AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh a 5. (An 3adh Srath).
MÁRTA, 1926.
Dhá Phinginn a Fhiacha.
FIRÍN AN UACHTAIR OIDHRE.
Cérbh' é an seanduine a cheap an focal
san .i. “Luaidhtear le chéile na céadta
nach bpósfar choidhche?” B'in duine go
raibh ciall aige. Bhí mearbhall orm féin
uair i dtaoibh na ceiste ach níl anois.
Cheapas go raibh beirt áithrid, ar a raibh
togha na h-aithne agam, geallta ag Dia dá
chéile. Ní fhaca ariamh aon dís ba mhó cion
agus gradaim ná iad. Ó'n gcéad uair
gur leagadar súil ar a chéile bhíodar
amhla — grádhach geanúil. Thárla di-sin
teacht ag obair 'san oifig mar a raibh
Cormac. Tháinig sí na cailín cneasta
simplí agus gan de rún aici ach comhluadar
a sheachaint agus a dícheall a dhéanamh ar
son a máistrí. Comhlucht Urradhais a
b'eadh na máistrí sin. Ach mo léan le
luadh! Bhuail Cormac léi. Chaitheadar
uatha obair Urradhais. Agus chlaoidheadar
le gnó Chuipid.
Ó'n lá sin amach chuaidh de dheagh-theist
Chormaic mar oibritheóir. An té a rachadh
isteach san oifig chuige chífeadh sé 'na luighe
trasna ar a dheisg é, a dhá bhais leagtha
faoi n-a smig aige, féachaint fhada iasachta
'na shúile. Cheapfadh aoinne ach é fheiceál
go raibh lom an donais mhóir tar éis
tuitim sa mullach air.
Níor thaise do Shíghle é. Bhíodh sí siúd
ina suidhe go mío-shuaimhneasach os comhair
an clósgríobhnóra. Bhí an t-ádh ar charaid
liom go bhfeachaidh an leabhrín ina gcuireadh
sí nótaí luath-sgríbhinne agus dubhairt sí
liom go raibh na pictiúirí ba ghleóite de
Chormac dá bhfacais riamh tarraingte aici
ann. Is cuimhin liom féin í fheiceál sa
leabharlainn phuiblidhe, oidhche, ag infhiúcha
liostaí na nua-leabhar. Bhí an-chíocras
uirthi. Casadh ar a chéile sinn ag imtheacht
dúinn agus bhí de dhánuíocht ionam teideal
an leabhair a fhiafraí dhi. Dheargaigh na
gruadha aici ach theasbáin sí an leabhar
dom. “Leidí dóibh seo i ngrádh” a
b'ainm do.
Nuair a cuirtí críoch le h-obair an lae
bheidís araon le fáil sa “Móin Foghanta”
nó i seomra tae éigin mar é. Nach iomdha
in uair d'admhuigh bean a' tighe dhom go
raibh sí ciapaithe cráidhte ag an mbeirt aca
agus an leadránacht bíodh ortha ag ól tae.
“Tar éis an tae a ól, luigheadh Cormac
siar,” ar sise i gcogar liom an lá cheana,
“agus claidhe siúcra go dtuitidh air!
mura bhfanadh sé breis is uair a' chluig sa
riocht sin gan pioc ar domhan ag déanamh
díthe dhó ach bheith ag féachaint isteach
i súile na mná óige sin agus iad
ag siosgarnaigh mar bheadh dhá éan ar
chraoibh ann.”
Domhnach is dálach bhídís i bhfochair a
chéile. Má b'fhíor do Cháit ghaosmhar “dóigh
deimhnightheach” a b'eadh é amach is amach.
Agus bhí sé 'na luadhrádh go raibh fo-choiste
bunuighthe ag muinntir an Chluba chun bronn-
tanas pósta a sholáthairt le h-aghaidh na
h-ócáide móire.
Bhí Éire mhór is Éire bheag ag cainnt
fútha. B'é sgéal na beirte amháin a bhí
ag baint codladh na h-oidhche de shean-
chomhaltaí an Chluba agus ní raibh na daoine
ba dheireannaighe a tháinig ann gan spéis
éigin a chur sa sgéal, freisin. Maidir le
cáirde Chormaic — baitsiléaraí go smior
isteach — bhí náire tugaithe aige dhóibh. Bhí
cuspóirí an fhir singil caithte uaidh aige.
Eisean, ba láidre ortha i dtráth is i
n-antráth, 'ghá dtréigint mar gheall ar
mhnaoi! — ag sleamhnú anonn uatha go
campa na namhad gan troid a chur suas!
Nárbh é an feall é!
Ó'n uair ba léir do Shíghle go raibh iol-
shaghasanna daoine ar an saoghal agus
malairt saoghail ag gach beirt aca bhí báidh
aici leis an Romanesque. Dá luigheadh a
súile ar Iodáileach nó Spáinneach nó aon
Deischeartach eile thosóchadh a croidhe ag
preabadh innte. Ach tinncéir fheiceál agus
ní chuirfeadh rud ar bith stop léi ach ag
trácht ar an saoghal breágh is dual do'n
aicme sin na gcannaí stánach. “Saoghal
faoi 'n spéir aca,” deireadh sí, “agus
bóithre an domhain rómpa le siúl ar mhaoil
a mainge. Bhí grádh a croidhe aici do na
daoine sin — gidh ná dubhairt sí ariamh a
leithéid i láthair Chormaic — agus d'fhan sé
ann i gcomhnuí: ina chodladh, b'fhéidir, ach
beó beathaidheach.
Tháinig an Samhradh agus na laethe saoire.
D'fhág Cormac bocht slán agus beannacht
ag Síghle ag an stáisiún. Bhí sí ag dul ar
cuaird coicíse chun baile beag atá suidhte
ar an gcósta tímcheall tríocha míle ar an
dtaoibh thuaidh de Bhaile Átha Cliath — baile
beag, ciúin, codlatach. Is ar Chormac a bhí
an brón agus an chumha croidhe nuair a thug
sé an phóg dheiridh sin d'á leannán díreach
nuair a bhí an gárda ag feadghail is ag
craitheadh a bhrait ghlais.
“Sgríobh go minic, a Shíghle, a ghrádh,”
do sgread sé ós árd.
“Ná bíodh ceist ort, a Chormaic, a
bhuachaill,’ ar sise, agus na deora léi,
“sgríobhfad 'chuile lá ariamh agus faoi
dhó má's —.”
Bhí an traen ag dul fé dhroichead agus
b'éigean dí a ceann a tharrainnt siar.
D'airigh sí an chéad lá nó dhó an-uaigneach.
Ní fhéadfadh sí gan a bheith ag cuimhneamh ar
a peata annsin thuas i lár na cathrach agus
a ghruag bhreágh chasta dhá liathadh ag an
urradhas mallaighthe úd. Bhí sí sgartha ó
mhaoin agus ó dhóchas a saoghail. Cé thóig-
feadh uirthi bheith ag comhaireamh na laethe
ar a méaracha go mbeadh sí ar ais ina
theannta? Bhí sí cráidhte!
An tráthnóna beannuighthe seo, agus í ar
seáirse tríd an sráidbhaile, shiubhail sí
isteach i siopa. Bhí tart uirthi ag brothal
an lae agus ag deatach an bhóthair agus
mheas sí go mb' fhearrde í rainnt uachtair
oidhre d'fháil. Siopa neamh-choitchianta a
b'eadh an siopa sa méid seo, go raibh sé
glan. Bhí na h-earraí ar fheabhas agus iad
socraighthe go córach deas ins na fuinneóga,
ar crochadh ó'n síonál, nó ar thosach an
chúnntair. Bhí Síghle ag baint lán a dhá
súl as gach ní nuair a thug sí an firín faoi
deara ar chúl meaisín an uachtair oidhre.
Firín dubh, dualach, dathúil, a b'eadh é. Bhí
MÁ THEASTUIGHEANN UAIT
BLÁTHA, TORTHAÍ,
no GLASRAÍ
BLÁTHNAIDÍ, FLEASCA
NÓ CROSA
Téighir chuig
PEIG NÍ DHUBHGÁIN
5a Sráid Pháirliméid,
3 Port Uí Shúilleabháin,
I gCORCAIGH
DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN
ISEADH
“TANÓRA”
Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar
Scríobh chuig
SEÁN Ó DALAIGH
IS A CHUA. TTA.,
I gCorcaigh
in a thaobh
A GHAEDHEALA! CEANNUIGH BHÚR
gCUID
TÉ, MÍSLEÁIN IS SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS IS UBHLA
ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN
[agus a Chua.
a 1, 2 & 15 An Mheadhon-tsráid Theas
(1, 2 & 15, South Main Street),
CORCAIGH
Síghle cinnte dearbhtha gur Iodáileach é.
Bhí an Romhánachas ina chinnaightheacha agus i
ndath a chnis. Liúigh a croidhe amach ó lár a
cléibhe. Bhí an grádh ag dúiseacht.
Fuair sí a cuid uaidh agus ba ghearr go
rabhadar ag comhrádh. An té go bhfuil rith
an ghnótha ann ní leasg leis aimsir a
dhiomailt ag cainnt má's dóigh leis go
bhfuil an custumaer ar aigne airgead a
chaitheamh. Bhí na cúil-fhiacla géaruighthe ag
firín a duinn-chnis le fada an lá agus,
ina cheann sin, cailín spéiriúl is eadh Síghle.
Lean ortha, mar sin, i séis comhráidh.
Chuireadar caoi ar theas an lae. Uaidh
sin, d'imthigh a smaointe ar fán agus
an chainnt chun filidheachta. Ciúineas na
gcoillte, cumhracht na mbláth, fionnfhuaras
taobh locha, ceól na n-éan, feaduíol gaoithe,
bunránacht na mara — ag imeacht de rith
reatha a bhíodar síos bhóithrín na beathadh,
ag féachaint rómpa i gcomhnuí, ag déanamh
beag-is-fiú de shalachar na ndíg. Nádúr
an Iodáiligh chun gnótha a spreag an firín.
Deiseacht a aighthe agus áilneacht an chur
síos (gan an uachtar oidhre a bhac) a
mheall Síghle.
Sé tháinig as nár sgríobhadh aon leitir
an lá sin.
An lá dá chionn thuit an céadna amac.
Tháinig Síghle go dtí an siopa ní ba luaithe
sa ló. Chaith sí cuid ní ba mhó de'n uachtar
ná an lá roimhe. Bhí an comhrádh aca is na
smaointe áilse. D'fhill sí abhaile ní ba
dheireannaighe …
Agus Cormac bocht … ní fhéad-
fadh sé a thuigsint ó thalamh an domhain
céard ba shiocair leis an moill a bhí ar na
litreacha. D'imthigh dhá lá eile thart ach
sgéal ná sguan, tásg ná tuairisg ní bhfuair
sé ina taobh. Is beag nach raibh sé as a
mheabhair le h-imní. Ní fuláir nó bhí sí
tinn. Chaithfeadh sé dul dá féachaint …
Fuair sé cead ó'n mbainisteóir agus
d'imthigh leis ar traen láir an lae.
Bhí a chroidhe ina bhéal ar feadh an aistir.
Gach barúil do b'uathbhásaighe ná a chéile —
breóiteacht, bás le piléar, bádhadh, múchadh —
fuaireadar seilbh ina cheann. Tar éis
tréimhse fada do bhain stad do'n traen
ag ceann cúrsa. Léim Cormac amach agus
rith glan díreach faoi dhéin máistir an
stáisiúin a bhí i gceann an árdáin ag bailiú
na dticéad. Cheistigh sé é. An raibh aithne
aige ar Shíghle? Cailín aoibhinn áluinn;
súile gorma aici. Seadh, gruag bhreágh
fhada, ní h-ionann is gearr-bhobáil slibirí
eile. Seadh! B'in í í.
“Tá aithne agam uirthi siúd,” an freagra
a thuig máistir an stáisiúin air, “sin í an
cailín atá dá luadhadh leis an Iodáileach
thíos — Alfonso Aidhiscrímíó. Sgannal na
h-áite i láthair na h-uaire an bheirt aca
ach fan —.”
Ach bhí Cormac imthighthe uaidh. Mar
splannc teinnteighe, bhí sé de thurraic
thairis agus amach as an stáisiún. Suas
an tsráid leis i dtreó an bhaile bhig. Bhí
a cheann go meabhánach. Bhí buile, fuath,
dearg ghráin ina chroidhe ach go raibh cosc
beag air le dí-chreidheamh sa scéal fós.
Ní fhéadfadh sé a chreidiúnt go dtiubhradh
Síghle an cor seo air. Ní bhfuigheadh sé
ann féin a mheas gur do Shíghle bhí máistir
an stáisiúin ag tagairt. Chuirfeadh sé
tuairisg a tighe lóistín sa gcéad siopa
ar chuma ar bith.
Ba shiopa é go raibh an fógra “Uachtar
Oidhre” ar crochadh taobh amuigh. Shiubhal
Cormac anonn chuige go fústarach.
A leithéid de gheit is baineadh as! B'in
í a Shíghle os comhair a shúl — a Shíghle aoibhinn
áluinn féin — rún agus searc a chroidhe —
ceól agus binneas a anama — tús agus
deire a bheathadh — b'in í í ina luighe go
leisgiúl i gcoinnibh cúnntair an tsiopa ag
glacadh gloine uachtair oidhre as lámha
salacha buidhe Íodáiligh. Gach a raibh de
ghráin agus d' fhuath ina chroidhe leigeadh
chun fiadhántais iad. Thug Cormac iarracht
de'n mhaide teann a bhí ina ghlaic aige de
phreib trasna an chúnntair gur bhris sé cinn
de ghloiní de'n scuaib sin. Dubhairt a
chroidhe leis an maide a leanúint agus
mion-mhiolthóg a dhéanamh de'n tsiopadóir
ach stiúraigh a chiall slán é.
“A bhean úd a bhfuil an feall it' chroidhe,
gráin mh'anma ort go deo!” ar sé i n-árd
a chinn is a ghotha agus rop leis ar ais chuig
an stáisiún. Chuala sé Síghle ag gol agus
ag béicigh ina dhiaidh ach níor bhog a chroidhe.
Bhí an súgh sa bpota agus b' fheasach do
Shíghle go maith é. Ach ar bhealach ba leath-
chuma léi. Nach raibh a h-Alfonso féin aici?
An mhaidin dá chionn, áfach — Domhnach a
bhí ann — chonnaic sí Alfonso agus a bhean
dlisteanach ag siubhal amach tar éis Aifrinn.
Bhí firín an uachtair oidhre ar a mhíne géire
ag sáthadh pram roimhe i gcoinnibh cnuic.
Uch! an géar-ghol agus an caoineadh; an
fásgadh fiacal agus an stracadh gruaige a
rinne Síghle bhocht.
Agus anois. Tá Cormac i bhfad uaithe.
D'iarr sé ar an mbainisteóir é d'athrú go
taobh eile de'n tír. Aistrigheadh.
Níor fhill Síghle ar an oifig seo ó shin.
León Ó Broin.
“An tan póstar dís go nua bíonn an
chéad mhí n-a gealaigh mheala, an dara mí
anonn 's anall, an treas mí n-a pléasga
agus an ceathrú mí ‘go mbeiridh an diabhach
leis an dream do chuir tusa agus mise
le chéile.’”
An Néilleach.
“AGE QUOD AGIS.”
Is fadó anois ó dubhradh gurbh é slighe
dob' fhearr chun cuimhneamh ar rudaí ná
cleachtadh a dhéanamh ar iad do dhearmhad.
Is ait san ach is fíor, mar nuair a theastuigh-
eann uainn ár meabhair a chruinniú agus a
neart go léir a bheith againn chun rud áirithe
atá idir lámhaibh againn a chur i ngníomh,
is annsan a bhrúghann iolchuimhneamh orainn
i dtreó gur miste an obair a dheinimíd na
rudaí nach féidir a dhearmhad.
Is iad trí cúiseanna fé ndear fánuíocht
meabhrach iad so: suim ró-mhór sa ghníomh
chaithte, suim ró bheag sa ghníomh láithreach,
laige i gcúrsaí na meabhrach do smachtú.
Dá bhrígh sin, is léir gurb é céad rud
atá le déanamh againn ná ár ndícheall chun
suime a chur sa ghníomh láithreach agus an
ruag a chur ar na smaointe a bhrúghann
isteach orainn.
Ach ní fuiriste san uaireannta mar, cuir
i gcás, sinn do bheith ag léigheamh agus go
dtuiteann rud 'nár n-aice is deacair ár
meabhair do smachtú i dreó ná beimís ag
cuimhneamh ar an rud a thuit — ar briseadh
é? — cad a leag é?
Agus tá cúis eile le deacracht ár
meabhair a chruinniú — go bhfuil suim níos
mó againn i rudaí eile seachas an léigheamh
so atá ar siubhal againn — ana-dhúil i
gceól, b'féidir, a chuireann fonn orainn
an leabhar a chaitheamh uainn agus dul thar
n-ais chun Grieg nó Chopin nó Schubert.
Sé ár n-aimhleas a dhéanfaimíd, ámh, má
ghéillimíd dos na smaointe sin nó do'n
bhfonn san.
Nuair a chuirimíd deighchríoch ar obair
tagann an tsástacht aigne chúghainn go
dtugaid na Béarlóirí “Inner Harmony”
air. Chun na sástachta aigne sin a bheith
againn ní fuláir gach dícheall a dhéanamh i
dtreó go mbeadh an gnó idir lámhaibh againn
ar fheabhas i gcomhnaidhe. An fear a thuig-
eann go bhfuil a dhícheall á dhéanamh aige
bíonn láidreacht spriodúil ann agus is
cuma leis caismirt nó cruadh chás nó cáineadh.
Tá buadh eile ag an bhfear a chleachtuigh-
eann deighcríoch a chur ar gach obair a bhíonn
fé n-a chúram. Ní deacair do a mheabhair
a chruinniú agus cur chun oibre d'á dhéine
a dhéanamh ar fheabhas mar ní cruaidh é an
rud is béas le duine.
Annsan nuair a bhíonn an gníomh foghanta
críochnuighthe aige tuigeann sé conus sos
do chaitheamh — an sos atá tuillte aige tar
éis a shaothair.
Na daoine nach féidir dóibh a meabhair a
dhíriú ar an obair a bhíonn idir lámhaibh aca,
ní leigeann a smaointe fánacha dhóibh deigh-
chríoch a chur ar aon obair, ní leigeann
cuimhneamh ar an droch-obair, ní leigeann
sé dhóibh sos ceart (otium) a bheith aca —
bíonn saothar ortha agus gan luach a saothair
aca. B'fhearra dhóibh stad agus cur chun
dtuathaluíocht do leigheas mar bí an ceart
ag Pliny nuair a dubhairt sé: “Melius
est otiosus esse quam nihil agere.”
M. Ó D.
SEILG SLÉIBHE gCUILINN.
“Beir buadh agus beannacht,” ar Conán,
“a Righ Féinne. Is maith an t-eolas thugais
dúinn, agus innis dom anois créad fáth ar
liathadh tú, agus créad fáth a dtugadh áibhle
aithise dod' ghnúis, agus má's marbh ar do
cholainn agus fuaire anma ar do leathar;
agus cá faid do thárla dhuit bheith amhlaidh?”
“Do bhéarsa a fhírinne sin duit,” ar
Fionn. “Aon do laethibh dá rabhas-sa i
n-Almhain leathanmhóir Laighean, agus maithe
na Féinne maille riom, ag ól agus ag
aoibhneas, tháinig dias ban de Thuatha Dé
Danann do thabhairt comhrádh i n-éinfheacht
dom. Agus atáid iona seathracha agá
chéile, eadhon, Mí Luachra agus Aighne a
n-anmonna, dhá inghin Chuailgne. Agus thug
Aighne séarathach nach bíodh a fear féin liath
go bráth.
Ar n-a chlos sin do Mhí Luachra, do
thiomsuigh Tuatha De Danann i n-aon ionad
gur dhealbhadar loch draoidheachta do leith-
taoibh sléibhe Cuilinn agus fir an domhain
do rachadh san loch ba liath iad.
Agus tháinig i riocht eilite imléithe ar
faithche na h-Almhaine go dtárla dhom-sa
bheith im aonar ar an bhfaithche an tan sin
gur leigeas fead ar mo chonaibh agus nach
gcuala cú ná duine mé ach Bran agus
Sgeolainn amháin, go dtángadar chugham,
gur léigeas i gcomhdháil na h-eilite iad.
Agus do leanas í gan fhios do lucht an
bhaile ó'n áit sin go sliabh Cuilinn i gcrích
Cuailgne ba thuaidh i n-Ultaibh; agus gé'r
ghairid athadh na h-eilite ó na conaibh níor
ghiorra ná athadh na gcon uaim-se. Gidheadh
nuair ráinig an eilit do'n tsliabh thug cor
do na conaibh go nár bhfeas dóibh cá conair
ionar gabhadh léi; agus ba iongnadh mór
liom-sa fiadh san domhan do chinneadh ar na
conaibh a chomhfhaid sin de shlighe.
Gairid dom mar sin an tan adchonnac
inghean chruthghlan, chaomháluinn, ar bruach
an locha lánaoibhinn, agus í go dubhach
do-mheanmnach go dtánga dá h-ionnsuighe
agus d'fhiafruigheas di fáth a dobróin.
‘Fail dearg óir thuit san loch so uaim,’
ar sí, ‘agus mé ag snámh ann, agus geasa
nach fuilingid fíorlaoch ort, a Fhinn, muna
dtugair an fhail chugham as an loch.’
Gé'r leasg liom-sa dul do shnámh, níor
fhuilingeas bheith go fada fé gheasaibh, agus
téighim fé'n loch d'iarraidh na faile, agus
fuaras í agus thugas chun na h-inghine í.
Do ghabh sise an fhail, agus téid féin do
léim éadtrom fé'n loch go nár bhfeas
dom-sa ca conair ionar ghaibh.
Thanga-sa i dtír, agus gé'r ghairid uaim
m'éadach, ní raibh de shiubhal ionam a ionn-
suighe ar ndéanamh seanóra chríonchruthaigh
chnámhársaigh dhíom. Thángadar na coin
dom ionnsuighe agus ní thugadar aithne
orm; agus thugadar cuaird an locha ar
gach leith uaim.
TROSCÁN agus LEABTHACHA
ar fheabhas agus ar shaoire
Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat!
SEÁN MAC EÓINÍN
‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN’
Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,
CORCAIGH
Deuntús na h-Éireann
Iarr
COINNLE AGUS
SOILLSEÁIN OIDHCHE
a deintear i gCorcaigh
agus
FEUCH
CHUIGE
GURB
IAD
A GHEOBHAIR!
Is iad lucht a ndeunta —
CUALLACHT COINNLE
AN tSEANDÚNA Tta.
Sráid Shan Seáin,
I gCORCAIGH
SÍOLTA DO'N FHEIRM
NÚ DO'N GHÁIRDÍN
CRAINN, PLANNDAÍ,
ÚRLAISÍ FEIRME
LEASÚCHÁN, &rl., &rl.
An t-adhbhar ná teipfidh!
Airgead nách daor!
Muinntir
LUASA & CONNAILL
Bóthar Mulgráibh, i gCORCAIGH
LEABHAIR! LEABHAIR!
Tá gach saghas le fagháil
ó
LIAM RUISÉAL
68, 69 Sr. an Chapaill Bhuidhe
i gCorcaigh
Guthán: 1133
PÁDRAIG DE BÚRCA
10 SRÁID CHÚC, CORCAIGH
A GHAEDHEALA! Nuair a bheidh TAE, SIÚICRE,
TOITÍNÍ, &c., ag teastáil uaibh ceannuighidh
uaim-se iad
MÁ THEASTUIGHEANN UAIT
LEABHAR GAEDHILGE DE
SHAGHAS AR BITH
Gheobhair annso é
Deinimíd
LEABHAIR an ATHAR PEADAR
do chraobhscaoile
Sinne Muintir
BRÚIN & NUALLÁIN
Sráid Bhuintrop,
I gCORCAIGH
D. T. Ó SÚILLEABHÁIN
Reiceadóir Rothar & Mótar
Gunnaí agus Ceatrisí
37 SRÁID CHÚCH I gCORCAIGH
GHEOBHAIDH DO MHAC
TOGHA NA SCOLUIDHEACHTA
I gCOLÁISTE
CHOLMÁIN CLUANA
Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán —
An t-ATHAIR TOMÁS TÓIBÍN
SEÁN Ó CONAILL
Dealbhóir Gaedhlach,
SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH
Sgríobh ag triall air
AN LÓCHRANN.
Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó
díolacháin nó fógríochta an pháipéir seo go dtí —
Bainisteoir “An Lóchrann,”
27 Sráid Tucaí i gCorcaigh
agus
Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus
scríbhneóireachta go dtí —
Fear Eagair “An Lóchrann,”
119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc
Bleá Cliath.
“An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh
Bliana 3/6
Ach níor chian go bhfaca Caoilte agus
tosach na Féinne go dtángadar uile ós mo
chionn agus ní thugadar aithne orm.
‘Abair, a sheanóir,’ ar Caoilte ‘an
bhfaca tú eilit agus dá choin, agus aon
óglaoch mór míleata iona ndiaigh? Nó cá
faid ataoi ad iasgaire ar an loch so?’
Innsim dóibh go bhfaca, agus nach fada
do chuadar uaim. Ach cheana, ba docharach
liom-sa mar do bhíos annsin agus nachar
lámhas a innsint gurab mé féin do bhí ann.
Agus níor chian dom amhlaidh sin go
dtáinig tromlach na Féinne chugham; gur
innseas dóibh mo thoisg ó thúis go deire;
gur chreid siad an t-iomlán mé; agus
gur léigeadar trí gártha ós árd. Gurab
Loch Doghra is ainm di ó shin a leith.
Agus do rinneadar carbad caol dom-
sa agus do thógadar leo mé go síth Cuilinn
Cuailgne, agus do thionóladar seacht gcatha
na Féinne timcheall an tsíotha, agus do
ghabhadar trí lá agus trí oidhche 'ghá thochailt.
Gurab annsin d'éirigh Cuileann Cuailgne
as an síth agus easgar dearg óir iona
láimh; agus dáileas dom-sa an t-easgar.
Agus ar n-ól na dighe dhom tháinig mo
dhealbh agus mo dhath féin orm agus do
sgaradar na h-ainmhithe áighmhéile sin liom,
ach an léithe amháin. Óir do bhí mo leathfholt
amhail airgead aongheal, agus do thairg
Cuileann dom mo dhath féin do chur orm
agus níor bh'áil liom sin; óir do thaithnigh
liom agus leis an bhFéinn an dath sin do
bheith orm.
Thugas an t-easgar i láimh Mhic an Reithe
gus ibh deoch as, agus thug sé sin i láimh
Dhiorraing é, agus ibheas deoch as. Agus
do bhí Diorraing ghá shíneadh chun an fhir fé
neasa dho go dtug an t-easgar cor seacha
go ndeachaidh as a láimh fé'n dtochailt
go doimhin ionár bhfiadhnaise. Agus gé'r
ritheadar uile chuige ní rugsad air gur
shloig an talamh é. Agus ba mhór an
an t-imshníomh liom-sa agus leis an bhFéinn
sin; óir dá n-ibhdís uile deoch as do bheadh
fios agus fíreolas aca. Agus d'fhásadar
féidhliocáin coille san ionad a ndeachaidh i
dtalamh; agus gach aon do chidhfeadh ar
céadlongadh iad, do bheadh fios an laoi sin
aige. Gurab mar sin do liathadh mise,
a Chonáin,” ar Fionn.
Cormac Ó Cadhla do sholáthruigh as sein-scríbhinn.
Ó'N SEAN-AIMSIR.
Ná déin siubhal an Domhnaigh uainn,
Is ná h-éirigh De Luain go moch,
Fan againn Dé Máirt, agus sgaoil an
lá san thort,
Bíonn an Chéadaoin éagcórtach
Agus an Dardaoin bíonn sí fliuch
Faghtar fuacht ó shiubhal na h-Aoine
Is bíonn an Satharn aoibhinn ait.
D'fhonn áitimh ort th'imeacht a chur ar ath-lá agus
fuireach acu féin ó'n Domhnach go Satharn a deirtear
an chainnt seo. Deirtear “ná déin mochóirí na
Márta” in inead “fan againn Dé Máirt” in
áiteanna. Agus “bíonn an Chéadaoin choidhche gan a
bheith ar fóghnamh.”
F. Mac C.
[Aisde le Pádraig Cúndún ó Mhachaire an Fhiaidh
taobh le Cathair Utica i státh Nuadh-Eabhrach do chum
grádhuightheoir na h-eagna, oirbheartach, uasal .i.
Mhícheál módhmhail, múirneach, mín, measardha ó
Glasáin ó Lios Caoinleáin i bparóisde Bhaile Mhac
Óda i gConntae Chorcaighe in Éirinn.]
I.
A shoilbh fhir léigheanta shéimh, deagh-eolais,
Tabharfad tásg faoi m' láimh gan ghó dhuit,
Ar an ndúthaig ghránda 'na ráinig domh-sa
Teacht go h-ársa, fálta, feoighte.
II.
Ní'l mághaibh míne caoin ná cóir ann,
Ach coillte 's crannaibh 's gairbhthin mhóra;
Leachtáin lomartha, coirtighthe, cróna,
Cnuic 's gleannta 's ceanntair ceócha.
III.
Uaill is gártha ós árd urchóideach,
Ag peantuir, faolchoin, béir is leomhain ann,
Ainmhighthe allta ag amhastraigh cómhraic,
'S naithreacha nimhe re binib ag ionfhairt.
IV.
Spéartha ag cnagadh ag bagairt 's ag fógairt,
An t-aer ar lasadh 's an talamh ar mhór-chrith,
Caora d'á gcaitheamh 'na gceathaibh ar bóithre —
Is léir go nglacaim-se eagla rómpa.
V.
Bíon trí ráithe breágh go leor ann,
Bíon an ráithe eile go goinideach reódhthach,
Cuisne 's fuacht go buan d'á leónadh;
Is truagh mar chrithid um Inid an phósta.
VI.
Ó'n Nodlaig go meádhon an Mhárta cómhairimh,
Sioc 's sneachta go barraibh na ndóirse,
A gcluasa goirtighthe. tochailte, tómhachta,
A gcosa 's a lámha is áit nár dhóigh leat.
VII.
Samhradh teasbuightheach, greadaighthe, sgóllta,
Lasardha, grianmhar, pianmhar, breóite,
Ní bhíon faic ar fhear caithte ná óg ann —
Ach leine crúmhra, triús is bróga.
VIII.
Fuireann na tíre is buidhean droch mheónach,
Fealltamhail, fionghalach, cuiripe, córbach
Bréagach, meabhlach, malluighthe, mór uilc,
Cealgach claon a méinn 's a nósa.
IX.
Cré ná paidir ní chantar go deó leó
Ach bruighean 's ceannairc, caismirt 's comhrac,
Dia 'gus Muire mar mhionna 'na mbeólaibh
Diabhal 's deamhain gach am so ló 'cu.
X.
Ní thabharfaidís leath-phinge as Aifrean ghlórmhar
Ach sgige 'gus magadh fé 'n eaglais chomhachtaigh;
Deirid gur teagasg o'n ndeamhain a gcomhairle,
'S gur chóra a gceangal i gcarcair le córda.
MNÁ NA FÉINNE.
Adeirtear nár bh'aon bhean de'n tsórd
san Gráinne. Nár bh'í siúd an inghean
mhodhamhail, bhog, mhaoth, ná an bhruinneall
chaoin, chneasta, réidh, ach an bhean, dána,
dochraideach, díomsach, dothalach, ghuagach,
ghangaideach. Nach tríthi sin do sáruigheadh,
má sáruigheadh riamh, an seanfhocal “gur
mhire ná an ghaoth intinn mhná idir bheirt
fhear,” agus a luathacht tháinig sí ar mhalairt
aigne an túisge luigh sí a súil ar bhall
seirce Dhiarmuda Uí Dhuibhne. Gur ag
cuimhneamh uirthi siúd, an bhean mhínáireach,
ar a inghin féin, a bhí Cormac nuair a bhí sé
ag tabhairt chomhairle agus teagaisg dá
mhac, do Chairbhre Lifeachair, i ndeire a
aoise i dtigh Chleitigh cois bóinne.
“Aithnighim na mná,” arsa sé, “agus is
mar a chéile iad go léir, dar liom. Mar
táid siad baoth i gcomhairle, ainshrianta 'na
miantaibh, fonnmhar chun pósta, uaibhreach
nuair a bhíd i gcleamhnas, sanntach chun dul
i gcomhluadar na bhfear, agus imshníomhach i
dtaobh a n-éadaighe. Is tonna iad a bháthfadh
thu. Is teinte iad a loisgfeadh thu. Is
airm dháfhaobhracha iad a ghearrfadh thu. Is
leóin iad a leanfadh díot. Is nathracha
cealgacha nimhe iad. Is dorcha i soillse
iad. Is olc idir mhaithibh iad; agus is
measa idir olcaibh. Agus,” ar seisean,
“gurab maith an t-olc, gurab flaitheas
ifreann, go gceile an ghrian a soillse, go
dtuite reanna nimhe, ní bheidh na mná ach
mar a dubhramair. Is mairg a thugann
grádh ná searc dóibh agus is rómhairg
fear na droch-mhná.”
Is dócha gur ag cuimhneamh ar Gráinne a
bhí Cormac nuair a thug sé an chomhairle sin
dá mhac, mar nuair a tháinig na teachtaí ó
Fhionn d'iarraidh Ghráinne dhó mar mhnaoi,
agus nuair a chuir Cormac an sgéal 'na
comhairle, 'sé freagra thug sí air ná “Má
tá do dhíolsa de chliamhain ann, cumá ná
beadh mo dhíolsa d'fhear agus d'fhear chéile
ann?”
Tá fhios ag an saoghal mar do chuir
Gráinne geasa ar Dhiarmuid í bhreith leis
ar éalódh ó Fhionn, agus is eól do chách
Cad ar fhulaing Diarmuid d'annró agus
d'olcaibh de bhithin an éaluighthe sin agus é
ar teicheamh ar fud Éireann agus Alban
dhá choimeád féin go maith ar chealgaibh
Fhinn; agus pé áit 'na mbruitheadh sé
a chuid nach ann do chaitheadh í, agus pé
áit 'na gcaitheadh nach ann do luigheadh sé,
agus pé áit 'na luigheadh nách ann d'éirigheadh
sé ar na bhárach. Agus 'sa deire nuair do
cailleadh é ar bheinn Gulban tré dhóghadh
éada agus formaid Fhinn, a rádh gur phós
Gráinné Fionn mar gur ghabh sé de mhilis-
bhriathraibh agus de chomhráidhtibh caoine
carthanacha uirthi go dtug ar a thoil
féin í!
Ní h-aon iongna go leigfeadh an Fhiann
aon gháire sgige agus fonómhaide fúithi
agus gur chrom Gráinne a ceann le
deargnáire.
Cormac Ó Cadhlaigh.
CÓCAIREACHT NA FÉINNE.
Blodh de'n Agallaimh Bhig ar n-a chur i nua-Ghaedhilg
do'n Chraoibhín ó shean-leabhar Mhic Chárthaigh Riabhaigh
ar a bhfuil mar ghnáth-ainm Leabhar Lios Mór
“Thángadar rómpa 'na dhiaidh sin thar
Gleann Massan agus go dtí Loch Daimh-
dheirg … agus go h-Inbhear Leamhna
agus go Loch Léin agus go Gleann
Mangart os cionn Locha Léin. Gabhaid
tríd an ngleann agus gheibhid ionad
diamhair ar bhéal an easa agus do rinn-
eadar both áluinn agus do chuireadar
“fleasg le féice” uirthi agus dídean
thairsti sin agus do sgar fear-gaire .i. giolla
Caoilte Mhic Ronáin, easair agus úr-luachair
ar an urlár agus rinne sé leabaidh do gach
dís de n-a Fianaidhibh agus leabhaidh do
gach coin.
Agus an fhaid do bhí an giolla ag
déanamh na fian-bhoithe chuaidh siad-san ag
seilg. Do ghní an giolla poll ins an
talmhain agus taobh ghrinnill ann le bruach
an tsrotha agus leig sé sruth isteach ann
agus d'fhadaig sé teine mhór agus do
dhearg sé clocha ins an teine go mbeadh
gach rud ullamh i gcómhair a mhuintire.
Tháinig siad-san ó'n tseilg agus do
rinneadh fulacht agus *indeónadh leo agus
do rinneadar a bhfothragadh agus n-a dhiaidh
sin do chaitheadar a mbéile. Agus do
chuadar in a leabthachaibh agus do rinneadar
támh suain agus codlata.
*Indeónadh, póstadh (indeóin = póistín)
F. Mac C.
SGÉILÍN FAOI'N nGÁRLACH.
Tháinig fear as obann air lá thar chlaidhe.
Thóg an fear cloch n-a láimh chun eagla chur
air. Do phreab an Gárlach uaidh.
“Cad is eagal duit?” ars an fear.
“Is eagal dom cloch,” ars an Gárlach.
“Cad is eagal do'n chloi'?”
“An teine,” ar sé.
“Agus cad is eagal do'n teine?”
“An t-uisge,” ar sé.
“Cad is eagal do'n uisge?”
“An ghaoth,” ar sé.
“Cad is eagal do'n ghaoith?”
“An cnoc,” ar sé.
“Cad is eagal do'n chnoc”
“An mhuc.”
“Cad is eagal do'n mhuic?”
“An chú.”
“Cad is eagal do'n choin?”
“An bhean.”
“Agus cad is eagla do'n mhnaoi?”
“Ní h-eagla dhi náda má bhíonn bean
dán' ann!”
Bé freagra an Ghárlaigh; agus ó thárla
go raibh bean mhínáireach ag an bhfear
d'aontuigh sé leis.
Pártholán Ó Muircheartaigh,
Cill Orglan,
d'aithris.
AN ROINN OIDEACHAIS
TÁ roinn an Oideachais ar aigne
cabhair airgid a thabhairt chun
foillsiú do dhéanamh ar leabhra
Gaedhilge a measfar a bheith feil-
eamhnach i gcóir na Meadhon-sgol.
Tá gach eolas a bhaineas leis na
coingheallacha fá na mbronnfar an
chabhair seo le fáil ó —
AN RÚNAIDHE,
An Roinn Oideachais,
1 Sráid an Húmaigh,
BAILE ÁTHA CLIATH.
RACAIREACHT GHRINN
NA TUAITHE
Eachtraithe Thaidhg Uí Chonchubhair idir dhrámaí
ar nós “Caismirt na gCearc” agus “An Dá
Dhrúncaer,” agallmha agus cluithí i gcóir leanbhaí
is daoine fásta, agus amhráin sgléipiúla ar
nós “Pósadh dob' fheárr liom ná bacfainn é,”
“Inghean an Phailitínig,” “Seán a' bhríste leathair,’
“Ding Dong Dederó,” &rl
Ana-oireamhnach mar adhbhar do stáidse
Feise nó a leithéid
200 leathanach de ghreann is ghrádhmhaireacht
2/6 a fhiacha
Le fáil saor tríd an bpost ar 2/9 ó
BHRÚN is Ó NUALÁIN, ÁTH CLIATH, nó ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, nó ó
LIAM RUISÉAL, i gCorcaigh
PÁDRAIG Ó h-AODHA
26 Caladh Phádraig Naomhtha,
CORCAIGH
11.4 hp CITROEN
'Na Reiceadóir i gcóir na gcárr so:
AN DODGE
AN ARMSTRONG SIDDLEY
AN CITROEN
AN HILLMAN
“MIC MO ROGHA!”
(“Mick for me”)
Caith Tobac
“MIC Mc QUAID”
is é is fearr ar domhan
Isiad lucht a dheunta —
P. Ó CEARBHAILL
is a Chua (Teor)
DÚNDEALGAN
SAFETY
FIRST
An té mhianuigheas a chuid spártha chur chun sochair sé cheud rud
ritheann chuige ná “an baoghal dom aon phioc de seo a chailliúnt”
A LUACH
INDIU
15/6
ISSUED AND GUARANTEED BY
SAVINGS
CERTIFICATES
SAORSTÁT ÉIREANN
A LUACH
5 BHL.
Ó INDIU
£1
IAD SAOR Ó BHAOGHAL
An áis is fearr chun rud a chur in áirithe dhuit
féin agus dod' chúram le h-aghaidh lá na gaoithe
A gCÁILÍOCHTA FÉIN FÉ LEITH:
AN STÁT IN URÚS ORTHA
5¼% DE MHÓR-ÚS ORTHA
IAD SAOR Ó CHÁIN
IS FUIRIS A n-AIRGEAD FHÁIL
Gheobhair pé méid díobh is maith leat ó ceann amháin go 500 ceann (sin
£375 10s.) Iad á ndíol ins na banncaibh agus in oifigí órduithe airgid
gheobhair gach eólas ach scríobhadh (agus ní gádh stampa) chuig
AN ÁRD-OIFIG UM CHOIGILTEACHT,
63 Sráid Dásúin, ÁTH CLIATH.
NA LEANBHAÍ
MÁ'S MAITH LEAT AN GHAEDHEALG DO
THABHAIRT DOD' LEANBHAÍ CUIR GO DTÍ AN
t-AON SCOIL AMHÁIN IN ÉIRINN A nDEUN-
FAR CAINNTEÓIRÍ LÍOMHTHA DHÍOBH IN AON
TEURMA AMHÁIN. CUIMHNIGH GUR EUGCÓIR
MHÓR AR AN LEANBH AN GHAEDHEALG DO CHEILT
AIR, AGUS CUIMHNIGH FÓS GUR FEARR
TEANGA NÁ SPRÉ.
ATÁ AN SCOIL AR SIUBHAL ANOIS AGUS
ATÁ GACH CÚNTAS LE FAGHBHÁIL Ó'N —
bhFear Mór, Coláiste na Rinne,
DÚNGARBHÁN
An Gaidhrín Beag Tairbhtheach.
Tá gaidhrín beag gcarr agam,
Fadhbín is ainm do,
Faigheann sé gach maidean uaim
Prátaidhe agus bainne ortha.
Tá sé go beathuighthe
Agus iarracht beag malluighthe.
Marbhuigheann sé easanna.
Frangcaigh is airceanna.
Ní bhacann sé fraganna
Mara mbuaileadh sé a lapa ortha.
Feighileann sé an macha dhom,
Fiadhachann na meageanna
Is cága ceann ndathannach
Ó iomar na mbanbh mbeag.
Faigheann sé na lachain dom
D'imthigheann ag sraithireacht
I móinteánaibh bracacha
Is i lochánaibh salacha.
Toighdeann sé leasanna
Clocháin is cladhthacha
Ar lorg nú ar balaithe
Gráinnóg na mbearanna.
Tá fiadhaidhthe an bhaile seo
Ar íntinn a mharbhuighthe.
Tá a ngiorrfhaidhthe treasgartha
Is a gcoinínidhe leagaithe
Is an chuid ná fuil sladaithe
Teichte le h-anfhaithe
Anonn chun na farraige
Óm mhadrín gearr(a)-sa.
Conchubar Ó Deasmhumhna.
SCÉILÍN AR GHEARÓID BHREAC.
Seo sean-rádh a chloisim 'dir dhaoinibh —
“Gur fhág Gearóid Breac a mhallacht ar
aoinne ná stadfadh ó'n gcith agus ná
teichfeadh ó'n gcath.”
Garsún ab eadh é seo go raibh leas-
mháthair air, agus dáltha an Ghárlaigh
Ghoileánaigh dob' fhearr léi as an slighe
é ná i dteannta a coda féin. Do bhí mac
aici féin ag éirghe suas, leis. Bhíodh
mithchioll fear ag obair aici go minic.
Lá de's na laetheannta go h-áirithe sar
ar imthigh na fir ag obair go dtí an garrdha,
dubhairt sí leo an chéad teachtaire a raghadh
ag glaodhach ortha chun a ndinnéir a mharbhú.
Nuair a bhí an dinnéar ullamh aici chuir sí
Gearóid ag glaodhach ar na fearaibh. Tháinig
cith báistighe ar Ghearóid agus chuaidh sé
isteach fé phluais uaithi agus thuit a chodla
air. Thug sé tamall de'n lá ann.
Nuair a b'fhada leis an leas-mháthair go
raibh na fir ag teacht chuir sí a mac féin ag
glaodhach ortha. Ar a dhul sa gharrdha chun
na bhfear do-san bheireadar air agus
mharbhuigheadar é fé mar a dubharthas leo.
Tháinig na fir go dtí an tigh ansan, agus
d'fhiafruigh an tsean-bhean dhíobh cad a
choinnibh chomh fada iad — gur fadó indiu a
chuir sí féin teachtaire ag glaodhach ortha.
Dubhairt siad léi gur 'nois a shroich an
teachtaire iad féin, agus gur mharbhuigheadar
é fé mar a dubhairt sí leo. D'innis sí
dhóibh gur bé a mac féin a bhí marbh.
Do chodail Gearóid bocht a dhóthain fé'n
bpluais. Nuair a dhúisigh sé chuaidh sé
abhaile agus fuair sé amach go raibh mac a
leas-mháthar marbh 'na ionad féin. Ó'n
lá san amach thug sé a mhallacht d'aoinne
ná stadfadh ó'n gcith agus ná teichfeadh ó'n
gcath, mar a mbeadh gan bheith aige duine
ach an maide a bheadh na láimh ba cheart do
é sháith síos sa talamh agus dul ar a scáth
ó'n gcith. Sin é an tslighe go bhfuil an
sean-fhocal san i mbéal na ndaoine ó shoin:
“Stad ó'n gcith agus teich ó'n gcath.
Nóra Bheag Ní Chonnaill,
Cill Roillig.
[Fáilte romhat, a Nóra, a scríobhadh do'n “Lóchrann”
i mbliain 1908 it' ghearrchaile bheag scoile. Níor
mhairbh cúig bliana déag i n-Americeá an Gaedhealachas
ionnat. Fear an L.]
Buachaill a fuair bríste nua de “chórda-
rí,” rith sé isteach chun a mháthar lá.
“Arú a mham!” ar seisean, “is iongantach
an bríste é seo orm. Bíonn sé ag cainnt
liom.”
“Cad í an chainnt adeireann sé, a
chroidhe? ars an mháthair.
“Ó dhe a Mham!’ ar sé, “nuair a bhím ag
siubhal bíonn dhá chois mo bhríste ag rádh:—
‘Raghad-sa romhat-sa, raghad-sa romhat-sa,
raghad-sa romhat-sa.’”
AN GHLAS GHAIBHNEACH.
I dteorainn Pharóiste an Fhirtéaraigh
agus Pharóiste Mhárthan atá an lanntán
go mbíodh an bhó so ann. Bhí an macha gur
lonnuigh sí [ann] gairid do sna tighthe agus
b'ann a deintí ba a chrú um eadarthrath.
Maidin áirithe chuaidh bean an tighe seo 'on
mhacha agus thug sí fé ndeara an bhó ghroidhe
phearsanta stróinséartha agus b'ait léi cad
a chuir i dtreó na mbó eile í. Do chrúidh
sí a ba féin agus nuair a bhíodar crúidhte
aici, chuaidh abhaile agus d'innis d'á fear
go raibh bó stróinséartha insa mhacha tar
éis na h-oidhche ameasc na mbó.
“Téanam ort, a bhean bheag, go bhfeiceam
í,” ar seisean. B'eo le beirt aca amach.
Nuair thánadar chúichi “ní h-eol dom go
bhfeaca a leithéid sin de dhath riamh ar
aon bhó i n-Iarthar Dhuibhneach,” ars an fear.
“Is fearra dhúinn í thiomáint amach ó sna
ba,” ars an bhean air.
“Ní dhéanfam,” ar seisean, “faigh árus
(árthrach) agus bain di an bainne mar gur
dóigh liom go bhfuil gádh aici leis,” ars
an fear.
Dhein an bhean rud air.
“Ní ró fhada bhain sé de'n mhnaoi an
callán crúidhte a líonadh agus an bainne
a chaitheamh tháirse i mbeiste agus dul fé'n
mbó arís; ach níor thál an bhó stróinséartha
oiread agus dil san árus an tarna h-uair.
Do bhuail iongna an bheirt. Dubhairt an
fear go raibh canna bainne fós aici, “agus”
ar seisean, “má thagann sí 'on mhacha tráth-
nóna bíodh canna níos mó agat. B'fhéidir
gurab é béas atá aici, an uair a stadfaí
dhi, gan tál.”
Sin mar bhí. An uair dob' am leis an
mnaoi í seo a chrú bhí an canna mór aici
agus do líon an bhó go bruach é. Thug an
an bhean árus eile léi ach níor chuir an bhó
sramh ann. “Féach cad dubhart leat!”
ars an fear; “An chéad uair eile raghair
'á crú bíodh an beiste agat.”
Do líon an bhó an beiste agus gach árus
ba mhó ná é do tugtaí go dtí í; agus
dábur (dá mba) piúnt an chéad árus —
sin a dtugadh sí.
Seadh, bhí san go maith agus ní raibh go
h-olc nó go ndeaghaidh fear an tighe 'on
Daingean agus gur thuit braon dighe
air. Dubhairt sé ameasc na cuideachtan
a bhí 'na thíompall go raibh bó aige féin
nár cuireadh aon árus riamh fúithe ná go
líonfadh sí.
Do bhí bean mhí-áidh istigh — agus mar ná
fuil aon tseachtar ban sa domhan ná go
bhfuil bean d'á sórt ortha — do fhreagair sí
fear na cainnte móire. “Cuirfead-sa
geall go mbeidh árus im leathláimh agam
ná líonfaidh sí,” ar sise.
Do cuireadh geall mór síos ó'n dá thaobh.
Um eadarthrath lar na mháireach do bhuail
an bhean so a brat uirthi agus shroich go dtí
an áit go raibh an bhó [ann].
“Faigh t'árus anois,” ars an fear léi.
“Tá sé cheana agam,” ar sise, ag
caitheamh a bruit di agus ag tarrac a
criathair ó n-a h-ascail — agus cromann
ar an mbó a chrú.
Do bhí sí ag crú nó go raibh sí cortha.
Do bhraith sí a cuid éadaigh fliuch, mar bhí
lug mar a raibh sí ag crú. Do phreab sí
'na suidhe agus nuair d'fhéach sí tíompall
ní bainne bhí le feiscint aici ach fuil.
Nuair a stad an bhean d'fhéach an bhó
laistiar di agus nuair a chonnaic sí an
fhuil thuit an t-anam aisti — slán mar a
n-innstear é.
Tomás Ó Criomhthain.
TOMHAISEANNA.
Ghaibh Fionn maidean amach,
Bhí dealg aige 'na bhrat.
Níor húm ná hám é,
Níor iarann ná stán é,
Níor mhaide é, níor chnámh, níór chloch.
Freagra — Coinneall reóidh.
Molt mór, dubh, donn, istigh idir dhá
ghleann; nuair a bhogaim an molt mór,
dubh, donn, bogann an dá ghleann.
Freagra — Asal agus dhá chliabh air.
Sóglasáin, Tír Chonaill.
Girria' chonnac-sa!
Ca' na thaobh ná rugais air?
'Fheabhus do rithfadh sé,
'Olcas do rithfinn-si!
Hula! hula! b'éidir sin.
Hula! hula! deamhas a bhfuil de
bhréig an ansan.
(Deirtear “hula! hula!” chun gadhair a chur i
ndiaidh girrae.)
ó Mhúsgraidhe Uí Fhloinn.
Grádh mo chroidhe an t-arán coirce,
B'fhearr liom é ná cos circe,
Go gcaillidh mise radharc mo dheirce
Sar a dteipidh orainn an coirce.
F. É. a fuair.
Céile do'n leabaidh an uaig,
Céile do'n tsuan an bás,
Céile do'n oidhche ifreann fuar,
Is tuig, a dhuine, gur cruaidh do chás.
COLÁISDE
NA MUMHAN
I mBÉAL ÁTHA
'N GHAORTHAIGH
Beidh an Coláisde ar
siubhal, Mar ba ghnáthach,
I MÍ IÚIL agus i
MÍ na LUGHNASA
Gheobhfar gach tuairisc i dtaobh na
Coláiste ó'n Rúnaí —
LIAM DE RÓISTE,
27 Grand Parade,
Corcaigh
AN TIGH
IS FEARR
I nÉIRINN
i gcomhair na neithe seo:
BUINN DEALGA,
FLEASCÁIN, &c.
OBAIR CHONDUALACH
ar an SEÓD LUACHMHAR
(liosta inaisge)
LIAM MAC AODHGÁIN
Is a Chl. Mhac
Seódoirí agus Gaibhne geala,
31 & 32 SR. PHÁDRAIG NAOMHTHA
I gCORCAIGH
CHÓMH BLASTA
LE
H-AON-ÍM!
MARGAIRÍN
“LEANDAR”
TÁ 'Á DHÉANAMH
I gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL
Ó MATHÚNA
agus a gCualacht
Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.
AN RÁBAIRE GABHAIR.
I.
Ar aonach Chill Áirne lá seal dá rabhas
'S ba mhór an mí-ádh dhom an lá cheannuigh-
eas gabhar,
Thugas chun mo mháthar é ó ráinig sí fann
'S nách í bhí lán d'áthas is í ag ól a chuid
leamhain.
II.
Chuireas é sa' ghairdín 's bhí páil air dhá
fheabhas
'S an deabhas plannda cabáiste d'fhág sé
'gam ann
Ní h-é sin is mó chráidh mé ach mé a chátha'
as mo mheabhair
'S dá leogfainn as mo láimh é bheadh sé
sáidhte sa' gheamhar.
III.
Do labhair an gabhar annsan, dhá chosaint féin agus
ars' eisean:
“Fiú amháin criochán práta ní raibh róm
agat ann
Ná sceach i mbéal beárnan go mbeadh bláth
ar a ceann
Chuiris lainncis chruaidh, chnáibe fé mo dhá
chois go lom
'S dá bhféachainn i ndruim beárnan bhíos
geárrtha sa' drom.”
IV.
Ars' an file, dhá fhreagairt:
“Ní mar sin atá'n tú ach id' stráil fhada
lom
'S fiú an chnagaire ghrána níor tháil tú
riamh ann
Ach ag imtheacht ag pileárduíocht ar árd-
mhulláibh chrann
Ag cur na gcómharsan agus mo mháthair gach
lá ar mhulláibh ceann.”
V.
Tháinig fear des na cómharsain ag fógairt an
ghabhair chun an fhile, tamall 'n-a dhiaidh sin. Bhí an
gabhair t'réis scrios-maidne a dhéanamh air. Seo mar
adubhairt sé:
“Faig lainncis maith láidir de'n chnáib a
bheidh reamhar
Agus ceangail a dhá chois go daingean dá
cheann
Scaoil síos an diabhach grána le fánaidh
san abhainn
'S sin a iarrfad ort mar shásamh go brách
as mo gheamhar.”
VI.
Níor thaithn seo mar dhroch-chrích i n-ao' chor leis an
ngabhar. Adeir sé:
“Mo chéad míle slán chun na h-áite úd S
'n-a rabhas
Mar sin cómhartha báis riamh ná tuisfí
liom ann
Ach páirt fhada fhásaig 's í fhágaint fem'
chom
Agus gort áluinn ráibeach a bheadh táth-
ghlas um Shamhain.”
Tadhg Ó Murchú,
Cuan an Chaisleáin.
SIUBHAIL! SIUBHAIL!
Fuaireamair na ceathramhna so leanas ó Tomás Ó
Criomhthain. Deir sé gur mar gheall ar fhear d'imigh
i leith a ghunna go dtí an Fhrainnc fad ó a deineadh
iad. Is beag áit ná fuil bhéarsái beaga de'n amhrán
so ameasc na ndaoine ar feadh na Gaeltachta. Tá
scéal aca i dTuamhain gur bean óg dárbh ainm Eibhlín
Nic Mhathgamhna a chúm an t-amhrán so d'fhear d'imigh
uaithe i n-éineacht leis na “Géanna Fiaine” tar éis
catha Luimnighe. D'éirigh sí éadtrom 'na ceann mar
gheall ar an gcúrsa agus bhíodh sí ag siubhal na tíre
agus an t-amhrán so 'á rádh aici. Baineann sé le
deallramh go raibh amhrán níos seanda ná so ann go
raibh an luinneóg cheudna so “Siubhail, Siubhail” mar
churfá leis mar fuarthas a leithéidí i n-Albain. Is
mó leagan de'n luinneóig atá ann: — “Siubhail go
dtí an tabhairne go n-ólam lionn is go dtagaidh tú,
'mhúirnín, slán chugham,” &rl. Is gnáth leis na sean-
daoine “slán, slán,” a rádh i ndeire thiar agus
oireann san go maith do'n cheol.
Ní mar a chéile bhíonn an fonn a ghabhann leis an
amhrán so i n-aon dá cheanntar ó Dhéisibh Mumhan go
Ros Muc is as san go Reachraí.
LUINNEÓG.
Siubhail! Siubhail! Siubhail, a ghrádh!
Siubhail go socair agus siubhail go tláth!
Siubhail cois a' doruis agus fan go lá!
Is go bhfilli' tú, a mhúirnín, slán, slán!
I.
AN t-AMHRÁN.
Is truagh gan mise 's mo mhúirnín bán,
I gCúige Chonnacht nó i gConndae 'n Chláir,
Ní bheadh buairt am' ithe-si féin mar atá,
Is go dtigidh mo mhúirnín slán, slán!
Siubhail, siubhail, &rl.
II.
Sgarfad-sa féin lém' thúirnín snáth,
Is raghad ar an aonach á dhíol gan spás,
Chun airgid póca dom' mhíle grádh
Is go dtigidh mo mhúirnín slán, slán.
Siubhail, siubhail, &rl.
III.
Is dubhach san dom do thurus, a stóir,
Faid a bheir-se amu' beidh do thigh gan lón,
Tá an fharraige dhubh ar buile rómhat,
Is go dtigidh mo mhúirnín slán, slán.
Siubhail! Siubhail! Siubhail, a rúin,
Siubhail go socair agus siubhail go ciúin!
Siubhail go dtí an doras agus éaluigh liúm!
Is go bhfilli 'tú, a mhúirnín, slán chugham!
SNASÁIN “SCIENCE”
“GILE NA GILE”
SNASÁIN agus SMEARA
Do'n BHRÓÍG Do'n ÚRLÁR Do'n TROSCÁN
SNASÁIN GAN LOCHT
NÁ GLAC ACH “SCIENCE”
PUNCH IS A CHUAL. I gCORCAIGH a dheineann
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11