Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Smóilín na Rann

Title
Smóilín na Rann
Author(s)
In eagar ag Fionán Mac Coluim,
Pen Name
Finghin Na Leamhna (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
Mac Coluim, Fionán
Composition Date
1908
Publisher
Clódhanna Teo.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DUAN DO'N CHRAOIBHÍN AOIBHINN.



Fonn: "An Cailín Donn."



(D'oirfeadh fonn "Coillte na Blárnan" agus fonn
"Ceóil ghrinn dhúthchais" dhó leis).



I.



A Chraoibhín dhílis mhúinte bhéasaigh,
Tá i gcroidhe gach éinne, 's d'fhanfaidh ann;
Is tusa feasta rí na Gaedhilge,
Le feabhas do thréithe d'ár gcailín donn.
'Sí ár gcailín donn-ne oileán na hÉireann
Tá faoi dhian-smacht, í féin 's a clann,
'Gus tá dá claoidheachtaint ag dlighthibh
claona,
'S do shíor dá daoradh ag clannaibh Gall.



II.



Do chuaidh ár bprionnsa anonn tar sáile,
I measg na sáirfhear is breaghtha amuigh;
Chun an teanga Ghaedhilge do chur go tábhachtach,
O bhruach na trágha go bárr na gcnoc,
'Sí an teanga Ghaedhilge an chanamhain bhláthmhar,
Teanga Phádraig is Choluim Chill';
Do mhúin na máithreacha ó'n gcliabhán dúinn,
Do b'aoirde cáil is do b'áilne cion.


L. 2


III.



A Chraoibhín Aoibhinn! gura'fada saoghalmhar
Thú 'measg ár dtréadtha thall 's i bhfus,
Mar dá mbéadh gach aon fhear chómh dílis méin
leat,
Ba shuairc an saoghal dúinn féin indiu.
Tá mo shúil gach aon lá le Rígh na naomh ngeal,
Go mbeam go haereach 's gach éinne is linn,
'S go mbeidh teanga na Gaedhilge ar fuaid
na hÉireann
Gan bhláth, gan bhaodhachas do lucht an uilc.



IV.



Iarraim ar gach éinne, tá 'ngrádh le hÉirinn,
Ar mbéasa féinig a chur i bhfeidhm,
Mar is náireach d'éinne leigfeadh i léig iad
Ar nósaibh claona lucht' an fheill.
Gleannta aerach' is cuanta saonta,
Na cnuic is tréine, 'gus an fhairrge dhoimhin
Ag beannachadh gach aon lá de dhruim a chéile,
Ag síor-bhreith baodhachais le Dochtúir Heíd.



Tomás Bácaeir,
i nDaingean Uí Chúise.


L. 3


I. - MÁIRÉAD DE RÓISTE.



Fonn cosamhail le "Ag gabháil trí Bhaile Átha Cliath
dhom" nó "Nóra an chúil ómra."



A Mháiréad De Róiste,
'Sé mo bhrón nach liom féin thú,
'S ní le grádh dod' chuid óir é,
Acht do chló bheith ró-néata;
Dob' fheárr liom tú láimh liom
'Ná Pallas 's 'ná Bhénus
'S 'ná roinnt de sna grástaibh,
Cé gur feárr iad 'ná aon rud!



An cuimhin leat-sa an oidhche úd
Do thug mo chroidhe greann duit,
Oidhche lae 'le Muire
Na gCoinneall sa teampall?
Do bhéilín ba bhinne
'Ná 'n druid nuair a labhrann,
'S do dhá shúil ba ghluise
'Ná uisge na ngleannta!



Do shiubhlóghainn 's do shiubhlóghainn
'S do shiubhlóghainn an saoghal leat,
Do raghainn féin do'n Róimh leat,
Mo dhóchas dá mb'fhéidir;


L. 4


Do thug mo chroidhe grádh dhuit
Go bráth bráth ná tréigfidh,
'S do leigheasfá ó'n mbás mé
Acht a rádh gur leat féin mé!



II. - AN SÍODA TÁ ID' BHAILLET.



Fonn i "bhFilidheacht na Mumhan" agus i gcnuasach lebhí
de cheol na hÉireann.



Dia Máirt moch ar maidin do ghléasas mo
chapall chum dul 'n Ghleann Gharbh de'n
chuaird sin.
Ba ró-gheárr go bhfeaca an pátrún breágh
Fairsing ag Cipíní Aitinn mar chuala;
A Chipíní Aitinn, céad díth ort is deacair! is
gút go dtagaidh id' ghuailnibh!
Is le cipíní aitinn 's le máilíní leathair do
mealladh an t-airgead ruadh uaim.



Curfá:



'S an síoda tá id' bhaillet,
An síoda tá id' bhaillet,
An síoda tá id' bhaillet, a bhuachaill;
An síoda tá id' bhaillet,
Nó ubhla breágha aibidh,
Nó péiríní mheallas mná uaisle.


L. 5


Nuair a thánga a-bhaile do shuidheas ar an
raca, 's ní rabhas ann acht tamaillín
suarach,
Nuair a tháinig chugham mh'athair am' pleanncadh
le bata, 's dubhairt liom bheith tapaidh ag
bualadh;
Fóil! fóil! a athair! bí foidhneach, fan fada,
cuir uait an maide 's ná buail me,
'S go deo deo an fhaid mhairfead, ní thréig-
fead an baile, 's déanfaidh mé grafadh
'gus buaint duit.



Curfá:



'S an síoda tá id' bhaillet, etc.



Tá mór-chuid de'n fhearthainn 'gabháil aniar
chughainn ó'n gCeachainn, 's mo mhóin 'na
srathaibh gan cruachadh;
Mo chuid féir atá 'r leathadh le breis mhór is
seachtmhain, ceal congnaimh chum bailighthe
suas air;
Mo bha bochta bainne, ag búthraigh dhá easba,
cíos agus tacsanna cruadha orm,
Nuair gheobhaidh suas an sagart, gearánfad thú
ar maidin, 's an rinnce go gcaillfir, mo
bhuachaill.



Curfá:



'S an síoda tá id' bhaillet, etc.


L. 6


Níor bh'é sin ba mheasa acht an coirce bhí in'
easair, 's an franncach dhá tharrac 'na
phluais leis,
Na géadhna 's na cearca 'na bun is 'na barra,
's a dhaoine na gcarad, nach truagh é!
Nuair éirigheas ar maidin, do cháth sé ar
shneachta, 's d'fhág sain mh'aigne buadhartha,
'S mé ag cuardach do ghadaibh chum súistí do
cheangal, 's tosnughadh ar easair a bhualadh.



Curfá:



'S ní síoda atá im' bhaillet,
Ní síoda atá im' bhaillet,
Ní síoda atá im' bhaillet, a stuaire;
Ní síoda atá im' bhaillet,
Ná ubhla tá aibidh,
Ná péiríní bhlaisfeadh mná uaisle.


L. 7


"IS CLAOIDHTE AN GALAR AN GRÁDH."



Fonn, "Bean an Fhir Ruaidh."



Mo chreach 's mo dhíth! is claoidhte an galar
an grádh,
Is mairg a mbíonn sé mí air, seachtmhain, nó lá!
Do bhris sé mo chroidhe agus líon sé osnadh
im' lár
Agus codladh ní bhfaghaim acht ag taidhbhreamh
ar mo dhian-ghrádh.



Do casadh sluagh sídhe orm síos chun lios Bhail'
Fhíonáin,
D'fhiosruigheas díobh cad é an nídh leigheasfadh
an grádh,
Do fhreagradar mise go coin, go tais is go
tláith,
Nuair théidheann sé sa chroidhe ní sgaoiltear
as é go bráth.



Is fada liom féin go dtéidheann an tuile
de'n tráigh;
Is fada liom féin go ndéintear oidhche de'n
lá;
Is fada liom féin go nglaodhfaid na coiligh
i ngach áird
Agus b'fhearr liom 'ná 'n saoghal go mbeinn
féin i bhfochair mo ghrádha.


L. 8


A chailín deas óg ná pós an sean-duine liath,
Acht pós buachaill óg, mo bhrón, mara mair-
feadh sé acht bliadhain.
Tánn tú bog óg agus fós níor tháinig duit
ciall;
'S má mhaireann tú beo, beidh óig-fhir a' sodar
it' dhiaidh.



Mo chreach 's mo chás ná cáthann sé sneachta
'gus sioc
Is mise 's mo ghrádh bheith i lár na fairrge
amuigh,
Gan choite, gan bhád, gan árthach againn ar
bith,
Acht mise sa tsnámh 's mo lámh a bheith casta
'n-a crios!


L. 9


EACHTRA SHEAGHÁINÍN



Ghabhas-sa lá siar annso,
Ghabhas-sa lá aniar annso;
Thárlaidh bean orm,
Thárlaidh fear orm,
Thárlaidh maidrín dearg glas orm.
D'fhiafruigheadar díom an raghainn ag bualadh,
Dubhart-sa go raghainn dá bhfaghainn mo thuar-
astal.
D'árduigheadar leo mé,
Agus chuireadr chun cró mé,
Do thugadar dom súistín iarainn agus pun-
ainnín eornan,
Agus bhíos ag bualadh go hárd an tráthnóna.
D'iarras mo dhinnéar ar chailleach an spáinéir;
Dubhairt sí ná faghainn
Acht gruth agus meadhg,
I gcuibhreann an ghadhair.
Dubhart léi go bhfuighinn
Arán, im, agus uibhe,
I gcuibhreann an ríogh.
Rug sí ar an dtlúth,
Agus bhris sí mo ghlún.
Rugas ar an gcamán,
Agus bhriseas a cromán.


L. 10


Do léimeas an chomhra
Agus d'itheas mo dhóthaint
D'arán mhin' eornan.
Phléasg na taidhbheáin
Agus phreab an t-urlár.
Siúd amach na gadhair -
Siúd mise 'n-a ndeaghaidh.
Do chualaidh an rí é.
"Cad tá ort, a Sheagháinín?" ars' an rí.
"Cíocras feola," arsa Seagháinín.
"Goidí an fheoil?"
"Feoil girrfhéidh."
"Goidé an girrfhiadh?"
"Girrfhiadh ar ghort."
"Goidé an gort?"
"Gort an Iarla."
"Goidé an tIarla?"
"Iarla Sheagháinín."
"Goidé an Seagháinín?"
"Seagháinín síorach, Seagháinín suarach,
Seagháinín ruadh na gcailíní."
Sin é mo sgéal, agus má tá bréag ann, bíodh.


L. 11


MALLAÍ BHEAG ÓG.



Do raghainn-se ag buaint an aitinn leat-sa,
A Mhallaí bheag óg;
'S do raghainn dhá thabhairt a bhaile leat,
A chuid de'n tsaoghal 's a stóir;
Do raghainn leat go dtí an t-Aifrionn,
'S ní le dúil i mbeannuightheacht,
Acht a d'fhonn bheith seal id' chuileachtaint,
A Mhallaí bheag óg.



'S do raghainn leat ar a' mbuaile,
A Mhallaí bheag óg;
Faoi bhlátha duilleabhar uaithne,
A chuid de'n tsaoghal 's a stóir;
Mar a bhfuighmís ím 's uachtar,
Is ceól na lon 'n-ár gcluasaibh,
'S sinne bheith gan buaidhreamh,
A Mhallaí bheag óg.



Do raghainn-se leat ar a' Mangartaigh,
A Mhallaí bheag óg;
A' tógaint aer na fairrge,
'S liongeas fé n-a seól;
Mara mbíonn tighearnaí 's iarlaí ó Shasana,
a'n bhFrainnc agus ó'n Albain,
Teacht ag iasgaireacht 's ag sealgaireacht,
Ar phlúr na mban óg.


L. 12


'S do shiúbhlóghainn Cúige Mumhan leat,
'S Dubhghlais faoi dhó;
Luimneach na long leat,
'S Bail' Áth' Cliath chun spóirt;
Mara dtaithnfeadh sin mar shiubhal leat,
Do raghainn leat go Carraig na Siúire,
Mar is ann do gheóbhaimís cúnntas,
Ar phlúr na mban óg.



'S do cheannóghainn féin capall duit-se,
A Mhallaí bheag óg;
Cosa cíor-dhubh ceanna-dhubh,
A chuid de'n tsaoghal 's a stóir;
É bheith múinte i bhfalaireacht,
'S é thabhairt anall ó Shasana,
Mar shúil 's go dtabharfá taithneamh dom,
A Mhallaí bheag óg.


L. 13


"BÓ NA LEATH-ADHAIRCE";

"AN tSEAN-CHAOR' ADHARCACH."



Thíos cois na tuinne 'seadh beathuigheadh mo
chaora
Ag Diarmaid Ua Duilleáin ó Bharra na hAoine,
Mac d'riothár athar dom chuir le faill í,
Easba tobac do bhí ar an gcladhaire.



Curfá:-



Bó, bó, bó na leath-adhairce,
Bó, bó, 'sí an tseana-chaor' adharcach,
Bó, bó, bó na leath-adhairce,
Bó dhruimfhionn dhearg, is n'fheadar cá
bhfaghainn í?



B'fhearr liom 'ná sgilling go bhfeicfinn mo
chaora,
Ag teacht go dtí an doras ar maidin nó
istoidhche,
Thálfadh sí bainne dhom, bheathóchadh sí uan dhom
Chuirfeadh sí seacéidín deas ar mo ghualainn



Curfá.



Chonnac-sa beirbhthe í, chonnac dá roinnt í,
Chuireas-sa dúil innti is blúirín ní bhfaghainn di,


L. 14


Ó nach deas í, 's ó nach meidhreach,
Ó nach deas í an tseana-chaor' adharcach!



Curfá.



Dá mbeinn-se i rachmas, i ngradam, 's i n-oidh-
reacht
Thabharfainn-se giní ar chúpla slice di,
Ó nach deas í, ó nach meidhreach,
'S ó nach deas í an tseana-chaor' adharcach!



Curfá.



D'íosfainn lán pice dhi, d'íosfainn lán oidhin
di;
D'íosfainn-se slittir de'n tseana-chaor'
adharcach,
Ó nach deas í, ó nach meidhreach,
'S ó nach deas í an tseana-chaor' adharcach!



Curfá.



B'aith liom 's b'aith liom 's b'aith liom an
reimhse;
B'aith liom lán greidil de'n tsean-chaor'
adharcach,
Ó nach deas í, ó nach meidhreach,
'S ó nach deas í an tsean-chaor' adharcach!



Curfá.


L. 15


AN DÍLLEACHTAIDHE FÁIN.



Fonn cosamhail le "Gabháil trí Bh'l'áth' Cliath."



Ní d'fhigheadóir ná do tháilliúir
Thugas grádh riamh ná taithneamh,
Acht do bhuachaill an bhrollaigh ghléigil, -
'Sé ba mhéinn liom a bheith im' aice.
Is cuma liom cad deir éinne,
Ní hé mo chéad searc adeir a' dadamh,
Acht má 'sí a mháithrín atá 'n-a dhéidh orm,
Solus Dé nár chídh a hanam!



Is dílleachtaidhe fáin mé,
Gan mháthair, gan athair,
'S dá mbeadh mo rún i ndán dom
Ní áirmheochainn bheith dealbh.
Níl éinne ar an saoghal so
A dhéanfadh éagcóir ar mh'amhail,
Go mbeadh fonn air a leas do dhéanamh.
Ná dul i n-ao' chor ins na flaithis.



A chiallaigh, ná fág it' dhiaidh mé,
Mar gheall ar bhólacht ná ar thalamh,
Mar is gairid a bheadh port na móna
Ag breith bó uait lá earraigh.


L. 16


Dob' fhearra dhuit cailín óg deas
Do bheith romhat aige baile,
'Ná saidhbhreas chláir Fódla,
'S tú phósadh le cailligh.



Tá lionn ar mo chroidhe-se
Chomh cíor-dhubh le hata,
Is tá brón ar mh'intinn,
Fóiríor, ná fuil ag sgaipeadh!
Tá mo ghrádh-sa i ngleann éigin
Is ní féid' liom é a mhealladh,
Acht mara bhfaghad-sa le bréagadh é,
Beidh mo laetheanta gairid.


L. 17


"TÁIM BREOIDHTE GO LEOR."



Cá rabhais-se feadh 'n lae uaim, a bhuachaillín
óig?
Cá rabhais-se feadh 'n lae uaim, a laoigh ghil 's
a stóir?
Ag fiadhach 's ag fobhailéireacht, a mháithrín ó!
Cóirigh mo leabaidh, táim breoidhte go leor!



Cad ithis dod' dhinnéar, a bhuachaillín óig?
Cad ithis dod' dhinnéar, a laoigh ghil 's a stóir?
D'itheas sicíní nimhe do bhí ar phláitíníbh óir;
'S cóirigh mo leabaidh, táim breoidhte go leor!



Cad fhágfair ag t'athair, a bhuachaillín óig?
Cad fhágfair ag t'athair, a laoigh ghil 's a
stóir?
Cóiste 's cheithre capaill, a mháithrín ó!
Cóirigh mo leabaidh, táim breoidhte go leor!



Cad fhágfair ag do mháthair, a bhuachaillín óig?
Cad fhágfair ag do mháthair, a laoigh ghil 's a
stóir?
Mo bha 's mo chuid tailimh, a mháithrín ó!
Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoidhte go
leor!


L. 18


Cad fhágfair ag do mhnaoi pósta, a bhuachaillín
óig!
Cad fhágfair ag do mhnaoi pósta, a laoigh ghil
's a stóir!
Fágfad croch chum í chrochadh 's téada go leor,
'S cóirigh mo leabaidh, táim breoidhte go
leor!



Cár mhaith leat bheith curtha, a buachaillín óig!
Cár mhaith leat bheith curtha, a laoigh ghil 's a
stóir!
I dteampall Chill Mhuire, a mháithrín ó!
Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoidhte go
leor!


L. 19


"LEADI Ó LÍ."



Fonn: "Raigh tiúral a lé."



Tá caile ar an mbaile 's is cuma cia hí;
Gabhann sí ar a deadí 's ar fhaimilí an tighe;
Ní bheidh sí gan éadach is é bheith ar an gcraoibh,
Chun go ndéanfaidh sí plannsaí de'n bheafaití
bhuidhe.



Agus óró my leadí ó lí!



Thíos ins an ngáirdín tá crannín gan bhláth,
Go bhfuil mórán de'n dimití casta 'r a bhárr,
Tá starch ins an íochtar agus blue i n-a lár,
Chun óinseacha liobair a chur 'sa style árd.



Agus óró my leadí ó lí!



Tá cailín ó'n mbaile seo 'dul go Cill Mór,
Ribíní phlaid aici fairsing go leor,
Highslipper shoes uirthi i n-inead na mbróg,
Le súil 's go mbuailfeadh léi buachaillín óg!



Agus óró my leadí ó lí!


L. 20


SPAILPÍN A RUIN.



Fonn i gCnuasach Petrí - Uimhir 1094 agus 1379



A Spailpín a rúin, Dé bheatha-sa chughainn,
Nó cár bhainis an fóghmhar chomh luath so,
'S dá mbeadh a fhios agam féin cá rabhais-se
indé,
Níor bh'fhada ód' bhéal an póigín.
A chaile bhuidhe chróin, ní milis liom do phóg,
'S ní ghlacfainn céad bó mar spré leat,
Go mb'fhearr liom-sa póg ó chailín beag óg,
'Ná a bhfuil agat ar bórd an tsléibhe
amuigh.



A Spailpín, a stóir, fan socair go fóill,
Go bhfaghad-sa mo choidhp 's mo chlóca,
Mo bhróga sáil bata agus bhúcla an fhaisin,
'S go deimhin duit go mbogfad an ród
leath.
Ó, do raghainn leat go Caiseal 's go Cluain
geal Meala,
'S go Carraig na Siúire tá ar mh'eolas,
'S go bráth an fhaid mhairfead ní fhillfead
a bhaile
'S is cuma cé bhainfidh an eorna.


L. 21


A bhuachaillí cruadha, gearruighidh go luath,
Agus cuiridh bhúr gcongnamh le chéile
Go mbainfimíd dúiseacht as bhodaigh an phlúir,
'S go racham dár ndúthaighibh féinig.
'Sé chloisim aca dhá rádh ná seasócham an lá
Aiges na bodaigh atá lán de phónaire,
Ní aca súd atá acht ag Rígh geal na ngrást
Is go dtugaidh Dia slán ó'n bhfóghmhar sinn.


L. 22


I nUÍBH RÁTHACH THIAR.



(Amhrán do Dhomhnall a Conaill).



Fonn "Máirseáil Uí Chonaill."



I nUíbh Ráthach Thiar
Tá an dragún dian,
Fear cúil iarthair Éireann;
Fágfaidh Gaíll
Gach lá fé phian
Ag pláig 's ag piant' dá raobadh,



Curfá le port is dreas rinnce:-



'Sé Domhnall binn a Conaill cruinn
Plannda 'e'n fhíor-fhuil Ghaedhealaigh;
Le heolas dlighe 's le meabhair a chinn
Do sgól sé an croidhe 's na haedhe aca.


L. 23


D'fhágfadh sgríobhtha aiste ríoghdha
Do mhaithfeadh cíos do Ghaedhealaibh,
Mara mbeadh eagla na dlighe úd Chromuill
Bhuidhe
Thug a chamthaí feíll go hEirinn.



'Sé púdar Wellington bhíodh mar theine aca
Ag Sasanaigh reamhra thréana;
Fé bhliadhain ó 'ndiu ná rabhaid siúd ann,
Acht go marbhuighidh doig nó piléar iad!



Sa bhfoghmhar so chughainn 'seadh dhóighfeam cúirt
le glóire an Úghdair Naomhtha!
Beidh bróga dubha ar gach óig-fhear cúthal
Cé gur fada dhúinn 'n-a n-éaghmais.



Dá mbeadh ionnam-sa óige 's mire,
Fé mar do bhí uair éigin,
Bheadh mo chlaidheamh agam go teann im' ghlaic,
'S mé ag déanamh bros dá bplaosgaibh!



Ólfam lionn agus beoir le fonn
Agus seinnfeam tiúin do'n Ghaedhilg;


L. 24


beidh Seóirsí dubha gan choróin, gan phúint,
Gan sólás búird ná féasta.



'Sé Domhnall Ó Conaill an t-óig-fhear cumais,
Plannda ceart na nGaedhealaibh,
Mar is é do chuir ár sgéal ar bun
Agus tabharfaidh sé an Repéal leis.



Nuair a bhí sé thall i measg ár namhad,
Is é a d'iarraidh ceart do phléidhe dhúinn;
Bhí Wellington agus Peel 'n-a choinnibh
Agus ministrí reamhr' an éithigh.



Acht 'sé an nídh deir gach cnútach ghoir,
Nuair a labhraid siúd le chéile,
Ní dhíolfam sgilling, réal ná piginn,
air cad tá aige dá dhéanamh?



Tá brón is cnoc ar mo chroidhe seo istigh,
a chuala féin an méid seo,
Gur i dTuar dhubh a bhíos lem' chur
'S ná faghainn aon radharc lem' shaoghal ort.


L. 25


Acht céad moladh le Muire 's le Righ na
Cruinne,
Mar a chuala arís an sgéal so,
Domhnall a Conaill 's a cheathrar cloinne,
Teacht thar n-ais go hÉirinn.



Gur bhinne liom a chóistí a' rith
'Ná each ag Rígh na Gréige,
Teacht a phuist do dhruim na gcnoc
Ar Dair Fhíonáin aoibhinn aerach!


L. 26


"GOIDÉ SIN DO'N TÉ SIN NÁ BAIN-
EANN SOIN LEO?"



Ó, raghaidh mé ar an aonach agus ceannóchaidh
mé bó,
Ó, raghaidh mé ar an aonach agus ceannóchad
dhá bhó,
Ólfaidh mé sgilling agus imreochad coróin,
'S goidé sin do'n té sin ná baineann soin
leo?



Dá raghainn go coill chraobhach ag piocadh
sméartha nó cnó,
Ag baint ubhla de ghéagaibh nó ag aedhearacht
mo bhó,
Dá gcasfaidhe orm spéir-bhean 's dá dtabhar-
fainn di póg,
Ó, goidé sin do'n té sin ná baineann soin
leo?



Tá cailín beag theas annso gur'b ainm di
Mór,
A píob mar an eala, a leaca mar rós;
Má bhíonn sí 'gus mise um Inid fé sheol,
Ó, goidé sin do'n té sin ná baineann soin
leo?


L. 27


OIDHCHE AN GHÁLA



Éistighidh liom sealad go 'neósad mo sgéal
díbh,
An branair 's an t-éirleach a deineadh thar
bhárr,
Ag an áraícéin gaoithe do ghluias trísna
spéarthaibh, -
a'n Sgeilg do shéid sí 's a ndeas ó Lomán.
Níl crann ná tor aitinn sa talamh i n-aon áit,
Nár strac sí ó chéile iad gan aon suainne
spáis,
Do leibhéil sí an Chathair is dairbhre taobh leis,
Gan foithin ó'n spéir ortha uair bheag roimh
lá.



'S is mór an díombáidh ó Chorcaigh go Ráith,
Ó 'Bheanntraighe go Blárnain is cois Sgeilg
Mhichíl,
a thuaidh chum Cill Áirne as gach cuan
daingean láidir,
Gur leag sé gach fál is do bhris sí na
crainn;
Níl mullóg ná maol-chnoc ná gleann go
Mínéadain,
Ná gur sgrios sí gach taobh díobh mar a
bheárrfadh an deimheas,


L. 28


'S an leómhan cuthaigh éachtach dá dtiocfadh
'na gaor súd,
Do threasgaróghadh tréith é lag marbh gan
bhrígh.



Sgríobhfaimíd líne mór-dtimcheall na hÉir-
eann,
Chum go bhfaighmíd fios sgéil ar gach ár
agus gníomh, -
Na tighthe dín raobtha 'na gceó is 'na
spéarthaibh,
Agus cuisnighe dá séideadh agus splanncacha
nimhe.
B'athtuirseach léanmhar dubhach aindeis an
sgéal é,
I lár an duibhe-séidh úd istoidhche Diardaoin,
Gach fear ar cheann téide 's na páisdí ag béicigh,
Is na mná tighe ag géar-ghol 's ag imtheacht
sa bhfíoghar.



Cuirfimíd fógairt ó Chaiseal go Dóinn,
a'n gCuirreán go lóthar 'gus as soin go
Snaidhm,
Ó dheas thrí Ghleann Átha 'gus chum Ceann
Tuirc le fánaidh,
Go bhfaighmíd na ceárdaidhthe a chuirfidh suas
slinn,
Mar níl tigh ná cúirt aolbhaigh ó Chalainn go
Béarra,


L. 29


a Shráid Bhainríoghain Éireann go Donnchadh
Daoi,
Ná gur strac is gur raob sí síos go dtí an
féar iad,
'S beidh giní i n-aghaidh an lae 'gainn dá
gcur suas arís.



Níl siúinéir ná glaeséir ná eiligeóir néata,
I n-oileáinín na hÉireann ná i n-aon taobh
de'n tír,
Ná go mbeidh airgead gléigeal 'na cháirnibh i
n-aghaidh an lae 'ca,
Gach tráthnóna ag pléireacht 's ag blaiseadh
braon dighe.
Beidh an saor 's an pluiméir ann is fear
déanta an mhairtéil ann,
An seabhac adhmad gléasta gach n-aon le
n-a dtaoibh,
Beidh stáitsí deagh-dhéanta i n-áirde ins an
aer ann,
Agus gasra thréin-fhear do chuirfidh suas
slinn.



Beidh gasra sáirfhear ó'n mBanndain 's ó'n
mBlárnain,
'S ó Chonnacht na dtáinte 's ó Bh'l'Áth'Cliath
aníos,


L. 30


A dtuaidh ó Ráth Caola 's ó chuanta Mhínéadain,
Chum fuinneóga gléasta do dhéanamh gan
moill.



Beidh eaveshoots ó'n Spáinn mór-dtimcheall
gan cháim leó,
Do thiomáinfidh an bháisteach 'na srothaibh díbh
síos,
Beidh stípilí árduighthe i n-áirde as a lár súd,
Agus smísdí bradán 's a gcuinncín sa
ghaoith.



Is mar chríochnughadh ar mo sgéal díbh beidh
airgead gléigeal,
'Ge ceárdaidhthibh Éireann le sgaipeadh sa'
tír;
Beidh prás agus pláta agus billí 'na gcáirnibh,
I n-a bpócái gan spleádhchas chum rósta agus
dighe,



Ó b'é toil Ríogh na nGrás ngeal a shéid
chughainn an gála,
Ar fuaid an oileáin seo istoidhche Diardaoin,


L. 31


Do leag na caisleáin 's do leibhéil na hárd-
chnuic,
Is gach cathair gheal láidir ó Bh'l'Áth'Cliath
aníos.


L. 32


"AN SEANDUINE AGUS AN CAILÍN ÓG."



Ar seisean:
"Bhéarfainn té dhuit ar maidin, agus geal-
bhainne gabhair,
Buidéal fíon' fionn, agus gloine as mo
láimh;
Is dóigh liom go mb'fhearr mé 'ná'n buachaillín
donn,
D'ólfadh an lionn agus d'imreóch' ar chlár."



Ar sise:
"Is mór go mb'fhearra liom sgathfaire
d'fhear fhionn,
D'ólfadh an lionn is do bheidheadh tugtha
do'n chlár,
D'imireóch' sgilling ar chluithche na lúb,
'S do sheasóch' go dlúth dhom i n-aimsir an
ghábhaidh.



"Ní chuirfeá-sa cóir orm, clóca ná fúnns,
Róbaí go glúnaibh, ná ribín fé'm bhrághaid;
Tógfad mo sheóladh agus gléasfad chun
siubhail,
Agus fágfad 'sa chúinne tú ag seinm
crónán."


L. 33


Seanduine éigin eile adubhairt mar
leanas:
Is deas a dhéanfainn-se díon nó slínn do
shocrughadh ar tigh,
Nó dorn de shíoltaibh míne i dtalamh do chur;
Ní deise ná sgríobhfainn-si líne de'n mheam-
ram tiugh,
Cé go ndeirid na daoine gur baois do lean-
ann mé is clis.


L. 34


LITIR THOMÁIS RUAIDH.



Ní bhfuaireas féin a leithéid de chúnntas,
Riamh im' shaoghal ó ghaol ná cómhgus,
'S tá léighte san litir seo chúgham-sa,
Tháinig anall ó Shasana Nuadh uait.



Chuir sé mise seacht mbliadhna i n-óige,
An sgéal a chuiris anall thar mór-mhuir,
Go bhfuil tú slán id' shláinte fós ann -
Míle buidheachas le Rígh na Glóire!



Tá Éire go bocht agus go brónach:
Na daoine dá gcaitheamh amach ar na bóithribh,
Gan truagh 'san domhan dóibh, fosgadh ná
fóirthin,
'S iad ag imtheacht anonn tar mhuir 'na slóigh-
tibh -



Mar níl toradh maith ná fóghanta
I gcoirce, i gcruithneacht, ná i n-eórnain;
Agus tá na prátaí suarach go leór ann -
Le sraoilleacht na haimsire na barraí ag
dreóghadh orainn.


L. 35


Sinn stoithte, stracaighthe, briste, brúighte,
Cráidhte, céasta, snuidhte, crúidhte,
Gan allus san domhan ortha ná náire,
Bheith ár gcaitheamh agus ár gcáineadh.



Gan a luach féin ar chaora ná ar bhó againn,
Acht cíosanna troma 'na srathannaibh mór-
chuid
Ag teacht gach tráth orainn le fórsa -
Go bhfóiridh Dia orainn, má's buan an sórt so.



Nhí féidir duine d'fhagháil chun oibre ná gnótha,
Ar shon go bhfuil cailíní is buachaillí téag-
artha go leór ann;
Acht táid go neamhmhaitheach agus go droch-
mhúinte,
Mara bhfaghaid páidh mór agus biadh fóghanta.



Níl buachaill bríoghmhar lúbach láidir,
Thall ná i bhfus ar fuaid na háite,
Mar a bhíodh fad ó againn le fághail ann,
Acht iad go léir imthighthe anonn thar sáile.



Tá ceárduighthe dealbh go leór ann;
Ní inneósadh gréasaidhe bréag níos mó dhuit,
An t-am do gheallfadh duit péire bróga,
Do bheidís déanta san am gan ghó dhuit.


L. 36


Agus tá an Ghaodhluinn ag meath 's ag feódh
orainn,
Urmhór na ndaoine anois ag Béarlóireacht;
Nach bocht an cás é, na haosa óga
Bheith ag labhairt Bhéarla leis an ndream a
thóg iad?



Ní bhíonn sult ná spórt i measg na gcómhur-
san,
Ná sgéal ná eachtra againn ar thórramh,
Ná súgra san domhan, mar a bhíodh fad ó
againn,
'S is annamh bhíonn againn rinnce ar fóghnamh.

Thuas ar na cnuic agus i measg na sléibhte,
Thíos ins na gleannta agus ar fuaid na
réidhte,
An Béarla dá labhairt 's an meath ar an
nGaodhluinn -
An teanga úd do labhair Pádraig Naomhtha,



An teanga a labhair gaisgidhigh na Féinne,
An teanga 'n-ar tugadh an Creideamh go
hÉirinn,
An teanga ba dhual do Chlannaibh Gaedheala,
An teanga a labhradh gach am i nÉilge.


L. 37


Dá gcuirfeadh na sagairt le n-a chéile
Chomh maith agus choimeádar an Creideamh
i nÉirinn,
Agus na daoine a chur leó i n-éinfheacht,
D'aithbheóghaidís gan mhoill an teanga Ghaedh-
ilge.


L. 38


ÓRÓ, 'S NÁCH BRÓNACH MO SHLIGHE?



Fonn: "Raigh túral a lúral a lae."



Nách mór an truagh mise gan tuínte de'n
mhnaoi,
Cois taoibh an chnaisde, cé gur mór do shiubh-
luigheas?
Ghabhas suas trí Chnoc Málain agus chuadhas
go dtí an Fíoghar,
Níor stadas do'n stáir sin gur chuadhas soir
go Glísc,
Agus óró, 's nách brónach mo shlighe?



Chuarduigheas na Cealla 'gus Clochán Mhágh
Cuínn,
An Baile Dearg is tríd an gCoimín,
Siar cois na Ranna 's go Dairbhre an ghrinn;
Ghabhas as sain treasna go Port Mhág Aoidh,
Agus óró 's nách brónach mo shlighe?



Do chuarduigheas an Corrach di 'gus Míleach
Ghóilín,
Dún Géagáin agus Cill Úr Luighe,
Baile na Sgealg mar a mbíonn cuileachta i
mbun fíon';
Chuireas Sléibhte na gCúl díom gur chuadhas
go dtí an Chill,
Agus óró 's nách brónach mo shlighe?


L. 39


Cuarduigheas Cnoicín a' Mhadra agus an
Cheapcha Bhuidhe,
'S aniar go Cúm a' Chárthainn go dtí Fíonán
a' Ráithín,
An Garrán Dothasach 's an Charraig aníos,
'S, do réir mar a mheasaim, na Ladhracha síos,
Agus óró 's nach brónach mo shlighe?



Chuarduigheas an Chluain di agus suas go
Formaoil,
Imiollach Péiste 's an Charraig arís;
Seo a dtuaidh thríd an dTuar me mar a
mbíonn Phoebus ag faoidhe;
Chuadhas síos go dtí an Rinn Ruadh mar ar
thugas tamall im' shuidhe,
Agus óró 's nách brónach mo shlighe?



Nuair a chuireas an tÁth dhíom, chuarduigheas
an Mhuiribheach,
Spúnncán ó dheas 's an Cuirreán siar síos,
Soir an Bheann Bhán mar a bhfuaireas radharc
ar Loch Laoi,
Chuadhas go dtí Máire Mhártain mar a bhfuair-
eas lóisdín,
Agus óró 's nách brónach mo shlighe?



Ar maidin i mbáireach, nuair éirigheas im'
shuidhe,


L. 40


Chuarduigheas Drom Caor agus Cill a' Ghoirt-
ín,
Cathair Sabháin 's na Gearraibhní síos
'S anonn go Crois a' Chárta mar a bhfuil
Cróchán De Faoit,
Agus óró 's nách brónach mo shlighe?



Do chuarduigheas Cúm Beatha agus Bealach
Oisín,
Tuar a'Chlodáin agus Poll na Cré Buidhe
Tulaigh Fhaoileáin agus suas tríd an gcoill,
Chuadhas go dtí an Roíthleán mar a bhfuil
Paidí an tSnaoisín,
Agus óró 's nach brónach mo shlighe?



Chuarduigheas na Corra is ghabhas tríd an
Doirín,
Trí Ghort a' tSléibhe 's go dtí an tOileán
Buidhe,
Inse na Tuinne agus Bun a' Doirín,
'S níor stadas gur chuadhas go dtí Breall a'
Túirín,
Agus óró 's nách brónach mo shlighe?



Chuarduigheas an Faithche agus Tír a Maoil,
Ghabhas tríd an gCabhlaigh 's anall thríd an
dTuinn,


L. 41


Suas go Tír Ráth 's an Muileann aníos,
Siar go Coill Chárthainn mar a bhfuil Rinn
Ruisín,
Agus óró 's nách brónach mo shlighe?



Anois atáim cortha, mar is mór do shiubhluigh-
eas;
Tá m'aghaidh ar a' mbaile chomh singil 's d'im-
thigheas;
Tá cluig ar mo shálaibh 's gan luid ar mo
bhuínn;
'S gur chaitheas-sa seachtmhain i dtigh an
Róistín,
Agus óró 's nách brónach mo shlighe?


L. 42


AR BRUACH NA TUINNE.



Fonn: "An Táilliúirín Magaidh."



Do bhíos-sa lá i Mainge 's mé ag taisdeal
cois abhann na Slaod,
An fáinne do dhearcas ar iomaire lom de'n
bhféar;
Do léimeas go hobann, 's ní socair a bhíos
im' chéill,
'S do thuit sé as mo dhorn, 's ba dhoilbh an
duain liom é.



Thíos cois na tuinne 'seadh chuireas an fáinne
amugha,
Annsúd 'seadh do dhearcas an fhinne-bhean
áluinn fhionn;
Bhí a gruadh mar an luisne, 's a gile mar
bhláth na n-ubhall,
'S do mheall i ngrádh mise, 's níor leig sí mo
shláinte liom.



Bhí lítis 'na leacain ag caismirt trí lú'ramh
caor
'S ba chaoile í a mala 'ná dais ag an úghdar
léighinn,


L. 43


Ba ghlaise í ar a dearcaibh 'ná seamar bhog
dhrúcht de'n bhféar
'S a béal tanaidhe meala gur cheapas nár
chúm riamh bréag.



Ba ghile í 'ná an sneachta 's 'ná an eala ar an
dtuinn 'na stad,
'S 'ná an bhláth bhán ar chrannaibh i gcionn
sgathaimh do'n tsamhradh amach,
Nuair a bhailighid na beacha a gcuid meala
san úsgairt cheart
Mar stór i gcóir a chaithte nuair a chasann an
geimhreadh ar theacht.



Bhí a folt fada, muireannach, snaidhmneach,
táitheach, fionn,
'Na beartaibh léi ag tuitim, 's gach ribe dhe
ag fás go drúcht;
Bhí luisne trí ghile ag iomaidh gan fáth 'na
gnúis -
D'fhúig támhach lag mise 's, mar thuigim, na
táinte liom.



An fíor gur tú an bhruinneall ó Chonnacht
chum fáin do sgiúird,
Nó an fíor gur tú an bhruinneall go deimhin
do phléidh an t-ubhall?


L. 44


An fíor gur tú an bhruinneall os a coinne
gur traochadh Conn,
Nó tétis mhilis bean dhlisdeanach dhé na
dtonn?



An fíor gur tú an ainnir gur cailleadh léi
mílte flaith,
Nó Prospée an bhean chailce gur dá deasg-
aibh do claoidheadh an fear,
Nó an déid-bhruinneall reatha úd gur lean í
go hÉirinn Dailc
Do dhruím tonntacha fairrge ag taisdeal i
gcéin thar lear.



An fíor an tú an ainnir do thaisdeal ó'n
nGréig thall chughainn,
Thug na seacht míle pearsa do'n arm ghlan
ghléasta a dtiúin,
Gur buaileadh léi cath 's do cheangail go
daor mac Cumhaill,
'S do thug cuireadh chum caithte mar sganaill
dá thréadaibh clúmhail?



An fíor, an tú an ainnir gur cailleadh léi
mílte laoch,
Thug Páris a-bhaile thar caladh 'na árthach féin,
Gur dheaghaidh capall maide go cathair ríogh-
ámhail na Trae
Le súil le hí chasadh 's gur cailleadh na
táinte léi?


L. 45


COIS CHALAITHE AN GHÓILÍN.



Comhrádh idir Tomás Ruadh agus an Laoighiseach,
file eile.



Tomás Ruadh (taobh amuigh de'n ndorus):
Cois chalaithe an Ghóilín
'Seadh chómhnuigheann mo bhuidhean-sa,
'Gus anois táim im' dheóraidhe
Ag lorg ósdaidheacht na hoidhche.



An Laoighiseach (istigh), ag freagairt:
Annso gheóbhair do lóisdín,
Má's deóraidhe san tír thú,
Agus maighre chiúin d'óg-mhnaoi
'Na róbái, má's gnaoi leat,
'S an bó leó.



Tomás Ruadh:
Plannsaí ná róbaí
Ar óg-mhnaoi níor ghnaoi liom;
Acht foghluim is sgólaidheacht
Is fólaidheacht le sinnsreacht.
B'fhearr liom seana-bhean bhreóluidhe
Go mbeadh seacht n-órlaigh de phíop aici
Chuirfeadh orm cóir bhídh
'Ná ceól sidhe na ríoghachta,
'S an bó leó.


L. 46


An Laoighiseach:
B'fhearra dhuit óg-bhruinneall gheal-
chroidheach
Gan sgólaidheacht gan rinnce,
Ná beadh dúil aici i mbeadaidheacht,
I gcleasaidheacht, ná i n-aoibhinteas,
Do choimeádfadh do leanbhaí
Go teasaidhe san oidhche,
'Ná fráma fuar caillighe
Bheadh aicídeach cnaoite,
'S an bó leó.



Tomás Ruadh:
Bíonn na boineannaigh beadaidhe
'S a lochtaí le n'ínnsint
Dá ndeasgaibh ar faithchíbh
Gur marbhuigheadh na mílte -
'Siad d'fhág go lag-bhrígheach
Na gaisgidhigh dob' aoirde,
Agus d'fhág mise ar mearaighe,
Cé gur beathuigheadh le saíll me
'S an bó leó.



An Laoighiseach:
An bhuidhean gur díobh mise
Bhí na boineannaigh béasach;
Ní raighdís ar mire
Ag ól gloine le haon-fhear.


L. 47


Bhíodh ól agus ithe
'Na gcistin gach féile,
Is fáilte 'gus fiche
Dá dtigeadh na céadta,
'S an bó leó.



Tomás Ruadh:
Má bhíodar fial flaitheamhail
Agus banamhail dá réir sin,
Do chroidhe-se ní'l fearamhail,
A bhastúin an éithigh!
Dá gcasfaidhe tú chugham-sa
Nuair a bhí dún agam féinig,
Ní hag dorus mo chúirte
Bheinn a' tabhairt mo leithsgéil duit,
'S an bó leó.



An Laoighiseach:
Is file maith thusa,
Agus tuigim do laoithe;
'S is file eile mise
Do sloinnigheadh ó'n Laoisigh.
Tar isteach chum na teine,
'S bí ag cur síos do ghníomhartha;
Tá an ciotal ag friuchaidh
'S ag cliosmairt ar díthcheall,
'S an bó leó.


L. 48


Tomás Ruadh (tar éis teacht isteach):
Ciacu des na mnáibh seo
Do sháruigh na béithe
Gur mholais a cáile
Thar bhábaibh na hÉireann;
Fios a hainm' ní fuláir,
'S é fhagháil dom 'na bhéarsa,
Nuair imtheóghad-sa i mbáireach
Go mbead ag trácht thar a' réilthionn,
'S an bó leó.



An Laoighiseach:
Siúd í thíos ag fuagháil í
Go sásta 'na haonar;
Is ainm di Máire
Le háireamh as Gaodhluinn;
Tá a súil mar an áirne,
'S a dá mhala chaola,
'S a gruaig 'na rothánaibh,
'S is breághtha í 'ná Bhénus,
'S an bó leó.



Tomás Ruadh:
A dhuine na n-árann,
Is náireach mar sgéal duit
Nár leig leis an mbás í,
Má tháinig dhá héileamh;


L. 49


'S go mb'fheárr liom-sa an bháb so -
Gan fagháil léi acht an léine -
'Ná dá bhfaghainn-se lán árthaigh
De phláta mar spré léi,
'S an bó leó.



An Laoighiseach:
Ní dhéanfadh an bháb so
caidhp lása ná léine,
Ná obair sprigeáltha
Ní dheállróghainn léi ar ao' chor;
Bróg chluthmhar shásda
'S í táthuighthe déanta,
'S is deacair í cháineadh,
Cniotáileann sí féin iad,
'S an bó leó.

Tomás Ruadh:
Is ró-dheas an áis sin
Chum lása do dhéanamh,
Snáthad dhearnáltha
Ag cur fáithim ar léine,
Córda mór cnáibe
Dá fásgadh le chéile,
'S an anairt chomh geárrtha
Le mála an phéidléara,
'S an bó leó.


L. 50


An Laoighiseach:
Leog feasda dod' dhántaibh,
A sháirfhir gan aon locht,
'S, mara molair, ná cáin í
Go bráth ar an méid sin;
Gur ró-fhada bhí an tsnáthad
'S an snáth ná raibh caol deas
Fé ndearna dhi an fháithim
Chur contráltha ar an léine,
'S an bó leó.


L. 51


LÁ 'LE PÁDRUIG



(An máighistir léighinn agus an sgológ.)



Fonn: "An Brianach Óg."



Lá 'le Pádruig 's mé ' m' shuidhe i dtigh 'n
Tábhairne
Bhí cuideachta áluinn lem' ais ag ól -
Bhí maighre mhánla na gcuacha mbán ann,
A súile mar áirne 's a gruadh mar rós;
Bhí dís de sháir-fhir 'na suidhe ós cionn cláir
ann
Do thug searc 's grádh do'n réalthan óg:
Fear súiste 's ráine, agus máighistir sgoláirí
Do sgríobhuigh a lán 's do léigh go leór.



Do labhair gach n-aon acu go blasda i
nGaedhluinn,
Dhá mholadh féinig leis an maighdin óig,
Féachaint a mb'fhéidir í mhealladh ar ao' chor
Le cómhrádh béil nó le bualadh ar bórd.
Do labhair an spéir-bhean bhí modhamhail tais
maordha:
Ní mholfainn féinig an té is áilne snódh;
Acht an té ba léire chum tighis do dhéanamh,
Is é ba mhéinn liom do theacht im threó."


L. 52


an máighistir:



"Is mise mhúineas na sagairt chúmhachtach
'S na bráithre múinte do théidheann do'n
Fhrainnc,
Lucht dlighthe mhúsgailt i dtighthibh cúirte,
'S na dochtúirí do dhéanann léigheas.
Im' bhuig bíonn púdar, im' bhróig bíonn búcla,
Is deas mo húda 's mo Charoline;
Ag síor-ól brannda 'seadh bhím gan amhras
Nuair bhíonn an bhrúid bhocht ag rómhar go
doimhin."



an sgológ:



"Gabhaim mo chéachta is treabhaim na réidh-
chnuic:
Beathuighim féinig gach ar áirmhighis fós;
Sin cuid dem' shaothar an chruithneacht chraorach
'S an eórna ghlé úd a dhéanann beóir.
Nuair théidhim ar aonach, bíonn feirc im
bhéabhar,
'S is ró-bhreágh thaosgaim puins ar bórd,
Nuair a bhíonn an réice ag siubhal na hÉir-
eann
'S a chleití géadhna 'ge mar phas 'n-a dhóid.



"Do rómharfinn bán duit go lúbach láidir,
Is chuirfinn a lán duit de'n síol i gcré;


L. 53


'S, a Dhia na ngrásta! nár mhór go mb'fheárr

'Ná an mháighistir sgoláirthí 's a mhálaí léigh-
inn?
Ba mhór an léan liom do leanbhaí ag géar-
ghol,
Gan tuínte an éadaigh acht an súisín buidhe,
Ag ól bláthaighe géire le prátaí téithte,
'S gan fagháil i n-ao' chor 'cu ar ghreim dhe'n
ím."



an cailín:



"Mo ghrádh 's mo laogh thú, mo bhuachaill gléi-
geal!
Is tú mo chéile anois, admhuighim;
Do shiúbhlóghainn Éire leat ar fódaibh caola
Sar a bpósfainn féinig aon spreallairín:
Gan fhagháil mar bhéile uaidh acht an sgadán
caol-ghuirt
Agus braoinín géar ó-s na margaidhibh,
'S go mbeidheadh mo pháisdí ag géar-ghol, gan
tuínte an éadaigh,
Acht iad ag stolladh a chéile le ceal an
bhídh."


L. 54


CÓMHAIRLE D'FHEARAIBH ÓGA



Fonn: "Na Bearta Cruadha."



Do bhéarfainn cómhairle d'fhearaibh óga,
Is déarfad fós nách ar dtuathal,
Gan bean do phósadh le grádh dá bólacht,
Acht do réir mar gheobhaidís a tuairisg;
Mar, i dtaobh na mbó so, ní'l ionnta acht lón
beag -
Ní bhíd siad beó acht ar uairibh,
'S gur b'é mo bhrón-chreach nach fiosach dómh-sa
Cia'cu lón is buaine.



Tá cailín ceannsa deas de'n cheanntar
Gur thugas greann na n-aodh dhi,
'S is í gan amhras do bhain mo mheabhair díom,
'S d'fhág mo cheann gan éifeacht;
D'éirigh spanng dom le racht éagsamhlach
'S le gníomharthaibh fallsa an tsaoghail seo,
Do chuadhas de'n stanng sain go Droichead
Banndan,
Go siopa brannda léi isteach.



'Siad cúrsaí an tsaoghail seo do mheall go
léir mé,
Is chuir uait féin me, a óigbhean,
Go bhfuil mórán Éireann, cnoc is sléibhte,
Eadrainn araon mar theórainn;


L. 55


Fios mo sgéil-se ní'l ag éinne,
'S ní chodlaim néal ar fóghnamh
Le heagla go ndéanfadh rún mo chléibh-se
Mo mhalairt féin de nóchar.



Nach ró-bhreágh an dúthaigh go mbéarfainn
liúm tu
Trí choilltibh dubha na nDéise,
Mar a mbíonn an smólach 's an lon go ceól-
mhar
'S an t-iasg um neóin ag léimrigh;
Bíonn croínn ag lúbadh fé thorthaibh chúmhra 'nn,
A's bláth na n-ubhall ar ghéagaibh,
An chuach gan amhras i dtúis an tsamhraidh,
Fiadh na mbeann agus céir bheach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services