Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Craoibhín Ceoil, An

Title
Craoibhín Ceoil, An
Author(s)
Craig, J. P.,
Composition Date
1923
Publisher
Craig, D. G. & Co.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CRUACHA NA h-ÉIREANN.



Tá'n samhradh ag sileadh a shéada Aniu air fud Oilean na Naomh … Tá'n
ghrian ag soillsiu go glé-geal, 'S ag líonadh le h-aoibhneas an tír. Ó! is


L. 2


minic mé smaoitiu air philleadh Ar ais annsair cháirde mo chléibh… Measg
subhailce sona mo chinidh, Na gcomhní faoi Chruacha na h-Éireann.


L. 1


Is fada an lá é ó d'fhágmuid Ar mbaile 's ar muintir a mbrón… Ag
dréim le nar málaí a líonadh Thar sáile le h-airgead's ór. Ó! nach


L. 2


cuma ma támuid ag tiunnta Gan pínn ann ar bpócaí fa réir… Tá'n
tsláinte go fóil ann ar gcrámha Ag pilleadh go Cruacha na h-Éireann.



Curfá.



Cruacha glas' na h-Éireann, Lonnrú measg coillte craobh…
Ó! charaid, nach meura Sinne fa dheireadh ag pilleadh thar sáile!


L. 3


Gaoithe grinn dar seoladh, luasgadh air dhruim na mára!
Ó! ní fada go mbéimuid slán Sa bhaile faoi Chruacha na h-Éireann.



3. Air fud bhailte móra thar sáile
Tá mílte dar mbunadh gan treo,
Ag crochaireacht maidín's trathnóna
Aig coirneil as áiteacha óil.
Ó! narbh fheárr daofa fuireach sa bhaile,
An áit a bhfuil sócal as seun,
'S a saoghal a chathadh go sóclach séimh,
Go seasgair faoi chruacha na hÉireann?



Curfá.


L. 4


TEANGA NA hÉIREANN.



Tóg suas do chroidhe cráite Éire, a stór, Triumuigh do shúile, a Éire na ndeor!
Bás fháil ní baol do do theanga, a grádh, Teanga bhinn uasal na hÉireann go brách!
Beurla gan binneas sé beurla na nGall; Cosgfar a ghlór garbh's fagfar é thall.


L. 5


Splannc le na shála as Oilean na Naomh! - Oilean na gCoillte, Oilean na gCraobh!


L. 4


Tóg suas do chroidhe, tá na mílte sa ród, Feoluim na Gaelge le haoibhneas as bród;
Tógail do theanga as cruinniu do cheoil, Béidh siad faoi mheas ann, a chuisle, go fóil.
Tóg suas do shúile as amharc air do chlann; Dearc thart aniu orainn cruinnigh' go teann!


L. 5


Feasta ní bhéimuid nar gculladh mar bhí - Cúram ar dteanga, sé cúram ar gcroidhe.



Curfá.



Teanga na hÉireann ní chaillfear go deo! Teanga na hÉireann có
sean leis an cheo! Binn cheol ar sinnsear as beulra na
righ! Sláinte go deo dhuit, a chuisle mo chroidhe!


L. 6


Na Smeura.



1. Anns an
aimsir aoibhinn aerach, nuair a bhí me-fhéin mo sgafaire, As mé le fonn ag feadalaigh 's ag buachailleacht na
mbó, Casadh cailín ceannsa croidhmhail orm As í ag cruinniu smeura, Agus thit me-fhéin a ngradh, faraor, A
Chois na coilleadh cró! Agus maidín's tranóna ba mise bhí go baganta, ag suirigh leis an


L. 7


stuaire a sgiob air shiul mo chroidhe, gur ruaigeadh gan réiteach fa dheireadh as an bhaile mé, As
mé gol da pósadh, mo mhurnín dílis ó! 'S bím ag smaoitiu air na smeura's air na heunacha 'sna
cruinn, Bím ag smaoitiu air mo stóirín 's air a béilín blasta binn, Nuair a lóir sí liom go dílis Agus
ghradhuigh mé mo stór, Agus sinn ameasg na smeura ann san fhómhar aoibhinn óir


L. 6


2. Anns an
aimsir aoibhinn aerach ud ba mise bhí go soineanta, Sgan goirsach anns an pharaiste Nach rabh liom-fhéin a
ngradh; Ag suirigh liom le síorghradh, 'Sag caochadh orm go coiteanta, Ba mise croidhe na féile ocú
oíche agus lá. Ach… Thit me fa dheireadh a ngradh le Peg ní Dhochartaigh, As cuireadh síos an


L. 7


cleamhnas go galanta a gcló. Ach láthar na mhárach - Có cinnte's tá me ceoltóireacht…
D'imigh sí le saighdir, mo mhurnín dílis ó!



3. Arsa
mise lá go roganta le Baintreach Mhór na Beinne Buidhe, Nach ort atá an dóigh bhocht do chomhní'n seo mar
tá, Nuair ba chóir duit a bheith pósta ar sgafaire de'n chineadh cheart, 'Sma's fear atá ann tastail ort, - Níl
agat ach a rá? Thug sí ruaig agus rása go fianta asteach ann tuigh, As cár… air a


L. 7


haeidh chuirfadh sgárradh air an domhan, Sní rabh a bhfad gur phill sí as gugan uisge ghalaigh léí As
thubair duí mo sgalladh, mo mhurnín dílis ó!


L. 8


AN DEORAIDH.



1. Tá gleann beag ró-aoibhinn a nÉirinn, Agus baile beag
talaimh sa ghleann… Ta gáraidh beag baoideach chois coilleadh
Agus cró beag air fasgadh faoi chrann. Agus


L. 9


b'fheárr liom ná cumhacht na cruinne Bheith seoladh thar
sáile anonn… Ach briseann mo chroidhe bocht le
cúmhaidh Nach dtig liom níos mó a ghol ann…


L. 8


2. Tá árdan a naice na coilleadh Agus tubar beag
fíor uisge faoi… Ta sruthan beag soillseach ag síneadh
Faoi bhruacha na saercan milbhuidhe. Agus


L. 9


luighinn le luthair ag éisteacht Le binncheol na
gcaochan sa ghleann… Ach briseann mo chroidhe bocht le
cúmhaidh Nach dtig liom níos mó a ghol ann…


L. 8


3. Nach truagh mé taobh seo na mára, Mo dheoraidh gan
beodhacht, gan brigh… Ag smaoitiu air aoibhneas na hÉireann
Measg cuimhthig gan carantas croidhe. Ó…


L. 9


slán libh a ghleannta mo thire, Agus slán libh mo
chúram's mo chró… Nach buartha's nach brónach an
sgeul é Nach féidir mur bhfeiceal níos mó…


L. 10


HUIS A BÁLÚ



1. Tá'n ghaoth ag caonadh, a mhuirnín mhilis, Go buartha brónach fríd choillte craobh; Tá'n
t-anfa tuar-dhearg ag teacht le faobhar, 'S béidh cosgradh croidhe ann anucht faraor! Ó
grádh mo chroidhe thú, a leinibh aoibhinn, As gabh do chulladh go suaimhneach séimh. Tá na


L. 11


mílte cráite le líon a leatruim, Ag fuilstin fuachta air dhruim an tsaoil.



Ó huis a bálú, a bálúlí. Ó huis a bá-
lú as m'anam í! Ta'n ghaoth ag caonadh go buartha
brónach, Ó huis a bálú, a stór mo chroidhe!


L. 10


2. Air éadan fhíochmhar na mára móire, Tá seoil da siabadh gan treas gan treo. As
siomaidh sar-fhear anucht, a stóirín, Nach dtig na bhaile ar ais go deo. Ó
culluigh culluigh, a mhuirnín mhilis, As druid do shúile go sóghach séimh. Tá


L. 11


teinte caordhearg anucht ag pléasgadh, 'S béidh buaireadh's brón ann, a rún mo chléibh.


L. 12


A PHÁDRUIC A RÚN.



1. A Phádruic, a rún, tá mo chroidhe buartha brónach, As
tú gol air shiul uam, a stóirín, go brách, 'Sní
fada go mbéidh tú air éadan na mára, Ag


L. 13


seoladh thar sáile, mo chúmhaidh's mo crá! Ó
guidhimse Día a soillse na síorthaí, Mo
chúram a chuimheadh a gcríocha na ndeor, 'Sa
chuisle mur bhfeicim a choíche aríst thú, Béidh


L. 14


fáilte 'sna flaithis fa dheireadh, a stór… 'Sa
chuisle, mur bhfeicim a choíche aríst thú, Béidh
fáilte 'sna flaithis fa dheireadh, a stór.


L. 12


2. A Phádruic, a rún, Nuair a bhéas tú air shiul uam, Do
shuidhe go haoibhneach measg cuimhthigh a gcéin, Nach
smaoiteocha' tú air do mhathair go minic, An


L. 13


mhathair a thog thú le cúram a cléibh? Ó
cuimhnigh, a stór, Nuair a bhí tú do pháiste, Do
chulladh sa chliabhan as mé le do thaoibh;
Máidín's tranóna, a n-uaigneas na hoíche, A


L. 14


gcómhní ag guidh ort, a thaisgidh mo chroidhe;
Mháidín's tranóna, a n-uaigneas na hoíche, A
gcomhní ag guidh ort, a thaisgidh mo chroidhe.


L. 15


ÉIRE, A ÉIRE.



1. Éire, a Éire, Nach brónach do chás,
Caillte le ciantaí Aig tíorain gan grás!


L. 16


lomlán do leatrum, As cráite do chroidhe,
Claoite go cosgrach, Mo Thruaighe thú faoi!
Éist liom a stór, Agus árthuigh do ghlór, Ná


L. 17


Brisfear do gheasracha geura go fóill…
Beannacht an Righ ort, as rócal na Naomh ort!
Sláinte go deo dhuit, a Éire na ndeor!


L. 15


2. Éire, a Éire, gan suaimhneas gan seun,
Brúite go brónach faoi leatruim as leun!


L. 16


Éist le do chloinn chóir Thír Conaill aniu,
Gealladh go grádhúil go gcosnochar thú.
Éist liom, a stór agus árthuigh do ghlór, Ná


L. 17


Brisfear do gheasracha geura go fóill…
Beannacht an Righ ort, as rócal na Naomh ort!
Sláinte go deo dhuit, a Éire na ndeor!


L. 18


A GCEART-LÁR COILLEADH.



1. A gceartlár coilleadh a dtúisceart na hÉireann, Ta cró beag seasgair Ag
soillseadh sa ghréin; 'S mo chreach gan mise san áit aoibhinn aerach, Ag
éisteacht gan mairig le ceolta na n-eun. Bíonn cruinn-chlár neimhe in


L. 19


siud gan ceo, 'Sag sileadh suaircis go deo, deo, deo! Agus
cluintear an sruthain ag sinim gach tráth, Agus
Ollghlór an sgeárdain oíche's lá.


L. 18


2. Air éa-dan aoibhneach na tíre fa lathair, Níl bláth da bhfásann nach
nuchtann a ghné: An saercan suairc, an bainne-bó bleachtain 'S an
noinín geal gleoite mar réiltín sa spéir. Tá'n sgeach ag sgeitheadh go


L. 19


cúmhra caoin, 'San feithlean fáinneach go buidhe, milbhuide! Agus
cluintear na heunacha aoibhne gach tráth Ag…
sgabadh a mbinncheolta oíche's lá.


L. 18


3. Ó siomaidh cor anns an tsaol seo, a charaid, As siomaidh suairceas A
chailltear sa treo; As siomaidh cruatan a chastar don duine, Nach
dtig leis a sheachnadh sa ghleann seo na ndeor. Ach brón as buaireadh, da


L. 19


mheud a ngleo, Tig cuimhne cianmhar na sógh fadó, Nuair a
chluintí na heunacha aoibhne gach tráth Ag…
canadh a mbinncheolta oíche's lá.


L. 20


SHÍOS ANNS AN GHLEANN.



1. Shíos anns an ghleann tá na sgeacha ag sgeitheadh; Aoibhinn an
caoinchrann is cúmhra blath… Siuilimid linn tá na
mílte saercan breacadh na bpáirceann ó


L. 21


bhun go bárr!


L. 20


2. Shíos anns an mhóinfheur tá'n cuinín go sughach Feuch air ag
preabadh go slíoctha slán… Na shuidhe sa churach tá'n
gearfía gleoite, a dhá chluais anáirde 's a


L. 21


chroidhe gan sgath.


L. 20


3. Cluinim na caoirigh go meireach ag méiligh, 'S caoinghuth na
cuaiche go brighmhar buan. Feuch air na huain bheaga
bána a ag léimnigh - Sompla an tsonais is


L. 21


eadh an t-uan.



Shíos anns an ghleann tá na heunacha gol cheoil;
cluinim an londubh's an smólan donn! Shíos anns an ghleann tá
achan rud go glórmhar. Éistigidh, a óga, tá an
samhradh ann!


L. 22


CRUACHA NA hÉIREANN.



1. Tá'n samhradh ag sileadh a shéada Aniu air fud Oilean na Naomh… Tá'n
ghrian ag soillsiu go glégeal, 'S ag líonadh le haoibhneas an tír Ó! Is
minic mé smaoitiu air philleadh, Ar ais annsair cháirde mo chléibh… Measg
súbhailce sona mo chinidh, Na gcómhní faoi Chruacha na hÉireann.



2. Is fada an lá é ó d'fhágmuid ar mbail's ar muintir a mbrón… Ag
dréim le nar malaí a líonadh Thar sáile le hairgead's ór, Ó! Nach
cuma ma támuid ag tiunnta, Gan pínn ann ar bpócaí fa réir… Tá'n
tsláinte go fóil ann ar gcrámha, Ag pilleadh go Cruacha na hÉireann.



3. Air fud bhailte móra thar sáile, Tá mílte dar mbunadh gan treo… Ag
crochaireacht maidín's trathnóna Aig coirneil as áiteacha óil. Ó! Narbh
fheárr daofa fanacht sa bhaile, An áit a bhfuil sócal as seun… 'Sa
saol a chathadh go sóclach séimh, Go seasgair faoi Chruacha na hÉireann?


L. 23


Curfá.



Cruacha glas' na hÉireann, Lonnrú measg choillte craobh…
Ó! charaid, nach meura rinne fa dheireadh ag pilleadh thar sáile!
Gaoithe grinn dar seoladh, Luasgadh air dhruim na mára!
Ó! ní fada go mbéimuid slán, Sa bhaile faoi Chruacha na hÉireann.


L. 24


TEANGA NA hÉIREANN.



1. Tóg suas do chroidhe cráite, Éire, a stór; Triumuigh do shúile, a Éire na ndeor!
Bás fháil ní baol do do theanga, a ghradh, Teanga bhinn uasal na hÉireann go brách!
Beurla gan binneas sé beurla na nGall; Cosgfar a ghlór garbh's fágfar é thall.
Splannc le na shála as Oilean na Naomh! Oilean na gCoillte,… Oilean na gCraobh!



2. Tóg suas do chroidhe, tá na mílte sa ród Feoluim na Gaelge le haoibhneas as bród;
Tógail do theanga as cruinniu do cheoil; Béid siad faoi mheas ann, a chuisle go fóil.
Tóg suas do shúile as amharc air do chlann; Dearc thart aniu orainn cruinnigh' go teann!
Feasta ní bhéimuid nar gculladh mar bhí - Cúram ar dteanga, sé cúram ar gcroidhe.


L. 25


Teanga na hÉireann ní chaillfar go deo!
Teanga na hÉireann có sean leis an cheo!
Binncheol ar sinnsear as beulra na righ!
Sláinte go deo dhuit a chuisle mo chroidhe!


L. 26


HUIS A BÁLÚ.



1. Tá'n ghaoth ag caonadh, a mhuirnín mhilis, Go buartha brónach fríd
choillte craobh; Tá'n t-anfa tuar-dhearg ag teacht le faobhar 'S béidh
cosgradh croidhe ann anucht, faraor! Ó grádh mo chroide thú, a
leinbh aoibhinn, As gabh do chulladh go sóghach séimh; Tá na


L. 27


mílte cráite le líon a leatruim, Ag fuilstin fuachta air
dhruim an tsaoil. Ó huis a bálú, a bálúlí. O
huis a bálú as m'anam í. Tá'n ghaoth ag caonadh go
buartha brónach, Ó huis a bálú, a stór mo chroidhe!


L. 26


2. Air Éadan fhíochmhar an mára móire, Tá seoil da siabadh gan
treas gan treo; As siomaidh sar-fhear anucht, a stóirín, Nach
dtig na bhaile ar ais go deo. Ó culluigh, culluigh, a
mhuirnín mhilis, As druid do shúile go suaimhneach séimh; Tá


L. 27


teinte caordhearg anucht ag pléasgadh, 'S béidh buaireadh's brón ann, a
rún mo chléibh. *huis a bálú, bálú, bálúbálú, lí, Ó
huis a bálú, bálú, bálúlí. Ó huis a bálú, bálú
bálú, bálúlí. Ó huis a bálú, a stór mo chroidhe!


L. 28


A gCEART-LÁR COILLEADH.



1. A gceart-lár coilleadh a dtúischeart na hÉireann, Tá cró beag seasgair ag soillsiu sa ghréin, 'Smo
chreach gan mise san áit aoibhinn aerach, Ag éisteacht gan mairg le ceolta na n-eun! Bíonn
cruinn-chlar neimhe insiud gan ceo, 'Sag sileadh suaircis go deo, deo, deo! Agus
cluintear na sruthain ag sinim gach tráth, Agus ollghlór an sgheárdain oíche's lá.



2. Air éadan aoibhneach na tíre fa lathair, Níl bláth da bhfásann nach nuchtann a ghné; An
saer-can suairc, an bainne-bó-bleachtain, 'San nóinín geal gleoite mar réiltín sa spéir. Tá'n
sgeach ag sgeitheadh go cúmhra caoin, 'San feithlean fáinneach go buidhe, mil-bhuidhe! Agus
cluintear na heunacha aoibhne gach tráth Ag sgabadh a mbinn cheolta oíche's lá.



3. Ó siomaidh cor ins an tsaol seo, a charaid, As siomaidh suairceas a chailltear sa treo, As
siomaidh cruatan a chastar don duine Nach dtig leis a sheacnadh sa ghleann seo na ndeor. Ach
brón as buaireadh, da mheud a ngleo, Tig cuimhne chianmhar na sógh fadó, Nuair a
chluintí na heunacha aoibhne gach tráth. Ag canadh a mbinn cheolta oíche's lá.


L. 29


CARRAIC DONN.



1. Air Charraic Donn is fionn an fraoch, 'Sis dorcha'n spéir os cionn Árd na Laogh! As
siomaidh sruth ag síneadh síos go huisge uaigneach na hÓnna Buidhe, Tá'n


L. 30


ghaoth ag caonadh le cumhaidh caoin Ameasg na gcoillte síghe, As
mis' a bpéin inseo liom-fhein, 'Smo ghradh air shiul uam, och-ón mo chroidhe!


L. 29


2. Ba ghlas an fraoch air Charraic Donn, 'Sba gheal an ghrian air Árd an Laogh! Na
cruinn go léir ag crumadh síos 'Sag pógadh mín-phluic na hÓnna Buidhe. 'Sgo


L. 30


deo ba mheura mo bheatha ann Aig taobh mo Dhomhnaill dílis, 'S gur
dhúirt se liom nach sgarfad sinn Níos mo sa tsaol seo, och-ón mo chroidhe!


L. 29


3. Air Charraic Donn ta'n fraoch ag fás, Tá'n sgeach ag sgeitheadh air Árd na Laogh, 'San
ghrían gheal ag soillsiu síos air éadan aoibhneach na hÓnna Buidhe. Ach


L. 30


damhsa ní fhuil ach buaireadh's brón Gan raerc mo Dhomhnaill dílis. Mo
leun aniu gur imigh tú, Mo mhuirnín dílis, a stór mo chroidhe!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services