Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cosa Buidhe Arda II

Title
Cosa Buidhe Arda II
Author(s)
Mac Coluim, Fionán,
Pen Name
Droigheantóir / Fínghín na Leamhna / Gio
Compiler/Editor
Mac Coluim, Fionán
Composition Date
1924
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


COSA
BUIDHE ÁRDA



AN DARA CUID



SÉID, A BHUACHAILL.



Gléas F. Go mear. M. Ní Annagáin.



Séid! Séid! Séid! a bhuachaill!
Séid! Séid! Séid! a bhuachaill!
Síos 'dtí 'n doras
's suas 'dtí 'n chúinne,
Brisfe mé do chosa
mara ndéana tú mo chómhairle!



Séid! Séid! …



[Maighréad Ní Annagáin do thug dom é seo idir ceól is focail.
Saghas máirseála' bhíodh ag garsúnaibh fad ó iseadh é. Ní mór é
chanadh go han-tiugh. F. na L.]


L. 2


CLUICHE CHUN LEINBH A BHRÉAGADH.



An cómhrádh beag so leanas do rádh go mear, san am
gcéadna buillí beaga do bhualadh le cipín ar bhonn coise
an leinbh, ag cur chrú air mar dh'eadh:



A bhfeaca tú Diarmuidín?
Ghaibh sé siar anso,
Meanaithe is sgian aige,
Is láirín bheag riach aige,
Is é ' deisiú iallaite.
N'fheadar a bhfaghainn greim air?
Gheóir má shiúbhlair!
Siúbhalfad má fhéadaim.



(Ag abhrán ansan:)



I.



Hubaitse! Hubaitse! 'chapaillín spágach!
Beimíd i gCorcaig an taca so amáireach.



II.



Hach amach! Hach amach! Hach amach' Theighdí!
Hach amach 'chapaillín Dómhnaill na Caidhpe.



III.



Cuir-se an crú is cuirfhead-sa an táirne,
Is beimíd i gCorcaig ar maidin amáireach



IV.



Cuir crú! Cuir crú! ' ghear'ráinín spágach!
Is beimíd i gCorcaig an taca so amáireach.


L. 3


CAITH AMACH, CAITH AMACH.



Bhéarsaí I agus II.



Gléas D.



Bhéarsaí III agus IV.



[Ó Shéamus Clanndiolúin is ó Phádraig mac Suibhne do fuaireas
adhbhar an chluiche seo fé mar bhíon sé i nDéisibh Mumhan. Fuaireas
an ceól agus dhá bhéarsa dhe'n abhrán ón Athair Tadhg Ó Súilleabháin
ón bhFaill Mhóir in Íbh Ráthach, thall i Lúnndain tá ós cionn fiche
bliain ó shoin. Tá béim ghotha ar an siolla tosaig .i. ar hub,-hach-
cuir, i ngach bhéarsa.



Deirtear "hach amach" le capall chun é thiomáint. Béidir gur ó "Chaith
amach" é is béidir nach eadh. "Tidy" ab ainm do'n chapaillín.]


L. 4


AN CAIPÍN DEARG.



A mhíle mhíle bhogadán!
A chlogadáin! a chladhaire!
Tá na ba ar iarraidh.
Cé raghaidh 'á n-iarra'?
Mise 's tusa, mac an Iarla
Is Diarmuidín Ó Duinn.
Gach cloch, gach crann,
Gach bata caol cam,
Dá bhfuil in sa ghleann,
A' tuitim ar do cheann,
Mara dtaga' tú in am,
Is do Chaipín Dearg ort!



[Ó Íte inghean Shéamuis Clanndiolúin do fuaireas é seo. Tá
slighe aici chun é rádh go han-tiugh mar a bheadh glór pónaí ag sodar
ar stealla. Bainean sé le ceann des na sean-chluichí bhíodh ag
leanbhaíbh sa Ghaeltacht .i. cipín a dhearga sa teine is é choimeád ag
casa tímpal a rádh na bhfocal go tiugh san am gcéadna.



Sé an "caipín dearg" an cipín tar éis é dhearga sa teine. Le
linn an dá fhocal so do rádh tugtar go hobann do dhuine eile de'n
chuileachtain é. Bíon deabhadh ar gach aoinne acu sar a raghadh
sé in éag is é aige féin. Vide an cluiche "birín beó" san leabhrán
go dtugtar "an Sgoraidheacht" air, leathanach 23.



Ó Duinn (pron. O dhieng) = O'Dunne. Deir Pádraig Mac
Suibhne liom gur "firín beag ó'n gcoill" bíon ag a mháthair féin
in inead "D. Ó Duinn." — ]



SCOLÁIRÍ NA SCOILE.



Scoláirí na scoile,
Gobadóirí na gorta!
D'íosaidís na clocha,
Dá mb'éidir iad a chogaint.



[Sa dro' shaoghal ní bhíodh aon scruid i lár a lae ag na leanbhaíbh
bochta agus bhíodh ocras buile ortha i slighe is go n-íosaidís arán buidhe
cruaidh, nó aon ní a n-ao' chor i bhfuirm bídh go bhfaghaidís greim air.
Ba minic, leis, ag sceilpéaracht ar thurnapaíbh, agus rl., iad ar an slighe
a bhaile.]


L. 5


TIC! TEAIC! TIÚ!



Gléas C.



Gheóbhadsa tairnge
is cuirfead é i gcrú



Spíc' anso, spíc' ansúd!



Tairnge 's crú!



[Buillí beaga do bhualadh ar bhonn coise nó bróigín an leinbh le
linn so do rádh. Deirtear "Drive the nail thru!" uaireanta in
inead "Tairnge is crú" sa 3adh Bhéarsa. Fonn Ó Oileán
Manannan atá curtha leis seo agam. Bíonn na focail seo
leanas in eirball an amhráinín, do réir Thomáis Uí
Chriomhthain: — "Cruite déanta is ca bhfuil na capaill? Séid na builg a Nóra!"]



DEAMHDARÓ DEAMDARÓ.



Deamhdaró deamdaró!
Is deallrach let' athair thu!
Is dá chómhartha gur deallrach,
Ta lúidíní cama agat!



[Mar a chéile "Douduro damduro" is "dandraimín," .i. naoidh-
eanán mic.]


L. 6


GOGAÍ Ó GAOG.



Gléas F. Ar fhonn: "Páinseach na n-ubh."



I.



Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?
Má dhéinim sa chlaidhe í,
Gheóbhaidh an caistín í,
Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?



II.



Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?
Má dhéinim sa dún í,
Gheóbhaidh an cúirliún í,
Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?



III.



Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?
Má dhéinim sa tráig í,
Gheóbhaidh na faoileáin í,
Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?



IV.



Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?
Má dheinim sa chorrach í,
Gheóbhaidh an snag breac í,
Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?



[Is féidir leanmhaint do so faid is maith leat ach iad a chur ag
oireamhaint dá chéile. Tomás Ó Criomhthain.]


L. 7


V.



Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?
Má dhéinim sa chré í,
Gheóbhaidh an dardaol í,
Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?



VI.



Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?
Má dhéinim sa tsliabh í,
Gheobhaidh an girrfhiadh í,
Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?



VII.



Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?
Má dhéinim sa mhóin í,
Gheobhaidh buachaill na mbó í,
Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?



VIII.



Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?
Má dhéinim sa tuighe í,
Gheobhaidh na leanbhaí í,
Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?



IX.



Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?
Dá ndéanainn sa chruaich í,
Do gheóch an bhean rua í,
Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?



X.



Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead?
Dá ndéanainn sa ghleann í
Do gheóch an fear cam í.
Is ní fheadar 'en domhan! cá ndéanfad mo nead?


L. 8


CÉ CHUIRFE TÚ LIOM.



(Amhrán agus Cluiche.)



Gléas F.



Cailín mór — Beantighe mar dh'eadh — n-a suidhe is í ag
fuagháil nó ag cniotáil. Scata Leanbh lámh ar láimh a chéile
ag gabháil tímpal i bhfuirm fáinne, go meidhrach séirseach
fastuímeach. I lár an fháinne istig tá cailín beag is seál
nó húda uirthi: tosnuighean sise ar an amhrán.



I.



An cailín beag le bean an tighe:



Cé chuirfhe tú liúm, ag casadh na mbó,
Ag casadh na mbó,
Ag casadh na mbó,
Cé chuirfhe tú liúm, ag casadh na mbó,
Mar "Diolsaí dealsaí déró?"



II.



Na leanbhaí go léir:



Cé chuirfhe tú léi, ag casadh na mbó,
Ag casadh na mbó,
Ag casadh na mbó,
Cé chuirfhe tú léi, ag casadh na mbó,
Mar "Diolsaí dealsaí déró?"


L. 9


III.



An cailín mór á freagairt:



Cad a thabharfhair dom ar 'ainm do rádh,
Ar 'ainm do rádh,
Ar 'ainm do rádh,
Cad a thabharfhair dom ar 'ainm do rádh,
An "Diolsaí dealsaí déró?"



IV.



Na leanbhaí go léir:



Cad a thabharfhair di ar 'ainm do rádh,
Ar 'ainm do rádh,
Ar 'ainm do rádh,
Cad a thabharfhair di ar 'ainm do rádh,
An "Diolsaí dealsaí déró?"



V.



An cailín beag:



Gheóir hata páipéir ar 'ainm do rádh,
Ar 'ainm …
Ar 'ainm …
Gheóir hata …
An "Diolsaí …"



VI.



Na leanbhaí:



Gheóir hata, agus rl. (mar atá thuas)



VII.



An cailín mór:



Ní leór é sin ar 'ainm do rádh,
Ar 'ainm …
Ar 'ainm …
Ní leór …
An "Diolsaí …"


L. 10


VIII.



Na leanbhaí:



Ní leór é sin, agus rl. (mar atá thuas).



IX.



An cailín beag arís:



Gheóir Cnoc Maol Domhn is é lán de ghabhair,
'S é lán de ghabhair,
'S é lán de ghabhair,
Gheóir Cnoc Maol Domhn 's é lán de ghabhair,
Maidin Domhnach Cásca.



X.



Na leanbhaí:



Gheóir Cnoc Maol Domhn, agus rl.



XI.



An cailín mór:



Ní leór é sin ar 'ainm do rádh, agus rl.
(mar bhí cheana).



XII.



Na leanbhaí:



Ní leór …



XIII.



An cailín beag:



Seo dhuit mísleáin ar 'ainm do rádh,
Ar 'ainm …
Ar 'ainm …
Seo dhuit mísleáin …
An "Diolsaí …"


L. 11


XIV.



An cailín mór tar éis ceann des na mísleáin a bhlaise:



Gheóir Diarmuid Ó … um! an buachaill bán,
An buachaill bán,
An buachaill bán,
Diarmuid Ó … um! an buachaill bán,
Mar "Diolsaí, agus rl."



XV.



Na leanbhaí:



Diarmuid Ó … um! an buachaill bán,
An buachaill bán,
An buachaill bán,
Diarmuid Ó … um! an buachaill bán,
An "Diolsaí …"



XVI.



An cailín beag:



Air sin do chuirfhinn an tsail is mó gheóinn,
An tsail is mó gheóinn,
An tsail is mó gheóinn,
Air sin do chuirfinn an tsail is mó gheóinn,
'S an fóidín is truime sa choill air!



XVII.



Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn,
N-a choinnibh thar abhainn,
N-a choinnibh thar abhainn,
Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn,
Is d'fhágfhainn-se thall go bráth é!


L. 12


XVIII.



Na leanbhaí:



Air sin do chuirfheadh an tsail is mó' gheóbhadh,
An tsail …
An tsail …
Air sin …
'S an fóidín is truime sa choill air.



XIX.



Ní chuirfheadh sí a capall n-a choinnibh thar
abhainn,
Na choinnibh …
Na choinnibh …
Ní chuirfeadh …
Is d'fhágfadh sí thall go bráth é.



XX.



An cailín mór arís:



(Seadh!) Gheóir Dómhnall Ó … um, an
buachaill bán,
An buachaill bán,
An buachaill bán.
Gheóir Dómhnall Ó … um …



Mar "Diolsaí …"



XXI.



Na leanbhaí:



Dómhnall Ó … um, an buachaill bán, agus rl
An "Diolsaí …"


L. 13


XXII.



An cailín beag (i gcás go bhfuil sí sásta):



Air sin ní chuirfhinn ach an tsail is lugha gheóinn,
An tsail …
An tsail …



Air sin …
Is fóidín beag éadtrom ón gcoill chughat.



XXIII.



Iad go léir ag síne a méarana i dtreó an chailín bhig:



Dómhnall Ó … um! Isé do ghrádh,
Isé do ghrádh,
Isé do ghrádh,
Dómhnall Ó … um! Isé do ghrádh,
Is fantha tú thall go bráth leis.



[Griogan so an cailín beag agus dírighean sí ortha chun
iad a stop. Pé leanbh go mbeirean sí uirthi bíon uirthi
sin seasamh i lár an fháinne bouta ansan, is tosnuighean
an cluiche arís. Má oirean do leanbhaíbh an t-abhrán do
chiorrú ádhbhar, ná bactar bhéarsaí XVII., XIX., agus
XXI.]



NÓTA.



Ó Sheán Ó Conaill, Bólus, Baile na Sceilge, fuaireas adhbhar
an chluiche seo an chéad lá. Dubhairt sé liom gur "amhrán saothair"
é ag baint le "tarrac na brón" is le "tabhairt sail ón gcoill"
(i gcóir na teine). Do chuireas deich gceathramhain de i gcló san
"lóchrann" i mí na Bealtaine, 1916. D'airigheas n-a dhiaidh sin
smut eile dhe anso 's ansúd. Bhí leagan de ag "Gruagach an
Tobair" a thosnuighean:



"Cé chuirfe tú liúm ar thaobh na long … go n-éalóghad leis
anonn."



D'airigheas rud mar é i mBéarla leis ag leanbhaíbh:-
Le cabhair An tSeabhaic do chuireas le chéile na focail mar atá
anso is an cluiche a bhainean leo comh maith is dob féidir liom,
ón adhbhar do bhí le fáil. — F. na L.


L. 14


AN DÁ PHRÉACHÁN



An chéad phréachán: Bhác! bhác! bhác! Fuair an
capall bás!
An dara préachán: Cá bhfuair sé bás?
An chéad phréachán: I gconntae 'n Chláir.
An dara préachán: An bhfuil sé méith?
An chéad phréachán: Saíll go léir!
An dara préachán: An leogfá mise leat?
An chéad phréachán: Th'anam 'on phláig!
Níl ann ach cuaillín cnámh.


L. 15


CUIT Ó CAIT Ó.



(Caint na bPréachán.)



Cé tá amuigh?
Mise Priuc!
Cad tá agat?
Spóilín maith méith!
A bhfaghad-sa stéig?
Ní bhfaghair go deimhin,
Ca' na thaobh san?
Mar tá muirear maith mór orm féin.
Cé h-iad san airiú?
Cuit ó, Cait ó, Cormaicín,
Cliamhain mhic an eirbaillín,
Agus an t-Eirbaillín féinig,
Cúigear sagart ó Chill Chródhach,
Cúigear feadóg, cúigear fiach,
Dhá mhaistín ana-shúgach,
An sciortán crúbach,
'S an préachán liath.



RAITHINEACH.



Raithineach, a bhean bheag!
Raithineach, a bhuidhneach!
Raithineach, a bhean bheag!
Sgiob an chearc an t-im léi!



TRIALACH, A BHODAIG.



A Thrialach, a bhodaig!
Cad é sin, a chogar?
Má fhaghaim-se bás
Sar a bhfaghair-se bás,
Bíodh an oighreacht agatsa!



[Cluiche beag bhíonn ag leanbhaí ar nós "Píosam Pósam" é seo.]


L. 16


LEANBH AN CHLAMHRÁIN.



Fonn: "Tally hi ho, hi ho." (Féach leath 45.)



I.



Leanbh tormais:



Níl aon leanbh sa dúthaig chómh h-aindis liom,
Mo mháthair gach aon lá ag bruighin liom!
Bíonn mh'athair am' prioca' 's am statha' leis,
— Ní (bh)fhuaireas mo dhóthain le n-ithe le mí
uaidh!



Luinneóg:



Cumá ná beiríghean sibh bainne dhom?
Cumá ná tugan sibh im dom?
Cumá ná téidhean sibh dho'n chathair
Ag ceannach luach leath-phinge 'chísdí.



II.



Mara bhfaghad-sa na císdí ar maidin uaibh,
Fanfhad sa leabaidh go h-oíche,
Ní leogfhad do mháthair ná d'athair, leis,
Mo "cheannín deas cailce" do chíora.'



Cuma, & rl.



III.



Tá mo mháthair gach lá ag gabháil stealla' dhom,
Is m'athair ag gabháil dom ist-oíche,
Bíon Síle is Peadar ag maga' fúm,
Is táim marbh ar fad aige Suímon!



Cumá, & rl.


L. 17


IV.



Ach gearánfhad mo mháthair — lem' athair,
Is gearánfha mé m'athair le Síle!
Gearánfha mé Síle le Peadar
Is leis a' gcaitín a ghearánfha mé Suímon!



Cumá, & rl.



V.



Tá mo mháthair a' dul chum na h-aindeise
Ní (bh)fhaghaim uaithe peandí ná císdí,
Ach ubhín sicín gach aon mhaidean dom,
Is le ráithe ní thug sí aon im dom.



Cumá, & rl.



VI.



Buailean fonn súgraidh anois é:



Caithidh anáirde go cneasda me!
Agus deinídh mé chutadh gan luighe orm!
Seinnídh go meidhreach dom poirtín deas,
A chuirfidh mé a' raide 's a' rinnce!



Cumá, & rl.



VII.



Caithidh me anáirde ins na frathacha,
Agus leigidh dom tuitim chun Síle!
Caith-se, a Shíle, chun Peadair me,
Agus beir-se me, a Pheadair, a' rinnce!



Cumá, & rl.


L. 18


PÁIDÍN Ó RAIFEARTA.



Gléas F.



I.



Tá bríste gan bhásta aige Páidín Ó Raifearta,
Cas'óg gan chába aige Páidín Ó Raifearta,
Tá lán a' tighe'pháistí aige Páidín Ó Raifearta,
Is d'éaluigh Peig Bhán le Páidín Ó Raifearta.



Curfá:



Páidín is Páidín is Páidín Ó Raifearta,
Páidín is Páidín is Páidín Ó Raifearta,
Páidín is Páidín is Páidín Ó Raifearta,
Is d'éaluigh Peig Bhán le Páidín Ó Raifearta.



II.



Nuair a bhím-se sa tsráid is tnáite 's is lag a
bhím,
A' féachaint ins na h-áird i ndiaidh Pháidín
Uí Raifearta,
Táimse gan sláinte 's níl fáil ar mo mhaitheasa,
Ó d'éaluigh Peig Bhán le Páidín Ó Raifearta.



Curfá:- Páidín, & rl.


L. 19


EACHTRA SHEAINÍN.



Ghabhas-sa lá siar anso,
Ghabhas-sa lá aniar anso;
Thárlaidh fear orm,
Thárlaidh bean orm,
Thárlaidh maidrín gearra glas orm;
D'fhiafruigheadar díom a raghainn ag bualadh,
Dubhart-sa go raghainn
dá bhfaghainn mo thuarasdal,
D'árduigheadar leo me,
agus chuireadar chun cró me,
Do thugadar dom súistín iarainn,
agus punainnín eornan,
Agus bhíos ag bualadh,
go hárd 'n tráthnóna;
D'iarras mo dhinnéar,
ar chailleach an spáinéir;
Dubhairt sí ná faghainn,
ach gruth agus meadhg,
i gcuibhreann an ghadhair;
Dubhart léi go bhfuighinn
arán, ím agus uibhe,
i gcuibhreann an ríogh.
Rug sí ar an dtlúth,
agus bhris sí mo ghlún;
Rugas ar an gcamán,
agus bhriseas a cromán;
Do léimeas 'n chómhra,
agus d'itheas mo dhóthain,
d'arán mhin' eórnan.
Siúd Amach an gadhar
Siúd mise n-a dheaghaidh!
Do chualaidh an rí é:


L. 20


"Cad tá ort, a Sheáinín?" ars an rí.
"Cíocras feola," arsa Seáinín.
"Goidí an fheóil?"
"Feóil ghirrfhiaidh!"
"Goidé an girrfhiadh?"
"Girrfhiadh ar ghort!"
"Goidé an gort?"
"Gort an Iarla!"
"Goidé an t-Iarla?"
"Iarla Seáinín!"
"Goidé an Seáinín?"
"Seáinín síorach,
Seáinín suarach,
Seáinín ruadh na gcailíní!"



[Ní beag de sheó ach a mbíodh de "ráiméirí" mar í seo de ghlan-
mheabhair ag aos óg na Gaeltachta fad ó. I mBaile an Fhirtéaraig
do scríobhas síos an ceann so san mbl. 1907 ó fhear, der na
Mainnínig. Chuireas i gcló cheana é san "Lóchrann," agus i
"Smóilín na Rann."



Tugtí "an rí" fad ó ar an bhfear ba mhó san áit. Thoghtí rí
in áiteanaibh. — F. mac C.]



NÍ FIÚ BIORÁN.



Ní fiú biorán beagán d'aon rud,
Ach is fiú mórán beagán céille.



GIRRIADH CHONNAC-SA.



Girriadh chonnac-sa!
Ca' n-a thaobh ná rugais air?
A fheabhus do ritheadh sé,
A olcas do rithinn-si!
Hula! hula! b'éidir sin!
Hula! hula! an deamhus a bhfuil
de bhréig ansan!



"Dá gcaithfeá gráinne salainn ar ghirriadh d'fhanfadh sé leat!"


L. 21


PILIB AN CHEÓIL.



Gléas G.



Poirtín Sheáin a' tsíoda,
Is rinnce Philib a' cheóil:
"Dein-si dhómhsa an rinnce!
Is seinnfeadsa dhuitse an ceól!"
Ó 'se! a bhean! nach deas í!
Ó 'se! a bhean! nach seóig!
Ó 'se! a bhean! nach deas í!
Rinnce Philib an cheoil.



Poirtín Sheáin a' tsíoda,
Is rinnce Philib a' cheóil:
"Mar sin bhíomair riamh
'S is amhla' bheam go deó!"
Ó 'se! a bhean nach deas í! agus rl.



[Maighréad ní Annagáin do tug dom an t-amhráinín seo. Deir
Pádraig Mac Suibhne liom go bhfuil mar bhrigh leis duine do bheith
ag tabhairt fé'n rud nach í a cheárd í, nó ná fuil sé féin oilte air,
.i. an ceoltóir do dhéanamh rinnce agus a mhalairt sin.



A Leabhar Petrí do fuaireas an fonn mar atá anso. Sé mo
thuairim gur ó Dhochtúir Seódhach do fuair Petrí é. Tá leagan
de'n phort leis ag M. Ní Annagáin. — F. na L.]


L. 22


DEIRÍN DÉ



Chun leinbh do chur chun suain.



Gléas Ab.



Deirín Dé, Deirín Dé,
Deirín Dé, Deirín Dé,
Táid na gabhair ag labhairt sa bhfraoch,
Deirín Dé, Deirín Dé,
Táid na lachain ag screadaig san bhféith,


L. 23


Deirín Dé, Deirín Dé,
Gheóbhaidh ba siar le héirghe 'n lae,



Deirín Dé …
Raghaidh mo leanbh ghá bhfeighilt ar féar,



Deirín …
Éireóig gealach is raghaidh grian fé,



Deirín …
Is tusa mo leanbh 's mo chuid 'n tsaoghal,



Deirín …
Tá nead smólaighe am' chóifhrín féin,



Déirín …
Tá agus ór dom stóirín féin,



Deirín …
Leogfad mo leanbh ag pioca' sméar,



Deirín …
Ach codail go sámh go fáinne 'n lae.



[Ó Amhlaoibh ó Loingsigh, Baile Mhúirne do fuarathas é seo mar
"seotholó' is ba dheacair é shárú ar bhinneas.



Is ó Sheán Ó Cuill do fuaireamair an fonn … fonn fíor-dheas,
leis, dar liom. Maighréad Ní Annagáin do chuir sios an ceól.
F. na L.]



SÚGRA NEÁDH.



(Ar an bhfonn gcéadna le "Deirín Dé.")



Súgra neádh, súgra neádh,
Is deas mar chúmfainn gúinín mná,



Súgra neádh, súgra neádh,
An gúinín dubh 's an gúinín bán,



Súgra neádh, súgra neádh,
'S an gúinín buidhe n-a mbeidh
síoda n-a lár.


L. 24


AN SEOTHÚLEÓ



(Suantraighe).



I.



Seo mar a chuirim mo leanbh a chodhla,
Seothúleó! Seothúleó!
I gcliabhán óir ar úrlár shocair,
Seothúleó! Seothúleó!
I mbairthlín lín 's i súisín olna,
Seothúleó! Seothúleó!
Ar bharra na gcraobh 's an ghaoth 'á bhogadh,
Seothúleó! Seothúleó!



Luinneóg:



Seóithín! Seóithín! Seóithín! Seóithín!
Seóithín seo! Seothúleó!
Seóithín! Seóithín! Seóithín! Seóithín!
Seothúleó! Seothúleó!


L. 25


II.



A bhean úd thíos ar bhruach an tsrotháin,
Seothúleo! Seothúleó!
An dtuigean tusa fáth mo ghearáin?
Seothúleó! Seothúleó!
'S gur bliain 's an lá 'ndiu fuadaigheadh mé óm'
leannán,
Seothúleó! Seothúleó!
'S do rugadh isteach mé i lios an Chnocáin,
Seothúleó! Seothúleó!



Seóithín! Seóithín! & rl.



III.



Siúd é thall mo thig mór geal-sa,
Seothúleó! Seothúleó!
Is mó bealach isteach 's amach ann,
Seothúleó! Seothúleó!
Is mó leann úr agus leann sean ann,
Seothúleó! Seothúleó!
Is mó mil agus céir bhúidhe beach ann,
Seothúleó! Seothúleó!



Seóithín! Seóithín! & rl.



IV.



Is mó cailín cúl-bhuidhe cas ann,
Seothúleó! Seothúleó!
Is mó buachaill fuadrach deas ann,
Seothúleó! Seothúleó!
Is mó crann-laoch do chaill a neart ann,
Seothúleó! Seothúleó!
Is mó bean óg i bhfeidhil clann mac ann.
Seothúleó! Seothúleó!



Seóithín, Seóithín, & rl.


L. 26


V.



A bhean úd thall ar lic an nigheacháin,
Seothúleó! Seothúleó!
Abair lem' dhian-ghrádh teacht am láthair,
Seothúleó! Seothúleó!
Sgian coise duibhe a thabhairt n-a láimh leis.
Seothúleó! Seothúleó!
Nó beidh an téarma dúbalth' orm amáireach.
Seothúleó! Seothúleó!



Seóithín! Seóithín! agus rl.



[Bean óg fé gheasa draoidheachta astig i lios atá ag caint san
abhrán so. Bliain is an lá san do sciobadar "na daoine
maithe" ó'na fear céile is ó'na muintir féin í agus do rugadar leo
í isteach sa lios mar a bhfuil sí n-a banaltra ar leanbh sidhe acu ó
shoin i leith. Is ó dhorus an leasa atá sí ag caint ach níl 'n-a cumas
dul thar táirsigh amach. Chíonn sí bean ag nigheachán tamaillín síos
uaithe, is dírigheann sí ar a sgéal do nochtadh dhi-se, tríd an abhrán.
Leanann sí ar bheith ag bréagadh an leinbh, ámhthach, i slighe 's ná
tabharfadh muintir an leasa fé ndeara cad tá ar bun aici. Atá
uaithe a chur in iúl dá fear céile má thagann sé chúichi, lá'r na
mháireach, agus gan dearmhad "sgian coise duibhe" do bhreith leis,
go mbeadh dul aige ar í 'fhuasgailt. Beidh an téarma lae 'gus
bliadhna suas an lá san ach má theipeann an chabhair uirthi beidh uirthi
téarma eile a chur isteach. Tá sí ad' iarraidh sgéala mar seo a
leigint chun a fir le bean an nigheachain. Tá buadh fé leith ag
sgian "coise duibhe" mar chosaint i gcoinnibh deamhan agus droch
aicmí an tsaoghail eile. — F. mac C.]



MO THAISGE FÉINIG.



(Bhéarsa le linn crúite na mbó.)



Gléas D.



Mo thaisge féinig! mo cholainín druimion! (ó)
Ceartuig! Ciúnaig! agus bí go socair! Go
gcuiread buarach ar do chosaibh,
Buarach ró-dheas amach ó Chorcaig.


L. 27


MO GHRÁDH MO LEANBH.



Tugtar "Hóró Dandaimín" ar an bhfonn ata curtha síos anso
dho ach do 'riúnóch "láirín ó Lúrtha" leis é.



Gléas F.



I.



Mo ghrádh mo leanbh do mhairbh an franncach!
Do bhuail buille 'mhaide go tapaidh sa cheann air!
Dá mbeitheá-sa muar (mór) ba luach tu i
gceanntar!
Chuirfeá an ruaig ar na ropairí Galldha!
Mo ghrádh, mo leanbh, gach maidean is oíche!
Gheóir rud maith le caitheamh is mair go
mbeir críona!



II.



Mo ghrádh, mo leanbh, do mhairbh an franncach!
Is é dul 'n mhéis bhainne do threasgair go lom é!
Má mhairean mo stór le bheith mór 'seadh chífear,
Go ndéanfaidh dúinn treóir i gcoinnibh dro-
dhaoine.
Mo ghrádh mo leanbh gach maidean is oíche!
Gheóir rud maith le caitheamh is mair go
mbeir críona!



[Ó Thomás Ó Criomhthain, ón mBlascaed Mór do fuaireas é seo.
"Do thug buille de mhaide na leitean sa cheann do "do bhí ag
Tomás san dara líne ach d'airigheas féin an líne go minic mar
atá anso. — .F. na L.]


L. 28


DO GHEALL SÉ.



Modh Ré. C = Dó.


L. 29


I.



Do gheall sé 's do gheall sé 's
Do gheall sé go dtiocfadh sé,
Do gheall sé 's do gheall sé 's
Ní fheadar cad do choingibh é,
Do gheall sé 's do gheall sé 's
Do gheall sé go dtiocfadh sé,
Poll do bhí 'n-a bhróig,
'S is dócha gurb é do choingibh é.



[An bhéarsa do rádh arís do'n dara cuid de'n cheól mar chur fá ach
"dubhairt sé" do chur in inead "do gheall sé."]



II.



Do gheall sé 's do gheall sé 's
Do gheall sé go dtiocfadh sé,
Do gheall sé 's do gheall sé 's
Ní fheadar cad do choingibh é,
Do gheall sé 's do gheall sé 's
Do gheall sé go dtiocfadh sé,
Tuile do bhí san abhainn,
'S is dócha gurbh' é do choingibh é.



III.



Do gheall sé 's do gheall sé 's

A mháthair do bhí breoite,
'S is dócha gurbh é do choingibh é.



IV.



Do gheall sé, & rl.
Cróchán de Faoit an stócach,
Is dócha gurb é do choingibh é.



V.



Do gheall sé …

Anocht iseadh do gheall sé,
is amáireach iseadh thiocfa sé.


L. 30


NÍ RAIBH IN ÉIRINN FAD Ó.



Gléas D.



I.



Ní raibh in Éirinn fad ó ach 'mháin Gaeluinn,
Sar a dtáinig an Béarla chughainn,
Na coilig do ghlaoidís i nGaeluinn,
Is ba dheas leat go léir í a liúgh;
An cat ar an luich nuair a léimeadh,
Is i nGaeluinn a dhéineadh í bhrúgh',
Is ní bhlaisfeadh braon bainne a n-ao' chor,
Go ndéarfá as Gaeluinn, "mí-iú"!



II.



Na ba bochta soineanta féinig,
Is i nGaeluinn a gnéidhtí a gcrúdh,
Is dá gcloisidís focal de'n Bhéarla,
Ní dhéanfaidís braon a thabhairt:
Lá 's mé crúdh na bó báine mé féinig,
'Chionn "set up" a rádh léi ar dtúis,
Do thug sí speach insa phlaosg dom,
'Thiomáin a raibh d'fhiaclaibh am' béal chun
siubhail!


L. 31


III.



Mo chreach gheur fhada 's mo léar-ghoin!
Dá gcloiseadh sí Béarla, an mhiúil,
Sí a raidfeadh go haibidh san aer duit,
Is raghadh míle de phléisg i ndia' a cúil.
An t-asailín beannuithe féinig,
Do raghadh sé de léim 'n díg,
Agus raidfeadh is chromfadh in éinfheacht,
D'fhonn go raghadh fear an Béarla 'n draoib.



IV.



Ach tá staigíní anois ar fuaid Éireann,
Is ní maith iad a dtréithe siúd,
Ní bheannuighid siad le Dia 's Muire a n-ao'
chor
Ach "good morro'" nó, "how dee dew,"
Má chloiseann siad focal de'n nGaeluinn
Fáisgeann a mbéal 's a súil
Is deirid "Bally hawd language that
Gaelic,
Nevah could lehn it, you know."



V.



Ach b'éidir le congnamh an Éin-Mhic
Go mbeadh againn fós "Home Rule,"
Ansan chaithfeadh na staigíní staonadh
Is beannachadh i nGaeluinn dúinn;
Chun sgoil Ghaeluinn' do curfí de phléisg iad
Is 'siad do raghadh ann go ciúin
'S nuair chífí 'bhfochair na leanbh a' léigheamh iad
Ná déarfadh Éire go léir "hurú"!


L. 32


VI.



Na staigíní, deirimse féin leó,
Go gcaithfe siad claonadh dhúinn,
Agus Béarla Shasana thréigean
Nó dul a' triall ortha féin anonn,
Ní bhfuighid siad cead reatha ná léim uainn,
Ní bhfuighid siad cead sodair ná siubhail,
Is ní bheannóghaimíd dóibh ar an aonach
Go mbeidh acu Gaeluinn dúinn.



HÓRÓ MO BHAIDÍN



(Abhrán Rámhaidheachta.)



Gléas D.



Hóró! mo bháidín! ag snámh ar an gcuan!
Hóró! mo bháidín!
Tairigí! tairigí! tairigí go buan!
Hóró! mo bháidín!



I.



Hóró mo bháidín! ag snámh ar an gcuan!
Hóró! mo bháidín!
Tairigí! Tairigí! Tairigí go buan!
Hóró! mo bháidín!



Hóró! mo bháidín! ag snámh ar an gcuan!
Hóró! mo bháidín!
Tairigí! Tairigí! Tairigí go buan.
Hóro! mo bháidín!



Curfá:



Hóró! mo churraichín ó!
Hóró! mo báidín!


L. 33


II.



Nach áluinn an lá 'bheith amu' ar an gcuan!
Hóró! mo bháidín!
Faghaimís na maidí is téidhmís chun siubhail!
Hóró! mo bháidín!



Curfá: Hóró …



III.



Is maith le mo mháithrín ronnaigín úr,
Hóró! mo bháidín!
Faghaimís an dubhán is faghaimís an dorugha!
Hóró! mo bháidín!



Curfá: Hóró …



IV.



Tá lán báid agam de 'ch uile ('n uile) shórt
breac,
Hóró! mo bháidín!
Nach againn bhéas (bheidh) an béile thiar ag an
dteach!
Hóró! mo bháidín!



Hóró! mo churraichín ó!
Hóró! mo bháidín!



(Is gnáth an curfá do rádh dhá uair i ndiaidh
a chéile.)



[Liam Ó Buachalla, múinteoir Gaedhilge, do thug ceól an abhráin
seo dhom is cuid des na focail: Fuaireas a thuille dhe ó mhnaoi
uasail atá anois i Meiriocá. Deir Liam liom gur dóigh leis gur ó
iar Chonnacht a tháinig an t-abhrán an chéad lá. Níl fhios aige cé
scríobh síos é ach do thaithneadh sé go mór le Pádraig Mac Piarais,
deir sé 'is bhíodh sé ar siubhal go minic leis ag an bPaorach in Acaill
agus ag Tomás Ó Colmáin.



Soláthruigheadh mór-chuid abhrán den tsórd so i nGaeltacht na
hAlban ach is beag ceann mar é do fuarthas in Éirinn. — F. na L.]


L. 34


CÁ RABHAIS AR FEADH AN LAE UAIM.



Gléas F.



I.



Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a bhuachaillín
óig?
Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a laogh ghil 'sa
stór?
A' fiach 'sa' foghlaereacht, a mháthairín ó!
Agus cóirigh mo leabaidh, táim breóite go
leór!



II.



Cad a dh'ithis dot' dhinnéar, a bhuachaillín óig?
Cad a dh'ithis dot' dhinnéar, a laogh ghil 'sa stór?
D'itheas sicíní nimhe(e) bhí ar phláitíní óir,
Agus cóirig mo leabaidh, táim breóite go leór!



III.



Cad a dh' fhágfair ag(e) t'athair, a bhuachaillín óig?
Cad fhágfair ag(e) t'athair, a laogh ghil 'sa stór?
Cóiste 's cheithre capaill, a mháthairín ó,
Agus cóirig mo leabaidh, táim breóite go leór!


L. 35


IV.



Cad a dh' fhágfair ag(e) d' mháthair, a bhuachaillín
óig?
Cad fhágfair ag(e) d' mháthair, a laogh ghil 'sa
stór?
Mo bha 's mo chuid tailimh, a mháthairín ó!
Agus cóirig mo leabaidh, táim breóite go leór.



V.



Cad a dh'fhágfair ag(e) d' mhnaoi pósta, a
bhuachaillín óig?
Cad fhágfair ag(e) d' mhnaoi pósta, a laogh ghil
'sa stór?
Fágfad croch chun í 'chrochadh is téad láidir chóir,
Agus cóirig mo leabaidh, táim breoite go leór.



VI.



Cár mhaith leat bheith curtha, a bhuachaillín óig?
Cár mhaith leat bheith curtha, a laogh ghil 'sa stór?
I dteampall Chill Mhuire, a mháthairín ó;
Agus cóirig mo leabaidh, táim breóite go leór!



[Oighre óg go dtug a bhean phósta nimh do in a chuid bídh é seo.
Is beag aicme i Roinn na hEórpa ná fuil abhrán ar an adhbhar
céadna acu. I mBéarla tá, "where were you all day my own
pretty boy," in Éirinn agus … "Lord Ronald, my son," in Albain.
I mBonán anaice Neidín i gCiarraighe do fuaireas na focail mar
atá anso is do chuireas i gcló i "Smóilín na Rann" san mbl. 1908
iad agus i "Sean-Amhráin na Mumhan" n-a dhia' san.



D'airigheas "a chuid de'n tsaoghal mór" sa tarna líne agus
"táimse tinn breóite is leog dom go fóil "sa cheathramhadh líne
de gach bhéarsa ag duine éigin is níor mhiste é an t-abhrán de'n
méid sin atharú cainte anso 's ansúd, b'éidir. D'airigheas
"fuaireas dhá eascúin úra is salann is nimh brúite" ag duine eile
fós sa trímhadh líne de'n tarna bhéarsa.



Mairisil ní Mhurthuile do chuir síos an ceól dom. Fonn cosamhail
le "Reidh-Chnoc Mná Duibhe" a chuirtear leis in Íbh Ráthach. Tá
fonn eile ar fad ag Petrí dho, ceann atá deallratach le fonn
"Avenging and Bright" is dóigh liom.



Imighean sé seo mar abhrán go deas idir bheirt .i. garsún ag
leogaint air bheith go han-donaidhe agus cailín ag déanamh truaighe
dho. Iad a bheith déanta suas in éadaighe oireamhnacha. — F. na L.]


L. 36


DÉ BHEATHA 'UÍ SHÚILIOBHÁIN



(Fáilte a bhaile roimis an taoiseach.)



Fonn:- "Máirseáil Uí Shúiliobháin."



I.



Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha!
Dé 'bheatha 'bhaile, 'Uí Shúiliobháin Mhóir!
Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha!
Dé 'bheatha 'bhaile, 'Uí Shúiliobháin Mhóir!


L. 37


Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha' Uí
Shúiliobháin!
Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheath' Uí
Shúiliobháin!
Dé 'bheatha 'bhaile! a mharcaig thar sáile!
Dé 'bheath' ad' shláint'! 'Uí Shúiliobháin Mhóir!



II.



Céad fáilthe! Céad fáilthe! Céad fáilthe!
Céad fáilthe!
Céad fáilthe 'bhaile! 'Uí Shúiliobháin Mhóir!
Céad fáilthe! Céad fáilthe! Céad fáilthe!
Céad fáilthe!
Céad fáilthe 'bhaile! 'Uí Shúiliobháin Mhóir!



Fáilthe dhíbh do'n tír! 'Uí Shúiliobháin!
Fáilthe dhíbh go fíon-bhrog Dhúin na mBárc!
Fáilthe 's dachad! go talamh do shinnsir!
Fáilthe ó chroidhe! 'Uí Shúiliobháin Mhóir!



MÁIRSEÁIL UÍ SHÚILEABHÁIN.



Gléas E.


L. 38


AILLILÚ MO MHÁILÍN.



Gléas E.



I.



Ailliliú! mo mháilín! mo mháilín a goideadh
uaim!
Ailliliú! mo mháilín! mo mháilín a goideadh
uaim!
Ailliliú! mo mháilín! mo mháilín a goideadh
uaim!
Ailliliú! mo mháilín! mo mháilín a goideadh
uaim!



Cad do bhí ad' mháilín, do mháilín a goideadh
uait?
Cad do bhí ad' mháilín, do mháilín a goideadh
uait?



Bhí min is plúr is prátaí in sa mháilín a goideadh
uaim,
Is mísleáin bhlasta bhreághtha sa mháilín a goideadh
uaim.


L. 39


II.



(Is) ailliliú! mo mháilín! mo mháilín a goideadh
uaim!



[É seo do rádh cheithre huaire mar atá thuas.]



Cad eile 'bhí ad' mháilín, do mháilín a goideadh
uait?
Cad eile 'bhí ad' mháilín, do mháilín a goideadh
uait?
Bhí arán is ím is cáise in sa mháilín a goideadh
uaim,
Is ubh na circe báine sa mháilín a goideadh
uaim.



III.



Is ailliliú! mo mháilín, & rl. (Cheithre huaire )
Cad eile 'bhí ad' mháilín, do mháilín a goideadh
uait?
Cad eile …?
Bhí ubhla ann is oráistí in sa mháilín a goideadh
uaim,
Is mil, an chuid is feárr di, sa mháilín a goideadh
uaim.



IV.



Is ailliliú! …
Cad eile …?
Bhí bróga 's stocaí bána, in sa mháilín a goideadh
uaim,
Is rásúr faoíbhir chun beárrtha sa mháilín …


L. 40


V.



Is ailliliú! …
Cad eile …?
Bí ór buidhe ann is pláta in sa mháilín a goideadh
uaim,
Is nótaí nua na h-áite, sa mháilín, agus rl.



VI.



Is ailliliú! …
Cad eile …?
Bhí féirín chun mo mhná ann in sa mháilín …
Is balcuisí mo pháisdín a mháilín …



VII.



Is ailliliú! …
Cad eile …?
Bhí ceann muice 'gus cabáiste in sa mháilín …
Is togha is rogha 'n cháimric sa mháilín a goideadh
uaim.



[Bhíodh so idir bheirt, an chéad duine ag cásamh a mhála is an duine
eile ag cur tuairisge gach ruda do bhí ann. B'éidir leanmhaint
de ach tuille rudaí a bheadh oiriúnach do'n sgéal a dh'ainmniú, cuir i
gcás "Leabhrín Sheáin Uí Dhála," "pinsil Mháir' ní hÁinle"
"Smitíní mo mháthar," agus rl. is mar sin do ghnítí fad ó. — F. na L.]


L. 41


AN MAIDRÍN RUA.



Gléas E.



Is gnáth an ceól d'atharú mar leanas san dara líne i gcóir
an churfá.


L. 42


I.



Ag gabháil ó thuaidh dom trí Sliabh Luachra
Agus mise 'cur tuairisg' mo ghéanna,
Ar mh' fhille a dtuaidh, seadh do fuaireas a
dtuairisg,
Go raibh "Donncha Rua" ghá n-aeracht.



Curfá:



An maidirín a-rua rua, rí-rua, rua rua,
An maidirín a-rua tá dána!
An maidirín a-rua n-a luighe sa phluais
Agus barra a dhá chluas ináirde!



II.



Níl cnoc ná coill ná cluasán puill,
Ná lúb ná leadhb in Éirinn,
Ná go rabhas agus mo mhuíntir de ló agus ist
oích' ann,
I ndiaidh an mhaidirín rua ar saothar.



Curfá:



Ó an maidirín a-rua rua, & rl.



III.



Croídhe crua' cráite chughat! a mhaidirín
ghránna!
Do sciob uaim m'ál breágh géanna,
Mo chearca beaga bána, mo choilig is mo
bhárdail
Is mo lachain dob' fheárr bhí in Éirinn.



Curfá:



Ó an maidirín a-rua rua, & rl.


L. 43


IV.



Ní bhlaisfead piuc is ní íosad giub,
Is ní raghaidh aon smut am' béal de,



Curfá:



Ó an maidirín a-rua rua, & rl.



V.



(Go Fuinneamhail.)



Hóirc! Hóirc! Truelip! mada rua ar múr-
gailt!
Siúd ós na gadhair é ar saothar,
Hula! Hula! Piper! Juno! Dido!
Hector! Finder! Bateman!



Tally ho le na bhonn! Tally ho le na bhonn!
Tally ho le na bhonn! an coileáinín!
Tally ho le na bhonn! Tally ho le na
bhonn!
Agus barra a dhá chluas ináirde.



Ar a bholadh 's ar a bhonn! Ar a bholadh 's ar a
bhonn!
Ar a bholadh 's ar a bhonn go Cill Áirne!
Ar a bholadh 's ar a bhonn! le tally ho the
hounds!


L. 44


Caoine an mhada ruaidh.



(Go brónach, Portaireacht a ghabhann leis seo:)



An curfá arís chun deiridh (go mear):



An maidirín a-rua rua, rí-rua, rua rua, & rl.



Scríobhas síos an chuid is mó dhe seo ó bhéal Shéamuis Uí Shéagha,
feirmeoir a chómhnuighean i mBaile 'n Leathair, baile beag ag bun
Carráin Tuathail anaice Chill Osglan. Bhí cuid de agam féin ó
bhíos am' gharsún. Ní mór an deifir atá idir an t-abhrán fé mar tá
sé agam-sa anso agus an leagan de a cuireadh i gcló i "nGuth
na nGaedhal" thall i Lúnndain agus arís sa "Ceól Sidhe," agus i
leabhraibh nach iad, leagan a fuarthas ó'n gceóltóir Pádraig Ó
Séagha (nach maireann). D'innis Pádraig dom gurbh é an t-Athair
Muiris Ó Faoláin, Abb. Choc Mellerí, do mhúin do féin é, an
chéad lá. Tá ceathramha acu san ná chuala ag na Gaedhilgeoiríbh i
gCiarraighe, mar atá:



"Siúd chugaibh ramhar-phoc! Beirigí in am air!
Is coinnigí i dteannta na bpiléar é!
Nó go dtiocfaidh an t-am air go mbainfear an ceann de,
Ní bheidh cearca go ramhar ag Séamus."



Roimh an "Tally ho …" a thagan an méid seo isteach. Deir mo
chara Séamus Dubh liom gur tagairt do "Rí Liam" agus "Rí
Séamus" atá san bhéarsa so. Rí Liam an "ramhar-phoc" dar ndó!



Cuid de'n seana-phort go dtugtar "Fiadhach an Mhada Ruaidh"


L. 45


air iseadh an ceól. Bhíodh atharú puirt mar leanas ag Pádraig Ó
Séagha do'n dé líne "Croidhe Crua" … géanna," agus arís do
"Siúd chugaibh ramhar-phoc … bpiléar é":-



Tugaidh fé ndeara gur "Maidirín A-rua …" adeir na Gaedhil-
geóirí san gcurfá. D'airigheas focail Gaeluinne mar seo in
Íbh Ráthach in inead



Nó go bhfaghad-sa ceann agus bás an úghdair,
Is go mbainfe mé díol an ghé dhíot.



LEANBH AN CHLAMHRÁIN.



Fonn: Tally hi ho, hi ho." (Féach leath. 16.)



Gléas C.



Luinneóg:



Cumá ná beiríghean sibh bainne dhom? Cum-
á ná tugan sibh im dom? Cum-
á ná téidhean sibh 'n chathair Ag
ceannach luach leath-phinge 'chís dí.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services