An Lóchrann
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh a 11. (An 3adh Srath). DEIREADH FOGHMHAIR, 1926. DHÁ PHINGINN A FHIACHA.
GLÓIRE BHAILE AN CHOILIGH.
B'é Foghmhar na bliana é, 1914. Bhí an
saol mór a'cainnt 's a' cogarnaigh ar chúrsaí
coinbhliochta agus cogaidh agus comhachtaí
móra a' bagairt díoltais agus díthiú
ar a chéile. Ní raibh 'sna páipéirí ach
pictiúirí prionnsaí agus taoiseach — taoisigh
le saighdiúireacht agus taoisigh máir-
néalacht, áireamh ar an líon fear armtha a
bhí ag gach náisiún, tuairisg ar na saghas-
anna nua gléas a bhí ceaptha chun marbhuithe
fear agus cur síos ar cháilíocht agus ar
stair agus ar ghearánta gacha cine ar leith.
Ní raibh de mhion-chainnt ná de mhór-chainnt
ag imeacht ach an éagcóir seo nó an masla
úd agus bhí sean-easacháin 'á gcuardach go
cúramach ag lucht polaitíochta le na gcaith-
eamh le 'na chéile. Ní raibh ann go léir ach
“iarraim cúis chughat.” Fonn cogaidh ar an
saol Euróipeach — agus 'na chogadh seadh bhí.
Tháinig glór na neithe sin chomh fada
linne i mBaile an Choiligh. Tháinig an
fuadar míleata fúinn. Gheibhimís na páipéir
agus léighimís, agus dhein fear riartha catha
de gach n-aon. Na mná féin — chuiridís suim
ann. Ba mhinicí bhíodh an páipéar nuachta
na láimh aca ná “An Timthire” deagh-
mhóideach.
Bheadh san go maith agus ní bheadh go
h-olc ach gur taidhrigheadh do dhaoine éigin
thíos i gcathair Bhleá Cliath gur mhaith an
rud Éire d'fhuascailt ó dhaorbhruid, agus
gaibhim-se orm go bhfuarthas cúpla duine i
mBaile an Choiligh a thóg ortha féin an gnó
céadna dhéanamh. Ní mór an tinneas a chuir
Éire riamh orainn-ne agus is beag an tsuim a
chuirimís riamh insa cúpla duine céadna —
ní bhídís choidhche ach d'iarraidh daoine chur
ag foghluim Ghaedhilge nó ag cainnt i dtaobh
saoirse na h-Éireann. Daoine bochta gan
diobháil ab eadh iad. Ní raibh aon ghaisce
ionnta lá óil agus bruighne ar aonach.
Leabhair agus páipéir a bhíodh aca!
Ach ní fada ambasa go gcualamar
daoine ag trácht ar mháirseáil agus ar
chúrsaí eile saighdiúireachta. Chonnacamar
gasra beag dáréag ag máirseáil. Ba
mhór an cúrsa grinn leis an bpobal é.
An magadh ná dearnadh fútha níorbh fhiú é
dhéanamh. Ach d'aindeoin an mhagaidh rug
an fuadar greim ar dhaoine. An ghluais-
eacht, an eagar cóirithe a dhein ar dtúis é.
Thuig na daoine óga go raibh rud ar siubhal
a dhéanfadh ana-chaitheamh-aimsire dhóibh agus
a bhí i bhfad níos fhusa ná bheith ag foghluim
Ghaedhilge nó ag ceannach toitiní a deineadh
i mBleá Cliath. Chuadar le saighdiúireacht.
Bhí céad ag gluaiseacht i bhfochair an dáréag.
Thug an dáréag iarracht ar an gcéad a chur
fé n-a smacht. Do bhuaidh an céad go
fairsing. B'éigean don dáréag a bheith
umhal go leór mar cuireadh i n-iúl dóibh ná
glacfaí uatha — ón dáréag — ach go ndéan-
faidís an obair go léir, agus an fhoidhne
fhada agus na rudaí dainséaracha. Dhéanfadh
an céad an máirseáil agus an glór agus
na gártha!
Ní mór de sin a thuigeamar-ne — na
buachaillí beaga. Níor thuigeamar ach an
ghlóire go léir, an gaisce mór, an neart
daingean dúr. Bhíodh gluaiseachtaí móra
fear ar siubhal agus gluaiseachtaí móra de
bhuachaillí beaga ar siubhal rómpa amach is
'na ndiaidh aniar. Bhínn féin im' bhuachaillín
beag. Bhíodh mo chroidhe dá ithe le dúthracht.
Chínn fir a thagadh go dtí ionad an gaisce
uair a chluig déannach. B'iongna agus ba
chrádh liom mar sin iad. Bhíodh an dáréag
úd go searbhasach leo. Ní ghlacadh gaiscidhigh
an leadráin leis an searbhas. Bhíodh sé 'na
bhriathar-chath. Annsan do gluaistí tímcheall
an bhaile. Dheintí é sin go h-áluinn. Bhíodh
deire le searbhas. Bhíodh sciatháin orainn
go léir. Clé… clé… clé, deas,
clé, tub tub tub…
Ní fada gur cheap an céad gur mhór an
méadú meanman orainn fuireann ceoil a
bheith againn. Dubhairt an dáréag gurbh
fhearr de chiall gunnaí a sholáthar. Bhí na
buachaillí beaga ar fuaid an bhaile idir dhá
chomhairle ciaca b'fhearr. Chuimhnigh duine
de'n chéad go mbíodh gléas fóirne ceoil ar
an mbaile le linn a athar agus cumá ná
faghfaí greim arís air! Bhí an fán fada
ar chuid des na gléiseanna ach idir chéad
agus bhuachaillí beaga chuathas ar lorg na
ngléas.
Bhí tóir ar cheoltóirí agus ar ghléiseannaibh
ceoil. Baineadh smúit fiche blian des na
gléiseannaibh a bhí ar fagháil ón sean-bhanna.
Cuireadh teangain nua i dtrumpaí, cuireadh
béalmhaigh nua le píobaí práis, séideadh
gaoth le feadóga nár séideadh aon anál
ionnta le cuimhne na seanóirí, cuireadh
sgáil agus sgiomar ar shean-phrás agus
bolg nua sa bhodhrán mór. Ní fada go raibh
banna breá againn 'na steille-bheathaidh
agus ceol maordha, míleata máirseála 'á
chur le gaoith aige.
Nuair a bhí an banna ceoil i bhfearras
dob éigean dar ndóigh gluaiseacht na dhiaidh.
Shocruigh an céad an scéal gan puinn moille.
Raghfaí ar slógadh go Baile an Phludaigh.
Do dhein an dáréag ceistiuchán cad chuige
raghfaí ann i n-ao' chor. Dubhairt aon ghuth
an céad duine sin gurab amhlaidh a bhí
eagla na bpóilíní ar an dáréag, ach gurbh
iad féin na buachaillí ná raibh aon eagla
ortha — ná an diach é!
Bhíos féin imeasg na bhfear go luath
Domhnach na mór-ghluaiseachta. Bhíos lán
de dhúthracht.
Uair go leith a chluig tar éis na h-uaire
ceapadh do tugadh trí flíp don mbodhrán
mór, do greadadh na bodhráin bheaga, do
baineadh fead as feadóga agus gnús as
píobaí práis agus glórtha tóirnighe as
trúmpaí agus do ghluais an trom-shluagh
chun cinn ar chomh-chéim. Bhí deas le deis
agus clé le clé ar comh-árdú agus ar comh-
ísliú. Bhí fear a' bhodhráin mhóir a' déanamh
cearchal agus lúibíní os cionn a chinn leis
an dá chleithín agus ba chuma nó buile úird
gach pleannc a bhuaileadh sé ar an mbodhrán.
Bhí dhá phluic agus aghaidh dhearg ar gach
oirfideach 'na dhiaidh aniar agus iad a'
séideadh ar a ndícheall. Bhí sguaithne de
leanbhaí beaga na sráide i ndiaidh na bhfear
agus iad a' teasbáint a ndritheáracha
móra dá chéile. Bhí mná an bhaile agus a
gcinn sáidhte tré na fuinneóga amach aca
agus iad a' cadaráil le 'na chéile ó fhuin-
neóig go fuinneóig.
Do ghluais an sluagh siar amach. Níor
labhair éinne. Bhí gach duine ar a aire féin.
“MIC MO ROGHA!”
(“Mick for me”)
Caith Tobac
“MIC MC QUAID”
Is é is fearr ar domhan
Isiad lucht a dheunta —
P. Ó CEARBHAILL
is a Chua (Teor)
Dúndealgan
PÁDRAIG DE BÚRCA
10 SRÁID CHÚC, CORCAIGH
A Ghaedheala! Nuair a bheidh TAE, SIÚICRE,
TOITÍNÍ, agus c., ag teastáil uaibh ceannuighidh
uaim-se iad
DEOCH BHLASTA FHOLÁIN
ISEADH
“TANÓRA”
Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar
Scríobh chuig
Seán Ó Dálaigh
is a chua. tta.,
I gCorcaigh
in a thaobh
D. T. Ó Súilleabháin
Reiceadóir Rothar & Mótar
Gunnaí agus Ceatrisí!
37 Sráid Chúc i gCorcaigh
Mheasas ná raibh gasra fear ar a' saol so
ba dhílse ná ba dhúthrachtaí ná an gasra san.
Cheapas ná raibh aon nídh le déanamh ach aire
mhaith a thabhairt ar an gcomh-chéim, rud a
dhéanamh go cruinn do réir órdaithe an
oifigigh agus tré shíor-shiubhal amháin go
mbuadhfaí réim na h-Éireann linn go bog.
Bhí nidhthe beaga a chráidh, beagán me.
Níor bh'fhéidir le Tadhg Fada a chosa a
choimeád ar comh-chéim leis an sluagh. Ba
mhór an cur siar ar aon chúis a aindise sin,
shíleas. Thárlaidh rud eile leis a chuir olc
orm. Bhuail Séamas Mór linn — baitsiléir
d'fheirmeóir maith gustalach.
“Seo leat chun siubhail linn,” arsa duine
de'n gcomplacht leis.
“Cá raghaidh sibh?” ar seisean, go réidh.
“Ní stadfam go mbuadhfar tír na
h-Éireann linn,” arsa saighdiúir againn-ne.
“Dhé! Tá mo dhóthain de thír na
h-Éireann agam-sa cheana féin,” arsa
Séamas, go mall fuar-dhúthrachtach.
Chuir san ar buile me. Ba mhaith liom
duine meattha dá leithéid a chrochadh.
Níorbh' mhar a chéile é, dar liom, agus fear
buailte an bhodhráin.
Sráid-bhaile iseadh Baile an Phludaigh
agus aon tabhairne amháin ann. Tar éis
siubhail na gcúig míle bhí an brothal ag
goilliúint go mór ar ár lucht ceoil. Bhí
muinntir an bhaile idir óg agus aosta
amuich a' fáiltiú romhainn. Do stad an lucht
ceoil de'n tsiubhal agus shéideadar greas
breá láidir do mhuinntir an bhaile. Ní chuala
féin aon órdú ó'n gcaptaoin 'na thaobh ach
do h-ísligheadh an bodhrán mór anuas ar an
dtalamh agus chaith fear a iomchartha seile
uaidh amach agus chimil an t-allus d'á éadan
le muinchille a chasóige. Chuala fear an
chlárnait 'a rádh go raibh oiread smúit'
dulta 'na phíopán gharbh síos ná bhádhfadh an
fhairrge í. Thug gach oirfideach a ghléas féin
ceoil leis ach fágadh mé féin i mbun an
bhodhrán mhóir. Chuaidh cách eile ach an dáréag
isteach sa tabhairne — “go ceann cúig
nóimeataí,” mar a dubhrthas liom.
Shuidheas in-aice leis an mbodhrán 'á
infiúchadh. Bhí an-mheas agam air agus ar an
té a bhí 'á sheinnt.
Fear mar Naois i ngnaoi 's i nósaibh
Fear mar Osgar i gcosgar nó i gcomhlann
Fear ar glonn mar Gholl Mac Mórna
Fear san ngaisge go n-aigne leomhain.
Siud é mar a bhíos a' cur leis go raibh
na cúig nóimeataí caitthe, dar liom, ach ní
fheaca mo dhuine chugham. Bhraitheas mí-fhoidhne
ar an dáréag amuich. Dubhart gur dócha
gur mór an tart a bhí ar na daoine istigh 's
a bhrothalaighe 's bhí an lá. Shéid duine de'n
dáréag feadán i gcionn leath uair a chluig.
Ní tháinig aoinne. I gcionn uair a chluig chuaidh
an dáréag in' ordú gluaiste — agus ghluais-
eadar leo — gan ceol, gan céad!
Ba leasg liom-sa dul ó'n dualgas a cuir-
eadh orm ach níorbh fhada anonn uaim an
tabhairne. Cheapas gur mó an dualgas a
bhí orm laochraí an tarta thabhairt chun gaisce
is chuas 'on tabhairne. Ann istigh a bhí na ceol-
tóirí go léir agus cad é cainnt agus rí-rá
agus ól ná raibh ar siubhal. Le linn dom a
bheith a' déanamh isteach ar bhéal a' dorais
chuala beirt aca agus iad ar na bréithre
árda ag áiteamh ar a chéile. Fear trúmpa
agus fear clárnait a bhí ann agus mo dhuine
eadtortha istigh. Ní chuala-sa mórán de'n
argóint ach go ndubhairt fear a' chlárnait
gur trúmpa balbh gan teangain a bhí ag an
bhfear eile. Ba é an freagra a fuair sé ar
sin ná buile de'n trúmpa ar mhullach a' chínn
go ndearnadh lúbán de'n dtrúmpa. Dhírigh-
eadar féin ar a chéile agus ghaibh gach duine
istigh páirt le taobh éigin. Bhí an tigh ró-bheag
aca agus b'sheo leo amach agus iad a' bruighin
agus ag iomrascáil. Tháinig mo dhuine amach
agus bhuail an bodhrán mór anáirde air féin
agus thairig sé trí phleannc air agus do
ghlaoidh go h-árd ar lucht cabhraithe le fear
a' trúmpa seasamh le chéile. Tháinig duine
mór spágach des na clárnaiteóirí le na linn
sin agus thairig de chic ar an mbodhrán mór
agus chuir a bhróg trí na chliathán isteach agus
trí na chliathán eile amach. Bhuail fhear a'
bhodhráin é sin le buile de'n chleithín sa phlaosc
agus thuiteadar féin agus an bodhrán anuas
ar a chéile.
Sin a bhfeaca-sa de'n mbruighin. Teicheas.
Ní tháinig aon ghléas amháin ceoil slán ó'n
ngráscar — ná ceoltóir. Do cuireadh an
bodhránaidhe a bhaile i gcairt asail.
Níor lean ach an daréag de'n tsaighdiúir-
eacht. Marbhuigheadh cuid aca. Bhí an céad
ar a shochraid — ag máirseáil.
Mícheál Ó Siochfhradha.
SEAN-OIDHCHE BHEALTAINE.
Innsint dheas ar fhíor-sheansgéal é sin
ó'n gCriomhthanach a bhí i “Lóchrann” Mí
Meadhon Fóghmhair. Bhí leagan eile dhe i
gcló sa “Stoc” le déanaighe, leagan a
fuair “An Craoibhín” ó sheanduine i
gConnachtaibh fad ó is a tháinig amach san
“Celtic Review” fiche éigin bliain ó shoin
fé'n teideal “Préachán Aicle.” San leabhar
úd an Oireachtais, 1919, go dtugtar
“Scéalta Triúir” air atá innsint mhaith
ar an sgéal ag Chonchubhar Ó Deasúmhna,
Bhaile Mhúirne, innsint atá geall leis mar
a chéile leis seo ó'n mBlascaod. In inead
an Bhradáin Fharagheal fé mar tá ag
Conchubhar, sé Breac Caoch nó Bradán
Caoch an Easa Ruaidh .i. Béal Átha
Seannaigh, atá sa sgéal Connachtach. Agus
b'í “Cailleach Bhéara,” an tsean-chailleach
sa sgéal, ná raibh cur amach aici ar oidhche
do bhí níos fuaire ná an oidhche do
bheir an fiosrúchán. Idir na trí leagain
seo ba cheart go mbeadh cnámha an sgéil le
chéile go maith anois againn.
F. na L.
AG TARRANG NA BPOTAÍ.
Maidin Dé Luain iseadh do shocruigh mé
ar dhul amach le Taimí Pheats. Ní raibh 'n-a
fhochair ach Séamus Mháire Éamoinn mar bhí
Nioclás Mhicil imithe ar bhád eile i n-áit
fir a bhí tinn. Bhaineamar Cuan h-Eilbhic
amach timcheall a h-ocht a chlog ar maidin,
d'árduigheamar na seolta agus is gairid
go rabhamar ag gabháilt timcheall an chinn.
Ní raibh puth gaoithe ann agus chaitheamar
na bataí ramha do chur ag obair. Bhíos-sa
ag an stiúr, ach nuair a bhíomar ag gabháilt
tríd an “Dairdenelles,” mar a tugtar ar
phíosa cumhang de'n mhuir atá idir oileán
beag agus an tír, do chuaidh Taimí i mbun
na stiúrach. Do lean mise ag rámhaidheacht
gur shroiseamar Faill an Staicín.
Do chromamar annsan ag tarraing na
bpotaí. Bhí dhá ghliomach ins an cheud cheann
agus níor mhór dúinn baoite úr do chur ann
mar ní raibh fágtha ach giobalach beag de'n
iasc a bhí ann. Do leanamar á dtarraing
go raibh gach ceann acu istigh againn. Bhí
dachad pota ar fad amuigh. Bhí cuid acu
folamh, cuid eile acu agus gan ach gliomach
amháin ionnta, agus bhí roinnt díobh agus bhí
dhá cheann ionnta. Seacht gcinn triochad
de ghliomaigh do bhí againn de bhárr ár
gcuid saothair.
Bhí sé ag tarraing ar a dó a chlog um
an dtaca so agus bhí na potaí go léir
curtha síos againn arís. Chuireamar na
seolta i n-áirde agus do bhogamar thar
n-ais i dtreo Ceann h-Eilbhic. Bhí an ghaoth
linn, agus ar a shon gur beag di a bhí ann,
gheobhaimís é thógaint go bog mar ní raibh
dithineas orainn a chuigint. B'é Séamus
Mháire Éamoinn a bhí ag stiúradh agus do
shín Taimí agus mise sinn féin i dtosach an
bháid. D'fhiafuigheas de an raibh aon sgéal
aige i dtaobh na murdhúch nó an raibh a
leithéidí ann a chuigint.
“Dhera, a mhic ó!” ar seisean, “ní fhaca
mé ceann riamh, ach is cuimhin liom sgéal a
dh'airigh mé nuair a bhí mé óg, mo mháthair
mhór d'innis dom é, agus ar a shon gur
chreideadar a lucht éisteachta an sgéal,
isé mo thuairim nach raibh ann ach finnsgéal.
Seo mar do bhí:”
“Éamonn Pheigí — beannacht Dé le
n-anam — a b'ainm dó. Ba é an naomhadh
duine clainne é agus b'í Brighid, a shean-
mháthair, a thóg é. Iasgaire b'eadh a athair
agus ós rud é gur anródhach an saoghal athá
'ge iasgairí na h-Éireann; bhíodar an-bhocht.
Nuair a bhí Éamonn 'n-a fhear óg 'sé rud a
bhí sé a dheunamh ach ag tráightheoireacht .i.
ag cuardach na trágha agus ag bailiú pé
rud a tháinig isteach le líonadh mara.
Babhtaí do gheibheadh sé tuarasdal maith ach
is minicí a bhíodh an béal bocht aige agus an
saoghal lom.
Pé'r domhan de, an mhaidin seo, bhí sé ar
an dtráigh go doich agus cad do chífeadh sé
uaidh ach bruinneall áluinn mhaordha mhais-
eamhail, dar leis — í 'n-a suidhe ar charraig
ag cíoradh a cuid gruaige órdha le cíor a
bhí ag spréacharnaigh leis an méid péarlaí
a bhí innte. An mhurdhúch do bhí ann. Do
bheannuigh sé dhi agus d'fhreagair sise i
nguth bhog bhinn agus dubhairt leis suidhe
síos 'n-a h-aice. Do dhéin sé amhlaidh mar
bhí sórt draoidheacht air 'ge neart a h-áil-
neachta. Do mheall sí chómh mór san é go
dtug sé grádh a chroidhe dhi agus d'iarr sé
uirthi aon phóigín amháin do thabhairt dó.
Dubhairt sí leis dá ndeunadh go gcaithfeadh
sé teacht 'n-a fochair agus fuireach léi go
ceann bliana. Ní raibh sé sásta sgaradh
léi go bhfuair sé póg uaithe.
Is mó tuairim a bhí ages na comharsanaibh
i dtaobh Éamoinn Pheigí — cuid acu á rádh
gurab amhlaidh a chuaidh sé go Sasana Nua,
cuid eile á rádh go ndeachaidh sé ag fostódh
ag feirmeoir i gconndae eile ach bhí a
thuairim féin ag gach duine. Bliadhain 'n-a
dhiaidh sin do fritheadh a chorp ar an dtráigh
i n-aice Ceann h-Eilbhic agus d'réir gach
deallraimh bhí sé 'san uisge ar feadh na
bliadhna, ach bhí mion-gháire ar a aghaidh.
Séamus.
An tSiona.
Treoruighean an tSiona,
Príomh-abha na h-Éireann,
Ó chúm Loig a 'Choire
Ceann-tobar a tuile
tre riasgaibh gach fearainn
Go h-íochtar Locha Aillinn
Is as sin gan tocht feadhma
go h-árd-chnoc Cinn Léime
Mara n-oibreann a h-uisce
Gan liotra, gan leisge,
Go tonnaibh na mara,
Gan imreas, gan fala,
Idir phointe Chiarraighe
'N-ar sár-eólach filí
As Cnapach Cinn Léime
'N-ar lonnrach gath gréine.
[An Braonánach, file Cláiríneach a dubhairt.]
NA CÁRRTHAIGH.
Cárrthaigh na Samhna (nó “na Leamhna”)
Is gan beann acu ar aoinne!
Cárrthaigh na Beárnan
Na Cárrthaigh is fearr acu!
Mác Cárrtha ó'n sliabh,
Is fearr fial gan locht é!
[Ba mhaith linn focail faire nó lúigh maoidhte nó
cainnteanna ar bith ag baint leis na sean-treabh-
chaistí d'fháil ó aon léightheóirí go bhfuil siad acu.
F. an L.]
AN ROINN OIDEACHAIS
OIDEACHAS
NÁISIÚNTA
Tá ceapaighthe Scoil Nuadh do bhunú
i Sráid Maolbhrighde, Baile Átha Cliath,
ar a mbeidh an Dr. Sár-Oirmhidhneach Ó
Broin, Árd-Easpog Bhaile Átha Cliath,
agus ionadach de Roinn an Oideachais
mar bhainisteóirí.
Beidh Príomh-Oide agus duine nó
beirt Oidí Conganta (mná uile) ag
teasdáil i gcómhair na scoile seo.
Iarrtar ar Oidí Náisiúnta go bhfuil
an Ghaedhealg aca ó dhuthchas, nó oidí
atá sár-oilte i nGaedhilg, agus atá
go h-Éifeachtach, iarrataisí a chur
isteach ar na postanna so.
Ní thoghfar aoinne i gcómhair na
bpostanna so ach daoine atá i n-ann
adhbhair uile an Chláir Nuaidh do mhúin-
eadh tré Ghaedhilg amháin.
Is féidir le lucht iarratais fuirm-
eacha d'fhagháil ach scríobhadh chun an
Rúnaidhe, Oifig an Oideachais Náisiún-
ta, Sr. Maolbhrighde, Baile Átha Cliath.
Glacfar le fuirmeacha — agus iad
líonta go cuibhe — a bheas istigh ann
san Oifig seo ar an dara lá Deire
Fóghmhair nó roimis sin.
Oifig an Oideachais Náisiúnta,
Sráid Maolbhrighde,
Átha Cliath.
MÁ THEASTUIGHEANN UAIT
LEABHAR GAEDHILGE DE
SHAGHAS AR BITH
Gheobhair annso é
Deinimíd
LEABHAIR AN ATHAR PEADAR
do chraobhscaoile
Sinne Muintir
Brúin & Nualláin
2 Sráid an Chócaire,
i gCorcaigh
LEABHARTHA leis “AN SEABHAC.”
Seanfhocail na Muimhneach — Bailiú mór de
sheanfhoclaibh, a fuarthas san Mumhain, maille le
nótaí, míniú, tagarthaí, agus rl., 262 pp. + XII,
fé chlúdach éadaigh — 3/6, ó Chomhlucht Oideachais na
h-Éireann, Baile Átha Cliath agus Corcaigh.
SEÁINÍN nó EACHTRA MIC MÍ-RIALTA — Scéal
fada grinn. Cur amach speisialta i gcóir an
tsluaigh — 1/3, ó Mháire Ní Raghallaigh, 87 Sráid
Dorset, Baile Átha Cliath.
Jimín Mháire Thaidhg — Rí-scéal an tSeabhaic.
Fé chlúdach láidir páipéir — 1/3; fé chlúdach clár
agus éadaigh — 2/6, ó Chualacht Oideachais na
h-Éireann agus ó Mháire Raghallaigh.
AN LÓCHRANN.
Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó
díolacháin nó fógríochta an pháipéir seo go dtí —
Bainisteoir “An Lóchrann,”
27 Sráid Tucaí i gCorcaigh
agus
Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus
scríbhneóireachta go dtí —
119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc,
Bleá Cliath.
Seoltar síntiúsaí oinigh go dtí —
Tadhg Ó Tuama,
Muirebhille, Bhóthar Bhictória,
Corcaigh.
“An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh
Bliana… 3/6
AN TEINTEÁN AGUS AN SCOIL.
An duine bheadh ag lorg 'na h-áite
i nÉirinn is mó go bhfuil náisiúntacht
Ghaedhealach fé réim ann is dearbhtha gur ar
an roinnt de theinteánaibh i gcathrachaibh
agus i nGaeltacht Éireann, mar a labhartar
Gaedhilg le leanbhaí an tighe, a gheobhadh sé
an ní a bheadh uaidh. Aithreacha agus máithr-
eacha a thógann a gclann le Gaedhilg tá
glacaithe aca san go loma-lán dáiríribh leis
an náisiún Gaedhealach. Tá dóchas aca 'na
thaobh agus ionntaoibh aca as. Táid siad
ag ceangal a gclainne leis le ceangail an
nádúra agus ag tabhairt seilbhe na Gaedhilge
dhóibh fé mar bheirid Frainncigh an teanga
náisiúnta dá gclainn, nó Rúiseánaigh, nó
cine ar bith eile gurab eol dóibh a ndualgas.
Ní rud i gcomhair lae cruinnithe nó ocáide
speisialta an Ghaedhilg do'n dream san.
Tumaid siad a mbeatha uile innte agus
cuirid iad féin mar sin mar chloich i bhfoirg-
neamh an náisiúin.
Tá cuid mhór de'n tsaghas san teinteán
ar fuaid Éireann fé láthair. Sa Ghaeltacht
atá an chuid is mó aca. Is cuma ciaca d'á
ndeóin a ghníd siad san é — nó de nós.
Táid siad ann agus tá ní ar a seilbh gurab
é a easnamh ar shlua mhór na tíre seo do
bheir Éire na Stát Éireannach agus na
náisiún bréagShasannach. I gcathrachaibh
Éireann atá an chuid eile de na teaghlachaibh
sin. Istigh i lár an bhréagShasannachais
atáid siad neadaithe 'á gcosaint féin air
agus ag iarraidh greim níos daingne
d'fhagháil dá gcuid féin de'n náisiúntas. I
mBleá Cliath is mó atá a leithéidí sin fé mar
is dual do phríomh-chathair na tíre. Tá a
leithéidí eile i gCorcaigh, i nGaillimh agus i
n-aiteanna eile. Ní tré fhaillighe ná tré
thionóise atá na teinteáin sin go Gaedhealach.
Is de bharr neart aigne agus daingne tola
agus síor-aire atáid siad amhlaidh. Le
déannaighe tá teaghlacha mar sin ag dul i
bhflúirsighe agus raghaid siad go h-ana-mhór
i bhfúirsighe gach lá feasta — oileáin bheaga
Ghaedhealacha i lár na dtonn ngallda i
mBleá Cliath. Tá rud éigin láidir laistiar
de'n bhfás san. Sé rud é ná an mian
nádúrtha a bhíonn i ndaoine chun dlúthú le
tréithe an chine dár díobh iad agus chun an
cine sin d'athchruthú ionnta féin agus a
thabhairt chun blátha agus onóra. Go mbí
urmhór de theaghlacha Éireann ar an nós san
ní bheidh de náisiún i nÉirinn ach a mhian —
nó a chuimhne.
Le linn do dhuine bheith ag faire agus ag
machtnamh ar an ngluaiseacht so na línte
tighe Ghaedhilge tagann rud go soiléir d'á
aire. Is rud géar é agus rud a chuirfidh
drochbhail ar an ngluaiseacht muna leighistear
é. Tá uimhir mhór de'n chlainn sin a tógadh
le Gaedhilg agus a fuair scolíocht i gcol-
áistibh agus i n-iolscolaibh agus tá buaidhte
ag an oiliúint scolda ar oiliúint an tinteáin
aca — nó b'fheidir gur cruinne a rádh nár
aithnigh an scoil aon chuid de'n oiliúint
teinteáin a bhí ortha. Do múineadh Gaedhilg
dóibh dar ndóigh — níos fearr b'fhéidir ná
mar múineadh Laidean nó Frainncis — agus
tá sí aca — ach bíodh go bhfuil ní léi atá
ceangailte an oilteacht aigne, an cruinneas
meabhríochta, an labhradh inntleachta ná an
t-eolas coitchionn atá fachta aca de bharr
scolíochta. Is Éireannaigh óga le foghluim
iad agus Gaedhilg aca na theannta san.
Cathain a dhéanfaidh coláistí agus iolscoil-
eanna na tíre Gaedhil foghlumtha de'n ógraidh
agus Ainglis (agus teangtha eile) aca 'na
theannta san. Is fíor nach n-aithnigheann
foghluim aon tír seachas a chéile agus nach
bhfuil gabháltas ag tír ar bith innte seachas tír
eile, ach bíodh sin amhlaidh is mór eatartha
dar linn Oxford agus Berlin agus Lund
agus ní i dteangain tíre iasachta a gléastar
fearas aigne agus inntleachta na ngnáth
scoláirí i n-aon iolscoil aca ná ins na
coláistí a sholáthruigheann na scoláirí sin
chúcha. Is mithid an Ghaedhilg agus an fhoghluim
a cheangal i nÉirinn. Má's fiú go mair-
feadh an Ghaedhilg caithfear é dhéanamh — ní
mhairfidh sí gan é dhéanamh. Tá bun scoil
Ghaedhilge geallta i gcomhair na leanbh
atathar a thógaint le Gaedhilg i mBleá
Cliath. Is maith sin agus is tráthúil, ach
ba ghádh go mbeadh scoil de'n chineál céadna
do leanbhaí idir 12 agus 18 a dheimhneochadh
nach as cíochaibh na h-Ainglise a chaithfidís
árd fhoghluim a dheol nuair bheadh an inntleacht
ag borradh ionnta. Ná milleadh an scoil
oiliúint an teinteáin ach neartuigheadh sí
léi agus tugadh sí chun críche agus blátha
í — agus chun buan-chur na nGaedheal ar
seilbh a gcirt.
NA CÚIRTEANNA AGUS
AN GHAEDHILG.
Cathain a bheidh ceart le fagháil ag
Gaedhilg i gcúirteannaibh na tíre seo?
D'réir dheallraimh, lasmuich de'n méid atá
dá dhéanamh ag Aireacht an Oideachais, ní
mór an deifríocht a dheineann an t-athrú
poluitidhe do chúrsaí Ghaedhealachais nú
mí-Ghaedhealachais.
Tamall beag ó shoin cuireadh an dlighe ar
Sheán Ó Coileáin, múinteóir Ghaedhilge i
nDroichead na Banndan, Co. Chorcaighe, i
dtaobh gan an cháin d'íoc le h-aghaidh Chuirm
Cheoil a bhí fé n-a chúram. Nuair a tháinig
lá na cúirte bhí Seán i láthair agus é ullamh
ar a chúis a phléidhe é féin, as Gaedhilg.
Nuair a tháinig an t-am d'fhreagair sé, ach
ní éisteochaí leis, cé go raibh Gaedhilg ag
an mbreitheamh. Do thagair Seán d'Alt a
Cúig de'n Bhun-reacht. Dubhairt an breith-
eamh gur thuig sé é sin go maith ach toisc
gan Gaedhilg a bheith ag an taobh eile — lucht
déanta an ghearáin nú na daoine bhí ionadach
dóibh i gcóir na h-ócáide — ná féadfadh sé
féin leigint do pléidhe as Gaedhilg a
dhéanamh, go gcaithfeadh sé iompáil ar an
mBéarla, go ndéanfadh a mhalairt mí-áis
do'n Chúirt. Chun scéal gairid a dhéanamh
de ní h-éisteochaí fiú amháin le míniú ar
a thaobh féin de'n scéal ó Sheán mura
ndeineadh sé as Béarla é (tuig gur i
nGaedhilg do bhí an chainnt mar gheall ar
an méid sin idir Seán agus an breitheamh).
Nuair ná labharfaidh Seán an Béarla shoc-
ruigh an breitheamh go raibh sé ag leigint
do'n chúis dul gan chosnamh is leag sé
fíneáil leath-chéad púnt air. Sin é bhí
ag an gCoileánach de bharr a dhílse do'n
Ghaedhilg i gcúirt fé dhlí na h-Éireann. Tá
achuinge aige á dhéanamh i gcoinnibh an
bhreitheamhantais a tugadh air, ach ní ghéillfidh
sé do'n Bhéarla agus nuair ná géillfidh ní
fheadar an n-eireochaidh níos fearr leis
de'n chéad chor eile.
Mícheál.
Níor mhiste dar linn moladh Coimisiún
na Gaeltachta a chur i bhfeidhm láithreach
mara bhfuil de sheasamh i gcúirt ag an
nGaedhilg ach go bhféadfaidh aon dúinse
d'Aingliseoir, a bheadh i gcúis dlí, idir
mhúinteóirí Ghaedhilge agus breitheamhnaibh
le Gaedhilge a thabhairt fé smacht a
dhaoithiúlachta féin.
DUAISEANNA.
Aon chailín nó buachaill a chuirfidh go dtí
Fear Eagair “An Lóchrann” aon bhailiú
maith de'n tsean-aimsireacht a gheobhaid ó
na seandaoine — seana-scéal, nó filíocht nó
seanfhocail nó cainnteanna blasta, beidh
leabhar maith slachtmhar le fagháil aici nó
aige mar dhuais, agus cuirfeam an chuid is
fearr de gach bailiú i gcló sa “Lóchrann.”
AN TOST.
VI — 1975.
“Bíodh ort féin, mar sin.”
Do léim an gath nimhe agus do chuir an
cime sgread peanaide as d'á aimhdheóin.
Bhí an órdóg agus cuid de'n mhéir thosaigh
loisgithe go cnámh. D'imthigh baluithe na
feóla dóighte ar fuaid an tseomra.
An leór san duit?
Ní raibh ann labhairt an uair seo. Dá
mbogadh sé a bhéal ní cainnt a dhéanfadh sé
osnaighil — bhí an phian chomh géar san.
“Tuille, mar sin.”
Nuair a coisgeadh an teas de'n chor san
ní raibh fágtha ach dhá mhéir agus leath de'n
bhais, agus bhí an cime i bhfanntais. Thuit-
feadh sé mura mbéadh na cuibhreacha.
Do labhair duine des na h-oifigigh eile.
“Do mholfainn-se an mhíne do thástáil,” ar
sé. “Níor ghéill sé pioc go dtí seo, agus
tá an t-am ag imtheacht.”
Bhí an laige ag imtheacht d'Fhionnbarra
um an dtaca san agus d'airigh sé na focla
deiridh. “Tá an t-am ag imtheacht!” ar
ndóigh, b'shiné do bhí uaidh — iad do mhoilliú
an fhaid do b'fhéidir. Am — b'shin é an
focal faire.
Walsingham do bhí ag cainnt anois.
B'fhéidir go' bhfuil an ceart agat. Triail-
fimíd í, ar aon chuma — tógaidh a lámh anuas
agus cuiridh toirchimín uirthi.”
Nuair a mhaoluigh ar an bpéin do chruinnigh
Fionnbarra a mheabhair chomh maith agus
d'fhéad sé é. D'fhéach sé tímpal agus é ag
tabhairt rudaí fé ndeara mar a dhéanfadh
duine breoite. An déanamh do bhí ar an
síneáil… an fhuinneóg dhúnta…
an dorus agus é fé ghlas. B'shin é an
neomat do tháinig an smaoineamh mór
chuige. A Dhia, dá ritheadh leis! Ach bhí
Walsingham ag cainnt leis agus níor
mhór dó bheith aireach.
“…fear ciallmhar. Ní h-aon
tairbhe dhuit bheith ag cur 'n-ár gcoinnibh.
Tá an chathair ar fad 'n-ár seilbh agus gach
duine de'n Riaghaltas 'n-a phríosúnach againn
fé'n am so. Má thugann tú an t-eolus
dúinn, geallaim dhuit go raghaidh tú slán.”
Bhí Fionnbarra ag machtnamh níba dhéine
ná mar a dhein sé riamh. Conus iad do
mhoilliú go dtí…
Do labhair sé. “Ní féidir liom cainnt
agus mé ceangailte annso.”
D'fhéach na h-oifigigh ar a chéile. Tosnú
maith é sin, dar leo. Baineadh na ceangail
de'n chime agus tugadh cathaoir do, ach
d'fhan saighdiúir ar gach taobh de. Do chuir
Walsingham an cheist chuige arís.
“Mé leogaint saor ach an léarsgáil do
thabhairt díbh, an eadh?” arsa Fionnbarra,
fhé mar ná tuigfeadh sé an tairgsint.
“Seadh, go díreach. An ndéanfaidh tú é!”
“Is dóigh liom-sa, agus déarfainn gurab
é bhur dtuairim féin leis, gur fiú an
t-eolus níos mó abhfad is abhfad ná an
méid sin.”
Bhí na Gaill ag éirighe ana-shásta. Thuig-
eadar go raibh an sgéal ag dul ar aghaidh
dáiríribh.
“Cad eile a bhéadh uait, má's eadh?
Má's aonnidh réasúnta é, ní bheimíd-ne
ró-dhian sa mhargadh.”
“Seo an méid atá uaim; ná cuirfí
aoinne de'n Riaghaltas chun báis, agus ná
cuirfí cogadh ar dhaoine ná ar bhailte atá
gan cosaint.”
Bhain sé sin stad asta, díreach mar
a cheap sé. Bhíodar ag cogarnaigh le
chéile tamaillín. Annsan do fhreagair
Walsingham.
“Geallfaimíd duit an méid d'iarrais.”
ar seisean. “Innis dúinn anois cá bhfuil
an léarsgáil.”
“Go réidh, go réidh,” arsa Fionnbarra.
Bhí an ceó ag imtheacht d'á inchinn go
h-áluinn um an dtaca so, agus chonaic
sé an tslighe go soiléir roimis. “Níl aon
deimhne agam go gcomhlíonfaidh sibh a bhfuil
geallta agaibh, ná fiú go bhfuil ughdarás
agaibh chun an oiread do gheallamhaint dom.
Aire mise agus ba chóir gur le ceann bhur
n-airm a dhéanfainn mo ghnó. Caithfidh
General Hoxton teacht annso agus an
sgéal do dheimhniú dhom sar a gcomhlíonad
mo thaobh féin de'n mhargadh.”
Níor thaithn an chainnt sin leo. I n-a
choinnibh sin thall, ba léir do go raibh amhras
éigin ortha i dtaobh cad déarfadh a lucht
ceannuis dá ndeintí a leithéid sin de
mhargadh gan é chur 'n-a gcomhairle. Do
lean an chogarnach chúig neomataí luachmhara.
Annsan do cuireadh fios ar Hoxton.
Tuille moille! Thugadh sé strac-fhéachaint
anois a's arís ar an spéir thiar. Do ghluais
deich neomataí… cúig déag…
fiche. Fé dheire do tháinig an fear mór,
an fealltóir, an namhaid ba mheasa d'Éirinn
des na Gaill go léir mar gheall ar an eólus
do fuair sé go fealltach 'n-a seirbhís féin.
Chuaidh Walsingham amach chuige agus do
mhínigh an sgéal do. Annsan do tháinig an
bheirt isteach sa tseomra, agus an sgéal
socair eatortha.
Do labhair Hoxton le Fionnbarra. “Deir-
tear liom gur toil leat léarsgáil na stóras
san iarthar do thabhairt suas ar choingheallacha
áirithe?”
“Is fíor san.” (Cad é an rud é siúd
ar chiumhais na spéire — sguaine éanlaithe?)
“Is mian leat go sgaoilfí saor thú féin
agus an chuid eile de'n Riaghaltas, agus
ná cuirfí cogadh ar dhaoine ná ar áiteanna
neamh-chosanta?”
“Sin mar atá.” (Moladh le Dia na
nGrást, bhí an chabhair ag teacht. Chúig cinn,
sé, seacht…)
“Má's eadh, is áthas liom a rádh go
dtoilighim leis na coingheallacha san tar
cheann Riaghaltais Shasana.” (Fiche, aon,
dó, trí, ceathair, chúig — agus Ponncánaigh
ghá leanmhaint!)
Bhí an tormán aniar le clos go gléineach
anois. Do phreab Hoxton go dtí an fhuin-
neóg, agus do chrom ag tabhairt na mionn.
D'iompuigh sé ar Fhionnbarra.
“An t-eolus úd, ar an bpuinnte,” ar
sé, go borb.
“Neomat amháin. An dtabharfar dom i
sgríbhinn an méid adubhráis? Admhochair
féin go bhfuil an gnó chomh tabhachtach san —”
“Éist do bhéal, a dhuine. Gheobhair aon
sgríbhinn is maith leat ar ball. Ach tabhair
an rud eile úd dúinne anois — gan mhoill,
agus gan bheith ag magadh fúinn.”
Thuig Fionnbarra go raibh deire na
foidhne caithte aca. Ach ba chuma anois.
“Tá go maith. Gheobhair an eochair ar
an urlár fé'n gcrinnlín, mar a bhfuil an
porrán san.”
Do chrom Walsingham go cíocrach, do
chuardaigh neomat agus do thóg ceann des
na h-eochracha 'n-a láimh. Bhí leo sa deire!
“Tóg amach na leabhra ar an dtreasnán
is aoirde ar do láimh chlé annsúd.”
Deineadh amhlaidh.
“Tá comhla bheag annsan — níl agat ach í
bhogadh i leathtaoibh chífir súil an ghlais.”
Do chualathas pléasgadh uathbhásach las-
muigh — cúpla míle uatha, b'fhéidir. Féachaint
dá dtug Fionnbarra an fhuinneóg amach,
chonaic sé an bladhm ag éirighe go spéir i
dtreó an Aerstaid Theas. Bhí cuid de'n
loingeas ag déanamh ar an gcathair anois
agus d'aithin sé cúpla ceann des na h-Oll-
longa Ponncánacha ar tosach.
An greim do bhí aige air féin go dtí sin,
níor fhéad sé é chimeád a thuille. Ní fhéad-
fadh aon fhear beó an t-ualach do sheasamh
chomh fada san. Do sgairt sé amach ag
gáiridhe go h-árd, gan aon neart aige air.
D'fhéach Hoxton air go nimhneach. “Dún
suas do chlab,” do liúgh sé, “nó dar —
dúnfaimíd ort é!” Leis sin do thóg sé
an eochair ó Walsingham, do chuir sa pholl
í agus do chas. D'éirigh gleó lámhaigh ó'n
sráid aníos.
Do bhog an dorus sa bhfalla beagán…
beagán eile… beagán eile…
gur ghluais amach an bás…
gur thuit lámh an fhir — gur thuit an
fear gur leis an lámh — gur thuit na fir
uile — marbh.
Ba bhuan an tost annsan é.
Barra Ó Caochlaoich.
Críoch.
GEARRÁN AN BHATA.
As so gearrán do chuireadh im láthair, go
daingean, gan staonadh.
An ficheamhadh lá do mhí so Mhárta, ar bloscadh
na gréine,
Ocht gcéad déag bliadhain gan bhréag — sé
sin dáta —
Aois Mhic Dé acht cúig is sé is ceathair gan
bhásta.
Dearbhuigheann go lom ar bheartaibh a leabhair
gan aon chraosgal
Ná scrupal san domhan níor bhraitheas air
ann, cé gairid a ghaol leis.
Gur sciob le feall uaidh buinneán coll do'n
fháig (?) ba néata,
D'fhás go sleamhain, gan chuan, gan cham,
gan éalaing.
Níor bhréag do a thabhairt, ba scéal gan
dobhta, ba mhaith a thréithe —
Bhí éide pláta déanta de phrás ar an
gceann caol de,
'S an éill dob' áille de leathar Spáinneach
faoi n-a phléata
'S an tarrainne buidhe ba bhreághtha bhí suas
'na éadan.
Gur mhóidigh arís gur bhailigh buidhean, óg is
aosta —
Lán an tighe ba mhó san tír, ó gach taobh leis;
A speal, a chlaidheamh nó a thuairgín lín i
láimh gach éinne,
Agus Dáit (? dath) an fheill 's a n-iompóghadh
liath (? lí) i gclár a n-éadan
Ní fheadair sé ar domhan cia aca do labhair,
seachain na bréaga,
Is dubhairt le meang breith air thall go
daingean, gan bhaochas.
Do labhair an ceann leo go teann de'n
ráiméis Béarla
Is dubhairt “Hallo! away he go, off 'ou
don't take him.”
Sé críoch mo sceóil is deire mo bhróin gur
dhearbhuigh Séamas
Mac Cuistiolla ar Dháith gur chuinnibh sé a
lámha gur imthigh an péarla
Ba thaca i mbun ghleo chun seasamh le fórsa
ar mhachaire an éirligh.
B'é a ghunna 's a chlaidheamh, a chapall 's a
ghadhar é, a thalamh 's a thréadtha,
Do treascaradh mílte flatha go cinnte i
gcathaibh na Trae leis
Do sheasaimh chun suidhte d'á dheasca gur
claoidheadh iad, maithibh na Gréige.
D'á dheasca thuit treoin ba sheasamhach gleo
le h-Uscar na mbéimionn,
Is Meargach Mór 'sa charaid na dheóigh ar
fhaithche na Féinne.
Is é ba chána is ba bhata láimhe ag Fiannaibh
Éireann.
I n-am a ngábhtair 's a gcruadh-ghráscair le
n-a chéile.
Sé bhí san rian nuair éirigh Cian chun Conn
na gCéad Cath.
Is ag Conal Ceárna an t-am do tháine go
Beann Éadair.
Is é gan dabht do bhí ag Goll is ag Conán
Bréagach.
Ag Diarmaid Donn nuair iarradh cabhair, is
ag Oisín Éachtach,
Is ag Dáire Donn dob' áille glam ba chlos
go h-Éirne.
Is é ba chána ag Murcha dána Aoine an
Chéasta.
I gcath Cluain Tarbh — mo nuar! mar ar
leagadh mílte 'laochaibh
Ar a lorg do tháine Cromuill do'n áit seo,
is tuille d'á mhéirligh,
Do shealbhuigh stáit is talamh le láimh-neart
ó chlanna cheart Éibhir.
Dá dheasca thuit Bóna i n-earraid le Seoirse
gur cailleadh na céadta
D'fharairí cródha is righthe cóige do h-oileadh
le daonacht;
Agus céad eile dream do bhí riamh ann, ná
feadar ar aon chor,
Mar cheapaid lucht leabhar is seanchais
seannda, is creidim an méid sin.
An oidhche ba mhó scamal is ceo is mearathal
spéire
Dá bhfeaca-sa fós ar thalamh, cé mór, gan
ghealach, gan réilte,
Bhíodh solus im' chomhair óm' bhata — gach
seóid go bhfeicinn i n-éinfheacht.
I dtaobh spirid ná gósta marbh ná beo, ní
thigeadh am éileamh.
Sin é fios maitheasa mo bhata 's a thréithe.
An t-Athr. C. Ó Maolchatha do sholáthruigh dúinn as
sean scríbhinn. Tá “barántas cuardaigh” 'na dhiaidh
so thuas sa scríbhinn agus rann leis féin ar deire
thiar mar leanas —
Éamonn Brún, giúistís dá chórum
ó Thuairín Eochaigh, tá gabhar mar bhó aige,
Tá bianna daingean ar bhata mhaith mhór leis —
A's sé an diad nó cuirfidh sé dlighthe i bhfórsa.
GAMHAIN NA BÓ.
I.
“Gluais a ghamhainín,” arsa an bhó,
“Ragham abhaile go dtí 'n cró,
Beidh siad cortha tr'éis an lae
'S bainne uatha 'gcóir an té.”
“Och, a Mhaimí,” ars an ghamhain.
“'S deise bheith annso cois abhann”
“Ach ní dhéanfadh san an gnó —
Ragham abhaile,” ars an bhó.
II.
“Brostuigh! Brostuigh!” ars an bhó,
“Brostuigh ort! a ghamhainín ó!”
“Och, a Mhaimí,” ars an gamhain,
“Faire!” Mhaimí, fan cois abhann.
Fan go gcaithead cúpla léim,
Fan go rinncead cúpla céim.”
“Ach ní dhéanfadh san an gnó —
Ragham abhaile,” ars an bhó.
III.
“Corruigh! Corruigh!” ars an bhó,
“Bhfuil tú teacht, a ghamhainín ó?”
“Dá mbeinn fásta,” ars an ghamhain,
“Ní raghainn do'n chró san go dtí Samhain,
Bheinn a' rith 's a' léimt 's a' damhas
Bheadh agam gach spórt ar fheabhas.”
“Ach ní dhéanfadh san an gnó —
“Ragham abhaile,” ars an bhó.
IV.
“Ca' lir? Ca' lir?” ars an bhó,
“Och cá bhfuil mo ghamhainín ó?”
“Téighir-se bhaile,” ars an ghamhain,
“Fanfaidh mise annso cois abhann.”
“Féach-se anall chughainn,” ars an bhó,
“Sid é Seán le cois is Sancó.”
“Och, a Mhaimí,” ars an ghamhain,
“Ragham abhaile láithreach bonn.”
Mícheál Breathnach do chúm.
CAOINEADH MHUIRE.
A Pheadair, a Easbuil, an bhfaca tú mo
ghrádh geal?
Mu'ch ón is m'uch ón ó!
Chonnac ar báll é i láthair a námhad —
M'uch ón is m'uch ón ó!
Gabhaidh i leith, a dhá Mhuire, go gcaoinidh sibh
mo ghrádh geal —
M'uch ón is m'uch ón ó!
Céard tá le caoineadh againn muna gcaoin-
imíd a chnámha?
M'uch ón is m'uch ón ó!
Cia h-é an fear breágh ar chrann na Páise?
M'uch ón is m'uch ón ó!
An é nach n-aithnigheann tú do mhac, a Mháthair?
M'uch ón is m'uch ón ó!
Agus an é sin an maicín d'iomchar mé trí
ráithe?
M'uch ón is m'uch ón ó!
Nó an é sin an maicín do rugadh ins an
stábla?
M'uch ón is m'uch ón ó!
Nó an é sin an maicín d'oileadh i n-ucht
Mháire?
M'uch ón is m'uch ón ó!
Agus an é sin an casúr do bhuail tríot na
táirngí?
M'uch ón is m'uch ón ó!
Nó an é sin an tsleagh do chuaidh trí do
lár geal?
M'uch ón is m'uch ón ó!
Nó an é sin an choróinn spíonta chuaidh ar
do mhullach áluinn?
M'uch ón is m'uch ón ó!
Muise, éist! a Mháithrín, agus ná bí cráidhte —
M'uch ón is m'uch ón ó!
Tá mná mo chaointe-se le breith go
fóilleach —
M'uch ón is m'uch ón ó!
Níl aon duine chaoineas tú i n-Oileán
Phárrthais (? Phádhraic)
Nár gheal í a leabaidh i bhFlaithis na nGrásta.
Mícheál ó Tiománaidhe do sholáthruigh agus do chuir
chughainn ó Chonnachtaibh.
Bhí leagan eile de seo thuas, a fuarthas i gCiarraighe
thiar i gcló sa “Lóchrann” sa mbliain 1910 agus an
ceol a ghabhann annsúd leis na theannna. Féach leat
“Old Irish Folk Music,” le Joyce, uimhir 592/3 agus
647 do'n saghas ceoil d'oirfeadh do
Fr. an L.
MUIRE AGUS A MAC.
Séamus Ó Glasáin, Timthire Ghaedhilge, i gCill
Mantáin, do sholáthruigh an píosa áluinn sin do bhí i
“Lóchrann” na Lúghnasa. Trí dhearmhad do scaradh,
a thúis agus a dheire ó chéile. In Óméith Mara seadh
fuair sé é. É sin agus an ceann fíor-dheas ó Mhícheál
ó Tiománaidhe san “Lóchrann” so b'fhiú do gach scol-
áire léighinn iad a mheabhrú. Tá fíor-chultúir na
Gaedhilge agus aigne Ghaedhlach ionnta.
DUANAIREACHT DO LEANBHAÍ.
Cuitse! Cuitsiú!
[Teine chnámh agus sgata leanbhaí ar cromadh tímpal
uirthi. Iad ag léimt 's ag raideadh agus an chainnt seo
ar siubhal acu:]
Cuitse! Cuitsiú!
Rinncfidh na cearca é,
Cuitse! Cuitsiú!
Rinnce na ngeafairí,
Geafairí óga is geafairí críona,
Dá mbeadh geafairí eile 'nn
Bheadh lán a tighe 'gainn.
Cuitse! Cuitsiú! &rl.
[Sean-chluiche ó Chiarraighe é seo.]
“SEANFHOCAIL NA MUIMHNEACH.”
Is fír-bheag a deineadh go dtí seo chun
na Seanfhocail atá againn san Mumhain do
chur ó bhaoghal ná fiú amháin do chur le chéile.
Do chuir “Tórna” cuid acu i leabhar blianta
fada ó shoin, agus bhíomar buidheach de dá
bhárr; ach má bhíomar buidheach an uair sin
ba chóir go mbeimís níosa sheacht mbuidhighe
anois nuair a chímíd an leabhar mór slacht-
mhar so atá bronnta ar an saoghal nGaolach
ag “An Seabhac.”
Is mór an sásamh aigne do lucht Ghaedhilge
an leabhar so do bheith anois acu chun tarac
air nuair is mian leo biadh folláin Gaolach
do sholáthar d'á n-aigne. Is mór an sólás
do lucht Ghaedhilge a mhúine é bheith acu mar
chisde chun tarac as nuair a bheidh a stór
féin geall le bheith ídighthe. Is mór an
misneach do lucht foghlumtha Ghaedhilge an
leabhar so do bheith ann mar thaca agus mar
ghiolla dhóibh. Agus is mór an chreideamh-
aint do mhuinntir na Mumhan go léir é
bheith le rádh feasda acu — “Féach air sin
mar leabhar seanfhocal agus gan ann ach
gnáth-chainnt Muimhneach;” nó, “Féach air
sin mar chnósachd feallsúnachta agus gan
ann ach an méid a bailigheadh ó dhaoinibh
bochta thall 's i bhfus nár léigh leabhar riamh.”
An focal atá sa reamh-rádh, ag tagairt
do dhaoinibh atá ar shlua na marbh go
bhfuil eagarthóir an leabhair fé chomaoin
aca, an focal is deise a scríobhadh i
nGaedhilge le fada. “An Seabhac” ag
nochta dhúinn ciarbh' iad na daoine a mhúin
Gaedhilg dho féin! Agus ciarbh' iad an
dóigh libh? Daoine móra a fuair clú as
cáil i hallaibh ollscoile éigin? Ní h-eadh,
mhuise, ach daoine bochta macánta fé'n
dtuaith agus daoine dearóile a bhíodh
bailithe isteach i dtighthibh bocht na Mumhan.
Truagh ná dearnaidh na céadta eile an
rud do dhein “An Seabhac” agus iad féin
a chur i n-oiriúint sa chuma chéadna. Dá
ndeinidís bheadh a mhalairt de chrot ar an
nGaedhilg anois, agus bheadh na mílte seod
eile sábháltha againn fé mar atá breis agus
dhá mhíle seanfhocal sábháltha go baileach sa
leabhar so.
Ach is maith an scéal dúinne é go raibh
éinne amháin ag obair agus ag cnósachd
agus ag cur chun críche. Tá an toradh
anois againn. Tá rud breágh againn go
mbeidh daoine mórdhálach as feasda. Tá
rud luachmhar againn a shaidhbhreochaidh ár
gcainnt. Tá rud slachtmhar againn a
theasbánfaidh dúinn conus ba cheart crích
do chur ar aon scríbhinní atá againn féin.
Tá mianach áluinn againn 'na bhfuighmíd
cruinneas thar bárr agus comhgar cainnte,
agus feallsúnacht Gaedheal.
Adeir “An Seabhac” go bhfuil roinnt
mhaith seanfhocal fós san Mumhain ná fuil
sa leabhar so i n-ao' chor. Tá dúithchí
leathana ann nár shiubhal sé le na linn.
Anois an t-am chun na cinn eile do bhailiú
má mhaireann daoine fós chun iad do
thabhairt uatha. Tá samplaí anso de gach
cineál a mheallfadh cinn eile thar bárr ón
té ag a mbeadh a leithéid. Naoi rannta is
fiche atá déanta dá bhfuil ann, agus baint
ag gach rainnt acu le rud fé leith. Socrú
áiseach é sin a chabhróchaidh le lucht a léighte
chun feidhm a bhaint asta.
Níl slígh agam anso chun a thuille a rádh
'na thaobh an turas so, ach bheirim cómhairle
do dhaoinibh gur mhaith leo fleadh Ghaolach a
chaitheamh dul chun an leabhair.
Peadar ó h-Annracháin.
LEABHAIR.
SEÁINÍN — Is maith an scéal gur cuireadh
amach fé dheire cló saor de'n leabhar so
“An tSeabhaic” i gcóir an phobail. Beidh
sé go h-ana-áiseach agus go h-ana-oiriúnach
i gcóir léightheóireacht do ranganna fé
Connartha na Gaedhilge nó fé Choistí Ceárd-
oideachais. Tá sé ar díol ag Máire Ní
Raghallaigh, 87 Sr. Dorset, Bleá Cliath, ar
1/3 an chóib. Tá cuma breá slachtmhar air
agus níl a shárú mar leabhar grinn i nGaedhilg.
SEILG AMEASC NA n-ALP — Cur amach
eile de'n leabhar so — an cúigiú cur amach
de — agus é chomh h-úr, chomh h-inléighte agus
bhí an lá do chuir Mícheál bocht Breathnach
féin dá pheann é suas le fiche bliain ó shin.
I gcóir scoileanna an cur amach so. Cumann
Oideachais na h-Éireann na foillsitheóirí
agus seacht bpingne a fhiacha.
CAINNT NA n-ÉAN.
Bain sop! Bain sop!
Cad chuige? Cad chuige?
Chun nide! Chun nide!
Cá ndéan? Cá ndéan?
Cois abhann! Cois abhann!
Gheobhadh aodhaire na mbó é!
Do bhuailfinn le cloi' é!
Do bhuailfá dá bhféadthá!
[Ní fheadar an é an gabhairín reó a deir é seo nó
an naosgach.]
Tadhg Ó Séagha,
Mainistir na h-Inse.
Deir Liam Braidligh, ó Fhearann na h-Abhann i n-Ibh
Ráthach, go n-abrann an chearc fraoigh níos mó ná mar
bhí sa “Lóchrann” uaithe. Sé an méid sa bhreis atá ag
Liam dá cantaireacht ná “agus tá sé órduithe gan
cuid na h-oíche 'choimeád leis an lá” .i. nuair a thioc-
faidh an lá tiocfaidh an chuid le n-a chois. Ba mhór
leis an gcoileach a raibh sí ag priocadh de'n bhfraoch
nuair dubhairt sé “ara, spáráil an fraoch!” léi.
F. na L.
SEÁN Ó CONAILL
Dealbhóir Gaedhlach,
SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH
Sgríobh ag triall air
IRISLEABHAR MUIGHE
NUADHAD
1926
Gaedhilg ó chuirr go cuirr
DÁNTA,
SCÉALTA,
TRÁCHTAISÍ,
LSS EAGARTHA, &c.
1/6 Le fagháil ó
MHUINNTIR GUILL nó ó
MHUINNTIR EASON, Áth Cliath
AN BONN
a's
AN CORN
a's
AN CHRAOBH DO'N
LÚTHAIDHE
AN SEÓD LUACHMHAR
& obair chondualach air
An stoc so againn-ne níl
a shárú in Éirinn
breághthacht agus buaine
LIAM MAC AODHGÁIN
Is a Chl. Mhac
Seódoirí agus Gaibhne geala,
31 & 32 SR. PHÁDRAIG NAOMHTHA
I gCORCAIGH
De dhéantúisí SHEÁN TÓIBÍN
iad so:
Tíreóluidhe ar Éirinn — Leabhar in a bhfuil
Tíreólas, Tlachteólas, Luibheólas agus Stairshean-
chus a bhainean le h-Éirinn. Ar 5/- ó Chualucht
Brún & ó Nualáin, in Áth Cliath nó i gCorcaigh.
Ó Fáilbhe Mór — Dráma a rinn D. Ó Corcura;
ar 1/- ó Chualucht Brún & Ó Nualáin.
Ursa an anama — Leabhar paidreacha a bhfuil
pictiúirí léirithe an Aifrinn ann. É oiriúnach mar
bhronntanas do'n leanbh nó do'n duine fásta ná
fuil ró-láidir sa' Ghaedhilg. 2/-.
Paidir is fiche — Paidreacha beaga bhlasta
ó'n nGaedhaltacht; ar 4d. agus ar 1/2. Mac
Aodhgáin & a Chl. Mhac a dhíolan na leabhair sin
paidreacha, ag 32 Sráid Pádraig, i gCorcaigh.
CHÓMH BLASTA
LE
H-AON-ÍM!
MARGAIRÍN
“LEANDAR”
TÁ 'Á DHÉANAMH
I gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL
Ó MATHÚNA
agus a gCualacht
Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.
SOLÁTHRUIGH CÓIB DE
“SEANFHOCAIL NA MUIMHNEACH.”
“AN SEABHAC” do bhailigh agus do chuir i n-eagar, maille le
nótaí, tagarthaí ranna, béal-oidis, réamh-thagradh, &c., &c. Bláth
agus cruinneas agus “Blas” fíor na Gaedhilge ann. Mianach
Óir an leabhar so do lucht litríochta agus staidéir agus go
mór mór d'aon duine gur mhian leis slachtmhaire agus cruth
Gaedhealach a bheith ar a chuid cainnte aige:
Cultúir aigne agus cainnte na nGaedheal
2152 seanfhocail, 262 pp. + XII, fé chlúdach éadaigh, 3/6
le fagháil ó CHUALACHT OIDEACHAIS NA h-ÉIREANN
89 Sráid Talbot, Áth Cliath; 11 Sráid Pádraig, Corcaigh
AN ÓIGE.
(Sean-amhrán binn ós na Déisibh.)
Gléas A flat.
Tá gleanntán ar m'eólas go bhfuil óig' ann a'
triall,
Tá lannsa 'chailín óg ann nár iarradh fós riamh,
Má dh'fhanann sí gan pósadh go slanógha' sí an bhliain,
Is gur buachaillín óg mé 'bheidh fós ann mar chliamhain
II.
Na mná so bhíonn pósta ní h-áil leótha leann,
Ní smeartha bhíonn a mbróga 's bíonn a gcótaí bun
os ceann,
Grádh mo chroidhe an óige, sí an tseóid í is breághth' ann,
Mar is cuma léi ca ngeóbha' sí nuair thógann sí ceann.
III.
Do dhúbhfainn do bhróga, a dhian-stór mo chroidhe.
Do níghfinn do léine chomh geal leis an aoí(u)l,
Do chuirfinn-se cóir ort, óró! dóthain mac a' ríogh,
Ó! is teilg-se uam-s' an brón so agus éaluigh liom
síos.
IV.
Is grádh thabhairt do sheanduine (seanbhean?) níor
thugas fós riamh,
Is grádh thabhairt do sheanduine aosda gan chiall,
Tá móide nó dhó ar mo óigfhear (bhean?) le bliain,
Is go siubhlóghainn Clár Fódhla gan na bróga as
do dhiai'.
V.
Thabharfainn eólas dom' stóirín go Corcaigh na gcuan,
Agus sheólfainn gach bóthar í go Caiseal ó thuaidh,
Tá seóid in mo phóca chuirfeadh luisne n-a gruadh,
O's ní gheóbhainn-se le h-ósta ná glacfadh san uaim.
VI.
Is do gheall tú mé phósadh is do dhéin tú liom bréag,
Is do gheall tú mé phósadh gan feóirling sa tsaoghal,
Ní scapfainn an drúcht leat ní bhrúghfainn ná an féar,
Is a phéarla an chúil ómair is deas do phógfainn
do bhéal.
VII.
'S nach aoibhinn dos na h-éanaibh éirgheann go n-árd,
Bhíonn ag ceileabhar le n-a chéile, ar aon ghéigín amháin;
Ní mar sin do bhím-se is mo chéad míle grádh
Ach chomh fada ó n-a chéile 's tá an réalthan ón mbán.
VIII.
Tá cailín beag thoir agam agus cailín beag thiar,
Tá cailín beag eile ins an mbaile go mbím;
Má phósfaidh me duine 'cu beidh mo chroidhe 'bpian
Óró's beidh an chuid eile acu ag gol as mo dhiai'.
ó Dhéaglán Ó Loingsigh,
Áird Mhór,
i nDéisibh Mumhan.
Tá amhrán i gConnachtaibh go bhfuil fonn cosamhail leis seo thuas air. Tosnuigheann bhéarsa dhe mar
seo: “A nglacfá le Nóirín dá bhfaghthá í mar mhnaoi,
Ghlacfainn le Nóirín sí grádh geal mo chroidhe.”
Agus tá mórán balletí Gaedhlacha, i-nGaedhilg agus i mBéarla go bhfuil an déanamh céadna ortha mar
atá “Ar mo ghabháil tríd an mbaile gurb' ainm Rath Cumhaill;” “Tá cailín beag deas anso gurb ainm di
Mór;” “In Bodenstown Churchyard there is a green grave;” “In the town of Kilkenny there dwells
a fair dame.”
F. na L.
SNASÁIN “SCIENCE”
“GILE NA GILE”
SNASÁIN AGUS SMEARA
Do'n BHRÓIG
Do'n ÚRLÁR
Do'n TROSCÁN
SNASÁIN gan locht
NÁ GLAC ACH “SCIENCE”
Punch is a Chual. i gCorcaigh a dheineann.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11