Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-Fhocail na Mumhain - 1

Title
Sean-Fhocail na Mumhain - 1
Author(s)
Ua Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SEAN-FHOCAIL NA MUMHAN. — 1.



TADHG UA DONNCHADHA
do chruinnigh.



RÉAMHRÁDH. Cá bhfuarthas na sean-fhocail seo? Ní
deacair an cheist sin do réidhteach. Sid iad na háiteanna:



1. I ndeireadh an leabhair bhig úd darab ainm, “The Irish
Language Miscellany,” chuir Seaghán O Dálaigh i gcló.



2. Cnuasach sean-fhocal do chuir Micheál Óg O Longáin
síos i láimhsgribhinn leis atá i nAgadamh Ríoghdha na
hÉireann i mBaile Átha Cliath. “An Seanduine” ainm an
leabhair seo.



3. Cnuasach sean-fhocal do chuireas féin síos a béalaibh
Muimhneach.



Táthar chum sean-fhocail na gCúigí do chur amach i leabhair-
íníbh mar seo. Do hiarradh orm-sa páirt Chúigeadh Mumhan
do ghabháil. Is í seo an chéad bheart uaim. Tá tuilleadh ag
teacht le congnamh Dé.



Tá a fhios agam go maith go bhfuil mórán sean-fhocal 'gá
n-úsáid ná fuil thíos againn i n-éan-chor, & go mbadh cheart
iad do bhailiughadh & do chur i gcló. Dá bhrigh sin, iarraim
mar athchuinge ar gach duine, na sean-fhocail do chloisfidh sé
& ná fuil ins an leabhairín seo, do chur ag triall orm i gcóir
leabhairín eile.



Níor bhacas-sa puinn leis an gcanamhaint, cé go bhfuil
fo-fhocal i gcuid an Longánaigh ná fuil ró-coitcheanta anois,
b'fhéidir.



Go dtéidh ar saothar, do dheóin Dé, i dtairbhe dho'n
Ghaedhilg & do lucht na Gaedhilge léigheamh & labhairt.



TADHG O DONNCHADHA.



Baile Átha Cliath,
Lá Fhéile Bríghde,
1901.


L. 2


SEAN-FHOCAIL NA MUMHAN.



Ag bualadh láimhe ar na réaltaibh.



Ag díol meala & ag ceannach misleán.



Ag duine féin is fearr fhios cá luigheann an bhróg air.



Ag imirt na bochtaineachta ar a chéile.



Ag imtheacht mar sgeamh ó'n ngadhar.



Ag imtheacht ó thigh an Diabhail go tigh an Deamhain.



Ag ithe is ag gearán ar nós cearc guir.



Ag ithe na gcreachán & ag díol na bhfadhbán.



Ag marcaigheacht síos & ag feadaíl aníos.



Ag suidhe go meadhán oidhche & ag luighe go meadhán lae.



Ag súil le cúiteamh is eadh lomann an cearrbhach (nó ag
tnúth le breith is eadh, &c.)



Aithnigheann an fhuil a céile.



Aithnigheann fear na holna dhíol fear na holna cheannach.



Allus a mhaoile féin do loisgeann gach éinne.



A' mb' fhearr leat bean na fiche seift ná bean na fiche punt?



An chearc istigh 's an t-ubh amuigh.



An corcán ró-bheag & ná líontar é.



An gad is girre do'n sgórnach is cóir a réidhteach ar dtús.



An iomad do'n aithne méaduigheann sé an tarcuisne.



An luibh ná fachtar fóireann.



An méid do bhailigheann an cníopaire sgaipeann an rábaire.



An phunann do ceangaltar san bhFoghmhar sgaoiltear í san
Earrach.



An rud do-gheibhtear ar dhruim an Diabhail, imthigheann sé
fé n-a bholg.



An rud do-gheibhtear go bog, caithtear go bog (nó go holc).



An rud do sgríobhann an Púca léigheann sé féin é.



An rud do thaithneó'dh liom-sa ní thaithneó'dh leat-sa.



An rud do théidheann i bhfad téidheann sé i bhfuaire.



An rud do thógfadh duine is é mharbhó'dh duine eile.



An rud is annamh is iongantach.



An rud is girre is géire.



An rud is mí-fhortúnaighe dá bhfacaís riamh ní fheadraís ná
gurab é lár do leasa é.



An rud ná bacann (nó baineann) leat, ná bac (nó bain) leis.



An rud ná caitheann tú féin caitheann do námhaid é.



An rud ná cloisfidh an chluas ní chuirfidh se buadhairt ar an
gcroidhe.



An sguab nuadh is fearr sguabann an tigh.



An té bhíonn ag sír-shiubhal meileann sé mín & garbh.



An té bhíonn amuigh fuarann a chuid.


L. 3


An té bhíonn bog fé n-a thóin bíonn sé bog fé n-a dheór.



An té bhíonn bothánach bíonn sé sgéalthach.



An té bhíonn síos luightear cos air; 's an té bhíonn suas
óltar deoch air.



An té bhuaileann Jack díolann sé as.



An té bhuailfeadh mo mhadradh, bhuailfeadh mé féin.



An té go mbíonn breall air bíonn amhrus ag gach éinne air.



An té go mbíonn dinnéar aige bíonn finné aige.



An té ghrádhann an dainséar (baoghal), caillfear ann é.



An té gur cumhang leis, fágadh.



An té is lugha thuilleann is é is mó gheibheann.



An té is mó ólann is é is mó dúil ann.



An té ná béidh bólacht ar chnoc aige, beidh suaimhneas ar
shop aige.



An té ná béidh ciall aige béidh fán air.



An té ná faghann an fheóil is mór is sóghail leis an t-anbhruith.



An té ná fuil láidir ní fuláir dó bheith glic.



An té ná fuil léim aige cuimleó'idh sé é féin do'n chlaidhe.



An té ná ghabhann comhairle gabhadh sé comhrac.



An té ná múineann Dia ní mhúinid daoine é.



An t-uan ag múineadh méilidhe dá mháthair.



Ar an rud nach féidir do leigheas is í an fhoidhne is fearr.



Ar eagla na heasbhadh is maith bheith coimeádthac;
Acht ní abraim leat bheith leamh ná spadánta.



Ar uairibh tagaid na hanacraí; is fearr soin 'ná a dteacht
i n-éinfheacht.



As an taithighe is fearr é.



A sgéal féin sgéal gach éinne.



Badh cheart duit cuimhneamh ar an arán d'ithis.



Bhainfinn súil asam féin d'fhonn dá shúil do bhaint as duine
eile.



Baist do leanbh féin ar dtúis.



Ba mhinic do chaith duine sprot amach chum breith ar cholmóir.



Ba mhinic ná deaghaidh bó le bó-dhuthchas.



Ba mhinic nár bh'fhearr bheith first ná last.



B'annamh leis an gcat srathar do bheith air.



Beagán & a rádh go maith.



Bean ar meisge, bean i n-aisge.



Bean mhic & máthair chéile, mar bhéadh cat is luch le chéile.



Béart gan leigheas foidhne is fearr air.



Béidh lá eile ag an bPaorach.



Béir ann do ló, béir as do ló.



Bheirbh birrín dam & beireó'd birrín duit (& a dhuine gan
birrín is danaíd duit).



Beireann fear sleamhain fiacha leis.


L. 4


B'fhearr do dhuine an madradh féin go luth-gháireach roimhe
'ná ag amhastraigh air.



Biadh nuadh & sean-éadach do'n ramhcánuidhe.



Bíodh a leath ar gach taobh ar nós aonaigh an Ghleanna (le
hais Charraig na Siúire).



Bíodh eagla ort & ní baoghal duit.



Bíodh eagla ort roimh Dhia, & coimeád A aitheanta.



Bíodh rud agat féin no bí 'n-a éaghmuis.



Bíonn an aithrighe mhall contabharthach.



Bíonn an fear deireannach díoghbhálach.



Bíonn an fhírinne féin searbh.



“Bíonn an fhírinne searbh,” adubhairt Cloch Labhráis ag
preabadh.



Bíonn an rath i mbun na sona.



Bíonn ceann caol ar an óige.



Bíonn ciall ag dul a ceann duine aosda.



Bíonn cluasa ar na claitheachaibh (no frathachaibh).



Bíonn cluas bhodhar ag an bhfear foghla.



Bíonn searrach 'n-a ghearrán go Nodlaig.



Bó bhóthrach nó capall córach.



Bonn mór ag an gcapall beag.



Briseann an duthchas tré shúilibh an chait.



Buaidheann an fhoidhne ar an gcineamhaint.



Cad do chrom srón Firín ort?



Cad do-ghéanadh mac an chait acht luch do mharbhadh?



Cailín ag Móir & Mór ag iarraidh déirce.



Cáirde go Fóghmhar & cáirde go deóidh.



Caithtear gach maith le mion-chaitheamh.



Canann meisge nó fearg fíor.



Céadlonga (ciallacan) fada & ceal na mbróg, do-ghní
(dho dhineann) seanduine do dhuine óg.



Ceangal lae & bliadhna mar do-ghin Fionn le 'n-a churrachán.



Ceann cíortha dhíolann na cosa.



Ceannuigh an droch-dhuine & ní baoghal duit an duine
macánta.



Ceannuigh an sean-rud & béir gan éan-rud.



Ceannuigh daor, díol saor, & béidh an botún ort.



Ceileann searc ainnimh is locht.



Ceileann súil an nídh ná feiceann.



Ceithre coda d'aois an duine: fiche bliadhain ag teacht;
fiche bliadhain ar stad; fiche bliadhain ar meath; & fiche
bliadhain gur cuma ann nó as.



Ceithre nidhthe ná tiocfadh le hÉireannach iontaoibh leó:
Adharc bó; Crúb capaill; Drannadh madraidh; Gáire
Shasannaigh.


L. 5


Cé ná bíonn éan-chnámh sa theangain, is minic do bhris sí
ceann duine.



Ciall & mí-chiall nuair theangmhuighid siad le chéile; is dóigh
leis an bhfear gan éin-chiall gurab é féin fear na céille.



Ciall id' cheann, & an chiall atá ann, as.



Cion a gan fhios do mhnaoi nó leanbh.



Cionnus do bhéadh an t-ubhaillín acht mar bhéadh an t-ubhaillín.



Cíos do thighearna nó biadh do leanbh.



Clann na beirt' dearbhrátair, an leite & an sríobán
(sríobún).



Claoidheann neart ceart.



Cloch ar a faobhar ní saor do chuirfeadh í.



Cnuasuigheann triopall beart.



Cogadh gan eagla & gorta gan riachtanas.



Cogadh na gcarad, ní buan do bhíonn eatorra.



Coimeád do shiopa, & coimeádfaidh do shiopa thu.



Coinnigh an chnámh & leanfaidh an madradh thu.



Cómhairle chomhgarach neamh-chailleamhnach.



Chonnairc sé Murchadh, nó an rud ba ghirre dhó.



Cuarduigh dóth & an-dóth.



Cuimhnigh dá gcaillfeá do chuid do'n tsaoghal, do chreideamh
do choimeád; & má chailleann tú soin ní fiú náid thú.



Cuimhnigh sula labhrair, & féach sula léimir.



Cuir smacht ar do leanbh i laetheantaibh a óige.



Dhá chloich ar chloich & cloch ar dhá chloich.



Dá dtarraingeó'dh capall an choill, do mharbhó'dh éan-ualach
amháin é.



Dhá dtrian goithí rinnce.



Dá fhaid bhíonn an crúisgín ag dul go dtí an t-uisge, is é a
chríoch a bhriseadh.



Dá fhaid é an tEarrach ní as a rachaidh



Dá fhaid lá tagann oidhche air.



Dá ghirreacht duit do chóta is girre dhuit do léine.



D'aireó'dh sé an féar ag fás.



Dáltha an mhadraidh ruaidh & na silíní.



Dá mbéadh an ghrian ag sgoilteadh na gcrann, badh mhaith leis
an bhfuair-thé teas.



Dá mbéadh fios agat, bhéadh leigheas agat.



Dá mbéadh soindeann go Samhain, bhéadh breall ar dhuine éigin.



Dhá nídh gan náire, grádh & tart; acht rug an tochas an barr leis.



Dá olcas é Séamus, is fearr 'ná bheith 'n-a éaghmuis.



Dealg láibe nó focal amadáin.



Dearbhráthair do'n bhás an codladh.



Dearbhráthair do'n leadránacht an t-ólachán.



Dearbhráthair do Thadhg (riabhach) Domhnall (gránda).


L. 6


Dé bheatha a aindeise, & ní hé sin t'ainm-se.



Déin an Fóghmhar nuair géabhaidh tú an ghrian árd.



Déin connradh do réir sparáin.



Déineann breac-luirgneacht Earraigh formadacht Foghmhair.



Déineann ceann ciallmhar béal iadhta.



Déineann gach muc a gnó.



Déineann leanbh ciallmhar gasda
Athair subhach sólásac;
Is déineann leanbh baoth big-chiallmhar
Máthair dhubhach dhólásach.



Déineann na goithí dhá dtrian na hoibre.



Déineann seilbh sásamh.



Déin éan-uair amháin é, & tá sé déanta fá dhó (? fá dheóidh).



Déin gáire & do chealg sáithte.



D'fhear chogaidh comhailtear síothcháin.



Díomhaointeas mian an amadáin.



Dlighe na hiasachta an t-iarrach do bheith briste.



Do chaithfeadh éan-duine airgead & is fear gasta bhaileó'dh é.



Do-gheibheann an capall bás, fad do bhíonn an féar ag fás.



D'ólfadh sé an bhólacht & an capaillín glas.



Do mholadh Dé ná bí tuirseach; bíd A ghrásta ag triall go
mall.



D' orduigh Dia aonach gan gnó.



Do thairrngeó'dh súgán sneachtaidh é.



Druid le fear na bruide & ghéabhair connradh.



Dubhairt bean liom go ndubhairt bean léi.



Dúnadh an dorais tar éis na foghla.



Éan-tsúil amháin i gceann is cuma í bheith ann no as.



Éist le fuaim na habhann & gheóbhaidh tú breac!



Eólas gan ughdarás.



Fáilte Uí Cheallaigh.



Fál ar an ngort tar éis na foghla



Féadann cat a leaca lighe, is tá cead aige féachaint ar an
righ.



Fear díomhaoin is buadhairt é.



Fuacht na slinneán a bhreacann na luirgne



Gach bliadhain dá dtiocfaidh
Ag dul i bhfliche 's i ndéidheannaighe;
Is gach dream dá dtiocfaidh
Ag dul i mine 's i mbréagaighe.



Gach bocht le muir is gach saidhbhir le sliabh.



Gach bó dá haindeise is gach capall dá dheise.


L. 7


Gach daltha mar do hoiltear (& an lacha ar an uisge).



Gach re bliadhain bíonn an girrfhiadh fireann is buineann
(nó, gach re bliadhain bíd na fiadha fireann).



Galar gan náire an tart, acht bhuadhuigh an tochas air.



Gan blas gan buidheachas.



Gan easbha gan iomarca
Coinnigh an iall id' ghlaic;
'S gur mealladh an duine
Ná bainfeadh an t-iasacht as.



Glac an mhuc ar a cois nuair do-gheóbhair í



Glac an rud do-gheóbhair.



Glór mór i gceann beag.



Gnáthamh na hoibre an t-eólas.



Greim an fhir bháidhte.



Iarr ar mhnaoi é uair nó dhó, & muna dtagaid leat tar leó.



Iasacht na hiasachta.



I gcosaibh na con do bhíonn a cuid.



I mbéal an mhála bhíonn an bhainistighe.



Imtheó'idh a dtiocfaidh 's a dtáinig riamh;
Acht ní imtheó'idh na grásta go bráth ó Dhia.



Imthigheann an spré leis an ngaoith, & fanann an bhreill ar
an mnaoi.



I ndeireadh a gcoda do throidid na coileáin.



I ndiaidh an tsochair do bhíonn an grádh.



I ndomhan na ndall is rí fear éan-ruisg.



I n-ionad (i ndiaidh) a chéile thógtar na caisleáin.



I n-ithe na putóige do bhíonn a thástáil.



Innis dam cia leis go raghair, & inneósad duit cad do-
ghéanair (no, innis dam do chuideachta, & inneósad cia
hé thú).



Iomad do'n aithne, méaduigheann sé an tarcuisne.



Íomhaigh an bháis, an codladh.



Is áil liom é acht ní háil liom é.



Is ait leis na daoinibh dealbha an bhláthach.



Is árd fuaim na n-uisgí n-éadtrom.



Is báidheach lucht éin-chinidh.



Is beag an dealg do-ghní braon.



Is beag an mhaith an mhaith do mhaoidhtear;
Agus ní lugha é 'ná an mhaith ná hadmhuighthear.



Is beag sochar na sír-mheisge.



Is beag toradh bó aonair.



Is binn an béal bhéidh iadhta.



Is breagh an rud an t-óigeacht do'n té chuireann ar fóghnamh é.



Is buaine bládh (nó clú) 'ná saoghal.


L. 8


Is buan fear 'n-a dhuthaidh;
Níor cailleadh riamh i measg a chuainne.



Is caora an t-uan i bhfad.



Is ceirín do gach uile chréacht an fhoidhne (nó, is leigheas do
gach lot an fhoidhne).



Is creach do'n chat a puisín.



Is cuma le fear na mbróg cá gcuirfidh sé a chos.



Is dall súil i gcúil duine eile.



Is dána gach fear go tulaigh.



Is dána gach madradh i ndoras a thighe féin.



Is deacair a huan do bhaint de'n tsean-chaoirigh.



Is deacair an sean-fhocal do shárughadh.



Is deacair ceann críonna chur ar ghuailnibh óga.



Is deacair girrfhiadh do chur as an tor ná béadh sé ann.



Is deacair rogha bhaint a dá ghabhair chaocha.



Is deacair taobh do thabhairt leis na mnáibh.



Is dóigh le gaduidhe na gcruach gur bradach an sluagh.



Is dual riaghlughadh do réir oideachais.



Is é an duine an t-éadach; & is gréagach é an biadh.



Is éasgaidhe bior 'ná aidhean.



Is éasgaidhe neóin 'ná maidin.



Is é ordughadh na caillighe mar dob' áil léi féin.



Is é sin olann do bhaint a gabhar, & iarraidh abhrais ar phocán.



Is é teacht an tseagail é, an teacht fada mall.



Is é tionlac an philbín ó n-a neid é.



Is fada an rud bior gan biadh.



Is fada bhéidh do ghníomhartha féin baistthe ort.



Is fada cuimhneamh sean-leinbh (nó, sean-ghárlaigh).



Is fada deasga (nó iarsma) na droich-bheirte.



Is fearr áise na srathrach 'ná iasacht na hiallaite.



Is fearr am 'ná dóth.



Is fearr an mhaith atá 'ná an mhaith do bhí.



Is fearr ann é 'ná an ball follamh.



Is fearr an té éirgheann 'ná an té thuiteann.



Is fearr an té fhanann 'ná an té imthigheann.



Is fearr a oileamhaint 'na a oideachas.



Is fearr baighreán is bainne gabhair 'ná dul chum tighe ar
domhan dá mhéid.



Is fearr beagán de'n ghaois 'ná mórán de'n aitheantas.



Is fearr beagán sprionnluighthe 'ná mórán caillte.



Is fearr béasa 'ná breaghthacht.



Is fearr bheith díomhaoin 'ná bheith droch-ghnóthach.



Is fearr dhá cheann 'ná éin-cheann amháin.



Is fearrde bean leanbh, acht is misde dhi beirt.



Is fearr déidheannach 'ná ró-dhéidheannach.



Is fearr deireadh fleidhe 'ná tosach bruighne.


L. 9


Is fearr éan amháin ar láimh 'ná dhá cheann ar thor.



Is fearr éan-ghaoth fhortúin amháin 'ná dá mbéitheá ag briseadh
do chroidhe go deóidh.



Is fearr éin-chiall do cheannuighthear 'ná dhá chiall do mhúintear.



Is fearr éin-fhéachaint romhat 'ná dhá fhéachaint id' dhiaidh.



Is fearr focal sa chúirt na púnt (nó bonn) sa sparán.



Is fearr go deireannach 'ná choidhche.



Is fearr imreas 'ná uaigneas.



Is fearr leath-bhairín 'ná bheith gan arán.



Is fearr mac le himirt ná mac le hól.



Is fearr marcaigheacht ar ghabhar 'ná coisidheacht dá fheabhas.



Is fearr preabán (nó píosa) 'ná poll, & is fearr lom 'ná léan.



Is fearr rith (nó teicheadh) maith 'ná droich-sheasamh.



Is fearr Séamus 'ná bheith 'na éaghmuis.



Is fearr sean-fhiacha 'ná sean-fhala.



Is fearr síor-ualach 'ná sár-ualach.



Is fearr suidhe 'n-a aice 'ná suidhe n-a ionad (nó, 'n-a áit).



Is fearr súil le béal na con 'ná súil le béal na huamha.



Is fearr súil le glas 'ná súil le huaigh (nó, le críon, nó, le
húir).



Is fearr tigh follamh 'ná droich-thionóntuidhe.



Is fiú oineach mall druidim 'na choinnibh.



Is foidhneach fear gan fearg.



Is fuar an rud clú gan caraid.



Is fuar gach fliuch & is dubh gach déanach



Is furuist aithne an duine mhuinnteardha i gcruadh-chás.



Is furuist aithne buille an tsean-duine.



Is furuist deargadh ar aithinne fhor-loisgthe.



Is furuiste airgead do rádh 'ná do bhailiughadh.



Is furuist fuineadh i n-aice mine.



Is geal leis an bhfiach dhubh a gearrcach féin.



Is géire súil sa chúil 'ná dhá shúil ar fuid an tighe.



Is girre cabhair Dé 'ná an doras (nó, 'ná, iadhadh an dorais).



Is girre (nó, is túisge) deoch 'ná sgéal.



Is glas an rud an Foghmhar.



Is gnáthach an rud is girre do'n chroidhe gurab é is girre do'n
bhéal.



Is iad na péarlaí i gcluasaibh muc iad.



Is iomdha croicean chuireann an óige dhi.



Is iomdha lá i mbliadhain is fiche, & ní'l éan-lá dhíobh ná
tigeann.



Is iomdha rud do mheabhruigheann (nó, mhúineann) an díomhaoin-
teas. Is iomdha rud do chuimhnigheann an té bhíonn
díomhaoin.



Is iomdha saighead ar a bogha siúd.



Is iongnadh fear aitheanta na luchta bheith go holc um an mbiadh.


L. 10


Is leath beathadh bean mhaith thighe.



Is leór ó Mhóir a dicheall.



Is mairg bhíonn go holc, & bheith go bocht 'n-a dhiaidh.



Is mairg bhíonn i dtir gan duine aige féin (nó, i dtír ná
haitheantar é).



Is mairg bhíonn thíos do'n chéad bhuille.



Is mairg chailleann a gheasa.



Is mairg do bháithtear i n-am an anfhaithe;
Mar tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne.



Is mairg do-bheir rogha dá chomhursain.



Is mairg do-ghní deimhin dá bharamhail.



Is mairg do thóg leanbh 'n-a laogh dhó fhéin.



Is mairg fhanann leis an lá déidheannach.



Is mairg gur beag leis Dia mar lón.



Is mairg ná bíonn buaidheartha iasachta air.



Is mairg ná bíonn fear a bhrait n-a chuibhreann.



Is mairg nach comhairlidhe dhó bean.



Is mairg ná déanann comhairle dheagh-mhná.



Is mairg tigh ná tathuighid fir.



Is maith an bhean chaithte an ghaoth.



Is maith an bhean chaointe an ciarsa (baraille).



Is maith an chara; & do b'olc bheith 'n-a heasbhaidh.



Is maith an cócaire an cócaire fireann.



Is maith an comhartha an cheannrach.



Is maith an mustárd an sliabh.



Is maith an sgéaluidhe an aimsir.



Is maith an t-anlan an t-ocras.



Is maith an t-iománuidhe an té bhíonn ar an gclaidhe.



Is mall Dia, acht triallann A ghrásta.



Is maol guala gan bráthair; & is mairg bhíonn gan dear-
bhráthair.



Is milis an rud an t-anam.



Is milis dá ól é, & is searbh dá dhíol é.



Is minic bhí an ciúin ciontach.



Is minic bhí braimín (searaichín) giobalach 'n-a ghillín (fhiadh-
guidhe) chumasach.



Is minic bhí cú mall subháilceach.



Is minic bhí duine 'n-a dhroch-chomhairlidhe dhó féin, & 'n-a
chomhairlidhe mhaith do dhuine eile.



Is minic bhí eagla ar dhuine, & gan gábhadh aige chuige.



Is minic bhí gránda greannmhar & dathamhail dona.



Is minic d'fhan fear sona le séan, & do thug (do-bheir) fear
dona do-léim.



Is minic do bhain duine slat chum a bhualadh féin.



Is minic do cailleadh long láimh le cuan (nó, i ngar do
chuan).


L. 11


Is minic gur sia théidheann an bhréag 'ná an fhírinne.



Is minic nár bh'fhearr bheith ró-dheas 'ná bheith id' chleas-
mhargaidh.



Is minic rug na cleití an fheóil leó.



Is mó an chaint 'ná an cneadaidh.



Is mó an tuilleadh 'ná an comhaireamh.



Is mór an mhaise ar shean-bhróig búcla.



Is mór an nídh buile an tsean-duine.



Is mór í an fhírinne & buaidhfidh sí.



Is mór-thaidhbhseach (breagh) iad adharca na mbó thar lear.



Is olc an chú nach fiú í fead do leigean uirri.



Is olc an tslighe do dhuine bheith ar lorg a mhadraidh & gan
fios a dhaith aige.



Is olc mheileann leath-bhró.



Is san obair do-gheibhtear an fhoghluim.



Is searbh an síor-phort.



Is treise duthchas 'ná oileamhaint.



Is trom an t-ualach, ualach do phutógaibh folmha.



Is úr (fial) stiall de leathar dhuine eile.



Ith smior mairt is bí cruaidh tapaidh;
It smior muice is bí mór meathta.



Lá ar meisge & lá ag ól uisge.



Lá brónach dá phósadh, & lá deórach dá chur.



Láir sheang nó carúin teann.



Lean ar an meath & tiocfaidh sí.



Le duthracht & le háthas.



Leig chum an bhodaigh mé, acht ná leig an bodach chugam.



Léim choiligh ar charn aoiligh.



Má déantar i n-éan-chor é, déantar ó anuraidh é.



Mara n-oireann an caipín duit ná caith é.



Mar dtuiteann an crann, is ann do-geibhtear na slisneacha.



Mar mhaithe leis féin is eadh do-ghní (dhineann) an cat crónán



Má's cam slighe is réidh ród



Má's fuar (fáltha) an teachtaire is fuar (fáltha) an freagra.



Má's le bheith ceartach dhuit bí cruinn-cheartach.



Má's maith é is mithid é.



Má's maith leat bheith buan caith (ól) fuar & te (teic).



Má's peachadh bheith buidhe tá na mílte damanta.



Má tá bréag ann, bíodh.



Má thídhir ag imreasgáil leis an salchar, bí thíos thuas,
saileó'idh sé thú.



Mo ghrádh thú an rud agat.



Molann an obair an fear.



Mol an óige & tiocfaidh sí.


L. 12


Mol gort & ná mol geamhar.



Múchadh feirge, so-fhreagra.



Muna bhfuil sé díreach ní féidir dó gan bheith cam (nó, ní
fuláir dó bheith cam).



Muna mbéadh acht puisín agam, bhéinn i lár an aonaigh leis.



Muna mbéidh sé tirim, is fliuch is fearr é.



Muna raibh sé indé agat beidh sé indiu agat.



Ná bac éinne ná béidh a bheag nó a mhór éifeacht aige.



Ná bí ag déanamh na cróite go mbéidh súil leis na tuirc
agat.



Ná bí bocht ná spadánta.



Ná bris do gheasa.



Ná bris reacht & ná déan reacht.



Ná caith an t-uisge salach féin amach nó go mbéidh an t-uisge
glan istigh agat.



Ná ceannuigh bó mhaol, ná díol bó mhaol, & ná bí gan bó mhaol.



Nach maith an chuideachta dhúinn ar ndith-chéille?



Ná cuir an cárr roimh an gcapall.



Ná cuir an maith ar cáirde.



Ná éirigh acht go hannamh chum tighe do charad
Agus gheóbhaidh tú fáilte;
Éirigh ann go minic, & béidh romhat
Dearg-chnáide.



Ná fág cuid na hoidhche go soiche (teacht) an lae.



Ná feic a bhfeicir, & ná clois a gcloisir.



Ná gearradh do theanga do sgórnach.



Ná haltuigh an biadh go gcaithfidh tú é.



Ná leath do bhrat acht mar fhéadair a tharraing.



Na muca ciúine d'itheann an triosg.



Ná nocht t'fhiacla go bhféadfair an greim do bhreith.



Ná spáráil do bhean ná do chapall coidhche; dá bhfuightheá
bás i mbárach níor bh'éasgaidhe do mhadradh féin chuca
'ná madradh do chomhursan.



Ná tabhair taobh le fear fala.



Ní abrann galar fada bréag.



Ní baintear fuil a turnap.



Ní bhfuigheann lámh iadhta acht dorn dúnta.



Ní bhfuigheann sír-iarraidh acht sír-eiteach.



Ní bhíonn an maith déidheannach éan-uair.



Ní bhíonn an rath acht mar mbíonn an smacht.



Ní bhíonn aon adhall gan arc.



Ní bhíonn gort gan déasacha fiadhna.



Ní bhíonn grádh deagh-mhná ag grogaire liath.



Ní bhíonn saoi gan locht (& bíonn dá locht ar gach éan-tsaoi).



Ní bréag an fhírinne; is lá saoire an Domhnach.


L. 13


Ní bhriseann deagh-ghlór fiacal.



Ní brúidhte go dul i n-aois.



Ní bhuaidhfeadh éan-rud ar an sean-nós.



Ní buidhe ó'n ngréin atá sé, acht buidhe ó'n bpréimh



Ní caidreamh go héin-tigheas.



Ní céasadh go pósadh;
Is ní féasta go rósta.



Ní cortar fear na héadála.



Ní cuirtear síol na sméar;
'S is annamh an treise ag fear gan léigheann.



Ní daortha go breith an bhreithimh.



Ní dheaghaidh fear meathta chum baintighearnan.



Ní dheaghaidh fial go hIfreann.



Ní dheaghaidh rogha ó réidhteach (nó, ní théidheann rogha ar
réidhteach).



Ní dhéanann béal dúnta aighneas.



Ní dhíolann dearmhad fiacha.



Ní dhíolann fiacha na fiacha eile.



Ní fachtar maith le mugha is ní fachtar clú le déirce.



Ní fear é ar aonach, ná ar margadh, ná ar phobal an Aifrinn.



Ní fearr a rádh 'ná cuimhneamh air.



Ní fearr biadh 'ná ciall.



Ní féidir an sean-fhocal do shárughadh (nó, ní sáruighthear
na sean-fhocail).



Ní féidir bheith ag ithe mine & ag feadaíl.



Ní féidir rith & amhastrach do dhéanamh.



Ní féidir treabhadh & tiomáint do dhéanamh.



Ní fios cia aca is searach na deagh-lárach.



Ní fiú uisge na gcos thú.



Ní follamh an gleann i mbí an t-uisge.



Ní fuláir iomad na sláinte dhíol.



Ní ghabhann dorn dúnta seabhac.



Ní ghabhann líonta stractha iasg.



Ní gnáthach caonach ar chloich bhíonn ag síor-choruidhe (nó, ní
thagann caonach ar chloich reatha).



Ní gnáthach fear náireach éadálach.



Ní gnáth ceisneamh ar ndíth (ndíogha?) tighearna.



Ní girrde an iall bheith san uisge.



Ní háil liom fear breibe.



Ní hanfhaithe go gaoith andeas.



Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb.



Ní hiad na daoine breaghtha bhaineann an Fóghmhar.



Ní hí an bhreaghthacht do chuireann an corcán ag fiuchaidh.



Ní hinnfhiúchthar fiacla an eich bhronntar.



Ní hionann dul go baile mór & teacht as.



Ní hionann is éan-rud is gaol na gcnámh.


L. 14


Ní hionmhuin le Dia an béal bréagach.



Ní híseal ná uasal, acht thíos seal is thuas seal.



Ní huaisle mac ríogh 'ná a chuid.



Ní'l aige acht an sgrogal is an t-iogán.



Ní'l an chathair mar a tuairisg.



Ní'l cogadh is géire 'ná cogadh na gcarad, acht ní bhíonn sé
buan (nó, ní buan cogad na gcarad).



Ní'l éan-bhanna ná tagann a dháta.



Ní'l éan-bhaoghal go deóidh ort;
Acht coinnigh lár an bhóthair.



Ní'l éan-mhaith i gcaoineadh nuair imthigheann an tsochraid.



Ní'l éin-bhean is gnáthaighe droch-bhróga 'ná bean an
ghréasuidhe.



Ní'l éin-teinteán mar do theinteán féin.



Ní'l foghail is measa 'ná foghail an choráin.



Ní'l luibh ná leigheas i n-aghaidh an bháis.



Ní'l sprid ná púca gan fios a chúise aige.



Ní'l tuile ná trághann (acht tuile na ngrás).



Ní lugha an fhroigh 'ná máthair an uilc.



Ní maith sagart gan cléireach.



Ní mar a chéile Seaghán O Dálaigh is Bharain (Magh Caomdha).



Ní mar fhéachann an long do shnámhann sí.



Ní maruidhe go fear stiuir.



Ní mhúinfeadh an saoghal é ná cogadh na bpiléar.



Níor bhris deagh-fhocal béal éinne riamh.



Níor cheannuigh éinne riamh an tsíothcháin acht an té ná fuair í.



Níor imir mé an lámh láidir ar éin-fhear riamh, acht do-
ghéanainn a hiadhadh leis an spreas.



Ní sásuighthear an tsúil le hamharc, & ní líontar an chluas le
héisteacht.



Ní sheasmhann rith do'n each mhaith i gcomhnuidhe.



Ní sgorn do dhuine bhocht ciall do bheith aige.



Ní thagann aon droich-nídh amháin 'n-a aonar.



Ní thagann ciall roimh aois.



Ní thagann éag gan ádhbhar.



Ní thagann luas is léireacht le chéile.



Ní tháinig cruinnightheóir riamh ná tiocfadh sgaipitheóir 'n-a
dhiaidh.



Ní théidheann comhar na gcomhursan le chéile.



Ní théidheann dlighe ar riachtanas.



Ní théidheann dlighe san mbuille ná buailtear.



Ní torann tréan go tóirneach.



Ní thugann an gobadán an dá thráigh léi i n-éinfheacht (nó,
ní thagann an dá thráigh leis an ngobadán).



Ní thug éinne riamh comhairle uaidh, ná téidheadh cuid di ar
mhaithe leis féin.


L. 15


Ní thuigeann an sáitheach an seang, nuair bhíonn a bholg féin
teann.



Nuair bhéidh do lámh i mbéal an mhadraidh, tarraing go réidh í.



Nuair bhíonn an cat amuigh (nó, ar an margadh) bíonn an
luch ag rinnce.



Nuair bhíonn an leabhar againn, ní bhíonn an léigheann againn.



Nuair is cruaidh do'n chailligh caithfidh sí rith.



Nuair is gann an biadh is fial a roinnt.



Nuair is mó an anachain is eadh is girre do'n chabhair é.



Nuair is mó an spórt is eadh is cóir stad de.



Nuair labharfaidh an chuach ar chrann gan duilleabhar.
Díol do bhó & ceannuigh arbhar.



Nuair lagann an lámh lagann an grádh.



Nuair raghair chum na Rómha caithfidh tú bheith id' Romhánach leó.



Nuair stadann an síol stadann an fuirseadh.



Nuair thagann an t-am, tagann an chlann.



Nuair thiocfaidh i mbárach tiocfaidh a chuid.



Nuair thiocfaidh lá tiocfaidh comhairle.



Pé olc maith an ealadha is tathaidhe do-ghní (dhineann) máighis-
treacht.



Pé rud adeir an saoghal go léir tá an ceart ann.



Pé théidheann as nó ná téidheann as, ní théidheann fear na
headarghabhála as.



Ponc do'n dlighe bheith séantach.



Ríoghacht gan duadh ní dual go bhfachtar.



Rithid uisgí doimhne go ciúin.



Roinneann Dia na subháilcí.



Sábháil an Foghmhar fhaid is bhéidh an ghrian suas.



Sagart balbh sagart dealbh.



Seachain & taobhuigh; is ná tabhair an t-aitheantas ar éanrud.



Seachain droch-chuideachta.



Seachain na sléibhte.



Sgéidheann fíon fírinne.



Sgoilteann breab an chloch.



Sicíní an Fhóghmhair, pípirí an Gheimhridh.



Sinn féin, sinn féin.



Síoda buidhe ar Shiobhán is na preabáin ar an athair.



Siubhal sioraigh gan mháthair.



Sliseóga d'éan-mhaide amháin iad.



Socrughadh na caillighe mar dob' áil léi féin.



So-nuachar do'n do-nuachar.



Stiúr gach maitheasa, grádh Dé.



Suill bhuidhe do chur ar dhruim muice méithe


L. 16


Tabhair dam éan-rud is bhéarad dó dhuit.



Tabhair rogha do'n bhodach & tógfaidh sé díogha.



Tabhair-se sin damh-sa, & bí féin id' óinsigh.



Tá balcaisí a ghnótha air.



Tabhartas Uí Bhriain, & a dhá shúil 'n-a dhiaidh.



Tagann an cháirde & ní maithtear na fiacha.



Tagann maith le cáirde & grása le foidhne.



Tar a éis do-chítear gach beart (acht dho'n thé chaitheann an
bheart roimhe).



Tar éis na mionn is fearr na mná.



Tart deireadh an óil & brón deireadh an mhairg.



Tásdáil do dhuine muinnteardha sula dteastó'idh sé uait.



Tá sé chomh géar le bó mhaol.



Tá sé comh roighin le táithfhéilean.



Tá tú bog cruaidh anois mar earball na bó.



Teangmhuigheann na daoine le chéile, acht ní theangmhuigheann
na cnuic ná na sléibhte (nó, castar na daoine ar a
chéile, is ní castar na cnuic ná na sléibhte).



Teasmhach dearg nó fír-riachtanas dhá nídh nach féidir do cheilt.



Tigh ar béal bóthair;
Ní haistear é acht comhgar.



Tiocfaidh an liath i lúth,
Is béidh an lúth ag cáitheadh;
Béidh muileann ar gach sruth,
Agus mná óga gan náire.



Tóg an liathróid ar an gcéad luasgadh.



Tóg uaim é, is gan uaim acht é.



Toigh do chuideachta sula suidhfir (nó thara dtéidhir ag ól).



Tosach & deireadh an duine chum na teineadh triallann.



Tosach ceatha ceó, & deireadh catha gleó.



Treabhadh Mhuinntire Mhúrnáin.



Trosgadh an chait cheannfhinn;
D'íosadh sí feóil is ní ólfadh sí bainne.



Tuar fola, fearg dhian.



Tuigeann fear léighinn leath-fhocal.



Tuill ór & caith é.



Túis na heagna, uamhan Dé.



Uain nó taoide ní fhanaid le héinne.



Ualach an ghiolla leisg, beireadh leis nó fágadh.



Uan fireann fionn i dtúis bliadhna, níor ghrádhas riamh
d'fheicsint.



Uireasbha do-ghní cumhadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services