Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fuínn na Smól - Cuid a hAon

Title
Fuínn na Smól - Cuid a hAon
Author(s)
Bailithe ag Pádraig Breathnach,
Compiler/Editor
Breathnach, Pádraig
Composition Date
1913
Publisher
Muinntir Bhrúin agus Nualláin

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Do
Riobárd Bheldon



.i.



An fear oibre slachtmhar sár-ghlic
A chomhnuigheas i ngleann ghlas aoibhinn na Machan
Fá sgáth sléibhte sgéimh-chruthach an Chomaraigh
I bparóiste Chillrosanta na nDéiseach.



An file binn-ghlórach, caoin-bhéalach cruinn-bhréithreach
Do chleachtas ill-cheárd na suadh & na sean-bhárd nÉireannach
Do rug bonn óir ó'n Oireachtas
Do ghabh trí huaire ins an oiread sain bliadhanta
An chéad duais i n-iomaidheacht filidheachta
I bhFeis na Mumhan.



Do'n sár-fhear reamh-ráidhte
Le meas ar a cháil
Tá an leabhairín so dhá thoirbheirt
Ó n-a dhuine Mhuinnteardha
Pádruig Breathnach.


L. 3


Fuínn na Smól



Is Truagh gan Peata 'n Mhaoir Agam.



Gléas G. - Go suairc.



1.



Is truagh gan peata'n mhaoir agam, is truagh gan peata'n
mhaoir agam, is truagh gan peata'n mhaoir agam, 'S na
caoirigh beaga bána, Is ó goirim
goirim thú, Is grádh mo chroidhe gan cheiligh thú, Is
ó goirim goirim thú, 'Stú peata beag do mháthar.



2.



Is truagh gan maoilín bán agam
Is truagh gan maoilín bán agam
Is truagh gan maoilín bán agam
A's fáilte ó mo ghrádh gheal.



Curfá: Is ó goirim, &c.



3.



Is truagh gan bólacht bainne agam
Is truagh gan bólacht bainne agam
Is truagh gan bólacht bainne agam
A's Cáitín ó n-a máthair.



Curfá: Is ó goirim, &c.


L. 4


An Maidrín Ruadh.



Gléas E, - Go caoin.



1.



Ar maidin Dé Luain cois gleann' dom do chuadhas,
Is mé ag cur tuairisg mo ghéana,
Do fuaras a dtuairisg, do chuadas suas leis an
maid(i)rín ruadh 's é ar saothar.
Och! greadadh croidhe cráidhte ort a mhaid(i)rín ghránna,
Do rug uaim m'ál breágh géana.
Mo chearca beaga bána, mo choiligh beaga Márta,
Is mo lachain beaga b'fhearr a bhí i n-Éirinn.



2.



Is ró-bhreágh an sólás ar baisde nó ar pósadh
Ceann nó dhó dom' ghéana,
nó blaise d'á gcuid feóla thabhairt do dhuine bhreóité ná
cimeádfadh sé gan dreochaint sa chré iad.
Is ni'l aon ainnir ins a' Mumhain le chéile,
Ní'l sagart ná úghdar céille, gheobhadh blaise d'á gcuid
soup ar maidin nó ar nóin,
'Ná go mbfhearr leo súd 'ná daor phunch.



3.



Do bhronnas a gclúmh mar adhbhar leapthan ar an diúc,
'S ba dheacair dam é thabhairt ar ao' rud,
Ní raibh cleite ar a ndrom ó na méirsgrí ar a mbun,
Nach raibh air(i)gead ramhar dom féin sin.
Ní thabharfainn iad ar saidhbhreas Déamur,
Ní fhéadfinn déanamh dh'á n-éaghmuis.
'S dá gcuirfinnse a gcrích gach a mbeirid siad d'uíb,
do dhíolfadh siad mo chíos dam gach féile.


L. 5


Curfá -



An maid(i)rín, ruadh, ruadh
ruadh, ruadh, ruadh,
an maid(i)rín ruadh 'tá gránna.
An maid(i)rín ruadh 'n a luighe 'sa luachair,
Is bárr a dhá cluas i n-áirde.



Do chualas an ceól so ag Nóra Ní Loingsigh. Do réir mar a fuaras
cúntas ó Nóra is amhlaidh bhíodh sean-bhean déirce ag siubhal ar fuid na
dúithe fad ó riamh, ar an dtaobh thiar de Maghchromtha. Is 'mó amhrán
breágh bhí aici. Ba mhinic í ag tabhairt an cheóil seo thuas uaithi. Tá
breis is deich mbliadhna 's dathad ann ó chualaidh Nóra é.



Bí Meadhrach a Bhanba.



Gléas C. - go haerach.



1.



Bí meadhrach feasda, a Bhan(a)ba'n aoilchnis,
Do chlann cé chailleadar teanga a sínsear;
Tá le sealad d'á casadh arís ort,
Ag Connradh acfuinneach neartmhar na Gaedhilge.



Curfá



Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag teanga na Gaedhilge,
Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag casfimíd arís í.



2.



A' caoidh le fada, a Bhan(a)ba, taoise,
Do bhár gur shladadar Galla do mhín chnuic;
Ach 'sé do mharbh is do lagaig do chroidhe 'nnat
Do chlann ag labhairt i dteangain do naímhde.


L. 6


3.



Tá'n lá ag easgairt ar mhaithibh na tíre,
'S beidh feisean' acu'n gach cathair id rioghachtsa;
Ceól binn le rannaibh dá spreagadh ar phíopa,
'S ar cláirseach leathan 'bhí sealad ad rígh bhrog.



4.



Bhí'n Ghaedhilge teanga cheart flatha 'gus ríoghna,
Tuatha De Danann is Clanna Maith Mileadh;
An té nár thathaig í, geallaim óm chroidhe dhuit,
Ar stair na seana so labhairt nár chuibhe do.



5.



Sí'n Ghaedhilge teanga na mullach 's na mín chnoc,
Na ráth, na bhfearann, na gcarn na gcoillte,
Na mbeann, na n-abhan agus altain na craoibhe,
'S ní thuigfeadh Sasanach dadamh d'á mbínn ghuth.



Seaghán Ua Seaghdha
ó Chathair Saidhbhín.



Fuair an t-amhrán sa thuas an chéad duais ag an Oireachtas 'sa
mbliadhain 1903.


L. 7


Bó na Leath Adhairce.



Gléas C. - go haerach.



1.



Thíos cois na toinne 'seadh beathuigheadh mo chaoir'
Ag Diarmuid Ua Dioláín ó Bharra na hAoine,
Mac drithár athar dom chuir le faill
í easba tobac a bhí ar a' gcladhaire.



2.



B'fhearr liom ná sgilinn go bhfeicfinn mo chaoire
'Teacht go dtí 'n dorus ar maidin nú 'stoidhche,
Thálfadh sí bainne dhom, bheathóch' sí uan dom,
Chuirfeadh sí Jacketeen deas ar mo ghualainn.



3.



Chonacsa beirthe í, chonac dá roinnt í,
Chuireassa dúil inti, blúire ní bhfaighinn di,
Ó nách deas í! Ó nách meidhreach!
Ó nach deas í an tseana chaoir' adharcach.



4.



Dá mbeinnse i rachmas, i ngradam, 's i n-oighreacht
Thabharfainnse giní ar chúp(a)la sladhais di,
Ó nách deas í! Ó nách meidhreach!
Ó nách deas í an seana chaoir' adharcach.



5.



Íosfainn lán pici dhi íosfainn lán oidhinn di,
Íosfainnse sliotar den tseana chaoir adharcach,
Ó nách deas í! Ó nách meidhreach!
Ó nách deas í an tseana chaoir' adharcach.


L. 8


Curfá.



Bó, bó bó na leath-adhairce
Bó bó 'sí an tseana chaoir' adharcach
Bó bó bó na leath-adhairce
Bó dhruim fhionn dhearg 's ní fheadar cá bhfaighinn í.



Caitilín Ní Uallacháin.



Gléas B - go socair.



1.



Ó measamaoid nach calm sin do'n bhuaidhirt 'san Spáinn,
Acht mealladh slíghe chum catha cloidhimh do thabhairt i dtráth,
Beidh Galla arís dá leagadh síos le lúth ár lámh
Is mac an rígh ag Caitilín Ní Uallacháin.


L. 9


2.



Ó geallaim díbh nach fada arís gur buadhartha an gháir,
Ag arm an faobhair dá gceapadh linn, 's fuadar lámhaigh;
Is tapa cruinn do phreabfamaois 's is buacach, árd,
Dá mbeith mac an rígh ag Caitilín Ní Uallacháin.



3.



Is fada sinn ag faire le fuasgail d'fhaghail,
'Nár stollairibh gan balcaisidhe 'ná lúth 'nár lámhaibh
Beidh barca líonta ar bharra thaoide, 's fuaim ar sáil,
Le mac an rígh chum Caitilín Ní Uallacháin.



4.



A Mhuire dhílis! a chara chaoin-ruisg, gach uair 'nár bpáirt,
Agail Íosa ar son na nGaodhal bhocht, is cruaidh an cás!
Lucht an ísbirt do chur ar díbirt, ar stuaire mná
'S a céile fír-cheart, do theacht tar taoide gan buaidhirt 'na dáil.


L. 10


A Mháire 'gus a Mhúirnín.



Gléas D. - roinnt mall.



1.



A Mháire 'gus a mhúirnín 'sa
lúibín na gcraobh-fholt,
An cuimhin leat mar do shiubhalamis
Ar dhrúchtín í'n fhéir ghlais?
A bhláth na n-ubhal gcúmhra na
gcnú buidhe 's na gcaortha,
Do pháirtse níor dhiúltuigheas,
Cé dúbhach taoim it éileamh,



2.



Dá mbeinnse im' iasgaire
Thiar i mBeinn Éidir,
Is Máire na ngeal mbrághad n-a brad-
án ar Loch Éirne.
Is súgach 's is meidhreach,
Do raghainnse dá héileamh,
'S do gheobhainn í im' líontán,
'sí grianán ban Éireann.



3.



Dá mbeinnse i Londain mar
Cheann ar an ngárda,
'Gus cead agam ó'n bhFranncach mo
Long do chur thar sáile.
Cúig mí le púnta,
Dá mb'fiú sin gach lá mé,
'S í Máire mo roghasa,
's do bhronnfainn mo stáit di.


L. 11


Máire Bheag na Gruaige Báine.



Gléas F. - go cneasta.



1.



Cois na Bríghde thiar, atá mo ghrádh le bliadhain
Is áilne í 'ná grian an tsamhraidh,
Is go bhfásann mil 'na diaigh ar lorg a cos 'san tsliabh
Dá fuaire í an uair t'réis na Samhna.
Do gheobhainn gan stad mo chiall, dá ngeobhainnse í am' líon
Agus chuirfinn brón díom gan buaidhreadh
Is ar comhairl' a rugadh riamh ní thogfaidh mé acht mo mhian
'S í mo mhúirnín Máire bheag na gruaige báine.


L. 12


2.



Nár thigeadh féin do'n éag, nó seal fé bhárr an fhéir
Is cumha as do dhéigh ní náir liom,
Acht codl' ar nós na n-éan i mbárr bog na gcraobh
Nó'n bhfuil aon fhear i bpéin mar atáimse.
Dá fad í an oidhche 'réir níor chodail mo shúile néal
Acht a' machtnamh ar ghniomharthaibh Mháire
Is go bráth nár thagaidh an t-éag i mbárra fuar mo ghéag
Go bhfeicfad Máire bheag na gruaige báine.



Seán Buidhe.



Gléas D.



1.



Stadaidh d'bhur ngéar ghol, a ghas(a)ra chaomh so,
Ná scaipidh bhur ndéara ní gádh dhíbh;


L. 13


Táid fearachoin laochda na Banaban aosda,
Go bagarthach baoghlach ag gárduigheacht.
An aicme seo'n Bhéarla 'tá i gceannus na hÉireann,
Do cheangail ár gcléir bocht fé árd-chíos,
Beidh feasda fé dhaorbhruid ag freastal do Ghaedhlaibh,
'S is acmhuinn a saortha ag Seán Buidhe.



2.



Casfid na Séamuis le feartaib an Aon-mhic,
Is stadfidh go héasca bhur n-árd-chaoidhe,
Cé fada go faon sibh ag tarraint na cléithe,
'S ár mbailte ag méirlig gan fághail dlighe,
Ni'l spreallaire craosach ler spalpadh an t-éitheach
Ná caithfe de léim dul i mbárr claidhe,
Le heag(a)la Shéarluis an faraire tréitheach,
Do ghlanfidh a hÉirinn do Sheán Buidhe.



3.



Beidh gairm ag Gaedhlaibh go fairsing 'n-a dhéidh sin,
Is Galla dá dtraochadh mar tá thaoi.
Beidh preabaire Gaedhlach nó scafaire Méara
'S an chathair fé féin is ní cás linn.
Beidh Aif(i)reann Naomhtha i gceallaibh na hÉireann,
'S beidh cantain ag éigsibh go hárd bhinn,
'S ar mh'fhallaing go mbéadsa 's céad ainnir maraon liom,
Ag magadh gan traochadh fé Sheán Bhuidhe.



Eibhlin Ní Chaoilte ó Chathair Druinge do chum.


L. 14


Teanga na nGaedheal.



Gléas D. - go sprideamhail. Riobárd Bheldon do chan.



1.



Ar ár dteangaidh mhín mhilis bhí againn is d'imthigh,
Mo bhuaidhreadh sa thiubaist, is méinn liomsa trácht,
An teanga úd budh bhinne 's gan amhrus budh chliste,
Do thréoruigheadh do hoileadh fá thar(a)mainn dámh.
Má rachaidh le fuinneamh gach fear i gceann chuinge,
Le cungnamh Mhic Mhuire do fillfidh sí slán,
'S beidh sean-teanga an gliocais go buacach dá seinim,
Fá ghradam go sultmhar i n-Éirinn go bráth.



2.



M'fhád-tuirse léirghuirt is minic le tréimhse,
Bhí osna im' thaobhsa cé dúbhach liom é rádh,
Ag glamaig an Bhéarla am' chiapadh 'sam' chéasadh
Ar cheileabhar na n-éigeas budh shear(a)bh leó trácht.
Acht beirim mo bhuidhchas go bhfuilid dhá maothadh,
Fá cheathannaibh Ghaedhilge 'na dtuiltibh gan trághadh,
'S go gcaithfidh siad géilleadh do chomhradh na gceudta
Tá a' triall chum na feise, 'S go mairid a gcáil.



3.



Is tarcuisneach léanmhar mar eachtra dhá léigheadh é,
A chlanna na dtréan-chath, is dúbhach 'sis díom-bhádhach,
Bheith 'n ár seasamh ag feuchaint ar theanga dhil ghlégil,
Na bhfeara-chon éachtach dá claoi leis an mbás.
Nó cad é bhudh bhaoghal dúinn dá ndruidfimis léise,
A cháirde na n-ae 'stigh, go síothmhar deagh-grádhach,
'S le misneach a's éifeacht cómhpháirteach, cómh-mhéineach,
Do thabharfamaois saor í gan chreim as a' láib.


L. 15


4.



'S í teanga na féile í labhair Pádruig Naomhtha,
'Na thaisdiol i n-Eilge a' cur fachaid chum fáin,
'S í labhair an Sáirsealach i mbeárna an bhaoghail,
Ag Luimneach an éirligh ag treasgairt chlann Sheagháin,
'S í labhair an fear taodhach ar maidin an lae úd,
A gCluain Tarbh na laochradh - sé Brian tá mé rádh,
Is na Danair dá dtraochadh le h-airm cruadha gheura
'N lán-rioth go feirsgeach ar Éirinn go bráth.



5.



Goirim gach séimhfhear tá líomhtha, pras; léighionta,
Ó Shionnain go h-Eirne 's i gcríoch h-Insefáil,
Beith a' síorchur le chéile gan stríochadh gan staonadh,
Go gcuirfear an Ghaedhilge go seunmhar 'na h-áit
'S gach cearrbhach mbudh mhéinn leis bheith dílis dá réir sin
Bíodh sé go h-eusgaidh 'na shuidhe i mbun chláir
'S ná cailleadh, má's féidir, aon chúig le silthéigeacht
Go mbuaidhfear 'san éiliomh leis an nGaedhilge go bhráth.


L. 16


Druimfhionn Donn Dílis.



Gléas C. - go hana-chroidheamhail.



1.



A dhruimfhionn donn dílis, a shíoda na mbó,
Cá ngabhann tú san oidhche 's cá mbíon tú 'sa ló?
O, bímse ar na coílltibh, 's mo bhuachail am chómhair,
Agus d'fhág sé siúd mise ag síleadh na ndeór.



2.



Ní'l fear an, ní'l tigheas 'gam; ní'l fíonta ná ceól,
ní'l flatha am choímhdeacht, ní'l saoithe ná slógh;
Ach ag síor-ól an uisge go minic 'sa ló,
Agus beathuisge 's fíon ag mo naímhdibh ar bhórd.



3.



Dá bhfaghainnse cead aighnis, nú radharc ar an gc'róinn,
Sasanaigh do leidhbfinn mar do leidhbfinn seanabhróg;
Tré chnocaibh tré ailltibh 's trí ghleanntaibh dúbha ceoigh,
agus siúd mar a bhréagfainn mo dhriomfhionn donn óg.


L. 17


An t-Úbhall.



Gléas C. - Moderato.



1.



Tá sgéilín nuadh 'gam le hínsint dóibhse,
Cúrsaí spóirt agus cómhradh dighe,
Ubhall breágh gleóite do chuireas am póca,
Sní bhfuaras romham ach práitín síl.



Curfá.



Ó! mo thúirse mara shileann mo shúile,
I ndiaidh an ubhaill úd a bhí breágh buidhe,
An óighbhean mhúinte bhí tréis é thabhairt dom
'S do thabharfainn cúig phúint ar é bhlaiseadh 'rís.



2.



Do shiúbhluigheas Cléire 'gus Carraig Aonair.
Cuanta Béara romham 'sa tslighe,
Puínte na nGréig 'gus na nDosaí Maola,
An fhiadhach sa Laogh taobh amuigh de buidhe.



3.



Do shiúbhluigheas an Cualach mar a bhíos buartha,
An Pharóiste Thuaidh agus na hAdhraidhe,
San Oileán Mór 'seadh d'inis dom buachail,
ná faighinnse a thuairisg go dtéidhinn thar Sníum.



4.



Do shiúbhluigheas an Cóibh de 'gus Baile na Móna
Cathair Tún Tóime 'gus Inis Seircín,
Shoir ar a' gcósta 'seadh d'inis dom stróinse,
Go raibh sé'na theo 'cu ar Sráid Neidín.


L. 18


Mo Shlán go hÉag.



Gléas E. - go tapadh 's go cneasta. An ceól ó Phétrie.



1.



Mo shlán go héag don ghléghas shuairc,
Is slán ár gcléire ár saor 's ár suadh,
Ár slán go léir leat d'aon ghuth uainn,
Go bráth dot chaomhn(adh) ó chéimibh cruadha,



Curfá



Mo dhíth mo bhrón lem ló 's mo thuirse
Mo ghroidheghas glórmhar gleoit' an ghliocais
ba shaoirdha sóghach ba sheolta snoighte
Fá dhraoidheacht gan treoir i n-uaineas.



2.



Is cásmhar mé 's gach aon, monuar,
Cos Máighe go léir idir tréan is truagh,
Idir ársa is aosta cléir is tuaith,
Is ár mná it dhéidh is déarach duairc.



3.



Is ádhbhar léin don taobh so is truagh,
Fear sámh suilt séimh, fear saordha suairc,
Fear dán is dréacht do dhéanadh 's duan,
Ar fán chun sléibh' i gcéin gur ghluais.



4.



A ghrádh mo chléibh, nár thaobhuigh cnuas
Ach fáilte 's féile béasa 's buaidh,
Trághadh na mbéithe 's gné gan ghruaim,
Mo shlán go héag dot chaomhnadh buan.



Seán Ua Tuama.


L. 19


A Chomaraigh Aoibhinn Ó.



Gléas A.



1.



Mo bheannacht ó chroidhe dod' thír 'r dod' shléibhtibh,
A Chomaraigh aoibhinn ó.
'S dod' mhuíntir shuairc ar dual dóibh féile,
A Chomaraigh aoibhinn ó.
Do srutháin gheala 's do choillte craobhach',
Do ghleannta meala 's do bhánta léire,
Ó grádh mo chroidhe iad súd le chéile,
A Chomaraigh aoibhinn ó.



2.



Is dathamhail breágh do "Cruach a sgéimh chruth
A Chomaraigh aoibhinn ó.
Nuair a lasaid suas le hamharc gréine,
A Chomaraigh aoibhinn ó.
Na faillte's leacain ar gach taobh díot,
Mar bhrat a sróil le seódaibh gléasta,
Nuair scap ann drúcht anuas ó'n spéir ort,
A Chomaraigh aoibhinn ó.



3.



Is líonmhar lán do srutháin ghlé geal',
A Chomaraigh aoibhinn ó.
Ag rioth anuas go luath le taobh chnuic,
A Chomaraigh aoibhinn ó.
An mhachain thall is abhus an tae dhil,
Mar mhionáin gabhair le spórt is sgléip-sult,
Ag snámh anonn od' bhonn go tréan mhuir,
A Chomaraigh aoibhinn ó.



4.



Is fairsing fial do locha taosgach',
A Chomaraigh aoibhinn ó.
Fé iasg ná fuil a shamhailt i n-Éirinn
A Chomaraigh aoibhinn ó.
Loch com Seangán na hOlla Phéiste,
An dá Sgiollóg 'na mbíon an méith-bhreac.
Na Coma Locha is comh fiadh taobh leo
A Chomaraigh aoibhinn ó.



5.



Is breagh é an radharc a chím gach taobh díot,
A Chomaraigh aoibhinn ó.
Ó thuaidh, ó dheas, is soir i n-éinfheacht,
A Chomaraigh aoibhinn ó.
Ó Dhromfingín i lár na nDéise,
Go Corrach Mór i dtír na bPaorach,
'S as soin ó thuaidh go Sliabh Ban Féinne,
A Chomaraigh aoibhinn ó.


L. 20


6.



Do bhíos tar sáile seal i gcéin uait,
A Chomaraigh aoibhinn ó.
I ndúthaighibh fáin ag déanadh saothair,
A Chomaraigh aoibhinn ó.
Ach b'obair tháir liom cnuasach gréithre,
I bhfad óm' áit fé sgáil do sléibhte,
Is cas mé 'rís ort "Plúr na nDéise,"
A Chomaraigh aoibhinn ó.



An t-Athair Muiris Ó Faoláin
Cnoc Mellerí.



Músgail a Bhanba.



Gléas G. - Go mín milis. Fonn: "An Ciarraidheach Mallaighthe."



Riobárd Bheldon do chan.



1.



Músgail ód' thoir-chim mhór-thuirseach a Bhan(a)ba,
Is fad' é do shuan i nguais is i n-an(a)bhroid,
Fé sgamal na daoirs' id' throm-luighe;
Smuain ar na laethibh 'san am úd fadó,
'Sar na laochraibh treas-éachtach badh thréanmhar i ngleó,
Caithbhéimeach lann ghéarach i gcaismirt na dtreón,
A mhúirnín 's a rúin dhil mo chroidhe.



2.



Is fada fá bhrón tú ag brúidibh id' bhanaltra,
Id' leamadh 's id' shúmadh ar úrla ag gallachoin,
Almhach allmhúrdha nár chuibhe;
An tAlmhach a chráidh thú ad' tnáthairt 's ad' dheól,
Chuir fásach 'd tí d' tháirseach is cabla fád' sgeól,
Chuir do cháirde chum fáin uait, is d'fhág tú gan lón,
A mhuirnín 's a rúin dhil mo chroidhe.


L. 21


3.



'S iad a mhaslaigh do chléirse go léanmhar 's go peanaideach,
'S chuir i gcuasaibh na sléibht' iad a' léigheadh an Aif(i)rinn.
Gan suairceas, gan suaimheas, gan sgíth;
Is a dtréada go canntlach gan teannta gan treóir,
Gan ghréithribh gan spionnsas gan samhaltar gan sógh,
Ag faolchoin na gcambheart ins na gleannta' ar a dtóir,
A mhuirnín 's a rúin dhil mo chroidhe.



4.



T'réis bliadhanta 'na gcéadtaibh i ngéar-bhruid 's n-an(a)chruth,
Go dúbhach is go déarach id' ghéarghoin go sgalaidheach,
'S tú id cadhan bhocht le doimhin-chnead i d' clí';
T'réis íosbairt fá dhaoirseacht camdhlighthe 's éag-cóir,
A' feall(adh) ort go fíoch-mhar 's tú a' síorthal na ndeór,
Níor bh'fhéidir thú chlaoi is ní chlaoidhfid go fóil,
A mhuirnín 's a rúin dhil mo chroidhe.



5.



Dúisigh ó'n dubh-bhrat trom-thuirseach dlúth dhamanta,
go cathiseach chlúmhail, gan brón gan ach(a)laidh,
Ní fhuil do grían fós na luighe;
Tá do ghrian a bhí brúidhte fa smúit is fá cheó,
Ag éir(i)ghe go modhmharach 's ag músgailt gach ló,
Go soillseach gan múchadh ó'n dúbhach go haith-bheó,
A mhuirnín 's a rúin dhil mo chroidhe.


L. 22


6.



Tá na seabhaic go saothrach 's go haontamhuil seasmhach,
'S an adharc bhinn da séideadh ag cur Béarla ar bhail-chrith,
Eirigh 's bíodh meidhir ort i d' shuidhe;
Gan buidheachas do sméirlibh, a réaltan gheal óg,
Beidh do theanga breágh Ghaedhealach dá labhairt agat fós,
Do chlairseach bhinn-téadach ag sgeitheadh na gceól,
A mhuirnin 's a rúin dhil mo chroidhe!



Ó Tá'n Lá Ag Teacht.



Gléas E. Domhnall Ó Luingsigh, do chan.



1.



Ó tá'n lá ag teacht le cabhair lucht léighin, a's Rígh na ngrás!
Nuair a bheidh aguinn inár dtír féin, gan baoghal ó'n mbas,
Ár nGaedhilge choir faoi árd onóir, faoi chlúdh, faoi mheas, faoi cháil,
Mar a bhí sí labhartha 'guinn fad ó in Innis fáil,
Mar a bhí sí scríobhtha 'guinn fad ó, in Innis Fáil.


L. 23


2.



Ó is áluinn aoibhinn ceól na n-éan, ar bhárr na gcrann,
Nuair a seinnid suas ar bhruach lochléin, measg fuaim na ngleann;
'S is aorach groidhe iad ceólta sighe, a scaipeadh grinn san spéir;
Acht is mílse guth ár nGaedhilge bhinn ná iad go léir!
O is mílse ceól ár nGaedhilge bhinn, ná iad go léir.



3.



'Sé a déir ár nGaedhilge bhlasda linn "an baoghal dam bás"?
A's 'sé d'fhreagra moid, "a theanga bhinn ní daorach do chás
Le cabhair na bhfear tá croidheamhuil mear, i n-Éirinn ghlas na bhfian.
Ó do bheidh tú 'rís faoi mheas mar bhís, le ceudtaibh blíadhan!"
Agus beidh tú 'rís faoi réím mar bhís, le ceudtailbh bliadhan!



Éamonn an Chnuic.



Gléas E - go mall sámh.



1.



Cia h-é sin amuigh, a bhfuil faobhar ar a ghuth,
Ag raobhadh mo dhoruis dhúnta?


L. 24


Mise Éamonn a' Chnuic atá báidhte fuar fliuc,
Ó shíor shiúbhal sléibhte is gleannta.
A laogh dhil 'sa chuid cad do dhéannfainnse dhuit
Muna gcuirfinn ort beinn dem' ghúna?
'S go bhfuil púdar go tiugh d'á shíor shéideadh riut,
Is go mbéimís araon múchta.



2.



Is fada mise amuigh, faoi shneachta 'gus faoi shioc,
'Sgan dánacht agam ar aon neach;
Mo sheisreach gan scur, mo bhranar gan cur
Is gan iad agam ar aon chor,
Ní'l caraid agam, Is dainid liom soin
Do ghlacfadh mé moch nú déidhneach,
'S go gcaithfidh mé dul thar farraige soir
Ó is ann ná fuil aon dem' ghaoltaibh.



3.



A Chumainn 'sa shearc, rachamaoidne seal,
Faio choilltibh ag spealadh an drúchta!
Mar a bhfaghmuid an breac, 'san lon ar a nead,
An fiadh 'gus an poc a' búithre
Na h-éinínídhe binne, ar ghéigíníb' 'seinm
'S an chuaichín ar bhárr an íubhair ghlais,
Go bráth bráth ní thiocfaidh an bás i n-ár ngoire;
A lár na coille cúmhra.


L. 25


4.



Nach agam-sa tá an sgéal is measa faoi an ngréin
Ar maidin 's mé a d-túis m'óige?
Ó's gur searbh gach éan, a labhras leis féin
Ar churrach nó ar thaoibh móna,
Do rinneadh mé creach, 's do sáruigheadh mo nead
Agus d'fhágbhadh mé gan aon neach
'S má thá sin a' teacht, an fuacht i ndiaigh an teas'
A rúin shearc mo cheannacht féin leat.



Cill Chais.



Gléas F. - go fonnmhar.



Cad do dhéanfamaoid feasta gan adhmad?
Tá deire na gcoillte ar lár
Ní'l trácht ar Chill-Chais ná a teaghlach,
'S ní chluinfear a cling go bráth
An áit úd 'na gcomnuigheadh an deigh bhean,
fuair gairim is meidhir tar mhnáibh,
Bhíodh íarlaidhe ag tarruing tar tuinn ann,
'San t-Aif(i)rionn binn dá rádh.


L. 26


2.



Ní chluinim fuaim lachan ná géidh ann
Ná fiolair ag eigheamh cois cuain;
Ná fiú na mbeacha chum saothair
Thabharfadh mil agus céir do'n tsluagh.
Ní'l ceól binn milis na n-éan ann,
Le h-amharc an lae 'dhul uainn,
Ná'n chuaichín i mbarra na ngéag ann,
Ó 's í chuirfeadh an saoghal chum suain.



3.



Tá ceó ag tuitim ar chraobh ann,
Ná glanann le gréin ná lá,
Tá smúid ag tuitim ó'n spéir ann,
'S a chuid uisge go léir ag trághadh,
Ní'l coll na cuileann, ní'l caor ann,
Acht clocha 'gus maol-chlocháin,
Páirc an fhor-ghaoise gan craobh ann
Is d'imthigh an gém chum fáin.



4.



Anois mar bhárr ar gach mí-ghreann
Cuaidh prionnsa na nGaoidhil tar sáil,
Anonn le hannis na míne,
Fuair gairm 'san bhFrainnc 's 'san Spáinn
Anois tá a cuallacht da caoineadh,
Gheibheadh airgead buidhe agus bán,
'Sí ná tógfadh seilbh na ndaoine,
Acht cara na bhfíor-bhochtán.



5.



Aithchim ar Mhuire 's ar Íosa
Go dtagaidh sí arís chúghainn slán,
Go mbeidh rinncí fada gabháil timchioll,
Ceól bheidhlínn is teinnte cnámh,
Go dtógfar an bhaile seo ár sinsear,
Cill Chais bhreágh arís go h-árd,
'S go bráth nó go dtiocfaidh an díleann,
Ná feicfear é arís ar lár.


L. 27


Jimmy mo Mhíle Stór.



Gléas E. - go mhall is go sámh.



1.



Bliadhain an taca so d'imthigh uaim grádh mo chléibh,
ní thiocfaidh sé abhailé go dtabharfidh sé cúrsa'n tsaoghail,
Nuair a chifead é rithfead le fuinneamh ró-árd i n-a chomhair,
Is clúideochad le mil é, 's é Jimmy mo mhíle stór.



2.



Bíon m'athair 's mo mháthair ag bearradh 's ag bruighin liom féin,
táim gupuighthe ciapaidhte piucuighthe cráidht'am shaoghal,
thugas taithneamh don nduin' úd dob fhinne 's dob áilne snódh,
Is chuaidh sé ar bhórd luinge, 's é Jimmy mo mhíle stór.



3.



Rachadsa chun coille 'gus caithfad ann an chuid eile dem shaoghal,
'S an áit ná beidh aoinne ag éisteacht le ceól na n-éan,
Ag bun an chrainn chárthainn mar a bhfás anann féar go leór,
'tabhairt taithneamh don nduin' úd, 's é Jimmy mo mhíle stór.


L. 28


Ag Bun Ros na Coille.



Gléas C.



1.



Ag bun Ros na Coille ar thuitim an drúcht' aréir,
do chonnach sa'n ainnir ba shoineanta's b'á áilne sgéimh,
Do shíleas nár mhisde dham druidim chun prásáil léi,
'Sé dúbhairt sí 'n ar buile taoi 'dhuine, ní dóith dhuit mé.



2.



D'fhiosriugheas-sa dhen ainnir go tapaidh cad a sheól í 'gcéin,
'N amh-la chaillis do dhuine nú'r mhisde leat gábhail liom féin,
Do fhreagair sí mise go clisde dhon chómhrádh shéimh,
Go gcaithfinnse imirt ar chluiche chúig cártaí léi.


L. 29


3.



Do luigheamair ar imirt 's ní thigeadh liom cómhaireamh géar,
An t-aon mar a thugainn leis a' cuireata bhuaileadh é,
Is ciúin is is clisde do chanfainn léi fíor nú bréag,
'Sar an tarna glaodh coiligh mo bheannacht do sgaoileas léi.



4.



Má bhuadhas ort an cluiche le gliocas ná bíodh ort brón,
ach téanam a bhaile's gheobhair beathuisge's fíonta 'r bórd,
Gheobhair ór uaim le sgaipeadh 'gus capal mór groi oidhe mear óg
Agus léas ar trí fearainn de thalamh gan cíos go deó.



Nuair Eirigheas ar Maidin.



Gléas E. - go luath éadtrom.



1.



'Nuair éirigheas ar maidin sa bhaile 's mé i dtúis mo shaoghail,


L. 30


do chuadhas go Cnoc Grafan mar a mbuaintear an foghmhar le faobhar;
'Snuair shíleas sa codladh mar chleachtas im dúthaigh féin,
bhí an sgológ 'n-a sheasamh ar maidin 's dob árd a ghlaodh.



2.



"Mór dhuit a thaistealaigh" 's d'fhreagair sé féin airís,
"An fada do thángais?" "Do thánag ó Sráid Bhláthaighe";
An fíor gur ó mhaidin do shiúbhlais an méid sin slighe,
'S mo chuid foghmhair-se ar lasadh 's gan fear agam fós 'n-a shuidhe.



3.



Nuair chualaidh an gasra é phreabadar suas 'n-a suidhe:
Bhí stocaí dá stracadh 'gus lasgaí seanbhróg bhí críon;
Lá sgeimhleadh chun reatha 's gan bail agam déanadh aon mhoill,
Do chailleas mo hata 's do thugas lá buaint im mhaoil.


L. 31


Fáínne Geal an Lae



Gléas F. - go bíodhgamhail.



1.



Maidin mhoch do ghabhas amach, ar bhruach locha léin;
An samhradh 'teacht 'san chraobh le n-ais, 'gus lonnradh te o'n ngréin;
Ar taisdeal dam tré bhailte puirt 'gus bánta míne réidhe;
Cia gheobhainn lem ais ach cúil-fhionn deas le fáinne geal an lae.



2.



Ní raibh bróg ná stoca cóip ná clóc' ar mo stóirín óg ó'n spéir;
Ach folt fionn órdha síos go troigh ag fás go barr an fhéir;
Bhí calán crúidhte 'ci 'n-a glaic 'Sar dhrúcht ba dheas a sgéimh;
Do thug barrgean ó bhénus deas le fáinne geal an lae.



3.



Do shuidh an bhrídeach síos lem' ais ar bhinn-se glas de'n fhéar;
Ag magadh léi bhíos dá maoidheamh go pras, mar mhnaoi ná sgarfainn léi;
'Sé dúbhairt sí liomsa imthigh uaim, Is sgaoil mé'r siubhal go réidh;
Sin iad andeas na soillse 'teacht le fáinne geal an lae.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services