Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aithris ar Chríost

Title
Aithris ar Chríost
Author(s)
Tomás À Cempis,
Translator
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair
Composition Date
1914
Publisher
Muintir na Leabhar Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AITHRIS AR CHRÍOST



AN CHÉAD LEABHAR



CAIBIDIOL A H-AON.



LEAN CRÍOST AGUS TABHAIR DRUIM LÁMHA
LE BAOIS AN TSAOGHAIL.



1. An t-é a leanann Mise ní shiúbhlann sé sa doircheacht,
adeir an Tighearna. Bréithre Chríost iad san. Cuirid
siad i n-úil dúinn, má's maith linn bheith gan doircheacht
ná daille intinne, nách foláir dúinn, i n-ár mbeatha
agus i n-ár mbéasaibh, aithris a dhéanamh ar Chríost
féin.



Bímís, d'á bhrígh sin, ag síor-mhachtnamh ar bheatha
Íosa Críost.



2. Tá buadh ag an dteagasg a thugann Críost uaidh
ar theagasg na naomh go léir, agus an t-é go mbéadh
an intinn cheart aige gheóbhadh sé biadh spioradálta sa
teagasg san.



Ach ráinígheann d'á lán daoine bheith ag éisteacht go
minic leis an Soisgéal agus ná cuirid siad puinn
suime ann, toisg gan intinn Chríost a bheith acu.



Ach an t-é gur mian leis bréithre Chríost do thuisgint
i gceart, agus le sochar, ní foláir dó a dhícheall a
dhéanamh chun a bheatha ar fad do chur ar aon dul le
beatha Chríost.


L. 2


3. Cad é an tairbhe dhuit bheith ábalta ar labhairt go
léigheanta ar an dTríonóid, má's duine gan úmhluigh-
eacht tú agus go gcuireann tú fearg ar an dTríonóid?



Is deimhin nách briathra doimhne a dheineann naomh
ná fíoraon de dhuine; ach gur beatha mhaith a tharraing-
eann grádh Dé ar dhuine.



B'fhearr liom an aithrighe bheith am' chroídhe 'ná mé
bheith ábalta ar a dh'innsint cad é an nídh aithrighe.



Dá mbéadh an Bíobla go léir de ghlan mheabhair
agat, agus ráidhte na n-ollamh go léir, cad é an tairbhe
dhuit é gan grádh Dé agus grásta Dé a bheith agat?



Baois gach baoise agus baois ar fad iseadh gach nídh
ach amháin grádh thabhairt do Dhia agus a thoil do dhéanamh.



Sidí an chiall is aoirde, neamhshuim do chur sa tsaoghal
so agus rígheacht na bhflathas do shaothrú.



4. Baois, d'á bhrígh sin, iseadh dúil a chur i saidh-
bhreas agus bheith ag brath air, mar raghaidh sé ar neamhnídh.



Baois iseadh dúil a chur i n-onóir, agus bheith ag ruith
i ndiaigh na h-uaisleachta.



Baois iseadh toil a thabhairt do dhrúis, dúil a chur
sa rud a chuirfidh pianta ifrinn ort ar ball.



Baois iseadh dúil a chur i saoghal fada dh'fhagháil,
agus gan dúil a chur i saoghal fóghanta chaitheamh.



Baois iseadh féachaint chun na beatha so ar fad, agus
gan cuimhneamh i n-aon chor ar an mbeatha atá rómhainn.



Baois iseadh mian ár gcroídhe do chur ins na neithibh
atá ag imtheacht uainn ar cos-anáirde, agus gan
brostú chun na h-áite 'n-a mbeidh aoibhneas síoruidhe
againn, agus go bhfanfaidh sé againn.



5. Cuimhnigh go minic ar an sean-fhocal úd: Ní
bhíonn an tsúil sásta le n-a bhfeiceann sí, ná an chluas
le n-a n-airigheann sí. Breithnigh, d'á bhrígh sin,
ar conus a chimeádfair do chroídhe ó ghrádh dos na


L. 3


neithibh a chítear, agus ar conus a dh'iompóchair ar
na neithibh ná feictear. Óir, an mhuintir a leanann
sásamh a ndroch mhian sailighid siad a gcoinsias, agus
caillid siad grásta Dé.



CAIBIDIOL A DÓ.



ÚMHLUIGHEACHT AIGNE.



1. Is é nádúr an duine dúil a bheith aige i n-eolus; ach
cad é an tairbhe eolus gan eagla Dé?



An duine bocht tuatha a dheineann réir Dé, is fearr
go mór atá an sgéal aige 'ná ag ollamh an uabhair a
thugann faillighe ann féin agus é ag faire ar ghluais-
eacht na spéartha.



An t-é a chuireann aithne cheart air féin, tuigeann
sé a shuaraighe féin, agus ní chuireann moladh ó dhaoine
aon áthas air.



Dá mbéadh eolus agam ar a bhfuil de neithibh sa
domhan agus gan mé bheith ar staid na ngrást, cad
é an tairbhe dhéanfadh sé dhom i láthair Dé, a thabharfaidh
breith orm do réir mo ghníomhartha?



2. Cuir uait an dúil mhór san i n-eolus. Tá mórán
fill agus mórán dul amú aigne sa dúil sin.



Is maith le lucht eoluis go mbeifí ag féachaimt
suas chúcha agus ag moladh a n-eagna.



Tá mórán rudaí ná deineann eolus ortha aon tairbhe
do'n anam.



Agus tá an duine sin go mór gan chiall a thugann
aire d'aon neithibh eile ach dos na neithibh a dheineann
tairbhe anama dhó.


L. 4


Ní thugann mórán focal sásamh méinne; ach cuireann
beatha mhaith suaimhneas ar an aigne; agus tugann an
coinsias glan mainighin mhór do dhuine as Dia.



3. D'á mhéid é t'eolus agus d'á fheabhas, iseadh is
déine an bhreith a tabharfar ort mura mbeidh do bheatha
naomhtha do réir t'eoluis.



Ná bíodh mór-is-fiú ort, d'á bhrígh sin, mar gheall ar
chéird ná ar ealadhain, ach bíodh eagla ort mar gheall
ar an eolus atá fághalta agat.



Má thuigeann tú ad' aigne go bhfuil a lán neithe ar
eolus agat agus go dtuigeann tú iad maith go leór,
bíodh 'fhios agat, leis, go bhfuil a lán eile neithe agus
ná fuil aon eolus agat ortha.



Ná bí uaibhreach mar gheall ar t'eolus, ach admhuigh
t'aineolus. Cad chuige go gcurfá-sa thú féin roimh
aoinne, agus go bhfuil mórán daoine níos léigheanta
'ná thú agus níos oilte ar an ndlíghe 'ná thú?



Má's maith leat rud éigin tairbheach a dh'fhoghluim
agus a bheith ar eolus agat, ná h-iarr go gcurfí aithne
ort 'ná go gcurfí suim ionat.



4. Sidí an fhoghluim is aoirde agus is tairbhíghe,
fíor-aithne ar dhuine féin agus uirísleacht.



Eagna mhór agus fíoraontacht iseadh gan aon
mhaoidheamh a dhéanamh asainn féin, agus meas mór
maith a bheith againn ar an bhfear thall i gcómhnuidhe.



Bíodh go bhfeicfeá peaca ag duine eile 'á dhéanamh
os cómhair do shúl, nó coir throm éigin, níor cheart
duit a mheas gur fearr tú féin 'ná é, mar ní fheadaraís
cad é an fhaid a bheifeá féin ar dheagh-staid.



Táimíd go léir lag; ach tuig-se ná fuil aoinne níos
laige 'ná thú féin.


L. 5


CAIBIDIOL A TRÍ.



TEAGASG Ó'N BHFÍRINNE.



1. Is séanmhar an t-é a gheibheann teagasg ó'n
bhfírinne féin, an t-é ná faigheann an teagasg tré
sholuídíbh agus tré ghuthanaibh a d'imthigheann, ach ó'n
bhfírinne mar atá sí.



Cuireann ár dtuairim féin agus ár gciall féin amú
sinn go minic, agus ní puinn a chíd siad.



Cad é an tairbhe mórán aighnis i dtaobh neithe doimhne
dorcha ná beidh orainn freagairt ionta lá an bhreith-
eamhantais, pé 'cu bheidh eólus againn ortha nó ná
beidh?



Is leamh an gnó dhúinn faillighe a thabhairt ins na
neithibh atá tairbheach, riachtanach, agus cúram a
dhéanamh de neithibh baoithe, díobhálacha. Tá súile
againn agus ní fheicimíd.



2. Agus cad é sin dúinne cad a bhaineann le téar-
maibh suadh?



An t-é go labhrann an Briathar Síoruidhe leis, tá
sé saor ó n-a lán tuairimí.



Ó'n aon Bhriathar atá gach uile nídh, agus labhraid
siad go léir an t-Aon san, agus is é sin an Tosach a
labhrann linne.



Gan É ní tuigtear ná ní breithnightear i gceart.



An t-é gur b' aon nídh amháin leis gach nídh, agus
do tharraingeann gach nídh chun aon nídh amháin, agus a
chíonn gach nídh i n-aon nídh amháin, ní'l bac air bheith
seasamhach 'n-a chroídhe agus bheith ar a shuaimhneas i
lathair Dé.


L. 6


Ó, a Dhia na fírinne, aontuigh mé leat féin i ngrádh
shíoruidhe!



Bím go minic tuirseach ó bheith ag léigheadh a lán
neithe agus ag éisteacht le n-a lán neithe, agus gur
b'ionat-sa atá mo dhúil agus mo mhian go léir.



Éisteadh gach lucht teagaisg; bíodh gach nídh cruth-
uighthe ciúin ad' láthair, agus labhair-se féin liom at'
aonar.



3. D'á aontuightheacht a bheidh duine ann féin agus
d'á shimplidheacht a bheidh sé i n' aigne, iseadh is mó agus
is aoirde na neithe a thuigfidh sé gan duadh, mar tagann
solus tuisgiona chuige ó'n áit thuas.



An t-é go mbíonn an aigne ghlan, shimplidhe, shocair
aige, ní suaithtear é nuair a thagann mórán oibreacha
air, mar deineann sé iad go léir i n-onóir do Dhia,
agus deineann sé dícheall ar gan aon chreideamhaint a
lorg dó féin d'á mbárr.



Cá bhfuil an t-é a dheineann cosg ná ceataighe dhuit
níos mó 'ná mar a dheinid na mianta gan smacht atá
istigh at' chroídhe féin?



Socaruigheann an Críostaidhe fíoraonta, istigh i n'
aigne, i láthair Dé ar dtúis, na h-oibreacha atá aige
le déanamh os cómhair daoine.



Ansan, i n-inead iad-san 'ghá tharrang-san chun
ainmhianta baoise, lúbfaidh seisean iad-san chun deagh-
bhreitheamhantais.



Cá bhfuil an t-é is géire a chaitheann troid 'ná an
t-é atá a d'iarraidh smacht do chur air féin?



Agus siné an gnó ba cheart a bheith againne 'á
dhéanamh, ag buachtaint orainn féin agus ag fagháil
lámh-uachtair orainn féin i n-aghaidh an lae, agus ag
cur breise ar ár bhfeabhas.



4. Ní'l feabhas ionainn ar an saoghal so gan olcas


L. 7


éigin ag gabháil leis, agus ní'l breithniú dá ndeinimíd
gan dul amú éigin ag gabháil leis.



Cuir aithne go h-úmhal ort féin. Is cruinne de
shlíghe chun Dé dhuit é 'ná bheith ag breithniú go doimhinn
ar ealadhantaibh.



Ní cóir locht fhagháil ar léigheann, ná ar aon eolus
réidh atá tairbheach ann féin agus órdnuighthe ó Dhia,
ach is ceart i gcómhnuidhe tosach a thabhairt do'n choin-
sias ghlan agus do'n bheatha fhíoraonta.



Ach tá daoine ann agus is mó acu eolus do
chruinniú 'ná beatha mhaith do chaitheamh. D'á bhrígh sin
bíd siad ag dul amú go minic agus is beag má bhíonn
aon tsochar ó n-a saothar.



5. Ó, dá ndeintí oiread díchill ar na dobhailcíbh a
dhíbirt agus ar na sobhailcíbh do shaothrú, agus a dein-
tear ar cheisteanaibh do chur, ní bhéadh oiread uilc ná
oiread droch shampla ameasg daoine agus 'tá, agus
bhéadh smacht níos fearr i mainistiríbh.



Go deimhin, nuair a thiocfaidh lá an bhreitheamhantais
ní fiafróchthar dínn cad a léigheamair, ach fiafróchthar
dínn cad a dheineamair. Agus ní fiafróchthar dínn ar
labhramair go maith, ach fiafróchthar dínn ar chaitheamair
ár mbeatha go diadha.



Innis an méid seo dhom. Na maighistirí móra agus
na h-uaisle léighinn úd go léir go raibh aithne mhaith
agat ortha an fhaid a bhíodar beó, agus gur mhór a gcáil
i bhfoghluim, cá bhfuil siad anois?



Tá daoine eile 'n-a n-inead anois, ag fagháil an
airgid a bhí acu d'á fhagháil, agus ní fheadar an gcuimh-
nighid siad i n-aon chor ortha. An fhaid a bhíodar beó
bhí meas éigin ortha, ach ní thráchtann aoinne anois
ortha.



6. Ó! Nách tapaidh a dh'imthigheann glóire an tsaoghail


L. 8


seo! Is truagh ná raibh a mbeatha do réir a n-eoluis.
Dá mbéadh, ní h-i n-aistear a bhéadh an léigheann ná
an fhoghluim.



Cad é a bhfuil de dhaoine d'á gcailleamhaint tré
eolus bhaoth an tsaoghail, agus gan puínn suime acu i
seirbhís Dé!



Agus, ó's túisge leó bheith mór, dar leó, 'ná bheith
úmhal, cuireanm a mbaothaireacht féin ar neamhnídh iad.



Is é an duine mór i gceart an t-é go bhfuil grádh
mór do Dhia aige.



Duine mór i gceart iseadh an t-é atá suarach dar
leis féin, agus ná cuireann suim san onóir is aoirde.



Duine ciallmhar i gceart iseadh an t-é a mheasann
ná fuil ach salachar i neithibh an tsaoghail seo go léir
seachas Críost a dh'fhagháil.



Duine fíor-léigheanta iseadh an t-é a dheineann
toil Dé agus do shéanann a thoil féin.



CAIBIDIOL A CEATHAIR.



FÉACHAINT RÓMHAINN.



1. Ní ceart géilleadh do gach focal ná do gach
bagairt; ach an rud do mheádh go h-aireach agus go
fadaradhnach do réir Dé.



Monuar! is minic gur túisge linn an t-olc a
chreideamhaint i dtaobh duine eile, agus do rádh 'n-a
thaobh, 'ná an mhaith, táimíd chómh lag san.



Ach ní ghéillid daoine fíoraonta do gach sgéal, mar
tuigid siad laige an duine, a thugthacht chun an uilc,
agus chun díobhála dhéanamh le caint.


L. 9


2. Is mór an chiall gan bheith obann i ngníomh, ná ró
cheanndána ag seasamh ár mbreitheamhantais féin.



Agus is mór an chiall, leis, gan caint gach aoinne
do chreideamhaint, agus gan an rud a chloisimíd, nó
a chreidimíd, do sgaoileadh láithreach isteach i gcluais
duine eile.



Glac cómhairle ó fhear chiallmhar choinsiasach, agus bí
níos tugtha chun eoluis fhagháil ó dhuine is fearr 'ná
thu, 'ná chun do rian féin a leanmhaint.



Deineann beatha mhaith duine eagnaidhe do réir Dé,
agus oilte ar a lán neithe.



D'á uirísle a bheidh duine ann féin, agus d'á iomláine
a chuirfidh sé a thoil le toil Dé, iseadh is eagnaighe
agus is suaimhneasaighe a bheidh sé ins gach nídh.



CAIBIDIOL A CÚIG



LÉIGHEADH NA SGRÍBHINNE DIADHA.



1. An fhírinne is ceart do lorg sa Sgríbhinn Diadha
agus ní h-uaisleacht cainte.



Leis an intinn le n-ar deineadh an Sgríbhinn Diadha
iseadh is ceart an Sgríbhinn Diadha go léir do léigheadh.



Ní guntacht focal is ceart dúinn a lorg sa
Sgríbhinn Diadha, ach tairbhe.



Is ceart dúinn bheith chómh toiltheanach chun leabhar
simplidhe diadha do léigheadh agus bheimís dá mba
leabhair dhoimhne árda iad.



Ná cuireadh úghdarás an sgríbhneóra seirbhthean ort
pé beag mór an éirim litireachta atá aige; ach deineadh


L. 10


dúil sa bhfírinne thú tharrang chun an leabhair do
léigheadh.



Ná fiafraigh cé dubhairt a leithéid seo, ach éist leis
an nídh a deirtear.



Imthighid na daoine, ach fanann fírinne an Tighearna
ann do shíor. Labhrann Dia linn i mórán slighte,
gan féachaint do dhuine seachas a chéile.



Deineann ár bhfiafraightheacht féin ceataighe dhúinn
i léigheadh an Sgríbhinn Diadha nuair is áil linn sgrúdadh
agus breithniú dhéanamh ar an rud is ceart dúinn a
sgaoileadh thorainn.



Má's maith leat tairbhe bhaint as an Sgríbhinn Diadha
léigh é go h-úmhal agus go simplidhe agus go dílis,
agus ná h-iar choídhche ainim léighinn a bheith ort.



Fiafraigh go fonnamhar i dtaobh bréithre na Naomh
agus éist leó go ciúin; agus ná cuireadh soluídí na
sean aon tseirbhthean ort, mar ní gan fáth a labharthar
iad.



CAIBIDIOL A SÉ.



DÚIL AINSHRIANTA.



1. Aon uair a chuireann an duine dúil ainshrianta
i rud tagann buaireamh air láithreach.



Ní bhíonn suaimhneas choídhche ar fhear an uabhair, ná
ar fhear na sainte. An t-é atá úmhal agus an t-é atá
gan dúil i saidhbhreas tá mórán suaimhnis aigne acu.



An duine ná fuil básuighthe go h-iomlán fós, i
n'aigne féin, curtar cath air go luath agus buaidhtear
air i neithibh beaga suaracha.



An t-é atá lag 'n-a chráibhtheacht agus claon, fós,
dos na neithibh a thaithneann leis an gcolainn, is ana


L. 11


dheacair dó é féin do tharrang ar fad ó mhianaibh an
tsaoghail seo.



Agus d'á bhrígh sin bíonn gruaim air go minic nuair
a tharraingeann sé é féin uatha; agus is fuiriste
fearg a chur air má bhíonn aoinne ag cur 'n-a choinnibh.



2. Ach má shásuigheann sé a mhian beidh a choinsias 'á
dhaoradh láithreach go trom, toisg gur ghéill sé do'n
droch mhian nár thug dó i n-aon chor an sásamh a bhí
uaidh.



D'á bhrígh sin is le cur i gcoinnibh ár ndroch mhian atá
suaimhneas aigne dáiríribh le fagháil againn, agus ní
le géilleadh dhóibh.



Agus ní h-i gcroídhe an duine cholnaidhe atá an
suaimhneas le fagháil, ná i gcroídhe an duine go bhfuil
a mhian ins na neithibh atá lasmuich dhé, ach sa chroídhe
go bhfuil a mhian i neithibh spioradálta.



CAIBIDIOL A SEACHT.



SEACHAIN AN MHAINIGHIN BHAOTH AGUS AN
T-UABHAR.



1. Is baoth an t-é a chuireann a mhainighin as daoine,
ná as aon rud cruthuighthe.



Ná bíodh ceann-fé ort i dtaobh seirbhíse dhéanamh
do'n fhear thall, tré ghrádh d' Íosa Críost, ná i dtaobh
bheith at' dhuine bhocht i radharc an tsaoghail seo.



Ná bíodh do sheasamh ort féin, ach bíodh do mhainighin
go seasamhach a' Dia.



Dein do dhícheall féin agus cabhróchaidh Dia leat.



Ná bíodh do mhainighin as t'eolus féin ná a' gastacht


L. 12


aon duine beó, ach amháin a' grásta Dé; mar is é Dia
do chabhruigheann le lucht na h-úmhluigheachta agus
do leagann ar lár lucht an uabhair.



2. Ná dein maoidheamh a' saidhbhreas má tá saidhbhreas
agat; ná as do cháirdibh má táid siad cómhachtach; ach
bíodh do mhaoidheamh as Dia, ó 's É a thugann dúinn gach
aon rud, agus gur mian leis É féin a thabhairt dúinn
thar gach aon rud.



Ná bí maoidhteach má's fear mór tú, nó fear breagh,
agus go bhféadfadh taom breóiteachta an mhéid agus
an bhreághthacht do lot.



Ná glac sásamh mar gheall ar t'éirim aigne, ná ar do
ghéarchúis, le h-eagla go gcurfá mí-shásamh ar Dhia,
agus gur b'é Dia a thug duit pé deaghthréithe atá ionat.



3. Ná meas gur fearr tú 'ná daoine eile, le h-eagla
go mb' fhéidir go bhfeicfeadh Dia gur measa thú
'ná iad; mar chíonn Dia cad 'tá istigh sa duine.



Ná glac mór-is-fiú mar gheall ar do dheagh-
oibreachaibh, óir ní mar a bhreithnighid daoine a bhreith-
nigheann Dia, agus an rud a thaithneann le daoine is
minic ná taithneann sé le Dia.



Má tá aon nídh fóghanta ionat, creid go bhfuil nídh
is fearr 'ná é i ndaoinibh eile, i dtreó go gcimeád-
fair thú féin úmhal.



Má mheasann tú gur fearr gach aoinme 'ná thú féin,
ní dhéanfaidh sé blúire díobhála dhuit; ach má mheasann
tú gur fearr tú féin 'ná oiread agus aoinne amháin,
déanfaidh san díobháil mhór duit.



Bíonn suaimhneas i gcómhnuidhe ag an t-é atá úmhal,
ach sa chroídhe 'n-a bhfuil an t-uabhar ní bhíonn ach formad
agus fearg go minic.


L. 13


CAIBIDIOL A h-OCHT.



SEACHAIN IOMAD MUINTEARTHAIS.



1. Ná nocht t'aigne do gach aoinne, ach innis do chás
do dhuine atá ciallmhar agus go bhfuil eagla Dé air.



Ná bí puinn i gcómhluadar le daoinibh óga ná le
daoine iasachta.



Ná bí ag plámás le daoine saidhbhre, agus ná bíodh
dúil agat bheith i bhfochair daoine móra.



Dein cómhluadar le daoine atá úmhal, simplidhe,
diadha, deagh-bhéasach, agus dein na neithe a théigheann chun
fíoraontachta.



Ná bí mór le h-aon mhnaoi, ach iarr ar Dhia mná fógh-
anta an domhain a chur ar a leas.



Ná h-iarr bheith muinteartha le h-aoinne ach le Dia
agus le h-aingealaibh Dé, agus cimeád tú féin ó aith-
eantas daoine.



Tá orainn carthanacht a thabhairt do chách uile, ach ní
rud fóghanta iomad muintearthais.



Ráinígheann uaireanta go mbíonn duine taith-
neamhach, mar gheall ar a dheagh-chlú, nuair ná bíonn
aithne air, agus ansan, nuair a thagann sé i radharc
daoine, ná taithneann sé le h-aoinne.



Measaimíd uaireanta go gcuirimíd áthas ar dhaoine
le bheith 'n-a bhfochair, agus is amhlaidh, i n'inead san,
a bhímíd ag cur seirbhthin ortha nuair a thugaid siad fé
ndeara ár mí-bhéasa.


L. 14


CAIBIDIOL A NAOI.



BHEITH ÚMHAL AGUS FÉ SMACHT.



1. Nídh ana mhór iseadh bheith fé smacht; maireachtaint
fé láimh uachtaráin, agus gan duine bheith ar a thoil
féin.



Is neamhchontabharthaighe go mór do dhuine bheith fé
smacht 'ná daoine bheith fé smacht aige.



A lán des na daoine atá fé smacht, ní le grádh do
Dhia is mó atáid siad amhlaidh, ach tré éigean. Bíonn
a leithéidí i bpéin, agus ag gearán gan puínn cúise.
Agus ní thiocfaidh saoirse aigne chúcha go n-úmhluighid
siad iad féin ó chroídhe go h-iomlán ar son Dé.



Ruith anso agus ruith ansúd; ní'l suaimhneas le
fagháil agat ach i n-úmhluigheacht dhílis fé smacht uacht-
aráin. Tá mórán meallta ó bheith ag machtnamh ar
áiteanaibh seachas a chéile agus ag aistiriú.



2. Is fíor gur mian le gach duine beart a dhéanamh
do réir a mheóin féin agus dridim leis na daoine atá ar
aon aigne leis.



Ach má tá Dia i n-ár bhfochair ní mór dhúinn, anois
a's airís, ár meón féin do sgaoileadh uainn ar son
tairbhe na síothchána.



Cé 'tá chómh h-eolgaiseach san gur féidir dó gach aon
rud a bheith ar eolus go h-iomlán aige?



D'á bhrígh sin ná bíodh iomad iontaoibhe agat as do
mheón féin; ach bí ollamh le fonn chun éisteacht le meón
daoine eile.



Má's maith é do mheón-sa, agus má dheineann tú an
meón san do sgaoileadh uait ar son Dé, agus meón


L. 15


duine eile do leanmhaint, beidh tairbhe mór agat as
san.



3. Óir d'airigheas go minic gur neamhchontabhar-
thaighe éisteacht le cómhairle agus í ghlacadh 'ná cómh-
airle thabhairt.



Do thuitfeadh amach, leis, go mb'fhéidir go mbéadh
ceart ar gach taobh; ach cómhartha uabhair agus stailce
iseadh gan géilleadh do dhuine eile nuair ba cheart
géilleadh dhó.



CAIBIDIOL A DEICH.



SEACHAIN IOMAD CAINTE.



1. Seachain collóid daoine; óir is díobhálach an rud
bheith ag gabháil do ghnóthaíbh saoghalta, bíodh gur le
h-intinn mhacánta a déanfaí é.



Óir is fuiriste sinn a thruailliú le baois, agus
greim a bhreith orainn.



Is minic a bhíos i gcuideachtain agus gur bh'fhearr
liom ná beinn, agus ag caint agus gur bh'fhearr liom
go n-éistfinn.



Cad 'n-a thaobh dúinn bheith chómh tugtha chun labhartha
agus chun cainte le n-a chéile, agus gur b'anamh a
thagaimíd uaidh gan aithreachas?



Tá an dúil sin sa chaint againn mar bímíd a d'iarraidh
sóláis fhagháil ó n-a chéile sa chómhrádh. Bíonm fiche rud
ag déanamh buartha dhúinn agus is maith linn ár n-aigne
dh'osgailt.



Is maith linn bheith ag cuimhneamh agus ag trácht ar
na neithibh a thaithneann go mór linn, agus ar na


L. 16


neithibh a bhíonn, dar linn, ag gabháil i n-ár gcoinnibh
go mór.



2. Ach foraoir! is minic gur baoth an gnó dhúinn
sin, agus gur folamh. Mar ní ró bheag an lot a dhein-
eann an sólás daona san, atá lasmuich dhínn, ar shólás
Dé laistigh ionainn.



D'á bhrígh sin ní mór dhuínn bheith ag guidhe chun Dé
agus ag faire, sar a n-imtheóch' an aimsir uainn gan
tairbhe.



Má's maith leat labhairt, agus nach misde é, labhair
chun fíoraontachta.



Droch thaithighe, agus neamhshuim i leas ár n-anama,
iseadh fé ndeara dhúinn gan cosg a chur le n-ár mbéal.



Sa n-am gcéadna deineann cómhrádh diadha, ar
neithibh diadha, tairbhe anama, agus ní tairbhe beag é,
go mór mór do dhaoine atá ar aon mheón agus ar aon
aigne le chéile i láthair Dé.



CAIBIDIOL A h-AONDÉAG.



BREIS SÍOTHCHÁNA AGUS BREIS DUTHRACHTA.



1. Do thiocfadh linn mórán síothchána bheith againn dá
mb'áil linn cimeád ó chainteanaibh agus ó ghnóthaíbh
daoine eile, agus ó neithibh ná baineann linn.



Conus is féidir síothcháin a bheith aon fhaid aimsire ag
duine a bhíonn sáidhte i ngnó agus i gcúram daoine
eile? ag duine a bhíonn coitchianta ag tabhairt aire
do neithibh atá lasmuich dhé, agus ná cruinnigheann a
chiall ach go h-olc agus go h-anamh chun féachaint isteach
i n'aigne féin?


L. 17


Is aoibhinn do lucht an chroídhe shingil é, mar beidh
mór-chuid síothchána acu.



2. Cad 'n-a thaobh go raibh cuid des na naoimh chómh
fíoraonta agus chómh maith chun machtnaimh?



Mar do bhreithnigheadar go dlúth ar conus iad féin
do chimeád ó gach mian saoghalta, ansan d'fhéadadar
gach féith 'n-a gcroídhe a thabhairt do Dhia agus iad
féin do chimeád gan cheangal.



Tá greim ró dhaingean ag ár n-ainmhiantaibh orainne,
agus deinid neithean tsaoghail seo iomad buartha dhúinn.



Is anamh a bhuaidhmíd i gceart ar oiread agus aon
ainmhian amháin, agus ní dheinimíd dul ar aghaidh i
n-aghaidh an lae i bhfíoraontacht. Fágann san neamh-
shuimeamhail, patfhuar sinn.



3. Dá mbéadh ár ngrádh dhúinn féin marbh i gceart
ionainn agus gan greim ar chroídhe orainn ag aon
nídh saoghalta, ansan iseadh dh'fhéadfaimís neithe diadha
do thuisgint agus taithighe éigin a dhéanamh de mhacht-
namh dhiadha.



Is é an cosg go léir agus an cosg is mó orainn,
ná fuilimíd saor ó dhroch mhiantaibh agus ó dhroch dhúil,
agus ná deinimíd aon iarracht ar dhul ar bhóthar fhíor-
aonta na naomh.



Ansan, nuair a ghabhann aon rud beag i n-ár gcoinn-
ibh, tuiteann an lug ar an lag againn láithreach, agus
siúd ag lorg sóláis saoghalta sinn.



6. Dá seasuighmís an cath mar a dhéanfadh fir chródha,
ní baoghal ná go bhfeicfimís cabhair Dé ag teacht
chúghainn ó neamh.



Mar tá Dia ollamh ar chabhrú leis an muintir atá
ag troid agus go bhfuil a mainighin acu as a ghrásta,
ó is É féin a chuirfeadh an ócáid chun troda i n-ár
dtreó ionus go mbuadhfaimís.


L. 18


Mura ndeinimíd ach na gnóthaí seo a chítear, chun ár
bhfíoraontachta do chur ar aghaidh, ní fada go mbeimíd
gan fíoraontacht.



Ach leigimís faobhar na tuagha ar an bpréimh. Gearr-
aimís ár ndroch mhianta ó'n bpréimh, agus ansan beidh
aigne shuaimhneasach againn.



5. Dá ndeinimís aon droch mhian amháin do chur ar
neamhnídh gach aon bhliadhain, níor bh'fhada go mbeimís
gan locht.



Ach anois is é a mhalairt sin a bhíonn againn go
minic. Is minic gur mó an bheannuightheacht a bhí ionainn
an chéad lá a dh'iompuigheamair ar Dhia 'ná mar a
gheibhmíd ionainn féin tar éis mórán bliadhanta,
b'fhéidir, a bheith caithte againn i ngairm cráibh-
theachta.



Ag dul i méid i n-aghaidh an lae ba cheart do'n
bheannuightheacht a bheith, ach anois, is gníomh mór é,
dar linn, má dheineann duine beagán d'á chéad bhean-
nuightheacht do chimeád.



Dá mb'áil linn bheith beagáinín dian orainn féin
i dtusach na h-oibre, do thiocfadh gach aon rud saor-
áideach go leór chúghainn 'n-a dhiaigh san, agus bhéadh
áthas orainn.



Is deacair seana-bhéas do chur uainn. Is deacra
'ná san gabháil i gcoinnibh ár dtoile féin.



Ach mura mbeirir buadh ar neithibh suaracha, cathain
a bhéarfair buadh ar neithibh móra?



Cuir i gcoinnibh do thoile féin ó thosach. Buaidh ar
dhroch bhéas le béas fóghanta. Dein mar sin nó beidh
an sgéal ag dul i ndeacracht ort i ndiaigh ar
ndiaigh.



Ó, dá dtuigfeá at' aigne cad é an suaimhneas a
churfá i n-áirighthe dhuit féin agus cad é an t-áthas a


L. 19


churfá ar dhaoine eile le d' dheagh-iomchar, ní mheasaim ná
go mbéadh dúil níos mó agat dul ar aghaidh sa bhfíor-
aontacht.



CAIBIDIOL A DÓDHÉAG.



TAIRBHE AN MÍ-SHÉIN.



1. Rud tairbheach dúinn iseadh trioblóidí a theacht
orainn uaireanta, agus neithe bheith ag gabháil i n-ár
gcoinnibh. Cuirid neithe de'n tsórd san fhiachaint
ar dhuine cuimhneamh air féin agus a thuisgint gur i
ndúthaigh iasachta atá sé ar an saoghal so, agus nách
ceart dó aon mhainighin a bheith aige as aon nídh saogh-
alta.



Rud tairbheach dúinn iseadh daoine bheith ag labhairt
i n-ár gcoinnibh agus ag fagháil mórán locht orainn,
bíodh go ndeinimíd an mhaith, do réir ár n-intinne.
Deineann rud de'n tsórd san tairbhe dhúinn go minic
mar cimeádann sé úmhal sinn agus cimeádann sé ó
bhaois sinn.



Mar, nuair ná faighmíd ó dhaoine, lasmuich, ach cáin-
eadh agus tromaidheacht, loirgimíd teistiméireacht ó
Dhia laistigh.



2. Ba cheart do'n duine, d'á bhrígh sin, bheith chómh
greamuighthe sin ar Dhia nách gádh dhó puinn sóláis a
dh'iarraidh ar dhaoine.



Nuair a thagann buaireamh ar an nduine fíoraonta,
nó cath ó'n áirseóir, nó droch smuínte, ansan iseadh
thuigeann sé cad é an gádh atá aige le Dia, agus nách
féidir dó aon nídh fóghanta dhéanamh gan Dia bheith
aige.


L. 20


Bíonn sé go brónach an uair sin, ag glaodhach agus
ag guidhe, mar gheall ar na pianta aigne a bhíonn air.



Ansan iseadh bhíonn seirbhthean air mar gheall ar
bheith beó, agus ba mhaith leis go dtiocfadh an bás air,
agus go sgarfadh anam le colainn aige, agus go
mbéadh sé i bhfochair Chríost.



Ansan, leis, iseadh thuigeann sé i gceart nách féidir
do'n duine socaracht iomlán ná suaimhneas iomlán
a bheith aige ar an saoghal so.



CAIBIDIOL A TRÍ-DÉAG.



GAN GÉILLEADH DO CATHAÍBH AN DIABHAIL.



1. An fhaid a bheimíd ar an saoghal ní féidir dúinn
bheith gan buaireamh ná gan cathana ó'n áirseóir.



Uime sin atá sgríobhtha i n-Iób: Ní'l i mbeatha an
duine ar an dtalamh so ach cath.



Ba cheart do gach duine d'á bhrígh sin, na cathana atá
le teacht air féin a bheith ag déanamh buartha dhó, agus
bheith ag faire agus ag cur a ghuidhe suas chun Dé, le
h-eagla go bhfaigheadh an mac mallachtain lom air
agus go meallfadh sé é. Ní chodlann an mac mallachtain
choídhche, ach é ag gabháil timcheall ag cuardach féachaint
cé gheóbhadh sé le slogadh.



Ní'l aoinne chómh fíoraonta ná chómh naomhtha san ná
tagann cathana air uaireanta. Ní féidir dúinn bheith
saor ar fad uatha.



2. Ach tá tairbhe mór go minic, do'n duine, ins na
cathanaibh. Úmhluighid siad é, agus glanaid siad é,
agus múinid siad ciall dó, bíodh gur mór an cruadh-
tan iad, agus gur trom.


L. 21


B'éigean dos na naoimh go léir gabháil tré mórán
cathana agus tré mórán trioblóidí, agus iad a chur
díobh, le tairbhe dhóibh féin.



Agus an mhuintir nár fhéad na cathana do sheasamh,
do thuiteadar ó ghrásta Dé, agus dheineadar aimhleas
a n-anama.



Níl aon órd chómh beannuighthe ná aon áit chómh h-uaig-
neach san ná fuil cathana agus mí-shásamh aigne le
fagháil ann.



3. Ní'l aon bhreith ag an nduine, an fhaid is beó ar
an saoghal so dhó, ar bheith saor ar fad ó chathanaibh,
mar is ionainn féin atá adhbhar na gcathana, de bhrígh
gur i gcolnaidheacht a geineadh sinn.



Nuair a bhíonn cath curtha dhínn againn tagann cath
eile orainn, agus nuair a bhíonn trioblóid curtha
dhínn againn tagann trioblóid eile orainn. Beidh
rud éigin againn i gcómhnuidhe le fulang, mar gheall
ar an ndíobháil a dhein peaca an tsínsir dúinn.



Tá mórán daoine a bhíonn a d'iarraidh imtheacht ós
na cathanaibh, agus is amhlaidh a seóltar isteach níos
daingine ionta iad.



Ní thabharfaidh teitheadh, gan a thuille, an buadh dhúinn;
ach le foidhne agus le fíor-úmhluigheacht gheóbhaimíd
buadh ar ár namhaid go léir.



4. An t-é ná cuireann 'n-a gcoinnibh ach ó'n dtaobh
amuich agus d'fhágann an phréamh gan stathadh, ní dhéan-
faidh sé puinn tairbhe, ní h-eadh, ach fillfidh an cath
níos géire air, agus beidh an sgéal níosa mheasa aige.



I ndiaigh ar ndiaigh, le foidhne agus le fadaraige,
agus Dia ag cabhrú leat, iseadh is fearr a gheóbhair
buadh, agus ní le d' ghruamdhacht ná le d' mhí-shástacht
féin.



Glac cómhairle go minic i n-am an chatha; agus ná bí


L. 22


dian ar an t-é go mbeidh cath 'á chur air, ach bí cneasta
leis, fé mar ba mhaith leat a bheifí leat féin.



5. Bun-chúis na ndroch chathana go léir an aigne
ghuagach atá ionainn, agus luighead ár mainighne as
Dia.



Ar nós luinge gan stiúir a bhíonn d'á caitheamh
anonn 's anall le neart na dtonn, sin mar a thagaid
na cathana ar an nduine a bhíonn guagach agus ná bíonn
seasamhach sa rud a cheap sé dhó féin.



Trialann an teine an t-iarann, agus trialann an
cath an fíoraon.



Ní fheadramair go minic cad 'tá ar ár gcumas, ach
taisbeánann an cath cad é an saghas sinn.



6. Ní foláir faire, ámhthach, go mór mór i dtosach
an chatha. An uair sin iseadh is usa an buadh dh'fhagháil
ar an namhaid, nuair ná leigtear dó teacht thar dorus
na h-aigne isteach, ach bheith 'n-a choinnibh lasmuich de'n
tairsigh chómh luath agus a bhuaileann sé an chéad bhuille.
Uime sin adubhairt duine éigin:



"Coisg tosach an uilc. Beidh an leigheas ro dhéanach
nuair a bheidh an t-olc neartuighthe leis an ríghneas."



Mar ní thagann ar dtúis ach an smuíneamh. Ansan
tagann samhlaidheacht láidir. Ansan taithneamh. Ansan
corruighe na fola. Agus ansan toil.



Mar sin, i ndiaigh ar ndiaigh, gheibheann an namhaid
mhalluighthe seilbh go h-iomlán, toisg ná cuirtear 'n-a
choinnibh ó thosach.



Agus d'á fhaid a deintear faillighe de chur 'n-a
choinnibh iseadh is mí-mhisneamhla a bheidh an duine, i
n-aghaidh an lae, agus iseadh is treise a bheidh an namhaid.



7. Tá daoine agus i dtosach a ndeigh-bheatha iseadh
thagaid na cathana is truime ortha. Tá daoine eile
agus i ndeire na deigh-bheatha a thagaid siad ortha.


L. 23


Agus tá daoine agus bíonn an sgéal go h-olc acu i
gcaitheamh a mbeatha go léir.



Tá daoime agus ní thagann ortha ach cathana éad-
troma, le leamhnú Dé, a mheádhann, do réir a mhór-
eagna agus a mhór-chirt, nádúr an duine agus cumas
an duine, agus a riarann gach nídh roim ré chun leasa
anama na bhfíoraon.



8. D'á bhrígh sin ní ceart dúinn tuitim i n-éadóchas
nuair a thagann cath orainn. Is amhlaidh is ceart dúinn
ár nguidhe do chur suas chun Dé níos dúthrachtaighe,
sinn féin do chaitheamh suas ar Dhia ó is É do dheónfaidh
sinn a thabhairt saor a' gach guais le n-a chabhair. Mar
adeir Naomh Pól: cuirfidh Sé an cath chun cinn ar
chuma 'n-a bhféadfaimíd an cath do sheasamh.



Úmhluighmís, d'á bhrígh sin, ár gcroídhe agus ár
n-aigne fé láimh Dé i ngach cath agus i ngach trioblóid,
mar tabharfaidh Sé saor lucht na h-úmhluigheachta agus
ardóchaidh Sé iad.



9. Is iad na cathana agus na trioblóidí a thais-
beánann cad é an dul ar aghaidh atá déanta ag duine
i bhfíoraontacht. Is leó is fearr a tuilltear luacht
saothair agus is ionta is fearr a nochtthar sobhailce.



Ní mór le rádh é duine bheith diadha dúthrachtach nuair
ná bíonn aon rud ag cur air, ach má bhíonn sé foidh-
neach seasamhach i n-am cruadhtain, is maith an cómh-
artha é go bhfuil an duine sin abhfad ar aghaidh i bhfíor-
aontacht.



Tá daoine agus cosantar iad ar chathanaibh móra, agus
buaidhtear ortha go minic, i n-aghaidh an lae, i gcath-
anaibh suaracha. Úmhluigheann san iad. Múineann
san dóibh conus gan aon iontaoibh a bheith acu as a
neart féin i neithibh móra, toisg iad a bheith chómh lag i
neithibh suaracha.


L. 24


CAIBIDIOL A CEATHAIR-DÉAG.



SEACHAIN BREITHEAMANTAS OBANN.



1. Iompuigh do shúil ort féin agus ná bac do ghnó
do chómharsan a bhreithniú. Nuair a bhíonn duine ag
leagadh a bhreitheamhantais ar ghnó a chómharsan bíonn a
shaothar i n-aistear, bíonn dearmhad air go minic,
agus is fuiriste dhó peaca dhéanamh. Ach nuair a bhíonn
duine ag machtnamh agus ag breithniú air féin bíonn
toradh ar a shaothar i gcómhnuidhe.



Fé mar a thaithneann rud le n-ár gcroídhe, sin mar
a bheirimíd breith air go minic, agus teipeann fíor
bhreith orainn mar gheall ar ár mbáidh féin.



Dá mba ná béadh de dhúil againn choídhche ach Dia, ní
chuirfeadh caismirt ár ndúile féin buaireamh orainn
mar a chuireann.



2. Ach bíonn, go minic, rud éigin i bhfolach istigh
ionainn, nó ag teacht crosta orainn lasmuich, agus
tarraingeann sé i leith-taoibh sinn.



Tá a lán daoine agus is é a dtoil féin a bhíonn uatha
ins na neithibh a dheinid siad, agus ní bhíonn fhios acu
gur b'é. Bíd siad go síothach suaimhneasach socair an
fhaid a bhíonn gach aon rud ag gluaiseacht do réir a
dtoile agus a n-aigne. Ach má ghluaisid neithe ar a
mhalairt de chuma siúd tré chéile aigne ortha láithreach.



Deifrigheacht aigne agus toile fé ndear go minic
coímhsgar idir cháirdibh agus idir chómharsanaibh, idir
mhanachaibh agus idir dhaoinibh diadha.



3. Is deacair sgaramhaint le seana nós, agus i
gcoinnibh a thoile iseadh do seóltar duine bun os cionn
le n-a thuisgint féin.


L. 25


Má's mó do sheasamh ar do thuisgint agus ar do thionn-
scal féin 'ná ar an bhfíoraontacht a chuireann fhiachaint
ar dhuine bheith úmhal d' Íosa Críost, ní bhfaghaidh t'aigne
solus ó Dhia ach go mall agus go h-anamh, óir is maith le
Dia sinn a bheith úmhal dó féin go h-iomlán, agus ár
ngrádh do Dhia do bheith os cionn gach tuisgiona.



CAIBIDIOL A CÚIG-DÉAG.



OIBREACHA A DEINTEAR TRÉ GHRÁDH DO DHIA.



1. Ní ceart aon olc a dhéanamh ar son aon nídh ar
bith, ná le grádh d'aon duine. Ach is ceart, uaireanta,
chun tairbhe do dhuine bhéadh 'n-a ghátar, nídh fóghanta
dh'fhágáilt go fonnamhar, gan déanamh, nó rud éigin ab
fhearr 'ná é do dhéanamh i n'inead.



Mar nuair a deintear mar sin, ní cuirtear an
gníomh fóghanta ar neamhnidh. Is amhlaidh a deintear
gníomh níos fearr dé.



Gan grádh Dé ann ní'l aon tairbhe sa ghníomh sofheicse,
ach aon rud a deintear le grádh do Dhia, is cuma cad
é a luighead ná a shuaraigheacht, tairbhe agus toradh ar
fad iseadh é. Is mó go mór ag Dia an grádh le n-a
ndeineann duine gníomh 'ná an gníomh féin.



2. Is gníomh mór an grádh mór. Is gníomh mór
an gníomh a deintear go maith.



Deintear an gníomh go maith nuair is mó ag an t-é
a dheineann é tairbhe an phobuil 'ná a thoil féin.



Meastar go minic go mbíonn grádh do Dhia i ngníomh,
agus ní h-é a bhíonn ann ach grádh claon, mar bíonn
mian an duine féin ann, agus dúil a thoile féin, agus


L. 26


súil le tuarasdal, agus súil le tairbhe dhó féin, agus
ní ró fhuiriste iad do chimeád as.



3. An t-é go bhfuil grádh ceart, dílis, do Dhia aige,
ní fhéachann sé choídhche chun a thairbhe féin i n-aon nídh ar
bith. Ní bhíonn uaidh ach go dtabharfaí glóire do Dhia
ins gach aon nídh. Ní lúgha 'ná mar a bhíonn aon fhormad
aige le h-aoinne, mar ní bhíonn aon dúil aige i n-aon rud
a chuirfeadh áthas air féin. Ní h-áthas dó féin a bhíonn
uaidh, ach an t-aoibhneas atá le fagháil i nDia, ó 'sé
Dia is maith thar gach maitheas.



Ní thugann sé creideamhaint aon mhaitheasa d'aon
duine, ach admhuigheann sé gur ó Dhia gach maitheas, gur
b'é Dia an tobar as a dtagann gach nídh, gur b'é Dia
sólás agus suaimhneas síoruidhe na naomh.



Ó, an t-é go mbéadh 'n-a chroídhe aige an léas is
lúgha d'fhíor-ghrádh Dé, do chífeadh sé go soiléir cad é
mar ná fuil i neithibh saoghalta ar fad ach folamhas.



CAIBIDIOL A SÉ-DÉAG.



CUIR SUAS LE LOCHTAIBH DAOINE EILE.



1. Neithe nách féidir le duine a leigheas, ann féin
nó i ndaoinibh eile, is ceart dó cur suas leó go foidh-
neach go dtí go leighsidh Dia iad. Abair leat féin go
mb'fhéidir gur fearr mar sin iad, i dtreó go dtrialfaí
thú agus go ndéanfá an fhoidhne, mar gan san ní mór
an gus a bheidh i n-ár luacht saothair.



Ba cheart duit, ámhthach, i gcás de'n tsórd, bheith
coitchianta 'ghá iarraidh ar Dhia cabhrú leat i dtreó go
bhféadfá an fulang a dhéanamh le deagh-chroídhe.


L. 27


2. Nuair a bheidh labhartha agat le duine uair nó dhó
agus ná géillfidh sé dhuit, sgaoil leis; ná dein
aighneas leis. Fág an sgéal go léir fé Dhia, ionus go
ndéanfaí a thoil, agus go bhfaghadh Sé an onóir is dual
ó n-a sheirbhísigh go léir, ó's dó is eól conus an t-olc
d'iompáil chun maitheasa.



Ceap at' aigne go gcuirfir suas leis na lochtaibh
atá i ndaoinibh eile, pé saghas iad, mar bíodh 'fhios agat
go bhfuil mórán neithe ionat féin go gcaithid daoine
eile cur suas leó.



Mura féidir leat tú féin a dhéanamh chómh maith agus
ba mhaith leat é, conus is féidir duit duine eile dhéanamh
chómh maith agus ba mhaith leat é?



3. Is ana mhaith linn daoine eile do chur ar a leas,
agus fós ní fonn linn ár leas féin do dhéanamh!



Is mian linn smacht ana dhian a chur ar an bhfear
thall, agus ní maith linn féin aon smacht a dh'fhulang.



Bíonn diombádh orainn iomad saoirse bheith ag an
bhfear thall, agus ba mhaith linn go bhfaighmís féin gach
nídh a dh'iarraimíd.



Is maith linn ceangal dlighthe bheith ar dhaoine eile,
agus ní fhuilingimíd aon cheangal do chur orainn féin.



Is léir, as san, nách sa mhig chéadna a mheághaimíd ár
gcómharsa agus sinn féin.



Dá mbéadh gach aoinne gan aon locht, cad a bhéadh
againn le fulang ó dhaoinibh eile ar son Dé?



4. Ach anois, tá neithe riartha ag Dia i dtreó go
bhfoghlumóchaimíd conus ualaí a chéile d'iomchar, mar
ní'l aoinne gan locht; ní'l aoinne gan ualach air; ní'l
aoinne ábalta ar sheasamh i n'aonar; ní'l eolus a
dhóithin dó féin ag aoinne. Ní foláir dúinn ualaí a
chéile d'iomchar, sólás a thabhairt d'á chéile, cabhrú le
n-a chéile, a chéile do theagasg agus do chómhairliú.


L. 28


Nuair a bhíd neithe ag gabháil i gcoinnibh dhuine,
ámthach, iseadh chítear an fhíoraontacht atá ann.



Óir, ní duine do lagú a dheineann neithe de'n tsórd
san, ach a thaisbeáint cad é an saghas é.



CAIBIDIOL A SEACHT-DÉAG.



BEATHA AN MHANAIGH.



1. Ní foláir duit a dh'fhoghluim conus tú féin do
bhriseadh agus do bhrúghadh síos i n-a lán neithe, má's
maith leat síothcháin agus deagh-mhéinn a bheith idir thú
agus daoine eile.



Ní rud suarach i n-aon chor maireachtaint i main-
istir, nó i bpobul, agus do chómhluadar ann a bheith
gan locht, agus leanmhaint dílis ann go bás.



Is aoibhinn do'n t-é do chaithfidh beatha mhaith ann,
agus do chríochnóchaidh a bheatha go maith ann.



Má's maith leat seasamh go maith agus dul ar aghaidh
go maith, tuig at' aigne ná fuil ionat ach díbearthach
i ndúthaigh iasachta, ar an saoghal so.



Má's maith leat beatha dhiadha do chaitheamh, ní foláir
duit bheith at' amadán ar son Chríost.



2. Ní mór le rádh an aibíd agus bearradh an chinn
seachas atharú béas agus smachtú ainmhian go h-iomlán.
Siné a dheineann manach maith de dhuine.



An t-é a loirgeóchaidh aon nídh eile ach Dia amháin
agus leas a anama féin, ní bheidh aige choídhche ach
buaireamh agus trioblóid aigne.



Agus an t-é ná beidh coitchianta 'ghá ísliú féin níos
ísle 'ná aoinne eile, agus 'ghá chur féin fé bhun gach
aoinne eile, ní fada a bheidh suaimhneas aige.


L. 29


3. Ní chun bheith at' rígh a tháinís anso, ach chun
bheith fé smacht. Chun bheith ag obair agus ag fulang
a tugadh anso thú, agus ní chun bheith ag caint ar do
shuaimhneas.



Trialtar daoine anso fé mar a trialtar an t-ór
sa teine.



Ní féidir d'aoinne an áit seo do sheasamh mura
mian leis, ó chroídhe, é féin d'úmhlú go h-iomlán ar son
Dé.



CAIBIDIOL A h-OCHT-DÉAG.



SAMPLA NA N-ATHARACH NAOMTHA.



1. Tabhair fé ndeara na h-Aithreacha Naomhtha, an
sampla solusmhar a thugaid siad dúinn. Ionta súd
a chítear an fhíoraontacht i gceart, agus an creideamh
uasal. Is neamhnídh nách mór a ndeinimíd-ne seachas
ar dheineadar súd.



Cad 'tá i n-ár mbeatha-ne i n-aon chor, foraoir,
seachas a mbeatha súd!



Bhíodar 'n-a gcáirdibh naomhtha ag Críost agus dhein-
eadar seirbhís an Tighearna fé thart agus fé ocras,
fe fhuacht agus fé easba éadaigh, ag obair go cruaidh
agus ag fulang tuirse agus easba codlata, ag
déanamh úrnuighthe agus ag machtnamh ar neithibh bean-
nuighthe, agus a namhaid 'ghá gcrádh go dian agus ag
tabhairt tarcuisne dhóibh coitchianta.



2. Féach na h-Aspoil agus na Mairtireacha agus na
Confessóirí agus na Maighdineacha, na daoine go
léir do lean rian Chríost; ó, cad iad na pianta agus
na trioblóidí a dh'fhuilingeadar! Thugadar fuath d'á


L. 30


n-anam féin ar an saoghal so i dtreó go mbéadh an
bheatha shíoruidhe acu ar an saoghal eile.



Ó, nach dian dochraideach an bheatha do chaith na
h-Aithreacha Naomhtha sa bhfásach! nách fada agus nách
dian na cathana a chuireadar díobh! nách géar an
céasadh a fuaradar ó'n namhaid! nách minic, dúth-
rachtach, a chuireadar a nguidhe suas chun Dé! nách
cruaidh an tréaghnas a dheineadar! nách mór an dúil
a bhí acu sa bhfíoraontacht! nách cuthaigh an troid a
dheineadar chun a n-ainmhian féin do chur fé chois! nách
glan agus nách díreach a chimeádadar a n-aigne chun Dé!



Bhídís ag obair i gcaitheamh an lae, agus ansan do
thugaidís a lán de'n oídhche ag rádh úrnuighthe, bíodh ná
stadadh a n-aigne ó ghuidhe chun Dé an fhaid a bhídís ag
obair sa lá.



3. Níor chaitheadar aon phioc d'á n-aimsir gan tairbhe.
Ba ghairid leó gach uair a' chloig d'á dtugaidís ag
cómhrádh le Dia, agus gheibhdís a leithéid de shólás sa
chómrádh san go ndeinidís dearmhad d'á gcuid bídh a
chaitheamh nuair ba ghádh é.



Thugaidís druim lámha le saidhbhreas, le teidiolaibh,
le h-onóraibh, le cáirdibh, le gaoltaibh. Níor fhan aon
dúil acu i n-aon rud saoghalta. Ar éigin a thógaidís
na neithe a bhíodh riachtanach chun iad a chimeád beó.
Ba dhólás leó riachtanas na colna féin do fhreagairt.



Bhíodar dealbh go leór chómh fada le saidhbhreas an
tsaoghail seo, ach bhíodar ana shaidhbhir i ngrásta Dé
agus i bhfíoraontacht. Le féachaint ortha bhíodar i
n-easnamh, ach ní raibh aon easnamh ortha laistigh.
Bhí grásta agus sólás ó Dhia acu go líonmhar agus
go flúirseach.



4. Bhíodar iasachta ar an saoghal so, ach bíodar muin-
teartha go maith ag Dia.


L. 31


Ba neamhnídh iad 'n-a súilibh féin, agus bhíodar gan
mheas i súilibh an tsaoghail, ach ba mhór le rádh iad i
súilibh Dé agus ba ghrádhmhar.



I bhfíor-úmhluigheacht iseadh sheasuigheadar. Fé fhíor-
smacht iseadh mhaireadar. I ngrádh Dé agus i bhfad-
fhulang iseadh shiúbhluigheadar. Mar gheall air sin
iseadh chuadar ar aghaidh, i n-aghaidh an lae, i bhfíoraon-
tacht, agus do fuaradar na grásta móra ó Dhia.



Táid siad againn mar shampla do lucht beatha riagh-
alta do chaitheamh, agus ba chóir go ndéanfadh a sampla
san sinn do spriocadh chun dul ar aghaidh níos mó
'ná mar a dhéanfadh sampla daoine failligheacha sinn
a tharrang siar.



5. Ó, cad é an dúthracht a bhí ins na daoine riaghalta
go léir nuair a cuireadh an bheatha riaghalta ar bun ar
dtúis!



Cad é an dílse i n-úrnuighthibh! cad é an formad
féachaint cia b'fhearr a dhéanfadh gnó Dé! cad é an
dílse úmhluigheachta, agus an uraim do'n uachtarán agus
do'n riaghail, a bhí ins gach aoinne!



Tá rian a gcos súd le feisgint fós agus tais-
beánann an rian gur dhaoine fíoraonta, naomhtha iad,
agus gur throideadar go seasamhach, agus sa troid
sin dóibh gur ghabhadar de chosaibh sa tsaoghal so.



Ach anois, meastar gur obair mhór é má staonann
duine ó'n riaghail do bhriseadh; má fhéadann duine cur
suas gan neamhfhoidhne leis an rud a ghlac sé air féin le
n-a thoil mhacánta.



6. Á, cad é an patfhuaire agus an neamhshuim atá
ionainn agus a rádh go gcaillimíd chómh tapaidh an
dúthracht a bhíonn ionainn ag tosnú dhúinn, i dtreó nách
fada go mbímíd cortha d'ár saoghal le mairbhitíghe
agus le patfhuaire!


L. 32


Is mór an truagh fás na fíoraontachta bheith 'n-a
chodladh ionat, agus a bhfuil os cómhair do shúl de
shampla na bhfíoraon.



CAIBIDIOL A NAOI-DÉAG.



GNÓTHAÍ AN DEIGH-MHANAIGH.



1. Ba cheart na sobhailcí go léir a bheith le fagháil i
mbeatha an deigh-mhanaigh, agus ba cheart dó bheith chómh
maith laistigh, fé shúil Dé, agus a dh'fhéachann sé las-
muich, fé shúilibh daoine.



Ní h-eadh, ach ba cheart dó bheith níos fearr go mór
laistigh 'ná mar a chítear lasmuich é bheith, mar is é Dia
a chíonn sinn laistigh, agus ba cheart dúinn eagla bheith
againn roime n-a shúil, pé áit 'n-a mbímíd, agus bheith
chómh glan leis an aingeal os a chómhair.



Ba cheart dúinn ár rún diongmhálta d'athnuachaint
gach aon lá, agus ár ndíogras do spriocadh, chómh maith
agus dá mb'é sin an chéad lá againn ag iompáil ar
Dhia, agus a rádh le Dia:



"Cabhruigh liom, a Thighearna Dia, sa ghnó so atá
curtha rómham agam chun do sheirbhíse naomhtha. Tabhair
dhom tosnú indiu dáiríribh, mar ní'l ach neamhnídh i n-a
bhfuil déanta go dtí so agam."



2. Do réir mar a chuirfimíd rómhainn iseadh do
raighmíd ar aghaidh, agus an t-é a bheartuigheann dul ar
aghaidh go maith ní foláir dó bheith ana dhícheallach.



Agus má's fíor é go dteipeann go minic ar an
nduine go bhfuil an rún diongmhálta aige, cad tá le
h-imtheacht ar an nduine ná deineann aon rún ach go
h-anamh nó go lag?


L. 33


Is mó cuma 'n-a dtréigeann duine a rún diong-
mhálta, agus an tréigean is suaraighe is anamh ná
deineann sé díobháil.



Is ar ghrásta Dé atá rún diongmhálta an fhíoraoin
ag brath, agus ní h-ar eagna an duine féin. Agus is
a' Dia atá a mhainighin ag an bhfíoraon, pé gnó a ghabhann
sé ar láimh.



Óir, "Labraidh duine, innisidh Dia," agus ní h-ag
an nduine atá ceapadh a shlíghe féin.



3. Má leigimíd gnáth-obair ar lár uair fhánach, tré
chráibhtheacht nó chun tairbhe bráthar, tiocfaimíd suas
leis an obair 'n-a dhiaigh san. Ach má leigtear an
obair ar lár le neamh-fhonn nó le faillighe, ní
locht beag é sin, agus mothóchthar díobhálach é. Ach
pé dícheall a dhéanfaimíd beimíd beagán i ndiaigh
lámha i n-a lán neithe.



Tá sé ceart againn, ámhthach, i gcómhnuidhe, gnó éigin
áirighthe do chur rómhainn, go mór mór, i gcoinnibh na
neithe is mó a bhíonn ag cur cosg linn i ngnó Dé.



Ní foláir dúinn féachaint chúghainn féin go maith agus
sinn féin do chur i dtreó, ó'n dtaobh amuich agus ó'n
dtaobh istigh, mar tá orainn dul ar aghaidh ó'n dtaobh
amuich agus ó'n dtaobh istigh.



4. Mura féidir leat t'aigne chimeád ar Dhia i
gcómhnuidhe, dein é uaireanta. Dein é ar maidin
agus um thráthnóna.



Cuir rómhat ar maidin cad a dhéanfair. Ansan,
um thráthnóna, féach conus atá sé déanta agat; féach
conus a chaithis an lá, i mbriathar, i ngníomh, agus i
smuíneamh. Ins na trí neitibh sin iseadh is mó, b'fhéidir,
a bheidh rud déanta agat i n-aghaidh Dé nó i n-aghaidh do
chómharsan.



Fáisg suas tú féin mar a dhéanfadh fear i n-aghaidh


L. 34


mhalluightheachta an diabhail. Smachtuigh craos, agus
tiocfaidh smachtú gach ainmhian eile níos saoráidighe
chúghat.



Ná bí choídhche díomhaoin ar fad. Bí i gcómhnuidhe
ag léigheadh leabhair, nó ag sgrí', nó ag guidhe chun Dé,
nó ag machtnamh, nó ag déanamh ruda éigin a bheidh
tairbheach do'n teaghlach.



Ní foláir, ámhthach, oibreacha corpartha do ghlacadh
le breitheamhantas. Ní mar a chéile a dh'oirid siad
do gach aoinne.



5. Ná deintear os cómhair an phobuil neithe nách
gnáth. Is fearr démhóid nách gnáth do dhéanamh i n-uaig-
neas 'ná é dhéanamh os cómhair daoine.



Ach seachain agus ná bhí ríghin leis na gnáth-oibreach-
aibh agus chun tosaigh le d' dhémhóidíbh féin. Dein ar
dtúis, go dúthrachtach agus go dílis, na gnáth-oibreacha
atá ceangailte ort a dhéanamh, agus ansan, má bhíonn
uain agat air, dein tú féin a shásamh ar do dhémhóid
féin.



Ní oireann an obair chéadna do gach aon duine. Is
fearr a thiocfaidh an obair seo do dhuine agus an obair
eile úd do dhuine eile.



Agus i dtaobh oireamhnaighe aimsire, bíonn obair
seachas a chéile oireamhnach. Tá obair is fearr a thaith-
neann le duine lá saoire, agus obair is fearr a thaith-
neann le duine lá nách saoire.



Ní h-iad na h-oibreacha céadna a dh'oireann dúinn
i n-am an chatha agus i n-aimsir suaimhnis agus síoth-
chána.



Ní h-é an machtnamh céadna is maith linn a dhéanamh
nuair a bhíonn dólás orainn agus nuair a bhíonn sólás
ó Dhia orainn.



6. Nuair a thagann lá saoire mór orainn ba cheart


L. 35


dúinn ár bhfonn ins na deagh-oibreacha d' athnuachaint,
agus impidhe na naomh a dh'iarraidh.



Ba cheart dúinn ár rún diongmhálta do dhéanamh
ó fhéile go féile, chómh maith agus dá mbeimís le
h-imtheacht as an saoghal an uair sin, agus dul chun na
féile síoruidhe.



Ba cheart dúinn, d'á bhrígh sin, bheith 'ghár n-ollmhú
féin i n-aimsir démhóide, agus bheith níos démhóidighe
i n-ár gcómhrádh, agus gach dualgas do chómhlíonadh níos
dílse, ó's daoine sinn atá ag súil le n-ár dtuarasdal
a dh'fhagháil go luath ó Dhia.



7. Ansan, má curtar righneas orainn, tuigimís
i n-ár n-aigne gur b'amhlaidh ná fuilimíd ollamh i gceart
agus nách fiú sinn fós go dtabharfaí dhúinn an ghlóire
mhór a nochtfar ionainn nuair a thiocfaidh an t-am,
agus deinimís dícheall ar sinn féin d'ollmhú níos
fearr i gcóir an lae sin.



Is aoibhinn do'n tseirbhíseach san, adeir an Sois-
géalaidhe Lúcás, a gheóbhfar ag déanamh na faire nuair
a thiocfaidh an Tighearna. Go deimhin adeirim libh,
cuirfidh sé os cionn a mhaoine go léir é.



CAIBIDIOL A FICHE.



SANNTUIGH UAIGNEAS AGUS CIÚNAS.



1. Loirg am oireamhnach chun bheith at' aonar duit
féin, agus cuimhnigh go minic ar thabharthaistíbh Dé.



Cuir uait neithe greannmhara. Ná léigh an leabhar a
chimeádfadh ar siúbhal tú, ach léigh an leabhar a chuirfidh
cathú ort mar gheall ar do pheacaíbh.


L. 36


Má chimeádann tú thú féin ó iomad cainte agus ó chómh-
luadar diomaoin, agus, n-a teannta san, ó bheith ag
éisteacht le sgéaltaibh agus le ráflaíbh, beidh do
dhóithin mór aimsire agat chun bheith ag machtnamh ar
Dhia.



Dhein na naoimh ba mhó, chómh maith agus d'fhéadadar
é, iad féin a chimeád ó chómhluadar daoine agus iad
féin a thabhairt suas do Dhia i n-uaigneas.



2. Seo focal adubhairt Seneca: "Gach uair d'ár
chuadhas ameasg daoine ba mheasa de dhuine mé ag
teacht uatha dhom." Tuigimíd an nídh sin nuair a
dheinimíd a lán cainte.



Is usa bheith ciúin ar fad 'ná gan an iomad a rádh.



Is usa fanmhaint sa bhaile, a gan fhios, 'ná do dhuine
aireachas ceart a thabhairt dó féin lasmuich.



An t-é, d'á bhrígh sin, gur mian leis dul i leith na
spioradáltachta, ní foláir dó imtheacht i leith-taoibh
ó'n sluagh, i n-aonfheacht le h-Íosa Críost.



Ní'l aoinne ó bhaoghal ag teacht os cómhair daoine ach
an t-é gur b'é a dhúil bheith i n'aonar.



Ní'l aoinne ó bhaoghal 'n-a chaint ach an t-é gur mian
leis éisteacht.



Ní'l aoinne ó bhaoghal i n'uachtarán ach an t-é gur mian
leis bheith fé smacht.



Ní'l aoinne ó bhaoghal ag órdú ach an t-é go bhfuil
fhios aige conus úmhlú.



3. Ní'l aoinne ó bhaoghal i n-áthas ach an t-é go bhfuil
coinsias maith aige.



Ní raibh na naoimh riamh gan eagla Dé ortha, pé méid
a bhíodar ó bhaoghal. Agus pé grásta a bhí acu nó
pé sobhailcí móra a bhí ionta, níor fhág san iad gan
bheith go h-ana úmhal agus go h-ana aireach ortha féin.



Nuair a mheasann an droch dhuine go bhfuil sé ó


L. 37


bhaoghal is le h-uabhar agus le buirbe a mheasann sé é,
agus deineann sé amadán dé féin sa deire.



Ná meas choídhche go bhfuilir ó bhaoghal an fhaid a
bheidh tú ar an saoghal so, bíodh gur manach fóghanta
thú, dar leat, nó díthreabhach dílis.



4. Na daoine is aoirde cáil is minic gur b'iad is
ísle a thuiteann, toisg iomad iontaoibhe a bheith acu
asta féin.



Uime sin tá a lán daoine agus is é a leas gan bheith
saor ar fad ó chathanaibh, ach an namhaid a bheith ag cur
ortha go minic, i dtreó ná beidís ró dheimhnightheach d'iad
a bheith ó bhaoghal, le h-eagla go dtiocfadh uabhar ortha,
agus le h-eagla, leis, go leigfidís dóibh féin dul i
ndiaigh sóláis an tsaoghail seo.



Ó, nách áluinn an coinsias a bhéadh ag duine dá mba
ná loirgeóchadh sé choídhche sólás neambuan an tsaoghail
seo, dá mba ná cuirfeadh sé aon tsuim i n-aon chor sa
tsaoghal so! Dá mbéadh sé gearrtha amach glan ó
bhuaireamh neamhthairbheach an tsaoghail seo, agus gan
de mhachtnamh 'n-a chroídhe ach Dia agus leas a anama
féin i gcóir na síoruidheachta! Cad é an suaimhneas
aigne a bhéadh aige.



5. Ní'l aoinne oireamhnach do'n tsólás a thagann ó
Dhia ach an t-é a dheineann taithighe maith de'n aithrighe
naomhtha.



Má's maith leat an aithrighe cheart a bheith at' chroídhe
agat, eirigh isteach at' sheómra féin agus fág gleó an
tsaoghail lasmuich, mar atá sgríobhtha: Deinidh an aith-
righe istigh i nbhúr seómraíbh. Gheóbhair istigh at'
sheómra an rud a chaillfir go minic lasmuich.



Taithnfidh an seómra leat má dheineann tú taithighe
d'fhanmhaint ann. Má dheineann tú taithighe d'fhan-
mhaint as, tiocfaidh fuath agat dó.


L. 38


Má thugann tú mar bhéas duit féin ó thosach fan-
mhaint at' sheómra agus cómhnuidhe ann, tiocfaidh grádh
agat dó mar a bhéadh ag duine d'á chara dhílis, agus
gheóbhair sólás ana mhór ann.



I gciúnas agus i socaracht iseadh théigheann an Críos-
taidhe diadha ar aghaidh, agus iseadh dh'fhoghlumuigheann sé
na neithe diamhara atá sa Sgribtiúir.



6. I gciúnas agus i suaimhneas iseadh gheibheann sé
na frasa deór a dheineann a anam do níghe agus
do ghlanadh gach oídhche, i dtreó go mbíonn sé níos
taithneamhaighe i láthair Dé do réir mar a bhíonn
sé níos deighilte amach ó'n saoghal agus ó ghleó an
tsaoghail.



An t-é dh'imthigheann ó n-a cháirde agus ó n-a mhuintir,
le grádh do Dhia, tagann Dia agus na h-aingil chuige
mar chuideachtain.



Is fearr bheith i n-uaigneas agus aire thabhairt do
dhuine féin 'ná faillighe a thabhairt i nduine féin agus
ansan mírbhuiltí móra do dhéanamh.



Rud ana mhaith do'n mhanach iseadh gan dul os cómhair
daoine ach go h-anamh; cimeád ó shúilibh daoine, agus
a shúile féin do chimeád ó fhéachaint ar chách.



7. Cad ab áil leat ag féachaint ar nídh nách dleaghthach
duit a bheith agat? Tá an saoghal agus a mhianta ag
imtheacht chun siúbhail.



Tarraingid do dhroch mhianta amach tú. Ach nuair
a bheidh an tráth san imthighthe cad a thabharfair leat abhaile
ach ualach ar do choinsias agus tré chéile aigne?



Is minic a dheineann dul amach fé áthas teacht abhaile
fé bhrón. Agus deineann oídhche shúgach maidion
bhrónach.



Deineann gach áthas corpartha tosnú suairc, ach is
goin agus bás a dheire.


L. 39


Cad tá le feisgint i n-aon bhall eile agat ná fuil le
feisgint anso agat?



Féach an spéir agus an talamh agus na dúile go
léir. Is díobh san atá gach nídh déanta.



8. Cá bhfuil le feisgint i n-aon bhall agat aon nídh
a mhairfidh abhfad fé luighe na gréine?



B'fhéidir gur dóich leat go bhfaighir sásamh aigne.
Ní bhfaighir.



Dá bhfeicfeá an saoghal go léir cad a chífeá ach neamh-
nídh?



Féach suas chun Dé na glóire ins na flathais. Iarr
ar Dhia na peacaí agus an fhaillighe atá déanta agat
do mhaitheamh duit.



Fág neithe baoithe ag daoine baoithe agus féach féin
chun an ghnótha a thug Dia le déanamh duit.



Eirigh isteach at' sheómra agus dún an dorus ort
féin, agus glaoidh chúghat do chara dílis, Íosa Críost.



Fan i n'fhochair sin at' sheómra, mar ní'l an suaimh-
neas céadna agat le fagháil i n-aon áit eile.



Dá bhfantá gan dul amach agus gan éisteacht leis na
ráflaíbh, d'fhanfadh an tsíothcháin agus an suaimhneas
aigne níb' fhearr agat. Ach ó's mian leat uaireanta
sgéalta nua d'aireachtaint ní foláir duit buaireamh
aigne dh'fhulang d'á bhárr.



CAIBIDIOL A h-AON A'S FICHE.



DÓLÁS CROÍDHE.



1. Má's maith leat aon dul ar aghaidh a dhéanamh at'
shlígh chun Dé cimeád tú féin i n-eagla Dé. Ná bí ró


L. 40


thugtha do d'thoil féin. Cimeád do chéadfadha go léir
fé smacht. Ná tabhair srian do mhórtais bhaoth.



Bíodh dólás croídhe agat agus beidh tú démhóideach
go maith.



Tagann a lán tairbhe a' dólás croídhe, agus is é an
neamhaireachas a loiteann an tairbhe sin.



Is mór an iongnadh a rádh go bhféadfadh an duine
áthas iomlán a bheith air choídhche, ar an saoghal so, agus
a fhios aige gur ar díbirt atá sé, agus go bhfuil oiread
san neithe chun díobhála anama dhéanamh dó.



2. Éagantacht croídhe, agus neamhshuim ins na
peacaíbh atá déanta againn, fé ndeara dhúinn gan na
gearánta atá ar ár n-anam do mhothú; agus bímíd
go minic ag gáirí nuair ba cheart gur ag gol a bheimís.



Ní bhíonn fíor-shaoirse ná fíor-áthas ach san áit 'n-a
mbíonn eagla Dé agus coinsias maith.



Is séanmhar an t-é fhéadann gach cosg agus gach dul
amú do dhíbirt uaidh, agus é féin a chimeád dlúithte
le Dia i ndólás naomhtha croídhe.



Is séanmhar an t-é a dhíbireann uaidh aon nídh a chuir-
feadh smól ná ualach ar a choinsias.



Troid go fearamhail. Buadhfaidh deagh-nós ar dhroch
nós duit.



3. Má's eól duit-se conus leigint do dhaoine
a ngnó féin a dhéanamh, leigfid siad-san duit-se do
ghnó féin a dhéanamh.



Ná tarraing ort gnó an fhir thall, agus ná h-eirigh i
n-achran i ngnóthaíbh na n-uasal.



Cimeád do shúil ort féin ar dtúis i gcómhnuidhe agus
tabhair duit féin tosach cómhairle, thar do cháirdibh go
léir.



Mhá's rud é ná fuil báidh ag daoine leat ná bíodh
buairt 'n-a thaobh san ort. Ach cuireadh so buairt ort


L. 41


gan tú bheith chómh maith ná chómh h-aireach ort féin agus
ba cheart do dhuine dhémhóideach a bheith i seirbhís Dé.



Is tairbhighe agus is neamhchontabharthaighe do'n duine
gan mórán sóláis a bheith aige ar an saoghal so, mar le
sólás corpartha go mór mór.



Má táimíd gan sólás ó Dhia, nó má's anamh a gheibhmíd
é, is sinn féin fé ndear é, mar ní loirgimíd dólás
croídhe, agus ní chuirimíd uainn sólás baoth an tsaoghail
seo.



4. Tuig at' aigne nách fiú thú sólás ó Dhia dh'fhagháil,
ach gur mórán dóláis atá tuillte agat.



Nuair a bhíonn an dólás croídhe ceart ar dhuine mar
gheall ar a pheacaíbh ní chuireann sólás an tsaoghail go
léir air ach seirbhthean agus diombádh.



Gheibheann an Críostaidhe fóghanta i gcómhnuidhe
adhbhar a dhóithin chun buartha agus chun guil. Mar,
cuimhnigheadh sé air féin nó cuimhnigheadh sé ar a chómh-
arsain, tuigfidh sé i n'aigne ná fuil aoinne beó ar an
saoghal so gan rud le fulang aige; agus dá ghéire a
mhachtnamh iseadh is géire a dhólás.



Is iad ár bpeacaí agus ár ndroch chleachta is adhbhar
dleaghthach dóláis againn, mar táimíd chómh fillte
sin ionta gur b'anamh a dh'fhéadaimíd cuimhneamh i
gceart ar neithibh diadha.



5. Dá machtnuightheá níos mó ar do bhás 'ná ar fhaid
do shaoghail, ní baoghal ná go ndéanfá do leas níos
dícheallaighe 'ná mar a dheineann tú.



Agus rud eile; dá machtnuightheá i gceart ar phian-
taibh ifrinn, nó ar phiantaibh purgadóireachta, creidim
go bhfuilingeóchthá go fonnamhar gach dólás agus gach
cruadhtan oibre, agus ná cuirfeadh aon anródh eagal
ort.



Ach ní bheirid na neithe sin greim ar chroídhe orainn.


L. 42


Is iad na neithe a chuireann sólás orainn a thaithneann
linn, agus fágann san fuar failligheach sinn i dtaobh ár
n-anama.



6. Is minic gur b'é folamhas na h-aigne, tré easba
machtnaimh, fé ndeara do'n cholainn bhocht bheith chómh
gluaireánach.



Bí ag guidhe chun an Tighearna d'á bhrígh sin, 'ghá iar-
raidh air dólás croídhe a thabhairt duit. Abair leis
mar adubhairt an Fáidh: Cothuigh mé, a Thighearna, le
h-arán na ndeór, agus tabhair mo dheoch dom i ndeó-
raibh go fial.



CAIBIDIOL A DÓ AGUS FICHE.



MACHTNAMH AR MHÍ-FHORTIÚN AN DUINE.



1. Pé ball 'n-a bhfuilir, agus pé ball 'n-a ngeóbhair,
is duine gan áird tú mura n-iompuighir ar Dhia.



Cad chuige dhuit buaireamh a bheith ort nuair ná
h-eirígheann leat do réir do thoile?



Cá bhfuil an t-é go bhfuil gach aon rud chun a thoile
féin aige? Ní mise é, ná tusa, ná aon duine eile beó
ar an saoghal.



Ní'l aon duine ar an saoghal gan trioblóid éigin air,
nó guais éigin, dá mb'é an rí é, nó an Pápa.



Cé h-é an t-é is fearr go bhfuil an sgéal aige? An
t-é atá ábalta ar rud a dh'fhulang ar son Dé.



2 Tá a lán daoine gan chiall agus deirid siad:
Féach; nách breagh an saoghal ag an nduine úd é; nách
saidhbhir, nách mór, nách cómhachtach, nách uasal atá sé!



Ach cuimhnigh-se ar shaidhbhreas na bhflathas, agus chífir
gur neamhnídh na neithe saoghalta san go léir. Ní


L. 43


féidir deimhin a dhéanamh díobh, agus is cúram iad,
agus an t-é go mbíd siad aige bíonn eagal air, coit-
chianta, go gcaillfeadh sé iad.



Ní h-i bhflúirse de mhaitheasaíbh an tsaoghail atá áthas
an duine. Ní beag dó an chuíbhsacht.



Bheith i bpéin iseadh bheith ar an saoghal i n-aon chor.



Dá mhéid dúil a bhíonn ag duine i neithibh spiorad-
álta iseadh is mó a chuireann a bheatha ar an saoghal
so seirbhthean air, mar iseadh is fearr a thuigeann sé
agus iseadh is soiléire a chíonn sé claonta agus truaill-
ightheacht an duine.



Óir is seirbhthean mór agus is pian mhór do'n
Chríostaidhe fhíoraonta a bheith air bheith ag ithe agus ag
ól, ag luighe chun codlata agus ag eirighe, ag dul chun
oibre agus ag stad, agus ag freagairt do gach dual-
gas eile d'á mbaineann le nádúr an duine ar an
saoghal so, nuair is é rud ba mhian leis féin 'ná bheith
sgartha leó go léir agus bheith saor ó an uile shaghas
peaca.



3. Is fíor gur b' ualach trom ar an nduine spiora-
dálta riachtanaisí na colna ar an saoghal so. Uime
sin iseadh iarrann an Fáidh go ndéanfaí é dh'fhuasgailt
uatha: Fuasgail mé óm' riachtanaisíbh, a Thighearna,
adeir an Fáidh.



Ach is mairg do'n mhuintir ná tuigeann an mí-
fhortiún atá ortha, agus is mairg níos mó do'n mhuintir
a bhíonn i ngrádh leis an mí-fhortiún, i ngrádh le
truaillightheacht na beatha so.



Mar tá daoine ann atá chómh mór san i ngrádh leis
an saoghal so (bíodh gurb' ar éigin fhéadaid siad
maireachtaint, ag obair go cruaidh nó a d'iarraidh na
déarca) gur chuma leó cad a dhéanfadh rígheacht na
bhflathas dá bhféadaidís fanmhaint anso i gcómhnuidhe.


L. 44


4. Ó, a dhaoine gan mheabhair, gan chreideamh i nbhúr
gcroídhe, is daingean atáthaoi sáidhte sa tsaoghal so
nuair nách féidir libh aon bhlas fhagháil ach ar neithibh
colnaidhe.



Ach ar ball iseadh bheidh an donas ar fad oraibh, nuair
a thuigfidh sibh gráinneamhlacht agus folamhas na neithe
sin d'ár thugabhair an grádh go léir.



Ní mar sin do naoimh Dé agus do cháirdibh démhóid-
eacha Chríost; níor chuireadar suim ins na neithibh a
thabharfadh sólás corpartha dhóibh, ach do thugadar
greann ar fad do'n tsólás shíoruidhe, agus chuireadar
a ndúil go h-iomlán sa mhaith shíoruidhe.



Chuaidh a ndúil agus a mian go léir suas chun an
mhaitheasa shíoruidhe ná feictear, i dtreó ná féadfadh
greann ar mhaitheas shofheicse iad do tharrang síos go
h-ifrean.



Ná caill, a bhráthair, do mhainighin as dul ar aghaidh i
neithibh spioradálta. Tá an uair agus an aimsir agat
fós.



5. Cad ab áil leat ag cur do dheagh-rúin ar cáirde?
Eirigh, agus tosnuigh láithreach, agus abair: Anois an
t-am chun gnímh; anois an t-am chun troda; anois an
t-am ceart chun mo leasa dhéanamh.



Nuair a bhíonn pian agus trioblóid ort, siné an
t-am chun luacht saothair.



Ní foláir duit gabháil tré theine agus tré uisge sar
a dtiocfair chun an tsobhailcis.



Gan éigean a dhéanamh ort féin ní bhéarfair buadh
ar na h-ainmhiantaibh.



An fhaid a bheidh an cholann direóil seo againn
le h-iomchar, ní fhéadfaimíd bheith gan pheaca, ná
maireachtaint gan dochar gan dólás.



Ba ró mhaith linn bheith saor ó gach peanaid, ach ó


L. 45


chailleamair ár neamhchiontacht leis an bpeaca, do
chailleamair, leis, gach fíor-shólás.



Ní foláir dúinn d'á bhrígh sin, ciall a bheith againn
agus feitheamh go dtagaidh trócaire Dé chúghainn, agus
go sloigfear an bheatha mharbh so sa bheatha bheó, nuair
a bheidh deire le réim an pheaca ar fad.



6. Ó, cad é mar ná fuil sa duine ar fad ach easba
nirt agus tugthacht do'n pheaca!



Tú ag cur do pheacaí síos i bhfaoisdin indiu, agus
amáireach tú ag déanamh na bpeacaí céadna airís!



Tú ceapaithe anois ar iad a sheachaint, agus i gcionn
uair a' chloig tú 'ghá ndéanamh chómh maith agus ná béadh
aon cheapadh déanta agat ar iad a sheachaint!



Is maith an ceart dúinn, d'á bhrígh sin, sinn féin
d'úmhlú agus gan aon mhaoidheamh a dhéanamh asainn
féin, ó táimíd chómh lag, chómh guagach.



Agus an rud go bhfuaramair mórán d'á dhuadh, agus ná
fuaramair é ach ar éigin agus tré ghrásta Dé, is féidir
é chailleamhaint i n-aon neómat amháin le corp faillighe.



7. Cad é an deire a bhéarfaidh sinn i n-aon chor agus
a rádh go bhfuilimíd chómh faillightheach chómh luath sa lá?



Is olc an sgéal againn é má's amhlaidh a mheasaimíd
suidhe síos agus suaimhneas do ghlacadh, chómh maith
agus dá mba síothcháin agus socaracht a bhéadh againn,
agus gan aon rud i bhfuirm naomhthacht bheatha le feis-
gint fós ionainn sa chuma 'n-a mairimíd.



Ba ró mhaith an bhail orainn dá gcuirtí isteach i sgoil
na nóbhíseach sinn airís agus béasa maithe do mhúineadh
dhúinn, le súil go mb'fhéidir go raghadh feabhas orainn
agus go ndéanfaimís leas ár n-anama níos fearr.


L. 46


CAIBIDIOL A TRÍ A'S FICHE.



CUIMHNIGH AR AN MBÁS.



1. Is ró ghearr go mbeidh deire leat anso. Féach
conus a bheidh an sgéal agat san áit eile. Duine anso
indiu, agus é imthighthe gan tuairisg amáireach.



Agus nuair a bhíonn sé imthighthe a' radharc ní fada
go mbíonn sé imthighthe a' cuimhne.



Ó, nách mairbhiteach dúr é croídhe an duine! É ag
cuimhneamh coitchianta ar an saoghal so, agus ná
cuimhnigheann sé i n-aon chor ar an saoghal eile!



Ba cheart duit gach gníomh agus gach smuíneamh a
dheineann tú do dhéanamh díreach mar a dhéanfá é dá
mbeitheá chun báis d'fhagháil an neómat so.



Dá mbéadh do choinsias ar dheagh-staid ní bhéadh puinn
eagla agat roimis an mbás.



B'fhearra dhuit na peacaí do chur uait ná bheith ag
teitheadh ó'n mbás.



Ní'lir ollamh indiu? An amhlaidh is dóich leat go
mbeidh tú ollamh amáireach?



Lá gan deimhne iseadh an lá amáireach. Cá bh'fhios
duit an dtiocfadh an lá amáireach ort i n-aon chor?



2. Cad é an tairbhe maireachtaint abhfad nuair ná
téighmíd puinn i bhfeabhas?



Á, ní chuireann saoghal fada feabhas ar dhaoine i
gcómhnuidhe. Is minic ná deineann sé ach na peacaí
do mhéadú.



Is truagh chráidhte ná deinimíd oiread agus aon lá
amháin do chaitheamh mar ba cheart ar an saoghal so.



Tá a lán daoine agus bíd siad ag cóimhreamh na
mbliadhan atá ó iompuigheadar ar Dhia, ach is minic ná


L. 47


bíonn puinn tairbhe anama as na bliadhantaibh go
léir.



Rud sgannramhail iseadh bás d'fhagháil, ach b' fhéidir
gur chontabharthaighe go mór saoghal fada dh'fhagháil.



Molaim-se an t-é go mbíonn uair a bháis coitchianta
os cómhair a shúl aige, agus d'ollmhuigheann é féin chun
báis gach aon lá a dh'eirigheann air.



An bhfeacaís riamh duine ag fagháil bháis? Bíodh
'fhios agat go gcaithfir-se an tslíghe chéadna ghabháil.



3. Nuair a bheidh an mhaidion agat ceap at' aigne
ná mairfir go tráthnóna. Nuair a thiocfaidh an tráth-
nóna ort ná geall duit féin go bhfeicfir an mhaidin
airís.



Bí ollamh i gcómhnuidhe, agus caith do shaoghal i dtreó
ná féadfaidh an bás teacht ort agus gan tú ollamh.



Tagann an bás go h-obann agus a gan fhios ar a lán
daoine. Mar ní fios cad é an uair a thiocfaidh Mac
an Duine.



Nuair a thiocfaidh an uair dheirineach san, féachfaidh
do shaoghal go léir ar a mhalairt de chuma dhuit seachas
mar fhéachann sé anois. Ansan iseadh bheidh a chathú ort
go rabhais chómh fuar, chómh faillightheach.



4. Molaim-se an t-é atá ag déanamh a dhíchill anois
chun a shaoghail do chaitheamh mar a thaithnfidh leis, an
uair sin, é bheith caithte aige.



Neamhshuim fírinneach sa tsaoghal so; mian dílis
chun dul ar aghaidh ins na sobhailcíbh; grádh do bheith fé
smacht; obair chruaidh chun aithrighe; tugthacht chun
géilleadh d'uachtarán, toil dhuine féin do thréigean;
an uile shaghas cruadhtain a dh'fhulang tré ghrádh do
Chríost; sin neithe agus an t-é a dhéanfaidh iad ní
misde dhó súil a bheith aige le bás naomhtha d'fhaghail.



Tá ar do chumas mórán neithe fóghanta dhéanamh an


L. 48


fhaid atá an tsláinte agat. Nuair imtheóchaidh an
tsláinte, ámhthach, ní fheadar cad fhéadfair a dhéanamh.



Ní chuireann easba sláinte feabhas ach ar bheagán.
Agus is anamh naomhtha lucht taistil tíortha.



5. Ná bí ag brath ar do cháirdibh ná ar do ghaoltaibh,
agus ná cuir leas t'anama ar cáirde. Dearómhadfar
thú níos túisge 'ná is dóich leat é.



Is fearra dhuit tairbhe dhéanamh duit féin anois, i
n-am, agus maith do chur rómhat, 'ná bheith ag brath ar
dhaoinibh eile chun tairbhe dhéanamh duit tar éis do bháis.



Mura ndeinir féin rud ar mhaithe le t'anam anois,
cé dhéanfaidh cúram díot ar ball?



Is mór is fiú an t-am atá agat anois. Anois lá
an tslánuighthe. Anois an t-am a glacfar.



Ach foraoir géar, is truagh ná deineann tú úsáid
níos fearr de'n rud a cheannóchadh dhuit an bheatha
shíoruidhe! Tiocfaidh an t-am 'n-a mbeidh dúil agat aon
lá amháin, ní h-eadh, ach aon uair a'chluig amháin, a
dh'fhagháil chun aithrighe, agus ní fheadar an bhfaighir é.



6. Ó, a chara mo chroídhe, cad í an chontabhairt as a
bhféadfair thú féin a dh'fhuasgailt, cad é an sgannra
ó n-a shaorfair thú féin, má bhíonn eagla anois do
ghnáth ort, agus sgáth roimis an mbás.



Beartuigh anois maireachtaint ar chuma a thabhar-
faidh dhuit áthas a bheith ort, i n-inead sgannra, nuair
a thiocfaidh uair do bháis.



Foghluim anois bás d'fhagháil ó'n saoghal, agus tos-
nóchair an uair sin ar bheith beó i bhfochair Chríost.



Foghluim anois conus neamhshuim do chur ins gach nídh,
i dtreó go mbeidh neart agat an uair sin ar dhul ag
triall ar an Slánuightheóir gan aon rud ad' tharrang
siar.



Smachtuigh do cholann anois le h-aithrighe, i dtreó


L. 49


go bhféadfair do mhainighin a bheith agat as Dia an uair
sin go láidir.



7. Á, a amadáin, cad chuige dhuit bheith 'ghá chuimh-
neamh go mairfir abhfad, agus gan deimhin agat ar
oiread agus aon lá amháin!



Cad a bhfuil de dhaoine do mealladh, agus gur
stracadh anam a' colainn acu gan choinne!



Cad é a mhinicighe a dh'airighis conus mar a thuit an
fear so le claidheamh; mar a bádhadh an fear eile úd;
mar a thuit fear eile agus gur briseadh a mhuineál;
mar a thacht an biadh fear eile; conus mar a thuit an
t-anam a' duine eile agus é ag spórt.



Fuair duine bás le teine, duine eile le faobhar,
duine eile le pláigh, duine eile le foghail. Mar sin
dóibh. An bás ag teacht ortha go léir sa deire, agus
ansan, an duine imthighthe glan mar imtheóchadh an
sgáil!



8. Cé chimeádfaidh aon chuimhne ort-sa tar éis do
bháis? Agus cé chuirfidh paidir le t'anam?



Dein anois é, dein féin anois, a mhic mo chroídhe, pé
rud a dh'fhéadfair a dhéanamh, mar ní fios duit lá do
bháis, ná ní fios duit cad 'tá le h-imtheacht ort tar
éis do bháis.



An fhaid atá uain agat air, bailigh duit féin an
saidhbhreas a mhairfidh go deó.



Ná cuimhnigh ar aon nídh ach ar leas t'anama. Ná
cuir suim i n-aon rud ach i ngnó Dé.



Dein daoine muinteartha dhuit féin anois des na
naoimh, ag tabhairt onóra dhóibh ar son Dé agus ag
déanamh aithrise ar a ngníomharthaibh, i dtreó, nuair a
bheir ag fágaint an tsaoghail seo, go nglacfaid siad
thú isteach ins na tighthibh síoruidhe.



9. Bí, ar an saoghal so, ad' dheóraidhe agus ad'


L. 50


dhuine iasachta ná baineann gnóthaí an tsaoghail seo
leis.



Cimeád do chroídhe sgurtha agus ag féachaint suas
chun Dé, mar ní cathair bhuan atá agat anso.



Stiúruigh do ghuidhe agus t'osnadh agus do dheór
chun na h-áite úd gach lá, i dtreó go mbeidh tuillte
agat t'anam do dhul saor ag triall ar an Slánuigh-
theóir nuair a thiocfaidh an bás ort. Amen.



CAIBIDIOL A CEATHAIR A'S FICHE.



AN BHREITH, AGUS PIAN AN PHEACA.



1. Ins gach nídh féach cad é an deire a bheidh air, agus
conus a sheasóchair i láthair an Bhreithimh. Breitheamh
ró cheart iseadh é. Ní féidir aon nídh do cheilt air.
Ní féidir É bhreabadh. Ní ghlacfaidh Sé aon leathsgéal.
Tabharfaidh Sé breith do réir an chirt.



Ó, a pheacaigh mhí-fhortiúnaigh gan chiall, cad é an
freagra a bheidh agat-sa le tabhairt ar Dhia na glóire
nuair a bheid do pheacaí go léir os cómhair a shúl?
Tusa, go gcuireann fearg i ngnúis duine sgannra
ort uaireanta!



Cad chuige ná féachann tú chúghat féin i gcóir an
lae sin na breithe, nuair ná féadfaidh aoinne pléidh
ná cosaint a dh'fhagháil ó aoinne eile, toisg go mbeidh
a dhóithin de chúram do gach aoinne 'n-a chás féin?



Tá toradh ar do shaothar anois. Glacfar do dheóra.
Éistfear le t'osnadh. Tá cúiteamh agus glanadh at'
dhólás.



2. Tá cúiteamh mór maith ag an nduine foidhneach 'á


L. 51


dhéanamh 'n-a phurgadóireacht. Nuair a deintear
díobháil dó is mó a ghoilleann peaca a chómharsan air
'ná a dhíobháil féin. Nuair a gabhtar 'n-a choinnibh ní
dheineann sé ach an gníomh do mhaitheamh agus guidhe ar
an namhaid. Má dheineann sé díobháil iarrann sé maith-
eamhnachas go tapaidh. Is túisge truagh aige do dhuine
'ná fearg aige chun duine. Bíonn sé ana dhian air
féin chun ainmhianta na colna do chimeád fé chois.



Is fearr na peacaí do ghlanadh dhínn anois, agus na
n-ainmhianta do ghearradh amach, 'ná iad a chimeád i
gcóir an tsaoghail eile le glanadh.



Is fíor go meallaimíd sinn féin leis an ngreann
ró mhór so atá againn ar ár gcolainn.



3. Cad eile a bheidh chun na teine úd do chothú ach
do pheacaí?



D'á mhéid a spárálfair thú féin anois, agus d'á
mhéid a ghéillfir do'n cholainn, iseadh is mó a bheidh le
dóghadh ionat ar ball.



Ins na neithibh 'n-ar dhein duine an peaca iseadh is
mó a bheidh a phian. Beid lucht leisge d'á bpriocadh
ansúd le bearaibh teine. Beid lucht meisge agus
craois d'á ngearradh le tart agus le h-ocras.



Beid lucht drúise agus pléisiúir clúdaithe ansúd
le bréantas agus le pic agus le ruibh ar lasadh. Agus
beid lucht an fhormaid ann agus iad ag ualfartaigh,
mar bhéadh madraí uilc, le droch aigne.



4. Ní'l aon droch bhéas ná beidh a phian féin ansúd
air. Beid lucht an uabhair fé an uile shaghas náire ann.
Beidh uathbhás easnaimh ar lucht na sainte.



Is déine a bheidh aon uair a' chluig amháin de'n phian
úd ansúd 'ná mar a bhéadh céad bliadhan anso de'n
aithrighe is cruadha.



Ní'l sos ná suaimhneas ansúd choídhche, do'n druing


L. 52


damanta, ná aon bhlúire sóláis. Ní mar sin dúinn
anso; bíonn sos le fagháil ó'n obair is cruadha, agus
gheibhimíd sólás ó n-ár gcáirdibh, ó am go h-am.



Bíodh eagla agus dólás ort anois mar gheall ar do
pheacaíbh, i dtreó go mbeidh tú ar láimh shábhála, i bhfoch-
air na bhfíoraon, lá an bhreitheamhantais.



Mar, an uair sin iseadh sheasóchaid na fíoraoin go
fíor dhaingean i n-aghaidh na muintire a bhíodh 'á
mbrúghadh agus 'ghá gcur fé chois.



An uair sin iseadh bheidh 'n-a sheasamh chun breithe thabh-
airt an t-é atá anois go h-úmhal fé bhreith daoine.



An uair sin iseadh bheidh meanmna ag an nduine
mbocht úmhal, agus lucht an uabhair ag crith ins gach aon
bhall.



5. An uair sin iseadh do chífar ná raibh duine sa
domhan so dob fhearr ciall 'ná an t-é a dh'fhoghluim
conus bheith i n'amadán agus fé tharcuisne ar son
Chríost.



An uair sin iseadh gheóbhfar áthas as gach cruadhtan
a fuilingeadh le foidhne, agus a chaithfidh an éagcóir
a béal do dhúnadh.



An uair sin iseadh bheidh áthas ar an ndémhóideach agus
gruaim ar an ndíthchreideamhach.



An uair sin iseadh bheidh aiteas ar an bhfeóil a
dh'fhuiling cruadhtan, níos mó 'ná mar a bhéadh uirthi
dá mba ar shódhluistíbh a cothóchthaí riamh í.



An uair sin iseadh do thaithnfidh an t-éadach garbh,
agus do dhoircheóchaidh an t-éadach mín.



An uair sin iseadh gheóbhaidh an bothán bocht moladh
ná faghaidh an caisleán órtha.



An uair sin iseadh bheidh an fhoidhne sheasamhach níos
tairbhighe 'ná cómhacht an domhain go léir.



An uair sin iseadh gheóbhaidh fíor-úmhluigheacht


L. 53


d'uachtarán creideamhaint níos aoirde 'ná mar a
gheóbhaidh gliocas an tsaoghail seo go léir.



6. An uair sin iseadh chuirfidh coinsias fóghanta,
glan, níos mó áthais ar an t-é go mbeidh sé aige 'ná
mar a chuirfeadh léighean agus eagnaidheacht an domhain
air.



An uair sin iseadh mheághfaidh neamhshuim i saidhbhreas
níos truime 'ná a raibh de stór riamh ag lucht saoghal-
thachta.



An uair sin iseadh bheidh níos mó sóláis agat a
h-úrnuighthe démhóideacha 'ná a' biadh deigh-bhlasta.



An uair sin iseadh bheidh níos mó áthais ort mar gheall
ar fhanmhaint ciúin 'ná mar gheall ar mhórán cainte
dhéanamh.



An uair sin iseadh bheid gníomhartha beannuighthe
níos mó le rádh 'ná focail bhreaghtha líonmhara.



An uair sin iseadh bheidh an bheatha dhian agus an
aithrighe chruaidh níos sólásaighe 'ná aoibhneas an tsaoghail
seo go léir.



Tabhair mar bhéas duit féin neithe suaracha d'fhulang
anois i dtreó ná beidh ort neithe móra dh'fhulang ar
ball.



Triail thú féin anso féachaint cad fhéadfair a
dh'fhulang ansúd.



Mura féidir leat na pianta beaga dh'fhulang, conus
fhéadfair na pianta síoruidhe dh'fhulang ar ball?



Má chuireann pian bheag ar buile thú anois, cad is
dóich leat a dhéanfaidh pian ifrinn leat ar ball?



Bíodh 'fhios agat nách féidir duit an dá aoibhneas a
bheith agat, aoibhneas an tsaoghail seo agus aoibhneas
na bhflathas i bhfochair Chríost 'n-a dhiaigh so.



7. Dá mbeitheá tar éis do shaoghail go léir a chaith-
eamh, go dtí an lá so, i n-onóir agus i bpléisiúr, cad


L. 54


é an tairbhe bhéadh ann duit dá gcaithfeá bás d'fhagháil
an neómat so?



Baois, d'á bhrígh sin, baois iseadh gach aon rud, ach
amháin grádh thabhairt do Dhia agus a thoil do dhéanamh.



Óir, an t-é a thugann grádh ó n-a chroídhe go
h-iomlán do Dhia, ní h-eagal leis bás, ná pian, ná
breitheamhantas, ná ifrean, mar osgalann an grádh
iomlán san an bóthar chun Dé dhó gan aon teip.



Ach an t-é go bhfuil greann ar an bpeaca aige agus
dúil aige sa pheaca, ní h-aon iongnadh eagla bheith aige
roimis an mbás agus roimis an mbreitheamhantas.



Is maith an rud, ámhthach, mura bhfuil grádh do Dhia
ábalta ar thú chimeád ó'n olc, eagla ifrinn féin a
bheith ábalta ar thú chimeád uaidh.



Ach an t-é a chuireann eagla Dé i leith-taoibh uaidh ní
fhéadfaidh sé seasamh abhfad ar an slíghe chóir. Ní fada
go mbeidh sé 'n-a líon ag an áirseóir.



CAIBIDIOL A CÚIG A'S FICHE.



ÁR MBEATHA AR FAD DO LEASÚ DÁIRÍRIBH.



Bí go h-aireach agus go dúthrachtach i seirbhís Dé,
agus fiafraigh díot féin go minic cad a thug anso
isteach thú, agus cad chuige gur thréigis an saoghal.



Nách chun maireachtaint do Dhia a dheinis é, agus chun
bheith at' dhuine spioradálta?



Dein dícheall, d'á bhrígh sin, ar bheith chómh maith agus
is féidir duit bheith, mar ní fada go bhfaighir luacht do
shaothair. Ansan ní bheidh dólás ná eagla le teacht
ad' ghaor a thuille.


L. 55


Déanfair roinnt bheag saothair anois, agus ansan
beidh suaimhneas breagh fada agat, agus aoibhneas
síoruidhe.



Má bhíonn tusa dílis dúthrachtach sa n-obair, ní
baoghal ná go mbeidh Dia dílis, agus fial, sa chúiteamh.



Bíodh do mhainighin go láidir agat go mbéarfair
buadh; ach ná dein deimhin ar fad dé, le h-eagla go
dtiocfadh díomhaointcas ort agus mór-is-fiú.



2. Bhí duine ann agus bhíodh sé go minic i bpráinn
agus i mbuairt aigne go mór, a mhainighin as Dia aige
agus ansan sgannra air le h-eagla go mb'fhéidir
ná leanfadh sé dílis do Dhia i gcómhnuidhe. Lá agus
an buaireamh ana dhian air do leig sé é féin ar a
ghlúinibh ar aghaidh altórach áirighthe. "Ó!" ar seisean,
i n'aigne, "dá mbéadh fhios agam go leanfainn dílis!"
Le n-a linn sin do mhothuigh sé an freagra ó Dhia istigh
'n-a chroídhe: "Agus dá mbéadh an fios san agat cad
a dhéanfá? Dein anois an rud a dhéanfá an uair sin
agus beidh an sgéal go maith agat."



Tháinig sólás agus suaimhneas ar a aigne láith-
reach. Chuir sé a thoil le toil Dé, agus d'imthigh an
buaireamh. Chuir sé suas do bheith ag cuardach féach-
aint cad a bhí le h-imtheacht air féin, agus ní raibh uaidh
feasta ach a fhios a bheith aige cad ba mhó ba thoil le Dia,
agus conus a chuirfeadh sé toil Dé chun cinn i dtosach
agus i ndeire gach deagh-ghnímh.



3. Bíodh do mhainighin a' Dia agat, adeir an Fáidh,
agus dein an mhaith, agus cómhnuigh ar an dtalamh agus
cothóchaidh a shaidhbhreas tú.



Tá aon nídh amháin a chimeádann a lán daoine siar
ó leas a n-anama dhéanamh. Is é nídh é 'ná an obair
a bheith, dar leó, ró chruaidh, nó an cath a bheith ró dhian.



Agus ansan, an mhuintir a thugann a n-aghaidh gan


L. 56


staonadh ar chruadhtan na h-oibre, agus a dheineann
dícheall ar an lámh uachtair fhagháil ar gach nídh atá 'n-a
gcoinnibh, siniad is fearr a dheincann leas a n-anama.



Mar, nuair a gheibheann duine an lámh uachtair air
féin agus nuair a smachtuigheann sé é féin, siné uair
is fearr a dheineann sé leas a anama agus is mó a
thuilleann sé grásta ó Dhia.



4. Ach is mó a bhíonn ag duine 'ná mar a bhíonn ag
duine eile le smachtú agus le cur fé chois.



Ach an t-é a bheidh dícheallach, dúthrachtach, bíodh go
bhfuil mórán droch mhianta aige le smachtú, déanfaidh sé
an bheart níos fearr, agus raghaidh sé ar aghaidh i mbeann-
uightheacht níos tiúgha, 'ná duine eile ná fuil na droch
mhianta san aige, ach atá righin, mairbhiteach, i ngnó a
anama.



Tá dhá nídh a chabhruigheann go mór chun leasa anama;
tarrang siar go neartmhar ó'n ndroch nídh go bhfuil
duine tugtha dhó ó dhúthchas, agus ansan, an mhaith atá
i n-easnamh orainn do shaothrú go dícheallach.



Níor mhiste dhuit, leis, aire thabhairt do'n nídh seo. An
locht a chíonn tú sa bhfear thall agus a chuireann seirbh-
thean ort, féach a' bhfuil sé ionat féin, agus leighis
ionat féin é.



5. Ansan, bain leas t'anama as gach aon rud. Má
chíonn tú tréithe maithe sa bhfear thall, saothruigh ionat
féin iad ar do dhícheall. Ach má chíonn tú droch thréith,
seachain aithris ar an ndroch thréith. Má dheinis cheana
an aithris sin seachain í feasta.



Fé mar atá do shúil-se ar chách, bíodh 'fhios agat go
bhfuil súil chách ort.



Ó, nách aoibhinn, aiteasach an rud bráithre dh'fheis-
gint diadha, démhóideach, deagh-iomchair, úmhal do'n
riaghail! Nách dúbhach agus nách dubrónach an rud iad a


L. 57


dh'fheisgint ag siúbhal go neamhriaghalta, agus ná
deinid siad an obair a thug isteach anso iad!



Nách díobhálach an rud faillighe a thabhairt i ngnó ár
ngairme féin, agus ár n-aigne thabhairt do rud ná
baineann linn!



Cuimhnigh ar an nídh a chuiris rómhat, agus leig do
shúil ar íomhágh an tSlánuightheóra ar an gCrois Chéasta.



Ní h-iongnadh náire bheith ort nuair fhéachann tú ar
bheatha Íosa Críost. Níor dheinis dícheall fós ar
aithris níos fearr a dhéanamh air, bíodh gur fada i ngnó
Dé thú.



An manach a thugann mar bhéas dó féin taithighe
dhéanamh de bheith 'ghá oibiriú féin i mbeatha ró naomhtha
agus i bPáis an Tighearna, gheóbhaidh sé ann go flúir-
seach na neithe a bheidh riachtanach dó, nó ag teastubháil
uaidh, agus ní gádh dhó dul lasmuich d'Íosa chun aon
nídh níos fearr do lorg.



Ó, dá dtagadh an Slánuightheóir, ar a Chrois Chéasta,
isteach i n-ár gcroídhe, nách tapaidh a bhéadh ár ndóithin
léighinn againn!



7. Glacann an manach imnídheach gach nídh a
h-órduighthear dó, agus cuireann sé suas leis.



Ní bhíonn ach buaireamh ar muin buairimh ag an manach
faillightheach, patfhuar, agus guais ag brúghadh air ó'n
uile thaobh. Tá sé gan sólás istigh, agus ní'l cead-
uighthe dhó sólás do lorg lasmuich.



An manach ná maireann fé smacht is baoghal dó
aimhleas mór.



An t-é a bheidh a d'iarraidh suaimhnis agus a d'iarraidh
dul ó'n riaghail beidh sé i gcómhnuidhe i dtrioblóid.
Beidh rud éigin i gcómhnuidhe ag cur feirge air.



8. Conus a mhairid na manaigh eile seo go léir atá
dúnta isteach fé smacht daingean? Is anamh a


L. 58


théighid siad amach. Mairid siad go h-uaigneach. Ní
fóghanta é a mbiadh. Bíonn éadach garbh ortha.
Deinid siad a lán oibre. Ní labhraid siad puinn.
Ní chodlaid siad puinn. Eirighid siad moch. Deinid
siad úrnuighthe fada. Léighid siad a lán. Agus
cuirid siad an uile shaghas smachta ortha féin.



Féach na Cartúisínigh, agus na Cistersínigh, agus
manaigh agus mná riaghalta eile, mórán acu, conus
mar a dh'eirighid siad gach aon oídhche chun cantainne
salm a dhéanamh chun an Tighearna.



Ba náireach an bheart duit-se, d'á bhrígh sin, bheith ann-
leisgeamhail san obair bheannuighthe, agus na daoine
naomhtha san go léir ag moladh Dé le fonn.



9. Ó, nách truagh aon nídh eile bheith le déanamh againn
ach bheith ag moladh an Tighearna Dia ó n-ár gcroídhe
agus ó n-ár mbéal go h-iomlán!



Ó, dá mba nár ghádh dhuit choídhche ithe ná ól ná codladh
dhéanamh, ach neart a bheith dhuit ar bheith i gcómhnuidhe
ag moladh Dé, ach amháin nuair a bhéadh gnó spiorad-
álta nó foghluim agat le déanam; nách aoibhinn a
bhéadh an saoghal agat seachas mar atá anois, nuair
atá ort riachtanaisí líonmhara an chuirp d'fhriothálamh.



Is truagh gan na riachtanaisí sin tógtha uainn i
dtreó ná béadh orainn a thógaint ach biadh an anama,
an biadh ná blaisimíd ach go ró anamh.



10. Nuair a bhíonn duine i dtreó ná bíonn aon
bheann aige ar aon nídh cruthuighthe seachas a chéile, ansan
iseadh thosnuigheann sé ar bheann a bheith i gceart aige
ar Dhia. Ansan, leis, iseadh bheidh sé lán tsásta le pé
rud a thuitfidh amach.



An uair sin ní chuirfidh flúirse áthas air, ná ní chuir-
fidh ganachúise mí-shásamh air, mar fágfaidh sé é féin
agus gach nídh eile fé Dhia ar fad, le lán mhainighin,


L. 59


mar is é Dia a chuid an tsaoghal. Mar ní théigheann
aon rud chun báis ná ar neamhnídh ó Dhia, óir tá gach nídh
beó dhó, ag déanamh a thoile ar leagadh súl, gan rígh-
neas.



11. Cuimhnigh i gcómhnuidhe ar an bhfoircheann, agus
ar conus mar ná filleann an aimsir a cailltear.



Ní'l an fhíoraontacht le fagháil agat gan imníomh
agus aireachas.



Má thosnuigheann tú ar bheith patfhuar tosnóchair ar
bheith go h-olc.



Ach má dheineann tú dícheall ar bheith imnídheach tioc-
faidh suaimhneas mór ort, agus ní mhothóchair aon
chruadas san obair, mar beidh grásta Dé agat agus
grádh do'n mhaith.



An t-é atá dúthrachtach, imnídheach, tá sé ollamh do
pé rud a thiocfaidh air.



Is mó de ghníomh cur i gcoinnibh droch mhian agus
dobhailcí 'ná allus mór a chur díot ag déanamh oibre.



An t-é ná seachnóchaidh na peacaí beaga tuitfidh sé,
i ndiaigh ar ndiaigh, ins na peacaíbh móra.



Beidh áthas ort i gcómhnuidhe um thráthnóna má bhíonn
an lá caithte go tairbheach agat.



Bí ag faire ort féin. Bí ad' spriocadh féin. Bí
ad' chómhairliú féin. Pé rud a dhéanfaidh aoinne eile
ná tabhair faillighe ionat féin.



Le bheith dian ort féin iseadh dhéanfair leas t'anama.
Amen.


L. 60


AN TARNA LEABHAR.



CAIBIDIOL A h-AON.



A FÉACH ISTEACH AT' AIGNE FÉIN.



1. Istigh ionaibh atá rígheacht Dé, adeir an Tighearna.
Iompuigh thú féin, ó chroídhe go h-iomlán, ar an
dTighearna. Fág at' dhiaigh an saoghal mí-fhortiúnach
so agus gheóbhaidh t'aigne suaimhneas.



Foghluim conus neamhshuim a chur i n-a bhfuil las-
muich dhíot, agus aire thabhairt d'á bhfuil laistigh agus
chífir go dtiocfaidh rígheacht Dé ionat.



Mar is é rud rígheacht Dé 'ná síothcháin agus áthas
sa Spioraid Naomh, rud ná tugtar do'n droch dhuine.



Tiocfaidh Críost ag triall ort, agus taisbeánfaidh
Sé a shólás féin duit, má bhíonn an teaghlach istigh ollamh
i gceart agat dó.



Laistigh iseadh atá an ghlóire a thaithneann leis, agus
an órnáid go léir, agus laistigh a ghlacann Sé sásamh
ionta.



Is minic a thagann Sé chun an t-é go mbíonn a mhacht-
namh laistigh ann féin; is milis a chómhrádh leis an
nduine sin; is aoibhinn an sólás a thugann Sé dhó; is
mór an suaimhneas aigne a thugann Sé dhó; is uathbhásach an
muintearthas a bhíonn eatartha.



2. Ó, a Chríostaidhe dhílis, ollmhuigh t'anam agus do
chroídhe do'n Chéile seo, ionus go dtiocfadh Sé chúghat
agus go bhfanfadh Sé ionat istigh.



Sidí agat a chaint féin: Má tá grádh ag aoinne dhómh-
sa cimeádfaidh sé mo bhriathar, agus tiocfaimíd ag
triall air, agus déanfaimíd cómhnuídhe i n'fhochair.


L. 61


Leig Críost isteach, d'á bhrígh sin, agus cimeád an
chuid eile go léir amach.



An fhaid a bheidh Críost agat beidh tú saidhbhir. Beidh
do dhóithin ann. Déanfaidh Sé soláthar duit, agus
déanfaidh Sé tairbhe dhuit, agus ní bheidh aon bheann
agat ar dhaoine.



Téigheann atharú ar dhaoine go tiugh, agus caillid
siad orainn; ach fanann Críost ann do shíor, 'n-a
thaca láidir againn go deire.



3. Ní cóir iomad iontaoibhe bheith as an nduine. Tá
sé lag agus tiocfaidh an bás air, pé maith atá ann, pé
cion atá air. Má ghabhann sé i n-ár gcoinnibh anois
a's airís, ní cóir puinn buartha dhéanamh d'á bhárr.



An t-é atá leat indiu b'fhéidir go mbéadh sé ad'
choinnibh amáireach, agus an t-é atá ad' choinnibh indiu
b'fhéidir go mbéadh sé leat amáireach. Iompuighid
siad go minic, ar nós na gaoithe.



Bíodh do sheasamh ar fad ar Dhia. Bíodh grádh agat
dó agus eagla agat roimis. Is É a dhéanfaidh freag-
airt duit, agus déanfaidh Sé dhuit an rud is fearra
dhuit.



Ní'l cathair bhuan agat anso, agus pé áit 'n-a mbeidh
tú ní'l ionat ach deóraidhe iasachta, agus ní bheidh
suaimhneas go deó agat mura mbeidh t'aigne dlúithte
le Críost.



4. Cad chuige dhuit bheith ag féachaint timcheall ort
anso? Ní h-anso atá inead do shuaimhnis. Ar neamh
atá do chómhnuidhe le bheith. Ná tuig go bhfuil agat
'á dhéanamh ar an saoghal so ach ag cur na slíghe
dhíot.



Tá gach nídh ag imtheacht, agus tusa ag imtheacht leó.



Tabhair aire agus ná ceangalaidís díot le h-eagla
go mbéarfaí greim ort agus ná raghfá as.


L. 62


Bíodh do mhachtnamh ar Dhia atá thuas, agus do ghuidhe
chun Críost do ghnáth.



Mura bhfuil ar do chumas machtnamh ar na neithibh
árda a bhaineann le Dia, bí ag machtnamh ar Pháis Chríost.
Bí ag cuimhneamh ar a chréachtaibh agus ar a chneádhaibh.



Má dheineann tú dlúth-mhachtnamh ar chréachtaibh agus
ar chneádhaibh naomhtha an tSlánuightheóra Íosa Críost,
gheóbhair sólás mór ad' thrioblóidíbh féin. Má tugtar
tarcuisne dhuit ní ghoillfidh sé ort. Má deintear
cúlchaint ort ní chuirfir puinn suime ann.



5. Do tugadh tarcuisne do Chríost féin nuair a bhí
Sé ar an saoghal. Do thréigeadh a cháirde agus a dhaoine
muinteartha É nuair a bhíodh Sé i ngéibhinn agus fé
easonóir.



Ba thoil le Críost guais agus easonóir a dh'fhulang,
agus cé h-é thusa go ndéanfá gearán?



Bhíodh daoine ag cúlchaint ar Chríost agus ag cur 'n-a
choinnibh, agus b'áil leat-sa gur cheart gach aoinne bheith
go maith dhuit agus go muinteartha leat!



Conus a bheidh luacht saothair le fagháil agat as
t'fhoidhne, mura mbeidh aon nídh ag gabháil ad' choin-
nibh?



Mura maith leat cur suas le toirmeasg, conus
fhéadfair bheith ad' chara ag Críost?



Dein fulang mar aon le Críost, agus ar son Chríost,
má's maith leat bheith i réim i bhfochair Chríost.



6. Dá dtigeadh leat aon radharc amháin fhagháil ar aigne
Chríost ó'n dtaobh istigh, agus beagáinín d'á dhian-
ghrádh do bhlaiseadh, ní chuirfeá suim ar bith i neithibh an
tsaoghail seo. Ba chuma leat cé'cu leat nó ad'
choinnibh a bheidís. Is amhlaidh a bhéadh áthas ort nuair
a tabharfaí easonóir duit. Tugann grádh Chríost
meas uiríseal do dhuine air féin.


L. 63


An duine a dh'fhéachann laistigh, agus go bhfuil grádh
aige d'Íosa agus do'n fhírinne, agus go bhfuil a
chroídhe féin folamh ó gach dúil ainmheasardha, is féidir
do'n duine sin iompáil chun Dé, agus eirighe go h-árd
os a chionn féin, sa spioraid, agus bheith ar a shuaimh-
neas go tairbheach.



7. An t-é ná tuigeann neithe mar a deirtear iad a
bheith, ná mar a meastar iad a bheith, ach mar atáid ionta
féin, duine eagnaidhe iseadh é sin, do réir na fírinne;
duine nár múineadh ó dhaoine ach do múineadh ó Dhia.



An t-é gur b'eól dó é féin do sheóladh ó'n dtaobh
istigh d'á aigne, agus gan speóis aige ins na neithibh
atá lasmuich dhé, ní gádh dhó bheith choídhche gan a dhóithin
d'am agus d'inead chun oibreacha diadha dhéanamh.



Ní fada an mhoill ar dhuine de'n tsórd san a mhacht-
namh do chruinniú, mar ní sgaoileann sé a aigne
amach go h-iomlán choídhche ar na neithibh a bhíonn las-
muich dhé.



Ní chuireann obair lasmuich d'á aigne cosg le n-a
mhachtnamh. Tagann sé isteach le gach nídh fé mar a
thagann gach nídh air.



An t-é a chimeádann a aigne féin ar dheagh-réir, ní
chuireann sé suim i ngothaíbh daoine eile.



Do réir mar a tharraingeann duine air neithe ná
baineann leis iseadh chuirid na neithe sin amú é.



8. Dá mbéadh t'aigne féin ar dheagh-réir agat, agus í
glan ó ainmhiantaibh, do raghadh gach aon rud chun tairbhe
agus chun leasa anama dhuit.



Cuireann a lán neithe seirbhthean agus buaireamh ort
fós, toisg gan do mheón féin a bheith básuighthe i gceart
agat agus tú gearrtha amach ó'n saoghal so ar fad.



Grádh do neithibh cruthuighthe iseadh is mó a dheineann
truailliú agus toirmeasg do chroídhe an duine.


L. 64


Má dhiúltuigheann tú do shólás ó'n dtaobh amuich, beidh
ar do chumas machtnamh at' aigne ar shólás na bhflathas,
agus beidh sólás agus aiteas agat ó'n dtaobh istigh.



CAIBIDIOL A DÓ.



ÚMHLUIGH THÚ FÉIN.



1. Ná bac puinn cé bheidh leat ná cé bheidh at'
choinnibh, ach dein togha an aireachais go mbeidh Dia
leat ins gach nídh a dhéanfair.



Bíodh an coinsias go maith agat agus ní baoghal
duit ná go gcosnóchaidh Dia thú.



An t-é go mbeidh Dia 'gá chosaint ní fhéadfaidh
mailís aon duine díobháil a dhéanamh dó.



Má fhéadann tusa éisteacht agus rud a dh'fhulang,
dein deimhin dé go bhfeicfir cabhair Dé ag teacht chúghat.



Chíonn Dia féin an t-am ceart agus an módh ceart
chun tú thabhairt saor. D'á bhrígh sin fág thú féin fé
Dhia.



Is ag Dia atá cabhrú linn agus sinn a thabhairt saor
ó gach mearbhall.



Is minic gur fearr-de sinn é, agus gur mór an
t-úmhlú orainn é, má chíonn daoine eile ár ndroch
thréithe, agus má cháinid siad iad.



2. Nuair úmhluigheann duine é féin mar gheall ar a
dhroch thréithibh, maoluigheann sé an fhearg a chuirid siad
ar dhaoine eile chuige, agus sásuigheann sé iad.



Is é an duine úmhal a gheibheann cosaint ó Dhia, agus
saoradh. Is é a gheibheann grádh ó Dhia, agus sólás.
Is chuige a chromann Dia é féin. Is dó a thugann Dia


L. 65


a ghrásta. Nuair a h-íslíghtear é árduigheann Dia
é chun na glóire.



Do'n duine úmhal iseadh do nochtann Dia a rún.
Tarraingeann Dia chuige féin, go caoin agus go grádh-
mhar, an duine úmhal.



Nuair a gheibheann an duine úmhal tarcuisne, bíonn
an tsíothcháin i n'aigne, mar is ar Dhia atá a sheasamh
agus ní h-ar an saoghal so.



Ná meas go bhfuil aon phioc de leas t'anama
déanta agat i gceart go dtí go mbeidh tú níos ísle
at' shúilibh féin 'ná aon duine eile.



CAIBIDIOL A TRÍ.



AN DUINE FÓGHANTA SÍOTHCHÁNTA.



1. Cimeád tú féin síothchánta ar dtúis, agus ansan
beidh ar do chumas daoine eile do tharrang chun na
síothchána.



Is mó an tairbhe a dheineann duine síothchánta 'ná
mar a dheineann fear na foghluma go léir.



Nuair a bhíonn duine fóghanta síothchánta ann, tarr-
aingeann sé gach aon rud chun maitheasa.



Nuair a bhíonn fear teasaidhe ann, tarraingeann sé
gach aon rud chun uilc. Agus is fuiriste leis an t-olc
do chreideamhaint.



An t-é a bhíonn síothchánta i gceart ní bhíonn droch
amhras aige ar aoinne, ach an t-é a bhíonn do-shásta i
n'aigne, neamhfhoidhneach, bíonn droch amhras aige ar
gach aoinne. Ní thugann sé suaimhneas dó féin ná
d'aoinne eile.


L. 66


Abrann sé an focal nár cheart dó a rádh, agus
fágann sé gan déanamh an rud ba mhaith dhó a dhéanamh.



Chíonn sé an rud atá ceangailte ar dhuine eile a
dhéanamh, agus tugann sé faillighe sa rud atá cean-
gailte air féin a dhéanamh.



Bí imnídheach at' ghnó féin ar dtúis. Ansan b'fhéidir
nár mhisde dhuit bheith imnídheach i ngnó do chómharsan.



2. Is eól duit go maith conus do leathsgéal féin a
ghabháil, agus an deabhramh is fearr do chur ar do
ghníomharthaibh, agus ní h-áil leat aon leathsgéal a
ghlacadh ó dhuine eile.



Ba mhó de'n cheart a bhéadh agat dá ndeinteá thú féin
do dhaoradh agus do bhráthair a shaoradh.



Fuiling le cách má's maith leat go ndéanfadh cách
fulang leat.



Féach féin gur fada uait fós fíor-charthanacht agus
fíor-úmhluigheacht. An t-é go mbíonn siad san aige
ní ghlacann sé fearg ná fíoch chun aoinne ach chuige féin.



Ní cóir buidheachas a bheith ort mar gheall ar thú bheith
síothchánta le daoine fóghanta cneasta. Taithneann san
le gach aoinne do réir nádúra. Taithneann an tsíoth-
cháin le gach aoinne, agus bíonn grádh ag daoine do'n
mhuintir a réidhtigheann leó.



Ach maireachtaint go síothchánta i bhfochair daoine
stuacacha, crostálta, ainshrianta, agus iad ag gabháil i
n-ár gcoinnibh; sin grásta mór ó Dhia. Sin gníomh
uasal.



3. Tá daoine ann a chimeádann iad féin go síoth-
chánta agus a bhíonn síothchánta le gach aoinne eile.
Agus tá daoine ann ná fágann síothcháin acu féin ná
ag aoinne eile a theangbhuigheann leó. Crádhaid
siad daoine eile, ach crádhaid siad iad féin níos mó
'ná mar a chrádhaid siad aoinne.


L. 67


Tá daoine ann, leis, a chimeádann iad féin i síoth-
cháin, agus a dheineann dícheall ar dhaoinibh eile do
tharrang chun na síothchána.



Ach pé síothcháin a dh'fhéadfaimíd a bheith againn ar an
saoghal grána so, is le rudaí dh' fhulang go foidhneach a
bheidh sí againn, agus ní le gan neithe ghabháil 'n-ár
gcoinnibh.



An t-é is fearr eolus ar conus fulang a dhéanamh,
siné an t-é is fearr go mbeidh síothcháin aige. Tá buadh
aige sin air féin. Tá smacht ar an saoghal aige. Tá
caradas Chríost aige. Agus beidh neamh mar oighreacht
aige.



CAIBIDIOL A CEATHAIR.



AIGNE GHLAN AGUS INTINN DÍREACH.



1. Sin dá sgiathán le n-a dtógtar an duine suas
go h-árd os cionn neithe saoghalta, aigne ghlan agus
intinn díreach.



Chun Dé atá triall na h-intinne atá díreach. Beir-
eann an croídhe glan greim ar Dhia, agus blaiseann
sé Dia.



Ní chuirfidh aon ghníomh fóghanta aon chlóic ort má
bhíonn do chroídhe istigh glan ó ghrádh chlaon.



An fhaid ná loirgeóchair agus ná beidh uait ach toil
Dé agus tairbhe do chómharsan, beidh t'aigne féin saor.



Dá mbéadh do chroídhe féin díreach bhéadh gach nídh
d'ár chruthuigh Dia 'n-a sgáthán bheatha agat agus 'n-a
leabhar naomh-theagaisg.



An nídh is suaraighe agus is lúgha d'ár chruthuigh Dia
taisbeánann sé mór-mhaitheas Dé.


L. 68


2. Dá mbéadh maitheas agus glaine i gceart ad'
chroídhe, do chífeá gach nídh gan chosg, agus do thuigfeá
gach nídh go maith.



Sroiseann an croídhe glan neamh agus ifrean.



Fé mar atá gach duine laistigh iscadh thabharfaidh sé
a bhreith lasmuich.



3. Má tá aoibhneas ar an dtalamh so, is ag fear an
chroídhe ghlain atá sé.



Agus má tá guais agus buaireamh ann, is ag an
ndroch choinsias atá aithne ortha.



Fé mar a bhaineann an teine an mheirg de'n iarann,
'ghá lasadh tríd agus tríd, sin mar a glantar ó mhairbh-
itighe an duine a dh'iompuigheann go h-iomlán ar Dhia,
agus mar a deintear duine nua dhé.



4. Nuair a thosnuigheann duine ar bheith patfhuar
cuireann beagán oibre eagal air, agus is maith leis
sólás a dh'fhagháil lasmuich dhé féin.



Ach nuair a thosnuigheann sé ar an lámh uachtair
fhagháil air féin i gceart, agus ar ghluaiseacht i slíghe
Dé go fearamhail, ansan ní chuireann sé puinn suime
ins na neithibh a mheas sé ar dtúis a bheith chómh triob-
lóideach.



CAIBIDIOL A CÚIG.



BREITNIÚ AR DHUINE FÉIN.



1. Ní ceart dúinn iomad iontaoibhe bheith againn
asainn féin, mar bíonn grásta Dé i n-easnamh orainn,
agus bíonn ciall i n-easnamh orainn.



Ní'l ach beagán soluis ionainn, agus caillimíd an
beagán san go luath le faillighe.


L. 69


Is minic, leis, ná tugaimíd fé ndeara go bhfuilimíd
chómh dall laistigh.



Is minic a dheinimíd an t-olc, agus ansan deinimíd
olc is measa 'ná é 'ghár gcosaint féin.



Tagann fearg orainn, agus measaimíd gur díogras
do Dhia a bhíonn orainn.



Cáinimíd locht i n-ár gcómharsain, agus ní cháinimíd
locht is measa 'ná é ionainn féin.



Mothuighmíd luath go leór, agus meághmíd, an rud
a thugann duine eile le fulang dúinn, agus ní chuir-
imíd aon tsuim sa rud a thugaimíd-ne le fulang do
dhuine eile.



An t-é a mheághfadh a ghníomh féin i gceart, bhéadh a
mhalairt de chúram air seachas bheith ag breith bhreithe ar
ghníomh duine eile.



2. Is mó ag fear an mhachtnaimh aire thabhairt dó
féin 'ná aire thabhairt d'aon nídh eile, agus an t-é a
thugann an aire cheart dó féin is uiriste dhó gan labh-
airt ar dhaoine eile.



Ní bheidh tú choídhche at' fhear mhachtnuightheach, dhé-
mhóideach, mura n-éistir do bhéal i dtaobh ghnótaí an fhir
thall agus do shúil a dhainginiú ort féin ar fad.



Má bhíonn t' aire ar fad ort féin agus ar Dhia ní
chuirfir mórán suime ins na neithibh a chífir lasmuich
dhíot.



Cá mbíonn tú nuair ná bíonn tú ad' láthair féin?
Agus nuair a bhíonn gach aon rud siúbhalta agat, cad
é an tairbhe dhuit é má bhíonn faillighe tabhartha agat
ionat féin?



Má's mian leat síothcháin a bheith agat agus aondacht
fhírinneach, ní foláir duit gach nídh cile chur i leith-taoibh
uait, agus tú féin amháin do chimeád os cómhair do
shúl.


L. 70


3. Ansan raghaidh tú ar aghaidh go tiugh, má chimeád-
ann tú thú féin ó ghnóthaíbh an tsaoghail seo.



Má bhíonn beann agat ar aon nídh saoghalta, ámhthach,
raghaidh tú i ndiaigh lámha go tiugh.



Ná meas go bhfuil aon nídh mór, ná maith, ná árd, ná
taithneamhach, ach amháin Dia féin, nó nídh éigin a bhain-
eann le Dia.



Meas ná fuil ach neamhnídh i n-aon tsólás a gheibh-
eann tú as aon nídh cruthuighthe.



An Críostaidhe go bhfuil an grádh ceart do Dhia aige,
ní'l aon mheas aige ar aon nídh is lúgha 'ná Dia.



Ní'l sólás aigne ná fíor-áthas croídhe le fagháil ach
amháin Dia, Dia na glóire, Dia atá gan teóra, Dia
atá ins gach uile áit.



CAIBIDIOL A SÉ.



ÁTHAS Ó CHOINSIAS GHLAN.



1. Is é an coinsias glan glóire an deagh-dhuine.
Bíodh an coinsias glan agat, agus beidh áthas ort i
gcómhnuidhe.



Is féidir do'n t-é go bhfuil an coinsias glan aige
mórán a dh'fhulang, agus mórán áthais a bheith air i
n-aimhdheóin cruadhtain.



Nuair ná bíonn an coinsias glan, bíonn eagla ar
an nduine, agus buaireamh.



An t-é go mbíonn an coinsias glan aige codlann sé
go sámh. Ní bhíonn a choinsias ag déanamh buartha dhó.



Ná bíodh áthas ort choídhche ach nuair a bheidh gníomh
fóghanta déanta agat.


L. 71


Ní bhíonn áthas ceart choídhche ar an ndroch dhuine.
Ná ní bhíonn suaimhneas aigne air. Óir, Ní'l suaimh-
neas le fagháil ag an aicme mhalluighthe, adeir an
Tighearna.



Agus má deirid: Taimíd ar ár socaracht. Ní'l
aon droch nídh le teacht orainn. Cé a leómhfaidh díobh-
áil a dhéanamh dúinn? ná creid iad. Mar eireóch-
aidh fearg Dé go h-obann chúcha, agus dísgeóchthar a
saothar, agus raghaid a mbearta ar neamhnídh.



2. Ní deacair do dhuine, nuair a bhíonn grádh Dé
aige, glóire do mhothú i dtrioblóidíbh. Siní glóire
na Croise Céasta.



Glóire dhíombuan iseadh an ghlóire a thugaid daoine
dh'á chéile.



Bíonn dólás ag gabháil i gcómhnuidhe le glóire an
tsaoghail.



Istigh 'n-a gcoinsias féin a bhíonn glóire na bhfíor-
aon, agus ní h-i mbéalaibh daoine.



Ó Dhia a thagann aoibhneas na bhfíoraon, agus is é
Dia is bun leis. Agus is ar an bhfírinne sheasuigheann
a n-áthas.



An t-é go mbíonn dúil aige sa ghlóire shíoruidhe,
ní bhíonn suim aige i nglóire an tsaoghail seo.



Agus an t-é do loirgeann glóire an tsaoghail, nó
do chuireann suim 'n-a leithéid, is maith an cómhartha
san ná fuil an grádh ceart aige do'n ghlóire
shíoruidhe.



Tá suaimhneas mór i gcroídhe an duine gur cuma
leis cé'cu moladh nó cáineadh a gheibheann sé.



Is uiriste suaimhneas aigne bheith ar an t-é go bhfuil
an coinsias glan aige.



Ní chuirfidh thú mholadh tuille naomhthachta ort, ná
ní chuirfidh thú cháineadh olcas ort.


L. 72


Taoi'n tú mar ataoi'n tú, agus ní féidir thú dhéanamh
níos mó 'ná mar a chíonn Dia thú bheith.



Féach féin cad é an saghas tú istigh at' chroídhe féin,
agus is cuma dhuit cad déarfaid daoine at' thaobh.



Chíonn an duine do ghnúis, ach chíonn Dia do chroídhe.



Chíonn an duine do ghníomh, ach meághann Dia an
intinn atá agat.



An gníomh fóghanta dhéanamh i gcómhnuidhe, agus gan
bheith ró mhaoidhteach; sin mar a dheineann an Críost-
aidhe úmhal.



Gan sólás do ghlacadh ó aon nídh cruthuighthe; sin mar
a dheineann an t-é go bhfuil an croídhe glan aige agus
an mhainighin cheart as Dia aige.



4. An t-é ná loirgeann moladh ó dhaoine, is léir go
bhfuil sé 'ghá fhágaint féin fé Dhia ar fad. Óir ní h-é
an t-é a mholann é féin is maith, ach an t-é a gheibheann
moladh ó Dhia.



Siúbhal i bhfochair Dé laistigh; gan grádh a bheith aige
d'aon nídh lasmuich; sin mar a dheineann an Críost-
aidhe a dheineann machtnamh.



CAIBIDIOL A SEACHT.



GRÁDH D'ÍOSA TAR GACH NÍDH.



1. Is aoibhinn do'n t-é go bhfuil 'fhios aige cad é an
nídh grádh bheith aige d'Íosa, agus gan spéis a bheith aige
ann féin, ar son Íosa.



Ní foláir gach grádh eile do thréigean ar son an
Ghrádha so, mar is é toil Íosa go ngrádhfaí É féin tar
gach nídh.


L. 73


Grádh claon, díombuan iseadh grádh do nídh cruth-
uighthe. Grádh dílis seasamhach iseadh grádh Íosa.



An t-é a chlaoidhfidh le neithibh cruthuighthe, tuitfidh sé
leó. An t-é a chlaoidhfidh le h-Íosa, seasóchaidh sé go
deó.



Tabhair grádh d'Íosa, agus bíodh Sé 'n-a dhuine mhuin-
teartha agat, agus nuair a thabharfaidh gach aoinne
druim lámha leat, ní sgarfaidh Sé leat, ach fanfaidh
Sé agat, agus tabharfaidh Sé saor thú sa deire.



Caithfir sgaramhaint leis an saoghal go léir sa deire,
pé olc maith leat é.



2. Cimeád tú féin i bhfochair Íosa, at' bheatha agus
at' bhás, agus bíodh do sheasamh air, mar is É féin
amháin a dh'fhéadfaidh fóirithint ort nuair a chaillfidh gach
aoinne eile ort.



Is é meón Íosa ná fuilingeóchaidh Sé grádh bheith
agat d'aoinne eile. Ní foláir leis do chroídhe bheith
aige féin ar fad, agus É bheith 'n-a shuidhe istigh ann ar
nós an ríogh.



Dá mb'eól duit do chroídhe bheith folamh i gceart
agat ó gach nídh cruthuighthe, ní baoghal ná go mbéadh
Íosa chun cómhnuidhthe ann agat.



Gheóbhair amach ar ball, aon ghrádh a thugais do
dhaoinibh agus nár thugais d'Íosa, go bhfuil sé imthighthe
gan tairbhe uait.



Ná bí ag brath ar ghuagán gaoithe mar theannta;
mar féar iseadh gach feóil, agus tuiteann a glóire
mar a thuiteann bláth an fhéir.



Meallfar thú go luath má 's ó n-a bhféachaint a bhreith-
nigheann tú daoine.



Óir, má loirgeann tú sólás agus tairbhe dhuit féin
i ndaoinibh eile, chífir go mbeidh easnamh ort go
minic.


L. 74


Mura mbeidh uait ach Íosa ins gach uile nídh, ní baoghal
ná go mbeidh Íosa le fagháil agat.



Ach má's tú féin a bheidh uait, is tú féin a gheóbhair,
agus is duit féin is measa.



Mar, an t-é ná loirgeann Íosa, is mó an díobháil
a dheineann sé dhó féin 'ná mar fhéadfadh an saoghal
go léir agus a namhaid go léir a dhéanamh dó.



CAIBIDIOL A h-OCHT.



DLÚTH MHUINTEARTHAS LE h-ÍOSA.



1. Nuair a bhíonn Íosa láithreach bíonn gach nídh go
maith, agus ní feictear deacaracht i n-aon rud. Ach
nuair ná bíonn Íosa láithreach bíonn gach aon rud
cruaidh.



Nuair ná bíonn Íosa ag labhairt linn laistigh, ní
bhíonn i sólás ach seirbhthean. Ach má labhrann Íosa
oiread agus aon fhocal amháin, laistigh, mothuightear
sólás breagh.



Nár eirigh Máire Magdelén láithreach ó'n áit 'n-a
raibh sí ag gol, nuair a dubhairt Marta léi: Tá an
Máighistir anso, agus tá Sé ag glaodhach ort.



Is aoibhinn an tráth nuair a ghlaodhann Íosa ar dhuine
ó shile deór chun áthais spioradálta.



Nách seirgthe, tur, a bhíonn tú nuair ná bíonn Íosa
agat! Nách baoth, folamh, a bhíonn tú nuair a bhíonn
dúil agat i rud éigin lasmuich d'Íosa!



Nách mó de dhonas é sin 'ná dá gcaillteá an domhan
go léir?


L. 75


2. Cad é an tairbhe dhuit an domhan go léir gan Íosa
bheith agat?



Is ifrean bheith gan Íosa. Is flathas aoibhinn Íosa
bheith ag duine.



Má bhíonn Íosa agat ní féidir d'aon namhaid díobháil
a dhéanamh duit.



An t-é a gheibheann Íosa, gheibheann sé saidhbhreas
tairbheach, maitheas atá os cionn gach maitheasa.



Agus an t-é a chailleann Íosa cailleann sé an
iomad ar fad, cailleann sé níos mó 'ná dá gcailleadh
sé an domhan go léir.



Ní'l aoinne chómh dealbh leis an t-é atá ag maireacht-
aint gan Íosa, agus ní'l aon duine chómh saidhbhir
leis an t-é go bhfuil Íosa aige.



3. Eolus mór iseadh a fhios a bheith ag duine conus
cómhrádh dhéanamh le h-Íosa; agus tá ciall ana mhór ag
an t-é go bhfuil 'fhios aige conus Íosa do chimeád aige.



Bí úmhal, síothchánta, agus beidh Íosa agat.



Bí démhóideach, suaimhneasach, agus fanfaidh Íosa
agat.



Tá ar do chumas Íosa do dhíbirt uait go mear, agus
a ghrásta do chailleamhaint, má iompuigheann tú chun
neithe saoghalta.



Agus má dheineann tú É dhíbirt uait agus É chaill-
eamhaint, cé chuige go ruithfir, agus cé bheidh 'n-a dhuine
mhuinteartha agat ansan?



Is deacair duit maireachtaint gan duine muin-
teartha, agus mura mbeidh Íosa 'n-a dhuine mhuin-
teartha tar chách agat, beidh tú go dólásach agus go
h-uaigneach.



Is leamh an obair duit, d'á bhrígh sin, do mhainighin
a bheith agat as aon duine eile, ná áthas a dh'fhagháil i
n-aon duine eile.


L. 76


B' fhearra dhuit go mór an saoghal go léir a bheith
at' choinnibh 'ná fearg do chur ar Íosa.



As a bhfuil de cháirdibh an tsaoghal agat, d'á bhrígh
sin, bíodh Íosa, i gcómhnuidhe, 'n-a chara fé leith agat.



4. Bíodh grádh agat dóibh go léir ar son Íosa, ach
bíodh grádh agat d' Íosa ar a shon féin.



Is d'Íosa Críost amháin is ceart grádh fé leith a
thabhairt, mar is É amháin is maith agus is dílis, tar
chách eile.



Tá ceangailte ort grádh bheith agat do chách uile, idir
charaid agus namhaid, ar son Íosa, agus i n-Íosa. Agus
tá ceangailte ort bheith ag guidhe chun Íosa ar a son
go léir, ionus go gcuirfidís aithne air agus go mbéadh
grádh acu dhó.



Ná h-iarr choídhche moladh fé leith dhuit féin ná grádh
fé leith. Is do Dhia amháin is dual na neithe sin, mar
ní'l ann ach aon Dia amháin.



Ná bíodh dúil agat go mbéadh cion ró mhór ag duine
eile ort. Agus ná bíodh cion ró mhór agat ar aoinne.
Ach bíodh Íosa ionat féin agus ins gach deaghdhuine
agat.



5. Bí glan, saor, ad' chroídhe agus ad' aigne, gan
greim ag aon nídh cruthuighthe ort.



Ní foláir duit bheith nochtaidhthe, agus croídhe glan a
bheith agat, i láthair Dé, má's maith leat caoi bheith agat
ar a thuisgint cad é an sólás atá sa Tighearna.



Agus go deimhin ní thiocfaidh san leat choídhche mura
ndeinidh grásta Dé teacht ort ar dtúis agus tú
tharrang chun Dé; i dtreó go sgaoilfeá uait gach aoinne
eile agus go mbeitheá at' aonar ag Dia.



Mar nuair a thagann grásta Dé chun an duine, bíonn
ar chumas an duine aon nídh is maith leis a dhéanamh.
Ach nuair a dh'imthigheann grásta Dé uaidh, ní bhíonn


L. 77


ann ach duine bocht dealbh, lag, agus gan i n-áirighthe
dhó ach bualadh.



Ansan féin ní cóir dó dul i n-éadóchas ná a mhisneach
do chailleamhaint. Is ceart dó a thoil do chur le toil
Dé, agus gach nídh a dh'fhulang fé mar a thiocfaidh sé,
i n-onóir d'Íosa, mar tagann an ghrian i ndhiaigh na
fearthana; agus tagann an samhradh i ndiaigh an gheimh-
ridh; agus an lá i ndiaigh na h-oídhche; agus an ciúnas
i ndiaigh na gaoithe.



CAIBIDIOL A NAOI.



EASBA GACH SÓLÁIS.



1. Ní deacair neamhnídh dhéanamh de shólás saogh-
alta nuair a bhíonn sólás Dé againn.



Ach is nídh mór, nídh ana mhór, ana dheacair, do dhuine
sólás ó Dhia agus sólás ó dhaoine bheith i n-easnamh i
n-aonfheacht air; bheith toiltheanach, i n-onóir do Dhia,
chun sórd díbirte croídhe a dh'fhulang, agus gan aon
nídh a dhéanamh ar son duine féin, ná cuimhneamh ar
luacht saothair dhuine féin.



Cad é an iongnadh tú bheith soilbhir démhóideach an
fhaid a bhíonn grásta Dé ag cabhrú leat chuige? Taith-
neann an tráth san le gach aoinne.



Tá marcaigheacht shuairc ag duine an fhaid is é grásta
Dé atá 'ghá iomchar.



Agus nuair is é Dia a bhíonn ag iomchar duine agus
ag déanamh eoluis dó, cad é an iongnadh ná mothuigh-
eann an duine sin ualach?



2. Is ana mhaith linn adhbhar sóláis a bheith againn,


L. 78


agus is ró dheacair leis an nduine é féin do chur uaidh
féin.



Do rug an mairtireach naomhtha Labhrás buadh ar
an saoghal, agus do sgar sé le n-a shagart naomhtha.
Níor dhein sé ach neamhnídh do shólás an tsaoghail, agus
tré n-a ghrádh do Chríost d'fhuiling sé an t-árd shagart
Sicstus do thógáilt uaidh, bíodh go raibh ana chion aige
air.



Do bhuaidh sé, le n-a ghrádh do Chríost, ar a ghrádh do
dhuine. Do thogh sé toil Dé roim shólás daona.



Ar an gcuma gcéadna foghluim-se conus sgara-
mhaint le caraid éigin dílis, tré d' ghrádh do Dhia.



Agus má thréigeann do chara thú ná bí ró bhuartha
mar gheall air sin. Caithfimíd go léir sgaramhaint le
n-a chéile sa deire.



3. Ní foláir do'n duine bheith ag troid 'n-a choinnibh
féin go cruaidh, agus ar feadh mórán aimsire, sar a
mbeidh 'fhios aige i gceart conus smacht a chur air féin,
agus a chroídhe do tharrang ar fad chun Dé.



Nuair a bhíonn seasamh dhuine air féin ní deacair
dó sleamhnú chun sóláis daona.



Ach an t-é go mbíonn an grádh ceart aige do
Chríost, agus an dúil cheart aige ins na sobhailcíbh, ní
chromann sé chun sóláis daona ná chun aoibhnis na
beatha so. Is túisge leis deagh-oibreacha cruadha do
dhéanamh, cruadhtain agus annró dh'fhulang, le grádh
do Chríost.



4. D'á bhrígh sin, nuair a thabharfaidh Dia sólás
spioradálta dhuit, glac é agus bí buidheach. Ach bíodh
'fhios agat nách tusa do thuill é, ach gur tabharthas ó Dhia
é.



Ná bíodh mór-is-fiú ort mar gheall air, ná mórtais,
ná uabhar. Ach úmhluigh thú féin mar gheall air, agus


L. 79


tabhair breis aireachais duit féin ins gach nídh d'á
ndéanfair. Bíodh sgáth agus eagal ort, mar imtheóchaidh
an tráth san, agus tiocfaidh tráth an chatha agus an
chruadhtain.



Nuair a tógfar uait an sólás, ná tuiteadh an lug ar
an lag agat. Fuiling an t-easnamh go h-úmhal, agus
fan le casadh an tsóláis ort. Tá ar chumas Dé sólás
is mó 'ná é thabhairt airís duit.



Ní chuireann rud de'n tsórd san aon iongnadh ar
dhaoine go bhfuil taithighe acu ar shlíghe Dé. Ins na
naoimh móra, agus ins na fáidhibh, sa tsean-aimsir,
dheineadh sólás agus dólás uanuigheacht ar a chéile go
minic ar an gcuma san.



5. Deireadh duine acu, nuair a bhíodh an sólás aige:
Dubhart liom féin, i lár na flúirse a bhí agam, Ní
thiocfaidh buaireamh orm choídhche.



Ach nuair a tógadh uaidh an grásta do labhair sé airís:
D'iompuighis uaim do ghnúis, ar seisean le Dia, agus
tháinig buaireamh orm.



Ach, tríd a's tríd, ní théigheann sé i n-éadóchas. Is
amhlaidh a ghlaodhann sé níos déine ar Dhia: Ort-sa, a
Thighearna, a bheidh mé ag glaodhach, adeir sé, agus chun
mo Dhia iseadh chuirfead mo ghuidhe.



Fé dheire gheibheann sé toradh a ghuidhe agus innseann
sé go bhfaigheann: Tá éistithe ag Dia liom, adeir sé,
agus tá truagh tagaithe aige dhom. Tá an Tighearna
'n-a chabhair agus 'n-a chongnamh agam.



Conus san?- Tá mo dhólás iompuighthe chun sóláis
agat, adeir sé, agus tá áthas curtha am' thimcheall
agat.



Má's mar sin a bhí an sgéal ag na naoimh móra ní
ceart do dhaoinibh bochta mar sinne tuitim i n-éadóchas
má leigtear dúinn bheith tamall díograsach agus


L. 80


tamall patfhuar, mar bíonn an Spioraid ag teacht
agus ag imtheacht do réir intinne a thoile féin. Uime
sin adeir Iób naomhtha: Tagann Tú chuige go moch,
agus trialann Tú é go h-obann.



6. Cad air, d'á bhrígh sin, gur ceart dom mo sheasamh
a bheith agam ach ar Dhia? Agus cad as gur ceart dom
mo mhainighin a bheith agam ach a' mór-thrócaire Dé
amháin agus as a ghrásta naomhtha?



Óir, bíodh daoine fóghanta am' thimcheall, agus
bráithre démhóideacha, agus cáirde dílse, agus leabhair
bheannuighthe, agus sgríbhinní breaghtha, agus cantainn
aoibhinn salm, is ró bheag an tairbhe dhom iad go léir
nuair a bhíonn sólás na ngrást imthighthe uaim, agus gan
fágtha agam ach mo dhealbhas féin.



Ní'l aon leigheas ag duine an uair sin ach an fhoidhne,
agus a thoil do chur go h-úmhal le toil Dé.



7. Níor casadh orm riamh fós aon duine a bhí chómh
diadha, chómh démhóideach san, nár mhothuigh sé uaireanta
sólás an ghrásta ag imtheacht uaidh, agus maolú ag
teacht ar a dhíogras.



Agus ní raibh aon naomh a fuair árdú agus soillsiú
spioradálta, nár cuireadh cathana cruadha air roimis
sin nó 'n-a dhiaigh san.



Mar, an t-é ná fuilingeann cruadhtan agus triob-
lóid le grádh do Dhia, ní thuilleann sé na neithe doimhne
a bhaineann le Dia do thaisbeáint dó.



Is gnáth, nuair a thagann an cath, ná bíonn ann ach
cómhartha ar an sólás a thagann 'n-a dhiaigh.



Mar, is do'n mhuintir a trialtar sa chath atá an
sólás geallta: Is do'n t-é a bhéarfaidh buadh, ar
Seisean, a thabharfad biadh de chrann na beatha.



8. Tugtar, leis, sólás ó Dhia i dtreó go mbéadh
an duine níos treise chun an chatha do sheasamh. Ansan


L. 81


tagann an cath air, i dtreó ná glacfadh sé uabhar mar
gheall ar an sólás.



Ní'l an diabhal 'n-a chodladh, agus tá an cholann
beó fós. D'á bhrígh sin bí-se ollamh i gcómhnuidhe do'n
chath. Táid do namhaid ar do chlí agus ar do dheis,
agus ní'l aon tsuaimhneas agat le fagháil uatha.



CAIBIDIOL A DEICH.



BUIDHEACHAS AR DHIA MAR GHEALL AR A GHRÁSTA.



1. Is chun oibre dhéanamh do rugadh thu. Cad chuige
dhuit, mar sin, bheith a d'iarraidh suaimhnis?



Cuir rómhat fulang a dhéanamh níos mó 'ná sólás a
dh'fhagháil. Cuir rómhat an chros a dh'iomchar níos mó
'ná áthas a bheith ort.



Ní h-aon démhóideacht duit sólás do lorg. Ní'l
aoinne de mhuintir an tsaoghail nár mhaith leis sólás
agus áthas spioradálta dh'fhagháil dá bhféadadh sé é.



Mar, is mó go mór an t-aoibhneas atá i sólás
spioradálta 'ná mar atá i n-aon phléisiúr saoghalta,
'na i n-aon phléisiúr a bhaineann leis an gcolainn.



Mar, is neamhnídh, nó is salachar, gach pléisiúr
saoghalta. Pléisiúr spioradálta, ámhthach, is as na
sobhailcíbh a dh'fhásann sé, agus is é Dia a chuireann
isteach i gcroídhe an duine é, agus ní'l aon phléisiúr
eile uasal, glan, ach é.



Ní féidir d'aoinne, ámhthach, an sólás spioradálta
san ó Dhia a bheith aige i gcómhnuidhe, do réir mar is
maith leis, mar ní bhíonn am an chatha abhfad gan teacht.



2. Tá dhá nídh a chuireann i gcoinnibh an tsóláis


L. 82


spioradálta go mór, is iad san iomad sriain d'á
leigint leis an aigne, agus iomad iontaoibhe as duine
féin.



Is maith a dheineann Dia é nuair a thugann Sé grásta
an tsóláis do'n duine, ach is olc a dheineann an duine
é nuair ná tugann sé buidheachas an tsóláis sin ar
fad do Dhia, agus É mholadh mar gheall air.



Siné cúis ná féadaid tabharthaistí na ngrást ruith
chúghainn, mar ní bhímíd buidheach de Dhia mar gheall
ortha, agus ní admhuighmíd gur ó Dhia amháin a gheibhmíd
iad.



Óir, tabharfar na grásta i gcómhnuidhe do'n t-é a
bhéarfaidh buidheachas mar gheall ortha, agus an rud a
tugtar do'n duine úmhal cimeádfar ó fhear an uabhair é.



3. Ní h-áil liom sólás a bhainfeadh díom dólás
croídhe, agus ní'l lorg agam ar dhlúth-mhachtnamh a
tharraingeóchadh mé chun uabhair, b'fhéidir.



Óir ní naomhtha gach árd; ná ní maith gach milis. Ná
ní glan gach dúil; ná ní h-ionmhuin le Dia i gcómhnuidhe
an nídh is ionmhuin linne.



Is áil liom, agus glacaim, an grásta d'úmhlóchaidh
mé agus d'fhágfaidh eagla Dé orm i gcómhnuidhe, agus
d'fhágfaidh mé níos tugtha chun mé féin do thréigean.



An t-é go bhfuil teagasg faghálta aige ó bhronnadh
na ngrást air, agus smachtú ó tharrang na ngrást
uaidh, ní baoghal go mbeidh buidheachas aon mhaitheasa
aige air féin. Admhóchaidh sé ná fuil ann féin ach
duine bocht dealbh, lom.



Tabhair do Dhia an nídh is le Dia, agus cimeád agat
féin an nídh is leat féin. 'Sé sin, tabhair buidheachas
do Dhia mar gheall ar a ghrásta, agus tuig ná fuil
agat féin ach an peaca, agus ná fuil ag dul duit ach
an pionós is dual do'n pheaca.


L. 83


4. Cuir thú féin i gcómhnuidhe san áit is ísle, agus
tabharfar duit an áit is aoirde. Is le chéile a ghabhaid
siad. Ní bhíonn árd gan íseal. Ní bhíonn bárr gan
bun faoi. Agus is ar an mbun a sheasuigheann an
bárr.



Na naoimh is aoirde os cómhair Dé is iad is ísle
os cómhair a n-aigne féin. Agus d'á mhéid a nglóire
iseadh is mó a n-úmhluigheacht. Bíd siad lán de'n
fhírinne agus de'n ghlóire spioradálta, agus ansan
ní bhíonn aon bheann acu ar ghlóire fholamh an tsaoghail
seo.



Bíd siad greamuighthe go daingean ar Dhia, agus
ansan ní bhíonn aon tslíghe 'n-a gcroídhe do mhór-is-fiú.



Agus an mhuintir a thuigeann gur ó Dhia gach uile
nídh, pé tabharthas a bhíonn faghálta acu ní loirgid siad
glóire ó n-a chéile mar gheall air, ach loirgid siad an
ghlóire atá ó Dhia amháin. Is áil leó go molfaí Dia
os cionn gach uile nídh, ionta féin agus ins na naoimh
go léir, agus sin a mbíonn uatha choídhche.



5. Bí-se buidheach nuair a tugtar an beagán duit,
agus tuillfir go dtabharfaí an mórán duit.



Ní h-eadh, ach glac an beagán 'n-a mhórán, agus glac
an suarachas 'n-a thabharthas fé leith.



Féach chun mórdhachta an t-É a thugann duit an tabh-
arthas, agus chífir nách tabharthas beag ná tabharthas
suarach aon nídh a thugann Sé dhuit. Ní beag aon nídh
a gheibhtear ó Dhia na glóire.



Dá mb' iad na pionóisí féin iad, a chuireann Sé
orainn, is ceart dúinn bheith buidheach dé mar gheall
ortha. Is chun leasa ár n-anama a chuireann Sé chúgh-
ainn gach nídh de'n tsórd san d'á leigeann Sé chúgh-
ainn.



An t-é n-ar mian leis grásta Dé chimeád, bíodh sé


L. 84


buidheach de bhárr a bhfaghann sé; foidhneach nuair a
tógtar uaidh é; ag guidhe go dtabharfaí thar n-ais dó
é; úmhal, aireach, le h-eagla go gcaillfeadh sé é.



CAIBIDIOL A h-AONDÉAG.



A LUIGHEAD DAOINE A THUGANN GRÁDH DO
CHROIS ÍOSA.



1. Tá ag Íosa anois a lán daoine go bhfuil grádh acu
do rígheacht Íosa ar neamh, ach fíor-bheagán daoine gur
fonn leó Cros Íosa d'iomchar; a lán atá ag lorg
sóláis, fíor-bheagán atá tugtha do thrioblóidíbh a
dh'fhulang; alán gur maith leó suidhe chun búird i bhfochair
Íosa, fíor-bheagán gur maith leó troscadh dhéanamh i
bhfochair Íosa.



Is maith le gach aoinne bheith séanmhar i bhfochair Íosa.
Ní'l ach beagán gur maith leó pianta dh'fhulang ar a shon.



Is maith le n-a lán Íosa do leanmhaint chómh fada
le briseadh an aráin; ach ní'l puinn gur maith leó dul
chómh fada le cailís na Páise dh 'ól.



Molann a lán a mhírbhuiltí. Ní thaithneann tarcuisne
na croise le puinn.



Tá a lán agus bíonn grádh acu d'Íosa an fhaid ná
gabhann aon rud 'n-a gcoinnibh. Bíd siad 'á mholadh
agus ag breith bhuidheachais leis an fhaid a bíd siad ag
fagháil sóláis uaidh.



Ach má cheileann Sé É féin ortha beagán, agus má
fhágann Sé iad ar feadh tamaill, siúd ag gearán iad
agus ag cásamh, nó ag tuitim i n-éadóchas ar fad.



2. An mhuintir, ámhthach, nách ar son an tsóláis a


L. 85


tugtar dóibh a bhíonn grádh acu d'Íosa, ach ar son Íosa
féin, is ag breith bhuidheachais leis a bhíd siad, pé 'cu
dólás nó sólás a tugtar dóibh.



Agus dá mb'é a thoil naomhtha gan aon bhlúire sóláis
a thabhairt choídhche dhóibh, ní thabharfaidís choídhche dhó ach
moladh agus buidheachas.



3. Ó, cad ná féadann grádh d'Íosa dhéanamh, nuair
a bhíonn sé glan ó ghrádh do dhuine féin nó ó bheith ar
mhaithe le duine féin.



An mhuintir a bhíonn coitchianta ag lorg sóláis, cad
'tá ionta ach lucht tuarastail do lorg?



Nách grádh dhóibh féin, níos mó 'ná do Chríost, atá ag
an muintir a bhíonn ag féachaint i gcómhnuidhe chun a
dtairbhe féin nó chun a sochair féin?



Cá bhfuil an duine le fagháil atá ollamh ar sheirbhís Dé
dhéanamh i n-aisge?



4. Is fánach le fagháil duine chómh spioradálta san
go bhfuil sé lom ó gach nídh.



Cá bhfuil an duine le fagháil atá gan beann ar
shaidhbhreas, agus lom, i n'aigne, ó gach nídh cruthuighthe?
Is fada anonn a luach, chómh fada le h-imeallaibh an
domhain.



Tugadh duine uaidh a chuid an tsaoghal; is neamhnídh
fós é.



Deineadh duine aithrighe mhór; ní'l ann fós ach
suarachas.



Foghlumuigheadh duine iomláine gach eoluis; ní puinn
atá déanta aige fós.



Bíodh fíoraontacht mhór aige, agus díogras, agus
démhóideacht ar lasadh; tá mórán i n-easnamh air fós.
Tá i n-easnamh fós air an nídh is mó n-a bhfuil gádh
aige leis.



Cad é an nídh é sin? Tar éis gach uile nídh a


L. 86


thréigean dó, go dtréigfeadh sé é féin. Go sgarfadh
sé ar fad leis féin. Go bhfágfadh sé é féin agus
ná béadh aon ghrádh feasta aige dhó féin.



Nuair a bheidh gach nídh déanta aige, do réir mar is
dóich leis is ceart dó, tuigeadh sé i n'aigne ná fuil
aon rud déanta aige.



5. Nuair a bheidh gnó mór maith déanta aige, ná
measadh sé an gnó bheith mór ná maith; ach tuigeadh sé
ná fuil ann féin ach seirbhíseach gan mhaith, fé mar adeir
Béal na Fírinne: Nuair a bheidh gach nídh déanta agaibh
atá órduighthe dhaoibh, abraidh, Ní'l ionainn ach seirbh-
ísigh gan mhaith.



Ansan iseadh is féidir dó bheith go dealbh agus go
lom i gceart, sa spioraid, agus a rádh, mar aon leis
an bhFáidh: Aonarán bocht iseadh mise.



Agus fós, ní'l aoinne is saidhbhire, ná is mó cómh-
acht, ná is sgurtha ó cheangalaibh, 'ná an duine sin gur
b'eól dó sgaramhaint le gach aon rud, agus é féin
do chur san áit is ísle.



CAIBIDIOL A DÓ-DHÉAG.



BÓTHAR RÍOGA NA CROISE NAOMHTA.



1. Focal cruaidh, dar le n-a lán, iseadh an focal
so: Tréig thú féin; tóg chúghat do chros, agus lean
Íosa.



Ach beidh sé níos deacra go mór éisteacht leis an
bhfocal deirineach úd: Imthighidh uaim, a dhrong mhall-
uighthe, isteach sa teine shíoruidhe.



Na daoine a dh'éisteann anois leis an bhfocal i


L. 87


dtaobh na croise, ní gádh dhóibh aon eagal a bheith ortha
roimis an bhfocal i dtaobh na teine síoruidhe.



Beidh an cómhartha so na croise ins na flathais nuair
a thiocfaidh an Tighearna ag tabhairt na breithe.



Seirbhísigh na croise, an mhuintir a chaith a mbeatha
do réir Chríost ar an gCrois Chéasta, beid siad go léir
an uair sin lán de mhainighin ag teacht i láthair an
Chríost chéadna agus É ag tabhairt na breithe.



2. Cad é an t-eagal atá ort mar sin an chros do
thógaint chúghat, agus gur b'í a bhéarfaidh isteach sa
rígheacht thú?



Sa chrois atá leas anama. Is inti atá beatha shíor-
uidhe. Is inti atá cosaint ar namhaid. Is í a thugann
sólás ó neamh dúinn, agus neart aigne, agus áthas
anama. Is inti atá bárr gach sobhailce. Is inti ata
críochnú gach naomhthachta.



Ní'l sábháil anama, ná súil le beatha shíoruidhe ach
i gCrois an tSlánuightheóra.



Tóg chúghat do chros, d'á bhrígh sin, agus lean Íosa,
agus sroisfir an bheatha shíoruidhe.



Tá Íosa imthighthe rómhat, ag iomchar a chroise, agus
d'fhuiling Sé bás duit ar an gcrois, i dtreó go
ndéanfá-sa do chros a dh'iomchar agus gur bh'ionmhuin
leat bás ar an gcrois.



Óir, má gheibheann tú bás i n-aonfheacht le h-Íosa,
beidh tú beó i n-aonfheacht le h-Íosa. Agus má bhíonn
tú páirteach 'n-a pheanaid, beidh tú páirteach 'n-a
ghlóire.



3. Féach; is í an chros an nídh go léir. Agus is é an
bás an gnó go léir. Agus ní'l bóthar eile chun na
beatha, ná chun suaimhnis aigne, ach bóthar na croise
naomhtha agus na peanaide chun aithrighe i n-aghaidh an
lae.


L. 88


Eirigh ad' rogha áit, cuardaigh do rogha rud, ní
bhfaighir bóthar níos aoirde thuas ná bóthar níos sábhálta
thíos, 'ná an bóthar san na croise naomhtha.



Riaruigh gach uile nídh do réir do thoile agus do
thuisgiona, agus chífir ná beidh aon dul agat ó rud
éigin a bheith le fulang agat i gcómhnuidhe, pé'cu is
toil leat é nó nách toil. 'Sé sin le rádh, beidh an
chros agat i gcómhnuidhe, pé'cu is maith leat é nó nách
maith.



Beidh teinneas ort ad' bhallaibh beatha, nó beidh
buairt agat le fulang ad' aigne.



4. Uaireanta beidh Dia imthighthe uait. Uaireanta
eile beidh do chómharsa ag cur trioblóide ort. Agus
i n-éaghmuis an méid sin, beidh tú féin go minic ad'
chrádh féin.



Agus mar bhara air go léir, ní bheidh aon leigheas
agat le fagháil, ná aon fhuasgailt. Ní foláir duit
fulang pé faid is toil le Dia é.



Óir is é toil Dé nách foláir duit a dh'fhoghluim conus
buaireamh gan sólás a dh'fhulang, agus conus tú féin
a dh'fhágáilt ar fad i láimh Dé, i dtreó go gcuirfeadh
an fulang breis úmhluigheachta ort.



Ní'l aoinne a thuigeann Páis an tSlánuightheóra chómh
maith leis an t-é a chaitheann rud éigin de'n tsórd
a dh'fhulang.



Tá an chros, d'á bhrígh sin, le fagháil i gcómhnuidhe,
agus tá sí ad' chóir ins gach aon bhall.



Ní'l aon dul uaithi agat pé áit 'n-a ruithfir, mar pé
áit 'n-a ngeóbhair béarfair thú féin leat ann, agus
beidh tú féin agat i gcómhnuidhe.



Féach suas nó féach síos, féach amach nó féach isteach;
gheóbhair an chros ins gach aon bhall; agus ní foláir
duit an fhoidhne dhéanamh ins gach aon bhall, má's maith


L. 89


leat suaimhneas aigne bheith agat, agus an choróinn
shíoruidhe do thuilleamh.



5. Má iomcharann tú an chros go toiltheanach iomcha-
róchaidh sí thú, agus béarfaidh sí léi thú chun na críche
atá uait, chun na h-áite 'n-a mbeidh deire le fulang,
nídh ná beidh anso choídhche.



Má iomcharann tú í i gcoinnibh do thoile, is amhlaidh a
bheidh tú ag déanamh tuille ualaigh duit féin, agus ag
méadú do thrioblóide; agus pé rud a dhéanfair caith-
fir í dh'iomchar.



Má chaitheann tú dhíot cros, ná bíodh aon phioc d'á
mhearbhall ort ná go gcurfar ort ceann eile, ceann a
beidh níos truime, b'fhéidir.



6. An amhlaidh is dóich leat go bhféadfair-se dul ó
nídh nár fhéad aon duine riamh fós dul uaidh? Cá
bhfuil an naomh a ghaibh tríd an saoghal so gan cros
agus buaireamh?



Dá mb'é ár Slánuightheóir Íosa Críost féin é, ní
raibh Sé uair a' chloig d'á bheatha gan dólás: Mar sin,
adeir Sé, níor bh'foláir do Chríost fulang, agus eirighe
ós na mairbh, agus ar an gcuma san teacht isteach 'n-a
ghlóire.



Agus cad ab áil leat-sa bheith ag lorg bóthair eile,
i n-éaghmuis an bhóthair ríoga so, bóthar na croise
naomhtha?



7. Cros agus mairtireacht ab eadh beatha Chríost ar
fad, agus tusa a d'iarraidh suaimhnis agus áthais duit
féin!



Tá dearmhad ort, dearmhad mór, má loirgeann tú
aon rud ach peanaid ar an saoghal so. Ní'l i mbeatha
an duine ar an saoghal so ach peanaid ar fad, agus an
chros ins gach aon bhall ann.



Agus an t-é is doimhne a théigheann sa bheatha spiorad-


L. 90


álta is minic gur b'é a gheibheann na crosa is truime,
mar, tré mhéid a ghrádh do Dhia, is air is cruadha bheith
deighilte ó Dhia.



8. Ach san am gcéadna, i lár na peanaide go léir,
ní'l an duine sin gan gaoth sóláis ag teacht chuige.
Ag fulang na croise dhó tuigeann sé i n'aigne go
bhfuil an sochar spioradálta ag dul i méid dó.



Fuilingeann sé an t-ualach le lán chroídhe, agus ansan
is mainighin as Dia agus súil le sólás a bhíonn aige
i n-inead an ualaigh.



Agus d'á mhéid a cráidhtear an cholann leis an
bpionós iseadh is mó a neartuightear an aigne laistigh
le grásta Dé.



Agus uaireanta, mar gheall ar an ngrádh a bhíonn
ag an nduine do'n tsólás a gheibhtear ó chrois Chríost,
bíonn an neartú aigne a dheineann an fulang agus
an pionós chómh láidir sin nách maith leis an nduine
bheith 'n-a n-éaghmuis. Tuigeann sé i n'aigne d'á
mhéid a dh'fhuilingeóchaidh sé ar son Dé gur b'eadh is
taithneamhaighe a bheidh sé i láthair Dé.



Ní h-ar an nduine is cóir a bhuidheachas san a bheith,
ach ar ghrásta Chríost féin. Tá grásta Dé chómh
cómhachtach san go gcuireann sé fhiachaint ar nádúr
lag an duine, an pionós agus an trioblóid is
fuath leis, do lorg agus do ghlacadh agus d'fhulang,
le díogras.



9. Ní'l sé do réir nádúra an duine an chros
d'iomchar, an chros do ghrádhú, an cholann do smachtú
agus do chur fé chois, diúltú d'onóir, cur suas le
tarcuisne, é féin d'ísliú, agus dúil a bheith aige go
n-ísleóchadh daoine eile é; gach bárthan agus gach díobh-
áil a dh'fhulang le foidhne, agus gan aon lorg a bheith
aige ar tairbhíbh an tsaoghail seo.


L. 91


Féach isteach ionat féin agus chífir ná fuil ar do
chumas i n-aon chor neithe de'n tsórd san a dhéanamh.



Ach má bhíonn do mhainighin as Dia agat tabharfar
duit ó neamh an cumas. Curfar an saoghal agus an
cholann fé smacht do thoile.



'N-a theannta san, má bhíonn arm an chreidimh agat,
agus séala croise Chríost ort, ní h-eagal duit an
namhaid, an diabhal.



10. Cuir rómhat, d'á bhrígh sin, mar a dhéanfadh
seirbhíseach maith dílis le Críost, cros do Tighearna
d'iomchar go fearamhail, ó's ar an gcrois a céasadh É
ar do shon-sa.



Cuir rómhat mórán bárthain agus mórán míochothraim
a dh'fhulang an fhaid a bheidh tú sa bheatha mhí-fhortiúnach
so. Óir sin mar a bheidh agat, pé áit 'n-a mbeir.
Agus sin mar gheóbhair an bheatha so, pé áit 'n-a raighir
i bhfolach.



Ní foláir an sgéal a bheith amhlaidh. Ní'l aon leigheas
ar na trioblóidíbh, ná aon dul uatha, ach iad d'fhulang.



Má's maith leat caradas an Tighearna bheith agat,
agus tú bheith páirteach leis, ól a chailís le grádh
dhó.



Fág fé Dhia na sóláis. Tugadh Sé dhuit iad nó cim-
eádadh Sé uait iad, do réir a thoile naomhtha.



Ach tusa, cuir-se rómhat na trioblóidí dh'fhulang,
agus abair leat féin gur sóláis ana mhóra iad. Óir ní
h-aon chomórtas trioblóidí na h-aimsire atá againn
anso, i n-aice leis an nglóire shíoruidhe a thuillfid siad
duit, bíodh go gcurfaí iad go léir ort féin agus go
bhféadfá féin iad go léir a dh'fhulang.



11. Nuair a bheidh tú i dtreó go mbeidh na triob-
lóidí milis duit, agus go mbeidh dúil agat ionta ar
son Chríost, ní misde dhuit a mheas an uair sin go


L. 92


bhfuil an sgéal go maith agat, mar beidh flathas Dé ar
an dtalamh so agat.



An fhaid a bheidh doicheall roimis an bpionós agat
agus tú ag teitheadh uaidh, beidh an sgéal go h-olc
agat. Is pionós bheith ag teitheadh ó phionós, agus
cimeádfaidh an pionós san suas leat i gcómhnuidhe.



12. Má shocaruigheann tú t'aigne, mar is ceart
duit í shocarú, ar an bpionós a dh'fhulang, agus ar an
mbás a dh'fulang, beidh an sgéal go maith agat gan
a thuille ríghnis, agus beidh suaimhneas ort.



Dá dtógtaí suas tú, mar a tógadh Pól, go dtí an
tríomhadh flathas, ní chuirfeadh san tú ó neithe bheith le
fulang agat: Taisbeánfad-sa dhó san, adubhairt
Íosa, cad iad na neithe móra atá le fulang aige ar
son m'ainime.



Tá ort pionós a dh'fhulang, d'á bhrígh sin, má's maith
leat grádh bheith agat d'Íosa agus a thoil do dhéanamh
i gcómhnuidhe.



Ó, dá mb' fhiú thú go dtabharfaí nídh dhuit le fulang
ar son ainime Íosa! Cad í an ghlóire le méid a bhéadh
d'á bhárr agat! Cad é an t-áthas a churfá ar aingeal-
aibh Dé! Cad é an deagh-shampla thabharfá do'n
chómharsain!



Mar, molann gach aoinne an fulang, bíodh gur
fánach duine gur maith leis fulang a dhéanamh.



Agus go deimhin ba chóir duit-se roinnt bheag
a dh'fhulang ar son Chríost, nuair a chíonn tú na
slóighte ag fulang pionóisí móra ar son an tsaoghail
seo.



14. Tuig an méid seo go cruinn. Beatha báis
iseadh is ceart duit-se chaitheamh. Dá mhéid a bhásuigh-
eann duine a bheatha féin iseadh is mó a thosnuigheann
sé ar bheith beó chun Dé.


L. 93


Ní'l aoinne oireamhnach chun neithe spioradálta do
bhreithniú ach an t-é a dh'ísligheann é féin chun triob-
lóidí dh'fhulang ar son Chríost.



Ní'l aon rud is taithneamhaighe i láthair Dé, ná is
tairbhighe do dhuine féin, 'ná neithe dh'fulang go foidh-
neach ar son Chríost.



Dá mbéadh do rogha le fagháil agat, b'fhearra dhuit
fulang ar son Chríost do thogha 'ná mórán sóláis do
thogha, mar do dhéanfadh an fulang thú cosmhail le
Críost féin, agus leis na naoimh.



Mar ní h-iad an sólás spioradálta agus an mhís-
leacht a thuillfidh luacht saothair dúinn ná a dhéanfaidh
leas anama dhúinn, ach fulang pian agus fulang
trioblóidí le foidhne iseadh dhéanfaidh é.



15. Dá mbéadh aon nídh eile níb' fhearr agus níba
thairbhighe chun na cine daona dh'fhuasgailt 'ná pianta
dh'fhulang ar a shon, do thaisbeánfadh ár Slánuightheóir
dúinn an nídh sin, le briathar agus le gníomh.



Is é rud a thaisbeáin Sé go soiléir d'á dheisgiobulaibh
a bhí 'ghá leanmhaint, agus do ghach duine gur mian leis É
leanmhaint, 'ná gur bh'é a leas an chros a dh'iomchar:
Má's mian le h-aoinne teacht am' dhiaigh-se, ar Seisean,
tógadh sé chuige a chros agus leanadh sé Mé.



Tar éis gach nídh do léigheadh agus do bhreithniú, d'á
bhrígh sin, ní féidir a rádh sa deire ach, gur tré mhórán
trioblóidí a chaithfimíd dul isteach i rígheacht Dé.


L. 94


AN TRÍOMHADH LEABHAR.



CAIBIDIOL A h-AON.



SÓLÁS CROÍDHE.



1. Éistfead leis an nídh a labharfaidh an Tighearna
Dia ionam.



Is aoibhinn do'n Chríostaidhe a bhíonn ag éisteacht
leis an dTighearna ag labhairt istigh 'n-a chroídhe, agus
d'airigheann focal an tsóláis ó n-a bhéal.



Is aoibhinn do'n chluais a ghlacann an cogar san ó
Dhia, agus ná cuireann suim ar bith i gcogarnach an
tsaoghail seo.



Is dearbh gur b'aoibhinn do'n chluais sin ná bíonn
ag éisteacht le gleó an tsaoghail lasmuich, ach le guth
na fírinne ag teagasg laistigh.



Is aoibhinn do'n tsúil a bhíonn dúnta dos na neithibh
atá lasmuich agus ag féachaint go géar ar na neithibh
laistigh.



Is aoibhinn do'n mhuintir a thuigeann na neithe laistigh,
agus a bhíonn ag déanamh a ndíchill, ó lá go lá, ar iad
féin d'ollmhú chun gnóthaí diamhara Dé do thuisgint
níos fearr.



Is aoibhinn do'n mhuintir a bhíonn ag tnúth go bhfaigh-
dís caoi ar iad féin a thabhairt suas do Dhia, agus ag
caitheamh gach ceangail saoghalta dhíobh.



Is cóir dom féin cuimhneamh anois ar na neithibh seo,
agus dóirse m'ainmhian do dhúnadh, i dtreó go bhféad-
fad éisteacht le pé nídh a labharfaidh mo Tighearna Dia
istigh ionam.


L. 95


2. An Tighearna.- Seo mar adeir do Ghrádh ionmhuin,
do shíothcháin agus do bheatha: Is mise do Shlánuightheóir.



Fan am' fhochair-se agus beidh suaimhneas agat.
Sgaoil chun siúbhail uait neithe saoghalta. Loirg na
neithe atá síoruidhe.



Cad 'tá i neithibh an tsaoghail seo go léir ach feall?
Agus cad é an tairbhe dhuit ar chruthuigh Dia má bhíonn
tú i n-éaghmuis Dé féin?



Caith uait, d'á bhrígh sin, gach aon rud ach Dia, agus
dein thú féin taithneamhach i láthair Dé, agus bí dílis do
Dhia, agus ansan iseadh bheidh fíor-áthas ort.



CAIBIDIOL A DÓ.



LABHRANN AN FÍRINNE LAISTIGH, GAN FOTHRAM
CAINTE.



1. An Dalta.- Labhair, a Thighearna, mar tá do
sheirbhíseach ag éisteacht leat.



Is mise do sheirbhíseach. Tabhair dom tuisgint ionus
go dtuigfinn do ráidhte. Claon mo chroídhe chun
briathar do bhéil. Sileadh t'urlabhra ar nós na drúchta.



Deireadh clann Isráél fadó le Maois: Labhair-se
linne, agus éistfimíd leat; ná labhradh an Tighearna
linn, le h-eagla go bhfaighmís bás.



Ní h-í sin mo ghuidhe-se, a Tighearna. Ní h-í go
deimhin. B'fhearr liom a rádh leat, go h-úmhal agus
go dúilmhar mar adubhairt Samúél: Labhair, a Thigh-
earna, mar tá do sheirbhíseach ag éisteacht leat.



Ná labhradh Maois liom-sa, ná aoinne des na fáidhibh,
ach labhair-se féin liom a Tighearna Dia, ó 's Tú thug
eolus agus solus dos na fáidhibh go léir.


L. 96


Is féidir duit-se, gan aon chongnamh uatha-san, gach
eolus a thabhairt dom, agus gan Tusa ní féidir dóibh-
sin aon nídh dhéanamh.



2. Is féidir dóibh, gan amhras, guthana na bhfocal do
chur amach, ach ní bhronnaid siad an spioraid.



Labhraid siad go h-áluinn, ach mura labhrair-se ní
chuirid siad an croídhe tré theine.



Tugaid siad uatha an sgríbhinn, ach is Tusa do nocht-
ann an chiall. Cuirid siad amach na neithe diamhara,
ach is Tusa a dh'innseann cad é an brígh a bhíonn leis na
neithibh sin.



Innsid siad dúinn na h-aitheanta, ach is Tusa a
thugann an neart dúinn chun na n-aitheanta chimeád.



Taisbeánaid siad an bóthar dúinn, ach is Tusa a
thugann an siúbhal dúinn.



Oibrighid siad-san ó'n dtaobh amuich, ach is Tusa a
thugann teagasg agus solus do'n chroídhe.



Leigid siad-san an t-uisge, ach is Tusa a thugann an
fás.



Labhraid siad-san i bhfoclaibh árda, ach is Tusa a
thugann dúinn ciall a dh'aireachtaint sa chaint.



Nár bh'é Maois, d'á bhrígh sin, a labharfaidh liom-sa,
ach Tusa, a Tighearna Dia, a Fhírinne Shíoruidhe, le h-eagla
go raghainn chun báis, agus go mbeinn gan tairbhe, dá
mba ná faghainn ach cómhairle ó'n dtaobh amuich, gan
aon lasadh laistigh.



I dtreó ná curfaí am' leith sa bhreitheamhantas an
focal a chloiseas agus nár chómhlíonas; an focal a
thuigeas agus nár ghrádhuigheas; an focal a chreideas
agus nár chimeádas.



D'á bhrígh sin, labhair-se liom, a Tighearna, mar tá
do sheirbhíseach ag éisteacht leat. Is agat-sa atá
bréithre na beatha síoruidhe.


L. 97


Labhair-se liom; mar shólás ar m' aigne; chun mo
bheatha go léir do leasú; agus i dtreó go dtabharfaí
moladh agus glóire agus onóir duit-se ar feadh na
síoruidheachta.



CAIBIDIOL A TRÍ.



IS CEART BRÉITHRE DÉ DO GHLACADH LE
h-ÚMHLUIGHEACHT.



1. An Tighearna.- Éist, a mhic, le m' bréithribh-se.
Is bréithre ana mhísle iad. Tá buadh acu, i n-eagna,
ar lucht eoluis agus ar lucht eagna an domhain seo.



Is spioraid agus is beatha mo bhréithre-se, agus ní
féidir do'n aigne dhaona léirmheas a dhéanamh ortha.



Ná tarraingtear chun baoise ná chun mór-is-fiú iad,
ach éistthear go ciúin leó agus glactar go ró úmhal
agus go ró chneasta iad.



2. An Dalta.- Agus dubhart: Is aoibhinn do'n t-é
go dtabharfair-se teagasg dó, a Thighearna, agus go
múinfir as do dhlíghe é, ionus go dtabharfair bogadh
dhó ós na droch laethibh agus ná beidh sé i n-uaigneas ar
an saoghal.



3. An Tighearna.- Is Mise (adeir an Tighearna) do
theagaisg na fáidhe ó thusach, agus go dtí so ní stadaim
ach ag labhairt le gach duine; ach tá a lán ná h-éisteann
le m' ghuth ach go bodhar agus go dúr.



Tá a lán agus is fearr leó go mór éisteacht leis
an saoghal 'ná éisteacht le Dia. Is usa leó droch
mhian a gcolann féin do leanmhaint 'ná toil Dé do
leanmhaint.



Geallann an saoghal maitheasaí saoghalta, agus is


L. 98


suarach le rádh iad, agus deintear seirbhís an tsaoghail
le fonn mór agus le flosg. Geallaim-se maitheasaí
móra, maitheasaí síoruidhe, agus fós ní bhíonn flosg
ná fonn ar dhaoine chun mo sheirbhíse dhéanamh.



Cá bhfuil an t-é a dheineann mo sheirbhís-se chómh dúth-
rachtach agus a deintear seirbhís do'n tsaoghal agus do
thighearnaíbh an tsaoghail?



Bíodh náire ort, a Shídón, adeir an mhuir; agus má
fhiafruigheann tú cad é an chúis, sidé agat é.



Siúbhaltar bóithre fada chun teacht suas le beagán
de shaidhbhreas an tsaoghail seo. Is minic gur b'ar
éigin a bogtar cos ó'n dtalamh chun na beatha síoruidhe
do chur i n-áirighthe.



Loirgtear go cruaidh fagháltas suarach. Bíonn
aighneas grána go minic mar gheall ar aon phingin
amháin. Deintear saothar do ló agus d'oídhche ar son
baoise éigin, nó ar son suarachais éigin a gealladh,
agus ní bhíonn aon leisge ar na daoine a dheineann é.



4. Ach, mo náire agus mh'aithis é! Bíonn leisge
ar dhuine aon bheagáinín saothair a dhéanamh ar son na
maitheasa atá gan claochlódh, ar son an tuarasdail
atá thar gach saidhbhreas, ar son na h-onóra agus na
glóire atá síoruidhe.



Bíodh náire ort, d'á bhrígh sin, a sheirbhísigh na leisge
agus an ghluaireáin, a rádh gur fearr iad súd chun
oibre an bháis 'ná tusa chun oibre na beatha.



Is mó an t-áthas a gheibhid siad súd i ngnó na baoise
'ná mar a gheibheann tusa i ngnó na fírinne.



Cailltear ortha súd uaireanta, agus an rud go
mbíonn a súil leis ní bhfaighid siad é. Ní chailleann
mo gheallamhaint-se ar aoinne, ná ní curtar chun
siúbhail folamh an t-é go mbíonn a mhainighin asam.



An rud a gheallas-sa tabharfad uaim é. An rud


L. 99


atá ráidhte agam cómhlíonfad é. 'Sé sin, má leantar,
go deire, dílis dom i ngrádh.



Is Mise thugann a thuarasdal do gach fíoraon, agus
do thrialann go láidir gach duine démhóideach.



5. Sgríbh-se mo bhréithre istigh ad' chroídhe, agus
breithnigh iad go cruinn, mar beidh gádh agat leó go
cruaidh i n-am an chatha.



An rud ná tuigeann tú agus tú 'á léigheadh, tuigfir
é nuair thiocfad ar chuaird chúghat.



Is gnáth liom teacht ar chuaird chun na bhfíoraon ar
dhá shlíghe, .i. 'ghá dtriail, agus ag tabhairt sóláis dóibh.



Agus léighim dhá cheacht dóibh gach lá, ceacht ag lochtú'
a ndobhailcí, agus ceacht 'ghá ngríosadh chun breis so-
bhailcí.



An t-é go bhfuil mo bhréithre-se aige agus a dhein-
eann neamhshuim díobh, tá nídh aige a thabharfaidh breith
damanta air an lá déanach.



GUIDHE



a d'iarraidh grásta na démhóideachta.



A Tighearna Dia, is Tusa mo chuid an tsaoghal. Agus
cé h-é mise chun a rádh go mbéadh sé de dhánacht ionam
labhairt leat? Mise do sheirbhíseach beag dealbh,
agus ní'l ionam ach péistín gan áird, atá níos dealbha
agus níos suaraighe go mór 'ná mar is eól dom féin
agus 'ná mar a leómhfainn a rádh.



Ach cuimhnigh, a Tighearna, gur neamhnídh mo chumas,
gur neamhnídh mo shealbhas, gur neamhnídh mé féin.



Is Tusa amháin is maith. Is Tusa amháin atá ceart.
Is Tusa amháin atá naomhtha. Is ar do chumas atá gach
nídh dhéanamh; gach nídh do bhronnadh; gach nídh do líonadh.
Ní fhágann Tú folamh ach an peacach.


L. 100


Cuimhnigh ar do mhór thrócaire féin, agus líon mo
chroídhe-se de d' ghrásta, ó's leat ná taithneann do
shaothar féin a bheith folamh.



Conus is féidir dom cur suas le bheith am' beathaidh
i n-aon chor ar an saoghal mí-fhortiúnach so, mura
ndeinidh do thrócaire-se agus do ghrásta neart a thabh-
airt dom?



Ná h-iompuigh uaim do ghnúis. Ná cuir do chuaird
chúgham ar cáirde. Ná cimeád uaim do shólás, le
h-eagla ná béadh ionam duit ach mar bhéadh talamh gan
uisge.



A Thighearna, múin dom conus do thoil a dhéanamh.
Múin dom conus mé féin d'iomchar go h-úmhal agus
go stuama ad' láthair, óir is Tú m'eagna, is agat-sa
atá aithne orm go fírinneach, agus bhí aithne agat orm
sar ar cruthuigheadh an domhan, agus sar ar cuireadh ar
an saoghal so mé.



CAIBIDIOL A CEATHAIR.



SINN FÉIN DO CHIMEÁD I BHFÍRINNE AGUS
I N-ÚMHLUIGHEACHT I LÁTHAIR DÉ.



1. An Tighearna.- A mhic, siúbhail-se sa bhfírinne os
mo chómhair, agus loirg Mé i gcómhnuidhe le croídhe
gan chaime.



An t-é a shiúbhlann os mo chómhair-se sa bhfírinne
cimeádfar saor é ó dhroch theangbháil, agus tabhar-
faidh an fhírinne saor é ó mhealltóiríbh agus ó thromaidh-
eacht na ndroch dhaoine.



Má shaorann an fhírinne thú beidh tú saor dáiríribh,
agus ní bheidh suim agat i bhfoclaibh baotha daoine.


L. 101


An Seirbhíseach.- A Thighearna, is fíor é. Aithchim ort
a bheith agam mar a deirir. T' fhírinne-se, go múinidh
mé, go gcosnaidh mé, go mbeiridh saor mé sa deire
chun na beatha síoruidhe.



Go saoraidh an fhírinne sin mé ó gach greann nách
fóghanta, ó gach grádh claon, agus ansan siúbhlóchad
leat-sa agus beidh mo chroídhe ana shaor ó gach ceangal.



2. An Tighearna.- Múinfead-sa dhuit, adeir an
Fhírinne, na neithe atá ceart, na neithe atá taithneamhach
am' láthair.



Cuimhnigh le fuath agus le dólás ar do pheacaíbh,
agus ná meas choídhche go bhfuil aon tairbhe ionat de
bhárr deagh-oibreacha.



Ní'l ionat ach peacach. Siní an fhírinne. Agus
taoi 'n tú lán de dhroch mhianaibh agus iad greamuighthe
ionat.



Uait féin, is chun neamhnídh atáir tugtha i gcómhnuidhe.
Is luath ar lár tú. Is tapaidh a buaidhtear ort. Is
luath a suaitear thú. Is luath a coirthear thú.



Ní'l agat aon nídh gur féidir duit maoidheamh as,
agus tá mórán neithe agat chun ceann-fé chur ort.
Taoi'n tú níos laige go mór 'ná mar is féidir duit
a thuisgint.



3. D'á bhrígh sin ná meas gur rud mór aon rud a
dheineann tú.



Ná meas aon nídh bheith mór, ná luachmhar, ná áluinn,
ná creideamhnach, ná uasal, ná greanta, ná grádhmhar,
ach nídh éigin atá síoruidhe.



Bíodh do ghreann thar gach uile nídh, ar an bhFírinne
shíoruidhe, agus bíodh do mhíghreann i gcómhnuidhe ar
do neamhthairbhe féin.



Bíodh níos mó eagla agat roime do pheacaí féin,
agus roime do dhroch mhianta féin, 'ná roim aon nídh


L. 102


eile. Bíodh fuath agat dóibh thar gach nídh eile. Séan
iad thar gach nídh eile. Tuig gur mó an díobháil duit
iad 'ná aon díobháil saoghalta.



Tá daoine agus ní dílis a siúbhal os mo chómhair. Le
h-uabhar agus le dúil i n-eolus ní foláir leó na neithe
diamhara a bhaineann liom do thuisgint, neithe doimhne a
bhaineann le Dia do sgrúdú, agus deinid siad
faillighe de leas a n-anama féin.



Tuitid a leithéidí sin i gcathanaibh móra agus i bpeac-
aíbh troma, mar gheall ar a n-uabhar féin agus ar a
ndúil i n-eolus, agus Mise bheith ag cur 'n-a gcoinnibh.



4. Bíodh eagal ort roim bhreitheamhantas Dé. Bíodh
sgannradh ort roim fheirg Dé an uile chómhacht. Ach
seachain agus ná bí ag sgrúdú agus ag iniúchadh ar
ghnóthaíbh Dé an uile chómhacht. Féach chun do pheacaí,
agus dein iad do sgrúdú go maith. Féach ar na droch
neithibh atá déanta agat, agus ar na neithibh fóghanta
go léir atá fágtha gan déanamh agat.



Tá daoine agus i leabhraibh iseadh bhíonn a gcuid
démhóideachta acu. Tá daoine agus i n-íomhághaibh
iseadh bhíonn a gcuid démhóideachta acu; nó i gcómh-
arthaibh sóird; nó i soluídíbh.



Tá daoine agus bím-se 'n-a mbéal acu, ach ní puinn
a bhím 'n-a gcroídhe acu.



Tá daoine eile go bhfuil an solus acu 'n-a n-aigne
agus an croídhe glan acu, agus is i neithibh síoruidhe
a bhíonn a ndúil i gcómhnuidhe. Is beag ortha trácht
ar neithibh saoghalta. Le doiligheas a dheinid siad
friothálamh na colna ins na neithibh riachtanacha. Tuigid
na daoine sin an chaint a labhrann Spioraid na Fírinne
istigh 'n-a gcroídhe.



Óir múineann Sé dhóibh neamhshuim i neithibh saoghalta
agus greann ar neithibh na síoruidheachta; faillighe a


L. 103


dhéanamh de'n tsaoghal so, agus a ndúil go leir, do
ló agus d'oídhche, do chur i n-aoibhneas na bhFlathas
a bheidh acu ar an saoghal eile.



CAIBIDIOL A CÚIG.



AN TORADH IONGANTACH A THAGANN Ó GHRÁDH
DÉ.



1. Moladh go deó leat-sa, a Athair Shíoruidhe na
bhflathas, a Athair mo Tighearna Íosa Críost, toisg go
mba dheónuightheach leat cuimhneamh ar chréatúir bhocht
mar mise.



Ó, a Athair na trócaire, a Dhia gach sóláis, bheirim
a bhuidheachas leat, ó's mise nách fiú mé go dtabharfaí
aon bhlúire sóláis dom, go dtugann Tú ar uairibh
roinnt sóláis dom.



Moladh agus glóire leat do shíor, agus le t' Aon
Mhac féin, agus leis an Spioraid Naomh, an Sólásaidhe,
tré shaoghal na saoghal.



A Thighearna Dia, a Stór, a ghrádh naomhtha m'anama,
nuair a thiocfair-se isteach am' chroídhe beidh áthas ins
gach aon bhall laistigh.



Is Tusa mo ghlóire agus gáirdeachas mo chroídhe. Is
Tú mo dhóchas agus mo sgiath dín lá mo chruadhtain.



2. Ach toisg gan mé bheith fós ach lag at' ghrádh, agus
gan mé bheith foirbhthe i bhfíoraontacht, tá gádh agam le
neart agus le congnamh uait. D'á bhrígh sin tar go
minic chúgham agus teagaisg mé i sgoluigheacht
naomhtha.


L. 104


Fuasgail mé óm' dhroch mhianaibh agus leighis mo
chroídhe ó gach grádh claon, i dtreó go mbeidh mé glan,
leighiste laistigh, agus ansan go mbeidh mé oireamhnach
ar ghrádh thabhairt duit, láidir chun neithe d'fhulang ar
do shon, seasamhach i ndílse dhuit.



3. An Tighearna.- Nídh mór iseadh grádh; maith ana
mhór iseadh é. Deineann sé gach trom éadtrom.
Fuilingeann sé réidh agus aimhréidh mar a chéile.



Baineann sé an mheaghchaint as an ualach, agus dein-
eann sé gach searbh milis, deigh-bhlasta.



Tá grádh d'Íosa uasal. Comáineann sé duine chun
oibreacha móra. Gríosann sé duine chun na neithe is
fearr do thogha i gcómhnuidhe.



Suas is maith leis an ngrádh san bheith ag dul, níos
aoirde, agus bheith saor ó cheangalaibh an tsaoghail seo.



Sgurtha is maith leis an ngrádh san bheith, gan aon
bhaint aige le grádh an tsaoghail seo, le h-eagla go
ndéanfaí aon lagú air; le h-eagla go ndéanfadh tairbhí
an tsaoghail seo aon ghreim a bhreith air, nó go gcuir-
feadh mí-ádh an tsaoghail seo aon chlóic air.



Ní'l nídh ar bith is mísle 'ná an grádh san. Ní'l
nídh ar bith is treise 'ná é. Ní'l nídh ar bith is aoirde
'ná é. Ní'l nídh ar bith is fairsinge 'ná é. Ní'l nídh
ar bith is aoibhinne 'ná é, ná is iomláine 'ná é, ná is
fearr 'ná é, ar neamh ná ar talamh; mar is ó Dhia féin
a thagann sé, agus ní féidir dó socarú ach ar Dhia féin,
thar gach nídh d'ár chruthuigh Dia.



4. An t-é go bhfuil an grádh san 'n-a chroídhe sgeinn-
eann sé, ruitheann sé, le h-áthas chun Dé. Tagann
sé chun Dé uaidh féin. Ní'l greim ná ceangal air.



Tugann sé uaidh gach uile nídh chun gach uile nídh a
dh'fhagháil, agus bíonn gach uile nídh aige ins gach uile
nídh, mar bíonn sé ar a shocaracht sa n-aon nídh amháin


L. 105


atá os cionn gach uile nídh, an t-Aon ó n-a dtagann
agus ó n-a ngluaiseann gach maith.



Ní chun na dtabharthaistí a dh'fhéachann sé, ach chun Dé,
a bhronnann na tabharthaistí, mar is fearr Dia féin
'ná aon tabharthas.



Is minic ná cuireann sé aon tsrian le n-a ghrádh.
Sgaoileann sé a shrian féin le n-a ghrádh.



Ní mhothuigheann an grádh san ualach. Ní mhothuigheann
sé duadh. Tá a mhian abhfad amach roime n-a dhícheall.
Is cuma leis cad is féidir ná cad nách féidir. Is
féidir leis féin gach nídh dar leis, agus is ceaduighthe
dhó gach nídh.



Tá an grádh san ábalta ar aghaidh a thabhairt ar gach
aon rud, agus deineann sé a lán neithe agus cuireann
sé chun cinn iad, nuair a thuitfeadh a lug ar a lag ag an
t-é ná béadh an grádh san aige.



Deineann an grádh san faire. Ní chuireann codla
suan air. Ní chuireann saothar tuirse air. Ní chuir-
eann brúghadh cúmhngarach air. Ní chuireann eagla
buaireamh air. Is cuma é nó an lasair bheó ag eirighe
suas sa spéir agus ná cuireann aon rud aon chosg léi.



An t-é go bhfuil grádh Dé 'n-a chroídhe, is eól dó
cad 'deir an guth san, grádh Dé.



Guth árd i gcluasaibh Dé iseadh grádh do Dhia i
gcroídhe an duine nuair adeir an duine: Mo ghrádh
thu, a Thighearna Dia! Is Thú mo ghrádh. Is liom-sa
Tusa ar fad. Is leat-sa mise ar fad.



GUIDHE



a d'iarraidh gradha Dé.



An Seirbhíseach.- Leathanuigh mé ad' ghrádh, ionus
go dtuigfinn conus mísleacht agus áineas an ghrádha


L. 106


san do bhlaiseadh agus do bhreithniú, i mbéal mo chroídhe
laistigh, agus go mbeinn túmtha, leachta ann.



Greamuighthear mé ad' ghrádh, agus mé ag eirighe os
cionn mo ghustail féin le neart díograis agus
dásachta.



Go gcanad cantainn do ghrádha. Go leanad Tusa,
a Ghrádh dhil, suas go h-árd. Go dtugaidh mo chroídhe a
neart go léir chun do mholta le mian agus le mór-ghrádh.



Go ngrádhad Thú níos mó 'ná mé féin, agus nár
ghrádhad mé féin ach ar do shon-sa, agus go ngrádhad
ionat-sa gach duine go bhfuil grádh aige duit-se
go fíor, ó is é sin dlíghe an ghrádha, ag taithneamh
asat-sa.



An Tighearna.- Bíonn grádh mear, dílis, cráibhtheach,
caomh, aobhdha, láidir, foidhneach, fíor, fadaradhnach,
fearamhail, gan féachaint choídhche chun a thairbhe féin.
Óir, nuair is chun a thairbhe féin a bhíonn duine ag
féachaint, claonann sé ó'n ngrádh.



Bíonn grádh Dé aireach air féin. Bíonn sé úmhal.
Bíonn sé macánta díreach. Ní bhíonn sé bog, ná
neamhshuimeamhail, ná tugtha do neithibh baotha. Bíonn
sé measardha, cáidh, seasamhach, suaimhneasach, agus
bíonn cosnamh aige ar na céadfadhaibh go léir.



Bíonn grádh Dé úmhal, fomósach d'uachtaránaibh, gan
mór-is-fiú, gan maoidheamh as féin, sásta le toil Dé,
agus lán de mhainighin as Dia, dá mb'é an uair sin féin
é nuair ná bíonn aon tsólás ó Dhia aige; óir ní'l an
grádh san beó atá gan dólás.



An t-é ná fuil ollamh ar gach dólás a dh'fhulang ar
son a Ghrádha dhil, agus ar bheith sásta le toil a Ghrádha
dhil, ní'l grádh ceart i n-aon chor aige.



An t-é go bhfuil an grádh ceart aige, glacfaidh sé
agus geóbhaidh sé le n-ais an uile shaghas pionóis agus


L. 107


peanaide ar son a Ghrádha dhil, agus ní fhéadfaidh aon
tsaghas toirmisg é dh'iompáil i leith-taoibh uaidh.



CAIBIDIOL A SÉ.



FÍOR GHRÁDH DO DHIA.



1. An Tighearna.- A mhic, ní'l an chiall cheart ná an
tathac ceart ad' ghrádh fós.



An Seirbhíseach.- Conus san, a Thighearna?



An Tighearna.- Mar, ar bheagán cur ad' choinnibh
tréigeann tú an rud a bhíonn curtha rómhat agat,
agus bíonn iomad dúile agat i sólás.



An t-é go mbíonn an tathac ceart 'n-a ghrádh dhom,
bíonn sé seasamhach i n-am an chatha, agus ní ghéilleann
sé do phlámás chealgach an namhad.



Bíonn sé sásta nuair a chuirim ádh chuige agus ní
bhíonn sé mí-shásta nuair a thugaim mí-ádh dhó le fulang.



2. An t-é go mbíonn an chiall cheart 'n-a ghrádh dhom,
is mó aige mo ghrádh-sa dhó 'ná pé tabharthas a bhronnaim
air.



Is mó aige an tabharthas a bheith faghálta aige uaim-se
'ná tairbhe an tabharthais féin. Is mó aige Mé féin 'ná
aon tabharthas.



An t-é go bhfuil an uaisleacht sa ghrádh atá aige
dhom, ní h-ar an dtabharthas a thugaim dó a bhíonn sé
ag cuimhneamh, ach orm féin, thar gach tabharthas.



Ná meas, ámhthach, go bhfuil an sgéal go léir loitithe
iná ráinigheann uaireanta gan do smuínte bheith chómh
maith am' thaobh-sa agus i dtaobh mo naomh agus ba
mhaith leat iad a bheith.


L. 108


Ná smuínte maithe san, agus an bháidh sin a bhíonn
agat, uaireanta, liom-sa agus leis na naoimh, grásta
ó Dia iseadh iad. Blaiseadh beag roim ré dhuit iseadh
iad d'aoibhneas na bhflathas. Ach ná bíodh do sheasamh
i n-iomad ortha. Tagaid siad agus imthighid siad.



Ach troid a dhéanamh i n-aghaidh gach droch nídh a
bhíonn ag séideadh fé t' aigne, diúltú láithreach do
chogar an áirseóra, sin cómhartha mór maith fíor-
aontachta agus adhbhar mór luacht saothair.



3. Ná cuireadh droch smuínte buaireamh ort, pé
saghas iad, ná pé cuma 'n-a gcurfar chúghat iad.



Ní'l agat ach an aigne atá curtha rómhat agat do
chimeád, agus t'intinn a chimeád díreach chun Dé.



Má thagann néall aoibhnis go h-obann ort uaireanta,
agus ansan go dtuitfir thar n-ais go h-obann chun
na laige is gnáth ort, ná meas go bhfuil aon nídh meall-
tach sa méid sin.



I gcoinnibh do thoile a thagaid na neithe sin chúghat,
agus an fhaid nách áil leat iad agus go gcuireann
tú 'n-a gcoinnibh, ní díobháil iad ach tairbhe. Beidh
luacht saothair agat d'á mbárr.



4. Bíodh 'fhios agat an méid seo. Tá an tseana
namhaid chealgach a d'iarraidh cosg a chur le t'intinn
chun maitheasa agus a d'iarraidh tú chur ó gach deagh-
obair; ó onóir a thabhairt dos na naoimh; ó mhachtnamh
ar mo Pháis-se; ó chuimhneamh ar do pheacaíbh féin; ó
chosnamh a chimeád ar do chroídhe; ó gach dul ar aghaidh
ad' shlíghe chun Dé.



Cuireann sé mórán droch smuínte at' aigne chun
tú chrádh agus chun sgannradh chur ort, féachaint a'
bhféadfadh sé thú chur ó úrnuighthe agus ó leabhraibh
beannuighthe do léigheadh.



Ní thaithneann leis tú bheith ag dul go h-úmhal chun


L. 109


faoisdine, agus dá bhféadadh sé é, do chuirfeadh sé
fhiachaint ort stad de dhul chun Comaoine.



Ná creid é, agus ná bíodh aon bheann agat air, pé
minic anamh a chuirfidh sé a líonta fill ar leathadh
rómhat.



Nuair a chuirfidh sé droch neithe, neithe salacha, os do
chómhair, cas air féin iad. Abair leis mar seo:



Imthigh uaim, a spioraid shailigh. Las le náire, a
árachtaídhe. Gráin ort, a rud shailigh! Ní foláir nó
is rud ana thruaillighthe thú treás gur féidir duit neithe
chómh truaillighthe do thabhairt os cómhair m' aigne-se.



Imthigh uaim, a mhealltóir mhalluighthe! Ní bheidh aon
chuid agat díom-sa. Is é Íosa a bheidh agam-sa, chun
troda ar mo shon go láidir, agus chun tusa chur fé
chois agus náire ort.



Ba thúisge liom bás d'fhagháil, agus an uile shaghas
pionóis d'fhulang, 'ná géilleadh dhuit-se.



Dún do bhéal uaim. Ná labhair liom. Ní éistfead
a thuille leat. Is minic droch nídh agat 'á chur am'
threó, agus aimhleas tiubaisteach; ach ó 's é an
Tighearna mo sholus agus mo Shlánuightheóir, ní'l aon
bheann agam ort.



Dá mbéadh slóighte armtha am' choinnibh cad is baoghal
dom? Is é an Tighearna mo chabhair agus m' fhuas-
galtóir.



5. Troid-se mar a dhéanfadh saighdiúir cródha, agus
má thuiteann tú uaireanta, mar gheall ar lagachar
daona, cruinnigh breis misnigh agus eirigh airís, ag
brath ar bhreis grásta uaim-se; ach, ar do bhás, seachain
mór-is-fiú agus uabhar.



Seólann mór-is-fiú agus uabhar a lán daoine amú,
agus tagann ortha san, uaireanta, daille aigne nách
féidir a leigheas.


L. 110


An daille aigne sin a thagann mar sin ar lucht
uabhair agus ar lucht iomad iontaoibhe asta féin,
múineadh sé dhuit-se ciall na h-úmhluigheachta do ghnáth.



CAIBIDIOL A SEACHT.



IS CEART GRÁSTA DO CHEILT FÉ CHÚMHDACH
NA h-ÚMHLUIGHEACHTA.



1. An Tighearna.- A mhic, is é is tairbhighe dhuit-se,
agus is é is sábhálta dhuit, grásta na cráibhtheachta do
chimeád i bhfolach, gan bheith 'ghat' árdú féin mar gheall
air, ná ag caint air, puinn, ná ag breithniú air. Tú
féin d'úmhlú is ceart duit, agus eagal a bheith ort go
mb'fhéidir nár bh'fhiú thú é thabhairt i n-aon chor duit.



Ná bíodh do sheasamh i n-iomad ar an mothú' cráibh-
theachta san. Imthigheann sé go tapaidh uaireanta agus
tagann a mhalairt.



An fhaid a bheidh an grásta san agat cuimhnigh conus
mar a bhí an sgéal go dona agat nuair a bhís i n'éaghmuis.



Ní h-i sólás na ngrást a bheith agat is mó atá leas t'
anama, ach i n-easnamh an tsóláis sin a dh'fhulang le
foidhne agus le h-úmhluigheacht agus gan mór-is-fiú;
i dtreó ná stadfá de d'úrnuighthibh mar gheall ar an
easnamh san, agus ná leigfeá do dheagh-oibreacha eile
i ndiaigh lámha mar gheall air; ach go ndéanfá go
fonnamhar do dhícheall ins gach nídh, chómh fada agus a
théigheann do thuisgint, agus ná tabharfá faillighe ionat
féin ar fad mar gheall ar an uaigneas agus ar an
mbuaireamh a chuireann an t-easnamh san ort.



2. Tá daoine ann, a lán acu, agus mura dtagaidh gach


L. 111


aon rud leó do réir a dtoile, siúd ag briseadh ar
an bhfoidhne acu láithreach, agus gan fonn ortha aon
nídh i n-aon chor a dhéanamh.



Ní h-ag an nduine atá neithe do riaradh dhó féin i
gcómhnuidhe. Is ag Dia atá sólás a thabhairt do'n
duine nó gan a thabhairt; nuair is toil leis é; sa mhéid
'n-ar toil leis é; do'n t-é gur toil leis é; ar an
gcuma n-ar toil leis é; agus ní'l dul thairis.



Tá daoine a fuair grásta na cráibhtheachta, agus do
dhein a n-aimhleas mar gheall air. B' áil leó go ndéan-
faidís neithe móra, agus chuadar thar a gcumas. Níor
mhachtnuigheadar ar a laige féin. Do leanadar flosg
a gcroídhe, agus níor thugadar a cheart féin d'á mbreith-
eamhantas. Le corp eirighe anáirde do bheartuigheadar
níba mhó a dhéanamh 'ná mar ba thoil le Dia, agus do
chailleadar grásta Dé mar gheall air sin.



Do fágadh dealbh iad fé mhí-ádh agus fé mhí-fhortiún,
cé gur mheasadar go raibh inead déanta acu ins na
flathais dóibh féin; i dtreó go dtuigfidís, nuair a
bhéadh an uirísleacht agus an dealbhas ortha, conus
gan iontaoibh a bheith acu as a ngustal féin, ach a
seasamh a bheith orm-sa.



An mhuintir atá nuadh fós agus gan taithighe i slíghe
an Tighearna, ní deacair iad do mhealladh agus do
leagadh ar lár, mura gcuirid siad iad féin fé chómh-
airle na ndaoine go bhfuil an taithighe acu.



3. Agus má's túisge leó a n-intinn féin do lean-
mhaint 'ná géilleadh do'n mhuintir go bhfuil an tseana
thaithighe acu, is baoghal go mbeidh an sgéal go h-olc acu
sa deire,'sé sin mura n-atharuighid siad an aigne atá acu.



An mhuintir atá ana chiallmhar dar leó féin, is ana
dheacair leó iad féin a chur, go h-úmhal, fé stiúrú
daoine eile.


L. 112


Is fearr bheith ar bheagán eoluis agus ar bheagán
tuisgiona, agus bheith úmhal, 'ná eolus mór an domhain
a bheith ag duine agus é lán d'uabhar agus de mhór-is-fiú.



Is fearra dhuit bheith i dtúrtaoibh le beagán 'ná an
mórán a bheith agat a chuirfeadh uabhar ort.



Ní maith an chiall atá ag an t-é a thugann é féin suas
d'áthas ar fad, gan cuimhneamh ar an ndealbhas 'n-a
raibh sé ar dtúis, agus ar an eagla Dé ba cheart a
bheith air sar a dtógfaí uaidh an tabharthas atá faghálta
aige.



Agus ní mór an creideamh atá ag an nduine go
dtuiteann a lug ar a lag aige chómh luath agus ghabhann
aon rud 'n-a choinnibh, nó chómh luath agus thagann aon
trioblóid air. Ba cheart dó mainighin níb' fhearr a
bheith aige asam-sa.



4. An t-é bhíonn ar a shuaimhneas an iomad i n-am
síothchánta, is minic, nuair a thagann an cogadh, gur
b'é is mó buairt agus sgeón.



Dá mb' eól duit i gcómhnuidhe thú féin a chimeád
úmhal, measardha, agus 'n-a theannta san do mheón a
chimeád fé smacht agus fé riaghail, ní bheifeá ag
tuitim chómh minic i gcontabhairt agus i bpeaca.



Is maith an chómhairle dhuit, nuair a thiocfaidh spioraid
an díograis chúghat, machtnamh a dhéanamh ar conus a
bheidh an sgéal agat nuair a tógfar uait airís an
spioraid sin.



Nuair a thuitfidh san amach cuimhnigh ar an méid seo.
Ní'l aon rud chun an ghrásta soluis sin do chosg ar
chasadh ort. Chun tusa theagasg, agus chun mo ghlóire-
se, iseadh do tógadh uait é go ceann tamaill.



5. Is mó an tairbhe dhuit thú thriail ar an gcuma san
'ná neithe bheith ag eirighe leat i gcómhnuidhe ar do
thoil.


L. 113


Ní le h-aislingíbh, ná le sólásaibh, ná le h-eolus
mór ar an Scriptiúir, ná le céim árd, a tómhaistear
luacht saothair chun duine.



Fíor-úmhluigheacht, grádh dílis do Dhia, onóir agus
glóire Dé do chur chun cinn i gcómhnuidhe dáiríribh,
neamhnídh dhéanamh d'onóir dhuine féin, áthas a bheith ar
dhuine nuair ná curtar puinn suime ann agus ná
deintear puinn cúraim dé, níos mó 'ná dá gcurtí,
agus dá ndeintí, sin iad na neithe a thuilleann luacht
saothair.



CAIBIDIOL A h-OCHT.



IS CEART NEAMHNÍDH DHÉANAMH DE DHUINE
FÉIN I LÁTHAIR DÉ.



1. An Seirbhíseach.- Labharfad le m' Tighearna, mar
ná fuil ionam ach luaithreach agus ceó. Má abraim a
mhalairt, féach Tusa at' sheasamh am' choinnibh; agus
siniad mo pheacaí ag déanamh fiadhnaise na fírinne
agus nách féidir dom labhairt 'n-a gcoinnibh.



Ach má cháinim mé féin, agus gan a dhéanamh díom
féin ach neamhnídh, agus a dh'admháil ná fuil creideamh-
aint ar bith ag dul dom, agus ná fuil ionam, le
fírinne, ach luaithreach, beidh do ghrásta-sa i bhfabhar
liom, agus beidh do sholus i gcómhgar do m' chroídhe,
agus ní fágfar ionam an blúire beag is lúgha d'aon
nídh i bhfuirm mór-is-fiú gan báth go doimhinn am'
neamhnídh-se, 'ghá chur féin ar neamhnídh go deó.



Ansan iseadh thaisbeánann Tú dhom féin mé, cad é
an saghas mé, cá rabhas, agus cá bhfuilim tagaithe; óir
is neamhnídh mé, agus ní raibh 'fhios agam é.


L. 114


Fág fúm féin mé agus ní'l ionam ach neamhnídh, nídh
gan neart ar bith. Ach ní túisge fhéachann Tusa orm le
fabhar 'ná siúd neart ionam láithreach, agus mé lán
d'áthas.



Is iongantach an nídh é, mé dom' thógaint suas chómh
h-obann idir do dhá láimh-se, agus gur b'é mo nádúr
féin bheith i gcómhnuidhe ag tuitim le fánaigh.



2. Is é do ghrádh-sa féin fé ndeár é. Tagann Tú
chúgham uait féin agus cabhruigheann Tú liom i n-am
gach gátair, agus bíonn Tú am' chosaint ar gach con-
tabhairt, agus am' thabhairt saor ó'n uile shaghas uilc.
Siní an fhírinne.



Tré m' ghrádh aimhleasta dhom féin do chailleas mé
féin. Ansan, nuair a loirgeas Tusa amháin, agus
nuair a thugas grádh glan duit, do fuaras mé féin
airís, agus do fuaras Tusa. Ansan do chuireas mé
féin ar neamhnídh i ndoimhneas mo ghrádha dhuit-se.



Óir, a Chumannaigh! deineann Tú dhómh-sa abhfad níos
mó 'ná mar a bhíonn tuillte agam, abhfad níos mó 'ná
mar a dh'fhéadfainn a mheas ná a dh'iarraidh.



Moladh go deó leat, a Dhia na glóire! Óir, bíodh
nách fiú mise go ndéanfá aon tairbhe i n-aon chor dom,
ní stadann do mhór-mhaitheas uasal gan teóra ach ag
déanamh tairbhe coitchianta, dá mba do'n mhuintir sin
féin é ná gabhann aon phioc d'á bhuidheachas leat, agus
atá iompuighthe ad' choinnibh ar fad.



Cas sinn thar n-ais ort féin, ionus go mbeimís
buidheach, úmhal, démhóideach, óir is Tú ár gcómhacht, ár
neart, ár Slánuightheóir.


L. 115


CAIBIDIOL A NAOI.



IS CEART DIA D'ADMHÁIL INS GACH NÍDH, ÓIR
IS É DIA IS CRÍCH DHÉANACH DO GACH NÍDH.



1. An Tighearna.- A mhic, tuig gur Mise do chrích
dhéanach, thar gach nídh, má's áil leat fíor-aoibhneas a
bheith agat.



Glanfaidh an aigne sin do chroídhe ó bheith claon chómh
minic d'á mhian féin agus do neithibh saoghalta.



Óir má 's é do mhian féin a bheidh uait i n-aon rud
beidh tú faon lag feasta, gan sólás.



D'á bhrígh sin, admhuigh Mise ar dtúis ins gach nídh,
mar is Mise a thug gach nídh dhuit.



Abair leat féin gur ó Dhia, ó'n Árd-mhaith, a thagann
gach nídh, agus d'á bhrígh sin, nách foláir iad go léir a
thabhairt thar n-ais do Dhia, d'á n-úghdar.



2. Asam-sa a tharraingeann beag agus mór, bocht
agus saidhbhir, an t-uisge beó, as an dtobar beó;
agus an mhuintir a dhéanfaidh mo sheirbhís go h-úmhal
agus le lán toil, i n-aisge, gheóbhaid siad uaim grásta
ar ghrásta.



Ach an t-é gur mian leis a ghlóire féin a bheith aige,
lasmuich dhíom-sa, nó a thaithneamh do bheith aige i maith
éigin a bhaineann leis féin, dar leis, ní bheidh áthas buan
air, ná ní bheidh osgailt croídhe air, ach beidh fiche rud
ag gabháil 'n-a choinnibh agus ag brúghadh air.



D'á bhrígh sin ná glac chúghat féin aon chreideamhaint
mar gheall ar aon mhaith atá ionat, agus ná tabhair
d'aon duine aon chreideamhaint mar gheall ar aon
tsobhailce. Tabhair an chreideamhaint go léir do Dhia,
mar gan Dia ní'l aon nídh ag an nduine.


L. 116


Is uaim-se a fachtar gach nídh. Ní foláir gach nídh
a thabhairt dom thar n-ais, agus táim ana dhian i
n-éileamh an bhuidheachais is dual dom.



3. Is í an fhírinne sin a chuireann an ruag ar mhór-
is-fiú.



Agus má thagann grásta Dé agus carthanacht dhílis
isteach sa chroídhe ní bhfaghaidh formad slíghe ann, ná
cúmhangaracht croídhe, ná grádh do dhuine féin.



Mar buadhann grádh Dé ar an uile nídh, agus leath-
anuigheann sé croídhe an duine.



Má tá an chiall cheart agat is ionam-sa amháin a
bheidh t' áthas, is asam-sa amháin a bheidh do mhainighin,
óir is é Dia amháin is maith, agus is dó is dual moladh
thar chách eile agus buidheachas ins gach uile nídh.



CAIBIDIOL A DEICH.



GNÓ SUAIRC ISEADH AN SAOGHAL SO DO
THRÉIGEAN AGUS SEIRBHÍS DÉ DO DHÉANAMH.



1. An Seirbhíseach.- Labharfad anois, a Tighearna,
agus ní fhanfad ciúin. Déarfad le m' Dhia, le m'
Thighearna, le m' Rígh atá thuas: Nách mór agus nách
uathbhásach an suairceas atá i bhfolach agat, a Thighearna,
dos na daoine go bhfuil eagla Dé ortha.



Ach cad 'déarfar i dtaobh an tsuaircis atá agat le
tabhairt do'n mhuintir go bhfuil grádh do Dhia acu? Do'n
mhuintir a dheineann do thoil le lán chroídhe?



Is fíor nách féidir ainim a chur ar an suairceas
aigne a thugann Tú do'n mhuintir a bhíonn ag machtnamh
ort agus a thugann grádh dhuit.


L. 117


Sa méid seo iseadh is mó atá suairceas do chartha-
nachta taisbeánta agat dómh-sa, .i. ná rabhas ar bith
agus gur dheinis mé; ansan, nuair imthigheas abhfad
uait ar fán, gur thugais tar n-ais mé agus gur chuiris
ag déanamh do sheirbhíse mé; ansan gur órduighis
dom grádh thabhairt duit.



2. Ó, a Tobar an Ghrádha shíoruidhe, cad 'tá agam
le rádh ad' thaobh?



Conus is féidir dom Tú dhearmhad choídhche, agus gur
dheónuightheach leat-sa gan dearmhad a dhéanamh díom-sa,
dá mba nuair a bhíos marbh, lobhtha, é?



D'imiris, thar na beartaibh, trócaire ar do sheirbh-
íseach bhocht. Agus do thaisbeánais grásta agus cara-
das dom níba mhó go mór 'ná mar a bhí tuillte agam.



Cad é an díolfiach atá agam le tabhairt duit as
an ngrásta san?



Óir ní do gach aoinne a tugadh neithe saoghalta do
thréigean, agus druim lámha thabhairt leis an saoghal,
agus beatha manaigh do thogha.



Má dheinim do sheirbhís cad 'tá agam 'á dhéanamh
ach an rud atá ceangailte ar an uile nídh cruthuighthe
do dhéanamh?



Ní cóir dom a mheas gur nídh mór atá agam 'á
dhéanamh nuair atá do sheirbhís-se agam 'á dhéanamh.
Ach is cóir dom a mheas gur nídh ana mhór, ana ion-
gantach duit-se duine chómh bocht, chómh suarach liom-sa
do ghlacadh ad' sheirbhís, isteach ameasg na seirbhíseach
eile atá agat, agus iad-san chómh dílis duit.



3. Féach, is leat féin gach nídh atá agam, le n-a
ndeinim do sheirbhís.



Ach is é an t-atharach is fíor. Is Tusa atá ag déanamh
seirbhíse dhómh-sa níos mó 'ná mar atáim-se ag déanamh
seirbhíse dhuit-se.


L. 118


Do chruthuighis an spéir agus an talamh chun go
ndéanfaidís seirbhís an duine, agus siniad ann iad
ag déanamh mar a dh'órduigheann Tú dhóibh gach lá.



Agus ní h-aon rud mór é sin seachas nídh eile.
Siniad na h-aingil féin ceapaithe agat chun seirbhíse
an duine.



Ach tá nídh thairis sin go léir. Siné Tusa féin tar
éis cromadh chun seirbhíse an duine dhéanamh, agus sin
geallta agat go dtabharfair Thú féin dó.



4. Cad 'tá agam-sa le h-aisioc leat as na míltibh
tabharthas san go léir? Ó, dá bhféadainn seirbhís
a dhéanamh duit an uile lá de m' shaoghal!



Ó, dá bhféadainn do sheirbhís a dhéanamh mar ba chóir
i gcaitheamh oiread agus aon lá amháin!



Is fíor gur fiú Tú an uile shaghas seirbhíse dhéanamh
duit, an uile shaghas onóra thabhairt duit, an uile shaghas
molta thabhairt duit, ar feadh na síoruidheachta.



Is fíor gur Tú mo Tighearna agus gur mise do
sheirbhíseach bhocht, agus go bhfuil ceangailte orm mo
dhícheall go h-iomlán do dhéanamh ad' sheirbhís, agus
gan bheith tuirseach choídhche de bheith at' mholadh mar is
cóir.



Siné mo mhian. Siné mo dhúil. Is lag chuige mé,
ach deónuigh-se a Thighearna, a bhfuil i n-easnamh orm
a thabhairt dom.



5. Onóir mhór, glóire mhór, iseadh bheith ad' sheirbhís-se,
agus, ar do shon-sa, gan suim do chur i n-aon nídh
saoghalta.



Óir beidh grásta mór ag an muintir a chuirfidh iad
féin, le lán toil, isteach ad' sheirbhís ró naomhtha.



An mhuintir a chuirfidh uatha, le grádh dhuit-se, gach
pléisiúr a bhaineann leis an gcolainn, tá sólás ró
aoibhinn an Spioraid Naoimh le fagháil acu.


L. 119


An mhuintir a shiúbhlann an bóthar cúmhang, ar son
t' ainime-se, agus do thugann druim lámha le cúram an
tsaoghail, beidh a n-aigne saor ó cheangalaibh acu d'á bhárr.



6. Ó, nách soilbhir suairc an rud seirbhís Dé, agus
go ndeineann sé an duine chómh saor, chómh naomhtha!



Ó, nách beannuighthe an bheatha beatha riaghalta!
Cuireann sí daoine ar aon dul leis na h-aingil.
Deineann sí an duine taithneamhach i láthair Dé, sgann-
ramhail dos na deamhnaibh, creideamhnach ameasg na
gCríostaidhthe.



Ó, nár chóir go mbéadh dúil ag gach aoinne sa bheatha
san! Seólann sí an duine chun Dé, chun an Árd-
mhaithe, agus cuireann sí aoibhneas na bhflathas i
n-áirighthe dhó i gcóir na síoruidheachta.



CAIBIDIOL A h-AONDÉAG.



IS CEART MIAN ÁR GCROÍDHE DO BHREITHNIÚ
AGUS DO CHIMEÁD AR CHEANNRAIGH.



1. An Tighearna.- A mhic, tá a lán neithe le foghluim
fós agat nár fhoghlumuighis go dtí so ach go h-olc.



An Seirbhíseach.- Cad iad na neithe iad san, a Thigh-
earna?



An Tighearna.- Tá, do mhian a chur ar fad do réir
mo thoile-se. Tá, ansan, gan aon ghrádh bheith agat
duit féin, ach ana dhúil a bheith agat go ndéanfaí mo
thoil-se.



Bíonn do mhian go minic at' losgadh, agus at'
chomáint go dian, ach breithnigh an sgéal agus féach cé'cu
is mó a bhíonn uait, onóir dómh-sa nó tairbhe dhuit féin.


L. 120


Má's ar mo shon-sa amháin a bhíonn t'aigne ag obair
beidh tú lán tsásta le pé cuma 'n-a shocaróchad féin
an sgéal. Ach má 'sé do thairbhe féin a bhíonn uait, a
gan fhios do'n tsaoghal, bíodh fhios agat gur b'shiné
chuireann cosg leat agus a chuireann buaireamh ort.



2. Seachain, d'á bhrígh sin, nuair a thiocfaidh mian
duit, agus ná bí ró dheimhnightheach díot féin 'n-a thaobh
go dtí go gcuirfir an sgéal am' chómhairle-se ar
dtúis, le h-eagla go mbéadh cathú ort 'n-a dhiaigh san,
agus, an rud a thaithn leat go h-áluinn ar dtúis, agus
gur mheasais gur rud fóghanta é, go n-iompóchthá 'n-a
choinnibh.



Ní h-é gach aon mhian a dh'fhéachann go maith gur ceart
rud a dhéanamh d'á réir láithreach. Agus, ar an gcuma
gcéadna, ní h-é gach aon mhian a dh'fhéachann ar a mhal-
airt de chuma gur é dhíbirt chun siubhail láithreach is
ceart.



Is maith an rud, ar uairibh, an tsrian a chimeád le
mian fóghanta agus le fonn fóghanta, le h-eagla go
gcuirfeadh méid do dhúile dul amú aigne ort; le
h-eagla go dtabharfadh do dhithneas droch shampla
do dhaoinibh eile; nó le h-eagla, nuair a curfí ad'
choinnibh, go mbrisfeadh ar an bhfoidhne agat, agus go
ndéanfá peaca,.



3. Ar uairibh, leis, ní foláir bheith dian. Ní foláir
dúil na colna do chlaoidh go fearamhail; neamhnídh
dhéanamh de cad a thaithnfidh leis an gcolainn nó ná
taithnfidh; deimhin a dhéanamh dé go gcaithfidh sí luighe
fé smacht na h-aigne pé olc maith léi é.



Is ceart an cholann do smachtú agus do chur fé chois,
go dtí go mbeidh sí sásta le pé rud a thiocfaidh, sásta
leis an mbeagán chómh maith agus dá mba mhórán é,
sásta leis an ngarbh chómh maith agus dá mba mhín é,


L. 121


gan ceisneamh a dhéanamh mar gheall ar aon tsaghas
ceataighe.



CAIBIDIOL A DÓ-DHÉAG.



FOIDHNE, AGUS GLEIC I N-AGHAIDH AINMHIANTA.



1.- An Seirbhíseach.- A Tighearna Dia, chím go bhfuil
gádh go cruaidh agam le foidhne, mar tá a lán neithe
chun bheith ag gabháil i gcoinnibh duine sa bheatha so.



Óir, pé cuma 'n-a shocaróchad mé féin chun síoth-
chána, ní féidir mo bheatha bheith gan cogadh agus buairt.



2. An Tighearna.- Is fíor san, a mhic. Ach is é mo
thoil-se ná loirgeóchthá síothcháin a bhéadh saor ó chathanaibh
agus ó aon nídh bheith ag gabháil ad' choinnibh.



Nuair a bheidh mórán trioblóidí ag cur ort, agus
mórán neithe ag gabháil ad' choinnibh, abair leat féin,
an uair sin, go bhfuil síothcháin agat.



Má abrann tú nách féidir leat na neithe sin go léir
a dh'fhulang abhus, conus fhuilingeóchair teine purga-
dóireachta thall?



De dhá olc tóg i gcómhnuidhe an t-olc is lúgha.



I dtreó go mbeidh ar do chumas dul ós na piantaibh
síoruidhe ar an saoghal eile, ceap at' aigne trioblóidí
an tsaoghail seo d'fhulang le foidhne ar son Dé.



An amhlaidh is dóich leat ná bíonn aon rud le fulang
ag muintir an tsaoghail, nó ná bíonn puinn le fulang
acu? Ní'l san fíor, dá mb' ag an gcuid acu is boige
saoghal é.



3. An Seirbhíseach.- Má'seadh, tá a lán sóghluistí acu,
agus tá a dtoil féin acu, agus d'á bhrígh sin ní mhoth-
uighid siad a dtrioblóidí puinn.


L. 122


4. An Tighearna.- Tá go maith. Cuir i gcás go
bhfuil gach aon rud ar a dtoil acu, cad é an fhaid is
dóich leat a leanfaidh san dóibh?



Féach; an mhuintir go bhfuil saidhbhreas an tsaoghail
seo acu imtheóchaid siad mar a dh'imthigheann an
deatach, agus ní bheidh aon tuairisg ar an áthas atá
anois ortha.



Anois féin, agus iad beó, ní gan chráidhteacht aigne,
ná gan seirbhthean, ná gan eagla, a bhíd siad i lár an
tsaidhbhris.



An saidhbhreas céadna san a chuireann an t-áthas
ortha, tugann sé a phionós féin ortha.



Ní'l ann ach an ceart dóibh, nuair a dheinid siad
droch úsáid de'n tsaidhbhreas chun pléisiúir aindleagh-
thach do sholáthar dóibh féin, go gcuireann an droch
úsáid sin a chothrom féin de phionós ortha.



Ó, nách gairid le dul é mar phléisiúr! Nách
míriaghalta! nách bréagach! nách náireach! nách
salach!



Ach, tré mheisge agus tré dhaille, ní tuigtear é.
Deineann an duine beithígheach allta dhé féin. Ar son
an phléisiúir bhig shuaraigh shaoghalta san cuireann an
duine bás an pheaca ar a anam.



D'á bhrígh sin, a mhic, ná lean-se t' ainmhianta. Iom-
puigh i leith-taoibh ó d' thoil féin. Cuir do dhúil i nDia
agus tabharfaidh Sé dhuit an rud a dh'iarrfaidh do
chroídhe air.



5. Agus má's áil leat fíor-aoibhneas a bheith agat, agus
sólás iomarcach a bheith agat uaim-se, féach, tabhair
druim lámha le neithibh saoghalta agus diúltuigh do'n
phléisiúr ghrána san, agus beidh an fíor-aoibhneas agat
agus an sólás iomarcach.



Agus d'á mhéid a chimeádfair thú féin ó aon tsólás a


L. 123


dh'fhagháil a' neithibh cruthuighthe iseadh is saidhbhire agus is
cómhachtaighe bheidh an sólás a gheóbhair uaim-se.



I dtosach bára, ámhthach, ní thiocfaidh leat san do
dhéanamh gan buaireamh a dh'fhulang agus duadh cómh-
raic.



Beidh an seana dhroch bhéas ag cur ad choinnibh, ach
buadhfaidh an béas fóghanta ar an ndroch bhéas.



Beidh an cholann ag gluaireán, ach cimeádfaidh dío-
gras na h-aigne an cholann fé smacht.



Beidh an tseana phiast, an mac mallachtain, ag cur
ort agus ad' spriocadh chun uilc, ach díbireóchthar chun
siúbhail é le h-úrnuighthibh. I n-a theannta san, má
bhíonn tú sáidhte go dian i n-obair éigin thairbheach, ní
ró mhaith a dh'fhéadfaidh sé teacht ort i n-aon chor.



CAIBIDIOL A TRÍ-DÉAG.



IS CEART DO'N TSEIRBHÍSEACH ÚMHAL BHEITH
FREAGARTHACH, DO RÉIR SHAMPLA ÍOSA
CRÍOST.



1. An Tighearna.- A mhic, an t-é bhíonn a d'iarraidh
tarrang siar ó bheith freagarthach, bíonn sé ag tarrang
siar ó ghrásta Dé; agus an t-é a bhíonn ag lorg neithe
fé leith dhó féin, cailleann sé na neithe atá coitchian.



An t-é ná luigheann, le lán toil, fé smacht an t-é
atá os a chionn, taisbeánann sé ná fuil a cholann féin
fé smacht aige fós i gceart; go mbíonn an cholann ag
spriúchadh 'n-a choinnibh agus ag ceisneamh.



Foghluim-se, d'á bhrígh sin, conus géilleadh láithreach


L. 124


do'n t-é atá os do chionn, má's maith leat do smacht
féin a chur ar do cholainn féin.



Óir curtar fé chois go luath an namhaid atá lasmuich
ach gan léirsgrios a bheith déanta ar dhuine féin laistigh.



Ní'l namhaid anama agat is measa ná is díobhálaighe
dhuit 'ná thú féin, má's rud é go bhfuil do chroídhe agus
t' aigne i gcoinnibh a chéile.



Tuig at' aigne nách foláir duit, de chroídhe dháir-
íribh, neamhnídh dhéanamh díot féin má's maith leat an lámh
uachtair a dh'fhagháil ar an gcolainn.



Is é cúis ná leigeann eagla dhuit fós tú féin fhág-
áilt ar fad fé smacht duine eile mar tá iomad grádh
agat duit féin.



2. Ach cad é an gníomh mór a bheidh déanta agat-sa
ná fuil ionat ach luaithreach, ná fuil ionat ach neamhnídh,
má chuireann tú thú féin fé smacht duine eile le grádh
do Dhia, agus gur dheineas-sa Mé féin a chur fé smacht
duine le grádh dhuit-se, bíodh go bhfuilim uile-chomhachtach
agus os cionn gach uile nídh, agus gur Mé chruthuigh
gach uile nídh?



D'úmhluigheas-sa Mé féin níos ísle 'ná aoinne, i
dtreó go dtabharfadh m' úmhluigheacht an lámh uachtair
duit-se ar do chuid uabhair.



Foghluim conus géilleadh, a luaithrigh. Foghluim
conus thú féin d'úmhlú, ó ná fuil ionat ach cré agus
draoib, agus tú féin do chromadh fé chosaibh gach
aoinne.



Foghluim conus do thoil a bhriseadh agus bheith freag-
arthach ar gach aon tsaghas cuma.



3. Glac fearg ad' choinnibh féin agus ná leig d'aon
bhorradh uabhair maireachtaint ionat, ach dein thú féin
chómh h-umhal, chómh suarach san, go bhféadfaidh an uile
dhuine siúbhal ort agus satailt ort mar a deintear ar


L. 125


dhraoib na sráide. Cad air gur féidir duit-se
gearán, a dhuine gan ghus?



A pheacaigh shailigh, cad 'tá agat le rádh i gcoinnibh
daoine má castar aon nidh leat, tusa do chuir fearg
ar Dhia agus do thuill ifrean duit féin chómh minic?



Ach d'fhéachas ort le súil thrócaireach, mar ba mhór
agam t'anam, agus go dtuigfeá mo ghrádh dhuit, agus
go mbeifeá buidheach i gcómhnuidhe mar gheall ar mo
thabharthaistíbh, agus go ndéanfá thú féin d'úmhlú coit-
chianta agus mímheas do ghlacadh le foidhne.



CAIBIDIOL A CEATHAIR-DÉAG.



MACHTNAIMH AR BHREITIBH DIAMHARA DÉ I
DTREÓ NÁ CUIRFIDH DO MHAITH FÉIN MÓR-
IS-FIÚ ORT.



1. An Seirbhíseach.- Bagarann Tú go h-árd, os
cionn mo chinn, a Tighearna, do bhreitheamhantas uathbhá-
sach, agus tagann crith chos agus lámh orm, agus
sgannradh ar m' aigne.



Tagann uathbhás orm nuair a thuigim ná fuil na
flathais féin fíor-ghlan fé d'shúil.



Fuarais an peaca ins na h-aingealaibh agus níor
thugais dul as dóibh, agus cad tá le h-imtheacht ar mo
leithéid-sé!



Do thuit na réalta as na flathais, agus conus is
féidir dómh-sa, do'n chré, maoidheamh.



Dhein daoine gníomhartha móra agus do moladh na
gníomhartha, agus 'n-a dhiaigh san do thuit na daoine sin
ar-lár. D'itheadar arán na n-aingeal, agus ansan


L. 126


do chonnac iad agus biadh na muc acu d'á dh'ithe le
h-airc.



Ní'l, d'á bhrígh sin, naomhthacht ar bith le fagháil má
tharraingeann Tusa uainn do lámh, a Tighearna.



Ní'l maith i gciall má chuireann Tusa suas d'ár
stiúrú.



Ní'l maith i neart gan Tú 'ghár gcimeád. Ní'l
dul saor ag aon gheanmnaigheacht gan Tusa 'ghá
cosaint.



Ní'l maith i n-aon aireachas a dhéanfaimíd orainn
féin gan Tusa bheith ag déanamh na faire naomhtha orainn.



Má fágtar fúinn féin sinn, siúd go tóin puill sinn
agus deire linn. Ach má thagann Tusa chúghainn, siúd
suas airís sinn beó.



Óir táimíd guagach, agus is Tusa chimeádann daing-
ean sinn. Táimíd patfhuar, agus is Tusa a ghríosann
sinn.



Ó, nách úmhal, uiríseal an meas is ceart dom a bheith
agam orm féin! Nách cruinn is ceart dom a thuis-
gint gur suarach le rádh aon mhaith is dóich liom a bheith
ionam!



Ó, nách fada síos is ceart dom mé féin d'ísliú fé
dhoimhneas do bhreithe-se, a Tighearna, agus go dtuigim go
soiléir ná fuil ionam ach neamhnídh ó bhun!



Ó, a mheaghchaint nách féidir a thómhas! Ó, a fharaige
nách féidir snámh tháirse, ná faighim aon nídh díom féin
inti ach neamhnídh ar fad!



Cá bhfuil aon tslíghe do bhaois, d'á bhrígh sin? Cá
bhfuil aon chúis mhaoidhimh as aon deagh-thréith?



Tá maoidheamh agus baois agus mór-is-fiú imthighthe
gan tuairisg fé dhoimhneas do bhreithe-se atá os mo
chionn.



4. Cad é 'bhrígh an duine ad' láthair?


L. 127


A' ndéanfaidh an chré maoidheamh i n-aghaidh an t-é a
chúm í?



An t-é go bhfuil a chroídhe úmhal i gceart aige do Dhia,
conus is féidir do chaint bhaoth é spriocadh chun baoise?



An t-é atá curtha ag an bhfírinne fé n-a smacht féin,
ní fhéadfaidh an saoghal mór é spriocadh chun baoise.
An t-é go bhfuil a mhainighin go léir as Dia aige ní
bhainfidh guth daoine, 'ghá mholadh, filleadh ná feacadh as.



Óir, na daoine a dheineann an moladh ní'l ionta féin
ach neamhnídh. Imtheóchaid siad mar imthigheann fuaim
a ngutha, agus mairfidh fírinne an Tighearna ar feadh
na síoruidheachta.



CAIBIDIOL A CÚIG-DÉAG.



AN CHUMA N-AR CEART DÚINN ÁR N-AIGNE
BHEITH AGAINN NUAIR A BHÍONN RUD UAINN.



1. An Tighearna.- A mhic, abair mar seo i gcómh-
nuidhe: A Thighearna, má's toil leat-sa é, deintear
so ar an gcuma so.



A Thighearna, má's chun t' onóra-sa é, deintear so at'
ainim.



A Thighearna, má chíonn Tú gur b'é mo leas é, agus
má chionn Tú a thairbhe dhom, tabhair dhom úsáid a
dhéanamh dé chun t' onóra-sa.



Ach má chionn Tú nách é mo leas é, agus nách tairbhe
anama dhom é, tóg uaim mo dhúil ann.



Mar ní h-ó'n Spioraid Naomh a thagann gach dúil,
bíodh gur dhóich le duine gur cheart é agus gur mhaith é.



Is deacair a bhreithniú i gceart cé'cu deagh-spioraid,


L. 128


nó a mhalairt, do spriocann tú chun dúil a chur sa nídh
seo nó sa nídh úd; nó an ó t'aigne féin a thagann an
spriocadh.



Do mealladh go minic, i ndeire bára, daoine gur
measadh ar dtúis gur spioraid éigin fhóghanta a bhí
'ghá spriocadh.



2. D'á bhrígh sin, nuair a bheidh dúil agat i n-aon nídh,
nó nuair is maith leat é dh'iarraidh ar Dhia, úmhluigh thú
féin agus bíodh eagla Dé ort. Go mór mór, bí
sásta roim ré le toil Dé. Fág fúm-sa an sgéal ar
fad, agus abair: A Thighearna, is duit-se is eól cad
is maith, agus conus. Deintear so, nó súd, mar is
toil leat.



Tabhair dhom an nídh is toil leat; an oiread is toil
leat; an uair is toil leat.



Dein liom mar is eól duit; mar is fearr a
thaithnfidh leat; mar is mó a thabharfaidh onóir duit.



Cuir mé san áit is toil leat, agus dein liom mar
is toil leat ar gach aon tsaghas cuma.



Táim ad' láimh. Cas agus iompuigh mé mór-thimcheall.



Féach, is seirbhíseach duit mé. Táim ollamh chun aon
nídh dhéanamh. Ní h-ar mhaithe liom féin is maith liom
bheith beó, ach ar do shon-sa. Go dtugaidh do ghrásta
dhom do sheirbhís a dhéanamh mar is cóir!



3. A Íosa ró cheannsa, deónuigh do ghrásta thabhairt
dom; agus go bhfanaidh sé agam; agus go n-oibrighidh
sé liom; agus go leanaidh sé am' fhochair go deire mo
shaoghail.



Tabhair dom gan mo dhúil a chur choídhche ach sa nídh
is fearr a thaithnfidh leat-sa agus is mó bheidh do réir
do thoile, agus gan mo thoil a thabhairt choídhche d'á
mhalairt sin.



Gurab é do thoil-se mo thoil, agus go leanaidh mo


L. 129


thoil do thoil-se i gcómhnuidhe. Go gcuiread mo thoil
le d'thoil-se go dlúth!



An nídh is toil leat-sa gura dó a thoileóchad-sa,
agus an nídh nách toil leat-sa nár thugad-sa toil dó.



Nár thagaidh liom toil ná neamhthoil ach mar is toil nó
is neamhthoil leat-sa.



Tabhair dom bás a dh'fhagháil ó neithibh an tsaoghail
go léir; agus dúil a bheith agam, ar do shon-sa, ná
tabharfaí dhom ar an saoghal so ach tarcuisne agus
neamhshuim.



Tabhair dom, thar gach dúil eile, mo shuaimhneas a
dh'fhagháil ionat-sa, agus síothcháin a chur ar mo chroídhe
ionat.



Ní'l síothcháin do'n chroídhe le fagháil ach Tú. Ní'l
suaimhneas le fagháil ach Tú. Lasmuich dhíot-sa ní'l ach
cruadhtan agus buaireamh aigne.



Sa tsíothcháin seo féin, 'sé sin, ionat-sa, an t-aon
mhaith, an t-árd mhaith, an Mhaith Shíoruidhe, go gcodlad-sa
go sámh. Amen.



CAIBIDIOL A SÉ-DÉAG.



NÁ LOIRG FÍOR-SHÓLÁS ACH I NDIA.



1. Aon nídh is féidir dom a dh'iarraidh, ná do mhacht-
namh, chun mo shóláis, ní h-anso atá mo shúil leis, ach
thall.



Mar, dá mbéadh sólás an domhain go léir agam féin
am' aonar, agus neart agam ar gach sórd pléisiúir a
bheith agam, is deimhin nár bh'fhéidir dóibh seasamh abhfad
dom.


L. 130


D'á bhrígh sin, a chroídhe seo agam-sa, bíodh 'fhios agat
ná fuil aon bhreith agat ar shólás iomlán a dh'fhagháil, ná
ar phléisiúr fhírinneach a dh'fhagháil, ach i nDia, mar is é
Dia sólás na mbocht agus taca na n-uiríseal.



Fan leat go fóilín, a chroídhe seo agam-sa, fan leis
an ngeallamhaint a thug Dia uaidh, agus beidh flúirse
de gach aon tsaghas maitheasa thuas ins na flathais agat.



Má chuireann tú dúil ró mhór i maitheasaíbh an
tsaoghail seo caillfir na maitheasaí síoruidhe atá thuas
ad' chóir.



Dein úsáid de mhaitheasaíbh an tsaoghail seo. Cuir
do dhúil i maitheasaíbh an tsaoghail eile.



Ní féidir duit sásamh fhagháil i maitheasaíbh an tsaoghail
seo. Ní chuige sin a chruthuigh Dia thú.



2. Dá mbéadh gach ar chruthuigh Dia de mhaitheasaíbh
saoghalta agat, ní fhéadfá bheith séanmhar suairc d'á
mbárr. I nDia féin, a chruthuigh iad go léir, atá do
shéan agus do shuairceas.



Ní h-é sin an séan agus an suairceas a chíd agus
do mholaid muintir an tsaoghail seo atá gan chiall,
agus do thugann grádh do'n tsaoghal so, ach an séan
agus an suairceas le n-a bhfuil súil ag fíoraonaibh
Chríost, agus go dtugtar blaiseadh beag díobh roim
ré do dhaoinibh spioradálta, do lucht an chroídhe
ghlain, ná bíonn a smuínte ach ins na flathais.



Sólás folamh, sólás díombuan, iseadh gach sólás
saoghalta.



Sólás fírinneach, sólás séanmhar, iseadh an sólás
a thugann an fhírinne do dhuine istigh 'n-a chroídhe.



Beireann an duine démhóideach leis ins gach aon
bhall an t-É is sólás fírinneach dó, 'sé sin Íosa Críost,
agus bíonn sé ag caint leis mar seo: Bí am' aice, a
Tighearna Íosa, ins gach áit agus ins gach am.


L. 131


Gurab é sólás a bheidh agam-sa feasta 'ná mé bheith
lán tsásta le gan sólás saoghalta ar bith a bheith agam.



Agus má tógtar uaim do shólás-sa, leis, bíodh sé
mar shólás thar gach sólás agam gur b'é sin do thoil
naomhtha-sa, chun mé thriail, nídh atá do réir chirt.



Óir, ní leanfaidh t'fhearg i gcómhnuidhe, ná ní bheidh
tú ag bagairt phionóis do shíor.



CAIBIDIOL A SEACHT-DÉAG.



FÁG DO TRIOBLÓIDÍ FÉ DHIA.



1. An Tighearna.- A mhic, leig dómh-sa pé rud is
maith liom a dhéanamh leat. Is eól dómh-sa cad is
maith dhuit. Machtnamh duine iseadh dheineann tusa.
I n-a lán neithe is í an aigne dhaona a leanann tú, agus
an meón daona.



An Seirbhíseach.- A Tighearna, is fíor an nídh a
deirir. Is mó an t-aireachas a thugann Tusa dhom 'ná
aon aireachas a dh'fhéadfainn féin a thabhairt dom féin.



Tá an sgéal ana chontabharthach ag an t-é ná cuirfidh
cúram a thrioblóidí go léir ort-sa.



A Thighearna, dein do rogha cor a thabhairt dom ach
go leanfaidh mo thoil dílis duit go daingean.



Pé cor a thabharfair dom ní féidir dó a bheith ach go
maith.



2. Má's toil leat mé bheith i ndorchadas, dé bheatha
do ghrásta; agus má's toil leat mé bheith i solus, dé
bheatha do ghrásta, leis. Má's deónuightheach leat sólás
a thabhairt dom, dé bheatha do ghrásta, agus má's toil
leat pionós a chur orm, dé bheatha do ghrásta choídhche.


L. 132


3. An Tighearna.- A mhic, siní an aigne is ceart
duit a bheith agat, má's maith leat siúbhal dom' réir-se.



Is ceart duit bheith ollamh, mar a chéile, ar phionós
a dh'fhulang nó ar shólás a ghlacadh; ar bheith dealbh nó ar
bheith lán de shaidhbhreas.



4. An Seirbhíseach.- A Tighearna, táim lán tsásta,
pé rud is maith leat a theacht orm é dh'fhulang ar do
shon-sa.



Glacfad olc agus maith as do láimh, mar a chéile.
Glacfad searbh agus milis; áthas agus dólás; agus
pé rud a thuitfidh amach dom geóbhad a bhuidheachas leat.



Ach aon nídh amháin; cimeád mé ó'n bpeaca, agus
ansan ní bheidh beann agam ar an mbás ná ar ifrean.



CAIBIDIOL A h-OCHT-DÉAG.



TÁ ORAINN TRIOBLÓIDÍ AN TSAOGHAIL SEO
DH'FHULANG GO FOIDHNEACH DO RÉIR AN
TSAMPLA A TUG CRÍOST DÚINN.



1. An Tighearna.- A mhic, do thánag-sa anuas as
na flathais chun tusa shábháil. Do ghlacas orm do dhoch-
raidí. Níor ghádh dhom é; ach do dheineas é le grádh
dhuit-se, i dtreó go múinfinn foidhne dhuit agus go
bhfuilingeóchthá trioblóidí an tsaoghail seo gan fearg
a ghlacadh 'n-a gcoinnibh.



Ó'n uair a rugadh Mé go dtí uair mo bháis ar an
gcrois ní rabhas gan pionós agam le fulang.



Bhí neithe riachtanacha na beatha so i n-easnamh orm
go mór. Bhítí ag gearán orm go minic go cruaidh,
gan chúis. Do tugtí tarcuisne agus droch chaint dom,


L. 133


agus do ghlacainn go réidh iad. Dheininn tairbhe,
agus do tugtí mí-bhuidheachas dom. Dheininn mírbhuiltí,
agus gheibhinn diamhasla. Thugainn teagasg, agus do
tugtí droch mhúineadh dhom.



2. An Seirbhíseach.- A Tighearna, ó bhís-se foidh-
neach an fhaid a bhís ar an saoghal, agus ó dheinis toil
t' Athar Síoruidhe do chómhlíonadh leis an bhfoidhne sin;
is ceart go ndéanfadh peacach bocht mí-fhortiúnach de
m' shaghas-sa mé féin d'iomchar le foidhne, chun do
thoile-se do chómhlíonadh, agus trioblóidí na beatha
truaillighthe seo d'fhulang ar mhaithe le m' anam, pé
faid is toil leat-sa féin é.



Mar, bíodh go bhfuil an bheatha so trioblóideach, tá
luacht saothair le fagháil go maith aisti mar gheall ar
do ghrásta-sa; agus mar gheall ar do shampla agus ar
shampla do naomh, ní'l sí ró dhian ar dhaoinibh laga, ná
ró dhorcha.



D'á éaghmuis sin, tá beatha an duine níos sólásaighe
anois 'ná mar a bhí sí sa tsean dlíghe, nuair a bhí dóirse
na bhflathas dúnta, agus slíghe an duine chun Dé níba
dhorcha, agus gan ach fíor-bheagán daoine ag lorg na slíghe.



Agus an beagán san féin, na fíoraoin a bhí le
saoradh, níor bh' fhéidir dóibh dul isteach i bhflathas Dé
go dtí gur fhuilingis-se do Pháis, agus gur dhíolais,
le d'bhás naomhtha, na fiacha.



3. Ó, cad é an buidheachas atá ag dul duit uaim-se
mar gheall air gur thaisbeánais dom, agus dos na
fíoraonaibh go léir, slíghe mhaith, slíghe dhíreach, isteach
i rígheacht na bhflathas!



Mar, is í do bheatha-sa an tslíghe dhúinne; agus le
fadfhulang naomtha atáimíd ag cur na slíghe sin dínn
ag triall ort, agus is Tú ár gcoróinn.



Mura mbéadh Tusa do dhul rómhainn amach, ag tais-


L. 134


beáint na slíghe dhúinn, cé chuirfeadh aon tsuim sa
tslíghe?



Mo chreach chráidhte, is mó duine dh'fhanfadh abhfad siar
mura mbéadh an sampla uasal a chonnacadar uait-se.



Féach, táimíd neamhshuimeamhail go leór i n-aimhdheóin
a bhfuil tabhartha agat dúinn de theagasg agus de
mhírbhuiltíbh. Conus a bhéadh an sgéal againn dá mba
ná tabharfaí dhúinn an solus san go léir chun Tú a
leanmhaint?



CAIBIDIOL A NAOI-DÉAG.



CUIR SUAS LE h-ÉAGCÓIR. FÉACH CÉ h-É ATÁ
FOIDHNEACH DÁIRÍRIBH.



1. An Tighearna.- Cad é sin agat d'á rádh, a mhic?
Cuir uait an ceisneamh. Cuimhnigh ar ar fhuilingeas-sa
agus ar ar fhuilingeadar na naoimh.



Níor dheinis-se troid go fuil fós.



Fulang suarach atá agat-sa 'á dhéanamh seachas na
neithe móra dh'fhuilingeadar súd; seachas na cathana
diana a cuireadh ortha; seachas an crádh déarmhar a
deineadh ortha; seachas na mílte cruadhtan agus na
mílte pionós a cuireadh ortha.



Cuimhnigh ar na docharaibh móra a dh'fhuiling daoine
eile, agus ní chuirfir oiread suime ins na neithibh beaga
suaracha a tugtar duit féin le fulang.



Agus mura bhféachaid siad suarach ad' shúilibh-se,
seachain le h-eagla gur b'é do neamhfhoidhne féin fé
ndeár é sin.



Bídís beag nó mór, fuiling iad. Dein an fhoidhne.



2. D'á mhéid foidhne a dhéanfair iseadh is fearr do


L. 135


chiall, agus iseadh is mó a bheidh do luacht saothair; agus
iseadh is lúgha a mhothóchair an pian, leis, mar beidh
t' aigne ollamh dó, socair air.



Ná h-abair: Ní fhéadfainn cur suas le rud de'n
tsórd san ó n-a leithéid sin de dhuine. Ní ceart dom
rud de'n tsórd san a dh'fhulang. Tá éagcóir mhór
déanta aige orm. Agus tá neithe aige 'á chur am' leith
nár chuimhnigheas riamh ortha. Dá mb' aoinne eile
dhéanfadh é ba chuma liom. D'fhuilingeóchainn é mar
ba cheart. Ach é sin!



Machtnamh gan chiall iseadh machtnamh de'n tsórd
san. An t-é mhachtnuigheann ar an gcuma san, ní h-ar
an bhfoidhne a bhíonn sé ag cuimhneamh, ná ar an t-É
a dhíolfaidh tuarastal na foidhne. Is ar na daoine a
dhein an éagcóir air a bhíonn sé ag cuimhneamh; agus
ar an éagcóir; agus air féin.



3. Ní duine foidhneach i n-aon chor an t-é ná fuiling-
eóchaidh ach an rud is maith leis féin; agus chómh fada
agus is maith leis féin; agus ó'n nduine is maith leis
féin.



An t-é go bhfuil an fhoidhne cheart aige is cuma leis
cé uaidh go bhfaighidh sé rud le fulang, cé'cu ó n'uacht-
arán féin, nó ó n-a chómhalta, nó ó dhuine fé n-a bhun;
cé'cu ó dheagh dhuine nó ó dhroch dhuine, ó dhuine
mhacánta nó ó chuirptheach, a gheóbhaidh sé é.



Pé beag mór a gheóbhaidh sé le fulang, pé minic
anamh a gheóbhaidh sé é, pé saghas duine, nó pé saghas
créatúra, a thabharfaidh an nídh sin dó le fulang, is
amach a' láimh Dé a ghlacfaidh sé é, agus is le grádh do
Dhia fhuilingeóchaidh sé é. Beidh sé buidheach de Dhia
mar gheall air, agus tuigfidh sé i n' aigne gur saidhbhreas
mór é.



Mar, aon nídh a fuilingtear le grádh do Dhia, an nídh


L. 136


is lúgha ar bith, ní féidir é dhul gan luacht saothair i
láthair Dé.



4. Bí-se, d'á bhrígh sin, ollamh agus gléasta i gcóir
an chatha má's maith leat buadh bheith agat.



Ní féidir duit coróinn na foidhne bheith agat gan
cath.



Mura maith leat fulang ní maith leat an choróinn
fhagháil.



Má's maith leat an choróinn fhagháil troid go cródha,
fuiling go foidhneach.



Gan saothar ní gheibhtear suaimhneas. Gan cath ní
beirtear buadh.



An Seirbhíseach.- A Thighearna, an rud is dóich liom
is dodhéanta dhom do réir nádúra, bíodh sé sodhéanta
dhom tré neart do ghrásta-sa.



Is eól duit-se gur beag fhéadaim a dh'fhulang, agus
gur luath ar lár mé nuair a ghabhann rud beag am'
choinnibh.



Pé duaidhnéis ná trioblóid a thiocfaidh orm bíodh sé
i n' adhbhar áthais dom feasta, agus i n' adhbhar sóláis,
ar do shon-sa, mar is é leas m' anama, gan amhras,
trioblóidí dh'fhulang ar do shon.



CAIBIDIOL A FICHE.



ADMHUIGHMÍS ÁR LAIGE FÉIN, AGUS MACHT-
NUIGHMÍS AR MHÍ-FHORTIÚN NA BEATHA SO.



1. An Seirbhíseach.- Admhóchad am' choinnibh féin mo
neamhfhíoraontacht. Admhóchad duit-se, a Thighearna,
m'easba nirt.


L. 137


Is minic gur rud suarach a chuireann lagspridíghe orm
agus seirbhthean.



Cuirim rómham beart chródha dhéanamh, ach nuair a
thagann cath orm, agus gan é ró dhian féin, bím i
nguais ana mhór.



Is rud ana shuarach, go minic, a tharraingeann cath
uathbhásach orm.



Agus nuair a mheasaim mé féin ar láimh shábhála
nách mór, baintear de m' bunaibh mé, nó geall leis,
gan choinne, agus ní le fogha ró láidir é.



2. Féach, a Tighearna, táim lag, gan bhrígh, ar gach aon
tsaghas cuma, mar is eól duit.



Dein trócaire agus tarraing mé as an ndraoib,
le h-eagla go gceangalóchainn ann, le h-eagla go
bhfanfainn ar lár ar fad.



Sidé a chuireann i ndiaigh mo chúil mé go minic ad'
láthair, agus do mhilleann mé, a rádh go bhfuilim chómh
tugtha do thuitim, agus chómh lag i gcoinnibh m' ainmhianta.



Bíodh ná tugaim toil dóibh ar fad, san am gcéadna
bím ciapaithe cráidhte acu, agus iad ag cur orm
coitchianta, agus is truagh an sgéal é duine bheith i
gcómhnuidhe ag iomaigh leó.



Taisbeántar dom mo laige nuair a thagaid na droch
smuínte grána so chúgham, mar is ró fhuiriste leó
teacht agus is ana dheacair iad do dhíbirt.



3. Deónuigh, a Dhia chómhachtaigh Isráeil, a sgiath
chosanta na bhfíoraon, féachaint le truagh orm-sa, do
sheirbhíseach bhocht, agus ar an gcruadhtan 'n-a bhfuilim
sáidhte chómh daingean, agus cabhair agus congnamh
a thabhairt dom ins gach greim d'á ghéire.



"An greim is géire,
Dia 'ghá réidhteach!"


L. 138


Neartuigh mé le neart ó neamh, le h-eagla go
bhféadfadh an seanduine, an cholann chlaon ná fuil
fé lán-smacht na spioraide fós, an lámh uachtair a
dh'fhagháil orm. Neartuigh 'n-a choinnibh mé, a Thighearna,
mar ní foláir an cath do chimeád ar siúbhal 'n-a choin-
nibh an fhaid a bheidh anál agam 'á tharrang ar an saoghal
mí-fhortiúnach so.



Ó, cad é mar shaoghal! Cad é mar ná fuil ann ar
fad ach trioblóid agus mí-fhortiún agus ceilg namhad
ar an uile thaobh.



Ní túisge a bhíonn trioblóid curtha dhé ag duine 'ná
siúd chuige trioblóid eile, agus ní túisge a bhíonn cath
curtha dhé aige 'ná siúd istigh i lár catha eile é. Ní
h-eadh, ach siúd go minic a lán acu ag teacht i
n-aonfheacht air agus gan coinne aige leó.



4. Agus conus is féidir do dhuine aon ghreann a
bheith aige ar an mbeatha so atá chómh líonta de phian-
taibh agus de thrioblóidíbh agus de mhí-fhortiún?



Conus is féidir beatha thabhairt i n-aon chor ar bheatha
as a mbíonn breóiteacht agus pláigh agus trúigeana
báis ag fás coitchianta?



Ní beatha í, ach saighseana báis.



Agus féach, tugtar grádh dhi. Agus tá a lán daoine a
loirgeann a n-áthas go léir inti.



Bíonn a lán ag cáine an tsaoghail, 'ghá rádh ná fuil
ann ach feall agus calaois. 'N-a thaobh san a's uile
ní maith leó sgaramhaint leis mar shaoghal. Tá an
greim ró dhaingean ag na h-ainmhiantaibh ortha.



Tá neithe, ámhthach, a chuireann fhiachaint ortha grádh
thabhairt do'n tsaoghal, agus neithe eile a chuireann
fhiachaint ortha gráin a bheith acu air.



Mian na colna, mian na súl, mian na h-aigne, 'sé
sin uabhar na beatha so, siniad na neithe a chuireann


L. 139


fhiachaint ar dhaoine grádh thabhairt do'n tsaoghal.
Ach "gol an gháire," na pianta a thagann ó thoil a thabh-
airt dos na mianaibh sin, siniad na neithe a chuireann
fhiachaint ar dhaoine fuath a thabhairt do'n tsaoghal agus
gráin a bheith acu air.



5. Ach foraoir! Buadhann an grádh ar an bhfuath
acu. Claoidheann an droch phléisiúr an aigne atá
tugtha do'n tsaoghal. Is pléisiúr leis an aigne sin
bheith fé smacht na colna. Ní fheiceann an aigne sin,
ná ní bhlaiseann sí, aoibhneas Dé ná suairceas na
fíoraontachta.



Ach an mhuintir a thugann fuath i gceart do'n tsaoghal
agus gur b'é a mian maireachtaint do Dhia fé riaghail
bheannuighthe, tuigid siad san cad a bhaineann leis an
suairceas naomhtha atá geallta do lucht an tsaoghail
do shéanadh dáiríribh, agus tuigid siad, leis, go
h-áluinn, an feall atá ag aicme an tsaoghail 'á
dhéanamh ortha féin, agus an dearmhad atá ortha.



CAIBIDIOL A h-AON AGUS FICHE.



IS AR DHIA FÉIN, TAR GACH MAITH AGUS THAR
GACH TABHARTAS, IS CEART DO'N DUINE
A AIGNE DO SHOCARÚ.



1. An Seirbhíseach.- Ins gach nídh, agus thar gach nídh,
bíodh do shuaimhneas sa Tighearna agat, a anam so
agam-sa, mar is é an Tighearna suaimhneas síoruidhe
na naomh.



Tabhair dómh-sa, a Íosa ró mhilis, ró ghrádhmhar, mo
shuaimhneas a dh'fhagháil ionat-sa thar gach nídh d'ár


L. 140


chruthuigh Dia; thar gach sláinte agus maise; thar gach
glóire agus onóir; thar gach cómhacht agus gradam;
thar gach eolus agus oilteacht; thar gach saidhbhreas
agus ealadhain; thar gach áthas agus lúthgháir; thar gach
cáil agus moladh; thar gach suairceas agus sólás;
thar gach nídh n-a bhfuil súil leis, nó geallamhaint; thar
gach luacht saothair agus thar gach mian.



Thar gach tabharthas agus tíodhlaice d'ár féidir duit
a thabhairt do'n duine ná do chur isteach ann; thar gach
aoibhneas agus gáirdeachas d'ár féidir d'aigne an
duine a ghlacadh ná a mhothú.



I n-aon fhocal amháin, thar na h-aingil agus na h-árd-
aingil agus mór shlóighte na bhflathas go léir; thar
gach nídh sofheisgthe agus dofheisgthe, agus thar an uile
nídh nách Tusa féin, a Tighearna Dia.



2. Mar, is Tusa, a Tighearna Dia, is fearr, thar an
uile nídh; is Tusa amháin is aoirde; is Tusa amháin is
cómhachtaighe; is Tusa amháin is lán-tsásamh dúinn; is
Tusa amháin is lán-mhísleacht agus is lán-tsólás
dúinn.



Is Tusa amháin is lán áluinn agus is lán ghrádhmhar;
is Tusa amháin atá uasal glórmhar thar gach uile nídh.
Ionat-sa amháin atá gach maith, i n-aonfheacht agus i
n-iomláine, agus do bhí riamh, agus do bheidh.



D'á bhrígh sin, aon nídh, nách Tú féin, a thabharfair
dómh-sa, nó aon nídh d'fhoillseóchair dom ad' thaobh
féin, nó do gheallfair dom, an fhaid ná feicim nó ná
faighim Tú féin, is ró bheag é.



Mar, go deimhin ní féidir dom' chroídhe fíor shuaimh-
neas d'fhagháil, ná bheith lán tsásta, gan eirighe os cionn
do thabharthaistí go léir, agus os cionn gach créatúra,
agus stad ionat-sa féin.



3. Ó, a Tighearna Íosa Críost, is Tú mo Chéile! Is


L. 141


Tú mo ghrádh! Is Tú mo stór geal, glan! Is Tú
rí na cruinne! Cé thabharfaidh dom dhá sgiathán agus
cead gluaiste go dtéighead ag triall ort agus go
bhfanad agat!



Ó, cathain a tabharfar dom, go h-iomlán, caoi ar a
dh'fheisgint cad é an t-aoibhneas atá ionat-sa, a
Tighearna Dia?



Cathain a chruinneóchad mo mhachtnamh, go h-iomlán,
ionat-sa, i dtreó, le grádh dhuit-se, ná mothóchad mé
féin i n-aon chor, ach Tusa amháin, lastuas de gach mothú
agus de gach machtnamh, ar chuma nách é gach aoinne a
thuigeann?



Ach anois deinim osnadh go minic, agus is go
buartha a dh'fhuilingim mo mhí-ádh.



Mar tagann a lán droch neithe crosta orm sa
tsaoghal mhí-fhortiúnach so, agus cuirid siad buaireamh
orm agus brón agus dorchadas. Cuirid siad cosg
liom go minic, agus bíd siad am' chur amú agus am'
mhealladh agus am' chimeád siar ó theacht chúghat-sa le
h-éasgacht, chun go dtogfá idir do dhá láimh mé, agus
go dtabharfá dhom an t-aoibhneas a thugann Tú
d'anamnachaibh na bhfíoraon.



Géill, a Tighearna, dom' osnadh, agus dom' uaig-
neas ar an saoghal so.



Ó, a Íosa, a sholus na glóire síoruidhe, a shólás anama
an deóraidhe, ní fhéadann mo bhéal labhairt leat, ach
labhrann ciúnas mo chruadhtain leat.



Cad é an fhaid a bheidh mo Tighearna gan teacht
chúgham?



Is mé a sheirbhíseach bhocht; tagadh Sé chúgham agus
cuireadh Sé áthas orm. Síneadh Sé a lámh chúgham agus
tógadh Sé as gach guais mé.



Tar chúgham! Tar chúgham! Gan Tusa ní'l lá


L. 142


áthais ná uair a' chloig áthais agam, mar is Tusa m'
áthas-sa, agus gan Tusa is bórd lom mo bhórd.



Is duine gan áird mé, agus is i mbraighdineas atáim,
agus mo ghéaga ceangailte, go dtí go dtiocfair-se
agus go leigfir solus do ghné orm, agus go dtabhar-
fair fuasgailt orm, agus go dtaisbeánfair do ghnúis
ró ghrádhmhar dom.



5. Loirgeadh daoine eile a rogha rud ad' inead-sa;
ní shásuigheann aon nídh eile mise ná ní shásóchaidh, ach
Tusa féin, mar is Tú mo Dhia agus mo dhóchas, agus
is Tú an bheatha shíoruidhe.



Ní éistfead ná ní stadfad de m' ghuidhe go dtí go
bhfillfidh do ghrásta orm agus go labharfair féin liom
istigh am' chroídhe.



6. An Tighearna.- Féach, táim anso. Féach agat
anso Mé, mar do ghlaodhais orm. Do dheóracha, agus
do mhian, agus t'úmhluigheacht, agus do dhólás chroídhe,
isiad do bhog Mé agus do thug ag triall ort Mé.



7. An Seirbhíseach.- Agus dubhart: A Tighearna, do
ghlaodhas ort, agus ba mhian liom Tú bheith agam, agus
bhíos ollamh ar gach nídh do chaitheamh uaim ar do shon.



Agus is Tú féin do sprioc mé ar dtúis chun go
loirgeóchainn Tú.



Moladh a's buidheachas leat, a Tighearna! Do
dheinis an mhaith so dod' sheirbhíseach as líonmhaireacht
do thrócaire.



Cad tá agat' sheirbhíseach le rádh os do chómhair ach
é féin d'úmhlú go h-íseal ad' láthair, agus cuimhneamh
i gcómhnuidhe ar a pheacaíbh féin agus ar a olcas.



Óir ní'l do mhacshamhail ar a bhfuil de neithibh iongan-
tacha ar neamh ná ar talamh.



Tá t'oibreacha sár-mhaith, táid do bhreitheamhantaisí
ceart, agus is é do leamhnú do riaghlann gach uile nídh.


L. 143


Moladh agus glóire d'á bhrígh sin leat, a Eagna an
Athar. Moladh agus buidheachas leat ó m' béal-sa
agus ó m' anam, agus ó gach nídh d'ár chruthuigh Dia!



CAIBIDIOL A DÓ AGUS FICHE.



CUIMHNIGHMÍS AR NA TABHARTAISTÍBH LÍONMHARA
ATÁ AGAINN Ó DHIA.



1. An Seirbhíseach.- Osgail, a Tighearna, mo chroídhe
chun eoluis ar do dhlíghe, agus múin dom conus siúbhal
do réir t'aitheanta.



Tabhair dhom go dtuigfinn do thoil, agus go gcim-
eádfainn am' chuimhne, le h-uraim ana mhór agus le
h-aireachas mór, na tabharthaistí atá bronnta agat
orm, iad go léir i n-aonfheacht agus gach tabharthas díobh
fé leith, i dtreó go dtabharfainn duit feasta an buidh-
eachas is ceart.



Is eól dom, ámhthach, agus admhuighim é, ná fuil ar mo
chumas buidheachas molta mar is cóir do thabhairt duit,
dá mba mar gheall ar an bpúnc is lúgha acu é.



Is lúgha mise féin 'ná aon mhaith d'ár bhronnais orm,
agus nuair a mhachtnuighim ar do mhórdhacht-sa tagann
uathbhás orm.



2. Gach nídh d'á bhfuil againn, i gcorp agus i n-anam,
istigh i n-ár n-aigne agus lasmuich, do réir nádúra
agus os cionn nádúra, is uait-se do fuaramair é.
Taisbeánaid na neithe sin go léir méid do dheagh-
mhéinne, méid do ghrádha dhúinn, méid do mhaitheasa,
agus gur uait atá gach maith faghálta againn.



Bíodh go bhfuair duine breis seachas duine eile, is


L. 144


uait-se a fuaradh idir bheag agus mór, agus gan Tusa
níor bh'fhéidir an blúire ba lúgha fhagháil.



An t-é is mó do fuair, ní féidir dó maoidheamh as
d'á bhíthinn féin, ná bheith mórchúiseach os cionn daoine
eile, ná bheith tarcuisneach leis an t-é ná fuair puinn.
Mar an t-é is lúgha a ghlacfaidh aon chreideamhaint
chuige féin sa sgéal, agus is mó d'úmhlóchaidh é féin
agus gheóbhaidh a bhuidheachas le Dia, siné an t-é is fearr
agus is aoirde.



An t-é a thuigeann i n'aigne gur b'é féin an duine
is suaraighe ameasg daoine, agus is lúgha ceart chun
onóra, siné an t-é is oireamhnaighe chun tabharthaistí
móra dh'fhagháil ó Dhia.



3. An t-é, ámhthach, nár tugadh dó ach an beagán, ní
ceart dó bheith duairc ná míchéadfach, ná bheith ag for-
mad leis an t-é a fuair an mhór-chuid. Féachaint
chúghat-sa iseadh is ceart dó, agus bheith ag moladh do
mhaitheasa, mar go dtugann Tú do thabharthaistí uait
chómh fial, chómh deaghmhéinneach, i n-aisge, gan toradh
agat ar dhuine seachas duine.



Is uait a thagann gach nídh, agus d'á bhrígh sin is dual
duit moladh ins gach nídh.



Is duit is eól cad is maith a thabhairt do gach duine,
agus cad fá an beagán a bheith ag duine agus an
mórán ag duine eile. Ní h-againne atá an nídh sin
do thuisgint ach agat-sa, mar is Tú a chíonn go soiléir
cad atá tuillte ag gach duine fé leith.



4. Uime sin, a Tighearna, measaim féin gur tabharthas
mór ó Dhia gan a bheith ag duine ach an beagán d'aon
nídh a tharraingeóchadh moladh ó bhéalaibh daoine air.
Agus measaim, má mhachtnuigheann duine ar a shuaraigh-
eacht féin agus ar a dhealbhas, i n-inead bheith duairc
ná dubrónach mar gheall air, gur b'amhlaidh is ceart


L. 145


dó áthas mór a bheith air mar gheall air, agus sásamh
aigne, mar gur thoghais-se, a Tighearna Dia, mar
cháirde fé leith dhuit féin, na daoine bochta, agus na
daoine uirísle, agus na daoine ná fuil aon mheas ag
an saoghal so ortha.



Féach na h-Aspoil féin. Chuiris suas 'n-a ríghthibh iad
os cionn an domhain go léir. (Bíodh gur dhaoine
bochta iad.)



Agus fós do ghabhadar tríd an saoghal gan ghearán.
Bhíodar chómh h-úmhal, chómh caoin sin, gan mhailís gan
mheang, gur b'áthas leó tarcuisne dh'fhulang ar son
t'ainime-se, agus an rud go mbíonn gráin ag an
saoghal air go nglacaidís é le fonn mór.



5. D'á bhrígh sin, an t-é go bhfuil grádh aige dhuit-se,
agus a thuigeann do mhór-mhaitheas agus do thabharthaistí,
ní ceart d'aon nídh oiread áthais a chur air agus a chuir-
eann déanamh do thoile 'n-a thaobh féin air, agus an
ceapadh atá déanta agat dó i gcóir na síoruidheachta.



Ba chóir go gcuirfeadh an nídh sin oiread san áthais
air, agus go dtabharfadh sé oiread san sóláis dó,
go mbéadh sé chómh sásta le bheith ar an nduine ba lúgha
agus fhéadfadh aoinne bheith, le bheith ar an nduine ba
mhó;



Agus go mbéadh sé chómh mór ar a shuaimhneas i n-áit
dheirigh agus bhéadh sé i n-áit thosaigh; chómh sásta le bheith
fé dhroch mheas agus fé neamhshuim, agus bhéadh sé dá mb'
i n-onóir agus i n-uachtaránacht a bhéad sé os cionn
daoine eile.



Mar, is ceart dó do thoil-se, agus grádh do t'onóir
do chur os cionn gach uile nídh, agus níos mó sóláis
agus áthais a dh'fhagháil sa méid sin 'ná i n-aon
tabharthaistíbh atá tabhartha agat dó, ná le tabhairt
agat dó.


L. 146


CAIBIDIOL A TRÍ AGUS FICHE.



CONUS AN TSÍOTHCHÁIN DO LORG.



1. An Tighearna.- A mhic, tabharfad eolus anois
duit ar bhóthar na síothchána agus na fíor-shaoirse.



2. An Seirbhíseach.- Dein, a Tighearna, an nídh sin
adeirir, mar is ro mhaith liom-sa é chlos.



3. An Tighearna.- Foghluim, a mhic, bheith níos tugtha
chun toile duine eile dhéanamh ná chun do thoile féin a
dhéanamh.



Togh, i gcómhnuidhe, an beagán a bheith agat níos
túisge 'ná an mórán a bheith agat.



Loirg, i gcómhnuidhe, an áit is ísle, agus bheith fé
bhun gach aoinne.



Iarr, i gcómhnuidhe, agus guidh, go ndéanfaí toil
Dé at' thaobh.



Féach, an t-é a dheineann mar sin tá sé ar thalamh na
síothchána agus an tsuaimhnis.



4. An Seirbhíseach.- A Tighearna, is gearr an chaint
í sin ráidhte agat, ach tá mórán fíoraontachta ar
iomchar aici. Tá sí beag le labhairt, ach tá sí lán de
bhrígh, agus tá toradh saidhbhir uirthi.



Dá bhféadainn-se beart a dhéanamh do réir na cainte
sin, ní bhéadh sé chómh fuiriste mé chur tré n-a chéile.



Mar, nuair a mhothuighim mé féin tré n-a chéile agus
ualach ar m' aigne, ní fada go bhfeicim go mbím tar
éis imtheacht ó'n dteagasg san.



Ach Tusa, ó's duit is féidir gach uile nídh, agus o's
mian leat i gcómhnuidhe leas anama an duine, méad-
uigh do ghrásta chúgham, ionus go dtiocfaidh liom


L. 147


beart a dhéanamh do réir do chainte, agus leas
mh'anama dhéanamh.



GUIDHE



I gcoinnibh droch smuínte.



A Thighearna Dia, ná h-imthigh abhfad uaim. A Dhia,
féach orm agus cabhruigh liom: mar tá mórán smuínte
eirighthe am' aigne, agus mórán eagla, agus tá mo
chroídhe d'á chéasadh acu.



Conus a gheóbhad tríotha slán? Conus a bhrisfead
tríotha?



"Raghad-sa rómhat amach," adeirir, "agus leagfad
ar lár cómhachta móra an domhain. Osgalóchad geataí
na carcrach agus nochtfad duit neithe diamhara atá i
bhfolach uait."



Go ndeinir sin, a Tighearna! Go labhrair, agus go
sguabair as do radharc an uile shaghas droch smuínte.



Sidé mo dhóchas agus m' aon tsólás, ruith ag triall
ort-sa i ngach trioblóid, mo mhainighin a beith agam
asat-sa, glaodhach ort ó lár mo chroídhe, agus bheith ag
brath go foidhneach ar do chabhair shólásach.



GUIDHE



A d'iarraidh soluis aigne.



Foillsigh mé, a Íosa ró mhaith, le gileacht soluis
aigne, agus díbir amach as mo chroídhe gach doircheacht.



Cuir srian le fánaigheacht m' aigne, agus smachtuigh
na droch neithe seo atá ag cur orm chómh dian.



Troid go láidir ar mo shon agus buaidh ar na droch
bheithidhigh seo, na droch mhianta mealltacha so, adeirim;
ionus go ndéanfaí síothcháin tré d' chómhacht, agus go


L. 148


molfaí Thú go mór ad' ríghtheaghlach naomhtha, 'sé sin,
i gcoinsias ghlan.



Tabhair órdú do'n ghaoith agus do'n stoirm. Abair
leis an bhfaraige, Bí socair. Abair leis an ngaoith
adtuaidh, Ná séid. Ansan beidh ciúnas mór ann.



Cuir amach chúghainn do sholus agus t'fhírinne, agus
soillsíghdís ar an dtalamh; óir is talamh faon folamh
mise go ndeinir-se mé shoillsiú.



Sgaoil chúgham anuas do ghrásta. Sgaoil drúcht ó
neamh fé m' chroídhe. Leig uisge na cráibhtheachta amach
go bhfliuchaidh sé an talamh, i dtreó go dtiocfaidh an
toradh maith, an toradh fóghanta.



Árduigh suas an aigne seo atá brúighte fé ualach
peacaí, agus daingnigh mo mhian go léir ar shólás na
bhflathas, i dtreó, nuair a bhlaisfead mísleacht an
aoibhnis atá thuas ná fanfaidh aon toradh agam ar
neithibh saoghalta.



Tóg chun siúbhail mé agus sgar mé le gach sólás díom-
buan, le gach sólás d'á dtagann ó neithibh saoghalta.
Ní féidir d'aon nídh a cruthuigheadh m' aigne shásamh i
gceart, ná suaimhneas ná sólás iomlán do chur orm.



Táthuigh mé go daingean leat féin fé cheangal do
ghrádha, mar is Tú amháin is sásamh do'n t-é go bhfuil
grádh aige dhuit, agus gan Tú is neamhnídh gach uile nídh.



CAIBIDIOL A CEATHAIR AGUS FICHE.



SEACHAIN FIAFRAIGHTHEACHT I DTAOBH BEATHA
DHUINE EILE.



1. An Tighearna.- A mhic, ná bí fiafraightheach, agus ná
glac ort cúram baoth.


L. 149


Cad é sin duit-se so ná súd? Lean-se Mise.



Cad é sin duit-se cé'cu mar seo nó mar siúd atá
a leithéid seo de dhuine, nó an mar sin nó mar siúd
a dheineann sé, nó do labhrann sé?



Ní gádh dhuit-se freagairt do dhaoinibh eile. Is duit
féin a chaithfir freagairt.



Cad chuige dhuit baint leó, mar sin?



Féach, aithnighim-se iad go léir. Chím gach uile nídh
fé'n ngréin. Is eól dom conus 'tá an sgéal ag gach
duine fé leith, a smuíneamh, an nídh atá uaidh, agus cad
í an aidhm atá curtha roimis aige.



Fágtar fúm-sa, d'á bhrígh sin, gach uile nídh. Dein-se
do shuaimhneas a cheapadh, agus leig d'fhear an toir-
misg bheith ag déanamh toirmisg oiread agus is maith
leis é.



Is air féin a thiocfaidh pé rud a déarfaidh sé nó a
dhéanfaidh sé, mar ní féidir dó an dubh a chur 'n-a gheal
orm-sa.



Ná cuir suim i mór-chlú; ná i mór-shluagh carad. Ná
bíodh dúil agat i ngrádh daoine dhuit.



Tá dul amú ana mhór ins na neithibh sin, agus dorch-
adas croídhe.



Do labharfainn-se mo bhriathar leat go fonnamhar
agus do nochtfainn duit neithe atá fé cheilt, dá
ndeinteá faire ar mo theacht chúghat, agus dorus do
chroídhe a bheith osgailte agat dom.



Tabhair aire dhuit, agus dein faire agus úrnuighthe,
agus úmhluigh tú féin ins gach uile nídh.


L. 150


CAIBIDIOL A CÚIG AGUS FICHE.



NA NEITE A THUGANN SÍOTHCHÁIN AIGNE DO
DHUINE GO DAINGEAN, AGUS FÍOR DHUL
AR AGHAIDH.



1. An Tighearna.- A mhic, is mise adubhairt,
Fágaim agaibh mo shíothcháin. Tugaim daoibh mo shíothcháin.
Ní mar a thugann an saoghal a thugaim-se.



Taithneann an tsíothcháin le gach aoinne, ach ní h-é
gach aoinne a chuireann suim ins na neithibh a bhaineann
le fíor-shíothcháin.



Is ag lucht na h-úmhluigheachta agus na ceannsachta
a bhíonn mo shíothcháin-se. Is i mór-chuid foidhne a bheidh
síothcháin le fagháil agat-sa.



Má éisteann tú liom-sa, agus má dheineann tú
mo chómhairle, beidh ar do chumas mórán síothchána
bheith agat.



2. An Seirbhíseach.- Agus cad 'tá agam le déanamh,
a Thighearna?



3. An Tighearna.- Ins gach uile nídh tabhair aire
dhuit féin, do'n rud a bheidh agat 'á dhéanamh, agus do'n
rud a bheidh agat 'á rádh; agus ná bíodh d'aidhm agat
choídhche ach so, go ndéanfá Mise shásamh, agus, lasmuich
dhíom-sa, gur chuma leat cad a dhéanfadh aon nídh ar bith.



Ansan, ná tabhair breith obann ar chaint ná ar ghníomh
an fhir thall, agus ná bíodh aon bhaint agat le gnóthaíbh
ná baineann leat. Má dheineann tú an chómhairle sin
ní curfar puinn tré chéile aigne ort, nó is anamh a
curfar.



Ach i dtaobh gan aon bhuaireamh aigne do theacht
choídhche ar dhuine, ná aon ghearán croídhe ná cuirp,


L. 151


ní h-ar an saoghal so is féidir an nídh sin, ach ar staid
an tsuaimhnis shíoruidhe.



Ná meas, d'á bhrígh sin, go bhfuil fíor-shíothcháin faghálta
agat nuair ná mothuigheann tú aon ualach ag cur ort;
agus ná meas go bhfuil gach aon nídh go maith nuair ná
mothuigheann tú aoinne ag gabháil at' choinnibh. Agus
ná meas go bhfuil gach nídh 'n-a cheart toisg gach nídh
bheith do réir do thoile-se.



Agus ná meas gur mór le rádh thú féin, ná go bhfuil
grádh fé leith ag Dia dhuit, má mhothuigheann tú cráibh-
theacht mhór ionat agus suairceas. Ní h-ins na neithibh
sin atá grádh fírinneach do'n fhíoraontacht, ná dul an
duine ar aghaidh i ndílse spioradáltachta.



4. An Seirbhíseach.- Agus cad ann, a Tighearna?



5. An Tighearna.- I gcur do thoile, ó chroídhe go
h-iomlán, le toil Dé, gan aidhm ar bith agat ar aon nídh
a bhainfeadh leat féin, a bheag ná a mhór, ar an saoghal
so ná ar an saoghal eile,.



I dtreó gur chuma leat ádh nó mí-ádh do theacht ort,
agus go nglacfá gach taobh acu leis an aigne chéadna,
agus go ngeóbhtha a mbuidheachas le Dia mar a chéile
díreach.



Má eirigheann leat neart aigne agus fadfhulang
agus mainighin a' Dia bheith agat, i dtreó, bíodh ná fág-
far aon tsólás spioradálta agat, go mbeidh do
chroídhe ollamh chun san, agus níos mó'ná san, a dh'fhulang,
agus ná beidh tú ag dul ar do chosaint féin, agus 'ghá
rádh nách ceart a dh'iarraidh ort oiread san a dh'fhulang,
ach go n-admhóchair Mise bheith ceart ins gach nídh, agus
go molfair mo naomhthacht; ansan iseadh bheidh do chos
ar an mbóthar gceart chun na síothchána, agus dóchas
deimhnightheach agat go bhfeicfir mo ghnúis-se airís i
n-aoibhneas.


L. 152


Ach má thagann leat neamhshuim i gceart do chur
ionat féin, tuig at' aigne gur b'shiné uair a bheidh
síothcháin aigne i gceart agat, chómh fada agus is féidir
duit i n-aon chor é, an fhaid a bheidh tú ar an saoghal so.



CAIBIDIOL A SÉ AGUS FICHE.



TUGANN GUIDHE CHUN DÉ, DO'N AIGNE ATÁ
SGARTHA Ó'N SAOGHAL, TÓGÁILT CINN NÁ
TUGANN LÉIGHEADH LEABHAR DI.



1. An Seirbhíseach.- A Thighearna, is é an fíoraon gan
locht ná bogann a aigne choídhche de neithibh spioradálta,
ach do ghabhann tré bhuaireamh gan nídh ar bith a bheith ag
déanamh buartha dhó; agus ní le neamhshuim a dheineann
sé é, ná le mairbhitíghe aigne, ach leis an mbuadh a
bhíonn ar an aigne a bhíonn sgartha ó'n saoghal
agus ná bíonn greim claon ag aon nídh saoghalta
uirthi.



2. Aithchim ort, a Tighearna ró mhaith, mé chimeád ó
thrioblóidíbh na beatha so, ionus ná béarfaidís greim
orm; mé chimeád ó riachtanaisíbh líonmhara na colna,
sar a bhfaghadh pléisiúr greim orm; mé chimeád ó gach
nídh a dheineann bárthan do'n aigne, le h-eagla go
mbrisfeadh ar an bhfoidhne agam agus go leagfaí ar
lár mé.



Ní h-ós na neithibh seo a loirgeann lucht baoise an
tsaoghail chómh dian a dh'iarraim ort mé chimeád, ach ós
na mí-fhortiúnaibh seo a thug easgaine choitchian an bháis
ar an nduine, agus a bhíonn am' brúghadh síos agus am'
tharrang i ndiaigh mo chúil, agus ag cosg m' aigne ar


L. 153


chead a cinn a bheith aici i neithibh spioradálta nuair is
áil liom é.



3. Ó, a Dhia, a shuairceas gan teóra, iompuigh chun
seirbhthin dom gach sólás corpartha a bhíonn ag teacht
idir mé agus sólás na bhflathas, agus ag tarrang mo
chroídhe i leith-taoibh uaidh, agus am' mhealladh chuige
féin tré bhíthinn pléisiúir éigin saoghalta, aimhleasta.



A Dhia mhóir, ná beireadh fuil agus feóil buadh orm.
Ná leig do ghlóire dhíombuan an tsaoghail seo mé
mhealladh. Ná leig do'n annsprid chealgach mé shárú.



Tabhair dom neart chun cur i gcoinnibh mo namhad,
fadfhulang i dtreó ná géillfinn, seasamhacht i dtreó
go mbeinn buan.



I n-inead gach sóláis saoghalta tabhair dom sólás
an Spioraid Naoimh. I n-inead ghrádha na colna
tabhair dom grádh do t' ainim naomhtha féin.



4. Biadh, deoch, éadach, na neithe seo go léir atá
riachtanach chun an chuirp a chimeád suas, is duadh iad
do'n duine spioradálta.



Tabair dómh-sa go ndéanfainn úsáid díobh san go
measardha, agus ná cuirfinn aon ró-dhúil ionta.



Ní ceaduighthe iad go léir do thréigean mar ní foláir
an cholann do chimeád beó. Ach ní cheaduigheann an
dlíghe naomhtha an neamhghádh d'iarraidh, an nídh ná fuil
ann ach pléisiúr. Do chuirfeadh san an cholann ó smacht
na h-aigne.



Ins na neithibh sin, a Thighearna, do lámh-sa go stiúr-
uighidh mé i dtreó ná raghaidh mé an iomad i leith aon
taoibh.


L. 154


CAIBIDIOL A SEACHT AGUS FICHE.



GRÁDH DO DHUINE FÉIN IS MÓ CHIMEÁDANN
DUINE Ó GHRÁDH DO DHIA.



1. An Tighearna.- A mhic, ní foláir iomlán a tabh-
airt ar iomlán. Ní leat féin aon phioc díot féin.



Bíodh 'fhios agat go ndeineann grádh dhuit féin níos
mó díobhála dhuit 'ná mar a dheineann aon nídh sa
domhan.



Do réir mar atá greann agat ar rud iseadh cheang-
alann sé dhíot, a bheag nó a mhór.



Má bhíonn do ghrádh glan, aonda, díreach, macánta,
beidh tú saor ó aon ghreim a bheith ag aon rud ort.



Ná sanntuigh nídh nách ceaduighthe dhuit a bheith agat. Ná
bíodh agat nídh a dh'fhéadfaidh umárd a dhéanamh duit,
agus t'aigne chimeád i ngreim.



Is iongantach ná tugann tú suas dómh-sa, ó chroídhe
go h-iomlán, tú féin agus gach nídh is féidir duit a
dh'iarraidh ná bheith agat.



2. Cad chuige dhuit bheith at' shnaoi ag buairt gan
éifeacht? Cad chuige dhuit bheith at' chrádh féin le
cúram nách gádh?



Fág thú féin fúm-sa ar fad, agus ní baoghal duit
aon díobháil.



Má loirgeann tú an rud so nó an rud úd, nó má's
mian leat bheith san áit seo nó san áit úd, chun do
thairbhe féin, nó chun breis de d'thoil féin a bheith agat,
ní bheidh suaimhneas go deó agat ná ní bheir saor ó
bhuaireamh, mar beidh rud éigin i n-easnamh ar an uile
nídh agat, agus beidh duine éigin ag cur ad' choinnibh
ins gach uile áit.


L. 155


3. Ní h-é do bhuac, d'á bhrígh sin, neithe dh'fhagháil, ná iad
do chur i méid, lasmuich dhíot, ach gan aon tsuim a chur
ionta, agus iad do ghearradh amach as do chroídhe ó
phréimh.



Ná tuig gur i dtaobh airgid nó i dtaobh saidhbhris
amháin adeirim an méid sin. Deirim é, leis, i dtaobh
gach dúil i n-onóir, nó i moladh ó bhéalaibh daoine,
neithe a dh'imthigheann nuair imthigheann an saoghal.



Is beag an mhaith áit seachas a chéile má bhíonn spioraid
na cráibhtheachta i n-easnamh, agus ní buan í an tsíothcháin
a loirgthear lasmuich, mura mbeidh cloch buinn na
síothchána istigh sa chroídhe, 'sé sin, mura mbeidh do
sheasamh ionam-sa. Beidh ar do chumas atharú, ach ní
chun feabhais é.



GUIDHE



a d'iarraidh glanachair croídhe, agus a d'iarraidh eagna.



Neartuigh mé, a Dhia, le grásta an Spioraid Naoimh.



Tabhair dom mo neartú istigh am' aigne, agus go
bhfolamhóchthí mo chroídhe ó gach buaireamh baoth, neamh-
thairbheach; agus ná cuirfead mo dhúil i n-aon nídh feasta,
bíodh sé saidhbhir nó suarach; ach go dtuigfead am'
aigne go bhfuil neithe an tsaoghail go léir ag imtheacht
chun siúbhail, agus mé féin, chómh maith leó, ag
imtheacht.



Mar ní'l aon nídh fé luighe na gréine seasamhach.
Ní'l ins gach nídh ach baois agus buaireamh aigne. Ó,
nách maith an chiall do'n t-é a thuigeann neithe ar an
gcuma san.



Tabhair-se dhómh-sa, a Thighearna, eagna neamhdha,
ionus go bhfoghlumóchainn conus Tusa do lorg, thar
gach nídh, agus d'fhagháil; conus greann do chur ort


L. 156


agus grádh thabhairt duit; agus, do réir t'eagna-sa,
gach nídh eile do thuisgint fé mar atá sé, le fírinne.



Tabhair dom an plámásaidhe do sheachaint go
ciallmhar, agus cur suas le lucht toirmisg go
foidhneach.



Mar is mór agus is maith an chiall gan lasadh le
gaoith gach cainte, ná cluas a thabhairt do bhéal an
bhladair.



Sin mar a leanfaimíd gan contabhairt an bóthar atá
tosnuighthe againn ar ghabháil.



CAIBIDIOL A h-OCHT AGUS FICHE.



I N-AGHAIDH BÉIL NA CÚLCHAINTE.



1. An Tighearna.- A mhic, ná cuireadh sé gruaim
ort má bhíonn droch mheas ag daoinibh áirighthe ort,
agus má labhraid siad ad' thaobh ar chuma ná taithnfidh
leat.



Is amhlaidh is ceart duit féin bheith níos cruadha ort
féin 'ná mar atá aoinne ort, agus a thuisgint ná fuil
aoinne níos laige 'ná thú.



Dá dtugtá an aire cheart do t'aigne féin ba chuma
leat cad a dhéanfadh focal cainte, ná fuil ann ach
gaoth.



Ní ciall bheag do dhuine bheith ciúin le linn an uilc,
agus aghaidh a thabhairt orm-sa laistigh, agus gan buair-
eamh a ghlacadh mar gheall ar bhreitheamhantas daoine.



2. Ná bíodh do shíothcháin i mbéalaibh daoine, mar pé'cu
olc nó maith a déarfaid siad ad' thaobh ní dhéanfaidh a
gcaint atharú ionat-sa. Ní dhéanfaidh sí duine eile


L. 157


dhíot. Cá bhfuil fíor-shíothcháin le fagháil? Cá bhfuil
fíor-ghlóire le fagháil? Nach ionam-sa?



An t-é ná beidh a d'iarraidh daoine shásamh, agus nách
eagal leis mí-shásamh a chur ortha, beidh mórán síothchána
aige.



A' grádh a bhíonn bun os cionn, agus a h-eagla nách
gádh, iseadh thagann gach buaireamh croídhe agus gach
mearbhall intinne.



CAIBIDIOL A NAOI AGUS FICHE.



CONUS MAR IS CEART GLAODHACH AR DHIA I
N-AM TRIOBLÓIDE, AGUS É MHOLADH.



1. Go moltar t'ainim do shíor, a Tighearna, ó 'sé do
thoil naomhtha an cath so agus an trioblóid seo do
leigint orm.



Ní'l aon dul ó'n gcath agam, agus d'á bhrígh sin, ní
foláir dom teacht chúghat-sa chun go ndéanfá cabhrú
liom agus an lámh uachtair a thabhairt dom, agus an
trioblóid a dh'iompáil chun tairbhe dhom.



Táim i nguais, a Tighearna, agus tá mo chroídhe go
buartha, mar tá an méid seo trioblóide ag cur orm
go h-ana chruaidh.



A Athair dhil ghráidh, cad tá le rádh agam? Tá an
greim orm go daingean. Saor mé as an uair seo.



Ach is uime do thánag isteach san uair seo, chun
t'onóra-sa, nuair a bhéad-sa úmhluighthe go maith, agus
tabhartha saor agat-sa.



Deónuigh, a Thighearna, mé dh'fhuasgailt, mar, cad is
féidir do bhochtán mar mise dhéanamh, nó cá dtabharfad
aghaidh gan Tusa?


L. 158


Tabhair grásta na foidhne dhom, a Tighearna, i láthair
na h-uaire seo féin. Cabhruigh liom, a Dhia mhóir, agus
ní ghlacfad eagla pé brúghadh a déanfar orm.



2. Agus anois, i lár mo thrioblóide, cad 'déarfad?
A Thighearna, go ndeintear do thoil.



Is maith atá tuillte agam-sa trioblóid agus guais
a theacht orm.



Ní foláir dom fulang, is fíor. Go dtugaidh Dia
dhom fulang go foidhneach go n-imthighidh an t-anaithe agus
go dtagaidh feabhas.



Ach is féidir do chómhacht do láimhe-se an cath so
féin a thógaint díom, nó baint ó n-a dhéine, i dtreó ná
leagfaí ar lár ar fad mé. Do dheinis an nídh sin go
minic cheana, a Tighearna ró thrócairigh!



Agus d'á mhéid a dheacaracht domh-sa iseadh is mó is
saoráidighe dhuit-se, an t-atharú so dhéanamh ar láimh
an Uilechómhachtaigh.



CAIBIDIOL A TRÍOCHAD.



IS CEART CONGNAMH A DH'IARRAIDH AR DHIA,
AGUS MAINIGHIN A BHEITH AG DUINE GO
BHFAIGHIDH SÉ NA GRÁSTA THAR N-AIS.



An Tighearna.- A mhic, is Mise an Tighearna, a
thugann neart lá an chruadhtain. Tar chúgham-sa nuair
a bheidh aon nídh ort.



Sidé is mó a choisgeann sólás ó Dhia ar theacht
chugat, a dheacaracht leat iompáil chun úrnuighthe.



Mar, sar a gcuireann tú do ghuidhe chúgham-sa le
h-aon dúthracht, bíonn tú ag lorg sóláis ar mhórán


L. 159


slighte eile, agus bíonn tú a d'iarraidh tú féin do
shásamh le neithibh atá lasmuich dhíot.



Siné cúis n-ar beag an mhaith iad go léir go dtí go
dtuigeann tú at' aigne gur Mise atá chun lucht
mainighne ionam a dh'fhuasgailt; agus ná fuil aoinne
eile ach Mé ábalta ar chongnamh, ná ar chómhairle thairbh-
each, a thabhairt, ná ar leigheas buan a dhéanamh.



Ach glac misneach feasta, i ndiaigh an anaithe, tar
chúghat féin i solus mo thrócaire-se, mar táim at' aice
(adeir an Tighearna), chun gach nídh do shlánú airís, ní
h-amháin chómh maith agus bhí sé cheana, ach níos fearr,
go mór níos fearr.



2. An amhlaidh atá aon nídh deacair dom? Nó an
amhlaidh is dóich leat gur cuma Mé nó duine a gheall-
fadh agus ná cómhlíonfadh?



Cá bhfuil do chreideamh? Seasaimh go daingean agus
go diongbhálta.



Bí cródha, fadaradhnach. Tiocfaidh an sólás chúghat
i n-a am féin.



Bíodh súil agat liom; bí ag brath orm. Tiocfad
agus leighisfead thú.



'Sé an cath a chuireann buaireamh ort; agus is é an
sgeón gan ghádh a chuireann sgárd ort.



Cad a thagann duit a' bheith ag cuimhneamh ar dhroch
nídh atá, b'fhéidir, le teacht? Ní thagann as duit ach
buairt agus buairt ar muin a chéile. Ní beag do gach
lá a chuid uilc féin.



Buairt i dtaobh an uilc nár tháinig, agus ná tioc-
faidh, b'fhéidir; nó áthas i dtaobh an tairbhe ná táinig,
agus ná tiocfaidh, b'fhéidir; sin dá nídh, agus is baoth,
neamhthairbheach, an dá nídh iad.



3. Is é nádúr an duine bheith ag samhlú neithe ar
an gcuma san, agus 'ghá chur féin amú leó. Agus is


L. 160


aigne ná fuil fós ach lag a leigfeadh do'n namhaid í
mhealladh le folamhas de'n tsórd san.



Is cuma leis an namhaid cé'cu le fíor nó le bréig
a mheallfaidh sé thú, nó a chuirfidh sé amú thú. Is cuma
leis cé'cu le grádh dos na neithibh atá agat, nó le
h-eagla roimis na neithe atá le teacht, do leagfaidh sé
ar lár thú.



Ná bíodh, d'á bhrígh sin, buaireamh ná eagal ar do
chroídhe.



Creid ionam-sa agus bíodh mainighin agat as mo
thrócaire.



Is minic, nuair is sia is dóich leat a bhím-se uait,
gur b'eadh is giorra bhím duit.



Is minic, nuair is dóich leat-sa go mbíonn gach aon
rud caillte nách mór, gur b'amhlaidh, i n'inead san, a
bhíonn mórán luacht saothair geall le bheith buaidhte
agat.



Ní bhíonn gach aon rud caillte nuair a ráinigheann
rud a ghabháil at' choinnibh.



Ní ceart duit do bhreitheamhantas a dhéanamh do réir
mar a bhíonn t'aigne nuair a bhíonn an trioblónd ort;
ná leigint d'aon trioblóid, pé áit as a dtiocfaidh
sé, dridim chómh dlúth sin leat gur dhóich le duine
ort ná béadh súil agat le fuasgailt uaidh go deó.



4. Ná meas tú féin tréigthe ar fad má chuirim chúghat
trioblóid éigin a leanfaidh ar feadh tamaill, nó má
thógaim uait sólás éigin is mór agat. Siné an bóthar
isteach go rígheacht na bhflathas.



Tuig at' aigne gur b'é do leas, agus leas mo sheirbh-
íseach-sa go léir, go n-oibreóchthaí sibh le trioblóidíbh;
agus nár bh'é bhúr leas i n-aon chor gach aon rud a bheith
ar bhúr dtoil agaibh.



Is eól dómh-sa smuínte an chroídhe, na smuínte ná


L. 161


feictear; agus gur b'é leas t'anama thú fhágáilt
uaireanta gan suairceas ná sólás, i dtreó ná tiocfadh
mór-is-fiú ort nuair a bhéadh rudaí ag eirighe leat,
agus ná beitheá ag maoidheamh asat féin agus gan aon
bhun leis an maoidheamh.



An nídh a thugas duit ní'l bac orm é thógaint uait;
agus é thabhairt duit airís nuair is toil liom féinig é.



5. Nuair a thabharfad duit é is é mo chuid féin é,
agus nuair a thógfad uait é ní h-é do chuid-se a thógfad.
Óir is liom-sa gach tabharthas maith agus gach bronn-
tanas sár-mhaith.



Má chuirim chúghat-sa dochar, nó neithe ag gabháil ad'
choinnibh, ná bíodh diombádh ort mar gheall air, ná
troma-chroídhe.



Ní'l bac orm tú thógaint suas airís gan mhoill, agus
an trioblóid go léir a dh'iompáil chun áthais.



Ach bíodh 'fhios agat go bhfuilim ceart, agus nách
féidir locht fhagháil ar an rud a dheinim nuair a dheinim
mar sin leat-sa.



6. Tuig an sgéal i gceart agus bíodh an aigne
cheart agat, agus féach chun fírinne an sgéil, agus
chífir nách ceart duit choídhche gruaim a bheith ort mar
gheall ar neithe bheith ag gabháil ad' choinnibh, ach gur
b' áthas ba cheart a bheith ort, agus fonn buidheachais
a ghabháil le Dia.



Ní h-é sin amháin, ach ba cheart duit áthas fé leith a
bheith ort mar gheall air go gcuirim na trioblóidí ort
agus ná sparálaim thú.



Mar atá grádh tabhartha ag an Athair dómh-sa iseadh
'tá grádh tabhartha agam-sa dhaoibh-se. Siní an chaint
adubhairt le m' dheisgiobulaibh ionmhuine féin. Agus
ní h-i dtreó suaircis saoghalta a chuireas uaim iad,
ach isteach i gcathanaibh móra troma. Ní chun onóra


L. 162


chuireas iad, ach chun easonóra. Ní h-i dtreó dío-
mhaointis a chuireas iad, ach i dtreó saothair. Ní chun
sáimhe do cheapas iad, ach chun toradh mór saothair a
thabhairt chúgham le mór-fhulang.



Cuimhnigh ar an gcaint sin, a mhic.



CAIBIDIOL A h-AON AGUS TRÍOCHAD.



NEAMHSHUIM I NEITHIBH CRUTHUIGHTHE IONUS GO
BHFAIGHFÍ AN CRUTHUIGHTHEÓIR.



1. An Seirbhíseach.- A Thigearna, ní mór dom tuille
grásta dh'fhagháil má chaithim dul chómh fada san ná
beidh ar chumas aon duine, ná ar chumas aon chréatúra,
ceataighe ar bith a dhéanamh dom.



Mar, an fhaid a bheidh aon nídh am' chimeád siar, ní
féidir dom gluaiseacht chúghat-sa go h-éasga.



Gluaiseacht go h-éasga iseadh theastuigh ó'n nduine
adubhairt, Cé thabharfaidh dhom sgiatháin colúir agus
gluaiseóchad chun siúbhail go bhfaighidh mé suaimhneas.



Cad is suaimhneasaighe 'ná súil shocair, súil atá
socair ar Dhia? Agus cé is éasga, nó is saoire ó
cheangal, 'ná an t-é atá gan dúil shaoghalta?



Ní foláir do dhuine, d'á bhrígh sin, eirighe suas os
cionn gach nídh a cruthuigheadh, agus é féin do thréigean
ar fad, agus seasamh i ndásacht aigne, agus a dh'fheis-
gint gur Tusa do chruthuigh gach uile nídh agus ná fuil
ionat aon nídh is cosmhail le neithibh cruthuighthe.



Agus mura mbeidh duine sgartha go h-iomlán le
neithibh cruthuighthe, ní féidir dó a aigne thabhairt do
neithibh a bhaineann le Dia.


L. 163


Agus is é cúis ná fuil puinn daoine a dheineann
dlúthmhachtnamh ar Dhia, mar ná fuil puinn daoine gur
b'eól dóibh conus iad féin do sgur i gceart ó neithnbh
cruthuighthe díombuana.



2. Ní foláir grásta ana mhór chuige sin, grásta do
thógfaidh an aigne suas go h-árd, suas os a cionn
féin.



Agus mura mbeidh aigne an duine árduighthe ar an
gcuma san, agus sgurtha ar fad ó neithibh cruthuighthe,
agus dlúithte ar fad le Dia, ní mór an mheaghchaint a
bheidh 'n-a chuid eoluis, ná i n-aon nídh d'á mbeidh aige.



An t-é mheasfaidh aon nídh bheith mór ach amháin Dia
Mór na Glóire, an t-Árdmhaith Síoruidhe, is fada
bheidh sé féin go suarach, 'n-a luighe ar an dtalamh.



An nídh nách Dia is neamhnídh é, agus is 'n-a neamhnídh
is ceart é mheas.



Tá deifrígheacht mhór idir eolus an duine dhiadha a
fuair solus ó Dhia agus ealadha an chléirigh léigheanta
san na leabhar.



Is uaisle go mór an teagasg san a ghluaiseann
anuas le leamhnú Dé 'ná an teagasg a fachtar a' leabhraibh
le mórán saothair agus meabhrúcháin.



3. Tá a lán agus ba mhaith leó bheith ábalta ar
dhlúthmhachtnamh a dhéanamh, ach ní fonn leó iad féin
d'oibriú ins na neithibh a bhaineann leis.



Deineann sé cosg mór, go mbímíd sásta le cómh-
arthaíbh agus le neithibh a thagann fé n-ár súil nó fé
n-ár gcéadfadh, agus ná deinimíd aon iarracht ar
sinn féin do smachtú i gceart.



Ní fheadar an domhan cad a bhíonn orainn, ná cad
é an spioraid a bhíonn 'ghár seóladh, ná cad a bhíonn
ar aigne againn. Tugtar daoine spioradálta orainn;
agus, 'n-a choinnibh sin thall, is mór an saothar a dhein-


L. 164


imíd, agus is mór an cúram a dheinimíd, de ghnóthaíbh
díombuana, neamhthairbheacha, an tsaoghail seo, agus
is ar éigin a mhachtnuighmíd i gceart choídhche, istigh i
n-ár n-aigne, ar ár slíghe chun Dé.



4. Monuar! Chómh luath agus bhíonn roinnt bheag
machtnaimh déanta againn, siúd chun fáin airís sinn,
agus gan aon sgrúdú déanta againn ar ár ngníomh-
arthaibh.



Ní fhiafraighmíd dínn féin cad air go mbíonn ár
ngreann. Ní bhíonn ár n-intinn glan, agus ní dheineann
san aon bhuairt dúinn.



Bhí gach feóil tar éis a slíghe do thruailliú: agus
ansan do tháinig an díle mhór.



Nuair a bhíonn ár ngreann, istigh ionainn, truail-
lighthe, ní féidir do'n ghníomh a thagann gan bheith truail-
lighthe, mar ní bhíonn an neart ann a thagann ó ghrásta
Dé.



Ó chroídhe ghlan a thagann toradh ar bheatha mhaith.



5. Fiafraightear an mór a bhíonn déanta ag duine;
ach ní meaghtear chómh cruinn an mór an fhíoraontacht
a bhíonn 'n-a ghníomh.



Fiafraightear an fear láidir é; an fear saidhbhir é;
an fear breagh é; an fear cliste é; an sgríbhneóir
maith é; an ceólaidhe maith é; an bhfuil sé go maith chun
oibre. Ach, cad é a bhochte sa spioraid? a fhoidhne?
a mhíne? a chráibhtheacht? a mhachtnaidhtheacht? Ní puinn
a chuimhnigheann ar ceisteanaibh de'n tsórd san a chur.



Féachann nádúr chun an taoibh amuich de dhuine.
Féachann grásta Dé cun an taoibh istigh dé.



Mealltar nádúr an duine go minic. Ach bíonn
mainighin a' Dia ag grásta Dé, ná leigfear é mhealladh.


L. 165


CAIBIDIOL A DÓ AGUS TRÍOCHAD.



DUINE FÉIN DO SHÉANADH, AGUS DIÚLTÚ DO'N
TSAINT.



1. An Tighearna.- A mhic, ní féidir duit bheith saor
dáiríribh mura séanair thú féin go h-iomlán.



Na daoine a bhíonn i gcómhnuidhe ag féachaint chúcha
féin agus ag obair ar mhaithe leó féin, bíd siad go léir
fé cheangal. Lucht grádha dhóibh féin iad san, lucht sainte,
lucht cúraim saoghalta, daoine a bhíonn ag gabháil
timcheall i gcómhnuidhe agus nách é an cruadhtan a
dh'fhuiling Íosa Críost a bhíonn uatha, ach gach aon rud
d'á mhíne.



Bíd siad ag beartú agus ag cur i mbun a chéile, ach
ní sheasóchaidh a saothar.



An saothar nár shíolraidh ó Dhia raghaidh sé ar neamhnídh.



Cimeád-sa an focal gairid fuirbhthe seo: Tréig
gach nídh, agus gheóbhair gach nídh. Tréig do mhian, agus
beidh suaimhneas agat.



Breithnigh an méid sin go cruinn, agus nuair a chuir-
fir i ngníomh é tuigfir na neithe sin go léir.



2.- An Seirbhíseach.- A Thighearna, ní saothar aon
lae an méid sin, agus ní spórt leanbh é. Ní h-eadh,
ach tá curtha síos sa bhlúire beag cainte sin iomláine
beatha an fhíoraoin.



An Tighearna.- A mhic, ní ceart duit tarrang siar,
ná do mhisneach a chailleamhaint, chómh luath agus a
chloiseann tú i dtaobh slíghe na bhfíoraon. Tú féin a
ghríosadh chun neithe níos aoirde iseadh is ceart duit,
agus, an chuid is lúgha dhé, do dhúil a chur ionta go
díograsach.


L. 166


Is truagh gan an sgéal mar seo agat, go mbeitheá
tar éis gach aon rud i bhfuirm grádha duit féin do chur
uait ar fad, agus gan de thoil agat ach mo thoil-se,
agus toil an t-é atá curtha agam mar athair os do
chionn. Ansan iseadh bheitheá taithneamhach i gceart
am' láthair. Ansan iseadh bhéadh saoghal sámh agat an
chuid eile de d' bheatha.



Tá mórán neithe fós agat le tréigean, agus mura
dtugair suas dómh-sa iad go h-iomlán ní thiocfaidh
leat an rud atá uait a dh'fhagháil.



Is í mo chómhairle dhuit ór loisgithe do cheannach
uaim-se ionus go mbeitheá saidhbhir: 'sé sin, eagna
neamhdha, an eagna a ghabhann de chosaibh i neithibh saogh-
alta.



Cuir uait eagna an tsaoghail seo, 'sé sin, bheith a
d'iarraidh thú féin agus an saoghal do shásamh.



3. Sidé atá ráidhte agam leat; tabhair uait na
neithe is mór ag muintir an tsaoghail seo, chun na
neithe is beag ag muintir an tsaoghail seo do cheannach.



Is beag agus is suarach ag muintir an tsaoghail
seo an eagna neamhdha. Is anamh a chuimhnighid siad
uirthi; an eagna san adeir leis an nduine gan bheith
mór ann féin, gan onóir shaoghalta do lorg. Tá a
lán a mholann an eagna san le n-a mbéal, ach is fada
uaithi a bhíonn a mbeatha. Ach is í an eagna san an
tseóid uasal atá i bhfolach ó n-a lán.


L. 167


CAIBIDIOL A CEATHAIR AGUS TRÍOCHAD.



TÁ CROÍDHE AN DUINE ATHRUIGHTHEACH AGUS IS
CEART DÓ A BHUN-INTINN A BHEITH CHUN DÉ
AIGE.



1. An Tighearna.- A mhic, ná bíodh iontaoibh agat as
an bhfonn atá ort anois. Atharóchaidh an fonn san
agus beidh fonn nách é ar ball ort.



An fhaid a bheir beó beidh tú tugtha do'n atharú, pé'cu
is toil leat é nó nách toil. Beidh tú lá fé áthas, lá
i mbuairt; lá sámh, lá tré n-a chéile; lá démhóideach, lá
gan démhóid; lá imnidheach, lá neamhimnidheach; lá
doilbhir, lá soilbhir.



Ach cimeádann fear na h-eagna é féin go h-árd os
cionn na sóinseálach san go léir. Bíonn an teagasg
spioradálta aige, agus is cuma leis conus a shéideann
gaoth na sóinseála ach a chroídhe agus a aigne bheith
seasamhach i dtreó na bun-intinne atá curtha roimis
aige, fé mar is ceart dó.



Is féidir dó, ar an gcuma san, é féin do chimeád ar
aon dul amháin, gan suathadh, gan sóinseáil, tríd an
atharú go léir, nuair a chimeádann sé súil na h-aigne
ag glinneamhaint go cruinn orm-sa, gan féachaint i
leith-taoibh.



2. Agus d'á ghlaine a cimeádfar an tsúil iseadh is
díríghe a gluaisfear tríd an gcaismirt.



Ach bíonn an radharc lag i súil na h-aigne agá lán
daoine. Agus is fuiriste leó féachaint i leith-taoibh
ar rud éigin a thaithneann leó.



Agus is fánach duine gan iarracht bheag éigin d'á
aigne bheith ag obair ar mhaithe leis féin.


L. 168


Sin mar a tháinig na Iúdaigh fadó go Betania, ag
triall ar Mharta agus ar Mháire, agus ní chun Íosa
amháin a dh'fheisgint a thánadar, ach chun go bhfeicfidís
Lasarus, leis.



Ní mór, d'á bhrígh sin, súil na h-aigne do ghlanadh,
i dtreó go mbeidh an radharc inti fírinneach agus díreach,
agus ansan ní foláir an radharc san do chur ag féach-
aint chúgham-sa, de dhruim an uile nídh d'á bhfuil ead-
rainn.



CAIBIDIOL A CEATHAIR AGUS TRÍOCHAD.



AN T-É GO BHFUIL GRÁDH AIGE DO DHIA
TAITHNEANN DIA LEIS INS GACH NÍDH AGUS
THAR GACH NÍDH.



1. An Seirbhíseach.- Féach, mo Dhia Thú! mo chuid an
tsaoghal Thú! Cad ab áil liom d'á thuille? Cá bhfuil
sólás a bhéadh níos mó le lorg agam?



Ó, is é an briathar sobhailceach milis é, do'n t-é a
thugann grádh do'n Bhriathar agus ná tugann grádh
do'n tsaoghal, ná do neithibh an tsaoghail.



Mo Dhia Thú agus mo chuid an tsaoghal. Is leór san
do'n t-é a thuigeann an chaint i gceart, agus is suairc
leis an t-é go bhfuil grádh aige dhuit-se an chaint sin do
rádh go minic.



Nuair a bhíonn Tusa láithreach bíonn suairceas ins
gach nídh, ach nuair ná bíonn Tú láithreach ní bhíonn ins
gach nídh ach seirbhthean.



Tugann Tusa suaimhneas croídhe dhúinn, síothcháin
mhór aigne, áthas go fial.



Tugann Tusa dhúinn smuíneamh fóghanta dhéanamh


L. 169


ar gach aoinne, agus Tú féin do mholadh ins gach nídh.
Agus ní féidir d'aon nídh bheith abhfad taithneamhach gan
Tú. Agus, chun go mbéadh rud taithneamhach, ní foláir
do ghrásta-sa bheith ann, agus ní foláir t' eagna bheith
'ghá chórú agus 'ghá chur i dtreó.



2. An t-é go bhfuil a shuairceas ionat-sa is suairc
dó gach aon rud. Agus an t-é ná mothuigheann aon
tsuairceas ionat-sa ní'l aon tsuairceas aige le fagháil
i n-aon rud ar bith.



Ach na daoine go bhfuil eagna an tsaoghail seo acu
tá t'eagna-sa i n-easnamh ortha. Suairceas na colna
is é a thaithneann leó. Ní'l 'n-a n-eagna ach baois.
Ní thagann a' suairceas na colna ach bás.



Ach na daoine a thugann druim lámha leis an saoghal,
agus a chuireann an cholann fé smacht, agus do leanann
Tusa, is léir gur daoine eagnaighe iad, mar tagaid
siad ó'n mbaois chun na fírinne, ó bheatha cholnaighe go
beatha spioradálta.



Gheibhid daoine de'n tsórd san suairceas i nDia
na Glóire, agus na maitheasaí a chíd siad ins na neithibh
a chruthuigh Dia, tugaid siad glóire do Dhia mar gheall
ortha.



Ach is fada ó chéile, agus is ana fhada ó chéile, an
suairceas a gheibhtear i nDia féin agus an suairceas
a gheibhtear ins na neithibh a chruthuigh Dia; suairceas na
síoruidheachta agus suairceas a bhaineann le h-aimsir;
suairceas an tSoluis féin agus suairceas an tsoluis
a lasadh.



3. Ó, a Sholuis shíoruidhe a sháruigheann ar gach solus
a cruthuigheadh, sgaoil chúgham anuas uait lasair a
raghaidh ag taithneamh tré m' chroídhe go léir.



Dein mo chroídhe agus m' aigne do ghlanadh, agus do
líonadh le h-áthas agus le solus agus le meanmna,


L. 170


agus neartuigh m'intinn, ionus go bhféadfainn
claoidh leat-sa go dlúth le h-aoibhneas aigne.



Ó, cathain a thiocfaidh an t-am beannuighthe seo 'n-a
bhfaghad mo lán tsásamh díot, agus ná beidh agam ach
Tú ná uaim ach Tú!



Go dtí go mbeidh san mar sin ní bheidh m' áthas iomlán.



Tá an seana nádúr daona beó istigh ionam fós
(foraoir!). Ní'l sé smachtuighthe ar fad fós. Ní'l
sé curtha chun báis ar fad. Bíonn a dhroch mhianta ag
tnúth go láidir i gcoinnibh na spioraide fós. Bíonn
sé ag múisgilt chogaidh am' aigne agus ní leigeann sé
dhom aon tsuaimhneas a bheith agam am' chroídhe féin.



4. Ach Tusa, ó's Tú chuireann smacht ar neart na
faraige agus do mhaoluigheann fuinneamh na dtonn,
eirigh agus cabhruigh liom.



Sgaip chun fáin lucht an chogaidh a dhéanamh. Brúigh
iad le d'chómhacht.



Aithchim ort taisbeáin do ghradam, agus tugtar glóire
do d' láimh dheis: Óir ní'l mo dhóchas-sa ná mo dhíon le
fagháil ach ionat-sa, a Thighearna Dia.



CAIBIDIOL A CÚIG AGUS TRÍOCHAD.



NÍ'L DUL Ó CHATHAÍBH AN FHAID A BHEIDH DUINE
AR AN SAOGHAL SO.



1. An Tighearna.- A mhic, ní bheidh tú ó bhaoghal
choídhche ar an saoghal so, agus an fhaid a mhairfir ní
foláir duit na h-airm spioradálta bheith agat.



Taoinn tú i lár namhad, agus táthar ag cur an chatha
ort ó gach taobh.


L. 171


D'á bhrígh sin mura ndeinir tú féin a chosaint le
sgiath na foidhne ní bheidh tú abhfad gan ghoin.



I n-a theannta san, mura gcimeádair do chroídhe
socair orm-sa go daingean, agus bheith lán cheapaithe ar
gach nídh dh'fhulang ar mo shon, ní bheidh ar do chumas
déine an chatha do sheasamh agus buadh na bhfíoraon
do bhreith.



Ní mór dhuit, d'á bhrígh sin, gabháil tríd an gcais-
mirt go fearamhail, agus lámh chalma bheith agat sa
ghleic.



Mar tugtar manna do'n t-é a bheireann buadh, agus
ní bhíonn ag an bhfear meathta ach mí-fhortiún.



2. Má iarrann tú suaimhneas ar an saoghal so, conus
fhéadfair suaimhneas síoruidhe fhagháil?



Ná cuir rómhat mórán suaimhnis do lorg, ach mórán
foidhne.



Loirg an tsíothcháin atá fíor. Ní h-ar an saoghal
so atá sí le fagháil ach ar neamh. Ní h-ó dhaoine
a gheóbhfar í, ná ó aon nídh cruthuighthe, ach ó Dhia
amháin.



Is ceart duit gach aon rud d'fhulang go fonnamhar
le grádh do Dhia, .i. obair chruaidh; teinneas; cathana;
tré chéile aigne; buaireamh; gátar; easba sláinte;
éagcóir; tromaidheacht; cáineadh; easonóir; tar-
cuisne; smachtúchán; droch mheas.



Siniad na neithe dheineann fíoraon de dhuine.
Siniad na neithe a bhaineann an triail a' saighdiúir óg
Chríost. Is le neithibh de'n tsórd san a deintear an
choróinn ghlórmhar do'n Chríostaidhe.



Tabharfad-sa tuarasdal síoruidhe dhuit ar sglábh-
aidheacht ghairid, agus glóire gan teóra ar tharcuisne
ná leanann abhfad.



An amhlaidh a mheasfá-sa gur cheart go mbéadh sólás


L. 172


spioradálta le fagháil agat chómh minic agus ba mhaith
leat é?



Ní bhfuair mo naoimh an sólás san i gcómhnuidhe.
Fuaradar a mhalairt. Fuaradar mórán cruadhtain
agus mórán cathana, agus mórán dóláis agus uaignis.



Ach d'fhuilingeadar é go léir go foidhneach, agus
ní h-asta féin a bhí a mainighin, ach as Dia, mar bhí 'fhios
acu nách féidir trioblóidí na h-aimsire seo do chur
i gcomparáid leis an nglóire atá le teacht.



An amhlaidh is dóich leat-sa go bhfaighir gan ríghneas
an nídh ná fuair daoine eile ach ar éigin, agus tar éis
mórán deór a shile, agus tar éis mórán trioblóide
dh'fhulang?



Bí ag súil le Dia. Dein do ghnó go fearamhail. Ná
caill do mhisneach. Ná tuit i n-éadóchas. Ná tabhair
suas. Ná h-eirigh as an obair, ach bí coitchianta ag
tabhairt do chuirp agus t'anama chun glóire Dé do chur
chun cinn.



Is Mise thabharfaidh do thuarasdal duit go fial.
Bead-sa i n-aice leat ins gach trioblóid.



CAIBIDIOL A SÉ AGUS TRÍOCHAD.



I N-AGHAIDH BREITHEAMHANTAIS BHAOITH NA
NDAOINE.



1. A mhic, dein tú féin a chaitheamh suas ar an
dTighearna le lán chroídhe, agus ná bíodh aon bheann
agat ar bhreith duine an fhaid adeir do choinsias féin
leat go bhfuilir macánta cráibhtheach.



Is maith agus is séanmhar an rud do dhuine neithe


L. 173


de'n tsórd san a dh'fhulang, agus ní deacair é do'n
chroídhe atá úmhal agus nách as féin atá a mhainighin, ach
as Dia.



Deinid mórán daoine mórán cainte, agus d'á
bhrígh sin ní ceart a chur 'n-a gcaint ach beagán suime.



Agus ní féidir iad go léir a shásamh.



Dhein Pól a dhícheall chun gach aoinne shásamh, do réir an
Tighearna. D'aontuigh sé leis gach aoinne ins gach nídh
(do réir an Tighearna). Ach san am gcéadna ba
chuma leis an domhan cad í an bhreith a thabharfadh daoine
air.



2. Dhein sé a dhícheall chun na ndaoine do sheóladh ar
leas a n-anama, ach níor fhéad sé iad do chosg ar bheith
ag tromaidheacht air, uaireanta, agus 'ghá tharcuisniú.



Ansan d'fhág sé gach aon rud fé Dhia, ó b'é Dia a
chonnaic gach nídh, agus is le foidhne agus le h-úmhluigh-
eacht a chosain sé é féin ar lucht na cúlchainte agus an
éithigh agus an droch amhrais mhioscaisigh.



Thugadh sé freagra ortha anois agus airís, ámhthach,
le h-eagla, dá n-éisteadh sé ar fad, go mb' fhéidir
gur dhóich le lucht lag-chreidimh go raibh an fhírinne acu.



3. Cé h-é thusa, chun a rádh go mbéadh eagla agat
roim dhuine shaoghalta? Tá sé ann indiu. Ní bheidh a
thuairisg ann amáireach.



Bíodh eagla Dé ort agus is cuma dhuit cad a dhéan-
faidh eagla daoine.



Cad fhéadfaidh caint aon duine a dhéanamh ort, ná
éagcóir ó aon duine? Is dó féin a dheineann sé an
díobháil, agus ní dhuit-se. Ní fhéadfandh sé dul ó
dhíbhfeirg Dé, pé h-é féin.



Bíodh Dia os cómhair do shúl agat-sa, agus ná bí suas
a's anuas le h-aoinne i ndroch chaint.



Má mheasann tú, anois, go bhfuil an ceann is measa


L. 174


de'n sgéal faghálta agat, agus go bhfuil tarcuisne
nár thuillis faghálta agat, ná bíodh ceist 'n-a thaobh san
ort, agus ná laghduigh le neamhfhoidhne anois an tuar-
asdal atá le fagháil agat ar ball.



Féach suas chúgham-sa ins na flathais, mar is ar mo
chumas atá duine thabhairt saor ó gach tarcuisne agus
ó gach éagcóir, agus díoluigheacht a thabhairt do gach
aoinne do réir a ghníomhartha.



CAIBIDIOL A SEACHT AGUS TRÍOCHAD.



AN T-É A THRÉIGEANN É FÉIN GO BEACHT
GHEIBHEANN SÉ SAOIRSE CROÍDHE.



1. An Tighearna.- A mhic, sgar leat féin agus
gheóbhair Mise.



Ná cuir dúil i n-aon nídh do thogha ná do shealbhú,
agus tiocfaidh gach aon rud chúghat.



Mar tá breis mhór de ghrásta Dé le fagháil agat chómh
luath agus a sgarfair leat féin agus ná tógfair airís
thú féin.



2. An Seirbhíseach.- A Tighearna, an 'mó uair a
thréigfead mé féin, agus cad iad na neithe 'n-a bhfuil
orm sgaramhaint liom féin?



3. An Tighearna.- Tréig thú féin i gcómhnuidhe, gach
aon uair; i neithibh beaga agus i neithibh móra, gan aon
ach. Is maith liom tú bheith sgartha leat féin ins gach
nídh ar bith.



Níor bh'fhéidir go mba liom-sa thusa agus go mba
leat-sa Mise gan tú bheith sgartha le d'thoil féin go
h-iomlán, laistigh díot agus lasmuich dhíot.


L. 175


D'á luathacht a dhéanfair an sgaramhaint sin iseadh
is fearr a bheidh an sgéal agat; agus d'á iomláine a
dhéanfair é, agus d'á dhílseacht, iseadh is taithneamhaighe
liom-sa agus is tairbhighe dhuit féin.



4. Tá daoine agus tréigid siad iad féin, ach amháin
puínte beag éigin. Ní bhíonn a mainighin acu as Dia
go h-iomlán. D'á bhrígh sin ní mór dóibh, dar leó,
soláthar beag a dhéanamh dóibh féin.



Tá daoine eile agus tugaid siad uatha gach aon rud
i dtosach bára. Ansan, nuair a thagann an cath ortha,
fillid siad ar an rud a thréigeadar. Ní théighid siad
san puinn ar aghaidh i bhfíoraontacht.



Ní féidir dóibh sin saoirse an chroídhe ghlain do
shroisint, ná bheith i ndlúth-mhuintearthas liom-sa, gan
iad féin do thabhairt uatha go h-iomlán, gan ídhbirt a
dhéanamh díobh féin gach aon lá. Ní féidir do dhuine
bheith dlúithte go seasamhach i ngrádh Dé ar aon chuma
eile.



5. Dubhart leat-sa go minic, agus deirim anois
airís leat é, tréig thú féin, sgar leat féin, agus beidh
suaimhneas mór aigne agat.



Tabhair iomláine ar iomláine. Ná h-iarr aon nídh.
Ná loirg aon rud thar n-ais. Bíodh do sheasamh, go
dílis agus gan chlaonadh, ionam-sa agus beidh Mé
agat.



Beidh tú saor ó cheangal ad' chroídhe, agus ní luighfidh
doircheacht ort.



Cuir do dhúil sa nídh seo, iarr é ar Dhia, oibrigh thú
féin chuige, 'sé sin go bhféadfá sgaramhaint le gach nídh
a bhaineann leat féin; Íosa nocht do leanmhaint nocht;
bás a dh'fhagháil ionat féin agus beatha shíoruidhe
dh'fhagháil ionam-sa.



Ansan iseadh dh'imtheóchaidh na smuínte folmha go


L. 176


léir, agus gach buaireamh peacamhail, agus gach cúram
gan ghádh.



Ansan, leis, iseadh dh'imtheóchaidh gach eagla ain-
shrianta agus d'éagfaidh gach grádh claon.



CAIBIDIOL A h-OCHT AGUS TRÍOCHAD.



IS CEART DÚINN NA NEITHE SOFHEISGE DO
CHIMEÁD I N-EAGAR GO MAITH, AGUS TEACHT
I LÁTHAIR DÉ I N-AM BAOGHAIL.



1. An Tighearna.- A mhic, tabhair aire mhaith do'n
méid seo. I ngach áit agus i ngach gníomh, nó i ngach
gnó sofheisge, bíodh t'aigne saor ó cheangal agat.
Bíodh gach aon rud fé d'smacht-sa, i n-inead tusa
bheith fé n-a smacht-san.



Bí ad' mhaighistir agus ad' stiúrthóir ar do ghníomh-
arthaibh, i n-inead beith ad' sheirbhíseach agus ad' sglábh-
aidhe acu. Bí ad' shaor-Eabharach fhírinneach, ag teacht
isteach i gceart agus i saoirse clainne Dé; ad'
sheasamh ar na neithibh atá, agus do shúil ar na neithibh
síoruidhe a bheidh, mar a bhíonn acu súd.



Tá an tsúil chlé acu ar neithibh an tsaoghail seo agus
an tsúil dheas acu ar neithibh na síoruidheachta.



Ní fhéadaid neithe an tsaoghail seo iad do tharrang
chun aon ríghnis a dhéanamh ortha, ach tarraingid siad
féin leó neithe an tsaoghail seo, agus deinid siad
úsáid díobh i gcóir an tsaoghail eile; mar is chuige
sin a cheap Dia neithe an tsaoghail seo, agus níor
chruthuig Dia aon nídh i n-aistear. Do cheap Sé a
ghnó féin do gach nídh d'ár chuir Sé ar bith.


L. 177


2. Má sheasuigheann tusa ar an gcuma san, ins gach
cor d'á dtiocfaidh ort, gan bheith ag féachaint ar neithibh
sofheisge, agus 'ghá mbreithniú le súilibh corpartha, ach
déanamh mar a dheineadh Maois nuair a thagadh aon
chruadhtan air, dul isteach i n-aragul do chroídhe féin
agus cómhairle dh'iarraidh ar Dhia, gheóbhair, ar uairibh,
freagra ó Dhia, agus tiocfair amach as an aragul agus
eolus fachta agat ar a lán des na neithibh atá agus
a bheidh.



Do théigheadh Maois isteach san aragul i gcómh-
nuidhe nuair a bhíodh réidhteach uaidh ar cheisteanaibh
nó solus i n-am dorchadais, agus do ritheadh sé isteach
ann ag cur a ghuidhe suas chun Dé nuair a bhíodh sé i
gcontabhairt ó dhroch aigne na ndaoine.



Sin mar is ceart duit-se dul isteach i n-aragul do
chroídhe féin, i dtreó go bhféadfá do ghuidhe chur suas
chun Dé níos treise agus níos dúthrachtaighe. Óir is
eól duit cad d'imthigh ar Iosue agus ar chlainn Isráeil,
conus mar a mheall na Gabaonítigh iad toisg nár iarra-
dar cómhairle ar Dhia ar dtúis. D'éisteadar le
caint mhilis chneasta dhiadha na nGabaoníteach, agus
do buaileadh bob ortha.



CAIBIDIOL A NAOI AGUS TRÍOCHAD.



NÍ CEART DO DHUINE BHEITH RÓ DHÍCHEALLACH
'N-A GHNÓ.



1. An Tighearna.- A mhic, fág do chás fúm-sa i
gcómhnuidhe. Déanfad-sa é chur i dtreó i n-a am féin.



Fan le m' shocarú-sa agus chífir gur b'é do bhuac é.


L. 178


2. An Seirbhíseach.- A Thighearna, táim lán tsásta
gach aon rud d'fhágáilt fút-sa, mar is gairid le dul
mo mhachtnamh-sa chun aon tairbhe dhéanamh.



3. An Tighearna.- A mhic, is minic a bhíonn duine
ana dhícheallach ar rud éigin a thaithneann leis go mór,
agus nuair a bhíonn an rud san curtha chun cinn aige
go mbíonn a mhalairt d'aigne aige 'n-a thaobh. Ní
bhíonn a thaithneamh seasamhach ar aon nídh amháin, ach ag
imtheacht ó nídh go nídh.



D'á bhrígh sin is rud nách suarach duit tú féin do
shéanadh i neithibh suaracha.



Rud ana thairbheach do dhuine iseadh é féin do shéanadh,
agus an t-é a shéanann é féin dáiríribh, tá sé saor agus
tá sé ó bhaoghal.



Ach tá an fuath ag an seana namhaid do gach aon rud
fóghanta, agus ní stadann sé des na cathanaibh. Bíonn
sé do ló agus d'oídhche ag déanamh na ceilge agus ag
faire féachaint a' bhféadfadh sé an duine neamhaireach
do ghabháil 'n-a líon.



Deinidh faire agus úrnuighthe, adeir an Tighearna,
i dtreó ná raghadh sibh isteach sa chath.



CAIBIDIOL A DACHAD.



NÍ'L SA DUINE AON MHAITH A BHAINEANN LEIS
FÉIN, AGUS NÍ FÉIDIR DÓ MAOIDHEAM A'
h-AON NÍDH.



1. An Seirbhíseach.- A Thighearna, cad é an nídh an
duine, go gcuimhnigheann Tú air, ná mac an duine, go
dtagann Tú ag triall air?


L. 179


Cad tá tuillte ag an nduine chun a rádh go dtabharfá
do ghrásta dhó?



A Thighearna, má thréigeann Tú mé, conus is féidir
dom gearán a dhéanamh? Nó mura ndeinir an rud
atá agam 'á iarraidh ort a dhéanamh, cá bhfuil mo cheart
chun gearáin?



Is deimhin gur fíor an méid seo le machtnamh agus le
rádh: A Thighearna, is neamhnídh mé féin, is neamhnídh mo
chumas, is neamhnídh mo mhaith asam féin. Ní'l am'
shaothar go léir ach neamhnídh, agus is ag dul ar neamh-
nídh atáim i gcómhnuidhe.



Mura mbéadh Tusa bheith ag cabhrú liom agus ag
teagasg m' aigne, ní bhéadh ionam ar fad ach patfhuaire
agus aimhleas.



2. Ach Tusa, a Thighearna, is Tú an Dia céadna i
gcómhnuidhe, ar feadh na síoruidheachta; síor mhaith, síor
cheart, síor naomhtha; ag déanamh gach uile nídh go maith,
go ceart, go naomhtha; agus ag riaradh gach uile nídh
i n-eagna.



Ach mise, gur mó is fonn liom dul i ndiaigh mo chúil
'ná dul ar aghaidh, ní fhanaim i gcómhnuidhe ar aon chuma
amháin. Atharuighim seacht n-uaire leis an aimsir.



Ach 'n-a dhiaigh san a's eile bíonn an sgéal níos fearr
agam nuair is toil leat-sa é, nuair a shíneann Tú
chúgham do lámh chabhartha; óir is duit-se amháin is féidir,
gan chongnamh ó dhaoine, cabhrú liom, agus mé dhaing-
iniú i dtreó ná tiocfaidh atharú orm a thuille, ach go
n-iompóchaidh mo chroídhe ort-sa amháin, agus go bhfan-
fad mar sin.



3. Uime sin, dá mb' eól dom gach sólás daona
do chaitheamh uaim, chun breis cráibhtheachta dh'fhagháil,
nó toisg nách foláir dom teacht chúghat-sa de bhrígh
nách féidir dom sólás d'fhagháil i n-aon duine,


L. 180


ansan iseadh fhéadfainn, le ceart, mainighin a bheith
agam as do ghrásta-sa, agus áthas a bheith orm mar
gheall ar an sólás nuadh a thabharfá dhom.



4. Moladh agus buidheachas leat-sa, mar, nuair a
bhíonn ag eirighe liom go maith, is uait-se a thagann sé go
léir.



Ní'l ionam-sa ach neamhnídh agus folamhas ad' láthair-
se; duine guagach lag iseadh mé.



Cad as gur féidir dom maoidheamh a dhéanamh, ná
meas a dh'iarraidh?



An as neamhnídh? Baois ar fad é sin.



Gan amhras is tiubaisteach an rud an ghlóire dhíomh-
aoin. Baois i gceart iseadh an ghlóire dhíomhaoin.
Tarraingeann an ghlóire dhíomhaoin an duine o'n
nglóire atá fírinneach, agus baineann sí grásta Dé
dé.



Mar nuair a bhíonn mór-is-fiú ar an nduine cuir-
eann sé fearg ort-sa, agus nuair a loirgeann sé
moladh ó dhaoine cailleann sé an fhíoraontacht.



5. Ach tá glóire ann nách díomhaoin, agus móráil
atá naomhtha, maoidheamh nách as duine féin ach asat-sa,
móráil nách as a mhaitheas féin ach as t'ainim-se, taith-
neamh do neithibh cruthuighthe mar gheall air gur Tusa do
chruthuigh iad.



Tugtar, d'á bhrígh sin, moladh do t'ainim-se, agus
ná tugtar do m' ainim-se é. Tugtar glóire do t'
obair-se agus moladh do t'ainim naomhtha, agus ná
tugtar dómh-sa aon phioc de mholadh na ndaoine.



Is Tusa mo ghlóire-se. Is Tú móráil mo chroídhe.
Is asat-sa a bheidh mé ag maoidheamh agus ag déanamh
mórála an lá go léir. Am' thaobh féin, ámthach, ní'l
aon mhaoidheamh agam le déanamh ach as mo lagacharaibh.



6. Loirgeadh na Iúdaigh an ghlóire a gheóbhaid siad ó


L. 181


n-a chéile. An ghlóire a thagann ó Dhia amháin, siní an
ghlóire do loirgeóchad-sa.



Gach glóire dhaona, ámhthach, agus gach onóir dhíom-
buan, agus gach árd-chéim saoghalta, ní'l ionta go léir
ach folamhas agus amadántacht seachas an ghlóire shíor-
uidhe sin atá agat-sa.



Ó, a Dhia na fírinne agus na trócaire! A thrío-
nóid ró naomhtha! moladh agus glóire agus onóir agus
gradam duit-se go deó tré shaoghal na saoghal!
Amen.



CAIBIDIOL A h-AON AGUS DACHAD.



NEAMHSHUIM I N-ONÓIR SHAOGHALTA.



1. An Tighearna.- A mhic, ná bíodh diombádh ort má
chíonn tú onóir 'á tabhairt do dhuine eile, agus árdú,
agus gan agat féin d'á fhagháil ach tarcuisne agus
droch mheas. Árduigh do chroídhe suas chúgham-sa ins na
flathais, agus ansan ní chuirfidh droch mheas daoine ar
an dtalamh so aon bhuairt ort.



2. An Seirbhíseach.- A Thighearna, táimíd ana dhall,
agus meallann baois sinn go tapaidh.



Má fhéachaim isteach ionam féin go cruinn, ní foláir
dom a dh'admháil nár dhein aon nídh d'ár chruthungh Dia
díobháil dom riamh. D'á bhrígh sin ní'l aon ghearán agam
le déanamh ad' choinnibh-se.



Ach de bhrígh gur dheineas, go minic agus go trom,
peacaí ad' choinnibh, ní h-iongnadh na neithe chruthuigh
Dia bheith ag eirighe am' choinnibh féin.



Tá, d'á bhrígh sin, tarcuisne agus droch mheas ag


L. 182


dul dómh-sa, le ceart; agus tá moladh agus onóir
agus glóire ag dul duit-se le ceart.



Agus mura ndeinead-sa mé féin d'ollmhú i gceart
do'n nídh seo, .i. bheith ollamh ar tharcuisne agus ar
neamhshuim do ghlacadh go fonnamhar ó gach nídh d'ár
chruthuigh Dia, i dtreó ná déanfaí dhíom ach neamhnídh, ní
féidir dom bheith suaimhneasach socair am' aigne féin, ná
ag fagháil soluis spioradálta uait-se, ná bheith dlúithte
leat i ngrádh.



CAIBIDIOL A DÓ AGUS DACHAD.



NÍ CEART DÚINN ÁR SÍOTHCHÁIN AIGNE
D'FHÁGÁILT AG BRATH AR DHAOINIBH.



1. An Tighearna.- A mhic, má fhágann tú do shíoth-
cháin aigne ag brath ar aon duine, mar gheall ar an
sólás a gheibheann tú 'n-a chómhluadar, beidh tú
neamhshocair agus beidh cuibhreach ort.



Ach má bhíonn do sheasamh ar an bhFírinne atá síor-
uidhe, seasamhach, ní chuirfidh imtheacht carad, nó a bhás,
iomad buartha ort.



Is ionam-sa is ceart grádh carad a bheith suidhte,
agus is ar mo shon-sa is ceart duit grádh thabhairt
do'n duine muinteartha fóghanta atá go maith dhuit,
dar leat, agus go bhfuil cion mór agat air, ar an
saoghal so.



Gan Mise ní bheidh an caradas láidir, ná ní bheidh sé
buan. Agus an caradas ná bím-se mar cheangal ann,
ní caradas dílis é, agus ní caradas íodhan é.



Ba cheart duit gach cion ar dhaoinibh a bheith chómh
marbh san ionat gur mhian leat, (chómh fada agus théigh


L. 183


eann tú féin), bheith sgartha ó aon tsaghas cómhluadair
daoine.



D'á fhaid amach a chimeádfaidh duine é féin ó gach
sólás daona iseadh is cómhgaraighe a bheidh sé do Dhia.



Agus d'á fhaid síos, i n-ísleacht, a raghaidh duine i
n' aigne féin, agus d'á fheabhas a thuigfidh sé a shuaraigh-
eacht féin, iseadh is sia suas a raghaidh sé i dtreo Dé.



2. Ach an t-é a thugann creideamhaint dó féin mar
gheall araon mhaith atá ann, coisgeann sé grásta Dé ar
theacht ag triall air, mar, is fé dhéin an chroídhe atá
úmhal a thagann grásta an Spioraid Naoimh i gcóm-
nuidhe.



Dá bhféadfá thú féin do chur ar neamhnídh ar fad, agus
gach grádh daona do chur amach asat ar fad, ansan
iseadh caithfinn-se teacht chúghat le flúirse mór grásta.



Nuair a thugann tusa grádh do nídh cruthuighthe tar-
raingtear uait grádh an Chruthuightheóra.



Foghluim conus an lámh uachtair a dh'fhagháil ort féin,
ins gach nídh, ar son an Chruthuightheóra. Ansan iseadh
chuirfir aithne ar Dhia.



An rud is lúgha ar bith, má curtar an iomad suime
ann, agus má tugtar an iomad grádh dhó, tarraing-
eann sé an croídhe ó Dhia agus truailligheann sé é.



CAIBIDIOL A TRÍ AGUS DACHAD.



I N-AGHAIDH EOLUIS BHAOITH AN TSAOGHAIL.



1. An Tighearna.- A mhic, ná mealltar thu le briath-
raibh breaghtha gunta daoine, óir ní le caint atá rígh-
eacht Dé le fagháil ach le fíoraontacht.


L. 184


Éist le m' briathraibh-se. Is iad a lasann an
croídhe agus a thugann solus do'n aigne. Tugaid
siad dólás croídhe do dhuine, agus mórán sóláis.



Ná léigh-se focal choídhche le h-ionchas go ndéarfaí
gur duine foghlumanta thú, nó duine eagnaighe.



Foghluim conus do dhroch mhianta do chur fé
chois. Is mó an tairbhe dhéanfaidh an t-eolus san
duit 'ná tú bheith ábalta ar cheisteanaibh cruadha do
réidhteach.



2. Nuair a bheidh mórán léighte agat agus mórán
eoluis agat, caithfir filleadh thar n-ais i gcómhnuidhe
ar an aon tosnú amháin.



Is Mise thugann eolus do'n duine, agus tugaim
do'n leanbh tuisgint níos solusmhaire 'ná mar fhéad-
fadh duine a mhúineadh.



An t-é go labhraim-se leis bíonn eolus aige go
h-obann, agus téigheann sé ar aghaidh i neithibh spiorad-
álta.



Is mairg dos na daoine a bhíonn ag ruith i ndiaigh an
eoluis bhaoith, agus ná loirgeann aon eolus ar conus
mo sheirbhís-se do dhéanamh.



Tiocfaidh an t-am 'n-a bhfeicfear Críost, an t-É is
Maighistir ar na maighistiríbh go léir, an t-É is
Tighearna ar na h-aingealaibh, ag teacht chun na gceacht
a dh'éisteacht ós na daoine go léir, .i. chun coinsias
gach duine do sgrúdú.



Ansan iseadh do sgrúdóchthar Ierúsalem le coinnlibh
agus nochtfar na neithe atá fé cheilt sa doircheacht,
agus stadfaidh aragóint na dteangan.



3. Is Mise an t-é a dh'árduigheann go h-obann an
aigne úmhal, chun oiread eoluis ar an bhfírinne shíor-
uidhe agus ná foghlumóchthaí ins na sgoileanaibh ar
feadh diech mbliadhan.


L. 185


Múinim-se gan gleó cannte, gan measgadh smuínte,
gan tnúth onóra, gan coímhsgar aragóinte.



Múinim-se neamhshuim i saoghaltas, fuath do neithibh
na beatha so, lorg ar neithibh síoruidhe, dúil i neithibh
síoruidhe, diúltú d'onóir, cur suas le tarcuisne,
mainighin do chur asam-sa amháin, gan a dh'iarraidh ach
Mé, agus grádh thar gach nídh thabhairt dom.



4. Óir do thug duine grádh dílis dom-sa, agus ansan
do fuair sé eolus ar neithibh diadha, agus do labhair sé
neithe iongantacha.



Ba mhó an tairbhe a dhein sé dhó gach nídh do thréigean
'ná dá mbéadh sé ag breithniú ar neithibh gunta.



Ach labhraim neithe coitchiana le daoinibh, agus neithe
spisialta le daoinibh eile. Taisbeánaim Mé féin,
go cneasta, do dhaoinibh áirighthe, i soluídibh agus i
samhalaibh, ach nochtaim mistéirí do dhaoinibh eile le
mórán soluis.



Tá an t-aon fhocal amháin sa leabhar, ach ní h-é an
t-eolus céadna a thugann sé do dhuine agus do dhuine
eile; mar bím-se laistigh ag múineadh na fírinne, ag
sgrúdú an chroídhe, ag breithniú an mhachtnaimh, ag sprio-
cadh chun an ghnímh, ag bronnadh ar gach duine fé mar a
chím is ceart.



CAIBIDIOL A CEATHAIR A'S DACHAD.



NÁ TARRAING ORT NEITHE ATÁ LASMUICH
DHÍOT.



1. An Tighearna.- A mhic, i n-a lán neithe is ceart duit
bheith gan eolus, agus a thuisgint ad' aigne gur duine


L. 186


thú atá chómh sgartha leis an saoghal agus dá mbeitheá
marbh, agus go bhfuil an saoghal tarneálta ar chrois
duit-se.



Is ceart duit, leis, a lán neithe do sgaoileadh thort
fé mar a bheitheá bodhar, agus aire thabhairt dos na
neithibh a bhaineann le d'shíothcháin aigne féin.



Is tairbhighe dhuit do shúil a dh'iompáil ó'n rud ná
taithneann leat, agus leigint do gach aoinne a mheón
féin a bheith aige, 'ná bheith sáidhte i n-imreasán
cainte.



Má's maith é do shlíghe chun Dé, agus gur cuma
leat cad a dhéanfaidh aon rud ach breitheamhantas
Dé, is usaide a dh'fhuilingeóchair go mbuadhfaí sa
chaint ort.



2. An Seirbhíseach.- Ó, a Thighearna, cad 'tá imthighthe
orainn i n-aon chor? Cuireann umárd saoghalta ag
gol sinn. Deinimíd saothar mór agus aistear fada
chun beagán de shaidhbhreas an tsaoghail seo dh'fhagháil;
agus ní chuirimíd aon tsuim sa rud a dheineann díobh-
áil anama dhúinn. Ar éigin a chuimhnighmíd i n-aon
chor air.



An rud ná fuil aon tairbhe ann, nó ná fuil ach
beagán tairbhe ann, tugtar aire mhaith dhó. An rud go
bhfuil an tairbhe gan teóra ann, ní tugtar aon aire dhó.
Is é cúis n-a bhfuil san mar sin, mar tá aigne an duine
socair ar fad ar na neithibh atá lasmuich dhé, agus mura
gcuimhnigheann sé air féin fanfaidh sé mar sin ar a
shuaimhneas.


L. 187


CAIBIDIOL A CÚIG A'S DACHAD.



NÍ h-É GACH AOINNE GUR CEART DO DHUINE
IONTAOIBH A BHEITH AIGE AS AGUS IS
FUIRISTE PEACA DHÉANAMH LE CAINT.



1. An Seirbhíseach.- Tabhair cabhair dom, a Thighearna,
i n-am mo ghátair, mar ní h-aon mhaith bheith ag brath ar
chabhair ó dhaoine.



Cad é a mhinicíghe a bhíos deimhnightheach go bhfaighinn
dílse agus gur cailleadh orm! Agus cad é a
mhinicíghe do fuaras é san áit nár mheasas a
gheóbhainn é!



Is baoth an rud, d'á bhrígh sin, bheith ag brath ar aon
duine, agus is ort-sa amháin, a Dhia, atá seasamh na
bhfíoraon.



Moladh agus buidheachas leat-sa, a Thighearna Dia,
ins gach cor a bhéarfaidh sinn.



Táimíd go lag agus go guagach. Ní deacair sinn a
mhealladh, ná sinn a dh'atharú.



2. Cá bhfuil an duine atá ábalta ar aire thabhairt dó
féin, agus ar é féin do chosaint chómh maith, ar gach aon
tsaghas cuma, nách baoghal dó choídhche aon dearmhad a
dhéanamh, ná dul i n-aon ghuais?



Ach an t-é a chuireann a mhainighin asat-sa, a Tigh-
earna, agus do loirgeann Tú le dílse croídhe, ní'l
sé chómh fuiriste barathuisle bhaint as.



Agus má thagann aon trioblóid air, pé cruadhtan
a bhíonn sa trioblóid, nó pé géire a bhíonn sa ghreim,
déanfair-se é dh'fhuasgailt, nó déanfair sólás a thabh-
airt dó, mar ní thréigeann Tusa choídhche an t-é chuir-
eann a mhainighin asat.


L. 188


Is anamh le fagháil cara dílis a sheasóchaidh le
n-a charaid i ngach trioblóid d'á dtiocfaidh air.



Is Tusa amháin, a Thighearna, atá fíor dhílis ins gach
nídh, agus ní'l aoinne mar Thú.



3. Ó' nách maith an t-eolus a bhí ar an méid sin ag an
mnaoi naomhtha úd adubhairt: Tá m' aigne-se socair ar
Chríost go daingean agus go seasamhach.



Dá mbéadh an sgéal mar sin agam-sa ní ghoillfeadh
eagla roim dhaoine orm chómh mór, ná ní chuirfeadh
focal cainte fearg orm mar a dheineann.



Cé fhéadann gach aon rud a dh'fheisgint roim ré, ná
an t-olc atá le teacht do sheachaint roim ré? Má
ghortuigheann, an t-olc a chímíd ag teacht sinn, conus
is féidir don olc ná fuil coinne againn leis gan sinn
a ghortú go teinn.



Nách mí-fhortiúnach an duine mé nár fhéach rómham
níos fearr! Nách orm a bhí an mí-ádh agus daoine
eile chreideamhaint!



Ní'l ionainn, ámhthach, ach daoine, agus daoine laga
mar bhara air sin, bíodh go meastar gur aingil sinn.



Cé chreidfead, a Thighearna? Ní chreidfead aoinne
feasta ach Tusa. Is Tusa an Fhírinne, ná meallann
agus nách féidir a mhealladh.



Agus, ar an dtaobh eile: Tá an uile dhuine bréagach.
Táid siad lag, guagach, tugtha do thuitim, go mór mór
ruda gcaint; i dtreó nách ceart bheith ró ollamh chun
ruda chreideamhaint, bíodh go mbéadh crot na fírinne
air.



4. Nách maith a thugann Tusa foláramh dúinn sinn
féin do sheachaint ar na daoine; agus gur b'iad lín-
tighe an duine a namhaid; agus má deirtear, Féach
anso É, nó, Féach ansúd É, gan é chreideamhaint.



Tá ciall cheannaigh múinte dhómh-sa. Go dtugaidh


L. 189


Dia dhom go gcimeádfad an chiall, agus ná déanfad
amadán díom féin airís!



Tabhair aire, adeir duine liom, Tabhair aire agus
ná h-innis d'aoinne an rún so atá agam 'á thabhairt
duit. Bím-se ag tabhairt aire do'n rún agus 'á
chimeád, dar liom. Ach ní féidir leis an nduine sin
féin a bhéal a chimeád dúnta. Leigeann sé uaidh an
rún. Sgéidheann sé air féin agus orm-sa, agus
imthigheann sé a bhóthar.



Cosain mé, a Thighearna, ar dhaoine de'n tsórd san
ná féachann rómpa sar a labhraid siad. Nár chuiread
mé féin choídhche ar a gcumas, agus nár dheinead mar
a dheinid siad.



Tabhair dom an fhírinne do labhairt i gcómhnuidhe,
agus cimeád abhfad uaim teanga an fhill.



An nídh nár mhaith liom a déanfaí orm ní ceart dom
é dhéanamh i n-aon chor.



5. Ó, nách maith an rud chun síothchána gan labhairt ar
dhaoinibh eile; gan gach aon rud a chreideamhaint; gan
sgéal a dh'aistiriú; gan an aigne do nochtadh d'á lán;
teacht ag triall ort-sa i gcómhnuidhe, ó's Tú sgrúd-
uightheóir an chroídhe; gan imtheacht le gaoith gach cainte,
ach a dh'iarraidh go raghadh gach nídh, laistigh dínn agus
lasmuich dhínn, chun cinn do réir do thoile naomhtha-sa!



Is ana shiúrálta an rud chun grásta Dé do chimeád
fanmhaint ó shúilibh na ndaoine, gan dúil a chur ins na
neithibh a tharraingeann moladh ó dhaoine, ach dúil
croídhe do chur ins na neithibh a dheineann duine do
ghríosadh agus do sheóladh ar leas a anama.



Is 'mó duine a seóladh ar aimhleas a anama nuair a
tuigeadh a mhaitheas agus do moladh an iomad é.



Agus is fíor gur b' ana thairbheach an rud an grásta
a cimeádtar i bhfolach i gcaitheamh na beatha so, mar


L. 190


táimíd lag, agus táimíd coitchianta ag gabháil tré
chathanaibh agus tré chómhrac.



CAIBIDIOL A SÉ AGUS DACHAD.



MAINIGHIN AS DIA, NUAIR A DEINTEAR
TROMAIDHEACHT ORAINN.



1. An Tighearna.- A mhic, seasaimh agus ná cuir cor
díot. Bíodh mainighin agat asam-sa. Cad 'tá i gcaint
ach caint? Imthigheann sí leis an ngaoith. Ní bhuail-
eann sí i gcoinnibh na cloiche. Má taoi'nn tú ciontach,
dein aithrighe, uait féin. Má mhothuigheann tú do choin-
sias glan, ceap at' aigne go ndéanfair an méid sin
a dh'fhulang le grádh do Dhia.



Ní fhéadfá, fós, faobhar a dh'fhulang le grádh do Dhia.
Is é is lúgha is gann duit focal cainte dh'fhulang, anois
a's airís, le grádh do Dhia.



Agus cad 'n-a thaobh go mbéarfadh rud chómh suarach
greim ar chroídhe ort, ach go bhfuil do chroídhe claon
fós agus gur mó do shuim i ndaoine 'ná mar is ceart?



Tá eagal ort go gcáinfí thú. Ní maith leat go
lochtóchthaí thú mar gheall ar do chlaontaibh. Ansan ní
foláir leat tú féin a dhíonadh le leathsgéal.



2. Ach féach isteach ionat féin, agus chífir conus mar
atá intinn an tsaoghail beó fós ionat, agus gur mór
agat na daoine do shásamh, bíodh gur baoth an aigne í.



Ní maith leat ceann-fé agus náire dh'fhulang mar
gheall ar na lochtaibh atá ionat. Ní maith leat go
gcasfaí leat iad. Taisbeánann san ná fuil fíor
úmhluigheacht ionat; ná fuil intinn an tsaoghail marbh


L. 191


ionat; ná fuil an saoghal tarneálta ar chrois
duit.



Ach éist le m' fhocal-sa, agus ní chuirfir suim i ndeich
míle focal de chaint daoine.



Féach, dá n-abarthaí ad' choinnibh gach a bhféadfadh
mailís a cheapadh, cad é an díobháil a dhéanfadh sé dhuit
dá ndeinteá é sgaoileadh thort gan aon tsuim a chur
ann? A' bhféadfadh sé oiread agus aon ruibe amháin
a bhaint as do cheann?



3. Ach an t-é nách laistigh a bhíonn a chroídhe aige,
agus nách é Dia a bhíonn os cómhair a shúl aige, ní
deacair buaireamh a chur air le focailín tromaidheachta.



An t-é, ámhthach, gur asam-sa a bhíonn a mhainighin aige,
agus nách a d'iarraidh seasamh ar a bhreitheamhantas féin
a bhíonn sé, ní bheidh aon eagla choídhche aige roim chaint
daoine.



Óir is Mise an breitheamh, agus ní'l aon rud i bhfolach
uaim. Is Mise a chíonn conus a deintear an nidh.
Chím cé atá ag déanamh na h-éagcóra agus cé atá ag
fulang na h-éagcóra.



Is uaim-se do ghluais an focal san. Is Mise do
cheaduigh an méid sin do thuitim amach, ionus go nochtfaí
smuínte as mórán croídhthe.



Is Mise a thabharfaidh breith ar an gciontach agus ar
an neamhchiontach, ach ba mhian liom iad araon do thriail
ar dtúis le breitheamhantas fé cheilt.



4. Bíonn fiadhnaise an duine amú go minic. Breith-
eamhantas fíor iseadh mo bhreitheamhantas-sa; seas-
óchaidh sé agus ní bréagnóchthar é.



Bíonn sé fé cheilt go minic agus ní nochtthar ins gach
nídh é ach do bheagán. Ní bhíonn sé amú choídhche, ámhthach,
bíodh nách díreach a dh'fhéachann sé i súilibh daoine gan chiall.



Is chúgham-sa, d'á bhrígh sin, is ceart teacht i dtaobh


L. 192


gach breitheamhantais, i n-inead bheith ag brath ar thoil
duine féin.



Mar ní thiocfaidh buaireamh ar an bhfíoraon, pé nídh a
thuitfidh amach dó le toil Dé. Má deintear an éag-
cóir féin air is cuma leis.



Agus ní bheidh mór-is-fiú air má ghabhann daoine a
pháirt agus má cosantar é.



Mar meághann sé i n-a aigne gur Mise an t-É a
sgrúdann an croídhe agus na drólana, ná tugaim
breith do réir aghaidh dhuine, ná do réir mar a chítear le
súilibh daona.



Óir is minic gur ciontach am' shúilibh-se an t-é a
braithtear neamhchiontach i súilibh agus i mbreitheamh-
antas daoine.



5. An Seirbhíseach.- Ó, a Tighearna Dia, a Bhreithimh
chóir, chómhachtaigh, fhoidhnigh, d'ár fios laige agus peac-
amhlacht an duine, bí ad' neart agam agus ad' lán
mhisneach agam, mar ní leór dom mo choinsias féin.



Is eól duit-se na neithe nách eól dómh-sa, agus d'á
bhrígh sin má deintear cáineadh orm inis ceart dom mé
féin d'úmhlú, agus é dh'fhulang le míne.



Má's minic nár dheineas san, maith dhom anois é,
agus tabhair do ghrásta dhom airís le h-ionchas go
ndéanfainn an bheart níos fearr feasta.



Óir is í do mhór thrócaire-se is adhbharaighe dhom mar
chongnamh chun maitheamhnais d'fhágháil uait-se, agus
ní h-í an fhíoraontacht a mheasfainn a bheith agam inar
chosaint ar mo choinsias féin.



Óir, bíodh ná cuireann mo choinsias aon nídh am'
leith, ní féidir liom a rádh go saorann san mé. Mar,
gan do thrócaire féin, ní féidir d'aon duine beó dul
saor fé d'shúil.


L. 193


CAIBIDIOL A SEACHT A'S DACHAD.



IS FIÚ AN TSÍORUIDHEACHT AN UILE SHAGHAS
CRUADHTAIN A DH'FHULANG AR A SON.



1. An Tighearna.- A mhic, na h-oibreacha cruadha so
a ghlacais ort ar mo shon-sa, ná brisidís do mhisneach,
agus na trioblóidí atá ag teacht ort ná leig dóibh
do neart a bhaint ar fad asat. Cuimhnigh ar mo
gheallamhaint-se agus bain sólás agus misneach aiste,
pé rud a thiocfaidh crosta ort.



Tá do dhóithin mór de thuarastal ionam-sa. Tuar-
astal gan teóra iseadh Mé.



Ní bheidh tú abhfad anso ag obair go cruaidh, ná ní
bheir ag fulang na bpian so i gcómhnuidhe.



Fan leat go fóil beag, agus chífir deire go mear
leis na h-olcaibh.



Tiocfaidh aon tráth amháin agus stadfaidh an duadh
go léir agus an chaismirt.



Nídh suarach gearr iseadh gach nídh a dh'imthigheann
le h-aimsir.



2. Dein an obair atá le déanamh agat. Saothruigh
an fíonghort dom go dúthrachtach. Mise an tuar-
astal atá le fagháil agat.



Bí ag sgrí', ag léigheadh, ag cantainn, ag caoi, ad'
thost, ag guidhe Dé ort, ag fulang do chruadhtan go
fortail; is fiú an ghleic sin go léir, agus tuille, an
bheatha shíoruidhe.



Tiocfaidh suaimhneas chúghat aon lá amháin is eól do'n
Tighearna. Ní 'n-a lá agus i n'oídhche a bheidh sé agat,
mar atá anso, ach 'n-a sholus bhithbhuan, 'n-a ghlan gan
teóra, 'n-a shíothcháin daingean, 'n-a shuaimhneas shocair.


L. 194


Ní déarfair an uair sin, Cé shaorfaidh mé ó chorp
an bháis seo? ná, Is mairg dómh-sa mar tá mo deó-
raidheacht curtha i bhfaid; mar beidh deire le bás, agus
beidh sláinte bithbhuan, gan aon bhuaireamh, agus beidh
agat áthas, agus aoibhneas, agus cuideachtanas uasal
shuairc.



3. Ó, dá bhfeicfeá coróinní síoruidhe na naomh atá
ins na flathais anois, agus an solus glórmhar atá 'n-a
dtimcheall, bíodh go rabhadar tamall fé tarcuisne ar
an saoghal so, i dtreó go meastaí gur cheart iad a chur
chun báis, ní baoghal ná go n-úmhlóchthá thú féin síos
go talamh, agus ní baoghal ná gur bh' fhearr leat bheith
fé chosaibh na ndaoine go léir 'ná smacht a bheith agat
ar aon duine amháin.



Ní baoghal gur b'é aoibhneas an tsaoghail seo a
bhéadh uait ansan. Is amhlaidh a bhéadh áthas ort triob-
lóidí dh'fhulang ar son Dé, agus do thuigfeá at' aigne
ná fuil nídh is tairbhíghe dhuit 'ná gan suim ar bith a
bheith ag daoine ionat.



4. Ó, dá mbéadh an beann ceart agat ar na neithibh
sin, agus dá mbeiridís greim go doimhinn ar chroídhe
ort, conus fhéadfá gearán i n-aon chor?



Nách fiú an bheatha shíoruidhe an uile shaghas triob-
lóide dh'fhulang ar a son?



Ní rud suarach rígheacht na bhflathas le breith nó le
cailleamhaint.



Iompuigh t'aghaidh suas chun na bhflathas d'á bhrígh sin.
Féach Mise, agus mo naoimh am' fhochair. Chuireadar
gleic mhór díobh ar an saoghal so. Tá aoibhneas anois
acu. Tá sólás anois ortha. Táid siad ó bhaoghal
anois. Táid siad ar a suaimhneas anois. Tá i
n-áirighthe dhóibh anois fanmhaint am' fhochair-se i rígh-
eacht m' Athar i gcaitheamh na síoruidheachta.


L. 195


CAIBIDIOL A H-OCHT AGUS DACHAD.



LÁ NA SÍORUIDHEACHTA AGUS AINDEISE AN
TSAOGHAIL SEO.



1. Ó, a phálás aoibhinn na catharach thuas! Lá fíor-
áluinn na síoruidheachta; an lá ná tagann oídhche air,
ach solus na fírinne ag síor thaithneamh ann! Lá an
tsíor-áthais! Lá an tsíor-shuaimhnis! An lá ná
tagann atharú cló air choídhche!



Ó, go n-eirigh an lá san orainn agus go gcuiridh sé
deire leis na gnóthaíbh saoghalta so go léir!



Tá an lá san anois ag taithneamh ar na naoimh, agus
is mór é a sholus agus is síoruidhe, glórmhar; ach sinne,
atá ar an dtalamh so, ní fheicimíd é ach abhfad uainn,
agus mar a déarfaí, i sgáthán.



2. Aithnighid muintir na bhflathas áthas agus aoibh-
neas an lae sin. Mothuighid clann díbeartha Ébha
cruadhtan agus tuirse an lae seo.



Is suarach agus is olc, agus is lán de bhrón agus
d'aindeise, atá laethanta na h-aimsire seo, mar a
ndeintear an duine do thruailliú le mórán peacaí,
agus é mhealladh le mórán droch mhian, agus é chlaoidh le
mórán eagla, agus é chrádh le mórán cúraim, agus é
chur amú le mórán fiafraightheachta, agus é chur i
n-achran i mórán baoise, agus é chiapadh le mórán
éithigh, agus é thraochadh le mórán oibre, agus é mhúchadh
i gcathanaibh, agus an neart a bhaint as le pléisiúr an
tsaoghail, agus é chéasadh le h-uireasba.



3. Ó, cathain a bheidh deire leis na h-olcaibh seo?
Cathain a saorfar mé ó dhaorsmacht ainmhian? Cathain


L. 196


a bheidh m' aigne socair ort-sa amháin, a Thighearna?
Cathain a bheidh m' áthas ar fad ionat-sa?



Cathain a bheidh mé i lán tsaoirse gan chosg ar bith,
gan buaireamh aigne ná cuirp?



Cathain a bheidh síothcháin daingean agam, síothcháin
shocair ná suathfar, síothcháin laistigh agus lasmuich,
síothcháin a bheidh tathaiceach ó'n uile thaobh?



A Íosa ró mhaith, cathain a sheasóchad chun Tusa dh'fheis-
gint? Cathain a bhreithneóchad glóire do rígheachta?
Cathain a bheidh Tú agam agus gur Tú mo chuid an
tsaoghal?



Ó, cathain a bheidh mé ad' fhochair ad' rígheacht féin atá
ollamh agat do d'cháirdibh ó'n síoruidheacht?



Táim anso am' dhíbearthach dhealbh, i ndúthaigh iasachta,
ameasg namhad, mar a mbíonn cogadh gach lá agus an
uile shaghas mí-fhortiúin.



4. Tabhair-se sólás dom am' uaigneas; laghduigh
mo bhrón; mar is ionat-sa atá mo dhúil ar fad; óir
ní bhfaighim-se ach troma-chroídhe ins gach sólás d'á
dtarraingeann an saoghal so dhom.



Is é mo dhúil Tusa bheith agam go dlúth, ach ní féidir
liom é.



Is é mo mhian dlúthú leis na neithibh síoruidhe, ach
bíd na neithe saoghalta agus m' ainmhianta am' brúghadh
síos.



Is mian liom am' aigne bheith os cionn gach uile nídh,
ach cuireann an cholann fé chois mé dom' aimhdheóin.



Ar an gcuma san, is truagh mar 'táim, ag troid am'
choinnibh féin, agus mé am' thrioblóid orm féin; mo
spioraid a d'iarraidh dul suas, agus an cholann a
d'iarraidh fanmhaint thíos.



5. Ó, cad a bhfuil agam 'á fhulang laistigh! M'
aigne ag breithniú ar neithibh síoruidhe, agus ansan


L. 197


éacht de neithibh saoghalta am' chur amú ar m' úrnuighthe.
A Tighearna Dia, ná h-imthigh abhfad uaim. Ná
h-imthigh i bhfeirg ó d'sheirbhíseach.



Lámhaigh amach do chuid soluis ortha agus sgaip chun
fáin iad. Lámhaigh do shaigheada le cleasaibh mo namhad,
agus curfar i n-aimhréidh iad.



Cruinnigh mo mheabhair-se chúghat féin. Cuir as mo
cheann gnóthaí an tsaoghail seo. Tabhair dom go luath
bheith ábalta ar gach machtnamh peacamhail do dhíbirt uaim.



Cabhruigh liom, a Dhia na fírinne, i dtreó ná cuirfead
suim i n-aon tsaghas baoise.



Tar chúgham, a mhísleacht na bhflathas, agus díbir
uaim gach smuíneamh drúiseamhail.



Maith dhom, leis, má's minic machtnamh nách Tusa am'
aigne le linn úrnuighthe.



Óir admhuighim le fírinne gur ró mhinic mé ag dul
amú go mór ortha.



Mar is minic ná bím féin san áit 'n-a mbím am'
shuídhe nó am' sheasamh, ach go mbím san áit 'n-a mbeirid
mo smuínte leó ann mé.



San áit 'n-a mbíonn mo smuíneamh iseadh bhím-se,
agus san áit 'n-a mbionn an rud a thaithneann liom
iseadh bhíonn mo smuíneamh go minic.



An rud a thaithneann liom do réir nádúra, nó ó
thaithighe bheith agam air, is é is túisge thagann chun m'
aigne.



Uime sin iseadh a dubhraís-se, a Fhírinne: Mar a
bhfuil do stór is ann atá do chroídhe.



Má's do neamh atá grádh agam, is ar neithibh diadha a
bheidh mé ag machtnamh.



Má 'sé an saoghal so a thaithneann liom is é séan an
tsaoghail seo a chuirfidh áthas orm, nó is míshéan saogh-
alta do chuirfidh buairt orm.


L. 198


Má 'sí an cholann is ionmhuin liom, is ar na neithibh
a bhaineann leis an gcolainn a bheidh mo mhachtnamh.



Má 'sé an spioraid is áil liom, is ar neithibh spiorad-
álta is fonn liom bheith ag machtnamh.



Óir, na neithe a thaithneann liom is ortha is maith liom
beith ag caint, agus is le caint ortha is maith liom bheith
ag éisteacht, agus is iad a n-íomhághtha a thugaim abhaile
liom.



Ach molaim-se an duine sin, a Thighearna, a
dh'fhéadann cead gluaiste thabhairt do gach nídh saogh-
alta ar do shon-sa, an duine a dheineann éigean ar a
nádúr féin, agus do tharneálann ar an gcrois
ainmhianta na colna, le neart spioradálta na h-aigne,
i dtreó go bhféadann sé guidhe glan do chur suas chúghat
i suaimhneas aigne, agus neithe saoghalta do dhíbirt
uaidh ar fad, istigh agus amuich, agus ar an gcuma san
é féin d'ollmhú chun páirte ghabháil i gcliaraidheacht na
n-aingeal thuas.



CAIBIDIOL A NAOI AGUS DACHAD.



DÚIL SA BHEATHA SHÍORUIDHE; AGUS NA NEITHE
MHÓRA ATÁ GEALLTA DHO'N MHUINTIR A
DHÉANFHAIDH AN TROID.



1. An Tighearna.- A mhic, nuair a mhothóchair dúil sa
bheatha shíoruidhe ag teacht chúghat ad' chroídhe, le séid ó
ghrásta Dé, agus nuair a mhothóchair gur breagh an rud
imtheacht as an gcolainn agus teacht i radharc mo
sholuis-se, solus ná tiocfaidh sgáil air, osgail do
chroídhe chun na h-anála san agus glac chúghat í le mian.


L. 199


Ansan gabh do bhuidheachas go dúthrachtach le Dia atá
thuas, toisg gur deónuightheach leis beart de'n tsórd
san a dhéanamh duit, teacht chúghat chómh trócaireach, tú
ghríosadh le n-a ghrádh chómh mór, tú thógaint le
n-a chómhachtaibh chómh h-árd, i dtreó ná déanfadh do
nádúr féin a chur fhiachaint ort sleamhnú síos chun
neithe saoghalta.



Óir ní h-as do chuid machtnaimh féin 'ná as do
shaothar féin a thagann an dúil sin chúghat. Tré ghrásta
Dé a thagann a leithéid ag triall ort, nuair fhéachann
Dia anuas ort le truagh agus le taise, ionus go
raghthá ar aghaidh i n-úmhluigheacht agus i bhfíoraontacht,
agus gur bh'fhearr-de a dhéanfá thú féin d'ollmhú dos
na cathanaibh atá rómhat, agus tú féin a dhlúthú liom-sa,
agus do thoil a chur le m' thoil ó chroídhe go h-iomlán.



2. Féach, a mhic; is minic a bhíonn an teine dearg go
maith agus fós ná h-eirigheann an lasair gan deatach.



Ar an gcuma gcéadna, tá daoine ann agus bíonn a
gcroídhe ar lasadh le dúil i neithibh spioradálta, ach ní
fhágann san saor ar fad iad ó ainmhiantaibh na colna.



Uime sin ní h-i n-onóir do Dhia ar fad a dheinid
siad na neithe a bhíonn acu 'á iarraidh air chómh dian.



Is minic gur b'shin mar a bhíonn an sgéal agat-sa,
leis; d'á dhéine a bhíonn rud agat d'á iarraidh ar Dhia,
nách i n-onóir do Dhia ar fad a bhíonn tú 'ghá iarraidh.



Ní féidir a rádh go bhfuil intinn ar son Dé, go fíor
ghlan, má tá cuid de'n intinn ar mhaithe le duine féin.



3. Ní h-é an rud a thaithneann leat féin agus atá
tairbheach duit féin is ceart duit a dh'iarraidh, ach an
rud a thaithneann liom-sa agus a thabharfaidh onóir
dom. Breithnigh an sgéal i gceart agus chífir go bhfuil
sé ceart agat m' órdú-sa do chur roime gach mian leat
féin, agus tosach a thabhairt dó.


L. 200


Is eól dómh-sa do mhian. Airighim t' osnadh go
minic. Ba mhaith leat bheith anois saor sábhálta i
nglóire clainne Dé. Tá do dhúil anois i bpálás
síoruidhe na bhflathas agus san aoibhneas atá ann.
Ach níor tháinig an t-am san fós. Am nách é sin atá
fós ann; am cogaidh; am cruadh oibre; am trialach.



Ba mhaith leat go líonfaí thú leis an Árd Mhaith. Ní'l
san ar do chumas fós.



Is Mise an t-Árd Mhaith. Bí ag súil liom go
dtagaidh rígheacht Dé.



4. Ní mór tú thriail tuille ar an dtalamh so, agus
tú chur tré mhórán eile oibre.



Tabharfar roinnt sóláis duit uaireanta, ach ní'l
do sháith sóláis le fagháil agat.



Glac misneach, d'á bhrígh sin, agus bí cródha i
ndéanamh agus i bhfulang neithe atá bun os cionn leis
an saghas a thaithnfeadh leat.



Ní mór duit an nuadhuine do chur umat, agus duine
eile dhéanamh díot féin.



Ní mór duit, go minic, an rud ná taithneann leat
do dhéanamh, agus an rud a thaithneann leat a dh'fhágaint
ad' dhiaigh.



An rud a thaithneann le cách raghaidh sé chun cinn, agus
an rud a thaithneann leat-sa ní curfar chun cinn é.



An rud a déarfaidh cách éistfear leis; an rud a
déarfair-se ní curfar suim ann.



Loirgfidh cách rud, agus gheóbhaidh sé é. Loirgfir-se
rud, agus ní bhfaighir é.



5. Beidh cách mór i mbéalaibh daoine. Ní bheidh
t'ainim-se i mbéal aoinne.



Gheóbhaidh cách so agus súd le déanamh. Ní measfar
gur fiú thusa aon rud a thabhairt le déanamh duit.



Cuirfid neithe de'n tsórd san gruaim ort uaireanta,


L. 201


agus déanfair gníomh mór maith má fhuilingeann tú
iad gan labhairt.



Le neithibh de'n tsórd san iseadh is gnáth seirbhíseach
an Tighearna do thriail, féachaint cad é an fhaid a
dh'fhéadfadh sé dul ar é féin do shéanadh agus do
bhriseadh ins gach nídh.



Is beag má 'tá aon nídh eile 'n-ar gádh dhuit do thoil
féin do bhású oiread agus is gádh dhuit é dhéanamh nuair
a chífir rudaí d'á ndéanamh i gcoinnibh do thoile, agus
go gcaithfir cur suas leó; go mór mór má órduigh-
thear duit rud a dhéanamh ná fuil, dar leat, aon chiall
leis ná aon tairbhe ann.



Agus ó's rud é go bhfuilir fé smacht, agus ná
leómhfá cur i n-aghaidh an úghdaráis atá os do chionn,
mothuigheann tú gur cruaidh an rud bheith ag gluaiseacht
fé shíneadh méire duine eile ar fad, gan do thoil féin
a leanmhaint i n-aon chor.



6. Ach meáigh, a mhic, toradh an chruadhtain sin; a
ghiorracht go mbeidh deire leis; agus an tuarastal
mór atá le fagháil as. Cuimhnigh air sin, agus i n-inead
seirbhthin do chur ort is amhlaidh a chuirfidh sé áthas mór
ort agus sólás, sólás na foidhne.



Óir, mar dhíoluigheacht as an dtoil mbeag san atá
agat d'á leigint uait anois, beidh do lán toil féin
agat ar ball, i gcaitheamh na síoruidheachta, ar neamh.



Ar neamh iseadh gheóbhair do thoil féin ins gach uile
nídh. Ar neamh iseadh gheóbhair do mhian ar gach aon
tsaghas cuma 'n-ar féidir duit dúil a chur i rud.



Ar neamh a bheidh seilbh gach maitheasa agat, agus ní
gádh dhuit aon eagla bheith ort go n-imtheóchaidh sé uait
choídhche.



Beidh, ar neamh, tusa agus Mise ar aon toil amháin.
Ní bheidh mian lasmuich dhíom agat, ná mian fé leith.


L. 202


Ní bheidh aoinne ag cur ad' choinnnbh ansúd, ná aoinne
ag gearán ort, ná aoinne ag cur cosg leat, ná aoinne
ag sárú ort. Gach nídh a dh'iarrfair beidh sé agat, agus
beidh gach mian leat lán tsásta, gan easnamh ar bith.



Tabharfad-sa dhuit ansúd glóire mar dhíoluigheacht
as an dtarcuisne dh'fhuilingeann tú anso, moladh mar
dhíoluigheacht as an ngruaim, agus, mar mhalairt ar an
inead íseal atá anso agat, cathaoir ríoga ansúd ar
feadh na síoruidheachta.



Ansúd a chífear toradh na h-úmhluigheachta, áthas i
ndiaigh cruadhtain na h-aithrighe, agus coróinn na glóire
do'n mhuintir a dh'fhuiling an smacht go toiltheanach.



7. D'á bhrígh sin crom do cheann anois fé láimh gach
aoinne, agus ná bac cé a déarfaidh so, ná cé a
dh'órdóchaidh súd.



Ach tabhair aire mhaith do'n méid seo. Pé'cu duine os
do chionn, nó duine fé d'bhun, nó duine ar aon dul
leat, a dh'iarrfaidh rud ort, nó do thaisbeánfaidh duit
gur mian leis é, glac an sgéal go breagh réidh agus
an rud a h-iarrfar ort a dhéanamh, dein é go fonnamhar
agus go deagh chroídheach.



Loirgeadh duine so agus duine eile súd. Bíodh
duine ag maoidheamh as so agus duine eile ag maoidh-
eamh as súd, agus tugtar dóibh na mílte moladh. Ná
dein-se maoidheamh as so ná as súd, ámhthach, agus ná
cuireadh aon nídh áthas ort ach an rud a dhéanfaidh
úmhlú ort féin, agus do chuirfidh m' onóir-se agus
mo thoil chun cinn.



Sidé is ceart duit-se a dh'iarraidh, go dtabharfaí
glóire do Dhia de d' dhruim i gcómhnuidhe, pé'cu beatha
nó bás duit.


L. 203


CAIBIDIOL A CAOGAD.



CONUS MAR IS CEART DO'N DÍTHEACH É FÉIN
D'FHÁGÁILT FÉ DHIA.



1. A Thighearna Dia, a Athair ró naomhtha, moladh go
deó leat, mar tá gach nídh do réir do thoile naomhtha,
agus is maith gach nídh a dheineann Tú.



Gurab ionat-sa a gheóbhaidh do sheirbhíseach áthas!
Nár gheibhidh sé aon áthas ann féin ná i n-aoinne eile,
óir is Tusa amháin is fíor-áthas ann. Is Tusa mo
dhóchas-sa agus mo choróinn, mo gháirdeachas agus
m'onóir, a Thighearna Dia.



Cad 'tá agat' sheirbhíseach ach a' bhfuair sé uait-se,
agus gan aon teidiol aige chuige?



Is leat-sa an uile nídh, gach ar thugais agus gach ar
dheinis.



Is duine dealbh mise, agus táim ag fulang mo
chruadhtain ó m' óige. Uaireanta bíonn m' aigne
buartha agus mé ag sile na ndeór, agus uaireanta
bíonn m' aigne buartha inti féin mar gheall ar na droch
mhiantaibh a bhíonn ag cur uirthi ó'n uile thaobh.



2. Is é is fada liom go bhfaghad suaimhneas. An
suaimhneas atá agat' chlainn-se is é atá uaim, an chlann
a chothuigheann Tú le solus do shóláis.



Má thugann Tú dhom an suaimhneas san, má leig-
eann Tú an t-áthas naomhtha san isteach am' chroídhe,
beidh mo chroídhe at' mholadh go ceólmhar agus go
diadha.



Ach má tharraingeann Tú uaim Thú féin, mar is gnáth
leat a dhéanamh go h-ana mhinic, ní bheidh mé ábalta ar
ghluaiseacht ar aghaidh ad' aitheantaibh. Ní bheidh agam


L. 204


le déanamh ach mé féin do chaitheamh ar mo ghlúinibh agus
bheith ag bualadh m' uchta. Ní bheidh an sgéal agam mar
a bhí indé agus arú 'ndé, nuair a bhí do sholus ar lasadh
os cionn mo chinn agus nuair a bhíos fé sgáth do
sgiathán-sa, clúdaithe ós na cathanaibh a bhí ag brúghadh
isteach orm.



3. A Athair ró cheart, ró ionmholta, tá an t-am ann
chun do sheirbhísigh do thriail.



A Athair atá ró ghrádhmhar, is ceart do d'sheirbhíseach
rud éigin a dh'fhulang ar do shon an uair seo.



A Athair na glóire síoruidhe, tá tagaithe an t-am
so ab eól duit ó'n síoruidheacht a bheith ag teacht,
an t-am 'n-a gcaithfeadh do sheirbíseach claochlódh
dh'fulang, ar feadh aimsire, ó'n dtaobh amuich, agus é
beó i gcómhnuidhe, ámhthach, os do chómhair-se, laistigh;
an t-am 'n-a gcaithfí é tharcuisniú, agus é dh'úmhlú,
agus é leagadh ar lár os cómhair daoine, agus é chlaoidh
le teinneas agus le lagachar, i dtreó go bhféadfadh sé
eirighe airís, i n-aonfheacht leat-sa, i lóchaint an tsoluis
nua, agus go bhfaghadh sé an ghlóire ins na flathais.



A Athair ró naomhtha, sin mar atá órduighthe agat-sa,
siné do thoil naomhtha, agus an nídh a dh'órduighis is é
atá déanta.



4. Óir is fabhar uait-se do d' charaid leigint dó
trioblóid a dh'fhulang ar an saoghal so le grádh dhuit,
pé tráth 'n-a dtiocfaidh an trioblóid, nó pé duine ó
n-ar ceaduightheach leat an trioblóid do theacht.



Gan do thoil-se, ná gan chúis, ní thuiteann aon nídh
amach ar an saoghal so.



Is maith an bhail orm-sa, a Tighearna, gur úmhluighis
mé, ionus go bhfoghlumóchainn t' fhíoraontacht, agus go
gcuirfinn uaim gach mór-is-fiú agus gach eirighe-an-
áirde.


L. 205


Is maith an bhail orm gur cuireadh mo ghnúis ar
lasadh le náire, i dtreó nách ó dhaoine a bhead ag
brath ar shólás, ach uait-se.



Tá foghlumtha agam, leis, as an méid seo, conus
mar is cóir dom sgannradh bheith orm roime do bhreith-
eamhantas atá dothuisgthe, mar go gcuireann Tú pionós
ar an gciontach agus ar an neamhchiontach i n-aonfheacht,
agus san gan éagcóir ná aincheart a dhéanamh.



5. Bheirim a bhuidheachas leat nár fhágais mo dhroch
bhearta gan pianadh. Do ghabhais de shlataibh géara
orm. Chuiris pianta aigne agus chuirp orm. Ní'l
aoinne fé 'n spéir ar an dtalamh so chun sóláis a thabh-
airt dom anois ach Tusa, a Tighearna Dia, a Liaigh spior-
adálta na n-anam. Is Tú a bhuaileann agus do leigh-
seann, do bheireann síos go h-ifrean agus do thugann
ainíos airís. Tá do smacht os mo chionn agus is í do
shlat a dhéanfaidh mé theagasg.



6. Féach, a Athair a ghrádh, is ad' láim-se atáim.
Cromaim mé féin síos fé smacht do shlaite.



Buail mo dhrom agus mo mhuineál go luighidh an cam
atá ionam do réir do thoile naomhtha.



Dein seirbhíseach úmhal, cneasta dhíom, ó's Tú is maith
chun san a dhéanamh, i dtreó ná cuirfead cor díom
feasta ach do réir do thoile-se.



Fágaim fút, le smachtú, mé féin agus gach nídh is
liom. Is fearr an smacht anois 'ná an smacht ar ball.



Is eól duit-se gach uile nídh, agus gach nídh fé leith, i
gcoinsias an duine.



Is eól duit na neithe atá le teacht sar a dtagaid
siad, agus ní gádh dhuit go neósfadh aoinne dhuit, ná
go dtabharfadh aoinne foláramh duit, ar na neithibh a
thuiteann amach ar an saoghal so.



Is eól duit cad é mo leas-sa, agus an tairbhe atá


L. 206


i bhfulang péine chun meirge na bpeacaí do ghlanadh
de'n anam.



Imir do thoil orm. Siné atá uaim. Féach ar an
mbeatha pheacamhail atá caithte agam. Is eól duit-se
níos fearr 'ná mar is eól d'aoinne cad é an saghas
an bheatha san.



7. Tabhair dom, a Thighearna, eolus do chur ar an
rud ar ar cheart eolus a bheith ag duine, grádh thabhairt
do'n rud d'ár dual grádh, moladh thabhairt do'n rud
is fearr a thaithneann leat-sa, meas a bheith agam ar
an rud is luachmhar leat-sa; gráin a bheith agam ar an
nídh go bhfuil gráin agat-sa air.



Ná leig dom breithniú dhéanamh do réir radhairc súl
na colna, ná breitheamhantas do leagadh do réir éis-
teacht cluas daoine neamhthuisgionacha; ach neithe
sofheisgithe agus neithe spioradálta d'aithint ó chéile
le breitheamhantas do réir na fírinne; agus, thar gach
uile nídh, bheith coitchianta ag féachaint cad is fearr a
réidhfidh le d'thoil-se agus le t'intinn.



8. Téigheann breitheamhantas an duine amú go minic.
Agus ag dul amú a bhíd muintir an tsaoghail seo nuair
ná tugaid siad grádh ach do'n rud a thagann fé n-a súilibh.



Cad é an feabhas a chuireann sé ar dhuine daoine
bheith 'á rádh gur fear mór é?



Cuireann mealltóir mealltóir amú, agus cuireann
baoth baoth amú, agus cuireann caoch caoch amú, agus
cuireann lag lag amú nuair a bhíd siad ag moladh a
chéile go h-árd. Agus go deimhin is ag cáineadh a
chéile a bhíd siad nuair is dóich leo go mbíd siad ag
moladh a chéile.



Óir an méid a chíonn Tusa bheith i nduine siné díreach
an méid atá ann, agus ní'l a thuille, adeir Próin-
sias úmhal naomhtha.


L. 207


CAIBIDIOL A H-AON AGUS CAOGAD.



IS CEART DÚINN ÁR NDÍCHEALL A DHÉANAMH I
N-OIBREACHAIBH BEAGA, NUAIR NÁCH FÉIDIR
LINN LEANMHAINT AR NA H-OIBREACHAIBH
MÓRA DO DHÉANAMH.



1. An Tighearna.- A mhic, ní'l ar do chumas lean-
mhaint i gcómhnuidhe ag saothrú na fíoraontachta ar an
gcuma is déine, ná bheith ag déanamh dlúth-mhachtnaimh
ar an gcuma is aoirde. Ní foláir duit ar uairibh,
mar gheall ar an smól a dh'fhág peaca an t-sínsir ort,
tú féin d'ísliú, agus, bíodh gur i gcoinnibh do thoile é,
agus gur le tuirse é, ualach na beatha claoine seo
d'iomchar.



An fhaid a bheidh an cholann somharbhthach 'n-a h-ualach
ort, beidh tuirse ort agus troma-chroídhe.



An fhaid a bheir sa cholainn, d'á bhrígh sin, ní foláir
duit bheith go minic ag éagcaoine mar gheall ar an
ualach; toisg ná leigeann an t-ualach san duit bheith
do shíor ag machtnamh agus ag breithniú ar neithibh
spioradálta.



2. Is maith an rud duit, an uair sin, iompáil ar
ghnóthaíbh úmhla, corpartha, agus t' aigne shásamh le
deagh-ghníomharthaibh; feitheamh go foidhneach agus go
mainghíneach go dtagad-sa, agus m' anál spioradálta,
airís chúghat. An tart spioradálta atá ort, agus an
t-uaigneas, sa dúthaigh iasachta, d'fhulang go foidhneach,
chun go dtiocfad-sa chúghat agus go gcuirfead deire
leis an dtart agus leis an uaigneas.



Tabharfad-sa dhuit, an uair sin, gan a thuille cuimhne


L. 208


bheith agat ar na trioblóidíbh seo, ach suaimhneas breagh
bheith at' aigne agat.



Osgalóchad amach os cómhair do shúl talamh áluinn
na Sgríbhinne Diadha, i dtreó go dtosnóchair ar ghluais-
eacht fan slíghe m' aitheanta le mór chroídhe, agus go
ndéarfair: Ní fiú trioblóidí na h-aimsire seo iad a
chur i gcomórtas leis an nglóire atá le teacht, an
ghlóire do nochtfar ionainne.



CAIBIDIOL A DÓ AGUS CAOGAD.



IS CEART DO'N DUINE A THUISGINT I N'AIGNE
GUR PIONÓS ATÁ AG DUL DÓ AGUS NÁCH
SÓLÁS.



1. An Seirbhíseach.- A Thighearna, ní sólás, ná cuaird
spioradálta, atá tuillte agam-sa uait-se, agus d'á
bhrígh sin ní dheineann Tú éagcóir orm nuair fhágann
Tú mé dealbh, dólásach.



Dá silinn oiread uisge ó m' shúilibh agus do líonfadh
an fharaige, ní fhágfadh san gur bh'fhiú mé sólás fhagháil
uait.



Ní'l tuillte agam uait ach sgiúirse agus pionós, mar
is minic agus is trom a chuireas fearg ort, agus is 'mó
cuma 'n-ar dheineas peaca ad' choinnibh.



D'á bhrígh sin, do réir fírinne an chirt, ní fiú mé an
sólás is lúgha fhagháil uait.



Ach is Tú Dia na trócaire agus na daonachta, agus
ní h-áil leat an obair a dheinis do dhul ar neamhnídh.
Is áil leat saidhbhreas do mór-mhaitheasa do thaisbeáint
i ndéanamh do thrócaire. Agus is deónuightheach leat,


L. 209


gan aon bhlúire cirt agam chuige, sólás thar na beartaibh
a thabhairt do d'sheirbhíseach; óir ní h-ionann an sólás
a gheibhtear uait-se agus an sólás a gheibhtear ó
dhaoinibh.



2. Cad 'tá déanta agam duit, a Thighearna, chun a
rádh go dtabharfá sólás ó neamh dom?



Ní cuimhin liom gur dheineas aon nídh fóghanta.
Táim riamh claon do'n pheaca agus righin chun aithrighe.



Siní an fhírinne. Ní féidir liom í shéanadh. Dá
n-abrainn a mhalairt sin do sheasóchthá-sa féin am'
choinnibh, agus ní fhéadfadh aoinne mé chosaint.



Cad 'tá tuillte agam do m' peacaíbh ach ifrean agus
teine shíoruidhe?



Admhuighim le fírinne go bhfuil an uile tharcuisne
agus sgige tuillte agam, agus nách cuibhe dhom seasamh
idir bheirt fhíoraon. Is deacair dom an chaint sin do
rádh, ach tá an fhírinne inti, agus is mian liom mé féin
do dhaoradh am' peacaíbh, ionus gur bh'fhusaide a
dh'fhéadfainn do thrócaire dh'fhagháil uait-se.



3. Cad 'tá le rádh agam? Táim ciontach, agus tá
náire orm. Ní bhfaighim ionam féin focal do rádh
ach so: Dheineas an peaca, a Thighearna; dein trócaire
orm; tabhair maitheamhnachas dom.



Sgaoil liom tamall beag, go ndeinead mo bhuairt
d'éagcaoine, sar a n-imthighead chun na h-áite atá
dorcha, clúdaithe le sgamall an bháis.



Cad é is mó atá agat le h-iarraidh ar an bpeacach
atá ciontach, mí-fhortiúnach, ach go n-úmhlóchadh sé é
féin agus go ndéanfadh sé aithrighe?



I ndólás croídhe fírinneach iseadh gheibhtear súil le
maitheamhnachas. Is é a thugann síothcháin Dé isteach sa
choinsias bhuartha. Is é thugann grásta Dé thar n-ais
chun duine, agus do dhíonann duine ar an bhfeirg, nuair


L. 210


a bhíonn sí ag teacht. Is é thugann chun a chéile, i bpóig
na síothchána, Dia agus an t-anam aithrigheach.



4. Ídhbirt thaithneamhach duit-se, a Thighearna, iseadh
dólás úmhal croídhe mar gheall ar pheacaíbh, ídhbirt is
taithneamhaighe go mór leat 'ná losgadh túise.



Agus is é an dólás croídhe, leis, an íle thaithneamhach
úd ba mhaith leat a cuirfí ar do chosaibh naomhtha: óir
níor iompuighis riamh ó'n gcroídhe a bhí úmhal, aithrigheach.



Sa dólás croídhe seo atá an cúl dín is fearr ó
fheirg an namhad. Is é an dólás croídhe seo do leigh-
seann agus do ghlanann gach créacht agus gach truailliú
de'n anam.



CAIBIDIOL A TRÍ AGUS CAOGAD.



NÍ TUGTAR GRÁSTA DÉ DO'N MHUINTIR GO
BHFUIL A NGREANN AR AN SAOGHAL SO.



1. An Tighearna.- A mhic, nídh ana luachmhar iseadh
mo ghrásta-sa. Ní fhuilingeann sé é mheasgadh ar
neithibh ná baineann leis, ná ar shólás shaoghalta.



Ní mór dhuit, d'á bhrígh sin, má's maith leat mo ghrásta-
sa do ghlacadh, na neithe a chuirfeadh 'n-a choinnibh do
chaitheamh uait.



Faigh áit aonair duit féin. Bíodh dúil agat sa
n-uaigneas. Ná loirg cómhrádh aon duine. Loirg
cómhrádh Dé i n-úrnuighthibh. Bíodh an aithrighe agat at'
aigne agus bíodh do choinsias glan.



Ná dein ach neamhníd de'n tsaoghal go léir, agus
tabhair tosach ar gach uile nídh do ghnó Dé do fhrioth-
álamh.


L. 211


Mar ní fhéadfair Mise do fhriothálamh agus do
ghreann a bheith san am gcéadna ar neithibh saoghalta.



Ní mór dhuit fanmhaint abhfad ód' cháirdibh agus ó
d'chómharsanaibh, agus t' aigne chimeád ó gach sólás
saoghalta.



Ar an gcuma san iseadh dh'iarrann an t-Aspol
Peadar ar na Críostaidhthibh iad féin a chimeád
ar nós deóraidhthe agus daoine iasachta ar an
saoghal so.



2. Ó, cad é an misneach a bheidh ar uair a bháis ag an
nduine ná fuil greim ar chroídhe air ag aon nídh ar an
saoghal so!



Ach ní'l an croídhe lag ábalta fós ar bheith sgurtha
glan, mar sin, ó'n uile nídh. Agus ní thuigeann an
duine colnaídhe saor-staid an duine spioradálta.



Má's mian leis, ámhthach, bheith 'n-a dhuine spioradálta
dáiríribh, ní mór dó druim lámha thabhairt leó go léir,
le n-a bhfuil 'n-a chómhgar chómh maith leis an muintir atá
abhfad uaidh. Agus is air féin is mó atá aige é féin
a chosaint.



Má gheibheann tú an lámh uachtair i gceart ort féin
gheóbhair an lámh uachtair ar gach aon rud gan puinn
trioblóide.



Siné an buadh i gceart, buachtaint ar dhuine féin.



Óir an duine atá fé smacht aige féin, i dtreó go
bhfuil a chlaonta fé smacht a thuisgiona, agus go bhfuil
a thuisgint úmhal dómh-sa ins gach uile nídh, tá buadh i
gceart ag an nduine sin air féin, agus tá an domhan
fé n-a chois.



3. Má's áil leat-sa eirighe chómh h-árd leis an nduine
sin, ní foláir duit tosnú fearamhail a dhéanamh. Ní
foláir an tuagh do chur ar an bpréimh, agus an phréamh
do ghearradh; gach báidh d'á bhfuil agat leat féin do


L. 212


chur as do chroídhe amach glan, mar aon le gach dúil d'á
bhfuil agat i n-aon tsaghas tairbhe saoghalta.



As an olc san, as an mbáidh míréasúnta a bhíonn ag
duine leis féin, iseadh dh'eirigheann, ar fad nách mór,
an nídh atá le smachtú ó phréimh ag duine. Nuair a
bheidh an t-olc san curtha fé chois i gceart, beidh síoth-
cháin agus suaimhneas mór ann gan a thuille ríghnis.



Ach ní dheineann daoine, lasmuich de bheagán, dícheall
ar an mbáidh sin atá acu leó féin do bhású ar fad, agus
ar dhul lasmuich dhíobh féin, agus d'á bhrígh sin fanaid
siad ceangailte ionta féin, agus ní fhéadaid siad aon
eirighe dhéanamh os a gcionn féin, i neithibh spioradálta.



Ach má's mian le duine siúbhal saor gan cheangal, i
n-aonfheacht liom-sa, ní mór dó gach droch bháidh, gach
báidh mí-riaghalta, do bhású agus gan greann ná grádh
príobháideach, claon, a bheith aige d'aon nídh cruthuighthe.



CAIBIDIOL A CEATHAIR AGUS CAOGAD.



NÁDÚR AN DUINE AGUS GRÁSTA DÉ, NÍ MAR
A CHÉILE A DH'OIBRIGHID SIAD.



1. A mhic, tabhair fé ndeara grásta Dé agus nádúr
an duine, agus conus a dh'oibrighid siad. Oibrighid
siad bun os cionn le n-a chéile ar fad. Agus bíodh
go bhfuil an dá oibriú chómh mór san bun os cionn le
n-a chéile, tá an deifrigheacht atá eatartha chómh caol san
nách féidir, ach do dhuine spioradálta agá bhfuil solus
spioradálta i n' aigne, an deifrigheacht do mhothú.



Is mian le gach aoinne an mhaith. Rud éigin fógh-
anta iseadh chuirid siad rómpa do lorg 'n-a gcaint


L. 213


agus 'n-a ngníomharthaibh. Ansan curtar daoine amú,
nuair ná tugtar dóibh ach riocht na maitheasa.



2. Tá nádúr an duine cealgach, agus meallann sé
a lán, agus imireann sé cleasaidheacht ortha, agus
feall. Agus ar mhaithe leis féin a dheineann sé gach
aon rud.



Tá grásta Dé díreach glan. Diúltuigheann sé do
gach nídh i bhfuirm uilc. Ní dheineann sé feall choídhche.
Ní dheineann sé aon nídh ar mhaithe leis féin, ach gach aon
nídh i n-onóir do Dhia amháin, mar is chun Dé atá a thriall
agus a shúil.



3. Ní h-áil le nádúr an duine pionós d'fhulang;
ná cur síos d'fhulang; ná go mbuadhfaí air a dh'fhulang;
ná smacht a dh'fhulang; ná srian a dh'fhulang go toil-
theanach.



Ach an t-é go mbíonn grásta Dé 'á stiúrú, is maith
leis an cholann do chlaoidh. Cuireann sé i gcoinnibh
ainmhian. Is maith leis bheith úmhal do dhuine eile.
Taithneann leis go mbuadhfaí air. Ní maith leis a thoil
féin do dhéanamh. Is maith leis bheith fé smacht, agus
ní maith leis duine eile bheith fé n-a smacht féin. Is
maith leis é féin a chimeád úmhal do Dhia i gcómhnuidhe,
ar gach aon tsaghas cuma. Agus is maith leis bheith 'ghá
úmhlú féin do gach aoinne, i n-onóir do Dhia.



4. An t-é do leanann a nádúr féin is ar mhaithe leis
féin a dheineann sé saothar. Nuair a bhíonn sé ag
féachaint i ndiaigh duine eile is ag féachaint an mór
a bheidh d'á bhárr aige a bhíonn sé.



Ach an t-é go mbíonn grásta Dé 'á stiúrú, is mó
aige tairbhe na poibilidheachta 'ná a thairbhe féin.



5. An t-é a leanann a nádúr féin, taithneann leis
onóir fhagháil agus uraim.



An t-é go mbíonn grásta Dé 'á stiúrú, is do Dhia is


L. 214


maith leis a tabharfaí an uile shaghas onóra agus an uile
shaghas glóire.



6. Ní maith le fear an nádúra tarcuisne dh'fhagháil,
ná droch mheas.



An t-é, ámhthach, go mbíonn grásta Dé 'á stiúrú,
bíonn átas air nuair gheibheann sé masla le fulang
i n-onóir d'ainim Íosa.



7. An fear atá do réir nádúra, is maith leis bheith
ar a shuaimhneas, gan a chorp do shuathadh.



An t-é, ámhthach, a bhíonn do réir ghrásta Dé, ní
féidir leis fanmhaint díomhaoin. Is maith leis bheith ag
obair i gcómhnuidhe.



8. An t-é atá do réir nádúra, taithneann rudaí
daora leis, agus rudaí breaghtha, agus is beag air rud
saor, nó rud garbh.



Ach an t-é atá do réir ghrásta Dé, is neithe gan órnáid
a thaithneann leis, neithe ísle. Ní bhíonn aon locht aige
ar rud garbh. Ní sgorn leis sean-éadach do chur
uime.



9. An t-é atá do réir nádúra, is chun an tsaoghail
seo a bhíonn sé ag féachaint. Cuireann saidhbhreas
saoghalta áthas air. Cuireann cailleamhaint an tsaidh-
bhris sin brón air. Cuireann focailín easonóra
fearg air.



An t-é atá do réir ghrásta Dé, is chun na síoruidh-
eachta a bhíonn sé ag féachaint. Ní bhíonn aon bheann aige
ar neithibh saoghalta. Ní chuireann cailleamhaint saidh-
bhris buairt air. Ní chuireann focal droch chainte
lasadh feirge air. Tá a chuid saidhbhris go léir, agus a
chuid adhbhair áthais, thuas ins na flathais aige, san áit
nách baoghal go gcaillfear iad.



10. An t-é atá do réir nádúra bíonn sé sanntach.
Is fearr leis rud fhagháil 'ná rud a thabhairt uaidh. Is


L. 215


maith leis a chuid féin a bheith aige a gan fhios do'n
tsaoghal.



Ach an t-é atá do réir ghrásta Dé bíonn sé deagh-
chroídheach, fial. Ní bhíonn sé leithliseach. Sásuigheann
beagán é. Tuigeann sé gur fearr bronnadh 'ná
glacadh.



11. An t-é atá do réir nádúra bíonn a ghreann ar
neithibh cruthuighthe; ar a cholainn féin; ar bhaois; ar aer
an tsaoghail.



Ach an t-é atá do réir ghrásta Dé bíonn a ghreann
ar Dhia agus ar na sobhailcíbh. Seachnann sé neithe
cruthuighthe. Tugann sé cúl leis an saoghal. Bíonn
gráin aige ar ainmhiantaibh na colna. Seachnann sé
fánaigheacht. Is nár leis bheith 'ghá thaisbeáint féin os
cómhair daoine.



12. An t-é atá do réir nádúra, is sólás mór leis
bheith os cómhair daoine. Cuireann an nídh sin áthas
croídhe air.



Ach an t-é atá do réir ghrásta Dé, is é Dia a shólás
go léir. Is mó an t-áthas croídhe a gheibheann sé i nDia
féin 'ná ins gach nídh d'ár chruthuigh Dia.



13. An t-é atá do réir nádúra, is chun a thairbhe féin
agus chun fagháltais dó féin a dheineann sé gach aon
rud. Ní féidir leis aon nídh a dhéanamh i n-aisge.
Bíonn sé ag brath ar chothrom an ruda a dheineann sé
d'fhagháil thar n-ais, nó breis agus a chothrom, nó moladh,
nó fabhar éigin. Agus bíonn airc air chun go ndéan-
faí suim ana mhór d'á ghníomharthaibh agus d'á thabharth-
aistíbh.



Ach an t-é atá do réir ghrásta Dé, ní loirgeann sé
aon nídh saoghalta. Ní iarrann sé de luacht saothair
ná de thuarastal as a dheagh-oibreacha ach Dia féin.
Ní'l de lorg aige ar neithibh saoghalta ach sa mhéid gur


L. 216


tairbheach nó gur riachtanach iad chun na neithe síoruidhe
do shroisint.



14. An t-é atá do réir nádúra, is maith leis mórán
daoine muinteartha bheith aige. Bíonn sé ag maoidh-
eamh as uaisleacht a chine agus a shinsir. Bíonn sé
gealgháiriteach le daoine móra; plámásach le daoine
saidhbhre. Molann sé a shaghas féin daoine.



Ach an t-é atá do réir ghrásta Dé, ní bhíonn móráil
air mar gheall ar líonmhaire a charad. Tugann sé
grádh d'á namhaid, leis. Ní dheineann sé maoidheamh as
uaisleacht a chine ná a shinsir, mura rud é gur mhó a
bhfíoraontacht 'ná a n-uaisleacht. Is fearr leis bheith
gealgháiriteach leis an nduine mbocht 'ná leis an nduine
saidhbhir. Is fearr leis bheith báidheamhail le duine
macánta 'ná le duine cómhachtach; le lucht fírinne is
maith leis bheith go mór, agus ní le lucht fill. Bíonn sé
i gcómhnuidhe ag spriocadh na bhfíoraon chun bheith níos
fíoraonta agus chun bheith cosmhail le Mac Dé ins na
sobhailcíbh.



15. An t-é atá do réir nádúra an duine, bíonn sé
ag ceisneamh chómh luath agus thagann easnamh nó triob-
lóid air.



An t-é bhíonn do réir ghrásta Dé, fuilingeann sé
bochtaineacht gan chorbhuais.



16. An t-é atá do réir nádúra, iompuigheann sé gach
aon rud chuige féin; ar a shon féin a dheineann sé im-
reas agus aragóint.



Ach an t-é atá do réir ghrásta Dé, iompuigheann sé
gach aon rud chun Dé, mar gur ó Dhia do tháinig gach aon
rud ar dtúis. Ní h-air féin a bhíonn buidheachas aon
mhaitheasa aige, ná ní bhíonn mór-is-fiú air. Ní dhein-
eann sé aighneas, ná ní chuireann sé a bhreitheamhantas
féin roim bhreitheamhantas daoine eile. Ach ins gach


L. 217


brígh agus ins gach tuisgint fágann sé é féin fé shúil
agus fé bhreith Dé.



17. An t-é atá do réir nádúra, is maith leis fios
gach rúin a bheith aige; gach sgéal nua d'aireachtaint;
bheith i radharc na ndaoine; bheith ag féachaint ar gach
aon rud agus ag éisteacht le gach aon rud. Is maith
leis aithne bheith air, agus rudaí dhéanamh ar chuma a
chuirfeadh daoine 'ghá mholadh agus ag déanamh iongnadh
dhé.



Ach an t-é atá do réir ghrásta Dé, ní bhíonn aon
bheann aige ar sgéalta nua ná ar iongnaíbh saoghail.
Tuigeann sé ná fuil ansan go léir ach toradh ár seana-
nádúra atá claon, agus ná fuil aon nídh nua ná buan
ar an dtalamh so. Tuigeann sé gur ceart do'n duine
srian a chimeád le n-a shúil agus le n-a theangain, agus
le gach dúil d'á bhfuil aige; gur ceart dó sgléip agus
mór-is-fiú do chur uaidh; má dheineann sé rud a
thuillfidh moladh, nó go ndéanfar iongnadh dhé, gur
ceart dó é chimeád i bhfolach fé úmhluigheacht; agus ins
gach sórd ealadhan toradh éigin tairbheach do lorg, go
mór mór, onóir agus glóire Dé. Ní h-áil leis bheith ag
craobhsgaoileadh air féin ná ar aon nídh is leis, ach is
áil leis buidheachas a ghabháil le Dia mar gheall ar a
thabharthaistíbh, ó's é Dia a thugann gach aon rud dúinn,
le grádh dhúinn.



18. Solus ó neamh iseadh grásta Dé. Tabharthas
fé leith ó Dhia iseadh é. Is é séala na bhfíoraon é.
Uraidheacht ar an mbeatha shíoruidhe iseadh é. Árduigh-
eann sé an duine ó ghrádh do neithibh saoghalta bheith
aige chun grádh bheith aige do neithibh síoruidhe. Dein-
eann sé duine spioradálta de'n duine chlaon.



Uime sin, d'á mhéid a deintear nádúr an duine do
chlaoidh agus do chur fé chois iseadh is líonmhaire do


L. 218


thagann grásta Dé isteach i gcroídhe an duine, agus
iseadh is mó a deintear, le teacht an ghrásta san,
i n-aghaidh an lae, an duine do sheóladh ar leas a anama
agus é chur i gcosamhlacht le Dia.



CAIBIDIOL A CÚIG AGUS CAOGAD.



TÁ NÁDÚR AN DUINE CLAON AGUS IS É
GRÁSTA DÉ AN LEIGHEAS.



1. An Seirbhíseach.- A Tighearna Dia, do chruthuighis
mise chun do cosamhlachta agus chun t'íomháighe féin.
Tabhair dom an grásta so a deirir, atá chómh mór,
agus atá chómh riachtanach chun mo shlánuighthe; ionus
go bhféadfainn an lámh uachtair fhagháil ar an ndroch
nádúr so atá am' tharrang chun an pheaca agus chun
ifrinn.



Óir mothuighim am' cholainn dlíghe an pheaca, agus é
ag cur i gcoinnibh dlíghe m'aigne, agus am' tharrang
ar naisg chun géilleadh do'n pheaca ar a lán slighte.
Ní fhéadfad seasamh i n-aghaidh mo dhroch mhian mura
ndeinidh do ghrásta ró naomhtha-sa cabhrú liom istigh
am' chroídhe, ar lasadh.



2. Ní mór dhom do ghrásta-sa dh'fhagháil, agus é
dh'fhagháil go flúirseach, nó ní bhuadhfad ar an nádúr
so, atá claon riamh do'n olc, ó n-a óige. Óir do
dhein an chéad duine, Ádam, an peaca, agus do loit
an peaca san ár nádúr, agus do shrois an lot san an
chine daona go léir.



Tá gádh anois le d' ghrásta-sa i dtreó go gcuirfí an
nádúr a dheinis-se, agus a bhí go maith agus go fírin-


L. 219


neach, i n-inead an nádúra so do loiteadh, agus atá
claon do'n olc an fhaid a fágfar fé féin é.



Óir, an neart beag suarach a dh'fhan ann i ndiaigh an
loit, ní'l ann ach mar a bhéadh spré bheag theine fé luaith-
righ.



Is í ár gciall daona an spré bheag san, agus tá sí
múchta i ndoilbh cheó, bíodh go dtuigeann sí an deif-
righeacht atá idir olc agus maith, agus idir fhíor agus
bréag. Tuigeann sí an deifrigheacht, ach ní'l sé
d'acfuinn inti beart a dhéanamh do réir a tuisgiona,
toisg gan solus iomlán na fírinne bheith aici, ná cumas
ceart ar a mian féin.



3. Uime sin, a Thighearna Dia, iseadh do thaithneann
do dhlíghe-se le m' chroídhe, mar go bhfuil 'fhios agam
an rud a dh'órduigheann Tú do bheith chun maitheasa agus
chun cirt agus chun naomhthachta, agus go ndeir sé linn
staonadh ó'n olc agus ó'n bpeaca.



Ach deinim, sa cholainn seo, réir an pheaca, mar is
mó a ghéillim dos na claontaibh 'ná do m' chiall.



Uime sin, tugaim toil do'n mhaith tapaidh go leór,
agus ansan ní thagann liom an mhaith do dhéanamh.



D'á dhruim sin cuirim rómham mórán neithe fóghanta
dhéanamh, agus, toisg grásta bheith i n-easnamh orm
agus gan é ag cabhrú liom, is beag an rud a chuireann
cosg liom, agus tarraingim siar.



Siné fé ndeara dhom, bíodh go dtuigim slíghe na
fíoraontachta agus go bhfeicim go dian mhaith cad is
ceart dom a dhéanamh, go ngéillim do'n nádúr chlaon
so agus ná deinim an gníomh fóghanta.



4. Ó, nách mór atá do ghrásta i n-easnamh orm,
a Thighearna, chun aon nídh fóghanta do thosnú, agus
ansan chun leanmhaint air, agus ansan chun é chur chun
cinn!


L. 220


Gan do ghrásta ní féidir dom aon rud a dhéanamh.
Ionat-sa, agus le congnamh do ghrásta, is féidir dom
gach aon rud a dhéanamh.



Ó, is iongantach an rud grásta Dé! Gan é ní
féidir luacht saothair a thuilleamh. Gan é ní'l aon
tairbhe i n-aon deagh-thréith eile.



Gan grásta Dé, a Thighearna, is neamhnídh ad' láthair-
se ealadhna, is neamhnídh saidhbhreas, is neamhnídh áil-
neacht pearsan, is neamhníd neart, is neamhnídh éirim
aigne, is neamhnídh uaisleacht cainte.



Táid na tabharthaistí sin ag olc a's maith, do réir
nádúra. Ní'l grásta, 'sé sin grádh Dé, ach ag an
bhfíoraon. Is é séala na beatha síoruidhe é ar an
bhfíoraon.



Tá grásta Dé chómh fíor-uasal san gur suarach le
rádh, gan é, cómhacht chun mírbhuiltí dhéanamh, nó tar-
gaireachtaí, nó aon tsaghas eile árd tréithe d'á uais-
leacht.



Ní h-é sin féin, ach creideamh agus dóchas agus na
sobhailcí eile, ní taithneamhach iad' ad láthair-se gan
grádh agus grásta Dé.



5. Ó, a ghrásta Dé, is séanmhar an nídh thú! Tugann
Tú saidhbhreas na sobhailcí do'n duine atá bocht sa
spioraid; agus an t-é atá fíor-úmhal tugann Tú
tabharthaistí móra dhó.



Tar agus túirling orm-sa. Líon mé go luath de
d'shólás. Bain an tuirse de m' chroídhe agus an tart
de m' aigne, sar a dtraochaid siad mé.



Aithchim ort, a Thighearna, do ghrásta thabhairt dom.
Má fhaighim do ghrásta-sa ní beag dom é, bíodh ná tabh-
arfaí dhom aon nídh eile des na neithibh a thaithneann le
nádúr an duine.



Má thagann cathana agus mórán trioblóidí orm,


L. 221


ní bheidh eagla roimh aon droch nídh orm an fhaid a bheidh
do ghrásta-sa agam.



Tabharfaidh do ghrásta neart dom, agus cómhairle,
agus congnamh.



Is treise do ghrásta-sa 'ná mo namhaid go léir. Is
eagnaighe é 'ná lucht eagna an domhain go léir.



6. Múineann sé an fhírinne. Teagasgann sé riagh-
altacht. Tugann sé solus do'n chroídhe. Bogann sé
tuirse. Cuireann sé buairt chun siúbhail. Tógann
sé eagla de dhuine. Cothuigheann sé cráibhtheacht.
Tugann sé sólás le sile deór.



Cad 'tá ionam, gan grásta Dé, ach adhmad críon,
ach smala gan tairbhe, le caitheamh amach?



Bíodh do ghrásta, d'á bhrígh sin, a Tighearna, rómham
agus am' dhiaigh, am' chimeád i gcómhnuidhe tugtha do
dheagh-oibreachaibh, tré t' Aon-Mhac Íosa Críost.
Amen.



CAIBIDIOL A SÉ AGUS CAOGAD.



IS CEART DÚINN SINN FÉIN DO SHÉANADH,
AGUS AITHRIS A DHÉANAMH AR CHRÍOST TRÍD
AN GCROIS.



1. An Tighearna.- A mhic, an méid a dh'fhéadfair dul
amach asat féin iseadh fhéadfair teacht isteach ionam-
sa.



Bíonn suaimhneas aigne laistigh ag an t-é ná cuir-
eann a dhúil i n-aon rud atá lasmuich dhé. Ar an
gcuma gcéadna, an t-é do thréigeann é féin, laistigh
i n-a aigne, dlúithtear le Dia é.



Teastuigheann uaim go bhfoghlumóchthá conus tú


L. 222


féin do thréigean ar fad ar son mo thoile-se, gan
cur i gcoinnibh, gan cheisneamh.



Lean Mise. Is Mé an tslíghe; is Mé an fhírinne;
is Mé an bheatha. Gan an tslíghe ní féidir dul. Gan
an fhírinne ní fachtar eolus. Gan an bheatha ní bítear
beó.



Is Mise an tslíghe atá le gabháil agat. Is Mé an
fhírinne atá le creideamhaint agat. Is Mé an bheatha
le n-ar ceart duit súil a bheith agat.



Is Mise an tslíghe ná sáróchthar. Is Mé an fhírinne
ná bréagnóchthar. Is Mé an bheatha ná críochnóchthar.



Is Mise an tslíghe atá fíor-dhíreach. Is Mé an
fhírinne atá os cionn gach fírinne. Is Mé an fhíor
bheatha, an bheatha shéanmhar, an bheatha shíoruidhe.



Má fhanann tú ar mo shlíghe-se gheóbhair eolus ar an
bhfírinne, agus déanfaidh an fhírinne thú dh'fhuasgailt,
agus tiocfair chun na beatha síoruidhe.



2. Má's maith leat teacht isteach chun na beatha,
cimeád na h-aitheanta.



Má's maith leat eolus ar an bhfírinne bheith agat,
creid Mise.



Má's maith leat bheith at' fhíoraon i gceart, díol a
bhfuil agat.



Má's maith leat bheith ad' dheisgiobul agam-sa, tréig
thú féin.



Má's maith leat beatha an aoibhnis a bheith agat, ná
bíodh beann agat ar an mbeatha so.



Má's maith leat bheith go h-árd ar neamh, úmhluigh thú
féin ar an saoghal so.



Má's maith leat bheith i rígheacht na bhflathas am' fhochair-
se, iomchair an chros mar aon liom.



Óir ní bhfaghann aoinne eolus ar shlíghe an aoibhnis
agus an tsoluis, ach seirbhísigh na croise.


L. 223


An Seirbhíseach.- A Tighearna Íosa, ó's cúmhang é do
shlíghe-se agus go bhfuil droch mheas ag an saoghal air,
tabhair dómh-sa go leanfad do shlíghe fé dhroch mheas an
tsaoghail, mar aon leat.



Óir ní'l an seirbhíseach níos mó 'ná a thighearna, ná
ní'l an deisgiobul níos aoirde 'ná a mhaighistir.



Go ndeinidh do sheirbhíseach taithighe de d' bheatha do
léigheadh, mar is ad' bheatha-sa atá mo shlánú, agus
fíor-bheannuightheacht, le fagháil.



Aon nídh a léighim, nó aon rud a chloisim, lasmuich de
d'bheatha-sa, ní thugann sé sólás ná sásamh aigne dhom.



4. An Tighearna.- A mhic, ó's eól duit na neithe
sin, agus gur léighis iad go léir, beidh an sgéal go maith
agat ach iad do chómhlíonadh.



An t-é go bhfuil m'aitheanta-sa aige agus do chim-
eádann iad, is é a thugann grádh dhom; agus tabhar-
fad-sa grádh dhó-san, agus taisbeánfad Mé féin dó,
agus cuirfead 'n-a shuidhe é am' aice féin i rígheacht
m'Athar.



5. An Seirbhíseach.- A Thighearna Íosa, go ndein-
tear mar atá ráidhte, geallta, agat, agus go dtagaidh
liom-sa san do thuilleamh.



Tá an chros glacaithe agam; tá sí glacaithe as do
láimh féin agam. Iomcharóchad í. Iomcharóchad go
bás í, fé mar atá curtha agat orm.



Cros iseadh, le fírinne, beatha an mhanaigh fhóghanta,
ach is cros í a sheólann go flathas Dé.



Tá tosnuighthe. Ní ceart tarrang siar feasta, ná
eirighe as an obair.



6. Téanaíg, a bhráithre! Téighmís ar aghaidh le cois a
chéile. Beidh Íosa i n-aonfheacht linn.



Ar son Íosa iseadh ghlacamair an chros so. Lean-
aimís di ar son Íosa.


L. 224


Tabharfaidh Sé gach aon chongnamh dúinn, mar is é ár
dtaoiseach é agus ár dtreóruidhe.



Féach; tá ár Rí rómhainn amach, agus troidfidh sé
ár namhaid dúinn.



Leanaimís é go fearamhail. Ná bíodh eagal ar
aoinne. Bímís ollamh ar bhás d'fhagháil sa chath. Ná
cuirimís san de mhasla ar ár nglóire go dteithfimís ó'n
gcrois.



CAIBIDIOL A SEACHT AGUS CAOGAD.



NÍ CEART DO DHUINE CEANN FÉ RÓ MHÓR A
BHEITH AIR MÁ RÁINÍGHEANN DÓ RUD ÉIGIN
AS AN SLÍGHE A DHÉANAMH.



1. An Tighearna.- A mhic, is mó agam-sa an fhoidhne
agus an úmhluigheacht nuair a bhíonn trioblóid ar
dhuine, 'ná mórán cráibhtheachta agus sóláis nuair a
bhíonn gach aon rud ar a thoil aige.



Cad is gádh dhuit bheith chómh mór tré n-a chéile mar
gheall ar fhocal bheag a dubhradh ad' choinnibh?



Dá mbéadh sé níba mhó, níor cheart duit leigint dó
buairt a dhéanamh duit.



Sgaoil thort é. Ní h-é an chéad fhocal é a dubhradh
ad' choinnibh, ná ní focal é ná dubhradh riamh roimis seo
ad' choinnibh, mar ní h-é an focal dheirineach é a
déarfar ad choinnibh, má mhaireann tú abhfad.



Is fear cródha go maith thú an fhaid ná tagann aon
nídh ad' choinnibh. Is cómhairleach maith thú, agus is maith
an sás misnigh a chur ar dhaoinibh eile thú le d' chaint.
Ach nuair a thagann an trioblóid chun do dhoruis féin
go h-obann, ní fhanann ciall ná misneach agat.


L. 225


Tabhair fé ndeara an laige a thagann ort nuair a
bhíonn neithe ag gabháil ad' choinnibh, agus gan ionta ach
neithe suaracha go fíor mhinic. Is ar mhaithe le t' anam,
ámhthach, a bhíonn san amhlaidh, nuair a thagaid neithe de'n
tsórd san crosta ort.



2. Ach cuir as do chroídhe é, chómh maith agus d'fhéad-
fair é, agus má ghoill sé ort ná leig dó thú threasgairt
ar fad, ná greim a chimeád ort abhfad.



Fuiling é, le foidhne, an chuid is lúgha dhé, mura féidir
leat é fhulang le h-áthas.



Bíodh ná taithneann sé leat, agus go mothuigheann
tú t' fhearg ag eirighe 'n-a choinnibh, cimeád an tsrian
leat féin, agus ná leig amach as do bhéal aon fhocal a
bhéadh 'n-a thrúig peaca do dhaoinibh laga.



Ní fada go raghaidh t'aigne chun suaimhnis. Ansan
tiocfaidh grásta Dé chúghat, agus beidh áthas ort i n-inead
an channcair.



Táim-se agat fós, adeir an Tighearna, agus táim
ollamh ar chabhrú leat níos mó 'ná mar ba ghnáth, ach
mainighin a bheith agat asam, agus glaodhach orm go
cráibhtheach.



Bí níos fadaradhnaíghe, agus cuir thú féin i dtreó
chun tuille dh'fhulang.



Ní'l gach aon rud caillte má 's minic trioblóid ort,
nó cath míchuíbhsach.



Ní Dia thú, ach duine. Ní h-aingeal tú, ach fuil agus
feóil.



Conus fhéadfá-sa leanmhaint ar aon staid amháin
fíoraontachta, rud nár fhéad na h-aingil a dhéanamh
ins na flathais, rud nár fhéad an chéad duine dhéanamh
i ngáirdín Parathais?



Is Mise thógann suas lucht dubróin, agus do shábhálann
iad; agus is Mé tharraingeann chun mo dhiachta féin


L. 226


an mhuintir a thuigeann agus d'admhuigheann a lagachar
féin.



4. An Seirbhíseach.- Ó, a Thighearna, moladh le
d' bhriathar. Is mísle le m' béal do bhriathar 'ná mil
'n-a criathar.



Cad a dhéanfainn i lár mo thrioblóidí móra, agus i
lár mo chruadhtain, mura mbéadh an neart a thugann
do bhriathra beannuighthe dhom?



Má's rud é go ruithfidh liom aoibhneas na bhflathas
do shroisint i ndeire bára, nách cuma cad iad na
trioblóidí a bheidh fuilingthe agam, ná cad é an cruadh-
tan a bheidh curtha dhíom agam?



Tabhair bás naomhtha dhom, agus saor-bhreitheamhantas
thall.



Cuimhnigh orm, a Dhia, agus stiúruigh mé sa tslíghe
chóir chun do rígheachta. Amen.



CAIBIDIOL A H-OCHT AGUS CAOGAD.



NÍ CHEART BHEITH AG INIÚCHADH AR NEITHIBH ATÁ
RÓ ÁRD, NÁ AR BHREITHEAMHANTAISÍBH
DIAMHARA DÉ.



1. A mhic, seachain argóint ar neithibh doimhne, agus
ar bhreithibh diamhara Dé: cad 'n-a thaobh go bhfágtar
duine ar a leithéid seo de chuma, agus go n-árduighthear
duine eile chómh h-árd; nó cad 'n-a thaobh go gcurtar
pionós chómh mór ar dhuine agus go dtugtar
tabharthaistí chómh mór do dhuine eile.



Táid na neithe sin os cionn tuisgiona aon duine.


L. 227


Ní'l ar chumas aon aigne duine breitheamhantas Dé do
mheas, ná do phléidh.



D'á bhrígh sin, nuair a chuirfidh an namhaid neithe de'n
tsórd san os do chómhair, nó nuair a chuirfid daoine
fiafraightheacha ceisteana de'n tsórd san chúghat,
tabhair-se focal an fháidh mar fhreagra ortha: Táir-se
ceart, a Thighearna, agus tá do bhreith cóir.



Agus airís: Táid breitheamhantaisí an Tighearna
fíor; fíortar iad ionta féin.



Eagla is ceart do dhuine bheith aige roimh mo bhreith-se
i n-inead bheith 'ghá sgrúdú, mar ní'l ar chumas aigne
an duine mo bhreith do thuisgint.



2. Agus ná bí ag fiafraighe agus ag diospóireacht i
dtaobh luacht saothair na naomh, féachaint cé acu is
beannuighthe 'ná chéile, nó cé acu is aoirde atá ins na
flathais.



Tagann aighneas agus pléidh gan tairbhe go minic
a' neithe de'n tsórd san, agus cothuighid siad uabhar
agus mór-is-fiú. Ansan eirigheann formad agus achran;
duine, go ceann-árd, ag tabhairt na craoibhe do'n naomh
so, agus duine eile 'ghá tabhairt do'n naomh eile úd.



Ní h-aon tairbhe bheith ag taighde ar neithibh de'n
tsórd san. Ní baoghal go dtaithneann a leithéid leis
na naoimh. A mhalairt iseadh dheineann sé. Mar ní
Dia aighnis Mise, ach Dia síothchána. Agus ní h-i maoidh-
eamh a' duine féin a gheibhtear an tsíothcháin sin, ach i
bhfiór-úmhluigheacht.



3. Tá daoine ann agus bíonn greann sa mbreis acu
ar naomh seachas naomh eile, agus is mó an daonacht
'ná an diacht a bhíonn sa ghreann san.



Is Mise chruthuigh na naoimh go léir; is Mé thug
grásta Dé dhóibh; is mé thug glóire na bhflathas dóibh.



Tá fios deagh-ghníomhartha gach duine acu agam.


L. 228


Thugas mo bheannacht go milis dóibh ar dtúis sar ar
dheineadar féin aon mhaith. Bhí aithne agam-sa ó'n
síoruidheacht ar mo cháirdibh toghtha. Is Mise do thogh
iad as an saoghal, agus ní h-iad-san a thogh Mise ar
dtúis. Do ghlaodhas chúgham iad le m' ghrásta. Do
tharraingeas chúgham iad le m' thrócaire. Thugas liom
saor iad tré mhórán cathana.



Is Mé chuir an sólás iongantach isteach 'n-a gcroidh-
thibh. Is Mé thug seasamhacht dóibh. Is Mé thug buadh
do'n fhoidhne a dheineadar.



4. Is eól dómh-sa an duine tosaigh agus an duine
deirigh ortha. Tá grádh agam dóibh go léir, grádh nách
féidir a thuisgint.



Tá moladh ag dul dom de dhruim mo naomh go léir,
agus tá glóire agus onóir ag dul dom de dhruim
gach naoimh fé leith acu, mar do thugas an ghlóire agus
an mhórdhacht dóibh, agus do thoghas iad ó thosach, gan iad
féin do dhéanamh aon ruda chun an togha san do
thuilleamh.



D'á bhrígh sin, an t-é a thugann easonóir do'n naomh
is lúgha acu, ní thugann sé onóir do'n naomh is mó acu,
mar is Mise dhein naoimh díobh go léir, beag agus mór.



Agus an t-é a bhaineann ó onóir aon naoimh acu,
baineann sé ó m' onóir-se, agus ó onóir a bhfuil i
rígheacht na bhflathas.



Is aoinne amháin iad go léir fé cheangal grádha. Aon
aigne amháin atá acu agus aon toil amháin, agus aon
ghrádh amháin atá acu d'á chéile.



5. I n-a theannta san, rud atá níos doimhne go
mór, is mó a ngrádh dhómh-sa 'ná dóibh féin, agus 'ná
d'á luacht saothair.



Óir táid siad tógtha suas os a gcionn féin, agus
sgartha le n-a ngrádh féin, agus tagaithe isteach ar fad


L. 229


am' ghrádh-sa i dtreó go bhfuilid siad ar a suaimhneas
ann, agus a thoradh acu.



Ní féidir d'aon nídh iad d'iompáil uaidh ná iad
d'ísliú uaidh, toisg iad a bheith lán de'n fhírinne shíor-
uidhe agus ar lasadh le teine ghrádha Dé nách féidir a
mhúchadh.



Stadadh daoine claona, colnaighe, d'á bhrígh sin, de
bheith ag argóint i dtaobh conus mar atáid na naoimh.
Ní thuigid daoine de'n tsórd san cad a bhaineann le
h-aon ghrádh ach grádh do'n nídh a thaithneann leó féin.
Bíd siad ag baint ó rud nó ag cur leis do réir mar
a thaithneann sé leó féin nó ná taithneann, agus ní
chuimhnighid siad ar conus a thaithneann sé leis an
bhFírinne Shíoruidhe.



6. Tá a lán acu gan eolus, go mór mór an chuid
acu atá ar bheagán soluis spioradálta agus nách eól
dóibh, ach go h-anamh, grádh spioradálta thabhairt
d'aoinne i gceart.



Táid siad fós d'á dtarrang, chun an duine seo nó
chun an duine úd, le neart caradais daona, nó muin-
tearthais do réir nádúra, agus ó'n gcuma 'n-a bhfuil
an sgéal acu ar an saoghal so iseadh do leagaid siad
a mbreitheamhantas ar na neithib a bhaineann leis an
saoghal eile.



Ach tá deifrigheacht ana mhór idir an rud ar a macht-
nuigheann an duine claon agus na neithe ar a mbíonn
an fear a gheibheann solus spioradálta ag breithniú.



7. Seachain-se, d'á bhrígh sin, a mhic, agus ná bí ag
iniúchadh agus ag taighde ar neithibh atá os cionn an
eoluis atá agat. Bí ag cur 's ag cúiteamh féachaint
a' bhféadfá sleamhnú isteach i bhflathas Dé, dá mba
san áit is ísle ann é.



Agus féach; dá mbéadh 'fhios ag duine cé is naomhtha


L. 230


'ná chéile, nó cé is aoirde 'ná chéile, ins na flathais, cad
a bhéadh de bhárr an eoluis sin aige dá mba ná déanfadh
sé é féin d' úmhlú am' láthair-se agus moladh níb'
fhearr a thabhairt do m' ainim?



An t-é a dheineann machtnamh ar mhéid a pheacaí féin
agus ar luighead a mhaitheasaí, agus ar a fhaid amach
atá sé ó fhíoraontacht na naomh, deineann sé rud atá
níos taithneamhaighe go mór i láthair Dé 'ná an rud a
dheineann an t-é a bhíonn ag argóint ar cé h-é an naomh
is mó nó cé h-é an naomh is lúgha.



Is tairbhighe do dhuine úrnuighthe diadha deóracha
do rádh chun na naomh, agus a n-impidhe ghlórmhar a
dh'iarraidh go h-úmhal, 'ná bheith ag ceistiúchán agus ag
sgrúdúchán, go baoth, ar na neithibh diamhara a bhaineann
leó.



8. Táid na naoimh sásta go maith 'n-a n-aigne, dá
mbéadh na daoine sásta le h-iad féin a chimeád socair
agus staonadh ó n-a gcainteanaibh baotha.



Ní bhíd siad ag maoidheamh as a ndeagh-oibreacha féin,
toisg a fhios a bheith acu nách ortha féin is ceart a
mbuidheachas a bheith. Tugaid siad an buidheachas go
léir dómh-sa, toisg gur Mé thug dóibh an uile nídh tré
mhéid mo ghrádha shíoruidhe dhóibh.



Táid siad chómh lán san de ghrádh uathbhásach do Dhia,
agus chómh tuillte d'áthas mar gheall ar an ngrádh san,
nách féidir easnamh a bheith ar a nglóire ná ar
a n-aoibhneas.



Tá so fíor i dtaobh na naomh go léir. D'á aoirde iad
i nglóire iseadh is mó a n-úmhluigheacht, agus iseadh
is giorra dhómh-sa iad, agus iseadh is annsa liom
iad.



Uime sin iseadh atá an chaint seo sa Sgríbhinn, gur
chaitheadar uatha a gcoróinní os cómhair Dé, agus gur


L. 231


chaitheadar iad féin ar a n-aghaidh i láthair an Uain, agus
gur adhradar an t-É is beó le saoghal na saoghal.



9. Bíonn a lán 'ghá fhiafraighe cé is mó i bhflathas Dé
agus gan a fhios acu a' mbeidís féin ameasg na muin-
tire is lúgha ann.



Is mór an rud bheith ar an nduine is lúgha i bhflathas
Dé, mar a bhfuil gach aoinne mór, mar go nglaodhfar
clann Dé ortha go léir agus go mbeid siad 'n-a gclann
ag Dia.



Beidh an t-é is lúgha 'n-a mhíle duine, agus gheóbhaidh
peacach na gcéad mbliadhan bás.



Nuair fhiafraigh na deisgiobuil cé bhéadh ar an nduine
ba mhó i rígheacht na bhflathas, sidé an freagra a tugadh
ortha: Mura n-iompuighidh sibh agus bheith ar nós
leanbhaí beaga, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na
bhflathas. D'á bhrígh sin, pé duine a dh'úmhlóchaidh é féin
ar nós an leinbh sin, siné atá mór i rígheacht na
bhflathas.



10. Is mairg do'n mhuintir gur lag leó iad féin
d'úmhlú, uatha féin, mar aon leis an leanbh. Tá dorus
na bhflathas ró íseal, agus ní leigfidh sé isteach iad.



Is mairg do lucht an tsaidhbhris. Tá a gcuid sóláis
acu ar an saoghal so. Chífid siad na daoine bochta ag
dul isteach i bhflathas Dé, agus iad féin lasmuich agus
iad ag gol.



Bíodh áthas oraibh, a lucht na h-úmhluigheachta; bíodh
mórtais oraibh, a dhaoine bochta; mar is libh-se rígheacht
na bhflathas; 'sé sin, má shiúbhlann sibh do réir na
fírinne.


L. 232


CAIBIDIOL A NAOI AGUS CAOGAD.



NÍ FÓLÁIR DÚINN ÁR MAINIGHIN AGUS ÁR
NDÓCHAS AR FAD A BHEITH AS DIA AGAINN.



1. A Thighearna, cé air go bhfuil mo sheasamh agam
i gcaitheamh mo bheatha ar an saoghal so, nó cé air go
bhfuilim ag brath chun sóláis a dh'fhagháil, thar a bhfuil
le feisgint fé'n spéir?



Nách ort-sa, a Thighearna Dia, ó 'sé do thrócaire nách
féidir a dh'áireamh?



Cá raibh aon rath riamh orm gan Tú? Nó conus
fhéadfadh aon mhí-rath a bheith orm agus Tusa am' fhochair?
Is fearr liom bheith dealbh ar do shon-sa 'ná bheith saidhbhir
at' éaghmuis.



Ba rogha liom cómhnuidhe ar an saoghal so, agus
Tusa am' fhochair, 'ná seilbh na bhflathas a dh'fhagháil gan
Tú. An áit 'n-a bhfuilir-se, tá neamh ann. Bás agus
ifrean atá san áit ná fuilir-se ann.



Is Tusa mo mhian-sa. D'á bhrígh sin ní féidir liom
gan bheith ag éigheamh 's ag osnuíol ad' dhiaigh, agus ag
cur mo ghuidhe suas chúghat.



I n-aon fhocal amháin, ní féidir liom mo mhainighin a
chur go h-iomlán a h-aoinne, chun é theacht le cabhair
chúgham i n-am gátair, ach asat-sa amháin, mar is Tú mo
Thighearna Dia.



Is Tusa mo dhóchas. Is ort-sa atá mo sheasamh. Is
Tusa thugann sólás dom. Is Tú is dílse 'ná cách.



2. Loirgeann gach aoinne a thairbhe féin, ach loirgeann
Tusa tairbhe m' anama-sa, agus ní bhíonn uait ach go
ndéanfainn leas m' anama, agus iompuigheann Tú gach
nídh chun tairbhe dhom.


L. 233


Bíodh go leigeann Tú d'á lán cathana agus d'á lán
trioblóidí teacht orm, is ar mhaithe liom a dheineann
Tú é sin go léir, mar is gnáth leat t'fhíoraoin do thriail
ar mhíle cuma.



Agus is ceart grádh thabhairt duit agus Tú mholadh
mar gheall air sin, chómh maith díreach agus dá líontá
mé de shólás spioradálta.



3. Is Tú, d'á bhrígh sin, a Tighearna Dia, mo dhóchas
agus mo dhíon ar fad. Fágaim fút-sa pé trioblóid
agus pé cruadhtan atá agam le fulang, mar ní fheicim
aon nídh lasmuich dhíot-sa ach nídh atá lag, díombuan.



Ní h-aon mhaith do dhuine mórán carad a bheith aige,
agus ní h-aon chabhair dó fir láidire bheith i bpáirt leis,
ná fir chiallmhara bheith ag tabhairt cómhairle dhó, ná
leabhair mhóra na bhfáidh a bheith ag tabhairt sóláis dó, ná
mórán fagháltais a bheith 'ghá chimeád ó ghuais, ná é bheith
saor sábhálta i n-áit éigin sheasgair, shuairc, chaothamhail,
mura dtugair-se féin dó congnamh agus cabhair agus
neart agus sólás agus cómhairle agus díon.



4. Óir, na neithe sin go léir a meastar a bheith chun
suaimhnis agus chun áthais, gan Tusa is neamhnídh iad.
Ní chuirid siad áthas ceart i n-aon chor ar dhuine.



Is Tusa, d'á bhrigh sin, tobar gach maitheasa; agus is
Tú bárr na beatha; agus is Tú doimhneas gach urlabhra;
agus ní'l agat' sheirbhíseachaibh sólás is neartmhaire 'ná
a mainighin go léir do chur asat-sa, thar gach nídh eile.



Is leat-sa atá mo shúil-se, is asat-sa atá mo mhain-
ighin, a Dhia mhóir agus a Athair na trócaire.



Beannuigh agus naomhuigh m' anam le beannacht ó
neamh, ionus go mbeidh sé i n' áit naomhtha chun cómh-
nuighthe agat, agus 'n-a chathaoir do d' ghlóire shíoruidhe,
agus ionus ná feicfear, sa teampull so do dhiachta,
aon nídh ná taithnfidh le d'shúilibh ríoga.


L. 234


De mhéid do mhaitheasa agus de líonmhaire do thró-
caire féach anuas orm-sa, agus éist le guidhe do sheirbh-
ísigh bhoicht atá le fada ar seachrán, sa dúthaigh iasachta
so atá fé sgamall an bháis.



Díon agus cosain anam do sheirbhísigh shuaraigh ar na
crosaibh atá 'n-a thimcheall sa bheatha chlaon so. Cuir
do ghrásta go líonmhar am' thimcheall, agus seól mé, ar
shlíghe na síothchána, go h-árus na soillse síoruidhe.
Amen.


L. 235


AN CEATHRAMHADH LEABHAR



SACRAIMÍNT NA H-ALTÓRA.



GUTH CHRÍOST.



Sibh-se go léir atá fé bhruid agus fé ualach, tagaidh
chúgham-sa agus tabharfad fuasgailt oraibh, adeir an
Tighearna.



An t-Arán so a thabharfad-sa daoibh, is é mo chuid
feóla féin é, chun beatha an domhain.



Glacaidh agus ithidh. Is é mo chorp féin é seo, a
tabharfar ar bhúr son-sa. Deinidh an nídh seo i gcuimh-
neamh orm-sa.



An t-é a dh'itheann mo chuid feóla-sa agus d'ólann mo
chuid fola, cómhnuigheann sé ionam-sa agus cómhnuigh-
im-se ann.



Na focail atá ráidhte agam libh, is spioraid agus
is beatha iad.



CAIBIDIOL A H-AON.



IS CEART CRÍOST DO GHLACADH LE H-URAIM
ANA MHÓR.



GUTH AN DEISGIOBUIL.



1. Is iad do bhriathra-sa iad so, a Chríost, a Fhírinne
shíoruidhe, bíodh nách i n-aon am amháin a dubhradh iad,
agus nach i n-aon áit amháin a sgríobhadh síos iad.


L. 236


Ó's leat-sa iad, d'á bhrígh sin, agus ó's fíor iad,
ní foláir dómh-sa iad go léir do ghlacadh go buidheach,
agus le creideamh.



Is leat-sa iad, agus is Tusa do labhair iad. Is
liom-sa, leis, iad mar is chun mo shlánuighthe do labh-
rais iad.



Glacaim iad le fonn, ó d' bhéal-sa, ionus gur
dlútha-de a gheóbhaidh mo chroídhe greim ortha.



Spriocaid siad misneach ionam, toisg iad a bheith
chómh cneasta agus chómh lán de mhísleacht agus de
ghrádh dhúinn. Ach cuirid mo pheacaí sgannradh orm,
agus tarraingeann mo choinsias neamhghlan siar mé ó
ghlacadh na rún-diamhar ró mhór so.



Deir misleacht do chainte-se liom teacht, ach bíonn
ualach mo pheacaí am' brúghadh síos.



2. Deirir-se liom teacht go mainghíneach ag triall
ort agus biadh na beatha síoruidhe do ghlacadh, má's
maith liom bheith páirteach leat agus an ghlóire shíoruidhe
dh'fhagháil.



Tar chúgham, a deirir liom, aoinne atá fé bhruid agus
fé ualach, agus tabharfad-sa fuasgailt ort.



Is milis agus is grádhmhar an chaint í sin ag dul
i gcluais an pheacaigh, Tusa, a Tighearna Dia, ag tabhairt
cuire do'n anacróir bhocht chun do Chuirp ró naomhtha
do ghlacadh.



Ach cé h-é mise, a Thighearna, go ndéanfainn de dhán-
aidheacht teacht ag triall ort?



Féach, ní'l flathas na bhflathas ábalta ar Tú ghabháil;
agus deirir: Tagaidh go léir chúgham!



3. Cad é mar úmhlóid! Cad é mar ghrádhmhaireacht!
Cad é mar mhuintearthas!



Conus a leómhfad-sa teacht, agus nách eól dom aon
mhaith ionam as a ndéanfainn a leithéid de dhánaidheacht?


L. 237


Conus fhéadfad Tú thabhairt isteach am' thigh, agus a
mhinicíghe chuireas fearg ort?



Bíonn sgáth ar na h-aingealaibh agus ar na h-Árd-
aingealaibh rómhat; bíonn eagal ar na naoimh agus ar
na fíoraonaibh; agus deirir: Tagaidh go léir chúgham!



Mura mbéadh Tusa féin 'ghá rádh, a Thighearna, cé chreid-
feadh é bheith fíor?



Agus mura mbéadh Tú 'ghá órdú, cé a leómhfadh
teacht?



4. Féach; bhí Nóé, an fíoraon, céad bliadhan ag
obair, ag déanamh na h-airce, chun é féin agus beagán
daoine thabhairt saor; agus conus is féidir dómh-sa,
i n-aon uair a' chloig amháin, mé féin d'ollmhú chun
Cruthuightheóra an domhain do ghlacadh mar is cóir?



Dhein do sheirbhíseach mór, agus do chara ionmhuin,
Maois, airc duit d'adhmad ná dreófadh, agus do
chlúdaigh sé an airc sin leis an ór ba ghlaine, chun na
leac ar a raibh na h-aitheanta do chur i gcimeád inti;
agus déanfaidh mo leithéid-se d'anacróir lobhtha an
dánaidheacht san go nglacfad, chómh saoráideach, Úghdar
na n-aitheanta, an t-É thug bheatha dhúinn!



Féach Solomon, an t-é b'eagnaighe ar ríghthibh Isráeil,
chuir sé suas teampull áluinn uasal greanta, i
n-onóir do t' ainim, agus bhí sé mórán bliadhanta
ag déanamh na h-oibre.



Bhí sé seacht lá ag beannú an teampuill sin agus
'ghá thiomnadh do Dhia, agus i gcaitheamh na seachtmhaine
sin d'ídhbir sé míle ofráil síothchána, agus ansan thug
sé airc an chonartha, go solmanta, chun na h-áite a bhí
ollamh di, le ceól agus le fuaim trúmpaí agus le
gradam.



Agus mise, an t-anacróir, an t-é is suaraighe ameasg
daoine, conus a thabharfad Tusa isteach am' thigh, agus


L. 238


nách eól dom oiread agus aon leath-uair a' chloig amháin
do chaitheamh go démhóideach? Agus ba mhaith liom
go bhféadfainn a rádh gur chaitheas, riamh fós, oiread
agus aon leath-uair a' chloig amháin mar ba cheart!



5. Ó, a Dhia dhil, féach ar bheartuigheadar súd agus ar
dheineadar, chun Tú shásamh!



Mo chreach, nách suarach é a ndeinim-se! Nách gairid
an aimsir a chaithim am' ollmhú féin chun comaoine
ghlacadh. Is anamh mo smuínte cruinnighthe ar fad
agam. Is ró anamh mé saor ó'n uile shaghas mearbhaill.



Agus, gan amhras, i láthair do Dhiachta-sa, a Shlán-
uightheóir, níor cheart aon smuíneamh nách cuibhe, do
theacht chúgham, ná níor cheart aon nídh cruthuighthe bheith
am' aigne, mar ní h-aingeal atá agam le glacadh, ach
Rí na n-Aingeal.



6. Agus fós is mór an deifrigheacht atá idir airc
an chonartha, i dteannta a raibh istigh inti, agus do
Chorp ró naomhtha-sa nách féidir a mhaitheasaí do mheas;
idir na h-ídhbeartha do bhain leis an ndlíghe, ná raibh
ionta ach soluídí ar na neithibh a bhí le teacht, agus fíor-
ídhbirt do Chuirp-se, an ídhbirt a dhein cómhlíonadh ar
bhrígh na sean' ídhbirtí go léir.



Cad 'n-a thaobh, d'á bhrígh sin, ná fuilim níos mó ar
lasadh le grádh dhuit, agus mé ad' láthair?



Cad 'n-a thaobh ná deinim ollmhú níos fearr orm
féin chun do thabharthaistí beannuighthe do ghlacadh, agus
go bhfeicim conus mar a dhein na h-aithreacha naomhtha
úd, sa tsean' aimsir, agus na ríghthe, agus na fáidhe,
agus na daoine go léir, oiread cráibhtheachta do thais-
beáint, agus oiread grádha, sa chuma 'n-ar thugadar
onóir do Dhia?



Do rinne an rí ró chráibhtheach, Dáibhíd, go dian, os
cómhair airce Dé, agus é ag machtnamh ar na tabharth-


L. 239


aistíbh a bronnadh sa tsean' aimsir roimis sin ar na
h-aithreachaibh. Dhein sé mórán úirlisí éagsamhlacha
ceóil. Do chúm sé na Sailim agus thug sé dos na
daoine iad, agus chuir sé d'á gcanadh iad le gáirdeachas,
agus bhíodh sé féin 'ghá seinnt ar chruit go minic, fé
análadh an Spioraid Naoimh. Do mhúin sé do phobul
Isráél Dia do mholadh le lán chroídhe, agus glóire
thabhairt dó agus buidheachas a ghabháil leis gach lá, d'aon
ghuth béil.



Má bhí oiread san cráibhtheachta le feisgint an uair
sin, agus oiread san moladh d'á thabhairt do Dhia os
cómhair airce an chonartha, cad í an chráibhtheacht agus
an uraim is ceart dómh-sa agus dos na Críostaidhthibh
go léir a thaisbeáint anois i láthair na Sacraimínte,
agus le linn Chuirp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh
dhúinn!



9. Bíonn mórán daoine ag ruith chun a lán áiteana
go bhfeicfidís taise na naomh, agus bíonn iongnadh ortha
nuair a h-innstear gníomhartha na naomh dóibh. Chíd
siad na teampuill breaghtha mhóra do cuireadh suas
dos na naoimh chéadna, agus pógaid siad cnámha beann-
uighthe na naomh san, fillte i n-éadaighibh síoda agus i
n-ór.



Agus féach, taoi'nn Tusa anso agam-sa; am' láthair,
ar an altóir; agus is Tú mo Dhia. Is Tú Naomh na
naomh; Cruthuightheóir na ndaoine; Rí na n-aingeal!



Is minic gur le fiafaightheacht agus le dúil i n-iong-
naíbh a dh'fheisgint a théigheann daoine mar sin ó áit
go h-áit, agus ná deineann sé puinn tairbhe anama
dhóibh, go mór mór, nuair a bhíd siad ag suith gan
stuaim, agus gan aon chathú ortha mar gheall ar a
bpeacaíbh.



Anso, ámhthach, i Sacraimínt na h-Altórach, taoi'nn


L. 240


Tú féin ar fad i n-ár láthair againn. Agus is Tú ár
nDia. Agus is Tú an Duine, Íosa Críost. Agus
tugtar go flúirseach dúinn sochar na beatha síoruidhe
gach aon uair a ghlacaimíd Tú mar is cóir.



Agus ní fiafraightheacht ná dúil i n-iongnaíbh ná
aigne chlaon, a tharraingeann sinn chun Tusa ghlacadh
mar is cóir, ach creideamh láidir agus dóchas mór agus
grádh dílis duit.



10. Ó, a Dhia mhóir na glóire agus a Chruthuightheóir an
domhain, nách iongantach a dheineann Tú linn é! Nách
suairc agus nách soilbhir a dheineann Tú friothálamh ar
t'fhíoraonaibh nuair a thugann Tú Thú féin dóibh le
glacadh.



Siné a sháruigheann gach tuisgint. Siné a tharraing-
eann chúghat croidhthe na bhfíoraon, agus do lasann
a ngrádh dhuit.



Óir, dá mb' iad t'fhíoraoin féin iad, an mhuintir go
bhfuil a mbeatha ar fad riartha amach acu chun leasa a
n-anama dhéanamh, gheibhid siad go minic, sa naomh-
Shacramínt seo, breis mhór de ghrásta na cráibhtheachta
agus de ghrádh na fíoraontachta.



11. Ó, nách uathbhásach an grásta atá i bhfolach sa
tSacraimínt seo, agus ná tuigeann é ach fíoraoin
Chríost, agus go bhfuil sé os cionn cumais lucht
díthchreidimh, agus os cionn cumais na ndaoine a
thugann iad féin suas do'n pheaca, é mhothú i n-aon
chor!



Gheibhtear sa tSacraimínt seo grásta spioradálta;
leighistear an díobháil a dhein an peaca do'n anam;
agus tugtar thar n-ais an áilneacht a loiteadh leis an
bpeaca.



Uaireanta bíonn an grásta san chómh mór go dtagann,
tré shaidhbhreas na cráibhtheachta a thagann as, breis nirt


L. 241


agus breis misnigh, ní h-amháin i n-aigne an duine, ach
fós 'n-a cholainn agus 'n-a shláinte.



Ach is mór go léir an truagh a rádh go mbímíd chómh
patfhuar, chómh neamhshuimeamhail sin ná tagaimíd níos
fonnamhaire agus níos dúilmhaire chun an tSlánuightheóra
do ghlacadh, agus a fhios againn gur sa tSlánuightheóir
amháin atá dóchas agus luacht saothair na bhfíoraon.



Is É féin ár naomhuightheóir agus ár bhfuasgaltóir.
Is é sólás na ndeóruidhthe É. Is é sochar síoruidhe na
naomh É.



Is cúis bhróin, d'á bhrígh sin, agus is dúbhach an sgéal
é, oiread daoine bheith gan puinn suime sa rún-diamhar
so ár slánuighthe, agus gur b'é is adhbhar aoibhnis ins
na flathais, agus gur b'é is cosnamhuidhe do'n domhan
go léir.



Ó, nách dall é, nách cruaidh é, croídhe an duine, agus
a rádh ná curtar suim níos mó i dtabharthas chómh do-
labhartha! Ní h-é sin féin, ach go gcuireann taithighe
ar an dtabharthas fhiachaint ar dhaoine bheith neamhshuim-
eamhail 'n-a thaobh!



13. Dá mba ná béadh Sacraimínt Chuirp Críost le
fagháil ach i n-aon áit amháin sa domhan, agus dá mba ná
béadh ach aon tsagart amháin chun na h-Ídhbirte sin do
dhéanamh, cad é an ruith a bhéadh ar dhaoine chun na h-áite
sin, ag triall ar an sagart san, i dtreó go bhfeicfidís
an Naomh Ídhbirt sin d'á dhéanamh!



Ach anois tá mórán sagart le fagháil agus tá Críost
d'á ídhbirt i n-a lán áiteana, i dtreó gur mhó-de agus
gur bh' fhearr-de a tuigfí grásta Dé agus grádh Dé
do'n duine Corp Naomhtha an Tighearna bheith le fagháil
mar sin le glacadh, chómh foirleitheadamhail ar fuid an
domhain.



Moladh agus buidheachas leat-sa, a Íosa ró mhaith,


L. 242


a Aodhre shíoruidhe, a dheineann ár leithéidí-ne de dheór-
aidhthibh bochta dealbha do chothú le d'chuid fola agus
feóla ró uasal féin; agus a dheineann, 'n-a theannta
san, cuireadh thabhairt dúinn, le focal do bhéil féin, chun
teacht agus Tú ghlacadh, nuair a deirir: Sibh-se atá fé
bhruid agus fé ualach, tagaidh go léir chúgham-sa agus
tabharfad fuasgailt oraibh.



CAIBIDIOL A DÓ.



TAISBEÁNANN SACRAIMÍNT CHUIRP CRÍOST
MÓR-MHAITHEAS DÉ AGUS GRÁDH DÉ DO'N
DUINE.



GUTH AN DEISGIOBUIL.



Tugann do mhaitheas agus do mhór thrócaire misneach
dom, a Thighearna, agus táim ag teacht ag triall ort.
Is duine gan sláinte mé ag teacht ag triall ar an Slán-
uightheóir; duine ocarach, tartmhar, ag teacht chun Tobair
na beatha; duine bocht dealbh ag teacht ag triall ar
Rígh na bhflathas; seirbhíseach ag teacht ag triall ar mo
mhaighistir; duine do chruthuigh Dia ag teacht chun mo
Chruthuightheóra; duine gan sólás ag teacht ag triall ar
an t-É thabharfaidh sólás dom.



Ach cad é an t-éileamh atá agam-sa ort go dtiocfá
chúgham? Cé h-é mise go dtabharfá-sa Tú féin
dom?



Conus fhéadann mo leithéid de pheacach seasamh ad'
láthair? Agus conus a dheónuigheann Tusa teacht ag
triall ar mo leithéid de pheacach?


L. 243


Tá aithne agat-sa ar do sheirbhíseach. Is eól duit ná
fuil ann aon nídh fóghanta a thabharfadh éileamh dó ar an
dtabharthas so dh'fhagháil uait.



Admhuighim, d'á bhrígh sin, gur mór é do mhaitheas
agus gur b' olc atá sé tuillte agam-sa. Molaim do
cheannsacht agus bheirim buidheachas leat mar gheall ar
mhéid do ghrádha dhom.



Mar gheall ar do mhaitheas féin atá an nídh seo agat
'á dhéanamh, agus ní mar gheall ar aon mhaith atá ionam-
sa. Is áil leat go dtuigfinn níos fearr méid do
mhaitheasa; go raghadh do ghrádh i bhfeidhm orm níos
daingine; go múinfí an úmhluigheacht dom níos críoch-
nuighthe.



D'á bhrígh sin, ó's áil leat-sa an nídh seo, agus ó 'tá
órduighthe agat go ndéanfaí amhlaidh, is áil liom-sa,
leis, é bheith do réir do thoile naomhtha; agus go dtugaidh
Dia ná déanfaid mo pheacaí aon chosg!



2. Ó, a Íosa ró mhilis, ró mhaith, cad é mar atá uraim
agus buidheachas agus moladh go h-árd ag dul duit
uainn nuair a ghlacaimíd do Chorp Naomhtha ró
ghlórmhar ná fuil ar chumas aoinne de'n chine daona a
mhór-luacht a dh'innsint.



Ach cad air go machtnóchad sa Chomaoine seo, nuair
a bheidh mé ag teacht chun mo Thighearna? Ní fhéadfad
go deó an uraim cheart a thabhairt dó, agus fós is mian
liom É ghlacadh go cráibhtheach.



Cad é an rud is fearr ná is tairbhighe dhom chun macht-
naimh 'ná an chuma 'n-ar ceart dom mé féin d'úmhlú os
do chómhair, a Tighearna, agus do mhór-mhaitheas gan
teóra do mholadh.



Molaim Thú, a Tighearna! Glóire agus onóir duit
go deó! Úmhluighim mé féin agus cromaim os do
chómhair i bhfíor-dhoimhneas mo shuaraigheachta!


L. 244


3. Is Tusa Naomh na naomh, agus is mise dríodar
na bpeaeach.



Féach, cromann Tusa chúgham-sa, agus ní fiú mise go
bhféachfainn suas ort.



Féach, tagann Tusa chúgham-sa. Is áil leat bheith am'
fhochair. Agus tugann Tú euireadh dhom chun do chóis-
reach.



Is áil leat biadh na bhflathas a thabhairt dom; arán na
n-aingeal a thabhairt le n-ithe dhom; agus ní h-aon arán
eile é ach Tú féin, an t-arán beó a tháinig anuas ó
neamh, agus a thugann beatha do'n domhan.



4. Féach na neithe as a ngluaiseann do ghrádh chúgh-
ainn! Féach mar a chromann Tú chúghainn! Cad é mar
is ceart moladh agus buidheachas a ghabháil leat mar
gheall ar na neithibh seo!



Ó, nách tairbheach agus nách séanmhar an bheart a dheinis,
a Thighearna, nuair a chuiris an tSacraimínt seo ar
bun! Nách sóghamhail agus nách soilbhir an féasta
a thugais dúinn nuair a thugais Tú féin mar bhiadh
dhúinn!



Ó, nách iongantach an obair a dheineann Tú, a Thigh-
earna! Nách cómhachtach iad do ghníomhartha! Nách
dolabhartha í t'fhírinne!



Óir dubhraís an focal agus do deineadh gach uile nídh;
agus an nídh a dh'órduighis is é a deineadh.



Nídh uathbhásach iseadh é, agus is eóir é chreideamhaint,
agus nídh iseadh é do sháruigheann gach tuisgint daona,
go bhfuilir-se, a Tighearna Dia, at' fhíor Dhia agus at'
fhíor Dhuine, go h-iomlán, fé ghné bheag aráin agus fíona,
agus nuair a glactar Tú go n-ithtear Thú agus ná
h-ídíghthear Tú.



Taoi'nn Tú, a Thighearna, os cionn gach uile nídh.
Ní'leann Tú ag brath ar aoinne. Ach ba mhaith leat


L. 245


teacht, sa tSacraimínt seo, agus cómhnuidhe dhéanamh
ionainne.



Dein mo chroídhe-se agus mo cholann a chimeád fíor-
ghlan, i dtreó go bhféadfainn teacht go minic chun na
Naomh Ídhbirte seo agus an tSacraimínt seo do ghlacadh,
chun tairbhe m' anama agus i n-onóir duit-se féin, ó's
chuige sin a cheapais agus chuiris ar bun í.



6. Bíodh áthas ort, a anam so agam-sa, agus beir
buidheachas le Dia mar gheall ar an dtabharthas uasal
so, mar gheall ar an sólás éagsamhlach so, a fágadh agat
sa ghleann so na ndeór.



Óir, gach aon uair a dhéanfair an Ídhbirt seo, agus
a ghlaefair an Corp Naomhtha so Chríost, beidh obair do
shlánuighthe féin agat d'á dhéanamh, agus beidh páirt
agat i luacht saothair Chríost féin. Óir ní raghaidh
grádh Chríost dúinn i luighead choídhche, agus an mór-
shásamh a thug Sé do'n Athair Síoruidhe tar ár geeann
ní féidir ídiú dhéanamh air.



D'á bhrígh sin is ceart duit athnuachaint a dhéanamh ar
t' aigne i gcómhnuidhe chun tú féin do chur i dtreó
do'n Naomh Ídhbirt seo, agus ansan machtnamh go dlúth
ar an rún-diamhar atá inti.



Nuair a bhíonn tú ag rádh Aifrinn, nó ag éisteacht
Aifrinn, ba cheart duit a thuisgint at' aigne go bhfuil
an nídh sin chómh mór le rádh, chómh nua, chómh h-áluinn,
agus dá mba i láthair na h-uaire sin a thiocfadh Críost
anuas ó neamh agus do ghlacfadh Sé colann daona
i mbroinn na Maighdine, nó dá mba i láthair na h-uaire
sin a bhéadh Sé ag fulang na Páise, ar chrann na croise,
chun na cine daona do shaoradh.


L. 246


CAIBIDIOL A TRÍ.



RUD TAIRBHEACH ISEADH COMAOINE GHLACADH GO
MINIC.



GUTH AN DEISGIOBUIL.



1. Féach, táim-se ag teacht ag triall ort-sa, a Thigh-
earna, i dtreó go mbéadh rud agam de bhárr do thabh-
arthais, agus go mbéadh soilbhreas agam sa bhféasta
naomhtha so atá ollamh agat, de d' mhísleacht, a Thighearna
Dia, do'n bhochtán.



Féach, is ionat-sa atá an uile nídh is féidir dom a
dh'iarraidh, an uile nídh is ceart dom a dh'iarraidh. Is
Tú d'fhuasgail mé. Is Tú do shlánuigh mé. Is Tú mo
neart, m' órnáid, mo ghlóire.



Cuir áthas indiu ar chroídhe do sheirbhísigh, óir is
chúghat-sa, a Tighearna Íosa, atá m'intinn árduighthe
suas agam.



Is é mo dhúil anois Tú ghlacadh le cráibhtheacht agus
le h-uraim. Is mian liom Tú thabhairt isteach am' thigh,
i dtreó go mbéadh do bheannacht agam mar a bhí ag
Zachéus, agus go n-áirmheóchthaí mé ar chlainn
Ábrahaim.



Tá dúil ag m' intinn ad' Chorp Naomhtha. Is é mian
mo chroídhe bheith dlúithte leat.



2. Tabhair Tú féin dom agus beidh mé sásta. Óir,
lasmuich dhíot ní'l sólás le fagháil.



Ní féidir liom bheith ad' éaghmuis. Gan Tú theacht
ag triall orm ní féidir dom bheith beó.



D'á bhrígh sin ní mór dhom teacht chúghat go minic agus
Tú ghlacadh, ó's Tú sláinte mh' anama agus a neart; le


L. 247


h-eagla go dtuitfinn ar an slíghe dá gcimeádfaí uaim
an biadh beannuighthe seo.



Sin mar a dubhraís féin, uair, a Íosa ró thrócairigh,
nuair a bhís ag teagasg na ndaoine agus ag leigheas na
ngearán a bhí ortha: Ní maith liom iad do leigint chun
siubhail 'n-a dtrosgadh, le h-eagla go dtuitfidís ar an
slíghe.



Dein mar sin liom-sa, ó fhágais Tú féin sa
tSacraimínt mar shólás dos na Críostaidhthibh.



Óir is Tusa biadh suairc an anama; agus an t-é a
dh'itheann an biadh seo ar dheagh-staid, beidh sé páirt-
each, le ceart oighreachta, sa ghlóire shíoruidhe.



Bím-se chómh minic ag sleamhnú agus ag tuitnm sa
pheaca, agus tagann patfhuaire chómh tapaidh orm,
agus lagachar, go bhfuil gádh go cruaidh agam leis an
mbiadh seo. Ní mór dhom bheith ag guidhe chun Dé go
minic, agus ag déanamh m' fhaoisdine go minic, agus a
glacadh do Chuirp Naomhtha-sa go minic, chun mé féin
d'athnuachaint, agus do ghlanadh, agus do ghríosadh; le
h-eagla, dá bhfanainn ró fhada gan Tú ghlacadh, go
raghainn ar seacharán ó leas m' anama ar fad.



3. Óir tá nádúr an duine tugtha do'n olc ó n' óige,
agus mura gcimeádfar an leigheas beannuighthe leis
raghaidh sé i n-olcas go tiugh.



Cimeádann an Chomaoine Naomhtha an duine siar ó'n
olc, agus neartuigheann sé é chun maitheasa.



Óir, má bhím chómh minic neamhshuimeamhail agus pat-
fhuar anois, nuair a dheinim an Ídhbirt, nó nuair a
ghlacaim Comaoine, conus a bhéadh an sgéal agam dá
mba ná glacfainn an leigheas, dá mba ná h-iarfainn an
chabhair atá chómh cómhachtach?



Agus bíodh ná beinn oireamhnach gach aon lá, ná ollamh
i gceart chun na h-Ídhbirte dhéanamh, ní'l agam ach dícheall


L. 248


a dhéanamh, ar uairibh áirighthe, ar mé féin d'ollmhú, agus
ar Chorp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh, agus mo
chion a bheith agam des na grástaibh móra atá le fagháil
ann.



Óir sidé an t-aon tsólás mór amháin atá ag an
gCríostaidhe ar an saoghal so, an fhaid a chaithfidh sé
bheith ar deighilt uait-se, a Thighearna, sa cholainn seo
an bháis, cuimhneamh go minic ar Dhia, agus teacht agus
a Shlánuightheóir ghrádhach do ghlacadh le h-intinn chráibh-
theach.



Ó, nách iongantach mar a chromann do ghrádh-sa chúgh-
ainne, a Tighearna Dia! Is Tú do chruthuigh agus do
bheódhuigh na h-aingil go léir, agus is deónuightheach leat
teacht ag triall ar anam bhocht shuarach, agus do dhiacht
agus do dhaonacht a thabhairt i n-aonfheacht chun an ocrais
spioradálta do bhaint de'n anam san!



Molaim an aigne sin, molaim an t-anam san, a
fuair mar thabharthas ó Dhia Dia féin, Tusa féin, do
ghlacadh ar an gcuma san, agus lán an chroídhe de
shólás spioradálta dh'fhagháil mar aon leat.



Ó, nách uasal an Tighearna a ghlacann an t-anam
san! Nách grádhmhar an duine muinteartha a ghlacann
sé! Nách soilbhir an comrádaidhe a ghlacann sé! Nách
dílis an cara a ghlacann sé! Nách áluinn uasal an
céile a ghabhann sé chuige, áluinn agus uasal tar aoinne
eile beó, grádhmhar thar gach nídh d'ár thug duine grádh
dhó riamh fós.



Ad' láthair-se, a Íosa mhilis, a ghrádh mo chléibh agus
m' anama, bíodh neamh agus talamh ciúin, agus a bhfuil
d'órnáid ortha. Pé áilneacht ná órnáid atá ortha is
Tusa chuir ortha é, agus ní'l aon bhreith acu ar theacht
suas le glóire t' ainime féin, mar, le t'eagna ní'l aon
teóra.


L. 249


CAIBIDIOL A CEATHAIR.



BRONNTAR A LÁN TABHARTAISTÍ AR NA
DAOINE A GHLACANN COMAOINE GO
CRÁIBHTEACH.



GUTH AN DEISGIOBUIL.



1. Tosnuigh-se, a Thighearna Dia, ar mise do stiúrú
le d'mhísleacht bheannuighthe, ionus go bhfaighinn teacht
mar is cóir, go h-úmhal agus go cráibhtheach, chun do
Shacraimínt ró uasal.



Sprioc mo chroídhe chun grádha dhuit agus tóg díom
an mhairbhitíghe seo atá orm. Sgaoil chúgham do ghrásta
i dtreó go bhféadfad do shuairceas a bhlaiseadh, an
suairceas spioradálta atá i bhfolach sa tSacraimínt
seo go líonmhar, mar a bhéadh uisge i dtobar.



Tabhair tuille soluis dom' shúilibh i dtreó go bhfeic-
fead fírinne an rúin-diamhair iongantaigh seo, agus
neartuigh mo chreideamh i dtreó go nglacfad an
fhírinne sin.



Óir is Tusa féin a dhein an obair seo, agus ní cómh-
acht daoine. Ní daoine a cheap é, ach is Tusa chuir ar
bun é.



Mar ní'l aon duine ábalta, as neart a thuisgiona
féin, ar na neithe seo do bhreithniú i n' aigne agus do
thuisgint. Sáruighid na neithe seo guntacht inn-
tleachta na n-aingeal féin.



Cad é mar obair dómh-sa, mar sin, ná fuil ionam
ach peacach gan áird, ná fuil ionam ach cré agus luaith-
reach, bheith ag casadh le rún-diamhar chómh doimhinn,
chómh naomhtha, do bhreithniú agus do thuisgint?


L. 250


2. Táim ag teacht ag triall ort, a Tighearna, le
h-aondacht croídhe, le daingine creidimh, do réir
t'órdú féin, chun Tú ghlacadh le h-uraim; agus creidim
go diongbhálta go bhfuilir-se féin láithreach anso sa
tSacraimínt, ad' Dhia agus ad' dhuine.



Is é do thoil, d'á bhrígh sin, go nglacfainn Tú agus
go ndéanfainn mé féin a dhlúthú leat i ngrádh.



Iarraim trócaire ort, mar sin, agus iarraim ort
grásta fé leith a thabhairt dom chun go nglacfainn Thú
mar is cóir, chun go nglacfainn Tú le grádh chómh mór
san ná béadh am' chroídhe ar fad ach grádh dhuit-se, agus
ná h-iarrfainn choídhche airís aon bhlúire sóláis fhagháil
ó aon nídh eile.



Óir is é an Sacraimínt ró áluinn, ró uasal so a
thugann sláinte anama agus chuirp dúinn. Is é leigheas
gach galair spioradálta é. Leighseann sé mo dhroch
bhéasa. Cuireann sé srian le m' dhroch mhiantaibh.
Tugann sé buadh dhom i gcathaíbh an diabhail, nó maoluigh-
eann sé iad. Méaduigheann sé na grásta chúgham.
Cuireann sé breis ar aon mhaith a dheinim. Neartuigh-
eann sé mo chreideamh. Cothuigheann sé mo dhóchas.
Téidheann sé agus leathanuigheann sé mo ghrádh do Dhia.



3. Tá mórán mór tabharthaistí bronnta agat sa
tSacraimínt seo, ar do cháirdibh ionmhuine, a Thighearna
Dia, agus bíonn Tú 'á mbronnadh fós go líonmhar
ortha, le linn Comaoine ghlacadh go cráibhtheach dóibh.
Is Tú taca ár n-anama. Is Tú thugann neart do'n
duine lag. Is Tú amháin a thugann sólás fírinneach
do chroídhe an duine.



Tugann Tú sólás do'n duine i n-aghaidh na dtriob-
lóidí a bhíonn ag teacht air ó'n uile thaobh, agus nuair
a bhíonn sé traochta acu tugann Tú misneach dó, agus
árduigheann Tú suas a chroídhe, agus bíonn mainighin


L. 251


aige asat féin. Cuireann Tú grásta éigin nua agus
solus éigin nua isteach 'n-a chroídhe, i dtreó, an t-é a
bhíonn cráidhte ó'n saoghal, agus ná féadann cuimhneamh,
puinn i n-aon chor, ar Dhia, roimh Chomaoine ghlacadh dhó,
go mothuigheann sé, tar éis Comaoine ghlacadh dhó, an
chráidhteacht aigne imthighthe, agus é níos fearr ar gach
aon tsaghas cuma.



Deineann Tú mar sin, a Tighearna, le d' cháirdibh
fíoraonta, i dtreó go dtuigfidís go fírinneach, agus
go mothóchaidís go soiléir, cad é an t-easba nirt atá
ionta féin agus cad é an tairbhe dheineann do mhór-
mhaitheas-sa agus do ghrásta dhóibh.



Óir cé h-é an duine d'fhéadfadh teacht go h-úmhal go
tí Tobar an aoibhnis, agus gan roinnt bheag éigin
de'n aoibhneas do bhreith leis ó'n dTobar?



Nó cé fhéadfadh seasamh i n-aice teine móire agus
gan roinnt bheag éigin de theas na teine do ghlacadh?



Is tobar Thusa, a Tighearna, atá lán i gcómhnuidhe, agus
ag sgéidh amach d'á bhruach.



Is teine Thú atá ar lasadh do shíor, agus ná trághann
a teas choídhche.



4. Agus mura féidir dómh-sa tarrang a' lár an
tobair agus mo dhóithin a dh' ól, déanfad, an chuid is
lúgha dhé, mo bhéal do chur le béal an fheadáin naomhtha
so féachaint a' bhféadfainn braoinín a thabhairt liom as
do luigheadóchadh mo thart agus ná leigfeadh dom
tiormú ar fad.



Agus mura féidir dom fós an teine sin ghrádha
Dé bheith ar lasadh ionam mar atá sí ar lasadh i gCerubím
agus i Seraphím na bhflathas, déanfad dícheall ar bheith
cráibhtheach, diadha, agus ar mo chroídhe d'ollmhú i dtreó
go mbeidh ar mo chumas, nuair a ghlacfad an Corp
Naomhtha, é ghlacadh le h-úmhluigheacht, agus roinnt


L. 252


de theas na teine dh'fhagháil, bíodh ná béadh ann ach roinnt
bheag.



Agus chómh fada agus atá easnamh orm san obair sin,
a Íosa mhilis, a Shlánuightheóir naomtha, dein-se cabhrú
liom go fial agus go ceannsa, ó's Tú féin adeir linn
go léir teacht chúghat: Sibh go léir atá ag obair agus atá
fé ualach, tagaidh chúgham-sa agus tabharfad fuasgailt
oraibh.



5. Bím-se ag obair go cruaidh agus allus ar mo
ghruadhnaibh; bíonn mo chroídhe 'á shníomh le buairt
aigne; tá ualach peacaí orm; ní bhfaighim suaimhneas
ó chathaíbh an áirseóra; bíd mo dhroch mhianta am' chrádh
agus am' chiapadh; agus ní'l aoinne chun teacht le cabhair
chúgham, ná aoinne chun mé dh'fhuasgailt, ná aoinne chun
mé shábáil, ach amháin Tusa, a Tighearna Dia agus a
Shlánuightheóir. Caithim mé féin suas ort, a Thighearna,
agus iarraim ort mé chosaint ar mo namhdaibh go léir,
agus mé bhreith leat saor go dtí an bheatha shíoruidhe.



Glac chúghat mé chun onóra agus chun glóire t' ainime
féin, ó thugais dom mar bhiadh agus mar dheoch do Chorp
Naomhtha féin, do chuid fola agus feóla féin.



Tabhair dom, a Thighearna Dia agus a Shlánuightheóir,
mo chráibhtheacht agus mo ghrádh dhuit do dhul i méid
tré ghlacadh do Chuirp Naomhtha dhom go minic.


L. 253


CAIBIDIOL A CÚIG.



UAISLEACHT AN TSACRAIMÍNT SEO; AGUS
GAIRM BEATHA AN TSAGAIRT.



GUTH CHRÍOST.



1. Dá mbeitheá chómh glan le h-aingeal agus chómh
naomhtha le h-Eóin Baiste ní bheitheá maith do dhóithin
chun an Sacraimínt seo do ghlacadh, ná do láimhseáil.



Óir níor thuill aon duine riamh go bhfaghadh sé cois-
reacadh an Chuirp Naomhtha do dhéanamh, ná an Sacraimínt
do thógaint idir a dhá láimh, ná Arán na n-aingeal do
ghlacadh mar bhiadh.



Is doimhinn an rún-diamhar é agus is uasal, gairm
an tsagairt. Do tugadh dó nídh nár tugadh oos na
h-aingealaibh féin.



Óir ní'l ag aoinne eile, ach ag an sagart a ghlac
Órd Beannuighthe, cómhacht chun an Aifrinn do rádh,
agus coisreacadh an Chuirp Naomhtha do dhéanamh.



Seirbhíseach ag Dia iseadh an sagart gan amhras
Deineann sé úsáid de bhriathar Dé, fé mar a dh'órduigh
agus do cheap Dia féin. Ach is é Dia féin an t-úghdar
bunaidh agus an t-oibrightheóir ná feictear, go bhfuil
gach nídh ar a chumas, chun a thoile, agus gach nídh úmhal
d'á fhocal.



2. Is mó, d'á bhrígh sin, is ceart duit géilleadh do
mhór chómhacht Dé sa tSacraimínt ró uasal so, ná d'aon
nídh a mhothuigheann tú féin nó ná mothuigheann tú, agus
'ná d'aon chómhartha sofheicse.



Is ceart do dhuine, d'á bhrígh sin, eagla bheith air, agus


L. 254


uraim ana mhór a bheith 'n-a chroídhe, le linn é theacht chun
an Sacraimínt seo do ghlacadh, nó do láimhséail.



Féach chúghat féin, agus tuig cé dhó gur deineadh
seirbhíseach díot nuair a chuir lámh an Easboig san Órd
Beannuighthe thú.



Féach, do deineadh sagart díot agus do coisriceadh
thú chun na Naomh Ídhbirte do dhéanamh. Feictear anois
go ndéanfair an Naomh Ídhbirt, i n-am chóir, go
cráibhtheach agus go dúthrachtach, chun Dé, agus go
ndéanfair é ar shlíghe ná fágfaidh aon nídh le freag-
airt agat ann.



Ní h-amhlaidh a dh'éadtromuighis t'ualach. Is amhlaidh
atá an ceangal chun fíoraontachta níos daingine ort,
agus chun naomhthachta a bheidh níos mó agus níos aoirde.



Is ceart do shagart na sobhailcí go léir a bheith aige,
agus deagh-shampla thabhairt uaidh leis an gcuma 'n-a
gcaitheann sé a bheatha.



Ní le daoinibh saoghlaidhe ná leis an gcoitchiantacht
ba cheart dó bheith ag déanamh caidrimh agus cómhluadair,
ach leis na h-aingealaibh ins na flathais agus le Críos-
daidhthibh fóghanta ar talamh.



3. Is é fear inid Íosa Críost an sagart 'n-a chulaith
bheannuighthe, agus is é a ghnó bheith ag cur a ghuidhe suas
chun Dé, go h-úmhal agus go dúthrachtach, ar a shon féin
agus ar son na ndaoine go léir.



Tá ar a ucht agus ar a dhrom macshamhail croise an
Tighearna, chun Páise an tSlánuightheóra do chimeád
os cómhair a aigne.



Tá macshamhail na croise ar ucht na h-éide, roimis
amach, i dtreó go gcimeádfadh sé a shúil ar an slíghe a
ghaibh an Slánuightheóir, agus go ngeóbhadh sé féin an
tslíghe chéadna.



Tá macshamhail na croise ar dhrom na h-éide, las-


L. 255


tiar dé, i dtreó go bhfuilingeóchadh sé go foidhneach,
le grádh do Dhia, gach aon droch bheart a déanfaí
air.



Tá an chros lasmuich air, i dtreó go gcuimhneóchadh
sé ar a pheacaíbh féin, agus go ndéanfadh sé aithrighe
ionta. Tá sí lastiar dé i dtreó go mbéadh truagh aige
do pheacachaibh bochta eile, agus go mbéadh sé ag guidhe
Dé ortha, agus chun go dtuigfeadh sé go bhfuil sé ceap-
aithe, mar a déarfaí, chun eadarghabhála idir Dhia agus
an peacach, agus nách ceart dó stad de'n ghuidhe, ná
de bheith ag déanamh na Naomh Ídhbirte, go dtí go
bhfaighidh sé grásta agus trócaire.



Nuair a deir sagart an t-Aifrean tugann sé onóir
do Dhia, áthas dos na h-aingealaibh, deagh-shampla do'n
Eaglais, cabhair dos na Críostaidhthibh atá beó, agus
suaimhneas síoruidhe dos na mairbh, agus deineann sé
é féin páirteach ins gach sórd maitheasa.



CAIBIDIOL A SÉ.



FIAFRAIGHE I DTAOBH AN OLLMH ÚCHÁIN IS CEART
A DHÉANAMH CHUN COMAOINE.



GUTH AN DEISGIOBUIL.



1. Nuair a chuimhnighim, a Thighearna, ar do mhór-
mhaitheas-sa, agus ar m' olcas féin, crithim le h-eagla
agus tagann ceann-fé orm.



Má fhanaim siar uait fanfad siar ó'n mbeatha, agus
má ghlacaim Tú agus gan mé ollamh i gceart, cuirfead
fearg ort.


L. 256


Cad 'tá le déanamh agam, a Thighearna Dia, ó's Tú mo
cabhair i n-am gátair, agus mo Chómhairleach?



2. Múin-se dhom an tslíghe chóir. Taisbeáin dom
obair éigin le déanamh a dh'ollmhóchaidh mé mar is ceart
chun Comaoine.



Ní mór dhom a fhios a bheith agam conus is ceart dom
mo chroídhe do chur i dtreó, go cráibhtheach agus go
h-uramach, chun do Shacraimínt a ghlacadh ar chuma do
raghaidh chun sochair dom, nó chun Naomh Ídhbirt an
Aifrinn do dhéanamh mar is cóir.



CAIBIDIOL A SEACHT.



IS CEART DO DHUINE A CHOINSIAS DO SGRÚDADH,
AGUS BHEITH CEAPAITHE AR A BHEATHA DO
LEASÚ.



GUTH AN TSLÁNUIGHTHEÓRA.



1. Thar gach nídh, is ceart do shagart Dé teacht, le
fíor úmhluigheacht croídhe, agus le h-uraim uiríseal,
lán de chreideamh, agus ar intinn onóra thabhairt do
Dhia, chun an Aifrinn do rádh, nó chun Comaoine do
ghlacadh.



Dein-se, d'á bhrígh sin, do choinsias do sgrúdadh go
maith, agus, chómh fada le t'dhícheall, dein do choinsias
a ghlanadh agus do ghealadh le faoisdin úmhal agus le
croídhe-bhrúghadh dílis, i dtreó ná beidh, ar t' eolus
féin, aon nídh trom laistigh agat a chuirfeadh maoith-
neachas ort nó ná leigfeadh dhuit teacht go fonnamhar.



Bíodh fuath agat do d' pheacaíbh go léir i n-aonfheacht;


L. 257


agus bíodh dólás fé leith ort mar gheall ar na neithe
a dheineann tú as an slíghe i n-aghaidh an lae.



Má bhíonn uain agat air, admhuigh do Dhia, istigh
ad' chroídhe féin, méid do mhí-ádh mar gheall ar do
dhroch mhiantaibh.



2. Sprioc thú féin chun buartha agus chun dóláis mar
gheall ar thú bheith, fós, chómh mór greann ar an saoghal
so agus ar neithibh colnaidhe; chómh beag smacht ar do
dhroch mhiantaibh; chómh tugtha do dhroch dhúil, chómh beag
aireachas ort féin i dtaobh cad a chífeá nó cad d'aireóchthá
ad' thimcheall; tógtha suas chómh minic, ad' aigne, le
smuíntibh baotha; chómh mór suim i neithibh atá lasmuich
dhíot; chómh beag suim ins na neithibh a bhaineann le
t' aigne féin; chómh h-ollamh chun gáire dhéanamh agus
chun caitheamh aimsire dhéanamh; chómh deacair le tarrang
chun dóláis ná chun croídhe-bhrúghadh; chómh mear chun an
ruda dhéanamh a thaithneann le fuil a's le feóil; chómh
righin chun a mhalairt sin do dhéanamh; chómh mór dúil i
sgéal nua dh'aireachtaint, nó i neithibh breaghtha dh'feis-
gint; chómh beag dúil i neithibh a dh'úmhlóchadh thú; chómh
sanntach chun rud' a bheith agat; chómh léir 'ghá thabhairt
uait; chómh mór greim air; chómh beag breithniú sar a
ndeineann tú caint; chómh beag greim ar do chaint
nuair is ceart duit éisteacht; chómh mór as eagar ad'
bhéasaibh; chómh fuadarach ad' ghníomharthaibh; chómh
cíocrach chun bídh; chómh h-albhodhar do bhriathar Dé;
chómh h-ollamh chun suaimhnis; chómh righin chun oibre;
chómh h-aibidh chun éisteacht le sgéaltaibh; chómh codlatach
ag déanamh faire i seirbhís Dé; chómh mór dithneas chun
deire chur leis na paidreachaibh; chómh beag aireachas
chun gan dul amú ortha; chómh faillightheach ag léigheadh
na dtráth; chómh neamhshuimeamhail i gcaitheamh an
Aifrinn; chómh beag cráibhtheacht le linn Comaoine


L. 258


ghlacadh; chómh tapaidh ar fánaidheacht aigne; chómh
h-anamh cruinnighthe ar fad ad' aigne féin; chómh teas-
aidhe; chómh beag suim sa rud a chuirfeadh fearg ar
dhuine eile; chómh h-ollamh chun breith obann a thabhairt;
chómh dian ag smachtú; chómh mórálach nuair a bhíonn rud
ag eirighe leat; chómh lag-aigionta nuair a bhíonn rud
ag gabháil ad' choinnibh; chómh minic ag cur mórán neithe
fóghanta rómhat, agus gan ach fíor bheagán acu agat
'á chur chun cinn.



3. Admhuigh go h-aithrigheach agus go dólásach na neithe
sin, agus pé lochta eile do chífir ionat féin, agus dein
rún diongabhálta do bheatha do leasú agus dul ar
aghaidh sa tslíghe is fearr chun Dé. Ansan, cuir do
thoil, go h-iomlán, le toil Dé, i n-onóir do m' ainim-
se, agus dein tú féin a thabhairt suas dom, idir chorp
agus anam, fé mar a déanfaí thú dh'ídhbirt i n-onóir
dom ar altóir do chroídhe féin.



Sin mar is dóichíghi-de dhuit thú féin do dhéanamh
oireamhnach ar Ídhbirt ró adhramhail an Aifrinn d'ofráil
suas chun Dé, agus ar Shacraimínt mo Chuirp Naomhtha-
sa do ghlacadh le sochar do t' anam.



4. Mar ní'l aon ghníomh ofrála dh'fhéadfaí a dhéanamh
chun Dé atá níos uaisle ann féin ná níos torthamhla
chun sásaimh i bpeacaíbh, 'ná duine 'ghá ofráil féin, i
bhfuirm ídhbirte, suas cun Dé, mar aon le h-Ídhbirt
Chuirp Críost san Aifrean, nó le linn Comaoine do
ghlacadh.



Má dheineann an duine a dhícheall, chómh fada agus
théigheann a chumas féin, agus má bhíonn cathú fírinneach
air mar gheall ar a pheacaíbh, aon uair a thiocfaidh sé ag
triall orm-sa, a d'iarraidh maitheamhnachais orm, agus
grásta, Is beó mise, adeir an Tighearna, agus ní h-áil
liom bás an pheacaigh, ach é dh'iompáil agus do bheith


L. 259


beó; ní chimeádfad aon chuimhne ar a pheacaíbh a thuille,
ach iad go léir a mhaitheamh dó.



CAIBIDIOL A h-OCT.



ÍDHBIRT CHRÍOST AR CHRANN NA CROISE; AGUS
CUR ÁR DTOILE FÉIN LE TOIL DÉ.



GUTH CHRÍOST.



1. Dheineas-sa Mé féin d'ídhbirt chun an Athar Síor-
uidhe ar do shon-sa, mar shásamh ad' pheacaíbh, ar chrann
na croise. Bí mo ghéaga sínte amach, tárneálta go
daingean ar an adhmad, agus mo chorp nochtaithe.
Do chuireas Mé féin ar fad, go h-iomlán, san ídhbirt
sin' i dtreó nár fhan aon nídh ionam gan dul san
ídhbirt. Dheineas san le m' shaor-thoil féin.



Is ceart duit-se, ar an gcuma gcéadna, tú féin a
thabhairt suas dómh-sa, i bhfuirm ídhbirte, go naomhtha
agus go glan, gach aon lá, le linn an Aifrinn, agus is
ceart duit do neart go léir agus do chroídhe go léir
a chur san ídhbirt sin, an oiread agus is féidir é.



Cad 'tá agam 'á iarraidh ort ach go ndéanfá do
dhícheall ar thú féin a thabhairt suas dom go h-iomlán?



Aon rud a thabharfair dom, lasmuich dhíot féin, ní
chuirim aon spéis ann, mar ní h-é do bhronntanas atá
uaim, ach tú féin.



2. Níor leór duit-se dá mbéadh an saoghal go léir
agat agus gan Mise bheith agat. Ar an gcuma gcéadna,
ní féidir Mise shásamh le h-aon nídh a thabharfá-sa dhom
an fhaid ná tabharfair thú féin dom.


L. 260


Dein tú féin a thabhairt suas dom, agus tabhair thú
féin ar fad do Dhia, agus glacfar an bronntanas.



Féach conus mar a thugas-sa Mé féin suas mar
ídhbirt do'n Athair Síoruidhe ar do shon-sa. Thugas,
leis, mo chuid fola agus feóla mar bhiadh dhuit, i dtreó
go mba leat féin Mé ar fad, agus i dtreó go mba
liom-sa thusa ar fad, agus do ghnáth.



Ach má's áil leat-sa seasamh ar do bhunaibh féin, agus
gan tú féin d'fhágáilt fúm-sa ar fad, ní'l ofráil
iomlán agat 'á dhéanamh, agus ní féidir aontú iomlán
a bheith idir thú agus Mise.



D'á bhrígh sin, is é céad obair atá agat le déanamh,
sar a ndéanfair aon obair eile, 'ná thú féin do chur
isteach i láimh Dé, go fonnamhar, le d' lán-toil féin.
Ansan iseadh bheidh aigne shaor agat agus grásta Dé.



Is é cúis n-a bhfuil oiread daoine chómh beag solus
aigne, agus chómh beag saoirse aigne, mar nách eól
dóibh conus iad féin do thréigean amuich 's amach.



Tá mo rádh cruínn: Mura dtréigidh duine an uile
nídh, ní féidir dó bheith 'n-a dheisgiobul agam-sa. Má's
maith leat-sa bheith ad' dheisgiobul agam-sa, dein tú
féin agus gach nídh is ionmhuin leat do thabhairt suas
dom.



CAIBIDIOL A NAOI.



IS CEART DÚINN SINN FÉIN AGUS GACH AON
NÍDH IS LINN A THABHAIRT SUAS DO DHIA,
AGUS BHEITH AG GUIDHE AR CHÁCH.



GUTH AN DEISGIOBUIL.



1. A Thighearna, is leat-sa an uile nídh, gach a bhfuil
ar neamh agus ar talamh.


L. 261


Is mian liom mé féin a thabhairt suas duit, ídhbirt
a dhéanamh díom féin chúghat, le m' thoil mhacánta, i
dtreó go mba leat mé go deó.



Tugaim mé féin suas duit indiu, a Thighearna, le
h-aon-toil mo chroídhe agus m' aigne, am' sheirbhíseach
duit go deó, am' ídhbirt chúghat chun bheith ad' mholadh i
gcómhnuidhe.



Glac mé, mar aon leis an Ídhbirt ró adhramhail seo
do Chuirp Naomhtha atá agam d'á ofráil duit indiu i
láthair na n-anngeal, atá anso am' thimcheall, bíodh ná
feicim iad, chun tairbhe anama dhom féin agus do na
Críostaidhthibh go léir.



2. Tugaim suas duit mo pheacaí go léir, gach a
bhfuil déanta agam díobh ó'n gcéad lá n-a rabhas ábalta
ar pheaca dhéanamh go dtí an uair seo, tugaim suas duit
iad ar an altóir, i dtreó go loisgfeá amach as m' anam
iad le teine do ghrádha, agus go nglanfá dhíom gach
smól peaca d'á bhfuil orm; agus go mbéadh mo choin-
sias saor-ghlan, ad' láthair, ó gach locht; agus ansan
go dtabharfá thar n-ais dom grásta Dé, a chailleas
mar gheall ar mo pheacaíbh. Tabhair maitheamhnachas
anois dom ins na peacaíbh go léir, agus glac mé le
trócaire chun póige na síothcána.



3. Cad is féidir dómh-sa dhéanamh i dtaobh mo pheacaí,
a Thighearna, ach iad do chur síos i bhfaoisdin agus cathú
bheith orm mar gheall ortha, agus bheith i gcómhnuidhe 'ghá
iarraidh ort iad a mhaitheamh dom?



Iarraim ort éisteacht liom go ceannsa agus mé am'
sheasamh anso ad' láthair, a Thighearna Dia.



Tá gráin agam ar mo pheacaíbh go léir. Táim lán
cheapaithe, le congnamh do ghrásta-sa, ar gan iad a
dhéanamh airís. Tá cathú orm mar gheall ortha, agus
beidh an fhaid a mhairfead. Táim ar aigne aithrighe


L. 262


dhéanamh ionta agus, chómh fada lem' dhícheall, leór-
ghníomh.



Maith dhom iad, a Thighearna, maith mo pheacaí dhom
ar son t' ainime naomhtha féin. Ná leig uait an
t-anam so agam-sa, anam a cheannuighis le d' chuid
fola ró uasal.



Féach, a Thighearna, cuirim mé féin fé chomairce do
thrócaire; fágaim me féin ar do láimh.



Ná dein liom mar atá tuillte agam le h-olcas mo
ghníomhartha, ach dein liom do réir do thrócaire féin
agus méid do mhaitheasa.



4. Tugaim suas duit, leis, a Thighearna, aon mhaith-
easaí atá ionam. Is beag iad agus is suarach le
rádh iad, ach iarraim ort-sa do bheannacht a chur ortha,
agus pé easnamh atá ortha do leigheas, i dtreó go
mbeid siad taithneamhach ad' láthair agus go nglacfair
iad, agus go mbeitheá 'ghá gcur i bhfeabhas i
gcómhnuidhe; agus, leis, go ndéanfá daonaidhe bocht
gan aird de m' shaghas-sa do thabhairt chun deagh-chríche
sa deire.



5. Ofrálaim duit, leis, gach mian naomhtha d'á
mbíonn ag fíoraonaibh; riachtanaisí m' athar agus mo
mháthar; gátar mo charad, mo dhrithár, mo dheirbhshéar;
gátar mo dhaoine muinteartha go léir; aon ghátar atá
ar aoinne a dhein tairbhe riamh dom féin ná d'aoinne
eile, ar do shon-sa.



Ofrálaim duit na daoine go bhfuil iarrtha acu orm
úrnuighthe agus Aifrinní do rádh dhóibh féin nó d'á
muintir, pé 'cu atáid siad beó ar an saoghal so fós
nó imthighthe anonn ar an saoghal eile; ionus go
dtuigfidís go léir go bhfuil acu congnamh do ghrásta-
sa agus saidhbhreas do shóláis, chun bheith 'ghá gcosaint ar
chontabhairt agus 'ghá saoradh ó phiantaibh, agus go


L. 263


dtabharfaidís moladh agus buidhcachas mór duit mar
gheall ar iad a thabhairt saor ó gach olc.



Ofrálaim duit, mar an gcéadna, m' úrnuighthe agus
an t-Aifrean, go spisialta, ar son na muintire go
bhfuil dochar nó díobháil déanta acu dhom, nó buairt
curtha acu orm, nó tarcuisne tabhartha acu dhom, nó
aon tsaghas eile domáiste déanta acu dhom; agus
ar son na muintire ar ar chuireas féin aon bhuairt
riamh, nó gur dheineas dochar nó díobháil dóibh, nó
gur thugas droch shampla dhóibh le focal nó le gníomh,
ar m' eolus nó a gan fhios dom; 'ghá iarraidh ort aon
pheacaí atá déanta againn i n-aghaidh a chéile, iad a
mhaitheamh dúinn ar gach taobh.



Tóg, a Thighearna, as ár gcroídhthibh amach, gach droch
amhras, gach fíoch, gach fearg, gach ceilg, gach aon rud a
dh'fhéadfadh carthanacht do ghortú agus ár ngrádh d'á
chéile do chur i luighead.



Dein trócaire, dein trócaire, a Tighearna, ar a
bhfuil a d'iarraidh do thrócaire; tabhair do ghrásta d'á
bhfuil 'n-a ghádh; agus tabhair dúinn gur bh' fhiú sinn go
bhfaighmís do ghrásta, agus ansan go sroisfimís an
bheatha shíoruidhe.



CAIBIDIOL A DEICH.



NÍ CEART FANMHAINT SIAR Ó CHOMAOINE
GHLACADH MAR GHEALL AR CHÚIS SHUARACH.



GUTH CHRÍOST.



1. Is ceart duit teacht go minic go dtí tobar na
ngrást, go dtí tobar trócaire Dé, go dtí tobar gach


L. 264


maitheasa agus gach glaine cróidhe, i dtreó go leighsfí
thú ó d' dhroch mhiantaibh agus ó d' dhroch chleachtaibh, agus
go dtabharfaí breis nirt duit, agus breis aireachais
ort féin, chun tú féin a chosaint ar chathanaibh agus ar
chleasaibh an diabhail.



Tuigeann an namhaid an tairbhe mór agus an chosaint
thar bárr atá le fagháil i nglacadh an Chuirp Naomhtha,
agus d'á bhrígh sin deineann sé a dhícheall, ar gach aon
tsaghas cuma, chun na bhfíoraon a chimeád siar, chómh
fada agus is féidir é, ó Chomaoine do ghlacadh.



2. Tá daoine ann agus nuair a dhíríghid siad ar iad
féin d'ollmhú chun Comaoine ghlacadh, siné uair a
chuireann an mac mallachtain na cathana is cruadha
ortha.



Tagann an annsprid snn (fé mar atá sgríobhtha i
leabhar Ióib) isteach ameasg clainne Dé, chun toirmisg
a dhéanamh dónbh, mar is gnáth, le n-a mhailís, nó chun
sgannra chur ortha agus buaireamh aigne, i dtreó go
laghdóchadh sé a gcráibhtheacht, nó go millfeadh sé a
gcreideamh le n-a chathaíbh, agus go mb' fhéidir go bhfan-
faidís siar gan Comaoine ghlacadh, nó go nglacfaidís
é gan chráibhtheacht.



Ach is fearr gan suim ar bith do chur 'n-a chleasaibh
siúd, ná ins na droch smuíntibh a chuireann sé i n-aigne
an duine, pé gráinneamhlacht a bhéadh ionta. Is amhlaidh
is ceart an ghráinneamhlacht go léir do chaitheamh thar
n-ais i mullach an chinn air féin.



Neamhshuim is ceart a chur san árthachtaídhe, agus
tarcuisne thabhairt dó; agus ní ceart fanmhaint siar
ó Chomaoine ghlacadh mar gheall ar a chathanaibh ná mar
gheall ar an dtoirmeasg a chuireann sé ar siubhal.



3. Is minic, leis, a thagann buairt aigne ar dhuine
toisg, dar leis, gan an chráibhtheacht cheart a bheith aige,


L. 265


nó toisg gan an fhaoisdin a bheith déanta sa cheart aige,
agus cimeádann san siar é ó Chomaoine ghlacadh.



Má's duine de'n tsaghas san tú ní'l agat le déanamh
ach cómhairle dh'iarraidh ar dhuine chiallmhar éigin, agus
ansan, an chómhairle do ghlacadh agus beart a dhéanamh
d'á réir go prínsiobálta, an bhuairt aigne chur uait
agus déanamh mar a deirtear leat. Droch nídh iseadh
an saghas san buartha. Coisgeann sí grásta Dé agus
milleann sí cráibhtheacht.



Ná fan siar ó Chomaoine ghlacadh mar gheall ar thriob-
lóid bheag éigin, nó ar mhearbhall éigin a thiocfaidh ort.
Imthigh láithreach agus dein faoisdin, má's gádh é, agus
maith, ó d' chroídhe, do chách, aon nídh a deineadh ort.



Má's tú a dhein nídh ar chách, imthigh agus iar maitheamh-
nachas, go breagh úmhal, agus tabharfaidh Dia maitheamh-
nachas duit go ceannsa.



4. Cad é an tairbhe dhuit bheith ag cur na faoisdine ar
cáirde, agus ag fanmhaint siar ó Chomaoine ghlacadh?



Glan thú féin chómh luath agus d'fhéadfair é. Caith
amach an nimh as do bhéal gan a thuille righnis. Bros-
tuigh chun an leighis do thógaint, agus mothóchaidh tú thú
féin níos fearr 'ná mar a bheir le fanmhaint siar abhfad.



Má fhanann tú siar indiu mar gheall ar chúis éigin,
beidh cúis níos mó 'ná é agat amáireach chun fanmhaint
siar. Cimeádfar thú, ar an gcuma san, ar feadh abhfad
gan Comaoine ghlacadh, agus is ag dul i n-olcas a bheidh
tú.



Chómh luath i n-Éirinn agus d'fhéadfair é, caith dhíot
an leisge seo agus an mhairbhitíghe seo atá ort. Ní
h-aon mhaith dhuit an bhuairt aigne sin a bheith abhfad ort,
ná bheith ag caitheamh na h-aimsire sa trioblóid, agus
bheith 'at' chimeád féin ó shacraimíntíbh Dé mar gheall
ar neithibh a bheidh coitchianta ag teacht crosta ort.


L. 266


Agus is díobháil mhór bheith abhfad gan Comaoine
ghlacadh. Cuireann sé mairbhitíghe spioradálta ar
dhuine.



Tá daoine ann, foríor! atá chómh spadánta, chómh
mairbhiteach san ná bíonn aon locht acu ar bheith tamall
maith gan dul chun faoisdine ná chun Comaoine, i dtreó,
dar leó féin, ná béadh ortha bheith chómh aireach ortha
féin.



5. Is truagh an sgéal é a rádh go mbéadh aon Chríos-
taidhe chómh beag grádh do Dhia, chómh beag beann ar
ghrásta Dé, go gcuirfeadh sé an fhaoisdin agus an
Chomaoine ar cáirde, ar an gcuma san, gan puinn cúise.



Nác breagh an saoghal ag an nduine é, agus nách
taithneamhach i láthair Dé, a chaitheann a bheatha chómh
macánta, agus a chimeádann a choinsias chómh glan, nár
mhiste dhó Comaoine ghlacadh gach aon lá a dh'eirigheann
air, dá bhfaghadh sé cead, agus ná tabharfaí fé
ndeara é!



Má fhanann duine siar foth-uair, le h-úmhluigheacht,
nó mar gheall ar chúis éigin dleaghthach, is cóir é mholadh
mar gheall ar an uraim a thaisbeánann sé do'n
tSacraimínt.



Ach má's mairbhitíghe atá ag sleamhnú air ní foláir
dó é féin a chrothadh suas, agus a dhícheall a dhéanamh,
ar a thaobh féin de'n sgéal. Tabharfaidh an Tighearna
congnamh dó chun é féin do mhúisgilt, mar is ionmhuin
le Dia an deagh-thoil.



6. Ach nuair a bheidh cosg dleaghthach air agus nách
foláir dó fanmhaint siar, beidh an deagh-thoil i gcómh-
nuidhe aige, agus an intinn chráibhtheach chun Comaoine
do ghlacadh. Glacadh sé Comaoine ar an gcuma san,
Comaoine spioradálta, agus ní bheidh sé gan sochar
ó'n Sacraimínt.


L. 267


Ní'l bac ar aon duine démhóideach Comaoine spiorad-
álta do ghlacadh ga'ch aon lá, agus go minic sa lá, gan
chosg ar bith, agus is nídh ana thairbheach le déanamh é
d'á anam féin.



Mar sin féin, ar laethantaibh áirighthe, agus san
aimsir a bhíonn ceapaithe chuige, is ceart dó Corp
Naomhtha an Tighearna do ghlacadh sa tSacraimínt, go
h-úmhal agus go cráibhtheach, agus san do dhéanamh
i n-onóir do Dhia, agus chun glóire Dé, níos mó 'ná
chun sóláis a dh'fhagháil dó féin.



Óir glacann sé Comaoine ar shlíghe dhiamhar, agus
gheibheann sé cothú spioradálta, gach aon uair a dhein-
eann sé dlúth mhachtnamh, go cráibhtheach agus go grádhmhar
ar Incholna Chríost agus ar a Pháis.



7. An t-é ná déanfaidh ollmhú air féin ach nuair a
bhíonn féile buailte leis, nó nuair a chaitheann sé é
dhéanamh, mar gheall ar ghnás éigin, beidh sé go minic
gan ollmhú ar bith.



Is aoibhinn do'n t-é dheineann é féin d'ofráil i
n-ídhbirt suas chun an Tighearna gach aon uair adeir
sé Aifrean nó ghlacann sé Comaoine.



Ná bí ró fhada ná ró ghairid ag cur an Aifrinn díot,
ach lean an nós maith coitchian a leantar san áit 'n-a
bhfuil cómhnuidhe ort.



Ní ceart duit bheith ag cur tuirse ná trioblóide ar
dhaoinibh eile, ach an tslíghe choitchian do chimeád do
réir órdú uachtarán, agus féachaint chun tairbhe an fhir
thall níos mó 'ná chun do chráibhtheachta nó chun do
dhémhóide féin.


L. 268


CAIBIDIOL A h-AONDÉAG.



TÁ CORP CRÍOST AGUS AN SGRÍBHINN DIADHA
ANA RIACHTANACH D'ANAM AN CHRÍOSTAIDHE
DHÍLIS.



GUTH AN DEISGIOBUIL.



1. A Íosa mhilis, nách mór thar bárr an suairceas
a gheibheann an Críostaidhe démhóideach a thagann chun
búird ad' chuibhreann-sa agat' bhainis! Is é biadh a
thugann Tú dhó le n-ithe 'ná Tú féin, grádh agus cumann
a chroídhe, agus a mhian tar gach nídh ar bith.



Ba mhaith liom-sa, agus ba mhilis liom, mo dheora do
shile go fuígheach ad' láthair, le méid mo ghrádha dhuit,
agus do chosa do nígheadh le m' dheoraibh, mar a dhein
Magdelén naomhtha.



Ach cá bhfuil a leithéid sin de chráibhtheacht le fagháil?
Cá bhfuil a leithéidh sin de shile deor naomhtha, 'n-a
gcaisíbh, le fagháil?



Is deimhin, ad' láthair-se agus i láthair na n-aingeal
naomhtha indiu, gur cheart mo chroídhe go léir a bheith
ar lasadh le grádh dhuit, agus mo shúile do bheith ag sile
na ndeor le h-áthas.



Taoi'nn Tú féin agam anso sa tSacraimínt, am'
láthair go fíor, bíodh go bhfuilir foluighthe fé ghné eile.



2. Óir, dá mbéadh solus do Dhiachta féin le feisgint,
níor bh' fhéidir dom' shúilibh-se an solus a dh'fhulang;
ní h-eadh, ach an domhan go léir ní fhéadfadh sé neart
soluis do ghlóire dh'fhulang ná do sheasamh.



D'á bhrígh sin is ar mhaithe liom-sa, ó táim chómh lag, a
dheineann Tú Thú féin do chlúdach sa tSacraimínt.


L. 269


Tá agam anso, agus adhraim, an t-É a dh'adhraid na
h-aingil ins na flathais. Adhraim-se É le creideamh,
fós, fé chlúid, ach adhraid na h-aingil É os cómhair a súl,
gan chlúid.



Ní foláir dómh-sa bheith sásta le solus an fhíor-
chreidimh, agus siubhal sa tsolus san go n-eirighidh lá
soluis glóire na síoruidheachta, agus go mbeidh deire
le sgáileanaibh agus le figiúiríbh.



Óir nuair a thiocfaidh an bheachtuightheacht ní bheidh aon
ghádh le sacraimíntíbh. Ní'l aon ghádh leis an leigheas
atá ins na sacrainiíntíbh ag an muintir atá i bhflathas
Dé.



Tá aoibhneas a mhairfidh go deó acu i láthair Dé agus
iad ag féachaint ar a ghlóire, aghaidh ar aghaidh; agus iad
ag dul ó ghlóire go glóire i ndoimhneas diachta Dé,
blaisid siad Briathar Dé 'n-a Dhuine, mar a bhí ó thosach
agus mar a bheidh do shíor.



3. Nuair a chuimhnighim ar na neithibh iongantacha so is
amhlaidh a chuireann sólás spioradálta féin tuirse
orm; mar, an fhaid ná feicim mo Tighearna, go
h-osgailte, i solus a ghlóire féin, is neamhnídh liom
aon rud eile do chím ná do chloisim ar an saoghal.



Taoi'nn Tú féin ad' fhínné agam air, a Tighearna Dia,
nách féidir d'aon nídh aon tsólás a thabhairt dom, nách
féidir d'aon nídh cruthuighthe aon tsuaimhneas aigne chur
orm, gan Tusa, a Dhia, mar is ort-sa ba mhaith liom
bheith ag féachaint do shíor.



Ní féidir é sin, ámhthach, an fhaid a bheidh mé ar an
saoghal so, agus an bás os mo chionn. Ní foláir dom,
d'á bhrígh sin, a chur rómham foidhne mhór a dhéanamh, agus
mo thoil do chur le d' thoil naomhtha-sa ins gach mian
d'á dtiocfaidh dhom.



Sin mar a dhein na naoimh atá ad' fhochair anois i


L. 270


nglóire na bhflathas, a Thighearna. Lán de chreideamh
agus ag déanamh na foidhne go seasamhach, d'fhanadar le
teacht do ghlóire ag triall ortha. Na neithe a chreid-
eadar san crcidim-se iad. Na neithe le n-a raibh súil
acu san, tá mo shúil-se leó. An áit n-a bhfuil tag-
aithe ann acu san, táim-se ag brath ar theacht ann le
congnamh do ghrásta-sa.



Go dtí san siubhlóchad do réir an chreidimh, agus
cuirfidh deagh-shampla na naomh misneach orm.



Beidh agam, leis, na leabhair bheannuighthe, mar shólás
aigne, agus mar sgátháin 'n-a bhfeicfead conus beatha
mhaith do chaitheamh. Agus mar bhara ortha san go léir
beidh do Chorp Naomhtha-sa agam mar thaca fé leith
agus mar chúl dín.



4. Óir mothuighim go bhfuil, an fhaid a bhead ar an
saoghal so, gádh go h-ana chruaidh agam le dhá nídh, agus
gan an dá nídh sin ná béadh aon bhreith agam ar mhí-
fhortiúnaibh na beatha so d'fhulang.



An fhaid a bheidh mé i mbraighdineas i gcarcair na
colna so admhuighim go bhfuil gádh agam le dhá nídh. Is
iad dhá nídh iad san 'ná biadh agus solus.



Agus thugais-se dhómh-sa, ó's mé atá lag, do Chorp
Naomhtha mar chothú anama agus chuirp dom, agus tá
do bhriathar curtha agat mar sholus dom' chosaibh.



Gan an dá nídh sin ní maith a dh'fhéadfainn maireacht-
aint, mar is é briathar Dé solus m' anama agus is é
do Chorp Naomhtha-sa arán na beatha.



Is féidir, leis, a rádh, gur b' iad so an dá bhórd a
cuireadh ar dhá thaobh tíghe taisge na h-Eagailse naomhtha.
Bórd na h-altórach naomhtha bórd acu, agus an t-arán
beannuighthe air, 'sé sin Corp Naomhtha Chríost.



Bórd dlíghe Dé an bórd eile, agus an teagasg
naomhtha air, ag teagasg an fhíor-chreidimh, agus ag


L. 271


seóladh daoine gan teip isteach ar an dtaobh istigh de'n
Sgáth mar a' bhfuil Naomhthacht na Naomhthachta.



Buidheachas leat-sa, a Thighearna Íosa, a sholus an
tsoluis shíoruidhe, mar gheall ar bhórd an teagaisg
naomhtha a thugais dúinn tré d'sheirbhísigh na Fáidhe agus
na h-Aspoil agus na Dochtúirí eile.



5. Buidheachas leat-sa, a Chruthuightheóir agus a
Shlánuightheóir na cine daona, mar gur dheinis, chun do
ghrádh dhúinn a thaisbeáint os cómhair an domhain, féasta
mór dúinn, féasta i n-a bhfuil tabhartha agat dúinn
le n-ithe agus le n-ól, ní h-é an t-uan samhalta, ach do
chuid Fola agus Feóla ró naomhtha féin; ag cur áthais
ar na fíoraonaibh go léir leis an mbiadh naomhtha, agus
ag cur aoibhnis ortha leis an ndigh ró uasal, ró shláinte-
amhail, n-a bhfuil suaireeas na bhflathas ann go h-iomlán,
agus go mbíd na h-aingil bheannuighthe 'ghá ghlacadh i
n-ár gcuibhreann, le h-aoibhneas ná tuigimíd-ne fós.



6. Ó, nách mór, nách uasal é gnó na sagart! Is
dóibh a tugadh an Tighearna glórmhar do choisreacadh
leis na focalaibh naomhtha, É bheannú le n-a mbéalaibh,
É thógaint 'n-a lámhaibh, É ghlacadh isteach n-a mbéalaibh
féin, agus É thabhairt dos na Críostaidhthibh.



Ó, nách glan ba cheart an lámh san a bheith, nách cúmhrtha
an béal, nách naomhtha an cholann, nach gléigeal croídhe
an tsagairt, n-a dtéigheann Úghdar gach glé-ghlaine
isteach ann chómh minic!



Aon nídh ach naomhthacht, aon fhocal ach focal fóghanta
tairbheach, níor cheart a theacht amach a' béal an tsagairt,
an béal a ghlacann Corp Naomhtha an Tighearna chómh
minic.



7. An tsúil sin an tsagairt, a bhíonn ag féachaint
ar an gCorp Naomhtha do ghnáth, ba cheart í bheith cáidh
agus gan claoine. Na lámha san a bhíonn ag iomchar


L. 272


Cruthuightheóra nimhe agus tailimh, ba cheart iad a
bheith fíor-ghlan, agus iad a bheith tógtha suas do ghnáth
chun na bhflathas.



Leis na sagartaibh iseadh a deirtear, go spisialta,
sa dlíghe: Bídh-se naomhtha, mar is Mise bhúr
dTighearna Dia agus táim naomhtha.



8. Do ghrásta go dtugaidh congnamh dúinn, a Dhia
uilechómhachtaigh, i dtreó, ó ghlacamair orainn an gnó
so an tsagairt, go dtiocfadh linn an dualgas do
chómhlíonadh dhuit le fíor-ghlaine croídhe agus le coin-
sias maith.



Agus má's rud é nách féidir linn maireachtaint chómh
saor ó pheaca agus ba cheart dúinn maireachtaint,
tabhair dúinn, de d' ghrástaibh, cathú fírinneach a bheith
orainn mar gheall ar an olc a dheinimíd, agus rún
diongbhálta bheith againn beart níb' fhearr a dhéanamh.



CAIBIDIOL A DÓ-DHÉAG.



AN T-É ATÁ CHUN COMAOINE DO GHLACADH IS
CEART DÓ É FÉIN D'OLLMHÚ GO H-ANA
MHAITH.



GUTH CHRÍOST.



1. Is Mise thugann grádh do'n chroídhe ghlan agus
do bhronann gach naomhthacht.



Is Mé do loirgeann an croídhe glan, agus is ann
atá áit mo chómhnuidhthe.



Cuir i dtreó dhom seómra mór, uachtarach, agus a
thriosgán ann, agus déanfad an Cháisg ad' fhochair mar
aon le m' dheisgiobulaibh.


L. 273


Má's maith leat Mé theacht ag triall ort agus Mé
dh'fhanmhaint agat, sguab amach an seana ghiost, agus
dein árus do chroídhe a ghlanadh.



Cimeád amach an saoghal go léir agus na droch
bhéasa go léir. Suidh at' aonar, ar nós an ghealbhain
aonair ar bhuaic an tíghe, agus cuimhnigh ar do pheacaíbh
agus bíodh dólás croídhe ort mar gheall ortha.



Óir gach duine a bhíonn i ngrádh is é an seómra is
fearr agus is maiseamhla a chuireann sé i dtreó d'á
ghrádh, agus sin mar a thaisbeánann sé méid a cheana ar
an t-é go bhfuil sé i ngrádh leis.



2. Bíodh 'fhios agat, ámhthach, dá dtugthá-sa bliadhain
ad' chur féin i dtreó am' chóir-se, agus gan aon nídh
eile dhéanamh i gcaitheamh na bliadhna san, ná béadh an
gnó déanta maith a dhóithin agat, bíodh ná cuimhneóchthá
ar aon ghnó eile i n-aon chor.



Is tré m' cheannsacht-sa amháin agus tré m' ghrásta,
a leigtear duit teacht chun mo bhúird; fé mar a tabharfaí
cuireadh do dhuine bhocht déarca chun búird duinuasail,
agus ná béadh aon díoluigheacht ag an nduine mbocht le
tabhairt uaidh ach é féin d' úmhlú agus a bhuidheachas do
ghabháil.



Dein-se, d'á bhrígh sin, a bhfuil ar do chumas féin,
agus dein é go dúthrachtach. Ná dein é mar a dhéanfadh
duine rud le taithighe. Ná dein é mar a dhéanfadh
duine rud a chaithfeadh sé dhéanamh. Tar, lán d'uraim
agus d'eagla Dé, agus lán de ghrádh dho Dhia, agus
glac Corp Naomhtha do Tighearna Dia ró ionmhunn, ó 'sé a
thoil naomhtha teacht ag triall ort.



Is Mise an t-É a ghlaoidh ort. Is Mise a dh'órduigh
an nídh seo dhéanamh. Gach a bhfuil i n-easnamh ort
tabharfad-sa dhuit é. Tar agus glac Mé.



3. Nuair a thugaim duit grásta na cráibhtheachta,


L. 274


tabhair-se buidheachas dod' Dhia. Ní de bhrígh gur fiú
thú é a thabharfair buidheachas ach i dtaobh mo thrócaire-se
dh 'fhagháil.



Má taoi'nn tú i n-éaghmuis an ghrásta san, agus go
mothuigheann tú thú féin tur, tirim, lean ar t'úrnuighthe;
bí ag éigheamh agus ag bualadh, agus ná stad go dtí go
bhfaighir mír bheag éigin nó braon beag éigin de shochar
na ngrást.



Is agat-sa atá gádh liom-sa, agus ní h-agam-sa atá
gádh leat-sa.



Ní tusa atá ag teacht chun Mise do naomhú, ach is
Mise atá ag teacht chun tusa do naomhú agus do chur i
bhfeabhas. Taoi'nn tusa ag teacht chun go bhfaighfeá
naomhthacht uaim-se, agus chun go n-aontóchthaí thú liom,
i dtreó go bhfaighfeá grásta nua, agus gríosadh nua cun
do leasa.



Ná tabhair faillighe sa ghrásta so. Ollmhuigh do
chroídhe go h-ana dhúthrachtach, agus glac chúghat do
ghrádh.



4. Ach ní leór duit tú féin d'ollmhú go maith chun
Comaoine do ghlacadh. Ní foláir duit, leis, aire mhaith
a thabhairt duit féin agus tú féin a chimeád go cráibh-
theach tar éis Comaoine ghlacadh dhuit. Agus tá an
t-aireachas 'n-a dhiaigh chómh riachtanach díreach leis an
ollmhú roim ré. Mar is é an t-aireachas san tar éis
Comaoine an t-ollmhú is fearr chun Comaoine ghlacadh
airís, agus chun breis grásta dh'fhagháil d'á bhárr. Ruith
láithreach i ndiaigh sóláis éigin atá lasmuich dé tar
éis Comaoine, sin rud ná fágann an chráibhtheacht
oireamhnach san ag duine.



Seachain iomad cainte. Fan at' aonar i bhfochair do
Thighearna Dia. Tá Sé agat, agus ní'l ar chumas an
domhain go léir a bhaint díot.


L. 275


Is dómh-sa is ceart duit tú féin a thabhairt suas ar
fad, i dtreó nách ionat féin a mhairfeá i n-aon chor
feasta, ach ionam-sa, agus go mbéadh t'aigne saor ó
bhuaireamh.



CAIBIDIOL A TRÍ-DÉAG.



IS CEART DO'N CHRÍOSTAIDHE ANA DHÚIL A
BHEITH AIGE SA TSACRAIMÍNT SEO, I
DTREÓ GO MBÉADH SÉ DLÚITHTE LEIS AN
SLÁNUIGHTHEÓIR ANN.



GUTH AN DEISGIOBUIL.



1. Cé thabharfaidh dómh-sa, a Thighearna, go bhféadfad
Tú fhagháil ad' aonar agus mo chroídhe a dh'osgailt duit
go h-iomlán, agus Tú bheith agam ar fad mar is mian
le m' anam, gan aoinne am' fheisgint, ná gan suim ná
spéis agam i n-aon nídh cruthuighthe, ach Tusa ag labhairt
liom, agus mise ag labhairt leat-sa, mar a labhrann
grádh le n-a ghrádh, nó cara dílis le n-a chara dhílis,
ag déanamh aoibhnis d'á chéile.



Is é mo ghuidhe agus is é mo mhian mé bheith dlúithte
leat-sa ar fad, agus mo chroídhe bheith sgartha agam ó
gach nídh cruthuighthe, i dtreó gur bh'fhearr-de a
thuigfinn neithe síoruidhe, spioradálta le linn
Aifrinn do rádh dhom, nó le linn Comaoine do
ghlacadh dhom.



Ó, a Tighearna Dia, cathain a bheidh mé dlúithte leat-sa
ar fad? Báidhte ionat-sa agus gan aon chuimhneamh
agam orm féin; Tusa ionam-sa agus mise ionat-sa,


L. 276


agus sinn araon i n-ár n-aon ar an gcuma san.
Deónuigh sin, a Thighearna!



2. Is fíor gur Tusa mo ghrádh-sa, mo rogha des na
míltibh, agus is ionat is mian le m'anam cómhnuidhe
dhéanamh i gcaitheamh mo shaoghail go léir.



Is fíor gur Tú mo shíothcháin, mar is ionat atá fíor-
shíothcháin le fagháil agam agus fíor-shuaimhneas, agus
ní'l lasmuich dhíot ach duadh agus dólás agus mí-fhortiún
gan teóra.



Gan amhras is Dia Tú atá fé cheilt, agus ní h-ag
aicme an uilc atá do chómhairle, ach is le lucht na
h-úmhluigheachta agus le lucht an chroídhe dhírigh a labh-
rann Tú.



Ó, nách suairc é do spioraid, a Thighearna. Chun do
shuairchis a chur i n-úil do d' chlainn féin cothuigheann Tú
iad leis an arán bríoghmhar so a thagann anuas ó neamh.



Go deimhin ní'l náisiún eile sa domhan atá chómh
h-uasal ná chómh maith as, ná go bhfuil a ndéithe chómh
comhgarach dóibh agus ataoi-se, a Tighearna Dia, do
t'fhíoraonaibh go léir. Chun sóláis a chur ortha i
n-aghaidh an lae, agus chun a gcroidhthe d' árdú suas chun
na bhflathas tugann Tú Tú féin dóibh le n-ithe agus le
bheith acu.



3. Óir cá bhfuil an treabhchas eile daoine atá chómh
mór clú le pobul Chríost?



Nó cá bhfuil an nídh a chruthuigh Dia ar an dtalamh so,
agus a fuair oiread grádha agus gheibheann anam an
Chríostaidhe fhíoraonta go dtagann Dia féin ag triall
air ag tabhairt a Chuirp Naomhtha mar chothú dhó?



Ó, a ghrásta nách féidir a dh'innsint! Ó, a dheón-
uightheacht is ró iongantach! Ó, a ghrádh gan teóra d'á
thabhairt do'n duine ar chuma fé leith!



Ach cad tá agam-sa le tabhairt dom' Thighearna mar


L. 277


chúiteamh as an dtabharthas so, as an ngrádh uathbhásach
so?



Ní'l nídh ar bith agam le tabhairt dó is fearr a
thaithnfidh leis 'ná mo chroídhe thabhairt suas ar fad dó,
agus do dhlúthú go daingean leis.



Ansan iseadh bheidh mé lán d'áthas ar fad, nuair a
bheidh m' anam dlúithte go daingean le Dia.



Ansan iseadh a déarfaidh Sé liom: Má's áil leat-sa
bheith agam-sa is áil liom-sa bheith agat-sa. Agus déar-
fad-sa 'ghá fhreagra: Deónuigh, a Thighearna, fanmhaint
agam agus fanfad-sa agat-sa le lán chroídhe. Is é mo
dhúil thar gach nídh mo chroídhe bheith dlúithte leat-sa go
daingean.



CAIBIDIOL A CEATHAIR-DÉAG.



AN DÚIL UATHBHÁSACH A BHÍONN AG CUID DES
NA CRÍOSTAIDHTHIBH DÉMÓIDEACHA I GCORP
NAOMTHA AN TIGHEARNA.



GUTH AN DEISGIOBUIL.



1. Cad é mar is mór é iomadamhlacht do mhísleachta,
a Thighearna, an mhísleacht atá agat i bhfolach i gcóir na
ndaoine go bhfuil t'eagla ortha. Nuair a chuimhnighim
ar dhaoinibh diadha áirighthe, a Thighearna, agus ar an
ngrádh a bhíonn acu dhuit nuair a bhíd siad ag teacht chun
do Chuirp Naomhtha do ghlacadh, is minic go dtagann
ceann-fé orm féin agus go lasaim le náire mar gheall
ar mé bheith chómh fuar ionam féin, agus chómh beag grádh
dhuit, nuair a thagaim chun an Aifrinn do rádh agus chun
Comaoine do ghlacadh.


L. 278


A rádh go bhfanann mo chroídhe chómh tirim, chómh dúr;
a rádh ná bíonn mo chroídhe ar lasadh le grádh dhuit, a
Thighearna, agus ná bíonn mo ghrádh dhuit am' tharrang
chúghat go láidir, fé mar a bhíonn an sgéal ag Críost-
aidhthibh eile go mbíonn a leithéid sin de dhúil acu i
gComaoine do ghlacadh, agus a leithéid sin de ghrádh
dhuit 'n-a gcroídhe, nách féidir leó gan bheith ag sile deor.



Ag mianfadhach le béal an chuirp agus le béal an
anama i n-aonfheacht chuiridís dúil a gcroídhe ionat-sa,
a Thighearna, agus níor bh' fhéidir leó an dúil croídhe
sin do shásamh mura dtiocfaidís agus do Chorp Naomhtha
do ghlacadh le mian agus le goile spioradálta.



Agus is ró mhaith an deimhne ar Tú féin a bheith go
fírinneach againn sa tSacraimínt, an creideamh beó
san a bhíonn i gcroídhe na ndaoine sin nuair a ghlacaid
siad Comaoine.



Aithníd siad Tú. Aithníd siad a dTighearna "i
mbriseadh an aráin." Siné an rud a chuireann a
gcroídhe ar lasadh le grádh d'Íosa agus É ag siubhal
le n-a gcois.



Is minic gur ró fhada uaim-se a leithéid sin de dhúil
croídhe, a leithéid sin de dhian-ghrádh agus d'áilgheas.



Féach, de d'ghrástaibh, orm-sa, a Íosa ró mhaith, ró
mhilis, ró fhóghanta, agus tabhair dom, anois agus airís
féin, spré bheag a mhothú istigh am' chroídhe, de'n dian-
ghrádh san ba cheart dom a bheith agam duit nuair a
ghlacaim Comaoine, i dtreó go neartóchthar mo
chreideamh agus go méadóchthar mo dhóchas agus go
gcurfar mo ghrádh dhuit ar lasadh airís go dian, gan
baoghal dul choídhche ar feódh, tar éis manna na
bhflathas do bhlaiseadh.



3. Is fíor go bhfuil ar chumas do thrócaire an grásta
so atá uaim do bhronnadh orm, agus nuair a thiocfaidh


L. 279


do lá féin chuige, teacht chúgham agus grásta an díog-
rais a thabhairt dom, tré neart do mhór-mhaitheasa.



Mar, go deimhin, bíodh ná fuil ionam, ar lasadh, an
díogras san atá i gcuid de d' cháirdibh ionmhuine, is
mian liom go h-ana mhór an díogras san do bheith ionam,
tré d' ghrásta-sa, agus iarraim ort go h-úmhal an
díogras san do thabhairt dom, agus mé dhéanamh páirt-
each leis na cáirdibh naomhtha san 'n-a ngrádh dhuit-se
agus 'n-a gcómhluadar beannuighthe féin.



CAIBIDIOL A CÚIG-DÉAG.



LE h-ÚMHLUIGHEACHT AGUS LE DIÚLTÚ DO
DHUINE FÉIN ISEADH GHEIBHTEAR GRÁSTA
NA CRÁIBHTHEACHTA.



GUTH CHRÍOST.



1. Ní foláir duit grásta na cráibhtheachta d'iarraidh
go h-ana dhian agus go h-ana dhúilmhar, fanmhaint leis
go foidhneach agus go mainghíneach, ansan, é ghlacadh
go buidheach, é chimeád le h-úmhluigheacht, beart a
dhéanamh d'á réir go cruinn, agus tráth agus cuma an
ghrásta san do theacht chúghat a dh'fhágaint fé Dhia féin
go dtí gur b'é a thoil naomhtha teacht ag triall ort.



Nuair a bhrathann tú thú féin gan aon chráibhtheacht
ad' chroídhe agat, nó gan agat ach fíor bheagán di, an
uair sin iseadh is ceart duit tú féin d'úmhlú go spis-
ialta, ach gan tuitim i lionndubh ar fad ná i mbuairt
ró mhór.



Is minic a bhronnann Dia i n-aon neómat amháin aim-


L. 280


sire rud a bhí aige 'á chimeád siar ar feadh mórán
aimsire. Bronnann Sé, uaireanta, i ndeire an ghuidhe,
rud a bhí aige 'á chimeád siar i dtosach an ghuidhe.



2. Dá dtugadh Dia a ghrásta do'n duine, do réir
toile an duine, gach aon uair a dh'iarrfadh an duine air
é, níor bh'é leas an duine é, mar tá an duine ró lag.



D'á bhrígh sin ní foláir do'n duine foidhne bheith aige,
agus mainighin, agus fanmhaint go h-úmhal go dtí gur
b'é toil Dé grásta na cráibhtheachta do thabhairt dó.
Ach ad' thaobh-sa, nuair ná tugtar duit an grásta san,
nó nuair a tógtar uait é a gan fhios do'n tsaoghal,
tuig at' aigne gur b'iad do pheacaí fé ndeár san.



Uaireanta is rud suarach a choisgeann, nó a cheil-
eann, grásta; mura ceart dúinn a rádh nách rud
suarach i n-aon chor, ach gur rud ana mhór, an rud a
choisgeann maith chómh mór.



Ach bíodh an cosg beag nó mór, má chuireann tú as
an slíghe é, agus an lámh uachtair fhagháil air, gheóbhair
an nídh a bhí uait.



3. Mar, chómh luath agus thabharfair thú féin suas do
Dhia, ó d' chroídhe go h-iomlán, agus ná beidh tú ag lorg
an ruda so nó an ruda úd chun do thoile féin do
shásamh, ach tú féin d'fhágáilt fé thoil Dé ar fad, moth-
óchair thú féin ar aon toil le Dia, agus suaimhneas ar
t' aigne. Ní'l aon nídh is mó a thugann sásamh aigne
do'n duine 'ná a thuisgint go bhfuil sé ar aon toil le
Dia na Glóire.



An t-é, d'á bhrígh sin, a dh'iompóchaidh a aigne suas
chun Dé le h-aoine croídhe agus do chuirfidh uaidh glan
gach grádh ainshrianta agus gach fuath ainshrianta do
neithibh cruthuighthe, beidh sé oireamhnach go maith chun
grásta do ghlacadh ó Dhia agus chun na cráibhtheachta
dh'fhagháil.


L. 281


Mar sgaoileann Dia a bheannachtaí isteach sa
n-árthach a gheibheann Sé folamh.



Agus d'á iomláine a sgarann duine é féin ó neithibh
saoghalta, agus do bhásuigheann sé a dhroch mhianta féin
agus gach suim ann féin, iseadh is tapamhla a thiocfaidh
grásta Dé chuige, agus iseadh is líonmhaire do ruithfidh
grásta Dé isteach 'n-a chroídhe, agus iseadh is aoirde
a tógfar suas a chroídhe chun Dé.



4. Ansan iseadh gheóbhaidh sé radharc, agus maoin,
agus beidh iongnadh air, agus méadóchaidh a chroídhe
istigh ann, toisg lámh Dé bheith leis, agus gur chuir sé é
féin isteach i láimh Dé ar fad i gcóir na síoruidheachta.
Féach, sin mar a cuirfear beannacht ar an nduine do
loirgeann Dia le n-a chroídhe go h-iomlán agus nách i
n-aistear a ghlacann sé a anam. Nuair a ghlacann
duine de'n tsórd san Corp Naomhtha an Tighearna
gheibheann sé an tabharthas mór san, .i. bheith dlúithte
le Dia, mar ní h-ar a chráibhtheacht féin ná ar a shólás
féin a bhíonn sé ag cuimhneamh, ach, thar gach cráibhtheacht
agus thar gach sólás, ar ghlóire agus ar onóir Dé.



CAIBIDIOL A SÉ-DÉAG.



IS CEART DÚINN A NOCHTADH D'ÁR SLÁNUIGH-
THEÓIR CAD 'TÁ I N-EASNAMH ORAINN,
AGUS A IARRAIDH AIR A GHRÁSTA THABHAIRT
DÚINN.



GUTH AN DEISGIOBUIL.



1. A Thighearna ró mhilis, ró ghrádhmhar, is mian liom
anois Tú ghlacadh le cráibhtheacht. Is eól duit-se go
bhfuilim lag, agus gur mór atá i n-easnamh orm. Is


L. 282


eól duit méid na locht atá ionam, agus is eól duit
mo dhroch chleachta. Gur minic orm troma-chroídhe,
agus cath, agus buaireamh, agus peaca.



Táim ag teacht ag triall ort-sa anois a d'iarraidh
leighis, a d'iarraidh sóláis, a d'iarraidh cabhrach.



Táim ag caint leis an t-É go bhfuil fios gach uile
nídh aige. Chíonn Tú a bhfuil istigh am' chroídhe. Is
Tú amháin a dh'fhéadfaidh sólás agus cabhair a thabhairt
dom.



Is eól duit cad iad na maitheasaí atá i n-easnamh
orm, agus cad é mo dhealbhas ó shobhailcíbh.



2. Féach mé am' sheasamh, bocht, nocht, anso os do
chómhair, a d' iarraidh grásta agus trócaire ort.



Tá ocras orm; tabhair-se do bhiadh dhom. Tá fuacht
orm; téidh mé le d' ghrádh. Táim dall. Tabhair radharc
dom le solus do shoillse atá anso am' láthair.



Tabhair dom seirbhthean ar gach nídh saoghalta; foidhne
i n-aghaidh gach dochair agus gach trioblóide; neamhshuim
ins gach nídh cruthuighthe d'á bhfuil anso thíos.



Árduigh mo chroídhe suas chúghat féin ins na flathais,
agus ná leig dom bheith ag imtheacht ar seachrán ar an
dtalamh so.



Ná leig dom aon mhísleacht fhagháil feasta i n-aon
nídh eile, go deó, ach ionat-sa; óir is Tusa amháin mo
bhiadh; mo dheoch; mo ghrádh; mo thaithneamh; mo mhís-
leacht; mo mhaith ar gach aon tsaghas cuma.



3. Ba mhaith liom anois, ó taoi'nn Tú am' láthair anso,
go lasfá mé agus go loisgfeá mé le neart do ghrádha
i dtreó go n-atharóchthá mé chúghat féin, agus go ndéan-
fadh díom-sa agus díot-sa aon spioraid amháin, tré
neart do ghrásta agus tré theine do ghrádha, am' leaghadh
agus am' tháthú leat.



Ná leig uait mé go tartmhar agus go h-ocrach, a


L. 283


Thighearna, ach dein liom do réir do thrócaire, mar a
dheinis go minic le d' naoimh, nuair a dheinteá obair
mhírbhuilteach ortha.



Níor bh' aon iongnadh dá mbeinn tré theine ar fad
uait, agus nách mé féin a bhéadh i n-aon chor ann, agus
gur teine Tú atá síor bheó agus ná trághann a teas
choídhche; gur grádh Tú do ghlanann an croídhe agus
do shoillsigheann an aigne.



CAIBIDIOL A SEACHT-DÉAG.



AG GLACADH AN CHUIRP NAOMHTHA DHÚINN BA
CHEART ÁR NGRÁDH BHEITH AR LASADH AGUS
DÚIL ANA MHÓR A BHEITH AGAINN SA
CHOMAOINE.



GUTH AN DEISGIOBUIL.



1. Is é mo dhúil, a Tighearna, Tú ghlacadh le cráibh-
theacht ana mhór, le grádh ar lasadh, le cion mo chroídhe
go léir, fé mar a dheineadh a lán des na naoimh agus
de dhaoinibh diadha eile. Bhíodh dúil ana mhór acu Thú
ghlacadh, agus dheinidís iad féin taithneamhach ad' láthair
le naomhthacht a mbeatha agus le neart a gcráibhtheachta.



Ó, a Dhia, mo ghrádh go deó Tú! Is Tú m' aon mhaith
agus m' aoibhneas, a mhairfidh do shíor! Is mian liom
Thú ghlacadh leis an ndúil ba dhéine, leis an uraim dob
uaisle, d'á raibh riamh ag aoinne des na naoimh' nó d'á
bhféadfadh a bheith.



2. Agus, bíodh nách fiú mise na tréithe móra cráibh-
theachta san go léir a bheith ionam, tugaim suas duit


L. 284


ionmhuine mo chroídhe ar fad, chómh maith agus dá mbéadh
na tréithe móra san go léir ar lasadh ionam-sa agus
gan iad i n-aoinne eile.



Bronnaim suas ort, 'n-a theannta san, le h-uraim
agus le díogras, gach smuíneamh fóghanta go bhféadfadh
aigne chráibhtheach machtnamh air nó é mhothú.



Ní h-áil liom aon nídh do chimeád agam féin, ach gach
a bhfuil agam, agus mé féin leis, do thabhairt suas, ó
chroídhe agus le lán toil, duit-se.



A Thighearna Dia, a Dhia do chruthuigh mé, a Shlánuigh-
theóir a cheannaigh mé, ba mhaith liom thú ghlacadh indiu,
dá mb'fhéidir é, leis an ionmhuine, leis an uraim, leis an
onóir, leis an mbuidheachas, leis an stuaim, leis an
ngrádh, leis an ndóchas, leis an ngeanmnaidheacht, leis
an annsacht, a bhí i gcroídhe na Maighdine Muire, do
Mháthair ró naomhtha, nuair a thug sí ar an aingeal an
freagra úd: Féach, mise cailín an Tighearna. Deintear
liom do réir t' fhocail.



3. Agus fé mar a phreab Naomh Eóin Baiste le
h-áthas, nuair a tháinig grásta an Spioraid Naoimh air
agus é i mbroinn a mháthar, nó fé mar a labhair sé 'n-a
dhiaigh san, le h-iomarca úmhluigheachta, nuair a chonnaic
sé an Slánuightheóir ameasg na ndaoine, agus adubhairt
sé: Cara an Nuachair, nuair a bhíonn sé 'n-a sheasamh
ag éisteacht leis, bíonn áthas ana mhór air mar gheall
ar ghuth an Nuachair. Ar an gcuma gcéadna san is
eadh ba mhaith liom-sa mo chroídhe bheith lán de dhúil
naomhtha ionat agus d' áthas, nuair a ghlacaim Thú, agus
mo chroídhe thabhairt suas ar fad duit.



Agus tugaim suas duit anois an t-áthas a bhíonn i
gcroidhthibh na bhfíoraon go léir, a n-annsacht, a ndlúth-
mhachtnamh, an solus spioradálta a gheibhid siad, a
n-aislingí beannuighthe, na mírbhuiltí a dheinid siad, an


L. 285


moladh a tugtar do Dhia d'á mbárr ar neamh agus ar
talamh; tugaim suas duit iad go léir ar mhaithe le m'
anam féin agus ar mhaithe le h-anam gach Críostaidhe
go bhfuil orm guidhe dhéanamh ar a shon; ionus go ndéan-
fadh gach aoinne Tú mholadh mar is cóir, agus glóire
thabhairt duit do shíor.



4. Glac mo dheagh-mhéinn, a Tighearna Dia, agus an
dúil atá agam go dtabharfaí dhuit an moladh gan teóra
atá ag dul duit, agus an ghlóire gan teóra atá ag dul
duit, mar gheall ar iomadamhlacht do mhórdhachta nách
féidir a dh'innsint.



Tugaim duit an moladh san agus an ghlóire sin, agus
is é mo dhúil iad a thabhairt duit an uile lá agus an
uile thráth, agus iarraim go cruaidh ar na naoimh agus
ar na h-aingealaibh go léir, a bhfuil ar neamh agus ar
talamh díobh, an moladh san agus an ghlóire sin a thabh-
airt duit am' theannta, agus buidheachas a thabhairt duit
mar gheall ar do thabharthaistíbh.



5. Moladh dhuit ó gach treabhchas daoine, i ngach teang-
ain d'á bhfuil 'á labhairt ar fuid an domhain, agus t'
ainim ró naomhtha, ró mhilis go gcloistear ag teacht, le
binneas agus le h-áthas, amach as a mbéalaibh go léir.



Agus gach aoinne atá ag rádh an Aifrinn uasail,
ghlórmhair, dhoimhinn, agus ag glacadh do Chuirp
Naomhtha, le creideamh láidir agus le cráibhtheacht,
grásta agus trócaire go bhfaighid siad uait-se, agus a
nguidhe go gcuirid siad chúghat le dúthracht ar son mo
leithéid-se de pheacach bhocht!



Agus nuair a bheidh a mian faghálta acu, agus iad
dlúithte leat-sa go lán d'áthas agus de chráibhtheacht
bheannuighthe, agus iad ag fágaint do bhúird ríoga tar
éis an bhídh bhuacaigh a chaitheamh; cuimhnighdís orm-sa
agus déinidís guidhe ar m' anam bocht.


L. 286


CAIBIDIOL A h-OCHT-DÉAG.



NÍ CEART DO DHUINE BHEITH AG SGRÚDÚCHÁN
AGUS AG CEISTIÚCHÁN I DTAOB FÍRINNE
AN TSACRAIMÍNT SEO, ACH GÉILLEADH GO
h-ÚMHAL DO CHRÍOST AGUS A CHÉADFADH
DO CHIMEÁD FÉ SMACHT AN CHREIDIMH
NAOMHTA.



GUTH CHRÍOST



Seachain ceistiúchán agus sgrúdúchán neamhthairbh-
each ar an Sacraimínt ró dhoimhinn seo, nó súghfar thú
síos sa pholl ar a dtugtar mearbhall creidimh.



An t-é bheidh ag iniúchadh ar an mórdhacht, caochfar é
le solus na glóire. Tá ar chumas Dé níos mó a
dhéanamh 'ná mar atá ar chumas an duine a thuisgint.
Curtar suas le bheith ag lorg na fírinne, go h-úmhal
agus go cráibhtheach, má bhíonn duine ollamh i gcómh-
nuidhe ar theagasg do ghlacadh, agus ar intinn chiallmhar
na n-Atharach Naomhtha do leanmhaint.



2. Is maith í an aigne mhacánta dhíreach a dh'iompuigh-
eann i leith-taoibh ó bhóthar na gceisteana cruadha, agus
do leanann an bóthar réidh atá do réir aitheanta Dé.



Tá mórán daoine gur imthigh a gcuid cráibhtheachta
uatha an fhaid a bhíodar ag sgrúdú agus ag taighde ar
neithibh doimhne.



Creideamh iseadh do h-iarrfar ort a bheith agat, agus
beatha mhacánta chaitheamh, agus ní doimhneas inntleachta
ná diamhaireacht mistéirí Dé.



Mura féidir leat neithe atá fé d' bhun do bhreithniú
agus do thuisgint, conus is féidir duit neithe atá os
do chionn do bhreithniú agus do thuisgint?


L. 287


Crom do cheann i láthair Dé, agus cuir do chéadfadh
fé smacht do chreidimh, agus tabharfar duit solus
aigne agus eolus, chómh fada agus is é do leas é.



3. Tá daoine agus curtar cathana cruadha ortha i
dtaobh creidimh agus i dtaobh an Chuirp Naomhtha, ach má
'seadh ní h-iad féin is ciontach leis sin, ach an namhaid
a bheith ag cur ortha.



Ná cuir suim ann. Ná bí ag aighneas le d' smuíntibh,
ná le ceistiúchán an diabhail. Creid briathar Dé;
creid na naoimh agus na fáidhe, agus imtheóchaidh an
mac mallachtain uait.



Is minic gur tairbhe mór do'n Chríostaidhe cathana
de'n tsórd san a dh'fhulang.



Ní chuireann an diabhal cath ar dhroch pheacachaibh agus
ar lucht díchreidimh. Tá greim cheana aige ar an sórd
san. Ar na fíoraonaibh agus ar lucht cráibhtheachta is
eadh bhíonn sé ag imirt agus ag cur a chathana.



4. Gluais ar t' aghaidh, mar sin, i n-ionracas do
chreidimh gan mearbhall, agus tar chun Corp Naomhtha
an Tighearna do ghlacadh le h-uraim agus le h-úmhluigh-
eacht. Agus an nídh nách féidir leat a thuisgint fág
fé Dhia é, agus ná bíodh ceist ort, mar tá cómhacht Dé
gan teóra.



Ní chuircann Dia amú duine. Ach cuireann an duine
é féin amú nuair a bhíonn iomad iontaoibhe aige as féin.



Siubhlann Dia leis an aigne aoin. Foillsigheann
Sé É féin do'n úmhal. Tugann Sé tuisgint do'n leanbh
mbeag. Nochtann Sé eolus do'n chroídhe ghlan.
Ceileann Sé a ghrásta ar lucht an uabhair agus na fiaf-
raightheachta.



Rud lag iseadh résún an duine, agus ní deacair é
chur amú. Ach ní féidir creideamh fírinneach do chur
amú.


L. 288


Is ceart do gach résún daona agus do gach sgrúdú
daona teacht i ndiaigh an chreidimh, i n-inead bheith ag
sárú air, agus a d'iarraidh é bhréagnú. Óir is ag
creideamh agus ag grádh atá an buadh sa tSacraimínt
ró uasal ró bheannuighthe seo, agus deinid siad a
n-obair ann ar shlightibh doimhne diamhara.



Tá Dia síoruidhe, uilechómhachtach, dochuímsighthe,
agus deineann Sé neithe, ar neamh agus ar talamh, nách
féidir do'n duine a thuisgint. Ní féidir oibreacha Dé
do mheas ná do bhreithniú.



Dá mbéadh ar chumas résúin an duine oibreacha Dé
do mheas agus do bhreithniú, níor bh' fhéidir oibreacha
iongantacha, dolabhartha, do thabhanrt ortha.



CRÍOCH

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services