Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deire Fomhair, 1920

Title
Deire Fomhair, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 55 DEIRE FOMHAIR, 1920 Dhá Phinginn a Fhiacha.



SEÁN NA gCLEAS.



Agus deir tú liom nár chuiris aon
aithne fós — fiú amháin aithne na súl — ar
Sheán na gCleas! M'anam gur greanúr
liom é sin, mar mheasas go raibh aithne
fairis na seacht n-aitheanta ag gach éinne
sa cheann sa dhúthaigh ar an mbioránach
chéadna. Ach cuirfidh an eachtra beag
so i n-iúl duit cad é an saghas é.



Bhí Seán 'na chomhnaidhe i bParóiste na
Scairbhe thoir sar a dtáinig sé anoir annso.
Bhí tigh beag cluthair aige ar leathtaoibh an
bhóthair, agus paistín beag talún. Bhí a
shaol ar a thoil aige. Ní raibh de chúram
air ach seana-chapall bán agus bean aosda
de mhnaoi a bhí aige. Ní raibh aon mhuirear
air, agus d'fhág san fastaoimeach go leór
é, agus aga a dhóithin aige chun a chuid
cleas do chur i bhfeidhm ar a chomharsana.



Bhí dochtúir 'na chómhnuidhe tamall beag
uaidh agus ní bhíodh ag clipeadh Sheáin ná
á chrádh ach conus a dh'fhéadfadh sé cleas
éigint d'imirt air. Bhí an dochtúir féin,
an fear bocht, rud beag símplí ann féin,
agus níor dheacair, uaireanta, croicean
do chur ar laogh dhó.



Aon lá amháin tháinig Seán isteach go
dtí na sheana-bhean. “Is dóigh liom, a
Mháirín,” a dubhairt sé, “go n-imreóchad
seift éicint ar an nduine uasal san thall.
Is mór an náire dhom ná fuil a leithéid
déanta agam cheana.”



Siúd leis amach & togha an deabhaidh fé.
Mar sin a bhíodh sé i gcomhnuidhe riamh,
tá's agat, nuair a bhéadh aon rud de'n
tsaghas san ar siubhal aige — aon rud i
bhfuirm cleas'íochta.



Níor ró-fhada gur bhuail sé an doras
isteach arís. “Seadh 'nois, a Sheáin cad
tá déanta agat ó shoin?” arsa Máirín,
agus sceitimíní uirthi chun é chlos. “Cuma
san go fóill,” arsa mo bhuachaill, agus
saothar na h-oibre air. “Beidh sé isteach
chúghainn ar ball agus sraidhn feirge air,
agus ní mór dúinn bheith ullamh roimhe.”
Stad sé go ceann nóimit agus é ag
féachaint i bhfad uaidh. “M'anam ó'n
bhfiach, a Mháirín, muna bhfuil sé agam!
Sin é díreach glan é! Seo leat, a chailín,
agus tógaimís an corcán leitean so de'n
teine. Brostuigh ort, a bhean mhaith, agus
scaoil an teine sin agus gach uile phioc
de'n luaith an doras amach. Déanfaidh
sé an bheart go h-áluinn.”



Níor bh'fhada gur tháinig an dochtúir an
bóithrín isteach agus a dhá dhorn fáiscithe
aige le neart na feirge. “Th'anam ón
riabhach, a chladhaire,” ar seisean, “agus
má bheirim greim ar do scrogal scórnaighe
stracfad an t-anam tur te asat. Cad
do b'áil leat an seana-chapall san —?”



Le linn na h-uaire sin díreach, d'fhéach
sé ar an gcorcán. É suidhte ar lár an
úrláir agus é ag plubarnaigh go tréan.
An teaghlach fuar fuar, agus nár dhóigh
leat air go raibh teine anuas air le bliain.



“Heló-ó!” arsa dochtúir na buile, agus
a mhéar na bhéal aige, “cad do chuir an
corcán san ag fliuchaigh agus gan aon
rian teine fé?”



“Chuir, a mhic ó,” arsa Seán, “corcán
é seo a bheirbhíghean uaidh féin gan aon
teine.”



“Is éachtach, éachtach an gléas é, a
bhuachaill, a's nách é an truagh go deó
nach agam-sa atá sé!”



“Aidhe huth!” arsa mo bhuachaill. “Ní
bhfuighir chómh bog san é. Ní h-amhlaidh ná
tabharfainn duit é dá bhféadainn déanamh
'na éaghmuis: ach tá's agat gur sean-fhear
mé, agus tá mo sheana-bhean críona go
leór, agus ní dh'fhéadfaimís teine do
sholáthar dúinn féin dá mbéadh ár n-anam
air.”



Ach scoiltfeadh an bhreab na clocha
glasa. Bhí mo Sheán bocht ag dul i
ndiaidh a chúil, i ndiaidh a chúil, riamh a's
choidhche, gur ghéill sé sa deire, gur thug
sé an corcán uaidh ar sparán maith airgid,
agus a bhean mhacánta ag tabhairt gach aon
chor a's lúb 'na choinnibh go cráite croidhe-
bhriste, Cad do dhéanfadh sí i n-ao' chor i
n-ao' chor gan an corcán, agus í críona
crapaithe? Mo ghreidhn í, an bhean bhocht!



Seo isteach leis an ndochtúir chun a mhná.
“Seo chorcán agam chúghat, 'Eibhlín, a
bheirbheóchaidh gach ní dhuit uaidh féin.
Fuaireas é ó chianaibh ó'n mbioránach
san.”



“Mhuise sláinte chúghat a's saol, a mhic,
agus nach 'in é díreach an rud a theastuigh-
ean uaim! Beidh cúram na teine dhíom
go deó aige agus is lán-mhithid é. Níor
chualaidh éinne a leithéid de scéal riamh
— corcán a bheirbhíghean uaidh féin, má's
fíor a n-abruighean tú.”



“Is fíor go deimhin,” ars an dochtúir.
“Do chonnaic mo dhá shúil é istigh ar lár
an úrláir ag plubarnaigh ubarnaigh go
tréan agus gan teine ná teas ar an
dteinteán.”



“Beidh fhios againn ar ball,” ars an
bhean, “mar beidh na daoine sin go léir
gur thugais cuireadh dínnéir dóibh annso
sar i bhfad agus ní mór liom a luaithe
atá sé agam 'na gcóir.”



Do bhuail sí síos uisce a's feóil sa
chorcán. “Seadh,” ar sise, “féadfaimíd
na prátaí do chur ag beiriú ar ball. Seo
leat anois, a chorcáinín!”



Ach bhí an corcáinín bodhar. Ní raibh
beiriú ná fliuchadh ann. Chorruigh Eiblín
an t-uisce, a's do chorruigh sí an fheóil.
Ach bhí fuar aici bheith ag brath ar aon
chorruighe ó'n gcorcán. Ba beag an
chomhacht beirithe a bhí ann.
Thuig an dochtúir fé'n am so gur
buaileadh bob air. Siúd amach leis chun
sásamh a bhaint de Sheán. Bhí fhios ag
Seán, áfach, go mbéadh sé chuige láithreach.
“Seadh,” ars eisean, “caithifimíd seift
éicint eile d'imirt ar an mbioránach.”
Fuair sé dhá choinín óga. D'fhág sé
ceann díobh istig age n-a mhnaoi i mbosca,
a's do thug sé an coinín eile amach leis
fé'n oscail. “Nuair a thiocfaidh an fear
san,” ar seisean, “abair leis go bhfuilim
ag obair i dtaobh éigint amuigh.”



Mar sin do bhí. Nuair a tháinig an
dochtúir isteach d'fhiafruigh sé de Mháirín
cá raibh Seán. “Tá sé ag obair i dtaobh
éicint amuigh,” arsa Máirín, “muna
bhfuil sé imithe go dtí an baile mór.”
“Glaodhaigh isteach air chúgham,” ars an
dochtúir. “Sin rud ná féadfainn a
dhéanamh ar ór ná ar airgead na cruinne.
Táim críona aosta gabhtha age sna dathacha
anois agus ní gnáthach liom dul i bhfad
ó bhaile. Ní dh'fhéadfainn é. Ach tá
teachtaire beag agam annso a théighean
ag glaodhach air.”



D'imigh sí go dtí an boiscín go raibh
an coinín ann. Thóg sí amach é go
h-aicillíghe cúramach a's dubhairt, “imigh
ort, a bhuachaillín, a's glaodhaigh abhaile
ar do mháistir.” Scaoil sí uaithi an
doras amach an coinín bocht, agus as
go bráth leis nuair a bhuail sé na coisíní
beaga fé.



Bhí Seán amuigh i bpoll éicint, dar
ndó, agus nuair a chonnaic sé an coinín
á scaoileadh amach níor bh'fhaillíghe dhó gan
teacht ar an dtigh agus a choinín féin
fé'n 'oscail aige.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


Ceannóchaimíd uait nó
díolfaimíd leat:



TUIGHE nó ARBHAR nó FEUR



Uainn-ne gheobhair na
SÍOLTA agus an LEASÚ
is tairbhighe amuigh.



Scríobh chugainn. Beidh fáilte
roim litir Gaedhilge againn.



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE, sa' Mhumhan.



CAD É AN LEABHAR É SIÚD
ATÁ UAIT?



Gheóbhaimíd-ne dhuit é; agus
deunfaimíd gnó a' Gaedhilg
leat, más é is fearr leat.



SIOPA NA LEABHAR nGAEDHLACH
45 Sráid ‘Dáson,’
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Bhí árd teist riamh
Ar IM Chorcaighe,
Ach tá teist chomh maith
Ar a cuid Margairín



ós ann a deintear



MARGAIRÍN
an
“LOVING CUP.”



Cuir tuairisc a luachta, &c., ar
SHEUMAS Ó DÁLAIGH & a Chl. Mhac,
Teo.,
ag an Sean-Dún, i gCORCAIGH.



Leath a dhá shúil ar an ndochtúir nuair
a chonnaic sé an coinín isteach chuige ag
an bhfear eile. “An é sin an coinín a
chuaidh amach ag triall órt ó chianaibh?”
ar seisean. “Sé díreach.” arsa Seán.
“Tagan sé amach mar sin gach uile lá,
a's tugaim féin abhaile é, mar ní maith
liom é bheith á chor.” Sé a fhaid ar a
ghiorracht é go ndubhairt an dochtúir go
dtabharfadh sé pé rud a dh'iarrfadh sé
do Sheán ach an coinín a leigint leis.
Deineadh amlaidh, bíodh a's go raibh Máirín
bhocht ag dul i bhfanntaisí le feirg a's
mí-shástacht.



Thug an dochtúir an coinín beag abhaile
leis go dtí n-a thigh féin & mórtas an
domhain air, ach má thug d'imir sé lár an
donais ortha. Nuair a fuair an créatúirín
bocht cead a chos as go bráth leis, agus
níor fhill sé ar an ndochtúir an lá san
ná as san amach. Tháinig néal feirge ós
meódhan ar an ndochtúir. “Níl ach aon
tslí chuige.” ar seisean. “Ní fhillfead
thar n-ais an uair seo gan ceann an
chladhaire sin do thúirt liom.”



Bhí fhios go maith age Seán go mbéadh
an namhaid chuige gan mhoill. “Go siúr-
álta,” ar seisean le n-a sheana-mhnaoi,
“beidh aige anois nó riamh, ach go h-áirithe.
Ach marbhóchaimíd an coileach a's gheóbhaimíd
a chuid fola a's cuirfimíd i mealbhóigín í.”



Mar sin do bhí. Mharbhuigheadar an
coileach agus do ghabhadar a chuid fola
agus do chuireadar isteach sa mhealbhóigín
í. Cheangail sise an mealbhóigín fe n-a
muineál, a's shuidh sí síos ar aghaidh na
teine amach.



Tháinig an dochtúir agus an gomh dearg
air. “Tá deire led shaol agam anois
nó riamh, a bhithúnaigh,” ar seisean. “Mhuise
go deimhin, a dhuin' uasail, ach gurab' in é
an ceart,” arsa Máirín, “mar is minic
a dubhart leis a chuid cleas do chuir uaidh,
a's gan bheith ad chrádh. Sé an stúmpa
amadáin is mó dá —.”



B'in deire na cainnte nár críochnuigh-
eadh; mar ní túisce a bhí an méid sin
ráite aici ná rith mo Sheán aníos ón
ndoras agus do sháidh sé í sa mhealbhóigín
leis an sciain a bhí na dhorn aige. Seo
amach fuil an choilig. Thuit mo Mháirín
'na pleist ar an úrlár. Do leath a dhá
shúil ar an ndochtúir le scannra. Níor
dh'fhan fearg ná cainnt aige. Shil sé
go raibh sí marbh. Ach bhí an croidhe
cruaidh dúr i Seán. “B'fhéidir go bhfan-
fadh sí socair anois go ceann tamaill
agus leogaint dom. Ní dh'fhéadfadh sí
fanúint le h-éisteacht.”



Ar ball, áfach, tháinig aithreachas air,
ba dhóigh leat, agus do thóg sé adhaircín
amach as a phóca. “Seo leat, a Mháirín,”
ar seisean, agus chrom sé ar bheith ag
séideadh ar a h-éadan tríd an adhaircín.
“Cleas beag é sin atá agam-sa,” ar
seisean leis an ndochtúir. “Bíon an
bhean so ana-mhallaithe orm uaireanta,
ach ní bhíon le déanamh agam ach í shádh
sa chroidhe agus leogaint di an teasbach
do chur di nuair a thagan an mhallaitheacht
cheart uirthi.”



Níor bh'fhada gur chorruigh an tseana-
bhean, agus bhí sí ag teacht chúichi féin
gach nóimeat. Thug Seán séideadh eile
dhi agus do scaoil crúiscín uisce anuas
nirthi. Chroth sí í féin agus do phreab
na seasamh, agus gan faic uirthi ach í
bheith ciúin támáilte go maith.



Nuair a chonnaic an t-amadán bocht de
dhochtúir go raibh an tseana-bhean chómh slán
folláin a's a bhí sí riamh, dubhairt sé le
Seán go dtabharfadh pé ní a dh'iarrfadh sé
dhó ach an adhaircín a thábhairt do “mar,” ar
seisean, “tá bean ana-mhí-neáireach agam
féin, agus is minic a chuirean sí chun feirge
mé go mór, agus dá mbéadh an rud san
agam dh'fhéadfainn í bhaint dá cosaibh aon
uair ba mhian liom, agus gan í ghortú
faic.” Dheineadar réiteach, “ach,” arsa
Seán, “beidh gá agam léi anois a's arís,
a's caithfidh tú í thabhairt dom nuair a
bheidh.”



Bhí Eibhlín ag faire go h-imshníomh ag
an bhfuinneóig. Nuair a chonnaic sí a
fear a's a céile ionúin ag teacht abhaile
gan ceann Sheáin na gCleas do chrom sí
ar a teanga d'oibriú go géar mallaithe
ar an bhfear bocht. Do dhírigh sí air d'árd
a's d'fhánaidh go dtí go raibh sé lasta le
feirg aici. Ní dubhairt sé focal. Níor
dhein ach eiríghe as a chorp agus tabhairt
fúithi leis an sciain a bhí 'na ghlaic aige
agus gnó glan a dhéanamh di.



Nuair a mheas sé gur ceart go mbéadh
an faobhar imithe dhi do tharraing sé an
adhaircín amach a's chrom ar bheith ag
séideadh tríthi ar éadan Eibhlín, ach dá
séideadh sé an t-anam as féin ní dh'fhéad-
fadh sé aon chorruighe a bhaint aisti. Scaoil
sé crúiscín uisce anuas uirthi. Scaoil sé
buicéad uisce anuas uirthi. B'é an scéal
céadna aige é. Bhí a bhotún déanta aige
agus bhí fhios aige é.



Raid sé uaidh an adhaircín agus as
go bráth leis an doras amach sar a
mbeadh fhios ag éinne cad do bhí déanta
aige. Ach am briathar go bhfacaidh Seán
ag imeacht é. D'aithnigh sé go raibh an
díobháil déanta; agus siúd na dhiaidh é,
agus gach aon liúgh aige, a's gach aon
tséideadh as an adhaircín, ach sin é nuair
a bhí an scannra go léir ar an ndochtúir
bhocht.



D'imigh sé leis sa sciúird reatha san
a's níor fhill sé ar an dtigh ó shoin. Ní
raibh mórán dá chathú ar Sheán mar bhí
an tigh a's an áit aige féin na dhiaidh.



An t-Athair S. Mac Clúin.



POST DO GHAEDHILGEÓIR.



Tá post do chailín, ag Droichead na
Banndan i gCairbre, sa Mumhain. Gnó
an phárlúis (gan aon chócaireachu) a bheidh
uirre. Í bheith go maith chun Gaedhilg a
labhairt. — Bean Uí Éilithe, Tigh Naoimh
Lachtnán, Droichead na Banndan.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


TALAMH AGUS CURADÓIREACHT.



Is teasc cine ar dhruim an domhain is
mó go bhfuil dúil sa talamh aca ná cine
Gaedheal. Tá an scéal amhlaidh fós aca
go follus agus is ar éigean is féidir
a rádh gur ag dul i laighead atá sé.
D'fhás nósa agus riaghlacha ó thaithighe na
curadóireachta — ón dtreabhadh, an fuir-
seadh, an romhar, an síolchur, &rl., agus
le h-imtheacht aimsire do dhein cainnt-
eanna gnáthacha dhíobh agus atáid anois
'na seanfhoclaibh. Ar an nós céadna le
gnóthaibh eile bhaineas leis an dtalamh,
leis an mbuaile crúidhte, leis an iothlainn,
&rl. Do réir tuigseana na ndaoine ní
raibh aon tsaidhbhreas ach saidhbhreas agus
sochar na talmhan i ndiaidh an chéachta nó
an sruth caol saidhbhir ó shine na bó. Tá
gach seanfhocal i dtaobh crann dá chur
annso agam ó thárla gur fás talmhan iad.



1 — Bíonn an rath ar an gcéachta.



2 — An té leanann béal an chéachta ní
folamh a bhíonn a shac.



3 — Is aoirde fear céachta ar a chosaibh
ná duine uasal ar a ghlúinibh.



.i. Is fearr fear oibre go mbíonn an rath air
ná duine uasal bocht.



4 — Nuair stadann an síol stadann an
fuirse.



Deintear fuirse tar éis an tsíl a leathadh chun
é chlúdach sa chré. Nuair stadann an t-airgead
stadtar den obair.



5 — Is fearr curadóireacht déannach ná
ceannaidheacht luath.



Ceannuidheacht luath .i. bheith ag ceannach lóin do
bheadh ag duine féin dá ndeineadh sé an cur.



6 — Treabhadh soir agus fuirse siar.



.i. I n-aghaidh a chéile is fearr iad a dhéanamh.



7 — Gach treabhaidhe go caolfhód cam.
Gach treabhadh go caolfhód cam.



Sé treabhadh an fhóid sin an triail is géire ar
threabhadóir.



8 — An soc thall 's an colltar i bhfus.



Ag fear gan chrích.



9 — Treabhadh seaca nó fuirse báistighe.



.i. Obair gan chiall.



10 — Gach ní ar deiseal ach an tseisreach
ar dtuathal.



.i. Chun iad a chasadh.



11 — Ní fearra dho sligh go dtreabhfaidh
sé [ná a shoc ar a ghualainn].



.i. Nuair is é an buidheachas céadna bheadh ar
dhuine — pé aca é bheith olc nó maith.



12 — Ní féidir treabhadh agus tiomáint.



13 — Treabh an t-iomaire atá romhat.



.i. Lean ar do ghnó féin.



14 — Treabhadh na mBrianach.



15 — Meitheal Dhomhnaill Spirín — duine
is beirt [garsún].



Gach meitheal beag lag gan feidhm. Ainm eile:
Meitheal Mustarúin.



16 — Treabhadh muinntire Múrnáin.



.i. Gaisce mór 'á dhéanamh istoidhche agus gan
aon rud a dhéanamh lá ar n-a mháireach.



17 — Cré romhat is móin it' dhiaidh.



Ba cheart cré 'á shluaisteáil rómhat as clais
phrátaí chun ná beadh gannachas cré ort agus ba
cheart an mhóin a bheith á caitheamh siar uait chun ná
beadh easbadh slighe ort chun í leathadh.



18 — Ins an Márta is fearr an síoladóir.



19 Cur na bhFaoille, toradh gan tuighe,
Cur na Márta tuighe gan toradh,
Cur an Abráin tuighe agus toradh.



.i. Le cur arbhair deirtear é sin.



20 — Ní rí agus ní rath gan an oiread
agus a seacht n-oirid a chuiris a
theacht.



21 — Sé an dias is truime is ísle a
chromann a cheann.



.i. Sé an duine fóghanta is lugha go mbíonn
éirghe anáirde air.



22 — Creachadóir tíreach síoladóir fánach.



.i. Fear ná cuireann síol chomh tiugh is ba cheart.



23 — An síol a bhíonn caoch sa chré ní
thagann sí.



.i. Caoch .i. gan súil, gan piacán, gan brigh fáis.



24 — Coirce cúbach craobhach a bhainfeadh
as capall sraodh amach i lár an
lae.



25 — Méaduigheann brobh beart [agus do-
ghníd birt stáca].



26 — Is annamh gort gan déise fiadh.



.i. Diasa gan mhaith. Féach leat lch. 50, uimh. 114.



(Tuille le Teacht.)



An Seabhac.



LÁMH DEARG ÉIREANN.



CEARTÚ.



Do léigheas aiste san “Lóchrann” an mí
ghabh thorainn i dtaoibh na Láimhe Deirge
ar bhrat muintire Néill. Níl an ceart
ag an-té scríobh é in éa' chor. 'Sí an
lámh dheas atá ar an mbrat úd agus
tháinig san anuas ó'n sean-aimsir sar
ar rugadh ár Slánathóir. Do chuir na
seana laocha ana-shuim i gcomhacht Dé
agus do chuireadar an lámh dearg ar
a mbrataibh chun a chur in iúl do chách
go raibh Dia ag cabhrú leo. Cómhartha
comhachta is eadh é. Sé brí na Láimhe
Deirge ná “Dextra Dei” agus sin é
an míniú ceart. D'airigheas an scéal
go minic i dtaobh na beirte flaith agus
connus a ghearr duine aca a lámh chlé
de ach níl san scéal ach scéal. Tá brat
ceart clainne Néill againn-ne sa bhaile
& sé an duine uasal Próinnsias Biggar
ó Bhéal Feirsde a fuair dúinn é agus
a chur dá dhéanamh. Brat bán iseadh é.
Tá lámh dearg deas air agus fé'n láimh
tá an ghairm seo “Lámh Dearg Éireann.”
Má is mian le Seán fíor-sheanchas na
Láimhe Deirge d'fhagháil sgríobhadh sé chun
an fear luaite shuas. “Árd Righ, Béal
Feirsde” sin é an seóladh agus má is
mian leis macasamhail den bhratach a
bheith aige, gheobhaidh sé ó Éamonn Ó Néill
i gCionn tSáile é.



Pilib O Néill.



GNÍOMH É SEO:



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróchaidh san go
mór linn.



I GCÓIR NA FEIRME.



Na h-Úirlisí is fearr
dá ndeintear agus
Síolta ná meathfidh
is uainn-ne gheóir,



Ó LUASA & Ó CONAILL,
Bóthar an Reumonnaigh,
i gCORCAIGH.



Tá togha na n-earraí maithe Gaedhlacha anso.



Gheobhaidh do
Chlann Mhac



TOGHA NA SCOLUÍOCHTA



agus deunfar cúram ar
leith den GHAOLUINN
dóibh, agus beidh gach
cóir ar fheabhas aca



I gCOLÁISTE FHLANNÁIN



le h-ais na h-ÍNSE,
i gCONNDAE GHEAL CHLÁIR.



AN t-ATHAIR LIAM Ó CINNÉIDE,
Ollamh le Diadhacht,
An t-Uachtarán.



TROSCÁN AGUS LEABTHACHA,
ar fheabhas agus ar shaoire.



Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat!



SEÁN MAC EÓINÍN,
‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,’
Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,
CORCAIGH.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


TÁ SEÓGH EARRAÍ
GAEDHLACHA ANSO



sa tsiopa eudaigh is
mó agus is fearr
i gCiarraidhe.



‘R. HILLIARD & SONS Ltd.’
CILL ÁIRNE,



Agus sa t-siopa eile i dTráighlí.



GAEDHEALG DO NA LEANBHAÍ



Tá sí le
fagháil in



IOL-SCOIL NA MUMHAN
i RINN Ó gCUANACH.



Is ann is buige, binne, blasda labhartar í.



Tá scoil ann do leanbhaí óga ón seacht go
dtí a deich mbliana d'aois agus í fé chúram
an “Fhir Mhóir.”



Beidh na páistí chomh compórdamhail agus
dá mbeidís ar a dteinteán féin ag baile.



Scríobh go dtí



“AN FEAR MÓR.”



TÁ BAGÚN
DO PHOBLACHT ÉIREANN
againn-ne;



agus UIBHE, IM
agus SUBH, agus



Earraí Gaedhlacha eile go tiubh.



Ó DONNABHÁIN & MAC CÁRTHA
39 Sráid an Phrionnsa,
i gCORCAIGH.



COMHALTAS CEÁRD-OIDIS
CHONNTAE CHORCAIGHE.



RANGANA GAEDHILGE.



Más maith leat go gcuirfadh an
Comhaltas so ranng Gaedhilge (tráth-
nóna) ar bun in aon cheanntar sa
chonntae, cuir iaratas ag trial orra,
láithreach



Ón rúnaidhe, ó Sh. Ó Buachalla, i
dTigh na Cúirte, i gCorcaigh a gheóbhair
gach eolas i dtaobh na h-oibre.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.



Na Díoltóirí.



Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimíd cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



CABHAIR DÉ.



Bhí bean bhocht ann fadó agus bhí clann
ana mhór aici. Baintreach do b'eadh í agus
dá bhrí sin is minic a bhí ocras ar a clainn.
Gach lá bhíodh sí amuich d'iarraidh déirce
agus nuair a gheobhadh sí an déirc deireadh
sí i gcomhnuidhe, “b'fhéidir le cabhair Dé
go bhfaghainn mo dhóthain do'n lá indiu.”



Aon lá amháin chuaidh sí isteach go bean
saidhbhir agus í ag rádh “Cabhair Dé.” Thug
sí sin déirc chúichi tar éis tamaill agus
annsan d'iarr sí uirri “Cabhair Dé a dhíol
agus go dtabharfadh sí céad púnt di.”
“Dá bhfaghainn an domhan go léir.” ars
an bhean bhocht, “ní dhíolfainn ‘Cabhair
De.’” Nuair a chuala an bhean saidhbhir
an méid sin cainnte d'eirigh sí ar buile
agus do chuir amach an doras í



Nuair a tháinig sí abhaile an oidhche sin
bhí a leanbhaí ag gol le tart agus le
h-ocras. Ní raibh sí i bhfad istigh nuair
a chuala sí géim bó ag an ndoras. Chuaidh
sí amach agus chonnaic sí an bhó ar an
mbannrach agus í ag tabhairt a cuid
bainne. Chuaidh sí isteach agus dubhairt
sí léi féin, “ní bheidh aon ní le déanamh
agam léi,” mar cheap sí gurab amhlaidh
a chuaidh an bhó ar seachrán. Tar éis
tamaill tháinig an géim aís chun an
dorais. Bhí iongna mór uirri an t-am
so. Chuaidh sí amach agus chonnaic sí an
bhó agus fear 'na sheasamh 'na h-aice.
Do labhair an fear agus ar seisean léi,
“Ca' na thaobh ná crúdhann tú an bhó?”
“Mar nach liom féin í,” ar sise. “Crúidh
í,” ar seisean, “mar teastuigheann sé
go mór uaithi.” Do chruidh sí an bhó agus
do thug sí an bainne do sna leanbhaí &
bhaineadar an tart díobh féin leis. Ach
níor bhain san an t-ocras díobh. Bhí sí
chun iad do chur a chodladh na dtrosca
mar ní raibh ach giota beag aráin aici
le tabhairt dóibh ar maidin ach le na linn
sin tháinig an fear céadna isteach arís
agus d'fhiafruigh sé dhi cad a bhí ag cur
na leanbhaí ag gol. “Mar ná fuil aon
ní le n'ithe aca,” ar sise. “Cad tá ins
an bhosca úd thall?” ar seisean. “Níl
aon ní anois ann,” ar sise, “min is plúr
a bhíodh ann.” “Féach isteach ann,” ar
seisean, “b'fhéidir go bhfuil rud éigin
ann.” “Ní h-aon mhaitheas é,” ars an
bhean. “Ná bac san, féach ann,” ars an
fear. D'fhéach sí isteach agus do leath
a dhá súil uirri mar bhí sé lán d' arán.
Chuaidh sí ar a dhá glúin agus thug sí
buidheachas do Dhia. “Cé h-é tusa?”
ar sise. “Mise an Slánathóir,” ar seisean,
“agus nuair ná díolfá Cabhair Dé ní
fheicfir aon lá dealbh go deo.”



Máire Ní Ghríobhtha,
Scoil na Trócaire, Cill Áirne.



ÓN MUILEANN.



Ag an scrúdú i mbliana i gColáiste an Daingin
do h-iarradh ar na scoláirí scéal a cheapadh as na
h-adhbharaibh so leanas:



Fear do ghoid sparán.



Tigh tabhairne.



“Ní cheileann meisce rún.”



Príosún.



Pádraig Ó Dubhda (sé bliana déag) do sgríobh
an sgéal so leanas. Níor athruigheadh aon ní ann
ach litriú cúpla focal. Tá adhbhar scríbhneóra i
bPádraig.



Bhí fear ann fad ó agus bhí ana-dhúil i
n-ól aige. Seán Salach a tugtaí air, mar
bhíodh gach uile bhalcais dá mbíodh air lán
do phluda & do aindise ó bheith á chaitheamh
féin ar na bótharaibh. Ghoidfeadh Seán rud
leis dá bhfaigheadh sé é agus dá bhrí sin ní
thugadh muintir na h-áite aon ionntaoibh
leis, agus ní fhágfaidís aon ní roimis le
goid nuair a ghabhfadh sé chúcha. Dubhart
cheana go raibh dúil ag Seán san ól agus
ní bhíodh pósadh ná aon spórt eile san
áit ná go mbíodh sé ann gan cuireadh
gan iarraidh.



Lá, chuaidh Seán an Daingean agus ní
raibh aon phingin airgid aige. Ghaibh sé
thairis tigh tabhairne agus chonnaic sé istigh
na daoine ag ól. “Ó moí!” ar seisean,
“nach breágh a bheith annsan istigh ag
scaoileadh siar streancán do san. Seadh
mhuise, má tá foramad agam-sa libh-se,
beidh foramad agaibh-se liom-sa fós.”
Seo leis agus chonnaic sé sean-bhean a
dul isteach i dtigh eile. “Seadh mhuise,”
ar seisean, “ní bhead-sa gan airgead
anois,” ar seisean. Súd leis isteach 'na
diaidh agus bhí an tsean-bhean bhocht agus
í iompaithe isteach i gcoinnibh an fhalla
agus a sparán tógaithe amach aici agus
í ag cóireamh go tiugh. N'fheaca sí an
ropaire bitheamhnaigh ag teacht isteach ná
ní fheaca sí istigh é, nó gur sciob sé an
sparán uaithi, agus gur chuir do an doras
amach. “Dhere,” ar seisean léi, “níl aon
ghnó agat-sa do san.” Nuair a chonnaic
an tsean-bhean an sparán imithe agus ná
feadair sí cé rug uaithi é, leig sí osnadh
agus thuit sí i bhfanntais. Ní fheaca
bean a' tighe í go ceann tamaill, agus
nuair a chonnaic sí í agus í ag crothadh
na gcds, tháinig uathbhás agus scanndra
uirthi, ní nárbh iongantach dí. Rith sí
chúichi agus thug sí deoch uisce dhi. Tháinig
sí chúichi féin i gcionn tamaill & d'fhiafruigh
bean an tsiopa dhi cad a tháinig uirthi.
“Ó,” ar sise, “ropaire bitheamhnaigh a
ghoid mo sparáinín uaim agus n'fheadar
cár imigh sé.



Bhí an bitheamhnach, an uair sin, agus
é imithe go dti áit eile do'n mbaile
agus é sáidhte istigh i dtigh tabhairne
éigin. Bhí sé ag ól nó go raibh for
mhór an airgid caithte aige. Bhí sé ar
meisce agus é ag tuitim ins gach aon
áit. Nuair a bhíodh sé seo ar meisce i
gcomhnuidhe, bhíodh ana-dhroch-chainteanna
ar siubhal aige, agus mór mór an turus
so, mar bhí sé ar deargmheisce. Níl
aoinne a ghaibheadh thairis ná go mbíodh
sé ag easganaidhe, agus a glaodhach gach
ainm fé'n spéir ortha. Gaibh píléar an
treó agus nuair a chonnaic Seán é,
“Dhere, a dhiabhail,” ar seisean, “anois
an t-am agut má tá aon mheas agat
ort féin —.” Nuair a chonnaic an
píléar é d'fhéach sé go feargach ar Sheán.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk.


L. 5


“Cad é an fhéachaint seo agat orm, a
dhiabhail,” arsa Seán. “Come to the
Barrack!” ars an píléar. “Ná'n diabhal
é,” arsa Seán.



Cheangail an píléar lámha Sheáin las-
tiar dá dhrom agus thug leis go cró na
bpóilíní é, agus d'fhan sé annsan ar feadh
trí lá agus an tríú lá cuireadh cúirt air
agus ceistigheadh é i dtaobh go raibh sé
ar meisce.



Fuair na póilíní amach gur ghoid sé
sparán na sean-mhná agus chaith Seán
bocht gach aon leath-phingin do a thabhairt
di arís agus fuair sé príosún ar feadh
dhá mhí mar gheall air. Nuair a scaoileadh
amach é, deirim leat, ná chuaidh sé go tigh
an tabhairne, ach d'imigh sé go ciúin abhaile
do féin agus n'fheaca aoinne riamh ó shin
Seán ag goid ná ar meisce.



Ó BHAILE MHÚIRNE.



Circín, chochallach chochallach
Circín chochallach ghléigeal
Circín chochallach chochallach
Do fhás mar olainn na gcaéreach.



Cumé ná deaghais go dtí an margadh?
Cumé ná deaghais go dtí 'n t-aonach?
Cumé ná deaghais ná deaghais?
* A chircín chochallach ghléigeal.



* Uaireanta: “mar bhí an mhaidin ró ghaothmhar”
nó mar bhí an t-ainm ró dhéanach.



Sin a bhfuil ann de, ann de,
Sin a bhfuil ann de, an giob,
Sin a bhfuil ann de, ann de —
Firín beag geanncach dubh.



Giob = blúire. annso = abhar fir, firín.



ag so stiúrú an rinnce.



Lámha treasna síos annso,
Deas is clé suas annso;
Tar-se liom síos annso,
'S raghadsa leat suas annso.



A chailiní, cuiridh le chéile
Is deinidh a(n) rínnce Gaedhlach.
Seachanuídh barra mo mhéire
Gur bhaineas an ceann aréir di.



agallamh an dá phríochán.



1adh Príochán: Bác, bác, fuair a(n) capall
bás.



2adh P: Cá bhfuair sé bás?



1adh P: I gConntae a(n) Chláir.



2adh P: An bhfuil sé méith?



1adh P: Suíll go léir.



2adh P: An leogfá mise leat?



1adh P: Th'anam 'on phláig, níl ann ach
uaillín * chnámh.



* Bóín nó seanduine, &rl., a bheadh ana-lom
ana-bhocht. [“Cúilín cnámh” adeirtear leis, leis. —
F. an L.]



agallamh.



God é sin in áirde ar do chúlóigín, a
fhionnóigín bheag liath?



A dtabharfá liobairín domhsa, a fhionn-
óigín?



Pláisg, féin, pioc.



Cad na thaobh san, a fhionnóigín?



Mar bheidh cóisire mhór mhaith agam féin
amáireach.



Cia h-iad san, airiú, a fhionnóigín?



Cuitseo caitseo, cormaicín; dritheáir
do mhac an eireabailín: cúigear sagart,
cúigear fian: Curúrú, ars an príochán
liath.



Seán Ó Murchadha a fuair i mBaile Mhúirne ó
Mhícheál Ó Briain agus ó Chonchubhar Ó Deasmhumhna.



AN BHÁBÓG CHÉIREACH.



Máire (lá, agus í ag rith isteach na seomra):
A Shíle, a Shíle, téanam ort go tapaidh
agus osgail an bosga do chuir m'athair
chugham ó Chorcaigh. Is dóich liom gur
bábóg chéireach atá ann mar do gheall
sé ceann dom.



Síle: Cá bhfuil an bosga?



Máire: Sá tseomra mhór. Seo leat.
Brostuigh ort, athchuingím ort.



(Chuir an bhuime a cuid oibre ar
leathtaoibh agus lean sí Máire chun
an tseomra mhóir. Do bhí bosga mór,
d'adhmad bhán, ar chathaoir ansúd.
D'osgail an bhuime é. Do chonnaic
Máire ceann fionn dualach na bábóige
áilne céireach. Leig sí gáir áthais
aisti, agus do theastuigh uaithi breith
ar an mbábóig a bhí clúdaithe le
páipéar.)



An Bhuime: Tabhair aireachas! Ná beir
uirthi go fóill. Déanfair gach aon
ní bhriseadh. Tá an bhábóg ceangailte
le sreangaibh.



Máire: Bris iad. Tarraing iad go mear,
a bhuime, go bhfaghad mo bhábóg.



(Ansan i n-inead iad do bhriseadh
ná do tharrang, is amhlaidh do rug an
bhuime ar a siosúr agus do ghearr sí
na sreanga, bhain sí na páipéir de'n
bhábóig agus ansan bhí neart do Mháire
an bhábóg ba dheise dá bhfeaca sí riamh
thógaint na baclainn. Bhí gruadhna na
bábóige ar dhath an róis agus tobairíní
beaga ionta. Súile geala gorma. An
muinéal, an brollach, agus na lámha
déanta de chéir agus iad go h-áluinn
agus go gleoite. Bhí culaith chanta
uimpi. Racaitín de mhuslin triopalach
crios gorm, stocaí cotúin & bróigíní
dubha de leathar lonnrach.)



(Do phóg Máire arís agus arís eile
í, agus ansan ghá thógaint na baclainn
siúd ag léimrigh agus ag rinnce í.)



(Bhí a gaol Pól ar cuaird aici an
uair chéadna agus nuair d'airigh sé na
gáirí go léir siúd isteach chúiche é.)



A Phóil, féach ar an mbábóig áluinn
chuir mo dhaidí chugham.



Pól: Tabhair dhom í go bhfeicead níos
fearr í.



Máire: Ní dhéanfad. Dhéanfá í bhriseadh



Pól: Am briathar go dtabharfad aireachas
maith dhi. Tabharfad thar n-ais duit
láithreach í.



(Do thug Máire an bhábóg dá gaol
ansan ghá rádh leis togha an aireachais
thabhairt di agus gan leigint di tuitim.
D'iompuigh Pól an bhábóg agus do chas
agus d'fhéach uirthi do gach taoibh agus
ansan shín sé thar n-ais chúiche í agus
bhain sé crothadh as a cheann.



Máire: Cad na thaobh duit do cheann a
chrothadh, airiú?



Pól: Mar ná fuil an bhábóg ró láidir.
Is baoghalach liom go ndéanfair í
bhriseadh.



Máire: Ó! Ná bíod eagal ort. Táim-se
chun an oiread san aireachais thabhairt
di nach baoghal go mbrisfead choidhche í.
Iarrfad ar Mhamí cuireadh thabhairt
d'Eibhlín agus do Cháit teacht ar
cuaird chughainn chun go dtaisbeánad
mo bhábóigín deas gleoite dhóibh.



Pól: Déanfaidh siad í bhriseadh.



Máire: Ní dhéanfaid. Táid siad ró mhaith
chun mé bhuaireamh mar sin lem bábóig-
ín a bhriseadh.



(Lár na bhárach do chíor agus do
ghléas Máire a bábóg mar go raibh
a cáirde ag teacht.)



Gheobhair ó
LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ
de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



105 SRÁID PÁDRAIG,
CORCAIGH.



(‘LUKE BURKE’)



AR MHAITH LEAT
£5,000,000
A CHIMEÁD IN ÉIRINN?



Bheirid Gaedhil na h-Éireann
an carn mór san airgid gach
bliain do Sheán Buidhe i ngeall
ar airgead urrúis
AR LOSCADH AR THIONÓISC; agus
AR SHAOGHAL DAOINE,
agus cailliúint cheart d'Éirinn iseadh £80
a' gach £100 de sin!



Tá cualucht Gaedhlach urrúis
anois ann:



‘AN GAEDHAL-CHUALUCHT
TAIGHDE UM URRADHAS
NÁISIÚNTA, TEÓRANTA’



(‘The Irish National Assurance Co. Ltd.’)



agus neart dóibh gach saghas
urrúis a dheunamh. Cimeádfid
siad an t-airgead i n- Éirinn
chun gnóthaí na h-Éirinn a
chothú agus obair a sholáthar
do Ghaedhlaibh. Tá an méid seo
aca: £60,000, agus é curtha
i dtarrac i ngnóthaí Gaedhlacha
nó sa bhannc. £1,500 gach
seachtain an teacht isteach;
agus é ag meudú ó sheachtain
go chéile. (Mí Iúil, 1920.)



An Árd-Oifig ag 30 Faiche an Choláiste,
in Áth Cliath, Cois Life, agus oifig eile ag
34 Sráid Mharlboro, i gCorcaigh, Cois Laoi.



Déin do chuid urrúis
leis an gCualucht so!



NÁ BÍ AG SEÓLADH NA
GCOINÍNÍ THAR LEAR!



Ceannócham-na coinín, nó MÍLE COINÍN uait,
ar an bpinginn is aoirde. Ní ghadh aon cheann
do chur sall chún an tSasanaigh. Scríobh indiu
chughainn:



‘SIOPA LÓIN
UÍ DHONNABHÁIN,’
SRÁID AN PHRIONNSA, CORCAIGH.



Gheobhair togha Earraí Gaedhal anso.



“EUDACH na DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball
in a deintar é — Muileann Éadaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.


L. 6


I gCORCAIGH
A DEINTEAR.



Tacán do mhais na bprátaí
é sin; é den tsean-shaghas
Gaedhlach.



GACH RUD RIAMH I BHFUIRM
ÁRTHAIGH AIRGID IS FÉIDIR
É DHEUNAMH SA TSIOPA SO:



Cupáin, Cuacha, agus Cuirn;
agus
Áraistí i gcóir Té nó Caifí.



EARRAÍ DON TEAMPALL
mar atá: Cailísí, Monastráin,
‘Ciboria,’ Coinnleóirí, Clogana,
agus Seastáin Leabhar Aifrinn,
Altóirí Adhmaid, Páileana
agus Crannóga.



Scríobh ag trial orainn d'iaraidh
leabhráin na ndealbhán agus fios
luachta na n-earraí:



LIAM MAC AODHGÁIN
is a Chl. Mhac,
Seódóirí agus
Gaibhne Geala,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Churtánaigh, i gCORCAIG



Scriobh chuige.



(Nuair do bhí sí ag cur uimpe, mheas
sí go raibh an bhábóg go mílítheach.)



B'fhéidir go bhfuil fuacht uirthi. Tá
a cosa chomh fuar leis an lic oidhir.
Cuirfead fé'n ngréin tamaillín í i
dtreo go bhfeice mo cháirde go bhfuil-
im ag déanamh cúraim mhóir di agus
go bhfuil ana chion agam uirthi.



D'imigh Máire ansan agus chuir sí
an bhábóg fé'n ngréin ar fhuinneóig an
tseomra. “Cad tá agat dhá dhéanamh
ag an bhfuinneóig, a Mháire?” ars a
Maimí léi.



Máire: Táim ag téigheamh mo bhábóige, a
Mhaimí. Tá sí ana-fhuar.



An Mháthair: Tabhair aireachas. Déanfair í
leaghadh.



Máire: Ó, ní baoghal dí, a Mhaimí. Ní
dhéanfad. Tá sí chomh cruaidh leis an
gcloich.



An Mháthair: Ach déanfaidh an teas í bhogadh.
Bainfidh matalong éigin di, deirim-se
leat.



Níor theastuigh ó Mháire a maimí chreid-
iúint. Chuir sí an bhábóg sínte siar sa
ghréin.



An nóimeat san, d'airigh sí fothram
caráiste. Is iad a cáirde do bhí ag teacht.
Rith sí léi na gcoinnibh. Do bhí Pól rómpa
ag an ndoras agus siúd isteach sa phárlús
iad go léir agus iad go léir ag cainnt.



Dá mhéid é a neamh-fhoidhne chun na
bábóige dh'fheiscint, isé céad rud a dhein-
eadar ná beannú do mháthair Mháire.
D'imigheadar leo ansan i dtreo Mháire
go raibh an bhábóg na baclainn aici agus í
ag féachaint uirthi le h-iongna agus le
h-alltacht.



Eibhlín (ag féachaint ar an mbábóig): Tá
an bhábóg dall. Níl aon tsúil aici.



Cáit: Nach é an truagh é agus í chomh
gleoite sin.



Eibhlín: Ach cad do bheir dall í. Ní foláir
nó bhí súile aici.



Ní dubhairt Máire focal. Do bhí sí ag
féachaint ar an mbábóig agus í ag gol.



An Mháthair: Dubhart-sa leat, a Mháire,
go mbainfeadh bárthan do'n bhábóig dá
ndeinteá í chur sa ghréin. Is ámharach
ná raibh sé d'uain ag an aghaidh ná ag
na lámhaibh leaghadh. Fan anois, a chuid
liom. Ná bí ag gol. Dochtúir cliste
iseadh mise. B'fhéidir go bhféadfainn
a súile thabhairt thar n-ais di.



Máire: Airiú, a mhaimí, a stór, ní féidir.
Níl aon phioc dá rian ann.



Do rug an mháthair ar an mbábóig ansan
agus í ag gáirí agus do chroith sí beagán í.
Do h-airigheadh mar a bheadh rud ag cor-
ruighe istigh sa cheann.



“Is iad na súile atá ag déanamh an
fhothraim sin a chloisir,” arsa an mháthair.
“Do leagh an chéir tímpal ar na súilibh
agus do thuiteadar siar na ceann. Ach
tabharfad iaracht ar iad d'aimsiú. Bainidh
de'n bhábóig, a chailíní, an fhaid a bhead-sa
ag ullmhú m'úirlisí.” Leis sin, siúd le Pól
agus leis an dtriúr cailíní óga ag baint
de'n bhábóig. Níor ghoil Máire a thuille.
Bhí sí ar cipíní féachaint cad a thuitfeadh
amach.



Tháinig an mháthair agus a siosúr aici.
Bháin sí an ceann de'n chorp agus na súile
do bhí istigh na ceann thuiteadar amach ar a
glúnaibh. Thóg sí le pionsúr beag iad.
Chuir sí thar n-ais mar ar cheart dóibh bheith
agus chun ná tuitidís amach a thuille, do
dhoirt sí isteach sa cheann, agus i n-inead na
súl, roinnt céireach leaghta a rug sí léi i
gceaintín bheag. D'fhan sí go ceann cúpla
nóimeat go raibh an chéir fuar agus ansan
d'fhuaigh sí an ceann de'n chorp arís.



Níor chorruigh na cailíní beaga. Bhí
Máire ansúd agus dá shúil mhóra uirthi
ag féachaint le h-anaithe ar gach cor. Do
b'eagal léi ná raibh an sgéal na cheart.
Ach nuair do chonnaic sí a bábóg agus í
deisithe agus í chomh gleoite agus do bhí
cheana, do chuaidh sí de léim i n-ucht a
máthar agus do phóg sí go dil agus go
díochra í.



“Gura míle maith agat, a mhaimí a
chroidhe,” arsa sí. “Gura míle míle
maith agat. Éistfead leat feasta,
fágaim le hudhacht.”



Níorbh fhada go raibh churtha um an
mbábóig arís. Cuireadh na suidhe ar
chathaoirín bheag í agus do rugadh chun
siubhail í go buadhach beannachtach.



Bhí Máire ghá mheas lá gur mhaith an rud
bábóga do nighe ó deintear leanbhaí do
nighe. Fuair sí uisge, macdual, galúnach,
agus siúd ag glanadh na bábóige í. Do
ghlan sí chomh maith san í gur bhain sí an dath
go léir di. Do bí a béal agus a gruadhna
go ban mílítheach fé mar a bheadh sí go
breoite agus d'fhanadar mar sin gan dath
i gcomhnuidhe na dhiaidh sin. Do ghoil Máire
ach níor bhain san an dath mílítheach den
bhábóig.



Lá eile, do mheas Máire gur cheart a
folt do chasadh na dhualaibh. Mar sin do
chuir sí páipéiríní ann. Chuir sí an ursal
casta leis an bhfolt gurbh' fhearrda a
déanfí an folt do chasadh. Nuair do bhain
sí na páipéiríní den cheann, d'fhan an folt
istigh ionnta. Is amhlaidh a bhí an ursul
ró-the agus do loisgeadh folt na bábóige
i dtreo go raibh sí chomh maol leis an
bplaosg as an uaigh. Do ghoil Máire ach
d'fhan an bhábóg maol.



Lá eile fós, ó dheineadh Máire ana-
chúram d'oideachas na bábóige, do theas-
tuigh uaithe cúpla cleas nirt do mhúineadh
dhi. Do chuir sí ar crochadh as a chuislean-
aibh í de théadán. Níor choingibh an bhábóg
a greim go maith agus do thuit sí agus
do bhris sí a cuisle. Thug a maimí iaracht
ar í dheisiú; ach ó bhí cúpla píosa dhi ar
easnamh níor bhfoláir an chéir do théigheamh
go mór agus do bhí an lámh sin ní ba ghiorra
ná an lámh eile as san amach.



Uair eile do mheas Máire gur mhór an
tairbhe dá bábóig a cosa do nighe, mar go
ndeineadh na daoine fásta é. Do dhoirt sí
uisge beirithe i mbáisín beag, agus chuir sí
cosa na bábóige isteach ann, agus nuair
do thóg sí amach as iad, do bhí na cosa
leaghta agus d'fhanadar sa bháisín. Do
ghoil Máire ach d'fhan an bhábóg gan na
cosa.



Taréis na dtionóiscí sin go léir níor
thaithn an bhábóg le Máire a thuille do bhí sí
chomh h-uathbhásach, chomh gránna san agus do
bhíodh a cáirde ag magadh fúithi.



Sa deire thiar do theastuigh ó Mháire
a mhúineadh dhi conus dul in áirde ar



‘G.A.A.’ — Camáin Bhreátha Láidre de phréimh na fuinnseóige. Gheóir fios a luachta ó Ch. Ó Conaill agus a Chua.,
Sráid Liadrom, i gCorcaigh


L. 7


chrannaibh. Chuir sí in áirde ar ghéig í,
agus do chuir na suidhe ann í. Ach ní
raibh greim maith ag an mbábóig agus
do thuit sí. Do bhuail a ceann i gcoinnibh
na gcloch agus do briseadh na smidiríníbh
é. Níor ghoil Máire i n-aon chor ámh ach
thug sí cuireadh dá cáirdibh teacht agus
an bhábóg do chur.



Do tháinig Eibhlín agus Cáit maidin i
gcóir adhlacta na bábóige. Do bhíodar
ar na strárthaibh le h-áthas. Agus níor
thaise do Mháire féin ná do Phól.



Máire: Brostuighidh, a cháirde. Bhíomar
ag fanúint libh chun na comhran do
dhéanamh



Eibhlín: Agus cad é mar shaghas comhran é?



Máire: Sean bhosca atá i gcóir breágán
agam. Do dhein mo bhuime é chlúdach
le muslin dearg. Tá sé go h-ana-
dheas. Tagaidh ag féachaint air.



Rith na leanbhaí beaga go dtí seomra
máthar Mháire mar a raibh an bhuime ag
críochnú na h-adhairce agus an tocht le cur
sa bhosca. Do dhein na leanbhaí ana iongna
den chomhrain áluinn sin. Do chuireadar an
bhabóg isteach innte. Agus chun ná feicfí an
ceann briste ná na cosa leaghta ná an lámh
leonta do chlúdigheadar iad le súisín beag
dhe línéadach daithte.



Cuireadh an bosga ar chróchar bheag do
dhein Maimí a shocarú dhóibh. B'áil leo go
léir í dh'iompar ach níorbh fhéidir san ámh
nuair ná raibh slí ann ach do bheirt. Taréis
a lán aighnis agus brú agus áitimh ach go
h-áirithe do socaruigheadh ar Mháire agus
ar Phól, an bheirt ba lugha, d'iompar an
chróchair agus ar Eibhlín agus ar Cháit do
shiubhal, duine aca roimis amach agus an
duine eile aca na dhiaidh, agus ciseán aca
araon lán de bhláthanaibh agus de bhileógaibh
chun iad do chaitheamh ar an uaigh.



Nuair do shrois an tsochraidh gáirdín beag
Mháire do cuireadh an cróchar & an chomhra
'na raibh corp na bábóige boichte ar an
dtalamh. Thosnuigh na leanbhaí ar an uaigh
do thochailt. Chuireadar an bosga anuas
ann. Do chaitheadar na bláthanna agus
na bileóga anuas ar an gcomhrain, agus
ansan an úir. Do leibhéaladar an talamh
go léir tímpal ansan agus do phlanduigh-
eadar dhá lílac ann. Chun deire chur leis
an spórt, ritheadar chun an bhuinneáin uisge
agus do líonadar a mbuicéid bheaga le
h-uisge chun é dhorthadh ar an dá lílac.
Ansan seadh thosnuigh an spórt dáríribh aca
mar luigheadar ar an uisge chaitheamh ar
chosaibh a chéile agus iad ag leanúint a
chéile agus ag rith ó chéile ag gáirí agus
ag liúirigh. Ní fheacthas riamh adhlacadh ba
mheidhrighe ná é. Is fíor ná raibh sa duine
mharbh ach seanbhábóg gan dath, gan folt,
gan cosa, gan ceann. Seanbhábóg ná raibh
grádh ag éinne dhi ná brón ar éinne na
diaidh.



B'shin deire leis an lá, agus ansan
d'imigh Eibhlín agus Cáit abhaile leo féin.
Ach roimh imeacht dóibh d'iarradar ar Mháire
agus ar Phol bábóg eile a bhriseadh chun
go mbeadh adhlacadh eile le déanamh a
bheadh chomh meidhreach chomh sultmhar leis
an adhlacadh aoibhinn sin.



Cormac Ó Cadhlaigh.



TÁ CÓIR MHAITH LOINGEASA
IDIR
ÉIRE AGUS AMERICA
anois. Má tá rudaí le
cur thar lear agat, nó má
tá rudaí le cur chugat ó
America, deunfaimíd-ne
go saor é.



DÚDÁLL is a Chua. Tta.,
Lucht Ionaid do Lucht Loingeasa,
i gCORCAIGH.



ÁIRCÉID NA MUMHAN
‘Robertson, Ledlie, Ferguson and Co. Ltd.’
CORCAIGH.



EUDATHÓIRÍ AGUS TÁILIÚIRÍ
DEN tSAGHAS IS AOIRDE.



Tá rudaí Gaedhlacha le fáil ag gach
cúntúird sa tigh. Cabhraímíd
go fonnmhar le gach
TIONNSCAL GAEDHLACH.



DON DRÁMA NÓ D'AON
TSAGHAS AISTEÓRACHTA:



Culaithe Eudaigh, Peiribhicí,
Hatai agus eile. Tá le
fáil ar chíos.



Feusóga is Folta Bréige,
agus Smeara-dhathú. Tá le
ceannach uainn.



Cuir tuairisc a luachta, &c., orainn:



P. Ó SÚILEABHÁIN is a Chua.,
38, 39 Sráid Uashington,
i gCORCAIGH.



Ceannaigh an
‘GHALLÚNACH CHEILTEACH’
a dheinean Muinntir Riain.



Tá balath deas uaithe agus is eusca
mar a dheinean sí sobal.



Bí 'á h-iaraidh ar an bhfear siopa.



Cuireadh lucht siopaithe
fios ar shampla dhi chuig



E. Ó RIAIN IS A CHUA. TTA.
i gCORCAIGH.



CEANNUIGH DO CHUID
BAGÚIN AGUS
DO CHUID EILE LÓIN



ó



Ó CÉILEACHUIR & MAC EANNA
Sráid an Chapaill Bhuidhe a 82,
CORCAIGH.



NA
SNASÁIN ‘SCIENCE’



mar atá:



SNASÁN ‘SCIENCE’
DO BHRÓGAIBH,
é DUBH
nó CRÓN
nó RUA-BHUIDHE (‘ruby’).



SNASÁN ‘SCIENCE’
DON TRIOSCÁN.



SNASÁN ‘SCIENCE’
DON ÚRLÁR.



‘PUNCH & CO.’ a dheinean
I gCORCAIGH.



DATH DO CHUR AR AN
dTEAMPALL
nó ar an dtigh, sinn-ne a dheanfaidh go
toghtha dhuit é. Bhuamar-na chúig
teastas agus dhá dhuais ar an obair
DHATHUÍOCHTA AGUS ÓRNÁIDE
a dheineamar ó am go h-am.



Labhair sa ghuthán linn (‘Tel. a 587,’
Corcaigh) nó scríobh chugainn.



DONNCHA & ÁISTÍN Ó NÉILL,
21 Sráid an Acadaimh,
I gCORCAIGH.



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


MÁ TÁ LEIGHEASANA UAIT,
iad go maith is go saor,
tar go trial orainn-ne.



Ó SÚILEABHÁIN agus Ó DÁLAIGH
31 Sráid Uashington,
CORCAIGH.



FEÓIL ÚR GHAEDHLACH.



Uaim-se gheobhair san.
agus
EUNLAITH is GLASAIRÍ.



MÍCHEÁL BARÓID,
Both a 64 & 65, Margadh na Feóla,
CORCAIGH.



Guthán a “276, Corcaigh.”



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA!



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.



“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, Corcaigh.



ó
THOMÁS Ó MURCHADHA
a gheobhair biadh maith blasta de
dheuntús Gaedhal, i gcóir Céilidhe
nó Feise, nó aon tsórt fleidhe.



UIBHE, BAGÚN
agus
GACH SAGHAS EILE LÓIN!



SRÁID SHEÓIRSE a III
(ar aghaidh Árd-Oifige an Phuist anonn),
i gCORCAIGH.




MARGAIRÍN
‘LEANDAR’
CÓMH BLASTA, CÓMH MILIS,
CÓMH CÚMHRA AD' BHEÓL,
LE CÁISE, LE LEAMHNACHT,
LE H-IM NÓ MAIRT-FHEÓIL.



Tá dhá saghas Margairín 'á dheunamh
againn fé láthair,
mar atá:



“EXTRA LEANDER”
agus
“LEANDER.”



Níl sárú “Extra Leander” le fáil in
Éirinn ná in aon tír eile. Bu dhóich le
h-aonne gur im a bheadh 'á ithe aige.
Scríobh chugainn ar chárta puist agus
gheobhair iomlán eolais air.



DÚDÁLL, UA MATHÚNA
agus a gCualucht, Tta.,
LUCHT DEUNTA MARGAIRÍN,
I gCORCAIGH.



DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN
ISEADH
“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



Seán Ó Dálaigh is a Chua.
tta.,
I gCORCAIGH,
in a thaobh.



TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:




SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIÍOCH
le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘SIOPA PLÚR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’
AN 3adh tigh i Sráid an Rí,
CORCAIGH.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services