Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanfhocail na Muimhneach

Title
Seanfhocail na Muimhneach
Author(s)
Ó Siochfhradha, Pádraig,
Pen Name
Seabhac, An
Compiler/Editor
An Seanbhao
Composition Date
1926
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SEANFHOCAIL NA
MUIMHNEACH



"AN SEABHAC"



Do bhailigh agus do chuir i n-eagar



(Fógarthar gach ceart ar cosnamh)



1926.


L. ii


Cló-chualacht Seandúna,
Corcaigh
do chlóbhuail


L. iii


Réamhthagradh.



Insa Mhumhain ó lucht Ghaedhilge do labhairt iseadh
fuaireas na seanfhocail agus na seanráidhte atá sa
leabhar so. Níor chuireas ann seanfhocail ná sean-
ráidhte a chuala lasmuich de'n Mhumhain ná cainnteanna
a fuaireas i leabhraibh cló nó scríbhne. I gCorca
Dhuibhne ar dtúis iseadh chuala urmhór dá bhfuil annso.
D'airigheas 'na dhiaidh sin iad i n-áiteannaibh eile ar
fuaid na Mumhan i ngach Gaeltacht agus Breac-
Ghaeltacht idir Bhéal na Leamhna agus Sléibhte an
Chumaraigh. Ní dhearna cuardach ar bith i dTuadh-
Mhumhain. Is dóigh go bhfuil urmhór na sean-chainnteanna
atá sa leabhar so ar marthainn i dTuadh-Mhumhan eile; ach
má tá aon ráidhte ar leith idir Shionainn agus Boirinn
ná fuil ar cleachtadh laisteas de'n tSionainn ní
fhaghthar sa leabhar so iad óir ní ráinig aon choidreamh
agam le Dál gCais 'na dtír féin.



Cúig bliana fichead ó shin do tosnuigheas ar an
mbailiú so a chur le chéile. Níor cheapas ar dtúis
gur i gcomhair leabhair iad. Le taitneamh dóibh féin
a chuireas ar leabhránaibh póca agus ar ghiotaíbh páipéir
agus ar seilbh mo chuimhne iad, óir is ionnta atá
fír-spioraid ár dteangan — i ndeilbh na cainnte, i
gcruinneas an aithisc, i nochtadh na smaointe. Is
ionnta atá blas agus bláth agus slachtmhaireacht na


L. iv


Gaedhilge fé mar d'fhás is do ghluais sí le fás agus
le gluaiseacht ár gcine, ag fóghnamh dóibh agus ag
cumhdach innti féin na neithe do cruthuigheadh i n-aigne
na nGaedheal. Is deimhin gur ionnta, leis, atá an
stilleadh is fírinnighe d'fheallsúnacht agus de mheon
na sinnsear Gaedheal ó dtánamar agus má tá an ní
sin go n-abarthar "aigne Gaedhealach" ann is dóigh
gur ins na seanfhoclaibh seo is soiléire atá san.



Nuair a chuaidh an bailiú i méid do tuigeadh dom
gur ceart é chur ó bhaoghal a scaipthe i bhfuirm leabhair.
Cuireadh cuid mhaith d'ádhbhar an leabhair seo i gcló sa
"Lóchrann" idir 1916 agus 1920 agus bhí urmhór an
leabhair seo i gcló um Samhain, 1920, ach nuair a dhóigh
na Sasannaigh Cathair Chorcaighe an uair sin dhóghadar
cló an leabhair agus roinnt de'n scríbhinn. Ní fhuaireas
caoi ar an ath-obair a dhéanamh ó shin go dtí le
déannaighe.



Is do'n ghnáth-phoball do bheartuigheas an leabhar so
a chur amach — do'n dream gur taitneamh leo an
teanga dhúthchais agus a cuid litríochta, agus a bhíonn
d'iarraidh slacht agus maise a chur ar an nGaedhilg a
labhraid siad féin tré eolas d'fhagháil as na fuirmibh
is fearr agus is blasta atá innti. I gcomhair lucht
na cainnte beo an leabhar so go sonnradhach ach tá
de dháníocht ionnam a cheapadh go bhfaghaidh lucht na
scoláireachta, leis, cuid mhaith ann gur fiú dhóibh spéir
a chur ann, agus a gcuid scoláireachta do chur i


L. v


bhfeidhm air. Tá ádhbhar go flúirseach ann do lucht
taighde gramadaighe agus foghríochta agus sanais agus
feallsúnachta agus il-iomad neithe eile a ghabhas le
h-ealadhain teangtha agus a stair agus a gcoidreamh.
Níor ghabhas orm aon chuid de'n staidéar sin a
dhéanamh annso ar an ádhbhar nach beag liom de mhéid
atá sa leabhar cheana agus an costas a ghabhas leis;
agus ar an dara ádhbhar, go bhfuil dóchas agam go
ngríosochaidh an leabhar féin daoine chun tuille cuar-
daigh a dhéanamh ar sheanfoclaibh agus go mb'fhéidir
go mbeadh toradh an chuardaigh sin ar fagháil i bhfuirm
leabhair mhóir 'na mbeadh bailiú iomlán ar son Éireann
uile, agus seanfhocail na litríochta faró. Seo mo
chuid-se i gcomhair an leabhair sin.



Toisc nach fiú a áireamh an uimhir daoine gan
Ghaedhilg a chuirfeadh suim i gcainnteannaibh ár
sinnsear cheapas nár chall eadartheangú i n-Ainglis
a chur ar na seanráidhtibh seo.



Fuaireas lán-chead ó "Thórna" neithe bheith sa
bhailiú so a bhailigh sé agus a chuir sé féin i gcló
cheana i "Seanfhocail na Mumhan" sa bhliain 1901.
Do bheadh bearna mhór sa leabhar so dá gcaithinn iad
san do chur as. Gabhaim mo bhuidheachas le "Tórna"
ar son a chineáltais.



Tá buidheachas ag dul uaim do n-a lán daoine do
chuir spéis i n-ádhbhar an leabhair seo, agus do dheineas
a chásamh, agus a thug congnamh agus comhairle dhom


L. vi


chun an ádhbhair sin a chur chun slaicht. Ortha san tá
Tomás Ó Criomhthain, Seán Ó Dálaigh, O.S.; Seán ó
Dubhda, O.S.; Mícheál Ó Conchubhair, O.S.; Padraig Ó
Corcordha, Seán Ó Loingsigh, O.S., i gCorca Dhuibhne;
Pádraig Ó murchadha, O.S., agus Seán Ó Conaill
(Bhóluis), i n-Uibh Ráthach; Domhnall Ó Súilleabháin, O.S.,
i gCathair Domhnall; Peadar Ó h-Annracháin agus
Mícheál Ó Cuilleanáin, O.S., sa Scibirín; Seán Tóibín,
Cormac Ó Cadhla, M.A., Fionán Mac Coluim, Seán Ó
Cuill, Mícheál Ó Gríobhtha, "Fiachra Éilgeach," Mícheál Ó
Éilgeach," Mícheal Ó Flainn agus iomad eile. Do chuireas a lán ceart
ortha-san agus is buidheach me ar son an eolais a
fuaireas, le fáilte.



Agus tá dream eile atá as slua na marbh agus
dob' áil liom focal a chur le n-a gcuimhne, ní h-amháin
ar son na seanfhocal a fuaireas uatha agus atá ar
buan-choimeád annso anois, ach gurbh iad a thug
Gaedhilg dom agus a thug eolas dom ar sheachas béil
agus as shean-oideas scéalíochta agus filíochta agus
ceolíochta na ndaoine tháinig romhainn. Is mór agam
a gcuimhne. Do bhí mar chomharsain agam sa bhaile
Seosamh Ó Gairbhidhe agus Cáit De Léis, i mBaile
Mhic an Daill, agus Seán bán Ó Conchubhair, i mBaile
Mín Bocht, agus Seán Ó Scannláin, i bPáirc an
tSalainn. Is mó oidhche agus tráthnóna a chaitheas
faró agus mo pheannluaidhe go gnóthach. Micí (na
gCloch) Ó Súilleabhán ón nDaingean, an scéalaidhe
dob' fhearr agus an Gaedhilgeóir ba bhlasta dá gcuala-


L. vii


sa riamh; Domhnall Ó h-Éaluighthe i gCéim a' Ghabha,
seanchaidhe Ua Ráthach; Pádraig Ó Siochfhradha, O.S., i
Maistir Gaoithe sa Dromaid do chéadthosnuigh ar
oideachas dá theanghthach i scoil náisiúnta sa mbln.
1905; Diarmuid bocht Stócs a stiúruigh mé go dtí
sean-Ghaedhilgeóirí na nDéise le linn a nirt agus a
mhaitheasa; agus gan dearmhad na gasraí de dhaoine
bochta dearóile go dtéighinn ag seanchas leo ins na
Tighthe Bocht sa Daingean, i gCathair Saidhbhín, i Sráid
a'Mhuilinn agus i gcill Mhic Thomáisín, &c., &c. Do
dhearmhadaidís a ndearóile tamall ag sárú agus ag
breith buaidhe ar a chéile i gcúrsaí sean-aimsireachta
agus béal-oidis agsu Gaelíochta. Dia go ndeinidh
trócaire ortha uile. Is brónach an cuimhne é iad
imithe agus an saidhbhreas mór d'imigh leo gan fagháil
go bráth arís air. Ba chuid de'n tseana-shaoghal iad
nár fhan le nár linn-ne dhe ach iarsmaí deiridh atá ag
éalú uainn agus ná fillfidh, pé Gaedhilg nó Gall
Bhéarla a mhairfeas mar ghnáth-theangain i nÉirinn.



Agus go ró speisialta is maith liom a luadh
annso ainm deagh-Ghaedhil do chuaidh uainn .i. Risteard
Mac Crócaigh, "An Fiach Dubh," R.I.P., duine dílis,
Fíor-lághach, agus fear gráidh do'n Ghaedhilg. Siúd é
do ghríosuigh ar dtúis mé chun na seanfhocail seo do
chur le chéile. D'éag sé sa mbliain 1919 i nDún
Dealgain. Solus na bhFlaitheas go raibh aige.


L. viii


Fágaim fé'n léightheóir na seoda so ó'n tsean-
aimsir do scrúdú agus an taitneamh agus an tairbhe
a fuaireas féin ionnta do chuardach agus d'aithint
agus do shealbhú dó féin.



"An Seabhac,"



Lá Lughnasa, 1926.


L. 1


FIR.



MNÁ.



LEANBHAÍ.



Urmhór na sean-fhocal atá ann is ag tagairt do'n
duine nó d'á thréithibh nó d'á bhéasaibh a déintear
úsáid díobh. Is minic ins na cainnteannaibh sin ná
déintear trácht cruinn díreach ar an duine féin
i n-ao' chor ach ar ainmhidhe nó éan nó ar ní éigin
éagsúil eile gur féidir cosúlacht éigin d'fhagháil
ann ar rud éigin sa duine. Níl aon chuid de’n
tsaghas deiridh sin sa chaibideal so. Gheobhaidh an
léightheóir iad fé theideal an ruda atá ina phríomh-
thagairt ionnta. Gheobhthar annso sean-ráidhte i bhfuil
trácht ar fhearaibh, ar mhnáibh agus ar leanbhaibh agus
iad i rannaibh fé na trí teidil sin.


L. 3


FIR



1. Fear dubh dána,
Fear fionn glibiúil,
Fear donn dualach,
Fear ruadh scigiúil.



2. Is mairg tigh ná taithighid fir.
.i. Tigh ná bíonn ann ach mná.



3. Is sirriam teallaigh gach fear ar a thinteán féin.



4. Is minic a thuit fear maith i mbualtaigh.
É thuitim aon uair amháin tré mhí-thapadh nó cinniúint, ní
dhéanfadh san droch-fhear de dhuine.



5. Ní raibh "cuibheasach" 'na thigheasach mhaith riamh
(nó: 'na thaoiseach.)
Duine ná bíonn dúthrachtach 'na ghnó iseadh an ní "cuibheasach."



6. Fear óg díomhaoin adhbhar an tseanduine bhuain.



7. Is minic a bhí fear maith i seanabhríste.



8. Ní fear é ar aonach ná ar mhargadh ná ar phoball
an Aifrinn.
.i. Ní fear é ar chor ar bith.


L. 4


9. Ní h-iad na fir fhada a bhaineann an fómhar
go léir.
Daoine beaga adeir é sin 'á chur i gcéill ná bíd siad féin, leis,
go h-olc.



10. Is fearr firín i bhfearaibh ná fear i bhfiríníbh.



11. Fear Beag ar árdán nó fear mór i n-ísleán.
Sin é an comhthrom.



12. Níl laoch d'á thréine ná faghtar fear a chlóidh.
Tá tagairt d'fhearaibh ins na seanfhocail seo:
13, 14, 15, 450, 954, 958, 993, 1004, 1820.


L. 5


MNÁ



13. Frighdeóir fir nó raedóir mná.
Ní mhaith iad.



14. Deire fir a shuan is bean 'á faire féin suas.
Tréithe conntrártha iad san i bhfearaibh is i mnáibh le linn a
sean-aoise.



15. Is fearr lán duirn d'fhear ná lán gaid de
mhnaoi.
Chun oibre nó chun nirt.



16. Bean gheal dubh an bhean is breaghtha amuich.



17. Bean dubh ar tosach an uilc,
Bean bhán ar tosach na ngrást,
Bean ruadh ar tosach an tsluaigh.



18. Is fearr bean bheag deas ná bean mhór ghránna.



19. Cailín Domhnaigh nó gamhain Samhraidh.
Bíonn cuma breágh ortha ach b'fhéidir gur bláth bréige é.



20. Bean nó muc istoidhche.
Sin é an uair is fearr fhéachaid — leis an solus.


L. 6


21. Bean gan aprún nó bó gan eirball.
Ní bhíonn an deallramh ceart ortha.



22. Is leath beathadh bean mhaith tighe.



23. Ní daoi go mnaoi dhrochmhéine.



24. Bíonn múineadh ar fhear ó bhaois go bás,
Ach ní bhíonn múineadh ar bhean go Lá an Bhráth.
Féach Uimh. 854.



25. Iarr ar mhnaoi é uair nó dhó,
Is mara dtagaid leat tar leo.
Níorbh' aon mhaith leanúint siar ar an argóint muna ngéillidís
ar dtúis. Deirtear leis:



26. Abair leo focal nó dhó, is mara dtagaid
leat tar leo.



27. Cara mná tighe.
Do chomhairligh an Gobán Saor d'á mhac, pé áit i raghadh sé, bheith
go mór le bean an tighe. Is mó maith bheadh ar a cumas.



28. Ná bac aoinne ná bíonn buidheachas na mban air.



29. An fhaid is beo í an bhean, mairfidh an spiagaidh-
eacht 'na súil.
.i. Beidh taithneamh aici do dhathanna agus do mhaisiúlacht éadaigh.



30. Tabhair do ghrádh dod' mhnaoi is do rún dod'
mháthair.


L. 7


31. Ní fearr briathra diana dána do mhnaoi,
Ná í bheith ciallmhar rialta mánla mín.



32. Is fearr dul ag fiafraighe na trágha ná dul
ag fiafraighe na droch-mhná.



33. Is measa na mná ná an t-ól.
As an sean-amhrán an smaoineamh sin:
A dhuine! bí ciúin go fóil,
Is éist le glór an tseanchais;
Seachain na mná is an t-ól —
Bíodh deire 'gat go deo le n-a gcleachtadh san, & c., & c.



34. Is deacair taobh a thabhairt leis na mnáibh.
Óir táid siad san uile ní go h-olc, má's fíor an scéal.



35. Ní dheaghaidh aoinne riamh amach ar inntin mhná.
.i. Níor thuig aoinne riamh é. Féach leat 57.



36. Tár éis na mionn is fearr na mná.
Bíd siad go maith tar éis tocht na feirge a chur díobh.



37. Smachtuigheann gach aoinne an bhean mhíneáireach
ach an té go mbíonn sí aige.
Deir gach fear go míneóchadh sé féin í d'á mb' aige bheadh sí.



38. Is dána bean ná muc.



39. Is dána bean ná muc 's is dána muc ná an
diabhal.


L. 8


40. Do bhuaidh an bhean ar an muic is do bhuaidh
an mhuc ar an aonach.



41. Fead glaice ag mnaoi nó cearc ag glaodhach.
nó ar chuma eile:



42. Sin dá rud nár órduigh Críost —
Bean ag feadghail nó cearc ag glaodhach.



43. Coileach bán ar chearcaibh nó file mná i mbaile.
Ní maith ceachtar aca. Deirtear, leis, "Biorbaire mná" nó
"braobaire mná."



44. Beirt bhan nó scata géanna.
Mar a chéile iad chun gliadair, má's fíor.



45. Díothú a cine bean bheag ghránna.
Ní bhíonn a clann go deas.



46. Bean óg gan náire nó gáire gan éifeacht.
Dhá dhroch-rud.



47. Bean táiliúra is bean tuinncéara —
Sin beirt bhan ná réidheann le chéile.



Is gnáth é sin 'á rádh i dtaobh ban a thuiteann amach le chéile. As
an sean-amhrán "Ding-dong de-de-ró" do.



48. Fallaí fuara do-ghní óinseacha,

Fallaí fuara do-ghní beantighe ghuagach.
Tigh fuar folamh — ní chuireann sé fonn ar mhnaoi bheith slachtmhar,
críochnúil.


L. 9


49. Is fearr éagan caillighe ná éagan cailín.
.i. Is fearr seanabhean gan stuaim ná cailín óg gan chiall.



50. An chailleach is sine 'sí is mine.



51. Arm caillighe cloch.



52. Urchar cam i láimh na mná.
Is beag díobh gur féidir leo rud d'aimsiú le h-urchar.



53. Bhí Máire go maith ar dtúis ach d'imigh an
fonn san di.



Deirtear san i dtaobh cailín a bhíonn go fuadrach ar dtúis ach
go mbuaileann leisce chun na h-oibre í.



54. Is giorra (goire) do mhnaoi leathscéal ná a
h-aprún,
Ach is fusa é chreidiúint ná dul ag cuardach
an scéil.



55. Ní fhéachfadh bean siar chun leithscéal d'fhagháil.
Ní gádh dhi, do réir deallraimh.



56. Innis do Mháire i gcogar é,
Is 'neosaidh Máire do'n phobal é.



57. Ní luaithe ar an ngaoith ná ar inntin mhná.
[nó: inntin mhná idir bheirt fhear].



58. An áit i mbíonn bó bíonn bean,
'S an áit i mbíonn bean bíonn bodhaire.
(nó: buaireamh).
Is cosúil gur aguisín magaidh atá san dara cuid de'n chainnt
sin. Féach leat an cluiche ar aon litir atá ann.


L. 10


59. Is fearrde bean leanbh ach is miste dhi beirt.
.i. Beirt d'aon toircheas.



60. Bíonn tinneas a clainne ar an máthair i
gcomhnaidhe.



61. Is uaisle banaltra ná banógarlach.
.i. Is uaisle máthair ná bean gan leanbh.



62. An leanbh bán ag gol is an ghlibeach i dtigh
na gcomharsan.
i. An leanbh ag gol agus an straoileóg mháthar ag cainnt leis
na comharsain.



63. Bean gan leanbh is fada é a céalacan.
Tá tagairt do mhnáibh ins na seanfhocail dárab uimhir —
199, 253, 256, 288, 289, 448, 449, 450, 519, 520, 523,
559, 560, 573, 851, 852, 853, 854, 864, 978, 986, 987, 1244,
1648, 1786, 1812, 1813, 1814, 1815, 1819, 1822, 1825, 1830,
1835, 1840, 1841, 1845, 1846, 1851, 1852, 1853, 1854, 1858,
1860 1966.


L. 11


LEANBHAÍ



64. Clann a thógas nó clann a leagas.
.i. Clann a chuireann an rath nó an mí-rath ar dhuine.



65. Ní raibh a dhóthain clainne ag fear bocht riamh.



66. Ag gol 's ag gáiridhe mar bhíonn na páistí.



67. Máthair choséadtrom inghean chostrom.



68. Deineann leanbh ciallmhar gasta
Athair subhach sólásach;
Is deineann leanbh baoth, big-chiallmhar
Máthair dhubhach dhólásach.



69. Pé leis an leanbh is len' athair a ghuidhfidh sé.
.i. Pé duine thógfadh leanbh nó a thuitfeadh leis, is é déarfaidh
an leanbh tar éis na mbeart — "Beannacht Dé le h-anaman m'athar
is mo mháthar!" pé olc, maith a bhíodar.



70. Bróga sa chliabhán ladhar sa lathaigh.
Díth céille iseadh bróga a chur ar leanbh ná féadfadh siubhal ná
seasamh ach lámhcán.



71. Feoil a thabhairt do leanbh feoil a bhaint
de leanbh.
.i. Ní réidhtigheann feoil le leanbhaí óga.


L. 12


72. Cíos do thiarna nó biadh do leanbh.
Dhá rud a caithfear a sholáthar dóibh nó cloisfear uatha.



73. Tabhair rud do'n ghárlach is tiocfaidh sé
amáireach.



nó:



74. Tabhair rud do leanbh is tiocfaidh sé arís.



75. Mealladh an tsein-leinbh.
D'iarraidh duine a mhealladh agus go mbeadh sé ró ghasta d'fhear
a mheallta.



76. Mian mic a shúil [tabhair blúire do'n bhfireannach].
Ba mhaith leis gach ní chífeadh sé d'fhagháil. Aguisín an dara cuid.



77. Ní féidir ceann críona a chur ar cholainn óig.



78. Buail sa tóin é is seachain sa cheann é.
An tslí chun leanbh mí-iomcharach a smachtú.



79. Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.
Is gnáthaighe é sin 'á rádh i dtaobh smachtú leanbh ná i dtaobh aon
dreama eile.



80. Má thugann tú órdlach d'á shlí féin dod' mhac
tógfaidh sé bannláimhe.



81. Mara smachtuighir do dhailtín
Is é choimeád go h-íseal;
Is measa dhuit le beathú é
Ná coileán machtíre.



82. Is fearr smacht ná biadh.


L. 13


83. Is maith atá 'fhios ag gach máthair conus smacht
a chur ar leanbh iasachta.



84. Dubhairt an Mhaighdean Mhuire ná beadh aon
chion ag an máthair ar an leanbh mara
mbuaileadh sí é.



Chun a leasa agus chun a mhúinte.



85. Leanbh gan mháthair, ní binn é a ghol is ní
geal é a gháire.



86. Is cuma leis an leanbh cá mbíonn a aghaidh
nuair a ghoileann sé [nó: nuair a thagann
fonn guil air.]



87. Is mairg nár thóg a laogh féin nó a leanbh.



nó:



88. Is mairg nár thóg leanbh ná laogh dho féin.
.i. Is trua daoine ná bíonn clann aca.



89. Cad é an díobháil leanbh as leanbhaí nó leanbh
cailín seachas leanbh caillighe.



90. Grianán tighe teine nó leanbh maith.



91. Spéir gan réilthín teinteán gan leanbhaí.



92. Mo leanbh mo leithscéal!



93. An rud a chíonn an leanbh sé a ghníonn an
leanbh.


L. 14


94. Scoláirí na scoile, gobadáin na gorta, d'íos-
aidís na clocha dá bhféadaidís iad a chogaint.
nó: "dá bhfaghaidís iad a chogaint," mar adeirid Déisigh.



95. Is fada cuimhne an tsein-leinbh [nó: an tsean-
ghárlaigh.]



96. An rud is beag ag fear is mór ag leanbh é.
Agus níor cheart a bhaint de'n leanbh gan chúis, agus buairt a
chur air.



Gheobhthar tagairt do leanbhaí ag uimhireacha a —
235, 245, 259, 1067, 1826.


L. 15


II.



AN CORP.



SLÁINTE, EASLÁINTE, &c.



Insa chaibideal so tá gach seanfhocal a thagras
do chorp an duine, do shláinte agus d'easláinte,
do chruth, do mhaise agus do mhí-mhaise, do bheathaidh
agus do bhás, d'óige agus do shean-aois.


L. 17


SLÁINTE AGUS EASLÁINTE.



97. Is beag rud is buaine ná an duine.



98. Is milis an rud an t-anam.



99. Is fearr an tsláinte ná na táinte.



100. Órduigheann Dia an aicíd a sheachnadh.



101. Caitheann gach aoinne deachmhadh na sláinte dhíol.
.i. Tagann tinneas nó breóiteacht ar gach duine.



102. Tosach sláinte codla.



103. Béal mór ó'n mochóirighe agus ní mó ná ó'n
síor-chodla.
.i. Mianfadhach.



104. Imighean an mianfaoidhe ó dhuine go duine,
Mar imigheann an spideóg ó bhile go bile.



105. Nuair a bhíonn an bolg lán is mian leis an
gcnámh síneadh.



106. Táim-se im' chodla is ná dúisighidh mé,



nó:



Táim-se im' chodla is gan codla ach ar shúil
liom.



.i. "Tuigim-se go maith cad tá ar siubhal ach bíodh go dtuigim
nílim 'á leigint orm go dtugaim aon ní fé ndeara." Tá sean-
amhrán ar an ainm.


L. 18


107. Deire sláinte osna.



108. Nuair a bhíonn táiliúir 'na shuidhe againn,
Bíonn táiliúir 'na luighe againn.
.i. Muinntir an tighe do theacht tinn duine ar dhuine.



109. Má's maith leat bheith buan, caith fuar agus te.



Do bhiadh an tagairt sin. Atá scéal ar innsint i dtaobh an
tsean-fhocail sin. Uasal de Ghaedhealaibh a bhí ar féasta ag
Sasannachaibh. Cuireadh nimh sa bhiadh nó sa digh the dho. Do bhí
Éireannach ar na seirbhíseachaibh ann, fuair sé fios an droch-
fhuadair. Thug sé rabhadh do'n uasal. "Caith fuar agus teich," ar
sé. Do theich.



110. I dtosach na h-aicíde is fusa í leigheas,
nó:
111. I dtosach na h-aicíde ná bí mall,
Mar níl brí sa luibh ná fachtar i n-am.



112. Tagann leigheas is aicídí i gcoinnibh a chéile.



113. An luibh ná faghtar 'sí fhóireann.
Ceapann daoine d'á bhfaghaidís an rud ná bíonn le fagháil aca
go mbeadh gach scéal go maith.



114. Tá luibh ann le h-aghaidh gach tinnis,



115. Nuair a bhíonn an t-othar leighiste bíonn meidhir
fé'n dochtúir.



116. Is liagh gach othar tar éis a leighis.



117. Ceiridhe le tóin gan tinneas.



118. 'Sé an t-"ochón" é is an greim mór.
Breóiteacht bhréige ná goilleann ar ghoile duine.


L. 19


119. Is mó an chainnt ná an chneadach.
Níl an teinneas chomh dian agus adeirtear é bheith.



120. Má tá bean an tighe tinn, níor chaill sí a goile!



121. Neanntóg do dhóigh me, cupóg do leighis me.
Cuirtear an chupóg sráide (.i. luibh) le dóghadh neanntóige chun
a leighiste.



122. Galar gan náire grádh nó tart ach do bhuaidh an
tochas ortha.



123. Is beag an dealg do-ghní braon,
nó:
124. Is minic do dhein dealg braon.



125. Is gránna an dúthchas maoile.



126. D'á dhonacht maol is measa mullóg.
Mullóg .i. barr an chinn a bheith maol.



127. Is fearr maol ná bheith gan cheann — ach níl ann
ach san.



128. Is fuirist fuiliú ar cheann charrach.
.i. Ceann tinn, is fuirist fuil a bhaint as. Is fuirist droch-
iomchar a nochtadh i ndroch-dhaoinibh.



129. Ag priocadh ar ghirb.
.i. ag ath-oscailt seana-chréachta.



130. Is olc an dúthchas méiscridhe.



131. Is fad-shaoghalach iad lucht múchta.


L. 20


132. Is dóigh leis an duine go bhfuil an liath-bhuidhe
air féin go bhfuil sé ar an saoghal.



133. As a ceann a gheibheann an bhean fuacht; as a
chosaibh an fear.



134. Fuacht na slinneán a bhreacas na luirgne.
Ó bheith i n-aice na teine. Is amhlaidh is gnáth an chainnt sin a
rádh nuair a bhéarfadh gníomh i bhfad ó bhaile toradh ar rud ná
beadh, dar leat, aon bhaint chruinn aige leis an ngníomh.



135. An té bhíonn breóite ní bhíonn feoil air.



136. Níl aige ach an scrugall agus an t-iogán.
Le duine caol, caithte, adeirtear é sin.



137. Ní thairrngeochadh sé scadán de'n ghríosaigh.
.i. Duine lag.



138. Is measa an ath-iompáil ná an chéad fhiabhras.



139. Is measa scríob sa lurgain ná buille 'n tuaigh
sa cheathramhain.



140. Ní thagann éag gan adhbhar.



141. Ní bhíonn gearán gan adhbhar.
nó:
Ní bhíonn trúig gan adhbhar.



142. Is gairid ó'n inchinn an anchain.
.i. Níl idir iad ach sliogán tanaidhe an phlaoisc.



143. Is minic a báthadh duine i dtobar uisce (nó
i lochán na ngéanna).



144. Galar úna — cúram gan chion. (?)



Féach uimh., 298, 653, 654, 655, 656, 1857.


L. 21


BÁS



145. Níl luibh ná leigheas i n-aghaidh an bháis.



146. Galar fada ní abrann síorraidhe bréag.
.i. Sé an bás a dheire.



147. Maireann an chraobh ar an bhfál
Is ní mhaireann an lámh a chuir.
nó:
Maireann an chuaille chríon sa bhfál, & c., & c.



148. Is fada bhíonn an féar ag fás 's is gearr a
bhíonn an bás 'á chlaoi.



149. Ní dóichighe an bás ná é,
Agus is maith an dóigh an bás a theacht luath nó mall.



150. Ní bheathuigheann an marbh an beó.
D'á bhrí sin bíodh deire le brón agus cuirimís faobhar orainn
féin chun gnó an tsaoghail.



151. Bíonn an bás ar aghaidh an tseanduine agus ar
chúlaibh an duine óig.



152. An Márta mharbhuigheann na daoine,
'S na Faoillí mharbhuigheann na caoire.



153. Oscluigheann Dia béal na h-uaighe
Chun naoidhe na truaighe leigean isteach.


L. 22


154. Tugann béal na h-uaighe
Rud do naoidhe na truaighe.



155. Liagh gach boicht bás.



156. Ní bhfaghair ach comhra is bairrlín,
An rud a fuair Mór — is a cailín.
.i. Tar éis bháis. Le duine bheadh tóirtéiseach as a chuid saidh-
bhris a deirtear é sin. Ní fhuair an bheanuasal, Mór, tar éis bháis
ach an rud a fuair a cailín aimsire — ceithre cláracha comhrann
agus braitlín.



157. M'fhatuirse! Tadhg sa Mhainistir is gnó sa
bhaile dho.
Sa Mhainistir .i. sa roilig.


L. 23


RADHARC AGUS DAILLE.



158. Chífeadh sé ceann rua an fhrig.
Duine go mbeadh géire radhairc aige.



159. Chím an fhrig i súil an chléirigh.
Ach ní fheicim an bíoma im' cham-shúil féinig.
Cuirtear an chainnt sin i leith duine a ghní cáineadh ar chomharsain
a bheadh chomh maith (nó chomh h-olc) leis féin.



160. Radharc Caillighe Béara.
Bhí sí i mBéara lá agus chonnaic sí bó ag dul i ngort arbhair a
dreiféar i mBólus. Do ghlaoidh sí ar an dreifír chun an bhó a
thiomáint!



161. Is fearr súil sa chúinne ná dhá shúil ar fuaid
an tighe.



162. Ní shásuighthear an tsúil le h-amharc ná ní
líontar an chluas le h-éisteacht.



163. Seachnuigheann súil an ní ná feiceann.



164. Ná feic a bhfeicfir.
.i. Leig ort bheith gan eolas. Seo í an chomhairle go léir:
Ná feic a bhfeicfir
Is ná clois a gcloisfir,
Is má fiafruighthear díot
Abair ná feadrais.



165. Is dall súil i gcúil (nó: i gcúram) duine
eile.
"I gcúil" .i. i dtigh, nó in oifig duine eile. Ní bhíonn fhios ag
súil deórata cá mbíonn aon rud i gcoimeád.


L. 24


166. Ní martraithe go daille, ach is measa bheith ar
buile.



167. Is olc an dúthchas súile dearga.



168. Aimsigheann an dall a bhéal,
nó:
169. Is léir do'n dall a bhéal.



170. Ar lí ní breitheamh fear gan súile.



171. I ndomhan na ndall is rí fear aonruisc.
Deirtear, leis, "i ríocht" agus "fear aon tsúile."



172. Aon tsúil amháin i gceann, is cuma é bheith ann
nó as.



173. Is geall le fear gan aon tsúil fear ar aon
tsúil amháin.



174. Is minic a bheir dall ar ghirrfhiadh!
Dá mbeadh duine 'á rádh go ndéanfadh sé gaisce, nó rud a bheadh
thar a chumas, déarfadh lucht dí-chreidimh é sin leis.



Féach uimhreacha 240, 808, 1816, 1833.


L. 25


ÉISTEACHT AGUS BODHAIRE.



175. D'aireochadh sé an féar ag fás.



176. Ná clois a gcloisfir.
Féach uimh. 164.



177. An rud ná cloiseann an chluas, ní chuireann sé
buairt ar an gcroidhe.



178. Bíonn cluas bhodhar ar fhear na foghla.
Agus ní fhanann leis an té bhíonn ag glaodhach 'na dhiaidh ar lorg
a choda bhíonn fuadaithe aige.



179. Beireann cluas bhodhar a lán féin léi.



Daoine, dar leat, a bhíonn bodhar do chloisfidís rud ná ceapfá
dhóibh a chlos.



180. Bíonn cluas ar an gcoill is dá thaobh ar an
gclaidhe.



.i. Ní bheadh fhios agat cá mbeadh duine ag éisteacht leat.



181. Éist le fuaim na h-abhann agus gheobhair breac.
Le searbhas is gnáth é sin a rádh le daoine ná cuireann fuin-
neamh ionnta féin chun a gcuid oibre.



182. Bodhaire Uí Laoghaire,
nó:
183. Bodhaire Mhic Mhathghamhna.
Bodhaire a leigeann daoine ortha nuair nach maith leo freagairt.



Féach uimh. 178 agus 179.


L. 26


LÚTH AGUS BACAIGHE.



184. Neart a ritheann is mire a léimeann.



185. An té ná fuil léim aige cimligheadh sé a thón
de'n chlaidhe.



Féach uimhreacha — 550, 1700.



186. Is dána gach fear go tulaigh.



187. Is breágh an rud suidhe ach do bhain síneadh an
barr de.



188. Is fearr rith maith ná droch-sheasamh.
.i. Is fearr teicheadh ná an cath do dhul ort.



189. An té bhíonn bacach bíodh [is an té bhíonn tuir-
seach suidheadh].



190. Caitheann gach aoinne géilleadh d'á bhacaighe féin.
Ní h-i dtaobh bacaighe siúbhlóide amháin is gnáth an chainnt sin
'á rádh.



191. Cis ar chois nó sos do láimh.
.i. Nuair bheadh cos tinn ba cheart í choimeád ar siubhal agus
ba cheart sos a thabhairt do láimh thinn? Cis?



192. Spor ar an gcois is gan an chos ann,
Is gan d'anam sa chorp ach mar bheadh cubhar na
h-abhann!



Duine lag ag cur chun gníomh gaiscidh a dhéanamh.



193. Cá raghair? cá ngeobhair?



Le duine go mbíonn órdóga a chos iompaithe amach ó chéile
nuair a bhíonn sé ag siubhal adeirtear é sin. Sin é an rud a
bhíonn an dá chois a fhiafhraighe d'á chéile!


L. 27


ÁILNEACHT AGUS GRÁINNEACHT.



194. Is minic a bhíonn gránna geanúil is dathúil
dona.



195. Is minic a bhíonn deáratach cailliúnach.



Deáratach .i. deallrathach.



196. Is minic a bhíonn breágh bréan.



197. Bíonn borb fé scéimh.



198. Is fearr béasa ná breághthacht.



199. Ní h-í an áilneacht a chuireann an corcán ar
fiuchaidh.
Uaireannta deirtear "Ní h-í an bhreáthacht, & c." I dtaobh ban
is gnáth an chainnt 'á rádh.



200. Má's peacadh bheith buidhe tá na mílte damanta.



201. Má táim buidhe, tá croidhe geal agam.



202. Ní buidhe ó'n ngréin atá sé ach buidhe ó'n
bpréimh.



Féach an t-amhrán "Tadhg Buidhe":



"Má's Tadhg Buidhe mé, tá croidhe agam is gile ná an
chailc," & c.



203. Is mór órdlach de shróin duine.
Féach uimhir 270.


L. 28


ÓIGE AGUS AOS.



204. Is mó croiceann (cor) a chuireann an óige dhi.



205. Mol an óige is tiocfaidh sí.



Aguisín leis sin: "Buail sa tóin í is tuitfidh sí."



206. Ní thagann ciall roim aois.



207. Bíonn ceann caol ar an óige.



208. Is mór an óige orainn bheith gan chiall tamall.



209. Bíonn an óige ar buile.



210. Is mairg a thugann droch-mheas do'n óige.



211. Is mairg ná baineann ceol as an óige an fhaid
a bhíonn sí aige.
Féach an sean-amhrán — "Is buachaillín fíor-óg mé."



212. Is mairg a dhein ádhbhacht d'á shaoghal.
Óir ní scéal grinn ná adhbhar magaidh é.



213. Céalacan fada agus díth na mbróg,
A dheineann seanduine de'n duine óg.



214. Bíonn duine 'na leanbh dhá uair.

Óg gach neach i n-aois óige,
Óg arís gach seanóire,
Óg deire aoise an duine,
Deire gach seanaoise óige.



215. Gol leinbh óig nó "ochón" seanduine.
Ní mór an tsuim a thuillid.


L. 29


216. Tosach agus deire an duine ar an teine thriall-
ann sé.



217. Críneacht cinnteacht.



218. Is mór idir teacht is meath.
.i. Is mór an deifríocht idir duine óg agus seanduine.



219. Is olc an chomharsa an tseanndacht.



220. Ní brúighte go dul i n-aois.



221. Is mairg a mhaireann le bheith críona,
Nó a cailltear i mbaois na h-óige.



222. Cos insan uaigh agus cos eile ar a bruach.
Ag druidim leis an mbás.



223. Is fuirist aithne buille an tseanduine.
Cé ná bíonn sí láidir buailtear san áit cheart í.



224. Magadh fé sheanóir nó fonóid fé dhuine bocht.
Is náireach iad. Deirtear leis: "aighneas le seanóir."



225. Fiche bliain ag fás,
Fiche bliain fé bhláth,
Fiche bliain ag trághadh.



226. Fiche bliain a bhíonn an fear ag fás,
Fiche bliain ag trácht ar a neart,
Fiche bliain ag casadh le bheith ann,
Is fiche bliain gur cuma dho ann nó as.



227. Na ceithre coda d'aois an duine:
Fiche bliain ag teacht,
Fiche bliain go maith (nó: ar stad),
Fiche bliain ag meath agus
Fiche bliain gan rath.



Féach uimhreacha, 77, 681. 682, 1284, 1832, 1848, 1856.


L. 31


III.



GRÁDH,
PÓSADH,
CLEAMHNAS, & c.



Tá roinnt mhaith seanfhocal ann ag tagairt do Ghrádh
agus do Phósadh. Tá cuid mhaith seirbhthin i n-urmhór
na gcainnteanna san. Dar le duine ortha níor mhór
an iontaoibh a bhí ag na daoine tháinig romhainn as an
ngrádh ná as buaine an ghrádha. An pósadh féin —
mar le rud a bhí riamh agus atá fós fé mheas i
nÉirinn — is olc a théigheann sé ó fhaobhar na seanfhocal,
nó b'fhéidir is córa a rádh gur beag de'n tuigsint a
bhí i n-aigne ár sinnsear 'na dtaobh a chuireadar i n-iúl
i bhfuirm seanfhocal. Tá cúis leis an scéal a bheith
amhlaidh b'fhéidir. Greann agus magadh a shamhluighid
daoine de ghnáth leis an ngrádh agus, go rí-mhinic, leis
an bpósadh féin. Is amhlaidh is maith leo guth a thabhairt
do'n chuid éadtrom neamh-thábhachtach de'n scéal, agus
an taobh eile — an taobh thábhachtach, dáiríribh, doimhin a
choimeád fé dheiscréid ó shúilibh agus ó chluasaibh an
dreama ná tuigfeadh.


L. 33


GRÁDH



227a. Is mór an ní grádh nó eagla.



228. Galar an grádh ná leighiseann luibheanna.



239. Galar gan náire grádh nó tart.
Féach uimh. 122.



230. Is olc an cineán an grádh.



231. Tart deire an óil, brón deire an ghrádha.



232. Ní raibh grádh mór riamh ná tiocfadh fuath 'na
dhiaidh.



233. Comhfhaidh a théigheann fuacht agus teas,
Comhfhaidh a théigheann fuath agus grádh.



234. An chéad ghrádh mná, an dara grádh fir.
Sin iad is buaine bhíonn.



235. Cion i gan fhios do mhnaoi nó leanbh.
Má bhíonn a fhios aca cion a bheith ortha bainfidh siad feidhm as
an gcion san ar mhaithe leo féin gan beann aca ar mhaith an té
bhíonn ceanúíl ortha!



236. Ní ghaibheann grádh le gnás is ní cheileann fuath
a locht.



237. Ceileann searc ainnimh is locht.
Pé'ca chítear nó ná feicthear an locht a bhíonn sa duine glacann
grádh an duine agus a chuid locht gan chol.


L. 34


238. Bíonn an grádh riabhach (riach?) ann.
.i. Grádh gan chiall, gan smacht.



239. An grádh ná bíonn láithreach fuarann sé.



240. Nuair a dhruideann an radharc ó'n tsúil druid-
eann an grádh ó'n gcroidhe.



241. Nuair a laguigheann an lámh laguigheann an
grádh.



242. Uireasbha mhéaduigheas cumha.



243. Soir atá mo thriall is siar atá mo ghrádh.
Duine ag dul i n-áit agus go mb'fhearr leis gur i n-áit eile
bheadh a thriall — nó duine go mb'fhearr leis bean éigin eile do
phósadh seachas an bhean a bhíonn i n-áirithe dho.



244. I ndiaidh an tsochair a bhíonn an grádh.
"I ndiaidh na comaoine" adeirtear go minic. Mar a chéile
ciall an tseanfhocail seo agus —



244a. "Mo ghrádh thu — an rud agat!"
nó: "Mo ghrádh thu agus rud agat."



245. Pógtar an leanbh le grádh do'n bhanaltrain.



246. Is fuar cumann caile [nó: caillighe].



247. Ní bhíonn grádh ag mnáibh do ghrogaire liath.



248. Cúirtéireacht Mhichíl Dáith.



Féach uimhreacha — 30, 1855.


L. 35


CLEAMHNAS AGUS PÓSADH



249. Níl aon chleamhnas is rathúla ná cleamhnas na
luaithe.



250. Cleamhnas an chairn aoiligh nó cáirdeas Críost
i bhfad amach.



251. Cleamhnas i n-imigéin nó cleamhnas ar dheis
duine féin.
Siad is fearr.



252. Fan go fóil go bpósaidh Síle [nó: Máire].



253. Níl aoinne go mbeadh budóg aige ná faghadh
stupóg a chrúdhfadh í [nó: sudóg].



Aon fhear go mbeadh ba nó saidhbhreas ar bith eile aige gheobhadh
sé bean a phósfadh é. Féach 271.



254. Níl aon tseana-stoca ná faghann seana-bhróg.
Ionnan é sin agus an ceann roimhe.



255. Níl aon "leaghadh Dia" ná faghann "lom
amhgair."
.i. Níl duine d'á dhonacht ná faghthaí duine eile a phósfadh é.



256. Toghaibh an bhean do réir a dúthchais.
Comhairle mhaith nuair ná beadh aithne ró-mhór ag an duine
uirthi — rud ná bíonn i gcomhnaidhe ag daoine go ndéintear
cleamhnas dóibh.


L. 36


275. An chéad bhliain bliain na bpóg,
An dara bliain bliain na ndorn.



258. An chéad mhí mí na meala,
An dara mí mí na mísleán,
An tríú mí isteach 's amach.
An ceathrú mí "th anam 'on diabhal, a strap!"



259. Is mairg a loitfeadh mac maith le droch-mháthair.
Deirtear é sin le duine sula bpósann sé. Nuair dob é an
cleamhnas an gléas chun póstaí a shocrú ba mhór an tsuim adeintí
de shláinte agus de neart agus de dhúthchas na mná.



260. B'fhearr liom bean na fiche seift ná bean na
fiche púnt.



261. B'fhearr liom bean 'na léine ná bean eile agus
spré aici.



Is fearr bean chríochnúil ghasta gan aon spré ná straoile mná
go mbeadh airgead aici.



262. Ná tóg mar céile an cúigiú glúin nó d'á
dhruim sin raghair sa chré, i n-easba sleachta,
i n-easba clú nó i ngiorracht saoghail.



263. Má phósann tú i n-ao' chor pós anuiridh.
nó:
Má dheineann tú i n-ao'chor é déin ó 'nuiridh é.
.i. An pósadh. Má oireann duit é dhéanamh déin láithreach é
d'fhonm a dhuagh a bheith curtha dhíot agat.



264. Fear gan bean gan chlann fear gan beann ar
aoinne.


L. 37


265. Is iad na fir mhaithe a ghlacann na mná gan
spré.
nó: "a phósann, & c."



266. Is mairg a phósfadh bean i ngioll ar chúig bhó —
Téigheann bó aca leis an muir is báthann poll bó,
Tagann machtíre ó'n gcnoc is itheann sé bó nó
dhó,
Is dár ndóigh, cé mór do'n donas an cúigiú bó.



Is é teagasc na gceithre rádh seo annso ach nach ceart d'fhear
aon bhean mhí-scéimhiúil gan chrích a phósadh de ghrádh an airgid nó na
maoine bheadh aici. Is Iongna gan a shamhail de theagasc ann do
mhnáibh liairní fear gan áird a sheachaint.



267. Imigheann an t-ór is fanann an óinseach.



nó:



268. Imigheann an chuid is fanann na puis.



nó:



269. Imigheann an bhó [an spré] leis an bhfaill,
Ach fanann an bhreill ar an mnaoi.



Dá bhrí sin ná pós bean nach áil leat toisc go bhfuil spré aici.



270. "Má táim-se geanncach teannfar púint liom."



.i. Sólás an chailín nárbh álainn.



271. Dá mbeadh ba ag an gcat is maith do pósfaí é.



.i. D'á mhí-thaithneamhaighe aon duine, má bhíonn sé saidhbhir gheobh-
thar bean a phósfaidh é. Tá an chainnt sin leis mar líne san amhrán
grádha — "Casadh an tSúgáin," nó "an Súisín Bán." Féach 253.



272. Dá mbeadh ba ag an gcat ní fada go bpósfaí é;
Is an cat gan ba is fada a seolfaidhear é.



273. Ní pósadh go súsa [nó: go sop].


L. 38


274. Is mac do mhac go bpósair é,
Ach is inghean t'inghean go dtéighir 'on chré.



275. Óinseach bean gan pósadh.
B'é sin feallsúnacht na nGaedheal.



276. Ag obair go deo 's gan pósadh choidhche.
Gearán a bhí ag fear ná leigfeadh a mhuinntir do bean a thabhairt
'on tigh.



277. Poll dóighte comhartha pósta.
Piseóg é sin. Nuair a dóightear ball éadaig le duine is gnáth
é rádh leis.



278. Pósadh an Domhnaigh bíonn sé brónach.



279. Lá brónach 'á phósadh is lá deórach 'á chur.



Óir is lá donais do'n duine bocht aon lá aca!



280. Ní céasta go pósta [is ní féasta go rósta].



281. A bhuachaill, beir buartha go bpósair,
Is annsan ní bheidh suaineas go deó ort
nó:
[Is ón uair sin ní suaineas go deo dhuit].



282. Donncha an Chaipín is Máirín an Trúis,
Beidh siad 'á bpósadh an tseachtain seo chughainn.
Dá éan bheaga iad san.



283. A trí 's a dó pósadh Sheáin Pheadair.
Céim gaoil iseadh a trí is a dó.


L. 39


284. So-nuachar do'n do-nuachar.
Deirtear é sin nuair a phósann duine fónta céile dona.



285. Is dá mhó a phósann ná a chothuigheann tighthe
fónta.



286. Comhairle tar éis phósta nó aithrighe tar éis bháis.
Ní h-aon mhaith do dhuine iad.



287. Ní h-i gcomhnaidhe bheidh Domhnall Buidhe 'á
phósadh ná cóir aige chuige.



De threibh na gCárthach i n-Uibh Ráthach dob' eadh an Domhnall
buidhe sin. Deirtear go raibh sé 112 bl. d'aois nuair a cailleadh
é. Bhí sé cúig uaire pósta. Bhí sé 84 nuair a phós sé an
duine deireannach aca agus bhí ceathrar clainne aige léi. Cailleadh
é sa mbliain 1751. Fear ocrach a bhí ag ithe le h-airc ar a bhainis
adubhairt an rádh so thuas. Sé brí atá leis — deinimís ár ndícheall
ar mhaithe linn féin ó tá caoi againn — ní fios cathain a bheidh arís.



288. A scéal féin scéal gach aoinne —
Agus scéal na sean-mhná an seanduine.



289. Is olc an bhean bheo ná cuirfeadh bean mharbh.
Dob olc í an dara bean a bheadh ag fear muna gcuireadh sí
cuimhne na céad mhná as a cheann.



290. Ní raibh aon lá maith agam ó phósas Seán.
Ní thug Seán bocht saoghal chomh maith dhi agus a cheap sí a
thabharfadh.


L. 40


291. Is mairg a bhíonn fé ghad ag á mhnaoi —
Is gan aoinne ar an dtalamh is measa ná í.
Deirtear, leis, "fé ghádh."



292. Do phós liobar leadhb.
Is gnáth é sin a rádh nuair a théigheann beirt gan chrích, gan eolas
d'iarraidh gnótha éigin a dhéanamh i dteannta chéile agus gur
measa duine aca chun a dhéanta ná an dara duine.



293. Bás na céad mhná nó báisteach tar éis dinnéir.
Dob' fhéidir tubaist ba mheasa thuitim ar dhuine! Gheobhthaí bean
eile i gcás aca agus níorbh olc an rud an tamall díomhaointis
sa dara cás!



Féach uimhreacha 616, 928, 929, 1398, 1809, 1853, 1858,


L. 41


IV.



BIADH AGUS
DEOCHA BIDH.



Níorbh' é cáil ár muinntire-ne riamh aon tsuim mhór
a bheith i mbiadh aca. Fós féin ní mór an tábhacht a
ghníd siad de ach go mbeadh dóthain réasúnta aca le
fagháil. Ní gnáth leo bheith d'iarraidh a ngoile a
mhealladh chun tuille agus a ndóthain d'ithe. B'fhéidir
go n-abrochadh lucht a gcáinte gurbh amhlaidh ná raibh
riamh ag Gaedhealaibh le n-ithe ach "cuid Pháidín de'n
mheacan" .i. an t-eirbaillín caol, agus dá mbeadh a
mhalairt aca go bhfoghlmochaidís craos bidh a dhéanamh.
Ach dar le duine ag léigheadh na seannráidhte seo i
dtaobh bidh do, níor cheap ár sinsear riamh gur sóluis
é; ach gur rud é ba riachtanach agus ná raibh cúis ithte
ag duine ach an t-ocras.



Toisc nach béile bidh biadh gan deoch tá na gnáth-
ráidhte i dtaobh deocha bidh sa chaibideal so, leis. Níl
tagairt ann do dheochaibh biotáile ná meisce óir tá
caibideal futha-san féin agus faoi neithe ghabhann
leo. Féach leat ó ól agus meisce.


L. 43


BIADH AGUS DEOCHA BIDH.



294. Capall na h-oibre an biadh.
An té bhíonn ag obair ní mór do biadh.



295. Arán do-ghní rinnce.
.i. Cuireann sé fuinneamh i nduine.



296. Ní beo gan biadh sinn.
Deir duine é sin má bhítear ag lorg air obair a dhéanamh agus
ocras air.



297. Ní fhéadfadh mála folamh seasamh ná cat marbh
siubhal.



298. Níl tart, oighear ná ocras air.
Le duine go mbíonn a dhóthain aige adeirtear é sin.



299. Sé an chéad bhiadh a chuaidh ar shliogán chuige é.
Ní le biadh adeirtear é sin ach le teagasc nó sompla nó nós a
múintear go hóg do leanbh agus go bhfeictear a rian air.



300. Má's leat me bheith láidir tabhair arán agus
bainne dhom.
I leith leanbh a cuitear an chainnt sin.



301. Ní fearr biadh ná ciall.
Féach uimh. 404.



302. An rud a bheathochadh duine sé a mharbhochadh
duine [eile].
San Ainglis adeirtear "feoil do dhuine nimh do dhuine eile."



303. Is fearr bheith ag lorg bidh ná bheith ag lorg
goile.



304. Mara mbeir i mbaile an bhidh bí sa bhaile le n-a
thaoibh.
.i. Comhairle bheith comhgarach do'n bhiadh.


L. 44


305. I n-ithe na bulóige iseadh bhíonn a thástáil.
D'fhéachaint ciaca olc nó maith é.



306. Blais é is tiocfaidh dúil agat ann.
nó:
Blais an biadh is íosair é.
Is minic ná beadh dúil ag duine i mbiadh go dtosnochadh sé
ar ithe.



307. As a bhlaiseadh is fearr é.
Tá blas níos fearr ná a dheallramh air.



308. Biadh rí ruacain,
Biadh buachalla [nó: tuatha] báirnigh
Biadh caillighe miongáin —
Is í 'á bpiocadh le snáthaid.



309. Ní fearr buidheacán ná feoil.



310. Bolgam fíona an t-ubh, bolgam nimhe é lot.



311. Is mó lá bheimíd ar thaobh an teampaill
Is na h-iarrfaidh ár ndranndal biadh.
D'á bhrí sin deinimís ithe agus ól agus subhachas.



312. I n-am an bhidh a rugadh tu.
Deirtear é sin le duine thagann isteach i dtigh le linn biadh
bheith 'á ithe.



313. An té go mbíonn dinnéar aige bíonn finnéidhe
aige.



314. Ba cheart duit cuimhneamh ar an arán d'ithis.
nó:
Ní bhíonn cuimhne ar an arán a ithtear.


L. 45


315. An comhgar chun an bhidh is an tíompal chun na
h-oibre!



316. Fuadar chun an bhidh agus saothar chun an óir.



317. Duine gan dinnéar beirt chun suipéir.
Bíonn ocras beirte air.



318. Ní moill ar dhuine a chuid bidh.



319. An té bhíonn amuich fuarann a chuid.
Agus ní do bhiadh amhain atá tagairt annsan.



320. Ocras tar éis athluighthe.
nó:



321. Ná h-athluigh do bhiadh go mbeidh sé id' mhála.
nó:
Bheirim-se mo mhallacht d'aoinne choidhche d'ath-
lochadh a bhéile go mbeadh sé caithte aige.



Madaruadh a bheir uair ar chirc fraoich agus do bhí ar tí í ithe.
Do labhair an t-éan leis agus adubhairt gur mhór an náire dho,
muna dtugadh sé buidheachas ar dtúis do Dhia ar son an bhidh a bhí
le caitheamh aige. Do ghéill an madaruadh simplidhe do'n chainnt
sin agus d'árduigh a dhá lapa chun beannacht Dé d'iarraidh ar an
mbiadh. Leis sin d'eitil an chearc fraoich agus dubhairt an mada-
ruadh mar atá thuas.



322. Is mairg a dhíolfadh é féin ar a n-íosadh fé.



323. Cnoc nó tráigh a chuireann ocras ar chách.
.i. Nuair a bhíd ag obair ionnta.



324. Is maith an t-annlan an t-ocras.



325. Is maith an mustárd an sliabh.
.i. Tar éis bheith tamall ag siubhal an tsléibhe thiocfadh goile
ocrais do dhuine.


L. 46


326. Is fearrde an bolg an biadh.



327. Is fearr bolg seang ná rud a chur ann ná
raghadh leis [nó: ná réidhfeadh leis].



328. Is trom an a-ualach putóga folmha.



329. D'íosadh sé an polca te.
[Agus d'ólfadh sé an Mhágach (?)]
An polca te .i. as an bpolcadh te — as an uisce te.



329a. D'íosadh sé an Mhuclach.
Carraig mhór i gcuan Thráighlí iseadh An Mhuclach.



330. Do dhuine gan chuid ní beag de choin é féin.
Duine ná bíonn ach a dhóthain féin aige ní ceart bheith ag braith
air chun roinnt a thabhairt d'aoinne eile.



331. Is maith an rud an congnamh ach tiompall na
méise.



332. Is measa duine sa chúinne ná beirt ag an
mbórd.



333. Bolg ba bheag do.
Fuair sé níos mó bidh ná mar fhéadfadh sé a ithe .i. daoine fiala
b'eadh iad. Féach 350.



334. Plúr an phráta a theas.



335. Prátaí miona mílse mórbhídh beag chroicinn.
Deagh-cháil ar phrátaí bidh é sin.



336. Ola an chroidhe an t-im.



332. An té itheann an t-im bíonn dath an phróca air.


L. 47


338. Leamhnacht na h-athghamhnaighe, gráinneach na
h-athghráinnighe agus raitheacha mairt.
An biadh is fearr ar domhan.



339. Is buaine an t-únán ná an t-anbhruithe.
.i. Is sia bheadh tairbhe bó ag duine agus í beo 'á crúdh aige ná
mar bheadh dá mbeadh sí marbh agus a cuid feola aige.



340. Ní biadh bainne is ní bainne bláthach
Is ní feóil putóg [nó: iasc] cé go ndeineann
sé sásamh.



341. Díogh gach dighe an mheadhg má's sean.
Féach uimh — 1819.



342. Fagháltaisí an ghrutha ag snámh ar an meidhg.
Ní shnámhann an chuid fónta de'n ghruth ach bheadh uaireannta
píosaí beaga éadtroma ar snámh. Nuair ná bíonn ach beagán de
rud le fagháil deirtear ná bíonn ann de ach mar bheadh "faghál-
taisí an ghrutha, agus &rl."



343. Is fearr baighreán [nó: bláthach] is bainne
gabhar ná dul go tigh ar domhan d'á mhéid.



Is fearr do chuid bhocht féin ná dul fé chomaoine duine eile
d'iarraidh a mhalairt. Deirtear, leis: "ná dul go h-abhainn, & c."



344. Ní féidir é bheith 'na ghruth 's 'na mheidhg.
.i. Ní féidir do dhuine rud a bheith ar dhá shlí aige.



345. Is maith leis na mná dealbha an bhláthach.
.i. Is maith an rud rud cuibheasach nuair nach féidir rud níos
fearr d'fhagháil, nó nuair bhíonn duine gan aon rud.



346. Is beag orm bláthach — nuair a bhíonn mo bholg
lán de.


L. 48


347. Bainne as dia(idh) feola nó uisce as dia(idh)
éisc.
Sin iad na deocha is fearr le n-ól i na ndiaidh sin araon.



348. Nuair a bhíonn an cupán lán 'seadh is giorra
dho é dhortadh.



349. 'Sé 'á fhiafraighe é dhíom-sa an íosainn feoil.
nó:
'Sé 'á fhiafruighe de'n duine breoite é an ólfadh
sé bainne [nó: deoch].



Deirtear é sin nuair a fiafruightear de dhuine an ndéanfadh sé
rud go mbeadh, go bhfios do'n saoghal, a fhonn go léir chuige.



350. Arán mór is beagán taois,
Muga mór maide
Agus bainne 'bhfad síos.



Mar sin a fuair duine féile i n-áit éigin. Féach 333.



351. Feoil go maidí scean.
.i. flúirse mhór.



352. Ith smior mairt is bí cruaidh tapaidh
Ith smior muice is bí mór meathta.
Deirtear "feoil mhairt" agus "feoil mhuice."



353. Ní baintear an ainm de'n bhlonaig [go dtugtar
"scraith" uirthi].
Cuid bheag shuarach d'aon ní — deirtear é sin leis le searbhas go
mór mór nuair a bheadh súil ag duine le roinn níos fearr.



354. Ól a bhfeicfidh do shúil d'anbhruithe úr mhairt.
Is d'á moladh adeirtear é sin. Deirtear, leis: "Ibh a bhfeicfidh
do shúil d'úr-anbhruithe mhairt."


L. 49


355. An té ná faghann an fheoil is mór an sógh leis
an t-anbhruithe.



356. Nuair is gann é an biadh iseadh is fial é roinnt.
Iseadh adeir lucht grinn — "sé an d—l é roinnt!"



357. Scadán idir chúigear.
Cosúlóid ar ghanntan bidh.



358. Lá breágh Samhraidh gan biadh gan annlan.
Nuair a bhíonn na prátaí gann sa Bhealtaine agus sa Mheitheamh.



359. Féasta anocht is gorta amáireach.
Mar sin iseadh bhíonn biadh ag daoine áirithe.



360. Cuid Pháidín de'n mheacan.
.i. An t-eirbaillín caol. Do bhí Páidín beag lag, is baoghal,
agus d'fhág san gan a cheart é. Ní i dtaobh bidh amháin is gnáthach
é rádh — féach uimh. 1661.



361. Franncaigh ag ithe aráin [nó: mine] agus fir
áilne gan seoid.
.i. Arbhar nó plúr a choimeád fé ghlas agus ocras ar dhaoine.



362. An náire is mó fuair Fionn riamh —
Rud 'na bhéal is gan aon ní 'na dhorn [nó: 'na
láimh].
Chun an béal d'aithlíonadh.



363. An lá ná bíonn aon ní againn bíonn cabáiste
againn.



364. Bíonn blas [nó: faghtar blas] ar an mbeagán.
Nuair ná bíonn ann ach beagán de rud is mór ag duine cuid de.


L. 50


365. Log uisce ar phláta ní sásta an t-annlan é.



366. Is fearr leathbhairrghin ná bheith gan arán.



367. Is geall le h-ocras gannachas.



368. Ní bhrúchtuigheann go sáthuigheann.



369. Is fearr deire fleadha ná tosach bruighne.
Sin é adeir an duine thagann déannach ar fleidh nó ar dinnéar.



370. Triúr féin sac Dia h-Aoine nuair a bhíonn na
daoine lag.



371. Aoinne an Chéasta is mór an céasadh bainne
d'ól,
Domhnach Cásca is mór an náire bheith gan feóil,
Céadaoin a' Luaithrigh bainfí an chluas de'n té
íosadh feóil.



372. An dríodar an chuid is reimhre de'n phraisigh.
Deirtear é sin le rudaí seachas praiseach.



373. Ní bhíonn suas ach fear fuartha na praisce.
Mar bíonn súd 'á blaiseadh an fhaid a bhíonn an phraiseach 'á
fuaradh aige agus bíonn roinnt di ithte aige sula roinntear ar
na daoine eile í.



374. Clann na beirte dritheár an leite agus an
sríobán.



375. Bíonn blas milis ar phuirseach na gcomharsan.
Agus tá daoine ann agus b'fhearr leo é dh'ithe ná a gcuid féin.
Bíonn an chainnt sin, leis, ag mnáibh tighe má bhíd a gcuid fear ag
moladh cócaireachta ban eile.


L. 51


376. Leite na dtáiliúirí.
Gach leite gan blas gan slacht.
Féach uimh. 685.



377. Is fearr greim de choinín ná dhá ghreim de chat.
.i. Is fearr beagán de rud fónta ná mórchuid de dhroch rud.



378. Marbhuigheann solaoidí muc.
.i. Bheith ag triall saghaiseanna bidh uirthi.



379. Scruid áirneáin.
.i. Béile beag ithtear go déannach istoidhche.



380. Bolgán eadarthra.
Béile ithtear idir bhricfeast agus béile meadhon lae.



381. Gach aon tsáth' chun ceann an chalmóra [nó: chun
mála na mine].
.i. gach duine d'iarraidh a chuid — nó níos mó — do bheith aige de'n
rud maith a bhíonn le fagháil go saoráideach.



382. An méid sin mine leis an méid sin uisce.
.i. An comhthrom dleaghthach ó gach taobh. Bíonn rudaí seachas
min is uisce i gceist nuair a deirtear an chainnt sin.



383. Is fuirist fuinneadh i n-aice na mine.
.i. Is fuirist do dhuine rud maith a dhéanamh nuair a bhíonn an
chóir agus an t-adhbhar aige.



384. Is milse salann ná siúicre.
.i. Is fearr dod' shláinte.



385. Mara n-ithidh an leanbh é íosaidh an bhanaltra é.
Béas fé'n dtuaith é nuair a thagann clann ar lánúin bhoicht go
mbeireann na comharsain bronntanaisí bidh, agus &rl., go dtí an
leanbh óg.


L. 52


386. Pé duine an rí sí an té an bhainríon.
Moladh ar thé é sin.



387. Caifí dhom féin is té dhom bhean.
.i. Gach aoinne agus a rogha féin aige.



388. Ní féasta go rósta.



389. Is luaithe rósta ná beirbhiú.



390. Is fada bior gan feoil.



391. Is éascaighe bior ná oighean.
.i. Is luaithe feoil a bhruith ar bhior ná i n-oighean.



392. Is maith an cócaire an cócaire fireann,



393. Beirbhiú buachalla d'íosadh cailín é.



394. Gach tart le teas.



395. Puirseach ó 'raer í!



Ní ag tagairt do phraisigh ar bith adeirtear an chainnt sin anois
ach ag tagairt do bhotún a bheadh déanta nó do chainnt gan chiall
ná creidfí.



Triúr Ciarraigheach a chuaidh ag tuilleamh soir go Tiobraid
Árann uair agus tugadh árthach praisce dhóibh mar bhéile istoidhche.
Bhí scanán tagaithe ar a bhárr agus níor thuig an chéad duine aca
ná go raibh an phraiseach fuar. Chuir sé ar a cheann an t-árthach
agus d'ól bolgam. Do dóghadh go croidhe é. Níor ghearán sé, ámh.
"Puirseach ó 'raer í," ar seisean, agus do shín do'n dara fear.
D'ól an dara fear agus d'imigh an dálta céadna air sin, ach níor
leig air. "Is mairg nár théidh í," ar seisean. Nuair d'ól an
tríú fear a chuid do ghoill an teas air. "Scalladh mo chléibh í,
má's mar seo bhí sí agaibh go léireach!" ar sé.



396. Puirseach is rabh-dil-um!
Focal magaidh fé ghnó gan chrích.



397. Ní béile bidh biadh gan deoch.



398. Cócaire Cornail Ramsey.
Ainm droch-mheasa é sin ar dhuine loiteann an bia le linn
cócaireachta.



Féach leat seanfhocail gurab uimhir dóibh — 71, 109, 345, 604, 605
606, 958, 986, 1141, 1593, 1850.


L. 53


V.



ÓL AGUS MEISCE.



Cáineadh is mó deintear ar an ól i seanfhoclaibh
Gaedhilge. Droch-nós iseadh é. Adhbhar náire iseadh
meisce agus adhbhar magaidh an té do-ghní meisce, "ag
tabhairt airgid go réidh ar son a chéille bhreith uaidh."
Dob' é an t-ól measardha "an cupán beag is gan é
lán is a leigean ar chlár i bhfad. Ar nós a lán eile
deaghtheagasca is baoghal ná h-éistightí go so-chomhair-
leach leis. Ba mhilis é an fíon ag a lán daoine agus
d'ólaidís. Deiridís nach le dúil ann é ach chun a
gcroidhe d'árdú agus chun cuideachtanas agus féile
do dhéanamh.


L. 55


ÓL AGUS MEISCE



399. Is túisce deoch ná scéal.



Má thagann duine chun do thighe cuir 'na shuidhe é agus tabhair
deoch do sula bhfiafruighir de cad a thug é.



400. Is fearr mac le h-imirt ná mac le h-ol.
Cé gur droch-bhéas an imirt féin.



401. An té ná h-ólann ach uisce ní bhíonn sé ar
meisce.



402. Galar gan náire an tart.



403. Meisce mór do-ghní lionn —
Beag iongna liom gan bheith buan;
Airgead do-bheirim go réidh
Ar son mo chéille bhreith uaim.



404. Ní fearr biadh ná ciall [agus níorbh' fhearr riamh
iad ná an deoch].
Is cosúil ná raibh an dara cuid sin thuas sa tseanfhocal ar
dtúis.



405. Ól deoch an tarta nár tháinig.
nó:
Deoch an tarta nach tháinig agus tugaimís
fáscadh fé.



406. Ól an deoch 's is beag an díth dhuit é —
Is gur chuir an deoch so tort ar dhaoine araer.


L. 56


407. Deoch roimh tart, deoch i ndiaidh tarta agus
deoch i n-aghaidh tarta.
Leathscéal magaidh chun tuille d'ól.



408. An té nár ól riamh cárt ná cnagaire bíonn
aindise lá a bháis air.
Lucht óil adeir sin.



409. Toghaibh do chuideachta sara dtéighir ag ól.
Óir ar ball nuair bheir gan splannc céille agat beir ar a
dtoil ag drochdhaoinibh má's iad a bhíonn farat.



410. Gléas tighe chun a bheith buan,
Bean chruaidh is fear gan tart;
Cupán beag is gan é lán,
Is a leigean ar chlár i bhfad.



Tá a dheallramh ar an rann san gur lucht leabhar agus scríbhinne
a cheap ar dtúis é.



411. Seachain tigh an tábhairne nó is báirnigh is beatha
dhuit.
.i. Ní bheidh agat ach báirnigh má leanair de'n ól.



412. An té is mó ólann 'sé is mó dúil ann.



413. D'á mhéid é an t-ól 'seadh is mó an tart.



414. Tart an bruach leanna.
An deoch nó adhbhar na dighe ann ach gan é le n-ól.



415. Tart madra lá báistighe.



416. Tart Fhéidhlim.
Tart nár múchadh riamh.


L. 57


417. Ní mhothuigheann béal fliuch béal tirm.



418. Cad tá sa bhiotáille?



Tá sult is greann is carthannacht —
Tá diabhail is deamhain is achrann.



419. Is maith an bhean chaointe an chiarsa.
.i. Tiarsa — bairrle de lionn. An té go mbeadh a leithéid ar
a thórramh do bheadh lucht a chaointe ann — bíodh agus ná beidís
croidhe-bhriste.



420. Is beag sochar na síor-mheisce.



421. D'ólfadh sé an tSiúir.
nó:



422. D'ólfadh sé an sop as an srathar.
nó:



423. D'ólfadh sé an bhólacht is an capaillín glas.
nó:



424. D'ólfadh sé an abha d'á mbeadh gob caol uirthi.
nó:



425. D'ólfadh sé an "braon anuas."
Féach leat 329.



426. Baineann an drúncaer an díon d'á thigh féin
agus cuireann ar thigh an tábhairne é.



427. Lá ar meisce is lá ag ól uisce.
.i. Lá le flúirse is lá gan blaise aige.



428. Lá sa tábhairne is lá sa tsúsa is lá eile ag
soláthar chúcha.
.i. Lá meisce is lá craos-bhreoite is lá eile ag tuilleamh.


L. 58


429. Meisce an phúca.
Sin é meisce an té ná h-ólann ach istoidhche.



430. Oidhche shúgach agus maidin bhrónach, póca folamh
agus cóta salach.
.i. Toradh na dighe.



431. Scéidheann fíon fírinne.



432. Ní cheileann meisce rún.



433. Scéidheann meisce mí-rún.



An droch-aigne bhíonn fé cheilt istigh — scéidheann sí amach.



434. Canann meisce nó fearg fíor.



435. Is milis fíon, is searbh a íoc.



436. Is milis d'á ól é ach is searbh é íoc as
[nó: d'á dhíol é].



437. Is minic do bheinn ar meisce ach le leisce bheith
ag díol as.



438. Aoinne amháin a iarrann agus dáréag a ólann.



439. Pé duine ólfaidh é Domhnall a dhíolfaidh as.
Déarfadh duine é sin nuair a bheadh rud 'á dhéanamh ag daoinibh
agus gurab é féin a bheadh freagarthach ann.



440. Dhá dtrian cainnte ag lucht póite.



441. Ná bí cainnteach i dtigh an óil.



Agus gan do chainnt go ró éifeachtúil, b'fhéidir.


L. 59


442. Níorbh' é boladh na gaoithe bhí uaidh.



.i. Ó n-a anál. Bolath an óil do bhí uaidh.



443. Sé leigheas na póite ól arís.



nó:



444. Ribe de chlúmh na cún (con) a rug ort.



.i. Má bhíonn tú suaithte, brúighte, marbh, tnáithte,
Ó shugha na n-ubhall gcumhra is an leanna láidir,
Glac-se chughat, má's fiú leat teacht id' shláinte,
Ribe de chlúmh na cún san, ar n-a mháireach.



445. Is gnáthach tart ar fhear siubhail.



Agus adeirtear, leis:



446. Is gnáthach siubhal ar fhear tarta.



Óir ólann sé a mbíonn aige agus caitheann an bóthar a ghabháil.



447. Domhnall ar meisce is a bhean ag ól uisce,
is na páistí ag béicigh.



Deirtear "an píobaire" go minic i n-ionad "Domhnall" agus
"na gárlaigh" i n-ionad "na páistí."



448. Tosach cuirn do mhnáibh.



449. Ní ólann na mná fíon ach imigheann sé le n-a
linn.



.i. Amhras annsan go n-ólaid i gan fhios é.



450. Cad é an díobháil liom bean ar meisce ach
stráille fir!



Sin é tuairim na mban ar an scéal.



451. Tart deire an óil.



Tá tagairt do'n ól ins na seanfhocail seo — 33, 1809, 1810, 1811,
1851, 1854.


L. 61


VI.



CAINNT



Gheobhthar annso feallsúnacht na ndaoine tháinig
romhainn i dtaobh an fhocail bheo a thigeas ó'n
dteangain. Do mholaidís tost agus discréid labhartha
agus cháinidís béalscaoilteacht agus bladhman. Tá
comhairlí ciallmhara annso i n-aghaidh an bhréithir mhir
a dhéanfadh snaidhm ná scaoilfeadh t'fhiacla. Seod
feallsúnachta agus bláth litríochta gach ceann aca.


L. 63


CAINNT



452. Is binn béal 'na thost.



453. Amhrán an bhéil dúnta



454. Is binn béal ar siubhal ach ní dhearna béal 'na
chomhnaidhe aimhleas riamh.



455. Tá trí réidhteach is trí chur-amach ar gach aon
fhocal.
Agus cá mbíonn an fhírinne eatartha.
Féach uimh. 562.



456. Ní dheineann béal 'na chomhnaidhe aighneas [nó: a
aimhleas].



457. Deineann ceann ciallmhar béal iadhta.



458. Ní fearr a rádh ná cuimhneamh air.



459. Is mairg a labharfadh go teann.
nó:



460. Is mairg ná cuireann srian le n-a ghuth.



Rann ann:



Is mairg ná bíonn aige ciall,
'S is mairg ná cuireann srian le n-a ghuth;
Anois ó imigh an fíon 's an fiadh,
Is maith an biadh an chaora dhubh.



461. Scéal Caillighe an uathbháis.



Deirtear é sin le cainnt duine do ghní scéal mór uathbhásach de
rud beag gan tábhacht.


L. 64


462. Ní thug Dia fios d'á mháthair.
.i. ba cheart do dhuine fios a chúraim a choimeád aige féin.



463. Is ciúin iad na linnte lána.



464. Ní fearr cainnt ná éisteacht.
nó, mar adubhairt an bárdscológ:



Iomarca cainnte ag neach
Do bheir neamhchion ar a chéill;
'S is fíor go ndeineann feadán glór
Spadán de'n chóir féin.



465. Seachain an duine ná labhrann puinn.



466. Is críonna an duine a ghníos rún air féin.



467. D'imeochadh rith focail ar shagart a' pharóiste.
Dá bhrí sin ní ceart bheith milleánach ar dhuine eile ná beadh i
n-ao' chor chomh tuiscionnach leis, má shleamhnuigheann focal neamh-
dheischréideach uaidh.



468. Innis domh-sa innis do'n chloich é.
Innis d'aoinne eile é innis do'n bhóthar.



469. An té thabharfadh scéal chughat bhéarfadh sé dhá
scéal uait.



470. Is minic a cheanglochadh do theanga rud ná
scaoilfeadh t'fhiacla.



471. Cé ná bíonn aon chnámh sa teangain is minic a
bhris sí ceann duine.



472. Ná gearradh do theanga do scórnach.
.i. Ná h-abair aon rud a thiocfadh id' choinne uair eile.


L. 65


473. Beagán is a rádh go maith.



474. Dhéanfadh sé cat is dá eirball.
Deirtear é sin i dtaobh duine bheadh ag maoidheamh as an ngaisce
bhí sé chun a dhéanamh. Nuair a bhí an Gobán Saor 'na fhear óg
chuaidh sé lá ar lorg oibre. Fuair sé obair .i. aire thabhairt do
cheardchain an fhaid do bheadh na gaibhne ag ithe. "Cad a bhead-sa a
dhéanamh go dtagaidh sibh?" ars an Gobán. "Cat is dá eirball,"
ars an gabha leis le droch-mheas air. Nuair thánadar thar n-ais bhí
an cheardcha lán de chataibh dá eirball!



475. Dhéanfadh sé na h-uirc is na h-airc.



476. Soitheach folamh is mó torann.



477. Is árd glór 's is beag gníomh é.



478. Focal mór is gníomh beag.



479. Mórán cainnte ar bheagán cúise.
Féach uimh. 801.



480. Buaileam sciath!



An ainm a tugtar ar dhuine ghníos maoidheamh mór as a ghaisce
agus nárbh' fhiú an gaisce é.



481. Tá cainnt saor ir airgead ar thobac.



482. Fuitsiomó, Faitsiomó. 'Thaidhg Uí Laoghaire!
Cainnt gan éifeacht.



483. Ní bhíonn aon chustam ar chainnt.



484. Glór mór i gceann beag.



485. Bíonn dá cheann ar gach caora,
nó:
Bíonn dá lomra ar do chaora-sa gach aon lá.



Le daoine bhíonn ag maoidheamh as a gcuid saidhbhreasa adeirtear
na cainnteanna san.


L. 66


486. Bíonn dá cheann ar bhreac Trágha Móire.



487. Bíonn seacht srath ar gach iomaire aige.



488. Chuirfeadh sé cosa maide fé sna cearca.



489. Ba bheag orm bladar agus beagmhaitheas.



490. Fear i dtigh duine eile — stracfadh sé an dair
as a phréa'cha. ach dá bhfaghadh sé eirball cait
ar bhloc 'na thigh féin ní bhainfeadh sé anuas é.



491. Ná glac duine choidhche ar a thuairisc féin.



492. An té is mó oscluigheann a bhéal sé is lugha
oscluigheann a sparán.



493. Ná bíodh croidhe loin agus guth leomhain agat.



494. Leigheas gach bróin comhrádh.



495. Is minic a bhíonn ciúin cionntach.



496. A gcomhradh féin a dheineann pléisiúr do gach
amadán is óinsigh.



497. Bíonn focal údair ag amadán.



498. Ná feic gach ní chítear duit —
Beag an díobháil do-ghní tost;
Éist le comhrádh daoine (n)glic
Tuig is leig mórán thort.


L. 67


499. Is fada ó'n stuaim an stocaireacht.



500. Maoidheamh na gcloch (bh)folamh.
.i. Glór agus beag-mhaith,
nó:
Maoidheamh na bhfaidhneóg bhfolamh.



501. Mheallfadh sé a tharr ó'n siongán.
Le milse teangan agus bréithre meallta.



502. D'áiteochadh sé muc ar shagart [agus banbh ar
chléireach].
Sin é an chraobh san áiteamh.



503. Chuirfeadh sé an dubh 'na gheal ort.
.i. Duine bheadh go maith chun áitimh.
Féach uimh. 940.



504. Glór puich i muga.
Glór beag nimhneach ag duine beag.



505. Glór i gcóitín.
Cóitín .i. petti-coat. Le duine beag suarach lag-bhrigheach
adeirtear é sin nuair a chuireann sé cainnt bheag dhána as.



506. An rud is giorra [goire] do'n chroidhe sé is
giorra do'n bhéal.



507. A scéal féin scéal gach aoinne [agus scéal na
seana-mhná an seanduine, nó scéal Sheáin
an t-airgead].



508. Gach file is fáigh ag trácht ar a ealadhain féin.


L. 68


509. Ní fearr scéalaidhe maith i dtigh ná droch
scéalaidhe.
Searbhas é sin adéarfadh scéalaidhe nuair bheadh daoine i láthair
ná beadh ag éisteacht leis ná ag cur suime 'na scéal— d'á fheabhas é.



510. Scéal ó Shamhain go Bealtaine.
Nuair a bheadh duine agus é ag gearán agus ag cnáimhseáil de
shíor agus daoine ag eirghe tuirseach de déarfaidís leis: "Sé an
scéal ó Shamhain go Bealtaine agat é."



511. A scéal féin scéal gach aoinne [agus scéal
Sheáin Bhuidhe an t-airgead] [nó: scéal na
seana-mhná an seanduine].



512. An scéal i gcomhnaidhe is ní beag a bhrónaighe.
[An corcán ró bheag agus nach féidir a líonadh].



513. Scéal an Chaipín Deirg.
Aon scéal fada leadránach a bheadh ar siubhal ag duine agus go
n-eireochaí tuirseach de. Sean-scéal iseadh "Scéal an CH.D."



514. Scéal gan adhbhar!
nó:
515. Scéal gan deáramh!



Rud ná creidfeá déarfá é sin leis.



516. Scéal a thairrngeann scéal.



517. Is olc an scéal nach fiú é "huth" a rádh leis.



518. An scéal is a chomhartha le n-a chois.



519. Dubhairt bean liom go ndubhairt bean léi.
Le ráflaí gan bunús is gnáth é sin a rádh. Cuirtear leis sin
mar seo.
Dubhairt bean liom go ndubhairt bean léi gur innis bean di
go gcuala sí idir mhná é.


L. 69


520. Comhrádh ban.
.i. Cainnt gan áird.



521. Comhrádh ban ar chléith, comhrádh ná bíonn réidh.



522. Dubhairt sé dábhairt sé.
.i. Cainnt gan bunús.



523. Is mairg a leigeas an cogar ciúin,
Ná a leigeas a rún le mnaoi —
Mar an rud a théigheann ó bheirt go triúr
Imigheann súd ar fuaid an tsaoighil.



524. Tá a theanga 'na phóca.
Duine ná labhrann nuair ba cheart do.



525. Tin tiartha ort.
.i. "dein t'fhiafruighthe thart" — cainnt is gnáth a rádh le duine
chuireas ceisteanna mí-mhúinte.



526. Ní coimeádthar tigh gan teanga.



527. Tuigeann gach aoinne a bhalbhán féin.



528. Má's gearr é do scéal is greannúr.



529. Is olc an scéal é mar le scéal gearr.
Tubaist mhór a thárlochadh go h-obann.



530. Ná bí ag cainnt leis na cosaibh faid a bheidh an
ceann agat.
.i. Téigh ag cainnt leis an máighistir.



531. Ná bí ag déanamh "Máire Ní Ógáin" díot féin.
Adéarfaí san le duine go mbeadh a lán cainnte aige agus gan
aon chiall sa chainnt.


L. 70


532. Is fearr focal sa chúirt ná bonn sa sparán.
Is minic adeirtear "púnt" i n-ionad "bonn."



533. Múchadh feirge so-fhreagra.



534. Níor bhris focal maith fiacal riamh.



535. Pé fhaid a bheir amuich ná beir droch-scéala,
abhaile ort féin.



536. Is fearra dhuit do droch-fhocal féin ná droch-
fhocal duine eile.



537. Duine nach eol do labhairt ní h-eol do éisteacht.
Labhrann sé agus deineann sé botún.



538. Ní h-aon mhaith bheith ag caoine nuair imigheann
an tsochraid.



539. Ní h-aon tairbhe bheith ag seanchus nuair bhíonn
an anchain déanta.



540. Bíodh an chainnt is an cannrán agat-sa —
Beidh an fheidhm is an éadáil agam-sa.



541. Adhbhar an mhagaidh ag déanamh magaidh.



542. Is olc a raghaidh sliocht an mhagaidh.
nó:
Is olc an chrích bheireas lucht cnáide.



543. Tadhg an dá thaobh.
Duine leigfeadh air bheith liomsa is leatsa.



544. Ní féidir an seanfhocal a shárú.



545. Níor fhág an seanfhocal amuich iad.



Féach leat uimhreacha 25, 31, 36, 44 54, 55 56 440, 441.


L. 71


VII.



FÍRINNE AGUS ÉITHEACH.



Gach seanfhocal annso i dtaobh fíre agus bréige
agus neithe bhaineas leo araon agus leis an lucht a
chleachtas iad.


L. 73


FÍRINNE AGUS ÉITHEACH.



546. Ar an bhfírinne is córa rath a bheith.



547. An rud adeir an saoghal is fíor é.



548. Beatha an staraidhe fírinne.



549. Ní bréag í an fhírinne.
Scéal ná creidfí ar dtúis agus i gcionn aimsire gheobhthaí a
fhios é bheith fíor — déarfaí mar sin leis.



550. Gach aon rud 'á chur ar an bhfear bodhar.
.i. ar an bhfear nach féidir leis é féin a chosaint toisc gan é
bheith i láthair nó é bheith marbh.



551. Is furuist bréag a chur ar na mairbh.



552. Os a chomhair is fusa bréag a chur ar dhuine.



553. Is mairg a chailleas a gheasa.



554. B'fhearr liom do bhéal a bheith briste ná bréagach.



555. Ní measa bithiúnach i mbaile ná fear aistrithe
na fírinne.



556. Nár chuirimíd bréag ort!



557. Ní h-ionmhúin le Dia béal bréagach.



558. Is sia théigheann an t-éitheach ná an fhírinne.
De bhrí, is dócha' go bhfuil claonadh nádúrtha chun uilc insa
duine.


L. 74


559. Fianaise an duine bhréagaigh a bhean.
nó:
560. Finnéidhe giolla an éithigh a bhean.



561. Imigheann an t-éitheach leis an ngaoith agus
tagann an fhírinne 'na tan (?) féin.



562. Bíonn dá innsint ar scéal (agus dá ghabháil
déag ar amhrán).



Deirtear é sin nuair a cloistear an "taobh eile" de scéal.
Sé a bhrí sin nár cheart an chéad innsint a chreidiúnt "go mbeireadh
an taobh eile ort." Féach uimh. 455.



563. Is maith so go dtagann súd.
.i. An chéad scéal agus an dara scéal.
564. Is mairg a théigheann ar mí-scéal.



565. Ná bíodh deatach mór ar dhroch-theine agat.
.i. Maoidheamh mór agus gan adhbhar maoidhimh agat.



566. Leasmuich de dhuine bhíonn a gháire.
Bíonn rud nach gáire fé cheilt istigh ag daoine áirithe.



567. An taobh sleamhain amach 's an taobh cam isteach.
.i. Áilneacht bhréige ar rud, nó droch chroidhe i nduine fé bhreig-
riocht cneastachta.



568. Ná tabhair breith ar an gcéad scéal.
B'fhéidir ná beadh lom agus lán na fírinne ann.



569. Ní h-anacra go h-éitheach.



570. Má tá bréag ann bíodh—ní mise chúm ná cheap é.
Críochnú scéil fiann'íochta nó scéil nuaidh a gheobhthaí ó dhuine eile.


L. 75


571. Is olc an rud droch-scéal a chur i bhfaid — bíodh
sé fíor nó bíodh sé bréagach.



572. Ní chreidtear an fhírinne ó'n nduine bréagach.



573. Nuair a throidid mná na buaile [nó: na
gcomharsan] sin é uair a gheibhim-se tuairisc
mo mhuilt.
Is dóigh gurbh amhlaidh a goideadh an molt agus gur scéidh na
mná ar a chéile le linn na feirge.



574. Is minic a gheall táiliúir is ná tiocfadh sé.



Fadó théigheadh na táiliúirí ag déanamh éadaigh go tighthe na
ndaoine fé'n dtuaith. Bhíodh gach duine d'iarraidh iad a bhreith ar
dtúis chun a thighe féin agus chun iad a mhealladh agus a shásamh.
Is dócha go mbíodh ar na táiliúirí geallúintí bréige thabhairt
uatha — rud nár dheacair le táiliúirí riamh do réir gach scéil ortha.



575. Bíonn an fhírinne searbh ach ní (bh)fhaghann sí
náire go deo.



Féach leat uimhreacha 54, 55, 803, 809, 1829, 1856.


L. 77


VIII.



BEANNACHTAÍ
AGUS
CRÁIBHTHEACHT.



Tá rian creidimh Gaedheal go soiléir ar a dtean-
gain. Ní raibh aon teanga eile riamh ag gabháil leis
an gcreideamh ameasc na ndaoine go dtí an lá fé
dheire agus bhí oiread san greama ag an gcreideamh
ortha gur fhág sé rian soiléir ar an dteangain gur
mheodhan teagaisc do í.



Tá seanfhocail an chaibidil seo roinnte ar dó —
beannachtaí a cleachtthar go laethúil le linn gnáth-
ócáidí an tsaoghail, sin iad atá sa chéad chuid; agus
tá cainnteanna crábhaidh agus teagasc um thoil,
comhacht agus trócaire Dé, & c., san dara cuid.


L. 79


BEANNACHTAÍ



576. Dia dhuit [nó: dhaoibh]!



577. Dia is Mhuire dhuit [dhaoibh]!



578. Dia 's Muire dhuit is Pádraig!



579. Bail ó Dhia ort [oraibh]!



580. Móra dhuit [dhaoibh]!



581. Mór is Muire dhuit!
Nuair bhuailid daoine le chéile adeirid na cainnteanna san.
Is minic adeirid cuid des na seandaoine "dhaoibh" i n-ionad
"dhuit" nuair a bhuaileann duine aonair leo. Adeirtear go
mbeannuighthear do'n Airgeal Choimhdeachta a bhíonn fara an duine.
"Dhíbh" adeirtear i n-ionad "dhaoibh."



582. Go mbeannuighidh Dia annso isteach!



Adeirtear le linn dul isteach i dtigh.



583. Dé 'bheatha-sa [nó: Dé bheatha-sa it' shláinte]!
Adeirtear é sin má bhíonn fáilte roimh an té thagann. "Dé"
airighthear i n-ionad "Dia."



584. Go mairir-se i bhfad!
Freagra é sin ar "Fáilte romhat" nó ar "Dé bheatha-sa."



585. Slán leat [libh]! Slán agat [agaibh]!



An té bhíonn le h-imeacht adeir "Slán agat." An té fhanas
adeir "Slán leat."



586. Go dtugaidh Dia lá [oidhche] maith dhuit [dhaoibh]!



587. Go n-eirighidh do bhóthar [do thurus, do phósadh,
an lá an oidhche] leat!


L. 80


588. Go mbeiridh Dia slán abhaile thu [sibh]!



589. Go n-éirighidh ádh leat [libh]!



590. Dul agus teacht slán [nó: go dtí do dhá
thurus — dul agus teacht slán]!
Nuair a bhíonn duine dul ar thurus deirtear é sin leis.



591. Aghaidh an uilc i bhfad uainn!



592. Duine oraibh is gan aoinne dhíbh!



593. Mara fearr nára measa!



594. Go ndearna (nó: ndéinidh) Dia trócaire ar
a anam!
nó:
595. Go dtugaidh Dia an suaineas síoraidhe d'á
anam!
nó:
596. Solais na bhFlaitheas d'á anam!
nó:
597. Go réidhidh Dia an bóthar d'á anam!
Guidheanna le h-anam duine bheadh tar éis bháis.



598. Beannacht Dé le h-anmanna na marbh!
Guidhe le linn snaoise nó tobac.



599. Dia linn is Muire!
Adeirtear é sin nuair leigeann duine sraoth.



600. Go dtugaidh Dia solus na bhFlaitheas dúinn!
Le linn solus a lasadh is gnáth é sin a rádh.


L. 81


601. Go bhfóiridh Dia orainn!
nó:
602. Go bhféachaidh Dia orainn!
nó:
603. Go réidhidh Dia chughainn!
Focail truaighbhéil iad san.



604. Go méaduighidh Dia im is bainne chughaibh!
nó:
605. Go méaduighidh Dia bainne agus a mháithreacha
chughaibh!
nó:
606. Sláinte na bó!
Nuair a gheibhtear deoch bhainne adeirtear é sin.



607. Go maithidh Dia dhom é!
nó:
608. Nár agraidh Dia orm é!



Is gnáth san a rádh nuair a bhíonn duine tar éis rud a dhéanamh
agus go dtagann aithreachas 'na thaobh air.



609. Nár chloisidh ár namhaid sinn!
Adeirtear nuair bhítear ag tagairt d'olcas daoine eile d'fhéad-
fadh díobháil a dhéanamh do'n dream a bhíonn 'á gcáineadh.



610. Go mairir is go gcaithir é [iad]!
Guidhe do dhuine nuair bhíonn culaith nua nó bróga nua air.



611. Go mairidh tú céad [is bliain chun aithrighe]!
Adéarfaí le duine dhéanfadh áis do dhuine eile.



612. Bail ó Dhia air!
nó:
613. Dia 'á bheannachadh.



Is gnáth a rádh nuair a moltar duine nó rud. Níor cheart dar
le Gaedhil an moladh a dhéanamh gan an beannachadh a dhéanamh.


L. 82


614. Bail ó Dhia ar an obair!
Deir duine é sin nuair a thagann sé i láthair mar a mbíonn aon
ghnó ar siubhal.



615. Dé (Dia) bheatha grásta Dé!
Focal iongantais.



616. Sonuachar maith chughat!
Guidhe do dhuine gan pósadh.



617. Nár bheiridh do namhaid ort!



618. Ná rabhair choidhche gan —
(pé rud a gheibhtear ó dhuine).



619. Go rabhad age Dia!



620. Dia leat!
nó:
621 Dearna leat! nó: tar slán!
Focail molta agus gríosaithe.



622. Nár iarraidh do lámh filig ná uachtar!
Beannacht ar dhuine fhial. Filig agus uachtar .i. leigheas do
láimh thinn.



623. Nár chuiridh Dia do lámh ó roinnt.
Le duine flaithiúil is gnáth é sin a rádh.



624. Sláinte chughat is cabhair, is dealbh go deo ná
rabhair!
Guidhe buidheachais é sin ar son féile ó dhuine eile. Deirtear
leis:



625. Go bhfágaidh Dia do shláinte agat!
nó:
626. Go mbuailidh Dia seans maith chughat!


L. 83


627. Faid ar do shaoghal is gan aon phioc d'easba
choidhche!
nó:
628. Faid ar do shaoghal is laetheannta geala!



629. Gan an fhaid sin de luigheachán bliana ort [ach
an fhaid a bheir it' chodla]!
Adéarfá é sin le duine dhéanfadh rud duit.



630. Odlaig fé mhaise dhuit!
Um Nodlaig adeirtear é sin.



631. Gura seacht fearr a bheidh sibh bliain ó indiu!



632. Go mbeirimíd slán ar an dtráth so arís!



633. Go dtugaidh Dia ciall duit!



634. Cúis gháire chughainn!
Deirtear é sin le linn áthais agus grinn tar éis tamaill bróin.



635. Grásta Dé chughainn is bás i nÉirinn!



636. Cabhair is cáirde is grásta ó Dhia chughainn,
Cabhair gach lá atáim a iarraidh!



637. Dia 'á réidhteach!
Adeirtear nuair thuiteann droch-rud amach.



638. Dia linn!
nó:
639. Dia lem' anam!
nó:
640. Dia linn, is Amen, a Tiarna!
nó:


L. 84


641. A Mhuire, is trua!
nó:
642. A Mhuire, 'mháthair!



643. Moladh is buidheachas leat, a Dhia!
nó:
644. Dia go deo linn!
Focail iongantais iad san.



645. Beannacht Dé dhuit!
Is gnáth san a rádh le duine thugann scéala maithe leis.



646. Ciall id' cheann agus an chiall atá ann as.
Déarfaí é sin le duine leanfadh de thuairim gan chiall d'aindeoin
comhairle a thabharfaí dho.



647. Chugham aniar thu!
nó:
648. Chugham choidhchin aniar thu!
Moladh an chéad cheann aca san ach searbhas atá sa dara ceann
agus is gnáth a rádh le teachtaire mall nó le duine bheadh tar éis
mí-ghníomh a dhéanamh.



649. A chonách san ort!
Tar éis rud maith nó drochrud a thuitim amach do dhuine iseadh
deirtear é sin leis.



650. Gura fearrde Naomh Pádraig teacht go hÉirinn!


L. 85


SLÁINTÍ



651. Fé thuairim do shláinte!
nó:
652. Sláinte mhaith!
nó:
653. Sláinte gan slaghdán chughat!
nó:
654. Sláinte an bhradáin chughat — croidhe foláin
agus gob fliuch!
nó:
655. Saoghal gadhair agus sláinte an bhradáin chughat!
nó:
656. Sláinte na bhfear is go mairidh na mná go deó!
nó:
657. Siúd órt!
nó:
658. Nár dheinidh an braon so díth ná dochar dúinn!
Guidheanna le linn óil iad san uile.



659. Dia linn is deoch, is ná rabhad choidhche bocht!


L. 86


TAGAIRT DO DHIA AGUS DO NA
SUBHÁILCÍ.



660. Bíonn Dia foidhneach!



661. Is giorra (.i. goire) cabhair Dé ná an doras.



662. Roinneann Dia na subháilcí.
Ní thugann sé iad go léir d'aoinne ná ní fhágann sé aoinne gan
subháilce éigin.



663. Is mall Dia ach triallann A ghrásta.



664. Meilid muilte Dé go mall ach meilid mion, mín.



665. Is mairg gur beag leis Dia mar lón.



666. Is maith le Dia congnamh d'fhagháil.



667. Is maith Dia fé thrócaire — ach ní bhfaghthar bróga
gan airgead.
Duine éigin adubhairt é sin go raibh tinneas a chos, ar an saoghal
so, ag cur níos mó imnidhe air ná tinneas a anma ar an saoghal eile.



668. Imeochaidh a dtiocfaidh is d'imigh a dtáinig riamh.
Ach ní imeochaidh na grásta go bráth ó Dhia.
Tá a shamhail sin sa dán atá san mbéal oideas .i. "An Moladh
Beirte."



669. Is ag Dia is fearr 'fhios.



670. Níor dhún Dia beárna riamh ná h-osclochadh sé
ceann eile.



671. Níor loit Dia aon ní riamh ná leighisfeadh sé.


L. 87


672. Marbhuigheann Dia duine chun duine eile a
thógaint.



673. Tá Dia láidir is máthair mhaith Aige.



674. Tugann Dia caitheamh is fagháil do gach aoinne.



675. Is minic a dhein Dia leas duine d'á aindeoin.



676. Níor chuir Dia sceach i mbéal a' chuain riamh.
D'fhág Sé saoirse na fairrge ag an uile dhuine.



677. Ní órduigheann Dia an phian i gcomhnaidhe.
.i. Tarraingeann duine féin air í go minic.



678. Ní fearra dhuit Dia buidheach díot ná an Dá
Easbal Déag.
.i. Ní fearr an máighistir buidheach díot ná lucht comhairlighthe
an mhaighistir!



679. Má tá Dia i gcabhair duit deineadh an diabhal
a dhícheall.



680. Is mall ach is díreach díoltas Dé.



681. Aithrigheach óg seana-dhiabhal aosta.
nó:
682. Duine óg diagaithe adhbhar diabhail seanduine.



683. Ní trua go trócaire.



684. Níl tuille ná trághann ach tuille na ngrást.



685. Cuid na dtáilliúirí de'n Aifreann.
.i. a dheire!



686. Is minic a bhí fear fada gan a phaidreacha.
Duine taidhseach gan eolas ar puinn aige.



687. Níor chuaidh fial riamh go h-Ifreann.
Féach uimh. 462, 2018.


L. 89


IX.



MALLACHTAÍ, MÓIDÍ, & c.



Tá mallachtaí láidre insa Ghaedhilg. Táid siad
chomh fada san insa chainnt agus iad chomh fighte innti
agus a n-urmhór ag gabháil chomh dlúth san le h-ócáidí
áirithe, ná bíonn de ghnáth brí na bhfocal atá ionnta
go toiliúil i n-aigne na ndaoine úsáideann iad. Ar
ócáidí feirge, áfach, baintear úsáid asta chun an
tocht a scaoileadh de'n chroidhe agus de'n aigne. Ní
ag brath ar cheann nó dhó a bhítear chuige sin — tá an
Ghaedhilg níos treise agus níos iomadúla ná san, tá
cainnt innte oireann do gach ócáid mhí-shásaimh! Ní
eile gur chóir a thabhairt fé ndeara: tá na mallachtaí
agus na h-eascainithe seo d'á láidreacht iad, glan ó
aon gharsúlacht.



688. Dar fia!



689. Dar Muire!



690. Dar muicis!



691. Dar mo bhriathar! [nó: m'fhocal].



692. Dar mh'anam!



693. Dar mo mhóide!



694. Dar a leabhar-sa!


L. 90


695. Dar a bhfuil de ghabhair sa Mhaothail!



696. Dar mo láimh!



697. I ndomhnach!



698. Am baiste!



699. Ar mh'anam is ar mo shláinte!
Móidí iad san go gnáthach i mbéalaibh daoine.



700. Th'anam 'on Diabhal!
Gnáth-fhocal iongantais é sin anois agus ní mallacht. Deirtear
áfach —



701. Th'anam 'on Diabhal as do chorp!
Nuair bhítear i bhfeirg chun duine. Uaireannta nuair nach maith
le duine bheith ró láidir deirtear "th'anam ó'n d — l," nó:
"ó'n riabhach," nó: "'ón fial" nó: "'ón scian," agus rl., agus rl.



702. Croch árd lá gaoithe chughat!
nó:
703. Croch árd is gad chughat!



704. Bás na gcat sa dubhluachair chughat! [nó: san
Earrach chughat]!
.i. Bás 'cheal bainne.



705. Bás bíogadh [nó: bíogach] chughat lá saoire gan
sochraid mar chat.



706. Go dtugaidh 'n diabhal coirce dhuit [agus eorna
le cogaint duit]!
Le mhí-shásam chun duine deirtear é sin leis.



707. Bíodh a' diabhal agat [agus féar muic' ar an
mbóthar]!
Muna ndeinir mo chomhairle agus me ar mhaithe leat.


L. 91


708. Teacht an tseagail chughat — an teacht fada
mall!
Le duine leadránach is gnáth é sin a rádh.



709. Fán fada ort!



710. Imeacht gan teacht ort!
nó:
711. Imeacht gé an Oileáin ort — imeacht gan filleadh
go bráth.



Deirid daoine áirithe gurab iad na "Géanna Fiaine" .i.
Éireannaigh a théigheadh do'n Fhrainnc is do'n Spáinn i n-armáil na
dtíortha san atá i gceist. Oileán Ciarraighe, mar a mbíodh
caisleán ag na Gearaltaigh, atá sa tagairt.



Tá seanscéal, ámh, a thugann míniú eile ar an seanfhocal:
Duine de sna na Gearaltaigh a bhí i n-Oileán Ciarraighe. Bhí
draoidheacht aige. Phós sé agus ní bheadh suaineas ar an mnaoi
gan é do thaisbeáint cleasa draoidheachta agus deismireachta dhi.
Do thoiligh sé sa deire é sin a dhéanamh ach do chuir fé gheasaibh í
gan focal a labhairt ná lucht an chaisleáin a tharrang i láthair ar
eagla go bhfeicidís é.



Do chuaidh sé san abhainn annsan ar thaobh an chaisleáin. Dhein
sé bradán de féin agus madra uisce agus do dhein cleasa
iongantacha dhon mhnaoi. Níor labhair sí aon fhocal gur chuir sé
cuma oillphéiste air féin. Leis sin, do scannruigh sí, chuir sí
scréach aisti agus siúd amach lucht an chaisleáin. Chuaidh an
Gearaltach láithreach i riocht gé agus d'eitil sé leis go Loch Gair
agus d'fhan ann. Nuair a chuir sí scéala chuige filleadh sé freagra
thug an gé uirthi ná so:



"Innis-se dhi-se ná rachad d'á fios
Go n-iompuighidh an mhuir anoir adtuaidh.
Go dtreabhaidh na caoire maola ar chúl a gcinn na cnuic
Is go mbeiridh na muilt uain.



Innis-se dhi-se ná rachad d'á fios
Go n-iompuighidh an mhuir anoir adtuaidh,*
Go dtéighidh sean-Bhóinn is Drom Siceáin
Ar dhrom mionáin go Bl' Áth' Luain.



Innis-se dhise ná rachad d'á fios
Go n-iompuighidh an mhuir anoir adtuaidh,
Go dtagaidh an breac atá sa linn
Ag piocadh an chinn atá san uaigh.



*Adeirtear, leis, "adtoir a dtuaidh" agus "anoir anuaidh."


L. 92


712. Lot leidhbe gan leasú ort!
Lot thar fóir a deintear tré nea' chúram agus straoilteachta.



713. Tuille 'en tubaiste chughat!
nó:
714. Tuille 'n diabhal fút!
nó:
715. Conách a' diabhail ort é!
Féach uimh. 649.



716. Nár gheibhir (fhaghair) slí i gcath, ná i gcrua-
chomhrac!
nó:
717. Nár gheibhir slí i gcaiseal!
Le duine neamh-shocair adeirtear é sin.



718. Seacht scaoba de chré chaisle ort!



719. Codla an tradhna chughat!
Codla leithbhliana.



720. Codla an tsicín sa charn chughat!
Carn arbhair atá i gceist.



721. Scread maidne ort.
.i. Tu dod' fhagháil marbh ar maidin.



722. Fuil is gráin ort!
nó:
723. Faire fút!
nó:
724. Dearg náire chughat!
Nuair a dheineann duine rud náireach deirtear é sin leis.



725. Greadadh chughat!


L. 93


726. Greadadh chun an mhadra a rug a chnámh uaidh!
Nuair a bhíonn duine ag gol agus gan puinn cúise aige deirtear
é sin, le magadh, fé.



727. Nár leigidh Dia dhom thu!
Deirtear "nár leigidh Dia ach amháin dom thu' chun an díobháil
a bhaint as.



728. Íde Chlainne Mhóire ort [do seoladh leis an
gcat fé dhraoidheacht]!
Ag Tigh Mhóire i gCorca Dhuibhne thiar a bhíodar san. Chonncadar
long fé sheol. Chuadar ar a bórd. Ní raibh innte ach cat dubh
draoidheachta. Chuir an cat an long i bhfearras gluaiste agus
níor fhill sí féin ná Clann Mhóire ó shin. Sean-scéal fada é seo.
Féach athdhéanamh air ins "An Baile Seo 'Gainne."



729. Nár gheibhir (fhaghair) aon lá dá thairbhe go bráth!



730. Leaghadh Dia air!
Féach nach "L. Dé" adeirtear.



731. Mana dheór nár chuirir díot!
.i. Go raibh cúis choidhche agat chun goil ó taoi anois' gan chúis,
ag gol.



732. Masmus go gcuiridh sé ort!
Droch-ghuidhe do dhuine bheadh ag lorg iomad le n-ithe nó le n-ól.



733. As do bholg nár thagaidh sé!
An céadna.



734. Gurab é a labharfaidh leat!
An céadna arís.



735. Díth is deacair ort!



736. Bascadh is brughadh ort!


L. 94


737. Mallacht Dé ort!



738. Léan ort!
nó:
739. Léan léir ort!



740. Mó mhilleán anuas ort!



741. Gan geir ort!



Mallacht mhagaidh.



742. Dúlú ort! [nó: dubhluighe ort!]



743. Dubhluighe ar do chroidhe!



744. Diuc ort!
Galar cearc é sin.



745. Loscadh doighe ort!



746. Loiscreán tinn dóighte ort!



747. Loiscreán marbh ort!



748. Lomadh an Luain ort!
.i. Scrios Lae an bhreithiúntais ort.



749. Luan-scrios ort.
An ní céadna.



750. Míle mí-chomhthrom ort!



751. Breith i mball cumhang ort!



752. Ciorrbhadh ort!


L. 95


753. Ciorrbhadh gan leigheas ort!



754. Gan rath ort!
nó:
755. Beagán ratha ort!



756. Gan leigheas ort!
Nuair bheadh duine 'á rádh go bréagach go raibh sé go dona.



757. Leathadh leathóige ort!
Nuair a bhíonn leanbh, tré n-a chionnta féin, leathta leis an
bhfuacht.



758. Droch-chrích ort!



759. Fuacht sa tsioc ort má ná fuacht indiu ort!



760. Fuacht failce ort!



761. Rás ort [ar muin chapaill anáirde!]



762. Lá fiadhaigh ort!
Agus tú ag rith let' anam ód' namhaid.



763. Faoileáil Philib an Gheitire (.i. geataire) ort
[a bhí ag faoileáil go raibh deire leis]!



Le duine guagach is gnáth é sin a rádh. "Pilib a' Gheitire" an
cleas a bhíonn ag leanbhaí le scolb giúise a thairrngid as an
teine agus a bhíonn 'á chasadh nó á "faoileáil" .i. wheel-áil,
tiompall aca.



764. Leaghadh cubhar na h-abhann ort!



765. Marbhfháisc ort!
.i. Éadaighe an bháis id' thíompall.


L. 96


766. Tnáthadh gan tonnachadh ort!
.i. Tú tnáithte ag an mbás agus gan fagháil ar do chorp chun a
nighte.



767. Bás gan sagart chughat!
Bás obann.



768. Lá breá age d' cháirde — at' adhlacan!
'Na eirball san atá an chealg fé mar atá sa cheann so:



768a. Sliocht agus séan ort oiread le céad fear —
a bheadh 'na n-éagmais.



769. Cosa circe fút is iad go briste fút!



770. Cosa glainne fúibh is iad go briste fúibh!
Le cearcaibh adeirtear é sin.



771. Nár chúitighthear do shaothar leat!



772. Nár éirghe do bhóthar [do thurus, do shodar]
leat!



773. Go mbeiridh an diabhal leis tu!



774. Go n-árduighidh an diabhal leis 'na mhála thu!



775. Gurab é an Fear Mór a bhéarfaidh leis tu!



776. Go mbeiridh an diabhal go h-Árd na gCreach tu!



I n-iarthar Chiarraighe atá an mhallacht san. Tá árd na gCreach
ag Córdal idir Oileán Ciarraighe agus Baile Rí Liam. Is annsan
a thagadh na foghlaithe oidhche ar na daoine ón iarthar a bhíodh ag
filleadh ó mhargadh Chorcaighe tar éir a gcuid ime a dhíol.



777. Marbhú na Sasannach ort!
nó:


L. 97


778. Marbhú an Dúna ort!
.i. An marbhú fealltach a dhein na Sasannaigh ar na Spáin-
neachaibh agus ar na Gaedhealaibh i nDún an Óir san mbliain 1580.
I gCorca Dhuibhne thiar is gnáthach an chainnt sin.



779. Sceimhle ort!



780. Go ndeinidh an diabhal dréimire de chnámh do
dhroma!
[ag piocadh ubhall i ngáirdín Ifrinn].



781. Seasamh fada ar chosa laga chughat
[I ndoras tighe gan aon truaighbhéil].



782. Do dhíth is do dhothairne ort.
Le droch-rud a bheadh ar tí duine adeirtear é sin. Dothairne —
Doghraing.



783. Do bhárthan ort féin!
.i. An t-olc atá agat chugham go dtuitidh sé ort féin.



784. Doigh ionnat!



785. Go mbrisidh an diabhal do dhá chois!



786. Súile dearga chun an té gheobhadh locht ort.



787. B'fhearr liom tu marbh ná bairrle eornan!



788. Madaruadh ar do dhubhán!
Mallacht a tugtar d'iascaire chun ná marbhuigheadh sé aon iasc.
Tá piseóg ag gabháil leis an bhfocal "ruadh" ameasc lucht
iascaigh.



789. Maisle ort!
Maisle = Masla.


L. 98


790. Dearg-steaimpí chughat.
Steaimpí .i. arán a deintí de phrátaí. An teine á dhóghadh ort
atá sa ghuidhe.



791. Sceimeadh is sceimhle chughat!



792. Basca na bpoc ar aill na mbroc ort.



793. Cloch ar do charn!
Mallacht é sin ag guidhe báis do dhuine. Adeirtear ar iomad
slighthe é .i. "Ba bhreá an lá liom cloch a chur ar do charn." "Nára
fada uaim cloch a chur ar do charn, & c."



794. Go n-ithidh 'n cat tu is go n-ithidh an diabhal
an cat!



795. Athair mo chéile 'na stéig ag an gcat,
Is máthair mo chéile nár mhairidh sí i bhfad.



796. Bíonn uair na h-athchuinghe ann.
Uair agus má iarrtar athchuinghe le n-a linn gheibhthear í pé olc
maith í.



797. Is buan iad clann na mí-ghrást!


L. 99


X.



A nDUBHAIRT SIÚD



Fé'n dteideal so thuas tá bailithe cainnteanna
Gaedhilge a cuirtear i mbéalaibh daoine áirithe nó go
gcuirtear a rádh i leith neithe eile seachas daoine.
An chainnt adubharthas agus an té adubhairt í —
luaidhtear iad araon sa tseanfhocal. D'á scartaí
an chainnt agus an cainnteóir ní fhágfadh san aon bhrí
sa tseanfhocal. Is amhlaidh a léirigheann ceann aca
an ceann eile agus eatartha araon cuirid pictiúir os
comhair an aigne ba dheacair a shárú ar shoiléire agus
ar ghreann.



798. "A chonách san ar na daoine go bhfuil na ba
aca!" a ndubhairt an fear bocht maidin
sheaca.
.i. Níor ghádh don duine gan ba dul as a leabaidh sa bhfuacht.
Ní raibh bainne ná im aige, áfach.



799. "Aimsir mhaith chughainn!" mar adubhairt an
bhean nuair a fuair sí a fear báithte.
adeirtear leis:



800. "Cúis gháire chughainn!" mar adubhairt Peadar
nuair a fuair sé an t-asal báithte.
Agus gur cúis ghuil a bhí aige ach gur thuig sé nárbh' fhearr gol
ná gáire nuair ná raibh leigheas ar an scéal.



801. "Glór mór ar bheagán olna," mar adubhairt
an tAidhbhirseoir nuair a bhí sé ag bearradh
na muice.
nó:


L. 100


"Scaladh mór agus beagán olna," mar adubh-
airt Maonus is é ag lomadh na muice.
Féach uimh. 479.



802. "Gluais, a mhála, is go n-eirghe an t-ádh leat,"
arsan bacach ar maidin.



803. "Bíonn an fhírinne searbh," arsa Cloch Labhrais
ag preabadh.



Carraig mhór iseadh Cloch Labhrais ins na Déise, i ngoireacht
cúpla míle de'n Sráidbhaile. Sa tsean-shaoghal do ghníthí dearbhadh
fírinne uirthi. Chuir duine, uair, mí-iompar náireach i leith mná
agus tugadh i láthair na carraige é chun a dhearbhtha. D'innis sé
an scéal i láthair na cloiche. Níor thaithnigh an scéal léi sin.
Leig sí búirth thóirnighe, agus do bhéic: "Bíonn an fhírinne searbh."
Annsan do phléasc sí agus níor labhair aon fhocal ó shin.



804. "Cuir an Domhnach ar cáirde," mar adubhairt
Pádraig.



805. "Tá an ceart agat, a dhuine uasail bhreágh
ghléigil," arsa Tadhg Ó Séaghdha leis an
mBlack.



806. "More Water," arsan Sasannach agus é 'á
bháthadh.



807. "Now for it!" mar adubhairt an chailleach
agus í ag rith le na scáth.



808. "Má mhairimíd beo chífimíd súd," a ndubhairt
an dall.



809. "Beir i bhfad mé!"
Adeir bréag, droch-scéal, droch-nuacht é sin. Adeirtear é sin:
nuair a thugann duine rud beag uaidh ionnus go rachadh cáil mhór
fhéile amach air.


L. 101


810. "Mar a chéile dhíbh," mar adubhairt an gabhar
le n-a chosa.
Déarfaí é sin le beirt a bheadh mar a chéile i ngníomh agus nár
ghníomh fónta é.



811. "Téanam ort!" arsan bás le Síle.
.i. Cuireadh ná féadfaí a eiteach.



812. "Is luachmhar an rud an t-anam!" mar
adubhairt an táilliúir agus é ag rith ó'n
nganndal!



813. "Ní gearánta dhom," a ndubhairt fear na coise
briste.
.i. D'fhéadfadh an dá chois bheith briste.



814. "Ní lia ísleán sona ná árdán dona ann," mar
adubhairt an fear [nó: an madaruadh] agus
é ag ithe píobán an ghanndail.
D'fhéadfadh duine an ní céadna a rádh i dtaobh a lán de chúrsaí
an tsaoghail.



815. "Airgead!" a ndubhairt fear na feoirlinge
nuair a bhain sé an glór as an lic.



816. "Is mór an ní an neart!" arsan dreóilín
nuair a chaith sé an chiaróg leis an bhfaill
[nó: "nuair a tharraing sé an phiast as an
sioc," nó: "nuair a tharraing sé an fhrig
as an mbualtach."]
Déarfaí é sin nuair chífí duine beag lag agus fuadar gaisce fé.



817. "Cad dubhairt an púca sa tor?" "Beagán
d'á chúram bíodh ort!"
Nuair bheadh duine fiosrach ad' cheistiú chuirfeá-sa an cheist air:
"Cad dubhairt an púca sa tor?" Bheadh freagra na ceiste aige
féin agus thuigfeadh sé a bhrí.


L. 102


818. "Tairrngidh ó chéile é," arsa fear láir an tsúsa.
Triúr a bhí in aon leabaidh agus ní raibh an súsa leathan a
ndóthain agus bhí an bheirt imeallach á tharrang ó n-a chéile. Ba
chuma dho'n fhear láir. Deirtear é sin le rudaí seachas súsa.



819. "Iad araon!" arsan banbh maith [nó: an
leanbh maith].



Banbh [nó leanbh] a bheadh sláintiúil láidir d'íosfadh sé gach a
dtabharfaí dho, nó dhá shaghas bídh dá mbeadh le fagháil. Nó is minic
adeirtear i dtaobh leinbh é go bhfiafrochaí de ciaca b'fhearr leis a
athair nó a mháthair.



820. "Go n-éirighidh leat go geal!" mar adubhairt
an sweep le n-a mhac.



821. "Fan socair!" arsan ghaoth.
Agus í féin ag séideadh an ruda ar a dícheall!



822. "Fill orm!" adeir an droch-ghnó ["agus déin
arís me."]



823. "Táim ann, as," mar adubhairt an fear leis an:
treabhadh.
Ní ró mhaith a bhí an treabhadh 'á dhéanamh, is cosúil, ach an céachta
síos is aníos aige. Nó bíonn cos sa chlais agus an chos eile ar an
mbruach.



824. "Chonnac cheana thu!" mar adubhairt an cat
leis an mbainne beirbhithe.



825. "Ag réidhteach chuige!" mar adubhairt Tadhg
na Spréach leis an bhfiacail.
Fiacal mí-cheart a bhí tairrngthe aige tré dhearmhad ach b'shin é
adubhairt sé a bhí ar siubhal aige nuair a ceistigheadh é cad n-a
thaobh nár tharraing sé an ceann ceart.



826. "Tobac!" arsan madaruadh is é 'Tráigh Mhór
soir.
Nuair a bhíonn duine nó rud ag imeacht le fuinneamh deirtear
é sin leis.


L. 103


827. Adeireadh an Súisín Triopallach: "Bíodh rud
agat féin nó bí 'na uireasbha."



828. Arsa Cailleach Bhéara le Cailligh Mhuigheó:
"An té bhíonn go maith dhuit bí go maith dhó."



829. "Fógraim miasma ort!" ["Bronnaim an
tOileán Tiar ort is a bhfuil d'iasc ann."]
Mar sin adeir daoine i gCorca Dhuibhne le chéile trath na bliana
nuaidhe, mar adeir Béarlóirí "Bronntanas nua-bhliana uait dom."
bronntar an tOileán Tiar mar mhagadh .i. an Bloscaod.



830. "Is mó glór díomhaoin id' cheann" a ndubhairt
an madaruadh leis an gclog [nó: le clog
an teampaill].
Deirtear é sin le duine go mbíonn iomad cainnte aige.



831. "A' lorg mná" a ndubhairt an gabhar
nó:
832. "Abhaile má fhéadaim!" a ndubhairt an gabhar.



Pocán gabhair do ghluais go h-aerach uaibhreach "ag lorg mná"
a ndubhairt sé féin sa tsaosúr is gnáth le gabhraibh a leithéid a
dhéanamh. Tamall 'na dhiaidh sin bhuail sé chun na n-áite céadna
arís agus é tuirseach tnáithte ón troid le pocánaibh eile um na
ban-ghabhraibh. Cuireadh ceist air cá raibh sé ag dul. "Abhaile
má féadaim," ar seisean.



833. Mar adubhairt an gabhar bacach: "Ní fheadar
ciaca is fearr luas nó moilleas."



834. "Fuaduigh me," arsan Fómhar.



835. "Nach é an fear é!" arsa Éamonn leis an
reithe.
nó:
836. "Arú! nach é an fear é an báirneach," mar
adubhairt an madaruadh.
nó:


L. 104


"Arú! nach tú an fear agam!" a ndubhairt
an madaruadh leis an mbáirneach.



Deirtear é sin le fear beag go mbíonn goithí móra chun gaisce
aige. Madaruadh a chuaidh lá breá ar an tráigh. Bhí lagtrágha
ann. Chonnaic sé báirneach agus an sliogán árdaithe anáirde de'n
chloich leis as ngréin. Chuir an madaruadh a theanga fé'n mbáir-
neach chun é bhaint de'n chloich. D'fháisc an báirneach anuas ar an
teangain agus do chongaibh an madaruadh bocht ann gur eirigh an
taoide agus gur báthadh é. Sular báthadh é dubhairt sé mar
atá thuas.



837. "Seadh, tá an méid sin do ghnó an Earraigh
déanta agam!" a ndubhairt an fear nuair
a chuir sé a bhean.
Ní le linn do dhuine a bhean a chur is gnáth do an chainnt sin a
rádh anois ach mar chainnt ghrinn le linn aon choda de ghnó an
Earraigh a bheith déanta aige.



838. "Dearbhuigh, a Chéin," "Dearbhochad," arsa
Cian, "cad é féin?"
Duine Cian, do réir deallraimh, do dhearbhochadh aon ní — fíor
nó bréagach. Deirtear an chainnt sin anois ag tagairt do
leithéid Chéin.



839. "Is mairg a dhóighfeadh a thiompán leat," mar
adubhairt an ceoltóir le n-a bhean.



Tiompánaidhe go raibh báirseach mhná aige adubhairt é. Bhíodar
araon uair ag dul thar cnoc ar aonach chun go dtuilleadh seisean
beagán ag seinm. Do bheir an droch-shíon ortha agus do ghoill go
mór ar an mnaoi go raibh ag fagháil bháis de'n bhfuacht. Bhí croidhe
bog ag an bhfear agus bhris sé an tiompán agus do dhein teine dhe
agus mar sin do shaor an bhean. Chuadar ar an aonach. Gach
duine le h-ealadhain d'á raibh ann, bhíodar ag tuilleamh, ach an
tiompánaidhe. Bhí a thiompán imithe — a raibh 'n tsaoghal aige.
D'éist an bhean tamall ach fé dheoidh do bhris ar an bhfoidhne aici.
Thug sí íde béil do'n bhfear. Tháinig fearg air sin "Is mairg,"
ar sé, "a dhóighfeadh a thiompán leat," agus d'imigh sé uaithe.



840. Is fearr "seo é" ná "cá bhfuil sé?"



841. "Sin comaoin ort, a fhairrge mhór," mar
adubhairt an dreóilín nuair a dhein sé
a mhún sa bhfairrge.


L. 105


XI.



COMHAIRLÍ



Bíodh gur comhairlí mór-chuid de sna seanráidhte
atá sa leabhar so níl sa roinn bhig seo ach tagarthaí
do'n ní féin is comhairle ann agus do'n dream a
bheireas uatha iad.



842. Is ionnan comhairle agus congnamh.



843. Comhairle comhgarach neamh-chongantach.



.i. Comhairle gan mhaith a thugann duine uaidh ná tuigeann
iomláine scéil an chruatain agus ná bhíonn feidhm sa chomhairle
d'á bhrí sin.



844. Ná tabhair do chul le comhairle ar mhaithe leat.



845. Nuair thiocfaidh lá tiocfaidh comhairle.



846. Ní thug aoinne riamh comhairle uaidh ná raghadh
cuid di ar mhaithe leis féin.
.i. Dá dtuigeadh sé a scéal féin chífeadh sé a ghádh féin leis an
gcomhairle — ach ní thuigeann.



847. Is fearr comhairle le ceannach ná comhairle
in-aiscidh.
Le ceannach = an t-eolas a gheibheann duine as an botún a
dheineann sé 'na ghnó.



848. Is minic a bhí duine 'na dhroch-chomhairlidhe do
féin agus 'na chomhairlidhe mhaith do dhaoine
eile.



849. Comhairle an droch-chomhairligh [ná cuiridh suim an',
Ach bíonn comhairle ar an óige ag an nduine
gcríona].


L. 106


850. An té ná gabhann comhairle gabhadh sé comhrac.
.i. An té ná deineann comhairle ar mhaithe leis, déanfaidh sé
rud a thairrngeochaidh clampar air agus beidh air féin an troid
a fhreastal. Deirtear, leis:



An té ná beidh ciall aige, bíodh an diabhal aige.



851. Comhairle mhná gan iarraidh ní raibh sí riamh
ach sonaidhe.



852. Is mairg ná deineann comhairle deaghmhná.



853. Is mairg nach comhairlidhe dho bean.



854. Comhairle thabhairt do mhnaoi nó buille ribe ar
iarann fhuar.



Ag so síos an cheathramha iomlán:



Adú teine le loch,
Caitheamh cloch i n-aghaidh cuain,
Comhairle thabhairt do mhnaoi bhuirb —
Nó buille ribe ar iarann fhuar.



Saothar gan mhaith iad uile.



Féach uimh. 286.


L. 107


XII.



ÉADACH



Sean-fhocail annso i dtaobh éadaigh, bróg, faisiúin,
agus rl., a bhíonn ar dhaoine.



855. Sé an duine an t-éadach [agus is gréagach é
an biadh].



856. Ní faisiún go dríoball.



Magadh é sin adeintí fé mhnáibh a scaoileadh eirball a ngúna sa
lathaigh — nuúir a bhíodh gúnaí fada ar mhnáibh fad ó.



857. Meas smeartha, mar bhíonn ag an mbúistéir
ar a aprún.



Gurab é sin an meas a bhíonn ar dhuine go mbíonn bearna éigin
'na chlú.



858. Ní dona de é an brat má filltear é 'na
cheart.



859. Ná leath do bhrat ach mar fhéadfair é chonnlach.



860. Ní h-ualach do dhuine a bhrat ná a bhróga.



861. An té gur cumhang leis a bhróg is beag
leis an saoghal.



862. Ag duine féin is fearr 'fhios cá luigheann an
bhróg air.



863. Ní mhaith an rud do dhuine bheith ró mhór d'á
bhróga.


L. 108


864. Níl aon bhean is gnáthaighe droch-bhróga (uirthi)
ná bean an ghréasaighe.



Ar an ngréasaidhe a mhileán san, dar ndóigh.



865. Ní corthar fear leath-bhróige.

866. Seana-bhróg smeartha bhróg nua.



867. Is mór an mhaise ar sheana-bhróig búcla.



868. Is cuma le fear na mbróg cá gcuireann sé
a chos.
Sean-fhocal é sin ó'n saoghal nár ghnáth bróga chur ar dhaoine
nuair bhídís i gcliabhánaibh.



869. Bríste bán ar Sheán is gan faic na ngrást
ar a athair.
Deirtear, leis —
Síoda buidhe ar Shiobhán is na preabáin ar a h-athair.



870. Arís chughat, a sheana-bhríste nuair a shíleas
bheith scartha leat.



Is cosúil gurbh' amhlaidh a bhí súil aige le culaith ab' fhearr ach
gur mealladh é. Is minic gur rud nach bríste bheadh i gceist.



871. Nuair is measa bhíonn éadach ar dhuine 'seadh is
giorra d'éadach nua é.



Féach uimhreacha — 21, 70, 254, 513, 610, 987, 1042.


L. 109


XIII.



TREABHA, DAOINE,
ÁITEANNA



Gheobhthar annso seanfhocail agus gnáth-chainnteanna
i dtaobh treabh agus dúithchí áirithe. Cáil nó mí-chlú:
iad uile beagnach. Leas-ainmneacha nó comharthaí cine
a thuille aca. Is ionchurtha suim ionnta agus is fiú a
gcur ar buanchoimeád ón mbás a bheir a lán eile
uainn.



872. Is buan fear 'na dhúthaigh.



873. Tír gan teanga tír gan anam.



Is cosúil gur ceann nua-dhéanta é sin.



874. Ní lia tír ná gnás.



Gach tír d'á bhfuil ann tá a tréithe féin aici.



875. Ár gcéad Athair Ádhamh, ár gcéad Mháthair Ébha —
Ná fuil a dtáinig uatha chomh h-uasal le na
chéile.



876. An iallait is an gearrán,
An saoghal agus an sparán —
Ní dhéanfadh uile Ó Briain
De Dhiarmaid Ó Méaráin.



nó:


L. 110


877. Ní Brianach tú id' ghiall ná id' chorrán,
Ní Brianach tú id' chliabh ná id' chromán,
Ní Brianach tú id' shliast ná id' thiarpán
Agus baistim thu id' Dhiarmaid Ó Criadáin.



Bodach saidhbhir de mhuinntir mhéaráin [nó Chriadáin] a bhí uair sa
chlár. Níorbh uasal leis an sloinne bhí air agus b'áil leis a bheith
'na bhrianach. Bhí file iomráidhteach ar a aitheantas agus thug
cuireadh ar féasta dho agus d'iarr air é bhaiste 'na Bhrianach, óir
cheap sé dá ndeintí an baiste go filiúil go leanfadh an ainm de.
Sin é thuas mar do rinne an file é.



878. Inntleacht Mhuinntir' Chéitig.
.i. Céitinn. Tá teist na h-inntleachta agus na géar chúise ar
mhuinntir Chéitinn i n-Uibh Ráthach i gCiarraighe.



879. "Lámh láidir i n-uachtar!"
Rosc na mBrianach.



880. Cuileann glas i gcoill iubhair,
Séathra caolghéagach [nó: caolcrácach]
Ó Donnchadha.
.i. Ó Donnchádha Gleanna Fleisce.



881. Muinntir Choinnleáin (Caoindealbháin) ó'n
Sliabh —
Má tharcuisnigheadar sinn do tharcuisnigh-
eamar-ne iad.
I mBarrachaibh thoir a bhíonn an leathrann san 'á rádh. Rud
d'fhan ann é ó'n am a mbíodh na "faction fights" ar siubhal.



882. Teasbach mhuinntir' Laoghaire: ag poc-léimrigh
leis an ocras.



883. Trí shórt Paorach ann — Paoraigh d'á uaisle,
Paoraigh na luaithre agus Paoraigh d'eirigh
ó'n suarachas.



884. Ó Scannláin, Ó Nuanáin agus Ó Bric — trí
chine tháinig as colg eornan is bruscar móna
is salachar muc.
Aor é sin a dhein duine mí-labhartha éigin.


L. 111


885. Má's maith leat muintir Dhála
A bheith go sásta socair —
Tabhair dóibh gach ní iarraid,
Is ná h-iarr aon ní ortha.



Sin mar atá rann do rinne Aonguis na nAor ar Dhomhnallaigh
ameasc na ndaoine sa Mumhain. Adeirtear é i dtaobh na nDálach,
na nGrádach, na gCárthach agus "na mbráithre." An bhfuil an rann
so beo i dTír Chonaill?



886. Muinntir Shiochfhradha an tsneachtaidh,
agus
Muinntir Shiochfhradha na sméar.



Dá dhream de'n chine chéadna atá i nUibh Ráthach. Dream aca
geal fionn agus an dream eile cas dubh.



887. Ó thigh Mhóire go Donncha Dí.
Féach uimh. 728.



Dar leis na seandaoine dob iad san an dá áit ba shia ó chéile
i nÉirinn. I nDún Caoin i n-iarthar Duibhneach atá ionad Tighe
Mhóire agus i n-oirtear an Dúin i nUltaibh atá Donncha Dí
[.i. Domhnach Diadh]. Do réir an tsean-scéil bhí Mór agus Donncha
pósta ach bhí sise chomh máighistriúil géar-chainnteach sin leis gur
eirigh sé tuirseach d'á shaoghal. D'fhulaing sé léi chomh foidhneach
san go raibh Dia buidheach de agus do chuir Sé aingeal chuig Donncha
agus thug trí ghuidhe dho. Leis an deithneas a bhí ar Dhonncha ag
breith an deagh scéil abhaile chun a mhná mhill sé guidhe aca. Nuair
a thuig sise é sin thug sí droch-íde le n-a teangain air. Chuir san
fearg ar Dhonncha. "A bhraobaire, bh'fhearr liom leithead na
hÉireann eadrainn!" ar seisean. Do tógadh leo araon san aer —
ise go Tigh Mhóire agus eiseann go Donncha Dí.



888. Má théigheann tú go Caiseal ní h-aistear duit
dul go Fíodh Árd.



889. Is maith ann é Cuan Cromdha.



I n-Uibh Ráthach atá an cuan beag san. Feadhmannach le Fáilbhe
Ua Ráthaigh adubhairt an chainnt sin maidin fhiain tar éis oidhche
anaithe agus gaoithe a chaitheamh ar an bhfairrge ag teacht ó'n
Daingean. Deirtear gurbh é gnó a thug 'on daingean é ná chun
corp a dhritheár d'fhuadach ó mhuinntir na h-áite sin a bhí tar éis
é d'adhlacadh sa Daingean. Do ghluais sé féin agus gasra fear
thar cuan agus d'eirigh leo istoidhche an chomhra thógaint agus a


L. 112


bhreith go dtí an bád. Ach ghluais muinntir an daingin ar a dtóir
an fhairrge amach agus bhí rás dian eatartha sa doircheacht gur
bhuail stoirm aniar 'ndeas iad agus d'fhill bád an Daingin abhaile.
Thug Ó Fáilbhe an oidhche ag troid leis an stoirm d'iarraidh Cuan
Bhéil Ínse a bhaint amach. Nuair tháinig an mhaidean agus iad
tnáithte leathta sé áit i rabhadar ná ar aghaidh Cuan Chromdha. Cé
gurbh' fhearr leo an cuan eile dubhairt Ó Braonáin a bhí sa bhád:
"Is maith ann é Cuan Cromdha" agus chuadar i dtír annsúd.



890. Bíodh san mar atá sé is Tráighlí mar a bhfuil sé.
.i. Bíodh an scéal mar sin. Deirtear "Baile Átha Cliath" go
minic i n-ionad "Tráighlí."



891. Ceo ar Mhuisire is Clárach lom —
An comhartha soininne is fearr ar domhan.
I Múscraighe atá an dá mhaolchnoc san.



892. A leath ar gach taobh ar nós aonaigh an Ghleanna.
Deirtear é sin i dtaobh deighilte nó roinnte i leathaibh. Cuir-
tear an scéal i leith dhá ghleann sa Mhumhain.



(a) Gleann Corbraighe i n-iarthar Luimnighe. Bhíodh aonach mór
ann an chéad lá de mhí na Nodlag. Dá dhream a bhíodh ag troid a
roinneadh an t-aonach .i. na "Cúilíní" agus na Maoilmhichiligh
"Dubha." Tá an seanfhocal fós ar marthain sa cheanntar sa
Ghallbhéarla .i. "Split in the middle like the Fair of Glin."
Bhuaileadh an dá dhream sin a chéile i n-áiteanna eile seachas
annsúd. Sa mblian 1845 (?) bhuaileadar cath ar a chéile ar Thráigh
Bhaile Dhighe i n-aice le Baile an Bhunánaigh lá rás. Do marbhuigheadh
naoi nduine déag de sna Cuilíní. Deireadh na daoine sa cheann-
tar gur toisc na troda, agus na droch-oibre go léir, a tháinig
an meath ar na prátaí. Chuir an t-ocras deire leis an troid.



(b) I n-aice le Carraig na Siúire tá gleann eile 'na mbíodh
aonach. Siad na "Carabhataí" agus na "Seana-bhestanna" a
bhíodh ar dhá thaobh an aonaigh sin. Gleann an Phaoraigh é, measaim.



893. Gach rogha le fánaidh ach árdán Achadh d' Eó.
[nó: "Árdán Dúithche Ealla."]
.i. Is iad na h-ísleáin is gnáth sona ach ní fearr aon ísleán ná
na h-árdáin atá ainmnithe sa tsean-rádh so thuas.



894. Aoibhinn Leamhain maidin cheodhach,
Aoibhinn feorainn Locha Léin,
Aoibhinn faithche Dúna Lóich,
Aoibhinn Achadh d'Eó le gréin.



Le h-ais Locha léin atá na h-áiteanna aoibhne sin.


L. 113


895. Dhá fhód agus cadhrán dhéanfadh roileán sa
Mhachaire [nó: dhéanfadh teine do bhochtán].



Tá An Machaire i gCorca Dhuibhne — an rinn íseal gainnimhe atá
amach i gCuan Thráighlí. Níl portach ná móin le fagháil ann.
Roileán: teine mhór.



896. Teine Chill' Moicheallóg: fód agus leathfhód.
Ní cleachtaí teine mhór ann do réir na cainnte seo.



897. Bean ghlic ó'n Daingean.
.i. Daingean Uí Chúise.



898. Níl a leithéid ag teacht idir cheithre gheata an
Daingin isteach.
Le feabhas nó le h-olcas adéarfaí é sin le duine i gCorca
Dhuibhne. Sin a bhfuil de chuimhne ná de chomhartha anois ar gheataí
sin an Daingin.



899. Tá faobhar a' domhain ar pheann a' Daingin!
Cainnt í sin a cuirtear i leith duine ó'n mBloscaod tráth fuair
sé litir ó fhear siopa sa Daingean ag éileamh fiach.



900. Comh mhar a chéile Cléire is Corcaigh.
Dá mbeitheá i n-áit aca níorb' fhada uait an áit eile.



901. Ní ceal móna i bPruthas é.
Sé uair adeirtear é sin nuair a bhíonn duine ar lorg ruda go
mbíonn a dhóthain mór de le fagháil aige. Ceithre míle soir ó
Shráid an Mhuilinn atá Pruthas agus bhíodh, agus tá fós, mórán
móna ann.



902. Luimneach a bhí, Baile Átha Cliath atá agus
Corcaigh a bheidh.
'na príomh-chathair Éireann.



903. Inse Charraig' an Ime —
Nár mhairidh sí a h-ainm ná a sloinne.
I gCo. Chorcaighe i n-aice leis an gcathair iseadh atá Carraig
an Ime.


L. 114


904. Gleann Fleisce na gcrann,
Ní bhíonn ann ach an gorta;
Is mara mbeir istigh i n-am —
Beir d'á cheann san id' throscadh.



Ag tagairt do'n áit chéadna dubhairt Aonghus na n-Aor fad' ó:
Is mairg a mhairbh a dhearbhráthair
Fá oighreacht ghleanna fleisce,
Is muna raibh ó'n ndearg-bhláthaigh
Ná raibh neach ann riamh ar meisce.



905. Com Coláin is Gurrán Ceóil
Agus Sliabh Mis fí dhó,
Do shiubhluigh bean i n-aon ló.



Do chuaidh díom scéal na mná san d'fhagháil. I gCorca Dhuibhne
(sa Leithtriúch) atá C.C. agus G.C.



906. Baile na Buaile — baile na fuaire,
Baile gan teine, gan uisce, gan luaithre.



I bparóiste Dhaingin Uí Chúise atá Baile na Buaile — níl móin
ná tobar ann.



907. Gleann Fleisce na mbitheamhnach.
Ní leis an mhuinntir mhacánta atá anois ann adeirtear sin ach
is ann a bhí an "Gadaidhe Dubh nó Gadaidhe mór Gleanna Fleisce."
Tá an uaimh nó an phluais mar a mbíodh sé fós ann. Poll an
Deamhain an ainm atá fós uirthi.



908. Baile Mhúirne (nó Bhoirne) na mbacach.
Tré fheabhas féile lucht na h-áite agus ós ann a bhí comhgar na
ród idir Chorcaigh is Chiarraighe do ghabhadh iomad de bhacachaibh na
Mumhan tríd an mbaile sin nuair ba ghnáth lucht siubhail ar an
mbóthar. Cuirid muinntir na h-áite an focal "múinte" leis
an seanfhocal agus deirid gur beirt dritheár léigheannta a bhí
ann agus cáil ortha. Bhíodar araon bacach.



909. Siubhluigh Éire 's an domhan le chéile
Ach gaibh go réidh tré Bhaile Mhúirne.



910. Siubhluigh Éire 's gaibh go réidh tré Chalainn.
.i. Bhí cead siubhail ar fuaid na h-Éireann gan imreas ach
amháin i gCalainn, má's fíor. Calainn Co. Chille Coinnigh atá
i gceist.


L. 115


911. B'fhearr seachtain sa Phriaireacht ná bliain ar
scoil.
Tá paróiste na Priaireachta i nUibh Ráthach i gCiarraighe. Tá
cáil an ghliocais ar mhuinntir na h-áite.



912. Trí trioblóidí mná na Rinne: páistí, prátaí
agus trioscar.
.i. Rinn ó gCuanach na nDéise.



913. Muinntir Chiarraighe ag fiafraighe a chéile.
Pé áit i mbíd siad ar fán ó Chiarraighe, deirtear go ndeinid
siad leanúnachas agus coidreamh ar a chéile.
Tá cáilíocht na Mumhan uile sa chainnt seo leanas:



914. Conndae an Chláir na bláthaighe géire,
Conndae Luimnighe na luimpirí méithe,
Conndae Chiarraighe ag fiafraighe 'chéile,
Conndae Chorcaighe is gortaighe i nÉirinn,
Conndae Phortláirge ag iarraidh déirce, is
Conndae Thiobrad Árann is breághtha i nÉirinn.



915. Is mairg a théigheann go Baile na bhFaoiteach —
Bíonn clocha ceangailte is madraí scaoilte
ann.
Is gnáthach é sin do rádh i dtaobh urmhór bailte i nÉirinn.
Duine éigin ná fuair féile a dhiongbhála annsúd lá seaca agus
reóidh. Nuair bhí madraí an bhaile ar a thóir ní raibh na clocha féin
le fagháil aige.



916. Muimhneach lághach agus Connachtach spleádhach
[nó Laighneach spleádhach].
Is minic cúige 'á cur i n-ionad na cúige sa tseanfhocal san.



917. Gach Ultach ar an nguna,
Gach Connachtach ar an bpíce,
Gach Laighneach ar an gcapall,
Siad rogha na bhfear na Muimhnigh.
Is maith an dóigh gur fear andeas adubhairt an rann san.


L. 116


918. Leathbhróg ghallda is leathbhróg Ghaedhealach a bhí
ar Shéamas nuair a chaill sé Éire.
Séamas Rí Shasanna atá i gceist.



919. Níor cuireadh Éireannach riamh ar bhior ná
faghthaí Éireannach eile chasfadh é.



920. An tÉireannach ar leath-mheisce, an Sasannach
is a bholg lán, agus an tAlbanach is ocras air.
Ar an gcuma san is fearr iad, má's fíor.



921. Éire i bpáirt Éire ar lár,
nó:
Nuair bhíonn Éire i bpáirt meathann sí
nó:
922. Nuair bhíonn Éire i gcomhar meathann sí.



923. Ceathrar Franncach gan bheith buidhe.
Féach uimh. 945.



924. Gáire an tSasannaigh.
Ceann de na neithe ná féadfadh Éireannaigh ionntaoibh leo. Bhí
ceithre neithe mar sin ann .i. adharc bhó, crúb chapaill, drannadh
madra agus gáire Sasannaigh. Nuair bhí na Sasanaigh sa tír seo
deirtí go mbíodh an gáire lághach ar n-aghaidh agus an t-olc ar
fiuchadh 'na gcroidhe.



925. Drannadh madra nó gáire Sasannaigh.
B'ionnan iad.



926. Má théighir 'ón Róimh bí id' Rómhánach leo.



927. Dá mba fuighleach ceiridhe (?) Connacht.
Ruaine ní raghadh im' béal de.



928. Pós bean aniar is pófsair a bhfuil thiar ar fad.
nó:


L. 117


929. Pós Bean Ó Bhéara is pósfair Béara go léir.
Táid lucht an iarthair (nó Béara) leanúnach, do réir deallraimh,
agus is duine leo féin tú má phósann tú bean d'á mnáibh — ach bíd
siad ag éileamh an bháigíocht chéadna ar a son féin ó'n gcliamhain!



930. Muinntir Chonaill ó Dhaoghad
Is muinntir Shéaghdha ó Dhairbhre.
Dá dhream i n-Uibh Ráthach a bhíodh ar tí a chéile sa tsean-aimsir.
Daoghad .i. Taobh Dhaoghad = "an taobh thall de'n Ghóilín" ó Chathair
Saidhbhín. Chuir fear mioscaise agus mío-rúin leathrann leis sin
agus adubhairt:



Lucht na gcorcan méith
Is nach leo féin ach an t-anbhruithe.



931. Cailliúint Caisleáin na gCorra.
Féach uimhreacha 486, 711, 776, 778, 1863.


L. 119


XIV.



AN EAGLAIS AGUS
AN CHLÉIR



An té léighfeadh na seanfhocail atá againn i dtaobh
na hEaglaise agus na cléire do thuigfeadh sé de'n
chéad léigheadh gur mhór mar bhí na daoine i n-aghaidh
na cléire i nÉirinn. Ach tá a dheallramh ar chuid de
na cainnteanna gur aor nó magadh iad agus gur ar
son a bheith dána, agus a bheith cáilmhear d'á chionn sin,
a cleachtaí cuid de na ráidhte.



932. Sagart balbh sagart dealbh.



933. Ní fhaghann sagart balbh beatha.



934. Ní bheathuighid na bréithre na bráithre.
.i. Ní mór dóibh bia agus deoch agus dá bhrí sin ní mór dóibh
airgead d'fhagháil.



935. Dein mar adeirid siad is ná dein mar a
dheinid siad.
.i. Má bhíonn teagasc na sagart agus a n-iomchar bun os
cionn le n-a chéile lean-se an teagasc. Ní mar adubhairt Eoghan
Rua is ceart:



Má tá an tAthair-mhac mar an Eaglais,
Níl brí n-ár nglór;
Is ní fearr dul go dtí an tAifreann
Ná suidhe ar an móin.



936. Ní raibh ann ach sagairt is bráithre is d'imigh na
báirnigh eatartha.


L. 120


937. Sliocht mhinistir nó geamhar ithreach.
Rud ná tagann chun tortha ná chun maitheasa iseadh geamhar
ithreach. Ní moladh ar chlainn aon duine iad a shamhlú leis an
ngeamhar san.



938. Seachain feadhmannas cille.
Do bí san ar cheann de chomhairlí na Bárd-scolóige i dteannta
a láin eile mí-theiste ar an gcléir.



939. Ná bí ró bheag ná ró mhór leis an gcléir.



940. D'áiteochadh sé muc ar shagart [agus banbh ar
chléireach].
Cé gur lucht foghluma sagairt agus go mbíonn Laidean ag
cléireachaibh. Le duine a bhíonn thar barr chun cainnte agus
argóna adeirtear é sin.



941. An té is reimhre caoire is leis a ghuidhid na
bráithre.



942. Ná cuir moill ar shagart ocrais.



943. Do bhuail clog sa chill
Is níor bhinn é an clog;
Do bhuail clog eile sa chill
A dhein clog binn de'n chlog.



.i. Glór aonair ní binn é, ach nuair do ghní gotha eile comh-
cheol leis do ghní sin binneas. Ní h-amháin gur fíor sin i dtaobh
ceoil ach bíonn sé amhlaidh 'na lán eile gnóthaí.



944. Sagart gan sainnt ní (bh)fhaghainn ar mh'aithne.



945. Ceathrar sagart gan bheith sanntach.



Tá sean-cheathramha filíochta ann:



Ceathrar sagart gan a bheith sanntach,
Ceathrar Franncach gan a bheith buidhe,
Cheathrar gréasaidhthe gan a bheith bréagach
Dáréag de'n tsaghas san ní bhfhaghainn sa tír.



Is minic sa chéad líne: ceathrar cailleach gan a bheith manntach.


L. 121


946. Giolla píobaire nó cléireach sagairt,
An dá dhailtín is mó le fagháil.



947. Ní maith sagart gan cléireach.
Nuair adeir duine cainnt agus annsan duine eile do chur
slachta agus cruinnis ar an scéal le beagán focal, is gnáth a rádh
"ní maith sagart, & c."



948. Dearmhad an chléirigh ar a chlog.
Gach dearmhad a déantar ar ghléas oibre ná féadfaí aon rud a
dhéanamh d'á iongnais. Déaglán Naomhtha a bhí uair ar thurus na
Rómha agus thug an Pápa clog Aifrinn do. Thug seisean do'n
chléireach óg é chun a choimeádtha. D'fhág an cléireach óg ar an
tráigh é tré dhearmhad lá ná rabhadar ag dul ar muir chun teacht
go hÉirinn. Nuair a bhí Déaglán chun Aifrinn a rádh ní raibh an
clog ag an gcléireach óg. Do ghuidh Déaglán Dia d'iarraidh an
chluig agus tré mhíorbhailt Dé do shnáimh an clog agus an charraig
ar a raibh sí i ndiaidh na luinge gur shroicheadar Árdmhór na
nDéise. Tá an chloch ann ó shin: Cloch Dhéagláin.



949. Deire gach soiscéil an t-airgead.
.i. Aon ní a ceaptar a dhéanamh tiocfaidh scéal an airgid isteach
ann luath nó mall. Is gádh airgead chun aon ghnó, beagnach, a
dhéanamh.
Féach uimhreacha 467, 1828, 1967.


L. 123


XV.



OBAIR AGUS GNÓ



Sé atá sa Chaibideal so ná gach seanrádh fuair-
eamair i dtaobh oibre agus gnótha agus na neithe
bhaineas leo san .i. saothar, leisce, dícheall, slacht
agus neamhshlacht, faillighe, lucht céirde agus a gceard.
Níl tagairt do ghnóthaí feirme ná talmhan ann óir tá
a gcuid seanfhocal san i n-áit eile. Le linn na
seanfhocail atá sa chaibideal so a léigheadh thuigfeadh
duine gur mhór an lucht saothair agus díchill na daoine
cheap iad agus gur lucht tuigsiona chomh maith iad. Is
cosúil gur mór an t-athrú atá tagaithe orainn. An
lucht céirde atá anois ann agus a tógadh le h-Ainglis
ní gnáth aon chainnteanna snasta mar iad so aca ag
tagairt dá gcuid oibre agus is dearbh go bhfuair an
dícheall bás.



950. Bíonn gach tosnú lag.



951. Tosnú maith leath na h-oibre.
[nó "tosach maith, & c."]



952. Gach aoinne is a chúram féin air.



953. Do ghnó féin déin a dhuine; ná bac mo ghnó-sa
ná mise.



954. An fear láidir nuair is mian leis é
Agus an fear lag nuair a fhéadann sé.
Deineann sé a ghnó.


L. 124


955. Gach fear do réir a acmhuinne.



956. Caithfhidh sé a mhaide tosaigh a chur amach.
.i. Teipfidh air an gnó do dhéanamh muna ndeinidh sé dícheall.
Maide rámha atá sa tsean-fhocal.



957. Leig sé a mhaide le sruth.
An fearas amháin a bhí aige chun cothrom an tsaoghail a bhaint
amach, scaoil sé uaidh é .i. post oibre nó siopa nó seilbh: Maide
rámha atá i gceist.



958. Is maith iad na fir go h-am caithte cuid.
.i. go h-am bidh. Deinid saothar mór ar an mbiadh, leis, ach ní
moltar an saothar san.



959. As a thaithighe is fearr é.
.i. Obair nó gléas, cluiche, biadh, duine, agus rl.



960. Tá go breá, a tháilliúir, má chaillis do
mhéaracán.
Deirtear é sin le h-aon duine go mbíonn úirlisí a ghnótha
caillte aige.



961. Táiliúir a dhéanfadh é is táiliúir ná déanfadh
é [táiliúir a dhéanfadh é — bríste do mhnáibh].
Deirtear é sin le h-aon gnó ná beadh gach duine toilteannach
é dhéanamh. Aguisín déanach an dara líne.



962. Cloch ar a faobhar ní saor a chuirfeadh í.



963. Dá chloich ar chloich agus cloch ar dhá chloich.
Sin é an cuma 'nar cheart clocha nó bríceanna a chur i bhfalla.



964. Gach saor go binn is gach treabhaidhe go caol-
fhód cam.
Sin iad a thriallann a gclisteacht.



965. Gach ceard ag dul i bhfeabhas ach an tsaoirseacht.
.i. Saoirseacht chloch.


L. 125


966. I ndiaidh a chéile iseadh déantar na caisleáin.
.i. Ní mór a bheith foidhneach le h-obair mhóir.



967. Níor tógadh an Róimh i n-aon ló.



968. Mac an tsaoir adhbhar an tuata.
Is minic ná bíonn clisteacht an athar san mac.



969. Is fearr saor síor-bhuailteach ná saor sár-
bhuailteach.
.i. Ní bhíonn tréan buan.



970. Ag baint an tuaigh as láimh an tsaoir.
.i. Ag baint comhacht chun maitheasa as láimh an duine bheadh ar
tí maith a dhéanamh.



971. Is cruinne súil ghabha ná miosúr táiliúra.
.i. Chun tomhais.



972. Uain cheardchan.
An té is túisce thagann bíonn "uain" aige ar an duine thagann 'na
dhiaidh. Is minic daoine ag rith le chéile chun "uain ceardchan" a
bhreith ó chéile.



973. Buail an t-iarann te.



974. Tuirse na ngaibhne.
An tuirse is mó.



975. Bíonn tuirse na ngaibhne ar na buachaillí bó.
Agus gan oiread cúise aca .i. cuireann a ghnó féin tuirse ar
gach aoinne.



976. Tuirse istoidhche is fuirse sa ló.
Saoghal lucht saothair.



977. Túirní socra agus mná gan ocras.
.i. Cóir mhaith chun sníomhtha.


L. 126


978. Ní bheadh sí 'na codla is an líon ar an lochta.
.i. Bheadh sí ag sníomh. Le bean dícheallach adeirtear é sin.



979. Ní h-ag cur coigeáil i láimh óinsighe é thabhairt
duit-se.
.i. Is maith an sás tu chun an ghnótha a dhéanamh go slachtmhar.



980. Tuinnte fada na h-óinsighe agus
Tuinnte gearra na bunóirsighe.
.i. Tuinnte olna ag sníomh.



981. Inghean na bunóirsighe adhbhar na h-óinsighe.



Toisc ná bíodh an bhunóirseach i mbun gnótha a tighe féin ní
tugtar an t-eolas ar thigeas do'n inghin.



982. Ní de'n abhras an chéad shnáth [ach cuirid droch-
mhná an bhaile chúcha é].
.i. Ní bhíonn an t-éadach mar bhíonn an chéad shnáth fightear sa
tseol. Is minic ná bhíonn scéal mar innstear ar dtúis é agus
d'á bhrí sin ba cheart é go léir a bhreithniú sula dtugtaí breith ar.



983. Cíoraidís fé mar shlámaidís.
.i. Má shlámadar ar dtúis go h-olc bíodh an cíoradh anois go
docht aca. Sin le rádh — an dream do-ghní mí-iomchar bíodh a thoradh
anois ortha féin.



984. Abhras na mná moiche — ní déannach ná ní moch é.
Chun obair a bheith déanta i dtráth ní gádh mochóirghe ná áirneán
mí-réasúnta, ach dícheall agus slacht.



985. An olann a bhíonn ag briseadh sa tsníomh bíonn
sé righin sa tseol.



986. Is mór é dóthain droch-mhnátighe d'á cuid droch-
bhláthaighe féin.



Ba mhaith léi a chur 'na luighe ar dhuine gur bhláthach bhreá í agus
bheadh sí 'á tathant air. Deirtear é le rudaí eile seachas bláthach.


L. 127


987. Is minic síos droch-bheantighe is le droch-
bhainistidhe caitheann sí bróga [nó: le D.
ní thugann sí leath a dóthain ar an mbórd léi].
.i. Is minic ar an mbóthar í nuair a dhéanfadh bean eile an dá
ghnó go léir d'aon iarracht.



988. Fé mar bhuaileann an muileann é sloigeann an
mála é.
An t-arbhar. Deirtear é sin le duine a chaithfeadh airgead chomh
tiugh agus thuillfeadh daoine eile dho é.



989. Uain mhuilinn.
Féach uimh. 972.



990. Is olc a mheileann leath-bhró.
Gan an leathbhró eile anuas uirthi. Is mó ocáid ar a ndéantar
úsáid de'n chainnt sin nuair a bhíonn droch-fhearras ag duine chun
a ghnótha a dhéanamh.



991. Is túisce tuilleamh ná tuarastal.



992. Allus a mhaoil féin a ghriogas gach n-aon.



993. Is tinn fear coiste 's is ocrach fear láimhe.



994. Tuinnte mear luaimneach ar uair an tráthnóna.
.i. Greas fuinniúil oibre i ndeire an lae.



995. B'fhusa liom bás de'n bhfuacht d'fhagháil ná me
féin a théidheamh lem' ghnó.
Fear leisciúil a bhíonn i gceist nuair adeirtear é sin.



996. Uallach giolla leisc — beireadh leis nó fágadh.
Le leisce dhá thurus a thabhairt bheadh sé ag iarraidh é go léir do
bhreith leis d'aon iarracht is is minic a thuitfeadh sé go léir uaidh.



997. Imigheann an tuirse is fanann an tairbhe.


L. 128


998. 'Na shuidhe go meadhon oidhche is 'na luighe go
meadhon lae.



999. Solus Dé d'á chodladh is solus an bhodaigh d'á
dhóghadh.
.i. An lá d'á chaitheamh sa leabaidh agus an oidhche le h-airneán.



1000. Ag caitheamh an tsoluis istoidhche agus ag
caitheamh an tsúsa sa ló.



1001. Ag portfheadghail istoidhche 's ag scéal-
fiannaidheacht sa ló.
I n-ionad codla macánta agus saothair. Ag cáineadh duine
iseadh curtar na droch-bhéasa san 'na leith.



1002. Níor fhág fear siubhalta an drúchta crumh ag
fear an chodalta [go h-eadarthrath].
Fear siubhalta druchta .i. duine eirigheas go moch.
Crumh = cnumh.



1003. Deineann gach moch a ghnó agus ní le h-eirghe
doich é.
Deirtear "dorcha" i n-áit "doich" uaireannta.



1004. Fear díomhaoin is buairt é.



1005. Níor chuimhnigh riamh air ach diabhal díomhaoin.
Sin mar adeir lucht na sean-nós le gléas laghdaithe saothair.



1006. Is mó rud a chuimhnigheann an té bhíonn
díomhaoin.



1007. Ní fhanann tráigh le fear mall.



1008. Beir ar do ghnó nó bhéarfaidh do ghnó ort.


L. 129


1009. Bíonn an fear deirinneach dícheallach.
D'iarraidh breith ar a ghnó.



1010. Is minic a bheir an mhoill an bárr leis.
Bheadh an t-ádh ar fhear mhall uaireannta.



1011. Ní h-é lá na gaoithe lá na scolb.
.i. ba cheart do dhuine rudaí bheith ullamh roim ré aige agus
gan fanúint leis an lá go mbeadh gádh an ruda air.



1012. Ná bac aoinne ná téidheann é féin leis an
lasóig nuair bhíonn an lasóg aige.
.i. Is mairg ná baineann áis as an gcaoi a gheibheann sé.



1013. An saoghal go léir ag lorg céirde is ná
raghainn-se thar an díomhaointeas.



1014. Ar a sháimhín sógha
nó:
Ar a chúilín tseabhrach.
Duine bhíonn go seascair socair a bhíonn amhlaidh.



1015. Is fearr a bheith díomhaoin ná droch-ghnóthach.



1016. Bíonn oiriúint ar gach ní d'á mb'í an
tsrathaireacht í.



1017. Is maith an rud stró ach ní maith an rud
ró-stró.



1018. Is maith an fear é an fonn.



1019. Is furus le neamh-fhonn leithscéal d'fhagháil.



1020. Táim-se cortha is ní moltar mo shaothar,
Is tar éis mo dhíchill ní bhítear buidheach díom.


L. 130


1021. An rud ná déantar ar ais is minic a déantar
ar éigean é.



1022. Is geall le sos malairt oibre.



1023. An rud a théigheann i bhfaid téigheann sé i
bhfuaire.



Aon ghnó ná cuirtear chun cinn láithreach imigheann an fuadar
de'n té bhíonn 'na bhun agus ar deire dearmhadtar ar gnó.



1024. Tá seacht gcúirimí an tsléibhe air,
nó:
Tá na seacht séidhte ar dearg-lasadh aige.
.i. Bheith bruidiúil, gnóthach.



1025. Gheibheann cos ar siubhal rud éigin.



1026. An té go bhfuil scian aige feannadh sé.
.i. An duine go bhfuil úirlis aige bíodh sé ag obair.



1027. Speal bramaigh.
Gaisce oibre ar feadh tamaill agus annsan eirghe ar fad as.



1028. Fogha foisighe.
An ní céadna.



1029. Ní bhíonn tréan buan.



1030. Is fearr síor-ualach ná sár-ualach.



1031. Druididh siar ó ghaoith mo mhaide,
Is cuiridh mo hata ar chrúca!
Deirtear é sin le duine a chuireann goithí móra air féin chun
gnótha agus go mbíonn a fhios ag daoine ná mairfeadh an fuadar
san.


L. 131


1032. Molann an obair an fear,
nó:
1033. Is cosúil le gach fear a ghnó [nó: "le gach moch"]
deirtear leis:



1034. Is deallrathach le gach fear a ghnó,
'S is deallrathach le Domhnall Crón a bhean.



1035. Má tá céad gnó againn tá céad ló againn.
Ní gádh, d'á bhrí sin, bheith ár marbhú féin le deabhadh.



1036. Aon ní gur fiú é dhéanamh is fiú é dhéanamh
go maith.



1037. Déin aon uair amháin é agus beidh sé déanta
fé dheoidh.



1038. Ní fearr luathlámhas ná léireacht.



1039. Is máighistir gach n-aon ar a ghnó féin.



1040. Is fearr crích ná gnó.



1041. Teachtaire an chriathair.
.i. Teachtaire chaillfeadh a theachtaireacht.



1042. Tá balcaisí a ghnótha air.
.i. Tá cruth oibre air.



1043. Is leór ó Mhóir a dícheall.
Cé ná beadh sé chomh maith agus ba cheart.



1044. Sé an sop i n-ionad na scuaibe é.
Droch-chóir nó droch-ghléas oibre i n-ionad gléasa fónta.



1045. An scuab nua is fearr a scuabann an tigh.


L. 132


1046. An té ná bíonn 'na mháighistir ar a chúram
bíonn a chúram 'na mháighistir air.



1047. Ar thuitim do'n drúcht tagann fonn ar an
droch-sheirbhíseach.



1048. Ní dheaghaidh an tuathal amú ar aoinne riamh.



1049. Is umhall éascaidh droch-sheirbhíseach i dtigh
duine eile.



1050. Lúb ar lár is gearr go mbeidh 'na pholl.
.i. I stoca; ach is gnáth é rádh i dtaobh aon ghnótha ná déantar
an lúb ar lár ann a dheisiú.



1051. Leath-scéal chun mine.



Gnó ná beadh ann ach leathscéal chun tuarastal nó maitheas a
thuilleamh ar a scáth. Le linn an ghorta mhóir do bhí fear ar thaoibh
bóthair ag bualadh cloch le h-iarann smúdála mar'dheadh gur ag
briseadh cloch a bhí sé. Nuair a fiafruigheadh de cad é a bhí ar
siubhal aige dubhairt sé gur "leath-scéal chun mine." Min an
tuarastal a bhíodh le fagháil.



1052. Ní thagann an dá thráigh leis an ngobadán.
.i. Ní féidir do dhuine bheith i dhá n-áit an uair chéadna.



1053. Ní féidir bheith ag feadghail is ag ithe mine.



1054. An rud nach féidir ní féidir é.



1055. Ag cimilt do mhéire de chloich.
Saothar gan toradh.



1056. Ag cimilt do mhéire i n-áirde an aeir.
.i. D'iarraidh rud a dhéanamh ná beadh ar do chumas.



1057. Ní h-aon ghnó amháin a chothuigheann tigh.


L. 133


1058. Ní neart go cur le chéile.



1059. Ar scáth a chéile mhairid na daoine.
.i. Muna mbeadh an fear thall ní mhairfeadh an fear i bhfus.



1060. Righeacht gan duagh ní dual go bhfaghtar.



1061. Ní bhíonn buadh mór gan chonntúirt.



1062. Sé dícheall an scéil meath.
.i. Tugaimís fé'n obair — ní fhéadfadh rath níos measa bheith ar
an obair ná í do theip orainn.



1063. Is fearr gnó ná cainnt: imigheann an chainnt
is fanann an gnó.



1064. Do dhuine gan náire is fusa a ghnó a dhéanamh.
Nuair is gnó náireach a bhíonn ar siubhal aige.



1065. Ag scúbhadh geaitirí.
Obair leadránach mhall nár mhór foidhne mhór chun a dhéanta.
Nuair a bheadh duine 'á rádh go raibh deire na foidhne caithte aige
leis an té bheadh 'á chrádh déarfadh sé ná beadh sé "ag scúbhadh
geaitirí" a thuille dho agus d'éireochadh sé 'na choinnibh.



1066. Ag suathadh laithighe.
Nuair bheadh ar dhuine rud a dhéanamh ná taithneochadh leis déar-
fadh sé go mb'fhearr leis bheith "ag suathadh laithighe" ná bheith á
dhéanamh.



1067. Garsún go h-am dinnéir is fear an lá go léir.
Chun oibre.



1068. Tosnú an tSathairn is fada go gcríochnuighthear.



Ní bhíonn ann ach smaoineamh deire seachtaine agus tar éis
machtnamh an Domhnaigh ar an scéal is minic a thagann atharrach
comhairle.



1069. Nigheachán riabhach an tSathairn bíonn sé geal
Dia Domhnaigh.
Féach uimhreacha 9 15, 22, 48, 144, 223, 292, 574, 822, 1251,
1370, 1401, 1538, 1763, 1769.


L. 135


XVI.



SAIDHBHREAS AGUS
DAIDHBHREAS



Gach seanfhocal i dtaobh an dá ní seo thuas d'á
dtáinig 'nár dtreo táid siad le fagháil sa chaibideal
so. Tá tagairt ionnta d'iomad neithe bhaineas leis
an dá thaobh .i. airgead, seilbh, ór agus a chaitheamh
agus a choimeád, sainnt agus cruas croidhe, deacraí
na bochtaineachta agus neamh-spleachas lucht airgid.
Chomh maith agus a thuig aon daoine eile ar dhruim
domhain thuig ár muinntir-ne cruas scéil an duine
bhoicht agus tábhacht na seilbhe agus an chnuasaigh agus
tá a dtuairim i dtaobh an scéil ar buan-choimeád ins
na seanfhocail seo.



1070. Deineann seilbh sásamh.



1071. An gleann 's a bhfuil ann.
Duine saidhbhir, deirtear go mbíonn san aige.



1072. Saidhbhreas do ghní fonn, uireasbha do ghní cumha.



1073. Ní raibh dubhán riamh ag duine ab fhearr ná
dubhán airgid.



1074. Sé an t-airgead an saoghal go léir.



1075. Thug an t-airgead an leabhar an té ná beadh
cion aige air ná beadh sé aige.


L. 136


1076. An té ná tabharfaidh aire do'n scilling ní
bheidh sí aige.



1077. Do chaithfeadh aoinne airgead ach is fear gasta
a bhaileochadh é.
nó deirtear:
Do thuillfeadh aoinne airgead ach is fear
gasta choimeádfadh é.



1078. Slán mar a n-innstear é! móin ag Síle
Sheáin.
.i. Rud ná tagann ach de bharr crua-shaothair agus cúraim agus
é anois ag duine nár ghnáth dícheallach ná cúramach.



1079. Cuir sa chófra é is gheobhaidh tú gnó dho.
.i. Rud a cuirtear i gcoimeád gheibhtear oiriúint do uair éigin



1080. Ag spáráil na pingne is ag caitheamh na
scillinge.



1081. I mbéal an mhála bhíonn an bhainistighe.
.i. An mhin a théigheann as an mála sin caithte í.



1082. Taobhán teann, bain as — ní bheam ann ó
Shamhain amach.
Súil aige an Siriam 'á chur amach toisc gan cíos a bheith díolta.
D'á bhrí sin níor dhíobháil leis taobhán an tighe a ghearradh chun teine.
Bheadh ar dhuine eile ceann nua d'fhagháil. Deirtear "tarraing
as" freisin.



1083. Bainistighe thuill anáirde — is fada ó'n áit
seo bheimíd arís!
.i. Nuair nach sinn a bhéas ann amáireach ní gádh dhúinn bheith
cnóisciúnta. Folmhuigh mar sin gach árthach is mála agus caith
uait toll anáirde iad!



1084. An té ná bíonn bólacht ar chnoc aige
Bíonn suaineas ar shop aige.
Ní gádh do eirghe go moch chun freastail ar na buaibh; ach mar
sin féin is leabadh sop a bhíonn aige agus ní leabadh clúimh. Is
minic adeir duine leisciúil:


L. 137


1085. Is fearr suaineas ar shop
Ná céad bó ar an gnoc.
nó:
1086. Is fearr goradh cúil chos ná céad bó ar
an gcnoc.
Is dócha gur duine gan ba aige féin adubhairt an chainnt sin ar
dtúis — nó duine leisciúil éigin. Féach uimh. 798.



1087. Duine mór fear dá bhó,
Duine ró mhór fear a trí,
Ní fhaghann fear a sé nó a seacht
Cóir ná ceart ó fhear a naoi.
Sin go cliste an mhór-chúis a thig ar a lán daoine gan chiall
nuair a bhíonn beagán de'n rath saoghalta ortha.



1088. An cíos díolta is díon ar an dtigh.
Deirtear go mbíonn san ag duine nuair a bhíonn sé go seascar
sa tsaoghal agus imshníomh i gcóir an lae amáirigh air.
Féach "Bia agus Deoch," uimh. 298.



1089. Tuill ór is caith é.



1090. Ní cortar fear na h-éadála.



An té go mbíonn maoin aige bíonn sé go dícheallach 'á freastal.



1091. Duine saidhbhir ag déanamh grinn —
Deir gach duine gur binn a ghlór;
Ach is seirbhe ná an searbhán guirt
An duine bocht ag déanamh ceoil.



1092. Is mó fear folamh sa tsolas ná cúig ar árd.



1093. Go réidh! a bhéan na dtrí mbó!



Adeirtí é sin le daoine go mbíodh tóirtéis agus eirghe anáirde
ortha leis an ngustal beag a bhíodh aca. Ní fios ciarbh í an chéad
bhean úd go raibh na trí ba aici agus an mórtas uirthi. Féach
dán darab ainm "Go réidh, a bhean na dtrí mbó, &c."


L. 138


1094. Is beag orm cóistí is pócaí folmha.



Droch-mheas é sin ar dhaoine go mbíonn tóirtéis agus éirghe
anáirde thar a ngustal ortha.



1095. Níl mustar is measa ná mustar gan gustal.



1096. Ní maith é mustar is mór-chúis gan bior gan
briogún.
.i. Ní maith thagainn tóirtéis do dhuine gan gustal.



1097. Teasbach dearg nó fíor-riachtanas — dá ní nach
féidir a cheilt.



1098. Is mairg a bhíonn go h-olc is a bhíonn go bocht
'na dhiaidh.
.i. Deintear a chuid mí-ghníomh a chur i n-iúl do agus d'agairt
air. Is cosúil ná déanfaidhe sin dá leanadh sé 'na dhuine shaidhbhir.



Deirtear leis:



1099. Is mairg a bhíonn anntréan,
Is a ghiorracht a bhíonn an léan ag teacht.



1100. Ó sna tighthe beaga téightear 'sna tighthe móra.



1101. Is mairg do'n duine ná bíonn 'á chuimilt féin
leis na h-uaisle.
Iarsma ó'n droch-shaoghal tíoránta é sin.



1102. Dia bheatha an saidhbhreas, tagann an bhochtain-
eacht uaithe féin.



1103. Bíodh buachaill na mbróg amuich.
.i. An buachaill go bhfuil na bróga aige 'sé a dhualgas dul
amach sa bhfuacht .i. bíonn dualgaisí cruadha ag gabháil le seilbh.



1104. Is fusa airgead a rádh ná é do bhailiú.


L. 139


1105. Gan easba, gan iomarca.
.i. go h-iomlán. Tá leathrann ann:
Gan easba gan uireasba,
Coinnibh an tsrian id' ghlaic.



1106. An té bhíonn suas óltar deoch air,
Is an té bhíonn síos buailtear cos air.



1107. An té is mó airgead is é is mó dúil ann.



1108. Bíodh rud agat féin nó bí 'á uireasbha.
.i. An té ná bíonn rud aige féin is olc an brath dho bheith 'á
lorg ar iasacht ó dhaoinibh eile.



1109. Saidhbhreas bodaigh nó bochtaineacht duine
uasail.



Is trua go mbeadh a leithéidí ann.



1110. Mar a leagtar an crann is ann a bhíonn na
slisneacha.
.i. Bíonn mion-tsaidhbhreas le fagháil i n-aice le mór shaidhbhreas.



1111. Is fearr réal indiu ná scilling amáireach.



1112. Beathuigheann an fagháltas an leisce.



1113. Dá dtrian a dtaiscithear ní fios cé chaitheann é.



1114. Cnósach na gráinneóige.
Bailigheann sí prátaí, &c. agus cuireann i bhfolach iad i gcomhair
an gheimhridh ach nuair thagann an Geimhreadh uirthi ní fhéadann sí an
áit mar ar fhág sí iad d'aimsiú.



Nó, do réir innsinte eile, sé chialluigheann sé ná an nós na
ndeineann sí rud a bhreith léi .i. luigheann sé ar a druim ar an
ubhall nó ar an bpráta go sáidheann na deilgne ann agus
beireann léi mar sin é.



1115. Ní tháinig cruinnitheóir riamh ná tiocfadh
scaipitheóir 'na dhiaidh.


L. 140


1116. An rud a bailightear go bocht imigheann sé
go h-olc.



1117. An rud a gheibhtear de dhruim an diabhail
imigheann sé fé n-a bholg.



1118. An rud a bhailigheann an cníopaire scaipeann
an rábaire é.



1119. Nuair a bhíonn lomra ag an óinsigh bíonn cóta
ar an scuaib [nó: ar an mbrobh].



.i. Imigheann sé uaithe le straoile — ar an úrlár nó ar luachair
na páirce. Ní i dtaobh olna amháin adeirtear san.



1120. Ní bhailigheann cloch reatha cúnlach (.i. caonach).



1121. Imigheann [nó: caithtear] gach maith le mion-
chaitheamh.



1122. Mara bhfuil teine agat féin déin do ghoradh
le gréin.



nó:



1123. Mara bhfuil rud agat féin
Tabhair do bholg leis an ngréin.



1124. Ceangail leis an lom agus ceanglochaidh an
lom leat.



nó:



1125. Má dhruideann tú leis an luime druidfidh an
luime leat.



1126. Gan Murchadh gan Maonus.



.i. Gan so gan súd tas éis "so" do chailliúint ar son súd
d'fhagháil. Bean do bhí ann agus í pósta le Murchadh ach gur do
Mhaonus a bhí grádh aici. Thug sí nimh do Mhurchad agus do mhairbh
é. Nuair a chualaidh Maonus an droch-íde d'imigh ar an gcéad
fhear ní phósfadh sé féin i n-ao'chor í agus bhí sí annsan "gan
Murchadh gan Maonus."


L. 141


1127. Is fearr a bheith beagán spriúnlaithe ná
mórán caillte.



1128. Ar eagla ná h-easbaidhe
Is maith bheith coimeádach;
Ach ní abraim leat
Bheith leamh na spadánta.



1129. Gan lón gan charaid.
An chéad easnamh fé ndeara do'n easnamh eile bheith ar dhuine.



1130. Buille ó gach aoinne ar mhadra an duine
bhoicht.



1131. Is mairg a bhíonn i mbothán bocht
Is mairg a bhíonn gan maith nó olc.
.i. D'á dhonacht é bheith i dtigh bocht is donaidhe ná san bheith gan
tigh ar bith aige — olc ná maith.



1132. Is fearr aon ní ná an duibheagán folamh
[nó: an ball folamh].



1133. Is fearr lom ná léan.



1134. Is fearr leath ná meath.



1135. Ní thagann aon reidhse ar an mbeagán.



1136. Dá laighead é is mór an ní é cé gur gearr
le dul é.



1137. Is buidheach le gach bocht a bhfaghann.



1138. Ní gnáthach fear náireach éadálach.
Óir bheadh náire air maoin a bhailiú go spriúnlaithe.


L. 142


1139. Caithtear connradh do réir sparáin.



1140. An laogh ithte i mbolg na bó [aige].
Deirtear é sin le daoinibh a théigheann i bhfiachaibh agus a bhíonn
ag brath ar an maith a bhíonn ag teacht chun na fiacha san d'íoc.



nó:



Closdrum dranndal, clampar dála,
An laogh ithte i mbolg a mháthar.



Clampar dála: Duine dona go mbíonn an donas air.



1141. Ní bheireann an gruth ar an meidhg aige.
.i. Ní bheireann cuid an lae seo go cuid an lae amáirigh é.
Deirtear é le duine a chaitheann níos luaithe ná mar a gheibheann.



1142. An taos leis an iarta.
Bíonn san ag duine fír-dhealbh.



1143. Gádhtar a néas feilli-bheart.



1144. An gádhtar a chuir an cat ag ithe cátha san
Earrach.



1145. Ag imirt na bochtaineachta ar a chéile.
Daoine d'iarraidh a chur 'na luighe ar a chéile nár cheart bheith 'á
éileamh ortha féin so ná súd a dhíol toisc an té aca bheadh ag cainnt
a bheith níos boichte ná cách eile.



1146. Is mairg ná bíonn sásta le n-a chuid féin.
.i. Gan bheith ag éileamh ná ag sanntú nó ag goid coda a
chomharsan.



1147. Má bhíonn tú go giobalach bí go cruinni-
ghiobalach.
.i. Má's duit a bheith bocht ní gádh dhuit gan bheith go slachtmhar
glan.



1148. Maoidhtear ar dhuine bocht bás d'fhagháil.
An mhaith is lugha ar domhan maoidhtear ar dhuine bocht é de ghnáth.



1149. Bíonn béal mór ar bhothán bocht.
Féach uimhreacha 345, 492, 815, 1809, 1854, 1861.


L. 143


XVII.



SONAS, DONAS, MAITHEAS,
OLCAS, RATH, MÍ-RATH.



Insa chaibideal so tá bailithe gach tagairt do shonas
agus do dhonas, do mhaith agus d'olc, do rath agus
do mí-rath dár bhuail linn i gcainnt na Muimhneach.
Tá feallsúnacht ár sinnsear ionnta agus toradh a
machtnaimh agus a dtuigseanna ar chúrsaíbh an
tsaoghail bhuartha so.



1150. Níl de mhoill ar dhuine shona ach a bhreith.
.i. Ní rugadh fós riamh é, nó: má eirigheann leis é bhreith níl
ní ar bith chun é chosc ó dhul ar aghaidh.



1151. Cuir do cheann i gcúinne an iarta
Is gheobhair pé foirtiún do gheall Dia dhuit.
.i. Pé rud atá indán do dhuine sin é a gheobhaidh sé.



1152. An té go mbíonn an rath ar maidin air bíonn
sé air tráthnóna.
Deirtear san le duine ádhmharach.



1153. An té go mbíonn an rath air féin bíonn sé ar
a chuid cabáiste.
Bíonn daoine ann agus éirigheann le gach gnó go gcuirid siad
a lámha leis.



1154. An té ná bíonn an rath air féin ní bhíonn sé
ar a chat ná ar a mhadra.


L. 144


1155. Is deacair a rath féin a bhaint d'aoinne.
Duine go mbíonn an donas air, dar leat, agus gan fagháil ar
shéan aige, thuitfeadh rud obann amach gan coinne thógfad ó'n
ainise é.



nó:



1156. Is minic d'fhan fear sonaidhe le séan —
Is do bheir fear donaidhe do—léim [nó:
de léim].



nó:



1157. Beireann duine dona duibhléim.



1158. Is fearr aon leóithne amháin de ghaoith an
tsonais ná tu bheith ag cur alluis do chnámh
go deo.



1159. Is minic a fuair "last" áthas.
.i. Is minic a bheir an fear deiridh ar rud maith.
nó:
1160. Is minic a fuair last ailp; is níor dhóichighe
san ná a bheith gan faic.



1161. Is fearrde duine sona duine dona bheith láimh
leis.



1162. Dia 'bheatha, 'aindise! is ní h-é sin t'ainm-se.
Déarfaí é sin le magadh fé dhuine mhí-ádhmharach; nó, ar chúis
chonntrártha, le duine bheadh ag teacht le rud fónta.



1163. Bíonn na h-aistrithe sonaidhe.



1164. Bíonn an rath idir dhá cheann an tighe.



1165. Bíonn an rath i mbun an cheisnimh.
Daoine bhíonn ag síor-ghearán ar olcas an tsaoghail is minic
gur mhó de'n rath ná de'n mhí-rath a bheadh ortha.



1166. Ní déannach í an mhaith aon uair.


L. 145


1167. Níl aon tsólás ná leanann a dhólás féin é.



1168. Ní bhíonn sonas gan donas 'na órdlaíbh tríd.



1169. Níl cíos, cás ná cathú air.
Adeirtear é sin le duine go mbíonn an saoghal ar a thoil aige.
Féach uimh. 298.



1170. Ná cuir an mhaith ar cáirde.



1171. Bíonn an sonas i ndiaidh na simplíochta.



1172. Bíonn an sonas i ndiaidh na straoile.
Cuirtear leis sin: "Is 'na diaidh a bhíonn sí is ní 'na fochair."



1173. Bíonn an donas i ndiaidh na sraoileachta.



1174. Ní fachtar maith a mugha [nó: le mugha].
.i. Cruinneas agus slacht is gádh chuige.



1175. Bíonn an rath ar an srimileáil.



1176. Leanann an rath an chrích.



1177. Moladh gach aoinne an t-ádh mar gheobhaidh.
A chuid féin dé do réir a méid nó a laghaid.
Féach uimhreacha 79, 1894.



1178. Is é a locht a laighead.
.i. É bheith beag — sin a raibh de locht air.



1179. Má's maith é ní beag é.



1180. Is fearr fairsing ná fónta.


L. 146


1181. Sé lár do leasa é an tráth is measa leat.
nó:
An rud ba mheasa leat ar domhan n'fheadrais
ná gurab é lár do leasa é.



1182. Is fearr ísleán sona ná árdán dona.
.i. Is minic ná bíonn seilbh an tsonais ag na daoinibh i
n-ionadaibh árda an tsaoghail — agus bheadh sonas i n-áit íseal.
Féach uimh. 814.



1183. Is minic a tháinig gráinne ón scilgeadh.
.i. Slán ó mheilt an dá bhrón. Raghadh an donas thar duine gur
dhóigh leat ná raibh aon dul uaidh aige.
deirtear:
Sceinneann gráinne ón scilgeadh



1184. Bliain le duine is bliain eile 'na choinne.



1185. An té bhíonn síos indiu bíonn sé suas
amáireach.
nó:
Ní íseal ná uasal ach síos seal is suas seal.



1186. Ní raibh riamh ar deire ná beadh ar tosach uair
éigin.



1187. Buadhann an t-imshníomh [an fhoidhne, an
t-aireachas] ar an gcinniúint.
.i. An té bhíonn imshníomhach [foidhneach, aireach] seachnuigheann
sé an t-olc.



1188. Ní fál go h-aer é.
Fál go h-aer = rud ná féadfaí dul thairis. D'á bhrí sin aon
droch-rud is féidir a leigheas, nó a chur i gceart, ní fál go h-aer é.



1189. Is mór an ní annró na marc'íochta.
B'fhiú do dhuine trioblóid bheag d'fhulang d'fhonn áise dhéanamh
do féin.


L. 147


1190. Is fearr preabán ná poll is níl ann ach san.



1191. D'imigh sé idir an lic 's an losaid.
An rud maith a cheapas a bhí buaidhte no gabhtha tarla tubaist
obann agus chailleas é. Taos aráin d'imigh idir an lic agus an
losaid.



1192. Sé buadh an uilc lot an tsár-mhaith.
nó:
1193. An rud is fearr nuair is maith é 'sé is measa
nuair is olc é.
"Optimi corruptio pessima."



1194. Is lugha ná frighid máthair an uilc, nó: Ní
lugha an fhrig ná máthair an uilc.
.i. Is beag, suarach an chúis fé ndeara, uaireannta, an t-olc
a theacht.



1195. Nuair imigheann an séan d'aon bhuidhinn.
Is gnáthach ar an gclainn ná fanann rath.



1196. Is fusa an t-olc a chosc i n-am ná i n-anntráth.



1197. Aithnigheann an donas a dhuine féin.
.i. Duine go mbíonn a dhóthain de'n donas cheana air.



1198. Cuir an donas ar cáirde [go dtí maidin
amáireach].
.i. "Ná beannuigh don diabhal go mbuailir leis."



1199. An té go mbíonn an donas ar maidin air
bíonn sé air tráthnóna.



1200. Bain de'n donas a bhféadfair.



1201. D'imigh sé chun an donais.
Rud ar bith théigheann go h-olc.


L. 148


1202. Bíonn an fear deirinneach díobhálach.
.i. Ní bhíonn rogha an duine tosaigh aige.



1203. B'fhearr dhuit bheith ag scubhadh brobh ná ag
déanamh ruda i n-aghaidh do leasa.



1204. Ní thabharfadh sé a chuid de'n donas ar
thuistiún.
Go magúil adeirtear é sin le duine go mbíonn an rath air 'na
ghnó ach go gcoimeádann an gnó ar fuadar é.



1205. Gach aoinne is a thruaghbhéil féin aige.



1206. Gabhann an donas baile is leath Éireann.
.i. Is mó théigheann le donas ná le sonas.



1207. Ar uairibh thagaid na h-anacraí, agus is fearr
san ná iad a theacht i n-éineacht.



1208. Ní tháinig trioblóid riamh 'na h-aonar.



1209. Is mairg a bhíonn druinn roim deacair.
Druinn .i. cromtha fé chruatan an tsaoghail. An tráth thig
deacair eile ar a leithéid sin milleann sí ar fad é.



1210. Srathar na h-aindise ar chapall na tubaiste.
.i. Ualach de'n donas do theacht ar dhuine go raibh a dhóthain de'n
mhí-ádh cheana air.



1211. Ag dul ó'n ngríosachán go dtí an teine.
nó:
Ag dul ó thigh an diabhail go tigh an deamhain.
.i. Ag dul ó olc go ró-olc.



1212. Buaileann an tubaist i lár an bhóthair le
duine.
.i. I n-áit ná beadh coinne léi.


L. 149


1213. Bíonn an donas i mballaibh eile féin.
Nuair a chloisfeadh fear an donais go raibh an mí-ádh, leis, ar
dhuine eile déarfad sé mar sin.



1214. Níor cheannuigh riamh an suaineas ach an té ná
fuair í.



1215. Is tearc neach ar a mbíonn rath
Ná bíonn meath ar chuid d'á chlainn.



1216. Lean ar an meath is tiocfaidh sí.
An té chleachtas béasa meathlaithe do-ghní sin meathlathóir de
féin fé dheire.



1217. Lomann bruid cinéal; lomann lom coingheall.
.i. Creachann agus scriosann bruid namhad an cinéal a bhíonn
fé smacht; briseann fíor-bhochtaineacht geallúna onóra.



1218. Chonnaic sé Murchadh nó an rud ba ghiorra dho.
Deirtear é sin le duine bhíonn tar éis gabháil tré chruatan
agus annró mór. Murchadh .i. Murchadh an Tóiteáin Ó Briain a
tógadh i gcúirt Eilíse, Bainrioghan Shasanna, agus a tháinig i
nÉirinn le h-arm gur dhóigh agus gur chreach an Mhumha.



1219. Éirigheann le Cairiú 'cheal a shárú.
Éirigheann le droch-dhuine toisc ná cuirtear'na choinne. Cairiú =
fear scriosta na Mumhan le linn Eilíse.



1220. Ní tháinig olc i dtír nárbh' fhearr de duine
éigin é.



1221. Is fusa de an donas orm féin é bheith ar mo
chomharsain.



1222. An té go mbíonn an donas air ní chuirfeadh
Éire an sonas air.



1223. Ní chuireann an chinniúint a cos fúithe.
.i. Bíonn sí gan stad ag gluaiseacht. Olc nó mí-ádh a thuigid
lucht labhartha Gaedhilge leis an bhfocal "cinniúint."


L. 150


1224. D'á olcas é Séartha b'fhearr é ná bheith 'na
éagmais.
Is minic "Séamas" in-ionad "Séartha."



1225. Is deacair rogha bhaint as dhá dhígh.



1226. Nuair is cruaidh do'n chailligh caithfidh sí rith.
Nuair a bhíonn an gádh nó an baoghal ag druidim le duine
caithfidh sé géilleadh.



1227. Ní maith ar muir ná ar tír í.



1228. Ní tairbhe bheith ag seanchas nuair bhíonn an
anachain déanta.



1229. An rud nach fiú é lorg ní fiú é d'fhagháil.



1230. Ní fiú an salann sa phraisigh é.



1231. Ní fiú trúmpa gan teanga é [ná madra-
allaidh gan fiacla].



1232. Dá olcas mar bhí is measa mar atá.



1233. Is mairg a gheibheann sólás i ndólás a
chomharsan.



1234. Is mairg a bhíonn síos an chéad lá [nó: ar an
gcéad bhuille, nó: ar an gcéad bhearnain].



1235. An té bhíonn síos an chéad lá bíonn sé síos
go bráth.



1236. Is fearr an té eirigheas ná an té thuiteas.



1237. Seachain an t-olc is ná gaibh i leathtaoibh.
Féach an "ná."


L. 151


1238. Seachain an t-olc is déin an mhaith.



1239. Seachain go bráth bearna an bhaoghail
Chun go dtagaidh do lá ní thiocfaidh do shaoghal.
Deirtear freisin: "ná seachain, & c."



1240. Fear deifreach a bhíonn amuich deireannach —
Cúl le h-ádh agus giolla na gcros.



1241. An té go mbíonn breall air bíonn amhras gach
aoinne air.



1242. Mac an duine shona adhbhar an duine dona.



Nó mar atá sa tsean-rann:
Is annamh gort gan déise fiadh —
Tuigeadh cách ciall mo rainn —
Is tearc neach ar a mbí rath
Ná bíonn meath ar chuid d'á chlainn.



1243. Deire seana-chapaill bháin nó deire seana-
mháighistir scoile.
nó:
Seana-chapall, cliathán seana-bháid nó seana-
mháighistir scoile.
nó:
Seana-long, seana-bhád, seana-chapall bán
nó píobaire.



Ní bhíonn an rath ortha ar deire thiar.



1244. Ar mo ghabháil amach ar maidin do bhuail an
bhean ruadh liom, chonnac an girrfhiadh dubh
ar an drúcht, chuala an chuach im' chúl agus
annsan d'aithnigheas ná beadh an bhliain sin
liúm.



Comharthaí donais a bheith ag teacht na neithe sin d'fheiscint an
chéad rud ar maidin.


L. 153


XVIII.



FOGHLUIM AGUS EOLAS.



Annso atá tagarthaí agus sean-ráidhte i dtaobh
léighin agus oideachais agus oiliúna, i dtaobh eolais
is tuigseanna, i dtaobh feasa agus ainbhfeasa.



1245. Ní h-ualach do dhuine an fhoghluim.



Tá rann filíochta ann:
Aoibhinn do lucht an eolais,
Mar is dóibh is aithnid Dia;
An cnoc is aoirde sé is fuaire
Cé gur uaidh is giorra an ghrian.



1246. Is éadtrom an fhuip an t-eolas.
Is cosúil nach ró fhada do'n chainnt sin 'na sheanfhocal.



1247. Is fearr oiliúint ná oideachas.
.i. Dá mbeadh oideachas uile na scol ar dhuine níor dhuine
fónta é gan an deaghbhéas agus na tréithe ionmholta eile do-bheir
an oiliúint mhaith ar an té gheibheas í.



1248. Is cruaidh an rud an léigheann so, má's chomh
cruaidh liom-sa gheibheann gach aoinne í.
Rádh micléighinn sin.



1249. Cailleann duine rud le n-a mhúineadh óir ní
(bh)fhachtar léigheann is leamhnacht.



1250. Gach dalta mar oiltear (is an lacha ar an
uisce).
Sárú ar an gcéad chuid de'n chainnt iseadh an t-aguisín sin
i dtaobh na lachann. Ní de bharr oiliúna a théigheann san sa tsnámh
ach gurab é a dúthchas é.


L. 154


1251. Is namha an cheard gan a foghluim.



1252. An glór ná tuigeann an ceann is cuma é
bheith ann nó as.
Leath-cheathramha sa dán dárab tosach: "a leinbh, i dtúis do
shaoghail, & c." —



1253. Tuigim agus ní léighim [ach tuigeann fear
léighinn leath-fhocal].
.i. Tuigim an rud ach ní h-eol dom a chúis.



1254. Ní beag nod d'eolach.
nó:
1255. Tuigeann fear léighinn leath-fhocal.



As an "nod" nó as an "leathfhocal" thuigfead an té go mbeadh
eolas an scéil ar fad aige cad do go mbeifí ag tagairt. Ní
bainfeadh an duine ain-eolach aon tuiscint as "nod" nó as
"leathfhocal."



1256. An rud a scríobhann an púca léigheann sé
féin é.



1257. Ní mhúinfeadh an saoghal é ná cogadh na
bpléar.
Sin é is gnáth a rádh le duine gur deacair ciall a mhúineadh dho.
Is d'á leithéid sin an rann so:



Ní ghabhann aineolach dall
Eolas ó neach d'á maireann;
Bheith gan eolas is fearr leis
Ná a rádh go mbeadh i n-ainbhfios.



1258. Nuair a bhíonn an leabhar againn ní bhíonn an
léigheann againn.



1259. Ní fearr iomarca léighinn ná fé n-a bhun.
Do cheapadh tuataigh nuair a tugtaí "iomarca" léighinn ar
duine ná fágadh san iomarca de'n fhonn air ná de'n fheabhas ann
chun gnóthaí tábhachtacha ar nós romhair agus treabhtha a dhéanamh.


L. 155


1260. Is minic a chuaidh beart d'údar.
Is minic ná féadfadh duine cliste ponnc áirithe do réidhteach.



1261. Nílim im' scoláire is ní h-áil liom a bheith.
Óir tuigtear gur baoghalach an rud eolas go minic.
Asal agus madaruadh a bhí ag gabháil na slí lá. Do bhí olc ag
an madaruadh chun an asail agus ba mhaith leis deire a chur leis.
"Bhfuilir id' scoláire?" ars an madaruadh leis an asal. "Is
mé atá," ars an scaothaire asail. "A' bhfeadraís cad tá scríobhtha
ar chrúib an chapaill úd thall?" "Ní fheadar," ars an t-asal,"
"Nár léighis féin é?" "Ó! nílim-se im' scoláire is ní h-áil
liom a bheith," ars an madaruadh glic; "Téirigh-se anonn agus léigh
é ós tú an scoláire." D'imigh an t-asal mar a raibh an capall
agus d'iarr air an chrú a thaisbeáint do. Do bhuail an capall
speach sa mhalainn air agus do mhairbh é.



1262. Ní cuirtear síol na sméar is is annamh an
treise ag fear gan léigheann.



1263. Ní féidir teacht suas le lá scoile ná le
rabharta feamnaighe.



1264. Ná bac aoinne ná stuacáltar i dtigh na
scoile.



1265. As an obair a gheibhtear an fhoghluim.



1266. Pé olc maith an ealadh —
Taithighe do-ghní máighistreacht.



nó:



1267. Deineann taithighe treorach.
Mar a chéile an dá cheann san agus uimh.



1268. Gnáthamh na h-oibre an t-eolas.
Taithighe ar an obair do bheir an t-eolas ceart uirthi.



1269. Gnóthuigheann taithighe tarcuisne.
nó:


L. 156


1270. Iomad de'n aithne mhéaduigheas an tarcuisne.
.i. Nuair bheadh eolas iomlán ag duine ar ní nó ar dhuine eile —
ní bheadh oiread eagla air roimhe, ná meas aige air, b'fhéidir.



1271. Is mó madra gearra agus droch-bheantighe a
chuir sé dhe:
.i. Tá eolas maith aige ar chruadhtan an tsaoghail.



1272. As a eolas is fearr é.
.i. Nuair a gheibhtear eolas air sin é uair a thaithnigheann sé le
daoine.



1273. Deacracht gach deacrachta an ní a cleachtathar
a chur i ndearmad.



1274. Is maith an t-eolaidhe deire an lae.



1275. Ná mol is ná dí-mhol daoi mar ní gnáthach
saoi gan locht.
nó:
1276. Ní bhíonn saoi gan locht.
.i. Ní ceart a bheith ró dhian ar dhaoine gan eolas óir do-ghníd
luct eolais féin botúin.



1277. D'aithneochainn beirbhithe i bpraisigh é.
Rud nó duine go mbeadh oiread san aithne agat air ná féadfaí
é cur ar neamh-aithne duit.



1278. Ag imeacht is a mhéar 'na bhéal aige.



1279. Tuata tuiscionnach is buartha beatha dho.
Dá mbeadh sé chomh neamh-thuigsionnach leis an slua ní bheadh de
chúis bhuartha aige ach oiread leo-san.


L. 157


1280. Tuata tuiscionnach nó tuathalán láidir.
.i. Gur maith do thuata é bheith tuiscionnach. Muna mbí sé
tuiscionnach sé an chéad rud eile b'fhearra dho é bheith 'na thuathalán
láidir.



1281. Údarás gan eolas.
A bhíonn ag an dream a labhras go h-údarásach i dtaobh gnótha
ná bíonn ach beagán d'á eolas aca.



1282. Dá mbeadh fios agat do bheadh leigheas agat.
Mar a chéile é sin agus an seanfhocal roimhe.



1283. Is maith an aire an fhógairt.
.i. Fógairt roimré go raibh rud le tuitim amach — thabharfadh
san caoi do dhuine an t-olc do sheachaint.



1284. An té gheibheann sáth saoghail gheibheann sé
sáth scéil.
.i. Gheibheann sé mórán eolais.
Féach uimh. 1824.


L. 159


XIX.



DÓCHAS AGUS FOIDHNE.



Foidhne agus dóchas, feitheamh agus mío-fhoidhne is
adhbhar d'á bhfuil sa chaibideal so.



1285. Is mór an ní an fhoidhne.



1286. Is maith an scéalaidhe an aimsir.



1287. Tagann gach maith le cairde (agus grásta le
foidhne).
Deirtear san le daoine a bhíonn go imnidheach, mí-fhoidhneach le
linn moille nó leadráin.



1288. Is mór é luach na foidhne.



1289. Is ceiridhe do gach uile chréacht an fhoidhne.
Féach uimh. 1187.



1290. An rud ná fuil leigheas air foidhne is fearr
air.



1291. Is fearr déannach ná ró dhéannach.



1292. Is fearr go mall ná go bráth.



1293. Má's maith é is mithid.
Is gnáth san do rádh le rud maith nuair thagann sé mall.



1294. Bí choidhche ag faire agus gheobhair uair na
faille.


L. 160


1295. Ní mar síltear a bhítear.



1296. Ní breac é go mbíonn sé ar an bport.
Is ionnan ciall do san agus do'n rádh san ainglis nach ceart
siciní do chomhaireamh go mbeidís as na sliogáin.



1297. Ná bí ag déanamh na gcróite roime na
torcaibh [nó: roimis na h-oirc].



Ná dein deimhne dhe go bhfaghaidh tú rud go mbí an rud sin
fachta agat. Féach uimh. 1304.



1298. Feitheamh fada ar chosa laga i ndoras tighe
gan aon truaighmhéil.



1299. Caitheann síor-shileadh an chloch.



1300. Níl aon bhanna ná tagann a dháta.
Tá cuma ur-nua ar an ngnáth-chainnt sin.



1301. Is maith an rud an fhoidhne ach is olc í an
fhaillighe.



1302. Níl aon leigheas ar an gcathú ach é mharbhú le
foidhne.



1303. Nuair a thagann an t-am tagann an chlann.



1304. Is mairg a dheineann deimhin d'á dhóigh [nó d'á
dhóchas].
Comh-bhrí leis an rádh Sacsbhéarla: "ná cóimhrimh na siciní go
mbí siad as na h-uibhe."



1305. Sé an bhraich gan lionn é.
.i. An duagh agus an saothar déanta agus gan súil le maith a
theacht as.



1306. Súil nár síleadh.
.i. Rud maith a theacht i gcrích gan coinne leis nó tar éis a
cheapadh dho ná tiocfadh fé choidhche chun maitheasa.


L. 161


1307. Is treise deimhin ná dóigh [nó: ná dóchas].



1308. Nuair is mó an anachain 'seadh is goire do'n
chabhair é.



1309. Ní daortha go breith an bhreithimh.



1310. Mair, a chapaill, is 'gheobhair féar.
Éadóchas nuair bheadh an mhaith ró mhall.



1311. D'á fhaid é an lá tagann an oidhche fé dheoidh,
nó:
D'á fhaid é an lá sé dán na h-oidhche teacht.



1312. Is fearr súil le béal na con ná súil le béal
na h-uagha.



1313. Is fearr súil le glas na súil le h-uaigh [nó le
h-úir].
.i. Osclochar an carcar uair éigin agus scaoilfear an cime ach
má daorthar chun báis é ní fhillfidh sé choidhche ó'n uaigh.



1314. Is fearr dóigh ná andóigh.



1315. Beidh lá eile ag an bPaorach
Is cead aeir ag á chailíní.
[nó: agus lá eile agá chléireach].
.i. Tiocfaidh caoi eile arís nuair a féadfar an rud a dhéanamh
a theip an turus so orainn.



1316. Is mó lá i mbliain is fiche,
Is níl lá aca-san ná tigeann.



1317. Nuair thiocfaidh an lá amáireach tiocfaidh a
chuid le n-a chois.
D'á bhrí sin ná bíodh imnidhe an lae amáirigh orainn.


L. 163


XX.



CEART AGUS AIN-CHEART.



Cóir, éagcóir; macántacht, mío-mhacántacht; dlí,
aindlí; goid, dul chun dlí, & c., & c. — sin iad adhbhar
an chaibidil seo.



1318. Rogha gach inntleachta an mhacántacht.



1319. Má's le bheith ceartach duit bí cruinni-cheartach.



1320. Is geall le h-ain-cheart lom-cheart [nó — is
cuma nó, &c.].



1321. Bíonn an ceart féin ró dhian ar uairibh.



1322. Ná h-éilimh do cheart go bhfeicir do neart.
.i. Neart lámh nó neart dlí.



1323. Moladh beirte na Faille Móire — an fear is
treise bheith i n-uachtar!
I nUibh Ráthach atá an Fhaill Mhór — paróiste. Ceist airgid a bhí
le réidhteach. Do fágadh an réidhteach fé "mholadh beirte." Dá
bhata draighin an bheirt!



1324. (a) Ní raibh feall riamh ná fillfeadh,
nó:
(b) Filleann an feall ar an bhfeallaire,
nó:
(c) Níor fealladh riamh ná fillfeadh.



1325. An té gur cumhang leis fágadh.


L. 164


1326. Ná bí bog is ná bí cruaidh.
I gcúrsaí cirt.



1327. Eirigheann an mhacántacht seacht n-uaire.



1328. Is mór an trua an ceart nuair a bhíonn sí
gan neart.



1329. Claoidheann neart ceart.



1330. Ní ghaibheann neart ceart, is ní bhfaghann fear
lag cóir ná ceart.
Cé go mbeadh neart i n-uachtar ní fhágann san ar leith i leith go
mbíonn an ceart ann. Is so-thuigseach an dara cuid de'n rádh
thuas.



1331. Ag dul chun dlí leis an Diabhal is an chúirt i
n-Ifreann.



1332. An té nach truagh leis do chás ná déin do
ghearán leis.



1333. Is fearr cóir ná dul chun dlí.



1334. Ní córa do Mhóir ná do "bhreallsún."
.i. Ní ceart go mbeadh cead ag Móir, an bhean uasal, rud a
dhéanamh gan an cead céadna bheith ag daoine níos lugha le rádh ná
í. Is cosúil go raibh sise tar éis "breallsún" a thabhairt ar
dhuine éigin bhí d'iarraidh, coimh-cheart d'fhagháil do féin. Deirtear
san Ainglis: An ní is annlan do'n ghé is annlan é do'n ghanndal.



1335. Ná dein reacht is ná bris reacht.
Is minic "nós" i n-ionad "reacht."



1336. Ponnc de'n dlí bheith séantach.



1337. Is maith an dlíodóir an cúiseadóir.


L. 165


1338. Ní ghabhann dlí le riachtanas.



1339. Caoi do-ghní sladaire.



1340. Do ghoid bithiúnach léinteacha. Thug an sagart
eascaine dho agus an tarna h-eascaine do'n
té d'fhág aige iad.
Óir "caoi do-ghní sladaire."



1341. Ní fearra dhuit cáth it' mhála ná min.



San ainglis adeirtear "comh mhaith duit tu dod' chrochadh i leith
caorach nó i leith uain."



1342. Goid ó ghadaidhe goid gan peaca í.



1343. D'oirfeadh san duit chomh maith is d'oir do'n
Ghadaidhe Dubh é chrochadh.



1344. Ná cuir do chos i n-ionad coise an ghadaidhe.
.i. Rian coise an ghadaidhe agus comhartha ar ciarbh é féin. Má
cheileann tusa rian a choise sin is tusa bhéas síos leis an ngoid.



1345. Peacadh an tomhais.
Peacadh go mbíodh fuath ós meodhon do lucht a dhéanta.



1346. An fear atá cam sa bhaile seo beidh sé cam
sa bhaile thall.



1347. An rógaire is caime deineann an bás fear
díreach de.



1348. Lámh láidir is lámh láidir eile — eatartha féin
bíodh.



1349. Is fada an chiach do-bheir iarsma drochbhirte
[nó: is fada siar a théigheann, & c.]


L. 166


1350. Déin mar ba mhaith leat go ndéanfaí leat.



1351. "Leig-se dhomh-sa is leigfead-sa dhuit-se."
Adeirid daoine macánta le chéile.



1352. "Leigh-se liom-sa is leigfead-sa leat-sa."
Adeirid na rógairí.



1353. Roinnt Éamoinn Mhag Craith ar an bhfiadh.
Roinnt leithleach. Lucht seilge ná féadfadh réidhteach le chéile
conus a roinnfidís fiadh a bhí marbh aca, d'fhágadar fé Éamonn
Mhág Craith, file, é dhéanamh. Ar seisean:



"A cheathramha 's a leath d'Éamonn Mhág Craith,
'S an cheathramha gan cóimhreamh d'Éamonn Mhág Craith;
A chosa 's a cheann d'fhiagaithe an domhain
'S a chroiceann chun bróga d'Éamonn Mhág Craith."



1354. An roinnt a thug Cian ar an iasc.



Roinnt mhí-chomhthrom. Do chuaidh Cian oidhche chun na h-abhann ag
marbhú bradán. Bheir sé cliabh agus cleith leis. Bheir sé fear
eile 'na theannta. Do mharbhuigheadar trí bradáin agus eascú.
Nuair bhíodar ag dul abhaile do roinn Cian an t-iasc:



"Seo, 'Chéin," ar seisean le bradán. "Seo, 'chléibh; seo,
'chleith," le dhá bhradán eile; "agus seo, 'Eóin Wise, eascú dhuit!"



1355. Roinnt na caillighe mar is áil léi féin.
Deirtear sa Chlár — "bíodh ag an gcailligh mar is áin léi féin."



1356. Roinnfead-sa is m'athair an talamh le chéile,
Beidh Corcaigh ag m'athair is Ciarraighe agam
féinig.



1357. An té bhí ag roinnt na hÉireann níor fhág sé
é féin chun deiridh.



Is gnáthach é sin a rádh nuair chítear duine ag gabháil na coda
is fearr de rud do féin — mar dhein na Sasannaigh i nÉirinn.



1358. An té órduigh neamh is talamh níor órduigh sé
é féin chun deiridh.


L. 167


1359. Is maith é an comhar — an té gheobhadh a thosach.



1360. Ag agairt na gcionnta ar dhaoine neamh-
chionntacha.



1361. Mara n-oireann an caipín duit ná caith é.



1362. Cuir orm-sa é i dteannta na gceirthlíní.
.i. Cuir milleán an mhí-ghnímh sin, leis, orm-sa i dteannta gach
milleáin eile atá d'á chur go h-éagcórach cheana orm.



1363. Cuir an tsrathar ar an gcapall cóir.
.i. Cuir an milleán ar an duine atá cionntach.



1364. "Scaoil me chun an bhodaigh ach ná scaoil an
bodach chugham."
.i. Leig dom gaisce a dhéanamh air ach ná tabhair cead do-san
mise a bhualadh!



1365. Tiocfaidh anuiridh arís.



1366. Tiocfaidh anuiridh i mbliana is gheobhair-se
siar arís.
.i. An té a dhein éagcóir orm agus a bheir na cosa slán leis
uaim, tiocfaidh lá fós go mbainfead-sa sásamh de.



1367. Buige le buige go mbraithir an duine,
Mar ghearrfaidh sé chughat gearr-se chuige.
Is dá scoilteadh sé an ribe é scoltadh 'na
choinne.



1368. Le fear na bó an laogh.



1369. Ní h-é an té is fearr a thuilleann is mó a
gheibheann.



1370. Ní h-é an sclábaidhe is fearr is mó rath.



1371. Is fearr olc Sheáin ná maith Thaidhg.
Do bhíodh cion ar Sheán agus moltaí é pé ní a dheineadh sé.


L. 169


XXI.



TALAMH AGUS
CURADÓIREACHT.



Is beag d'á bhfuil de sheanfhoclaibh i dteangthachaibh
an domhain nach iad lucht na tuaithe i ngach tír do
cheap iad. Is beag de dhéantús lucht cathrach ná an
mhóir-léighinn atá ortha. Is fíor san go dearbhtha
i dtaobh seanfhocail na Gaedhilge — is iad na daoine
chomhnuigh ar an dtalamh, i gcoidreamh leis an nádúir,
a cheap beagnach a bhfuil ar fagháil sa chainnt de neithe
i bhfuirm seanfhocal agus gnáth chainnteanna. An té
léighfidh an leabhar so chífidh sé é sin go soiléir. Seo
againn sa chaibideal so an chuid díobh a bhaineas leis
an talamh agus le n-a shaotharú agus le na neithe
fhásas as.



1372. Mol an sliabh is ná taobhuigh í agus
Cáin an tír is ná tréig í.
nó:
Dí-mhol an choill is ná fág í,
Mol an machaire is ná taobhuigh í.



1373. Gach seans le cnoc is gach donas le muir.



1374. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.



1375. Tagann an chré bhuidhe aníos.
.i. Tagann an droch thréith nó an droch-dhúthchas amach má bhíonn
istigh.


L. 170


1376. Mol gort agus ná mol geamhar.



1377. (a) Cúl le gaoith agus aghaidh le teas.
.i. Talamh maith agus é árd thoir thuaidh agus a aghaidh siar 's
ó dheas.



nó:



(b) Bascadh 'na lár is báthadh 'na bhun, a chúl
leis an ngréin is a aghaidh ar an sioc.



Cáineadh a dhein Máire Ní Duibh ar thalamh a bhítheas a thathant
uirthi a cheannach.



1378. Bíonn an rath ar an gcéachta.



1379. An té leanann béal an chéachta ní folamh a
bhíonn a shac.



1380. Is aoirde fear céachta ar a chosaibh ná duine
uasal ar a ghlúinibh.



1381. Treabhadh soir agus fuirse siar.



1382. Gach treabhaidhe go caolfhód cam.
Sin é thriallann a chlisteacht.



1383. An soc thall is an colltar i bhfus.



1384. Treabhadh seaca nó fuirse báistighe.
Ní cóir iad a dhéanamh.



1385. Ní fearra dho slí go dtreabhfaidh sé [ná a
shoc ar a ghualainn].
Nuair is é an buidheachas céadna bheidh ar dhuine — pé aca é bheith
olc nó maith.



1386. Gach ní ar deiseal ach an tseisreach ar
dtuathal.
.i. Chun iad a chasadh.


L. 171


1387. Ní féidir treabhadh agus tiomáint.
Má gluaistear ró-mhear ní bhíonn an treabhadh ar fónamh.



1388. Treabh an t-iomaire atá romhat.



1389. Treabhadh muinntire Múrnáin
[nó: "A Mharbháin].
.i. Gaisce mór 'á dhéanamh istoidhche aca ar a dteangain agus
gan aon rud mór do dhéanamh lá ar n-a mháireach.
nó:



1390. Treabhadh na mBrianach.
An ní céadna.



1391. Feirmeóireacht cois luaithe.
.i. Is furus í dhéanamh go maith agus obair lucht an ghuirt a
cháineadh.



1392. Ins an Márta is fearr an síoladóir.



1393. Creachadóir tíreach síoladóir fánach.



1394. An síol a bhíonn caoch sa chré ní thagann sé.
Caoch .i. gan súil, gan piacán, gan brí fáis.



1395. Cur na bhFaoille toradh gan tuighe,
Cur na Márta tuighe gan toradh,
Cur an Abráin tuighe agus toradh.



.i. Le cur arbhair adeirtear é sin.



1396. Leasú seacht mblian brúcht mhaith shneachtaidh.



1397. An punann a ceangaltar sa bhFómhar scaoil-
tear san Earrach é.
nó:



1398. Pósadh an Fhómhair scaoileadh an Earraigh.



Ní le pósadh a bhaineann san i n-ao' chor ach leis an gceangal
adeintear ar phunannaibh arbhair.


L. 172


1399. Punann is a locht.
Deirtear "Tháinig punann 'sa locht" nuair thagann níos mó
daoine ná mar bhí súil leo.



1400. Mara gcuirir san Earrach ní bhainfir sa
bhFómhar.



1401. Breacluirgneacht Earraigh do-ghní formadacht
Fómhair.
.i. An té chaitheann an tEarrach cois na teine ní bheidh Fomhar le
baint aige agus beidh formad aige leis na daoine go mbeidh iothla
lán aca.



1402. Nuair stadann an síol stadann an fuirse.



1403. Ní rí agus ní rath gan an oiread agus a
seacht n-oirid a chuiris a theacht.



1404. Is fearr curadóireacht déannach ná ceann-
aidheacht luath.
Ceannaidheacht luath .i. bheith ag ceannach lóin a bheadh ag duine
dhá ndeineadh sé an cur.



1405. Teacht an tseaghail — an teacht fada mall.



1406. Brisfidh an seagal a chroidhe nó beidh sé 'na
chraoibh Lá Shan Seáin.



1407. Níl foghail is measa ná foghail an chorráin.
.i. Bheith ag baint choirce glais le corrán. Ní bhíonn aon toradh
eile an bhliain sin ar an áit a baintear mar sin.



1408. Coirce cuaiche is leis nár luadhadh a mhin.
.i. Coirce ná cuirtear go dtagann an chuach ní maith an
gráinne thagann air.



1409. Is annamh gort gan déise fiadh.
Féach uimh. 1242.


L. 173


Méaduigheann brobh beart agus do-ghníd birt
stáca.



1411. Sé an dias is truime is ísle chromann a
cheann.
.i. Sé an duine fónta is lugha go mbíonn eirghe anáirde air.



1412. Coirce cúbach craobhach a bhainfeadh as capall
sraodh amach i lár an lae.
"Craoch" adeirtear.



1413. Dein an fómhar nuair a gheobhair an ghrian árd.



1414. Nuair a chuirfidh tú do shop cuirfidh tú do
shúgán.
.i. Ceangaltar cruach féir le súgán de féin.



1415. Sean-fhéar sean-ór.



1416. Sop siúirdín nó gas práta.
Sop siúirdín .i. sop féir nó tuighe a castar ar a chéile chun a
lasadh sa teine chun píopa a lasadh nó coinneall. Baintí an
fheidhm chéadna as gasaibh an phráta.



1417. Gal suip.
Rud ná maireann ach tamall beag gearr ní bhíonn ann ach gal
suip a cuirfí tré theine.



1418. Bain d'á thóin é is cuir ar a cheann é.
Le linn coca féir a bheith 'á dhéanamh is gnáth é sin a rádh.



1419. Is úr gach brobh go Nodlaig.
Ní bhíonn féar feochta ar fad go Nodlaig.



1420. Fál Samhraidh nó claidhe Geimhridh.
Fál draighin is maith sa tSamhradh óir bíonn sé ionfhuar gaothúil.
Claidhe is fearr sa Gheimhreadh ar a chluthmhaire.


L. 174


1421. Falla feidín — falla ar feadh dín.
Falla tighe adeintí de chré bhuidhe agus de thuighe. An fhaid do
bheadh díon os a chionn d'fhanfadh sé slán.



1422. Fód as an díg — dá fhód ar an gclaidhe.
Nuair a bhítear ag tógáil cladhthach is gnáth é sin a rádh.



1423. Lá móna teine bhliana.
.i. Lá meithille ag baint mhóna.



1424. Cruach féir nó cruach mhóna: dhá rud nár
chuaidh gan ídiú.
Minic a bhíonn "ná deaghaidh" i n-áit "nár chuaidh."



1425. Ní dearnadh cruach mhóna riamh ná go mbeadh
gan cadhrán 'na dhiaidh.
Deirtear "níor deineadh," freisin:



1426. Lá millte na móna lá fómhair an chabáiste.
An bháisteach a mhilleas an mhóin is í a chuireas fás faoi
chabáiste.



1427. Cré romhat is móin it' dhiaidh.
Ba cheart an chré a bheith romhat nuair a bheifeá ag cur cré ar
iomaire agus an mhóin a bheith it' dhiaidh chun ná beadh sí ag teacht
sa tslí ort.



1428. Meitheal Domhnaill Spirín — duine is beirt
[gharsún].
Gach meitheall beag lag gan bhrí.



1429. Is mó a sciobal ná a iothla.
Goithí móra agus teasbánadh ag duine gan puinn ghustail.



1430. Ní moill faobhar ach is mór an mhoill bheith
gan é.
.i. Faobhar ar speil nó ar úirlis eile oibre.


L. 175


1431. Mian buachalla na mbó: An ghaoth anuaidh,
an ghrian andeas, claidhe cluthmhar, bolg
lán is sláinte mhaith.



1432. Do chuir fear na luaithe fear na cruaiche amach.
Ó'n teine!



1433. Ní lugha sméar sa bhFómhar ná é.



1434. Coll is cuileann rogha na coille.



1435. Tá crainn sa choill thar an gcárthain (caorthain).



Déarfaí é sin nuair ba ghádh a chur i n-iúl do dhuine go raibh
daoine eile chomh maith leis féin ann.



1436. Ding de'n leamhán a scoilteann í féin.
Ní leamhán ná adhmad is minicí i gceist le linn an chainnt sin
d'úsáid.



1437. As an óige is usa an tslat a lúbadh.
nó:
Nuair a chruadhann an tslat is deacair í
lúbadh.
nó:
Nuair fhásann an crann is deacair é shníomh
'na ghad.



1438. Is minic a mheath an tslat nár chríon dóchas,
Agus tháinig an tslat a mheasfá d'fheodhfadh.



1439. Mar a leagtar an crann
Is ann a bhíonn na slisneacha.



.i. An áit i mbíonn an mhaith mhór bíonn mion-mhaitheas 'na
comhgar. Is amhlaidh a thárla: Beirt shladaithe i gCiarraighe a
ghoid mart. Ó thaobh na Leamhna dhóibh — duine gach taobh. Nuair
thánadar go bruach na Leamhna bheartuigheadar an mart a mharbhú
chun a roinnte. Do labhair an fear a chomhnuigheadh ar an taobh i
rabhadar — b'fhearr leis go marbhuighthí an mart ar a thaobh féin
de'n leamhain:



"Tá tuile mhór san abhainn," ar sé,
"Is is sleamhain iad na leacacha."
"Um!" arsan fear eile 'á fhreagairt:
"Mar a leagtar an crann
Is ann a bhíonn na slisneacha."



Féach uimhreacha 487, 834, 975, 1084, 1797, 1810, 1811, agus
"Ba" i gcaibideal XXIV.


L. 177


XXII.



SÍON AGUS AIMSIR.



Is mór an tsuim a bhíodh riamh, agus atá fós, ag
daoine i gcúrsaí na síne agus na h-aimsire. Sí an
tsíon an chéad adhbhar cainnte ag daoinibh pé áit i
mbuailid le n-a chéile. Ins na gnáth-chainnteanna
atá sa chaibideal so tá tagairt d'fhearthainn, do cheo,
do thiormacht, do shneachta, do shioc, d'fhuacht is do
theas, do ghaoith agus do chiúineas. Do bhíodh comharthaí
síne ag na seandaoine ar na spéartha agus na
scamaill, agus ar ranna neimhe agus ar éanlaithe an
aeir, Bhídís aca ar na h-ainmhidhthe agus ar na neithe
fhásas as an dtalamh. Bhíodh tráthanna de'n bhliain
agus laethe de'n tseachtain mar chomharthaí eolais aca
ar an slí céadna.



1440. Tosach ceatha ceo.



1441. Ceo soininne ar aibhnibh; ceo doininne ar
chnocaibh.



1442. Mar a leigfeá tré chriathar é.
Fearthainn trom a bhíonn ag tuitim mar sin.



1443. Fearthainn a chiúnuigheas gaoth.
Má thagann fearthainn le linn anfaidh laguigheann san an ghaoth.



1444. Éist le gaoith na mbeann agus traochfaidh na
h-uiscí.


L. 178


1445. Is fuar gach fliuch 's is dubh gach déannach.



1446. Mara mbí sé tirm is fliuch is fearr é.



1447. Tiocfaidh an bháisteach lá nach teasaidhe,
Is ní dhéanfaidh mo chaipín scáth dhom.
Le linn brothail adeirtear é sin.



1448. Báisteach ó Dhia chughainn ach gan é bheith fliuch;
Cuid an lae amáirigh go ndeinidh sé indiu
[nó: anocht].



1449. Gach dream d'á dtigidh ag dul i mine is i
mbréagaighe.
Is gach fómhar d'á dtigidh ag dul i bhfliche is
i ndéannaighe.
Athair adubhairt é sin le n-a mhac uair. Do fhreagair an mac:
"Chonnac-sa an mac ná a athair ba mhó gan amhras,
Agus an bhliain seo caithte baineadh an fómhar sa tSamhradh."



1450. Má deireann tú amáireach le muir beidh an
lá amáireach fliuch.
A dhóichighe de an lá amáireach a bheith fliuch má cheapann tú dul
i n-aon áit.



1451. Stad! Stad! a bháistigh, tá na páistí cois
an chlaidhe.
Rádh é sin ag leanbhaí scoile nuair bhíd fé scáth ó'n bhfearthainn
ar thaobh bóthair.



1452. Is olc an ghaoth ná séideann [maith] do dhuine
éigin.



1453. Nuair a raghaidh an ghaoth i n-éag iarr andeas í.
Mar is í an ghaoth andeas an ghaoth is fearr.



1454. Ní anaithe go gaoith andeas.


L. 179


1455. An ghaoth adtuaidh bíonn sí fuar is cuireann
sí gruaim ar dhaoine.
An ghaoth andeas bíonn sí tais is cuireann sí
rath ar shíolta,
An ghaoth anoir bíonn sí trim is cuireann sí
bruit ar chaoire
An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí
iasc i líonta [nó: chun tíre].



1456. Is maith an bhean cháithte an ghaoth.



1457. Is teo aon phuth amháin de'n ghaoith andeas ná
teinte ceap an domhain.
Cuireann sí teas sa chré agus bogann sí an uile rud chun fáis.



1458. Cosa gaoithe ar maidin is cosa cailm
tráthnóna.
Gatha ó'n ngréin na "cosa" atá i gceist.



1459. Is mairg a báithear le linn anaithe:
Is go dtagann an ghrian indiaidh na fearthainne.



1460. Is mairg ná toilleann ar an taob cluthair
de'n tor.



1461. An té go mbíonn long is lón aige gheobhaidh
sé cóir uair éigin.
Cóir ghaoithe.



1462. "Gaoth, a bhádóir!"
Deirtear é sin nuair a bhíonn duine ag cainnt go bladhmannach.



1463. An ghaoth anoir is an ghrian aniar is mise ar
an taobh thiar de'n chlaidhe.
Fothain is teas is tiormacht. Duine díomhaoin adubhairt gurbh
é sin a mhian.
Féach uimh. 1431.


L. 180


1464. Dá lá gaoithe, dhá shaoire agus dhá lá
fearthanna.
nó:
Dhá lá shoininne shaoire,
Dhá lá gaoithe 'gus fearthanna,
Dhá lá eile chun críche —
Sin mar do ghuidhfinn an tseachtain duit.



1465. Díogh gach síona sioc.
nó:



1466. Olc sion an sioc,
Is fearr sioc ná sneachta,
Agus is fearr sneachta ná síor-bháisteach.



1467. Cuid mhór duibheann is beagán fearthanna.
.i. Aimsir chruaidh ghaothmhar.



1468. Tiocfaidh lá fós go mbeidh gnó ag an mbó
d'á h-eirball.
nó:



… go n-oirfeadh a h-eirball do'n bhó.
.i. D'á fhuaire atá an aimsir anois tiocfaidh brothal fós agus
beidh cuileanna ag imirt ar an mbuin agus beidh a h-eirball go
gnóthach aici.



1469. Beidh ba ag gaidheal fós.
.i. Tiocfaidh aimsir bhrothalach fós nuair bhéas na ba ag "rith"
leis an teas.



1470. Ní tháinig gorta le tiormacht riamh.



1471. Comhfhaid a théigheann fuacht agus teas.
Féach uimh. 33.



1472. Dá mbeadh an ghrian ag scoltadh na gcrann
ba mhaith leis an bhfuarthéidhe teas.


L. 181


1473. Bhainfeadh sé an croiceann d'fhíogach.
Deirtear san le h-aimsir fhuair sheaca.



1474. Is mairg a loitfeadh lá maith le droch-mhaidin.
.i. Ná raghadh ag obair toisc cith bheith ann ar maidin agus
annsan go mbreáthochadh an lá.



1475. Is fearrde an lá a gcuirfidh sé dhe.
.i. Ag dul i bhfeabhas iseadh bheidh sé.



1476. Ciúnú na h-oidhche buanú na síne.
.i. Beidh séideán arís fé maidin ann.
nó:



1477. Comhartha na doininne an oidhche bheith soineann.



1478. Mol an lá um thráthnóna.



1479. Gach ré mar an treas ré nó a sé nó a seacht,
nó mar an Déardaoin déannach dein
tsean-ré.
Tá piseóg ann: Aon duine buailfí breoite "an Dardaoin
déannach de'n tseann-ré" ná téarnochadh sé.



1480. Lá idir dhá shín.
.i. Lá maith thiocfadh idir dhroch-laethe.



1481. Ní torann tréan go tóirthneach.



1482. Ní fheicfeá méar a chur it' shúil.
Bhí doircheacht chomh mór san ann.



1483. Ná creid fionnóg is ná creid fiach,
Is ná creid briathra mná;
Pé moch mall d'eirigh an ghrian
Mar is toil le Dia seadh bhéas an lá.


L. 182


1484. Tá eirball an chait sa ghríosach.
Comhartha báistighe.



1485. Do bhí an préachán ag cur a theangan amach.
Comhartha brothail.



1486. Lá Conchubhair d'á chaoiribh [agus lá Síle d'á
gabhraibh].
Ní raibh ag C. ach aon chaora. Aon drochlá thagadh deireadh sé go
díombádhach: "Och, ní mhairfidh caora ag aoinne tar éis an lae
indiu!" Deirtear an chainnt thuas ó shin 'na aithris mhagaidh ar
Chonchubhar. Is dóigh gur aguisín an chuid i dtaobh Shíle.



1487. Spéartha dearg suas — fearthainn is fuacht,
Spéartha dearg soir — sneachta go glúin fir,
Spéartha dearg siar — triomalach is grian,
Spéartha dearg síos — fearthainn agus gaoith.



1488. Is maith an congnamh an lá breá.



1489. Fothain an lae fhuair is fionnuaradh an
lae the.
Le h-éadach, nó tigh, nó crann adeirtear é sin.



1490. Fearthainn do laogh
Nó gaoth do shearrach,
Uisce do ghé
Nó déirc do bhacach.



Sin iad is dual dóibh.



1491. Aghaidh na mbó ar an macha,
Agus súil na gcat ar an luaith.



Le coimh-fheascar lae agus oidhche a bhíd amhlaidh. Ins na sean-
scéalta ba ghnáth an sean-fhocal san ag tagairt d' "Fhuinne neól
nóna agus deire lae."


L. 183


1492. Ní thagann fuacht go dtagann Earrach.



1493. D'á fhaid é an t-Earrach ní as a raghaidh.
.i. Droch-aimsir an earraigh caithfidh sí teacht.



1494. Scríob liath an Earraigh.
Ainm ghnáth do'n Earrach fuar ocrach bocht.



1495. Bíonn srón dubh ar gach maidin Earraigh
Agus eirball searraigh as san siar.



1496. Ceann confadhach ar maidin Earraigh,
Agus ceann Earraigh ar maidin Gheimhridh.



1497. Is mairg go mbeireann Earrach an deagh-
Gheimhridh air.



1498. Stoirm Shamhraidh nó calm Gheimhridh.
Ní buan iad.



1499. Is fada an cáirde lá Samhraidh.



1500. Samhradh riabhach is Fómhar grianmhar.
Gach 'ra fliuch is tirm sa tSamhradh agus brothal an Fhómhair —
sin é an rogha slí dhóibh!



1501. Ní tháinig Fómhar riamh ná tiocfadh Earrach
'na dhiaidh d'íosadh é.



1502. Fómhar féarmhar Earrach éagmhar.



1503. Is mó cor a chuireann oidhche fhada Fhómhair di.



1504. Ní dheaghaidh Aristotle amach ar oidhche Fhómhair.
Níor thuig sé conus a bheadh sí fé mhaidin.


L. 184


1505. Geimhreadh ceodhach, Earrach reodhach, Samhradh
grianmhar is Fómhar breá biadhmhar.
.i. Na trí cinn tosaigh do bheith mar sin do bheir Fómhar go
biadhmhar.



1506. Mara líonaidh na Faoillí na fuarlaigh
Líonfaidh an Márta go bruach iad.
.i. Mara dtagaidh fliuchán i mí Feabhra tiocfaidh go leor de
sa Mhárta.



1507. Gach aon lochán lán le h-aghaidh an Mhárta.



1508. An Márta cruaidh, gaothmhar.



1509. Is mó atharú a chuireann lá Márta dhe.



1510. Luaithreamhán Márta.
Cré ithreach chomh tirm sin go mbíonn sí ag eirghe le gaoith nuair
cuirtear cliath fuirse uirthi. Is aoibhinn le feirmeóirí sin.



1511. Laetheannta na Riabhaiche.
Bó dob' eadh An Riabhach. Trí laetheannta Earraigh iseadh iad na
laetheannta — an dá lá deiridh de'n Mhárta agus lá d'Abrán, nó
do réir áirimh eile — an lá deiridh de'n Mhárta agus dá lá de'n
Abrán. Is amhlaidh a thug An Riabhach a dubhshlán fé'n Márta nuair
a bhraith sí deire na míosa chuiche ach fuair an Márta lá nó dó ar
iasacht ó'n Abrán agus do marbhuigheadh an Riabhach bhocht.



1512. Is mairg a thugann a shlán fé aon mar thug
An Bhó Riabhach leis an Márta.



1513. Abrán bog braonach.



1514. Scairbhín na gCuach is garbh í 's is fuar.
"Gairbhshíon" a thagann ar feadh roinnt laetheannta um deire
Aibreáin.


L. 185


1515. Bíonn ceathanna sneachtaidh um Bhealtaine,
agus cailleacha ar leabaidh ag sranntarnaigh
agus mairbh ag tarrac ar theampallaibh.



Rud annamh iongantach um Bhealtaine an sneachtadh, cé go
mbíonn ann uaireannta; ach chun go dtuigthí gur annamh a thuit-
eann a leithéid amach tá an comórtas á dhéanamh leis an dá ní
neamh ghnáthacha eile!



1516. Dá dtagadh an Bhealtaine bhéilfhliuch (nó:
mhéidhleach),
Ní cháiseochainn mo cheasna le h-aoinne.



1517. July an chabáiste.



1518. Dá mbeadh soineann go Samhain do bheadh
breall ar dhuine éigin.
Le leadrán ní bheadh an Fómhar déanta aige.



1519. Faid choiscéim choiligh oidhche Choille,
Beirbhiú spóla Lá Nodlag Beag,
Cóir fir nó capaill lá 'le Brighde.



An méid sin d'fhaid a bhíonn tagaithe sa ló.



1520. Samhradh gach síon go Nodlaig.



1521. Nodlaig ghrianmhar do ghní roilig bhiadhmhar.



1522. Ní buan sneachta ar chraoibh ó Lá 'le Brighde
amach.



1523. Ó Lá 'le Brighde amach
Bíonn na h-éin ag déanamh nead,
Bíonn na caoire ag breith na n-uan,
Is an uain ag dul i dteas.


L. 186


1524. Gach 'ra lá go maith ó Lá 'le Brighde amach,
Agus gach lá ó Lá 'le Pádraig.
"Agus leath mo lae-se, leis," arsa Pádraig.



Sin mar do socruigheadh idir Bhrighid agus Phádraig ar Neamh,
adeirtear.



1525. Gach 'ra lá go h-aoibhinn álainn,
Ó lá 'le Brighde go lá 'le Pádraig.



1526. Dachad lá is lá Shan Switín.
Fé mar bhíonn an lá san bíonn dachad lá 'na dhiaidh.



1527. Samhradh beag na Féile Michíl.
Aimsir bhreá thagann tuairim an lae sin.



1528. Ní théigheann doineann thar Domhnach
[Ná rabharta thar Céadaoin].



1529. Tosach Aoine nó deire Sathairn,
Níor bhris riamh ná raibh 'na bhathraigh
nó:



1530. Tosach Aoine nó deire Sathairn nó tar éis
Aifrinn Dé Domhnaigh.
Sin iad na trátha is dóichighe do'n aimsir briseadh.



1531. Bíonn an Aoine bun os cionn leis an
tseachtain.
Tagann atharú aimsire an lá san.



1532. Níl aon tSathairn sa bhliain ná spalpann an
ghrian.
Féach uimhreacha 293, 799, 1274, 1396, 1816, 1856.


L. 187


XXIII.



LAETHE, TRÁTHANNA AGUS
ÁIRITHE.



Laethe áirithe de'n tseachtain agus de'n bhliain tá
cáil nó piseóg á samhlú leo agus é sin ar marthain i
bhfuirm seanráidhte nó seanfhocal. Ba mhinic cuid
de sna féilte sin mar chomharthaí ar imeacht na
h-aimsire agus na bliana ag na daoine. Is beag an
trácht a ghníthí i n-ao' chor ar an dá mhí déag. Is iad
Lá 'le Brighde, Lá 'le Pádraig, Lá Bealtaine,
Lá Lughnasa, Lá 'le Michíl, Oidhche Shamhna, Lá
Nodlag, &c., &c., a stiúruigheadh iad ar feadh na
bliana.



1533. Eadartha bó,
nó:
Eadartha buidhe.
Go déannach sa mhaidin.



1534. Domhnach na n-eadartha,
nó:



1535. Lá buidhe Bealtaine [Samhra] is Domhnach na
n-Eadarthaí.



Domhnach na n-eadartha (nó: "na h-eadartha") .i. Domhnach éigin
sa Bhealtaine adeirtear. Tiompall an Domhnaigh sin do tosnuighthí
ar bha a chrúdh um eadarthrath .i. a 10 nó a 11 a chlog ar maidin.
Bhídís ar tuar nó i gcró ar feadh na h-oidhche agus cuirtí ar féar
iad tamall de'n mhaidin roimh a gcrúdh. Ar feadh an Earraigh roimh
Domhnach na n-eadarthrath do crúidhtí go moch ar maidin iad. Ar
na Faidhre i gCiarraighe bhíodh aonach ann go dtugtaí "Aonach na
h-Eadarthaí" air.


L. 188


1536. Domhnach na meadra agus Domhnach na
h-Eadartha.
? Domhnach na Meadara.



1537. Lomadh an Luain.
Sean-phiseóg a bhíodh ag Gaedhealaibh nár mhaith leo lomadh ná
bearradh ná gearradh a dhéanamh ar an Luan. Leanann san fós de
tháiliúirí tuaithe i dtaobh éadaigh a ghearradh. Fadó má bhíodh duine
le h-adhlacadh Dia luain baintí scraith de'n uaigh Dia Domhnaigh.
Is minic "Lomadh an Luain ort" mar mhallacht ag Gaedhilgeóirí.
Is é thuigid leis sin ná scriosadh Luain an bhreithiúntais Deiridh.
Deirid freisin: "Luan-scrios ort."



1538. Buille luath an Luain nó buille déannach an
tSathairn.
Buillí oibre atá i gceist. Bhíodh piseóg ann ná bíodh an rath ar
dhaoine thosnuigheadh go luath Dia Luain ar obair nó a léanfadh di
go déannach Dia Sathairn.



1539. Deilbh an Luain ag dul ar an uaigh.
Deilbh na Máirte ag dul ar na cnámha suas,
Deilbh na h-Aoine ag dul ar na daoine
Deilbh an tSathairn ag dul ar an margadh.



1540. Ná h-eitigh aon ní ach buillí Dia Luain.
D'á ndeinteá ní (bh)fhaghthá aon ní le glacadh an chuid eile de'n
tseachtain.



1541. Imrighe an Luain ó thuaidh
Is imrighe na h-Aoine ó dheas
Mara mbeadh agat ach caora is uan
Ní dual gurbh é do leas.
nó:



1542. Aistriú an Luain ó thuaidh
Nó aistriú na h-Aoine ó dheas
Nó aistriú an tSathairn siar
Níor h-áirmhigheadh iad riamh go maith.


L. 189


1543. Luan na mban mbeadaidhe, Máirt na corr-
ad'íola agus Céadaoin na n-asmhuchán.



1544. Leath móna is leath lóin Lá 'le Brighde.



1545. Lá 'le Brighde saoire ar chastaibh [nó: chasaibh].
Bhíodh lá saoire ag mná snímh agus bunóirseacha an la san.



1546. Lá 'le Brighde bricín —
Cuir do scian sa bhfeircín,
is tabhair a sháth do'n dailtín.
Ní bhíonn bainne ag buaibh agus d'á bhrí sin ní bhíonn im úr le
fagháil.



1547. Lá 'le Pádraig Earraigh;
Bíonn nead ar gach coill,
Breac ar gach linn,
Agus laogh i ngach cró i nÉirinn.



1548. Comhfhaid lá is oidhche Lá 'le Pádraig.



1549. Ní dírighe fhásann an drom sa lachainn
Ná Lá 'le Pádraig i lár an Earraigh.



Deirtear, leis: Ní dírighe bradán i lár an easaigh ná lá
'le Pádraig, &c.



1550. Nuair a labharfaidh an chuach ar chrann gan
duille,
Agus tiocfaidh Domhnach Cásca roim Lá 'le
Muire,
Díol do stoc is ceannuigh lón.



"An chuach ar chrann gan duille" .i. an tEarrach a bheith chomh
h-olc agus chomh déanach san ná beadh duille ar chrannaibh ar theacht
do'n chuaich.


L. 190


1551. Amadán! Amadán! céad lá 'Abrán.



1552. Sceimhle! sceimhle! céad lá 'Gheimhreadh,
Scannradh! scannradh! céad lá 'Shamhradh,
Amadán! amadán! céad lá 'Abrán.



1553. Geimheal lorgánaigh Geimhreadh gortach.



1554. Gheobhair i n-aoileach na Bealtaine é.
.i. Rud a caillfí — déarfadh duine, chun t'aigne do shásamh, go
bhfaghthaí é nuair a bheifí ag bailiú aoiligh an gheimhridh as na cróite
um Bhealtaine.



1555. Lá Saoire sa Gheimhreadh is a throscadh sa
bhFómhar.
.i. Lá Samhna.



1556. Aon oidhche déag is oidhche gan áireamh,
Ó oidhche Shamhna go h-oidhche 'le Mártain.



1557. Seacht seachtainí reamhra ó Shamhain go Nodlaig.



1558. Is maith an bhliain d'á dtigh
Nodlaig i dtúis geallaighe;
Ach na claochlódh má thig
Bíonn an bhliain sin saith go minic.



1559. Bia is deoch i gcóir na Nodlag, éadach nua
i gcóir na Cásca.



1560. Oidhche Nodlag ní h-obair dom innsint,
Dul a chodla gan bogadh beag rinnce.


L. 191


1561. An Aoine roimh Nodlaig is an Aoine roimh
Cháisc is an oidhche roimh Féil Michíl seadh
chuimhnigheann fear a' bháis.



1562. Nodlaig na bhFear — Nodlaig mhór mhaith,
Nodlaig na mBan — Nodlaig a mheath [nó: N.
gan mhaith].



"Odlaig" adeirtear. Is amhlaidh a bhíonn gach rud ithte, ólta
sula dtagann Lá Nodlag beag .i. Nodlaig na mBan.



1563. Biadh glan na Nodlag agus éadach glan na
Cásca.
Féach uimhir 152 agus caibidil XXI agus XXII.


L. 193


XXIV.



AINMHIDHTHE.



Tar éis béasa agus tréithe an duine féin is iad
tréithe agus béasa na n-ainmhidhthe is mó atá 'na
n-adhbhar sean-fhocal agus 'na dtagairt feallsúnachta.
Is ar éigean go bhfuil cáil i gceann ar bith aca ná
fuil i gcló gnáthfhocail agus é ag teacht go luath,
éascaidh de bharraibh a dteangan ag Gaedhilgeóirí a
fuair a gcuid Ghaedhilge go nádurtha tré éisteacht a
gcluas le linn a n-óige. Chun go mb' usaide iad
d'aimsiú tá na ráidhte bhaineann le h-aon ainmhidhe
áirithe bailithe fé ainm an ainmhidhe sin. Is minic
ainm dá ainmhidhe nó trí i seanfhocal agus, dá bhrí sin,
is cóir do'n léightheóir an chrostagairt a gheobhaidh sé
ins na h-uimhreacha i mbun gach caibidil a iniúchadh
má's áil leis aithne iomlán a chur ar "ghabháltas"
aon ainmhidhe i seanfhoclaibh Ghaedhilge na Muimhneach.
Tabharfaidh an léightheóir fé ndeara gurab iad na
h-ainmhidhthe is mó go mbíodh coidreamh ag daoine leo
is minicí i dtagairt seanfhocal .i. ba, capaill, cait,
gadhair go h-iomráiteach agus an león i dtaoibh le
beag-rádh. Is nádurtha sin go dearbhtha.



BA, LAOIGH, BAINNE, & c.



1563. B'fhearr liom bó d'á báthadh is bó d'á bascadh
Ná bád d'á sáthadh is bád d'á tarrang.
.i. B'fhearr aon tsaghas feirmeóireachta ná bheith ag brath ar an
bhfairrge chun beatha a thuilleamh.


L. 194


1564. Is maith í an bhó,
Is bainne í le n-ól,
Is im í agus is feoil,
Is solas geal í ar bórd;
Deineann a h-eirball rón
Agus a h-adharc ceol
Agus is maith í a leathar chun na mbróg.



Roinn de "chrónán" nó d'"amhrán" molta bó é sin atá
coitchianta i Múscraidhe agus i gCiarraighe.



1565. Is beag é toradh bó aonair.



1566. Fear na h-aon-bhó fear gan aon bhó.



1567. Ba tháiliúra ar chnoc.
.i. bheith gan aon bhó.



1568. Ná díol bó mhaol,
Ná ceannuigh bó mhaol,
Is ná bí gan bó mhaol.



Ná díol í — mar is fearr í ná aon bhó eile. Ná ceannuigh í — mar
ní bheadh duine d'iarraidh a leithéid a dhíol muna mbeadh go raibh
locht éigin uirthi.



1569. Bó leis an íoc, bó leis an gcíos,
Bó leis an ngalar géimneach
Bó insa pholl, bó ar a drom
Is an bábáinín óg ag géarghol.



An mío-ádh a thagann uaireannta ar mhacha breágh bó.



1570. Blightear na ba buidhe
Agus óltar a gcuid bainne,
Agus tagann na ba bána
Gan tál chun a' bhaile.



"Ba buidhe" — ba nó daoine ná bíonn meas ortha féibh mar
thuillid siad. "Ba bána" = ba nó daoine go mbíonn meas nách
fiú iad é ortha.


L. 195


1571. Is minic ná deaghaidh bó le bólacht.



1572. Is minic nár chuaidh bó le bó-dhúthchas.
Deirtear é sin le rudaí seach is ba.



1573. Ní mharbhochadh an saoghal bó Earraigh.



1574. Molaim-se an bhó do mhac mo dhritheár.



1575. Is fearr gamhnach cáirt bhainne ná píle seacht
bpúnt.
Ba ghnáth é sin a rádh chun a chur i n-iúl do dhuine gurbh' fhearr
do aire thabhairt d'á chuid eallaigh i n-ionad bheith ag imeacht ag
iascach bradán.



1576. Fear na bó féin fé na h-eirball.
Nuair a théigheann bó duine i bpoll portaigh is do féin is cirte
teacht chun an chuid is truime dhi a thógaint. Deirtear an sean-
fhocal céadna i dtaobh gnóthaí eile leis.



1577. Rith na bó laige le fánaidh
nó:
Aghaidh na bó laige le fánaidh.
.i. An ród is usa ach nach uaisle.



1578. Chím an bhó bhán agus chíonn an bhó bhán an
chuid eile.
Teachtaire cuirfí d'fhéachaint na mbó agus d'fhillfeadh tar éis
ceann aca nó cuid aca d'fheiscint agus a ghlacfadh 'na dheimhin an
dóigh go raibh an chuid eile ann slán — is ar ócáid mar sin adéar-
faí an chainnt leis an teachtaire.



1579 An bhó is sailche (salaiche) eirball sí is
aoirde géim.
.i. Daoine dár cheart gur náire agus ceann fé do bheadh ortha
tré n-a mí-ghníomh féin is minic gurab iad is mó cháineas locht i
ndaoine eile nó a mhaoidheas as a n-ionnracas féin.


L. 196


1580. Géim bó i dtír namhad.
Ní dhéanfadh aoinne ach amadán a ghuth d'árdú i dtír a namhad —
an cogar íseal dob' fhearr.



1581. Is taidhbhseach iad adharca na mbó thar lear.



1582. Bí bog, cruaidh, ar nós eirball na bó.
.i. Bí mar sin le daoine an tsaoghail.



1583. Troid na mbó maol.
Ní ghortuighid a chéile go ró mhór!



1584. Siad na ba siar iad, a Mhathghamhain!
Agus na ba aniar iad, a Mhathghamhain!
Is gnáth é sin a rádh nuair a gheibhtear órdú rud a dhéanamh a
bheadh bun ós cionn leis an órdú a fuarthas ó chianaibh. Buachaill
aimsire Mathghamhain sin is dóigh.



1585. Bíonn gach duine go lághach go dtéigheann bó
'na gharrdha.
Tá géarchúis agus greann sa tsean-chainnt sin.



1586. Téigheann an bainne sa Gheimhreadh go h-adharca
na mbó.
.i. Ní thagann sé ach 'na shruth chaol ó na siní.



1587. Bainne milis Earraigh, bainne dealbh Gheimhridh.



1588. Is fearr buaile seasc ná buaile folamh.



1589. Íochtar is uachtar is maith an t-adhbhar cuig-
inne é.



1590. Is fearr droch-bhláthach ná droch-chuigeann.



1591. Ba mhór an bogadh ar an mbláthaigh é.
.i. Mhaolochadh sé an cruatan atá orainn.


L. 197


1592. Sé an breac sa bhainne é.
.i. "An chuil san ómbra" — conus a thárla do bheith ann?



1593. Ní fachtar bainne beirbhithe gan eirball fliuch.
An duine go mbíonn bó aige bíonn air bheith amuich fé'n
bhfearthainn ag soláthar di.



1594. Bainne na bó sopaithe.



1595. Is beag an mhaith bó a doirteann a cuid
bainne.
Nó duine a scaoileann a chuid uaidh go réidh.



1596. Crúdhtar bó an tsneachtaidh agus suathtar
bó an tseaca.
Ní ghoilleann an sneachtadh ar bhuaibh fé mar dheineann an sioc.



1597. Árach neambuan buarach iasachta.
.i. Ní fada fágfaí agat é.



1598. Búirt thairbh sa Dubhluachair.
.i. San Earrach nuair a bhíonn ganntan an bhidh ag baint an
teaspaigh de na h-ainmhithib eile. Idir Nodlaig agus Lá 'le Brighde
an Dubhluachair.



1599. Is leithe de bualtach satailt air.
Méadú ar olc droch-scéil iseadh bheith á' chásamh nó ag tagairt do.



1600. Ná tabhair ionntaoibh le mac na bó.
.i. Le tarbh. Ní h-eadh go raibh aon olc 'na mháthair ach toisc
gur tarbh é féin.



1601. Bhéarfaidh bó éigin gamhain éigin lá éigin.
Sin é dóchas an duine go mb'fhearr leis fanúint leis an rath ná
dul d'á chuardach.


L. 198


1602. Tórmach mór sé teacht na marbhlaogh.
A fhios ag liaghaibh beithidheach an fíor san.



1603. Is sásta bhíonn an bhó nuair a bhíonn an laogh
le n-a cois.
Deirtear é sin le h-aon tsaghas máthar.



1604. Ní sleamhain laogh ná ligheann a mháthair (é),
nó:
Is ocrach laogh ná ligheann a mháthair (é).
i. Laogh ná fágtar le cois a mháthar agus bainne na máthar aige.



1605. Teasbáin an laogh ceannfhionn buidhe ach ná
teasbáin a shiní ná a shreabh.
Deirtear é sin le caoine ná 'nneosadh ach an chuid de scéal ba
mhaith dóibh féin agus a cheilfeadh an chuid de a tharrngochadh mileán
ortha. Laogh breá iseadh laogh ceannfhionn buidhe ach ní bheadh 'na bhó
mhaith bainne.



Tuille seanfhocal i dtaobh bó ag uimhreacha 19, 21, 58 253, 266,
269, 271, 338, 339, 344, 423, 798, 1087, 1093, 1140, 1141, 1368,
1468, 1469, 1490, 1491, 1511, 1547, 1606 — 10, 1811, 1825,
1841, 1826, 1843.



BA AGUS CAPAILL, &c.



1606. Bó bhórach nó capall córach.



1607. Díol an bhó, ceannuigh an chaora is ná bí
choidhche gan capall.



1608. An bhó anoir agus an capall aniar.


L. 199


1609 An bhó anoir, an capall aniar,
An laogh anuaidh (adtuaidh) agus an t-uan
andeas.



1610. Bó le bata is capall le ceannsacht.
Sin é an tslí is fearr chun iad a thiomáint.



1611. Gach bó d'á aindeise agus gach capall
d'á dheise.
Sin mar ba cheart iad.



CAPAILL, SEARRAIGH, BRAMAIGH, &c.



1611a. Ceannuigh ar a trí is díol ar a seacht is ní
bheir choidhche gan chapall maith.
Ar an tslí sin is fearr iad.



1612. Láir sheang nó cairiún teann.
Sin mar ba cheart dóibh a bheith.



1613. Capall beag na mbonn mór agus capall mór
na mbonn mbeag.



1614. Bonn mór ar an gcapall mbeag.



1615. Ná bí ag rith i ndiaidh capaill ná fanfaidh leat.



1616. Stad stagúin i mbéal beárnan.
An stad san a thagann i nduine nuair nach maith leis rud áirithe
a dhéanamh agus go dtagann fearg air leis an dtathant a bhítear
a dhéanamh air.


L. 200


1617. Faghann (gheibheann) an capall bás faid a
bhíonn an féar ag fás.



1618. Mair, a chapaill, agus gheobhair féar!
Deirtear é sin nuair a cuirtear cabhair ar cáirde.



1619. Tosach staile nó deire lárach.
Ba cheart gur sa chuid sin díobh a bheadh an neart agus an cumas.



1620. Capall donn ar dhath na n-ae,
Drom gearr is fada fé.
Sin togha capaill.



1621. Is maith an capall ná faghann barrathuisle.



1622. Dá dtairrngigheadh an capall an choill do
mharbhochadh aon ualach amháin é.
Bhéarfadh sé leis mórán 'na ualaighe beaga ach gan aon ualach
bheith ró mhór air.



1623. Do spuir féin agus capall duine eile.
Tiomáin ar do dhícheall, mar sin. Deirtear san le h-aon rud
a bheadh ar iasacht ag duine.



1624. Is géire spuir ná bacaighe.
.i. Nuair a cuirtear na spuir i bhfeidhm deintear dearmhad ar
an mbacaighe.



1625. Sé an scéal é d'á innsint do'n chapall is an
capall 'na chodla.
.i. Bheith ag rádh ruda le duine ná beadh aon tsuim sa scéal
aige nó ná tuigfeadh é.



1626. Ar iompáil na n-each tigh atharach na scéal.
An capall treabhtha a bhí ar an iomaire ag dul soir sé bheidh sa
chlais ag gabháil anoir: Deirtear "fé ghabháil na n-each, &c."


L. 201


1627. Ná bíodh ionntaoibh agat as cois deiridh an
chapaill bháin go bhfeicir ag imeacht ar
ghualainn an mhadra í.
.i. Go mbeidh an capall bán marbh.



1628. Feoil chapaill an fheoil is daoire.



1629. Is fearr deire capaill ná tosach staigín.



1630. Ag lorg a chapaill is gan fios a dhatha 'ge.



1631. Ná spáráil do bhean ná do chapall choidhche.
Dá bhfaghthá bás amáireach níorbh éascaidhe
do mhadra féin chúcha ná madra do chomharsan.



1632. Capall gan adhastar nó bó gan eirball.
Ní bhíonn cruth slachtmhar ortha.



1633. Capall ar comhartha nó capall gan aon
chomhartha.



1634. An t-ualach is mó ar an gcapall is míne.
An té is cneasta a dheineann obair is air is mó a cuirtear obair.



1635. Is ceart san is ní h-aon chall é
Capall a chur mar a dtreabhann sé.
.i. Capall (nó duine) a chur ag déanamh na h-oibre is fearr
atá ar a chumas.



1636. An Giolla Deacair is an capall nach éascaidh.
Le teachtaire mall adeirtear é sin. Tagairt do'n tsean-scéal
fiannaidheachta atá ann is dearbh.



1637. Ní dhéanfadh an saoghal capall ráis d'asal.


L. 202


1638. An té ná téigheann ag marcaidheacht ach go
h-annamh bíonn a chuid spur ar iarraidh.
.i. Ní bhíd le fagháil.



1639. Bíonn searrach 'na ghearrán go Nodlaig.



1640. Is minic a dheineann braimichín giobalach
capaillín cumasach.



1641. Níl aon bhraimichín is aoirde chaitheann a thón
ná an braimichín is mó mairc.
Daoine go mbíonn scéal náireach ag baint leo is minic nach ag
éalú i bhfolach ó radharc daoine a bhíd siad.



1642. Ná tabhair ionntaoibh le miúil dubh go mbeadh
pus bán uirthi ná le h-asal ceannfhionn
gleabach liath go mbeadh scothfhinne ann.



1643. Aos capaill na gcomharsan—a seacht ag
eirghe a h-ocht.
Droch-mheas é sin .i. ní fios cad é an t-aos a bheadh ag capall
mar sin. Deirtear ná h-aithnightear aos capaill ar a fhiacla tar
éis aoise a h-ocht mbliana amach agus dar ndóigh bheadh an chomharsa
á rádh ná raibh d'aois ag á chapall féin ach an méid sin.



1644. Capall dubh gan ball bíonn an feall 'na
chroidhe.



Gan ball bán 'n-a éadan.



1645. Srathar na h-aindeise ar chapall na tubaiste.
Ar an té go mbíonn mí-adh cheana air iseadh thuiteann an tubaist.



1646. Rí gach datha an donn ach an capall buidhe go
mbeadh síog 'n-a dhrom.


L. 203


1647. Ní fios cioca is searrach na deagh-lárach.
Deirtear é sin go magúil i dtaobh daoine bhíonn ag sárú a
chéile fá uaisleacht na sinsear ó dtánadar.



1648. Iomarca capall i mbaile gan treabhaireacht,
nó iomarca ban gan abhras.
Ní ceart agus ní maith iad.
Féach uimhreacha 423, 1210, 1243, 1310, 1363, 1490, 1606 — 10,
1812.



MADRAÍ, GADHAIR, COILEÁIN, &C.



1649. Is fearr madra beo ná león marbh,



1650. Nuair a bheidh do lámh i mbéal an mhadra
tarraing go réidh í.



1651. Ná bac aoinne go mbíonn a lámh i mbéal an
mhadra aige.
Lámh i mbéal madra .i. duine ná beadh ar a thoil féin ach é fé
chumas duine d'fhéadfadh díobháil mhór a déanamh do.



1652. Tabhair droch-ainm ar mhadra is leanfaidh
sé dhe.
nó:
Tabhair droch-ainm ar ghadhar agus caithfidh
gach aoinne cloch leis.



1653. Is dána gach madra 'na atrainn féin,
[nó: i ndoras a thighe féin, nó: ar a charn
aoiligh féin].
Agus ní madraí amháin a bhíonn amhlaidh.


L. 204


1654. Meas madra ar a athair.
Throidfeadh sé le n-a athair chomh fonnmhar agus a throidfeadh le
h-aon mhadra eile.



1655. Is maith an rud eagla a chur ar an madra.
.i. Níl slí eile chun lucht uilc a riar ach bheith go dian ortha.



1656. Is minic cú mall sona.



1657. Is olc an chú nach fiú fead a leigeann uirthi.



1658. B'fhearra dhuit madraí an bhaile ag lútáil
ort ná aon mhadra amháin ag amhastraigh ort.
.i. Bíodh nach mór is fiú cáirdeas daoine suaracha is lugha ná
san an tairbhe a namhdas.



1659. Ní baoghal duit an madra a sceamhfaidh ort.
Sé an duine dhéanfadh an díobháil ós íseal duit an baoghal.



1660. Congaibh an cnámh agus leanfaidh an madra thu.
.i. Geall breab do dhroch-dhuine agus gheobhaidh tú tairbhe as nó
ní dhéanfaidh díobháil duit.



1661. Is minic cnámh mór ag droch-mhadra.



1661a. Cuid an mhadra bhig.
.i. An chuid d'fhágfadh an madra mór 'na dhiaidh.



1662. Rith an mhadra chun na falluinge.
Deirtear é sin nuair a chítear duine ag lorg na seascaireachta.



1663. Dálta madra an dá chás.
nó:
Ní thagann rith agus amhastrach leis.
.i. Ní thig le madra bheith ag rith agus ag sceamhghail san uair
chéadna. "Ní féidir bheith ag feadghail is ag ithe mine."


L. 205


1664. Ag imeacht agus a eirball tré n-a ghabhal aige.
Mar do bheadh madra go mbeadh mí-ghníomh déanta aige agus
eagla pionósa air.



1665. An té bhuailfeadh mo mhadra bhuailfeadh
me féin.
Bladhmann bagartha bruighne é sin. Mar adubhairt Toirdhealbhach
láidir:



"Hurú! Cé bhuailfeadh mo mhadra?
Hurú! Cé stracfadh mo chába?
Hurú! Cé déarfadh nach gaige me?
Is gurab ainm dom Toirdhéalbhach Láidir."



1666. I gcosaibh con bhíonn (nó: bhíos) a cuid.
nó:



I gcosaibh con bhíos a cuid,
Deirim leat, a dhuine ghlic!
Sean-fhocal agus é fíor!
Ní gnáthach siubhal síor seisc.



1667. Is fearr an chú bhíonn ar siubhal ná an chú
bhíonn 'na lúib.
'na lúib .i. 'na codla.



1668. Bád gan stiúir nó cú gan eirball.
Ní bhíonn feidhm ná maitheas ionnta.



1669. Aithnigheann na coin croiceann a chéile.



1670. Ní h-ionnan aon ní agus comhrac an tseana-
mhadra.



1671. Ag lorg a mhadra is gan fios a dhatha aige.
Duine ar lorg ruda agus gan a thuairisc go cruinn aige, nó
duine bheadh ag déanamh ruda agus gan a fhios ró chruinn aige cad
chuige an obair.


L. 206


1672. Cuimhnigheann an giolla gannach ar a choin.
Duine go mbíonn cion ar a mhadra aige roinnfeadh sé a bhéile
féin leis.



1673. Coileáin d'aon ál iseadh iad.
.i. Is dual dóibh bheith mar a chéile.



1674. Coileán an charbaill duibh an t-adhbhar gadhair
is fearr.



1675. I ndeire a gcoda 'seadh throidid na coileáin.
Nuair ná bíonn ann fós le n-ithe ach an beagán bíd siad
d'iarraidh é bhreith ó chéile.



1676. Annsúd do báthadh a choileáin.
Nuair chítear duine go h-an-mhinic i n-áit áirithe agus go dtuig-
tear go mbíonn cúis seachas cúis ghnótha aige chun a bheith ann —
deirtear é sin na thaobh. Is gnáth le máthair coileán teacht go
minic ag lorg a h-áil san áit i mbáthfaí iad.
Féach uimhreacha 444, 925, 1154, 1271, 1821.



CAIT.



1676a. Gnó cait luch a mharbhú.



1676b. Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharbhú.
Is minic sin 'á rádh le mac go bhfeicfí droch-dhúchas a athar ann.



1677. Nuair a bhíonn an cat amuich bíonn an luch ag
rinnce [nó: bíonn na luchaigh, & c.].



1678. Fé bhais cait.
Mar bhíonn luch uaireannta — agus gur dona an tslí bheith amhlaidh.


L. 207


1679. Briseann an dúchas tré shúilibh an chait.
Tar éis gach díchill d'iarraidh rudaí eile a mhúineadh dho.



1680. Dearmhad bhean a' tighe ag an gcat.
.i. An t-im nó an bainne ná cuireann sí i bhfolach. Adeirtear
go raibh trí pingne ag an gcat agus gur cheannuigh sé ortha buadh
radhairce istoidhche, siubhal ná cloisfí agus dearmhad bhean a'tighe.
Táid ó shin aige.



1681. An rud a choigleas na mná itheann an cat é.



1682. Dá mbeadh cuigeann ag an gcat ba mhinic a
lapa féin ann.



1683. Is minic a raghadh an cat 'on tráigh ach le
leisce a lapa 'fhliuchadh.
nó:
Is ait leis an gcat an t-iasc ach ní h-áil leis
a chosa fhliuchadh.



1684. D'íosadh cat ciúin coinneall [nó: páideóg].
.i. Is minic a bheadh ciúin cionntach.



1685. Dúil an chait sa phraisigh.



1686. Fuadach an chait ar an domblas.
Deirtear é sin nuair théigheann duine i mbaoghal d'iarraidh ruda
agus gur rud gan mhaith é nuair a bhíonn gabhtha aige. Sciobann
an cat an domblas ó'n mbúistéir a chaitheann uaidh é tar éis é
bhaint as an ainmhidhe marbh. Ní bhíonn a fhios ag an gcat gur
domblas a bhíonn aige go gcromann ar a shuaineas 'á ithe.



1687. Ath-ghairid an chait tríd an ngríosaigh.
.i. Comhgar gurbh' fhearr gan a ghabháil.



1688. Troscadh an chait cheannfhinn: ithim feoil ach
ní ólaim bainne.
Nuair bheadh a dhóthain feola ithte aige ba bheag air bainne.
gníomh an té ghoidfeadh do phúnt agus a mholfadh é féin toisc gur
fhág sé agat do phinginn.


L. 208


1689. Ar mhaithe leis féin iseadh dheineann an cat
crónán.
Bheadh rud ar siubhal ag duine agus ní tuigfí a chúis, ach ar ball
gheobhthaí a fhios go raibh cúis mhaith leis; nó déarfaí é le h-amhras
ar dhuine nuair ná tuigfí cad chuige bhí rud áirithe'á dhéanamh aige.



1690. Ó b'annamh leis an gcat srathar a bheith air.
.i. Ó thárla feidhm ghnótha ar dhuine nach gnáthach leis é.



1691. Féadann cat a leaca 'lighe is tá cead aige
féachaint ar an rí.
.i. Tá a gceart beag féin ag daoine beaga d'á shuaraighe.



1692. Creach an chait a puisín [nó: a piscín].
Do bheadh an bia go léir aici muna mbeadh an puisín.



1693. Níor dhóigh seana-chat riamh é féin.
Ó bhí sé 'na chat óg gan chiall agus go dtáinig ciall cheannaigh do.



1694. Slí d'á chait chun rinnce.
Sin é adeirtear a bhíonn ó dhuine a thagann go mí-iomcharach ag
déanamh cumhgaraigh ar dhaoine eile agus gan gádh aige leis an
bhfairsinge ach chun mian teasbaigh éigin a shásamh.



1695. Is geall ar an gcat a chroiceann.
Deirtear san i dtaobh urraidheachta agus aon ní cosúil léi.
Nuair bheadh croicean an chait agat gurbh urraidheacht é sin ar an
gcuid eile dhe.



1696. Cat i mbunnach.
.i. Fillte casta istigh ann .i. seascair.



1697. Ag borradh is ag at mar a bheadh cat i mála.
Féach freisin uimhreacha — 297, 377, 474, 490, 704, 824, 1144,
1154, 1491, 1757, 1838, 1854, 1858, 1968.


L. 209


MUCA.



1698. Dá gcuirtheá síoda buidhe ar mhuic b'é binneas
a béil gnúsacht.



1699. Nár chaithidh an mhuc a laincis [nó: a laincide].
Déarfaí é sin le duine go mbeadh gléas agus faisiúin air nár
dhual do.



1700. Tá éisteacht na muice bradaighe aige.
Déarfaí é sin le duine go mbeadh cluasa maithe aige.



1701. Muc i sac.
Rud nach ceart do dhuine a cheannach.



1702. Coinsias muice i ngarrdha.
.i. Coinsias a leigeann di réabadh agus slad agus goid a
dhéanamh gan chathú.



1703. Má's maith í an chráin ní beag liom banbh
d'á h-ál.



1704. Is olc an banbh ascala agat é.
Déarfaí é sin i dtaobh duine go mbeifeá le fada ag déanamh
cineáltais agus tairbhe dho agus annsan d'iompochadh ort.



1705. Ní banbh gan chró é.
Ní duine é gur gádh dho bheith ag iarraidh lóistín ar aoinne .i. tá
airgead nó cáirde go leór aige chun foithin a sholáthar do.




1706. Saill bhuidhe d'á cur ar dhruim muice méithe.
nó:
Ag cuimilt bhlonaige de thóin muice.
Ag cur iomarca le flúirse.


L. 210


1707. Na muca ciúine itheann an triosc [nó: an mhin].



1708. Is cuma nó muc duine gan seift.



1709. Chuirfeadh sé muc ag aisioc.
Rud gráiniúil.



1710. Col an chulaigh le na mhucaibh féin.
Deirtear san le daoinibh a thabharfadh an droch-íde ar a
muinntir féin a thabharfaidís ar chách eile. Ní bhíonn col ar bith
ag an gculach le n-a mhucaibh féin.



1711. Péarlaí i gcluasaibh muc.



Muc iseadh fós í d'aimhdheoin na bpéarlaí.



1712. Má bheireann tú ar mhuic beir ar chois uirthi.
.i. Ar chois tosaigh. Sin é an tslí is fearr chun í chongbháil.



1713. Muc ar gach malainn.
Bíonn san ar dhuine go mbíonn cuma dúr mí-shásta air go minic.
Féach uimhreacha 20, 39, 40, 378, 819, 90, 1777, 1823.



CAOIRIGH.
1714. Luigh le h-uanaibh agus éirigh le h-éanaibh.



1715. An t-uan ag múineadh méidhlighe d'á mháthair.
.i. Duine gan eolas ag múineadh a oide.



1716. Is minic a bhí uan bán ag caora dhubh.
Is minic mac maith ag droch-athair nó droch-mháthair.



1717. Bearr an t-uan is caith uait an olann.



1718. Ní truime de an chaora a h-olann.


L. 211


1719. Bíonn caora dhubh ar an tréad is gile.



1720. Bíonn an chaora bhacach ar tosach uair éigin.



1721. Ní bhíonn aon tréad gan raimín.



1722. Is deacair a h-uan a bhaint de'n tseana-
chaora.
Bíonn sí imnidheach glic.



1723. Bíonn caora dhubh ar tosach uair éigin.
Agus seoltar na caoire geala go léir ar aimhleas.



1724. Caora mhór an t-uan i bhfad.
Nuair bheadh ualach beag i bhfad ort bheadh sé, dar leat, 'na
ualac ró trom go léir.



1725. Ná bac aoinne ná fuil bearradh a chaorach
féin aige.
.i. Is dealbh an duine ná bíonn caora aige. Bíonn sé gan olann
gan éadach. Nó — is mairg do'n té go mbíonn tairbhe a shaothair
ag duine eile.



1726. Fliuchann fear aon chaorach a bhrat
Chomh maith le fear a sé nó a seacht.
Caithfidh fear aon chaorach bheith amuich fé'n mbáistigh chomh maith
agus dá mbeadh tréad aige.



1727. Is fearr cinn ná ceann mara mbeadh ann ach
dhá cheann seana-chaorach.



1728. Fear na caorach beirbhithe.
Bhí féasta aige ach bhí sé feasta gan aon chaora.



1729. Is minic a Cailleadh caora i ngioll ar luach
leathphingne de tharra.
Chun comhartha a chur ortha an tarra.
Féach uimhreacha 152, 485, 573, 1486, 1739.


L. 212


GIRRFHIADH.



1730. Codla an ghirrfhiaidh.
Agus a leath-shúil oscailte.



1731. Léim ghirrfhiaidh [nó: girrfhéidh].



1732. Má's gasta an míolmuighe gabhtar é fé dheire.



1733. Is deacair girrfhiadh a chur as tor ná bíonn
sé [ann].



1734. Tabhair póg do chois an ghirrfhiaidh!
Nuair bhíonn duine 'á chomhairliú luathas a dhéanamh chun teacht:
suas le rud éigin a bhíonn imithe, deirtear é sin le seirbhthean
nuair a ceaptar ná fuil fagháil ar bhreith air.



1735. Gach 'ra bliain bíonn an girrfhiadh fireann
agus baineann.



Na patacháin óga bhíonn amhlaidh, má's fíor.



1736. Geach 're mbliain a bhíonn na fiadhna fireann.



1737. Girrfhiadh idir chonartaibh.
Aon ruidín bocht lag ná bíonn trua ag iomad namhad do.
Féach uimhreacha 1244, 1844.



GABHAIR.



1738. A thiarcais a' domhain! mar ithid na gabhair
cabáiste.



1739. Bolgam do'n mhionán is a sháth do'n uan.


L. 213


1740. Is deacair rogha bhaint as dá ghabhar chaocha.



1741. Nuair a théigheann an gabhar 'on teampall ní
stadann go h-althóir.



1742. Is fearr marcaidheacht ar ghabhar ná coisidheacht
d'á fheabhas.



1743. Is maith liom do bhainne, a ghabhair bhréin!
Ach ní maith liom tu féin ná do dhath.



1744. Olann a bhaint de ghabhar nó iarraidh abhrais ar
phocán.



Rudaí nach féidir a dhéanamh.



1745. Mara mbeadh agat ach pocán gabhair bí i lár
an aonaigh leis.
.i. Pé gnó bheidh 'á dhéanamh agat ná bíodh cúthaileacht ná
scáthúlacht ort 'á dhéanamh.



1746. I n-adhairc ghabhair
.i. I dteannta, i n-ocáid do sháraithe.



1747. Is maith iad na gabhair lá na stoirmeach.



1748. Is gearr go mbeidh an mhínseach níos measa
ná an seana-ghabhar.
Déarfaí é sin nuair a bheadh duine óg ag gabháil le droch-nósaibh
athar nó máthar.



1749. Tá an gabhar dubh 's a h-ál ann
An madra bán 's a chlann.
.i. Níl aon duine ann. Ní "ál" ná "clann" a bhíonn ag gabhar
ná ag madra.
Féach uimhreacha 343, 810, 831-3, 1839.


L. 214


AINMHIDHTHE ÉAGSÚLA.



1750. Níor chuir an madaruadh aoinne riamh amach
do b'fhearr ná é féin.
.i. Chun soláthair do. Deirtear san le daoinibh go mbíonn
ainm rógaire ortha.



1751. Madaruadh dá uair ní mealltar é.
Ní mealltar sa tslí céadna é.



1752. An madaruadh i mbun na gcearc.



1753. D'á fhaid a ritheann leis an madaruadh
beirtear air fé dheire.



1754. Dáltha an mhadaruadh agus na silíní.
Nuair nárbh fhéidir leis iad d'fhagháil dubhairt sé go rabhadar
searbh.
Féach uimhreacha 788. 814, 826, 830, 836, 1261.



1755. Téigheann luch fé stáca
nó:
Is minic a chuaidh luch fé stáca
nó:
Iomcharuigheann an luch an stáca.



1756. Cnoc ag tórmach ar feadh seacht mblian agus
nár tháinig uaidh ach luch.
.i. Geallúintí nó bagarthaí móra agus cóimhlíonadh suarach.



1757. Nuair bhíonn an cat amuich bíonn an luch ag
rinnce.



1758. Bhearrfadh sé luch 'na codla.
Duine aiclidhe dhéanfadh é sin, nó faobhar maith.


L. 215


1759. Ba dhual do laogh an fhiaigh rith a bheith aige.
Deirtear é sin nuair chítear tréithe a athar nó a shinsear 'á
dtaisbeáint féin ann i nduine óg.



1760. Coinín i bpoll is a cheann amach.
Le duine bheadh i bhfolach le h-eagla is gnáth é sin a rádh.



1761. Tá an airc luachra 'na bholg.
Le duine itheann mór-chuid bídh is gnáth é sin a rádh. Creidtear
go dtéigheann airc uaireannta isteach i ngoile daoine má dheinid
codla amuich agus go n-itheann sí biadh chomh tiugh agus shluigeann
an duine é.



1762. Ní lugha liom airc luachra ná é.
Le rud go mbeadh an ghráin agat air adéarfá é sin.



1763. Is fuirist féasóg an leomhain chuthaigh a stathadh
nuair a bhíonn sé féin marbh.



1764. Ní fearr an croicean ná an clúmh.



1765. Ó bearradh na róinte.
I bhfad ó shin. Chomh fada san siar nach cuimhin le h-aoinne é.



1766. Aithnigheann ciaróg ciaróg eile.



1767. Gach dubhán alla ag tochrais ar a cheirthlín féin.
Deirid lucht na h-ainglise: Tá sé ag tarrang uisce chun a
mhuilinn féin.
Féach uimhreacha 174, 493, 800.


L. 217


XXV.



ÉANLAITHE.



Tá tréithe i n-éanaibh agus is maith an chosmhalóid
iad do chúrsaí daoine agus an tsaoghail agus d'á bhrí
sin tá roinn mhaith seanfhocal sa Ghaedhilg ag tagairt
d'éanaibh. Ó b'í an chearc tighe is gnáthaighe bhíodh os
comhair súl daoine is fearr a tugadh fé ndeara a
tréithe sin ná tréithe na n-éan eile agus is mó de
seanráidhte atá ann 'na taobh.



1768. Ag díol circe lá fliuch.
Ní duine tuiscionnach a dhéanfadh é, óir nuair a fliuchtar cearc
ní fearr de a deallramh chun í dhíol.



1769. Ní cearc ag breith amuich í.
Déarfaí é sin le duine bheadh cnóisciúnta, gasta.



1770. An chearc ar fad 's an anbhruithe.
.i. An scéal nó an rud go léir.



1771. Ag ithe is ag gearán ar nós cearc ghuir.



1772. Is olc an chearc ná scríobfadh di féin.



1773. Trom cearc i bhfad.
Nuair bheadh ar dhuine í d'iomchur i bhfad, dar leis go mbeadh
meáchaint mhór innti.



1774. Níor reamhruigh cearc ghuir riamh.



1775. Chomh gnóthach le circ go mbeadh ubh aici.


L. 218


1776. Ubh na circe duibhe [nó: an tsicín duibh].
Rud gur mhór ag duine é, nó rud go mbeadh meas air nár thuill
sé tré n-a fheabhas féin ach gur leis an "gCirc Duibh" é. "An
Chearc Dhubh:" duine go mbítear ceanúil air.



1777. Cearc ag glaodhach nó muc ag amhastraigh.



1778. Cearca Samhraidh nó coileacha Fómhair.
Ní maith iad.



1779. Glaodhann gach coileach go dána ar a charn-
aoiligh féin.



1780. Léim choiligh ar charn aoiligh.
Léim dhána, thiarnúil.



1781. Sicíní Fómhair píopairí Earraigh.



1782. Bíonn cearc an tsicín amháin gnóthach.
Ag scríobadh chomh dícheallach agus dá mbeadh ál mór aici.



1783. Níor thacht an biadh riamh máthair na sicíní.
Mar ní mór de bhíonn aici nuair a bhíonn na sicíní sásta.



1784. Ní sia gob an ghé ná gob an ghanndail.
.i. Ní ceart leathchuma dhéanamh ar dhuine agus cothrom do
dhuine eile.



1785. Borradh an aon ghé.
Nuair ná bíonn ann ach aon ghé óg amháin bíonn an biadh go léir
aige-sin agus, dá bhrí sin, tagann fás mór air. Deirtear i dtaobh
leinbh toirtiúil láidir go mbíonn "borradh an aon ghé fé."



1786. An áit i mbíonn gé bíonn ganndal ann.
['S an áit i mbíonn bean bíonn clampar ann].



1787. Nuair bhíonn an gé ar gor bíonn an ganndal
breoite.


L. 219


1788. Mar a chéile é — de'n ghé an t-eirball.
Déarfaí é sin i dtaobh duine go mbeadh gaol aige le dream
éigin go mbeadh mí-chlú ortha tré dhroch-ghníomh éigin .i. "ós duine
aca é tá sé chomh cionntach leo."



1789. Nuair a luighean gé luigheann siad go léir.
Deirtear é sin nuair a dheineann duine rud a chíonn sé 'á
dhéanam ag duine eile.



1790. Éanlaithe aon-chlúdach is dlúth iad le chéile
nó:
1791. Éanlaithe aon chleite fé aon sceich.



1792. Is fearr éan amháin ar láimh ná dhá éan ar
an dtor.
Mar adubhairt Eoghan Ruadh ó Súilleabháin:
"An t-éan a bhéas agat i dtaisce 's i ndíon it' dhóid,
Ná tréig ar a shamhail bheadh ar bharra na craoibhe 'od' dheoin."



1793. Is minic a rug na cleití an fheoil leó.
.i. Bheireadar ar eitilt ó'n namhaid an t-éan.



1794. An gobadán i mbéal na cuaiche.
Áit ná beidh sé choidhche. Sé an gobadán an t-éinín a leanann
an chuach i gcomhnaidhe. Nuair a raghaidh sé 'na béal isteach tuitfidh,
an spéir agus an talamh ar a chéile!



1795. Ní thagann an dá thráigh leis an ngobadán.
Ní féidir do dhuine bheith i dhá n-áit ar an uair chéadna, nó ní
féidir do dhuine bheith leis an dá thaobh, caithfidh sé claoidhe le h-aon
taobh amháin.



1796. Tionnlacan an philbín ó n-a nid.
Nuair thagann duine i gcomhgar nide pilbín preabann sí amach
agus leigeann uirthi go mbíonn sí leointe go meallann sí an
duine 'na diaidh tamall ó'n nid. Imigheann sí ar eitilt annsan.
Deineann cearc fraoich an rud céadna — agus deinid daoine
aithris ortha.



1797. Cuireadh an ghealbhain chun arbhair na gcomharsan.
Déarfaí é sin le duine a bheadh fial le cuid duine eile.


L. 220


1798. Is annamh súd lacha gan dúil i snámh.
Duine go mbíonn dúil i rud aige adeir é sin nuair a fiafruigh-
thear de ar mhaith leis cuid de'n rud san.



1799. Dálta na circe fraoich agus an fraoch.
Deirtear nach maith leis an gcirc fraoich an fraoch d'ithe ar
eagla ná beadh a dóithin aici dhe uair eile. Deirtear é sin le
duine a bhíonn spárálach le rud a bhíonn go flúirseach aige.



1800. Má's gréagach an phéacóg ní pioctar a chnámh.
Gréagach = álainn. Ní ithtear feoil phéacóige agus, d'á bhrí sin,
níl san áilne ach rud gan tairbhe!



1801. An fhaid a bheidh naosc ar móin is gob uirthi.
.i. go deo.



1802. Teachtaire an fhiaigh ó'n Áirc.
.i. An fiach a chuir Nóá amach agus nár fhill. I dtaobh teachtaire
mall ná filleann adeirtear é.



1803. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.



1804. Áirneán an phréacháin bhunnaigh (?).



1805. Is mór an náire do Mháire Ní Dhála bheith ar
deire, bheith ar deire.
Sin é adeirid na páistí leis an bpréachán a bhíonn ar deire ag
teacht abhaile tráthnóna, brostuigheann an préachán annsan!



1806. Préachán an tráthnóna.
Leadránaidhe duine ná deineann a ghnó go mbeireann an doir-
cheacht air. Tráthnóna thiar iseadh filleann préacháin abhaile.



1807. Beidh rud ag faoilean fós is faoilean eile
gan seóid.
Déarfadh duine é sin le duine eile d'eiteochadh fé rud éigin é.



1808. Ní h-aon mhoill an fhaoilean nuair thagann an
scadán.
Tagaid na faoilin ar thóir na scadán, agus comhartha ar na
scadáin a bheith ann iseadh na faoilin d'fheiscint ag cluiche i n-áit
áirithe sa bhfairrge.
Féach uimhreacha 41, 42, 43, 44. 282, 488, 493, 814, 816, 1244,
1490, 1547, 1550.


L. 221


XXVI.



TRÉIDÍ.



Is taithneamhach an t-ádhbhar suime na seanráidhte
atá sa chaibideal so. Tá an tréide i litríocht na
Gaedhilg ó'n gcéad aimsir go bhfuil aon eolas againn
'na taobh agus tá an cuma céadna agus na tréithe
céadna ag gabháil anois leis a ghabhadh riamh bíodh gur
tréidí nua-Ghaedhilge iad so uile. Tá tréithe meoin
Gaedheal scéidhte, leis, ionnta .i. comhgar cainnte,
eolas ar nádúir agus fonn aoir agus grinn. Tá
clisteacht i dtoghadh na dtrí neithe go ngabhann tréith
amháin leo i dtriúr ach ná bíonn a gcuid tréithe eile
ar aon dul ar chor ar bith. Tá comparáid magaidh
'na lán aca ar son grinn nó aortha. Tugtar fé
ndeara an ceangal meadrachta nó comh-fhuama nó,
comh-litrithe atá ortha.



1809. Airgead úis, cubhar na gcárt, gaol na gcnámh —
trí neithe gan rath.
Ús thar ceart, airgead tighe óil agus pósadh lucht gaoil.



1810. Beagán clainne ag rí,
Beagán síl i n-ithir mhéith
Beagán banbh i gcró
[Beagán bó is mórán féir].
Na trí beagáin is fearr.


L. 222


1811. Beagán síl i dtalamh cóir,
Beagán bó i bhféar maith,
Beagán cáirde i dtigh an óil —
Ná trí neithe is fearr amuich.



1812. Bean bhreá, capall bán nó tigh ar árd — trí
neithe ná bíonn ádhmharach.
Deirtear "bó" i n-áit "capall" uaireannta.



1813. Guidhe an Luchradáin: bean ghránna agat,
ba bána agat agus teach ar mhullach an
chnuic.
Adeirtear gur guidhe fónta ar mhaithe leat é sin.
Féach uimh. 1840.



1814. Bean mar mhuic, bean mar chirc, bean mar
chaora.
Trí shaghas ban. Bíonn muc go ceanntréan, cearc go guagach,
caora go cneasta.



1815. Bean trom, maide ar a cheann, long ar
an bpoll.
Mar sin is éifeachtaighe iad.



1816. Ceo i ndeire lae,
Fearthainn i ndeire rae,
Agus galar súl seanduine.



1817. Cumhangrach tighe, cumhangrach croidhe agus
cumhangrach corcáin — trí anacraí móra.



1818. Deire seana-bháid, deire capaill bháin nó
deire máighistir scoile.
Féach uimh. 1243.


L. 223


1819. Díogh gach dighe an mheadhg má's sean,
Díogh gach crainn an cárthan glas
Is a ndíogh go léir droch-bhean.



1820. Fear graftha, fear fiaigh agus fear gaoithe.
Trí shaghas fear a bhíonn ann.



1821. Fiacal con, dealg láibe nó focal amadáin —
na trí neithe is géire amuich.



1822. Glúin fir, srón con, cíoch mhná — na trí neithe
is fuaire ar bith.



1823. Gréasaidhe, úcaire is muc — an triúr is sailche
[bréine] amuich.
Is gnáth, leis, "figheadóir" a rádh i n-ionad "gréasaidhe."



1824. Lá ó scoil, Domhnach ó Aifreann, lá ó chéird —
trí neithe nach féidir leo casadh go bráth.



1825. Na trí beaga is fearr — beag na curcóige,
beag na caorach is beag na mná.



1826. Na trí glórtha is binne — meilt bhró, géimreach
bhó is béic leinbh.



1827. Na trí h-éisc is mire: Ruth, rón agus
ronnach.



1828. Na trí peata is measa — peata sagairt,
peata bacaigh, peata muice [nó: peata
leinbh, peata muice, peata sagairt].



1829. Na trí reatha is mó — rith uisce, rith teine,
rith éithigh.


L. 224


1830. Na trí riain is giorra fhanas — rian éin ar
chraoibh, rian bric ar linn, rian fir ar
mhnaoi.



1831. Na trí rian is sia fhanas — rian guail ar
muing, rian cairte i gclaidhe, rian céachta
i gcrích.



1832. Na trí saoghail is sia:
Saoghal an iubhair,
Saoghal an iolair agus
Saoghal Chaillighe Béara



1833. Na trí súile is géire:
Súil na circe i ndiaidh an ghráinne,
Súil an ghabha i ndiaidh an táirrnge,
Agus súil an fhir [? ainnir] i ndiaidh a
ghrádha ghil.



Féach uimh. 1865.



1834. Seanduine, anduine nó leanbh — triúr is beag
maith comaoin a chur ortha.
nó:
Maith ar anduine, maith ar sheanduine nó maith
ar leanbh.
Trí maithe ná faghtar buidheachas d'á gcionn.



1835. "Sílim," "b'fhearr liom," "b'fhéidir" — trí
ní gan bhrí, gan éifeacht.



1336. Síoladóir tiugh, díonadóir fliuch nó beantighe
bheadh ag goid [nó: b.t. nea'-mianach].
Trí donais iseadh iad.



1837. Súil, glúin, uile — na trí ruda is usa a ghortú.


L. 225


1838. Táiliúirí, scríbhneóirí is cuit — sin triúr ná
h-oibrigheann gan chruit.



1839. Táiliúir, píobaire is gabhar — an triúr is
aeraighe ar domhan.



1840. Tigh i lúib, ba dubha agus bean mheirgeach.
Trí neithe go mbíonn an rath ortha.
Féach uimh. 1812-3.



1841. Trí breaghtha bréagacha:
Bean Domhnaigh,
Capall Samhraidh,
Bó aonaigh.



Bíonn breáthacht ionnta nach gnáthach ar uairibh eile. Deirtear
leis "Cailín Domhnaigh, gamhain Samhraidh, bó aonaigh."



1842. Trí bliana fál,
Trí fál each,
Trí each marcach,
Trí marcach iolar,
Trí iolar iubhar,
Trí iubhar crích [nó: iomaire críche].
Trí crích deire domhain.



nó: Trí cuaille i bhfál, trí fáil do choin, trí coin each… &c.



1843. Trí comharthaí tairbh:
Súil teann,
Muineál reamhar agus
Éadan dána.



1844. Trí ghníomh ó mhíolmuighe: rith géar, léim árd,
filleadh grod.



1845. Trí ghníomh ó mhnaoi — com seang, toll reamhar
agus meanma uallach.


L. 226


1846. Trí mí-fhoirtiúin i dtigh duine — báirseach mhná,
seimné deataigh, agus díon tighe ag leigint
tríd.



1847. Trí neithe bhaineas le bligeárd — feirc, fead-
ghail agus fiafruitheacht.



1848. Trí neithe bhaineas le críneacht — sainnt,
clúmh agus ingne.



1849. Trí neithe bhaineas le sonas — fál, fascadh
agus mochóirghe.



1850. Trí neithe chomh maith leis na neithe is fearr le
fagháil — uisce salach ag múchadh teine, casóg
bhréide lá seaca, arán dubh i n-am gortan.



1851. Trí neithe chomh maith le neithe is fearr ná
iad — claidheamh adhmaid ag fear meathta,
bhean ghránna ag dall, droch-éadach ar
dhrúncaer.



1852. Trí neithe chuaidh d'Aristotle a thuiscint —
intinn na mban, obair na mbeach agus
teacht is imeacht na taoide.



1853. Trí neithe nach ceart bheith 'na n-easba — an
cat, an seimné, agus bean an tighe.



1854. Trí neithe nach ceart d'fhear maoidheamh asta —
méid a sparáin, breáthacht a mhná agus
milseacht a chuid leanna.



1855. Trí ní nach féidir a dh'fheiscint — faobhar, gaoth
agus grádh [nó: faobhar, grádh, agus an
drúcht ag tuitim].


L. 227


1856. Trí neithe ná fuil aon ionntaoibh ionnta — lá
breá sa Gheimhreadh, sláinte duine críona,
focal duine uasail gan scríbhinn.



1857. Trí neithe ná múintear: guth, féile ná
filidheacht.



1858. Trí neithe ná réidhtigheann le chéile — beirt
bhan pósta i n-aon tigh, dá chat ós cionn
aon luiche, beirt fhear i ndiaidh aon ógmhná.



1859. Trí ruda ná raibh riamh—nead ag luich i
gcluais [.i. clúid] cait, girrfhiadh i seid
con, gé ar gor i bpluais mhadaruaidh.



1860. Trí ruda ná tagann meirg ortha — teanga
mhná, cruidhte capaill bhúistéara agus air-
gead lucht carthannachta.



1861. Trí shaghas bocht — duine bocht le toil Dé,
duine bocht le n-a thoil fhéin, agus duine
bocht dá mbeadh an saoghal aige.



1862. Trí shaghas inchinn — inchinn reatha, inchinn chloiche,
inchinn chéarach



1863. Trí trioblóidí mná na Rinne — páistí, prátaí
a's trioscar.
I ndéisibh Mumhan atá an Rinn.



1864. Triúr gan feidhm — máighistir scoile gan sciain,
píobaire gan dos nó táiliúir gan méaracán.



1865. Triúr is géire radharc — seabhac ar chrann, cú
i ngleann, nó cailín i lár cruinnithe.
Féach uimh. 1833 agus 1951.


L. 229


XXVII.



CLUICHÍ.



Imirt chártaí an t-aon chluiche go bhfuil aon roinn
sean-ráidhte ag gabháil leis. Is iongna san agus a
fhaid atá cluichí áirithe 'á n-imirt ag Gaedhilgeóirí.



CÁRTAÍ.



1866. An muileat maol a mheilt is an cuireat caol
a cheilt.
Is fearr an muileat lag d'imirt go luath agus an cuireat
aonair a choimeád go deire, má's féidir.



1867. An té bheireann ar dtúis cailleann ar trúis.
Fé dheire ní h-aige bhíonn an cluiche. "Ar trúis" comh-fhuaim le
"ar dtúis."



1868. Aon, cuireat is cíonádh — triúr nách minic ar
aon láimh.



1869. Cearrbhach ag cailliúnt is ná gearrfadh sé
doimhin [nó:… is ná bainfeadh sé
doimhin díobh].



1870. Fáinne óir ort!



Adeir cearrbhach le n-a pháirtidhe 'á ghuidhe dho an t-aon mádha
bheith 'na láim.



1871. Gach cárta go Muileat.
.i. Ní maith Muileataí.



1872. Imir arís, a ghiolla bhí dána
nó:



1873. Imir arís ó bhís chomh dána.
nó:


L. 230


1874. Imir arís is ná maoidhimh go rugais ach beart.
Adeir an duine é a chailleann cúig le cearrbhach eile go raibh
súil aige féin leis agus a bhíonn ceapaithe díoltas a dhéanamh air.



1875. Is dealbh an ball a dh'fhág sé.
Is gnáthach é sin a rádh nuair a chítear droch-chárta 'á imirt ag
duine agus cúig ag imeacht uaidh a bhuaidhfeadh sé dá mbeadh aon
chárta fónta 'na láimh.



1876. Is fearr an t-aon a gheibheann cúig ná an
t-aon a ghaibheann amú.



1877. Is furaist gabháil thar doras duine mhairbh
nuair ná bíonn sé féin ná a mhadra istigh.
Nó: Is fuirist féasóg an leomhain a stathadh nuair a bhíonn sé
féin marbh.
Féac 1883.



1878. Is mairg a bhíonn i dtaoibh leis an aon gheall.
Óir má beirtear é sin uaidh ní bhíonn an síol féin aige chun
leasaithe an fhortúna.



1879. Is mairg d'imreochadh a mháthair ortha.
Adeir duine é sin nuair a bhíonn droch-lámh cártaí aige.



1880. Is minic a bheir fear a deich ar a dachad.
I gcluiche cártaí.



1881. Lot a láimhe féin ar an gcearrbhach.



1882. Muileat an mádh, is maith an drá Spéarat.



1883. Ní rabhas féin ná mo mhaidrín istigh.
.i. Ní raibh cárta mádha ná cárta maith agam chun cosc a chur
leis an gcearrbhach eile.



1884. Seacht an mádh is bíonn sé ádhmharach.


L. 231


1885. Scaoil ortha an mála.
.i. Scaoil amach na mádhanna móra agus scrios an bórd.



1886. Sin í an chúig a chaill é.



1887. Súil le breith a lomann an cearrbhach.
.i. Dóchas gurab é bhuaidhfeas an chéad chluiche eile a mheallann
chun imeartha é go mbíonn sé gan leith phingne.



RINNCE, CEOL, IOMÁINT, &c.



1888. B'fhearr liom ná bó go mbeadh rinnce agam.
Is dá mbeadh ní phósfainn an píobaire.
.i. is deas an rud bheith inniúil chun rinnce dhéanamh ach tar éis
an tsaoghail níl ann ach rud neamh-thábhachtach seachas gnóthaí cruadha
an tsaoghail.



1889. Dá dtrian rinnce goithí.
Agus is mó is fíor é sin i dtaobh rinnce na h-aimsire seo ná i
dtaobh na sean-rinncí féin.



1890. Nuair a stadann an ceol stadann an rinnce.



Ní i dtaobh rinnce is minicí an chainnt sin 'á rádh.



1891. Píobaire an aon phuirt.
Duine go mbíonn aon rud amháin i gcomhnaidhe mar adhbhar
cainnte aige.



1892. Fan le píobaireacht is gheobhair í.
.i. Is mall an ealadha le foghluim í an phíobaireacht.



1893. Píobaire gan dos.


L. 232


1894. Is searbh an síor-phort.
.i. Is deacair foighneamh le síor-rud, go mór mór muna deagh-
rud é.



1895. Is maith an tiománaidhe an té bhíonn ar an
gclaidhe.
Is maith de ghnáth é chun fear na h-imeartha a cháineadh agus chun
a innsint conus ba cheart an imirt a dhéanamh.



1896. Buail an liathróid ar an gcéad luascadh.



1897. Fonn a dheineann fiadhach.



1898. Fiach nó iascach ní raibh air riamh an rath
Ach an té leanann béal an chéachta ní folamh
a bhíonn a shac.
Daoine a bhíonn ró thugtha do'n chaitheamh aimsire is leo adeirtear
é sin.



1899. Nuair is mó an spórt is cóir stad de,
nó:



1900. Nuair a bhíonn an greann 'na theas,
Annsan is fearr eirghe as.
.i. Is fearr eirghe as an spórt sara dtagaidh a thuirse ort.


L. 233


XXVIII.



COSMHALÓIDÍ AGUS
COMÓRTAISÍ.



Ag trácht ar rud do dhaoinibh agus chun a chur i
n-iúl tréith nó buadh áirithe bheith ann deirid go mbíonn
an rud chomh bán, dubh, láidir, glic, &c., &c., le rud
éigin gurab é a phríomh-cháil dath nó buadh éigin mar
sin a bheith ann. Tá mórán do'n tsaghas san cosmhal-
óidí sa Ghaedhilg agus is gnáth-ráidhte iad i mbéalaibh
cainnteoirí blasta. Bhíodh cosmhalóid do'n uile buadh
nó tréith ag na sean-chainnteóirí agus ní bhíodh puinn
ortha de'n lagachar cainnte a ghabhann le nua-Ainglis —
gurab é aon chosmhalóid agus síor-chomórtas aca gach
ní bheith chomh-ionnan leis an Aidhbhirseóir nó le n-a áit
chomhnaithe.



'Na dteannta san tá saghas eile comórtas comh-
ionnanais sa dara cuid de'n chaibideal. Tá cuma
fíor-Ghaedhlach ortha agus saghas grinn ag dul leo.



1901. Chomh bán le cailc.



1902. Chomh bán le h-eala.



1903. Chomh bán le sneachta.



1904. Chomh baoth le laogh na bó.


L. 234


1905. Chomh beathuighthe le broc.



1906. Chomh binn le smólach.



1907. Chomh bleachtmhar leis an nGlas Ghaibhneach.



B'í an Ghlas Ghaibhneach an bhó dob' fhearr a bhí i n-Éirinn riamh.
Bó dhraoidheachta dob' eadh í a thagadh d'á crúdh ag daoinibh bochta
ná bíodh bó aca féin. Níorbh' fhéidir í do shniugadh, d'á mhéid é an
t-árthach a bhíodh le líonadh, bhíodh an oiread san bainne aici. Do bhí
bean ann adubhairt go sniugfadh sí féin í. Fuair sí criathar agus
do chrom ar an bhó a chrúdh ann. Do lean sí uirthi go raibh loch
bainne sa pháirc. Níor éirigh sí as an gcrúdh gur éirigh an loch
bainne chomh h-árd san gurbh éigean do'n mhnaoi teicheadh ar eagla
a báithte. D'imigh an Ghlas Ghaibhneach léi agus ní fheacathas riamh
ó shin i nÉirinn í.



1908. Chomh bodhar le slis.



1909. Chomh bog le gruth.



1910. Chomh bréan le pluais an mhadaruaidh.



1911. Chomh bréan le brocamas.



1912. Chomh buidhe le h-ór.



1913. Chomh cam le h-adhairc reithe.



1914. Chomh ceann-dána le muic.



1915. Chomh ciúin le luich.



1916. Chomh ciúin le cat.



1717. Chomh comhthrom le clár.



1918. Chomh corra-thónach leis an ngaoith Mhárta.


L. 235


1919. Chomh cortha is bhíonn an bacach d'á mhála.



1919a. Chomh cúlmhánta le cailín.



1920. Chomh daingean leis an gcois insa tuairgín.



1921. Chomh dall le sciathá leathair.



1922. Chomh dána le tarbh [le muic].



1923. Chomh daor le dhá ubh ar phinginn.



1924. Chomh dearg le fuil.



1925. Chomh dícheallach leis na beacha.



1926. Chomh díomhaoin le lúidín a' phíobaire.



1927. Comh díreach le riaghail.



1928. Chomh díreach le bradán i lár na h-abhann.



1929. Chomh doimhin leis an bhfairrge.



1930. Chomh dorca le tóin an phúca.



1931. Chomh dubh le daol.



1932. Chomh dubh le pic.



1933. Chomh dubh le sméar.



1934. Chomh h-éadtrom le h-éan.



1935. Chomh h-éadtrom le sop.


L. 236


1936. Chomh h-éaganta le circ.



1937. Chomh fada uaidh is tá an réilthean ó'n Spáin
[ó'n mbán].



1938. Chomh fliuch le h-aoileach.



1939. Chomh fliuch le muing.



1940. Chomh foláin le breac.



1941. Chomh folamh le Jób.



1942. Chomh fuar leis an éag.



1943. Chomh fuar leis an leicoidhre.



1944. Chomh geal leis an ngréin.



1945. Chomh geal le sneachta.



1946. Chomh geal le h-airgead [nó: le scilling].



1947. Chomh géar le snáthaid.



1948. Chomh géar le súil chailín i lár cuideachtan.



1949. Chomh géar le nimh.



1950. Chomh géar le bó mhaol.



Cainnt mhagaidh an ceann deiridh sin.



1951. Chomh géar-radharcach le gainéad.



1952. Chomh glan leis an ngath gréine.


L. 237


1953. Chomh glas le geamhar.



1954. Chomh glic leis an madaruadh [nó: le sionnach].



1955. Chomh glic le Písín.
? Písín.



1956. Chomh glic le fear na méaracán.



1957. Chomh lag le h-uisce.



1958. Chomh lag le luing ar chuan gan tuinn.



1959. Chomh láidir le capall [le stail].



1960. Chomh leamh le h-uisce portaigh.



1961. Chomh leathan leis an bhfairrge.



1961a. Chomh leochailleach leis an éan turcaí.



1962. Chomh liath le broc.



1963. Chomh luath le girrfhiadh.



1964. Chomh luath leis an splannc.



1965. Chomh luath le seabhac tré choill.



1966. Chomh luath le h-intinn mhná idir bheirt fhear.



1967. Chomh macánta leis an sagart.



1968. Chomh marbh le cat.
Toisc gurab é is deacra a mharbhú bíonn an t-anam dairíribh as
nuair bhíonn sé marbh.


L. 238


1969. Chomh marbh le h-Art.
.i. Art Aonair ba rí Éireann dá mhíle bliain ó shin.



1970. Chomh milis le mil.



1971. Chomh míneáireach le muic.
Féach uimh. 1914 agus 1922.



1972. Chomh mín le síoda.



1973. Chomh mín le h-uan.
.i. Cneasta.



1974. Chomh mór le cnoc.



1975. Chomh neamh-urchóideach leis an leanbh.



1976. Chomh pollta le criathar.



1977. Chomh rathmhar le coinín.
.i. Clannmhar.



1978. Chomh reamhar le rón.



1979. Chomh reamhar le muic.



1980. Chomh reamhar le broc.



1981. Chomh righin le gad cárthan.



1982. Chomh righin le h-eirball na bó.



1983. Chomh righin le bálta [sál] mo bhróige.



1984. Chomh righin (.i. mall) le h-asal bacach.


L. 239


1985. Chomh righin le táithfhéilean.



1986. Chomh saidhbhir le Déamar.



1987. Chomh sáirlíonta le bairrle.



1988. Chomh sámh le liop-a-da-leap.
.i. Saghas péiste muiridhe ar nós smugairle róin.



1989. Chomh scartha leis is tá an adharc leis an muic.



1990. Chomh searbh le súithe.



1991. Chomh searbh leis an domblas.



1992. Chomh siúrálta is tá bianna ar mhaide bacaigh.



1993. Chomh siúrálta is tá grian ar neamh.



1994. Chomh siúrálta is tá pus ar an asal.



1995. Chomh sleamhain le h-eascú [nó: le bolg
eascún].



1996. Chomh sleamhain le gloine.



1997. Chomh teann le mála an phíobaire.



1998. Chomh tinn le neascóid.



1999. Chomh tirm le snaois.



2000. Chomh tiugh le grean.



2001. Chomh tiugh le gainnimh na trágha.


L. 240


2002. Chomh tiugh le clár.



2003. Chomh tiugh le dair.



2004. Chomh trom le cloich.



2005. Aoinne 'mháin Risteard is Dick.



2006. Ba chuma Donnchadh um Nodlaig nó a shamhail
um Cháisc.



2007. De'n chuainthe an callaire.
An béiceachán go mbíonn náire ortha i dtaobh a chuid baoth-chainnte
is díobh é, d'á uaisle iad.



2008. Dritheáir do Thadhg riabhach Domhnall gránna.
Iad cosúil le chéile i n-olcas.



2009. Dritheáir do'n mbás an codla.
Rann ann:



Céile do'n leabaidh an uaigh,
Céile do'n tsuan an bás,
Céile do'n oidhche Ifreann fuar —
Tuig, a dhuine! gur cruaidh do chás.



2010. Dritheáir do'n ghrafán an turn.



2011. Dritheáir do'n Diabhal an beart.



2012. Faid an lae 'máirigh.



2013. Fé mar scéidhfeadh fíogach fíogach eile.
Saghas éisc an fíogach.



2014. Fé mar leigfeadh an colúr d'á bhais é.


L. 241


2015. Is geall le h-Éire a luach.



2016. Mar a chéile é — dá réal scilling.



2017. Ní fearr a thúis ná a dheire, nó: "is cuma a
thúis nó a dheire."



2018. Ní bhíonn a mhór ach mar bhíonn a bheag.



2019. Ní h-ionnan duine bocht is Dia.



Agus d'á bhrí sin, is dóigh, níor cheart bheith ag súil le neithe
móra uaisle uaidh.



2020. Ní h-ionnan dul go tigh an rí [nó: do'n bhaile
mór] agus teacht as.



2021. Ní mar a chéile Seán Ó Dálaigh agus Barún
Mhagh Chromtha.



2022. Ní measa cách ná Conchubhar.
.i. Tá Conchubhar chomh h-olc leis an gcuid eile.



2023. Ní raibh oighre riamh ar — ach —.
.i. An cuma céadna bhí ortha.



2024. Lick alike — Tadhg 's a mháthair.



2025. Lom, slán ar nós an tseanstoca.



2026. Srathar na h-aindise an cliabh.


L. 243


XXIX.



SEANFHOCAIL ÉAGSÚLA.



Insa roinn seo de'n leabhar tá seanfhocail éagsúla
nárbh' fhéidir a chur i n-aon chaibideal fé leith agus a
thuille aca a tháinig ar cuimhne dhúinn go deirinneach.



2027. Ag dul le báinidhe [imithe bán].
.i. Ar gealaigh, as a mheabhair le feirg nó le dúil i rud.



2028. Ag marcaidheacht síos is ag feadghail aníos.



2029. Airgead síos.
.i. Bíodh deire le cainnt agus le geallúintí — déin an gníomh —
amach leis an airgead!



2030. An áit i mbíonn deatach bíonn teine.



Tá rann iomlán ag gabháil leis sin —
an áit i mbíonn deatach bíonn teine,
an áit i mbíonn teine bíonn teas,
An áit i mbíonn teas bíonn mná —
'S an áit i mbíonn mná bíonn geab!



2031. An croicean 's a luach.



Nuair a bhí an Gobán Saor ar lorg mná d'á mhac, agus toisc go
raibh an mac baoth, cheap sé bean d'fhagháil dó a bheadh deaghmheabhrach,
gasta. B'é triail a chuir sé ar na mná ná a iarraidh ortha dul ar
an aonach agus croicean caorach a bhreith leo agus "an croicean
agus a luach" a bhreith abhaile leo. Dhiúltuigh na mná go léir do'n
triail ach aoinne amháin aca. Bheir sise léi an croicean. D'aimsigh
sí deimheas agus do bhearr an olann de'n chroicean agus do dhíol.
Bheir sí léi abhaile "an croicean 's a luach" go dtí an Gobán.
Pósadh í féin agus an mac. Tá an chainnt 'na seanfhocal ó shin.


L. 244


2032. An gad is giorra (goire) do'n scórnaigh is
córa a réidhteach ar dtúis.



2033. An rud is annamh is iongantach.



2034. An rud is giorra is géire.



2035. An rud ná baineann liom, bíonn sé ar sileadh
liom.



2036. An rud ná cailltear [nó: ná goidtear]
gheibhtear é.



2037. An té atá go h-olc san iasacht bíonn sé go
maith sa tsealadóireacht.



2038. An té ná cuireann snaidhm cailleann sé
an chéad ghreim.
Ó'n bhfuagháil a tháinig an rádh san.



2039. An té beirtear chun a bháth' ní bhíonn aon
bhaoghal dóighte air.



2040. Baile 'bhfad siar Na Cúla,
Ach tá baile is sia siar ná súd ann.
Sa Phriaireacht i n-Uibh Ráthach atá Na Cúla.
Féach uimhir 2083.



2041. Beidh do chos ar do bhaclainn agat.
.i. Beidh tú bacach nó beidh tú gan feidhm.



2042. Bheireann deór ó'n tsúil suaineas do'n chroidhe.


L. 245


2043. B'fhearr liom bheith ag fáscadh gainnimhe fém'
fhiaclaibh.
Rud nach maith linn a dhéanamh deirimíd mar sin leis.



2044. Biadh nuadh agus sean-éadach ag an rabhcánaidhe.



2045. Bíonn eagla ar an té dóightear.
Bíonn eagla air baint go neamh-chúramach leis an ní a dhóigh (nó
a ghortuigh) é.



2046. Bíonn an mhoill ar tí an deabhaidh.



2047. Bliain an duine díomhaoin:
An Nodlaig i n-aghaidh an ráithe
Is An Cháisc i n-aghaidh na seachtaine,
An Domhnach gach 'ra lá
Is lá saoire eatartha.



2048. Bligeárd sráide nó scoláire tuaithe.
Comh-olc le chéile iad le droch-mhúineadh.



2049. Bog an Béarla!
Deirtear é sin le duine a úsáideann cainnt mhór-fhoclach
léigheanta.



2050. Bradghal na Clainne Léithe
Inntleacht Mhuinntir Chéitig (.i. Céitinn)
Agus clampar Mhuinntir Dhálaigh.
I n-Uibh Ráthach a bhíonn an chasint sin. Féach 1140.



2051. Breagh, breagh cnocán is searbhán muinntire.
Sin mar is gnáth a rádh le duine bhíonn go lághach amuich ach a
bhíonn go mí-chuibheasach 'na thigh féin.



2052. Breithnigh an abha sara dtéighir 'na cuilithe.


L. 246


2053. Cailleadh na h-óinseacha bheireadh na h-amadáin.
.i. Tá an saoghal dulta i nglice — níl daoine chomh baoth agus
bhídís.



2054. Caitheann gach mála a lán féin a thabhairt uaidh.



2055. Ceannuigh an maor is ní baoghal duit an
máighistir.
Ceannuigh .i. tabhair breab do.



2056. "Ceannúig" mar leasú lé Málainn
Agus "Cúmasdabha" le fánaidh.
Bailte i n-Uibh Ráthach iad san. Ní h-eol dúinn an litriú ceart
ar "Ceannúig" ná "cúm-as-dabha."



2057. Cogadh gan eagla nó ampla gan uireasbha.



2058. Cos agus córda agus is cos go deo í.
Sámhthach raimhne nó sluaiste atá i gceist. Ceann aca a scoilt-
feadh agus go gcasfaí córda ar feadh na scoilte uirthi bheadh sí
chomh láidir agus bhí sí riamh.



2059. Cor i n-aghaidh an chaim agus cam i n-aghaidh
an chuir.
.i. Clisteacht i n-aghaidh rógaireachta. An Gobán Saor agus a
mhac do bhí ag tógáil caisleáin do rí éigin. Nuair a bhí an caisleán
críochnaithe bhí an rí chun an Gobán a mharbhú chun ná tógadh sé aon
chaisleán eile bheadh chomh breágh le n-a cheann féin. Do thuig an
Gobán an drochfhuadar agus cheap sé cleas. Dubhairt sé leis an
rí ná féadfadh sé an caisleán a chríochnu nó go bhfaghadh sé gléas a
bhí sa bhaile 'na dhiaidh.



"Cad é féin?" ars an rí.



"Cor-i n-aghaidh-an-chaim-agus-cam-i n-aghaidh-an-chuir," ars an
Gobán.



Chuir an rí a mhac féin go tigh an Ghobáin d'iarraidh an ghléasa.
Nuair a dubhairt mac an rí ainm na h-úirlise, dar leis, do bhain
bean mhic an ghobáin an bhrí cheart as. Thuig sí go raibh feall 'á
dhéanamh ar na fearaibh. D'oscail sí comhra agus dubhairt sí leis
go raibh an úirlis thíos ann. Nuair a chrom sé síos do chaith sí
isteach sa chomhrainn é agus do chongaibh ann é gur cuireadh an
Gobán agus a mhac slán abhaile chúiche.


L. 247


2060. Chuaidh san díot mar chuaidh an chlann de'n
tseana-mhnaoi.
Chuaidh díot .i. theip ort a dhéanamh.



2061. Cuid ded' chuid ar son do cháinte.



2062. Cúil Aodha is gach aon tsaghas daoine ann —
An gabha, an saor is an máighistir rinnce.



2063. Cuirfí an punann go cuibhreach,
Tré n-a chroidhe ag an bhfear thall.
Fuinneamh chun saothair. Ó'n bhFiannaidheacht an tagairt sin.
Deirtear é le linn bheith ag innsint i dtaobh saothair mhóir agus
gaisce nirt.



2064. (a) Dhá dtrian baoise ag an óige.
(b) Dhá dtrian rinnce goithí.
(c) Dhá dtrian uisce ar mhóintibh.
(d) Dhá dtrian gaoithe i gcrannaibh.
(e) Dhá dtrian sneachta ar shléibhtibh.
(f) Dhá dtrian sainnte ag lucht saidhbhris.
(g) Dhá dtrian cainnte ag lucht póite.
(h) Dhá dtrian galair san oidhche.



2065. Dálta reithe Sheáin na Buile.
I n-Uibh Ráthach iseadh bhí Seán. Bhí dúil san ól aige agus
théigheadh sé ar gach aonach i gCathair Saidhbhín le sean-reithe bhí aige
ach ní chun a dhíolta é ach mar leithscéal chun dul ar an aonach. Bhí
an reithe chomh h-eolasach san ar an tslí abhaile go dtagadh uaidh
féin. Rudaí a thagann abhaile mar sin — sin teacht "dálta reithe
Sheáin na Buile."



2066. Deire gach cuirme cáineadh.


L. 248


2067. Do chuid is do chlú.
Bíonn sin ag duine a thaisbeánann go mbíonn sé ar aigne gníomh
carthannachta nó cabhrach a dhéanamh agus go dtárlann annsan nach
gádh an gníomh, nó nach féidir é déanamh.



2068. Dúngarbhán na seanbhád seolta.



2069. Éad cucóil gan pósadh.
Éad gan údarás. Dá mbeadh sé pósta bheadh réasúntacht san
éad.



2070. Fear croidhe mhóir i mbaile mór gan airgead.
Is cráidhte an scéal é.



2071. Fómhar naonbhair ag lánúin gan leanbh.
Agus nach gádh dhóibh é ar chor ar bith.



2072. Gach aon ní mar is cóir —
Is an pota seómra ar an dresser!
Searbhas é sin adeirtear i gCorca Dhuibhne agus ar fuaid na
Mumhan le gnó gan slacht nó le gnó straoile mná.



2073. Gach ceárd d'á meathann rachaid ag iascach.
.i. Nuair theipeann an uile cheard ar dhaoine téighid leis an
iascaireacht.



2074. Gaol madr' Úna le madr' Ána — a cúigdéag
's a deich.
Gach gaol i bhfad amach.



2075. Gile Bhaile na Blamhna (?)
Nó Gamhnach Achadh Tiobraid —
An dá uisce is fearr i nÉirinn.



I n-Uibh Ráthach dóibh seo thuas.


L. 249


2076. Giolla 'm a leithéid.
Deirtear "ní h-aon ghiolla 'm a leithéid mise agat" .i. ní
amadán mise agat.



2077. Go dtagaidh an mhuir adtuaidh [nó: go
n-iompuighidh].
.i. Go bráth — ná tuitfidh amach go deo.



2078. Greim an fhir bháithte.
Greim daingean, docht.



2079. Is beo duine gan a cháirde ach ní beo é gan
gal 'na phíp.



2080. Is cumhang a bhí Éire ort!
Deirtear é sin le duine a théigheann nó a thagann i n-áit nár
chóir dó, nó nár mhaith dó.



2081. Is dubh í an sméar ach is milis í
Sí an mhéinn mhaith a leigheasas an uile ní.
Leath-rann d'amhrán é sin.



2082. Is fada siar cuimhne do sheana-mháthar agat.
Deirtear é le duine a chuimhnigheann ar rud gurbh' fhearr le
duine eile go ndéanfaí é dhearmad.



2083. Is fada siar Márthain is an baile atá láimh
leis.
I gCorca Dhuibhne atá Márthain. Deirtear an chainnt sin thuas
i gC. Dh. nuair bhíonn trácht ar áit nó ar chúram i bhfad ó bhaile.
Féach uimhir 2040.



2084. Is fearr an té fhanas ná an té imigheas.


L. 250


2085. Is fearr an t-imreas [an troid] ná an
t-uaigneas.



2086. Is fearr aon fhéachaint amháin romhat ná dhá
fhéachaint it' dhiaidh.



2087. Is fearr bheith i n-áirithe ná i n-aithreachas.



2088. Is fearr suidhe 'na aice ná suidhe 'na áit.



2089. Is fearr tigh folamh ná droch-thionóntaidhe.



2090. Is fusa greim a chur ar an ngiobóig ná
greim a chur ar an bputóig.



2091. Is goire dhuit tigh do chomharsan ná tigh do
ghaolta.



2092. Is mairg a thiocfadh eatartha — clann an dá
Nóra.



2093. Is mairg go mbíonn buana iasachta aige.



Tagairt annsan do'n saoghal nuair bhíodh saighdiúir nó amhas ar
buanacht nó ar ceathrúin i dtighthe na ndaoine agus gurbh éigean
iad a chothú i n-aisce, cé gur beag an fháilte bhíodh rómpa.



2094. Is mairg ná bíonn buairt iasachta air.



2095. Is maith an t-eolaidhe an t-uireasba.
.i. Múineann an gádh do dhuine an tslí chun an gádh d'fhuascailt.



2096. Is measa do dhuine comharsa béil dorais ná
duine muinnteardha i bhfad uaidh.
Is measa do = is mó is fiú do.


L. 251


2097. Is minic do chuir a chuid féin eascáirdeas ar
dhuine.



2098. Is mór an ní duine ar dhaoine gan aoinne.



2099. Is mór an tsochraid a leath.
Adéarfaí le gasra maith daoine.



2100. Is mó saighead 'na bhogha san.
.i. Is mó rud go dtugann sé iarracht fé nó go mbíonn a
shuim ann.



2101. Is olc an máighistir an teine ach is maith an
seirbhíseach í.



2102. Laistia sa bhliain nua chughainn!
? Laistia. Guidhe é sin adeirtear nuair a bhítear ag baint
phrátaí nua, &c.



2103. Leasmháthair a thógfadh air é.
Nuair a dheineann duine rud nach ceart ach gur rud é bhéarfadh
tairbhe nó aoibhneas do — deirtear mar sin leis. "Thógfadh air" .i.
chuirfeadh mileán air.



2104. Leisce na h-ordóige a chuireann an sál i bhfad.
.i. Leisce turus beag gearr a dhéanamh chún féachaint i ndiaidh
ruda i n-am is minic do bheir sin ar duine turus fada thabhairt
air féin.



2105. Luimneach na long.



2106. Maith an áit i rabhais.
Deirtear é sin le duine a chuireann focal cliste géar isteach
sa chomhrádh agus a chuireann brí scéil i n-iúl go comhgarach, nó le
duine imrigheann cárta ná raibh coinne leis agus a bhuaidheann
cúig gur mór le rádh san imirt í.


L. 252


2107. Má mheathann caraid lá tiocfadh sé lá eile.



2108. Mara bhfuil sé díreach ní foláir do bheith cam.
nó:
Mara bhfuil sé díreach sé a dhícheall bheith cam.



2109. Mar bheadh an nimh ar an aithne.
Aithne .i. ordú, smacht.



2110. Marcaidheacht Ghearóid na Gráige.
.i. Siubhal a chos féin.



2111. Mar dhéanfadh máthair Sheáin Bháin [Óig].
Bean neamh-shlachtmhar go leór dob' eadh í agus is le magadh
adeirtear rud a dhéanamh fé mar dheineadh sise: "Dein mar sin
é — fé mar dhéanfadh máthair Sheáin bháin!"



2112. Má's ag siubhal dúinn bímís súgach.



2113. Má's cam slí is réidh ród.
.i. is fearr an bóthar mór réidh, d'á fhaid é, ná an casán cam
achrannach cé gur comhgar é.



2114. Má théigheann tú ag iomrascáil leis an
salachar, bí thíos nó thuas saileochar thú.



2115. Moladh na máthar cáineadh na h-inghne.
.i. An mháthair ag á moladh is ionnan sin agus cáineadh ar an
inghin.



2116. Muirear maith ar a shaothar iseadh é.
.i. An mhéid a thuilleann sé caitheann sé féin arís é.


L. 253


2117. Ná bí i bhfus is a bheith thall,
Ná bí thall is bheith i bhfus;
Nó má bhíonn tú i bhfus is a bheith thall
Ní bheidh tú thall ná i bhfus.



2118. Ná bí i dtúis eannaigh ná i ndeire coille.
Adeirtear "tosach féithe nó deire coille."



2119. Ná téire' ach go h-annamh go tigh do charad is
gheobhair fáilte.
[Téire' ann go minic is beidh romhat dearg —
chnáide].



2120. Ní abarthar maith le mú [mugha] is ní abarthar
clú le déirc.



2121. Ní bhainfeadh Éire [an saoghal, Arístotle, an
diabhal, Dáth Dubh, &c.] aon cheart de.



2122. Ní bhainfeadh úird mhuilinn an iarainn aon
cheart de.
.i. Duine is deacair a riar nó a smachtú.



2123. Ní bhíonn sprid na púca gan fios a chúise aige-
féin.



2124. Ní cathair mar a tuairisc í.
Áit nó gnó go mbíonn cáil air seachas mar a thuilleann sé — sin
mar adeirtear leis.



2125. Ní dheaghaidh aoinne riamh go Bólus
Ach i ndóchas rud d'fhagháil ann.
Ar an tír mhóir taobh istigh de'n Sceilg atá Bólus.


L. 254


2126. Ní fachtar as na bairrilí ach an lán a bhíonn
ionnta.



2127. Ní fhéadfadh sé bheith 'na phic is 'na mhála.



2128. Ní fearr ag an nGaibhlean Gabha é.
Tá iomad tagarthaí do'n ghabha san i seanchas na ndaoine, féibh
mar atá ar an nGobán Saor. Sé scéal atá ann ar an seanfhocal
so: Duine bhí ann agus dúil ana-mhór i n-ór aige. Le h-eagla
go ngoidfí uaidh a raibh aige dhe chuir sé poll i gceap crainn agus
do chuir an t-ór i bhfolach isteach ann. Tháinig tuille mhór san
abhainn agus do bheir sí léi an ceap agus níor fhan a thuairisc ag
fear an óir. Fuair an Gaibhlean Gabha an ceap crainn agus do
bheir leis d'á cheárdchain é agus do chuir mar cheap fé'n inneoin é
agus gach uair do bhuaileadh buille ar an inneoin do dheineadh an
t-ór ceol sa cheap. Mar sin nuair a gheibheann daoine faill ar
chuid duine spriúnlaithe beirid leo cuid de agus deirid "ní fearr
ag an nGaibhlean Gabha é."



2129. Ní fearr cuirm ná cuíbheas.
.i. Ní fearr breis ná dóthain.



2130. Ní fial má iarrtar agus ní oineach má
maoidhtear.



2131. Ní gnáth ceisneamh ar ndíth tiarna.
ach "Le Roi est mort, vive le Roi!"



2132. Ní h-uaisle mac rí ná a chuid.



2133. Ní i gcomhnaidhe a bhíonn an deargán ar a ghob.
Ní i gchomhnaidhe bhíonn an duine eile fonnmhar. Deargán .i. Bream.



2134. Níl a luaithe nach fearrde.


L. 255


2135. Níl baoghal go deó ort ach gabháil lár an
bhóthair.



2135a. Níl Písín maith a dhóthain do.
Duine fír-ghlic dob' eadh Písín, pérbh' é féin.



2136. Níl puinn sógha i dtionntódh léine salaighe.



2137. Níor thrua liom fear gan bó ná caora,
Níor thrua liom fear gan aon bhean tighe 'ge,
Ach ba thrua liom fear gan gal na phíopa.



2138. Ní raibh Críostaidhe Mhic an Luain ann.
.i. Ní raibh aon duine ann.



2139. Ní téigheann fear na h-eadarghabhála as.
nó:
Ní thagann fear an eadargáin as.



Is minic iompuighid an dá thaobh air.



2140. Nuair a bheidh tigh do chomharsan tré theine
tabhair aire dod' thigh féin.



2141. Nuair a cuirtear teine leis an gcloich
pléascann sí.



2142. Nuair is fuar é an teachtaire is fuar é an
freagra.
Má's duine leamh a cuirtear ar lorg ruda ní gnáth gur d'á
leithéid is túisce thabharfaí é.



2143. Oisín i ndiaidh na Féinne.
Duine go mbíonn a cháirde agus lucht choidrimh a óige imithe uaidh
agus é go diacrach agus go brónach 'na ndiaidh.


L. 256


2144. Sáth mhná gan náire!
Is mór é.



2145. Solus fé bhéal daibhche.
.i. Fóntacht duine 'á cheilt aige féin tré náire agus támáilt.



2146. Spior-spear.
Deinimís "spior-spear" de .i. deinimís neamh-ní dhe. Nuair a
bhíonn cáineadh nó pionós tuillte ag duine agus go maithtear do,
deirtear go ndearnadh spior-spear de'n scéal.



2147. Táid siad chomh te is bheidís lá Shan Seáin.
Cainnt ghrinn í sin i dtaobh prátaí beirbhithe nó aráin, té, &c., &c.



2148. Teanga beadaidhe tóin teasaidhe.



2149. Teasbach gan dúchas, teasbach gach iompar.



2150. Tráighlí mhór na luingeas.



2151. Trí briseadh uisce le fánaidh agus trí
briseadh móna chun reatha.



2152. Trí ní is mó giodam —
Baintreach óg mhná,
Piscín cait,
Mionán gabhair.


L. 257


GLUAIS.



Focail annso atá neamh-choitchionnta i mbrí nó i litriú. Gheobhthar
an chuid eile i bh"Foclóir Uí Dhuinnín."



Uimhir



13. Frighdeóir —? Duine bhíonn tugtha do bheith beag, suarach
'na mheón.



13. Raedóir —? Duine bhíonn ag déanamh staidéir ar reannaibh
na spéire.



29. Spiagaidheacht — dúil i ndathannaibh, i maise éadaigh, &c.



39. Míneáireach — (míonáireach), do-chomhairleach, mí-iomcharach.



48. Guagach — neamh-shocair, mí-shuaimhneasach.



49. Éagan — Duine gan chiall, duine mí-stuamdha.



61. Banaltra — bean a thógas leanbh.



61. Banógarlach — (Banóglach), bean gan leanbh.



75. Sean-leanbh — leanbh glic go mbíonn eolas tagaithe le
blianta dho.



83. Leanbh iasachta — Clann daoine eile.



104. Mianfaoidhe — (Mianfach, méanfach, méanfadhghail).



109. Caith — ith nó ól.



130. Méiscridhe — (Méirscridhe).



131. Múchadh — An galar "Bronchitis."



138. Ath-iompáil — An galar do theacht ath-uair.



156. Bairrlín — brat lín leabthan.



160, 828, 1822. Cailleach Bhéara — Cailleach is cáilmhear i litridh-
eacht, agus go mór mór i mbéal oideas na Gaedhilge.



171. Aonrosc — Súil aonair.



191. Cis —?



224. Fonóid — (Fonómhaid) magadh.



230. Cineán —? Peata.


L. 258


247. Grogaire — Seanduine cromtha.



251. Imigéin — i bhfad ó bhaile.



255. Leaghadh Dia — Duine dona, rud ná bíonn rath ná bláth air.



269. Breill — (Breall) cruth leibideach.



338. Ath ghamhnach — (Gabhnach) bó.



338. Ath ghráinneach — Cruithneacht, nó arbhar eile.



338. Raitheacha — (Rightheacha).



339. Únán — An cubhar a thigeas ar bhainne le linn crúidhte.



343. Baighreán — Flummery.



374. Sríobán — Saghas fliuch bidh a deintí d'arbhar.



375. Puirseach — (praiseach) saghas leitean.



379. Scruid — (? Scoróid) ainm ar bhéile éadtrom.



504. Puch — Saghas beiche .i. wasp.



521. Cliath — Cliath fuaghála (.i. gasra ban ag obair uirthi i dtigh
agus ag cainnt).



622. Filig —(fligh) saghas luibhe.



717. Caiseal — Uaigh adhlaicthe sa chás so.



731. Mana — (manadh) comhartha roimhré: Tochus súl — Manadh
dheor; Tochus baise — manadh airgid; Tochus cluaise —
Manadh cúl-chainnte, &c.



745. loscadh doighe — Dóghadh croidhe.



748. luan — lá an Breithiúntais.



856. Dríoball — salachar an bhóthair ar íochtar éadaigh duine.



859. Connlach — (Connlú) rud a chruinniú nó a bhailiú isteach.



880. Caolchrácach — (Caol — chrágach), neamh fhlaithiúil.



971. Cruinn — Géar, i gcumas do tomhas gan mhearbhall a dhéanam.



980. Bunóirseach — (Ban-abhraiseach), bean a ghníos sníomh.



1014. Sáimhín sógha
Cúilín tseabhrach



Compórd cuirp.


L. 259


1027. Speal — Saothar dian gearr-shaoghalach.



1028. Fogha foisighe — Fogha obann gairid.



1040. Crích — Slachtmhar i n-obair agus cur gach neithe chun
maitheasa agus coimeádtha.



1081. Bainistighe — Cosc ar gach caitheam neamh-ghádhtarach.



1127. Spriúnlaithe — (Sprionnluighthe).



1140. Clostrum dranndal — Focail áiféise a chialluigheas duine
gan rath ná bíonn an lá amáireach ag cur tinnis air agus
gan aon ní aige 'n-a chomhair.



1217. Cinéal — cine nó fine nó náisiún daoine.



1240. Deifreach — Trodach, achrannach.



1262. Rabharta feamnaighe — Na rabhartaí a thagann san Earrach
agus go mbaintear feamnach le n-a linn.



1264. Stuacáltar — Cóirightear, líontar (d'fhoghluim).



1267. Treórach — Cumasach agus eólasach san obair.



1337. Cúiseadóir — An té ghníos an geárán sa chúis.



1372. Ná taobhuigh — Ná gaibh le.



1395, 1506. Na Faoillí — Sean-mhí Feabhra.



1460. Toilleann — Luigheann isteach ann nó fé.



1469. Gaidheal — (Gadghail), léimeadh nó rith le teas mar ghní ba.



1487. Triomlach — An ní is tirm.



1516. Cáiseochainn — Ghearánfainn.



1519. Oidhche Coille — (Oidhche Cailne), oidhche deiridh na bliana.



1529. Bathrach — Duartan mór báistighe.



1541. Imrighe — Gluaiseacht, aistriú ionaid chomhnaidhthe.



1575. Píle — Bradán beag.



1642. Scothfhinne — Gruaig fhionn i muing nó i n-eirball leis.



1653. Atrainn — (Otrainn), bannrach tighe bó.



1672. Gannach — gann fá bhiadh.


L. 260


1721. Raimín — Caora bheag, ghioblach, gan mhaith.



1781. Píopairí — sicíní beaga laga.



1809. Ús — Gaimbín mí-réasúnta do-gheibheann úsaire.



1827. Ruth — (Rotha) iasc leathan go bhfuil eirball deilgneach
air .i. Ray.



1827. Ronnach — (Runnach) iasc .i. mackerel.



1889. Goithí — (Gothaí) figiúirí, cumaí.



1919a. Cúlmhánta — (cúlánta), náireach.



1936. Éaganta — gan chiall, mí-stuamdha.



2148. Beadaidhe — Drochmhúinte.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services