hAlbanaigh, agus do thóg sé leis an leac go West-
minster. Tá sí sa mhainistir ansan ó shoin í leith. Cuireadh í i gcathaoir
ríoga Rithe Sasana agus suidhid siad uirthe anois nuair a cuirtear coróinn
Shasana ortha. Sin agat scéal Lia Fáil, agus scéal iongantach is eadh é gan
amhras. Ach scéal gan bun gan fírinne is eadh é! Níl ann ach finnscéal
na staraithe n-Albanach.* Is fíor go bhfuil leac chlumhail sa chathaoir
ríoga atá i Westminster anois, agus is fíor gur tógadh an leac chéadna as
Albain i n-aimsir Eamoinn 1. Roimis sin, bhíodh an leac i Score, mar ar
deintí rithe na hAlban. Tá an méid sin cinnte - agus an méid sin amháin.
Ar an dtaobh eile, níl focal le fáil in Annálacha na hÉireann ar an scéal
eile, - gur tógadh Lia Fáil as Éirinn go hAlbain. Dá dtógfaí ní dócha go
leigfidís na staraithe ar ceal é gan tagairt do. Rud eile, tá scríbhinní againn
ón ndeichmheadh aois, agus labhartar ionnta ar an Lia Fáil a bhí na
sheashamh i dTeamhair an uair sin. Deir na scríbhneóirí go bhfeacadar
féin é. Mar sin, ní gádh a thuille rádh ar an scéal so.



Ar gcríochnú a bhfoghluma dhóibh, chuaidh Tuatha Dé Danann chun
comhnuithe in áit a bhí idir Aithne agus tír na bhFilistínigh! D'éirigh cogadh
eatartha-san, agus ghaibh ár gcáirde páirt le muintir Aithne. Bhíodar ag
baint úsáide as a gcuid draoidheachta i gcoinne na namhad, ach monuar!
chuaidh a saothar in aistear agus buadhadh ortha. B'éigean dóibh teithe
godí tuaisceart na hAlban. * Seacht mbliana dhóibh ansan agus Nuadha
Airgead-lámh 'na rí ortha. Iad ag méadú, agus fonn ortha breis talmhan a
fháil. Chuadar i gcomhairle, lá, agus do shocruigheadar ar fhogha do thúirt
fé sna Fearaibh Bolg in Éirinn.



Chomh maith do dheineadar. Ghluaiseadar 'na longaibh agus ní hin-



* Féach: "Irish Monthly" (1884) l. 325; - aiste ón Dr. Seoighe.
& tugtí "Alba" fadó ar oileán na Breataine Móire go léir.


L. 35


uistear a n-imeachta nó gur ghabhadar cuan agus cala-phort sa tír seo. Mar
seo, tháinig Tuatha Dé Danann go "bán-chnuic Éireann Ó."



Tar éis teacht i dtír dóibh, thosnuigheadar láithreach ar úsáid do dhéanamh
dá gcomhachta diablaí. Chuireadar scamall dorcha draoidheachta mór-
thímpal ortha féin, ionnus gur bhféidir leo Sliabh Chonmaicne Réin do bhaint
amach a gan fhios d'éinne. Ansan, d'iarradar ar na Fearaibh Bolg an righeacht
do thúirt suas dóibh, - nó cath do throid 'na taobh. Ghlac na Fir Bolg leis
an gcath, - ní is gnáth 'na leithéid sin de chás. Ansan, tugadh cath fuilteach
Maighe Tuire. Comhrac millteach marbhthach ab eadh é. Na laochra á
gcailliúint 'na mílte ar an dá thaobh. Marbhadh rí na bhFear mBolg. Bain-
eadh a lámh ón ngualainn de Nuadha, rí Tuatha Dé, agus b'éigean rí eile do
chur 'na ionad. Sid é mar a fuair Nuadha a leasainm, "Airgead lámh."
Nuair goineadh é sa chath so, tháinig Dian Cécht, liaigh Tuatha Dé, agus
Creidhne, ceárd airgid, agus chuireadar lámh airgid air. Dheineadar an obair
chomh maith agus dá mba lámh fola is feola a chuirfidís air. Tugadh "Air-
gead-lámh" ar Nuadha as san amach.



Taillte ab ainm don mbanrioghain a bhí ar na Fearaibh Bolg ag cath
Maighe Tuire. Is ait an scéal é, - ach do pósadh í le duine de Thuatha Dé!
Tháinig sí chun comhnuithe le n-a fear i "gCoill Cluan" go dtugtar Tailltin
anois air. Tuigfear gur thug an bhanrioghan a hainm don áit. Tá 'fhios
againn go léir sean-nós na nGaedheal, - mac (nó inghean) do thúirt "ar altrom"
do chomhursain. Bhí an nós céadna ag Tuatha Dé, mar deirtear gur thug
Cian mac Déin Cécht, a mhac, Lugh, ar altrom do Thailltin. Tar éis bháis
Thaillteann, d'fhearadh Lugh agus na rithe 'na dhiaidh, a cluiche caointe gach
aon bhliain. Bhíodh an t-Aonach Mór san ar siúl coigthíos roim Lughnasa
agus coigthíos 'na dhiaidh. Tugaimís fé ndeara conus mar cuirtear ainm
Lugha ar an lá.



Dheineamnar tagairt cheana do sna Fómhoraigh. Is leo-san a thárla
dara cath Maighe Tuire. Níl cúntas ar an gcath so i Leabhar Gabhála, ach
tá scéal fé leith scríte air. Deirtear sa sgéal san go raibh na Fómhoraigh ag cur
cíos agus cána ar Thuatha Dé Danann, nó go rabhadar-san ciapaithe cráite
acu. Fé dheire, shocruigheadar go n-éireóchaidís suas 'na gcoinne. Thugadar
seacht mbliana ag ullmhú, agus annsan tugadh an cath. Ba mhór an chabhair
do Thuatha Dé a ndraoidheacht agus a ngeintleacht. Na laochra gonta á
leigheas gan mhoill ag Dian Cécht. Liacht arm nua á ndéanamh ag Goibhne
gan stad. Níor fhéad na Fómhoraigh an scéal do thuisgint. Thugadar fogha
mór go hobann fé Thuatha Dé. B'uathbhásach an comhlann é. Marbhadh


L. 36


Nuadha le Balor, rí na bhFómhorach, agus marbhadh Balor le Lugha Lámh-
fhada. Briseadh sa deire ar na Fómhoraigh.



Tugtar liosta de rithe Tuatha Dé, a seanchas, agus mar sin de, i Leabhar
Gabhála. Ní bheadh sé i n-ar gcumas, agus ár ndícheall do dhéanamh, cur
síos ortha go léir. Is leór linn na daoine is clúmhla dhíobh do chur i gcuimhne
don léitheóir: Nuadha Airgead-lámh, Lugh Lámh-fhada, Manannán mac Lir,
agus Aonghus mac an Daghdha. D'fhanadar-san agus a sliocht ag rialú tíre
na hÉireann, nó gur tháinig clanna Mílidh.



Ní gádh labhairt ar an gcuma 'nar ghaibh clanna Mílidh Éire. Tá 'fhios
ag gach Gaedheal na sgéalta ag cur síos ar an gceó draoidheachta, agus ar
bhreith Aimhirgin draoi, agus ar an ngaoith dhiablaí do chiur anfa ar an
bhfairrge. Sa deire thiar thall, buadhadh ar ár gcáirde bochta. Cad a thárla
dhóibh annsan? Deir Leabhar Gabhála gur dhíbir clanna Mílidh as an dtír
iad; ach tá a mhalairt de sgéal ag na daoine, i.e. go ndeaghaidh Tuatha Dé
isteach i gcnocaibh agus i bpluaiseannaibh na hÉireann, agus go bhfuilid siad
annsan ó shoin i leith. Rud eile, féadaid an tír do thaisteal fós, agus ní féidir
linne iad d'fheiscint le n-ár súile corpora! Is minic a thugaid congnamh
éigin do dhaoine, ach is minic a dheinid díobháil dóibh leis.



Sin anois an cúntas atá le fáil i sean-leabhair staire na hÉireann. Las-
muich des na sean-leabhair, tá scéalta fé leith ar na daoine éagsúla so, nó
scéalta go bhfuil tagairt dóibh ionnta. Ní ceart d'éinne a rádh go bhfuil
eolas aige ar litríocht na hÉireann nó go mbeidh eolas aige ar na scéalta seo.



Ba mhaith liom tuairmí na bhfear léigheannta ar scéal Tuatha Dé Danann
do thúirt anso. Sin é an rud a chuireas romham ar dtúis. Ach sa mhachtnamh
domh, cheapas gur bhfearr an sgéal féin do thúirt, toisc é do bheith i n-ainbhfios
ar ár bhfurmhór. D'fhéadfaí leabhar mór do sgrí air. Bhí ormsa sgéal
gairid beacht do dhéanamh de annso. Éinne gur mhaith leis an cheist go léir
do scrúdú, ghéobhaidh sé cur síos thar bárr uirthe i La Cycle Mythologique
Irlandaise.*



Ní gádh a thuille 'rádh anois ach bunphréamh an sgéil do thúirt. An rud
san adeir na daoine - go bhfuil Tuatha Dé i gcnocaibh, etc., na hÉireann,
rud tábhachtach is eadh é agus is é bunphréamh an sgéil é. Taisbéanann
se an mothú atá ionnta nách den chine daonna Tuatha Dé Danann. Agus
bhí an mothú céadna ag ár sinnsearaibh romhainn. Is é a fhaid ar a ghiorracht
é gurbh' iad déithe na nGaedheal taoisigh Thuatha Dé Danann. Ní deirtear
focal ar an méid sin i sna sgéalta. Tá cúis leis sin. Na staruithe Críostaithe



* D'Arbois de Jubainville do scríobh. Aistriú Sacs-bhéarla le R. I. Best.


L. 37


do sgríobh na sgéalta ar dtúis. Fuaradar ó na daoine iad. Bhíodar ag troid
fós i gcoinne an chreidimh bhréagaigh, agus mar sin, aon rud a bhí ag baint
leis an bpágántacht, ní chuirfidís síos é. Bí eagla ortha go leathfadh an
phágántacht imeasg na ndaoine arís. Chuireadar síos ar Thuatha Dé fé mar
ná raibh ionnta ach fir agus mná. Mar sin féin, féadaimíd rud beag mar
leanas a fháil sa litríocht féin. Eochaidh Ua Floinn do sgríobh é i ndán, ag cur
síos ar Thuatha Dé:-



"- Ach ní adhraim iad."



An ndéarfadh sé é sin mara raibh 'fhios aige daoine eile do bheith á n-adhradh?



B' fhada linn cúntas do thúirt annso ar Nuadha, ar Lugha, ar Aonghus
agus ar dhaoine nách iad. B'fhéidir go mbeadh lá eile ag an bPaorach.



DIARMAID Ó HAODHA.


L. 38


Tuairim Eachtrannaigh



Is annamh a dheineann ughdar leabhair beart de réir na cainnte a bhíonn aige
i réamh-rádh an leabhair, ach deineann Louis Tréguiz, ughdar l'Irlande
dans la crise universelle, é. Iarracht is eadh an leabhar ar a chur in úil don
tsaoghal cad fé ndeara an chuma 'nar chruthaigh na hEireannaigh le linn an
ré bhuadhartha atá curtha dhínn againn. Ní hamhlaidh go bhfuil sé á
gcáineadh i dtaobh gan níos mó a dhéanamh sa chogadh, ná ag gabháil a
leath-sgéil i dtaobh gan iad a bheith páirteach ann. Sé rud atá curtha roimis
aige ná eolas cruinn a thabhairt d'á léightheóirí ar gach a mbaineann le ceist
na hÉireann, mar deireann sé i dtosach an leabhair gur ceist idir-náisiúnta
is eadh ceist na hEireann agus gurab é dualgas gach aoinne eolas a bheith
aige air.



Is léir go bhfuil a lán constaicí ar aoinne a chuireann roimis aisde d'á
leithéid a scríobhadh. Sa chéad áit níl an t-am aibidh fós chuige. Ní go
ró-mhaith a thuigimíd-ne, Éireannaigh féin, gach ar thuit amach annso le
cheithre bliadhna anuas. Is measa ná san atá an sgéal ag Franncach atá
ag brath ar chúntaisí bréagacha páipéir nuachta agus ar chlaon-thuairimí
lucht scríbhte leabhar. 'Na theannta san is deacair d'fhear gan claon-
bhreitheamhnas a thabhairt ar aon dream daoine a bhí toilteanach coghnamh
a ghlacadh ó naimhdibh a thíre féin. Fágann san fo-lúb ar lár sa leabhar
ach caithfidh an critic is déine a admháil gur mór an chreideamhaint atá ag
dul go Louis Tréguiz is a rádh go bhféadfadh sé an oiread de'n fhírinne a
bhreith leis is a dheineann. Ní foláir cruinneas agus éirim aigne thar an
gcoitciantacht a bheith ag an té d'fhéadfadh aon léas de'n fhírinne a
fheiscint ag ceó bréag agus camouflage na bpáipéar, agus d'fhéadfadh a sgéal
a nochtadh in aimhdheoin na gconstaicí go léir chomh cruinn, soléir, neamh-
pháirteach is a dheineann M. Tréguiz.
Is fearr a thuigeann na Franncaigh do chúis na hEireann ná mar a
thuigeann aon eachtrannaigh eile. An leabhar ab' fhearr a scríobh
eachtrannach riamh ar Éirinn b'é Contemporary Ireland, leabhar M.
Paul Dubois, é. Tá de bhuntáisde ag M. Tréguiz ar ghnáth-scríobhnóirí
na Frainnce gur Bretánach é - fear gur dhual do suim a chur i ngach
a mbaineann le Gaedhil. Cuireann sé síos go bródamhail ar an ndlúth-
bhaint a bhí i gcomhnuidhe ag Éirinn leis an bhFrainnc, fiú amháin
in allódh nuair a theith Labhraidh Loingseach go dtí an Fhrainnc agus a chuir


L. 39


é féin fé chomairce a ghaoil, rí na Frainnce, "do brigh go raibhe rann cinnte
comhmbáidhe idir Laighnibh is Frangcaigh," mar a deir an Céitinneach.
Deallruigheann an sgéal go bhfuil eolas maith aige ar an nGaodhluinn leis.
Ní hé amháin go bhfuil leabhair Jubainville agus Dottin i dtaobh na
Gaodhluinne léighte aige ach tá a lán leabhar Gaodhluinne féin léighte aige
chomh maith. Tá eolas níos fearr aige ar shaothar an Chéitinnigh ná mar
atá ag mórán Gaedhilgeóirí agus sleamhnuigheann abairt ghunta Ghaodhluinne
óna leabhraibh isteach i lár na Frainncise ó am go ham. Tá árd-mheas aige
ar theangain agus ar leitríocht na Gaodhluinne. Is fiú do gach Gaedhealgóir
an caibidil sin de'n leabhar: La renaissance gaélique, a léigheamh. Deineann
sé cúis na Gaodhluinne a phlé le fuinneamh a chuireann i gcuimhne dhúinn an
t-am a cuireadh an Connradh ar bun nuair a bhíodh gach Gaedhilgeóir mar a
bheadh misiúnaí ag craobhsgaoileadh a soiséil do'n domhan. Tuigeann sé
chomh riachtanach is atá an Ghaodhluinn chun anam an náisiúin a
choimeád glan, neamh-thruaillighthe. Tuigeann sé gurab í an t-aon
chosaint amhain atá againn i gcoinne an tsalachair atá ag teacht anall
chughainn ó Shasana i bhfuirm leabhar agus dráma. Parler le ga élique, ar
seisean sa deire, est maintenant une marque de distinction et d' éducation.



Is léir ó'n méid sin go dtuigeann M. Tréguiz cúis na Gaodhluinne. Ach
ní thuigeann sé cúrsaí Sinn Féin chomh maith san ar fad. Ní haon
bhreitheamh agus ní haon fháidh é. Níl ann ach stairí cúramach a dheineann
an oiread taighde agus is féidir ar an sgéal atá le plé aige. Níl líne d'ár
scríobhadh i dtaobh cúrsaí politíochta in Éirinn fá láthair ná fuil léighte
aige; agus tá a rian ar a leabhar. Murab ionann is scríobhnóirí "brilliant"
an Bhéarla ná nochtann go minic ach a dtuairimí agus a dteóirí féin, claoidheann
sé go scrupalach leis an bhfírinne nó leis an rud a thaidhsigheann do a bheith
fíor. Ach tá de mhí-ádh air go gcreideann sé gach rud a léigheann sé agus
d'á dheascaibh sin is minic ná tagann dá thaobh a sgéil le chéile. Is dócha
gur deacair locht a dh'fháil air i dtaobh mearbhaill a theacht air tar éis príomh-
ailt an Daily Mail agus an Freeman's Journal agus leabhair de shaghas Cúntas
Choimisiúin an Eirghe Amach agus Vital Hour Airt Uí Loingsigh a léigheamh
i dteannta New Ireland agus an Gaelic American agus leabhar de shaghas
The Irish Rebellion of 1916 and its martyrs agus Stair óglách na hEireann le
hÓ Rathaille. Ach ní féidir a rádh go bhfuil puinn breitheamhnais ag an te
a chreidfeadh sgéal gan deallramh mar é seo:



Sé locht is mó ar L'Irlande dans la Crise Universelle ná an chuma 'na


L. 40


dtráchtann an t-ughdar ar Eirghe Amach na Cásga. S'é sin an crúca ar a
bhfuil stair na hÉireann ó shoin i leith ar crochadh agus ní mór do'n stairí
cúntas soiléir so-thuighte a thabhairt air, má' s mian leis go dtuigfí gach ar
thuit amach in Eirinn ó shoin. Ach tráchtann M. Tréguiz ar cette lumiére
mystique a bhí ag soillsiú an bhóthair do laochaibh Seachtmhaine na Cásga.
Cuireann sé mar a bheadh ceo spioradálta timpeall ortha a choisgeann an
léightheóir ar radharc maith a dh'fháil ortha is ar a ngníomhartha. Tá an
fhilíocht agus an mhistéir go maith 'na n-áit féin ach is chun eolas cruinn
ceart a dh'fháil a léightear stair, agus ní ceart do'n stairí leigint don fhilíocht
é mhealladh ó'n mbóthar réidh isteach i ndiamharacht na gcoillte ceóigh.
Deireann sé gur theastuigh uatha anam na hEireann a shábháil ach ní deireann
sé cad é an baoghal 'na raibh an t-anam. Tuigimíd-ne, Eireannaigh, an
sgéal go rí-mhaith ach ní féidir d'eachtrannach é 'thuisgint muna nochtfar
san iomlán do é. Cad déarfadh an Franncach tar éis an chuid sin de'n leabhar
a léigheamh ach "Cad a bhí uatha in aon-chor nó cad a bheir dóibh dul amach
ag troid i gcoinne comhachta impiríochta mar sin. Lucht taidhbhrimh agus
buile ab' eadh iad." Níor bh'iongnadh leat Sasannach ag socrú an sgéil mar
sin ach bheadh duine ag súil le cúntas níos fearr ó dhuine a thuigeann agus a
nochtann cúis Connradh na Gaodhluinne chomh maith, soiléir is a dheineann
M. Tréguiz é.



Tugann sé cothrom na Féinne dos na hóglaigh i dtaobh an troda "ghlan"
a chuireadar suas, ach deineann sé éagcóir arís ar lucht Sinn Féin nuair a dhein-
eann sé iarracht ar thrácht ar chúrsaí politíochta. Do nochtadh clár oibre Sinn
Féin na mílte uair le linn an toghtha i gConntae an Chláir agus an té ná beadh
d'eolas aige ar an sgéal ach an méid a thugann M. Tréguiz air ní bheadh fhios
aige ó thalamh an domhain cad 'na thaobh ar thogh muintir an Chláir De
Valera. Tráchtann sé ar son patriotisme presque mystique qui exerce une
puissante séduction sur les jeunes. Ach bíodh is go n-admhuigheann sé go
raibh lucht coghanta an Phártí ag síor-thrácht ar an méid oibre a bhí déanta
acu cheana, agus ná raibh focal á rádh acu i dtaobh na hoibre a dhéanfaidís
san am le teacht, ní thugann sé clár oibre Sinn Féin mar a cuireadh go soiléir
os comhair muintire an Chláir é.



Is léir ón méid sin ná tuigeann M. Tréguiz an ghluaiseacht so Sinn Féin
i gceart. Ní thuigeann sé ca 'na thaobh ná beadh aon bhaint ag na Sinn
Féinidhthe le Comhdháil Lloyd George. Ach is léir go mothuigheann sé an
spiorad atá lastiar d'on ghluaiseacht agus go dtuigeann sé dhó. Mothuigheann
sé an bráithreachas atá idir é féin agus na Gaedhil agus muna dtuigeann sé
iad i gcomhnuidhe tuigeann sé dhóibh.



Is féidir a rádh mar sin nách leabhar ró-mhaith ná ró-iomlán an leabhar


L. 41


so M. Tréguiz. Ach na dearmhadaí is na lúib ar lar atá ann is léir ná raibh
aon leigheas ag an ughdar ortha agus beimíd ag súil leis go gceartóchaidh sé
iad nuair a beidh eolas an sgéil san iomlán aige. An té a chreideann gurab



é dualgas an stairí gach taobh de'n cheist a scrúdú agus a chur síos gan a
thuairím féin a nochtadh ná gan a bheith páirteach d'aon taobh, molfaidh sé
an leabhar. An té atá cortha de bheith ag léigheamh leabhar impressionist
beidh na mílte fáilte aige roim iarracht chúramach, saothrach mar é. Agus
bíodh is ná fuil aon rud nua ann do'n léightheóir Ghaodhlach is maith is fiú do
gach aon Ghaedhilgeóir é léigheamh go mór mór do'n duine atá ag cuimhneamh
ar stair a scríobhadh. Pé tuairim atá againn ar an méid atá curtha síos aige
ní féidir gan moladh a thabhairt do'n chuma 'na gcuireann sé síos é. Is maith
is fiú scrúdú a dhéanamh ar an gcuma 'na roineann sé gach cuid de'n leabhar
'na chaibidil agus conus mar tá aon rud cruinn amháin mar adhbhar tráchta i
ngach caibidil, conus mar a thosnuigheann sé i dtosach an adhbhair agus mar
a nochtann sé i ndiaidh a chéile ó thúis deire é.



Is truagh ná léigheann scríobhróirí na Gaedhilge níos mó Frainncise, go
mór mór leabhair staire agus criticism na Frainncise. Bíonn crut agus cuma
níos cruinne, níos soiléire ar leabair Fhrainncise ná ar leabhair Bhéarla. Tá
cuma logical ag an bhFranncach chun a sgéil a nochtadh i ndiaidh a chéile
atá in easnamh ar fad ar an mBéarlóir. Tá na tréithe sin i M. Tréguiz.
Leanann gach abairt agus gach alt agus gach caibidil dá leabhar i ndiaidh a
chéile i dtreo is gur féidir do dhuine cheithre cnámha an sgéil a phriocadh
amach gan duadh agus a chur le chéile. Tá abairtí cruinne, gunta aige agus
brigh fé leith le gach focal i ngach abairt. 'Na theannta san tá sé 'na
mháighistir ar an stíl. Is fiú an caibidil sin de'n leabhair "Les origines
historiques du probléme irlandais" a léigheamh mar shompla de stíl cruinn
"glangheárrtha," gan focal ann ach focal go bhfuil gádh leis. Ach nuair a
thráchtann sé ar rud a chorruigheann é, tagann fuinneamh 'na stíl go dtí go
mbíonn sé 'na fhilíocht aige beagnách. Caibidil mar sin is eadh "La geste
héroique" 'na ndeineann sé cur síos ar ghníomhartha saighdiúirí na h-Éireann
sa chogadh.



Tá féith an mhagaidh i M. Tréguiz leis, ach ní magadh ró-oscailte é. Ach
bainfidh cainnt mar seo gáire as Gaedheal: "Le parti nationaliste, les yeux
fix és sur l' étoile mystique de Home Rule, poursuivait sa pers évérante marche
parlementaire." Tá an peictiúr greannmhar san iomlán annsan aige - an
Pártí agus a súile ar an réilthín acu agus gan fhios acu an tré phortaighthe
fliucha, salacha nó ar bhóithre fada bána a bhí a dtriall. Agus ní dóigh liom
gur féidir an abairt seó a shárú: Le "ráiméis" est la rhétorique des meetings
politiques.



MÁIRÉAD NÍ GHRÁDA.


L. 42


Taoiseach airm ba mhór clú a fuair bás i nInis Ghlais anuraidh .i. sa
mbliadhain 1980 d'aois ár dTighearna. Sul leag an bás lámh air tháinic
sé i n-a cheann sgéal a bheathadh do sgríobhadh. Rinne sé sin. Sílfidhe nach
mbéadh aon chur síos aige acht ar ghníomharthaibh móra gaisge agus goile,
ar chathaibh fuilteacha fíochmhara, agus ar dhearg-ár gan truagh gan trócaire.
Acht ní hamhlaidh do bhí, agus seo é an chéad-sgéal d'ar sgríobh sé.



Cá bhfios céard atá i ndán dúinn agus a rádh gur le síoda do dhéanamh
agus do dhíol do rugadh mise? Nach beag an ní chuireas athrughadh ar
ár saoghal go minic?



Ag déanamh síoda i mBáin-linn .i. i bpríomh-chathair Inse Glaise, do
bhí m'athair agus mo sheacht sinnsir romham, agus ba chosamhail go raibh
mise freisin le dul leis an gcéird sin. Acht, má táim in mo thaoiseach airm
anois, is iad neithe ba siocair leis sin .i. dólás agus doilgheas do bheith ar mo
mháthair agus, thar gach rud eile, druma Pháidín.



Is é fáth a dtáinic an dólás ar mo mháthair .i. gan mórán suilt ná grinn
ná caithimh aimsire do bheith aici san áit uaignigh iargcúlaigh i n-a raibh
comhnaidhe orainn san am sin. Cailleadh m'athair nuair do bhí mo mháthair
sé bliadhna ar fhichid d'aois agus d'fhágaibh sé teach mór déantúis aici. Blas
eólais ní raibh aici ar chéird an tsíoda do dhéanamh ná ar chúrsaibh tráchtála
agus, d'á bhrígh sin, do bhí a muintear ag a thafant uirthi pósadh ath-uair.
Dar leóbhtha siúd níor mhór dhi fear céile d'fhagháil agus cleachtadh maith
aige ar an gcéird. Do bhí fear d'á leithid sin le n-a haghaidh aca. Is é ainm do
bhí air Tomás Ó Súilleabháin agus do bhí sé cúig bliadhna déag ar fhichid
d'aois. Fear saidhbhir do bhí ann agus do bhí an oiread airgid aige is bhí
againn fhéin. 'N-a theannta sin do bhí clú mór air i gcéird an tsíoda.



Le sgéal fada do dhéanamh gearr ba hé meas muintire mo mháthar gurbh'
é a díol d'fhear céile é. Acht níorbh' é sin an bharamhail do bhí ag mo mháth-
air. Do mheas sise, dá dtéigheadh an cleamhnas chun tairbhe do'n tsíoda,
nach rachadh sé chun sochair agus suaimhnis d'á croidhe sise. Is d'á bhárr
sin a tháinic an dólás úd uirthi ar dtús. Do bhris ar an bhfoighid
aici fá dheireadh agus do chuir sí i n-a ceann imtheacht de mhaol a mainge
fhéin ar éalódh ó chainnt a muintire agus an tuath do thabhairt uirthi fhéin.
Ar gceapadh na comhairle sin di níor léithi do b'fhaillighe é agus do
ghluaiseamar romhainn i n-ár mbeirt go dtí an Cnoc Mór, áit uaigneach
iargcúlach mar dubhras cheana.


L. 43


Ba tamall fada i n-a dhiaidh sin do chualas-sa an sgéal. San am atá i
gceist agam ní raibh ionnam acht paitrín beag bídeach deich mbliadhna d'aois
agus níor bhfios dom dada acht gur bheag greann do bhí le fagháil sa tigh.
Ar an ádhbhar sin ní chaithinn mórán ama ann acht do bhínn amuigh fá'n
aer ag súgradh le Páidín, le mac ár ngarradóra. Acht ní súgradh an focal
feileamhnach. Badh chóra dhom a rádh gur ab ag caitheamh léim thar
chlaidheachaibh agus ag siubhal agus ag rith romhainn ar fud na dúithche
thart timcheall orainn do bhímis an chuid ba mhó de'n am. Do théighmis
thar gharrdha amach go dtí an sráid-bhaile agus as sin suas ar an gcriathrach
agus fá'n sliabh i n-éinfheacht le malrachaibh na háite.



Do bhí sé de chúram ar an ngarradóir agus ar a mhnaoi áirdeall do choin-
neál orainn. Acht ba mhór an garrdha do bhí againn agus ní raibh ceachtar
de'n tsean-lánamhain ró-áirdealach ná ró-chruaidh orainn. B'aoibhinn linn
bheith ag taisteal na mbóthar. B'fhurasta strapadh thar na ballaibh agus
ní misde a rádh gur ghlic an gasúr é Páidín. Ni raibh aon righeachan le n-a
chuid ealadhan agus baillséire. Níor ghleacaidhe go dtí é.



'nDomhnach! Nárbh' aoibhinn na siubhlóidí úd agus nach againn do
bhíodh an greann agus an éirghe i n-áirde! Cuimhnighim ortha fós chomh
maith is dá mbéinn ann indiu. Agus an dá lá is mhairfeas mé dearmad ní
dhéanfad ar aon lá amháin de na laetheanntaibh úd. Nárbh' e sin an chéad-
turas cogaidh d'á dtugas? Is fíor a rádh gur ab annsin do thosuigheas ar
m'aimsir saighdiúrachta. Tig liom fós mé fhéin agus na gearr-bhodaigh eile
d'fheiceál agus sinn tionólta, tiomsuighthe agus gléasta i n-ár mbuidhin saigh-
diúirí ag Páidín cliste.



Do bhí Páidín aon bhliadhain déag d'aois agus, d'á bhrígh sin, ba dhó-
san badh chóir bheith i n-a thaoiseach orainn go léir acht do bhí urraim
mhór aige dhom-sa agus ba dhíom-sa do rinne sé taoiseach.



Ba hé líon ár sluaigh aon duine dhéag. Thug Páidín gunna do gach duine
agus is é féin do rinne na gunnaí de mhaidíbh taca agus de chosaibh sguab.
Ba chlaidheamh do rinne sé dhom-sa. Níor chlaidheamh ádhmuid do bhí ann
acht ceann déanta de mhiotal cruaidh. Fuair sé sean-fhriochtán do bhí
caithte amach ag an gcócaire. Do bhain sé an chos de agus rinne sé claidheamh
dhi. Annsin do chuir sé iorball coiligh ar mo chaipín agus do bhí an oiread sin
náire ar an gcoileach bocht d'uireasbhaidh a iorbaill is go dtug sé an faradh
air fhéin i n-a dhiaidh sin agus go ndeachaidh i bhfalach air.



Annsin chuaidh Páidín ag soláthairt druma dhó fhéin. Ní gan duadh
fuair sé é. De phota beag ba mhian leis ar dtús úsáid do dhéanamh, acht
do bhí an cócaire san áirdeall air agus níor éirigh leis. Fá dheireadh rug


L. 44


sé ar shean-hata le n'athair agus do bhain sé an t-imeall de. Ní raibh ann, 'ar
ndóigh, acht balbhán de dhruma. Níor bh'fhéidir mórán fothraim do bhaint
as agus, ag éisteacht leis, sílfidhe gur ab ar shochraid do bhéithí ag tiodhlacan
cuirp chun na roilige.



Acht ba chuma sin. Ar mbeith réidh do gach rud níor linn do b'fhaillighe
é, acht do ghluaiseamar romhainn, líon sluaigh agus sochaidhe, le buaidh do
bhreith ar na hubhallaibh agus ar na péaraibh. Do bhíos-sa ag siubhal i ndiaidh
Pháidín agus mo chlaidheamh chomh lonnrach fá sholas na gréine is do b'fhéidir
le cois fhriochtáin agus í smeartha le bealadh. Do chuamar thríd an sráid-
bhaile ar dtús agus annsin amach fá'n tuaith agus sinn fá réir le foghail do
dhéanamh ar na garrantaibh. D'éirigh dásacht aignidh dhúinn ag éisteacht
le torann an druma dhuibh.



Acht dheamhan i bhfad do bhí curtha dhínn againn go gcualamar an
glór borb ag coirnéal de'n bhóthar. Níor aithnigheamar an glór sin acht,
dar fiadh, do chuirfeadh sé crith-eagla ar dhuine agus a bhuirbe is bhí sé.



"Stadaidh! Cé tá ann? Gabhaidh i leith agus abraidh an focal faire."



'nDomhnach! Do bhí an namha os ár gcomhair!



Is fíor nach raibh ann acht aon fhear amháin. Acht ba fíor-shaighdiúir
é! Oifigeach do bhí ann! Do bhí croiméal casta ar a bhruas uachtair agus
truaill chlaidhimh le n-a shlios. Dar uadhacht an tsiogáin! Nach orainn
do bhí an sgannradh! Do ghlac ár sluagh eagla agus uathbhás agus le iom-
pódh do bhoise do sgaipeadar de sgiotán ar gach taobh. Do chaitheadar a
ngunnaí ar talamh agus as go bráth leóbhtha i mbárr na bhfásgaí ar nós
sgatha gealbhan!



Níor sheas fód acht an mac seo agus Páidín. Maidir liom-sa, cé go mba
mise an taoiseach, do bhí faitchíos mo dhóthain orm agus do sgiorr mo chlaidh-
eamh as mo láimh le teann uathbháis. Do thuit sé ag cois an ríogh-ghais-
gidhigh sin. Acht preab ná geit níor baineadh as Páidín. Faitchíos ná
eagla ní raibh air. Is amhlaidh do chuir sé a dhruma ar a cheann ionnus
go mbéadh cosamhlacht tádhbhachta air agus d'fhreagair go dána.



""Inis Ghlas," a Chornail."



Ní raibh san oifigeach acht tánaiste nó fó-chaiptín agus do leig sé a
shean-sgairt gháire.



"Agus cá bhfuil sibh ag dul ar an nós sin, a shaighdiúirí beaga?" ar
seisean.



"Mh'anam gur le cogadh a dhéanamh atámuid fá réir, a Chaiptín," arsa
Páidín. D'ísligh sé céim an oifigigh de bhrígh nár ghábhadh leis sgáth do
bheith air feasta roimh dhuine do dhéanfadh gáire.


L. 45


"Tá go maith," ars' an t-oifigeach. "An toil libh cogadh a dhéanamh
fá mo spraic-se? Táim anois díreach ag brath ar ionnsuidhe a thabhairt ar
dhínnéar. Déanaigidh an t-eólas dom go dtí an teach ósta is goire dhúinn
agus íocfad dornán milseán libh."



Do thaisbeán srón Pháidín ar an nóiméad sin go raibh sé idir dhá chomh-
airle. 'Ar ndóigh, do bhí fonn air na milseáin do thuilleadh acht i n-a ain-
deóin sin ba crádh croidhe leis éirgheas a thuras cogaidh. Dar leis do bhí
an t-oifigeach seo ró-lághach ar fad. Ar an ádhbhar sin níor fhreagair sé
acht d'fhan i n-a thost go tarcuisneach.



"Cheal, nach áil libh a dhéanamh?" ars' an t-oifigeach. "'Ar ndóigh,
ní féidir go bhfuil sibh chomh faitcheach sin. Agus céard adeireas tusa, a
thaoisigh bhig? Tá cosamhlacht dheas ort-sa."



Do bhain sé líomóg as mo ghruaidh agus é ag a iarraidh mé do mhealladh.



"Mh'ainín gur deas lághach an t-oifigeach é seo," arsa mise liom fhéin,
"agus d'á mhéid d'á bhfeicim dhe is amhlaidh is mó a thaithnigheas sé liom."



Fear óg árd do bhí ann. É chomh díreach le slait. Éadan fosgailteach
air. Agus d'aindeoin go raibh cuma ghaisgeamhail ar a chroiméal is amhlaidh
ba bhuigide buige a shúl é. Do leag sé a leath-lámh ar mo chloigeann.



Agus annsin, a fhad is bhí Páidín idir dhá chomhairle, tháinic smaoineadh
in mo cheann go tobann. Do b'ait liom an smaoineadh, b'ait sin.



"Tá go maith," arsa mise, "tá a fhios agam an áit a bhfuil an teach ósta
agus múinfead an t-eólas go dtí é dhuit."



"Ara, cá bhfuil sé?" arsa Páidín agus iongnadh air óir ní raibh aon
teach ósta i bhfoisgeacht deich míle dhúinn.



"Maise, ag ár dtigh s'againne," arsa mise agus do sméideas an tsúil air.



Do thuig Páidín ar áit na mbonn céard do bhí in m'intinn agus d'fhreagair.-



"Is fíor sin, 'd eile. Mh'ainín gur ab ait liom sin."



"Tarra uait," arsa mise annsin leis an oifigeach, "agus bímid ag bogadh
linn."



Ní móide go dtug an t-oifigeach fá deara an cineál éadaigh do bhí orm-sa.
Is é r'd do shíl sé go mba mhac óstóra mé agus do lean sé mé gan aon amhras
aige orm.



"Is dócha go mbíonn biadh maith agaibh san tigh ósta," ar sé ar an
mbealach dhúinn.



"Maise, dheamhan a mbíonn basgtha dhe," arsa mise.



"Nuadh gach bídh agus sean gach dighe," arsa Páidín.



Ní raibh pioc sgátha air fá'n am sin roimh an oifigeach óir is amhlaidh
do bhí cosamhlacht air-sean bheith gabhtha againne.


L. 46


Ar sroichint an tighe dhúinn do bhí mo mháthair ag spaisdeóireacht san
ngarrdha in a haonar agus í go dubhach dólásach mar ba ghnáth léithi. Ní túisge
do chonnaic an t-oifigeach mo mháthair agus an teach mór maiseach os a
chomhair ná do bhí a fhios aige go ndearnadh bail odhar dhe. Do bhí sé i n-a
bhambairne go ceann tamaillín agus ní raibh a fhios aige beirthe ná beó céard
badh chóir dhó a rádh. Acht annsin tháinic sé chuige fhéin agus rinne sé a
dhícheall le n-a leith-sgéal do ghabháil le mo mháthair. Dubhairt sé gurbh'
oifigeach d'arm na poblachta é; gurbh' amhlaidh tháinic sé anoir ó'n mbaile
mór le léar-sgáil de'n dúthaigh do dhéanamh; go raibh an t-achar ró-fhada
le dul ar ais chun a dhínnéir; agus annsin - gur mheall na bitheamhnaigh
bheaga seo é nuair d'iarr sé ortha an t-eólas go tigh ósta do mhúnadh dhó!
Maidir le mo mháthair, ba léar dhom gur thaithnigh an t-oifigeach chomh
maith léithi-se is do thaithnigh sé liom-sa.



Do bhuail seisean bosóg éadtrom ar mo ghruaidh gur dhubhairt -



"Is é an bitheamhnach beag deas seo a chuir amudha mé. Gabh mo
mhíle leith-sgéal, a bhean uasal, má chuireas as duit."



"Maise, go deimhin, níor chuiris as dom ar chor ar bith," ar sise. "Ní
misde liom do thigheacht agus ní'l aon mhúisiam orm mar gheall air. Tá
céad fáilte romhat. Tá ár ndínnéar bunáite réidh. Fan agus déan comhar
linn."



Le sgéal gearr do dhéanamh dhe, d'fhan sé againn agus do chaith sé a
dhínnéar i n-ár gcuideachta. Agus dheamhan a raibh de dheifir air ag imth-
eacht, óir d'fhan sé ar feadh an tráthnóna agus níor imthigh go coinfheasgar
na hoidhche. Ba léar go mba gheal le mo mháthair é.



Ó'n lá úd amach ba chosamhail go mba thábhachtach an áit le haghaidh
saighdiúireachta é ár dteach sinne, óir is annsin do ghníthí mórán forrach-
ánachta. Is cinnte gur cuireadh go beacht ar an léar-sgáil gach ball de na
bailtibh timcheall na mbólaí sin agus go mór mhór an garrdha s'againne,
óir do bhí sé de ghnás ag an oifigeach tigheacht chuige gach lá le sgrúdughadh
do dhéanamh air. Is mion minic do thomhais sé na casáin ar a fhad agus
ar a leithead. Ba chosamhail freisin gur chuir a chulaidh ghaisge
rith agus ruaig ar dhólás mo mháthar. D'imthigh an lionndubh
uaithi ó'n gcéad lá a dtáinic an t-oifigeach.



D'éirigh sí glionndarach arís agus do bhí an glionndar ag borradh agus
ag dul i méid go dtí an lá ar chuir sí dhi sloinneadh m'athar agus ar ghlac sí
le sloinneadh eile acht, 'ar ndóigh, níorbh' é sin sloinneadh Thomáis Uí Shúil-
leabháin! D'éirigheamar as déanamh an tsíoda agus do díoladh an teach


L. 47


déantúis. Is baoghal gur chorruigh ár seacht sinnsir san uaigh mar gheall
ar ár bhfeill. Acht ba chuma liom má chorruigh agus go deimhin ní'l aon
aithmhéala orm go dtí an lá atá indiu ann.



Do chuadhas le céird uasail mo leas-athar. I leabaidh díol agus ceannacht
d'fhoghluim is amhlaidh d'fhoghluimeas pionnsaidheacht agus marcaidheacht
agus neithe eile theastuigheas ó dhuine le bheith i n-a shaighdiúir. Agus,
a bhuidhe sin do dhólás mo mháthar agus go mór mhór do dhruma Pháidín,
ag seo mé anois in mo thaoiseach airm.



Acht chuadhas le mo shinnsearaibh san méid seo ar chaoi ar bith - tá
aon chineál síoda amháin ar a bhfuil togha eólais agam .i. síoda na mbratach.



(A chríoch).



As an bhFrainncis do tionntuigheadh an sgéal seo agus do cuireadh cuma
Ghaedhealach air. Jean Richepin do chéad-sgríobh é agus "Le Tambour
de Totor" is tiodal dó.



SEAGHÁN P. MAC ÉNRÍ.


L. 48


Rudaí Reatha.



Bolshéveachas.



B'anamh le lucht na sainnte gan a n-aimhleas féin a dhéanamh. Tá an
Úngáir tréis teacht tímpal chun Bolshéveachais, agus isé sainnt lucht na
Comhdhála i bPáras, é sin agus eagla na Frainnce roimis an nGearmáin, fé
ndear é. Do shocraig an Chomhdháil i mí Feabhra so 'imig tharainn leigeant
do sna Rúmáinig dul a thuille isteach 'on Úngáir mar "Arm Cúncais." Do
bheartuigheadar ar an gcuma san an talamh is saidhbhre san Úngáir a chúibleáil
chúcha féin, agus san am chéadna díngc a thiomáint idir í agus an Rúis sa
tslí is ná féadfaidís aon chonnbharsáid a bheith acu lena chéile. Ach do
thuig Karolyi, fear rialtais na hÚngáire, cad a bhí 'na n-aigne agus do chuir
sé 'na gcoinne á rá go raibh an rud a theastaig uatha a dhéanamh i gcoinne
an Arm-staid. Nuair ná fuair sé aon tora uatha ní raibh de leigheas aige ar
an sgéal ach rialtas na tíreach a thúirt suas do sna daoine, no mar aduairt
sé féin - "Iompaighim ó Chomhdháil Phárais go dtí íseal-aicme an domhain
chun ceart agus cóir d'fháil."



Do tugadh an Rialtas suas do sna Cumannaig agus do ghlacadar-san go
fonnmhar é, agus do chrom ar rudaí a chur i dtreo. Níorbh fhada an mhoill
ortha Uachtarán agus Ministéirí a thogha. Do tógadh Budapest láithreach,
agus do dúnadh teorantacht na hÚngáire go léir. Do chuir an rialtas nua é
féin fé choimirce Rialtais Mhoscó; do coisgeadh biotáille; do fógraigheadh
léigear bheith ar an ndúthaig, agus duarthas go poiblí go gcosnófaí talamh na
hÚngáire i gcoinne na gCzech agus na Rúmáineach. Tá gachaon deallramh
go bhfuil muinntir na hÚngáire go léir leis an rialtas nua, mar ní haon chúrsaí
Stáit amháin é, ach cúrsaí bídh agus beatha do sna daoine, agus tuigean siad
go gcaithfid iad féin a chosaint ar an namhaid ar an slí is fearr a fhéadfaid ó
ná fuil an Rialtas ábalta ar éinni a dhéanamh dóibh.



Fear díreach iseadh Karolyi atá ar son na hÚngáire. Tá sé ag cabhra
leis an rialtas nua anois, agus mar chomhartha air, tá sé t'réis 60,000 acra dá
eastáit féin a thúirt suas don Stát. Bhí fonn air riamh an Úngáir a chimeád
'na haon-dúthaig gan roinnt, ach bhí na Czecheana agus na Rúmáinig ag obair
ró-dhian 'na choinne, toisg an lé a bhí leo i gComhdháil na Síochána, agus
b'éigean do eirghe as mar sgéal. Tá sé féin agus na Cumannaig ar aon fhocal


L. 49


agus ar aon aigne nách féidir an tír a shábháil ach le Bolshéveachas, i.e., an
rialtas a thúirt suas do sna daoine go hiomlán. Ar Chomhdháil na Síochána
féin bíodh a mhilleán san má tá tír mhór eile curtha chun Bolshéveachais acu.
Bhíodar ró-dhian san éileamh, ró-shanntach agus ró-eaglach. Níor fhéad
Rialtas na hÚngáire iad a shásamh gan an tír a chreacha, agus b'éigean dóibh
titim siar ar na daoine. Béidir nárbh fhearr riamh mar sgéal é. Duairt
Karolyi leo go raibh an rud a bhíodar d'éileamh air i gcoinne téarmaí an
Arm-staid, agus rud eile dho, ná feádfadh sé aon tsocarú a dhéanfadh an
Chomhdhail d'admháil mar ná fuair sé féin aon chuire chun na Comhdhála.
Níor tugadh aon tora air. Deirean sé leo anois féachaint cad fhéadfa siad a
dhéanamh leis na daoine nuair ná socróidís leis féin.



'Na theannta san tá Soviet curtha ar bun i Munich i mBavaria. Deirtear,
ámhthach, ná fuil muinntir ua tuaithe leis na Bolshévicí ann, agus ós ag braith
ar an dtuaith atáid chun bídh ní féidir a rá an fada a sheasóid. Ach níl aon
chúntas againn 'á fháil i dtaobh na Gearmáine go déanach, - d'fhéadfadh
éinní bheith ag titim amach ann i ganas dúinn.



Cloisimíd mórán tráchta na laetheanta so ar an Soviet Government. Cadé
an rud é? Isé rud an Soviet ná comhairle, no coisde do sna daoine. I sna
hoibreacha, ar an dtuaith, i sna bailte móra agus beaga, i sna mianaig, san
Arm agus sa Chabhlach tá a gcomhairlí acu is gachaon áit. Tagan an lucht
oibre le chéile agus toghaid teachtaí don Soviet, - teachta dos gachaon 5
duine. Ní sheasuighean teachta ach do 500 duine, agus má imighean éinní
air, é 'chailliúint no gan é 'dhéanamh mar ba chóir, is furaiste duine eile a
thogha 'na inead. Siné an Soviet bunaig, no an bhun-chomhairle. Déanfaidh
an chomhairle sin sgrúdú agus taighde ar chúrsaí oibre 'na gceanntar, no 'na
n-oibreacha féin, agus toghfaid teachta eile chun tora an sgrúdaithe sin a
bhreith leis go dtí an Árd-Chomhairle. Má rithean an Árd-Chomhairle é, as
san leis go dtí an Coisde Gnótha mar a ndéanfar dlí dhe. Tá sé bun os cionn
ar fad leis an saghas rialtais go bhfuil taithí air i sna tíortha so, sa méid go
n-oibrighean sé suas ó sna daoine go dtí an Rialtas in inead ón Rialtas anuas
go dtí sna daoine. Ar an gcuma san dintear dlí don rud a theastaighean ó
sna daoine, in inead an dlí a dhéanamh ar dtúis, pe'ca thaithnighean sé leis
na daoine no ná taithnighean, agus í dh'fhórsáil ortha ansan. Dheallródh
an sgéal gur rialtas maith ciallmhar é.



Fé'n rialtas so na Soviet, níl bhót ag lucht airgid, ag tiarnaí talmhan, ag


L. 50


lucht bainnc is margaidh ná ag an mbourgeois. I bhfocal amháin níl bhót ag
éinne ná tuillean a bheatha ar chuma éigin agus ná tairbhighean don Stát.
Isé brí atá leis an méid sin ná an chomhacht a bhí ag an ndream san a bhrise
ar fad ar fad, i dtreo is ná féadfa siad an tír a rialú mar mhaithe leo féin agus
mar mhí-mhaithe leis an íseal-aicme mar a dhinidís roime seo. Deir siad go
dtéidhean an Stát i dtreise fé Rialtas Caipiteálach d'réir mar a cimeádtar an
íseal-aicme thíos, mar go bhfuil Caipiteálachas i gcoinne maitheasna ndaoine;
ach go dtéidhean an Stát i dtreise fé Rialtasna Soviet, no Bolshéveachas,
d'réir mar a théidhean feabhas ar an íseal-aicme, mar gurab ionan an Stát
agus na daoine ansan, agus ná féadfadh an Stát bheith go maith gan na daoine
bheith go maith. Chuige sin ní leigtar d'éinne ná fuil mar mhaithe leis na
daoine bhótáil, ná aon lámh a bheith aige i rialú na tíreach: "Mara n-oibreóir,
ní bhótálfair."



Tá dlúth-bhaint ag Bolshéveachas le Comh-oibreachas. Is trí Chomh-
oibreachas a dintear na hoibreacha móra agus gnóthaí tionnsgail na tíreach
a riara. Fanan an caipiteál, no an saidhbhreas, ann i gcomhnuí, ach níl aon
ghnó don gcaipiteálaí, no an fear saidhbhir. Tá seana-thaithí ag muinntir
na Rúise riamh ar chomh-oibreachas. Tá an "Mir" acu leis na céadta blian,
isé sin cumann beag comh-oibreachais ag lucht oibre is gachaon cheanntar,
i sna hoibreacha chomh maith lear an dtuaith. Níl do dheifríocht idir an
"Mir" agus an "Soviet" atá anois acu ach dlí agus rialtas dleathach a bheith
déanta dhe. Áirmhitear go bhfuil 50,000 cumann comh-oibreachais fé lán
tseoil sa Rúis anois.



Cé gur síocháin agus comh-oibriú mar mhaithe leis na daoine atá ó sna
Bolshévicí, ní fhágan san ná go bhfuilid ábalta ar iad féin a chosaint ar na
naimhde atá a d'iaraidh iad a mhille. Tá arm fé riar is fé órdú ag muinntir
na Rúise agus tá siad t'réis na Franncaig a chur amach as Odessa. Ach
d'ainneóin a gcloisimíd i dtaobh cogaidh sa Rúis do dheallródh an sgéal ná
raibh aon troid dáiríribh in aon áit ann, agus ná fuil i sna cúntaisí go léir ach
leath-sgéal chun arm mór a chur go dtí an Rúis mar mhaithe le Caipiteálachas.
Tuigean lucht an airgid go maith má eirghean leis an Rúis go mbeidh sí 'na
sompla do thíortha eile, agus má bheartaighean an íseal-aicme ar fuaid an
domhain ar an sompla san a leanúint gur gearaid an ré a bheidh acu féin.
'Na theannta-san, tá mór-chuid airgid leis an bhFrainnc curtha i ngnóthaí
sa Rúis, agus tá siad ar fionnraoi anois 'na thaobh. Ach pé seans a bhí acu
ar an airgead san a shábháil go dtí so, do loiteadar iad féin nuair a chuireadar


L. 51


saighdiúirí i gcoinne na nBolshévicí, mar tá muinntir na Rúise iompaithe 'na
gcoinne ar fad anois agus is fada go mbeifar baoch díobh arís ann ná go mbeidh
ionntaoibh asta.



Admhuighean páipéir Shasana féin anois (ach amháin páipéir le Caipi-
teálachas) ná raibh i sna sgéalta san ón Rúis i dtaobh búistéireachta agus
éirlig ach éitheach, agus gurbh éitheach, leis, an sgéal san i dtaobh staid na
mban fé Bholshéveachas. 'Na inead san, is amhla' tá an rialtas ann go glan
agus saor ó bhreib agus ag dul chun cinn go maith le gnóthaí Stáit agus le
cúrsaí saothair na treach. Do marbhadh Captaen Cromie is fíor, ach is mar
gheall ar na Sasanaig agus na Franncaig bheith ag cur cuir-isteach ar ghnóthaí
nár bhain leo a marbhadh é.



An Éigipt.



Tá eirghe amach t'réis a bheith san Éigipt, agus, ar léigheamh do dhuine
mar gheall air i sna paípéir nuachta, ba dhó' leis gur mar gheall ar an dtír
seo bheadh sé ag leigheamh. Na focail chéadna, na cainteana céadna, na
cúntaisí céadna agus - an seana-leath-sgéal céadna. Tá sé t'réis críochnú,
leis, díreach mar a chríochnaig an t-eirghe amach so againne, isé sin, do ghéill
Rialtas Shasana (no do leigeadar ortha géille ba chirte a rá) nuair a bhí an
marbha agus an t-éirleach déanta agus mórán daoine curtha chun báis. Ní
mór "socarú" a dhéanamh anois agus saghas éigin Home Rule a thúirt do
sna hÉigipteánaig, adeir siad. Má sé saghas "socarú" a dhineadar anso
a dhéanfa siad san Eigipt ní maoite ar mhuinntir bhocht na hÉigipte é.



Sé ba bhun leis an mbuairt ná taoisig thoghtha na n-Éigipteánach a
thógaint agus a chur an loch amach. Do toghadh na taoisig sin chun teacht
go hIúróip chun cúis na hÉigiptea phlé. Duairt na Sasanaig ann ná raibh
aon údarthás acu a leithéid a dhéanamh, gur "dhaoine fiadhaine neamh-
fhreagarthacha" iad agus gur "amadántúil áiféiseach" na neithe a bhíodar
d'éileamh don Éigipt. Níorbh é sin tuairim Phrímh-Mhinistéara na hÉigipte
(fear atá le Sasana) na dtaobh, ámhthach, mar do chuir sé suas do theacht
anall, é féin, mara leigfí do sna treóraithe náisiúnta teacht chomh maith.
Do toghadh mar theachtaí iad le dhá mhilliún daoine, agus do toghfaí le abhfad
níos mó ná san iad nara mbeadh gur stop lucht an Airm an bhótáil. Níor


L. 52


éisteadh leis an bPrímh-Mhinistéir, do tógadh na taoisig, agus do thosnuig
an bhuairt.



Tá siad leigthe amach anois agus ar a slí anall i dteannta an Phrímh-
Mhinistéara ach ní gan marbha mór agus mórán buartha é.



Le linn an Chogaidh Mhóir, nuair a bhí Tír na dTurcach ag troid ar
thaobh na Gearmáine, do thóg Sasana an Éigipt chuiche féin mar protectorate.
Ní raibh le bheith ann ach socarú sealadach go deire an chogaidh nuair a
ceartófaí gach éinní. D'fhan muinntir na hÉigipte ciúin socair i rith an
chogaidh ar chomhairle a dtaoiseach féin, ar a shon go raibh an sgéal ag dul
in olcas acu in aghaidh an lae. Ag braith air go gcoimhlíonfaí na geallúintí
a tugadh dóibh a bhíodar. Do dineadh presáil ortha le fórsa, théidheadh
saighdiúirí Sasanacha go dtí sna bailte beaga tuaithe ist oidhche agus thógaidís
na daoine leo le láimh láidir. Má chuiridís suas d'obair a dhéanamh ansan
sgiúrsáltí iad, agus ní tugtí a ndóthain le n-ithe dhóibh. Fuair mórán acu
bás do dheasgaibh na droch-úsáide sin. Do coisgeadh na páipéir nuachta
agus caint phoiblí. Níor leigeadh díosbóireacht pholitíochta ná páipéar
Éigipteánach a léigheamh i sgoileana an Stáit. Do robáladh iad. Dá
ainneoin sin is uile níor chorruigheadar le linn an chogaidh. Nuair a stad an
cogadh agus bhí súil ag muinntir na hÉigipte le coimhlíona na ngeallúintí,
duairt na Sasanaig ná raibh sé d'uain acu dul isteach sa sgéal. Do tógadh
na treóraithe náisiúnta ansan agus do bhris ar an bhfoighne ag sna hÉigip-
teánaig.



Níorbh aon chúrsaí creidimh fé ndear é mar duarthas i sna páipéir anso,
mar bhí an dá chreideamh ann, Copt agus Mohammedan, ag obair as láimh a
chéile. Ná ní raibh sé ar mhaithe leis na Turcaig, ná i gcoinne na n-Arméni-
anach. Is fíor go bhfuil fuath do sna hArménianaig san Éigipt, ach isé is
cúis leis ná gurab iad is mó a dhinean spiaireacht don Rialtas ann, agus má
imrigheadh díoltas ortha is dócha ná fuaireadar ach an méid a bhí tuillte acu.
Admhuightear anois nárbh aon cheann do sna neithe sin fé ndear an bhuairt,
ach tógaint na dtreóraithe, annsmacht, agus neamh-choimhlíona na
ngeallúintí a tugadh dóibh le linn an chogaidh. Tá deire leis an mbuairt
anois, ámhthach, agus na príosúnaig leigthe amach. Moltar an cosg a thógaint
do sna páipéir nuachta; leigeant le díosbóireacht agus le caint phoiblí; stad
do phresáil le láimh láidir i gcoinne toil na ndaoine, agus deire a chur le Dlí
Airm sa tír chomh luath agus is féidir. 'Na theannta san táthar chun Coisde


L. 53


no Comhairle, no Chomhdháil, no Convention a chur ar bun chun dul isteach
sa sgéal féachaint an féidir socarú a dhéanamh. Beidh Éigipteánaig ar an
gcoisde sin. Sidé an cleas Stáit is déanaí acu d'réir deallraimh. Trí bliana
ó shoin do himrigheadh orainne anso é agus is fada ó shocarú fós sinn.



I dteannta na hÉigipte tá an India fé bhuairt, leis, na laetheanta so. Na
Rowlatt Bills fé ndear an toirmeasg san India. Billí iad-san atá ag túirt
chomhachta do sna póilíní cuardach a dhéanamh agus daoine a thógaint in
aon áit go bhfuil seditious agitation, agus ar chuma na hÉigipte tá muinntir
gachaon treibhe agus creidimh ann t'réis teacht le chéile ag cur 'na gcoinne.
Tá éirleach agus marbha 'á dhéanamh ag an Rialtas ann mar is gnáth, - an
t-aon leigheas amháin ar gachaon sgéal.


L. 54


Leabhra.



Beithil agus Brighid Chille-Dara. Mícheál Mac Craith, C.Í., do sgríobh.
Áth Cliath: Comhlucht na Fírinne Catoilice i nÉirinn. 2d. a fhiacha,
21/2d. tríd an bpost.



Ar an dtaobh amuich de chúrsaí creidimh, tá obair mhaith ag Comhlucht
na Fírinne Catoilice i nÉirinn 'á dhéanamh nuair a bheartuighean siad ar
leabhar bheag Ghaedhilge a chur amach. Is anamh a dhinid, go deimhin,
ach dá anamhacht é bíon fáilte roimis an leabharín nuair a thagan sé. An
leabhar is déanaí uatha, is ó pheann an sgríbhneóra chliste sin, an t-Ath.
Mícheál Mac Craith, C.Í., é agus tá idir phrós agus fhilíocht ann. Beithil
agus Brighid Chille-Dara an teideal a chuirean sé ar an leabhar, ach tá dhá
chuid sa leabhar le ceart agus níl aon bhaint acu le chéile. Sa chéad chuid
tá cuir-síos ar theacht Chríost ar an saol so sa mhainnséar i mBeithil chun
"an tslighe do mhúineadh dhúinn 'nar chóir dúinn triall ar na flaithis." Tá
sé sgríbhte go maith dúthrachtach i stíl thaithneamhach, agus má tá aon
locht le fáil air, isé locht é ná an stíl a bheith beagáinín ró-árd do dhaoine
comónta ná fuil puinn taithí acu ar Ghaedhilg a léigheamh. Leabhra de
shaghas leabhra Chomhlucht na Fírinne Catoilice, ní fhéadfaidís bheith ró-
shimplí ná ró-dhíreach 'ná stíl má tá siad chun tairbhiú do sna daoine gur
ceapadh 'na gcóir iad. Tá Beithil ana-sho-léighte ar a shon san; agus 'na
theannta tá dhá dhuan bheaga, Duainín Nodlag agus Triall Mhuire ar Bheithil,
a thaithneóidh go mór le léitheóirí.



Cuir-síos beag ar Bhrighid Chille-Dara atá sa tarna cuid - Trócaire
Bhrighide - agus tagairt don ndroch-shaol atá ag daoine bochta i gcathair
Bhaile Átha Cliath anois, agus comhairle do chailíní agus do mhná na cathrach
sompla Bhrighide a leanúint ag fóirithint ortha. Taraigighean an t-ughdar
peictiúir truaimhéileach do chruatan is do dhroch-shaol na mbocht i gcathair
mhóir, agus tugan a gceart féin de mhola do sna daoine atá a d'iaraidh an
sgéal a bhoga dhóibh. "Comhrádh a tugadh do chomhdhaltaíbh Cualacht
Bhrighide" iseadh an chuid seo den leabhar, agus éinne a bhí ag éisteacht
leis an Ath. Mac Craith ag déanamh an "chomhráidh" sin, níl aon bhaol ná
gur bhreá leo é bheith acu i gcló anois. I ndeire an leabhair tá amhrán deas,
Bhéara mé Ceann do Bhrighdín. Tá súil againn nách fada go mbeidh leabhar
Gaedhilge eile againn ó Chomhlucht na Fírinne Catoilice i nÉirinn.


L. 55


Explanatory Grammar of Modern Irish. By Seaghán ó Catháin. M.H.
Gill and Son, Ltd. is. glan.



Maidir le teangain atá 'á múineadh chomh fóirleitheadúil i sgoileanna
agus tá an Ghaedhilg is iongantach ná fuil níos mó leabhar graiméir againn
innte. B'fhéidir gurab é an "Modh Díreach" fé ndear é, no "Modh na
Ráidhte," no Modh éigin eile chun múinteóireachta, ach isí an fhírinne gur
beag leabhar againn gur féidir Graiméar Gaedhilge a thabhairt air. Agus
tá graiméar chomh riachtanach d'fhoghluimeóir Gaedhilge agus tá drilleáil
do shaighdiúir. Déanfaidh an "Modh Díreach," no "Modh na Ráidhte,"
é 'chur ar an mbóthar chun bheith 'na chainnteóir Gaedhilge lá éigin, b'fhéidir,
má leanann sé den obair, ach nuair a theastóghaidh uaidh í 'léigheamh go
tuisgeanach, no í 'sgríobhadh i gceart, no í 'mhúineadh caithfidh sé graiméar
a tharac chuige agus gabháil tríd. Ní mór do ansan leabhar a mhíneoghaidh
do an chainnt atá 'na bhéal, leabhar ná beidh de sheandacht ann ach an méid
is gádh chun tuisgint cheart a bhaint as na rialacha. Tá a leithéid sin de
leabhar ann, - an leabhar so Sheagháin Uí Chatháin.



Ní leabhar nua ar fad an Explanatory Grammar of Modern Irish, - bhí
sé againn cheana mar chuid de Cheachta Cainnte Gramadaighe. Ach ós
leabhar do mhúinteóirí ar leithrig an leabhar san, is maith a deineadh agus
an méid de bhaineann le graiméar amháin a thabhairt dúinn leis féin. Níl
éinne go bhfuil suim aige sa Ghaedhilg ná faghaidh rud éigín spéisiúil ann.
An foghluimeóir, an cainnteóir, an múinteóir agus an sgoláire Gaedhilge,
gheobha siad go léir tairbhe éigin as, mar tá sé lán d'eolas, bailighthe, criath-
artha agus curtha in eagar go cúramach. Deirtear gurab é an Briathar
an focal is tábhachtaí i dteangain, agus má fhéadann duine an rógaire sin a
láimhseáil i gceart nách fada an mhoill air an teanga go léir a shmachtú.
Gheobha sé congnamh maith ón nGraiméar so, mar tá geall le leath an leabhair
fén mBriathar. Tugann an t-ughdar déanamh ana-shoiléir do sna Bréithre
Neamh-rialta, agus maidir le conas d'fhásadar, tá appendix aige a léighfar
le spéis agus a raghaidh abhfad ar pé deacracht a bhí ionnta go dtí so a bhaint
díobh. Tá summary i ndeire an leabhair mar a bhfaghfar Díochlaonadh,
Réimniughadh, etc.; foclóir úsáideach de théarmaí gramadaighe, agus foclóir
do gach focal Gaedhilge atá sa leabhar. Is fiú d'éinne, foghluimeóir no eile,
an Explanatory Grammar of Modern Irish a léigheamh.


L. 56


Tabharfad £2 per 1,000 focal ar sgéal, no sgéalta, ag baint le saoghal an
lae indiu a bheidh oiriúnach do leanbhaí idir 5 agus 8 mbliana d'aois. Éinne
gur mhaith leis tabhairt fé, cuireadh sé cúntas gearra ar an sgéal chugham
agus tímpal le 500 focal den sgéal féin mar shompla. Ba cheart 10,000 focal,
no mar sin, a bheith sa sgéal.



Cuirfead téarmaí foillsighthe agus triall ar an té is oiriúnaí sgéal, im thuairim,
a chuirfidh cúntas agus sompla chugham.



Mise,



Leanbh,
fé chúram Eagarthóra an Bhranair.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services