AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uim. a 6. (An 3adh Srath). ABRÁN agus BEALTAINE, 1926. Dhá Phinginn a Fhiacha.
AN GÁRLACH COILEÁNACH.
Idir Chiarraighe agus Chonndae Chorcaighe
do bhí feirm mhór thalmhan ag an gCoileánach
so agus bhíodh saidhbhreas á dhéanamh aige de
mhil bheach mar do bhí mórán cuasnóg aige.
Ní raibh an baile mór ró fhada ó bhaile agus
dá dheascaibh sin thugadh bean an tighe cílléir
de'n mhil ar a ceann léi 'á dhíol gach uair
a bhíodh sé lán. Lá des na laetheannta
thug sí turus le cílléir aca so 'á dhíol agus
nuair a bhí sé díolta aici bhí beagán salainn
aici le breith abhaile léi.
Do bhí abha mhór idir an tigh agus an
baile mór agus thagadh uisce mhór innti
gach uair tar éis fearthanna agus do bhí
san innti an lá so áirithe. Le linn gabháil
chun na h-abhann do bhean so na meala dhíol,
toisc go raibh an salann mar ualach uirthi
nuair a thug sí fé 'n áth, níor dhein sí an
bheart — do thuit sí agus do báthadh í.
Púir mhór dob' eadh bean an Choileánaigh
do bheith báithte, dar ndóigh, ach i gcionn
tamaill de leagh sé — ar nós gach ní — agus
go lán luath do bhí seibineach de mhnaoi eile
ag faire ar dhul n-a h-ionad, agus ní ró
fhada 'na dhiaidh so go dtug an Coileánach
leis í agus má thug ba mhaith an bhean mheala
do dhíol í ach ní raibh sí go ró mhaith do'n
Ghárlach do bhí ar an tinteán roimpi agus
ní raibh puinn dúthrachta ag an leas-mháthair
'á dhéanamh do — gráinne mine a fhliuchadh le
h-uisce a thabhairt ar lic na teine dho, a
chosa nighe agus é chaitheamh a chodladh as
an tslí.
Lá de sna laetheannta ráinig an t-athair
istigh leis an dtráthnóna ins am go mbíodh
an Gárlach ag dul chun suain. Seo mar
dubhairt an Gárlach i gcomh chlos d'á athair:
“Is trua gan mo chosa nighthe, mo licín
lighte is me sínte im' shac.”
Chuaidh an chainnt i bhfeidhm ar an athair
agus do cheistigh sé an mac agus an leas-
mháthair agus nuair a fuair sé fírinne an
scéil do las deór fola suas 'na ghnúis agus
d'fhógair sé do'n mhnaoi malairt slí a tharrac
cúichi. Dá olcas mar bhí an leas-mháthair is
minic a bhí leas-mháthair ba mheasa ná í ar
leanbh mar d'athruigh sí ar fheabhas láithreach
gan aon rud eile a rádh léi ná aon bhuille
a bhualadh uirthi.
Ní ró fhada do bhí an ceart á dh'imirt
leis an nGárlach ins an am gur dhein
buachaill maith dho. Dubhairt an leas-
mháthair leis tráthnóna áirithe dul ar lorg
na ngabhar.
“Ca'il siad agam le fagháil, an dóigh
leat?” ar seisean.
“Cuarduigh dóigh agus andóigh dhóibh,”
ar sise.
Chuaidh an Gárlach amach agus chuaidh sé
go dtí an seimné agus go drom an tighe.
Tamall 'na dhiaidh san chuir sí a ceann
amach féachaint an raibh sé ag teacht agus
chonnaic sí i ndrom an tighe é.
“An rabhais 'á lorg?” ar sise.
Is é adeir bodach le bodach go ró
mhaoidhteach,
Agus scaoidh bhodach 'na aice agus deól
píopa,
Tá Gaedhil gan ghradam — ní chasfaidh a
gcóir choidhche;
Tá réim ag Gallaibh 's is fearra ná pór
Mhíleadh.
“Do bhíos,” ar seisean, “ins an áit
adubhraís liom. Do b'é an seimné an
dóigh agus is sid é an t-andóigh (.i. drom
an tighe).”
“Tar anuas,” ar sise.
Lá do bhuail duine an doras isteach agus
ní raibh istigh ach an Gárlach.
“Ca'il do mháthair?” ars an duine.
“Bliain is lá amáireach do báthadh mo
mháthair, is mara dtagaidh sí an lá san ní
thiocfaidh sí go bráth chugham,” ars an
buachaill.
“Ach cá raibh do mháthair gur báthadh í —
nó cad a bhí aici 'á dhéanamh?”
“Bhí sí ag díol meala is ag ceannach
misleán,” ars an Gárlach.
Cad é an misleán ba mhísle ná mil?”
ars an duine.
“Salann,” ars an Gárlach.
Tomás Ó Criomhthain.
[Sin mar atá cuid de scéal an Ghárlaigh ins an
mBloscaod. Fr. an L.]
CRÓNÁN NA BÓ.
Ar fhonnceóil “A cheann dubh dílis, dílis, dílis.”
I.
Grádh mo chroidhe mo bhó bheag dílis
Do bheir go líonmhar uaithe lionn,
Mar thug sí roímhe seo dá cualacht íonmhuin
Bleacht úr aoibhinn, sgoth na bhfionn.
[Crónán].
II.
Do shiúbhail mé an sliabh duit go moch
nuair d'éirghíos
Féachaint a bhfaghainn tú rómham sa tslighe,
Is glasraí úra agam i gclúid duit
Le gean is dúthracht dom' bhó bheag ghroidhe.
[Crónán.]
III.
Níl bó in Éirinn go mór le chéile
Is feárr sgéimh-chruth snas is snua;
A ceann beag néata ba ghnaoi le h-aonne
Mo bhó bheag féinig is breághtha úgh.
IV.
Is cneasda béasach do sheasuighean taobh
liom
'S a liúmhnacht sgéidhean le sochar trom
An t-árthach néata nuair cuirtear taobh léi
Líontar éasga é le lionn nach gann.
V.
Mo bhó bheag aonta ó táim-se réidh leat
Fágaim féin ag'at mo mhíle slán
Beannacht Dé leat pé h-áird go dtéighean
tú
Is nár bhainidh baol duit ná fós *mícháin.
Bleacht: bainne. Sgoth: an chuid is feárr de rud.
Sochar: tairbhe, saidhbhreas.
* Mícháin: nárbh fheidir í cháineadh.
Bhíodh seo mar chrónán ar siubhal le linn crúidhte
na mbó. Tá ba áirithe go n-oireann amhrán nó crónán
dóibh d'fhonn iad do bhréagadh chun báinne thál. Tá sé
ins na sean-sgéalta go mbíodh buadh mar seo ag
mhnáibh áirithe, Déirdre ortha. Cathánach ó Chill Baile
Eóghain do sholáthruigh na focail seo ó shean-mhnaoi
tímpal trí fichid bliain ó shoin. Atá an t-amhrán i
sein-scríbhinn san Acadamh.
F. Mac C.
FÓGRADH!
Céim Mhór Gnótha ar aghaidh
Is mian liom a chur i ndúil
do mho cháirdibh go bhfuil
cómhcheangal déanta agam
le MUINNTIR BHRÚIN &
Ó NUALLÁIN & go mbeidh
mo ghnó feasta 'ghá dhéanadh
ag
UIMHIR A DÓ SRÁID AN CHÓCAIRE
LIAM RUISÉAL
68 & 69 Sr. an Chapaill Bhuidhe
i gCORCAIGH
DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN
iseadh
“TANÓRA”
Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar
Scríobh chuig
SEÁN Ó DÁLAIGH
is a chua. tta.,
I gCORCAIGH
in a thaobh
A Ghaedheala! Ceannuigh bhúr
gcuid
TÉ, MÍSLEÁIN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,
ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
a 1, 2 & 15 An Mheadhon-tsráid Theas,
(1, 2 & 15, South Main Street),
CORCAIGH.
CÚRSAÍ GADHAR.
Níor chráidh riamh me ach lucht gadhar.
Níorbh' aon fhear mór gadhar me féin
riamh — ba chuma liom ann nó as iad, ach
thárlaig sé de mhí-ádh orm gur chuireas
aithne ar fhear “spóirt.” Níorbh' é mo
leas a dheineas an lá san, ach bhí sé de dhíth
céille orm a cheapadh go bhféadfainn a bheith
mór leis an duine féin agus gan a bheith
mór le n-a chuid gadhar.
Níorbh' fhada bhí aithne agam air nuair do
bhuail sé isteach chugham lá, go buanachtúil,
agus gadhar ar éill aige. Shuidheamair.
“Cad é do mheas air sin,” ar seisean,
agus do leag sé bog-bhuille baise ar phlaosg
an ghadhair.
Anois, is duine an-bhéasach mé féin. Ní
maith liom cur i gcoinnibh daoine. Mheasas
nár mhiste dhom a bheith cneasta, carthannach
lem' dhuine. Leagas mo shúil ar an ainmhidhe
agus dheineas é a iniúchadh chomh maith 's dá
mbeadh aon tuisgint agam ann — d'fhonn na
cneastachta. Bhí sé 'na bhrocaire ghorm,
ghliobach, gheanncach. Leagas lámh ar chaol
a dhroma.
“Árd-ghadhar,” arsa mise.
“Ní cás duit é rádh,” arsa mo dhuine,
agus do chuir sé ucht air féin le mórtas.
Annsan do bhuail sé buille baise ar
cheathramhain coise orm.
“Táim chun é a bhronnadh ort-sa,” ar
seisean.
Thuit an lug ar an lag agam.
“Och, a dhuine, ná smaoinig ar a leithéid,”
adubhart. “Conus a gheobhfá féin sgarúint
leis — ní fear gadhar me féin — níl ionad
agam 'na chomhair ná —”
Ach chuaidh sé chun tosaigh orm sa chainnt.
“Ní bhéarfadh sé dhom,” adubhairt sé, “ach
gadhar de'n bhfíor-fhuil — gadhar nár mhiste
gadhar a thabhairt air.” Thairig sé giota
páipéir as a phóca agus do ríomh sé chugham
géaga geinealaighe agus craobha coimhneasa
an mhaistín. Bhuail sé lúb na h-éille isteach
im' dhóid agus do thug an mhóid go raibh
gadhar lem' shaol agam.
Tógadh dem' bhonnaibh me. Ní bhfaghainn
an gadhar seo do dhiúltú gan a bheith fíor-
dhroch-bhéasach le duine seo na féile. Is
mó uair ó shoin do bhí a mhairg orm nár
fhógruigheas in ainm a' donais é féin agus
a ghadhar.
Mheasas ná beadh de thrioblóid orm ach a
dhóthain le n-ithe a thabhairt do'n mhadra agus
go gceapfadh sé a shuaimhneas. Bhí mí-
thuisgint orm. Ní h-amhlaidh do chuir sé i
gcoinnibh an bhídh, ach aon nóimeat suaimhnis
níor chuaidh air ó mhaidin go h-oidhche.
Thairig sé imreas tighe agus faobhar na
gcomharsan orm. D'ith sé cearc le comhar-
sain béaldorais. Mhairbh sé cat le bean
a' tighe. Stoll sé maidrín beag baise as
a chéile a bhí 'na pheata ag sean-mhaighdin.
Cuireadh an dlighe orm trí h-uaire dá bhárr
agus ní raibh aon lá de'n tseachtain ná
go rabhas im' stáicín áiféise i lár na
sráide ag iarrraidh é sgarúint ó mhaistíntí
eile a théigheadh chun bruighne leis.
Thugas fiche iarracht ar é a chailliúint ach
lean sé mo bholaith go ceann cúrsa gach
turus. Thugas dhá iarracht ar é a bháthadh.
Shnáimh sé chugham i dtír arís. Sháthas chun
bruighne é le piardaí a bhí dhá uair ní ba
mhó ná é féin. Níor dhein san féin an gnó.
Tháinig sé slán gach turus. Ní fhéadfainn
an gadhar a chur abhaile ach an oiread mar
b'shin masla dom' charaid ná maithfí dhom
go deo. Tháinig mo dhuine chugham lá, agus
glionndar an tsaoil air. Bhí broc thuas i
ngáirdín Shéamais Raghail, adubhairt sé,
agus é teipithe ar mhadraí an bhaile é
tharrac go béal pluaise.
Fear tabhairne iseadh Séamas agus thuig-
eas féin go maith ná raibh de shuim aige sa
sgéal ach gur mhór an trághadh ar a chuid
pórtair broc do bheith sa gháirdín thiar aige.
Ní h-amhlaidh a thagadh aon tart mór ar an
mbroc bocht ach thagadh ar lucht tionnlacan
na ngadhar agus ar lucht na ngeall a chur.
Ní shásóchadh aon nidh ar an saol mo
dhuine ach go dtriallfainn mo ghadhar ar
an mbroc. Chuireas 'na choinne go láidir.
Dubhart ná raibh aga agam ar dhul ann —
ná feaca riamh broc — nár dhuine me a
chleachtuigh a leithéid. Ach dhein sé spior-
spear dem' chainnt go léir agus d'aindeóin
mo dhíchill shocruig sé go raghaimís ann
tráthnóna Dé Domhnaigh.
Bhuaileamair iall ar an madra tráthnóna
Dé Domhnaigh. Ní raibh aon fhonn gluais-
eachta orm féin ach chuir mo dhuine 'na
luighe go láidir orm ná beadh ann ach gnó
cúig nóimeataí — go mbéarfadh ár ngadhar
an broc sin ar uachtar talmhan de'n gcéad
iarracht.
B'sheo linn suas an tsráid agus an
gadhar lem' sháil. Ba ghearr dom nó gur
lean duine sin — beirt — triúr — iad ag
teacht 'na scataí as gach cúl-shráid agus
lána. Chuiridís a gceann isteach i dtighthe
annso agus annsúd, agus chuiridís i n-iúl
d'á gcáirde go rabhthas chun triail eile
do bhaint as an mbroc. Thángadar 'na
scuaithní — leisgeóirí — bacaigh — bligeár-
daithe sráide. Ní fada go raibh gramaisc
an bhaile bailithe 'nár dteannta ag doras
tabhairne Shéamais Raghail. Sgaoileadh
isteach sinn. Stadadar go léir sa tsiopa.
Bhí Seamas féin taobh istigh de'n gcúntar
agus cuma oibre air. Ar shlí éigin ní raibh
aon deabhadh mór ortha chun an bhruic. Rug
duine éigin ar an éill as mo láimh agus
cuireadh an madra anáirde ar stól chun a
thréithiúlacht a mheas. D'osgluigheadar a bhéal
agus d'fhéachadar na stair-fhiacla. Láimhsigh-
eadar na féitheóga agus na ceathramhna
agus na h-easnaidheacha. Bhíodar ar fheabhas.
Bhí mo dhuine féin agus cúrán bán le na
bhéal 'á fhoillsiú do'n sluagh a fheabhas 's a
bhí an madra chun bruighne. Do teann-
tuigheadh me féin isteach i gcoinnibh an
chúntair ag ceathrar nó cúigear díobh.
Bhíodar ag baint na bhfocal as béalaibh a
chéile d'iarraidh a chur i n-iúl dom an meas
a bhí aca ar mo ghadhar — agus orm féin
leis! Dubhairt firín beag, suarach, go
raibh croimbéal fionna-ruadh air, ná raibh
aon mhadra ar an mbaile gurbh' fhiú
brocaire thabhairt air ach mo cheann féin.
Dubhairt duine caol-árd sgrogalach liom
go raibh neart capaill ann. Dob' é tuairim
an duine sin go raibh feirc ar a hata ná
go n-íosfadh mo ghadhar an broc 'dir chorp
croiceann. Thug duine eile go raibh carbhat
breac air, cúntas cruinn dom ar a mheath-
tacht 's a bhí na gadhair a tháinig romham —
ná déanfaidís fiú amháin dránntú fé'n
mbroc. Thairigíos deoch dom' cháirde. Seadh,
d'ólfaidís deoch ó fhear ghalánta — sláinte
an ghadhair. Do labhair fear an chroimbéil
leis an gcuideachtain agus piúnt 'na
ghlaic aige.
“Bhéarfad geall sgillinge d'aon fhear
go dtairiceochaidh sé é,” ar seisean, go
fearúil.
“Bíodh 'na gheall,” arsa fear de'n sluagh,
agus bhuaileadar scilling an duine ar an
gcúntar do Shéamas. Leandar mar sin nó
go raibh geall ag gach duine ar an madra —
fiú amháin ag bean an tuincéara. Níor
liom féin, dar leat, an gadhar i n-ao'-chor
ach leo san! Annsan bheir fear an scrogail
ar an ngadhar agus thug sé amach sa gháirdín
é. Bhain sé an iall d'á mhuinéal agus do
dhírig sé ar bhéal na pluaise é.
Chuir an madra a choincínn sa phluais.
Láithreach bonn do theann gach féitheóg 'na
chabhail, do sheasaimh gach ribe gruaige air
ar nós na gráineóige agus a eirball
dírithe fé'n bhfirmimint.
“Sgóp do'n ngadhar,” arsa firín an
chroimbéil 'á thógaint air féin an gnó do
stiúrú.
Ach bhí a chiall féin ag an madra. Thuig
sé, is dóigh liom, ná raibh aon chúis uilc
aige chun an bhruic sin. Sháthadh sé a phus
sa phluais, sgaoileadh sé srae nó dhó fé'n
mbroc isteach, chúluigheadh sé arís agus
théigheadh a' preabarnaigh timcheall na h-áite
agus é ag gnúsghail chun sinn do shásamh, dar
leat. Ach mar sin féin thug sé an t-árd-
aire gan dul thar mhuinéal isteach sa phluais.
Do thagadh an broc féin go dtí béal na
pluaise, agus geannc uilc air, agus é ag
caitheamh seilí guimh uaidh. Annsan théigheadh
an gadhar a' rinnce agus a' pocléimrigh
thart timcheall ar a bharraichíní le neart
imshnímh agus glionndair agus ag déanamh
taisbeántais dúinn.
Tar éis leath-uair a' chluig de'n saghas
san imeartha bhí an sluagh ag éirighe mí-
fhoidhneach leis an madra. Bhí mo cháirde
féin — iad san go dtugas an deoch dóibh,
bhíodar ar a ndícheall a' d'iarraidh an
gadhair a sháthadh chun gnímh. Bhí an chuid
eile aca agus cainnteanna magúla ar
siubhal aca agus iad ag déanamh grinn fé
sna sgéalta do chualadar ar cháilíocht mo
ghadhair. Fé dheire do labhair an duine do
chuir an geall le fear an croimbéil.
“A Shéamais,” ar seisean le fear an
tabhairne, “trom an dá scilling sin go
n-ólam deoch ortha.”
“Bain triail eile as,” arsa Séamas,
“agus bíodh breith na ngeall air sin.”
Rug fear an chroimbéil ar an ngadhar.
Dhein sé peataireacht air. Chimil sé é.
Labhair sé leis. Ghríosuigh sé é.
“Beir air, a bhuachaill!” ar seisean,
agus do sgaoil sé fé'n bpluais é.
B'é an sgéal céadna é. Do theip.
Tháinig sgartadh gáiridhe ó'n sluagh agus a
lán comhairlí ar cad ba cheart dom a
dhéanamh lem' ghadhar.
“Léan go dubh ort, a bhramaire gan
mhaith, do chaill mo scilling orm,” arsa fear
an chroimbéil, agus thairig de chic thiar ar
mo ghadhar do chuir trí slata ó bhaile é.
Ní luaithe na cosa fé aige-sin ná é do
chur de síos an tsráid ag caitheamh grin
agus smúite uaidh, díreach fé mar 's dá
mbeadh caintín stáin ceangailte thiar leis.
Ba mhór go léir an chúis gáiridhe ag an
sluagh é.
Is annsan seadh d'éirigh an buille orm
féin.
“Dearg-náire chughat, a raispín,” arsa
mise, “Buail mo mhadra, buail me féin!”
agus do bhuaileas flíp 'dir an dá shúil ar
fhear an chroimbéil agus leagas.
B'sheo fúm iad go léir agus na cáirde
sin d'ól sláinte mo ghadhair agus gur
mheasas gur taca agam gach duine díobh i
n-am gháidh, b'iad ba dhéine im' ionnsaighe.
Theich mo dhuine féin amhail 's mar dhein a
ghadhar. Dheineas me féin a chosaint ar mo
dhícheall agus chúluigheas, céim ar chéim chuig
doras a' tabhairne. Ní túisce thar táirsigh
isteach mé ná gur dhúnas comhla an dorais
amach ar an sluagh agus chuireas díom chun
an tighe chomh tiugh agus bhí im' chosa.
Nuair a bhaineas an tigh amach do bhí
gadhar an ghaisge sínte cois na teine
romham agus a mháighistir 'á pheataireacht.
“Ní bhfuair sé cothrom na Féinne,” ar
seisean liom, agus me ag déanamh isteach
air.
“Go dtuga' an donas cothrom na Féinne
dhuit-se agus do féin,” arsa mise, agus
racht feirge orm. “Tóg as mo radharc an
gadhar san nó báthfaidh mé é.”
D'imigheadar.
Truagh liom nár labhras mar sin óm'
chroidhe an chéad lá bhuaileadar chugham.
Mícheál Ó Siochfhradha.
TROSCÁN agus LEABTHACHA
ar fheabhas agus ar shaoire
Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat!
SEÁN MAC EÓINÍN
‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN’
Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,
CORCAIGH
Deuntús na h-Éireann
Iarr
COINNLE AGUS
SOILLSEÁIN OIDHCHE
a deintear i gCorcaigh
agus
FEUCH
CHUIGE
GURBH
IAD
A
GHEOBHAIR!
Is iad lucht a ndeunta —
CUALLACHT COINNLE
AN TSEANDÚNA Tta.
Sráid Shan Seáin,
I gCORCAIGH
“MIC MO ROGHA!’
(Mich for me”)
Caith Tobac
“MIC MC QUAID”
is é is fearr ar domhan
Isiad lucht a dheunta —
P. Ó CEARBHAILL
is a Chua (Teor)
DÚNDEALGAN
AN LÓCHRANN.
Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó
díolacháin nó fógríochta an pháipéir seo go dtí —
Bainisteoir “An Lóchrann,”
27 Sráid Tucaí i gCorcaigh
agus
Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus
scríbhneóireachta go dtí —
Fear Eagair “An Lóchrann,”
119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc
Bleá Cliath.
Seoltar síntiúsaí oinigh go dtí —
Tadhg Ó Tuama,
Muirebhille, Bhóthar Bhictória,
Corcaigh.
“An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh
Bliana… 3/6
DÁTAÍ.
B'é nós a bhí againn go so go gcuirimís
“An Lóchrann” amach i lár gach míosa
agus go mbíodh ainm na míosa san air.
Tá a lán daoine tar éis a chur i n-iúl
dúinn nár mhaith an socrú é sin agus
gurbh' fhearr é chur amach i ndeire míosa
agus ainm na míosa 'na dhiaidh sin mar
dháta air. Sin mar bhéas againn feasta
agus sin é fé ndeara “Abrán agus
Bealtaine” a bheith ar an gcóib seo.
Ceithre mí ó shin chuireamair i gcló liosta
d'ainmneacha na ndaoine thug an t-airgead
dúinn chun “An Lóchrann” a chur ar siubhal
arís. Cé gur mhór a líon san agus a bhféile
níor ídigh sé liosta iomlán ar gcarad. Seo
'nár ndiaidh liosta eile de dhaoine a tháinig
chughainn agus d'iarr go nglacfaí cabhair
uatha. Táimíd buidheach díobh agus guidhimíd
dóibh go mba ádhbhar sásaimh dóibh gach mí
ar theacht do'n “Lóchrann” ó'n gclódóir
go dtugadar an chabhair sin do, ar ghile an
tsoluis a bhéarfaidh sé uaidh.
LIOSTA.
Seán Tóibín £3/-
Séamas Ó Conchubhair, Cathair Saidhbhín £2/-
Pádraig Breathnach, Béal Bó,
Ceapach Mór, Co. Luimnighe £2/-
Liam Mac Giolla Brighde,
72 Sr. Eccles, Áth Cliath £1/-
An tAthair Tadhg Ó Cúrnáin, Cill Áirne £1/-
An t-Athair Diarmuid Mag Craith,
Cill Orglain £1/-
An t-Athair P. Ó Flannagáin, Áth Cliath £1/-
M. S. Ó Broin, Dligheadóir, Lios Tuathail £1/-
Pádraig Ó h-Ógáin, Luimneach £1/-
Máire Ní Mhainín, O. S. Baile 'n Fhiritearaigh £1/-
Dómhnall Ó Ceocháin, M. G., Cúil Aodha £1/-
Dómhnall Ó Concubhair, Cúntasóir,
Áth Cliath £1/-
Donnchadh Ó Gealbháin, Tigh na gCustom,
Tráigh Lí £1/-
An t-Athair Seán Ó Loinsigh, Tráigh Lí 10/-
An t-Athair Mícheál Ó Laoghaire, Tráigh Lí 10/-
An t-Athair Pádraig Ó Cearbhaill,
Baile Mhic Elgóid 10/-
Diarmuid Ó h-Éigeartaigh, O. S.,
An Currach, Cill Dara 10/-
Seán Ó Cathasaigh, Cill Áirne 10/-
Risteárd Ó Caoimh, Baile Átha na h-Ubhla 10/-
Caitlín Ní Mhurchadha, O. S., Áth Treasna 10/-
Ruaidhrí Ó Séadhcháin, Áth Treasna 10/-
Éamonn Mac Giolla Iasachta 10/-
Séamus Ó Braonáin 10/-
Mícheál Ó Seochfhradha 10/0
(Tuille de'n liosta so le teacht.)
DO NA SCRÍBHNEÓIRÍ.
Le chúig mí anuas thug roinnt bheag
scríbhneóirí congnamh dúinn i bhfuirm
beagán de nua-cheapadóireacht agus
roinnt bheag de shean-aimsireacht agus
de litríocht bhéil a scríobhadar síos ó
bhéal-aithris seandaoine. Ár mbuidheachas
mór do'n bheagán sin daoine agus táimíd
'á iarraidh ortha an chomaoin chéadna a chur
orainn gach tráth feasta.
Tá díombádh orainn, áfach, toisc luighead
na ndaoine tháinig le brobh litríochta
chughainn. Ní mar sin a bhíodh tráth, ach
go mbíodh fichidí daoine ag ceapadh is
ag cnuasacht do'n “Lóchrann” agus dob'
é an iomadúlacht san agus an tréithíocht
Ghaedhealach a bhí san ádhbhar a chuiridís
chughainn do bheir cáil do'n sean- “Lóchrann”
agus do bheir cion daoine air. An amhlaidh
d'fhág suathadh na mblian 1918-1924 aigne
na nGaedheal aimrid, gan ghein, gan fás?
nó an amhlaidh go ndeaghaidh mí-shásamh agus
seirbhthean ionnta toisc na díth céille bhain
dúinn nuair bhí Éire i gcúil ár nduirn
againn agus scaoileamair srian le Seóin-
íní agus Gall Éireannaigh chun a nguth
d'árdú arís? Is cuma cioca cúis é, is
dócha, ach ní cuma an toradh meathta atá
ag an gcúis ar Ghaedhil — iad ar éigean i
gcumas a n-urlabhra chun a chur i n-iúl gur
beo dóibh. Sí an tréith is measa tairng-
reacht sa scéal, ámh, ná teirce bláth i
litríocht, ná scríbhneóireacht ar bith a bheith
'á dhéanamh.
Éirghidh suas ó'n dúire, a lucht na bpeann!
Tréigidh bhur dtrom-shuan gan on,
Céimidh lom luath bhur leabhair.”
Is libh-se snas a chur ar ghluaiseacht na
Gaedhilge: is libh-se na blátha, an taith-
neamh, an uaisleacht a chruthú. Tosnuighidh
mar is fearr is eol daoibh.
Is le cách “An Lóchrann.” Beidh an
páipéar so go maith nó go h-olc do réir
mar chuireas scríbhneóirí de dhuagh ortha féin
blátha do sholáthar dúinn. Tá a dheimhin i
n-ár n-aigne go bhfuil i gcumas Gaedheal
neithe áilne a cheapadh dá mbeadh sé de
mhisneach ionnta an fhoghluim chruaidh a
dhéanamh ar an ealadhantacht a mhúinfeadh
dóibh conus an cruthú san a dhéanamh go
ceart.
Teastuigheann scéalta gearra uainn —
scéalta míle nó míle-go-leith focal. Ní
furus iad a cheapadh ach ná cuireadh san
cosc le h-iarracht duine. Teastuigheann
aistí gearra uainn — ceithre céad nó cúig
céad focal ionnta, ar neithe inspéise. An
bhfuil duine ar bith i n-iúil ar amhrán
éadtrom taithneamhach a cheapadh nó dán
grinn nó áilneachta nó gaisce? An bhfuil
tréith Aonguis na n-Aor i n-aon duine
anois? Bhfuil fear innste “scéilín grinn”
le blas agus le h-oilteacht ar ár lucht
léighte? Dar linn, tá. Agus féach — tá
tíompall sé colúna déag de'n pháipéar
so le líonadh gach mí. Ní cheal caoi do
scríbhneóirí é.
Fear “An Lóchrann.”
BAINNE AN GHABHAIR BHRÉIN.
An bhfuil tír-ghrádh i ndaoine i nÉirinn?
Adéarfadh a lán go bhfuil. Is beag
duine i nÉirinn adéarfadh ná fuil a
chroidhe féin lán de. Na dreamanna le
polaitíocht atá d'iarraidh an tír a shuathadh
agus a mhealladh 'na ndiaidh féin is ortha
bheadh an fhearg agus an t-iongnadh dá
n-abruighthí nach grádh tíre an colún
seasta agus an chomhacht ghríosaithe atá
aca. Is dearbhtha gur sásta an cine
sinn — sásta linn féin i gcúrsaí tír-
ghrádha; agus is ró-dhearbhtha gur furus
dúinn a bheith sásta linn féin, mar i
gcúrsaí grádha tíre is ró bheag de atá
ionnainn agus is ró bheag an tuiscint
atá againn ar cad é i ao' chor é, nó
cad iad a chomharthaí.
An rud go dtugtar “tír-ghrádh” go
comónta air i nÉirinn, ní fios cad é
an rud é. Fuath do uachtaránacht Shas-
annach dob' eadh tráth é. Leigeadh
daoine ortha an fuath san a bheith 'na
gcroidhe agus san am gcéadna leigeadar
uatha gach comhartha Gaedhealachais agus
ghlacadar isteach na gcroidhe agus 'na
n-anam gach rud a bhain le teangain,
le litríocht, le síbhialtacht, ealadhna, ceol,
conáilbhe, cluichí agus saoghal na Sasan-
nach san go raibh, dar leo, fuath aca
dhóibh. Bé dála an tseanfhocail aca é —
“Is maith liom do bhainne a ghabhair
bréin ach ní maith liom tu féin ná do
dhath.”
Tá bainne an ghabhair bhréin (.i. an
tSasannaigh) fé mheas fós i nár measc
agus daoine á dheol 'na dheochaibh móra
cé gur chuireamair an gabhar bradach
féin as an ngarrdha; agus tá oiread
san de'n bhainne ólta ag ár ndaoine
anois gurab é dúthchas an ghabhair féin
atá ionnta i n-ionad dúthchais póir na
nGaedheal. Fair iad, na h-Éireannaigh
tír-ghrádhacha! — teanga an tSasannaigh 'na
dtighthe, na litreacha, 'na gcomhairlí, 'na
gcomhrádh coidrimh; Doody agus Sheehy
agus Murphy mar ainmneacha ortha iar
nós an tSasannaigh ó aimsir na broide;
Dingle agus Listowel agus Youghal
agus Ringville agus Cork mar ainmneacha
ar n-ionadaibh comhnaithe; Scéalta Dick
Whittington agus King Canute agus
Humpty Dumpty agus Robin Hood
amháin mar adhbhar aoibhneasa ag a
gclainn; gach rás capall aca 'na “Irish
Derby,” nó 'na “Irish Oaks.” “Rugger”
agus “Soccer” ag tarrang na mílte
agus cluiche na bhFiann i dtaoibh le
beagthrácht; ár gcine nuair a théid
thar lear go dtréigid fíor-chomharthaí a
gcine dúthchais i gcionn cúig mblian
agus go dteintear 100% Americánaigh
díobh gan mhoill.
Ach cad is gádh trácht ar níos mó —
“Ar a thoradh aithnightear an crann.”
Sasannachas an toradh atá ar chrann na
nÉireann agus níl grádh tíre i nÉir-
eannachaibh. Ár stair fé ndear cuid
de sin — urmhór de. Ní h-é sin romhainn,
áfach, is baoghalaighe ach so — go dtuig-
eann breallsún de lucht an tír
ghrádha” seo atá comónta i nÉirinn —
go dtuigeann gur fíor dó nuair adeir
le duine de lucht na Gaedhilge —, “I
don't know any Irish and I'm as good
an Irishman as you.” Agus sin mar
chreideann uimhir mhór de mhuinntir na
hÉireann agus ar scáth an chreidimh
fhallsa san táid siad, dar leo, líonta
le grádh tíre. Go bhfóirid Dia ar an
tír le bás obann a thabhairt do'n saghas
san grádha.
Agus cathain a dúiseochaidh an dream
beag Ghaedheal a thuigeas an scéal ó'n
mairbhithighe aigne atá ortha, agus cathain
a chuirfidh siad i n-iúl ná fuil gluais-
eacht náisúnta ar bith eile i nÉirinn
ach an ghluaiseacht chun Ghaedhealachais
agus ná fuil ins na dreamanna Polait-
íochta ach dreamanna pholaitíochta, agus
ná tuilleann siad congnamh Gaedheal
ach san méid go mbaineann a gcuspóir
le Gaedhealú na tíre agus ins an méid
go gcuirid an chuspóir sin chun cinn
le gníomh?
Agus a Ghaedheala, cathain a cuirfear
fé dhí-mheas an Béarlóir adeir go bhfuil
sé 'na “Irishman as good as you?”
Pádraig Ó Cléirig.
Bhí slua daoine ag únthairt is ag luascadh
agus ag dul tré chéile. Bhí cainnt árd ar
siubhal agus cogarnach agus glór daoine.
Bhí an chroch annsúd i n-aice an fhalla agus
an daor-chime 'na sheasamh go h-árd suas
air. Bhítheas chun é chrochadh. Tháinig daoine
i bhfad is i gcomhgar chun go bhfeicidís an
gnó d'á dhéanamh. Bhí suim mhór aca ann
agus d'fhág daoine an tseisreach agus an
seol agus an calán crúidhte 'na ndiaidh
agus thánadar. 'Na measc san tháinig fear
broide agus gnótha. Bhí gort geamhair aige
agus é 'na bhun 'á chosaint ar eallach na
gcomharsan. Bhí eagla na mbó mbradach
ag crádh a aigne an fhaid a bhí sé ag
feitheamh leis an gcrochad. B'fhada leis
a bhítheas ag moilliú an scéil. Bhí sé ag
féachaint thar a ghualainn ar a ghort geamhair
ach bhí se féin ró íseal agus ní raibh radharc
ar an ngort aige. Bhí an t-imnidhe air.
“Hé,” ar seisean, leis an duine bhí
anáirde sa chroich ag feitheamh leis an ngad,
“Hé, a Thaidhg,” ar seisean, “Beannacht
Dé dhuit agus féach uait soir ar mo ghort-
sa féachaint an bhfuil bó riabhach an Dálaigh
istigh ann.”
An Seabhac.
AN ROINN OIDEACHAIS.
Gúm chun cabhruithe le foillsiú leabhar i nGaedhilg.
Baineann an Gúm go speisialta le
leabhra a meastar a bheith oiriúnach mar
théacs-leabhra ins na Meadhon-Sgoileanna.
Taobh amuich dhíobh san, áfach, do féadhfaí
glacadh le leabhra eile chun foillsithe a
measfí tairbhe fá leith do bheith ionnta do
lucht foghluma na Gaedhilge.
COINGHEALLACHA:
(1) Aoinne nar mian leis leabhar d'fhoill-
siú fá'n nGúm so, ní mór dó láimhsgríbhinn
an leabhair do chur fá bhrághaid na Roinne,
agus caithfidh an t-úghdar toiliú le ceartú
nó athrú ar bith a dhéanamh a mheasann
comhairleoirí na Roinne a bheith riachtanach.
(2) Ní misde d'úghdar creata an leabhair
maille le cur síos ar an modh tráchta a
bhéas ann do leagadh fá mholadh na Roinne
ar dtúis; má thárluíon, ámh, go gcuireann
an Roinn i n-iúl dó go bhfuilid sásta leotha
san, ní chuirfidh san de cheangal ortha
glacadh leis an leabhar chun foillsithe, ar
bheith críochnuithe dho, mara bhfeictear dóibh
annsan go bhfuil sé oiriúnach.
(3) Beidh de cheart ag an Roinn diúltadh
do leabhar a ghlacadh chun foillsithe gan cúis
ná fáth leis do luadh.
(4). Caithfidh an t-úghdar a dheimhniú ná
deineann an leabhar atá dá thairisgint aige,
cur isteach ar chló-cheart aoinne, agus caith-
fidh sé dul i mbannaí, má thárluíon nach
amhlaidh atá, go n-íocfaidh sé leis an Roinn
Oideachais agus le foillsitheóirí an leabhair
pé costaisí a bhéas ortha de dheascaibh
briseadh cló-chirt, agus go gcosnóchaidh sé
iad ar thoradh aon chúrsaí dlighe a thiocfaidh
dá leithéid.
(5) Is ar an úghdar a bhéas fromhtha an
chlódóra do léigheamh agus do cheartú an
fhaid is bhíon an leabhar dá chlóbhualadh.
(6) Íocfar deontas airgid le h-úghdar
a bhfoillseófar a leabhar, méid an deontais
sin do bheith do réir tábhachta agus fiúntais
an leabhair, ach gan a bheith níos mó ná £50
ar aon chaoi: íocfar leath an deontais sin
ar ghlacadh do'n Roinn leis an leabhar chun
a shoillsithe, agus íocfar an dara leath
n-uair a gheobhfar fromhtha deireannacha an
chlódóra thar n-ais ón úghdar.
(7) Is í an Roinn, ar dhul i gcomhairle
dhóibh le h-Oifig an tSoláthair, a shocróchas
dreach, clúdach, agus ceangal an leabhair,
an méad cóipeanna de a cuirfear i gcló
de'n chéad iarraidh, agus aon cheist a
bhainfeadh lé buanchló a dhéanamh nó le cló
do choimeád ar chíos. Meádhfar, áfach, pé
comhairle is maith leis an úghdar a thabhairt
i dtaobh na nithe sin.
(8) Is í Oifig an tSoláthair a dhéanfas
gach socrú i dtaoibh foillsiúcháin leabhar
agus a fhanfas i seilbh leabhair go h-aisíoc-
faidh díol an leabhair gach ar caitheadh ar a
fhoillsiú.
(9) Nuair a bhéas costasaí an fhoillsiú-
cháin glanta as an díoladh de'n leabhar,
tuitfidh gach ceart sa leabhar, maille le
h-aon chóipeanna atá gan cur amach, i
seilbh an úghdair.
PÁDRAIG Ó h-AODHA
26 Caladh Phádraig Naomhtha,
CORCAIGH
11.4 hp CITROEN
'Na Reiceadóir i gcóir na gcárr so:
AN DODGE
AN ARMSTRONG SIDDLEY
AN CITROEN
AN HILLMAN
CÉIM AR AGHAIDH.
Cé gur brón le sean-cháirdibh Liam
Ruiséal a thuigsint ná beidh an “Fountain
Book Shop” ar oscailt dóibh a thuille, tá
áthas ortha san am gcéadna go bhfuil céim
mhór ar aghaidh i gcúrsaíbh gnótha déanta
ag Liam. Tá sean-aithne ag léightheoirí
Gaedhilge annso theas ar Liam, is tá togha
na h-aithne ag léightheoirí Gaedhilge i ngach
aon áit ar an ainm sin, Brún & Ó Nualláin.
Go dtí le déanaighe is go Sráid Bhuinthrop
a théigheadh Corcaighigh ar lorg siopa muinn-
tir Bhrúin & Ó Nualláin sa chathair seo. Ní
h-annsan atáid siad anois, ach ag uimhir a
dó, Sráid an Chócaire (Sr. Chúc), agus óir
tá chómhcheangal déanta ag an Ruiséalach
leo, beidh sé le feiscint ann agá shean-
chustoiméirí i réim aghus i gceannus.
Ní misde rádh leis gur céim ar aghaidh
atá déanta ag an dá thaobh: tá siopa
breágh, fairsing, lán-taithneamhach acu san
árus nua.
Chuaidh ceathrar anonn gan long gan bád:
Fear gearrtha na ngort,
Fear marbhtha na mart,
An pósaí donn
Agus an fear fionn geal.
(.i. Ceithre ráithe na bliana — an Fómhar ar tosach.)
RACAIREACHT GHRINN
NA TUAITHE
Eachtraithe Thaidhg Uí Chonchubhair idir dhrámaí
ar nós “Caismirt na gCeart” agus “An Dá
Dhrúncaer,” agallmha agus cluithí i gcóir leanbhaí
is daoine fásta, agus amhráin sgléipiúla ar
nós “Pósadh dob' fheárr liom ná bacfainn é,”
“Inghean an Phailitínig,” “Seán a' bhríste leathair,”
“Ding Dong Dederó,” &rl
Ana-oireamhnach mar adhbhar do stáidse
Feise nó a leithéid
200 leathanach de ghreann is ghrádhmhaireacht
2/6 a fhiacha
Le fáil saor tríd an bpost ar 2/9 ó
BHRÚN is Ó NUALÁIN, ÁTH CLIATH, nó ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, nó ó
LIAM RUISÉAL, i gCorcaigh
DEALGANA TEAMHRACH, FÁINNÍ PÓSTA,
AGUS UAIREADÓIRÍ
Cuir 6/— chughainn agus cuirfimíd Dealg Órdha Teamhrach chughat
(saor tríd an bpost)
ÉAMONN MAC EÓIN TTA., SEÓDÓIRÍ,
94 SRÁID GRAFTON, BLEÁ CLIATH
PÁDRAIG DE BÚRCA
10 SRÁID CHÚC, CORCAIGH
A GHAEDHEALA! Nuair a bheidh TAE, SIÚICRE,
TOITÍNÍ, 7c., ag teastáil uaibh ceannuighidh
uaim-se iad
MÁ THEASTUIGHEANN UAIT
LEABHAR GAEDHILGE DE
SHAGHAS AR BITH
Gheobhair annso é
Deinimíd
LEABHAIR AN ATHAR PEADAR
do chraobhscaoile
Sinne Muintir
Brúin & Nualláin
2 Sráid an Chócaire,
i gCORCAIGH
D. T. Ó Súilleabháin
Reiceadóir Rothar & Mótar
Gunnaí agus Ceatrisí!
37 SRÁID CHÚC i gCORCAIGH
GHEOBHAIDH DO MHAC
TOGHA NA SCOLUIDHEACHTA
I gCOLÁISTE
CHOLMÁIN CLUANA
Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán —
An t-ATHAIR TOMÁS TÓIBÍN
SEÁN Ó CONAILL
Dealbhóir Gaedhlach,
SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH
Sgríobh ag triall air
AN GABHA DUBH.
Bhí gabha i gCiarraighe uair agus chuaidh
sé go Conndae Chorcaighe ag lorg oibre.
Do bhuail uimis baintreach mhná go raibh
ceardcha aici. Deineadar suas é agus
phósadar. Ní fhuair a mhuinntir aon tuair-
isc air ar feadh cúpla bliain. Annsan
d'imigh a dhrifiúr ar a thuairisc. Nuair
tháinig sí i ngoireacht cúpla míle de'n áit
go raibh sé fuair sí a thuairisc. D'airigh an
gabha go raibh sí ag teacht agus leog sé air
bheith marbh. Ní raibh 'fhios ag aoinne
gur ag leogairt air a bhí sé. Tháinig an
drifiúr agus é á thórramh agus thosnuigh sí
'á chaoineadh:
“Mhuise, chuas-sa isteach i dtigh um
thráthnóna,
Agus d'fhiafruigh bean an tighe dhíom an
raghainn ar an dtórramh;
Dubhart-sa léi go raghainn go fóil beag,
'S is lag a shíleas gur tu a bhí romham ann.
Mhuise! a dhritheáir ó! agus a dhritheáir
dhílis!
Tá's agam cad a dheinis ar an slí seo —
Bualadh an úird ar dheis na gaoithe (?)
Agus ar do theacht abhaile gan cara mná
tighe agat.
Mhuise! a dhritheáir ó! agus a dhritheáir
na gcarad!
Is fada siar é rian na droch-mhná ar do
leacain,
Tart an gheimhridh agus fuacht an earraigh,
Uireasba an éadaigh agus céalacan fada.
A dhritheáir ó! mo mhíle cumha thu,
Cé ná fuaireas-sa puinn 'et chongnamh,
An mhuinntir a fuair é tá a mbéal dúnta
Agus is tirm glan atá a súile.
Do chuir an chainnt sin a bhean ar buile agus adubhairt:
A bhean úd thall an fhilléid shíoda!
Druid led' dhritheáir is dein é chaoineadh;
Fear a gheobhad-sa má gheibhim caoi air,
Agus dritheáir ní fhaghair anois ná choidhche.
Ars an drifiúr arís:
A dhritheáir ó! is a dhritheáir na gcarad!
Chím do spré-se ag teacht abhaile —
Ní ba dubha is ní ba breaca
Ach coinnle buidhe agus píopaí breaca,
Agus ní á maoidheamh ar lucht a gcaithte
Ach tá mo chroidhe-se lán de mhairg.
Tháinig an sagart annsan agus dubhairt:
Éist, Éist, a bhraobaire caile!
Agus ar sise:
Éist féin, a bhraobaire sagairt!
Léigh na Liodáin agus an t-órd marbh,
Tuill do choróin agus téir' abhaile
Agus caoinfead féin mo dhritheáir go
maidin.
A dhritheáir ó! is a dhritheáir dhílis!
Is maith a bheinn 'á bhfaghainn arís tu;
Do dhéanfainn an Luan is an Mháirt 'na
saoire
Is ní chíorfainn mo cheann go bráth aon
Aoine.
A dhritheáir ó! is a dhritheáir dhílis!
Dá mbeitheá agam-sa cois na Claoidighe (?)
Cois Abha Brice nó cois Abha Caoile,
Nó cois na Triopala (?) mar a dtuiteann
an oidhche,
Gheobhainn scata ban óg do dhéanfadh tú
chaoineadh;
Do ghoilfeadh Máire, Cáit agus Brighde
Agus ar ndóin do mháthair thug sugh a
croidhe dhuit,
Agus fé mar atáim-se táim ar mo
dhícheall,
Tá mo bhrollach oscailte agus mo ghruaig
siar síos liom,
Mise go deorach agus gan eolas na
slí 'gam.
Ní fhéadfadh an gabha dubh éisteacht a
thuille. Do léim sé de'n mbórd agus
ar seisean: “Dar fiadh is fiolar a
dhrifiúr, tá eolas na slí agam-sa agus
téanam ort. D'imigh leis siar go Ciarraighe
agus d'fhág an Corcaigheach mná 'na dhiaidh.
Seán Ó Murchadha, O. S., do sholáthruigh.
[Táimíd ag cur scríbhinní na sean-chaointe agus
an tsean-bhéaloidis eile a thagann chughainn i gcoimeád.
Dá bhrí sin, má's eol do léightheóirí aon easnamh
nó aon dearmhad nó aon mhí-mhaise ar an gcuid aca a
cuirtear i gcló sa “Lóchrann” ba cheart dhóibh an
leasú a chur chughainn agus cuirfeam san i gcló nó i
gcoimeád i dteannta na céad-scríbhinne é. Fr. an L].
AN GÁRLACH.
Fuaireamair an leagan seo síos ar scéal úd “An
Ghárlaigh” a bhí sa “Lóchrann” deiridh. Risteárd Ó
Maolchathaigh, T. D., Taoiseach, a fuair é ó Shiobhán an
tSagairt i mBéal Átha an Ghaorthaidh, blianta ó sin.
Cad is eagal duit?
Is eagal dom cloch.
Cad is eagal do'n chloich?
Is eagal do an teine.
Cad is eagal do'n teine?
Abha 'ghá múchadh.
Cad is eagal do'n abha?
Gaoth ghá réabhadh.
Cad is eagal do'n ghaoith?
Cnoc 'ghá scoltadh.
Cad is eagal do'n chnoc?
Muc 'ghá tómhach.
Cad is eagal do'n mhuic?
Droch ghadhar 'ghá stracadh.
Cad is eagal do'n droch-ghadhar?
Droch-bheantighe 'ghá bhualadh.
Cad is eagal do'n droch-bheantighe?
Ní h-eagal di pioc.
SEAN-PHAIDREACHA.
Bean do mhuinntir Ághas ó'n gClochán atá ina
comhnuidhe le fada i nGleann na nGealt a thuig an
phaidir seo dhom.
Go mbeannuighe' Dia ar lucht na scapal-
aeraithe . nár chruaidhidh Dia bhúr gcás .
is mairg a bhíonn gan charaid sínte ar
leabaidh chruaidh an bháis . a pheacaigh bhocht
gan chéill . ná h-innis bréag do'n Mhaighdin
Mhuire . ná h-ith feoil Dia Céadaoin .
dein éagcaoin ar do thuirse . umhluigh síos
do'n chléir . is do chúig créachtanna Mhuire(?).
dein faoisdin le Rí na nGrást . agus
gheobhaidh tú bás ar nós an leinbh . Do bhuail
Muire a's a Mac amach go moch ar
shlógh (? sa ló) do bhuail Símón úmpa .
an fear beannuighthe ó' Róimh . do shín sé
chúcha an scapalaeir . agus é lán de
bhrainsibh óir . an brat ina rugadh Críost .
an brat inar baisteadh Críost.
Aoinne a dh'iarrfadh an aisle (?) seo trí h-uaire gach
aon mhaidin Luain gheó' sé Flaithis Dé mar dhualgas,
a's an Mhaighdean ghlórmhar ag féachaint trí h-uaire
ar uain a bháis…
Nach neamh-choitchianta an saghas phaidire í seo? Is
cosamhla le h-artha ná le paidir í.
B'fhéidir gur “aisce” an focal ba cheart a bheith
ann, ach “aisle” an focal a bhí ag an mnaoi.
Próinsias Mac Seanlaoich do sholáthruig.
Luighim síos leis an Spioraid Naomh glórmhar
Le Muire bheannuighthe is le Naomh Sheosamh
…(i n-Easnamh)…
Mh'aingeal caoinleacht' ag déanamh treóir
dom.
An leanbh Íosa go luighidh ar leabaidh liom,
An t-uan trócaireach go n-éirighidh ar
maidin liom,
Muire Máthair is a lámha ar leathadh 'ci,
Is Mícheál Naomhtha ag saoradh mh'anma.
Sid í an scéal fliuch-shúileach (? sciath-
lúireach) a scríobh Muire Baintiarna ar
leic an tuama san am go dtáinig sí ag
fiosnú a h-Aon mhic mhór-ghrádhaigh féin.
D'á bhrí sin nuair fuair sí an tuama folamh
roimpi, scríobh sí síos ar leic an tuama
chun é chraobhscaoileadh do gach n-aon. An
té thógfadh is d'onórfadh í agus do chuir-
feadh i n-a thíompall, níor bhaoghal do bás
obann, codla amuich, breoiteacht mhór, báth
fairrge ná arm teine grubairt (?) air ná
an tigh n-a mbeadh sé ann do dhoghadh
go bráth.
Ó a Thiarna ró-mhilis, a Íosa Críost, a
Aon Mhic na Maighdine Muire, féach go
trócaireach orainn-ne, peacaidh bhochta,
aimsir na crithe — ar uair ár mbáis.
Cuirim-se mh'anam, mo mhisneach agus mo
smaointe ar comairce do dheasláimhe, a
Mháthair na Trócaire mar shúil is go
dtaithneochainn leat féin agus let' Mac
mór ghradhach féin, mar shúil is go bhfaghainn
an ghloire shíorraidhe mar thabharthas ó
Réilthean na Fairrge, ó Dhoras Pharrthais,
ó Theampal Dé, ó Phálás Íost Críost, dul
ag fiosrú uachtar (?) na n-Asbal agus na
n-Árd-Asbal, bun gach saothair, beatha gach
mísleachta, bean a bhí diongbhálta ages gach
moladh (?) sí sin Máthair Rí na n-Aingeal.
Saor-se sinn ó gach cruadhchás d'á bhfuil
anois i n-ár láthair.
Tá éifeacht innti — an bhean a bheadh i
bpéin leinbh, d'á dtógadh sí í, í onórú agus
í chur 'na tiompall d'fhóirfeadh sí uirthi
gan amhras.
Tá éifeacht innti — an té déarfadh í ag
luighe dho go dtaisbeánfadh sí í féin
do trí h-uaire roim a bhás.
Mícheál ó Séaghdha, ón mBoth Cearr i n-aice na
Snadhma, do chur síos an phaidir [nó na paidreacha]
so ó n-a mháthair. Is cosúil gur meascadh ar
orthaib agus ar ghnáth-phaidreacha atá ann. B'fhéidir
go gcuirfeadh Diaghaire nó Scoláire suim ins na
neithe seo agus go dtiubhradh léiriú dhúinn ar
orthaibh agus úrnaidhthe na Gaedhilge. F. an L.
Paidir le rádh dá mbeitheá amuich istoidhche.
Na seacht n-aingil is sine,
Na seacht n-aingil is óige,
Na seacht n-aingil is aoirde
I gCathair na Glóire,
Theacht am ghárdáil,
Theacht am shábháil
Ar neart námhad
Agus ar bhuairt oidhche.
Seán ó Murchadha do sholáthruigh.
Do bhí fear óg ann fad ó is do bhí sé ag
déanamh cleamhnais le dís bhan. Baintreach
do b'eadh bean acu go raibh clann is cruacha,
ba is caoire agus airgead aici, agus í go
moch déanach ag tabhairt aire d'á gnó.
Bean óg, deallramhail, do b'eadh an bhean
eile agus folt breágh gruaige uirthi, súile
breághtha glasa aici agus gur de dhream
ana-uasal go léir í ach ná raibh aon spré
aici.
Tháinig an fear óg isteach lá is d'iarr
sé comhairle a mhuinntire. Ag so mar a
dubhairt sé:
“Tá dís bhan ag síor-chur buartha im' cheann,
Tá ba is caoire ag mnaoi acu, cruacha is
clann;
Tá dhá rosg mhíne ag mnaoi agus uaisle
is greann;
Nó an fios daoibh-se pé acu an dís bhan
is nuachair ann?”
Agus sid é an freagra fuair sé:
“A mhic, a chroidhe, má's gnaoi leat
nuachair ann
Leig-se dhíot an chríon-bhean chruaidh is a
clann;
Gaibh le mnaoi na ndian-rosg is na
sguaba leabhair
Is na mbachall mbuidhe mar úir-easgar
na gcrann.
Tadhg Ó Murchadha.
AN PORTÁN.
Má bhaineann tú le portán do chaith an
taoide isteach ar an dtráigh seachain tú
féin air nó bhéarfaidh sé greim docht do-
sgaoilte ort le'n a inghne! I gcás go
ndeineann abair seo leis is bogfaidh sé
dá ghreim:
A phortáinín bheannuithe,
Bog díom do ghreamana,
Agus scaoilfead chun faraige arís tú!
COLÁISDE
NA
MUMHAN
I mBÉAL ÁTHA
'n GHAORTHAIGH
BEIDH AN COLÁISDE AR
SIUBHAL, MAR BA GHNÁTHACH,
I MÍ IÚIL AGUS I
MÍ NA LUGHNASA
Gheobhfar gach tuairisc i dtaobh na
Coláiste ó'n Rúnaí —
LIAM DE RÓISTE,
27 Grand Parade,
Corcaigh
AN TIGH
IS FEARR
I nÉIRINN
I gcomhair na neithe seo:
Buinn Dealga,
Fleascáin, & c.
OBAIR CHONDUALACH
ar an SEÓD LUACHMHAR
(liosta inaisge)
LIAM MAC AODHGÁIN
Is a Chl. Mhac
Seódoirí agus Gaibhne geala,
31 & 32 SR. PHÁDRAIG NAOMHTHA
I gCORCAIGH
CHÓMH BLASTA
LE
h-AON-ÍM!
MARGAIRÍN
“LEANDAR”
Tá 'á DHÉANAMH
i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL
Ó MATHÚNA
agus a gCualacht
Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.
GRÍOSADH NA mBÁRD.
Fonn — “Tóramh an Bharraille.”
I.
Sin sgeul is dearbh le léighe 'gus geallaim
Nach beag do chanaim-se chughaibh-se:
Má fheudaim labhairt le h-éifeacht dhaingean
go sgéifinn feasta mo rún díbh.
T' Éire ag gairm sa glaodhach le fada
Ar ghéagaibh shleachta na n-úr-treabh
Chun teacht na h-aice le méinn nach meathta
Chun caomhnadh Teangan a ndútha.
II.
Ná téighidh ar aistear ó'n nglaodh-so
fhreagairt
I céim ná ndeachaidh ar gcúlaibh
Chun réim na teangan do shaoradh ó gheangaid
An tréad do cheapadh í mhúchadh.
Cia cu Gaedhil nó Galla nó daoscar danar
Do dheunfadh masla thabhairt di
Le faobhar glan bata gach taobh de lasadh —
Sin éiric measaim is fiú dho.
III.
Gach fáidh is taca le dán do cheapadh
Go sásta sanasta sún glic
I ráidhtibh snasta go bláth bog blasta
Is tá sáith i mbeatha na n-úghdar,
Ná fágadh aisde i n-aon áit sa bhaile
'Na mhála taisce gan tabhairt leis
Is mo lámh mar ghealla gur b'árd a ghradam
Ar Dámh Sgoil Bhailtibh an Mhúirnigh.
IV.
Ar trácht an bhealaigh aon pháirt ná glacaidh
Le fánach fleascaigh ná dúnsa
Ná báirseach bhastallach bháite i n-ainbhios —
Níor bhfearrde ainm na cúirte iad;
Ach sáir-fhir ghreanta noch d'fhás go h-aibidh
I stáir sa seanchas dúthchais
Is fearr mar charaid go bráth ná an ghrathain
Thug grádh do theanga shliocht liútair.
V.
Dáilidh tapaidh le báidh do'n ghairm
Ar pár tá breacaithe chughaibh-se
Le cáirdeas leathan le páirt is taithneamh
Is le grádh do'n ghashradh shúgach.
Má tá aon dalta gur ghádh dho theagasc
Chun dánta cheapa go cúir glan
Gheobhaidh fáth gach ceasta le baránta is
beachtadh
Is a lán h-ata de chognamh.
An Ceangal.
Fáilte uainn dar duach is ciubhe mar nós
Do bhárdaibh uaisle thuatha mhín clár Eoghain
Gan fániudheacht mhuar ach gluaiseacht linn
le deoin
Do'n áit seo luaidhte Luan Cinncíse am
neoin.
Gaodhal na nGaodhal do chum do Dháimhscoil Bhaile
Mhúire Lá 'le Gobnatan, 1926.
OIFIG SEACHT LÁ NA SEACHTAINE.
Diarmuid na Bolgaighe do chan.
I.
A Mhaighdean mhodhmhail, gan dabht do thug solus do'n
tsaoghal,
Do bhrostuigh a chabhair is do thogh na Flaithis ó phréimh;
Fé mar bhronnais-se do'n domhan mar thabharthas
foirtil Mac Dé
I n-Oifig an Domhnaigh cabhraigh linn-ne lá an tSléibhe.
II.
A Mhaighdean suairc, gur luadhadh leat Flaitheas na
Naomh,
Agus d'fhuilig gan ghruaim an t-Uan do chruthaigh
gach n-aon;
Fé mar fhairis go cruaidh an uaigh gur leagadh do Laogh
I n-Oifig an Luain go mbuaidhir-se sinne' do thréad.
III.
A Mhaighdean mhánla, a mháthair chneasta an Aoin-Mhic
D'fhulaing an Pháis le grádh do'n chine daonna;
Do chneasuigh sliocht Ádhaimh lá na Croise Naomhtha
I n-Oifig na Máirte slánuigh sinn-ne i n-éinfeacht.
IV.
A Mhaighdean déid-mhín, ná taobhuigheann fuath duit
neach
Agus go bhfuil na h-Aspail go léir mín d'aon-bhuidhin
stuamdha leat;
Ó chuireadar béir fill daorshnaidhm cruaidh ar do
Mhac
I n-Oifig na Céadaoin' saor sinn suas ar Neamh.
V.
A Mhuire na rinn-rosc, is fíor gur traochadh tú
Ag screadaigh 's ag caoineadh ó chroidhe 's Mac Dé
ar an gCrois;
Fé mar leagadh chughat Íosa sínte tréith it' ucht —
I n-Oifig na Dardaoineach scaoil ó dhaoradh sinn.
VI.
A Mhaighdean mhín, is gur líon gach mogall ded' bhláth,
Agus a bhfuilid 'na righthe id' bhuidhin 's a dtortha 'na
lámhaibh;
Screadaim arís ar Chríost a d'fhulaing an Pháis,
'Gur i n-Oifig na h-Aoine go líonair-se sinne le grádh.
VII.
A Mhaighdean bheannaighthe, gur shealbhuigh Críost it'
ucht,
Agus go gcloisid lucht fartha na h-Aspail 'á innsint
sin,
Gur ag cosaint an pheacaidh le neamhthuis d'fhulaingís
gach coir
I n-Oifig an tSathairn seasaimh an dlighe ar ár son.
Scríobhas síos an sár-pháidir seo ó sheanduine i
dTuaith Ó Siosta cois Inbhir Scéine um Nodlaig. Sé
mó dhóigh gur ditcheall a chómh-mhaith fhághailt ar
chruinneas cainnte agus ar dhiamhracht smaointe.
Giolla do Mhac Finghin Dubh dob eadh an t-é cheap.
Seán Ó Súilleabháin,
Scoil Sliabh Ruadh,
Cill Coinnigh.
SNASÁIN “SCIENCE”
“GILE NA GILE”
SNASÁIN AGUS SMEARA
Do'n BHRÓIG
DO'n ÚRLÁR
Do'n TROSCÁN
SNASÁIN GAN LOCHT
NÁ GLAC ACH “SCIENCE”
PUNCH IS A CHUAL. I GCORCAIGH A DHEINEANN
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11