Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Thomáis Ruaidh Uí Shúilleabháin

Title
Amhráin Thomáis Ruaidh Uí Shúilleabháin
Author(s)
Fenton, James,
Pen Name
Séamus Dubh
Composition Date
1914
Publisher
Gill, M. H. & Co.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


A RÍ AN DOMHNAIGH



Agus an file ar scoil i mBaile Átha Cliath do bhris aicíd
throm amach 'san cholláiste. Do chuir an Dochtúir Seán Ó
Ríoghbhardáin go hósbaidéal na haicíde é - 'sé sin ósbaidéal
an droch-ghalair. Níor thaithn na radhairc thruaighmhéalacha do
chonnaic sé annsúd ró-mhaith leis. Do ghabh uaigneas é de
bhrígh nach i measc a dhaoine muinnteardha i n-a bhaile dhúthchais,
féin a bhí sé, agus do chúm sé an dán breagh so thíos, ag iarraidh
ar Dhia is ar Mhuire, agus ar Bhrighid naomhtha é thógaint slán
ó'n dtaom aicíde. Do cheap sé an dá bhéarsa deiridh aca chum
moladh agus buidheachas do thabhairt dóibh.



Fonn: "Na Bearta Cruadha."



A Rí an Domhnaigh, tar le cabhair chugham'
Is tóg i n-am ó'n bpéin mé;
A Rí an luain ghil, bí-se buan liom,
Agus ná léig uait-se féin mé;
A Rí na Márta, a chroidhe na páirte,
Déin díonadh Lá an tSléibhe dhom,
A Rí na Céadaoine, ná fulaing i ngéibhínn mé'
Cé fad ó'm chaoimh-ghein féin mé



A Rí na Diardaoine, maith dhúinn ár bpeacaidhe-na
Cé dheineas do cheart-dhlighe do réabhadh;
A Rí na hAoine ná congbhuigh cuimhne
Ar mo dhroich-ghníomharthaibh baotha;
A Rí an tSathairn, go síorruidhe athchuingím
Mé thabhairt thar Acharon caor-thein ' 2
Fé dhíon do thearmainn, tré ríoghacht an Aifrinn'
Suas go Parathas naomhtha.


L. 30


A Bhainríoghan oirdheirch, a Bhainríoghan shoilbhir,
A Bhainríoghan sholuis na gréine!
Ní h-aon tsaidhbhreas atá uaim ort-sa 'nois,
Acht leigheas ar dhochar mo phéine;
Na sluaighte borba do bhí ag gabháil orm-sa,
'S do rug im' codladh orm tréimhse,
Cuir-se cogadh ortha mar churadh chosanta,
Is tabhair ó'n ngoradh lá an tSléibhe mé.



A Bhainríoghan áluinn go bhfuil na grást' ort,
Ó, liúghaim go hárd agus glaodhaim ort,
Ó's tusa máthair an Leinbh ghrádhmhair,
D'éag do'n pháis dá'r saoradh;
Is é seo láithreach am an ghábhthair
Is mé gan cáirde taobh liom,
Ó, tair im' láthair, cabhruigh lámh liom,
'S ná léig do'n bhás mé thraochadh.



A bhán-Naomh Bhrighde, go bhfuil do lá ar slighe chughainn,
Ó, tair dhom' dhíon 's dhom' aodhaireacht,
'S an aicíd choimhthightheach atá ar mo dhruim-se,
Ná leig im' chroidhe aon ghaoth dhi;
O! pé ar domhan díomais tá ar mo thí-se,
Tóg-se arís mo chréachta,
Is le congnamh Íosa, go dtabharfad druim leis
An bpeacadh do chlaoidh na céadta.


L. 31


Ní'l dochtúir díobh súd d'á raibh im' thimcheall,
Dá mhéid de'n liaghacht do léigheadar,
Nach faighfidhe sínte le pláigh na doighe seo,
Dá dtéigheadh aon tsaighead 'n-a ngaor di.
Ní mhaithfead choidhche do Sheán Ua Ríoghbhardáin
Mé chur i dtigheas leó i n-aon chor;
Dá nglacfadh bíodhg mé, ná laige inntinn',
Ní thabharfadh a ndicheall saor mé.


L. 32


CÉAD MOLADH LE ÍOSA



Ar dteacht chum a shláinte do'n fhile, do chuir sé buidheachas
le Íosa, le Muire agus Brighid mar seo: -



Céad moladh le Íosa, le Muire is le Brighide
Go bhfeicfead-sa 'rís mo ghaolta,
Tá go fairsing 'san líon ó'n gCathair go Snaidhm,
Is i nDoir' Fhionáin aoibhinn aereach,
Cois Beannach an naoimh bhí i ngradam ag Críost,
I Sceilg Mhichíl ghil naomhta,
Mar a bhfaghainn-se mé shíneadh, mo chur is mo chaoineadh
'Measc gasradh dhem' mhuinntir féinigh.



Bheadh tobac go leór, agus solas d'á dhóghadh,
Agus comhthionól cómharsan taobh liom.
Is 'mdho ainnir dheas óg bheadh ag sileadh na ndeór,
Agus siolaire córach néata.
Mo bheannacht go deó, 'seadh do chuirim 'n-a dtreó,
pé 'ca marbh nó beó dom' chréachtaibh?
Cois calaidh Átha Mhóir, mar a ngoilfidhe go leór
Is mé i n-aice Bhriain Bhóirmhe traochta.


L. 33


IS RÓ-MHÓR AN BRÓN LIOM



Do bhuail taom breoidhteachta "Hector" - ní hé an Hector
úd do throid i gcath an Trae thoir, acht gadhairín do bhí ag an
bhfile. Ní fuláir nó go rabhadar araon ceanamhail ar a chéile.
Is beag an iongnadh san. Is iomdha maidean aereach agus lá
gréine do chaitheadar i dteannta chéíle i measc na n-árdchnoc
n-áluinn atá ar gach taoibh de Chúm an Chiste. Ba gheall báis
le Tomás dá scuabfaidhe uaidh a "choileáinín gleoidhte." Níor
mhairbh an tinneas an madairín an tráth úd, ámh. D'a mholadh
agus d'a chaoineadh, do cheap an file an t-amhrán so: -



Fonn: "Sighle Ní Ghadhra."



Is ró-mór an brón liom mar leónuigh an taom so
Mo choileáinín gleoidhte, budh chródhaighe bhí i nÉirinn,
Go bhfuil sé tinn, breoidhte, lag, brónach le tréimhse,
Le glothar 'n-a scórnaigh d'imreochaidh é, is baoghal liom.
Is eaglach liom-sa ná mairfidh sé spás,
Tá screamh ar a theangain 's é i n-anfadh an bháis,
Mar an slaighdeán do thóg sé ar na bhóithribh go déidheanach
Ag rith ar fuid bailteadh dh'á leathadh ag cuairtéireacht.



Do b'aoibhinn é a ghlór maidean ómair bhuidhe gréine,
'San nGleann úd ag seóladh ár mbólachth' chum sléibhte;
Nó dh'a mbailiughadh tráthnóna ó leóntógaibh chum réidhte,
Is ag ruagairt thar teórain gach sórt beithidhigh strae 'ca.
Reidhneard, nuair a dhearcann, preabann 'n-a dhiaidh,
Is uaibhreach do screadann, 's is airthinneach, géar
Buaileann ó thuaidh leis go gualain na léighse,
Is ag barr Íochtair Chua 'seadh do luigheann sé traochta.


L. 34


Is cosmhail a uaill le Bran uasal na Féine,
Nó le coileán de scuainne fuair buadh-rath is géire,
Fuair Oisín mar dhualgas chum luain-scrios do
dhéanamh,
Is do leagadh anuas chuige sluagh do sna héanaibh:
Lonn Doire an Chairn do mhairb sí é,
Cé gur taidhbhseach é a phearsa níor sheasaimh sé léi.
Gach sórt eile d'a dtagadh i n-aice d'a dtraochadh,
An míol buidhe dá luaithe, 's an ruadh-phoc dá thréine.



Is luaithe naoi n-uaire é ioná a ndubhart-sa de'n mhéid
sin,
Is 'ná gadhar bán an Ghruagaigh bhí luaimneach, mear,
éascaidh.
'Nuair a ghluaiseann go fuadrach, is uaibhreach do
bhéiceann
Ag baint macalla as pluaiseach ag cuardach na méath-
bhroc,
Ó thuaidh chum na n-Aisc agus chum an Scairt
Draighin,
Chum Doirín an Easaigh, 's chum faithche Loch'
Luighdheach,
Go barra na mór-chnoc úd Gabhalán na gCléireach,
Mar a mbídís na reamhar-bhroic ag damhaireacht maidean
ghréine.


L. 35


Dá dtigeadh aon duine chum an dorais ist oidhche,
Do thiocfadh an curadh ag an usrain d'a dhíbirt,
Mar a mbeadh arm teineadh aige i bhfoirm chum
suidhimhte,
Do chuirfeadh an briseadh air, nó bhainfeadh an croidhe as.
Reidhneard ní leómhfadh sé i gcomhgar an tighe,
Go gcuirfeadh an ruagairt ar rógaire an fhill.
Nuair a phreabann na cearca le h-anfadh is scannradh,
Bíonn Hector 'n-a sheasamh is caitheann an ceann de.



Ar mo leabaidh aréir, 'seadh do smaoineas trém'
néalaibh
Go dtabharfainn féin cúrsa go tuaisceart na hÉireann,
Féachaint an chuibhe liom fear luibhneach nó aon neach,
Do thógfadh arís é gan mhoill chugham ó'n bpéin seo;
'Nuair a casadh orm scafaire ceannasach, clúmhail,
Mar bheadh bráthair Eochach do bhronnadh an tsúil.
Is do leigheas sé siúd damh-sa é gan feóirlic as d'éileamh,
Mo choileainín gleoidhte ba chródha bhí i n-Éirinn!


L. 36


MOLADH AN ATHAR DIARMUID Ó SÚILLIOBHÁIN,
AN PHRIONNSA



Do cheap Tomás Ruadh an dán so ag moladh an deagh-shagairt.
Bhí sé 'n-a shagart pharóiste 'san Phriaracht i dtosach na haoise
seo ghabh thorainn. Bhí an sagart so féin 'n-a fhile, agus do
tharraing sé leabhair diadhachta. Bhí sé féin agus Tomás
an-cheanamhail ar a chéile. Dubharthas nár dúnadh doras tighe
an tsagairt riamh roimh bocht ná saidhbhir, agus thug sé árd-
chabhair do sna bochtaibh 'san droch-shaoghal. Scoth de mhuintir
Shúilliobháin Bhéarra do b'eadh é, - de Mhuinntir "Shúilliobháin
an Phrionnsa." Deallruigheann go raibh Tomás gan bheith 'n-a
shláinte 'nuair do cheap sé an laoi so.



Fonn: 'Na Bearta Cruadha"



Muna mbeadh mo chroidhe-se bheith lag gan bhrígh 'nois,
Ar leabaidh sínte breoidhte;
Is ná faighim fíor-cheart do cheapadh laoidhthe,
Mar táim go claoidhte, leónta;
Is pras do scríobhfainn pas seanchuidheachta
Ar ár sagart diadhachta fóghanta,
Gaol flath is saoidhthe, is clanna ríghthe
Agus prionnsaidhe is aoirde cómhachta.



'Sé dochtúir diadhachta na geanmnaidheachta,
Is fearr gníomhartha i gcóta;
Is feairrde an tír seo ó tháinig inte -
An té chuirfeadh suim 'n-a chómhairle.
Craobh na soillse de chléireach Íosa,
Ár saighdiúir gníomhamhail, cródha,
'Sé Diarmuid groidhe geal an prionnsa mhaoidhim se,
Plúr na dtígheasach bhfóghanta.


L. 37


Is ceart do shíolruigh ó chlannaibh Míleadh
Ó bhile bhinn mhic Bhreoghain,
Dé phrímh-shliocht Ír is Eibir Fhinn ghil,
Is bráthair gaoil Oileal' Ólom,
Philib chaoin, is Dhomhnaill chaím,
Chlogaidh chaoimh, is Lóchlainn,
'S gach plannda dhe'n fhíor-scoith dá seanda bhí 'gainn,
D'fhuil Eochach ríoghamhail, ró-ghlain.



Is blasta, bríoghmhar do chanann laoidhthe
'San teangain draoithe, órdha,
Le béal is mílse, le dréacht is caoine,
Is le eagnuidheacht is glórtha.
Is cliste líomhtha gach friotal d'innseas
An leabhar caoin seo i gclódh aige,
Is na ceachta is aoirde tá sean-scríobhtha
'San reacht sin Ríogh na Glóire.



Dá dtugadh Íosa lán do chroidhe dhuit,
Mar bhí ag do shínsear rómhat-sa,
Bheadh fleadh is fíonta ar feadh na rígheachta,
Is an rath arís go deó ortha.
Bheadh clanna Míleadh i gceart mar bhíodar
I n-eachraíbh 's i gcóistíbh
Bheadh scaipeadh is díbirt gan chasadh choidhche
Ar arm choimhthigheach Sheoirse.


L. 38


Is 'mdhó fáidh is draoi, is ráib de'n fhíor-scoth
Do thárla im' shlighe-se, is dócha,
Is dá mbeadh ionta brígh chum seanchuidheachta,
Bheadh cneasta, caoin dod' shórt-sa,
O chuan Bhéil Inse ar fad go h-Inse,
Is go hÁth Cliath síos thar m'eólas,
Barr do thíghe-se níor thárla im' shlighe-se
I n-aon áit 'san righeacht gur sheólas!


L. 39


MAIDEAN BHOG, ÁLUINN, I MBÁIDH NA SCEALG



Do théigheadh an tAthair Diarmuid Ó Súilliobháin gach lá
Fhéile Michíl go Sceilg Mhichíl chum Aifrinn Dé go léigheamh ar
an gcarraig uaignigh úd mar ar lonnuigheadh Micheál Naomhtha;
agus thugadh mórán daoine turas ar an oileán an lá céadna.
Aon lá amháin chuaidh Tomás Ruadh ar aon bhád leis an sagart.
Bhí an mhaidean go háluinn, ciuin, acht 'nuair bhíodar timcheall
is lár slighe na fairrge, d'éirigh gála mór agus anfadh, agus
chuaidh ró-dhian ortha a n-anmna do thabhairt leó. Fé deireadh
an lae shroicheadar talamh i n-aice leis an gCasadh (Portmagee
tá anois mar ainm air), agus d'fhanadar ann go ló. Do cheap
Tomás Ruadh agus do sheinn sé suas do'n fhuirinn an t-amhrán
so láithreach baill.



Tá an dubh-charraig seo i dtaoibh shiar de Bhaile na Scealg,
a bhfad amach 'san bhfairrge, fé bhun na spéireach, is a beanna
anáirde fé cheó na mórmhara. 'Nuair bhí an file 'san ósbuidéal
mBaile Átha Claith, do ghuidh sé chum Dé na Glóire é do
bhreith slán arís chum bás d'fhagháil



"Cois beannach an Naoimh bhí i ngradam ag Críost,
Sceilg Michíl ghil naomhtha,"
agus fuair sé toradh a ghuidhe.



Fonn: "Táim-se im' chodladh."



Maidean bhog, áluinn, i mBáidh na Scealg,
Dul ag triall chum Aifrinn ghrádhmhair Dé,
D'éirigh an tsuail ró-mhór 'san bhfairrge,
Le fuadar fearthaine, d'árduigh gaoth.
Do mhachtnuigh an chriú, 'gus is umhal do chasadar,
Ag déanamh an chuain anuas chum Dairbhre,
'Nuair bhéic an fear stiúir, as mo shuan do phreabas-sa;
Do bhíos im' chodladh is dúisigheadh mé.



Cia chífeadh an bád ar bháidh an mhaidean úd,
Sáth' sé maide uirthe, is do b'árd í a léim,
'Nuair scaoileadar cnáib agus gárdaidhe rámha uirthe
Gach clár ag cnagadh, agus í ag rás mar philéar!


L. 40


Do dheineamar í stiúradh ar chúrsa tarraingthe,
Sruthanna ag brúghadh le siubhal na hanairte,
Ní raibh luascadh ar an lín ó'n mBaoi go Daingean siar,
Go ndeachamair go Carraig ghlas árd na Naom.



Bhí Charraig Lomáin mar chráin ag screadadh rómhainn,
Ar tí sinn d'alpadh, le n-ár dtaoibh chlé;
Bealach na n-éigh do ghéim mar tharbh rómhainn,
Is dar ndóigh níor thaise do'n Ghearánaigh éigheamh
Céad moladh le hÍosa Críost nár cailleadh sinn!
Is ná fuairtheas sinn sínte i nduibheagán fairrge,
Acht fanam' arís go dtigidh an chalma,
Agus racham dho'n charraig le congnamh Dé.



Do bhí an tAthair Diarmuid go dian ag agairt
Ar Rígh na nAingeal an chriú theacht saor,
Agus do chualathas shuas é i n-uachtar Pharathais.
'Nuair adubhairt an phaidir ós ár gcionn go léir.
Do ghlanamair poinnte Rinn' gil' Cathrach,
Bhí an Góilín shíos go mín, tais, calma,
Níor stadamair de'n scríb go ndeachamair dho'n Chalath.
Is d'ólamair fleagan 'dtig Sheain Mhic Aodha.


L. 41


Bhí an fhuireann úd fuar tar éis uamhain na fairrge,
'Nuair do b'fhonn leis an sagart an chriú do théadh
Do thóg sé leis suas iad go cuan an mhaitheasa,
Ar bhruach an teaghlaigh úd Sheain Mhic Aodha.
D'fhanamair annsúd ag diúgadh an bharaille,
Mar a raibh fairsing de'n lionn le fonn d'a scaip-
eadh againn;
Sinn ag faire ar gach uain go h-uair na maidne,
Agus an uamhain gur sheasaimh go fáinne an lae.



Is deacair an bád do cháineadh, geallaim díbh,
Le grásta an Athair-Mhic tháinig saor,
Thug an fhuireann úd slán ó Bháidh na Scealg
An lá bhí anfadh árd 'san aer.
Ca bhfuil an t-árthach le fagháil do b'fhearra
Do ghearrfadh casán tré lár na mara?
Dá dheascaibh sin táim-se fágaint barra
Ag an mbáidín greannta sin Sheain Uí Néill!


L. 42


AMHRÁN NA LEABHAR



Do mhúin Tomás Ruadh scoil i n-aice le Cathair Dhomhnall
ar feadh tamaill. Annsoin do tháinig múinteoir eile do'n
áit, ó Óileán Dairbhre, agus d'athruigh Tomás a ghléas múinte
go dtí an Caladh (Portmagee). Ar scaramhaint dó le muinntir
Chathrach Domhnall do chúm sé amhrán, acht ní féidir liom a
fhagháil. Tagann an dhá líne seo isteach ann: -



"Do mhúinfinn-se léigheann chomh saor, is chomh tairbheach,
Agus ní cóir mé do dhíbirt mar chuibhirseach d'fhear
Dhairbhreach."



'Nuair d'fhág sé a bheannacht ag muinntir na háite seo, do
chuir sé a chuid leabhar agus áirnéise agus earraidhe ar bórd
loinge do bhí ag dul ó chuan Doir' Fhionáin go Góilín Dairbhre.



An duine d'iomchuir an t-ualach so go dtí an long, dubhairt
sé liom féin tá dosaon bliadhan ó shoin ann go gcuirfeadh
sé breaghthacht ort an oiread leabhar áluinn, idir chlóbhuailte
agus láimh-scríobhtha, agus clúdach leathair ortha is mar bhí ag
an bhfile.



An oidhche úd do bhuail an mí-ádh leis an loing; buaileadh
i gcoinne Carraige Eibhlín Ní Raghailligh í, agus d'iompaigheadh
ar a béal fúithe taobh amuigh de'n chuan. B'shin é an chríoch
do rug ar a chuid leabhar agus a raibh 'san tsaoghal aige. An
oidhche chéadna chuaidh Tomás ar siubhal fé dhéin an Chalaidh.



"D'fhonn bheith sealad eadartha mar mháighistir léighinn."



Do chuir sé faoi 'san Rinn Iarthraigh ar leabaidh cois na
teine. 'Nuair dhúisigh sé ar maidin, cad do gheobhadh sé acht a
chuid éadaigh dóighte! B'éigin dó fanamhaint annsoin go dtí
gur dhein táilliúir calaith nuadh dhó.



'Nuair do shroich sé an Caladh do chuala sé an duibh-scéal
mar d'imthigh a chuid leabhar. Bhuail taom breoidhteachta é go
hobann.



Agus Tomás ag dul ó thigh go tigh, ní raibh sé riamh gan
leabhar bheith 'n-a phóca aige, agus do léigheadh sé d'fhuirinn an
tighe scéal nó amhrán nó dán ag baint le stair na hÉireann
mar atá "Cath Chnoic an Áir," agus anois 'nuair a chonnaic
sé iad uile go léir imthighthe ba gheall leis an mbás dó é.



Ar ndul i bhfeabhas dó, do cheap sé an t-amhrán so.



Ní'l aon d'á chuid amhrán go bhfuil an oiread measa air
agus mar atá ar an gceann so. Is beag duine i n-Uibh Ráthach
nach fuil bhéarra dhe aige. Má's mian leis an léightheoir é
chloisint, ní'l aige acht dul go dtí an chéad aonach eile 'san
Chathair, um thráthnóna, agus muna gcloisfidhe sé é ní fuláir no
gur droch-aonach ar fad do bhí ann.


L. 43


Fonn: "An Spealadóir," .i. "Mo léan le luadh'



Go cuan Bhéil Ínse casadh me,
Cois Góilín aoibhinn Dairbhre -
Mar a seóltar flít na fairrge
Thar sáile i gcéin.
I bPortmagee do stadas seal
Fé thuairim intinn maitheasa
D'fhonn bheith sealad eadartha
Mar mháighistir léighinn;
Is gearr gur chuala an eachtra
Ag cách, mo léan!
Gur i mBórd Eoghain Fhinn do cailleadh, theas,
An t-árthach tréan.
Do phreab mo chroidhe le hathtuirse
'Dtaoibh loinge an tigheasaigh chalma,
Go mb'fhearrde an tír í sheasamh seal
Do ráibh an tséin.



Mo chiach, mo chumha is m'athtuirse!
Mé im' iarsma dubh ag aindeise,
Is mé síorruidhe déanamh mairbhne
Ar mo chás bhocht féin;
Mo chuid éadaigh chumhdaigh scaipthe,
Do bhí déanta, cúmtha, ceapaithe,
Is do thriaill thar thriúchaibh Banban
Mar bhláth fé m' dhéin;


L. 44


Iad bheith imthighthe 'san bhfairrge
Ar bharr an scéil;
Is a thuilleadh aca 'san lasair
'S mé go támhach trém' néall;
Ba thruagh le cách ar maidin mé
Go buadhartha, cásmhar, ceasnuighthe,
'S an fuacht do chráidh im' bhallaibh mé
Gan snáth ó'n spéir!



Ní hé sin is mó do chealaig mé
Ná chráidh mé 'rís im' aigne,
Acht 'nuair chínn féin fuadar fearthaine
Gach lá fé'n spéir,
Neart gaoithe 'dtuaidh is anfadh
Is síon ró-mhór gan eaga ar bith,
Teinte luatha lasrach,
Is scáil na gcaor.
Do chrom an uain ar shneachta chur
Le gála tréan,
Ar feadh deich n-uair gan amharca
Le fagháil ar ghréin.
Na doightheanna cruadha peanaide
Do líon ró-mhór de'n ghalar mé,
D'fhág suim gan suan ar leabaidh mé
Go tláth i bpéin!


L. 45


Dá siubhalfainn Éire is Alba
An Fhrainc, an Spáin is Sasana,
Agus fós airís dá n-abrainn
Gach áird fé'n rae,
Ní bhfaghainn-se an iomad leabhartha
B'fhearr eólas agus tairbhe
Ná is mó bhí chum mo mhaitheasa
Cé táid ar strae.
Mo chreach! mo chumha! 'n-a n-easnamh súd
Do fágadh mé!
Is mór an cúrsa mairbhne
Agus cás liom é!
Mallacht Dé is na hEaglaise
Ar an gcarraig ghránda mhalluighthe,
Do bháthaidh an long gan anfadh,
Gan ghála, gan ghaoth.



Bhí Diothcháin, Dúnlaing, Bhoster ann,
De-Catóne Bónícastle ann,
Agus riaghail Uí Dhubhgáin tarraingthe
Ar aois na rae;
Ó Móghráin, an leómhan calma
Do scríobhadh ar thrácht na fairrge
Thug cúntas cóir cá ndeachadh uainn
An taoide ar a scéith.
Bhí Eúclid ann gan dearmad
Ó Eógán Mhae,
Do mhúin brígh thúis gach aiste ghlic
Ar thómhas an tsléibhe.


L. 46


Brainse cheap Philosopher
Go nglaodhann na draoithe "Oraculum,"
Ag innsint draoidheachta 's feasa
Dho'n té gurbh' eól dó léigheamh.



Bhí Comarford is Ó hAllmhuráin,
Is Céitinn, leabhar an tseanchais,
Is Psálter mhilis Chaisil,
Ar a dtráchtadh sé;
Bhí sceimhle Chath' Chluan' Tarbh ann
I n-ar dhibir Brian na Danair uainn,
Is an tslighe gur bhuaidh Maelsheachlainn
Ar an námhaid i bpléidh.
Bhí Cath Fionntrágha na leathan-bharc
D'fhág táinte tréith,
Is Cath Chnoic an Áir thug ainnir dheas
Thar sáile léi.
Cath Mhaighe Muchruimhe mar threascaradh
Art Aen-fhir, tréin-fhear calma,
Cath Shléibhe Gabhra, is Eachdroma
Is Ár na Trae.



Bhí Pól Ó Briain, an t-eagra,
Go soiléir chuir Gaedhilg i n-anchruth
Thug riaghla laoithe is leabhartha
Do chách le léigheamh;


L. 47


Ó Coindealbháin na gcantalach
"Ó Chorcaigh bhig" na mbarcanna,
"I bhFairche Chill' Allaidh" 1
I n-ar áitreadh sé.
Bhí Tadhg Gaedhealach, éigse an tseanchais
'S an ráidh ghlain séimh;
Agus Aighneas árd an Pheachaigh
Leis an mBás i bpléidh;
Leabhar Uí Dhuinn gan dearmad
Ó Ceapach Chuinn na mbaile-phort;
'S Risteárd Ó Caoimh ó chathair ghil
Bhaile Átha Cliath.



Bhí Pádraig naomhtha árd-easpog ann,
Do dhíbir draoidheacht is mearbhallacht,
Is do shaoraidh Gaedhil ó ainbhfios
I gClár Luirc fhéil;
Do mhúin an tslighe chum Parthais
Do bhúraibh bhí ar mhearbhall,
Is gur iompuigh mílte pearsa 'ca
Le grádh dá gcléir:
Ban-naoimh, mairtíre, manaigh
Is na fáidhe go léir,
Agus maighdeanacha maitheasacha
Ba ghnáth dá réir.


L. 48


Mairbhne aoibhinn Aithne
Ní Fháilghe an rígh-bhean cheannasach
Thug Bríghde Chille Dara
Ó'n námhaid saor.



Bhí an Tiomnadh Nuadh, mar leanas, ann,
Soiscéal Naoimh Eóin an t-Aspal ann,
Maitiú, Lúcás, Marcus,
Ba ró-áil a ngné -
Na h-ughdair mhúinte, eagnaidhe,
I ngach cúrsa dhein dúinn freagra
I n-a gcúntas chughainn ar bheatha
Is ar pháis Mhic Dé.
Bí Epistil órdha Pheadair ann,
Is Phóil mar é,
Do scríbh i gcóir gach parable
Gur b'eól dóibh é;
Taisbeánta bhí ar tharraingreacht
Naoimh Eain do ghrádhuigh an charthanacht
Nár dheárna riamh fós racaireacht
De ráidhtibh béil.



Bhí liaigh an chuirp 's an anama -
An Scriptiuir dhiadha bheannaighthe,
An tobar diadhachta eagnaidhe,
Go ndeárnathas é.
Bhí dlighe cheart Mhaois ba bheannuighthe,
Gur claoidheadh leis Pharo malluighthe,


L. 49


Is roimhe gur thráigh an fhairrge
Mar bhántaibh réidh'
Bhí sean-ráidhte Sholaimh eagnaidhe
Mhic Dháibhí, an té
Chuir deamhan an áir go soightheach gloinne,
I lár an lae.
Leabhar críche parthais,
Is Doctúir áluinn Gallchobhair,
Is Eochair-Sciath an Aifrinn,
Budh bhreagh le léigheamh.



Bhí mórán Éireann leabhartha
Nár airigheas díobh im' labharthaibh
Leabhar na Laighneach beannuighthe
Ba bhreaghtha fé'n spéir.
An "Feirmeoir" áluinn, gasta, deas,
Do chuireadh a shíol go blasta, ceart,
Thug ruadh-chnoic fraoigh is aitinn ghluis
Go geal-bhánta féir.
Scuirim as mo labharthaibh,
Cé chrádhadar mé,
Is ná cuirfead aen-nidh ar fhairrge
Go bráth lem' ré;
Moladh le Rígh na nAingeal ngeal,
Mo shláinte 'rís do chasadh orm,
Is an fhuireann úd ó'n anfadh,
Gan báthadh theacht saor!


L. 50


A EOGHAIN MHAITH UÍ SHÚILLIOBHÁIN



Seo amhrán dó chúm Tomás Ruadh ar phósadh Eoghain Uí
Shúilliobháin, an Droma Fada, i dtaoibh shoir de Chathair Domhnall,
le Máire Sigerson ó Bhaile na Scealg. Bean an-mhaith do
b'eadh an bhean uasal so, agus is maith do thuill sí gach a ndubhairt
an file 'n-a taoibh. Fear ionaid tighearna talmhan do b'eadh
Eoghan agus is mór an iongnadh le gach aoinne gur mhol Tomás
é fé mar do dhein. Ní'l duine bhaineas le hEoghan i nDrom
Fada indiu.



An fonn céadna tá leis an amhrán so is mar tá le "Caoinead
Chille Cais" .i. "Cad do dhéanfaimíd feasta gan adhmad?"



A Eoghain mhaith Uí Shúilliobháin guidhim-se
Gura fada 'san tír thú buan,
Is an spéar-bhruingheal chailce de mhnaoi dhuit
Ag cur ealta ded' chlainn chum suain!
Le Rígh ghlórmhar na bhflaitheas, bhur gcoimhdeacht,
Gach maidean bhog aoibhinn luadhaim;
Agus abairidh paidir chum Íosa
Go bhfreagróchaidh Críost mo dhuain.



Dá mbeinn-se mar Hómer ba líomhtha
Do chanadh an laoi gan duadh,
Nó mar Bhirgil do chuireadh, glan-scríobhtha,
Gach friotal ba chaoin ar stuadh,
Chum labhairt i dteangain na ndraoitheadh
Le stairthibh glan-diachta, le buaidh,
Go bráth ní thiocfadh lem' dhicheall
Leath-mhaitheas na dís' seo luadh.


L. 51


Ní'l aon taobh de'n chruinne dá stríocfad
Ná beidh feasta mo ghuidhe leat buan;
Agus braon ó Athair na Soillse
Go bhfanaidh go síor id' shnuadh.
Ádh an tsaoghail go leanaidh díbh choidhche
Capaill, ba, caoirigh is uain,
Agus ór buidhe i dtaisce, athchuinghím-se
Ar do bharcaibh i ndruim an chuain.



Bile de'n chine is aoirde thú
Fuair gairm is míle buadh
Agus gaol na bhfearachon gcraoibheach
Thug catha na Craoibhe Ruaidhe,
Bráthair Eochach, an taoiseach,
Agus Clogagh na gclaidheamh nglan gcruadh'
Agus Domhnaill cheannasaigh chaim, tráth
An chatha nach stríocfadh sluagh.



Dá mb'eól domh-sa seanchas draoithe
'San teangain chirt, mhín, bhinn, luaith,
Do mholfainn-se an bhruingheal de mhnaoi dhuit
Go bhfuil gile tré líth 'n-a gruaidh
An aindir is geanamhail slighe air bith
Gan fearg, gan fraoich, gan fuath,
Go bhfuil grása ó Athair na Soillse
Le haithint go síor 'n-a snuadh.


L. 52


'Sí Máire Sigerson mhaoidhimh-se
Is ba cheannasach í le luadh -
An eala-bhean d'eascar de'n fhíor-fhuil
Do b'fhearra bhí an tír ná ar thuath:
Inghean mhín mhilis na díse.
Gur mhinic 'n-a dtigheas mathshluagh:
Do scaipthidhe leó fleagain is fíonta
Mar an gcaise seo tigheacht mear, luath.



Ní fearr bheith ag seanchus choidhche,
Ag cur dréachtadh is laoitheadh uaim,
Acht a hainm mar chanaim dibh d'innsint -
Is aithnid go fíor a luadhaim:
Gur ó Thighearnaíbh Lic' Snámha do shíolruigh
An aindir gheal chaoin gan ghruaim,
Go bhfuil a gaol le gach polla dá aoirde
Ó Chaladh Dhúin Bhuidhe go Tuaim.



Athchuinghím saoghal fada do'n dís seo
I mbaile cois taoibh' a chuain
Ar Chóibh na leathan-bharc aoibhinn
Mar a stadaid 'n-a suidhe chum sauin
Go bhfeicead-sa ealta d'bhur gclainn-na
I ngradam an tsaoghail go buan
An talamh fé phatent ó'n Righ aca
Go dtiocfaidh lá crích' an Luain


L. 53


AMHRÁN NA SPIORAIDE



Tháinig dealbh mná .i. ceann agus ucht, isteach le fairrge
go tráigh éigin i nOileán Dairbhre uair. Is dócha gur de
bhogha luinge do scuabadh í. Chonnaic Tomás í, agus leig sé
air go ndearnadar araon agallamh le chéile mar leanas:



Fonn: "Cailín Deas Crúidhte an mbó."



"A spéar-bhruingheal mhaordha na rinn-rosc
Ar bh'é do thoil innsint dom' shórt
An ó'n gcaemh-chine daodna so phrímh tú,
No as naomh-fhlaitheas aoibhinn na n-órd?
An de thréabhchas tá tréimhse fé dhraoidheacht thú?
No an Bé thu ó Thír ghil na nÓg?
An tú Téitis, baindia gheal na taoide,
Diana nú Clíodna na slógh?"



"A shéimh-fhir na ngéir-fhriotal líomhtha,
Is é mo thoil innsint gan ghó
Nach aoinne de'n mhéid sin do mhaoidhis mé,
Ná fuil éiclips na draoidheachta ar mo chlódh.
Níor shíol aon bhean 'san tsaoghal so 'n-a bruinn mé;
Ní lugha 'ná chuir cíoch riamh im' bheól;
Acht stáite bhí déanta ar loing seal
Do shéid neart na gaoithe thar bórd."



"Tá éifeacht is éirim id' laoithibh
Is léigheantacht id' bhinn-fhriotal beóil,
Cé baoth liom na dréachta so baoise
Ní ghéillim gur fírinne an sceól.


L. 54


Stáite bheadh déanta 'san tslige sin
Ní fhéadfadh sí suidhe ceart ná cóir,
Shéidfeadh an ghaoth í chum tíre,
Is bheadh sléachtadh 'san taoide as do chómhair."



"A éigse, dá mbudh mhéin liom-sa coimheascar
Le héinne dem' ghaoil-charaid cóir'
Do dhéanfainn soiléir duit d' réir scríbheann
Go bhfuil éifeacht is brígh cheart im' sceól.
Ní féidir nár léighis-se, má's cuimhin leat,
Ar bhréithribh an Tiomna Nuaidh:
Cur i gcéill dúinn gan ghéilleadh d'lucht draoidheachta,
Mar ná fuil éinne 'san gcrích seo d'a sórt."



"Géillim-sé féin do dhlighe Mhaois ann
Is do bhréithribh an Tiomna Nuaidh,
Is do dhréachtaibh na naomh atá scríobhtha,
Is ní féidir nach fírinne a ngnó.
Acht dá léigheanta iad cléirigh cheart' Íosa,
Ní théighid siad 'san diadhacht so go deó,
Ní ghéillid do bhréitribh na ndraoitheadh
Ná do dhéithibh do bhí ann fadó."



"'Sé eólas na ngnótha so mhaoidhim-se
Thug Domhnall na nGeimhleach 's a shlógh,
Tá iadhta fé ghrian-Loch na draoidheachta,
Gearóid Iarla is Donn Fhírinne leó.


L. 55


Tá a thuilleadh de'n fhuirinn, áirmhím-se,
Le feicsint is chífear 'n-a gclódh
Mná déithe, mná éigse, mná sídhthe,
Is táid éagnaidhe ag rímheadh a ngnó."



"Géillim do chléir chneasta Íosa'
Mar léightear 'san diadhacht as mo chómhair
Nach éinne' d'bhur dtréad-na do chítear
Cois sléibhe, 'ná ar thaoibheannaibh ród.
Acht claonta is droich-thréithe na ndaoine'
Mar dá ndéanaidís faoistine chóir
Bheadh naomh-Chorp an Aen-Mhic dá gcoimhdeacht,
Is níor bhaoghal dóibh súd oidhche ná ló!



Filidhe tháinig i gceann a chéile i gCill Áirne tá beagán
bliadhan ó shoin ann chuireadar rún i bhfeidhm gan a thuilleadh
de'n fhilidheacht Ghall-Ghaedhilge do chur i gclódh i n-aon bhall gan
fógra éigin do chur as a chionn mar seo .i. "Tilsidheacht é seo."



Ba mhithid go deimhin rud éigin d'a shórt do dhéanamh, mar bhí
amhráin 'gha gcur i gclódh is iad cumtha díreach ar nós filidheachta
Gallda, agus níor thaithn san le Gaedhilgeóiribh. Seadh, níor
ghábhadh an fógra san do thabhairt do Thomás Ruadh go háirithe.



Léigh amach díbh féin an chéad rann de'n amhrán so shuas agus
tabhair fé ndeara a chruinne, a bhinne agus cheólmhaire is mar
thagann gach guth-fhuaim 'n-a h-áit chirt 'san rann, mar seo, féach:



é-é-í: (Spéir, mhaordha rinn).
é-í-ó: (B'é, innsint, sórt).
é-é-í: (Caomh. daodna, príomh).
é-í-ó: (Naomh, aoibhinn, órd).
é-é-í: (Tréabhchas, tréimhse, draoidheacht).
é-í-ó: (Bé, tír, óg).
é-é-í: (Téitis, déithe, taoide).
é-í-ó: (Diana, claoine, slógh).



Luigheann neart an ghotha ar gach fuaim aca so, agus leaghaid
i mbhéal an amhránuidhe, díreach ar nós ime ar aghaidh na gréine.


L. 56


GUIDHIM SLÁN GO hUIBH RÁTHACH



Dubhart cheana gur thóg Domhnall Mór Ó Conaill Tomás
Ruadh idir lámhaibh agus gur chuir sé ar scoil éigin i mBaile
Átha Cliath é. Cé nár aontuigheadar le chéile i gceisteannaibh
áirithe, bhí árd-mheas ag Tomás air. Do chumadh sé amhrán ag
cur fáilte roimis gac am dá bhfilleadh sé ó Fheis na Sacsan.



Seo shíos amhran do cheap sé ar dhul ar dtúis do Dhomhnall
go Feis an Sacsan. Ní fheadar an bhfuil sé go léir annso.



Fonn: "Eoghan Cóir."



Guidhim slán go hUibh Ráthach go bhfillfir
A bhile de rás na nGaedheal,
De'n ráib-fhuil do b'fhearr ar bith síoladh
Ó Chonall geal Ceárnach caomh!
Tá an t-ádh leat go bráth is an goirm
Ó rithis go hárd 'san réim.
Sin mádh 'gat ó Chlár do dhein cluiche
Is do rugais id' láimh an chraobh.



Do dheállramh i gcáilibh ní fheicim,
Ní chluinim a dtásc ná a méin
'San áitribh sin Clár Luirc mar ritheann,
Is thar tonnaibh do'n Spáin dá dtéigheann -
Tá báidh ag an Árd-Mhac led' shlightibh,
A bhile bhoig, áluinn, shéimh;
Is tú pátrún Phádraig is Chuilm
Fuair goirm i n-Oileán na Naomh.


L. 57


A chómhursana, cómhairle dhíbh tugaim,
Agus tógaidh go háirithe é;
Bidhidh cóirighthe i gcóir is i bhfuirm
Ag cur guidhthe i láthair Dé;
Bhur gCoróin Mhuire ghlórmhar bíodh agaibh
Is an salm breagh fós dá léigheamh
Ar son Domhnaill ghil chródha mhic Mhurchadha
D'fhilleadh is a námhaid go tréith!


L. 58


CUIMHNIGHIDH MAR THÁINIG MAOIS



Ní fuiriste leithéid an dáin seo shíos d'fhagháil chum misneach
do chur isteach i gcroidhthibh na ndaoine. Féach an brígh-neart
agus an fuinneamh atá faoi. Bhí daoirse dhorcha fé'n am soin
ar fuid na tíre, agus clanna Gaedheal ar nós clann Israél
san Éigipt. Deir Tomás go bhfuil Maois eile 'n-a measc
agus gur gearr go mbeidh siad treasna an Ruadh-mhara.



Cuimhnigh mar tháinig Maois gan aon spleádhchas,
Ó'n Ruadh-Mhuir 's a ghárda gan bhascadh.
An Rí bhí 'ca an lá úd, agus coróin gheal na ngrást air,
Tá a chómhacht againn láithreach ar freagairt!
A chléirigh an Aoin-Mhic 2 is a thréada ar an dtalamh,
Ná baineann sibh éifeacht as claen-dlighthibh Sacsan!
Na madraidhe craosacha go gcaitfidh siad staonadh
Mar tá dualgas an tsaoghail seo aca faghta



Ná creididh, is ná géillidh, is ná tuigidh ó aoinne
Go seasóchaidh an saoghal dóibh acht tamall,
Do shliocht Lúthair an éithig, is Chailbhin chaim chraosaigh,
Do dhlúith-cheangail Gaedhil bhochta i nglasaibh.
Tá Ó Conaill ag fiadhach ar na diabhalaibh le fada
Anois no ariamh tá d'a stialladh 's d'a stracadh
Tá an deachmhadh ortha buaidhte, is a gconairt gan
fuaimeint
Agus fán ar an gcuallacht gan chasadh!


L. 59


FÁILTE IS FICHE



Tháinig Domhnall Ua Conaill abhaile tráth go Doire Fhionáin
ar bórd luinge ó Chorcaigh agus é ag teacht ó Fheis na Sacsan.
D'fháiltigh Tomás Ruadh roimis mar seo.



Fonn: "An Réiltheann Leanbhach."



Fáilte is fiche is tuillead 'n-a ndeóidh
Óm' chroidhe seadh cuirim-se roimis an leómhan,
'Sé an planda cumasach, curanta, cóir,
'Sé Domhnall Ua Conaill de'n bhuirb-fhuil mhóir.
'Sé an bhile fé bhláth dobh' áilne snódh,
D'eascair go hárd de'n árd-fhuil chóir,
'Na dhragan gan cháim fuair barr i ngach áit'
Is mó gairm is cáil i gClár Luirc beó.



'S a Dhomhnaill Uí Chonaill de'n bhorb-fhuil mhóir
An bás nár thigidh id' ghoire go deó!
D'fhonn pléisiúr d'fheiscint ar do chuideachtain mhóir
Gach bliadhain dá dtigeann fé ghoirm fé'd dheóin.
Ní h-iongnadh liúm-sa tusa fé scóp
'S iad fheiscint 'n-a dtrúpaibh chughat 'san ród,
Craobh chosanta cúil na bpobal annsúd
'Sé an seabhac gan smút is plúr na smól!



Beidh seinm ghall-trompa le fonn do'n leomhan,
'S na druma i dtiuin le lúthgháir romhat,
A bhfuil ó Charraig na Siuire go Siúnta an Chóibh.
'S go Corcaigh na long go mbeidh túis gach sceól.


L. 60


Treasna fé ghreann chum Seanntighe mhóir
Cois calaidh na h-abhann is i ngleanntaibh ceoidh,
I nDaingean Uí Chúise beidh freastal is fuaim,
Ó Taisteal 'san Mhumhain ár bprionnsa cóir.



Beidh teinte cnámh i n-Uíbh Ráthach romhat
I mbaile cois trágha mar a mbeidh báire is ceól,
Ar Dhoir' Fhionáin aerach mar a dtriallfaidh slógh
Ar bhruach an Chalaidh sin, Carraig Uí Chróin.
Mar a dtigeann na táinte thar sáile ar seól,
Is an loingeas chum suain go Cuan Átha Mhóir,
Níor bh'aistear leó suidhe 'dtig an fhlaithbheartaigh
shíos
Ag caitheamh chum dighe puins, fíon is beoir!


L. 61


FÁILTE SHÉAMAIS 'ACH MHURCHADHA



Seo amhrán dár cheap an file an uair pósadh Séamus 'ach
Mhurchadha Uí Chonaill .i. Sir James O'Connell, dearbhráthair
an "Channsailéir," agus Sinéad Ní Dhonnchadha an Ghleanna i
mbliadhain a 1818.



Fonn: "An Cnoicín Fraoigh."



Míle fáilte is fiche do chuirim-se óm' chroidhe istigh,
Óm' aigne is óm' intinn roimh an dís ghil gan smól,
Do thaistil chughainn sa bhaile seo ar fhaithche ar bhruach
taoide
Ar Dhoir' Fhionáin gheal aoibhinn an ghrinn agus an spóirt.
'Sé Séamas maith mac Murchadha de bhorb-fhuil na
ríogachta,
De scothaibh clanna Míleadh agus fíor-Chonaill chóir,
Is an bhruingheal mhodhmhail do snaidhmeadh leis ó imeall
Loch na Draoidheachta,
Is roighne gile píob agus is fíor-ghlaine snódh.



A bhile uasail urramaigh d'fhuil Chonallaigh dob' aoirde,
Do shealbhaidh 'san tír seo de phríomh-scoth na leomhan;
Is an bhruingheal mhodhmhail do nascadh leat le cumann
searc ná scaoilfidh,
De chuislin chirt na saoithe is de ghaoil gharaid chóir.
'Sise is mó do oileann duit d'réir geinealach na
ndraoithe
Dhein seanchus a sínsear roimpe agus romhat;


L. 62


Sliocht is séan is sonas 'seadh do ghoirim-se 'nois
díbh-se,
Saoghal céad is fiche gheimhreadh go haoibhinn i nbhur
gcómhair.



Is ná bí-se ar mhearbhall feasta cia ar díobh í;
Fios ainme na ríogh-mhná le fírinne do gheobhair:
Inghean gheal an Toirdhbhealaigh ghroidhe chumasaigh dheagh-
chroidhigh,
Ó Donnchadha na nGlinnteach agus Rinn-Ruis na
slógh.
Dá mb'aithnid dómhsa canta suilt, do cheapfainn dise
laoithe;
Ar sheanchus a sínsear do scríobhfainn-se scról:
Gur b'í an mhascalach d'fhuil Cheallachain rí Chaisil chirt
do shíolruigh
Ós gach dragan aca b'aoirde bhí i gcrích Inis Eóghain.

Gan mhearbhall ar mheamram le barra pinn do scríobhfadh,
Do tharraingeochadh go cruinn ar bhrataibh binne sróil.
Ar dhealbhuigh an tAthair-Mhach d'ainmidhthe an tsaoighil,
I samhail mar do chífeadh, i bhfír-dhreach 's i gclódh.
Na barcanna ar leathan-mhuir, éin chanta bhinne ar
chraoibheachaibh
Éisc mheara ar na líntibh agus suim aca dhe gach sórt,
Na marcaigh is na seannaigh as an dtalamh aca dhá
ndíbirt,
Beanna-phuic na gcoillteadh, bruic, míolta agus
leómhain.


L. 63


A béilín meala tana tais do chanann ceart gach caoin-
stair,
Do léighfeadh ceacht de'n Bhíobla, 's is fíor gur di
do b'eól
Bréithre blasta Béarla is Laidne; ar Éirinn ranna
laoithe,
'S is é mo mheas gur nidh é ba chuibhe dhi is ba chóir.
Teanga chliste labhartha neamh-bhladarach is mílse,
Is aigeanta, is líomhtha do bheir prímh-chiall gacha
sceoil,
Ar sheanchas na bhfeara-chon go blasta, briochta, bríogh-
mhar,
'S is greannmhaire a binn-ghuth 'ná tímpireacht deigh-
ceoil.



Le Bhéineas féin ba shamhail a dreach, a dealbh is a gnaoi
gheal,
A com cailce mar an ndaoil is caoile cneasta clódh'
A pearsa dheas ba thaithneamhach, ba sheasmhach seang
díreach,
'S ba gheanamhail a braoithe, 's a rinn-rosc gan cheó.
A mama mar an sneachta nó mar eala 'muigh ar taoide,
'N-a leacain do bhí lítis ag coimheascar le rós;
A camar'-fholt tais fada tiugh go feactha fighte
frínseach,
O bhathas léi go troígh is í ar dhearbh-dhath an óir.


L. 64


Tá Phoebus féin ag taithneamh dúinn ar Dhoir' Fhionáin
gheal aoibhinn,
Ó thaistil chughainn an dís seo go líonmhar fé chóir;
Do thréigh an spéar na scamaill bhí go feargach 'n-ár
dtimcheall,
'S an sneachta bhíodh dhá shíor-chur d'oidhche is de ló.
Tá calm ar an bhfairrge ó'n anfadh do bhí uirthi,
Do ghlasadar na coillte is na tíortha chomh maith
leó
Ó shealbhuigh an mhascalach mhodhmhail mhaiseamhail dheagh-
ghníomharthach
Na bailte puirt do bhí annso ag mnaoi dhed' chine
romhat.


L. 65


NÓIRÍN CHNUIC NA GROIDHE



Cailín deas óg de mhuinntir Chárthaig ó Chnoc na Groidhe do
b'eadh Nóirín. Do bhí sí 'n-a cailín sheómra ag Inghín Uí
Dhonnchadha an Ghleanna, an tí phós Séamus 'ach Murchadha Ua
Conaill, dearbhráthair do Dhomhnall Ua Conaill, "an Conn-
sailéir." Tháinig an lánamha nuadh ó Chill Áirne go Doir'
Fhionáin tar éis a bpósta, agus tháinig Nóirín i n-aenfheacht leó.
Do dhein Tomás Ruadh dán ag cur fáilte roimh an ndís agus
dhá moladh (XII). Bhí an file 'san chistin ag Doir' Fhionáin lá
éigin tar éís an daoine uaisle do theacht. Tháinig Nóirín
isteach mar a raibh sé, agus thosnuigh sé ar an dán a rádh dhi .i.
"Fáilte is céad is fiche 'seadh chuirim-se óm' chroidhe 'stigh."



"Ach ní dubhraís éinnidh im' thaoibh-se," arsa Nóirín, 'nuair
do bhí críochnuighthe aige.



Annsoin do thosnuigh Tomás is do chuir de mar leanas.



Fonn: "Bean Dubh an Ghleanna."



'Sí Nóirín Chnuic na Groidhe an chúil ómair chreathaigh
bhuidhe,
Ba bhog leanbhach a dlaoi go sálaibh,
A feórtha feactha fíor go gleoidhte teacht le gaoith
'S a beól ba bhinne caoidhe 'ná cláirseach;
Ba thana dheas a braoithe ar a ceannaghthaibh gan teimheal
Do foilceadh ó sna saoithibh b'áilne,
'S gur de phlúr na righte í b'fhearr cómhnasc ins an tír
D'eascair chughainn ó phríomh-fhuil Charrthaigh.



Is néata chuirfeadh sí le na caol-chroibh lúibínidhe,
Tarraingthe go caoin le snáthaid,
An smóilín ceólmhar binn i mbarra glas na gcraoibheach,
Druide, fiolair, faoilin, cága;


L. 66


Beanna-phuic na gcoillte, sionnaigh agus míolta;
Fearachoin 'san tír 'n-a ndeaidh sin
Na marcaigh le n-a dtaoibh ar eachaibh meara groidhe,
A bpearsain mar a bhíodh ag áirdrígh.



Ba sheasmhach a bhíodh a pearsa dheas gan teimheal,
Is í go pras ag rinnce ar bhántaibh;
Ba gheanamhail, ba chaoin, ba thais, ba mhilis, bhinn,
Ba thaithneamhach a gnaoi is a gáire.
A dearca bhíodh go mín is iad ag caitheamh saighead
Do chealgfadh lag-brígheach na táinte,
A mama gheal, a píop a leaca mar an aoil,
No mar eala amuigh ar tuinn lá Márta.



'Nuair a dhearcas féinig í ar mhachaire 'n-a suidhe,
Ba leanbhach a fíoghair bhog áluinn.
A béilín meala binn is blasta chanfadh laoi,
Nó labhartha suilt grinn na bhfáidhe,
Do laguigh ar mo chroidhe i n-anbhruid do bhí
Le h-eagal gur bean sidhe do thárlaidh -
Aoibhill donn nó Cliodhna ó'n gCarraig mara ghní
Taisteal chum mo mhillte láithreach.



Do dhruideas-sa léi síos go huir-mhisneamhail croidheach,
Is d'fhiosras de'n mhnaoi cárb' áit di:
Ar bh'í Déirdre mhilis í do thréig rí Uladh do Naois
Nó'n aindir úd do'n Traoi thug Párais?


L. 67


Niamh nuadhach na dtriopall mbuidhe do chuaidh ar
choimirc Fhinn
Gur luadhadh í le Oisín a thug páirt di,
Nó'n stuaire Proserpín thug fuaim na bhfriotal mín
Ó ifreann aníos 'n-a táin-rith?



D'fhreagair mé gan mhoill an aindir chneasta chaoin,
Ba bhlasta is ba bhinn a ráidhte: -
"Ní héinne mé de'n bhuidhin d'ar chanais féin," ar sí, -
"Gheóbhair seanchas lán-chruinn mo cháirde -
Acht béith bheag aonair mhín ó'n dtaoibh eile de'n tír
Do cuireadh seal óm' bhuidhin go fánach;
Tá mairg ar mo chroidhe ná scarfaidh liom-sa choidhche,
Mar do laguigh is do mhill mo shláinte."



Tá a caraid siúd 'san tír ó Tháirbeird siar go Cill,
Is go cathrachaibh na ríoghachta lán san,
Cois Mainge na mbínsidhe leathan-bhog ínsighe,
Is Lios Ceanair seal do bhí ag a máthair;
Mac Cárrthaigh an Pháilís a bráthair gairid gaoil
Is an dragan mear ó thaoibh na Pálach:
Sin ceannas ag an mnaoi is gach baile 'n-a ngabhann sí,
Le seanchus i gcríochaibh Fáilghe.



"A phlúr na mbéithe gcaoin a lúb na gcraobh gan
teimheal
Is a shiúr na réx de'n fhíor-fhuil Chárrthaigh
Nó an dúbhach leat mé mar chír im' scrúta mhaol gan
chrích,
Dom' thúrnadh i bpéin le mí is ráithe?


L. 68


Ná diúltuigh féin dod' bhuidhin mé thug dlúith-shearc
céad dod' ghnaoi,
Is d'fhúigeadh tréith le hintinn grádha dhuit;
Leig féin leat mé go caoin 'n-ár n-aonar seal fé'n
gcoill
'S is aereach seascair sitheach go bráth sinn!"



"A éigse mhúinte," ar sí, "na mbréithre sultmhar
ngrinn,
Is géar 's is gunta linn do ráidhte,
Is ba bhaoghlach liom dá ghnidhinn tú leigint seal fé'n
gcoill
Go dtréigfeá-sa gan mhoill do ghrádh dham;
Is aithnid domh-sa slighe lucht dearbhtha is draoidheacht'
Gur ag mealladh ban a bhíd de ghnáth leó,
Is agam-sa ní'l aon suim id' labharthaibh suilt grinn
Dá thagarthach do laoithe dána!"


L. 69


DO SHAOILEAS NÁR BHAOGHAL DOM



Bhí Tomás ag teacht ó aonach na Cathrach oidhche. Do tháinig
droch-dhaoine éigin suas leis ar an mbóthar, agus do bhuaileadar
é. Má dheineadar, do thug seisean faobhar a theangan dóibh
mar seo:



Fonn: "Sighle Ní Ghadra."



Do shaoileas nár bhaoghal dam ag téarnamh na tíre,
I n-aice an mheádhoin lae dham ná go déidheanach 'san
oidhche;
Níor thuilleas riamh tréason ó éinne dhe sna daoinibh
Acht maitheas do dhéanfainn dá mb'fhéidir lem' chroidhe é,
Gur casadh orm bastún, neamh-gheanamhail 'n-a shnódh,
Gan chumadh, gan cheartughadh acht é aindeis i gclódh,
Ba chosmhail a dhearc súl le cnap-shúlaidhe bó,
Dríodar na mbroscán clann Thomáis an Lópais,
Do mheas mise chrústáil i gcorp-lár mo chómhghais.



Mallacht an tsagairt agus eascaine an Phápa
Ar fhíor-mhac an fhleascaigh nár mhaith i n-aon bheárnain,
Nár bheag aige masladh do thabhairt do'n fháidhe
Do scríobhfadh síos seanchas fada ar a cháirdibh,
Imthigheann ar buile gan fuinneamh 'n-a ghnó,
Ní fhéacann sé roimis le hiomarca gleó,
Go mbuaileann ort buille agus tuiteann 'n-a chlódh:
Níorbh' ionann an tsluaigh-bheach a ghluaiseann go saothrach
Ag cnósadh is ag cuardadh 's ag baint meala as caorthaibh.


L. 70


Níor mhachtnuigh an tuathach beag, tuathallach, léadach'
Cad é an sórt fir do bhuail leis an uair sin chomh
déidheanach,
Mar is duine beag mór mé, is ba dhual dom bheith
faobharach,
Is do roinn Dia liom buadh thar an sluagh bhí ar an aonach;
Ar buile bhí an t-árrachtuidhe gránda míochlúmhail,
Bhí a shíolrach mineastrálta níor bh'fhuláir dó chur
i n-iúil,
Óir ainmhidhe crostáltha go bráth is eadh miúil;
'Dir asal is láir 'seadh do thárluigh an mhéirleach,
Is aithnightear láithreach a conntrálacht 'nuair bhéiceann.



Níor ghábhadh dhomh-sa gluaiseacht chomh uaigneach ó'n
aonach,
Gan gasra shuairc-fhear bheith suas liom nó taobh liom,
Acht shaoileas pé uair go mbeinn luath ann no déidheanach,
Nár bhaoghal dam aon bhuaidhreamh, ná raibh fuath dhom ag
éinneach;
Do b'fhairsing mo cháirde i nUibh Ráthach, dar liom,
I nGleann Bheithe, Gleann Charrthaigh is thar Tráighlí
anonn
Cois Leamhna na sáir-fhear i n-ar ghnáthach mo shiubhal;
Ní'l áitreabh ó'n dTuaith shoir go mbuailfinn theas
Claodhach
Ná faghainn fear dem' chomhluadar do shínfeadh leis
caolach!


L. 71


A BHRASBY, TAOI AR BUILE



Sagart 'san Phriaireacht a thréig a chreideamh do b'eadh Brasby
D'iompuigh sé 'n-a Sacsanach, agus do phós sé inghean Mhinistir
a bhí shiar 'san Daingean, gur b'ainm di Ghayer.



Fonn: "Caitlín Triall."



A Bhrasby, taoi ar buile, má thuigeann tú an phúir,
Is Ifreann dubhach do thuillis duit féin;
Má's fírinne a bhfuil aca de choiribh id' chionn,
Is miste an drúcht do sheasamh fé'n ngréin;
Tá an saoghal so id' choinnibh ó thugais an cúl
Le hAon Mhac na cruinne 's le Muire na ndúl,
Tá Parthas naomhtha i gconfaidh chughat,
'S is donaidhe an cúrsa é agat-sa Lá an tSléibhe!



Fiafruighim-se féin díot, ó léighis an Scriptiuir'
An dtáinig ó Liútar aspol ná naomh,
Ná ó éinne dá chloinn do thug masladh riamh dúinn?
Labhair is tabhair dam freagra séimh!
An i n-óinmhid a ceapadh a n-eaglais siúd
Is gach eólgach mar mheasaim do leanann a stiuir?
Samplaidhe maithe anois aithris dúinn
Is tusa ag déanamh ughdair ghasta dhíot féin.



Níor bh'aon iongnadh liom-sa dá dtuittheá i gcumhaidh
Ó milleadh do chlú dá dtuigtheá-sa é.
Ó deineadh tú id' shagart, is measa dhuit siúd,
'Ná dá mbeitheá o thúis id' amadán bhaoth.


L. 72


Is suarach an ceannas duit clanna na mbúr,
Is an lópa caillighe úd id' tharraing 's id' shughadh,
Is mór, mór go mb'fhearra dhuit machtnamh ar dtúis,
Is peacadh na drúise do sheachaint led' rae.



Cá bhfuarthas do chine, cá'r thiomargais chughainn?
Déin seanchas dúinn cá'r geineadh do chré?
An ó Bhalám do theagaisc an t-asailín dúr?
Ó Chailbhin nó ó Liútar mhalliughthe bhaoth?
An ó Thighearnmas, an fialtach, do thriallais ar dtúis,
Thug págántacht dhiabhaltha ar fuid triath a náisiúin,
D'fhúig iarsma ar feadh bliadhanta 'n-a dhéidh sin, dar
liúm,
Le mí-riaghail is droich-stiuir do shealbhuig sé?



Féach gurabh eagailseach Cailbhin ar dtúis
Dhein na mílte do shughadh is do lot mar é féin;
Is Liútar na gcealg do bhreabadar púint,
Go dtugadar a gcúl le Aifreann Dé;
Dhein an Bíobla cheapadh do labhairt bun os cionn
Chum na mílte aca mhealladh, ag dalladh a súl:
Cár chóra dá samhail sin imtheacht ar a gcúl
'Ná do Bhrasby an tsoup a thug taithneamh do Ghayer.



Tá lá cúntais id' choinnibh, nach ionann 's an chúirt
Do bhíonn ag lucht uabhair chum dlighthe do phléidh;
I ngleann aoibhinn Iasopait caithfir bheidh umhal
Chum freagra thabhairt i bhfarradh sliocht Éabha.


L. 73


Beidh Árd-rí na righte id' choinnibh annsúd;
An Mhaighdean gheal Mhuire is buile uirthe chughat;
Labharfaidh an coiste is an breitheamh, dar liúm,
Tú a leigeann ar siubhal le drom na láimh' clé!



Tiocfaidh chughat Lúsaifear liosta is a thriúp
Ó Ifreann dubhach 's is dona dhuit é'
Is cuirfidh sé iongadh go cuirpthe id' chúl
Do sciobfaidh tú ar siubhal ó sholas Mhic Dé.
I mborradh-theas tuitfir fé ghlaiseannaibh dlúth'
Gan soilse le feicsint acht tú dul amugha;
Beidh nathracha neimhe ad' ithe is ad' shughadh
Is ad' chreimeadh go dlút, gan deireadh ar do phéin.



Leig deór uait, a pheacaigh, mar cheathaibh go húr!
A stadfaidh mar dhrúcht ar bharraibh an fhéir,
Le brón is le tuirse is le h-iomad chroidhe-bhrughadh'
Is fan-se mar siúd go deireadh do shaoghail;
Beidh meadhair ar na h-aingil, beidh aspail go sughach,
Beidh ceólta dá spreagadh ar fuid pharathais bhúidh,
Go bhfeicfear na scamaill ag glanadh os do chionn
Is t'anam 'n-a lonnradh ag taithneamh mar gréin!


L. 74


DO B'ANNAMH LIOM FÉINIG



Bhí Tomás 'n-a fhear phoirt idir Chathair Saidhbhín agus Doir
Fhionáin tamall. 'San am soin do pósadh baintreabhach de
mhuinntir Chúsaigh, do bhí 'n-a cómhnuidhe i gCathair Saidhbhín agus
ag a raibh an t-aon tigh ósta amháin do bhí ann, le Liam
Hamilton ó'n Snaidhm. An fhaid is bhí an cleamhnas dá dhéanamh
do tháinig droich-theistiméireacht ar Hamilton fé dhéin na
sean-mhná. Acht deineadh an pósadh mar soin féin. Ceapadh
gur bh'é Tomás do leath na scéalta agus 'nuair casadh isteach
é le n-a ghnó oidhche an pósta ba dhóbair go stracfaidhe ó chéile
é. Is ar an gcúrsa soin do cheap sé an dán so.



Fonn: "Sighle Ní Ghadhra."



Do b'annamh liom féinig i n-aon chor bheith gnóthach
Ag athrughadh bréaga ná baeth-bhearta dhe'n tsórt soin:
Ní mé ghairm na scéalta thar mhaol-chnoic, cé dóigh leó -
Bhí deichneabhar is céad ann is caogad le cómhaireamh.
Tá sé ró-mhór bheith ag ruagairt gach n-aon
Do chloiseas mo chluasa dá luadhachtaint 'dir bhéal,
Gan amhras tá fuar bheith ar thuairisc an scéil;
Ní'l aca feasta acht mé thachtadh má fhéadaid
Acht dá n-aindeoin siúd mairfead le feartaibh an
Aen-Mhic!



Ní móide go dtráchtfainn go bráth thar an sórt so,
Acht ó sheól an bogha gearr mé ar an áit oidhche an
phósta.
Bhí suidheachán ag mnáibh ann ag trácht thar an stróinse -
Is aca féin do b'fhearr fios a cháile is a ghnótha. -


L. 75


D'fhiosruighdear díom-sa ar bh'fhírinne an sceól,
No an duine mar mhaoidheadar do bhí teacht 'n-a
dtreó
"Níor bh'aithnid a ghníomhartha dham," d'innseas-sa
dhóibh,
"Acht gur chuala ag Máire é, ag Cáit, is ag Nóra,
Dá innsint do Sheán 'is do Dháith, is do Dhomhnall."



'S a Hamilton, n'fheadar-sa ag baile cia an sórt thú
Acht do réir mar do dhearcaim thú ag taisteal an
bhóthair;
Mo chluasa bhí ar leathaidh roimh labhairt na gcómhursan,
Má b'fhírinne a gcanta bhí a dteanga go gnóthach.
Is má thuit aon fhocal beag donaidhe uaim féin,
Admhuighim go follus gur bh'olc dheineas é.
Cad é an crann do cuireadh orm thar an bpobal go
léir?
Deirim leó éisteacht dá scaothaireacht sceólta,
No go scriosfad na h-ae aca muna léigfid mé thórsa!



Do chuala gur tréan do labhair péarla an chúil ómair,
THOMPSON an réiltean, caemh-chéile an Hóraigh,
'Nuair chuala sí an t-éigse dá dhaoradh ag an ósta,
Cubharán le n-a béal ag cur éithigh i bhfórsa!


L. 76


'Dá siúbhalóchainn go Snaidhim, is tré thír Inse Fáil
D'FHEARAIBH neamh-fhíora ní stríocfainn dom'
námhaid,
Acht amháin nár ghnaoi liom bheith ag coimheascar le
MNÁIBH.
Ní'l spleádhchas agam-sa i mbaile ná i dtriúchas
Le Hamilton liath ná le cailligh an Chúrsaigh!


L. 77


DO DHÁIBHÍ UA MATHGHAMHNA



Fear mór do thug a chúl ar a chreideamh do b'eadh Dáibhí Ua
Mathghamhna. Seo amhrán do sheól Tomás mar litir chuige:



Fonn: "Ar mo ghabháil tré Bhaile Átha Cliath dham."



Mo chreach, is mo chás, a fhir áluinn, deaghmhúinte,
Nár leagadh 'san ár thú, do bháthadh, nó mharbhadh i gcnoc,
Sul ar rithis an rása le grádh do bheathughadh an chuirp,
Ar easna an mhoilt bháin, is ar stráice an bhagúin ghuirt.



Do mealladh, a Dháith thú, nó táim-se dearmhadach
'Nuair d'imthighis ar fán leat ar phádh ó shliocht Liútair;
'Nuair a rachaidh tú i láthair Ceart-Chláir an Ghlan-Chúntais,
Is eagal nach scáth dhuit-se cách ná an gheal-mhúirneach.



Fanfad mar atáim-se le grádh do fhlaitheamhnas,
Is leanfad dlighe an Phápa is ráidhte sean-úghdar,
Mar a thiocfaidh an lá, is tá an cháirde geallamhnach,
Is an aicme tá sámh anois beid an lá úd fad-chúmhthach.



Féach Diarmuid dubh gránda, is ál Aingil úabhair,
An aicme thug ármhach ar áitribh ár ndúthaigh',
A dtiocfaidh 's a dtáinig ar bharr an talmhan so,
Rachaid siad chum báis, agus Dáith Ua Mathghamhna!


L. 78


'SEADH CHUALA TRÉM' SHIUBHALTAIBH



Fonn: "An Maidrín Ruadh," no "Ó 'rú, Úna."



'Seadh chuala trém' shiubhaltaibh dá léigheamh le fonn,
Ar an aer so, a Úna, a spéir-bhean,
Go mbeadh Turcaigh is Iúdaigh dá leagadh is dá n-únfairt
Ag gasraidh lúthmhair laoch mear.
Dá dtiocfadh an t-úrmhac dá ruagadh is dár múscailt,
A mbailte is a bpúirt do réabadh,
Is gairid, dar liúm-sa, go mbeadh a gcluiche sin tabhartha
Is go scaipimís brúid an Bhéarla!



Ó rú Úna! léigh-se dhúinne,
A spéir-bhean mhúinte, mhaordha,
An ar Charraig an Cholúir d'ár gCormac Stiubhart
Chum chatha no cumhangas d'éileamh?
Tá an Catoilic trúp 'n-a bhfuirinn i dtiuin
Ag feitheamh ar chúntas éigin,
Ó íochtar na cúige go huachtar Mumhan
Chum preabadh go húmhal le chéile.



'S ba thapaidh ar seól aca freagra cóir
Go blasta aca ar bórd na Gaedhilge.
A chogair is a stóir, stad-se go fóill,
Agus fanaimís le cómhairle an Aoin-Mhic.


L. 79


Tá an scathbhaire Dómhnall i bhfoirm 's i gcóir,
A chlaidheamh fola 'n-a dhóid chum éirligh,
Is do dhearbhaidh a bheól sara rithfidh an foghmhar,
Go dtógfadh an brón de Ghaedhealaibh.



Is do thuill sé siúd an choróin, is é bheith go trom 'n-a
hór -
Do b'fhada dhi dá seóladh ar straethibh -
Is 'mdho búir do leath a bheól, ag magadh fé n-a ghnó
Is ag tabhairt tarcuisne do ghnóthaibh na Gaedhilge.
Bhí foighne bhreagh 'ge dhóibh; a theanga mhilis cheoil,
Do chealg is do dhóghaidh na h-ae aca.
B'fhearr leó marbh é 'ná Bón, is go mbeiridh orainn beó
Cum go bhfeicfeam na crón-phuic traochta!



Is ó Dhoir' Fhionáin na seól 'seadh do thaistil chughainn
an leomhan,
Ua Conaill geal de phór Mhiléisis,
Do chabhróchaidh linn 'san ghleó, is do leagfaidh chughainn
an spórt,
Is do thógfaidh siúd an brón de Ghaedhealaibh.
Suidhfidh socair fós i gcathair mhóir na slógh
Agus roinnfidh an t-ór i nÉirinn!
Beidh báire 's rinnce 's ceól ó oidhche againn go ló
Agus clann na nGall fé'n yoke ag géar-ghol.


L. 80


PÁDRAIG UA DUIGÍN



Nuair a bhí an file ag múineadh scoile i nGleann Beithe, bhí
duine uasal de mhuinntir Dhubhda 'n-a chómhnuidhe ar na Dumhachaibh
'san chómhursanacht agus maor aige go raibh cáil mhór air i dtaoibh
a chuid léighinn. Glaigín suathantach do b'eadh Pádraig Ua
Duigín, agus meas mór aige air féin. Cuir sé seo garsún
chum Tomáis le leitir dhá mhaoidheamh gur bh'fhearr de scoláíre
an maor 'ná an file. Seo é an freagra do thug Tomás air.



Beir uaim é seo go dtí Pádraig Ua Duigín,
Mar gur dóigh liom im' thuigsint ná fuil ann acht guigín,
Fuaim agus fothram follamh 'n-a phlaoiscín,
Ná leigeann dó stad acht ag glaim is ag gliscín.



Dá mbeadh feara an phobail seo cosmhail le Duigín,
Do bheadh máighistir na scoile chomh follamh le caoirín;
Ní bhfaghadh sé an oiread is piginn chum snaoisín,
Bheadh a theanga 'n-a cheann i n-a danndaim díomhaoin.



Ní'l aon nidh is cosmhail le gogallaigh Dhuigín
Acht magpie ag scairte is a screadadh nach fír-bhinn,
Pioróid ag clismrit no plubaireacht phlibín,
Nú meig-eig-eig-eige do bheadh ag an mínsighin. 1



A cheannín ghanndail, ná bodhraigh led' ghlór sinn,
'S ná maoidheamh go teann as meabhair do ghóilín,
Ó chuiris an geall is dall é do ghnó, chím,
D'fhág ar breall thú id' lampa chomh-chruinn.


L. 81


Cá'r bh'iongnadh liom-sa Uileóg Ua Céirín,
No Finghín Ua Scanaill, fear canta na ndréacht mbinn,
No duine de mharc do theacht ag pléidh linn,
Acht tuathallán bréan is fealltach de shléibhín.



Cá'r bh'iongnadh liom Lógán ó Mhóin an Mhéirín,
No Diarmuid 'ach Domhnaill ó Bhórd an Éinín,
No Éamonn ó'n Machaire, scathbhaire an bhéil bhinn
Bheith ag cur geall le planda an éigs' ghrinn.



Cionnus a thuigfeadh an t-oilithreach dreoilín
Cantaireacht puirt mar lon no mar smóilín,
No an gobadán balbh gan labhairt 'n-a bheoilín,
Acht é léimrigh suas ar chuaich na gceól mbinn.



Ceann ar ghanndal, ceann ar chircín,
Ceann ar lachain ba shamhail le Duigín,
Pádraig Ua Duigín, míol buidhe ar mhóinín,
Cuiridh na gadhair leis! haghdáir! Spóirtín!


L. 82


LÉIGHEAS-SA CION DUINE



Mar adubhart cheana, b'éigin do Thomás paróiste Chille
Crocháin d'fhágaint 'nuair do tháinig oide scoile eile ann. De
mhuinntir Shúlliobháin ó Oileán Dairbhre do b'eadh an t-oide
sin. An t-Athair Donnchadh Ua Téacháin a bhí mar shagart 'san
pharóiste fé'n am soin. Fuair an sagart so bás i mbhliadhain
a 1831. Nidh nár bh'iongnadh, ní ró-bhidheach do'n tsagart a
bhí Tomás. Mar seo do cheap an file a ghearán:



Fonn: "Caitlín Triall."



Léigheas-sa cion duine is do thuigeas ar dtúis,
Is do chonnac an scrúdadh ar bheatha Mhic Dé,
Ar Shoiscéal Eoin Baiste Naoimh Marcuis is Liúc,
Eipistil blasta na n-asbal is a gCré.
Go bhfeicim locht munabhair, mioscais is drúis'
Ag imirt dí-mheirg ar dhuine gan chúis,
Bíodhgaim le tuirse agus critheann mo ghnúis
Ar eagla sciúirse an Athar Lá an tSléibhe.



Cá'r bh'iongnadh liom gamall no aimid gan Chiú,(Q) 1
Nó duine gan Ú gan aithne ar Ché (K)
Nó samhairle mac fleascaigh gan cheannas gan chlú,
Nár cham riamh a ghlún chum paidir ná cré,
Acht an té leig air na nidhthe do dhéanamh ar dtúis,
Céasadh Mhic Mhuire ar chrann na Croise gan chúis,
Bheith ag réabadh na ndlighthe is dhom' chur-se amugha
Mar a bheadh búr ag imtheacht ar strae.


L. 83


A Dhia ghlé ghil na cruinne, cé chuiris ár gceann,
Ár dteagasc, ár stiúradh i reachtaibh Mhic Dé;
An é an geócach is mire fear mileadhta clú
No scannail do thabhairt do chuirfeadh mé ar strae?
Muna mbeadh mo thuigsint do thuitfinn i lionn,
Is le sampla a dhlighthe do rithfinn bun os cionn,
Is é dócas Mhic Mhuire do chuir orm fonn
Ná h-imtheochainn im' bhúr is gan filleadh lem' rae.



Fuair Maois na h-aitheanta tarraingthe ar dtúis,
Thug sé sin dúinne a dtuigsint is léigheamh,
Do tháinig Mac Muire go h-uirealta, umhal,
'S d'fhuiling Sé sciuirse i gciontaibh sliocht Éabha;
Mhúin Sé dhúinn paidir do scaipfeadh gach púir,
Thug Sé eochair do Pheadar ár gcaraid, ár stiuir,
Chuir Sé an Naomh Spioraid ó fhlaitheas ar a Eaglais
dhubhach,
Is m' athtuirse dubhach mar scarais-se léi!


L. 84


A SHEAIN 'ACH MHURCHAIDH GHLÉ GHIL



Do Sheán 'ach Murchaidh Uí Chonaill ag impidhe air gan dul
ar comhrach aoin-fhir le Risteárd Blennerhasset i mbliadhain
a 1813. Do goineadh Seán 'san chomhrach san.



Fonn: "Rachad-sa 'gus Citigh Bhálcaereacht."



A Sheain 'ach Mhurcaidh ghlé ghil,
Deirim leat féin óm' chroidhe
Gan dul ar an bhfód id' aonar
Feasta le haoin' de lucht bruighin,
Go dtagaidh chughat Dómhnall is Séamus
Is gasra ó Bhéarra an ghrinn
'S go múcfaidh siad Sacsanaigh, traochta,
Le fuinneamh is faobhar an chlaidhimh.



A Sheain 'ach Mhurcaidh ghlé ghil,
Deirim leat staonadh airís -
Ó tháinighis ó mhaithibh na hÉireann
Mar a chuirim-se féin duit síos -
Ó MhacCarrthaigh, prionnsa na nGaedheal nglas,
Ó Súilliobháin Bhéarra an ghrinn,
Ó Donnchadha an Ghleanna gan aon locht
Is Ó Conaill ba thréine i ngníomh.


L. 85


A Mhuiris Uí Chonaill, a thigheasaigh,
I n-ionad bheith críonna, taoi óg,
Ó tháingís de thaisteal 'san tír chughainn,
Beidh greann ann airís fé scóip.
Beidh píopaidhe is baraillidhe fíona
Ag scaoileadh le gaoith mar spórt:
Scaoilidh an gloinne mór dtimcheall
Go mblaisfeam airís an bheóir!



A Thaoisigh MhacSuibhne, glach cómhairle!
Gurabh fada bheidhir beó agad' chlainn;
Tabhair leat gasra óig-fhear
Do seólfaidh an leómhan thar Druing.
Beidh teinteacha cnámha agus ceólta
Ag spreagadh roimh Seón 'san tír
Ó Dhroichead na Leamhna go Bólus
'S gan dearmad Bórd Eóghain Fhinn!


L. 86


TAOBH COILLE



Aisling bhinn í seo: baineann le Cormac Stíobhart.



Fonn: "Ar Éirinn ní 'neósainn cia hí."



Taobh coille, faon, luighte, ar neoin
'S mé ag géar-amharc neólaibh an aoir
Is na héin bhinne ag caemh-sheinm ceoil
Ar ghéagaibh gach cnó mhilis crainn,
Ba sciamhdha gach péarla i gclódh,
Bhí niamh-ghuth i mbeólaibh gach nidhe
Ar thréigean na spéireach ó ló
Do Phhoebus ba ghlónmhaire gnaoi.



Sínte seal, suim dam gan treó,
Ag smaoineamh ar mheónaibh na nGaoidheal,
Gach aoibhneas do bhí aca fadó
Gur thriallaigh thar Bhóchna ár namhaíd:
Líonann im' thimcheall dubh-cheó,
Gan soillse d'fhúig Mór agus Síon,
'S ar scaoileadh, do chím ós mo chómhair
Geal-ríoghan deas, bheól-mhilis, bhinn.



Ba shlím tiugh a dlaoithe mar ór,
Ceart, cíortha, go feoir léi ag tigheacht;
A caoimh-mhala, caoin-chneasta, cóir,
A rinn-rosc mar lóghmhar 'san oidhch';
A scéimh-leaca i ngéilleadh do'n rós,
A béal tanaidhe, beó, snaidhte, binn,
A déid mhiona chaola i gclódh -
Ar ghéis-dhath bhí snódh geal a cíoch.


L. 87


Sléachtaim i nGaedhilg do'n óigh,
Cá taobh di, cá cómhnuidhe, cá tír?
Nó an aon í is naomhtha de'n Órd
Do théarnaigh im' dhóil-se 'san gcoill: -
"An tú an réilteann ba shéimhe ar shnódh
Rígh-éaglaighthe leónta d'fhúig Naois?
Céile cheart Aonguis an Bhrógha,
No cia tú do seóladh im' shlighe?



"An tú Bláthnaid thug Dáir'-Mhac na slógh
Thar sáile go cómhachtach le draoidheacht?
Gráinne, no an bháin-chnis thug Eoghan
Go clár Inse Fódla na Ríogh?
An tú Déirdre ba shéimhe de'n Órd
I ngéibhinn d'fhúig treóin-fheara binn'?
No an bhéith úd ó'n nGréig chughainn do sheól
Le tréan-Tailc mac Treóin mhir thar tuinn?"



"A shéimh-fhir d'fhuil éachtaigh na leómhan
Ba thréanmhar i ngleó-chathaibh nímhe,
Ní h-aon mé dár chaomh-chaithis fós
Cé gur léigheanta do bheoil-fhriotal binn;
Ní shéanaim gur mé bhí go sóghamhail
I réimheas ag slóightibh na crích':
No gur éaluigh le Maol-Mhac na mBó
An réilteann d'fhúig brónach na Gaoidhil."


L. 88


"Má's tú Éire bhí tréimhse go sóghamhail
I réimheas is i sonóchur gach ríogh:
Suidh taobh liom, is léigh dom do sceól
Is géillim ná 'neósad dod' namhaíd.
Táid slóighthe clann Éibhir i mbrón
Is éigse na cóige gan fíon,
Tré dhaor-smacht na sméirleach gach ló
Nach géilleas do bheól-oideas Chríost."



"Ó is aon tú ná scéithfidh mo sceól
Is gur léan leat mé im' stróire, mar chír,
Ag straereacht ó thraocadh mo stór,
'Sé Séamus na Bóinne do mhaoidhim.
Tá téarnamh go céibh Inis Eóghain
Thar tréan-mhuir go cródha gan mhoill,
Naoi gcaogaid ar chéad fichead leómhan
Chum craes-shliocht an mhórtuis do chlaoidhe!



"Beidh Gaedhil bhochta i n-aolbhrogaibh fós,
Beidh pléaracht i bhFódla mar bhí,
Beidh éigse deigh-léigheanta na cóig'
Ag caemh-sheinm ceólta go caoin.
Beidh réim cheart d'fhuil Éibir i gcoróin -
Agus tréada gan bhrón ortha tríd,
Ag aon-moladh Aoin-Mhic na hÓighe
Is ná tréigidh go deó sinn," ar sí.


L. 89


SIGHLE NÍ GHADHRA



Do chúm Tomás an t-amhrán so agus é i bhfeidhil scoile
gCathair Domhnall chum ceachta staire do mhúineadh do sna
scoláiríbh.



Is mithid dam tuitim i luige is i lúndair
Ag éisteacht 's ag feitheamh led' dhlighthibh, 's ag siubhal
leat,
Do chodlais an iomad nó is miste leat dúiseacht!
Féach ar an gconairt ag tomailt 's ag tionnlacht.
Tá dhá cheann an Teampuill i gcantaireacht, má's
fíor:
An Spáinneac 's an Franncach ag sclamhaireacht le
puimp,
An dá threoir go canntlach, ní labhairid siad gíog,
Ag feitheamh ar do chóisir is dócha tá i mbraighdeanas
'S ag triall ar do phósadh, a Shighle Ní Ghadhra!



'Sé d'imthigh ar Éirinn, mar léightear is innstear,
Na peacaidhe 's na claonta do dheineadh ár sinnsear,
Nós feallta na Béithe d'fhúig na Gréagaigh gan
aoibhneas -
Bean d'fhág a céile agus d'éaluigh 'san oidhche,
D'fhág Hector is Párais i n-ármhach 's i bhfoghail
'S Mac Telemon - Áias - do b'áluinn a gcabhair,
Na prionnsaidhe ró-ársa so d'fhágadh 'san bhfeall:
Iad súd i n-a gcathaibh gur chailleadh le Hélen
Is gur braon beag dá cleasaibh do tháinig go hÉirinn.


L. 90


Féach Partolán an uair tháinig go hÉilge
Tar éis a athair 's a mháthair 's a cháirde do thraochadh
Na prionnsaidhe ró-áilne do tháinig ó'n nGréig leis
'S gur scuabadar Bláthnaid go fánach gan faeseamh
Féach na Fomóraigh do leagadh 'n-a slógh,
Ag clainn Neimheadh chneasta, ba chalma i ngleó,
Do scaoileadh a sranga gac maidean chum ceoil
An cúigear glic gasta de chlainn Almhuin mic Dubhda
Do riarfadh gan mhairg na fearanta dúthchais.



Do tháinig chughainn gasra i n-arm 's i n-éide
De bhuachaillíbh chalma d'eascair ó Ghaedheal Ghlas
Fuair clú agus barra 's thug sealad 'san Éigipt
Ag múineadh a ngaisce 's a neart do shlioct Pharó:
'San Spáin do fuair barra agus talamh gan chíos-
Is áluinn do ghlanaidís fairrge is tír,
Do réabaidís cathracha le hacmhuinn a gclaidheamh -
Breoghan is Fearon, Aimheirghin is Éibhear
Is Éireamhón calma do leagadh na tréin-fhir.



Do chuadar ar fairrge as Caladh na Spáinne,
'S do dheineadar talamh 'san Daingean nó láimh leis:
Is 'mdhó feoil gan salann is leathar le dásacht
O Shliabh Mis go Callain do leagadh an lá san!
Do ghluaiseadar d'aon-ghuth i n-aoinfheacht chum gnímh,
'N-a naoitheanaibh méithe de'n tréan-fhuil gan phuimp,
Do bhainidís aontadh as sciathaibh le claidheamh:
Na Tuatha Dé Danan do leagadh 'san éirleach
Le tréin-bhilíbh chalma de chlannaibh Miléiseas.


L. 91


Do bhuaileadar i gcoinnibh do dhlighthe, a Chuinn Chéad-Chath,
Gach n-aon mar an sloinne ar a dtugtar Fian Éireann'
Go ndeachadar ag imirt 's ag sciortadh an Bhruighin
Chaorthainn
No i gcath Mhuighe Mhuchruimhe mar ar deineadh an t-éarlach'
Do ghluais Clanna Mórna go cródha chum cinn;
Sheinidís ceólta le mórtas go binn;
Do bhuailidís tórnacha le glórthaibh a gclaidheamh
No gur cailleadh Art Aen-fhir is Eóghan fear Béara
Le sleigh Ghoill mhic Mhórna i gcómhrach nár staonadh.



'Sé deir fáidhe is sagairt is lucht ranna 'n-a ndiaidh sin
Gur le claon dubh an pheaca do leagadh Tuirgéiseas.
Béibhionn siúr Shitric sealad 'n-a dhiaidh sin
Chuir Ceallachán Chaisil i gceangalaibh daora'
Gur ghluais Ó Fáilbhe is a ghárda de'n loing,
Is claidheamh i ngach láimh leis, do tháinig go binn'
Mo chráidhteacht, roimh bás dó, do b'áluinn a
ghníomh!
Bhí fuil ruadh go sálaibh is támhlaige ar Ghaedhealaibh
Thar thugadar go caladh mo Cheallachán saor leó.



Féach-sa Cluain Tarbh mar ar cailleadh Brian Bóirmhe
An tréin-fhear breagh, calma, gaisceamhail, cródha;
Tighearna Maighe Lithfe is ar mhair ann dá chómhlucht,
Mac Baodain, is óg-shliocht Chinnéide mic Lórcain.


L. 92


Bheir Céitinn 'n-a chroinic dhúinn cruinn-fhios go
deimhin
Gur chúig mhíle is fiche aca thuit ins an bhfeidhim:
Ó Fáilghe ó Mhaigh Lithfe, Ó Ceallaigh, Ó hEidhin,
Aon-mhach Ríogh Uladh, Murchadh, Toirdhéalbhach
Is Cian maol modh-mhilis de chine Mhaolraonaidh.



Adeir Céitinn cródha craobh-órdha an mhín-ghlaich
gur árd-mhéirleach phós thug gleó na dtrí righeachta;
Thug Diarmuid is Ruaidhrí ag cómhrac 's ag coimheas-
car
Is do thug buidhean Strongbó i n-a slóightibh chum tíre.
D'fhág sé siúd Éire gan chéile gan chrích,
D'fhág sé sliocht Ghaedhil Ghluis go tréith lag gan
bhrígh,
D'fhág sé an réim is an chraobh ag Eannraoi.
Do dhoirt sé fuil áluinn ár n-árdeasbuig aoibhinn,
'S tá mallacht an Phápa is na bhfáidhe dhá gcaoimhdeacht!


L. 93


OCH, MO LÉAN, CÁR ÉALUIGH UAIM!



Fonn: 'O, Native Music."



I gcaitheamh na hoidhche araoir im' aonar,
Bíodhgadh mé trém' néaltaibh suain,
Ag athtuirse caointeach ag mnaoi dá dhéanamh,
'N-a suidhe léi féin cois taoibh' an chuain.
Do phreabas gan mhoill, is do scríobhas ar fhéadas
Dá n-abarad sí, is ba bhinn a bréithre;
Measaim go mbíodh i gcrích gach bhéarsa;
Och, mo léan! cár éaluigh uaim!



"Bhfuil aindir," ar sí, "'san tír go léir
Do shuidhfeadh taobh liom féin leath-uair,
Go n-aithrisfinn díbh i gcoimhdeacht scéil,
Cad é thug mé-se féin fé bhuadhairt?
N'fheadar an tslighe go bhfuil mo chroidhe dá réabadh!
Dá stracadh mar chaoirigh ag gríoscar faolchon,
Le hathtuirse ag caoineadh díth mo chéile,
Och, mo léan! cár éaluigh uaim!



"An maireann 'san tír dem' bhuidhin-se éinneach
A scaoilfeadh mé o ghéibhinn chruaidh?
Ca bhfuil sliocht Éibhir, Ír nó Aonghuis
Do théigheadh dom' shaoradh féin ó ghuais?
Ca bhfuil mo dhaoine bhí críona léigheanta?
Ca bhfuil an bhuidhean 'gá mbíodh sleagh ghléasta?
Ná tigeann 's an tsnaidhm seo dhíom-sa réidhteach'
Och, mo léan! cár éaluigh uaim!


L. 94


"Sealad do bhíos go haoibhinn aereach,
Is mo mhaoin go léir ag Séamus suairc
'S ag gasraidh ghroidhe ba chaoin le chéile
Ó éag Tuirgéiseas tréan 's a shluagh
Gur chaitheadar stríocadh síos gan ghéilleadh
D'Aifreann Chríost ná do bhrígh an Chuirp Naomhtha;
I bhfarradh gach nidhe mo Stíobhart dhom' thréigean,
Och, mo léan! car éaluigh uaim!



"Codhladh 'san oidhche is fíor ná féadaim
Ag caoineadh céile go dtéighim chum suain.
Grogaire críonna bhíonn dhom' chéasadh
Luighe liom féin 's é faon le fuacht.
Preabann mo chroidhe lem' Stíobhart ghléigeal,
Do leagfadh gan mhoill sliocht fill is éithigh,
Is le clannaibh Míleadh chlaoidhfeadh méirligh,
Och, mo léan! cár éaluigh uaim!



"Is deacair dom síneadh síos 'n-a dhéidh sin
Le straoile chaoch gan léim gan luas,
Go gcnagann le haois gan snaidhm 'n-a ghéagaibh:
Brígh mo scéil mar bhraon 'n-a chluais!
Is follamh dhom caoineadh díthe mo chéile
Má's obair dom síneadh síos le sméirligh,
Is mo chrobhaire an Stíobhart nach tigheann dhom' éileamh
Och, mo léan! cár éaluigh uaim!"


L. 95


'SÉ DOMHNALL BINN Ó CONAILL CAOIN



'San mbliadain 1828 ar theacht abhaile ó'n gClár do Dhomhnall
Ó Conaill, do chuaidh muinntear Bhórd Eóghain Fhinn ar fad
'n-a choinne go mullach Chúim an Chiste, 900 troigh ós cionn na
fairrge. B'éigin do sna fearaibh óga na cóistidhe do sháthadh
rómpa go héadan an chnuic tré an sean-bhóthar garbh conn-
tabharthach. Bí an file i n-a measc, agus do chrom sé ar fháil-
tiughadh Dhómhnaill mar seó: -



Ba bhinne liom do chóiste
'Ná eacha Ríogh na Gréige
Ag teacht go thiugh de dhruim na gcnoc
Ar Dhoir' Fhionáin aoibhinn gréine.



Act an uair labhair Domhnall leis an bhfile do thug Tomás
an t-amhrán binn so uaidh, agus do chuir an sluagh go léir leis
an bhfonn: -



'Sé Domhnall binn Ó Conaill caoin
An planda fíor de'n Ghaedheal-fhuil
Gur le foghluim dlighe is meabhair a chinn
Do scól se síos an craes-shliocht;
Go bhfuil sé scríbhte i bPastorína
Go maithfear cíos do Ghaedhealaibh
'S go mbeidh fairrgidhe breac le flít ag teacht
Ist ach thar poinnte Chléire



I n-Uíbh Ráthach shiar tá an dragún dian,
Ár sciath ar iarthar Éireann,
Go bhfágfaidh iad go bráth fó chiach
An t-ál so shéan an éide.


L. 96


Fán is fiadhach 'ghá gcrádhadh go dian,
Gan fagháil ar iasacht scléipe,
Fé sháil an diabhail a ngrádh go léir
Acht plágha is pian dá réabadh.



'San bhfóghmhar so chughainn 'seadh dóighfeam púirt
Le glór an Ughdair Naomhtha
Beidh Seoirse dubhach gan choróin, gan chlú,
Gan sólás búird, gan féasta
Ólfam lionn is beoir le fonn
Is cóimh-sheinfeam tiuin de'n Ghaedhilg.
Beidh bróga dubha ar ghach óig-fhear chlúmhail
Cé gur ró-fhada dhúinn 'ghá n-éagmais.



Beidh ministridhe gan strus gan phuimp,
Is ní rithfid chum cinn mar théighdís,
Ní bhainfid cíos de Chaitilicíbh,
Mar cuirfear síos na méirligh;
Béidh Domhnall choidhche ar a dtí
Go nglanfar cruinn as Éilge iad
'Nuair bheidh an dlighe fúinn féin airís
Ar theacht EMANCIPATION.


L. 97


TRAITHÍN DÉIDHEANACH



Fonn: "An Stáicín Órna."



I



Tráithín déidheanach is mé cois leasa 'muigh
Déanamh machtnaimh ar an saoghal bocht,
Do dhearcas an Spéir-bhean bhéal-tais mheasardha
Ciuin tais leanbhach do b'áilne crot.
Ba bhacallach é a cúilín dlúth buidhe casta tiugh,
Go buacallach barra-chas ag fás léi a folt;
Is ba ghreannmhar a súil chruinn mar ubhaillín greanta
No drúcht na seamaire, is ba niata a crot.



II



Ar fheicsint na béithe 'seadh do chlaon-dubhaigh m'aigne,
Cé go mb' fhada liom féin an scéal gan chlos
Ar eagla nár bh'aon bhean tsaoghaltha do theangmhaidh
liom
Gur bhaoghal dam an t-anfadh dá dtéighinn thar a
toil
"Aindir mhilis mhúinte dhluth chaoin charthanach,
Ionntaoibh m'anam' ort, is ná bí docht,
No aithris dúinne cad é an túr as do thaistealais
D'fhonn bheith ag iomaigh leat, no cad é do thocht?



III



"An tusa Bhéanus baindia do theangmhaidh linn,
Do chlaoidh mac Adonis nár ghéill dá toil
Nó Diana do thréigh Actaeon i n-achrann,
Do leig na faol-choin 'n-a dhiaidh mar phoc?


L. 98


An tu Pálas na scéimhe do phléidh an chaismearacht
An t-ubhall, mar mheasaim-se, d'fhagháil 'n-a crobh,
No an fhinnbhean Hélen d'éaluigh le fearachoin
Agus Trae 'n-a lasair go léir gur loisc?"



IV



"Ní héinne mé féin de'n mhéid do labharais
Acht Fódla, Banba no Éire bhocht
Is fada mé im' strae i bpléireacht i lasaireacht
Le méirligh mhallaighthe gac lá dhom' lot.
Ní hiongnadh mo mhúirnín go dubhach croidhe athtuirseach,
Na búir seo do cheangail sinn nár ghéill d'ár ngol;
Acht brostuigheadh do thriúpa is do sciuirsidhe chalma,
Agus gheobhaid súd sealbhachas gan éinne dá stop.



V



"Tiocfaidh na Franncaigh 'n-a scannradh ar maidin
chughainn,
Is samhail go measaid súd gan géilleadh dho;
Beidh dlighthe na nGall 'san nGleann so scaipthe,
Beidh teampaill bheannuighthe is an chléir gan chosc.
Beidh an Spáinneach go fíochmhar 's na mílte seabhac
aige
Agus fágfaidh siad an dlighe againn arís gan locht,
Beidh ár Stíobhart airís mar a bhíodh 'n-a bhaile chirt,
Is scaoilfidh na glasa tá ar Gaedhil, cé docht."


L. 99


XXVII



AN GHEADACH D'Á CRÚDHADH 'SAN GHLEANN



Bhí aon bhó amháin ag baintreabhaigh bhoicht 'san Ghleann, i
n-iarthar Ua Ráthach, agus Geadach an ainm do bhí uirthe. Do
tógadh leis an ndeachmhadh an Gheadach, agus seo mar adubhairt
an File i dtaoibh an scéil: -



Fonn: "Ceó Draoidheachta."



I



A dhaoine, nó an díth libh na scéalta
Do h-innseadh aréir dom th'réis luighe,
Go raibh an Suíbhneach d'á innsint is Dómhnall,
Ná díolfaidhe aon fheoirling deachmhaidhe;
Beidh an Spáinneach 's a loingeas go gléasta,
Thar sáile go hÉirinn gan mhoill,
Beidh an lá aca 'gus Páithnigh 'gha dtraochadh,
Is tiomáinfeam draighbhéaraidhe ó'n gCill.



II



'S a bhuachaillidhe, gluaisídh le chéile,
Go huasal go dtéigheam seal do'n Ghleann,
Chum na gcluas a bhaint anuas de dhraighbhéaraibh
Is iad do ruagairt as Éirinn i n-am;
Beidh sliocht Liútair is Brúnaigh go tréith lag,
Beidh Tiút agus Déanna go fann,
Brúghfaimíd brúididhe an Bhéarla
Is beidh prionnsa na nGaedheal gceart mar cheann.


L. 100


III



Is dubhach liom gan congnamh im' theannta
Chum an bhrúid do chur ag damhas seal ó'n gCill,
Nó an cnútach thar triúchaibh ó'n nGleann so,
Le húrghas dhe'n choll nó dhe'n droighean;
A shúile go mbrúightear 'n-a cheann súd,
Is sciuirse ró-lom ar a thaoibh
Leis an úr-Mhac, gan chúntas, do labhraim,
Is a chúram le fonn ar an dtuinn.



IV



Faightear dom arm is púdar,
Go dtéigheam seal ag cúmhangas na nGall,
Fágfam lag marbh an Tiúiteach,
Is beidh Meaidein 'n-a chnútach gan cheann;
Beidh Deacmhaidhthe leagaithe ar gcúlaibh,
Is an aicme úd Liútair go fann,
Is leigfeam abhaile ar a dúthchas
An GHEADACH d'á crúdhadh ins an Ghleann.



V



Is scríobhfad-sa líne le héifeacht,
Mór-dtimcheall na hÉireann gan mhoill,
D'á innsint le brígh ceart mo scéil-se,
Cad é an chuing atá 'dtaoibh na ndeachmhaidhe;
Beidh "meeting" ar thaoibh chnuic ag Gaedhealaibh,
An Loingseach, draighbhéaruidhe ó'n gCill,
An Suibhneach is a chlaidheamh ar a thaoibh dheis
Dá ruagairt le chéile thar tuinn.


L. 101


XXVIII



COIS CALAIDHTHE AN GHÓILÍN



I
Agallamh idir Thomás agus file eile gur bhuail Tomas chum
a thighe síos amach fé'n dtír.




T. - "Cois calaidhthe an Ghóilín seadh chomhnuidheann mo
mhuinntear,
Anois táim im' dheóraidhe lorg óstuigheact' na
hoidhche."
"Annso gheóbhair do lóistín má's deóraidhe gan
tígheas tú
Agus maighreach dheas d'óg-mhnaoi mar eólaidhe chum
suidhe leat.



Sa mbó, leó.



II



T. - "Flouncidhe is róbaidhe ar óg-mhnaoi níor ghnaoi
liom,
Gan foghluim, gan scóiligheact gan fóiligheacht le
sínsear
B'fhearr liom-sa mór-chaille is seacht n-órlaigh de
phíop aici
Do chuirfeadh orm cóir bidh 'ná ceól sidhe na Ríghthe,



Sa' mbó, leó."



III



"Tá inghean agam-sa ar mhnáibh deasa na hÉireann,
Maighdean í, geallaim duit, ar fhearaibh an tsaoghail
seo:


L. 102


Ní'l éinne chífeadh a pearsa 'n-a seasamh lá gréine,
Nach tuitfeadh lag marbh le taithneamh do'n Réiltean,



'Sa mbó, leó."



IV



T. - "Cia'ca de sna mnáibh seo do sháruigh na bréithre
Gur mholais a cáil thar mhnáibh deasa Éireann?
Fios a h-ainm' ní fuláir liom-sa fhagháil uait as
Gaedhilg,
'Nuair imtheochad uaibh i mbáireach bead ag trácht ar
an Réiltean,



Sa' mbó, leó."



V



"Is ainm di Máire le háireamh as Gaedhilg,
Siúd í shíos ag fuagháil í go sásta 'n-a haonar,
Tá a gruaig 'n-a rothánaibh, is a dá mala glé geal
An uair chíorann sí a tátha, is breághtha í 'ná Bhéanus.



'Sa mbó, leó."



VI



T. - "Scalladh cruaidh cráidhte ort, a tháthaire an éithigh,
Nár scaoil leis an mbás í, má tháinig dhá héileamh;
Mar do b'fhearr liom-sa an bháb so, 's í fhagháil uait
'n-a héide
'Ná Máire is lán áthraigh de pláta bhreagh ghlé geal,



'Sa mbó, leó."



VII
"Ní dheineann an bháb san caidhp, lása ná léine,
Ná obair sprigeálta chomh áluinn léi i n-aon chor;
Acht brógh chluthmha fáiscthe táthuighthe déanta,
Is deacair í cháineadh - cnutálann sí féin í.



Sa' mbó, leó."


L. 103


VIII



T. - "Is deas é obair sprigeálta chum coc-lás do
dhéanamh,
Snáthad deárnála chuirfeadh fáithimh ar léine,
Córda mór cnáibe is é fáiscthe ar a chéile,
Do bhí anairt chomh gearrtha is bheadh mála peidléara,



Sa' mbó, leó."



IX



"Bíonn an bhoineann ag beadaidheact 's a lochta
le n' innsint
Is gur marbhuigheadh ar na faithchíbh dá ndeascaibh na
mílte
Go gcuiridís ar leath-taoibh gach gaiscidheach d'á
aoirde
Do thug mise ar mearaighe cé gur beathuigheadh le
soill mé,



Sa' mbó, leó."



X



"An bhuidhean gur díobh sinne, bíonn na boineannaigh
béasach,
Ní théighid siad le mire ag ól gloinne le haon fhear;
Bionn ól agus ithe 'n-a gcistin le féile,
Fáilte is fiche, dá dtigeadh na céadta,



Sa' mbó, leó."



XI



T. - "Má bhíodar fial, flaitheamhail is banamhail dá
réir sin,
Do croidhe-se ní'l fearamhail, a bhastúin an éithigh,


L. 104


Mar dá dtagthá-sa chugham-sa 'nuair bhí dún agam
féinig,
Ní i nDORUS mo chúirte bheinn ag tabhairt do
leath-scéil duit,



Sa mbó,' leó.



XII



"File 'seadh thusa agus tuigim do ghníomhartha,
File eile 'seadh mise do sloinneadh ó'n Laoiseach,
Tair go dtí an teine is bí ag imirt do ghníomhartha!
Tá an citeal ag fiuchadh 's ag cliosmairt ar a dhicheall,



Sa' mbó, leó."


L. 105


Is bréagach iad Peadar is Pól
Is bréagach Muire Óighe 'gus a Mac
Is bréagach é Pápa na Rómha
Má's ag Bland is ag Stokes atá an ceart!



XXX



I



Screadaim ar Íosa ar Mhuire is ar Bhrighde
Do mhuillean-sa i ndísc, a réice!
An tuille go dtigidh ó chumar Loch' Luighdheach
Go leagfaidh i ndruim a chéile é.
A scriosadóir tíre, a chreachadóir daoine,
Ag stolladh is ag straoileadh gach bréide!
Fé'n inid so 'rís, go bhfeicfead-sa i gcrích
Gach duine do bhí 'san gcléit seo.


L. 106


II



Is mithid dam trácht ar a n-ainm 's a gcáil,
Brighid, agus Meáig, agus Téid seó,
Sighle, Siobhán agus Séamus 'ach Seain
Agus Domhnall gan áird ó'n mBéarra.
Gobnait, Cáit, an Giolla bocht sámh,
Agus Peig mhait Ní Ghráda an spéir-bhean;
Agus n' fheacha-sa im' thrácht cé gur shiubhalas a lán
Aon ghasra b'fhearr 'ná an méid sin!



XXXI



Is 'mdhó bean do bheadh ag clamhrán
Nach tabharfadh uaithe bodhrán
Is an Camhlaobhach Caoin
De bhráthair ghaoil
Ghá bhualadh le n-a mhéir mheádhoin!


L. 107


II



Cloisfear ins an nGleanntán
Fothram an bhódráin,
Nach é an greann
Ag eirghe amach
Le cois an Bhaind ag máirseail!



III



A Sighle mhaith Ní Mhodhráin
O thugais uait an bodhrán
Is gearr gan mhoill
Go bhfaghair do dhíoghal
Le ceól is rinnce is amhrán!



XXXII



Tomás Ruadh: -



Cúm an Chiste brúidhte, briste
Ag púdar buille Cheárnaigh.
'S a Sheain Uí Bhriain, nach facha riamh,
Chím-se rian do láim' air.



Seán Ó Briain: -



Deir Tomás Ruadh, an file, 'dtaoibh Chúm an Chiste
Go bhfuil sé briste réabtha
Ag púdar buille, baint fuaim' as cnocaibh
D'iarraidh an bealach do réidhteach.


L. 108


Tomás Ruad: -



Ta an Sceilg 's an Scairbh shiar 'n-a seasamh,
An Bhó 's an Tarbh taobh leó,
An Laogh go blasta, nár ól riamh bainne
Is árd 's is garbh géimeann!
An t-Uan ag labhairt ar Cheann an Chairn,
Mar a ndeintear bascadh do chéad long;
Is an solas ar lasadh shiar 'san charraig
Do thugann chum talaimh saor iad.



'Sé Domhnall Ó Conaill an t-óigfhear cumais,
Planda ceart de'n Ghaedheal-fhuil
Do réir mar chuir sé an réidh-shlighe ar bun dúinn
Tabharfaidh sé Reipéil chughainn.
Cé go bhfuil ministridhe go dian 'n-a choinnibh,
Ag déanamh magaidh fé siúd,
Ná rabhaid againn fé bhliadhain ó ndiu:
Go marbuighidh doigh nó piléar iad!



XXXIII



Is fada dham taisteal gan ádhbhar
'San aistir úd, thánga aniar,
Lem' phreabaire sionnaigh im' mhála
Ó fhágas Uíbh Ráthach fial


L. 109


Dul ag triall ar an marcach mear, Seághan,
Mac Mhurchaidh áluinn, dian;
Bheadh gradam ag marcaigh Chill' Áirne -
Acht agam-sa tá an ball breagh de'n fhiadach.



XXXIV



A Mháirgréad chríonna chaimeach Bhaigneit,
Fuaireas d'ainm is níor bh'fhuláir dom fhagháil,
Níor bhraith do bhliadhanta mo chialacan fada
Cé go rabhas ó mhaidin gan greim aráin,
Chum gur ghabh an ghrian uaim siar an fhairrge:
Bliadhain agus da fhichid do bhí 'san lá!



XXXV



A spéir-bhean eirigh id' sheasamh,
Ó thánga chomh fada ag tnúth leat,
Tá trí lá ó fhágas an baile
Is an sprot úd ag deargadh súile!



XXXVI



A Athair Pádraig de ráib Chonaill shéimh,
De bhláth-chlannaibh cléire de'n tsíol;
An ráib atá lán-tuillte i méin
Go bhfuil grásta an Spioraid Naoimh in do chroidhe!


L. 110


XXXVII



Tá radharc ar na tíribh mór dtímceall na gCruacha
Is ar feadh fiche míle thar Steeple Ráth Tuatha.
Annsoin is eadh rugadh is beathuigheadh de'n tsíol
An tAthair Pádruig Ó Conaill is an chuid eile d'a
bhuidhin.
An Rí-dhoctúir diadhachta is an deagh-shagart léigheanta,
Mo bheannacht leat choidhche is led' mhuinntir le chéile!



XXXVIII



'Sí Peig Ní Cheallaigh an spéir-bhean chailce
An réiltean mhaiseamhail, mhúinte,
Go bhfuil a déid 's a mama go séimh, tais, snaidhte,
Is a caol buidhe tarraingthe cúmtha.
Da mbeinn-se i n-aice an té dheiní mhasladh
Is fíor go gcasfainn a chlú dhe;
Do léighfinn startha ar a tréithibh maithe,
Agus d'éisteóchadh' bacaigh liúm-sa!



XXXIX



"Dor-
chóchaidh an áit seo id'dhiaidh, agus gealfaidh rómhat na dubh-
chnuic, a ingeanóg an tsuilt, 'nuair scarfair leis an áit!"


L. 111


'Sé Bat Ó Séaghda, ó'n bhFéith, an bile
An séimh-fhear soilbhir, sásta,
Do chuirfeadh le chéile bréithre binne,
I n-éifeacht friotail dánta.
Ní fearr 'ná bréagfadh béith nó bruingheal
Mhaorda, mhilis, mhánla;
Is do thaithnfeadh sé léi le céachta, ag fuirseadh,
Ag treabhadh nó ag briseadh bánta!
Is acmhuineach, niadhta, tréan a chuisle
Dá dtagadh i n-imeall páirce,
Agus molaid na béithe tréithe a chinidh
Ar thaoibh Cheann Chuinn, ó thárlaigh!



XL



Tá tigh scoile beag theas i nDrom Caor agam
Láimh le loch aereach an ghrinn;
Bíonn scoláiridhe na háite go léir ann
'S ó ghach baile ó'n dtaobh eile dhe'n tír.
'Nuair a thagann an bháisteach ó'n spéir orainn
Crádhann is céasann mo chroidhe,
Agus do thángas ag cásamh mo ghaolta
D'iarraidh ádhbhairín éigin de'n tuighe!


L. 112


Tomás: -



Tháinig de thaidhbhreamh im' cheann lá,
Rud a chaithfead-sa dhéanamh i n-am tráith,
Óg-bhruingheal ghlé gheal
Do ghlacadh mar chéile
Cé ná fuilim i ngéar-bhruid i gcall mná!



An Mháthair: -



Fan fada is bí foidneach, a Thomáis;
Ná tabhair-sé léim chaorach i nduibheagán;
Toigh-se bean éigin
Ded' chine cheart féinig
Do scaipfidh an t-aonach i n-am ghábhaidh!



XLII



Tá diabhal agus deamhan agus malluightheacht ann:
Tá grádhmhaireacht, páirt agus carthannacht ann.



XLIII



An Diabhal 'nuair bhíonn 'n-a luighe go tláth, lag, fann,
Is riaghaltha bhíonn 'n-a chroidhe 'ná an Bráthair mall; 1
An Diabhal 'nuair bhíonn airís 'na shláinte teann,
An diabhal a mbíonn de chuimhne an Bhráthar ann!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services