Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceol Ár Sinsear 1-7

Title
Ceol Ár Sinsear 1-7
Author(s)
Bailithe ag an Athair Pádraig Breathnach,
Compiler/Editor
Breathnach, Pádraig, An tAthair
Composition Date
1923
Publisher
Brún agus Ó Nualláin

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuid a hAon.



Ceól Ár Sínsear



An Treas Chur Amach



An t-Athair Pádraig Breathnach
do chruinnigh



Fógarthar gach ceart ar cosnamh.



Muinntir Bhrúin & Nualláin do chlódh-bhuail,



Sráid Nassá, Baile-Átha-Cliath.


L. 2


Do



RIOBÁRD BHELDON



.i.



An fear oibre slachtmhar sár-ghlic
A chomhnuigheas i ngleann ghlas aoibhinn na Machan
Fá sgáth sléibhte sgéimh-chruthach an Chomaraigh
I bparóiste Chillrosanta na nDéiseach.



An file binn-ghlórach, caoin-bhéalach cruinn-bhréithreach
Do chleachtas ill-cheárd na suadh agus na sean-bhárd nÉireannach
Do rug bonn óir ó'n Oireachtas
Do ghabh trí huaire i dtrí blíanaibh
An chéad duais i n-iomaidheacht filidheachta
I bhFeis na Mumhan.



Do'n sár-fhear reamh-ráidhte
Le meas ar a cháil
Tá an leabhairín so dhá thoirbheirt
Ó n-a dhuine Mhuinnteardha



Pádruig Breathnach.


L. 3


CEÓL ÁR SÍNSEAR.



IS TRUAGH GAN PEATA 'N MHAOIR AGAM.



Gléas — Go suairc.



Is truagh gan peata 'n mhaoir agam, Is truagh gan peata 'n
mhaoir agam, Is truagh gan peata 'n mhaoir agam, 'S na
caoíre beaga bána. Is ó goirim
goirim thú, Is grádh mo chroidhe gan cheilig thu, Is
ó goirim goirim thu, 'Stu peata beag do
mháthar.



Is truagh gan maoilín bán agam
Is truagh gan maoilín bán agam
Is truagh gan maoilín bán agam
A's fáilte ó mo ghrádh geal.



Curfá: Is ó goirim, agus c.



Is truagh gan bólacht bainne agam
Is truagh gan bólacht bainne agam
Is truagh gan bólacht bainne agam
A's Cáitín ó n-a máthair.



Curfá: Is ó goirim, agus c.


L. 4


AN MAIDRÍN RUADH.



Gléas Eb, — Go caoin.



Ar maidin Dé Luain cois gleanna do chuadhas,
Is mé ag cur tuairisg mo ghéana,
Do fuaras a dtuairisg, do chuadar suas leis an
maidirín ruadh 's é ar saothar.
Och! greadadh croidhe cráidhte ort a mhaidirín ghránna,
Do rug uaim m'ál breágh géana.
Mo chearca beaga bána mo choiligh beaga Márta,
A's mo lachain beaga b'fhearr a bhí i n-Éirinn.



Is ró-bhreágh an sóghaltus ar baisde nó ar pósadh,
Ceann nó dhó dem ghéana,
Nó blaise d'á gcuid feóla thabhairt do dhuine bhreóite
Do chimeádfadh gan dreochaint sa chré é,
A's ní'l, aon ainnir ins a' Mumhain le chéile,
Ní'l sagart ná úghdar céille,
Gheobhadh blaise d'á gcuid súip ar maid-in nó ar nóin,
'Ná go mb'fhearr leo súd 'ná daor phuins



Do bhronnas a gcuid clúimh mar adhbhar leapthan ar an diúc,
'S ba dheacair dam é thabhairt ar ao' rud,
Ní raibh cleite ar a ndrom ó na méisgrí ar a mbonn,
Nárbh airigead ramhar dom féin sin.
Ní thabharfainn iad ar saidhbhreas Déamur,
Ní fhéadfinn déanamh dh'á n-éaghmuis 'S dá gcuirinn-se i
gcrích gach a mbeirid siad d'uíbh,
Do dhíolfadh siad mo chíos gach féile.



Curfá



An maidirín, ruadh, ruadh ruadh, ruadh, ruadh, an
maidirín ruadh 'ta gránna an maidirín
ruadh 'na luighe 'sa luachair, a's bárr a dhá.
chluas i n-áirde.


L. 5


Do chualas an ceól so ag Nóra Ní Loingsigh. Do réir mar a fuaras
cúntas ó Nóra is amhlaidh bhíodh sean-bhean déirce ag siubhal ar fuid na
dúithe fad ó riamh, ar an dtaobh thiar de Maghchromtha. Is 'mó amhrán
breágh bhí aici. Ba mhinic í ag tabhairt an cheóil seo thuas uaithi. Tá
breis is deich mbliadhna 's dathad ann ó chualaidh Nóra é.



BÍ MEADHRACH A BHANBA.



Gléas C. — go haerach.



Bí meadhrach feasda, a Bhanaba'n aoilchnis,
Do chlann cé chailleadar teanga a sínsear;
Tá le sealad d'á casadh arís ort,
Ag Connradh acfuinneach neartmhar na Gaoidhilge.



A' caoi le fada, a Bhanaba, taoise,
De bhár gur shladadh ar Galla do mhín chnuic;
ach 'sé do mharbh A's do lagaig do chroidhe 'nnat
Do chlann ag labhairt i dteangain do naímhde.


L. 6


Tá'n lá ag easgairt ar mhaithibh na tíre,
'S beidh feisean' acu'n gach cathair id ríoghacht-sa;
Ceól binn le rannaibh dá spreagadh ar phíopa,
'S ar chláirseach leathan 'bhí sealad ad ríghbhrog.



Bí'n Ghaedhilge teanga cheart flatha 'gus ríoghna,
Tuatha De Danann is Clann a maith Mileadh;
An té nár thaithig í, geallaim óm chroidhe dhuit,
Ar stair na seana so labhairt nár chuibhe dho.



'Sí'n Ghaedhilge teanga na mullach 's na mínchnoc,
Na ráth, na bhfearann, na gcarn, na gcoillte,
Na mbeann, na n-abhan agus ealtain na craoibhe,
'S ní thuigfeadh Sasanach dadamh d'á mbínn ghuth.



Curfá.



Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag teanga na Gaoidhilge,
Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag casfimíd arís í.



Seaghán Ua Seaghdha
ó Chathair Saidhbhín



Fuair an t-amhrán so thuas an chéad duais ag an Oireachtas 'sa
mbliadhain 1903.


L. 7


BO NA LEATH ADHAIRCE.



Gléas C. — Go haerach.



Thíos cois na toinne 'seadh beathuigheadh mo chaoir'
Ag Diarmuid Ua Dioláin ó Barr na hAoine,
Mac drithár athar dom a chuir le faill í
easba tobac a bhí ar a' gcladhaire.



B'fhearr liom ná sgilinn go bhfeicfinn mo chaoira
'Teacht go dtí'n dorus ar maidin nú 'stoidhche,
Thálfadh sí bainne orm, bheathóch' sí uan dom,
chuirfeadh só Jacketeen deas ar mo ghualainn.



Chonac-sa beirithe í, chonac dá roinnt í,
Chuireassa dúil inti, blúire ní bhfaighinn di,
Ó nár dheas í! Ó nár mheidhreach!
Ó nár dheas í an tseana chaoir' adharcach.



Dá mbeinnse i rachmas, i ngradam, 's i n-oighreacht
Thabharfainnse giní ar chúpa la sladhais di,
Ó nár dheas í! Ó nár mheidhreach!
Ó nár dheas í an tseana chaoir' adharcach.



D'íosfainn lán pice dhi D'íosfainn lán oidhinn di,
D'íosfainn-se sliotar den tseanachaoir adharcach,
Ó nár dheas í! Ó nár mheidhreach!
Ó nár dheas í an tseana chaoir' adharcach.


L. 8


Curfá.



Bó, bó bó na leath-adhairce
Bó bó 'sí an tseana chaoir' adharcach,
Bó, bó bó na leath-adhairce
Bó dhruim fhionn dhearg 's ní fheadar cá bhfaigheadh í.



CAITLÍN NÍ UALLACHÁIN.



Gléas Bb — Go socair.



Ó measaimíd nach a calm sín do'n bhuaidhirt 'san Spáinn,
Ach mealladh slíghe chun catha cloidhimh do thabhairt i d-tráth,
Beidh Galla arís dá leagadh síos le lúth ár lámh
A's mac an rígh ag Caitilín Ní Uallacháin.


L. 9


Ó geallaim díbh nach fad' airís gur buartha an gháir,
Ag airm faobhair dá gceapadh linn, is fuadar lámhaigh;
Is tapa cruinn do phreabfimís 's is buacach árd,
Ach mac an rígh bheith ag Caitilín Ní Uallacháin.



Is fada sinn ag faire 'nois le fuascail d'fhághail,
'N-ár stolairíbh gan bhalcaisí ná a luach 'n-ár lámhaibh
Beidh barca líonta ar barra taoide 's fuaim ar sáil,
le mac an rígh chun Caitilín Ní Uallacháin.



A Mhuire dhilis! a chara chaoin, gach uair 'n-ár bpáirt
Agail Íosa ar son na nGaoidheal, is cruaidh an cás!
Lucht an ísbirt do chur ar díbirt, ár stuaire mná,
'S a céile fíor do théacht tar taoid gan buairt 'na dáil.



A MHÁIRE A'S A MHÚIRNÍN.



Gléas D — Roinnt mall.



A Mháire a's a mhúirnín 'sa lúibín na gcraobhfholt,
An cuimhin leat mar do shiubhalamis ar dhrúchtíní'n fhéir ghlais?
A bhláth na n-ubhal gcúmhthra na gcnú buidhe 's na gcaortha,
Do pháirt-se níos dhiúltuigheas, cé dúbhach taoim at éileamh,


L. 10


Dá mbeinn-se am iasgaire thiar i mBeinn Éidir,
A's Máire na ngeal mbrághad n-a bradán ar loch Éirne.
Is rúgach 's is meidhreach do raghainn-se dá héileamh, '
S do gheobhainn í am líontán, 'sí grianán ban Éireann.


L. 11


Dá mbeinn-se i Londain mar cheann ar an ngárda,
'Gus cead ag am ó'n bhFranncach mo long chur tar sáile.
Chúig mhíle púnta, dá mb'fhiú sin gach lá me,
'S í Máire mo roghasa, 's do bhronnfinn mo stáit di.



MÁIRE BHEAG NA GRUAIGE BÁINE.



Gléas F. — Go cneasta.



Cois na Bríghde thiar, atá mo ghrádh le bliadhain
Is áilne í 'ná grian an tsamhraidh,
Is go bhfásann mil 'na diaidh ar lorg a cos 'san tsliabh
Dá fhuaire í an uain t'réis na Samhna,
Do gheobhainn gan stad mo chiall, dá ngeobhainn-se í am' líon
Agus chuirfinn brón díom gan buaidhreadh
Is ar comhairl' a rugadh riamh ní thógfaidh me ach mo mhian
'S í mo mhúirnín Máire bheag na gruaige báine.


L. 12


Nár thigeadh féin do'n éag, nó seal fé bhárr an fhéir
Is cumha as do dhéidh ní náir liom,
Ach codladh' ar nós na n-éan i mbarra bog na gcraobh
Nó'n bhfuil aon fhear i bpéin mar atáim-se.
Dá fhad í an oidhche 'réir níor chodail mo shúile néal
Ach a' machtnamh ar ghniomhartha Mháire
Is go bráth nár thagaidh an t-éag i mbárra fuar mo ghéag
Go bhfeicfad Máire beag na gruaige báine.


L. 12


SEÁN BUIDHE.



Gléas D,



Stadaidh d'bhur ngéar-ghol, a ghasara chaomh so,
Ná scaipidh bhur ndéara ní gádh dhíbh;
Táid fearachoin laochda na Banaban aosda,
Go bagarthach baoghlach ag gárduigheacht.
An aicme seo'n Bhéarla 'tá i gceannus na hÉireann,
Do cheangail ár gcléir bocht fé árdchíos,
Beid feasda fé dhaor-bhruid ag freastal do Ghaedhlaibh,
'S gan acmhuinn a saortha ag Seán Buidhe.


L. 13


Casfid na Séamuis le feartaibh an Aon-mhic,
A's stadfidh go héasca bhur n-árdchaoi,
Cé fada go faon sibh ag tarraint na cléithe.
'S ár mbailte ag méirlig gan fághail dlighe,
Ni'l spreallaire craosach ler spalpadh an t-éitheach
Ná caithfe de léim dul i mbárr claidhe,
le heagala Shéarluis an faraire tréitheach,
A's glanfar a' hÉirinn leis Seán Buidhe.



Beidh gairm ag Gaedhlaibh go fairsing 'n-a dhéidh sin,
A's Galla dá dtraochadh mar tá thaoi.
Beidh preabaire Gaedhlach nó scafaire Méara
'S an chathair fé féin A's ní cás linn.
Beidh Aifireann Naomhtha i gceallaibh na hÉireann,
'S beidh cantain ag éigsibh go hárdbhinn,
'S ar mh'fhallaing go mbéad-sa 's céad ainnir mar aon liom,
Ag magadh gan traochadh fé Sheán Buidhe.



Eibhlin Ní Chaoilte ó Chathair Druinge do chum.


L. 14


TEANGA NA nGAEDHEAL.



Gléas D. — Go sprideamhail. Riobárd Bheldon do chan.



Ar ár dteangaidh mhín mhilis bhí againn a's d'imthigh,
Mo bhuaidhreadh, sa tiubaist, is méinn liom-sa trácht,
An teanga úd budh bhinne 's gan amhrus budh chliste,
Do tréoruigheadh do hoileadh fá thearamainn dámh.
Má rachaidh le fuinneamh gach fear i gceann chuinge,
Le cungnamh Mhic Mhuire do fillfidh sí slán,
'S beidh sean-teanga an ghliocais go buacach dá seinim,
Fá ghradam go sultmhar i n-Éirinn go bráth.



M'athtuirse léirghuirt is minic le tréimhse,
Bhí osna am thaobhsa cé dúbhach liom é rádh,
Ag glamaig an Bhéarla am' chiapadh 'sam' chéasadh,
Ar cheileabhar na n-éigeas budh shearabh leó trácht.
Ach bheirim mo bhuidhchas go bhfuilid dhá maothadh,
Fá cheathannaibh Gaedhilge 'na dtuiltibh gan trághadh,
'S go gcaithfidh siad géilleadh do chomhrádh na gceudta,
Tá a' trial chun na féise, 'S go mairid a gcáil.



Is tarcuisneach léanmhar mar eachtra dhá léigheadh é,
A chlanna na dtréanchath, is dúbhach 'sis díombhádhach,
'Nár seasamh ag feuchaint ar theanga dhil ghlégil,
Na bhfearachon éachtach dá claoi leis an mbás.
Nó cad é bhudh bhaoghal dúinn dá ndruidfimis léise,
A cháirde na n-ae 'stigh, go síothmhar deagh-ghrádhach.
'S le misneach a's éifeacht cómh-pháirteach, cómh mhéineach,
Do thabharfamís saor í gan chréim as a' láib.



'S í teanga na féile í labhair Pádruig Naomhtha,
'Na thaisdiol i n-Éilge a' cur fachaid chun fáin,
'S í labhair an Sairséalach i mbeárna an bhaoghail,
Ag Luimneach an éirligh ag treasgairt chlann Sheagháin,
'S í labhair an fear taodach ar maidin an lae úd,
I gCluain Tarbh na laochra — sé Brian tá mé a' rádh.
A's na Danair dá dtraochadh le h-airm cruadha gheura
'Na lán-rioth go féirsgeach as Éirinn go bráth,



Goirim gach séimhfhear tá líomhtha, pras, léighionta,
Ó Shionnain go h-Éirne 's i gcríoch h-Insefáil,
Beith a' síorchur le chéile gan stríocadh gan staonadh,
Go gcuirfear an Gaedhilg go seunmhar 'na h-áit
'S gach cearrbhach mbudh mhéinn leis bheith dílis dá réir sin
Bíodh sé go h-eusgaidh 'na shuidhe i mbun chláir
'S ná cailleadh, má's féidir, aon chúig le siléige
Go mbuaidhfear 'san éiliomh leis an nGaedhilg go bhráth.


L. 16


DRUIMFHIONN DONN DÍLIS.



Gléas C. — Go hana-chroidheamhail.



A Dhruimfhionn donn dílis, a shíoda na mbó,
Cá ngabhann tú san oidhche 's cá mbíon tú 'sa ló?
O, bím-se ar na coílltibh, 's mo bhuachail am chómhair,
Agus d'fhág sé siúd mise ag sile na ndeór.



Ní'l fearann, ní'l tigheas 'gam; ní'l fíonta ná ceól,
Ní'l flatha am choímhdeacht, ní'l saoithe ná slógh;
Ach ag síor ól an uisge go minic 'sa ló,
agus beath uisge 's fíon ag mo naímhdibh arbhórd.



Dá bhfaghainn-se cead aighnis, nú radharc ar an gc'róinn,
Sasanaigh do leidhbfinn mar do leidhbfinn seana-bhróg;
Tré chnocaibh tré fhailltibh 's tré ghleanntaibh dúbha ceoigh,
agus siúd mar a shaorainn mo Dhruimfhionn donn óg.


L. 17


AN T-ÚBHAL.



Gleás C.



Tá sgéilín nuadh 'gam le hínsint dóibh-se,
Cúrsaí spóirt agus cómhradh dighe,
ubhall breágh gleóite do chuireas am póca,
Sní bhfuaras romham ann ach práitín síl,



Do shiúbhluigheas Cléire 'gus Carraig Aonair.
Cuanta Béara bhí romham 'sa tslighe,
Puínte na nGréig' 'gus na nDosaí Maola,
An Fhiadh 's an laogh taobh amuigh de Bhaoi.



Do shiúbhluigheas an Cualach mar a bhíos buartha,
An pharóiste Thuaidh a's na hAdhraidhe,
San Oileán Muar 'seadh d'inis dom buachail,
Na faighinn a thuairisg go dtéidhinn thar Snaidhm,



Do shiúbhluigheas an Cóbh agus Baile na Móna
Cathair Tún Tóime 'gus Inis Seircín,
Shoir ar a' gcósta 'seadh d'inis dom stróinse, Go
raibh sé 'na sheo 'cu ar Sráid Neidín,



Curfá.



Ó! mo thúirse mar shileann mo shúile,
I ndiaidh an ubhail úd a bhí breágh buidhe,
an óigbhean mhúinte bhí t'réis é thabhairt dom
'S do thabharfinn púint ar é bhlaiseach 'rís.


L. 18


MO SHLÁN GO HÉAG



Gléas E. — Go tapadh 's go cneasta.



An ceól ó Phétrie,



Mo shlán go heag don ghléghas shuairc,
A's slán ár gcléire ár saor 's ár suadh,
Ár slán go léir leat d'aon ghuth uainn,
Go bráth dot chaomhn(adh) ó chéimibh cruadha



Is cásmhar mé 's gach aon, monuar,
Cois Máighe go léir idir thréan a's truagh,
Idir óg a's aosta cléir a's tuaith,
'S ár mná at dhéidh is déarach duairc



Is ádhbhar léin don taobh so is truagh,
Fear sámh suilt séimh, fear saordha suairc,
Fear dán a's dréacht do dhéanadh 's duan,
Ar fán chun sléibh' i gcéin gur ghluais.



A ghrádh mo chléibh, nár thaobhuigh cnuas
Ach fáilte 's féile béasa 's buaidh,
Trághadh na mbléithe 's gné gan ghruaim,
Mo shlán go héag dot chaomhnadh buan.



Curfá,



Mo dhíth mo bhrón lem ló 's mo thuirse
Mo ghroidheghas glórmhar gleoit' an ghliocais.
Ba shaoirdha sóghach ba sheolta snoighte
Fá dhraoidheacht gan treoir i n-uaigneas.



Seán Ua Tuama.


L. 19


A CHOMARAIGH AOIBHINN Ó.



Gléas A.



Mo bheannacht ó chroidhe dod' thír 's dod' shléibhtibh,
'S dod' mhuíntir shuairc ar dual dóibh féile,
Do shrutháin gheal a's do choillte craobhach',
Do ghleannta meala's do bhánta léire,
Ó grádh mo chroidhe iad súd le chéile,
A Chomaraigh aoibhinn Ó,



Is dathamhail breágh do "Chruacha sgéimh chruth
Nuair a lasaid suas le hamharc gréine,
Na faillte's leacain ar gach taobh díot,
Mar bhrata sróil le seódaibh gléasta,
Nuair scapann drúcht anuas ó'n spéir ort,
A Chomaraigh aoibhinn Ó,



Is líonmhar lán do srutháin ghlégeal',
Ag rioth anuas go luath le taobhchnuic,
An mhachain thall a's abhus an Tae dhil,
Mar mhionáin gabhair le spórt a's sgléip-sult,
Ag snámh anonn od' bhonn go tréanmhuir,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó,



Is fairsing fial do locha taosgach',
Fé iasg ná fuil a shamhailt i n-Éirinn
Loch Com Seangán na hOlla Phéiste,
An dá Sgiollóg 'ua mbíon an méith-bhreac,
Na Coma locha a's Com Fiadh taobh leo
A Chomaraigh aoibhinn Ó,



Is breagh é an radharc a chím gach taobh díot,
Ó thuaidh, ó dheas, a's soir i n-éinfheacht,
Ó Dhromfingín i lár na nDéise,
Go Corrach Mór i dtír na bPaorach,
'S as soin ó thuaidh go Sliabh Ban Féinne,
A Chomaraigh aoibhinn Ó,


L. 20


Do bhíos tar sáile seal i gcéin uait,
I ndúthaibh fáin ag déanadh saothair,
Ach b'obair tháir liom cnuasach gréithre,
I bhfad óm' áit fé sgáil do sléibhte,
A's chas mé 'rís ort "Plúr na nDéise,"
A Chomaraigh aoibhinn Ó,



An t-Athair Muiris Ó Faoláin
Cnoc Mellerí.



MÚSCAIL A BHANBA.



Gléas G. — Go mín, milis. Fonn: "An Ciaraidheach Malluighthe."



Múscail ód thoirchim mhór thuirseach a Bhanaba
Is fad' é do shuan i nguais as i n-anabhroid,
Fé scamal na daoirs' at thromluighe;
Smaoin ar na laethibh 's an am úd fad ó,
'S ar na Laochraibh treaséachtach badh threánmhar i ngleó,
Caithbhéimeach lannghéarach i gcaismirt na dtreón,
A mhúirnín 's a riúin dhil mo chroidhe.



Is fada fá bhrón tu ag brúidibh ad bhanaltra
At sheaghmad 's at shúghmadh ar úrlar ag Galla choin,
Álmhach allmhúrdha nár chuibhe;
An tálmhach a chráidh thu ad tnáthairt 's ad dheól,
Chuir fásach dtí d' tháirseach a's cábla fád sceól,
Chuir do cháirde chun fáin uait, a's d'fhág tugan lón,
A mhúirnín 's a riúin dhil mo chroidhe.



'S iad a mhasluig do chléir-se go léanmhar's go peanaideach
'S chuir i gcuasaibh na sléibht' iad ag léigheadh an Aifirinn,
Gan suairceas, gan suaimhneas, gan sgíth;
A's a dtréada go canntlach gan teannta, gan treóir,
Gan ghréithribh, gan spionnsas, gan sóghltas, gan sógh,
Ag faolchoin na gcambheart i's na gleannta ar a dtóir,
A mhúirnín 's a riúin dhil mo chroidhe.


L. 21


T'réis blianta 'n-a gcéadthaibh i ngéar-bhroid 's í n-ana-chruth
Go dúbhach a's go déarach ad ghéar-ghoin go scalaideach,
'Stú ad chadhan bhocht le doimhin-chnead ad chlí';
T'réis ísbirt fá dhaoirse camdlighthe 's éagcóir,
Gan fealladh ort go fíochmhar 's tu ag síor-thál na ndeór,
Níor bh'fhéidir thu chlaoi a's ní chlaoidhfidh go fóil,
A mhúirnín 's a riúin dhil mo chroidhe.



Dúisigh ón dubh-bhrat trom-thúirseach dlúth-dhamanta,
Go caithiseach, clúmhail, gan bhrón, gan eagala
Ní'l do ghrian fós 'n-a luighe;
Tá do ghrian a bhí brúidhte fá smúit a's fá cheó,
Ag éirighe go momhrach 's ag múscailt gach ló,
Go soillseach gan múchadh ón dúbhach go haithbheó
A mhúirnín 's a riúin dhil mo chroidhe.


L. 22


Tá na seabhaic go saothrach 's go haontamhail seasmhach,
'S an adharc bhinn dá séideadh ag cur Béarla ar bhaillichrith
Éirigh 's bíodh meidhir ort ad shuidhe;
Gan buidhchas do sméirlibh, a réaltan gheal óg
Beidh do theanga bhreágh Ghaedhlach dá labhairt agat fós,
Do chláirseach bhinn-téadach ag scéitheadh na gceól,
A mhúirnín 's a riúin dhil mo chroidhe.



Riobárd Bheldon.



A RÁIBH GHIL MILIS.



Gleas A.



A ráib ghil mhilis mhaordha
Na ráidhte snoighte séimhe,
Is áilne cliste léigheanta
I dtréithe 's i gcáil;
Ó d'fhágais sinn-ne faonbhocht
Go tráighthe tuirseach tréith lag,
Gach tráth i n-iomad géibhean
I ngéarghoin 's i ngádh.



Ní'l fáidh ná file it dhéidh-se,
Le spás, ná bruinneal mhaordha
San áit 'n-a dtugais féin seal
Ag déanamh gach pláis;
Nach cráidhte rithid déara
Gach lá 'n-a dtuilte tréana
Ó bhárr a ruisc go féar ghlas
Mar thréigis a bpáirt.


L. 23


Ar fán go bhfuil do thréithe
A's do cháirde uil' it éaghmais
'S do chlár gan fuirinn Ghaedhlaibh
Do réidhfeadh do chás;
Is táis, is tirm taosctha
Go cráidhte 'nois, mo mhéala,
Gan dán ná snoighteacht bhéarsa
Dá ndéanamh go cáidh.



Séamus Ua Cinnéide,
1750.



ÉAMONN AN CHNUIC.



Gléas Eb — Go mall sámh.



Cia h-é sin amuigh, a bhfuil faobhar ar a ghuth,
Ag raobhadh mo dhoruis dhúnta?


L. 24


Mise Éamonn a' Chnuic atá báidhte fuar fliuc,
Ó shíor shiúbhal sléibhte 's gleannta.
Á laogh dhil 'sa chuid cad a dhéanfinn-se dhuit
Muna gcuirfinn ort beinn dem' ghúna?
'S go bhfuil púdar go tiugh d'á shíor shéidheadh riut,
'S go mbéimís araon múchta.



Is fada mise amuigh, faoi shneachta 'gus faoi shioc,
'Sgan dánacht agam ar aon neach;
Mo sheisreach gan scur mo bhranar gan cur
Is gan iad agam ar aon chór.
Ní'l caraid agam, Is dainid liom soin
Do ghlacfadh mé moch nú déidhneach,
'S go gcaithfidh mé dul thar faraige soir
Ó is ann ná fuil éinne déin' ghaoltaibh



A chuman 's a shearc, raighmídne seal
Fá choilltibh ag spealadh drúchta!
Mar a bhfaghmíd an breac, 'san lon ar a nead
An fiadh 'gus an poc a' búithrig
Na héiníní binne at ghéigíní a' seinim
'S an chuaichín ar bharr an iubhair ghlais,
Go brách brách ní thiocfaidh an bás i n-ár ngoire
I lár na coille cúmhrtha.


L. 25


ROSC CATHA NA MUMHAN.



Gléas C.



Do aithníos féin gan bhréagh ar fhuacht
'S ar an aithe Thétis taobh le cuan,
Ar chanadh na n-éan go séiseach suairc,
Go gcasfadh mo Shéasar glé gan ghruaim.
Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim
'S d'á mairean go dubhach de chrú na mbuadh
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag taraint go teann 'n-ár gceann ar cuaird



Tá lasadh 'san ghréin gach lae go neóin,
Ní taise don rae, ní théidhean fé neóil;
Tá barra na gcraobh ag déanamh sceóil,
Nach fada bheidh Gaedhil i ngéibhean bróin.
Measaim gur subhach don Mhumhain an ceól
'S d'á mairean go dubhach de chrú na dtreón
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag taraint go teann 'n-ár gceann fé sheól.



Tá Aoibhill ar mire 'gus Áine óg
Agus Clíodna an bhruinneal is áilne snódh;
Táid mílte 's tuille den dtáin seo fós
D'á shuidheadh le buile go dtáinidh an leoghan.
Is anamh dam maidean ar amharc an laoi
Ná bainim chun reatha go farige síos
Mo dhearca dá leathadh ag faire de shíor
Ar bharcaibh an fhairire ag gearradh na slighe.



Gach duine dfhuil Mhílidh bháin na gcréacht.
Curaí na Traoi mear láidiréacht
Do milleadh le dlighe 's do crádhadh le claon
Cuirfidh gan mhoill an báire i séan.
Measaim gur subhach don Mhumhain i gcéin
'S d'á mairean go dubhach de chrú na dtréan
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag taraint go teann 'n-ár gceann le faobhar.



Curfá.



Measaim gur subhach don Mhumhain 's gur binn,
'S d'á mairean go dubhach de chrú na ríogh
Torann na long ag scoilteadh na dtonn
Ag taraint go teann 'n-ár gceann gan mhoill.



Piaras Mac Gearailt.
A.D. 1745.


L. 27


JIMMY MO MHÍLE STÓR.



Gléas E — Go mall is go sámh.



Bliadhain an taca so d'imthigh uaim rún mo chléibh,
Ní thiocfaidh sé a bhaile go dtabharfidh sé cúr sa'n tsaoghail,
Nuair a chifead é rithfead le fuinneamh ro-árd i n-a chomhair,
A's clúideochad le mil é, 's é Jimmy mo mhíle stór.



Bíon mo mháthair a's m'athair ag bearradh 's ag bruighin liom féin,
Táim giobaithe piocuighthe ciapaidhthe cráidhte'm shaoghal,
Thugas taithneamh don duin' úd dob fhinn-e's dob áilne snódh,
A's chuaidh sé ar bhórd luinge, 's é Jimmy mo mhíle stór.



Rachad-sa chun coille 'gus caithfad ann an chuid eile dom shaoghal,
'S an áit ná beidh aoinne ag éistteacht le ceól na n-éan,
Ag bun an chrainn chárthainn mar a bhfásan ann féar go leór,
'Tabhairt taithneamh don duin' úd, 's é Jimmy mo mhíle stór.


L. 28


AG BUN ROS NA COILLE.



Gléas C. —



Ag bun Ros na Coille ar thuitim an drúcht' aréir,
Do chonnac sa'n ainnir ba shoineanta's ba áilne sgéimh,
Do shíleas nár mhisde dham druidim chun prásáil léi,
'Sé dúbhairt sí"'n ar buile taoi 'dhuine, ní dóich dhuit mé.



D'fhiosriugheas-sa dhen ainnir go tapaidh cad a sheól í 'gcéin,
"'N amhla chaillis do dhuine nú'r mhisde leat gábhail liom féin,"
Do fhreagair sí mise go clisde dhon chómhmhrádh shéimh,
Go gcaithfinn se imirt ar chluiche chúig cártaí léi.


L. 29


Do luighmair ar imirt 's ní thigeadh liom cómhreamh géar,
An t-aon mar a thugainn leis a' gcuireata bhuaileadh é,
Is ciúin a's is clisde do chanainn léi fíor nú bréag,
'Sar an tar-na glaodh coiligh mo bheannacht do sgaoileas léi.



"Má bhuadhas ort an cluiche le gliocas ná bíodh ort brón,
Ach téanam a bhaile's gheobhair beathuisge's fíonta'r bórd,
Gheobhair ór uaim le sgaipeadh 'gus capal mór groidhe mear óg
Agus léas ar trí fearainn de thalamh gan cíos go deó."



NUAIR EIRIGHEAS AR MAIDIN.



Gléas Eb. — Go luath éadtrom.



'Nuair éirigheas ar maidin sa bhaile 's me i dtúis mo shaoghail,
Do cuadhas go Cnoc Grafan mar a mbuaintear an foghmhar le faobhar;
'S nuair shíleas-sa codladh mar chleachtas am dúthaigh féin,
Bhí an sgológ 'n-a sheasamh ar maidin 's dob árd a ghlaodh.


L. 30


"Mór dhuit a thaistealaigh" 's d'fhreagair sé féin airís,
"an fada do thángais?" "do thánag ó Sráid Bhláthaighe";
"An fíor gur ó mhaidin do shiúbhlais an méid sin slighe,
'Smo chuid foghmhairse ar lasadh 's gan fear agam fós 'n-a shuidhe."



Nuair chualaidh an gasra é phreabadar suas 'n-a suidhe:
Bhí stocaí dá stracadh 'gus lasgaí sean-bhróg bhí críon;
lá sgeimhle chun reatha 's gan bail agam déanadh aon mhoill,
do chailleas mo hata 's do thugas lá buaint am mhaoil.


L. 31


FÁINNE GEAL AN LAE.



Gléas F. — Go bíodhgamhail.



Maidin moch do ghabhas amach, ar bhruach locha Léin;
An samhradh 'teacht 'san chraobh le n-ais, 'gus lonnradh te o'n ngréin;
Ar taisdeal dam tré bhailte puirt 'gus bánta míne réidhe;
Cia gheobhainn lem ais ach an chúil-fhionn deas le fáinne geal an lae.



Ní raibh bróg ná stoca cadhp ná clóc' ar mo stóirín óg ó'n spéir;
Ach folt fionn órdha síos go troigh ag fás go barr an fhéir;
Bhí calán crúidhte 'ci 'na glaic 'Sardhrúcht ba dheas a sgéimh;
Do thug barrgean ó Bhénus deas le fáinne geal an lae.



Do shuidh an Bhrídeach síos lem' ais ar bhinnse glas de'n fhéar;
Ag magadh léi bhíos dá maoidheanh go pras, Mar mhnaoi ná sgarfainn léi;
'Sé dúbhairt sí liomsa "imthigh uaim, A's sgaoil mé'r siubhal a réic;"
Sin iad a ndeas na soillse 'teacht le fáinne geal an lae.


L. 32


A BHUACHAIL SHASTA SUIDHTE.



Gléas F.



A bhuachail shasta suidhte
Do sháruigh tú mé 'mbrón!
'S nár chuimhnigh féith 'em chroidhe ort,
Ná smuíneadh dar ndóith;
Is duit is mór an náire,
Muna dtóigfir arís ón bhfán me,
'S go dtug tú fearta'n mhánail,
Ná fágfa me faoi bhrón!


L. 33


Tiocfa an bás ar cuaird chughat
Leath uair bheag roimh lá;
'S bainfidh cúntas cruaidh dhíot,
I ngach cluain d'ár bhuail tú ar mhná;
Beidh tú in rúimín uaigneach,
'S brat lín bhán anuas ort,
'S nár bhreágh í an áithrighe 'nuair sin,
D'á mb'fhéidir leat í fhagháil!



Is cáilín beag gan ghruaim mé
A bhfuil subhailceas in mo ghlór,
Nár thárla beart ar thuathal
Gur casadh tusa am chomhair;
Anois ó tá tú ag gluaiseacht,
Agus cúl do lámh go luath liom,
Mo chumha má théidhim san uaigh leat,
Is dubhach duit mar sgeól!



Do chuirfinn slacht ar ghnó dhuit
Gan mhórtas óm láimh,
Ar léine nó ar chóta,
Nó ar stoca cúil gan chaim:
Da mbuailfeadh smúit ná ceó thu,
Chuirfinn tú 'ris i n-óige,
'S dá dtiocfá 'gus me phósadh,
Bheadh an rígh glórmhar 'n-ár láimh!



Seal dem shaoighal bhíos féinidh,
Gan uireasba bídh ná éadaigh;
Ag siubhal ameasg mo ghaolta,
Ag tuilleamh clú 's dá fhághail;
Bhi meas ag Gall's ag Gaodhal orm,
Gur mheallais-se let bhéal me,
Is é teachtaire chuirim n-a dhéigh ort
Rígh gléigeal na ngrás.


L. 34


'S a chomharsa chroidhe na páirte,
Nach cráidhte bheidh me 'nocht;
'S nach dubhach do beidh' mé máireach,
An uair ná beidh tú 'gam:
Do bhris tú an croidhe am lár-sa,
'S d'fhág tú me go cráidhte,
Seo póg nó dhó le grádh dhuit
Fá bhfágfa tusa me!


L. 35


ABHA NA LAOI.



Gléas Ab. — Go bínn, cuíbhsach mall.



Fonn: "Ar Éirinn ní 'neósfainn
cé hí."



A chumplacht ghlan chaomhchruthach chaoin
Úr-léigheanta go líonmhar i ndán;
Bhur ndúthracht ag géarmholadh laoi,
Budh shaothar i n-intleacht is fearr;
An Lúbshruthach gléchriostail mín,
Is féile 'r bith fíor uisce cáil;
Gur thúirling gach séan le n-a taoibh,
Do b'fhéidir fá ríoghacht neimhe dh'fhághail.



Is cúmhrtha 's is craobhthorthach bhíon
Gach gaortha 'n-a timchioll ag fás;
Fá úbhlaibh fá chaoraibh fá fhíon,
Ag claonadh go híochtar a trágha;
Bíon ubhalghuirt fá ghéagaibh ag luighe,
Ar an bhféar-ghlas 'nuair líonaid i m-bláth;
Mar lubhghort na ndéithe do bhí,
Dá chaomhnadh le draoidheacht ar feadh spás.



Budh shúgach flaith féile'r gach taoibh
Go féastach go fíonmhar do ghnáth;
Is túirling na cléire d'ionsuighe,
Na saorfhear 'na dtigheasach a breágh
Is dúbhach liom a réim is a gcíos,
'N-a stéigibh dá sníomh idir chách;


L. 36


Ná h-úrfhlatha féin ins an chill,
Dob éasgaibh chum gnío'rtha 'gainn tráth.



Eoghan Mac Carthaigh.



Fear ó pharóisde Bhaile-Mhac-Códa i gCo. Chorcaighe do thug uaidh an
fonn so. Tá'n fonn, mar an gcéadna, ag muintir na dútha ar an dtaobh
shiar de Maghchromtha. Tá sé ag Muiris Ó Ceallaigh i n-Eochaill leis
ach ní ar an gcuma gcéadna seinntear é ins na trí roinntibh seo de
Chontae Chorcaighe.



AN BUACHAILLÍN BÁN.



Gléas F. — Go croidheamhail.



Tá mo chroidhese go tláthlag 's i lár mo chuid saothair,
Tagann lán tocht im' chléibhse cé nár mhéinn liom a rádh,
Tá'n díbirt i ndán dam ó bháin-bheannaibh Éireann,
Is fánach mo shaoghalsa 's is déarach mo chás.
Is cuimhin liom an tráth úd a ghrádh gil na n-ae 'stigh;
Thugas grádh searc is géilleadh dod' chaomhruisg thar chách;
A Rígh ghil na n-árann dob fhearr liom go néagfainn ,
I láthair mo ghaolta 's m bhuachaillín bháin.


L. 37


Tá críoch Innis fáilbhe go lánfad' i ndaorbhruid,
Go cráidhte 's go céasta i ngéibhinn na námhad,
Nó'n fíor nach ful áir duit go bráth bheith go déarach,
A oileáinín bhig mhaordha na naomh is na mbárd?
Ó guidhimse go h-árd ar an árd-Athair naomhtha
Chun ár agus léirsgrios do dhéanamh ar Sheaghán;
Do dhíbir na táinte thar sáile 'na gcéadta,
'S chuir fán orm féinig óm' bhuachaillín bhán.



Éamonn a' Chnuic.



Bean Diarmuda Uí Choncobhair Ó Thobar Ríogh-an-Domhnaigh i gCorcaigh
do thug dam an fonn so. Deir sí gur minic d'airigh sí ó na sean-daoinibh
é nuair a bhí sí 'na gearrchaile. Ní dóigh liom gur cuireadh riamh i gcló é
díreach mar tá se thuas agam-sa. Do chum "Éamonn a' Chnuic" nó Éamonn
Ó Donnchadha an t-amrán. Do rugadh Éamonn i gCarraig-na-bhfear i gContae
Chorcaighe. Fear iseadh é atá t'réis mórán oibhre do dhéanadh ar son cúise ár
dteangadh agus go deimhin ní'l deire le n-a chuid oibre fós.


L. 38


AR MAIDIN, 'S I dTAISCE MO CHÚRAM.



Gléas F. — Cuíbhsach mall. Fonn: Bruacha na Siúire.



Ar maidin, 's i dtaisce mo chúram,
I ngleanntaibh 's mé ag múisgilt mo bhó;
Ní raibh pears' ins na bailthibh i n-a ndúiseacht,
Ach mo chonairt go lúthmhar im dheóig.
Do dhearcas sa ainnir mhodhmhail mhúinte,
Go raibh lasair trí lúrtha 'na clódh,
'Gus a basa 'ci dá ngreadadh go túirseach,
A's do casadh go dúbhach ologón.



Do phreabas am sheasamh le rún di,
le taithneamh agus fonn dul 'n a treó;
"Stad sealad a mhascalach mhúinte,
Agus aithiris dúinn fios do bhróin.
'Né do chéile tá marbh 'san iúir uait,
Nó do leanbh gan súil leis go deó,
Nó do charaid do thaisdeal i dtriúchaibh
Go bhfuilean tú i liúndubh na ndeór?"



"Ní hé mo leanbh," i bhfreagra a dúbhairt sí,
"Do chorruig ná d'iompuig me'm shnódh;
Ná mo ghaoltha cé fairsiog é a gcúrsa,
Dá mbeidís i dtriúchaibh na dtreón.
Ach faraire meanam nach súgach,
De mhaithibh d'fhuil Stiúbhairt na Leómhan,
Go bhfuil a bhailte le fada dá spiúnadh
A's a charaid go túirseach 'n a dheóigh."


L. 39


"A's a chuman ná tigeadh mí-fhonn ort
A's is gairid uait túiseach an fhóghmhair
Go mbeidh scaipeadh ar an aicme seo Liútair
Ná'r chrom riamh a nglúin chun an Óird;
Go mbeidh gach faraire meanamnach súgach
Go flaitheamhail fiúntach ar bórd
Agus allus ar Ghallaibh dá dtúrnamh
A's a gconairt gan biúgail gan cheól."



IS AINDEIS NA SGÉALTA.



Gléas D.



Fonn: 'Dir Árd-mhór a's Eóchaill.



Is aindeis na sgéalta thar tréanmhuir a' tígheacht,
D'fhúig sgamal is néal dubh ar tréin na dtrí ríoghacht,
Gur sgaradh le hÉirinn a céile, mo dhíth!
'S a cáirde go dúbhach a's go cásmhar.
Ag danair gan daonacht tá'n bhé chailce chaoin,
I nglasaibh fé ghéarsmacht i ngéibhean de shíor,
Go hatuirseach déarach fé Chaesar gan brígh,
'S ná fágaimís siúd mar a tá sé.


L. 40


Ba thaithneamhach péarlach a scéimh is a gnaoi,
A mala cheartchaol is a claondearca faoi,
A tanaghob craorac, a géarmhama cruínn,
A lámh gheal 's a cum seang dob áluinn.
Is aici bhí'n tréanfhlaith ná staonfadh d'á naímhid,
Do treascradh méithphuic le faobhar a chloidhimh,
Ná sgartar le chéile go n-éagfaid, an dís,
'S ná fágaimís siúd mar a tá sé.



Ní'l sealbh ar séad ag ár ngaolta, fó-ríor!
Ní'l taisge ná spréchnuic ná préimhfhearann gaoidheal,
Ní'l aiteas i ngaor dóibh ná réim ins an tsaoigheal,
Go cráidhte ag búraibh d'á gcáibleadh.
Ach aicme gan béas' i ngach aolbhrog de'n tír,
Gan taise gan daonacht d'á ndaoradh de shíor,
D'á gcreachadh, d'á ngéarghoin, d'á gcéasadh le cíos,
'S ná fágaimís siúd mar a tá sé.



Tomás Ó Glasáin.


L. 41


AN MAIDRÍN RUADH.



(Cuma Muímhneach.)



Gléas Eb. — Go h-aerach.



Ar ghabhailt a dtuaidh dham tar Sliabh Luachra,
'gus mise a'cur tuairisg mo ghéana,
ar mo chasadh anuas 'seadh fuaras a dtuairisg
go raibh maidirín ruadh 'gá n-aodhaireacht



Curfá



An maidirín ruadh, ruadh, ruadh, ruadh, ruadh,
An maidirín ruadh 'ta gránda;
An maidirín ruadh 'na luighe sa luachair,
'gus bárr a dhá chluas i n-áirde.


L. 42


"Ní bhlaisfeadh pioc a's ní íosfad giob,
A's ní raghaidh aon smut im' bhéal de,



Curfá — Maidrín Ruadh ruadh, & ml.



Greadadh chroidhe cráidhte ort, a mhaidrín ghránda
Do rug uaim m'ál breágh géana,
Mo choiligh móra bréaghtha, mo chearca bhí go háluinn
A's mo lachain beaga b' fhearr a bhí i n-Éirinn.



Curfá — Maidrín Ruadh ruadh, & ml.




Cruinnigídh na gadhair le n-a chéile!
Hark! Hark! Trueman, ar Fleasg na Cúma,
A's ba mhaith an fear cúil é Bateman.
Sin chúghaibh ramhar-phoc — beirigidh i n-am air!
A's coingbhigidh i dteannta na bpléar é;
Nó go dtiocfaidh an t-am i n-a mbainfear de a ceann
Ní bheidh cearca go ramhar ag Séamus.



Curfá - Tally ho! le n-a bhonn! Tally ho! le n-a bhonn!
Tally ho! le n-a bhonn, a choileáinín!
Tally ho! le n-a bhonn! Tally ho! le n-a bhonn!
Agus bárr a dhá chluas i n-áirde!



AN PÁISDÍN FIONN.



Gléas Bb. — Go soilbhir.



Grádh mo chroidhe mo pháisdín fionn,
A croidhe 'sa haigine a' gáirídh liom,
A cíocha geala mar bhláth na n-ubhall,
'S a píob mar eala lá Marta.


L. 43


Cara mo chroidhe mo pháisdín fionn,
A dhá gruadh 'n lasadh mar bhláth na gcrann,
Tá mise saor ar mo pháisdín fionn,
Ach amháin gur ólas a sláinte.



Curfá.



Is tusa mo rún mo rún mo rún,
Is tusa mo rún a's mo ghrádh Geal,
Is tusa mo rún a's mo chuman go buan,
'Sé mo chreach gan tú agam ód' mháithrín.



Do bhí me naoi n-oidhche am luighe go bocht,
Ó bheith sínte faoi 'n dílinn idir dhá thor,
A chuman mo chroidhe! 's me ag smaoineadh ort
Is ná faghainn-se le fead 'ná le glaodh thú.



Curfá.



Tréigfead mo charaid 's mo cháirde gaoil,
A's tréigfidh mé a maireann de mhnáibh an tsaoighil,
Ní thréigfead lem bmarthainn thu, a ghrádh mo chroidhe,
Go sínfear i gcómhra faoi chlár me.



Curfá.


L. 44


AN RÓS GEAL DUBH.



Gléas Eb. — Rud beag mall, brónach.



As leabhar an tSeóigigh.



Tá liúndubh ar na triúcha
agus ceo'r na cnuic;
Tá fraoch ar na sléibhte
A's ní hiongnadh sin;
Do thaosgfainn an tréanmhuir
Le plaosg an uibh,
Dá bhféadfainn bheith réidh leat
A Rós gheal dubh.



A ghrádh gheal ná bíodh cás ort
tré n-ar éirigh duit;
Táid bráithre chúghainn tar sáile
'gus a dtrial tar muir;
Beidh do phárdún ó Phápa
na Rómha 'guinn,
A's céad sláinte i bhfíon Spáinneach
dom' Rós gheal dubh.



Do shiúbhalfainn an Mhúmhain leat,
A's bárr gach cnuic,
Mar shúil 's go bh-faghainn rún uait,
A's cáirdeas suilt;
A chraobh chúmhrtha a dubhairt liom
Go raibh grádh agat dam,
Is tú plúr na mban múinte,
A Rós gheal dubh.


L. 45


UALL-CHÚMHA NA FÉINNE.



Gléas Bb. — Go brónach.



"Oisín" do gléas.



Mo mhíle truagh, mo bhuairt, mo bhrón,
An sceimhle ruaig ár n-uaisle ar feodh,
Gan slighe, gan suadh, gan suairceas sóghach
Gan laoi, gan duain, gan ceól.



Curfá.



Is é do léig mé i milleadh i gceas,
Is é do thraoch mo chuisle ar fad,
Uaisle Gaedheal fá chruadh smacht ghéar,
Ag cuaine an Bhéarla dhuibh i nglas.


L. 46


'Bé chífeadh uaidh gach ruathar bróin,
Gach daoirse chruaidh, gach cruadhtan fós,
Gach sceimhle fuair ár n-uaisle rómhainn,
Budh líonta a gruadh le duartan deór.



Curfá.



Is é do líon mo chroidhe le brón
Gur aontuigh Críost a dtigheacht i gcoróinn,
Na béir chuir Biobla Íosa as cóir
A's nár ghéill dá naoimh dá dhlighe ná d'Órd.



Curfá.



SEÁN UA TUAMA.
(1706)



PÉ 'nÉIRINN Í.



Gléas E. — Go ceanamhail.



Ó leabhar an tSeodhaigh.



I ngleanntaibh séimh na héigse bhím,
I bhfanntais péin i ngéibh gach laoi,
An tseangbhean glé ba bhéasach gnaoi,
Do sgannruigh mé, pé nÉirinn í; pé nÉirinn í.



Ní thráchtfaidh mé ar chéile Naois,
Thug ár na nGaedheal ar dtéacht do'n Chraoibh,
Ná'n bháb ó'n nGréig do chéas an Traoi
Le grádh mo chléibh, pé nÉirinn í; pé nÉirinn í.


L. 47


Is breágh deas dréimreach réidh a dlaoi,
Go bár an fhéir 'na slaod ar bís;
A tláthfholt réidh do dhéalradh an flíos,
Ar ghrádh mo chléibh, pé nÉirinn í; pé nÉirinn í.



Is cásmhar, taodach, déarach bhím,
Go cráidhte, créimeach, céasta ó'n mnaoi,
Is fánach, faon, gan chéill ar baois,
Le grádh do'n bhé, pé nÉirinn í; pé nÉirinn í.



Ar neóin nuair théidhim ar thaobh Suidhe Finn,
Fá bhrón i gcéin 's gan aon dom' Bhuidhin,
Cé sheólfadh Aon Mhac Dé im' líon
Ach stór mo chléibh, pé nÉirinn í; pé nÉirinn í.



'LIAM DALL.



AN SPAILPÍN FÁNACH.



Gléas Eb. — Go croidheamhail le fuinneamh.



Go deó deó 'rís ní raghad go Caiseal,
Ag díol ná reic mo shláinte
Ná'r mharagadh na saoire am' shuidhe cois balla,
Am' sgaoinse ar leath taoibh sráide.
Bodairí na tíre a' tígheacht ar a gcapaill,
Dá fhiafraidhe an bhfuilim hírálta,
Ó téanam chun siubhal tá'n cúrsa fada,
Seo ar siubhal an Spailpín fánach.


L. 48


Am Spailpín Fánach fágadh mise,
Ag seasamh ar mo shláinte,
Ag siubhal an drúchta go moch ar maidin,
'S ag bailiughadh galair ráithe.
Ní fheicfear corrán am láimh chun buainte,
súise ná feac beag ráinne,
Ach colours na bhFranncach os cionn mo leapthan,
Is pike agam chun sáidhte.



Mo chúig céad slán chum dúthaí m'athar,
'gus chun an oileáin ghrádhmhair,
'S chun buachaillí na Cúlach ó's díobh nár mhisde,
I n-aimsir chasda na gárdan.
Ach anois ó táimse'm chadhan bhocht dhealbh,
Ameasg na ndúthaí fáin seo,
'S é mo chúmha croidhe mar fuair me an ghairim,
Bheith riamh am Spailpín fánach.


L. 49


UAIL-GHUTH AN AOIBHNIS.



Gléas F



Fonn: Spéir-bhean Chille Manntain.



Ar bruach na Coille muaire,
Fá ruadhbhrathaibh bróin,
Do seóladh guth am chluasaibh
ba shuairce liom fá dhó,
Ná ceól na cruit' ag fuaimint,
A's ná glór na lon san uaigneas,
B'e ceól ba bhinne é'm chuaird liom
Dá gcuala den tsórt.



Ná'n ceól do thugaid suaidhfhir,
Tar muarmhuir ó'n Róimh
Ná'n spórt do dheinid gruagaig
I gcruaidhlios na slógh
Ná'n gheóin do léigid cuacha
Go nódh cois coill'i mbruach cnuic,
'S gach brón gur chuir mo chuaird díom,
M'reach Molly bheag Ó.



I Srónaill dá mbeinn fuaighte
Faoi chruadhlic i gcomhad,
'S an sceól so chlos mar chuala
Go suanmhar ar seól, le fórsa's neart mo ghualan
An fód go gcaithfinn suas díom,
'S mo threó thar n-ais badh luaimneach,
Fé thuairim an sgeóil.



'LIAM DALL.


L. 50


MO SHLÁN CHUN CARRAIG NA gCAOL-FHEAR.



Gléas F — go maordha bínn.



Mo shlán chun Carraig na gCaolfhear,
Mar ar chaitheassa téarm 'om aois,
Gan gádh gan easba san tsaoghal so,
Ach ag magadh sa' scléip leo bhínn.
Do gheobhthaidhe aifirean Dé ann,
'Gus teagasg ar bhréithre Chríost,
'S ní'l fán ar ár sagart sa naomhthacht,
Tá a ghairim fé réim san tír.



Do gheobhthaidhe ainnir mhodhmhail mhaordh' ann,
Bheadh leanbhach faobhrach mín,
'Gus báidh go dtabharfadh do chaol fhear,
Dhá nglacfadh sé léi mar mhnaoi.
Do thógfadh mairig 'gus léan díot,
le binneas a béilín bhínn,
'Gus gnó 'gus maitheas dá réir sin,
I mbruinnil na gcraobhfholt mbuidhe.


L. 51


Do gheobhtháidhe gasara tréanfhear ann,
Calama tréitheach groidhe,
Badh ró-bhréagh an taca lá aonaigh,
Chun bagairt nó glaodhach i mbruighin.
I mbáire'r mhachaire tréadtha,
Ní fheicim go staonfaidís;
'Gus bárr do bheirim san bhféileacht,
Do Carraig na séimhfhear mín.



Do gheobhthaidhe capail 'gur caoirig ann,
Ba boga Laoigh 'gus uain,
Do gheobhthaidhe muilean ar linn ann,
'Gus leaba don rígh chun suain.
Do gheobhthaidhe'n fiolar's an faoilean,
An druid an cearc-fraoich 's an chuach;
'Gus éanlaith na cruinne san ngeimhreadh,
Do chruinnighean san gcoill ón bhfuacht.



CONCHUBHAR Ó BUACHALLA.



(Tímpal céad bliadhain ó shin a
mhair sé.)



AN CARABHAT.



Gléas C. — Go cuíbhsach mall.



Fonn: "Táimse im' chodla."



Is fada tá fuaim a' gluaiseacht eadarainn,
Ag tuar chun sparraine i gcláir Uí Néill;
Ó bhailtibh na tuatha go bruach na faraige,
Uabhar a's eagala's ár ar Gaedhil.
Tá siosma ro mhór 's an chuanso i n-aice linn,
An eagalais buartha'r uair an aifirinn,
Ag sileadh na súl a'tabhairt comhairle bhur leasa dhíbh,
Táimse im'chodla nó is fíor mo sgéal.


L. 52


A bhuachaillí 'n chroidhe ná bídhidh i bhfearag liom,
Is dibhse spreagaim mo ráidhte béil;
Tagann osna im' chroidhe nuair a chím ná Leanann sibh,
Dlíghe na hEagailse sáilne méinn.
Ach ag imtheacht le baois a' dean (adh) aimhlis bhur nanamann
mar a bheadh daill gan radharc a mearathal,
Geallaimse dhíbh go bhfuil naímhde a' magadh fúibh,
Táimse im'chodla nó is fíor mo sgéal.



'S é teagasg na cléire is réir na hEagailse,
An tslíghe mar mheasaimse b'fhearr chun Dé;
'S ní á' dul chun an aonaigh le faobhar go fearagach,
Tréan fé arm chun lámhach na bpléar.
Nach dealbh as sgéal é dá léigheadh ag Gallachoin,
gur b'iad clanna Gaodhal tá a' déanadh an acharainn,
a' feall(adh) ar a chéile faoi ghné gach seanacheirt.
Bhest agus Carabhat bán do thréig.



Séamus Ó Domhnall.



Ó Mhuiris Ó Ceallaigh, fear atá 'na chomhnuidhe 'sa tsráid mhór Thuaidh
i nÉochaill, iseadh fuaras an fonn so. Ní fheadar cia'ca cuireadh nó nár
cuireadh i gcló cheana é díreach mar tá sé annso. Pé'r domhan é ní fhaca-sa
riamh scríobhtha é go dtí anois. Amhranuidhe bínn-bhéalach iseadh Muiris agus
is iomdha fonn deas tá aige. Níor casadh orm duine n-ar bh'fhearr liom
bheith ag éisdeacht leis a'tabhairt amhrán uaidh ná le Muiris.


L. 53


CNOCÁINÍN AERACH CHILL-MHUIRE.



Gléas F. — Go socair.



Is buachaillín mise do shiubhluigh a lán,
A' chur tuairisg na h-áit' is fearr ionad,
I múineadh i n-iompar i gclúchirt 's i gcáil
I mbéasa i dtréithe 's i miotal.
Ní h-eól dam aon chúige nó dúnbhaile breágh,
Dá bhfacasa 'm shiúbhalthaibh ba shúgaidhe le rádh,
Níor luígheas riamh mo shúil ar aon dútha chómh breágh
Leis an áit úd go nglaodhtar Cill-Muir'air.



Ann súd a bhíon tionnlach mionch'lúr a's faoi-leán,
An chiarseach fraoich-chearca 'gus druide,
Ar ghéagaibh 'na slaodaibh a' géilleadh fé bhláth
Is gur mhéin liom le háireamh a bhfuireann.
bíon fuaim ag an gconairt dá leogaint chun fiadhaig,
A' traochaint an tsionnaigh is marcaig 'na dhiaidh,
Bíonn adharca dhá séideadh 's na céadta 'huzza'
Ar Chnocáinín aerach Chill-Mhuire.


L. 54


Ann súd a bhíon cúinse go súgach ag dáimh,
Mar a léightear na h-úghdair is cliste.
Bíon ól agus aoibhneas rínnce 'gus rás
Agus ceólta go bínn ann dá seinm.
bíon gasara groidhe-fhear gur gniomh iad le rádh,
I machaire'n choimhscair nár stríoc riamh dá námhaid,
Sin deire lem' ghníomharthaibh ach liontar chúghainn cáirt
Go n-ólfaimíd sláinte Chill-Mhuire.



Tá Cill-Mhuire sé mhíle soir ó dheas ó Maghchromtha. Bíon turas
'á thabhairt ann an t-ochtughadh lá de Mheitheamh an fhoghmhair. Bíon a lán
stróinséiridhe ann gan amhras. Do ráinig do fíle gabháil an treó uair
éigint go h-áirighthe, agus d'fhág sé rian a bhéil ann. Tá an t-amhrán ag
formhór na sean-daoine. Is deas é idir ceól agus focail.



AN CHRAOIBHÍN AOIBHINN ÁLUINN Ó.



Gléas C. — Go cneasta dúbhach.



A bhuidhean an tseanachais a's aic me na laoithe
eadaraibh sgaoilim brígh mo sgeóil;
An tslighe 'na mairim le sealad gan aoibhneas
laguighthe síos go tím i mbrón.
Istoidhche ar leabaidh ag caismirt lem' smaointibh,
'S ar thigheacht na maidne ar mearathal m'íntinn;
Gan mhaoin gan fear ann i mbailtibh mo shínsear,
Mo Chraoibhín aoibhinn áluinn ó.


L. 55


Bhí an Chraoibhín sealad go hacmhuineach maoineach,
I bhfarradh le saoithibh 'na suidhe ar sógh,
Ar fheisibh Chaisil is Teamharach ríoghdha
mar a gcleachtuighthí dílseacht is aoibhneas nós.
An bhuidhean ba dheachtuighthe a' ceapadh do dhlíghthe,
Gan cíos ar thalamh ach fearann ar saoirse,
Is rinnce an macaradh 'r halla 'r deagh-intinn,
leis an gCraoibhín aoibhinn áluinn ó.



Do bhís fé ghradam gur thaisdeal id' chuímhdeach
Danair thar tuinn chuir sinn as cóir;
Do bhíodh a' feall'ort a gan fhios dod' mhuintir,
le camadh gach dlighe gur claoidheadh tú leó.
Dó bhíodh do chlanna thar faraige'r díbhirt,
Ar díth na lanna san cleachtadh a sinsir,
De shíor i gcarcair fé ghlasaibh na daoirse,
Mo Chraoibhín aoibhinn áluinn ó.



Is dith ná maireann an aicme bhí croidheamhail,
Ar armaibh faoibhir ba líomhtha i ngleó,
Do bhíodh at aice am bagartha naímhde
'S dob' fhada ba dhíon duit 'dir oidhche 's ló:
Do bhíodh a sealg ad ghleannaibh ba mhíne,
'S arís 'na mbailtibh go freasdalach íogair.
Ba dhíon a's tearmainn do lagaibh na tíre iad
leis an gCraoibhín aoibhinn áluinn ó.


L. 56


Dá ndligheadh an tAthair-Mhac Cheannuigh na mílte
Atharrach ríogh gan mhoill i gcoróinn,
Grianda calma pearsanta gníomhach
Sgaguighthe trí fhuil Chuinn is Eoghain,
Bheadh teinte ar lasadh dho ar bharr gach maoilinn
Go grinn le taithneamh do leanbh na ndaoine
'S cead luighe dho feasta gan eagal roimh naímhdibh
Leis an gCraoibhín aoibhinn áluinn ó.



Pádruig Ó Cruadhlaoich (Maghchromtha), 1899.



Ó Áine Ní Raghallaigh, bean uasal atá 'na comhnuidhe ag Droich-
ead Maghchromdha iseadh fuaras an fonn so. Is iomdha bean uasal agus
fear do buaileadh umam le deich mbliadhnaibh go raibh grádh aca ar theangaidh
agus ar cheól ár dtíre. Ach 's é mo thuairim nár casadh riamh orm aoinne do
bhuaidhfeadh ar an mhnaoi uasail seo Áine Ní Raghallaigh. Ní hé amháin
gur thug sí an fonn so dham ach fós fuaras uaithi cuid mhaith cheóil eile. Go
raibh míle maith aici dtaobh an méid cunganta tá sí t'réis a thabhairt dam
ag scríobhadh síos sean-fhonn fíor-Gaedhealach fé mar thánadar as béalaibh
na sean-daoine.



An t-amhrán féin 'sé Pádruig Ó Cruadhlaoich do dhein é. De shliocht
na bhfilidhe iseadh Pádruig. File dob eadh a athair roimis. Do rugadh agus
tógadh i mBaile-Mhúirne é agus nidh nach iongna bhí an Ghaedhilg ó'n gcli-
bhán aige.



SEÁN Ó DUIBHIR A' GHLEANNA.



Gléas G — Go cuíbhsach mall.



Ar m'éirghe dham ar maidin, grian an tsamhraidh taithneamh,
Do chuala'n uaill dá casadh, agus ceól binn na n-éan;
Bruic a's míolta gearra creabhair na ngoba fada
fuaim ag an macalla a's lámhach gunaidhe tréan.
An sionnach ruadh ar a 'gcarraig, míle-liu ag marcaigh,
'Gus bean go dúbhach 'san mbealach, ag áireamh a cuid géan;
Anoir tá'n choill da gearradh triallfamaoid tar caladh,
'Sa Sheagháin Uí Dhuibhir a' Ghleanna tá tú gan géim.


L. 57


Is é sin m'uaigneas fada, sgáth mo chluas dá ghearradh,
An ghaoth i dtuaidh am' leathadh, agus bás ins an spéir;
mo ghadharín suairc dá ceangal gan cead lúith ná aisdigheacht,
do bhainfeadh gruaim de'n leanbh, i meadhon ghil an lae.
Croidhe na n-uaisle ar a' gcarraig, go céathfrach buacach beannach,
Do thiocfadh suas ar aitionn go lá dheire an tsaoghail;
'S dá bhfaghainnse suaimhneas tamall, ó dhaoinibh uaisle 'n bhaile,
Do thriallfainn féin ar Gaillimh, is d'fhágfainn an scléip.



Táid fearainn gleanna 'n tsrutha, gan cheann ná teann ar luchtaibh,
I sráid na gcuach ní hóltar, a sláinte ná a saoghal;
mo loma luain gan fosgadh, ó Chluain go Stuaic na gcolam,
San gearrfiadh ar bhruach an rosa, ar fán le na rae.
Creud í an ruaig seo ar Ghallaibh, bhualadh, buanadh 's cartadh?
An smóilín bínn 's an londubh gan sárghuth ar ghéig;
'S gur mór an tuar chun cogaidh, cléir go buartha 's pobal,
Dá seól(adh) i gcuantaibh loma, i lár ghleanna 'n tsléibh'.



Tá an fonn so scríobhtha síos díreach mar tháinig sé as béal Nóra Ní
Loingsigh. Tá Nóra 'na beathaigh fós (1904). Chómhnaidheann sí i sráid a'
Teampoill i gCorcaigh. Is iomdha fonn deas atá ag Nóra agus is Fonna-
mhar í chun iad do thabhairt uaithe.


L. 58


GAOIDHIL AR MHALAIRT AIGNE



Gléas F. Fonn: — "Róisín Dubh" ("Laochradh Loch Garmain").



Tu claoidhte creachta, a Bhanaba,
Ag danaraibh, is brón,
Ach Gaoidhil ar mhalairt aigine
Ag teacht, is bínn an glór;
Do shíor ag braith ar fhaistine
Ní tairbheach mar ghnó,
Ach luighe isteach le calamacht
Go tapa i ngach gleo.



An tráth bhí ríghthe againn-ne
I dTeamhair i n-allód,
Ba láidir buidhnmhar acmhuinneach
Ar machaire nó ar móin;
Má thrácht thar taoide galla-phoic
Ní maith do éirigh leó,
Gur thnaith lucht feill cois baile sínn
'S nár leanamair den chomhar.



Ní'l ríoghacht le fagháil sa leathan-bhioth
A chleachtuigh bheith ag gleo
'S ag bruighean gach lá go ceannairceach
Nár bh'aith areachus san dóibh;
Bhí Gaoidhil, leis, tráth ag acharann
'Gus tamal ar mísheól,
Gur scinn thar sáile Sacsanaig
Do shealbhuig ár bpóirt.


L. 59


Mo chaoidh, mo chás, mo cheasna ghuirt,
Níor bhail a dtígheacht 'n-ár dtreo,
Do chloidhdar bláth na seana Scot
le hachtaibh dlighe neamh cóir;
le fíoch ar lár a gceallasan
Do leagadar dá ndóghadh,
'S ár dtír-theang' áluinn, ghasta, ghlínn,
Do bhascadar thar fóir.



Is breágh bheidh Gaedhilge feasta 'gainn
Cé ceasnathach le Seón,
'S gan fagháil ar chíos ag danaraibh
I bhfearann luirc níor mó.
Tá'n lá 'nois choidhche'r talamh linn
le cabhair Mhic na hÓighe,
Ach páirt 'gus síoth bheithead arainn
Dlúth cheangailte go deó.



Curfá:



Bíodh cloidheamh i Láimh gach taoisig áig
Ag díbirt námhad thar cló,
'S beidh síoth 'gur páirt arís go brách
I gcríochaibh Fáil gan ghó.



SEAGHÁN Ó SÉAGHDHA, 1909
CATHAIR SAIDHBHÍN.



Do chum Seaghán an t-amhrán i gcóir na hoibre seo.


L. 60


GLEANN BEAG LÁGHACH AN CHEOIL.



Gléas D.



Fonn: Grádh mo chroidhe.



Is thuas i n-uachtar Éireann áigh
Tá baile is áilne clódh;
Mara dtaithnean rae 'gus réalta ghnáth,
'S an ghrian go sámh 'om dhóigh;
Mara mbíon an féar 'na shlaod' ag fás
Ón tSamhain go lár an fhóghmhair;
Ní'l bail' in Éirinn féin chomh breágh
Le Gleann beag lághach an cheóil.



Ní hanamh mé liom féin 'á rádh
Nuair bhím go tnáitht' ó ghnó;
Gur ghrean ta néat' í scéimh na mbán
Bhí ann ar fághail 's me óg;
Bhíodh tuile thréan 's gach éan-tsro thán
Go laghair an dá Abhann mór,
Ghan droichead cabhas ná fiú 'n chlocháin
I nGleann beag lághach an cheoil.


L. 61


Go mairid súd fé chlú san áit
Go Gaedhlach grádh mhar cóir;
'S a bhaile is dúthchas dúinn tar cách,
Go rabhair gan cháim go deó;
Ár dteanga féin fé réim go brách,
Is Saoirs' ag Clár Luirc Óighe;
'gus guidhim Mac Dé go bhfuighe mé bás
I nGleann beag lághach an cheóil.



"Tórna," 1905. Leoithne andeas.



Cá bhfuaras an ceól so? Bhí sagart againn-ne i gCorcaigh raint mhaith
bhliadhanta ó shin dar bh'ainm Tomás Ó Dorachadha. Ó Chonntae Cheatharlacha
do b'eadh é. Thug sé an ceól so dham agus do réir mar dúbhairt sé liom
bhí dathad bliadhain ann ó chualaidh sé an fonn ag seanbhean. Bhí si-si
isteach is amach le céad bliadhain an uair sin. Tá'n ceól le fághail i gCo.
na hIar-Mhidhe leis.


L. 62


SIN É RÁITEACHAS NA TARNGREACHT.



Gleas G. — Go caoin agus rud beag mall.



Aréir is mé go tláth lag,
go tabhartha tnaitht' i n-easba chirt,
'Seadh dhearcas teacht am láthair
an bhean dob áilne fionna chruth,
Bhí gruaig a cinn go búclach buidhe
n-a slaodaibh síos go talamh léi,
'S le glór a béil gur bhuail sí'n draoi'cht
ar chéol taibhsídhe na Banaban,
'S a chlann a Gaedheal na nÁr
an sin é ráidhteachas na tarngreacht'.



Tiocfaidh aon mhac phrionnsa
'n chómhraic gur b'ainm do siúd Bónapairt,
an t-Impire 's an Spáinneach
'cur gárda leis go hAlbain,
Ní bheidh siúd choidhche sásta le
h-áitreabh Rí na Sacsan d'fhagháil,
Gan buidhchas cruínn le faobhar a gcloidheamh
go mbainfid díol a n-athar díobh,
'S a chlann a Gaedheal na n-Ár
an sin é ráidhteachas na tarngreacht'.



Tiocfaidh cabhair 'gus fuaim orainn,
'gus béam go léir go haiteasach,
'gus glaodhfam ar ár gcongnamh
chun dúbailt' ins na rainceanaibh,
'Gus séidfeam adharc 'gus biúgal galltrúmpa
'r dtúis an cath a 'muigh beidh smáil
'gus bleast an phúdair 'baint
smúit as croidhe na Sasanach,
'S a chlanna Gaedheal na n-Ár
an sin é ráidhteachas na tarngreacht'.


L. 63


An pílear glas ní feárrde
an áit go mbeidh a thaisdeal ann,
Mar ní'l sa bhfear is feárr acu
ach sprealairín dubh, Sasanach,
'gus sáidhfam fé n-a lár iad
's ní táise do sna hOrange-men,
Go mbeadh fiacha dúbha 's a ngeárrcaigh
'baint sásamh as a gcreathachaibh,
'S a chlanna Gaedheal na n-Ár
an sin é ráidhteachas na tarngreacht'.



Le línn dul as a bpáirc díbh
bainídh go léir bhur hataí dhíbh,
'Gus guídhidh chun Muire Máthair
an lá do dhul ar gallaphuic,
Beidh sagairt, easbuig bráithre
's an Pápa ceann na hEaglaise,
Ag guídhe chun Dé gach lá
le fonn an fán do chur ar Shasanaigh,
'S a chlanna Gaedheal do crádhadh
sinn ag ráidhteachas na tarngreacht'.



A AINNIR CHIÚIN NA gCIABH.



Gléas F. — Go tapaidh.



A ainnir chiúin na gciabh,
(O) Déan-se liom-sa tríal
Ar aisdear go Slíabh Féillim
Mar nár thig' 'n ár ndiaidh
Caraid ná cliar
Ná neach ar bíth faoi chionn a mbuaidhreamh.
Beidh mé dhuit am sgiath,
Chosant' in gach gliadh
A lile mar ghrian ag éirighe,
Do mharbhfainn duit mar bhiadh
an torcalladh 'gus an fiadh
Agus dhéanfainn cathair dhuit don fhiar-chraobhaigh.


L. 64


Dá dtéidhinn-se leat siar,
Go talamh shíl na mBrian
'Siad mo mhacnaidh bheadh im dhiaidh go héighmheach
Níor aibidh mo chiall,
Níor bhfeasach dhom riamh
Ceannach ná díol do dhéanadh.
Do b'olc ár ngnó ar shliabh
Féilim gan biadh,
Muna bhfaghmís ach Fiadh Fíodhbha,
Chuirfinn a bhfaca riamh
go ngoilfinn mo thrial
Sula gcómhnuighinn ann bliadhain de laethibh.



A chuisle! 'gus a stóir!
Ná ceisnigh go deo,
An fhaid mhairfeas mo mhór-léighean liom
Is deas do chuirfinn bróg,
'gus culaidh den tstról
'S is stuamdha ar gach sórt saor mé.
Chuirfinn long duit fé sheól,
Ní'l ealadhan dam nach eól
Beagán di ar dóith a dhéanadh,
'S ná ceisnigh go deo,
go dtuitfadh orainn brón
Ar mhullach sléibh mhóir Féilim.



Ó thárla go bhfuil tú stuamdh'
Ar gach ealadhan dá gcualais
Is é mheasaim-se gur cluain Mhuimhneach
Do chuirfeá 'rm dá ngluaisfinn
leat don tír úd shuas,
I bhfad om' chuaird mhíosa
Mo thabhairt ó thuairim,
an bhaile úd a bhfuairis
Macnas gan fuacht is aoibhneas,
Do b'fhearr dam fuireach uait,
in aice na gCruach
Ná beith' filleadh óm' ruaig dhíomhaoin.



PEADAR UA DOIRNIN.


L. 65


Pápá na Rómha.



Gléas F. Go haerach.



Moladh go deó leat, a Phápa na Rómha!
Dhein Íosa, agus c.
Fuair gradam a's cómhacht ó Íosa,
A's geallamhaint ná buadhfid aingil an uabhair
Ar Eaglais an Uain dhil choidhche.
Do tugadh it dhóid duit eochair an óir
Cun go n-osgal ó fá 'gus ná dún fí,
Agus eochair 'n-a haice do dhúnfadh go daingean,
'S ná casfidh do mhalairt-se ar gcúl í.



Curfá: —



Moladh go deó leat, a Phápa na Rómha!


L. 66


Fuair gradam a's comhacht ó Íosa
A's geallamhaint ná buadh fid aingil an uabhair
Ar Eaglais an Uain dhil choidhche.



Dhein Íosa dhíot carraig, a's chuir sé n-a seasamh
Ar an gcarraig sin Eaglais Mhúirneach,
'S is chomh dheas do'n charraig sin neamh agus talamh,
Bás agus beatha sa n-iompar.
Do chonaic na fathaigh i n-áirde ar an gcarraig,
N-a seasamh, an Eaglais Mhúirneach,
Do ghlacadar fearg a's fuath dhi go tapasidh,
A's gráin ar a thaithneamhacht úr-ghlan.



Curfá - Moladh go deó leat, agus c.



D'eirigh na fathaigh ag búirthig 's ag sgreadaigh,
Ag raobadh 's ag creachadh 's ag múchadh,
Bh'áil leó an charraig do stracadh as an dtalamh,
Í bhrise 's í sgaipe n-a brúsgar.
Do tháinig na haicmeacha díbeartha, damanta
Aníos as an bpoll, ag cabhrú leó,
Ach do brughadh a's do basgadh i gcoinnibh na carraig iad,
Fé mar a gealladh ar dtúis duit.



Curfá - Moladh go deó leat, agus c.



Do thosnuigh an chaismirt nuair a dheinidh díot carraig
A's do cuireadh ort Eaglais Mhúirneach,
Ní stadfidh an chaismirt go crích dheire an chatha,
Nuair a tabharfar ar na fathaigh breitheamhantas,
'Ghá gcur féin a's na haicmeacha díbeartha, damanta,
Síos, mar a bhfanfid siad, dúnta;
'Gh at' chur-sa, a charraig, lastuas ins na flathais,
Tu féin a's an Eaglais Mhúirneach.



Curfá - Moladh go deó leat, agus c.



An tAthair Peadar Ua Laoghaire.



Do thug an tAthair Riseárd Plémion cead dam an t-amhrán so do
chur isteach am leabhrín. Táim fé chumaoine aige n-a thaobh.


L. 67


AR BHRUACH NA LAOI.



Gléas F. — Cuíbhsach mall agus go modhmharach.



Fonn: Táim-se im chodladh.



Ar bhruach na Laoi ins an oidhche casadh mé,
Gan bhuairt ar m'aigine shamh luigheas féin,
chun go ndeaghas thar slighe le díth mo mhearathail,
I gcruadhtan daingean nach fearrde mé.
Ní fheicfinn an spéir le haon chorp mearathail,
Dá nochtfadh an rae ní fhéadfainn amharc air,
Ní raibh maitheas dam glaodhach ná d'aoinne beó freagairt dam,
Ag fuaim gach caise 's ag gárthaibh éan.



Do shuidheas sa síos go sgíosmhar ath-tuirseach,
Gan súil le casadh le fáinne'n lae,
Faoi árd thor draighin go fíllte taisgidhthe,
gan de clúdach leapan le fagháil ach é.
Bhí géadhna ar linn ann, míolta a's maraphuic,
Éisg a' tígheacht de dhruim gach caise 'ca,
Naosgaig faoi linn, sgeimheal de lachannaibh,
A'tígheacht gan eagala 'trácht ó'n spéir.


L. 68


Tá iongantas éigin éan ná feadarsa,
A' déanamh neadaighthe 'r bharr na ngéag,
An fiolar 's an chuach 'gus mór-chuid eatartha,
Go suanmhar seascair faoi sgáth na gcraobh.
An druide 's an creabhar ar chrann eil' in aice sin,
An céirseach sleamhain 's an seabhac breágh beathuighthe.
Cáig 'gus c'lúir i n-a dtrúpaibh a' teasdal ann,
A's smólaigh bhreaca 'r a n-árus féin.



Sid é an cunntas do chuir Pádruig Ua Cruadhlaoi ag trial orm.
'Sé Seaghán Maighistir Ua Conaill is ughdar le "Bruach na Laoi." Chomh-
nuigh an file so i bparóisde Chill-na martra i gConntae Chorcaighe agus
is cosamhail gur do Ghaortha na Laoi do chum sé an t-amhrán so. Tá an
Gaortha so i ngiorracht míle do Maghchromtha ar an dtaobh thiar theas de,
agus tá sgéimh na h-áilneachta soin fós ar a mhaoidhimh an file. Oide
sgoile cliste do b'eadh Seaghán Ua Conaill 'na ré agus deirtear nár bhfui-
riste fear d'fhagháil le n-a linn ba líomhtha, léigheannta ná é. Bhí sé
fileadhta, fíor-eólach, lánmhar i gceárdaibh agus i reachtaibh na suadh éigse.



A CHUMAN 'SA STÓR.



Gléas G. — Go socair aoibhinn.



Fonn: "An Bhrighide bheag chrón."



A chuman 'sa stór cuirim gan gó,
Líne nó dhó agus cáirt chúghat,
Ar son an am fad ó nuair bhíomair óg,
a's gheibhinn uait cuireadh 'gus fáilte.
B'fearr liom ná ór bheith agam mar stór,
Ná cuirfinn riamh speóis id' ráidhtibh,
Nuair bhrosdaig an tóir bhog tú an ród,
a's d'fhág tú mise 'r a' bhfáithim.


L. 69


Dubhairt tú go minic a chúil na finne,
Fá an Chrann Cuilinn 's mé láithreach,
Ná séanfá mise fad is bheadh uisge,
Ag rioth ins a' Machain le fánadh.
Is gnáth ach fraoch ar dhruim gach sléibh',
'S tá'n Mhachain go tréan 'na háitreabh,
Ag rioth le gréin tré ghleann na gcaor,
'S gan annir na gcraobh le háireamh.



I mBaile Nua an aonaig dubhairt do bhéal liom,
Ar sgaramhaint le chéile an lá úd,
Go gcuirfeá ar m'éileamh litir fá shéala,
'Nois leagaim na bréaga ad' láthair.
Tar éis, is feas, 'seadh chítear gach beart,
Teachtaire sgéil níor tháinig,
'S gur b'é mo mheas a chúil fhionn deas,
Gur dhíol tú ró-shaor go bráth mé.



Gach uile Domhnach buaileann fonn me,
Siubhal ar fuaid na mbánta,
Mar bhidhinn-se 'gus tú gan ghruaim gan chúmha,
'S id' fhochair do gheibhinn mo shláinte;
le feabhas na himeartha bhuaidh tú an cluich' orm,
'S ní fuiris liom, t'réis, tú a cháineadh,
I lár deabhadh is deithinis guidhim go minic leat,
'Gus cuirim ort Dia mar ghárda.



Riobárd Bheldon.



Bean Uí Chróinín do thug dam an fonn so. Chómhnuigheann sí i bparóisde


L. 70


na Tóime i n-aice Maghchromtha. Is iomdha sean-amhrán atá aici agus go deimhin
féin is maith a thugann sí uaithe iad. Lá dá rabhas 'na teannta chrom sí ar
shean-fhonn do ghabhail. Níor stad sí nó gur sheinn sí sé cinn déag dam,
agus bhí gach aon cheann aca níos binne 'ná a chéile. Bean fir oibre 'seadh í.
Ní gábhadh dham a rádh ná go bhfuil Gaedhilge mhaith bhlasda aici, mar tá sí aici
ó'n gcliabhán. D'fhoghluim sí na sean-amhráin ó n-a máthair agus ó na sean-
daoinibh. Tugann sí iad ar an sean-nós uaithe.



AN DREÓILÍN.



Gléas C nú Bb. — Go héadrom, roinnt mear.



Dreóilín a fuaras-sa thíos ar an Ínse,
Fé bhrághaid carraige 's carabhat síod' air,
Do thugas-sa chúghaibhs'é, a lán amha'n dighe seo,
'Gus gur a seacht fearr um an dtaca so arís síbh.



Dreóilín a thugas-sa chúghatsa a Dhiarmuid,
Ní mar dhúil i lionn ná'n iarsma,
Ach mar dhúil sa tsúgradh d'iarraidh,
Do bhíodh 'nár ndúthaigh lá cinn bhliadhna.



Dreóilín a thugas-sa chúghatsa a Shiobhán,
Ní mar dhúil i lionn ná'n arán,
Ach mar dhúil sa tsúgradh chimeád,
Do bhíodh 'n ár ndúthaigh lá le Stiopáin.



Dreóilín a fuaras-sa i gcarn cloch,
'gus ar neóin cár bhfearr é fághail i dtor,
Do chaitheas mo mhaide leis a's bhriseas a chos,
Éirigh id' shuidhe a bhean a' tighe 'gus líon chúghainn deoch.


L. 71


Is mór a' truagh an Dreóilín i mbharr an chnuic
An bháisteach 's a' tárr air, an síon a's an sioc,
Ag imtheacht ar na bántaibh, a chosa do bhí gearrtha
Agus bríste gan bhást' air, 's is fuar é a dhriuch.



D'imthigh an dreóilín anonn thar muir
Ó lúib na carraige uainn do rioth
Is mó duine a' faire air ó Luan go Satharn
Gan bhall ná baile 'ge ach sgáth an toir.



Dreóilín óir an Dreóilín
'S beidh ór i bpóca an Dreóilín
Dreóilín airgid fé bhinn-fhallaing
Agus Mac na Banba an Dreóilín.



Feithig 's do gheobhaidh sibh Dreóilín glic
A thiocfaidh le fórsaíbh aniar is anoir
Cuirfar an cóir-righ arís 'nár gcionn
Agus ólfamíd-ne sláinte an tsár-fhir ghil.



'S beidh ór fós ag an Dreóilín,
'S beidh ór i stór ag an Dreóilín,
'S beidh ór ar a chóta 's síoda ar a bhróga
'Gus fíon da h-ól 'na sheómraí.



Is ard é an Dreóilín i mbárr an toir
Is mear a's is seóltha a bheidh a shliocht
A' dul go tigh 'n ósta 's an juga mór lán rómhainn
'Gus ólfamíd-ne sláinte an tsár-fhir indiu.



Seo dhíbh a bhuacaillidhe óga amhrán atá ag teastáil uaibh le fada. Ní
gábhadh dhíbh focail Béarla do bheith ar bhur dteangthaibh agaibh feasta nuair
raghaidh sibh ag triall ar na daoinibh aosta ar lorg airgid uatha lá le
Stiopháin. Táim siúrálta go bhfuighidh sibh bhur ndóthain airgid anois má
thabharfaibh sibh an t-amhrán so go maith uaibh.


L. 72


MO MHÁIRE.



Ag feis nó dáil ní'l bean le fághail,
Chómh sgiamhach le mo Mháire;
Tá aici cneas bog bán a's deas,
Do chuirfeadh líl faoi náire.
'San domhan so ní'l aon chroidhe chómh díl,
Nó cailín 'ta níos fíre,
'Measg óg nó sean 'sí plúr na mban,
Is sisi bród na tíre.



Tá gruaig mo stóir mar fháinnidhe óir,
A' tuitim síos go talamh
Thar muineál bán a's guailnibh lán,
'Gus cuma 'tá mar dhealbh.
Gídh glan soilléir gach réalt 'san spéir,
Tá súil mo ghrádh níos glaine,
'S is binne glór mo chailín chóir,
'na cláirsighe ciúin na cruinne.


L. 73


A measg aos óg i leathar bróg,
ar úrlár cúirt' nó pailliúin;
Níor sheas le taoibh tréan-fhir ariamh,
Bean rinnctheóir leath chómh háluinn
Má bhris sí croidhe aon ógánaigh,
Gan bhréag do bhris sí céadta,
'Gus tá na mná fághail bháis gach lá,
le troime 's neart a n-éada.



"Pádraic."



Tá'n fonn so le fagháil i leabhar an tSeodhaigh .i. "Ancient Irish Music,"
leath. 56, ach do cuireadh i gcló i módh "lá" (lah) annsan é. Do rinneas-sa
aistriughadh ar an módh, agus tá'n fonn annso agam i módh "rae." Is deas
an fonn é. Réidhtigheann an t-amhrán agus an fonn le n-a chéile. Do cheap
"Pádraic" cuid mhaith d'amhránaibh agus do cuireadh i gcló i n-Irisleabhar na
Gaedhilge iad 'sa mbliadhain 1892. Ní dóigh liom go bhfuil aon cheann aca
cumtha chomh mhaith leis an amhrán so. Fear ó Chúige Ulaidh é "Pádraic"
Ó Broin a shloinne.



AILLILIÚ MO MHÁILÍN.



Gléas G. — Go súgach, roinnt mall.



Aililiú mo mháilín breágh,
mín, deas nighte nuadh,
Do cheannuigheas ar a sráid
thíos ó Dháithín an sgeanadóir.
Do chuirinn ann gach áise
do shasuígheadh mo mhuirighin óg,
Costard úr 'gus árd shaíll,
cáise 'gus smut do bhulóg.


L. 74


Do chuirinn chúgham im' mháilín ar
áirmhigheas 'gus tuille sórt,
Min is plúr is prátaí,
cnáimhíní circe 's feóil;
Printeann' úr' ó mhnáibh tighe,
an táth lín, 's an fíon ó'n bhfóisg,
's is tigh 'na chúinne lán snaois'
do sholáthar uighinn chun bheith'ghá ól.



Nuair a leagaim chúgham mo mháilín
i mbrá'd claidhe nó i n-imeal róid.
Do sgeartfadh fonn chun gáirídhe
'r mo phaistí le hiomad scóip;
Do gheárainn chúcha stráicídheacha
lán bhríce's ime nuaidh,
Costard úr 'gus árd shaíll,
cácaí 'gus cupa cnó.



Ó do thaisdiolas ó Thráighlí tráth
síos go Maghchromdha ó,
's go maragadh na málaí 's a lán
díobh 'á gceannach romham;
Ní fhaca cúbhar ar mháilín
ó'n lá úd bhí briseadh Bóinn,
Ba greanta lúba 's lásaí
'ná mo mháilín deas, nighte, nuadh.



Pé sgrámaire de ráigí
nó pásta do chuir mé i mbrón,
's do bhradaigh uaim mo máilín
's mo pháistí se a' gol 'na dheóidh;
Mura dtagaidh chúgham le cáil díol,
'gus áirmhim go bfuil san mór,
go gcrochtar e 'dir ghár daíbh
gan fághail tigheacht thar n-ais go deo!



Curfá -



Aililiú mo mháilín,
mo mháilín do guideadh uaim!
Is mó 'rán is cáise
sa mháilín do guideadh uaim!



Cuirtear i gcló annso an fonn fé mar thuit sé as bheal Nóra Ní
Loingsigh, an bhean chéadna do thug dam fonn "Seaghán Ó Duibhir a'
ghleanna" atá le fagháil i "gcuid a dó" de'n Chnuasachd so. Tá an fonn le
fagháil i leabhar an tSeodhaigh .i. Ancient Irish Music, ach ní mar a
chéile ar fad iad araon. Bíodh a rogha ag gach aon amhránuidhe.


L. 75


CAILÍN NA GRUAIGE DONNE.



Gleas C. — Go modhmharach.



Ar bhántaibh an tSróil 'seadh d'fhágas mo stór,
'S a máithrín ag gleo gan dabhat léi,
'Dtaobh grádh thabhairt dom shórt sa d'fhánaidhe gan treó,
Gan cáirne buidhe óir i gcabhair dam.
'S í an bháb mhiochair bheóil chuir bláth ar mo sgeól,
'S is páiste bhí óg gan dabht í,
'S nach breágh deas mo shórt ag geáitseáil ar bórd,
Le cailín na gruaige donne.



Is fann lag a bhím 'dir Bhanndain is Laoi.
I ngaorthaibh go dtighean an Domhnach,
Is gáir luin go síoch i mbarr bile crainn,
'S a ráidhteachas fíor a mheall mé.
A Dhia ghléghil do chíonn tréan mhuir a's tír,
Nár léigir 'sa chill go fann mé,
'S an péarla 'tá am'chroidhe go léigir am' líon,
Sí cailín na gruaige donne.


L. 76


Is 'neósad mo stair dom mhuintir ar fad,
Cé claoidhte go lag gan mheabhair mé,
Ag smaoineadh 's a' braith 's a' tnúth le hí theacht,
Gach oidhche is maidin Domhnaigh.
Rinnce go pras, aoibhneas ná cleas
Ní smaoinim le heasba mheabhrach,
Ach mo chroidhe 'stigh dhá shlad le dian díogras searc
Do chailín na gruaige donne.



Is tréith lag a bhím gan aoinne dem' bhuidhin,
A' déanamh aon tsuim' 'sa domhan díom.
'S is baoghalach da dhruím go néagfad gan mhoill,
Am éigin ar díth mo mheabhrach.
Le saor ghuth a cinn go léimid aníos
Na héisg as an linn ag leabhaireacht,
As dá breághthacht mar nidh ní shásóchadh mo chroidhe
gan cailín na gruaighe donne.



Níl 'sa Chnuasachd bheag amhrán so fonn níos deise ná'n fonn so. Do
tógadh síos é as béal Cáit Ní Chróinín. O Thúirín na Lobhar, i n-aice Inse
Gheimhligh iseadh Cáit.



AR MAIDIN MOCH.



Gléas C. — Go ceanamhail, gan bheith ro-mhear.



Ar maidin moch i bhfeidhil mo stoic,
A's dá seoladh chun an fhéir,
'Seadh bhuail umam an stuaire suilt
'Sí a duanaireacht's ag éigheamh,
Do chual' an guth budh shuairce liom
a's le fonn do dhruideas léi,
A's budh throm gach deór ar a leacain bhoig,
a's budh thruagh i a' gol i gcéin.


L. 77


Budh dhualach cluthmhar sguabach tiugh,
Iad a cuacha a' tuitim léi,
A cúm seang singil 's ar a héadan suidhte,
A mala dheas budh chaol,
A déid budh ghile 's a béal budh bhinne,
'S a dá chíoch chruinne ghéara
Is go deimhin an bhean budh bhréaghtha gean,
Le fáinnín geal an lae.



An tú Céarnait shnoíght' an bhé cheap muillthe,
Amach a tuisgint ghear,
Nú'n chúil fhionn tugadh de bhárr an tsrutha,
Do mhúsgail cath na Trae,
Nú'n fíor gur tú sgioban t-úbhall do'n bhile,
Ó mhnáibh an domhain go léir
Mar is áluinn deas do sgéimh 's do dhreach,
Le fáinnín geal an lae.



A sháir fhir ghlic na ráidhte suilt.
Ní haoinne 'ca san mé,
Ach bé 'seadh mé gan chéile 'r bith,
A's is fada mé faoi léan,
Tug sgéala 'nois gur daoradh sinn,
ag aicme'n oilc go claon,
Ach gan bhréag a chuid tá'n téarma 's tigh,
's beidh Éire 'gainn faoi réim.


L. 78


DOMHNALL BÁN.



Gléas C. — Go bínn mear. Fonn: "Liam Ó Broin ó Bhaile Mhághnuis,"
ó leabhar an tSeodhaigh.



Is áluinn snódh mo bhuachalla bháin,
Is mór liom grádh mo chléibh,
Ní bhfuighinn ar shlóightibh mór a'n áir,
A dhíol de shárfhear thréan;
Is dílse Domhnall cródha cáidh,
Do bhíon dom ghárdadh féin;
Ná'n t-iolar mór ós comhair a háil
'S ná leomhan dá láidreacht sgéimh.



Ní glaine 'n ghaoth do théidhean de rás,
Thar maoilinn lá le gréin,
Ní cródha 'n laoch is tréine d'fhás,
I gcríochaibh Fáilbhe's Chéin;
Ní luaithe léim thar léith-chraig árd
An míol is lánmhear léir;
'Ná glaine 's cródhacht mhór dha bhláith
Is Luas mo ghrádhsa féin.


L. 79


Mo mhíle stór thú, a Dhomhnaill bháin,
Mo radharc mo ghrádh mo laoch,
Ní d'réir an óir a thomhaisim cáil,
An té seo ghrádhaim go héag;
Ní mór ár maoin a chroidhe gan smál,
Ach taoise láidir tréan;
'S le congnadh 'n Ríogh do stríoc do'n pháis
Ní bhlaisfam gádh ná léan.



"Tórna."



"Tórna" (Tadhg Ua Donnchadha) do chum an t-amhrán so. Do rugadh
Tadhg i gCarraig-na-bhfear i gCo. Chorcaighe. Dearbhráthair do Éamonn
a' Chnuic" is eadh é. Is iomdha amhrán do chum sé. Fuair ceann díobh .i. "An
Túirne Lín" an bonn óir ag an Oireachtas 'sa mbliadhain 1899. Do bhí Tadhg
ar feadh tamaill 'na oide sgoile. 'Na dhiaidh sin do rinneadh fear eagair
"Irisleabhair na Gaedhilge" de. File agus scríobhnóir breágh é Tórna." Is
í an Ghaedhilge a theanga dhúthchais.



A CHEÓL-CHRUIT MO THÍRE.



Gléas F.



A cheól-chruit mo thíre, bhí ceó-bhrat na hoidhche,
Le ró fhad' at' thimcheall 'na chuíbhreach go fuar;
An leon-nasg gur sgaoileas le dóchas, a ríogan,
'S do ghlór glan do shíor-spreag(adh) i soillse gan suan.
Is beómhar do bhínn-ghuth a ró shein(i)m ar dhíograis,
'Sa theo bhíd do laoithe am aoibhnis a's buadha,
Ach fós ó do bhiodhgais fá mheóraibh na gcaointeach,
Tá brón osnadh choidhch' ionnat fillte fád' uabhar.


L. 80


A cheól-chruit mo thíre, slán beo leat óm' chroidhe-se,
Ní gheobha mise 'rís asat caoin-tsruth na bhfuam;
Codlóchair-se 'gus soillse na glóire gan teimheal ort,
Go dtógfaidh an fíor-fhile 'rís tú a suan.
Má bhéodhaigh sinne croidhe chuisle óig-fhear a's bríghdeach,
'San slógh ceart do ghríosadh, do bhríghse rug buaidh.
Ní'l am' ghnó s'ach mar shidhe gaoithe seóladh it' shlígh-se,
Is gleóiteacht na draoi-bhinn' ód shring se do ghluais.



Osborn Ó hAimhirgin d'aistrigh.



DUAN NA SAOIRE.



Gléas Eb. — Go lasánta, bheomhar.



An ceól ó Phéitrí.



Is fada mé i gcúmha gan tnúth le téarnamh,
Go dubh-chroidheach tréith-lag tláith gan treóir,
Am' bhascadh ag búir 's am' bhrúghadh ag baothlaigh,
I lúib luim sléibh' faoi bhrác' an bhróin.
Gan charaid am' chabhair ach Donn 's a ghaolta,
Do bheartuigh ar dtúis dam túirling taobh leis
Go n-aithriseadh dúinn gach rún budh léir do,
Le dúil gréinn, sgléipe gártha's ceóil.


L. 81


D'aithris ar dtúis dúinn cúis na saor-fhlaith,
Gan fiú suím gné 'gus fáth a ngleo,
'S gur gairid beidh búir i ndúthchas Fhéidhlim,
A's crú chaoin Éibhir táir gan treóir.
Tá Carolus lonn 's a chabhlach gléasta
Ag tarraing tar abhainn le cabhair d'ár saoradh
'S ní mhaithfidh sé bonn do chlann lúté-ruis,
'S beidh fogha Gaoídhil tréan gan tlás sa tóir.



Feasda beidh greann le fonn ar éigsibh,
A's tiúin bhínn gléasta 'g dáimh an cheóil,
Beidh cantain i dTeamhair fá shamhain ag saor fhlaith,
A's togha slighe ag cléir le fághail óm' leomhan.
Beidh cealla 'gus úird gan cúin se'g Papists,
Beidh easbairt Dia Domhnaigh i dteampoil Éireann
Beidh scaipeadh 'gus scannradh 'r chomplucht éigin,
'S is súbhach sítheach Gaedheal go bráth 'na dheóigh.



Sin agaibh ó thúis gach rún ba mhéin liom.
A's meabhruigh féin do chách mo sgeól,
Tigeadh gach crobhaire ag cabhair le Séarlas,
Bíodh togha cloidhimh gléast' i láimh gach treóin.
Sin agaibh an t-am a's gabhaidh le chéile,
preabaidh le fonn is pleanncaidh méith-phuic
Leanaidh an fogha ar dhroing an éithigh.
'S ná hiompoígheadh aén le scáth ó'n ngleo.



Aindrias Mac Craith, 1790.


L. 82


MAR MHEATH UAIM.



Gléas C. — Go mín milis.



Mar mheath uaim mo cháirde,
bhí grádhmhar fad ó,
A's rúagadh le fán mé,
gan fághaltas gan treóir,
Ní'l tathag Am'ráidhtibh
ná binneas am' ghlóir,
Is ceileabhair gan áird
gach a sceinneann óm' shórt.



Bíodh siúd mar atá sé,
a sháimh-fhir na sógh.
Tá nídh beag ar m'fhághail-se,
nár éaluigh uaim fós.
'Sé an grádh fíor Am' lár é
ná feóchfaidh go déo,
Seólaim é a Thaidhg chúghat
go soillseach gan cheó.



Ó's duine mar chách mé,
do thárlaigh bheith d'reóil
'S gur bheartuigheas le páirt leat
do shláinte-se d'ol
Tá an baraille dá bheárnadh
's an táth ar a' mbórd.
Seo mo lámh dhuit a sháir-fhir
a's slán leat go fóil.



Riobárd Bheldon.



'Sé an ainm go nglaodhtar ar an bhfonn so ná "Lovely Willy." Tá sé
ag na daoinibh ar an dtaobh shiar de Maghchromtha. "File an Chomaraigh"


L. 83


tugtar mar ainm ar an té do chum an t-amhrán. Do rugadh agus do tógadh
Riobárd Bheldon, nó Bheleton (cia 'ca?) i ngleann aoibhinn na Machan,
i n-aice an Chomaraigh i gCo. Phortláirge 'sa mbliadhain 1837. Ní
misde "File an Chomaraigh" do thabhairt mar ainm air, mar is file ó dhúthchas
é Riobárd. 'Na chainnt choitcheannta bíonn filidheacht ann. Tá a chuid dán
agus a chuid amhrán sgaipighthe ar fuaid na nDéise. Is mór an náire dhúinn
gan iad do bheith bailighthe roimhe seo againn. Budh cheart do Ghaedhilgeóiribh
na nDéise agus do Ghaedhilgeóiribh Chonntae Phortláirge a gcomhairle do chur i
gceann a chéile agus amhráin is dánta Riobáird do chur i gcló. Ní'l file
'na bheathaidh againn mar "File an Chomaraigh." Do ghabh sé bonn óir ag an
Oireachtas. Do rug sé leis trí huaire ins an oiread sain bliadhanta an
chéad duais i n-iomaidheacht filidheachta i bhfeis na Mumhan. Tá sé 'n-a
bheathaidh fós (1905) bhuidheachas mór le Dia agus go dtugaidh Dia saoghal fada agussláinte mhaith dho.



SIN TRAOCHTA I N-ÉINFHEACHT.



Gléas D. — Cuíbhsach mear.



Fonn: Cailín Deas Crúidhte na mbó.



Sin traochta in éinfheacht fé rígh lic
Ár dtéad gheal, ár n-impre, ár bhfáidh,
Ár bhFénics, ár bpéarla, ár rígh fhlaith
Ár séad ghlan, ár sínsear, ár ngrádh;
Ár réiltean, ár saesar nár chinnte
Ár ngléghas den fhíor-fhuil do b'fhearr,
'S is créacht nimhe gan faesiomh don tír sin
Ár réics dil mar síneadh ar lár.


L. 84


Do léimeadar éisc ghil ón dtaoide
Le péin bhruid i nglinntibh go hárd,
Le héigean a léin duibh mar síneadh
Ár saor fhlaith go claoidhte fé chlár;
Do thréanlas na sléibhte mar theinte
I néalaibh le bíodhgadh 'n-a dheáidh,
'S táid éigse na ndaor-cheast do scaoile
Go déar-fhliuch i ngeimh le do ghnáth.



Do réabadar géaga na gcoíllte
A's d'éagadar mílte le ráig,
Do léimeadar éisce tar líne
Ní'l maoth thortha mílse ag fás;
Táid béithe 'gus éanlaith go binn-ghuth
Fé ghaorthaibh go fíor lag gach tráth.
'S na déithe i ndaol bhrata síoda
Gan faesiomh dá chaoine do ghnáth.



'Liam Ua Lionáin.


L. 85


CASADH AN TSÚGÁIN.



Gléas F.



D'imreas cleas i dteach, Uí Dhomhnaill, aréir,
'S an tarna cleas i dtig bheag eile le na thaobh;
An tríomhadh cleas ní'l neart dom áireamh ar mo scéal,
Ach go meallfaidhe bean dá dtabharfaidhe duthracht don bhé.



Agus d'aithneas féin a baint na luachrach aréir,
Go dtug bean searc 'gus gean ró-mhór dom sgéimh;
Do chuireas mo thoil le n-a toil a's ghluaiseamair araon
'S is minic do bhain bean slat a bhuailfadh í féin.



Má bhíon tú liom bí liom a rúin ghil mo chroidhe,
Má bhíon tú liom bí liom ós comhair an staoghail;
Má bhíon tú liom bí liom gach órlach dod chroidhe,
'Sé mo mhíle cnoc nach liom Dé Domhnaigh tú mar mhnaoi.



Do threabh-'nn, d'fhuirsfinn, chuirfinn síol ins a' chré,
'S do dhéanfainn obair shocair áluinn mhín réidh;
Do chuirfinn crúdh fá each a's mire shiúbhal riamh ar féar,
Agus d'éalóch' bean le fear ná déanfadh soin féin.



A Rígh na bhfeart cad a chas ins a' dúthaigh seo mé,
Is gur 'mó cailín deas a ghéobhainn am' dhúthaigh a's spré,
Gur casadh me isteach mar raibh searc agus rún geal mo chléibh
Chuir a' tsean-a-bhean amach mé ag casadh an tsúgáinín féir.


L. 86


A's budh mhaith liom bean d'fhanfadh bliadhain le n-a grádh,
A's budh mhaith liom bean d'fhanfadh bliadhain agus lá,
Níor mhaith liom bean a bheadh leat a's liom-sa do ghnáth,
Agus mo chéad grádh an bhean san d'fhanfadh ar aon staid amháin.



Seaghán de Búrca, maighistir sgoile i bparóisde na Tóime i naice
Maghchromtha a thug dam an t-amhrán so. Dála an fhuinn d'airigheas Domhnall
Ó Marnáin agus a bhean 'ghá thabhairt uatha. Amhránuidhthe breághtha iseadh iad
araon. Tá aithne mhaith ar Domhnall ar fuaid Cúigidh Mumhan, mar ba mhinic
a thrial ar na feiseannaib agus ba mhinic leis é agus duaiseanna gaibhte aige.
Fuair sé féin agus Mac Uí Chéilleachair an chéad duais eatorra ag Feis na
Mumhan 'sa mbliadhain 1903. Níor chuaidh bean Dhomhnaill riamh go dtí feis
ach amháin go dtí feis na Tóime 'sa mbliadhain 1904. Fuair sí an chéad duais
ann. Is mór an truagh ná téidhean sí a' trial ar na feiseannaibh gach aon
bhliadhain, mar ní dóigh liom gur fuirist guth níos binne 'ná atá aici
dh'fhagháil. Agus rud is fearr 'ná sin — tugann sí na hamhráin uaithe ar an
gcuma cheart d'réir an tsean-nóis. Tá a lán amhrán ag Domhnall agus ag a
chéile. Is aoibhinn a bheith ag éisdeacht léo.



AN CAPAILLÍN BÁN.



Gléas Ab. — Go Cuíbhsach mear.



Mo chreach is mo chás! 'sé an bás a thagann go trom,
Nuair leagtar ar lár an cara gur mhaith linn bheith buan;
Ní le fearaibh, le mnáibh ná le buachaillibh bhainean mo dhán,
ach le láirín drochmhianaigh ar a nglaoidís an Capaillín bán.


L. 87


I nUibh-Laogh're na nGaortha seadh chaith sise a saoghal,
Níor fhás sí puinn riamh mar ba dhual di ó gach taobh dá gaol,
Gidh gur 'mdhó mála coirce 'gus mine a d'ith sí go slán,
Is fíor-bheag dá comhartha bhí ar chroiceann an Chapaillín bháin.



Do bhí ciall na n-ocht nduine chliste i gceannan láirín.
D'aithneóch' sí an deifir bhí idir droch-cheól is ceól binn,
Ar fill(eadh) ó Maghchromtha a bhaile buail suas amhrán,
's ní bhéarfadh gaoth anoir nó aneas ar an gcapaillín mbán.



Bhí súil léi imthighthe gan aon chuinne go bhfillfeadh go deo.
Do bhí sí 'r leath-shúil gan dúil le sonas ná sógh,
Ach dá ghéire radharc Cyclops nó an seabhac ar lor(a)g préachán,
Is suarach a b'fhiú iad seoch súilín an Chapaillín bháin.



A cosa níor láidir gidh gur tháinig buidéal ó'n ndoctúir,
Chómh cam cnapánach gan dásacht, gan deiseacht, gan lúth.
Is cuimhin liom-sa lá 'na raibh slán ach an t-aon chos amháin,
A's ba ghioballach fánach an láir í, an Capaillín bán.



Fe dheire thiar thall do b'fhonn le hAthair na ngrás,
A theachtaire dubhach a chur chúichi le sgéala an bháis,
Do cuireadh go glánta an láir bhocht; sin deire mo dháin,
A's síothcháin is sólás go bhfaghaidh anam an Chapaillín bháin.



Seóirse Seartan.



Ó Bhéal Áth' an Ghaorthaidh is eadh Seoirse. Ní'l áit i nÉirinn go bhfuil
Gaedhilg níos fearr ag na daoinibh 'ná san áit 'n ar rugadh é. Tá Seoirse
'na uachtarán ar Choiste Cheanntair Libherpul. Tá'n Ghaedhilg go líomhtha ar
a theangaidh aige agus tá a chroidhe i gcúis na Gaedhilge le bliadhantaibh. Ní
misde a rádh ná go bhfuil sé a déanadh a dhíthchill chun na daoine do mhúscailt
as an neamh-shuim in a bhfuilid timcheall teangan ár sinsir agus a d'iarraidh
iad do bhrostughadh chun í fhoghluim.


L. 88


AILLILIÚ NA GAMHNA.



Is inghean d'aodhaire mé féinig gan amhras,
Do bhíodh 'na comhnuidhe cois taoibh na leamhna;
Bhí bothán agam féin agus fuinneóg i gceann de,
Faid a bhíodh bainne ag teidheadh 'gam 'seadh ghlaoidhinn ar na gamhna.



Faghtar dam canna 'gus faghtar dam buarach,
A's faghtar dam soighteach 'na gcuirfead mo chuid uachtair;
Ceólta sidhe na cruinne bheith dhá síor chur im' chluasaibh,
A's gur bhinne liomsa géimneach na mbó 'teacht chun buaile.



Raghaimíd ar an aonach a' ceannóchamaoid gamhn' ann,
'Gus cuirfimíd ar féar iad amach ins na gleannta;
Íosfaidh siad an fraoch agus bárr an aitinn gheamhraigh,
Agus tiocfaid siad abhaile chun an bhainne 'gcóir an tSamhraidh.



Curfá -



Aililiú na gamhna, na gamhna bána;
Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fearr liom;
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána;
Na gamhna maidin Samhraidh ag damhas ar na bántaibh.


L. 89


BRUACH NA CARRAIGE BÁINE.



Gléas G. — Cuíbhsach mear.



Is treabhadóir mise do threabhfainn is d'fhuirsfainn,
'S na cómharsain go bhfeicid mo threithe;
'S ní'l aon tsórd nidhthe 'r mo bhéim ná tuigim,
A's treabhaim gan tuirse go héasga.
An foghmhar nuair a thigeann mo chuid eórna bhuainim,
A's cuirim go seasgair am' sheómra,
An lár do sgriosfainn, do bhuailfainn tuille,
Ar thaoibh na Carraige Báinne.



Is léanmhar mo thurus le tréimhse gan sachart,
Is baoghalach go gcuirfear chun fáin me;
Le géarshearc do'n nduine is néata 's a chruinne,
Do chuir céadta ar uireasbaidh sláinte.
Bhí a héadann mar luisne na gréin' tré chriosdal,
Téid éanlaith cun sucaird le grádh dhi,
Tagann tréin-fhir a's righthe tar tréan-mhuir dá hamharc,
'S í grian na Carraige Báin' í.



Do b'fhearr liom féin 'ná Éire mhór,
'S ná saidhbh(e)reas Ríogh na Spáinne;
Go mbeidhinnse 'gus tusa i lúb na finne,
I gcoilltibh i bhfad ó n-ár gcáirdibh.
Tusa 'gus mise bheith pósta 'ghrádh,
Le haon toil athar a's máthar,
A mhaighdean óg is binne clódh,
A ghrian na Carraige Báine.


L. 90


A stuaire-n chinn cailce má's dual go mbeidhir agam,
Beidh cóir ort do thaithneoch' led' cháirdibh;
'Dir shíoda 'gus hata ó bhonn go bathas,
'S gach nidh ins a' chathair dá áilleacht.
Beidh do bhólacht dá gcasadh gach nóin chun baile,
A's ceól binn ag ad bheachaibh ar bhántaibh,
Beidh ór ar do ghlacaibh a's cóisde ad' tharruint,
Go bruach na Carraige Báine.



Do chuir Áine Ní Raghallaigh an fonn so a' trial orm. Deir sí gur
ab ó Dhiarmuid Ua Buacalla i Maghchromtha fuair sí é, agus an fonn
"Bruach na Laoi" mar an gcéadna. Measann sí iad a bheith sa cheart,
mar is amhránuidhe binn blasda de'n tsean-aimsir é Diarmuid. Do rugadh
agus do beathuigheadh cois "Bruach na Laoi" é, agus tá sé lán do bheasaibh agus de
ghnásaibh na sean-aimsire agus is Gaedheal tír-ghrádhach é.


L. 91


AR ÉIRINN NÍ 'NEÓSAINN CÉ H-Í!



Gléas F. — Cuíbhsach mear.



Aréir is mé 'téarnamh ar neóin,
Ar an dtaobh eile den teóra 'na mbím,
Do thaobhnuigh an spéir-bhean am chomhair,
D'fhág taoma nach, breóite, lag sinn.
Do ghéilleas d'á méin a's d'á clódh,
D'á béal tana beó mhilis bínn,
'S gur léim mé fé dhéin dul 'na treó,
'S ar Éirinn ní 'neósainn cé h-í!



Dá ngéillfeadh an spéir-bhean dom ghlór,
Is iad ráidhte mo bheóil a bheadh fíor;
Go deimhin duit do dhéanfainn do ghnó
Do léir chuir i gcóir a's i gcrích.
Do léighfinn go léir stair dom stór,
'S ba mhéinn liom mo stór ó mo chroidhe,
Do bhéarfainn an chraobh dí 'na dóid,
'S ar Éirinn ní 'neósainn cé h-í!


L. 92


Tá spéir-bhruinneal maordha mod'l óg,
Ar an dtaobh eile den teóra 'na mbím;
Tá féile 'gus daonacht a's meón.
A's deise ró-mhór san mnaoi.
Tá folta léi 'tuitim go feór,
Go cocánach ómrach buidhe,
Tá lasadh 'na leacain mar rós,
'S ar Éirinn ní 'neósainn cé h-í!



SLÁN LE CORCAIGH.



Gléas A.



Mo chúig céad slán leat, a Chorcaigh cháidh,
Nó an bhfeicfad go brách thú airís?
Tá mo chroidhe go tláth, 'gus am' cheann míorán,
'S is dúbhach lag tnáithte bhím;
Do b'aoibhinn tráth liom bheith 'fiadhach ar bhántaibh
Nó ag iascach i lár na Laoi,
Sar ar chuadhas i dtlás a's gur chruaidh ar mo chás,
I gcathair ghil bhreágh Chorcaighe.


L. 93


Céad léan agus sgannrad'r an dlíghe seo 'nall,
'S é d'fhág i dteannta sínn;
'S ní bhfuaireamair ann, ach cluan'reacht cham,
Do bhaintigh agus treabhchas dínn;
Is mé bhíodh go teann mórdhálach modh'l,
Nó gur tháinig dream an fheíll,
Do chuir, mo lom, mé féin go fann,
Chun fáin ó ghreann Chorcaighe.



A Mháire, a ghrádh, cuir suas do lámha,
Agus tiormuigh do bhláth ruisc ghrínn,
Ní réabfar tráth go héag ár bpáirt,
Agus fillfad gan spás airís.
Tá sceimhle 'gus fán dár námhaid i ndán,
Ó bhuidheanta fear láidir groidhe.
'S beam fós, a ghrádh, go suaimhneach sámh,
I gcathair ghil bhreágh Chorcaighe.


L. 94


AR MAIDIN I NDÉ.



Gléas F. — Go mall a's go modhmharach. Fonn: — Ag taisdeal na slighe.



Ar maidin indé 'gus mé am' shuan,
Le hamharc an lae's gan Phoebus suas,
Do dhearcas an spéirbhean mhaordha uaim,
'Na seasamh ar bhruach an bhánchnuic.
A mala ba chaol ar a héadan suairc,
'S a ramharrosc réidh ag cur gaethe uaidh,
A carnfholt péarlach léi 'na dhual
Ag éirighe suas le héigean buadha
'S go mba chosmhail a gné le géis cois cuain,
Ag tarraint anuas am' dháilse.


L. 95


Tan dhearcas-sa féin an réaltean uaim,
Le hanfadh i bpéin trím néalta suain,
D'fheasas go séimh don bhé cá'r ghluais
Nó'r bh'eagal léi buairt i gClár-Luirc?
D'fhreagair an réiltean mé go duairc,
Ag greadadh na ngéag 's ag éigheamh go cruaidh,
Ní heagal dam aon taréis mo chuard;
Ní hé mo bhuairt ach Séarlus uaim,
A ghasra go léir a's a chléir go fuar,
A's Gallaibh go buan 'na n-áitreabh.



Seán Clárach.



TÁIM-SE IM CHODLADH.



Gléas Eb.



Tráthnóinín déanach i gcéin cois leasa dham,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé;
'Seadh dhearcas lem taobh an spéirbhean mhaiseamhail,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé;
Ba bhachalach péarlach dréimreach barrachas,
A carnfholt craobhach ag téacht léi 'r bhaillichrith,
'Sí ag caitheamh na saeghead trém thaobh do chealg mé.
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé.


L. 96


A's éirigidh, a chlann, agus gabhaidh bhur nairm chughaibh,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé;
A's leagaigidh sa tsrúil gach sgrúile Sasanaigh,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé;
Muna mairfeadh ach triúr, bíodh clú ins gach bhaile 'gaibh,
Ó Charraig na Siúire go ciumhais an Daingin shiar,
Árdúighidh bhur lann tugaidh fogha fé na Sasanaigh,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé.



Is 'mó buachailín óg a tógadh go ceannasach,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé;
Do cuireadh le fóirneart anonn tar faraige,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé;
Go bhfeiceadsa'n lá go mbeidh ár ar Shasanaigh,
Ughaim ar a ndrom 's iád ag treabhadh's ag bran'r dúinn,
Gan mise bheith ann mura dteannam an maide leó,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé.


L. 97


Móirín Ní Chuilleanáin.



Gléas G.



Cia hí an bhean! nó an eól díbh,
Do sheólaidheadh anois am láimh?
Thug ciall na bhfear ar mórbhaois,
Ba dhóigh linn ná tiocfaid slán.
Glanbhiadh 'gus searc na n-óg í,
A's stór chroidhe gach nduine 'n bháb,
Gealghrian na mban ar ló í,
Móirín Ní Chuileanáin


L. 98


Tá "Gliadhaire Catha" ar deóraidheacht,
San Eóruip fá chomairc cháich:
De'n ghrian-fhuil Alban mhór-ríogh,
'Gus fós, ní bhfuil fuil is fearr; —
'S an mbliain re feas nach dóigh línn,
Le fórsaí go hInis Fáil,
Beidh'n triath-seo teacht ag tóruigheacht,
Ar Mhóirín Ní Chuilleanáin!



Beidh'n Rí-Fhlaith aguinn pósda,
Gan mór-mhoill i n-Inis Fáil;
'S cliar ag teacht ón Róimh leis,
A gcóir guidhe é do bheith slán: —
Déanfaidh acht an mhór-ghrínn,
Ag tóruigheacht ar chuid na mná;
'S ní iarrfaidh acht trí c'róinní,
Le Móirín Ní Chuilleanáin!



Tomás Mac Coitir.


L. 99


COIS AN GHAORTHAIDH.



Gléas C.



Adagio.



Cois a' Ghaorthaidh is breághth' i n-Éirinn,
a's is áilne ar abhainn,
Milis céir bheach torth' ar
ghéagaibh agus úbhla ar chrann,
Chloisfeadh aoinne cantainn éan ann,
a bheadh míl' ó'n mball,
Cnó buidhe's caora ar bharaí
géaga ag fás go Samhain,



Nach dúbhach sgíosmhar atá an Laoi seo
'gabháil eadraibh aniar,
Na tulca'g coímhsgar de bhár líagracha,
gan ceó geal niamh,
Ní'l ínseacha le n-a taobh ann
ná pór breágh'r féar,
Ach bara fraoigh ar charaig aoird ann,
a's mo thruagh's bhur dtréad.



Nuair a ghabhan sí Dromacara soir
ó'n dteórainn riabhaigh,
Is taithneamhuighe gach caise
'ci ná ceó geal niamh,
Bíon bara glas ar maiseannaibh
agus pór breágh' r féar,
Cantain suilt i mbaraí coill'
agus ceól na n-éan.


L. 100


Do shiúbhaluigheas na Cúigí
'gus dúthaighe Uí Néill,
Thar a nais dom aistear
agus go cíumhais Loch' Léin,
Ní fhacasa am thaistealaibh
ná am shiúbhal taibh go léir,
Aon bhaile 'ca 's mó do thaithnfeadh liom
ná'n Chúil Duibhe Ré.



Áine Ní Raghallaigh do chuir an fonn so ag trial orm. Chuala sí
é ag Diarmuid Ua Cruadhlaoich, gréasuidhe óg atá 'n-a chómhnaidhe i mBéal
Átha an Ghaorthaidh i gCo. Chorcaighe. Thug Diarmuid an t-amhrán so go
háluinn uaidh ag feis Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus ag feis Maghchromtha
sa mblíain 1905 agus rug sé leis an chéad duais ó gach feis acu.



Bhí Áine Ní Raghallaigh ag múine na sean-amhrán nGaedhilge i gColáisde
na Mumhan ar feadh samhraidh na blíana 1905 agus fé mar airigheas ní
raibh amhrán aici a thaithn le muíntir an Choláisde níos feár ná an
t-amhrán céadna so, Is fonn ana-dheas ar fad é agus tá rian an t sean-
nóis go daingean air.



CATH CHÉIM AN FHIADH.



Gléas C.



Maestoso.



Cois abhan ghleanna'n Céma, i nUibh Laoghaire 'seadh bímse,
Mar a dté'an fiadh 'san óidhche chun síor chodla sóghail;
Ag machtnamh seal liom féin ag déanamh mo smuainte
Ag éisdeacht i gcoíltibh le bínnghuth na n-eón.
Nuair a chuala 'n cath a' teacht aniar,
Agus glór na n-each a' teacht le sians
Le fuaim an airm do chrith an sliabh,
'S nár mhéinn liom a nglór;
Thánadar go námhadmhar
mar thiocfadh gárda de chonaibh nimhe,
'Gus, cúmha mo chroídhe,
na sáirfhir do fhágadar gan treóir.


L. 101


Níor fhan fear bean ná páisde um áittreabh na dtíortha,
Na gárthaghoil do bhí 'cu 's na mílte ólagón;
Ag féachaint ar an ngárda go láidir 'n-a dtímpal
Ag lámhach agus ag líonadh 's ag sgaoile 'n-a dtreó.
An liúgh gur leath a bhfad i gcian,
'Sé dubh'rt gach flaith' nar mhaith leis trial,
Gluaisidh go mear! tá'n cath d'á riar,
Is téidhmís 'n-a chómhair;"
Thánadar na sáir-fhir:
guidhim áthas ar Chlanna Gaoidhil
Thiomáineadar na páinig
le fánaidh an seól.



Níor bh'fada dhúinn go dtáinig lámh láidir 'n ár dtímpal,
Gur sgaipeadar ár ndaoine 'r gach maoilinn faoi'n gceó;
Bhi'n Barrach 'n-a bhunbáil' 'cu, Barnett agus Beecher
Hedges agus Sweet, is na mílte eile leó.
Rígh na bhfeart go leagaidh iad,
Gan chlú gan mheas gan rath gan séan,
Go teintibh meara 'measg na bpian,
gan faoisiomh go deó!
Céad moladh mór le hÍosa
nár dhíolamair ar an dtóir
Ach bheith ag déanamh grínn dé's
d'á ínsintar sógh.


L. 102


Fonn eile é seo do thug Áine Ní Raghallaigh dham, Is mar seo do
sheintear an t-amhrán ar fuaid na dútha siar ó Maghchromtha go Céim an
Fhiadh agus go Baile Mhúirne. Do rugadh agus do tógadh Máire Bhuidhe, an
bhean do cheap é, cois Chéim an Fhiadh. Ní seintear an t-amhrán ar an
gcuma gcéadna i gCo. Chiarraidhe. Ní mór an deifirigheacht atá eatortha, ámh.



CUISLE MO CHROIDHE.



Gléas G. Moderato.



Do thugas grádh cléibh dhuit, a spéir-bhean ar dtúis,
Nuair do léigeas mo shúil ar do bháinchnis;
'S go mbfeárr liom ná mórchuid de'n ór a bhí'm thrúnc,
Go mbeidhthá 's a chúinne 'g am bmáithrín;
Bheadh do leabaidh glan chóirighthe ó ló 'gat it riúm
A's do mhaca breágh bó bheidís rómhat chun á gcrú,
Chuirfinn búcclaí it bhrógaibh luach c'róinneach 'gus púint,
A's a stóirín ná tabharfá do lámh dham.


L. 103


Mo lámh dhuit ní thabharfainn go brách le h-aon fhonn,
Mar tá sgéal ort ansúd ag am bmáithrín;
Mar fuair sí do thuairisg go suarach ar dtúis
go n-ólfá do thriús i dtigh'n tabhairne;
Mar gur mhinic 'sa sgór ort ó chróinn go dtí'n púnt
Ag caitheamh do stór le mnáibh óga gan chlú,
A's dh'éis díol le fear ceóil ná beadh feóir linn at phúch,
A's an dóigh leat cé thabharfadh bean bhreágh dhuit.



Ná creid-se na bréithre ná na bréaga 'tá'r siúbhal,
Mar is anamh mé dul go tig tábhairne;
Tá airgead am póca 'gus mór chuidam thrúnc,
'S níor ólas riamh púnt ar aon láthair;
Beidh a mhalairt do ghnó 'gam'sa bhfóghmharatá chúgham
a'baint garaidhthe prátaí's, 'cur stácaí ar bún,
Mo mhac a bheith lán de bhuaibh bána 'gus dúbha,
A's gan aoinne 'á gcrú ach mo mháithrín.



Do ritheas an bóthar's an comhngar anonn,
A's ní fheaca'n aon chúinne 'sa tsráid é;
Do ghluaiseas go suarach fí thuairim a thighe,
'S bhí iongna'r na daoinibh cá dtánag;
Dá fhaid a bhí'n bóthar ní dúbhairt sé liom suidhe,
Ná bain díot do chlóca go n-ólfair braon díghe,
'S is é 'dúbhairt na comharsain nár bh'fhóghant' é mo shlígh,
A's gan leabhaig na luíghfinn go lá ann.


L. 104


Gléas G.



AONACH BHEÁRNA NA GAOITHE.



Gléas G.



Bhí divarsion aerach ar an aonach,
Mórchuid aeir a's aoibhnis,
Ceólta néata, spórt a's scléip-suilt
Feóil 'á gléasadh chun bidh ann;
Bhí whiskey is ale ann, fíon Geneva,
Branda craorac bríoghmhar
Plúr na déis', arán sínséir,
A's cáis a's scales dá ndíol ann.



Bhí siúicrí, síolta 'gus risíní,
Mil na gcíor a' taosgadh,
Mórchuid fíona, feóil sicíní,
'S budh shaogh'ail blaschaoin an gravy;
Do bhí feóil choiligh ann, bhí rómhilis,
Bhí ann feóil druide's naosgaighe,
Bhí salan 's leek ar anairthe laoigh,
A's cana dá dhíol ar raol de.



An bhó an laogh ná beadh ró aosda,
Bhí sí daor a dóithin
Sé púint sé deich sgilinge's raol,
'S ní bhfaghfá'n Laogh gan ch'róinn ann;
Ar sheafaid aosda gheóbhthá aon rud,
Bhí gamhna daor go leór ann,
Capail ghroidhe ba dheacair a dhiol,
Bhí'n donas ar fad ar phónies,


L. 105


Bhí sean-mhná críona laga gan bhrígh ann,
'Sa dteanga líomh th'ag bárduidheacht.
Pluc'-reacht chainte de dheasgaibh an aighnis,
A leinbh 'a ndéighilt o'n árd bhruighean;
Bí bacaig an dúth' ann, trick o' the loop,
Dob aibig do liúgheach lucht cártaí,
Bhí dathach', i nglúinibh sheanduine'n ghúit,
'Sé 'g easgain' ansúd le hárd-chroidhe.



Cúrfá.



Rabhdlam raindí, rabhdlam raindí
'Rabhdlam raindí, réidí!
'S a rabhdlam raindí, rabhdlam raindí
'S maluigh the'n dream tíncéirí.



Bhí ba, capail, laoigh ann, gabhair, muca a's caoíre.
As asail do bhí an-éiliomh,
Ar bhó bhainne ghroidhe bhí seacht nginí buídhe
Bhí ba seasga cuíbhsach daor ann,
Ar chránta a's slipí bhí cheithre púint trí
Agus ana chuid díobh go léir ann,
Ach ar na banbhaíbh ní raibh ach neamhnídh
Níor bh'fhiú dhuit a ndíol a n-aon chor.



Rabhdlam raindi, agus ml.


L. 106


TÁ DHA GHABHAIRÍN BHUIDHE AGAM.



Gléas F. Allegro Moderato.



Tá dhá ghabhairín bhuidhe 'gam
a's mínseach bhainne mínseach bhainne,
Brisean siad mo chroidhe 'nam
á dtabhairt a bhaile, dtabhairt a bhail',
Ní'l áit agam 'na gcrúdhfainn iad #
ach síos am hata, síos am hata
Leigean mo hata tríd é
ar fúid a bhaile, fúid a bhaile.



Tá dhá ghabhair 'sa choill 'gam
a's caoire geala caoire geal',
Ní íosfaidís aon nídh dhom
ach barr an aitinn, barr an aitinn,
Cuirim i dteannta'n chlaidhe iad
le stúmpa bata, stúmpa bata,
Siúd thar mhull'an chlaidhe iad's
i bhfad ó bhail'i bhfad ó bhaile.



Sin port ná fuil ag an bpíobaire
Heelan Laddie Heelan Laddie,
port ná fuil ag an bpíobaire
Heelan Laddie, Heelan Laddie,
Seán Ó Ceala'n píobaire's
bíodh sé mar sin, bíodh sé mar sin,
Séan Ó Ceala'n píobaire's
bíodh sé mar sin, bíodh se mar sin.



Curfá — Tá dha ghabhairín.


L. 107


BEARTA CRUADHA.



Gléas G.



A stáidbhean stuamdha na ráidte suairce
Go dtugas muarshearc cléibh dhuit
A's d'fhág go duairc mé go dté'ad sa'r fuaradh
Fí Lic na huaighe go tréith lag.
Do gheobhair mar dualgas machaí 'bhuaibh uaim
A' teacht i dtuarthaibh a' géimreadh.
Agus gheobh' tú a uanaig gach nidh dá ndúbhart leat
ach mo bhearta cruadha do réidhteach.



Gheóbh' tú a mhaonach an tsleagh chinn faobhair
do bhí ag Aicfhill choímh-thigh tréan úd
Le bárr a puínte do threasgair faoin lag
Nector groidhe 's an Traesoir.
Geóbhair an bara buabhail do seineadh suas
A' teacht tar tuinn ar Héliún.
Agus gheobh' tú a uanaig gach nidh dá ndúbhart leat
ach mo bhearta cruadha do réidhteach.



Gheóbh' tú a stóraigh na lanna cródha
Thug Tailc mhic Treóin go hÉirinn
bhí'g Oscar óigfhear do chlannaibh Móirne
Do Leag é i gcomhrac aon fhir.
Gheóbhair an bratach síoda 'bhí cast' air tímpal
i gcathaibh cruadha na Féinne.
Agus gheobh' tua uanaig gach nidh dá ndúbhart leat
ach mo bhearta cruadha do réidhteach.


L. 108


Gheóbh' tú a stóraigh na praisléad ómra
Thug Éason óg ó'n nGréig leis '
'S an corn óir do bhíodh 'na dhóid
Fí dhigh dá ól ag Béacus
Do bhronn gach seóide do bhí'r chlár Fodla
Ar Chonn fear mór na céad cath.
Agus gheobh' tua uanaig gach nidh dá ndúbhart leat
ach mo bhearta cruadha do réidhteach.



AM AONAR SEAL AG SIÚBHAL BHÍOS.



Gléas C. Fonn: "An Beinsín Luachra."



Am aonar seal a' siubhal bhíos,
I dtúis oidhch' i ngaortha ceóigh,
Lem thaobh gur dhearcas fionnríoghan,
Amm ionnsuidhe go séimh ar seól,
A céibh ar fad 'na búclaíbh,
a' tabhairt síos ar scéimh an óir,
Go craobhach casda ciúmhas bhuidhe,
'N-a fúnsaíbh go béal a bróg.


L. 109


Ba mhaordha, maiseach, múinte í,
Ba chiúin í ba shéimh a clódh,
Ba chaomh a dreach 's a súil ghrinn,
Mar dhrúcht ghlinn a' déanamh spóirt,
A déid mar chailc 'na ndlúithchíor,
Gan smúit bhí go néata i gcóir,
'S a haolchorp seasgair súbhach síothach,
Nár dlúthuigheadh le chéile fós.



Táid caora 's sneachta 'r lúth shíos,
'N-a gnúis mhín ba mhaordha modh'mhail,
A héadan leathan úr mhaoídhim,
Gan smúit puinn go séanmhar sóghach.
Ba chaol a mala dhlúthchaoin,
'S a leabhair phíop mar ghéis ar seól,
'S a béilín blasda búch binn
Ceannsaidhe, nár thaobhuigh móid.



A spéirbhean chneasda, chiúin, chaoin
Cá'r stiúruigheadh i gcéin do shórt?
Nó'n léir a mheas gur bh'iontaoibh
Dom ionnsuidhe ad ghaor am chlódh.
An tú'n bhé thug searc a's rún chroidhe,
Do'n Chú ghroidhe bhí tréan i dtóir,
'S a céile ceart gur fhúig sí,
Go dubhchroidheach i n-éigin bróin.



Eoghan Ruadh Ua Súileabháin.


L. 110


Tógadh síos an fonn so ó Thadhg D. Ó Súileabháin. Lá dá rabhas
féin 'gus cara liom i mBaile Átha Cliath chuadhmair ag trial ar
Thadhg chun an port so dh'fhághail uaidh. Is cuimhin liom é dhá radh
gur ó'n a athair d'fhoghlumuig sé é. Is fad ó riamh é sin, is dócha go bhfuil
deich mblíana a's trí fichid ann. File is eadh Tadhg agus is 'mdhó amhrán
breágh do chúm sé. Fear tír-ghrádhach leis is eadh é, Do rugadh ins an
ndútha ar an dtaobh shiar de Bheanntraoi é sa mblíain 1827, áit go
nglaodhtar "Árd na Gaoithe" air. Bhí sé 'n-a Árd-Mhaoir ar Baile Átha
Cliath ar feadh na mblían 1886-1887. Do cuireadh i bpríosún i n-aim-
sir Balfour é (sa mblíain 1887) ar son cúise na tíre. Deineadh
feisire dhé sa mblíain 1880. Ba leis an páipéar nuadhachta "The
Nation" ar feadh raint mhaith de bhlíantaibh. Chuir sé daoine na
hÉireann fé mhór-chomaoin nuair thug sé do Chonradh na Gaedhilge cuid
mhaith airgid — dhá mhíle púnt nó geall leis — d'fhág fear a fuair bás i
Sasana Nuadh le huadhacht aige chun é chur sa tslígh a bhfeár chun
teanga na hÉirean do chur ar aghaidh.



AN TÚIRNE LÍN.



Gléas D.



Fonn: "An Túirnín Lín."



Con animo.



Aréir am aigne a' smúineadh bhíos,
Mar cuireadh le Gallaibh i gcumhangas sínn,
An léirsgrios leathan a Dúithidh Fhínn,
Ar bhruinnealaibh tathuight' an túirne lín.



Ach tá'm saoghal ar casadh 'san chúirt 'na suidhe,
'Gus fillfidh na flathas 'na gcumhachta 'rís,
Is éasga glanfaid na búir tar tuínn,
A's tiocfaidh i gceannas an túirne lín.



Beidh bréid d'á caitheamh go flúirseach mín,
A's culaidhthe deasa dhi'nn súd ar díol,
Beidh léine leathan um Shamhain d'á sníomh,
Do Mhícheál ag Anna 'san túirne lín.


L. 111


Beidh sgaoth bheag bhairr-fhionn ó Dhún na gCíor,
Ag Muirinn Ní Cheallaigh 'sa rúm sain thíos,
Le séirse chaidrimh ag cúmadh laoidhe,
'S gach duine 'ca 'n-aice le túir n' a' sníomh.



Beidh éadach breac ag Conchobhar 'ghá fhighe,
Beidh muilionn gan stad ar gach srúill arís,
Tá gléasa 'leictreacha chughainn ag tíocht,
Má chliseann a casadh 'r an túirne lín.



Cúrfa -



Ní chuirfeamne feasd' orainn barrach ná líon,
Na druinge seo Sasan ná feadair cad oirean dúinn
Tréigfeam faisinn nár dhúthchas línn,
A's beamna le hainnir' an túirne lín.



"Tórna."



Fuair an t-amhrán so an chéad duais — an bonn óir — ag an Oireachtas
1899. Táim ana bhuidheach de "Thórna" agus do mhúintir Chonradh na Gae-
dhilge i mBaile Átha Cliath 'dtaobh cead do thabhairt dam an t-amhrán so do
chur i gcló. Ó fhear as Dún na nGall do tógadh síos an ceól 'sa mbliain
1902. Micheál Ó Foghludha is ainm do. Ní feasach dhom ar cuireadh i gcló
cheana é, nó nár cuireadh.


L. 112


A STUAIRE AN CHÚIL BHÚCLAIGH.



Gléas Eb.



Fonn: "An cuimhin leat an oidhche úd" (Petrie).



Andante affettuoso.



A stuaire glac uain bheag is éist liom go fóil,
Go 'neósfad go durchroidheach le h-éifeacht mo sgeól,
Mar léig tú mé i n-uaigneas a d'fhúig mé gan treóir,
Ar stuaic an mhi-shuaimhnis fé bhuairt gach ló.



A phéarla na réidhrosg 'sa chaol troigh i mbróig.
Le claon ná le clébheart mo shéanadh ní cóir,
Mar thug mé gean cléibh dhuit tar éinne gan ghó
Siubhal ar úr-drúcht le chéile ins na laethibh fad ó.



Nó'n cuimhin leat an lá úd i bpáircín na mbó,
'S an dá lá 'na dhéig siúd ar thaobh cnoc na slógh,
Mar ghéileas dod' bhréithribh binn éadtrom sóghach,
Ná déanfá mo shéanadh ar Éirinn go deó.



Is deas é do sheasamh 's do thaisdeal 'san ród,
Cois sléibh dam am aisdear níor bhfeas dam do shórt,
Do mhala chaolchneasda 's do ghruadhna mar rós,
'S do chúl bhúclach chasd(a) ar fhíordhath an óir.



A ghlébhruinneal mhilis go mb'ionann do chlódh,
A's géis an bhár linne go soineanta'r seól,
Do bhéilín is binne ná'n lon-dubh fé dhó,
'S ná'n chuach ar bhár bhile i ngleanncoille gan cheó.



Dá mbéinn-s'i bPortláirge nó i gCluain Meala 'n spóirt.
Am shuighe i dtig tábhairne go sásda i mbunbóird,
Beathuisge an chlár agus sgilling am dhóid,
D'ólfainn do shláinte mo réaltain geal óg.



Riobárd Bheldon.


L. 113


GLEANN CAM.



Gléas C.



Andantino amoroso.



Aréir ar mo leabaidh go hathtuirseach léanmhar,
A' machtnamh liom féin ar mo chéad míle stór,
Do bhí go modh'ail soineanta triopalach péarlach,
'Sa leaca modh'ail maordha 's ba shoineant'é 'snódh.
Bhí a ciabh léi ar baile chrith's a leaca mar réaltan
'S go dtéidhinn-se 'ghá féachaint go minic sa ló,
'Sé mo léan nách 'sa bhFrainc nó i Sasana'n Bhéarla,
Do caileadh mé féin sar ar ráinígheas 'n-a treó.



Ní hí bean Thuath na Droman, ná bean Áth' an Teampuil,
Ná fós bean Maghchromtha 'thá t'réis mo chroidhe chrádh,
Bean Chille Mhuire ná Droichid na Banndan,
Ná mná'n bhaile Ghalldha cé gur mór iad le rádh.
Bean Shráid' a' Mhuilinn, ná bean Ghleann na Láine.
Bean Bhéal an Mháma, ná Mhuisire'n cheóigh,
Bean Ach adh Bolug ná bean bharra Chárthainn,
Ach bean atá i n-áit ná neósfad go fóil.



Ar mo ghábhail tríd an mbaile gur b'ainim Gleann-Cam do,
Go moch maidin Domhnaigh a roimh Nodlaig mhóir,
'Seadh dhearcas an ainnir gur chaileas mo mheabhair léi,
Go soineanta modh'ail deas am choinnibh sa ród.
Do dhruideas 'n-a coinnibh is chuireas chun labhairt léi,
A's cheapas gan dabhat bheith 'n-a fochair go fóil,
A rúin ghil sa chuman druid anso 'nall liom,
A's 'nis dam gan chlampar cá bhfuil do threó.


L. 114


Do fhreagair an ainnir go fearagach náimhdeach,
A dhuine nách toghail a dheinean tú'm threó,
Ná tar am ghoire cé gur deacair liom labhairt,
Le duine dod'shamhail bhion a' teagasg na n-óg.
Ná fuil fhios agatsa gur mór atá 'dteannta,
I n-ifirean fann Lag do dheasgaibh ban óg,
'S dá éaghmais go ndeirtear gur díomhaoin do dhromsa,
'S ná tabharfá aon chabhair dam chun graftha ná rómhair.



A rúin ghil sa chuman, ná creid-se na dánta,
'S go bhfuil fhios ag a lán go ndéanfainn gach gnó,
Rómhar agus grafa 'gus cruacha 'gus stáca,
'S do léimfinn-se páile dá ráinigheadh sí am threó.
Do ríncfinn do léimfinn nú d'imireó'inn báire.
'S do sgríobhfainn gan cháim dá bhfaghainn peann am dhóid,
A's má théidhean sún orm-sa go meathlóchadh mo sgoláireacht,
Táim-se gan spleádhchas ábalta 'r rómhar.



Do shiubhluigheas-sa Corcaigh, is ceanntar na Blárnan,
A's níor stadas de'n stáir sin go ndeigheas ar a' gCóibh,
Síos go Cluain-Meala a's go Tiobaraid Ára,
A's do shiubhluigheas a lán de thimpal Ráth-Mhór.
Do ínseas díbh cheana go rabhas i gCeann-tSáile,
Ar bruach chille hÁirne, a's gach áit éil' á shórd,
A's a samhail ní fheaca gur chasas ar mh' áitreabh,
Líontar chúghainn cairt agus bímís ag ól.


L. 115


A CHUMAN TAR CHÉAD.



Gléas D.



Allegretto.



Fonn: "An cailín deas ruadh."



A chuman tar chéad dár thugas duit géil
Agus taithneamh le haon-chorp díograis,
Do cheapan do sgéal i dtathach 's i réim,
I bhfuirm 's i n-éifeacht Laoidhthe.
Is tapaidh do léigheas gach aiste 'gus téics
Dár chanais-se féin ad Laoidhtibh,
Ag tagairt do bhé na gcarnfholt ngéar,
A's dá mealadh le bréithre mísle.



Do ranna gan bhéim is binne liom féin
Ná spreagadh na méar ar chaoin-chruit,
Do sgaipean gach péin as daingean mo chléibh,
Ó dhearcas do shaothar gaoise
Ag breacadh do sgéil a ganfhios do'n tsaoghal
Mar chanan gach n-aon dob shlighse,
A's dá dtagadh liom d'éis a cathuighthe géar,
Go n-admhuighim saor bheith dílis.



Beartuigh leat féin mar caileadh an laoch
Do smachtuigh an saogal tímpal,
Ba thac' ag mac Éason calama tréan,
Le gaisceadh do'n Ghréig thug flís leis.
Nuair ghairim an bhé thais ghreanamhar shéimh
Go hifirean fé mar ínstear,
Gur le cealagaibh cléchlis maluigh th'a chéil',
A ganfhios thug Léine nimhe dho.



Machnaimh leat féin mar caileadh na céadta,
An taca ba thréine i gcoímhsgar
Ar faithche na Trae do dheascaibh na béithe
Thaistil le baoth-mhac Phriamuis.
Ní'l ainimh, ní'l éacht, ní'l peanaid, ní'l péin
I bhfearanaibh Éilge shíolruigh
Nach ainnir dheas shéimh do thosnuigh é
Mar chanaid lucht léighte draoidheachta.



Is iomarca laoch mear curanta tréan
D'fhuil bhuirb na nGaedheal do críochnadh,
Thuit Murchadh a's Éibhear, Conall a's Céad Chonn
An taca ba thréine i gcoímhsgar;
Ursa na nGréagach, curadh na Trae,
Cú Chulainn le bé gur críochnadh
A's nach mairg don té na bearta so léighigh
A thaithneamh tar éis do mhnaoi thug.



Eoghan Ruadh Ua Súiliobháin


L. 117


GOIRTÍN ÓRNAN.



Gléas Eb.



Is buachailín fíor-óg mé go bhfóiridh orm Rí na ngrás,
Thug searc do chailín óg i dtig an ósta le cómhrádh geár,
Ní raibh hat' uirthi na húdda ná búclaí buidhe déanta phrás
Ach tape i gcluais a bróige 'sí mo stór í go bhfagh mé bás.



Móra dhuit-se a éinín a' leimirig ó chrann go chrann,
Dá 'neósainn brígh mo sgéil duit ní h-éidir ná déanfá rún,
Beirt litir uaim fé shéala go cúlchraobhach na bhfáinní bhfionn,
Go bhfuil mo chroidhe dá chéasadh 's nách féidir liom codladh ciúin.



Tá gaoth andeas a's tóirthneach a's mór-shruth le habhainn na Laoi,
Sneachta ar na bóithribh 'gus mór-shioc d'á mheasgadh tríd,
Ní fhanan fuaim ag róntaibh ná ceól binn ag éin ar chraoibh,
Ó chaileas-sa mo stóirín, is í thógfadh an ceó dem chroidhe.



Ceann eile é seo de sna fuinn do thug an bhean uasal Áine Ní
Raghallaigh dham. Tá sé ar an bhfonn is deise da mb'fhéidir d'fhagháil
ameasg na ndaoine. Ní fuirist é shárughadh ar bhinneas.


L. 118


SEÁN Ó DIGHE.



Gléas G.



Fonn: "Liamín Ó Raghallaigh."



Níor ghéileas riamh do ráidhtibh Fileadh, fáidh nó draoi,
Go bhfuair an Bhulcán grána Venus bhreágh mar mhnaoi,
Nó go bhfeaca "péarla'n bháin chnis," le toil a cáirde gaoil,
Gan rogha nó malairt áruis, I bhfochair Sheáin Uí Dhighe.



Ní ghéilim nách sprid námhdach, do tháthuigh dlúth an dís;
A chusbóir pheacaidh Mhámoin! 'Na measg, mo náire, bhís!
"Mop-so Nysa datur," Is fíor an ráidhteacht í,
Ó fuair an stuaire d'ádhbhar, Fear mar Sheán Ó Dighe.



Dá mbadh fear mar chách mé, 'S gur mhaith mar cheárd liom í!
Do throidfinn seal mar Mhárs dí, 'S do ghrádhfainn í óm' chroidhe.
Ó! 'se do bhreóidh's do chráidh mé, A's dfhág mé támh gan bhrigh,
Ár gceart-lín sneachta mhná 'bheith, 'N-a tráil ag Seán Ó Dighe.



An t-Athair Tomás Ó Dorchadha do sgaoil chugham an fonn so. Is
minic d'airigheas féin i gCo. Phortlairge i n-aimsir m'óige é. Sean-
fhonn ar fad é. Ní'l ins an phort ach cúig nótaí. Ní'l an nóta
"f" nó an nóta "t" le fághail ann. Sin cómhartha air gur sean
fhonn é. Cómhartha eile, Tá an chéad líne agus an ceathramhadh líne
de'n cheól mar a chéile. An tarna líne agus an treas líne is mar a
chéile iad san, leis.


L. 119


INGHEAN UÍ GHEARAILT.



Tá lile gan scamal d'fhuil Ghearailt na sáir-fhear,
'S is soineand' a teastas ag fáidhibh eóil,
Ní fheicim a samhailt a' taisdeal na sráide
i n-inealacht phearsan i gcáil a's i gcló.
Grádh na rún í an mhúirnín mhascalach
Bláth na n-úbhal í i dtúis an tsamhraidh
Lúibín lachanta eala'n chuirp bháin,
An fhinne bhean fhada chroibh áluinn óg.



Bíon Cúipid 'n-a haice go cabharach gárdach,
A' caitheamh a ghatha le feidhm gach ló,
Is folus 'n-a leacain a' caismirt go báidheach
lonnradh an tsneachta le scáil an róis.
A rinnrosc réidh ghlas péarlach geamhrach
A braoithe caola ar éadan leanbh ach,
A cruinnchíoch cheart is geanmnuidhe 'gnáth,
'S í gile'n chuim chailce nár lámhuigheadh fós.


L. 120


Is binne guth gearr-ghuib an bhalsambhuig mhánla,
'Ná ainnir Chanáin i sáimheacht cheóil,
A's seinm chirt ghalla-phuirt ceapadh na ndáimhe,
An fhuirean do theagaisc an chláirseach dhóibh
faoilean mhaordha bhéasach bhanamhail
Naoidhean da thréitheach dhéarcach gheanamhail;
Milis bhean urramach mhiochair gan cháim
Is d'fheartaibh a cumain tá táin gan treóir.



Piaras Mac Gearailt.



AN BUACHAIL BÁN.



Gléas Eb. —



Fonn: Eóchail.



Maidin laoi ghil fá dhuile chraínn ghlais
Doire am Aonar cois imiol trágha;
A bhfios trém néalta do dhearcas spéirbhean
ag teacht ó thaobh deas na mar'am dháil.
Ba chirte a braoithe ná buille rínnchuir
Tanuidhe caoilphin buailte 'r phár;
'Sé dúbhairt le díograis "och uail mo chroidhe-se,
Nó 'bhfeicfead choídhche mo Bhuachail Bán"?


L. 121


Ba caoin a déidmhion, ba mhín a haolchrobh
'Sa dlaoi 'na slaodaibh mar ór go sáil;
ba ghile a héadan ná gnúis na réaltan beir solus
gléineach don tsaoghal roimh lá.
Bhí uile shoíllse na grein' ag rínnce
'Na leacain mhíonla tré lítis bhán;
A's sruth gan dísge ó shléacht a rínnrosc,
Shocma, rioghdha d'á Buachail Bán!



Is tapa shléachdas don bhruinneal mhaordha,
Mhiochair bhéal tais, múinte mhná;
A's d'fhiosraigh mé dhi i laoithibh Gaedhilge A cine,
a gaolta, a dléacht 'sa cáil.
An duil de Dhéithibh críon an aéir í
No'n gein do ríghthibh an tsaoighil a grádh;
Nú créad é'n tréanfhear do bhuair a céadfa,
Air a nglaodhann sí an Buachail Bán?



Seán Ó Coileáin (1754-1816)



Nóra Ní Loingsigh do thug dam an fonn so. Deir sí liom go raibh an
fonn ag na daoinibh ar an dtaobh shiar de Chontae Chorcaighe agus gur b'é
an ainm bhí air ná "An Buachail Bán."


L. 122


A SPAILPÍN A RIÚIN.



Gléas C. — Lento.



A spailpín, a riúin, dé bheathasa chughainn
Nú chá'r bhuainis an fóghmhar chomh luath-so?
Dá mbeadh 'fhios agam féin cá rabhais indé
Ba ghairid liom do bhéal do phógadh.
A chaile bhuidhe crón níor mhilis liom do phóg,
A's ní ghlacfainn céad bó mar spré leat,
A's go mbfearra liomsa póg ó chailín bheag óg
Ná a bhfuil agat ar bhórd an tsleibh' 'muigh



A spailpín, a stór, fan socair go fóil
go bhfaghadsa mo choidhp 's mo chlóca
Mo bhróga sáil bata 'gus búclaí an fhaision
'S go deimhin duit go mbogfad an ród leat.
Ó do raghainn leat go Caiseal a's go Cluain geal Meala,
A's go Carraig na Siúire thar mh'eólas,
A's go brách 'n fhaid a mhairfead ní fhillfad a bhaile
'S is cuma cé bhuainfidh an eórna.


L. 123


A bhuachaillí cruadha, gearruighidh go luath
Agus cuiridh bhúr gcongnamh le chéile
Go mbainfimíd dúiseacht as bodaigh an phlúir,
'S go racham dár nduthaighibh féinig,
'S é chloisim aca dhá rádh ná seasócham an lá
Aiges na bodaigh atá lán de phónaire,
Ní aca súd atá ach ag Rígh geal na ngrást
A's go dtugaidh Dia slán ó'n bhfóghmhar sinn.



Ní dóigh liom go bhfuil agam in sna leabhríní-se port níos binne ná
"A Spailpín a riúin." Do chuir Áine Ní Raghallaigh a' trial chugham é.
Fuair sí 'sa Rinn i gCo. Phortláirge é.


L. 124


RÓISÍN DUBH.



Gléas Bb. — Adagio con expressione.



Is fada 'n réim do thug mé féin ó 'ndé go 'ndiú,
I n-imeal sléibh 'muigh go hinealta éadtrom, mar bheólach dom;
Loch Éirne do léimeas, cé gur mór é'n sruth,
'Sgan am dhéighse de ghile gréine ach mo Róisín dubh.



Go dtí'n t-aonach má théidhean tú a' díol do stuic,
Má théidhir, ná fan déanach 'san oidhche amuigh;
Bíodh boltaí ar do Dhóirse a's mór ghlais cip,
Nó is baoghal duit an cléireach don Róisín dubh.



A Róisín ná bíodh brón ort ná cás anois,
Tá do phárdún ó'n Róimh a's ó'n Phápa 'gat;
Tá na bráithre 'teacht thar sáile's ag trial tar muir
'S ní ceilfear fíon Spáineach ar mo Róisín dubh.


L. 125


Tá grádh 'gam am lár dhuit le bliadhain anois,
Grádh cráidhte, grádh cásmhar, grádh ciapaithe;
Grádh d'fhág mé gan sláinte, gan rian, gan ruith,
'S go brách brách gan aon fhághail agam ar mo Róisín dubh.



Seo ceann eile de sna hamhránaibh atá le fághail 'sa Rinn i gCo.
Phortláirge agus ní misde arádh ná gur ceól bínn, deas é.



TÁ SPÉIR 'SA CUALACHT,



Gléas B — Lento assai.



Fonn: Maidin ró-mhoch.



Tá'n spéir 'sa cualacht go léir ar buaidhreamh
Tá gaoth a's duartan a' téacht do shíor,
Tá'n rae go gruaidh-fhliuch san réiltean uabhair
le faobhar ag tuargain a's galar nimhe;
Tá Phoebus uasal, ó'n ghréin ag gluaiseacht
le héigean uabhair go nuig Mars do bhruighean,
A's do réir gach tuairim dá ngéillid sluaighte
beidh Éire buartha ag malairt Ríogh.


L. 126


Cois sléibhte uaigneach am aonar ghluaiseas
Gan aon dom buaidhreamh ach cearca fraoich,
Níor ghaor dam suaimhneas do bhéarfadh suairceas
gur séideadh cúmhadhtha a's cnead am chroidhe;
Nuair caochadh suas mé do chlaon mo luadar
le héigean fuachta 'gus creatha líog,
tar éis mo chuarda níor léigeadh suan
dam gur aontuig stuaire lem ais gan mhoill.



Do réidheadh mé'n uair sin dá mhéid mo bhuaidhreamh
Do léimeas suas an tan dhearcas í,
A claonfholt cluanach go dréimreach dualach
Go féar léi a' gluaiseacht, mar eala'r tuinn;
A glé-ruisc ómrach do chéas na sluaighte,
Tá'n caor gan buaidhreamh 'na leacain aoird.
'S is léisi buaidhtear gach céim ar uaislibh
'San chraobh ó'n stuaire thug cath na Traoi.



Seán Clárach.



AR ÉIRINN NÍ 'NEÓSFAINN CÉ HÍ.



Gléas G. — Andante Dolce



Aréir a's mé 'téarnamh ar neóin,
Ar an dtaobh eile den teóra 'na mbím,
Do taobhnuigh an spéirbhean am chómhair,
D'fhág taomanach breóite lag sinn.
Do ghéilleas d'á méin a's d'á clodh,
D'á béal tana beómhilis binn,
'S gur léim mé fe dhéin dul 'na treó,
'S ar Éirinn ní 'neósfainn cé hí.


L. 127


Dá ngéillfeadh an spéirbhean dom ghlór,
Is iad ráidhte mo bheóil a bheadh fíor;
Go deimhin duit do dhéanfainn do ghnó,
Do leir chuir i gcóir a's i gcrích.
Do léighfinn go léir stair dom stór,
'S ba mhéinn liom í phógadh óm chroidhe,
Do bhéarfainn an chraobh di 'na dóid,
'S ar Éirinn ní 'neósfainn cé hí.



Tá spéirbhruinniol maordha modh'l óg
Ar an dtaobh eile den teóra 'na mbím,
Tá féile 'gus daonacht a's meón,
A's deise ró mhór ins an mhnaoi.
Tá folta léi 'tuitim go feór,
Go cocánach ómarach buidhe,
Tá lasadh 'na leacain mar rós,
'S ar Éirinn ní 'neósfainn cé hí.


L. 128


Thuas againn an ceól fé mar seintear 'sa Rinn i gCo Phortláirge é.
Do stríobh Áine Ní Raghallaigh síos é, agus níl amhras ná gur deas an
ceól é.



CUISLE MO CHROIDHE.



Gléas D. —



Do thugas grádh cléibh dhuit a spéir-bhean ar dtúis nuair
Nuair do léigeas mo shúil ar do bháin chnis;
'S go mbfeár liom ná mór-chuid den ór a bhí'm thrúnc
Go mbeidhthá 'sa chúinne 'g am bmáithrín;
Bheadh do leabaidh glan chóirighthe ó ló 'gat it riúm.
A's do mhaca breágh bó bheidís romhat chun á gcrú,
Chuirfinn búclaí it bhrógaibh luach c'róinneach a's púint,
A's a stóirín ná tabharfá do lámh dham.



An ceól fé mar a chuala ag Nóra Ní Loingsigh é.


L. 129


AN DÍBEARTHACH Ó ÉIRINN.



Gleas C.



Fonn: "Sa mhúirnín dílis."



Do tháinig chun na taoide díbearthach ó Éirinn,
A dhlaoi fliuch ón spéir a's a éadach ón ár;
Ba sgíosmhar do chaoineadh a thír 's é 'n aon-ar,
'S an oidhche faoi bhléin chnuic na scéirde gan sgáth.
Bhí a shúil a's a inntinn go cruinn ar an réaltan,
Do thugadh fios an lae dho a n-Inse na Féile;
Mar a gcanadh le díogras a chroidhe 'stig an dréacht so,
Buadh agus tréine leat Éire go brách!


L. 130


Is truagh é mo chúis ars' an sgiúirling bhocht céasta,
Gan subhchas, gan faeseamh, ó phéin ná ó ghádh;
Ní'l áitreabh mo chúmhdaig i dtriúchaibh an tsaoguil,
Fiadh-phuic a's faolchoin cé féidir leó fhághail;
Ní fheicfead-sa choidhche an choill chluthair, chraobhach,
Mar a mbíodh mo shínsear ag síor-chleachtadh saor-chleas,
Ní chuirfead bláth ná mín-sgoth ar mo chaoin chruit dá gléasadh.
'S ní bhuailfead a téada ar Éire go brách!



O, Éire mo dhútha! cé dubhach , 's cé tréigthe,
Is subhach mise am néalaibh ag féachaint do thrágha!
Ar mhusgladh san dútha so is úr shilim déara,
Gan súil le dul d'éiliomh mo ghaolta go brách!
Och a chineamhain chruaidh! an bhfaighead cuaird bheag uair éigin
Don tír sin an truaircis, gan buaireamh, gan baoghal dam,
Och! mo lomadh luain! ní luaisgfead mo ghéaga,
Mo cháirde táid traochta nó ag géilleadh da námhaid.



Cá bhfuil dorus m'áruis bhí lámh leis an gcoill ghlais,
A cháirde 'sa mhuintir nach díth libh é ar lár!
Nó'n mháthair thug grádh dham, 's thál lacht a croidhe orm,
Cara geal mo chroidhe 'stig is dílse ná cách;
Tá'n t-anam bocht mo dhrólann le brón guirt ag trághchan,
Cá bhfuil anois an spórt ba dhóith linn-na d'fhághail seal
Silim díle deóra gach ló mar an mbáistig,
Gan aoibhneas, gan dóchas le soghchas go brách!



Thar gach uile smuíneamh dá mbím-se i ngrádh leis,
Fágaim an ghuidhe seo 's mé ar íntinn an bháis!
Ag Éire, cé táim-se, ar fán uaithe ar díbirt,
Ó áitreabh mo shinnsear, 's crích chirt na bhfáidh:
Go mbudh glas iad do mhuígheana a Ríoghain na Bóchna,
Go mbudh fada iad do fhíor-chlann ag síor-chleachta spórta,
Go mbudh fada í do chaoin chruit go síth-mhilis ceólmhar
A Éire mo mhúirnín! Éire go brách!



Seán Ó Coileáin,
Sa Scibirín.


L. 131


AMHRÁN AN MHADA RUAIDH.



Gléas E.



Lá breágh gréine 's mé'r mhaoil a' tsléibhe 'muigh
Do bhíodar mór uaisle na gcúig gcontae 'nn
Chuireamair ár ngadhair go cruinn le n-a chéile
'Gus siúd amach madara 's do leanamair go léir é. San



Lá Nodlag beag chuireamair deire leis a' Saoire
'S chnósuíghmair ár ngadhair go meanmnach meidhreach
Amach trís na garbh-chnoic 's a' tarac ar a' bhfoighnthuirt
A's síos chun na Luiminighe 'seadh thug sé aghaidh uainn.



Amach Sliabha' daingin bhíodh a' gearradh' cu le chéile
Chun Cill na Mullach agus síos chun Migéili
Amach 'sa talamh garbh bhíodh na capail ar a dtraochadh 's
chídhfá marcaig treasgartha thar bhrádaibh a chéil' ann.



Do tharraig sé leis sinn trí Ínsí Chuínn
Soir i gcoill a' ghleanna bhodhair 'seadh do ghread sé'n croidhe 'gainn
Trí Chnocaire an tsionaig 's trí Chnocán a' Mhictíre
A's síos chun na Fruinisg a's chun ínsí Chuínn Soir.


L. 132


Do thairig sé leis sinn Bun a' Droma Daidhthe
Trí leaca na dtaraingí 'gus Bun a' Chumair Doimhinn soir
A' déanamh ar a' gcarraig a bhí 'mbarra Gleanna Maidhre
A's i mbaile na Trágha 'seadh fuaramair radharc air.



'S iad gadhair fhiadhaig chúil ó Gura do thóg sway an lae sin,
D'fhiachadar a' madra ón gconairt go léir leo,
Ar a dteacht go dtí 'n calaidh tháinig eagl' ar gach aoinne
Ach Cnáid, a ghadhair 's a chapail chuir an fhairge thréan díobh.



Do thairig sé leis na h-Áird ó thuaidh sinn,
Chun Abha tíghe 'n Eóghan a's chun caladh Dhroma Móire
Aníos Ceapach Chuínn a's trí Shráid Leasa Móire
Agus chuireamair i dtalamh é i mbarra Shlaibh Luachra.



Budh mhaith liom a rádh anso go bhfuil cuid mhaith des na h-amhránaibh seo
sgríobhtha — idir ceól agus focail — fé mar a thugann na daoine uatha iad
ar an dtaobh shiar de Maghchromtha. An Samhradh so d'imthigh tharainn do
chaitheas cuid dem laethantaibh saoire i gCo. Chorcaighe agus chuadhas féin
agus Áine Ní Raghallaigh a' trial ar na h-amhránuidhthibh breághtha atá n-a
gcomhnuidhe mór dtímpal Maghchromtha. Badh aca-san d'airigheas an chuid
is mó des na d'amhránaibh atá le fághail anso. Do sgríobh Áine síos
ó shoin iad.


L. 133


AN GAMHAIN GEAL BÁN.



Gléas B. Moderato.



Ar maidin Dé Luain a's mé 'mach-tnamh,
'S mé ag imtheacht ar mh'ádhbhar féin,
A's ar bruach coille móire 'seadh dhearcas.
An ainnir dob áilne sgéimh.
Anuas díom do rugas mo hata,
Agus d'úmhluigheas go tláth dhon bhé,
Is é dúbhairt sí "fhir mhóir ná bí't sheasamh,
Suidh farainn go dtráig a' saoghal."



Diúltaidh don fholáig a's don tubaist,
'S a dhuine suidh síos go lá,
Tá'n bháisteach go hárd ar na cnocaibh,
'Gus tuille 'sna haibhníbh lán.
Níor chás duit a lán acu dh'fheiscint,
Ba dheise na í mar mhnáibh,
Dh'éis éalúghadh ó Bheárnain a choinne,
Le duine go Dún na mBárc.



Is dóigh leo gurb óige 'gus mire,
Chuir mise fí riaghail mar táim,
D'fhúig Éire's Clár fódhlacht um choinnibh,
'Gus a mhairean dom mhuíntir ghnáth.
'Ár bhríor dóibh go n-ólfainn-se a dtuillfinn,
I gcuideachtain phrionnsa mná,
A's nách aoibhinn do réicíbh na cruinne,
Nuair imiríd chúig thar Lámhaibh.


L. 134


D'imreóchainn-se cúig a's gach cluiche,
Dá bhfaghainn a' cuireat i gcúl mo lámha,
A's dá n-ionntóghadh aon aon 'cu am choinnibh
Chuirfeadh mise bun os cionn lem mhádh,
Do rithfinn 's do shnámhfainn a' tSionan
A's ní fhanfainn le luíng ná le bád,
'S ní fhillfinn go bráth ar aon duine
Mura bhfillinn am chúbhar cois trágha.



Do ghluaiseas ar thuairisg na bruinnle
Dob fhinne a's dob aoraighe cáil,
Ó Thuama go bruach Cille Choinne,
A's as san go Cnoc Aon don stáir,
Am chuardaíbh cé mór iad do thugas
Níor thuigeas go raibh aon bhean bhreágh.
Go dtí'n stuair' úd do bhuail saíghead am choinnibh
Ar a dtugaid "an gamhain geal bán."


L. 135


Is aoibhinn iad ínseacha 'n mhuillinn
Mar a dtigean na fiadhna am Shamhain,
Mar a bhfásann a' bláth ar gach bile 's
Mar a ndurthar gach bliain a' gamhain.
Bíon ceól binn ag bróntaibh cois imil
Agus bó bhoinean fhaid-phéacach leabhair
Agus sgaoth beach 'n-a gcréithribh go cluthair
A's an iomarca éisg ar abhainn.



RACA BREÁGH MO CHINN.



Gléas C. - Adagio patetico



Maidin aoibhinn fhóghmhair agus mé 'gábhail a' bóthar síos,
Do casadh cailín óg or(o)m, 's a' crúdh a bó 'seadh bhí,
Ba ghil' í na sneacht' ar móra-chnoc, bhí sgáil na rós 'n-a gnaoi,
'Sé mo léan na fuilim-se pósta leat, a chailín óig a chroidhe.



Is maith a' t-am pósadh é a bhuachail óig dubhairt sí,
Sara dtigidh a thuill' an fhóghmhair orainn, 'sgo gcuirfam a' mhóin i gcrích,
Tar liúm go tig an óil isteach, agus bí ar stól ad shuidhe,
Glaoidh-se'r punch do dhóthain agus leogsa dhómhsa díol.


L. 136


Is dúbhach a' bhean go lá mé, 's is buartha cráidhte bhíos,
Gan dúil i sult ná i ngáire 'gam, ná fós i mbéile bhídh.
Mo ghruaig liom síos na tá-thaibh, 'sgan náid do réidhteóch' í,
'S cad dhéanfad féin a mháithrín gan raca breágh mo chinn.



A riúnaig ná bíodh cás ort, ná mairg ar do chroidhe,
Geobhaidh se 'n ród so 'mbáireach, agus cuir céad fáilte roimhe,
Socaruig cathaoir árd fé, i n-imeal nú'r lár a tíghe,
Sgiob a hat' at láimh leat 's gheóbhair raca breágh do chinn.



Do stadas féin ar feadh neómait ag éisteacht leo do bhíos,
Cois leath-taobh claídhe na teorann a's mo reaca am póca thíos.
Thugas fiadh na feola gidh gur dóighte bhíos am chroidhe,
Gur mhaith a' saoghal fad ó é sar a dtáinig a' spórt chun cinn.



Ba mhaith a' fear sa bhfóghmhar mé don té go mbeadh gnó 'ge dhíom,
Do dhéanfainn cruach nú stáca a's do thógfainn beárna claídhe,
Do threabhfainn iomaire báin duit, 's do chroithfinn gráine dhe'n tsíol,
A's do chasfainn súiste am láimh dheis dhá bhfaghainn mo shásamh díol.


L. 137


"AN BHEISTÍN LIATH."



Gléas C. —



Is dathamhail maiseamhail néata 'n ball éadaig mo bheistín liath,
Ní cosamhail le haon bhréid í dá ndéanfadh na mná sa tsliabh,
Bhí sí 'gam chómh néata's nuair fhéachaim ar a deire shiar
Samhluighim nách liom féin í a's méaduighean san thar bár mo chíach.



Nuair a fhéachaim ar a híochtar sílim gur breágh í thiar,
Nuair iompuighim chugham airís í bíon mo chroidhe 'stig a' gáirí'm chliabh,
Bhain sé ithe an bhídh díom do luigheadaidh sí thar barr mo chiall,
Go bhf'ghinn céad púnt le mnaoi a cu gan tuínte ach mo bheistín liath.



Ansúd a deineadh í shníomh dom thíos istig i Sráid Bhlá-Cliath,
'Sa Spáinn a deineadh í fhighe dhom mar ní raibh slinn cheart i nÉirinn riamh,
Ba dhaoire'n olann a bhí inti ná na fíonta so dh'ólaid siad,
Go raibh dóthain ao' Mhic Rí acu de bhall sínsireacht um bheistín liath.



Ansúd a deineadh í úcaireacht i nDúrlas 's a Charraig Bhric,
Snáth a's cnapaí múthéar ó Lúndain go dtugas liom,
Táiliúir ceart ó Dhúbhglais chuir nuadh fhashion daor uirthe,
Bhí mo bheistín liath chómh cúmtha a's go shiúbhalóchadh sí am' dhiaidh a' tígh.



Béarfad liúm a bhaile í 's is maith liom fhéin a sochar d'fághail
Déanfad bríste 's wrapper di a mhairfidh chun go bhfaghaidh mé bás
Ní'l smut ná ribe d'fhanfaidh di, aon treana bhean do gheóbhaidh a' tsráid
Ná go bhfaighidh sí stial chun falainne dhí, sin seanachas ar bheistín Sheághain.


L. 138


MÁTHAIR MO CHÉILE.



Gléas D. — Allegretto scherzando.



Deir máthair mo chéile nuair fhéachan sí 'm dheóidh,
"Is mithid duit stríocadh 'gus claoidhchaint lem ghnó,"
'Seadh deirimse léise deabhas éifeacht n-a glór,
Á aoracht slighe'n Éirinn do b'í leanfad go deo.



Ní mór ná go mbfhearr liom-sa buachailín óg,
Do ghrafadh do réabfadh 's do dhéanfadh mo ghnó,
Do raghadh go dtí 'n t-aonach le tréadta breágh bó,
Ar chapal go gléasta ná réice dhot shórt.



Nuair a théidhim-se go dtí'n t-aonach ní dhéanfad aon stró,
Nuair 's gairid go ndéar siad liom "téan-am ag ól"
Ar fhallaíbh breágh' aoltha 's mé 'g aor-uídheacht 's a' spórt,
Agus siúd mar ba mhéinn liom do spré chur i dtreo.



S' is dúbhach dealbh deorach bheir féin a mhic ó,
'S is fad ód bhuidhin tsaoghal thú 's gan aoinne 'cu 't threo
Sin é nuair a géillfir do bfhearr leogaint d'ól,
Mo chómhairle 'nois déinse a's gheóbhair céad giní óir.



Dá bhfaghainn-se an méid sin i n-aonfheacht am dhóid,
Do ghrafainn, do réabfainn 's do dhéanfainn do ghnó,
Do dhéanfainn do réir nú b'féidir níos mó
'S ní ólfainn ao' bhraon go dtéidhinn síos fé'n bhfód.


L. 139


Nuair a fuaras an méid sin i n-aonfheacht am dhóid,
Ní sháiseoch' a' saoghal me gan braon eile d'ól
'S a' bhean úd gan cheill a bhíon a' pléidh liom 's a' gleo
B'é 'n brandy seo ghlaodhaim-se do sgaipean mo bhrón.



Tá cailín n-a comhnuide tímpal is dá mhíle amach ó Maghchromtha i
n-aice bhóthair Bhaile Mhúirne. Máire Ní Ailgheasa is ainm di, D'airig-
eas í ag tabhairt an cheóil seo uaithi. Thug sí dhúinn an lá céadna "Raca
brcágh mo chinn" agus sé chínn eile d'amhránaibh breághtha. Ní dóigh liom go
bhfuil guth níos binne le fághail ins an dúthaigh sin ná mar atá aici ach
amhain ag bean Dhomhnail Uí Marnáin. Tugann Máire na h-amhráin go
hana-mhaith ar fad uaithi. Ní baoghal go gcaillfar an sean-nós an fhaid
is bheid cailíní mar í againn. Tá na h-amhrain agus an sean-nós ag á
hathair leis. 'Liam is ainm do.



AN CURAICHÍN COIS NA BRIGHDE.



Gléas A. — Con spirito.



Fonn: an Lon-dubh.



Is fada mé 'gábhail tímpal
A' siubhal cúigí dúithchí 's tíortha,
A bhfuil ó Chaiseal go Beanntraighe,
Agus de'n sgríb sin cois trágha,
Nó gur sheól an t-Óg-Mhac naomhtha,
Sa ród aréir chun tighe mé,
Thug bár ó áilne's saoithe, go crích eile Fáil.
Tá'n cuan a' snámh go h-aoibhinn,
'S an long tar sáile a' tigheacht chughainn
Árthaighe cúmhrtha líonta
D'fhíon gheal ón Spáinn;
Tá na báid 'na rás aníos ann,
Fá na lánneart i mbaraí taoide',
Teacht' dtí'n Curaichín cois na Bríghde
'Dtí'n ligheach geal gan cháim.


L. 140


Tá'n bánbhroc go lúthmhar díonmhar,
Is fosgadh ó gach síon ann,
Taithneamh gréine a' luighe air,
'S is 'mdha brainnse ann ag fás,
Fir a's spruce gan críonadh Fiubhar is laurel díreach,
Cárthann, cuileann groidhe,
'S an righin-dair go h-árd.
Fuinnseog, beith is beech ann,
'S an leamhán breágh gan aimhleas,
An uile shórt eile adhmaid,
Nách cuimhin liom ar trácht;
Tá ceileabhar éan ar chrainn ann,
An lon 's an smóilín bhinn ann,
'S a Churaichín cois na Bríghde,
Ag an ligheach geal gan cháim.


L. 41


'S é Pádraig grádhmhar lighe é,
Togha 'gus rogha na Díse
'S a chéile bhéasach chaoin-tais,
Nár chlaoidhte le rádh,
'S an t-óigfhear cródha groidhe mear,
De phréimhshliocht óige ón dtír seo,
Cruthamhail spórt neamh-thaidhbhseach,
'S gan teimheal ar a cháil.
Táid uaisle 's éig s' a' suidhe ann,
Cléir go sultmhar sítheach ann,
Ceólta spórt a's aoibhneas
bhíodh acu de ghnáth;
Tá bochta Dé 'gus daill
Ag fághail iostais lae 'gus oidhche,


L. 141


'S a Churaichín cois na Bríghde,
Ag an ligheach geal gan cháim.



AN RAIBH TÚ AG AN gCARRAÍG?



Gléas F. — Andantino.



An raibh tú 'g an gCarraig nó a bhfaca tú féin mo ghrádh?
Nú a bhfaca tú gile finne agus scéimh na mná?
Nú a bhfaca tú an t-ubhal ba chúmhrtha a's ba mhílse bláth?
Nú a bhfaca tú mo bhalantín
Nú a bhfuil sí dá claoi mar táim?



Do bhíos ag an gCarraig a's do chonnaic mé féin do ghrádh
Do chonnaic mé gile finne agus scéimh na mná?


L. 142


Do chonnaic mé an t-ubhal ba chúmhrtha a's ba mhílse bláth?
A's do chonnaic me do bhalantín
Agus ní'l sí dá claoi mar táir.



LÁ 'LE PÁDRUIG.



Gléas C. — Larghetto.



Lá 'le Pádruig 's mé'm shuidhe' dtighn tábhairne,
Bhí gasra sháir-fhear lem thaoibh ag ól,
Bí maidhre mánla'nn na gciabhfholt breághta,
A's a súil mar áirne 'gus a gruadhmar rós.
Bhí dís dritháir ann na suidhe'r chean cláir ann
Thug a searca 's grádh dhon chúilfhinn óig,
Fear a' súiste's ráinní a's máighstir sgoláirthí,
Do sgríbh a lán 'gus do léig neamh mheon.



Do labhair gach aoinne 'cu 'na oifig fhéinig,
Á mholadh féin leis a' gcúilfhinn óig,
Feuchaint ar bhféidir í mhealladh 'n ao' chor,
le ráidhte béil ná le bualadh bórd.
Do labhair a' spéir bhean go modh'ail tais maordha
Ni mholfainn féin a' té's áilne cló,
Ach a'té's gasta's léigheanta chun mo chrícha dhéanamh,
Is é ba mhéinn liomsa bual' am threó.


L. 143


A Mháire a laogh dhil ná pós é 'n ao' chor,
Nú beidh tú 't éigean ar feadh do shaoghail,
Gan mhúin' gan bhéasa 's gan mheas ag aoinn' ort,
Ach rán it ghéig a's tú 'rómhar 'sa díg.
Is mór a' léan liom do leanbhaí 'géar ghol,
gan snáthdhon éadach ach a súisín buidhe,
'g ól bláthaighe géire le prátaí athtéidhte,
' Sgan fághail i n-ao' chor ar ghreim don ím.



Is lúthmhar láidir do threabhfainn bánta,
A's mo gharraí prátaí go deas lem thaoibh,
Do dhéanfainn stáca go mear ar stáitse,
'S do chuirfinn a' lán dos na siolta cré.
Do dhíolfainn a lán díobh gcóir cíos a's cáine,
Chun riar ar chách a's ar bhochtaibh Dé,
A's is mór ná go mbfearr mé anois le h-áireamh,
Ná máighstir sgoláirthí a's a mhalaí léighinn.



"Sinn a mhúinean na sagairt clúmhail seo,
Na bráithre sgrúdughadh so théidhean 'sa bhFrainnc,
Lucht dlighthe mhúisgilt go doimhinn i gcúirtibh
A's gach doctúirí do ndéan a leigheas.
Mo ghun bíon púdar 's mo bhróig bíonn búcla.
'S is deas mo thriús a's mo charoline,
A's a' síor-ól bhrannda 'seadh bhím gan amhras
Nuair a bhíon a' bhrúid bhocht so 'g rómhar go doimhinn."


L. 144


"Gabhaim a' céachta a's treabhaim na réidh chnuic,
A's beathuighim féinig á ndúbhraís fós,
A's is páirt dom shaothar an chruithneacht chraorac
As an órna dhéinean dúinn brandy a's beóir;
Bíonn pheirc am béabhar a' siubhal an aonaig,
'S is breágh mar thaosgfainn-se punch ar bórd
Nuair a bhíon a' t-éigean so a' siubhal na hÉireann
A's a chleití géana 'ge mar phas 'n-a dhóid.



FATHA BHREÁGH AERACH A' CHEÓIL.



Gléas G. — Larghetto affettuoso.



Mo shlán thar lear chun mná 'gus fear 's gach áitreabh le chéile,
Ó fhágann sé'n gaorthadh go Bríd,
A's mo shlán chun na háite úd ná feicim féin i nao' chor,
'S mo shlán chun an méid úd sa chill.
Mo shlán chun na h-abhan gan cham gan cuise,
A's mo shlán chun na Bandan mar is mó leabhair bhreac inti, Mo
shlán chun an teampail úd Árd na Cuilce 'S mo
shlán chun gach stáid-bhruinneal óg.


L. 145


A Impire na páirte tabhair slán mise ón méid sin
Ó thárladh i gcéin seal sa bhall,
Bíon rásann gach lá 'rm a's mná liom go taodmhar gan
fáilte gan féile gan greann.
Rachad-sa dhon stáir seo go Clár geal na Mumhan,
Mar a labhraidís na mná liom a's gháiridís le fonn,
Cead síneadh síos lem cháirde gaoil go bráth ins an úir
Atá 'r fatha bhreágh aerach a' cheóil.



Is breágh th'n áit ná Phoebus nuair a théidhean sí chun siorthaidh
Bíon lonnradh na soillse 'n-a cló,
Mar shaothar na naomh ngeal do deineadh ins an oidhche
Gan stáitse gan bhíoma gan bhórd.
Gach naon dá dtigean chun ag curtha bíon a bpeacaí 's goire'n am,
Agus daill go bhficid fríd a phiocadh tréis a dturis ann,
Lucht maidí croise brúighte briste's róbhreágh a ruithid stang
Ar fatha bhreágh aerach a' cheóil.



Tá an pluma dubh 's a' táirne go hárd ar na craobhacha
'gus ubhal ar bhárr géaga na gcrann,
An chuaichín ba shuairc bhinn a' labhairt ins a' Ghaortha
Is fuaim 'ce go haerach sa bhall.
An fiolar 'gus an seabhac ar bhárr gach bile,
An druide 'gus a' creabhar ar a' gcrann thall na gcoinnibh,
An smólach bhinn a' labhairt ann gach am le na binneas
Ar fatha bhreágh aerach a' cheóil.


L. 146


Tá na gadhair ann chun fiaidh 'gus an fiadh rúmpa 'r saothar
'Gus marcaig n-a dhiaidh siúd ar seól
Trí chnocaibh trí choilltibh a's trí ghleanntaibh gan faoiseamh
Chun go síntea é ar thaobh leacain mhóir.
Bíon rás ann a's aoibhneas rinnce 'gus spórt.
Agus imiríd poc báire go sásta 'r a' gcóir
'S mó bhruinneal mhodhail mhúinte 's ógánach óg
Ar fatha bhreágh aerach a' cheoil.



EIBHLIN A RIÚIN.



Gléas G. — Moderato con tenerezzo.



Le grádh dhuit ní'l radharc am cheann Eibhlín a riúin,
Is trácht ort is saidhbhreas liúm Eibhlín a riún
Ó mo mhórdháil ró ghreidhnmhar tú, sólás na soillse 's tú,
Ó mo lile thú mo mheidhir is tú mo bhruinneal tú go deimhin
A's mo chlúr da bhfuil sa choill seo 's tú
A's am chroidhe stig ní'l leigheas gan tú Eibhlín a riúin.


L. 147


Le cúirtéis na tlúig bhéith is tú Eibhlín a riúin,
Dubhart bréag nú's liom fhéinig tú Eibhlín a riúin
Mar is breághtha ná'n Bhénus tú 'sis áilne ná'n réilthean tú,
Ó mo Hélen thú gan bhéim ís tú mo rós, mo lil, mo chraobh
Mo stór dá bhfuil sa tsaoghal so's tú
Agus rún mo chroidhe agus mo chléibh is tú Eibhlín a riúin.



Seo thuas an fonn deas so díreach mar a seintear i gCo.
Chorcaighe é. Deintear atharúghadh tómhais fé dhó.



FÍAGUIDHE AN CHÚIL-BHÁIN.



Gléas G — Moderato.



Fáilthe 'gus céad roimh cheann coradh na féinne
Do rug buadh-chosgairt lae leis san namhaíd eil' ar lár
Fí tharamain Dé de leanbh a' tséin
A's don ghasra nár thréig riamh a gcuman 's a bpáirt.
Fáilthe gan traochadh roimh uaisle fear Éireann
Cé gur fada dhóibh in éamais ag deóraidheacht ar fán
Fáilthe gan bhéim roimh choradh na laochradh
Rug bár a's gach céim leis ar machaire'n áir,


L. 148


Fuair mo chroidhe faeseamh ón Liún dubh so thraoch mé,
Nuair a chuala na sgéaltha so teacht as gach áird;
Mo ghaisgídheach mear éadtrom le neart lúth a's laochais
Do ghlacadh go réidh-ghlan in Albain áig.
Táid uil' ar saothar neamh-mheón a's gach laoch acu
Ag Ruagairt na claon-chluinne riamh chuir é'r fán,
Ní díon dóibh siúd sléibhte dlúth-choillthe nú caoltha's,
Nách breágh suaitear smérlig le Fiaguidhe'n Chúil-Bháin.



Tá chúig Cúig i nÉirinn i mbarúntacht tSéarlais
Agus tuilte de bhéaraibh le sealad go sámh,
Flathúghadh na saor-fhlaith á gcartadh thar tréanmhuir,
Sis dúbhach bheidh an méid seo mhaireas na ndiáidh.
Nách dearbh tá'n sgéal gan cheil(i)t orm bréag
Go dtug an fíraon leis ceanas 'n-a láimh,
Beidh sonas a's séan 'na sruthaibh a' téacht
A's a' bhuidhin seo 'thá tréith beidh i ngradam go h-árd.



Tá sgiath lúireach na naomh ar choimirc mo chléibh,
Ó thosach mo shaogail go dtugas riamh grádh;
go mbeidh píobaire'n éin-phuirt ag cantainn a bhréithre
Dá ghuidhe chun Mic Dé é thabhairt chughainn slán.
Á dtabharfadh an réilthean go mbuadhfadh mo laoghse le
cómhacht-aibh an Éin Mhic go n-iompóghadh a' máth
Bheadh gleo claidheamh a's éirleach ar chóip na gcúl-gcraosadh
á ruagairt a hÉirinn le Fiaguidhe'n Chúil-Bháin.


L. 149


'S é mo chruadhtan nách féidir liom gluaiseacht am' thréan-ruith,
Agus uaisle na h-Éireann bheadh againn go sámh,
'Trial ar na laoch mir do ghearadh lucht Béarla
A's Sasanaigh mhéithe 'thá 'n gradam go h-árd,
Níl árd-rígh dhá thréine ná fágfadh a chéile
Le h-áthas mo sgéal-sa ar threasgairt na námhad
Sin cúntas gan bhréag go lúthmhar mear éadtrom
Ar gcúis atá i ndaor-bhruid ag Fiaguidhe 'n Chúil-Bháin.



TÓRRAMH AN BHARAILLE.



Gléas D. — Allegro marcato.



Sgéolfad teasdas ar shlóightibh Bhaile Mhacóda mhaiseamhail mhúinte


L. 150


Treóin do chleachdas gach ló gan lagadh ortha ól gan cheasnadh gan chúinse,
Leomhanta lannamhar ceólmhar grean(a)mhar comhachtach cal(a)ma cunghantach
S is mór an t-aiteas go deó bheith eatortha'r thórramh an bhairille dhiúgadh.



Stór ní taisgigh-thear leó go dearbhtha; i n-ór ná i nearradh ní chumhduighid,
Ach mór-chuid beath' uisge 's beóir i n-aisge ganspeóis dá sgaipeadh 'r an ndúthaigh;
An d'reóil má thagann gan lón 'na spaga do gheóbhaidh an casga gan cúntas le
h-ól gan bacadh go bórd na maidne ar thórramh an bhairille dhiúgadh.



Fó na dtear(a)mainn deónach tarruingid fóirne dalla gan súile,
S is leór do bhacaigh gan treóir go tapaidh 'na dhóid gan bata go siúbhalaid;
Ní'l stróinse deal(a)bh ón gCóbh go Caiseal ná fós i bhfearantas Dhubhagáin
Nách seóltar sealad 'na gcómhair i dtigh tábhairne'r thórramh an bhairille dhiúgadh.



Pádruig Piarais Cúndún.


L. 151


AN DRAIGHNEÁN DONN.



Gléas D. Andante.



Síleann céad fear gur leó féin me nuair ólaim lionn,
Ní airighim iad nuair a smaoinim ar a chómhrádh liom
Cúm is míne ná an síoda 'tá ar Sliabh na mban bhfionn
'S tá mo ghrádhsa mar bláth na n-áirne ar an draighneán donn.



A's a Dhé dhil cad a dhéanfainn má imthighean tú uaim,
Cá bhfuighidh eólas chun do thighse má thighim ar cuaird?
Sneachta síolmhar a bheith dá shíor-chur agus mé faoi ghruaim,
Mná na hÉireann a' déanadh géim díom a's mo ghrádh i bhfad uaim.



Má's ag imtheacht taoi, beir mo bheannacht leat a's go dtighidh tú slán
Mar is baileach do shladais an croidhe as mo lár,
Ní'l coite agam a leanadh tú, long ná bád
Sin í 'n fharige 'n a tuiltibh eadrainn a's ní heól dam snámh.



Fonn Conachtach é seo.


L. 152


RÉIDH CHNOC MNÁ DHUÍBHE.



Gléas D. — Moderato.



Is fada dhom ar buaidhreamh a' cur tuairisg mo ghrádh
Trí ghleanntaibh dubha uaigneach' am ruagairt chun fáin
A samhail ní bhfuaras cé gur chuarduigheas a lán,
O gheataíbh na tuaithe go bruach geal na trágha.



A's do casadh mo ghrádh 'rm is ba náir' liom gan suidhe,
Do leogas mo lámh ar a brághaid is ar a croidhe;
Is é dubhairt sí "'nois fág mé ní h-ádhbhar duit sínn,
Is bean dúbhach ar fán mé do thárla it líon.



Tá cailín donn deas ar a' mbaile go mbím;
Is gil' í na sneachta's ná eala ar línn
Dá mbeadh an oidhche a' cur sneachta níor bhfada liom í
Bheith ag éalódh thar caise le cara mo chroidhe.



Dá gcastí do ruaig mé'r chnoc uasal Mná Dhuibhe,
Mar a mbíon an cailín ciúin stuamtha go módhmharach 'n-a suidhe,
Ba chas cíortha buacach a cuacha léi síos,
Ar gach taobh dá guailnibh á luascadh le gaoith.



Is nách aoibhinn dos na h-éinínibh d'eirighean go h-árd,
'S bhíon a' ceileabhar le n-a chéile ar aon chraoibhín amháin,
Ní mar sin dom féin is dom chéad mhíle grádh,
Mar is fad' ó n-a chéil' orrainn d'eirighean gach lá.


L. 153


Is báine í ná'n Lile, is deise í ná'n sgéimh,
Is binne í ná'n bheidhlín, 's is soillsighe í ná'n ghréin,
Is fearr ná san uile a h-uaisleacht 'sa méinn,
'S a Dhia 'tá is na flaithis fuasgail dam féin.



Bean Dhomhnail Uí Mharnáin do thug dúinn an ceól so. Do thráchtas
teana uirri agus ar a fear. Ní'l dís amhránuidhthe níos fearr ná iad. Is
deas an fonn é seo agus sílim nár cuireadh i gcló cheana é díreach mar
a tá sé sgríobhtha thuas.



"TOM TOOZICK, THE GINTLEMAN."



Gléas G. — Allegro.



Éistíg go n-ínsead díbh sgéal
A's geallaim nách bréag a chanaim díbh
Gur i tigh'n tabhairne chaitheas mo spré
'S mara mheasaim dá thaobh na sgilling é,
Creididh mo sgéal fí dhó,
Gur minic a bhí cróinn i mbillor(u)m,
gur i tigh'n tabhairne chaitheas mo stór,
Agus cailíní óga am chuileachtain.


L. 154


Nuair a thigim-se abhail' ó thigh 'n óil,
Bíon mo bhean romham go sparainneach,
'Sé deir sí "mar a stadfair don ól,
An tumbiléar lán go dtachtaidh thu,
A's "A bhean athá cruinnighthe i gcéill,
Cruinnig-se féin a' t-airigead,
A's dá mbeidhfá'r do chúl ins a' chré,
Ní chuirfinnse raol let anam de.



Bhí mo dhúil-se ins a' lionn.
Do déintí cúram go minic díom "Come
fill us some toddy go humhal,
For here is Tom Toozick the gintleman,"
'S nuair airigheas-sa mh'ainm a glaodhach
'S an title go léir á thabhairt dom,
d'fhanas ansúd ar mo phréaic
Chun gur dhiúgas-sa saothar na seachtmhaine.



Thuiteas lag marbh gan chéill,
Níor fhan sgilling ná raol i dtaisge 'gam,
Ach grathain a's glamar a' tsléibhe
A's a' land-lady féin a's í magadh fúm.
Bhí réasún aicise leis síud,
Mar cheap sí gur crúidhte bhí'n spaga 'gam,
A's á dtigeadh fear sgillinn' am dhéidh
Ní deasga do thabharfadh sí'n bairile.


L. 155


Curfá



'S a dhuine, bí ciúin go fóil,
A's éist le glór a' tseanachais;
Leog do na mnáibh 'gus don ól
Agus diúlthaidh go deo dhos na beartaibh sin.



AN CIARAIGHEACH MALLUIGHTHE.



Gléas F. — Andante. Fonn: "Stáca an mhargaidh."



Má leanaim go dian tú siar chun Cairibreach
Caillfad mo chiall mara dtrialfair 'bhaile liom
Óró bead a' sile na ndeór.
Ná tar am' dheoidh gan mór-chuid airigid
Stampaí Ríogh Shacsan go cruinn i dtaisge 'gat
Óró i gcóir costais a' róidh.
Ní bheidh cluig ar ár ndóirnibh ó rómhar na ngaraithe,
Ná ó chruachadh na móna ná'n foghmhar a' leathadh 'rainn,
Beidh rínce fada 'guinn má sé is fearra leat
Ór a's airigead ól a's beathuisge
Óró fad a mhairfimíd beó.


L. 156


Do shiúbhloghainn an saoghal go léir's an Bhreathnaisg leat
'S níor bh'fhearr liom bheith 'nÉirinn ag éisteacht Aifirinn
Óró ná i Sasana Nódh.
Ach ná creidim ód bhéal dhá dtréan a n-abarann
Mar is fear magaidh thú a bhíon a' mealladh ban
Óró led racaireacht spóirt.
A chuman mo chléibh a's a réilthion mhascalach
Ní 'neósainn bréag óm béal ar chapall duit,
Ar eagla an pheacaidh 's go mbeimís damanta
Grádh tá ceangailthe 'm lár ná scarfinn leat
Óró go dté'ad síos fé'n bhfód.



Ní leogfad fé'n bhfód go deo mo scafaire
Ó fuaras fios aigne mar is é do bfhearra liom
Óró líon cupán de'n bheoir.
Glaodhaig ar na cáirdibh go dtrágham an baraile
'S déanfam rí-rá go mbeidh trácht sa chathair air
Óró fad a mhairfe a bhfuil beó.
Seo mo dhá láimh duit go bás na scarfad leat
Ach ceangailt go bráth leat gan spás fad mhairfimíd,
'San suidhte ár margadh 's ní dhéanfaidh do mhalairt-se
Suídhe ná seasamh liom na luighe bhfaradh dhom
Óró a's a bhfuil agam do gheobhair.


L. 157


Do shiubhluigheas léi trí sléibhte Callainne
Ag déanamh ranna dhi a's bréag dá cheapadh dhí
Óró sar a dtuitfeadh sí i mbrón
Chun gur bhailigheas go géar gach réal bhí i dtaisce 'ci
Gan phlé gan achrann síos am phaba chugham
Óró i gcóir costais an róid
Do shocarugheas féin mo bhéabhar hata orm
Mo mhaide droighin éille a's faobhar na bhfarma
'S is tréan 's is calma do léimfinn cladhthacha
'Siar chun Ceanna Tuirc d'fhonn bheith scartha léi
Óró a's í ar sodar am dheoidh.



Nuair a bhraith an fhaoilean an oidhche tagaithe
'S ná fuair sí istig ná amuigh 'sa gharraidhe me
Óró do chas ologón.
Do phreab sí na suidhe ag caoine a cod' airgid
Dá rádh gur mheallas-sa a croidhe lem chleasanaibh
Óró fad a mhairfeadh sí beo.
Éirighidh, a cháirde! ní fuláir ná go leanfam é
Cuardógham na bánta a's árd na ngarraithe
Don Chiaraigheach Mhalluighthe do mheall mo chuid airgid
Le n-a bhréithre bladair uaim, ag diúgadh an chnagaire
Óró 's ní fheadar cá ngeobhad!



Cormac ÓCadhlaigh do sheól an t-amhrán so chughainn.


L. 158


SEÁN O DUIBHIR.



Gléas F. — Adagio Mestoso.



Ar m'éirighe dhom ar maidin
Grian an tsamhraidh a' taithneamh
Chuala'n uail dá casadh
'Gus ceól binn na n-éan;
Bruic a's míoltha gearra
Creabhair na ngoba fada
Fuaim ag an macalla
'Gus lámhach gunaí tréan.
An sionnach ruadh ar a' gcarraig
Míle liú ag marcaig
A's bean go dúbhach san mbealach
Ag áireamh a cuid géan,
Anois ta'n choill dá gearradh
Trialfimíd thar caladh,
A's a Sheáin Uí Dhuibhir a' Ghleanna
Tá'n tú gan géim.


L. 159


Is é sin m'uaigeneas fada
Sgáth mo chluas dá ghearradh,
An ghaoth adtuaidh am leathadh
'Gus bás ins an spéir;
mo ghadhrín suairc dá cheangal
Gan chead lúith ná aisdigheacht
Do bhainfeadh gruaim den leanbh
I meádhon ghil an lae.
Croidhe na n-uaisle ar a' gcarraig
Go céathfrach búacach beannach
Do thiocfadh suas ar aition
Go lá dheire'n tsaoghail;
A's dá bhfaghainn-se suaimhneas tamal
Ó dhaoinibh uaisle'n bhaile
Do thrialfinn féin ar Ghaillimh,
A's d'fhágfinn an scléip.



Táid fearain gleanna'n tsrutha
Gan cheann na teann ar luchtaibh.
I sráid na gcuach ní hóltar
A sláinte ná a saoghal;
Mo loma luain gan fosgadh
Ó Chluain go Stuaic na gcolam,
'S an giorfhiadh ar bhruach an rosa
Ar fán le n-a rae.
Creud í an ruaig seo ar Ghallaibh
Bualadh, buanadh's cártadh?
An smóilín binn 's an londubh
Gan sár-ghuth ar ghéag;
'S gur muar an tuar chun cogaidh
Cléir go buartha 's pobuil
Dá seóladh i gcuantaibh loma
Ó lár ghleanna 'n tsléibh'.



Fear ón dtaobh thiar de Cho Chorcaighe do thug uaidh an ceól so. Mac
léighinn dob eadh é a tháinig go Coláiste na Mumhan an samhradh imthig
tharainn (1912). Do scrí' Áine Ní Raghallaigh an ceól agus do sheól sí
chugham é. Ní misde a rádh ná gur breágh an fonn é.


L. 161


BABORÓ.



Gléas C. Go haerach.



Ba mheidhreach séimh céad rún mo chléibh inéinfheacht liom-sa tráth
Baboró 'gus óró 'mhíle grádh.
Ba réidh a chéim ag síubhal na sléibht' aniar ó'n ngarrdha bhán,
Baboró 'gus óró 'mhíle grádh.
Baboró 'gus óró 'mhíle grádh;
Do ghaibh mo bhuachail córach uaim thar sáil.


L. 162


Ach bhéarfaidh Dia na ngrásta é dom chroidhe ar ais go slán.
Baboró 'gus óró 'mhíle grádh.



An bhfaca tú mo bhuachail dubh a's é ag romhar na mbán?
Baboró 'gus óró 'mhíle grádh.
Níor lonnruigh grian ar mhac na bhfian ba ghile snódh a's bláth,
Baboró 'gus óró 'mhíle grádh.
Baboró 'gus óró 'mhíle grádh.
Ba chumhraighe é ná plúr sa bhféar ag fás,
Ach chuaidh sé ag trial an fhairige siar, a's d'fhág mo chroidhe go tláth
Baboró 'gus óró 'mhíle grádh.



Síoda, sról, a's na mílte seód do bhronnfainn ar mo ghrádh
Baboró 'gus óró 'mhíle grádh.
Dá mbeadh sé i dtreó gan mhoill am chomhair a's gan sgaradh liom
go bráth,
Baboró 'gus óró 'mhíle grádh.
Baboró 'gus óró 'mhíle grádh.
Ó! tair a mhúirnín mhúirnigh chugham thár sáil!
Beidh siamsa a's ceól a's fíon ad chomhair, a mhíle stór sa pháirc,
Baboró 'gus óró mhíle grádh.


L. 163


ARAOIR IS ME GO HUAIGNEACH.



Gléas G. — Moderato.



Araoir is mé go huaigneach, am luighe'r mo leabaidh shuain dom,
A' smuíneamh ar gach cruadhchás go mór do bhí'm chóir;
Lem thaoibh gur tháinig suas chúgham an rí-bhean áluinn uasal,
gur bhinne liúm a duanta nár chuala riamh de cheol.
'Sí coisín deas i mbróig í a cúimín cúmhtha córach,
'Sa píb ba ghile's dóigh liom ná eala'r linn a' snámh,
A guth chómh binn le smólaig 'sa leaca mar na rósaí,
'S a cúilín crathach ómrach a' tuitim leí go sáil.



D'fhiosaruigheas don rí ogh-bhean cá háit ab as gur díobh í,
Cá baile puirt go mbíodh sí, nú'r bhean í thuit i mbrón?
Mar is go dtáinigh sí um thímpal chómh déanach ins an oidhche
Gan aoinne beo dá coínleacht ach í síor shileadh deór.
An tú Pallas nu'n tú Bhénus, nú'n té bhi'g Vulcan béal-dubh
An tú Aríadné nú Dído gan cheo
An tú Júno nú'n tú Hélen thug barr a's gean ó'n nGréig léi,
Fios t'ainim-se is méin liúm nú cá bhfuil do ghnó.


L. 164


Mh'ainim-se má's méin leat i dteangain mhilis Gaedhilge,
Gur bean thar lear i gcéin mé gan aon stoc ná stór
'S go bhfuil mo bhuidhean tar mh'éis ag clanna Gall faoi dhaor-smacht,
Ag coistí cruadha dá ndaoradh 's gan aoinne 'theacht 'na bhfóir.
Beid siad súd ar thaobh cnuic 'sa ndrum acu dá phléasgadh,
Ag cur na bhfear le chéile 's an namhaid ós a gcómhair,
Beidh Cornail Wallace tréith-lag gan beann ná binn ag aoinn' air,
A's bodaig fhíll dá dtraochadh is dá léir chur fé'n bhfód.



Tá fórsaí mór' ó Lúnduin teacht go Fódla déanamh conncais,
Ach d'réir mar deir na húghdair ní eireoghaidh san leo
Mar tá gasra d'fhearaibh múinte ó'n bh'Frainnc 'sa tseilbh rúmpa,
Atá mear láidir lúthmhar, 's nách cúthail iad i ngleo.
Tá faobhar a gcloidheamh le lonnradh, is soillse'r lasadh fútha
'S gach naon gur mhaith leo chuch' iad a' súgradh 's a' spórt,
Beidh dúic of York 'sa thrúpaí go tréith-lag tuirseach túirseach
A's Betty Ní Dhúbh da dhá dúbailt 'san ngleo.



Ní'l amhrán le fághail 'sa leabhrín seo ach amhrán do chuala ag na
daoinibh ar an dtaobh shiar de Maghchromtha. Ní deirim an méid sin 'dtaobh
an Squire geal Freeman. Réidhtigheas féin an t-amhrán sin. An t-amhrán
so thuas is é Diarmuid Ua Liatháin, fear óg atá 'n-a chomhnuidhe i mBéal
átha 'n Ghaorthaidh, do thug dúinn é.


L. 165


CAILÍN DEAS RUADH.



Gléas C. — Allegro ma non troppo. Ben marcato.



I n-aisling dom féin aréir 's mé'm leabaidh trí'm shuan;
Go rabhas 'dul 'om pósadh lem' stór chroidhe go híntinneach suairc,
Bhí rinnce 'gus céol go leór dá spreagadh lem chluais,
Agus céad giní óir am chóir lem' chailín deas ruadh.



'Sé Tiobraid Áran d'fhágas ar maidin Dé Luain;
Níor stadas de'n stáir sin go dtáinigheas do'n Daingean ar cuaird,
Cé gheobhainn os cionn clár ach mo mbfhearr leo mé marbh 'san sguaib
A's ar iompódh an mhádh bhí'n cíonádh 'ge'n gcailín deas ruadh.



Siúd ort a Sheáin ní fhágfam an baile go Luan,
'S go bhfuil mo chroidhe cráidhte gan fághail 'gam ar toddy ná 'luach,
'S gur b'é deir na mná liom go mbfhearr leo mé marbh 'san uaig,
Mara dtréigfainn an clár an cárt 's an cailín deas ruadh.



Ní thréigfad an clár, an cárt ná'n cnagaire cruaidh,
Ní thréigfead ná Máire'n bhean mhánla, 'sí ainnis na gcuach.
Ar aonach a' Mhárta thugas grádh agus taithneamh dá gruadh,
A's a riúin cheart mo chléibh ná tréig mé mar gheall ar na buaibh.


L. 166


Léan ar na buaibh, is buadhartha a d'fhágaid siad mná
Bíon braon ar a ngruadh ó Luan go dtí maidin Dé Máirt,
A liacht cailín ciúin stuamdha nár dhual dóibh imtheacht chun fáin,
Agus leibidí luaithe ag fághail buacais a's gradaim 'na n-áit.



Do chonac-sa i ndé í i n-éadach siopa i bhfad uaim;
Ba bhreágha í ná Bhénus an spéir-bhean, 'sí ainnir na gcuach.
Ní'l aon gheallamhaint sa tsaoghal o'n spéir go dtí 'n talamh anuas.
Nár thug sí dham féin agus tar éis sin d'imthigh sí uaim.



Ní'l aon tslat ins a' choill ná fuil snaidhm 'na bun nú 'na barr;
Ní'l aon bhreac ins a' linn ná héirigheann ar barr uisge ag snámh;
Ní'l aon tragart sa ríoghacht ná héirigheann chun Aifrinn a rádh,
Ach ó imthigh sí uaim, ní mór go mothuighim an lá.


L. 167


AR MO THRÁCHT DOM O BHÉARA.



Gléas Ab. — Adagio assai.



Ar mo thrácht dam ó Bhéara is go léin locham shiúbhalthaibh
Thárla cúilfhion na gclaon-rosg or(u)m taobh leis a' dtráig,
D'fhiosaruigheas de'n spéir-bhruinneal mhaordha cá cúig di,
Cá dúthchas dá tréata nu'r thréason é rádh.
Do labhair a' bhé go cneasta liom go ciúin agus go caradach,
Ní'n aon bhall dot' aithine do chleachtas bheith go hóg,
Ach thios ar an Inse 'tá taoibh le dún Phádaraig
Mar a ngnáthuídís saoithe ag ól fíonta ar bórd.



Bhí a cúl casta craobhach go dréim (i)reach na Lúbaibh
Ó chiúsaibh a h-éadan go féar glas a' fás,
A caolmhal a cúmtha gan chúntar ba néata
Sháruig cúrsa dhon chaol-pheann le héifeacht is fearr.
A súilín claon níor sgamaladh ba dhlúth bhí a déid 's ba ghearra deas,
'S ba chúrsaí éacht le haithir is a cantain suilt on mbáb,
A píb fhad' ar ghnaoi 'n tsneachtaigh ar mhaoilinn na n-árd-chnoc
'Na tímpal go míntroig is fíor ná raibh cáim.


L. 168


Gach árd-cheist dá mbféidir le h-aonneacha smuíneamh
Do thabharfadh le h-éifeacht duit réidhteach gach cáis,
Na páirtach ní déarfinn nár bhféidir le húghdar
Cúntas aon sgéal díobh do léighe daoibh mar chách.
Ní fearr ná's léir di'n eacht(a)ra ar ár na Trae le h-aithir is,
Ba lánmhar laoch do treasgaradh le heasba 'gcirt san ár,
Gach sí umhal gur síneadh go fíor lag gan fághail ortha
Ar druím fath' na mílthe 's gan síol fear san áit.



A dealramh do réilthinn níor léir dam am shiúbhaltaibh
Ar aon chúntas i n-ao' chor gur bhféidir í fhághail,
Le breághthacht Na mbréithre 's le héifeacht na smuínte
Do thabharfadh sí i mbéarla nú i nGaedhilge gan cáim.
Le na bán-chrobh aoldha ceapan sise dealramh sgéimh gach altha chidhtear
Báirc a' teacht ar barra tonna i n-an fhaithe na námhad,


L. 169


le h-aoibhneas na gcoillthe d'fhúig faoíl chonairt traochta
laochra i mbruígheanta agus fíor lon ar feádh.



SEO LEÓ A THOIL.



Gléas Eb. — Adagio.



A Éigse'n aitis ó Chaiseal go Dóinn,
A's gach n-aon don aicme dár dhanaid mo shórt
Éistig feasta lem theagasg le meón
Agus feuch mar a casadh an aindeise'm threó,
Agus …



Curfá.



Seo leó 'thoil agus ná goil go fóil
Seo leó 'leinbh a chuman 'sa stór ataoi
'sileadh na súl a's do chom gan lón agus
Seo leó 'thoil agus ná goil aon deór.



Ar dtúis nuair chonac an fhinne bhean óg,
A súil ba ghlaise'r bhí luisne 'na snódh,
Níor dhiúltuig sí mise nuair dhruideas 'n-a comhair,
A's mo chumha nár thuigeas an tuirse bhí romham,
Agus …



A súil chun toir(e)misc cliste go leór
Cúilfhionn d'imirfeadh cluiche na bhfód,
'Sí d'fhúig mise fé iomarca bróin,
Ag luascadh leinbh a's é 'sileadh na ndeór,


L. 170


Cad déanfad feasta le dalta 'ed shórt
Gan bhraon am bhallaibh na beatha bog sóghmhail,
Éist, mo leanbh, a's gan dear(a)mad gheobhair
Tá gréithre maithe agam beartuighthe 'd chomhair,



Eóghan Ruadh.



Tá'n ceól so sgríobhtha díreach mar tá sé ag na daoinibh ar an dtaobh
shiar de Maghchromtha.



COIS LAOI NA SREABH.



Gléas E. — Andante affettuoso. Seán Ó Muláin do chan i mbl. 1800



Cois laoi na sreabh go huaigneach


L. 171


Araoir le hais an chuain dam,
Gan aoinn' ar bith dhom bhuaidhreamh
Ach fuaim ghuth na trágha;
Lem' thaoibh do dhearcas stuaire
'N-a suidhe go seasgair suas liom,
A píob mar eala ag gluaiseacht
Ar chuarchaise ag snámh.
Budh chíordubh crathach cuachach
A dlaoifholt dathach dualach
Síos le hais a gualann
Ar luasgadh go sáil;
A braoithe deasa fuaidhte
Go rinnruisc glasa bhuair mé
Mar dhrúcht ghil na mágha.



Bhí caoir tré sneachta ar uainibh
Ag coimhsgar seal 'n-a gruadhnaibh
Go líonmhar lasmhar luaimneach
'N-a suaircleacain bhláith;
A cíocha cruinne cruadha
Ar a caoimh-chneas cailce uasal
Do chlaoidh gan aiseag sluaighte
le muarghean d'á grádh.
A caoilchrobh cailce's suairce


L. 172


Do scriobhas ar bhrataibh uaisle
Cráinn a's ceathra a's muarthruip
Ag gluaiseacht chun lámhaigh,
An coíbhleach a's an chualacht
Ag faoilinn scaptha ar chuantaibh
Ag uaill-ghol cois trágha.


L. 173


An tíocht lem' ais do stuaire
Na gcraoibh-fholt gcasta gcuachach
Do shuidheas go seascair suaimh-
neach
Ar bhruachaibh an trágha;
Go n-innseadh sí go suairc dam
Cá tír, cá treabh, cá tuath dhi,
Nú'n í fá ndeara an bhuairt seo
Ar fuaid Inse Fáil.
Is caoin do labhair stuaire
An mhín-chnis chailce stuama —
Ní haoin de'n aicme luaidhis mé
Cé suairc leat a gcáil,
Ach ríoghan chneasta ghluais mé
Ó'n taoibh a ndeas le tuairisc
Go mbeidh sceimhle 'r ghalla-shluaigh-
tibh
'Gus ruagairt thar bárr.



Tá an flít a' teacht ó chuan Bhrest
Go líonmhar lannach luaimneach,
'S a gcraínn fá bhrataibh uaine
Go buadhach i n-a mbárr;
Tá a dtaoiseach Mars go huaibhreach
'S a chloidheamh 'n-a ghlaic ar luath-
chrith,
D'á mhaoidheamh gur gairid fuasgailt
'Nois d'uaislibh Inse Fáil
Innsim duit go mbuadhfar
Ar shíolrach Chailbhin uaibhrigh,
Ar dtíocht don aicme shluaghaigh
Ar cuaird chughainn ón Spáinn:
Beid Gaoidhil go seasgair suaimh-
neach
'N-a dtíorthaibh ceart gan uamhan,
'S an bhuidhean so tharaing tuar uilc
D'á ruagadh le fán.



CEO DRAOIDHEACHTA.



Gléas Eb. — Adagio con expressione.



Ceo draoi'chta sheól oidhche chun fáin me
Ar an míntseamair thárla chun suain


L. 174


Dom shíorchasadh i gcoillte gan áitreabh
Is go braoi Loch na Blárnan do chuadhas
Do shíneas cois crainn ghluis na mblátha
Is taoibh liom go dtáine go suairc
An rímhaiseach mhíonla ba bhreághtha
Dár shíolruig ó Ádam anuas.



Bíodhgann mo chroidhe'nnamh le háthus
Dá gnaoi ghreadas lánghean go buan
Dá braoithe dá rinnruisc dá gáire
Dá caoinleacain áluinn gan ghruaim
A dlaoifholt tiugh buidhechasta fáinneach
'S dá cíoch chruinne bhláthmhara chruadha
Cé'r b'fhíorfhad' an oidhche níor chás liom
Ag síor-amharc áilneacht a snuadh.



"'S a Bhrídeach na mínghlac ar fhásann
An tú Aoibheal ón mbánchraig a dtuaidh
An tú Clíodna nú Maoile nú Áine
Gan aimhreas fuair barr ar gach sluagh
Nú'n fhaoileann tug Naois leis tar sáile
An fhíonchrothach chráidhte rug buadh
nú'n cuibhe leat-sa innsint i dtráth dam
Cad é'n tír as a dtángais ar cuaird?"



Pádruig Ó hIarfhlatha (1744).


L. 175


Squire Geal Freeman



Gléas F. Go mear.



Fáilte, a Phréimh de bhláth na gcraobh i
dtráth go h-Éirinn aoibhinn;
Ó fáilte, a scéimh atá gan bhéim,
Mar ghnáth-ghnaoi déithe chitear;
Fáilte, a chleirigh, dáimhe a's éigse,
Fuair ó bhéithibh fíor ghean;
Failte's céad, le páirt uaim féin,
Do'n sáir-fhear Squire geal Freeman
Flaith gan ghruaim do b'fearra cáil
Fuair barr a's buaidh i measc gach dáil
I ngradam uasal sona sámh
'S i bhfás do chruadhuigh mo laoch mear.


L. 176


An t-am do baisteadh é 'n-a leanbh
Radadh gaisce cloidhimh dhó
Brónnadh maise, truagh a's taise,
A's cruadhas i n-aghaidh an naímhid dó;
Thug Bacchus fíon dó, is fleadh is scaoil é,
Go fial ameasc na saoithe
'S Neptiún éachtach thug dó caolbharc
Ar thonnaibh tréana taoide.
Do fuair ó Bhenus féin nios mo
Áilneacht tréithe méinn a's cló;
Dá bhreághthacht bé i n-Éirinn mhóir
Go ngrádhfadh é le díogras.



Is cásmhar sínn gan spás fé chíos,
Go cráidhte claoidhte ciúin bocht,
Gan dán, gan píb, gan trághadh na dighe,
Go ndeárnais tír go súgach;
Ó thárla 'rís thar sáile an saoi,
Ráib d'fhuil ghroidhe na n-úr-fhlaith,
Sin gártha's teinnte chnámh, a's fíonta
'Á dtál feadh mí 's an dúthagh.
An curadh le sealadh de shíor atá
Óg a's sean ag guidhe de ghnáth
Le cómhachtaibh éachtach' Dé 's a ghrádh
É chosnamh saor ón' aimhleas.


L. 177


Is dlúith i ngaol dó na rúirí is tréine,
Is fuiris léigheamh 'n-a ghnúis ghil,
Gur fáisceadh é as árd-fhuil laoch,
Ba ghnáth i réim i Lúndain;
Árd-fhuil Charey chrádhuigh na laochra,
Barraigh, Paoraig, Búrcaigh,
'S na táinte laoch do thriall ó'n nGréig
lé'r cuireadh an Trae fé chumhangais.
Righthe ceart de cheannas Laighean
Faoiteach, Crosby, Hazzard, Synawn,
Siúd iad sínsear sleachta is deimhin
An táin ó'r shíolruigh an laoch mear.



Piaras Mac Gearailt.



CÁIT NÍ DHUIBHIR.



Gléas F. —



Tráthnóinín beag déidhanach is mo thréad agam 'á chur ó'n síon,
I lúib na coille craobhaighe, 's nách aerach a bhí mo thrial;
Bhí an chuach 's an lon 's an chéirseach ar séirse 's gach nóta fíor,
'S i mbun 's i mbárr gach bhéarsa beidh Éire 'ge Cáit N Dhuibhir.



Tá liosacháinín féir ghlais agam féinig ag ceann mo thighe,
Agus bíon gach maidean ghréine an spéir-bhean ann 's í rómham 'na suidhe;
Tá leabhar aici dhe'n Ghaeluinn 's beagáinín den Bhéarla thríd,
'S i mbun 's i mbárr gach bhéarsa beidh Éire 'ge Cáit Ni Dhuibhir.



Tá míle dath 'n-a clóicín is a bróigín ar dath an fhraoigh,
A's gúna den fhaisean nódh uirthi de'n tsórd úd bhíon ar inghín an ríogh;
'Sé dúbhairt sí, "suidh síos, óigfhir, go fóil beag 's ní dhéanfam moill,
'S do raghainnse 'rís i n-óige dá mbeadh Fódla 'ge Cáit Ni Dhuibhir.


L. 178


Do shuidh sí ar bhínsín taobh liom 's mo ghéaga do thuit liom síos,
Do shíleas nárbh' aon bhean shaoghalta í 's gur baoghal dom í theacht am' líon
An tú Pallas nó an tú Hélen nó an chéad bhean dó dhóigh mo chroidhe,
Nó an bhean do mhill na céadta go raibh gaol aici le Cáit Ní Dhuibhir.



"Is bean ro-mhór i bpéin mé 's mo chéile do chuaidh thar tuínn,
Mo chlann go bhfuil i ndaor-bhruid go tréith-lag 's gan phreab 'n-a gcroidhe,
Ach eireóghaidh clanna Gaedhilge agus léimfidh go mear gach cloidheamh,
'S gur b'é túis a's deire mo sgéil-se go mbidh Éire fós ag Cáit Ní
Dhuibhir.



COIS LEASA'S MÉ GO H-UAIGNEACH.



Gléas C. — Adagio.



Cois leasa's mé go huaigineach,
Ar uair na maidne m'aonar,
le hais na Sionn' i mbruach chnuic,
Ba shnuadh-ghlaise sgáil,
'Seadh dhearcas ainnir uaibhreach
Ba shuanmhar, ba shéanmhar,
Go réaltanach maordha,
'Sí 'téarnamh am dháil.
Bhí a dlaoifholt daithte feactha fíor,
Go cíortha casta crathach síos,
Go slímeach snasda srath ach síor,
'Na slaodaibh léi go feór;
A réalt dhearca rae-ghlas,
'Na héadan gan chas, gan chrín,
A' léir-chaitheamh gaethe i gcléithibh na dtreón.


L. 179


Ba gheanamhail a h-éadan,
Gan éaluing ach óige,
'Sa mala ghearra chaol deas
Ba chéirshnuighte cóir,
'Na leacain leabhair aoldha
Ba thréanmhar an rós-bhruith,
'Sa beól tana beó-bhlasda,
Córach gan cháim.
Do líon me'r fad le rachtaibh cléibh,
Do bhíos um spreas am stad go faon,
Do luigheas mar eala'r chaise géar,
A' léir-dhearcadh a clódh;
Do shíleas gur sidhe-bhean,
Do shíolraidh tar lear a gcéin,
Nú'n chaoin-bhean as croidhe a' leasa
Bhí 'teacht am dháil.


L. 180


De bhrígh nár bhfeas gur léir dhom,
Cia'n ghaoth chúghainn do sheól í,
Fionnaim dí cé an treibh
Ó'r théarnaigh a pór,
Nú'r bhfíor gur b'ise'n spéir-bhean,
Chuir an Trae shoir fá cheó-bhruit,
Nú Déirdre tré's léanadh
Na tréin-fhir gan treóir.
Nú'n bhean do mhill clann Lir le draoi'cht,
Nú'n bhean do leónaig fianna fhinn,
Nú'n bhean ón mBéinn do dlíghigh ar Chonall
Tríal seal 'na deóidh;
An Cheárnait dob áilne,
Nú'n bhláthnait ba ghile gnaoi,
Nú'n ghrian-bhean a d'fhág
Inis Fháilbhe faoi bhrón?



SEÁGHAN LLÓID (1773).



AN CNUICÍN FRAOICH.



Gléas F, — Allegretto.



Dar go deimhin duit a Mháire do thugas searc thar mnáibh duit,


L. 181


A's bhéarfainn thú san áitreabh ba bhreághtha ins a' ríoghacht,
Do raghainn don Fhrainc nú'n Spáinn leat nú shiúbhló'inn Inis Mheádhon leat,
'S ní stadfainn-se de'n stáir sin go bárr loch' an ghrinn;
Do chaithfinn seal don lá leat i n-imiol coille fásaigh,
A' feitheamh leis na bádaibh go dtagadís i dtír,
A's ba dhóigh liom féin go mbfearr san ná bhéith a' rith le dásacht,
I gcoinne faille'n áirde ins a' Chnuicín Fraoich.



Maidean aoibhinn áluinn ag Barra Phrospect Hall dhom,
'S mé'g amharc ar Ghleann Áth is ar bhárr Loch' an Ghrinn,
Mar a mbíon an bradán feárna 's an breac geal na thánruith,
'S gach íasg eil' 'á áileacht le fághail ins a' líon;
Bíon ór buidhe ann, bíon plát' ann bíon ómar ann a's marmar,
An tubhal buidhe 's a't-áirne's an pluma le n-a thaoibh,
Nuair a théidhim-se go Cill Áirne bíon fíon a's punch ar chlár ann,
'S ba dhóigh liom féin go mbfhearr san ná'n Chnuicín Fraoich.



Is 'mdhó ím a's leamhneacht a's saíll mhuirt gan amhras,
Ar dhá thaobh na leamhna's ar cheanntar Chnuic Reímhir;
Bíon ínseacha cois abhann ann go mbíon na bruic ag damhas ann,
Coillthe go mbíon ramhar-mhuilt gach am ann a's laoigh;
Bíon aoibhneas a's greann ann 'dir gheimhreadh 'gus 'dir shamhradh,
Bíon fíon ann a's brannda dá dtigimís na línn,
Gur mó mhaoidhfinn féin an gleann san ar chaoin-bhruinneal cheann-sa,
Ná críon aitean franncach sa Chnuicín Fraoich.


L. 182


Bíon mil a's céir le fághail ann lil a's caor ar bhántaibh,
An eal' ar loch ag snámh ann 'san carabuncle binn,
Bíon guth na ngadhar ar árdaibh an crónphoc á tnáthadh ann,
Fuaim na mban le fáilte ann i ndoras gach aon tighe,
An bile ceart fé bhláth ann, an biolar glas a' fás ann,
An ainnis mhilis mhánla gur taithneamhach a gnaoi,
An tsidhe-bhean go huaibhreach, 'sí 'g smuíneamh ar a duanta,
'S ba dhóigh liom féin go mb'uaisle é ná'n Chnuicín Fraoich.



Finghín Ó Scanal.



BÁN-CHNUIC ÉIREANN Ó.



Gléas Ab. — Andante con anima.



Beir beannacht óm chroidhe go tír na hÉireann,


L. 183


Bán-chnuic Éireann Ó
Chun a maireann de shíolradh Ír a's Éibhir
Ar Bhán-chnuic Éireann Ó
An áit úd 'narb aoibhinn binn-ghuth éan
Mar shámhchruit chaoin a' caoineadh Gaedhal,
Mo chás a bheith míle míle i gcéin
Ó Bhán-chnuic Éireann Ó



Bíon barra bog slím ar chaoin-chnuic Éireann,
Bán-chnuic Éireann Ó
'S is fearra 'ná an tír seo díogha gach sléibhe
Bán-chnuic Éireann Ó
Is árd a coillte 's is díreach réidh,
'S an bláth mar aoil ar mhaoilinn géag,
Tá grádh am' chroidhe 's am' intinn féin
Do Bhán-chnuic Éireann Ó



Ní fhaicim a gcóraid a' góbhail san taobh so,
Bán-chnuic Éireann Ó
Ní fhaicim a mbólacht dá seóladh chun féir ann,
Bán-chnuic Éireann Ó
Ach Loingeas dá seóladh le fóir-neart gaoth
A's fairrigí móra go deó le n-a dtaobh,
Go bhfaictar mé fós am' chóige féin
Ar Bán-chnuic Éireann Ó


L. 184


Tá gasra líonmhar i dtír na hÉireann,
Bán-chnuic Éireann Ó
D'fhearachoin groidhe ná claoidhfeadh céadhta Ar
Bán-chnuic Éireann Ó
M'athtuirse chroidhe! mo chaoineadh ghéar Iad ag
Galla-phoic thíos fé ghreím mo léan 'S a
mbailte dá riomh fé chíos go daor
Bán-chnuic Éireann Ó



Níor cuireadh i gcló cheana an ceol so. Do chuala ag Nóra Ní
Loingsigh é. Deir daoine liom go bhfuil sé anadheas ar fad agus go
sáruighean sé, dar leo, gach a bhfuil bailighthe agam. Bíodh a rogha ag gach
duine againn. Níor cuireadh i gcló riamh an tríomhadh Bhéarsa. Riseárd Ó
Fóghludha do thug dam é.



COIS NA SIÚIRE.



Gléas G — Adagio. Fonn: "An clár bog déil.



Cois na Siúire maidean drúchta 's mé támhach lag faon,
Do dhearcas cúilfhionn mhaiseach mhúinte ghrádhmhar shéim,
'Na raibh lil' a' súgradh trí luisne lonnrach mar sgáil na gcaor,
Gan tim' i ngnúis ghil an leinbh ionnraic dob áilne sgéimh.



Is blasta búidhe beacht do bheannuigh dúinn-ne 's is páirteach saor;
Is tapa d'umhlas lem hata cúinneach am láimh go féar,
Ar amharc gnúise a's pearsa cúmtha na báib is léir
Gur chealg Cúipid le deartaibh tiugha mé tré lár mo chléibh.


L. 185


Is milis muínteardha d'fhiosruigheas-sa de ghrádh mo chléibh,
Ar bh'isi an aoilchneis trér tugadh líonruith a's ár na Trae,
Nú'n mhiochair mhíonla do chuir na mílte le fán an tsaoghail,
'S gach galla smeírle nár cheaduigh Íosa 'na stáit faoi réim.



Eoghan Ruadh



NA BEARTA CRUADHA.



Gléas F — Adagio.



Maidean fhuar fhliuc ag éirighe suas dam,
A' taisteal cuanta's caolta,
'Seadh dhearcas muar-chuid do mhacha buaibh ann,
a's ainnir stuamdha dá n-aodh'racht;
Bhí a folt a' gluaiseacht do dhruím a gualann
A' leathadh 'n-uas gach taobh léi
Go crathach, dualach, 'na leabhar chuachaibh
le labhairt na cuaiche ar ghéagaibh.


L. 186


A righ-bhean uasal na ndlaoithe mbuacach,
Nach moch do chuadhais ag aodharacht?
Nú cá bhfuil buachail na mbó so uait-se
go bhfuilir chómh luath so 'd aonar?"
"'Sé mo dhaid a dubhairt liom chomh moch so gluaiseacht,
Go raibh na ba 'san tuar a' géimrigh
'Sgur theastuigh buachail na mbó so 'buaint uaidh
Mar bhí'n bhroid ró-chruaidh go léir air."



A ghrádh 's a uanach, dá mb'áil leat gluaiseacht,
Ba shocair suairc an saoghal duit,
Do chuirfinn suas tú i gculaith mná uaisle
ins gach slígh d'á ndubhart 's ba mhéin leat;
Chuirfinn síodaí 'g luascadh ar dhruím do ghualann,
a's ór go bruach do mhéar ort,
A's gheóbhair, a uanach, gach nidh mar dhualgas,
Ach mo bhearta cruadha do réidhteach.



Eoghan Ruadh.


L. 187


AN CÓISRE.



Gléas C. — Allegro moderato.



Do ghluais an bathlach beag tósdalach,
'Gus poitín a' fhreasdail ar chórd' aige,
A d'iarraidh leanna chun cóisire,
Chun iad a chur ar na stárthaibh.
Ar atheacht a bhaile trí bóthar Tuirc,
A's poitín a fhreasdail ar chórd' aige,
Do thuit an canna ar a thóin ar a' lic,
'Gus siúd a chuid leanna chun fánaidh.



Do bhuail a bhasa go deórach dubh,
A's dúbhairt "táim creachda go deó leis sin,"
Nuair a bhí a channa gan tóin aige,
'S gan braon 'sa bhail' ach an bhláthach.
Do bhuail a bhasa go cráidhte'n san;
A's dubhairt "táim creachda go bráth leis sin,"
Ar chuaird i n-aisdir atáim anois,
Gan chlú gan ainim gan árthach.



Bhí fuaim an asail mar cheól acu,
'Gus dríodar praisce dá ól mar phuins,
Rí-rá'g bacaig le mórtais ann,
'S nach ortha bhí'n eirighe 'n-áirde.
Bhí Síle sh'lach mar chócaire,
A's feoil ghabhar ghleabaig dhá rost' ar bior,
go bhfaighfí bolaithe dreóighte uirthe,
Ó bheith 'n-a croiceann le ráithe.


L. 188


Do ghluais an gasra'r seól go moch,
A's ní raibh capall ná cóiste 'cu,
Ach fothar aga chun pós'ortha,
'Gus iad a' dul go Cill Áirne.
Do bhuail an sagart 'sa ród umpa,
'gus dóibh do bheannuig go córach glic,
Téighidh do'n bhaile 'gus tógaidh tig,
'Gus cuiridh bhúr gcapaill ar stábla,"



Curfá.



"Go deimhin, a athair, ní cóir duit sin,
'S ní dóch go nglacfam do chómhairle 'nois,
Téanam cois falla nú póirse linn,
'Gus bheirfimíd cnagaire lán duit."
Do ghlac sé fearg 's ba mhór a phluic
"Ní rachad cois falla ná póirse libh
Faighidh bhúr gcaile 's bhúr lóma fir
'Gus pósfad ar bolg na sráid' iad."



Curfá.


L. 189


LEATHER AWAY THE WATTLE O!



Gléas D. — Con spirito.



Aréir a's mé go déanach
Ar thaobh cnuic le hais an Chóibh,
Do shuidh mé seal ag éisteacht
le guth na n-éan a' cantain cheóil;
lem thaobh gur dhearcas spéir-bhean,
Ba shaodmhar, snuidhte snasta snódh;
A's a dlaoifholt crathach péarlach
Ar fad a' téacht go halt na deóidh.
Ba gheal a gné mar sneachta sléibh',
Ba dheas a sgéimh, a creat 'sa clódh,
'S is pras do spreag ar théadaíbh
'Leather a-way the Wattle Ó!



A braoithe cearta caola
Ar a héadan tais, gan snas, gan smól,
Ba righin a rosc mar bhraon glas,
Ag sileadh ó'n aer ar bhárr an fheóir;
Sneachta geal gan éalluing,
go géar i gcath le dath an róis,
'S níor bh'aith(i)nid do'n éigse
Cia 'cu staon na leacain óig.
Is cneasda caomh d'aithris sgéal,
Go mbeadh an Regs a' teacht i gc'róin le'r
bh'fhonn a bheith seal ag éisteacht le
'Leather a-way the Wattle Ó!



D'fhiosruigheas féin den spéir-bhean,
"An féidir gur tú'n bhruinneal óg,
Ar machaire na laoch mear,
A gcath na Trae le'r milleadh treóin,
Nú'n ainnis mhilis Déirdre,
Ó Éirinn rug clann Uisnig mhóir,
Nú'n bhean dá ngoirthear Céarnuit,
Ar chaise ghéar chuir muilion dóibh.
Melpomene Casandra shéimh
Muirinn Méidhbh, Nú'n ainnir óg,
'S gur binne liom do bhréithre 'Ná
"Leather a-way the Wattle Ó!


L. 190


D'fhreagair dam an spéir-bhean
I mbriathraibh binne, blasda, beoil,
I dteangain mhilis Ghaedhilge
Do chuir go caomh an ceart i gcóir;
"Cia file thú le h-éifeacht
A ngléire goil na mbruinneal óg,
Mh'ainm-se ní léir dhuit;
Ar feadh an méid do chanais fós,
Mise an mhaeghdan Inis Éilge,
Le fada i bpéin fá ghlasaibh bhróin!
A' thúth go gcloisfinn glaodhach ar
'Leather a-way the Wattle Ó!



"Cidh treasgaradh go faon lag
Na céadta d'fhuirinn Airt 's Eoghain
Do balbhuigheadh ár n-éigse
'S do cuireadh ár gcléir ar easba lóin;
Ar thaisdiol do'n fhlaith éachtach,
Go h-Éire tabharfaidh feasda c'róin,
A's rugfaidh puic an Bhéarla
Le ceathaibh pléar tar caladh fós.
'S go caoin dá spreagadh ar théadaibh
'Leather a-way the Wattle Ó!



Tomás Mac Coitir.


L. 191


BEAN DUBH A' GHLEANNA.



Gléas C. — Moderato.



Tá bó 'gam ar a' sliabh,
A's táim le seal 'na diaidh
Ó chailleas-sa mo chiall le nóchar,
Is dá sheóladh soir a's siar,
Ins an áit dá ngabhan a' ghrian,
Ó mhaidin go mbuidhean tráthnóna.
Nuair fhéachaim féin anúnn
i n-áit go mbíodh mo rún
Rithean óm shúil sruth deóra.
A Rí ghil na gcómhacht!
go bhfóirir ar mo chúis,
Gur b'í bean dubh a' ghleanna 'bhréodhaigh mé.



Bean dubh a' ghleanna
Bean dubh do b'fhearra!
Bean dubh ba dheise gáire;
A gruadh mar an eala,
'S a píob mar a' sneachta,
'S a cúm seang singil áluinn.
Ní'l ógánach cailce
Ó Bhail'áth-cliath go Gaillimh
Ná as siúd go Tuam Uí Mheára
Ná go bhfuil a' trial 's a' tarraing
Ar eachaibh donna deasa
A' tnúth leis an bhean dubh áluinn.



Do gheobhainn-se bean sa Mhumhain,
Triúr ban i Liúghean,
Bean Ó righ geal Seóirse,
Bean na lúba buidhe
Dó ghrádhach mé le n-a croidhe,
Bean 'gus dá mhíle bó léi;
Inghíon óg an Iarla
Atá go teinn dubhach diacrach
'D'iarraidh me fhághail le pósadh,
'S dá bhfaghainn-se féin mo rogha
De mhnáibh deas' an domhain,
'Sí bean dubh a' ghleanna b'fhearr liom.


L. 192


An té chífeadh mo theach,
'Sgan do dhíon air ach seasg
'N-a shuidhe 'muigh ó thaobh a' bhóthair
Nuair eirighean a' bheach
'Gus dheinean a nead le grian a's
le teas a' tsamhraidh!
Nuair aosuighean suas a' tslat
Ní fhanan uirthe aon mheas,
Ach a'tnúth leis a' mbrainnse 's óige
'S mo chailín plúrach, deas,
D'éaluig uaim le spreas,
Mo chúig céad slán go deó léi!



Domhnall Ua Marnáin a thug uaidh an céol so díreach mar a tá
sé scríobhtha anso agam. Comhnuighean Domhnall, mar a dúbhart cheana,
i bparóiste na Tóimeach i n-aice le Maghchromtha.


L. 193


TEACHT NA NGÉANA FIADHAINE.



Gléas D. Fonn: "Seán Buidhe."



Fanaidh go n-éistiom a ceathair ar chaogad,
A's geal laim go réidhfidh an tÁrd Rí
An ceangal-sa ar Ghaodhlaibh ag Danaraibh chlaonadh,
I bhfearannaibh Éibhear na lán-scriob.
Lasfaid na spéartha le hanfadh an éirlig,
Do dhearcfar ó Bhéara go Thráigh Lí,
'S go caladh-phort Éirne ag gasaradh Shéarluis;
A treasgairt an tréada sin Sheáin Bhuidhe!


L. 194


Casfaid na Éanlaith dá ngairmthear "Géana,"
An arm go gléasda gan spás puínn,
Ag cabhair le Séarlus — an caithmhile is tréine,
Dár sheasaimh ó d'eagadar cnámha Fhinn!
Creacfaid a's céasfaid, 's scaipfid na Bréan-toirc,
Leagfaid 's raobfaid a ngárdaí,
Leagfar na péisde, 'tá cealgach, craosach,
Gan faice, gan éadach, gan Seá Buidhe!



Le feartaibh an Aon-Mhic d'fuiling peanaid dar saoradh
Go dtagaidh mo bhriathra le grádh i gcrích;
Ár n-eaglais naomhtha — go gcasaid i n-éinfheacht,
A gcealla na saor-sgoladh sáir-bhínn!
Dá mairinn dá eis sin ach seachtmhuin de laethibh,
'S gan labhairt ar chlaon-dlighthe Sheáin Bhuidhe,
Le hatal ba aerach, mear, acfuineach, éadtrom,
Do ghlanfainn do léim tar an mbán laoi!


L. 195


DO CAITHEADH LIOM SAEGHAD.



Gléas A. Moderato.



Do caitheadh liom saeghad trím aisling aréir
Le taithneamh do réilthion mhánla,
Is geanamhail gné tá carthanach séimh
Módh'l leanbhach maordha mnámhail;
Rachmus ná spré ní ghlacfinn-se léi
Airigead, tréad, ná bán-stoc,
A's ar thairbhe an tsaoghail má ghlacann sí me
Ní scarfad go héag le Máire.



A chara mo chléibh dár radas sa géill
A's taithneamh tar bhéithibh Chláir-Luirc,
Is eagalach mé le crosaibh an tsaoghail
'S an teastas tá léighte 'g mná orm;
Gur mheallas go claon le bladaireacht béil
Gach ainnir dheas d'éist lem ráidhtibh,
Go seacanfair me, 's is dearbh má ghnéir
Gur gairid dom éag, a Mháire.


L. 196


Tá lasadh na gcaor a's sneachta 'n-a réim
'N-a leacain tré ghné na breághthacht,
Is cailce's is caomh gan bhladar a déid
'S a balsam ghob craorac lán-tais;
A haigine saor ar chealg a's ar chlaon.
'S a heascar de phréimh-stoc deágh-'thar.
Na bearta gan bhréigh, 's ní rachmus ná spré.
Do ghreannuigh liom féin tu, a Mháire.



Eoghan Ruadh.



'S Í AN BHLÁTH-BHRUINNEAL.



Gléas Eb. — Allegro.



'S í'n bhláth-bhruinneal bhláth mhilis bhéasach
Bhláth mhiochair bhéal tana mhódh'l,


L. 197


Le grádh geal dá bláth-chruth do chéas me
A's d'fhág me gan tréine gan treóir;
Tá a bláth-fholt go bláth-tiugh ar daol-dath
Is bláth shnoight' a haol-chrobh gan smól,
Is bláth thuigseach ráidhte na béithe,
'S is bláith 'n uile ghéag di go feór



A riúin dhil, is rún duit tar aon me,
Mo riúin-sa lem ré thu 's mo stór,
Do riún-sa mo riún-sa, go n-éagfad,
Mo riún tú 's mo chéile lem ló;
A riúin dhil na rún gceart ní léigfad
Mo riún, tuig, le haon bhean at dheóidh,
'S do riún-sa 's mo riún-sa má scéidhtear
gan ríun ceart ag aonne go deó



A stór ghil, mo stór-sa tar aon tú,
'S mo stór tú go n-éagfad dar ndóigh,
Is stór me, a stór ghil, gan tréada,
'S gur dóigh leó gur réic me gan fód;
Beidh stór ag am stórach, ní baoghal duit,
Beidh bólacht gan bhuidhchas, a's fós
A stór ghil, do stórach má thréigir
gan stórach ná ré 'gat am dheoidh



Curfá. piu allegro.



A chuman na gcuman ná tréig me,


L. 198


'S go bhfuilim i n-éaghmuis at dheóidh,
'S gur cuman do chuman ná tréigfad
A chuman go dtéidheadh fé'n bfód.



Aindrias Mac Craith.



(Tímpal 1750.)



D'airigheas an ceól ag Labhrás Ó Conchobhair fear aosda atá 'n-a
chomhnuidhe i dTobar Ríogh an Domhnaigh i gCorcaigh.



DO RINNEADH AISLING AERACH.



Gléas Eb. — Andantino.



Fonn: "An Buachail caol dubh." (Petrie)



Do rinneadh aisling aerach gan bhréig trím néal dam,
'S me faon lag sínte tráth ar neóin,


L. 199


Gur casadh i gcéin me a' déanamh smuínte
I ngleanntán aoibhinn gan aoin am chomhair;
Mar a raibh cantain na n-éan ar ghéaga crainn ghlais,
lachain a's éisc ag scéith ón dtaoid,
An eala go glé a' téacht ar tuinn ann,
'S an péarla i n-iochtar tráth as cómhair.



Do bhí beanna-phuic mhéithe le gréin don tír ann,
Paintir míolta bánta's leómhain,
Seannaigh ar saothar laochradh's rí choin.
'teacht fé choilltibh breághtha'r neóin;
Dob' aithnid do Phoebus an ghéag do b'aoirde
A's néamh 'n-a clí mar scáil an óir,
Beaca 'n-a n-aon a' scéith dom thímpal,
Gan bhréig dob aoibhinn gáir a's geóin.



Ag machtnamh dom féin ar thréithe'n tsaoigail
Fén spéir do b'aoibhinn lá as a gcómhair,
Seadh dhearcas bé bheag mhaordha mhínchnis,
Nár b'aosta gnaoi a's dob áluinn snódh;
'N-a raibh lasadh na gcaor 'n-a scéimh tré lítis
'S ba chaol a braoithe breághtha i gclódh,
A carn-fholt néamhach léi go bíseach
Mar shéadaibh flís a' fás go feór.


L. 200


Dob eaglach mé-si am aonar roimpe,
Ar theacht na hoidhche tráth ar neóin,
A's falaing den aer bhog bhaoth 'na tímpal,
A's éadach uimpe i ndeállraibh sróil;
Gan pearsa dhen daonacht léi dá coimhtheacht
Ach siollaire caoch is é do mhill me,
Dob aibidh a bréithre tré n-a soigheada
'S is claon do scaoil trím lár an sword.



Níor chealg me an séithleach cé gur mhill me,
Le héigion grinn a's grádh don óigh,
Gur thugas beannachadh 's céad di i mbréithre milse,
Mar is é ba chuibhe do dháil dá sórt;
Gur fhreagair me an spéir-bhean cé nár shíleas,
I labharthaibh Gaedhilge séimh gan coimhtheas,
Gur bhlaiseas a béal beag eádtrom ioghartha,
Gan séanadh óm chroidhe le táinte póg.



Eoghan Ruadh.



A PHÉARLA GAN SCAMAL.



Gléas G. Allegro.



Fonn: "Tatter Jack Walsh."



A Phéarla gan scamal do léirchuir me i gcathaibh
Éist liom gan fearg go n-innsead mo sceól;


L. 201


'S gur faobhrach do chaithis gaethe 'gus dearta
Trem' chréachta 'n-a gceathaibh do mhill me gan treóir;
Gan bhréagnadh do rachainn don Éigipt thar caladh
'S go hÉirinn ní chasfinn choidhche dem dheóin;
Ar tréan-mhuir ar talamh i ngéibheann i n-aiteas,
Níor léan liom bheith farat cois Ínse gan stór.



Is craobhach 's is casta, is dréimreach 's is dlathach,
Is néamhrach 's is leabhair a dlaoithe mar ór;
Is péarlach a dearca, mar réaltan na maidne;
Is caol cearta mala mar scríb pinn i gcló;
Scéimh-chruth a leacain, aolda mar shneachta
Go haerach a' caismirt tré lonnradh an róis
Thug Phoébus 'n-a reathaibh thar bhéithibh at amharc,
'S a éadan ar lasadh le díograis dod chló.



Is glégeal a mama mar ghéisibh cois calaidh
A haol choirpín sneachta is faoilean da snódh;
Ní féidir a maitheas do léir-chur i bpratainn.
Caomh-lile cneasta a's mín-scoth na n-óg;
Is craorac a balsam, a déid gheal gan aithis
Do shaorfadh ón ngalar na mílte dhem' shórt;
Saor-guth a teangan leigheanta i starthaibh
Bheir tréan-phuic thar bheannaibh le mílseacht a glór.



Aodhgán Ó Rathaille.



Tá an ceól thuas aguinn fé mar airigheas ag Domhnall Ó Márnán é.


L. 202


MÓIRÍN NÍ CHUILEANÁIN.



Gléas Eb. — Moderato.



Am aonar seal' a' róduigheacht,
Cé seólfidhe am choinne lá
Ach spéir-bhean mhaiseach mhodhmhail mhín,
'Sí Móirín Ní Chuileanáin;
Ba réidh, ba rathmhar ró-ghroidhe,
Ba chóir cíortha clisde cáir,
A chroabh-fholt casmar ór buidhe,
'N-a thóirsighibh go troightha a' fás,
A chroabhfholt cas mar ór buidhe,
'N-a thóirsighibh go troighth' a fás.



Ba ghle ba gheal, ba ghleoidht' í,
Ba hóg í a's b'oilte árd,
Ba shéimh, ba shlachtmhar seólt' í,
Ba shnódhmhín, ba shnoighte sámh;
Ba bhéasach, blasda, beódh' í,
Ba bheólbhinn, dar linn, an bháb,
Ba mhaordha maiseach mórdha í,
Ba mhódh'ail míonla miochair mná'uil
Ba mhaordha maiseach, mórdha í,
Ba mhódh'ail míonla miochair mná'uil



A' téacht lem ais don óigh mhín,
'Nois móidighim gur bhinne 'n bháb,
Ná éanlaith a' cantain nótaí,
Ar mórchoíll, cois imill thrágha;
'S ná'n té do spreagadh ceól síth,
Chuir ceó-draoidheacht ar Uisnigh lá,
'S is péarla ó neamh an tseóid ghrinn,
Do sheól Críost am choinn' an tsráid,
'S is péarla ó neamh an tseóid í,
Do sheól Críost an choinn' an tsráid



Do shléachdas seal don óg-mhnaoi
'S ba dhóigh línn nár mhisd' a thrácht,
Do fhéachaint cad do sheól í,
Gan mhórbhuidhin dá coim slán;
An aon tar sleasaibh bóchna í,
Do bhreodhaigh sínn le hiomad grádha,
Nó créad an treibh 'na gcomhnuigheadh,
A mór chríochaibh Inse fáil.
Nó créad an treibh 'na gcomhnuigheadh,
A mór chríochaibh Inse Fáil.



Seán Ó Tuama (1706-1775).



Seo thuas againn "Móirín Ní Ch." fé mar a chuala ag Nóra Ní Loingsigh é.


L. 203


AN CAOL-DRUIMEAN ÓG.



Gléas F. Andante.



I mothar ghlas coille trém néaltaibh,
Roimh mhúscailt do Phéabus chun seóil,
Ba mheidhreach i gcrannaibh na héanlaith
A's macalla a' léir chanadh leó.
Do dhearcas go hath-tuirseach bé mhiochair
In ealta, shéimh, shultmhar shóghach,
Ag taisteal an ghleanna 'n-a haonar
Ag casadh a Caol-Druimean Óg.



Ba bhacalach camarsach péarlach
A carnfholt craobhach 'n-a deóidh,
Go snadhmanach srathanach dréimreach
Ag tuitim 'n-a céibh léi go feór;
A braoithe mar shíoda 's a héadan
gan teimheal 's gan éalaing i gcló;
'S í thíos ar an ínse ag aedhreacht
gan suim ach 'n-a Caol-Druimean Óg.



Do dhruideas 'n-a coinne go héasga,
'S ba gheanamhail géirseach an ógh;
Do fhiosras a turas a's a héifeacht
A hainm, a héileamh 's a cló.
"An fíor gur tú Muirean nú Éithne
Diana nó Hélen na dtreón,
Nú Aoife, le draoidheacht, i riocht éanlaith'
D'fhág Cloinn Lir ar thréan-mhuir 'n-a deóidh?"


L. 204


"Ní haon aca ar éan-chos d'ár mhaoidhis mé,
A shéimh-fhile ghrinn oinigh chóir,
Ach Éire bhocht chéasda na Stíobhart
A's éist liom go n-ínsead mo sceól:
Go mbéidh daor-ghruig an éithigh 's an aimhlis
D'á dtraochadh 's d'á ndíbirt da bhfóghmhar,
A's na céadta beidh fém' bhun sa trínse
Ag réabadh na díghe a's d'á rómhar."



Piaras Mac Gearailt.



CILL CHAIS.



Gléas F. Allegretto.



Cad dhéanfimíd feasta gan adhmad?


L. 205


Tá deire na gcoíllte ar lár
Níl trácht ar Chill chais ná a teighlach,
'S ní cluinfar a cling go bráth.
An áit úd 'na gcomhnuigheadh an deigh-bhean
Fuair gradaim a's meidhir tar mhnáibh,
Bhíodh íarlaí a' taraing tar tuínn ann,
'S an t-aifirean doimhinn dá rádh.



Ní chluinim fuaim lachan ná géidh ann
Ná fiolair ag éigheamh cois cuain,
Ná fiú na mbeaca chun saothair
Thabharfadh mil agus céir don tsluagh.
Níl ceól binn milis na n-éan ann
Le hamharc an lar dul uainn,
Ná'n chuaichín i mbarra na ngéag ann,
Ó's í chuirfeadh an saoghal chun suain.



Tá ceo ag tuitim ar chraobh ann
Ná glanann le gréin ná lá,
Tá smúid a' tuitim ón spéir ann,
'S a chuid uisge go léir a' trághadh.
Níl coll, níl cuileann, níl caorann
Ach clocha 'gus maol clochán,
Páirc an fhorghaoise gan craobh ann,
A's d'imthigh an géim chun fáin.


L. 206


Anois mar bharr ar gach mí-ghreann
Chuaidh prionnsa na nGaedheal tar sáil,
Anonn le hainnir na míne,
Fuair gradam 'san bhFrainnc 's 'san Spáinn.
Anois tá a cualacht dá caoineadh
Gheibheadh airgead buidhe agus bán,
'S í ná tógfadh seilbh na ndaoine.
'S í cara na bhfíor-bhochtán.



Aithchim ar Mhuire 's ar Íosa
Go dtagaidh sí airís chughainn slán,
Go mbeidh rinncí fada gabhail tímpal,
Ceól fidilí 's teinnte cnámh,
Go dtógfar an bhaile seo ár sinsear,
Cill Chais breágh, airís go hárd,
'S go brách nú go dtiocfaidh an díleann
Ná feicfar é 'rís ar lár.



Seo thuas an ceól fé mar seintar i gCo. Phortláirge é. Do chuireas
i gcló cheana an t-amhrán so, ach ní mar a chéile an ceól a thugas cheana
agus an ceól mar tá sé anso. Is feár, dar liom, an ceól so. 'N-á
theannta san tá'n t-amhrán sa cheart anso.



SÍLE NÍ GHADHRA.



Gléas Eb.



Ar maidin i ndé dham is déarach do bhíosa
Go cathach am aonar a'déanamh mo smaointe


L. 207


Do dhearcas a'pléireacht go haerach am thímpal
An eala ba shéimhe ba chlaoine ba chaoine.
Do phreabhas, do ritheas, do dhruideas 'n-a cómhair
Do mheasas do thuigeas nár mhiste dhom shórt
A blaiseadh go milis i n-imeal a beóil
le taithneamh le gile le finne na hóige,
le maise le glaine le binneacht a glórtha.



Is greanamhar dréimreach néamhreach frainseach,
Bhí a carnfholt craobhach 'n-a shlaodaibh a' síneadh,
go bachalach péarlach go réilteach go soíllseach,
Go camarsach craobhach go néamhrach aoibhinn.
A' feachadh 's a' filleadh 's a' sileadh 'n-a deóidh
'N-a mbeartaibh 'n-a srathaibh, 'n-a muirear go feór,
Go haltaibh go huile go frithir i gcomhadh
go slamarach curamach ómbrach órdha


L. 208


'Na srathaibh a' tuitim go himealach ómrach.



Tadhg Gaedhlach.



A CHARA CHLÚMHAIL DÍOGRAIS.



Gléas Eb. — Moderato.



A chara chlúmhail díograis,
A shaoi ghlain de stoc na ndámh,
Mo bheatha chughat-sa scríobhaim,


L. 209


Nú'n díth leat mo chor 's mo chrádh,
Gach caile ciúin má's cuibhe liom
go suidhfeadh lem ais le páirt,
Ní ghlacaid siúd fairíor me,
Tan chídh me gan stoc gan stát.



Cé geallaim súd don bhuidhin seo
Do Shíle 's do Mhuirinn bhláith,
Stair do scrúd' a's laoithe
Do shuidhchain mar Oilioll fáidh,
Cleasa lúith go líomhtha
'S gach nidh eile bhréagfeadh mná,
Is feas gur diúlt is díol dam,
Nuair chídh me gan chuid gan cháin.



Mo bhroid, mo dhoigh, mo scíos guirt,
Mo sceimhle mo ghoin, mo ghábha,
Mo loit do loisc mo chlí 'nnam,
Ár saoithe 's a sliocht ar fán,
Gan chion gan chuid gan oighreacht,
Gan feidhm chirt gan chothrom stáit,
Is tuirc is duirc is daoithe
go buidhnmhar is bodacháin.



Aindrias Mac Craith.



Labhrás Ó Conchobhair do thug uaidh an ceól so. Fear aosda é agus
chomhnuighean sé i dTobar Ríogh an Domhnaigh i gCorcaigh. Lán Gaedhluinn
ón gcliabhán aige agus ceól binn a dhóithin leis. Do sheól Diarmuid, a mhac,
an ceól seo chugham. Is líomhtha Diarmuid féin ar an gceól.


L. 210


FINGHÍN UA DONNCHADHA AN GHLEANNA.



Gléas F. — Allegro.



Fonn: "Follow Me Up to Carlow".



Fáilte's dachad ó draoithibh céad
Do bhláth na seabhac nach íseal méinn
Ó áitreabh Sacsan is cinnte daor
go hárus Fleasc' na seangbhan.
Coinfhiadh curata cráibhtheach caomh
Flaith mar Oscar i mbárnain bhaoghail
Neart tréan soilbhir, sásta séimh
A's cuan na bhfannbhan lom lag.



Súil is gluise ná drúcht ar fheór,
Úir na cruinne's fionndair mhór,
Is clú dá chine san Mhúmhain go deó
An Phoenix árd nách crannda.
Laoch mear greanta, glan-díreach, fial,
De phréimh na fleasca 's de shíol na bhFiann,
Céile gaisce, fear fíonta riar
Finghín groidhe Mac Domhnail.



Uasal d'aibigh ó righthibh é,
Uan na seabhac ón ínse'n laoch,
Is buan-cheap casnaimh dá thír go tréan
An ríghfhear uaibhreach ceannsa.
Aon dos tearmain de éigsibh Cuinn,
Craobh ba rathmar ó léan Loc Linn


L. 211


Réilthion d'aibigh d'fhuil Éibhir Fhinn
Fáilte Uí Cheallaigh don phlannda.



Aodhgán Ó Rathaile.



AG TAISTEAL NA BLARNAN.



Gléas F. — Andante.



Fonn: "Stáca an mhargaidh."



Ag taisteal na Blárnan lá 's me a' machtnamh
Ar ár na bhfeara chon bhfáilteach bhfairsing


L. 212


De phós treón ba chalma i ngleó,
Mar ar neaduigh an t-ál so tháine ó Shasana
I stáit 's i bhfearan tsliocht Fhailbhe a's Aimhergin
Eóghain Mhóir a's Chairbre an tslóigh;
Na flatha ba ghnáthach tárthach treasamhail,
Dá gcártadh 's dá gcrádh 's dá gcárnadh ag fanatics,
Atá 'nocht aibig fá ghráin na heasgaine,
gráscar cealgach Mhártain mhaluighthe
An chrónchóip a thug masladh don Órd.



Do chaitheas-sa spás go casmhar cathach,
Gan áird gan aiteas go cráidhte ceasnathach
Fó bhrón a' fearadh mo dheór;
Gur dhearcas-sa lámh liom bánchnis bhanamhail
Mhánla mhaiseamhail ghrádhmhar gheanamhail
Ró mhódhmhail ba thaithneamach mach snódh;
Ba chamarsach cáblach fáinneach fada tiugh
A' feacadh 's a' fás go sáil leí'r baille chrith,
A bláthfholt bacalach scáinneach craipineach,
Táclach snamaithe bárrchas daithte léi
I gcló an óir gan scamal ná ceó.



Do fhreagair sí a' rádh bí lán de mheanmain
Táimse a' tabhairt mo lámh mar thaca dhuit
fó'n bhfóghmhar go n-amharc fir gleó;
Is aithiris d'fháidhibh Fáil an t-athasc so
gan phlás do chanaim le páirt a's taithneamh,
Don óg leómhain do shealbhuigh m'óghacht;
Ar thalamh 's ar sháil tá'n báire casta 'cu
Níl seasamh a gcás le fághail ag Gallaphuic,


L. 213


Ní fhágfar ainim dá n-ál i mBreatain,
Ar thrácht abhaile don mhál so a' taisteal
le seól cóir go fearanaibh Eóghain.



Eoghan Ruadh.



SLÁN EOGHAIN RUAIDH.



Gléas C. — Andante.



Fonn: Síle Ní Ghadhra.



Seo slán agus dathadh le ceangal ceart díograis
Cun gach áitreabh a's baile ó Choill fhátha go Fuinsin,


L. 214


An bhán-tsliocht 'n-a gcleactinn-se beath uisce bríoghmhar,
Dánta le haithris a's spreagaireacht caoinphort;
Rínnce 'gus pléidhreacht le béithibh gan tlás,
Scaoith bhruinneal maordha lem thaobh-sa go sámh,
Go síodach go séanmhar go séimh sultmhar cáidh,
Is canntlach 's is cathach le sealadh me i ndaoir-se
go hamhgrach a' taisteal gan aiteas ná aoibhneas.



Gach teannta 'n-ar theagmhas-sa breacfad go laoitheach
le hannsacht don aicme do ghlacadh me i gcoimhir-se,
Gach scannradh le trapaibh, gach scaipeadh's gach sceimhle.
Trér ghabhas-sa le sealad 's gan cara ar bith taobh liom;
Gach turus gach tiubaist gach tuirse 's gach brón,
gach siosma gach imirt 's gach imireas gleóidh,
'S na cortha 'n-ar thuiteas tré uireasba stóir,
A' straeracht go sinnil im imearthach choímhtheach
I gcéin lear ón bhfuirinn ná druidfeadh mé ó chuibhrean.



Mo lán-sa thar éinne san tsaoghal so chun 'Liam gheal
Fear grádhmhar déighméineach glan-tréitheach caoin ciallmhar
Ráib shultamhar shaordha le féile do riaradh
Na táinte go féastach 'n-a aolbhrog le mian suilt;
Éigse na Laoicheart, cléir, draoithe 'gus dáimh,
Tréad taistil tíortha gach n-oidhche 'gus lá,


L. 215


Béithe 'gus saoithe daill naoidhin agus báird
go fíontach go feólmhar go beórach go biadhmhar
go líonmhar go lonnrach go ceólmhar mar go siansach.



Eóghan Ruadh.



Labhrás Ó Conchobhair fear aosda ó Thobar Ríogh an Domhnaigh i
gCorcaigh do thug uaidh an ceól so thuas fé mar a tá sé scríobhtha agam.



A CHÉIBHFHIONN BHEAG.



Gléas G. — Andante.



Fonn: Ar Éirinn ní 'neósfinn.



A chéibhfhionn bheag bhéaltana bhaoth,


L. 216


A thréidbhean ba shéadmhaire suim,
A réil thion na spéir-choinneal gcaomh,
'S a chéile na ndéithe go fíor,
Mo léansa cá'r éaluigh do ghné,
'S do chlaon-rosc na spéir-chriostal gcaoin,
Do scéimhdhreach mar éintsneacht' an tsléibhe,
A's caor-lasair tréan a' teacht tríd.



Nú do chraobhfholt tiugh dréimreach do théidheadh,
Go faon chluthar fé bhun do chuim,
Do chaolmhala éadhtrom glan réidh,
A's t'éadan ar aon dath an aoil?
Do thaobh gheal rug céim ar an ngréin,
Do ghéaga mar ghéis ar an linn?
Do thréigis do chaomh-chruth go léir,
Tabhair scéala dham créad do bhain daoibh.



Is é chuir me i n-éaghmais mo ghné,
A's ler thréigeas mo scéimh chruth go fíor,
Na faolchoin ag aedhreacht mo thréid,
'S me féinig gan chéile lem thaoibh,
Ná aon mhac d'fhuil Éibhir na séad
Dom chaomhnadh ar spéirling mar bhíodh,
Ach saor-chead ag daor-scur go claon,


L. 217


Chun éirligh mo chaorach gach laoi.



Tá daol-bhrat ar Phoebus go féar,
A's féach Pan mar thréig sin a phíp,
Ag éigse ní'l caol-chruit ar gléas,
'S ag béithibh ní'l aon fhocal fuinn;
D'éagadar maoth-thortha craobh,
Is tréith atáid éanlaith na gcríoch,
Ó b'éigean dom chéile gheal féin
Me thréigean, 's gan é teacht, fairíor!



Seán Clárach.



PÉARLA AN BHROLLAIGH BHÁIN.



Gléas Eb.



Tá cailín deas am chrádh
le blían 'gus le lá,
A's ní fhéadaim a fághail le bréagadh;


L. 218


Ní'l aiste chlis le rádh
Dá gcanaid fir le mná
Nár chaitheamair gan tábhacht léi-se.
Do'n Fhrainnc nó do'n Spáinn
Dá dtéidheadh mo ghrádh
Go raghainn-se gach lá dá féachaint;
A's mara dúinn-ne tá sé i ndán
An ainnir chiúin seo dh'fhághail
Mac Muire na ngrás dár saoradh.



'Sa chailín chailce bhláith
Dá dtugas searc a's grádh,
Ná tabhair-se gach tráth dham éaradh;
'Sa liacht ainnir mhín im dheághaidh
le buaidh a's maoin 'na láimh
Dá ngabhamís it áit-se chéile.
Póg a's míle fáilte
A's barraí geal' do lámh
'Sé a n-iarrfainn go brách mar spré leat,
A's mara damh-sa taoise i ndán
A Phéarla'n Bhrollaigh bháin,
Nár thí mise slán o'n aonach.



TÁ SAEGHAD-GHALAR NIMHE.



Gléas Bb. — Andante.



Fonn: "Tá mo ghrádh so ar an abhainn" (Petrie).



Tá saeghad galar nímhe dom ghéar-ghoin go huile,


L. 219


Is céasta mo thuras d'oídhche a's de ló,
Is tréan tigid tuilte déara 'n-a sruithibh
I n-éinfheacht óm ruisc i n-a línntibh go feór;
Mar thréigis-se sinne a phéarla gan teimheal,
Is é sin do chuir na mílte gan treóir,
I gcéin tar na tuinnibh féachaidh mar imthigh,
Réilthion is misneach saoithibh an eóil.



Do mhaothuigh mo ruisce do chlaochluigh mo chuisle,
Ar dtréigean mo nirt níl brígh 'r bith im ghlór,
Mo ghéaga gan fuinneamh d'éaluigh mo mhisneach,
Is daol dathach dubh mo ghnaoi 'gus mo shnódh;
Is méala mo thuras im aonar gan duine,
A' géar-ghol fé thuirse a' caoine mo leómhain,
A bhréithre gur bhinne ná éanla na coille,
'S ná téada na cruite ag síor-sheinim cheóil.



Tá spéirling a's stuirim ghaothmhar ar uisce
A' réabadh 's a' briseadh slím-chranna seoil,
A's caorthanna neimhe ag Téitis ar mire
A' scéithchain fé imeal tíre tar meodhan;
Na stéideacha buile ag Phoebus a' rithe,
Gan géille ná urraim díreach don chóir.
Phlégan ar mire Aethan gan fuinneamh


L. 220


Éolus go tuirseach fíor-lag ar nóin.



Seán Ó Tuama.



MAIDEAN I MBÉARA.



Gléas C. Andante.



Is é mo chaoi gan mise maidean aerach
Amuigh i mBéara am sheasamh ar an dtráigh
Is guth na n-éan am tharaing thar na sléibtibh cois na farige
Go Céim An Aitinn mar a mbíon mo ghrádh.


L. 221


Is obann aoibhinn aiteasach do léimfinn,
Do rithfinn saor ó ana-bhroid an tláis,
Do chuirfinn druim le sgamalaibh an tsaoghail seo,
Dá bhfaghainn mo léir dhóthain d'amharc ar mo chaoimh-shearc bhán.



Is é mo dhíth bheith ceangailte go faon-lag,
Is neart mo chléibh dá thachtadh 'nnso da tsráid,
An fhaid tá réim na habhann agus gaoth ghlan na farige
Ag glaodhach 's ag gairim ar an gcroidhe seo'm lár.
Is milis bríoghmhar leathan bhog an t-aer ann,
Is gile ó'n ngréin go fairsing ar an mbán,
'S ochón a Rígh bhean bhanamhail na gcraobh-fholt
Gan sinn a-raon imeasg an aitinn mar do bhímís tráth!



Osborn Ó hAimhirgin.



AG TAISTEAL NA SLÉIBHTE.



Gléas D. — Allegretto.



Fonn: "Seán Buidhe."



A' taisteal na sléibhte dham sealad am aonar,


L. 222


Go hath tuirseach céasta, gan áird ghrinn,
'S mé a' machtnamh ar chlé-bheartaibh gangaid' an tsaogail,
Do shearg mo ghné a's do chráidh sinn,
Ár bhflatha mar thraocha dar gallaphuic chlaona,
'S a mbailte puirt aolda mar fásuigheadh,
'S an donas le chéile da dhortadh gach lae 'rainn,
Ó ceangaladh Éire le Seán Buidhe.



Cois abhann i gcaoldoire stadas-sa tréimhse
Dom reathanaibh géara d'fhúig támhach sinn,
lán d'aiteas ag éisteacht le cantain na n-éanlaith,
Dá spreagadh 'r na géagaibh go sár-bhinn,
D'amharcas spéir-bhruinneal gheanamhail dhéid-gheal,
Chaoin charthanach, shéimh a' teacht lámh linn
I maise 's i maordhacht fuair barra gan bhréagnadh
Ó n-a bhfeaca-sa de bhéithibh i gClár Chuinn.



Ba mhaiseach a héadan tais cneasta ar aoldath,
'S ba shamhail le caolruib' a dhá braoi,
Taraingthe 'r réalt-dhearcaibh reamhara réidh-ghlasa
Chealg na céadta le lámhach saighead;
Ar amharc a scéimhe ó bhathas go caoltroigh,
D'fhiosruigheas féinig den bháibín,
A hainim le héifeacht 's na bearta chuir réilthion


L. 223


Dá samhail i gcéin lear 'n-a fánaidhe.



Eoghan Ruadh.



AN BUACHAIL BÁN.



Gléas Eb. Adagio.



Maidin laoi ghil fé dhuile chraínn ghlais,
Doire 'm aonar cois imiol trágha;
A bhfís trém néaltha do dhearcas spéir bhean
A' teacht ó n thaobh dheas na mar' am dháil,


L. 224


Ba chirt' a braoithe ná buile rínn chuir
Tanaí caoil-phin buailthe 'r phár;
'S é dúbhairt le diogarais "och uaill mo chroidhe-se
Nú a bhfeicfead choidhche mo bhuachail bhán"?



Ba chaoin a déidmhion, ba mhín a haolchrobh
'Sa dlaoi 'n-a shlaoda mar ór go sáil;
Ba ghil' a héadan ná gnúis na réalthan
bheir solus gléineach don tsaoghal roimh lá.
Bhí uile shoillse na gréin' a' rínnce
'Na leacain mhíonla trí lítis bhán;
Is sruth gan dísge ó shlios a rínn-rosc,
Shocma rioghdha d'á buachail bán.



Is tapa shléachdas don bhruinn'l mhaordha
Mhiochair bhéaltais mhúinte mhná;
A's d'fhiosraigh mé dhi i laoithibh Gaedhilge
A cin', a gaoltha, a dleacht sa cáil.
An duil de dhéithibh críon an aeír í
Nú'n gein de ríghthibh an tsaoighil a grádh;
Nú créad é'n tréanfhear do bhuair a céadfadh,
Ar a nglaodhan sísi An buachail bán?



Seán Ó Coileáin.



Tá'n t-amhrán so le fághail i gcuid a 4, ach ní mar a chéile ar fad an
ceól so agus an ceól úd. Cuirim i gcló anso an fonn fé mar thug Áine
Ní Raghallaigh uaithe é.


L. 225


AGUISÍN.



Ag cur amach an leabhrín seo airís eile budh mhaith liom cúpla rud
a rádh 'n-a thaobh. Tá'n leabhar níos feárr anois ná mar a bhí sé roimhe
seo, mar tá na leathanaigh cóimhrighthe go cruinn i ndiaidh a chéile ó thúis
go deire. 'N-a theannta soin tá sé nó seacht amhráin le fagháil i dteannta
an méid a bhí ann cheana.



Rud eile. Tá breis agus cúig bhliadhna fíchid ann ó thosnuigheas ar
an obair seo. Agus go deimhin féin ní mór ná gur am' aindeóin a
chuireas chuige an uair sin, mar bhí 'fhios agam go anamhaith gur obair
ana-chruaidh é a bheith ag bailiú' amhrán, idir ceól agus focail. Ach do
chuir daoine áirighthe misneach orm. Dubhradar liom gur obair fhoghanta
a bhéinn ag déanadh ar son ár dtíre 's ár dteangan duthchais. Ansan do
thosnuigheas air agus do leanas air ó shoin.



Is iomdha duine do thug congnamh dom. Táim ana-bhuidheach díobh go
léir agus go háirighthe táim fé chomaoine ag Áine Ní Raghallaigh. Na
hamhráin do chuir na daoine seo ag triall orm ní raibh 'fhios agam cá
bhfuarthas iad, nó cé bhailigh ar dtúis cuid acu.



Tá tímpal a's trí nó ceithre chinn déag díobh agus dubhairt Fionán
Mac Coluim liom le déidheanaighe gur b'é féin do bhailigh iad. Deir sé
gur cuma leis na hamhráin seo bheith agam agus úsáid do dhéanadh dhíobh,
ach amháin go gcuirfinn i n-úil do dhaoinibh gur b'é féin do bhailigh ar dtúis
iad, rud atá agam anois 'á dhéanadh. Dar ndóigh táim fé chomaoine aige
'n-a thaobh. Mar a deir an sean-amhrán "bíodh sé mar sin."



PÁDRUIG BREATHNACH.



Eanair, 1923.


L. 226


Seo leitir a fuaireas i mí Nodlag, 1922, ó "Fhinghin na Leamhna:"



Gaibh mo bhaodhchas i dtaobh cuireadh a thabhairt dom chun innsint do'n
saoghal Gaedhlach cá bhfuaireas na sean-amhráin úd. Ag seo thíos beagán
faisnéise mar gheall ortha:



"Cáit Ní Ghuidhir." Sidé an ceann is mó cáil ortha, is dócha. Do
ghluais sé sin mar amhrán ar an slighe n-a bhfuil sé agam-sa is agat-sa
i gcló amach ar fuaid na hÉireann ó Chraoibh Spúncáin de Chonnradh na
Gaedhilge tímpal 20 bliadh ó shoin. Seán Ó Séaghdha, Cathair Saidhbhín agus
Séamus Ó Séacháin ón gClocán, Cill Mic Ciarain, do thug dóm-sa é
fé mar bhí sé acu féin is do scríobhas amach an leagan de atá againn
anois ón adhbhar san. Do cuireadh i gcló é do'n chéad uair i m-"Bolg an
tSoláthair" san mbl. 1904, agus 'n-a diaidh sin san gCúigmhadh Leabhar le
Connradh na Gaedhilge.



"An Ciarraigheach malluighthe." Tar éis bheith ag cur a thuairisg seo
ar fuaid na Mumhan le mórán blian d'aimsigheas sa deire é ag seana
mhnaoi ná raibh ach míle óm thig féin i n-Ibh Ráthach. Máire Liath a tugtí
uirthi. Do bhí sí tímpal 85 bl. d'aois an uair a scríobhas-sa síos ó n-a
béal é, san mbl. 1905. Do cuireas i gcló do'n chéad uair é san
"Lóchrann," Márta, 1908.



"An cailín deas ruadh." Scríobhas síos an leagan de atá agam ó
bhéal Ruaidhrí Uí Chinnéide, sean mháighistir rinnce i nDaingean Uí Chúis.
Chuireas i gcló i m"Bolg an tSoláthair" é san mbl. 1904. "Caiseal"
nó "Corcaigh" ba cheart a bheith i n-inead "An Daingean" san amhrán,
ach deineadh localising air ansúd thiar. Ní bhainean an bhéarsa "Ní'l aon
tslat, agus rl." Leis i n-ao' chor ach le hamhrán eile, "Péarla deas an
tsléi bháin."



"Bó na leath-adhairce." Do bhailigheas é seo le chéile, béarsa anso
is bhéarsa ansúd ar fuaid Ciarraighe, is do chuireas i gcló san "Lóchrann"
(Samhain, 1907) é. Craobh "Éire Óg," Cill Orglan, is mó do scaip é
seo mar amhrán arís ar fuaid na dúthaighe ar an slighe n-a bhfuil sé anois
againn. Bhíodh sé ar siubhal go minic leis ag Máirín Ní Séagha agus
Seán Ó Murthuile. Bhí an ceól i gcló san "Lóchran" Deire Fomhair, 1910.
Bhí sé i gcló agam i n-" Duanaireacht do leanbhaibh (1914), is tá arís i
g-" Cosa Buidhe Árda " (1922).


L. 227


"Maidean Luain Cingcíse." Roibeárd Ó Raghallaigh, an Scairbh,
Dromod i n-Ibh Rathach do thug an leagan áirithe seo dhómhsa. Ní mór an
deifir atá idir é agus an tslighe n-a bhfuil sé ag Dochtúir Sigerson i
bh-"Filidheacht na Mumhan," ach amháin atarrú beag anso is ansúd. Do
chuireas i gcló san "Lóchrann" é mí na Lughnasa, 1917, agus i "Sean
Amhráin na Mumhan," 1918.



"An dá ghabhrín bhuidhe." Is dóigh liom gur ó Phádruig Ó Foghludha,
Ciarraigheach, a chomhnuighean i gCathair Chorcaighe do fuaireas an chuid is
mó dhe seo. Chuireas i gcló sa "Claidheamh Soluis" fad ó é, ach ní cuimhin
liom cáthain, agus san "Lóchrann" Iúl, 1910. Bhí sé agam i n-"Duanair-
eacht do leanbhaibh, 1914, agus i g-"Cosa Buidhe Árda," 1917.



"Spailpín a rún." Sa Rinn do scríobhas síos an chéad agus an dara
bhéarsa, ach b'é Peadar Ó hAnnracháin a sholáthruigh an tríomhadh bhéarsa
dhom i n-Ibh Rathach ó Siubhán, bean Uí Shúilleabháin an Fhaill Mhór. Bhí an
dá bhéarsa eile, leis, aici. Do cuireadh i gcló do'n chéad uair é i "Smóilín
na Rann" (1908).



"Táim breóite go leór." Sa Bhonán i n-aice Néidín do fuaireas é
18 bl. ó shoin, is do chuireas seacht bhéarsa dhe i gcló i "Smóilín na
Rann" (1908), agus i "Sean Amhráin na Mumhan." (1919).



"An Síoda atá ad' bhaillet." Fuaireas é seo san mBonán, leis, is
do chuireas cheithre bhéarsaí de i gcló i "Smóilín na Rann" (1908).



Cuireadh "An t-uball breágh buidhe" i gcló san "Lóchrann" Deire
Foghmhair, 1908. Diarmuid Ó Séacháin do sholáthruigh dúinn i mBéara é.
Agus do chuireas le chéile "An tairngearacht" ó leagain de a fuaireas
ó Dhomhnall Ó Súilleabháin, Ó Mhícheál Ó Gráda, is ó Shéamus Ó Donnghaoile
— ó Chill Chrochán i nDún Ciaráin dóibh go léir, — is do chuireas i gcló
mar sin é san "Lóchrann," Márta, 1908.



Inghean an Phailitínigh." Fuaireas é seo ó Seán Ó Súilleabháin, Lios Bán,
Paróiste na Faille Móire, i n-Ibh Rathach .i. athair an Athar Tadhg atá thall i
Lúndain, tímpal bl. a 1900. Bhí cuid de cheana agam ó shean-Chiarraighigh i
Lúndain. Chuireas dhá bhéarsa dhe i gcló i m-"Bolg an tSoláthair," 1904,
agus ocht bhéarsaí idir Ghaeluinn is Béarla san "Lóchrann, Feabhra, 1908.
Dubhradh liom gur file de sna Céirínigh ó Oileán Ciarraighe a chum é céad
éigin bliadhain ó shoin.


L. 228


"Táim-se am' chodla" nó Tráthnóinín Déanach" Donncha Ó Laoghaire
atá anois i Loch Garman do scríobh síos é seo dhom fé mar d'airigh sé
féin é, is do cuireadh i gcló do'n chéad uair é i m-"Bolg an tSoláthair,"
1904).



"Raithineach a bhean bheag." Fuaireas é seo ó Shéamus de Faoit,
Ceann Eich is ó dhaoinibh nach é, i bparróiste na Dromod i n-Ibh Rathach, is
do chuireas i gcló san m-"Bolg" réamhráite é (1904). File do bhí san
bparróiste sin fad ó gurbh' ainm do Roderic Ó Dálaigh a chum é.



"Cois Calaithe an ghóilín." Fuaireas é seo ó Phádruig Ó Géaráin,
Meall na Hómhan, Dromod, Ciarraighe, is do scríobh Peadar Ó hAnnracháin
leagan eile dhe síos dom ó bhéal Dhiarmuda Uí Dhubháin, dall go raibh
comhnuidhe air i n-aice an Daingin. Do chuireas na éarsaí le n-a chéile,
is chuireas i gcló i "Smóilín na Rann" é (1908).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services