2d.
AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. a 42. MEADHON FOMHAIR, 1919. Dhá Phinginn a Fhiacha.
MIL
Ní deintear oiread úsáide den mhil
in Éirinn anois agus do deintí tráth.
Tá trácht ins na seana-scéalta ar mhil
agus bhí dúil mhór ag seana-Ghaedhlaibh sa
digh úd go n-abartar leis — meádha. Den
mhil a deintí í sin. Ní fheadar a bhfuil
aon bhraon den mheádha á dhéanamh sa tír
anois nó ná fuil.
Ní raibh aon rud eile in Éirinn sa
tseanaimsir chun biadh a dhéanamh ‘milis’
ach an mhil. Le linn do Ímpireacht na
Róimhe bheith ar bun iseadh tugadh an
siúicre don Euróip don cheud uair agus
is é cur síos a deineadh air 'ná gur
“saghas salainn” ós na h-Indigheacha é.
Is iad Saighdiúirí na Croise Naomhtha a
thug chun Iarthar na h-Eórpa é, fé mar
a thugadar a lán rudaí eile ná raibh
taithighe ortha sa pháirt seo de'n chruinne.
Is minic a tráchtar sa Bhíobla ar an
mil agus is fearr le Giúdaig fós í
'ná siúicre chun misleáin a dhéanamh.
Is iongantach mar a leanan an treibh
Giúdach sin de sheana-nósaibh.
Samhail ar flúirse is ar sámhas iseadh
an mhil. Do thráchtaidís Gaedhil ar thír
iongantach mar a raibh sógh is suairceas
agus is é ainm bhí aca uirthe — 'ná Mágh
Meala. Agus is é deiridís ughdair iasachta
le tír go mbeadh gach aoibhneas is aiteas
ann 'ná “tír bhainne agus meala.”
Is é rud é mil 'ná an biadh a chuireann
an bheach bhocht i dtaisce dhi féin i gcomhair
an gheimhridh. Fadó nuair a leanadh an
bheach dá cómhairle féin ní dheineadh sí
den mhil ach tuairim an méid a chothóchadh í
féin le linn na dubhluachra; ach d'imir
an duine a chuid cleas uirthe & is dóigh
leis an mbeich dícéille anois gur chun
mil a dhóthain do sholáthar don duine a
cruthuigheadh í féin!
Cleasaidheacht agus seift an duine a
chuir dallapúicín ar an gcirc, leis.
Bíon sí sin ag breith ubh in aghaidh an lae
rud ná deineadh sí ar cor ar bith, tráth!
Tréis a saothair ní moltar an bheach
bhocht ná ní deintear cúiteamh ceart léi,
mar is é saghas bídh a thugan an duine
dhi sa Dubhluachair 'ná uisce fuar is roinnt
siúicre tríd. Is bocht an cothú é sin
seachas an mhil bhuacach a mheas sí a bheadh
aici. Ach dar ndó, mealltar an duine
féin, leis, nuair a thagan an tráth.
Minic a bhíon sé ag súil le sógh i ndeire
a shaothair agus ná bíon aige. Dá lorg-
aimís tuairim na beiche dhó, in a dheacraí,
is é is dóichighe déaradh sí ná: “Chonách
a donais ar an bhfeallaire!”
Ní le linn dóibh bheith fé lán bhláth a
thugan an bheach cuaird ar na planndaí.
Ní le linn a mbreághthachta ná a n-áil-
neachta a dheinean sí grádh leó ach le
linn a n-óige — bídís go breágh nó go
suarach. Sara n-oscalan an bláth iseadh
bhíon an t-adhbhar meala sa phlannda agus
sa luibh. Fé dhéin an droighin duibh is
an aitinn a théighean an bheach san Ear-
rach & fé dhéin an fhraoich an sméir agus an
eadhnáin sa bhFomhar. Bíon na céadta
lus is luibh in a cómhair sa tsamhradh.
Sin é fé ndeara don iomad sóirt blais
bheith ar an mil — dréir an trátha a bailigh-
tar í. Mil ón bhfraoch an mhil is glaine
agus is fearr blas.
I dtíorthaibh thar lear mar a bhfásann
blátha neamhchoitianta (ná feictar ro-mhinic
i n-Éirinn), deinean an bheach dearmhad
anois is arís. Tá trácht ag Gréagaigh
ar shaighdiúirí Shenophon d'imthig ar mire, is
cuid aca ar buile, tréis mil ó Threbison
d'ithe. Nimh a' bláth an ‘asaola,’ ba chúis leis.
An t-arán úd — ‘arán sinséir’ a bhí
'á dhíol ar aonach Bheárna Gaoithe, is le
mil a deintí san ach tháinig “ciall i
dtaobh gnótha is tráchtála” do fhear-a-
dhéanta agus chuimhnigh sé ar rud níos saoire
a chur ann (ach gan an t-airgead a laighdiú
— an dtuigir?) Chuir sé srubh dubh, nó
siúicre salach ann. Agus do lean a
bhráithre, is an dream shíolruig uatha, den
chleas céadna riamh ó shin. Mór an ní
tuigsint is fadaraighe i dtaobh cúrsaí siopa.
Is mór é dúil an bhroic sa mhil. Deinean
sé ana-chuardach ar lorg cuasán na mbeach
bhfiain — iad súd ná fuil aon tabhairt-
suas 'ná oiliúint cheart ortha fós. Sa
Rúis agus sa Ghearmáin, buailean an
beithear mór liath in áirde ar chrann ag
cuardach an mheala.
Tá cleas ag beachadóirí na h-Éigipte —
na croiceóga bheith ar bhórd luinge is bheith
ag bogadh leó fan abhan na Níle, ó bhall
bláth go ball eile, gach cúpla lá. Tá
a chomh maith de chleas ag Albanaigh — na
croiceóga do chur ar thrucail & an réidhe
do thaisteal go mall ó bhall fraoigh go ball
eile fraoigh. Maith iad na h-Albanaigh.
Is minic a thagan galar imeasc beach
agus gheibhid bás go tiugh. Bíon tearcas
toradh ann, bliain in a dhiaigh san — ganna
chúise ubhall, pér domhan é — mar is iad na
‘beacha croiceóg’ is mó a dheinean leasú
ar bhlátha an Earraigh agus gan an leasú
a dhéanamh, ní féidir toradh theacht.
S. T.
ÉIST, A BHEAN BHOCHT.
Aréir a's me ag machtnamh im' aonar cois
leasa
Ar chlaon chortha malluighthe an tsaoighil-seo
Ar lucht éitigh do spalpadh, nár réidh Dia
dá n-anam,
Ach céadta 'ca do thachtadh a's do shíneadh.
Do thaobhnuigh im' aice an spéirbhean chaoin
chailce,
A's a craobh-fholt léi scaipighthe scaoilte,
Ag geur-ghol 'sag canadh an bhéursa gan
lagadh
A' mbeidh Gaedheil bhocht' faoi atuirse
choidhche?
Éist, a bhean bhocht!
Ná béic a's ná goil,
Éist, a bhean bhocht, a's bí caoin linn;
Nuair thraochfar gach poc
Chuir do thréad-sa fe chois
I n-áitreabh Mhileadh gheobhair suidhe 'stigh.
Sé dúbhart-sa dá freagairt ná géill do
lucht startha,
Dá mhéid do bhí againn d'ár gclaoidhe dhíobh;
Traochfaimid Gallaibh na dhéidh sin a's
Orange
A's gach aon uile sheasaidh dá ndlighe sin.
Sé léightear as beatha na naomh a's na
n-aspal —
A's géillidh dom feasta gur fíor é —
Sar a mbeidh céad i gcrích caithte beidh Éire
leo scartha.
A's Gaedheil bhoct' i bhfearann a sinnsear.
Sar a bhfágam an baile fé dheoin dul chun
catha,
Beidh gárda nach meata 'na suidhe againn,
Chun an ghráin-tsliocht do stracadh 'na
spágaibh dir eachaibh,
A's d'fhágaint i nglasa 's ar díbirt;
Beidh trácht fad a mhairfidh clann Ádhaimh
ar an dtalamh
Cad é an bás do fuair grathainn an fheill
seo.
Éist, a bhean bhocht, &rl.
Ní ar thaobh chnuic ná cairn is méin linne
tharruing,
Le chéile 'seadh ghlanfam na tíortha,
Beidh tréin-fhir n-ár n-aice nár staon riamh
dá namhaid
Ach céadta 'ca leagadh a's a shíneadh.
Fir mhaola go tapaidh a's faobhar ar a
lannaibh,
'Sis traochta bheidh arm an Rí 'ca;
I dtaobh Gaedheil bhochta measaim-se i
gcéird a's i n-aiste
Cead saothair ar tharraingt an phíce.
Éist, a bhean bhocht, &rl,
Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.
Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.
Tigh “An Bhata Droighin Éille”
Teó.
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.
Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.
GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.
Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces’
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”
Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —
TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, Corcaigh.
NÍL A SHÁRÚ SO IN ÉIRINN:
MARGAIRÍN
“LOVING CUP”
I gCorcaigh a deintar. Tá le fáil in
a phúntaibh nó in a chnapógaibh.
ó
DHEUNTÚSACHÁN AN tSEANDÚNA,
I gCORCAIGH.
BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.
Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.
Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —
SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (TEO.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.
Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —
I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.
Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.
AN FEAR A BHÍ TRE LASADH.
Fad ó sa tsean-aimsir ba dhé [? é]
grás [.i. gnás] an uile dhuine thiocfadh
isteach i dteach san oidhche ar a chuaird
scéal innsin go [.i. do] mhuinntir a' tighe
agus mara mbeadh sé i n-an é innsin
sílim go mbeadh air an teach fhágáil.
Thárla go dtainic beirt fhear isteach oidhche
agus san teach sin a dtainic siad ann
bhí bean a' tighe ag scóladh lachann le
h-aghaidh a chur a bhruith. D'iarr fear a'
tighe ar fhear aca scéal innsin agus
dubhairt sé nach ro [raibh] sé i n-an sin
a dhéanú [dhéanamh] ach go n-innseochadh
an fear eile i n' áit é. Tosnuigh an
fear ag innseacht an scéil agus dubhairt
fear a' tighe leis a' bhfear eile dul
amach agus sciver fhagháil le cur sa
lacha[in]. Chuaidh sé ar a lorg agus nuair
a bhí sé ag filleamhaint isteach bhí an
fear istigh ag dul [? teacht] amach roimhis
agus é tré lasadh. Níorbh íongantaighe
leis ná rud ar bith é sin a bheith lasta
ar an nós sin. Dheamhan blas a rinne
sé annsin ach é bhualadh ar a dhruim agus
bailiú leis agus an fear lasta ag iarraidh
air é chaitheamh anuas agus é fhágáil annsin.
Ach bhí sé ag imtheacht i gcomhnaidhe ariamh
gur casadh dochtúir do. D'fhiafruigh an
dochtúir de cá ro a thriall. D'innis sé
dho cé an chaoi a ro an scéal, ó thoiseach
go deire. Dubhairt sé sin go leighisfeadh
sé é 'á dtugadh sé céad púnt do agus
bliain ar aimsir. Gheall sé dhó. Chuaidh
sé leis annsin go ceann bliana agus
nuair a bhí an bhliain críochta aige agus
céad púnt tugtha aige dho ní ro an
fear leigheasta. Bhuail sé ar a dhruim
an ath-uair é agus bhí sé ag siubhal leis
agus an fear lasta ag iarraidh air é
chaitheamh dá dhruim. “Dheamhan scaradh
a dhéanas me choidhche leat,” adeir sé, “go
bhfaghaidh tú biseach nó bás. Bhí sé ag
trampáil mar sin nó gur casadh dochtúir
eile dho. D'fhiafruigh sé sin de cé an
sórt bealaigh é sin a bhí leis. D'innis
sé dho. “Leighisfidh mé an fear má thugann
tú dhá bhliain ar aimsir dom agus 200
púnt. Bhí go maith. Chuaidh sé leis go
ceann dhá bhliain. Nuair a bhí an dá bhliain
istigh agus 200 púnt tugtha aige dho,
dheamhan blas dá aithne [.i. comhartha
feabhasa] bhí ar an bhfear. Bhuail sé ar
a dhruim an treas uair é agus bhí sé ag
spaisteoireacht leis agus an fear lasta
ag iarraidh air é chaitheamh de; ach deamhan
scaradh dhéanfadh sé choidhche leis go bhfaghadh
sé biseach nó bás. Casadh fear eile dho.
Ba dhochtúir é féin, do gheall sé go
leighisfeadh sé 'á dtugadh sé 300 púnt
dó agus trí bliana ar aimsir ach i ndoire
na dála ní ro piuc feabhais ar an
bhfear. Nuair a bhí sé réidh leis a' bhfear
seo d'imthigh sé agus é trom tuirseach
go leor. Bhí sé ag imtheacht & ag
shíor-imtheacht agus níorbh' fhada go bhfeaca
sé soluisín dorcha i bhfad uaidh. Bhí sé
ag déanamh ar an solus agus d'aithnigh
sé an teaichín beag mar a dtainic sé
ann sé bliana soimhe sin. Thainic sé isteach
san teach agus chomh luath agus thainic
ní ro piuc ar a' bhfear a bhí lasta
soimhe sin. Bhí lacha ag bruith ann d' iarr
fear an tighe air seo scéal d'innsin.
Dubhairt sé go ro scéal fada ar an
antrogh [? annródh, antsogh] le n-innsin
aige. Thosnuigh sé annsin ón oidhche a
dtáinic sé féin agus a chomrádaidhe isteach
ar a gcuairt san teach úd, gach bealach
a ndeachaidh sé tríd ó thainic an fear
lasta amach roimhe go dtí an t-am a bhí
i láthair. Cheap sé go ro na cianta
caithte ó d'imthigh sé ach ní ro leath-uair
féin — an lacha bhí a ullmhú ní ró sí bruithte
fós. Ní ro fhios aige nár fhág sé an
teach céadna. Sin mar imir an cleasaidhe
go [de] dhraoidheadóir air — mar sé sin
a bhí ann — chun ná beadh sé gan scéal
arís.
(Chuala mé é seo ag Pádraig Ó Flaithbheartaigh).
Peadar Ó Dearain,
Litirmaoláin, Gaillimh
Bhí gréasaidhe bocht 'na chomhnuidhe i
mBlá Cliath fadó. Is minic bhíodh airgead
ag daoinibh air agus gan an t-airgead
aige siúd chun a ndíolta. Firín ana-
dheisbhéalach dob eadh é. Nuair a thagadh
na h-éilteóirí ag iarraidh a gcoda ba
bhreagh leat bheith ag éisteacht leis agus
a dheisbhéalaighe a bhíodh sé.
'Seadh do buaileadh breoite bean an
ghréasaidhe lá. D'imthig an gréasaidhe leis
fé déin an dochtúra. “A dhochtúir, a
dhochtúir,” ar seisean, “tá mo bhean ana-
bhreoite ar fad. Tar ag triall uirri
chomh tapaidh in Éirinn & is féidir leat é.”
Spriúnlóir críochnuighthe a bhí san bhfear
leighis. “A dtabharfá págh maith dhom?”
ar seisean. “Fear beo bocht iseadh mé,”
arsan gréasaidhe; “ach má dheineann tú
mo bhean bhocht a leigheas tabharfad duit
gach pinginn dá n-iarrfair orm. “Ach
bfhéidir nach féidir í do leigheas a fhir
mhacánta?” “Feuch pe'cu leigheasann tú í
nó mharbhuigheann tú í, díolfar tú, arsa
fear na mbróg.
Siúd chun siubhail abhaile é & i gcionn
tamaill tháinig an dochtúir. Do labhair
sé leis an mnaoi bhreoite; thug buidéal
di & d'imthig leis 'á rádh go dtiocfadh
sé lá ar na mháireach. Thagadh sé gach
lá, ach bhí an bhean ag dul in olcas
i gcomhnuide riamh agus fé dheire do
cailleadh í.
I gcionn coichidhise fuair an gréasaidhe
litir ó'n ndochtúir. Dubhradh sa litir
go raibh fiche púnt ag an ndochtúir air
& gur cheart go ndíolfaí an t-airgead
gan mhoill. Níor chuir an fear bocht aon
fhreagra ar an leitir. Tháinig an dochtúir
chuige. Cad na thaobh nár chuiris an fiche
púnt úd chugham?” ar seisean. “Cad na
thaobh go gcuirfinn?” arsan gréasaidhe
go séimh.
“Nár gheallais go dtabharfá dom gach
pinginn dá n-iarrfainn?”
“Ar dheinis mo bhean a leigheas?”
“Níor dheineas mar nárbh' fhéidir é.”
“Ar dheinis í do mharbhú?”
“Go deimhin níor dheineas.”
“Bhal!” arsan fear deisbhéalach, “b'é
an margadh mise do thabhairt an airgid
duit dá ndeinteá í do leigheas nó í do
mharbhú. Deirir féin nár dheinis ceachtar
acu — mar sin níl pioc agat orm.”
Máire Ní Áinle.
“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
Ó BHEAN A TIGHE.
I.
Éirigí suas a thogha na bhfear
Is cuirigí píc' ar bhárr gach cleath
Leagaigí síos iad lucht a dro'chroidhe
Is cuirigí dlighe na Frainnc 'ar bun
Agus ó bhean a' tighe caidé'n bhuairt
sin ort.
Curfá:
Ó bhean a' tighe fé dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ó'n mbliain seo
amach
Agus ó bhean a' tighe caidé'n bhuairt
sin ort.
II.
Síntear chugham cárt ar a' gclár gan stad
Go n-ólfaimíd sláinte an áil seo' teacht
Bheidh a' taisdeal gach lá go Cuanta Fionn
Trágha
'S mar a mheasaim is feárr é ná cómhráidhtí
ban
Agus ó bhean a' tighe, &rl.
III.
Do shuidheas-sa síos 's mo mhian lem' ais
Ag glaodhach mo cháirt dighe mar a dhéanfadh
fear
Sé dubhairt bean a' tighe de chómhrádh nach
mín
“Gan airgead síos bí ag gabháil amach”
Agus ó bhean a' tighe, &rl.
IV.
Do tharraing mé aníos mo phíosa ghlas
Is mairg a bhíos n-a dhíth, mo chreach,
Do labhair sí arís go carthannach caoin
Agus ó bhean a' tighe, &rl.
V.
Ar maidin indé agus é go moch
I gcoca beag féir ar thaobh a' chnuic
Bhí ainnir na gcraobh go dlúth le mo thaobh
Nuair a dh'eirigh an rae seadh d'éaluigh sí
uaim
Agus ó bhean a' tighe, &rl.
VI.
Mo chreach 's mo dhith nuair bhíos-sa beag
In aois mo dhó dheug 's gan smuaineamh ar
olc
Nár ghabhas-sa ar luing nó in arm an Rí
Sar a chaitheas mo shaoghal gabháil tímcheall
ort
Agus ó bhean a' tighe, &rl.
Ó Mhícheál Ó Foghludha timthire na nDéisi fuair-
eamair an t-abhrán so. Bainean sé le teacht na
bhFranncach go h-Éirinn in aimsir Tone is Hoche.
A MHNÁ UAISLE!
TÁ fo-eudaighe do mhnáibh uaisle á dheunamh
ag Gaedhilgeóirí sa Mhumhain. Earraí
ar fheabhas an domhain is eadh iad. “ARTÁN”
an t-earra-chomhartha atá ortha. Bídh 'á lorg
ar lucht siopaithe. Má bhíthí i gCorcaigh aon
uair, téighidh fé dhéin lucht a ndeunta:
LUCHT EUDAIGHE ‘ARTÁN,’
Sráid Thomáis Dáibhios a 40, i gCORCAIGH.
IN THE GATES OF THE NORTH.
Aineislis Ó Gráda do scríobh so —
aithinnsint i mBéarla ar an rí-scéal mór
Ultach .i. scéal Chonchulainn agus Tána
Bó Chuailnge. Ní de na scríbhinní, dar
ndóigh, do lean an Grádach ach thug sé
a innsint féin ar an scéal. Tá Meadhbh
mhór Chruachna ann agus í go máistiriúil
agus go maoidhteach — ró mhaoidhteach,
b'fhéidir. Tá Feargus mac Róigh ann — 'na
Chonnachtach tré olcaibh le Conchubhar, agus
'na Ultach tré ghrádh dá cháirdibh sa Chraoibh
Ruaidh agus do Choinchulainn. Is é
Cúchulainn rí-ghaisgidheach an scéil agus
níor fhág an Grádach aon ainnimh ná aon
locht air sin. Is é grian an ghaiscidh é,
is é leomhan an chatha é agus an lámh
tais le lagaibh agus le cáirdibh. Tá an
innsint déanta go cumasach ag an ughdar
agus mar is cuibhe ag gaiscidhigh is ag
righthibh is ag ríoghnaibh tá an chainnt go
gaisciúil agus go h-uasal, agus beagán
maoidhteach.
An Seabhac.
“In the Gates of the North,” Standish O'Grady.
Talbot Press, Tnta. 4/6.
STUDIES IN MODERN IRISH.
Dá rud is mó ná a chéile ba cheart a
rádh i dtaobh an leabhair seo: .i. ní gramadach
iomlán é; ach bíodh nach eadh, is ann atá
an t-eolas is iomláine dá bhfuil le fagháil
i n-aon leabhar ar phoinntí áirighthe i
ngramadaigh na Gaedhilge. Ní i bhfuirm
ghnáth-leabhar gramadaighe atá sé scríobhtha
ach i bhfuirm aistí staidéir; agus is
taithneamhach an staidéir iad do dhaoinibh
go bhfuil eolas cuibheasach maith ar an
nGaedhilg aca cheana; cé gur mhó ba
ghádh sár-éolas ar Bhéarla ag an lucht
léighte chun go dtuigidís an leabhar.
Céitinn agus an t-Athair Peadar an dá
mhaide eolais is mó do ghní treoir don
ughdar. Sin mar is ceart, dar linn, cé
gurab é ár dtuairim, dá mairidís araon,
nach aon ana-mheas do bheadh aca ar scríbh-
innib a chéile. Tá cáineadh déanta ag
ughdar “Studies in Modern Irish” ar
leabhar dhuine éigin eile. Is truagh san
a chur i leabhar — mór mór leabhar barántúil,
tairbheach mar seo. Is dócha gur cuid de
“shúgradh na bhfír-éigeas” é.
Is mór an bhreis ar eolas ealadhanta
na gramadaighe Gaedhilge “Studies in
Modern Irish.”
“An Seabhac.”
“Studies in Modern Irish,” Part I. An t-Athr
G. Ó Nualáin do scríobh. Educational Co. of
Ireland do chuir amach. 5/-
“Ar cumaraidhe Mhuire do cuireadh aréir
sinn,
Go gcuirtear anocht ar cumaraidhe Dé
sinn;
Nár leagaidh Mícheál ar a láimh chlé sinn,
Go n-osgalaidh Peadar an geata go réidh
dúinn,
Go n-abraidh Muire gur duine (daoine?)
léi féin sinn,
Go ndeinidh Dia coimirc i bhFlaitheas na
Naomh dúinn.
Seán Ó Murchadha do fuair i mBaile Bhoirne.
LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,
Idir Leabhair Gaedhilge & Leabhair Bhearla,
tá le fághail uainn-ne.
Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.
Labhartar Gaedhilge go fonnmhar i
SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
SRÁID DÁSON, A 45,
BAILE - ÁTHA - CHLIATH.
Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”
In
ÁIRCÉID NA MUMHAN
gheobhair
LÁMHAINNÍ OLNA
de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.
Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:
ÁIRCÉID NA MUMHAN
le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’
I gCORCAIGH.
ó ‘CHUALUCHT
EUMOINN MHIC EÓIN, Tta.’
(‘Ed. Johnson Ltd.’)
a gheóbhair
BUINN, SEÓDA,
FÁINNÍ is CLOIG,
ar dheise is ar shaoire.
Scriobh ar Lorg an
‘Luach-Leabhráin’ go
SRÁID GHRAFTON A 94.
in ÁTH CLIATH.
TÉIG FÉ DHÉIN
“AN EMPÓRIUM”
ar lorg Earraí Gaedhlacha —
BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.
M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.
Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.
LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ
de DHÉANTÚS
GAEDHAL
Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:
SRÁID PHÁDRAIG N. A 105,
(‘LUKE BURKE’) CORCAIGH.
Tá le fághail uainn-ne —
TÉ BLASTA CÚMHRA.
Ceannuigh púnt de mar shompla.
SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.
BÍODH RUD GAEDHLACH UMAT
pé aca chítar é
nó ná feictar.
STOCAÍ agus
CNEAS-EUDAIGHE
“NA CARRAIGE”
na h-earraí atá
uait.
Cuir a dtuairisc ar
LUCHT DEUNTA STOCAÍ AR
DHUBH-CHARRAIG ÁTHA CLIATH.
[“Rock” Underwear].
SCRÍOBH SCEUL DÚINN!
Teastuighean ón gCualacht so
gearra-sceulta nua-dhéanta &
sceulta d'aistreófaí ó theang-
thachaibh iasachta d'fháil go mbeadh
idir 5,000 agus 15,000 focal i
ngach ceann díobh.
‘Leabhra Locha Léin’ is ainm don
sraith leabhar. Díolfar go maith
as sceulta fóghanta. Gheobhair
gach eolas ón mBainisteóir atá ag
CUALACHT BHRÉANAINN,
CILL ÁIRNE.
Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag
T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, teo.
ag Mainistir na Corann agus
i gCluain Dalláin, i
gCo. Chorcaighe.
Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.
Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig.
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
an Fear Gnótha.
An Seabhac, Daingean Uí Chúise An Fear Eagair
Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.
Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.
Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.
AR gCÚRAM FÉIN.
Seo scéal a fuaireamair ó'n mBainis-
teoir le cur sa cholamhain seo. Tá an
scéal go léir go h-iomlán ann. Ní fios
cá stadfar le h-árdú costaisí agus go
mór mór le h-árdú costaisí cló. Bhí
an scéal cruaidh go leor le linn an
chogaidh ach bhí súil le faoiseamh againn
le teacht na síochána. Is measa an
tsíocháin seo chun costais ná aon chogadh
dá dtáinig riamh. Ba mhaith linn féin
bhur gcabhair d'iarraidh do'n sparánaidhe.
Sid í a litir:
Nuair a chuireamar an nua-“Lóch-
rann” so ar bun i mbliain a 1916,
£110, nó mar sin, in aghaidh na
bliana ab' eadh an costas. Mar
is eol do chách tá an aindise le
daoire ar gach ní a bhainean le
cúrsaí leabhar is páipéirí le dhá
bhliain anuas agus tá suas le £204
sa bhliain orainn fé láthair. Táimíd
á ghlanadh san dinn réidh go leór,
ach tá sceula indiu againn ón lucht
cló go mbeidh a chúig deug fé'n
gceud (15%) de bhreis 'á éileamh
orainn i gcionn mí agus tuille fós
i gcíonn ráithe, i dtreó is go mbeidh
£250 de chostas orainn in aghaidh na
bliana, ón Samhain amach.
Ní h-aon chabhair pinginn sa bhreis
a chur le fiacha gacha cóibe den “Lóch-
rann” mar bu shuarach an buntáiste
dhúinn-ne an phinginn sin, óir is ag
lucht siopaithe is mó bheadh a thoradh.
Ar chraobhacha de Chonnradh na Gaedh-
ilge agus ar gach cualucht eile 'bhfuil
bunadh an Náisiúntais ag bhaint leó
atá ár seasamh as so amach. Bu
bheag ar chraoibh nó ar chualucht aca
púnt nó dhó do thabhairt uatha i
gcóir na bliana ach cara éigin
den “Lóchrann” 'á iaraidh ortha.
Dá dtuigeadh Gaedhil i gcoitionn
go bhfuil chúig ceud cóib den “Lóch-
rann” 'á chur IN AISCE chun na
Gaedhaltachta gach mí, bheidís lán-
tsásta cabhrú linn sa ghnó.
Má tá ad' chumas, a chara, aon
chongnamh do sholáthar dúinn beimíd
buidheach díot, nó má gheibhir féin
cóib gach mí ó Oifig “An Lóchrainn,”
bú mhór an áis dúinn dá gcuirtheá
an síntiús nua ag trial orainn an
lá a bhíon an bhliain istigh.
Beannacht!
Mise,
22/8/19. An Fear Gnótha.
Le linn dul don chló dhúinn tháinig
clár Feise Státa Nua Eabhrach chugainn ó
“The Secretaries, 1919 Feis Committee,
Irish-American Club, 159 E. 60th Street,
New York. Tá 45 comórtasaí ar an
gclár aca de'n tsaghas céadna is gnáth
ar fheis i n-Éirinn. Comórtas amháin sa
scríobhnóireacht atá air agus cead ag
gach duine scríobhadh. “Aiste ar bheatha
Thomháis Dáibhis” an t-adhbhar scríobhtha. Ag
Hunts Points Palace, An Boulebhard
Theas agus 163d St., Bronx, Nua Eabhrach
iseadh bheidh an Fheis ar siubhal an 23adh
lá de Shamhain 1919. Liam Ó Dubhda
chuir so chugainn.
GUIDHE AN TOBAC.
I bParróisde Dhún Chaoin is eadh do
chómhnuigh Conchúbhar & Siobhán. Ní raibh
puinn de shaidhbhreas an tsaoghail aca ach
amháin feur dá bhó ag bun an chnuic &
tigh deas cluthair. Chaithidís obairú go
cruaidh ó mhaidin go dtí an oidhche. É
sin amuigh san ghort agus í sin istig ag
déanamh gnó an tighe.
Lá breágh um Shamhain, bhí Conchubhar
amuigh san ghort ag baint phrátaí lá
agus ar thuiteam na h-oidhche agus é ag
gluaiseacht abhaile iseadh do chuimhnimh sé
ná dubhairt sé le Siobhán leath-raol a
thubhairt do Jimín Nóra Shéamuis a bhí ag
dul 'on Daingean chun únsa tobac a
thabhairt chuige.
Nuair tháinig sé chun an tighe dubhairt
sé le Siobhán go gcaithfeadh sé féin dul
go dtí Bail' an Fheirtéirig ag trial ar
bhlúire tobac do féin a gcóir na seacht-
aine. D'imthigh sé, agus sul a raibh sé
i mBail' an Fhirtéirig do bhí smut maith
do'n oidhche caithte. Cheannuigh sé an
tobac & chuir sé chun an bhóthair abhaile
airís. Ní raibh puinn do'n shlighe curtha
aige dho [dhe] nuair do tháinig bean roimis
i lár an bhóthair. Tháinig iongnadh air mar
ná feacaidh sé í go dtí san ach ní raibh
uain aige aon fhocal a rádh nuair do shín
sí píp chuige agus dubhairt sí leis gal
a chaitheamh. Rug sé ar an bpíp uaithe
agus thóg sé gal agus nuair a bhí sé 'á
tabhairt di dubhairt sé: “Beannacht Dé
led t'anam agus le h-anaman do mharbh
agus le h-anamacha na seacht sínsear
d'imthigh rómhat.” Do shín sí an phíp airís
agus airís eile chuige agus gach uair a
bhíodh sé 'á tabhairt thar n-ais di deireadh
sé an focal ceudna.
An trímhadh uair a dubhairt sé iad do
labhair an bhean. “Ó! táim ana-bhuidheach
dhíot,” ar sise. “Do bhí m'anam-sa i
bPrugadóireacht, ach anois tá sé sna
Flaithis ag do thrí ghuidhe-se; agus mórán
daoine eile, nuair ghabhidís anso & chídís
mé do bhídís i riochtaibh an t-anam a
thuiteam asta le sgannradh, & níor dhein
éinne aca dhom mar dheinis-se. Imthigh
leat abhaile anois agus Dia id' bhóthar.”
Chomh luath agus bhí an méid sin ráidhte
aici d'imthig sí as a radharc.
Brighid Ní Chiabháin,
Com a' Liaigh, Fionntráigh.
Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
Luibh-Eólas
Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair.
Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht
ins gach tor is ar fuaid gacha páirce.
An Fothrom.
Ní h-ar fónamh a thaithn-
ean fuighe na gréine leis
an bhFothram (Scrophularia
Nodosa). Ar lorg fothana ón ngréin an
gnó is déine bhíon air. I ndeire an tsamh-
raidh a chífir fé bhláth é, cois claidhe nó
fé scáth sceiche.
Gas cas cearnógach a bhíon air agus
bileóga beárnacha. Na bileóga a bhíon
in aice an fhóid, cuma cruinn leathan a
bhíon ortha, ach bileóga bioracha iseadh an
chuid eile.
Bláth a mbíon dath crón-dubh gránda
air is eadh bláth an Fhothraim. É beag
bídeach. Ach má fheuchair go cruinn air
chífir go bhfuil cuma deas air — é mar a
bheadh cloigín copair agus cheithre meur
istigh ann.
Deintí leigheas do chneádhaibh capall as
an bhFothram; na cnapáin a bhíon ar an
bpréimh do bhrúgha' agus roinnt blonaige
do mheascadh thríd.
Bhíodh eagla ar dhaoine, ámhthach, baint
leis an bhFothram, mar ba mhór ag na
“Daoine Maithe” é. Tá cuma mallaithe
ar an bplannda gan aon-amhras. Minic
a chuala an sceul so síos i dtaobh an
duine bhíodh ag baint luibheanna agus ag
deunamh orthaí:
Bhí sé, lá, ag baint na lus & tháinig an
sagart suas chuige. “Nách maith ná bíon
eagla ort bheith ag deunamh na ngnóthaí
sin,” ars an sagart. “Ná fuil fhios agat
nách ceart é?”
“Cad é díobháil é roinnt lus do bhaint?”
ar seisean. “Dar ndó, deinid na beithígh
gach lá é.”
“An mbainfir gach lus a thaisbeánfad
duit, mar sin?” arsa an sagart.
“B'éidir go mbainfinn,” ar seisean.
'Sbeáin dom iad.”
Thóg an sagart leabhar ar a phóca &
dhírigh sé ar léighthóireacht & ar an bpáirc
do shiubhal.
“Stath an luibh sin,” ars an sagart.
Chrom fear na lus agus bhain sé an
luibh. Shiubhail an sagart leis ar fuaid
na páirce.
“Stath an luibh sin,” ar seisean. Bhain
fear na n-orthaí an luibh as an dtalamh,
agus shiubhaladar leó agus an leabhar 'á
léighe' ag an sagart i gcomhnaidhe.
“Stath an luibh sin,” ars an sagart.
Tháinig stad sa duine. D'fheuch sé go
dlúth ar an luibh.
“Ní stathfad, 'Athair,” ar seisean.
“Maith é do chiall,” ars an sagart,
“agus ó tá an méid sin tuigsiona agat,
bíodh a thuille agat agus éirigh as na
gnóthaí sin.”
D'imthigheadar araon ortha abhaile agus
maidin lae ar na bháireach chuaidh fear
na lus fé dhéin na páirce sin arís agus
maidrín ar éill aige. Bhí sé ag cuardach
gur aimsigh sé an luibh úd ná stathfadh
sé féin don sagart. Cheangail sé ceann
den chórda de phréimh na luibhe & d'fhág
sé an ceann eile dhe tímpal muinéil an
mhadra. D'imthigh sé thar claidhe agus bhí
ag faire an mhadra agus é d'iaraidh é
féin do scaoileadh den luibh. Bhí sé ag
tarraing is ag stracadh leis gur bhain
sé an luibh as an dtalamh. An túisce
bhí san deunta, thuit an madra siar
in a phleist, marbh. B'í luibh í siúd —
an Fothram!
An Gabhrán.
Lus a mbíon fonn mór
drapadóireachta air iseadh
an Gabhrán (Tragopogon
Pratensis), agus is mór an mhaise ar
dhrisleach is ar fhailltibh é sa tsamhradh,
agus sa' gheimhreadh.
Gas rín láidir a bhíon air — “é chomh
rín le táithéileann;” lúbann sé é féin
mar seo nó mar siúd i dtreó an ruda
a dheunfadh taca dho. Bíon greamairí ar
an ngas chomh mhaith le bileógaibh agus mo
thruagh an dris nó an sceach go dtéighid
na greamairí sin in achrann innte; ní
baoghal go scarfaid léi go mbeidh a
ngnó féin deunta aca, is cuma cad é
an chainnt láidir a dheunfaidh sí siúd i
dtaobh Cirt agus Córach do chách! Bileóga
deasa a mbíon dhá ghné den ghlaise ortha
iseadh na bileóga. Is gile an dath glas
a bhíon ar a gcúl ná mar a bhíon ar a
n-aghaidh, agus in a ndísibh ar aghaidh a
chéile anonn a bhíd.
Bláth liath-ghlas iseadh bláth an Ghabhráin,
agus mar a bheadh cnapóg bheag ‘olna’
in a lár istigh. Sa gheimhreadh bíonn mór-
chuid cnapóg ‘olna’ ar an lus in ionad
na mbláth. Is é mheasfá gurab amhlaidh
a chuaidh caora nó gabhar in achrann sa'
dris agus gur ón mbeithidheach a tháinig
an clúmh go léir.
Aer an tsaoghail a bhíon ag deunamh
buartha don Ghabhrán; agus is aige bhíonn
leis. Agus eirighe-in-áirde a mhairean is
eadh é. Bíonn barra na craoibhe ag an
nGabhrán le linn na h-óige agus le linn
na críne, rud a theipean de ghnáth ar
an nduine.
Spunnc.
Bhí aistín anso agam ar
an Spunnc (Tussilago Far-
fara) tímpal dhá bhliain ó
shin. Aonne gur mhaith leis tobac ceart
Gaedhlach a bheith aige níl le deunamh aige
ach na bileóga Spuinnc a bhailiú (mar
seo sa bhFomhar) agus iad do thiormú.
Iad do chur i mála ansan agus beidh
rud aige a chuirfidh an t-únsa tobac i
bhfad agus is dócha nách miste le h-aon
fhear ólta gail é sin fé láthair.
Dhá dtrian in a Spunnc agus trian
in a thobac, sin é an meascadh is feárr.
Leigheas maith ar mhúchadh scórnaighe is ar
chaoch-shrónaighe iseadh an saghas san gail;
agus an taobh is fearr den sceul — gan
aon chíos 'ná cáin ag an dream gallda
ar an Spunnc (fós, pé sceul é).
Tá bileóg eile ann (an Borrán —
Petasites Officinalus) atá ar chomh dhath
agus ar chomh-dheunamh leis an Spunnc
ach aithneochair an bhileóg Spuinnc ar a
cúl clumhach. Seo leat amach fen bpáirc,
a chara, agus bailigh ‘an tobac Gaedhlach’
ar mhaithe led shláinte is led sparán &
mar olc ar lucht creachta fóid Fáil.
(Ní Críoch).
Seán Tóibín.
SLIGHE BHEATHA
MHAITH DOD' MHAC!
Cuir chugham-sa é
& múinfead dó
conas bheith in a
SHEÓLAIDHE
SCÉALA-
GAN-
SRAINNG
fé cheann ráithe nó
leathbhliana.
Scríobh ar lorg an réimleabhráin.
TOMÁS Ó SÚILEABHÁIN
MARDYKE,
CORCAIGH.
“EUDACH NA DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball
in a deintear é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.
NUAIR A THAGAIR GO CORCAIGH
Ná dearmhad glaodhach
chugainn-ne go
bhfeicir na h-
ÁRTHAÍ AIRGID
I gcóir té is caifí,
i gcóir bláth is
preátaí; na h-.
ÓRNÁIDÍ CEILTEACHA
I bhfuirm Fleascáin
Buinn, nó Croise;
agus na h-
ÁRÁISTÍ TEAMPAILL,
I bhfuirm Cailíse, Lampa,
Monastráin, Coinnleóra
nó Cloigín.
SINN-NE A DHEINEANN
ANSO COIS LAOI.
LIAM MAC AODHGÁIN
is a Chl. Mhac,
Seódóirí & Gaibhne Geala,
32 Sráid Phádraig N., CORCAIGH
NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT,
ach an uair a raghair ar lorg
SAIGRÉIDÍ MAITHE,
agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan.
Abair
“SILK CUT”
Le cailín an tsiopa.
I nDÚNDEALGAN
a deintear, agus tá 'á gcaitheamh
AR FUAID ÉIREANN.
P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA.
(teor.)
Lucht a ndeunta.
‘COMHACHT UISCE IN ÉIRINN’
Cur síos ar aibhnibh Éireann & comhacht
gach abhann aca. Leabhar ealadhan, iar n-a
chur le céile do Hannraí Breathnach, Teag-
ascóir Innealthóireachta, agus do Phádraig
Ó Domhnaill, M.E., Oide Gaedhilge, 2/- a
fhiacha (agus 2d. i gcóir postais).
ACADAMH DE h-INDEBERG,
SRÁID MHARLBORO,
I gCORCAIGH,
do chuir amach.
SONAS, DONAS, MAITH, OLC.
47 — Is fusa an t-olc a chosc i n-am ná
i n-anntráth.
48 — Aithnigheann an donas a dhuine féin.
49 — Cuir an donas ar cáirde [go dtí
maidin amáireach].
.I. “Ná beannuigh do'n diabhal go mbuailir leis.”
50 — An té go mbíonn an donas ar
maidin air bíonn sé air tráthnóna.
51 — Bain den donas a bhféadfair.
52 — Bíonn an fear deirinneach díogh-
bhálach.
Ní bhíonn rogha an duine tosaigh aige.
53 — Ar uairibh thagaid na h-anacraí, agus
is fearr san ná iad a theacht i
n-éinfheacht.
54 — Ní tháinig trioblóid riamh na h-aonar.
55 — Is mairg a bhíonn druinn roim deac-
air.
Druinn = cromtha fé cruadhtan an tsaoghail. An
tráth thig deacair ar a leithéid sin millean sí ar
fad é.
56 — B'fhearra dhuit bheith ag scúbhadh brobh
ná ag déanamh ruda i n-aghaidh do
leasa.
57 — Ní thabharfadh sé a chuid den donas
ar thuistiún.
Go magamhail adeirtear san le duine go mbíonn
an rath air 'na ghnó ach go gcoiméadann an gnó ar
siubhal é.
58 — Gach aoinne is a thruaighmhéil féin
aige.
59 — Gabhann an donas baile is leath
Éireann.
.I. Is mó a théigheann le donas ná le sonas.
60 — Srathar na h-aindeise ar chapall na
tubaiste.
.I. Ualach de'n donas do theacht ar dhuine ar a raibh
a dhóthain de'n mhío-ádh cheana.
61 — Ag dul ón ngríosachán go dtí an
teine.
62 — Ag dul ó thigh an diabhail go tigh an
deamhain.
.I. Ag dul ó olc go ró-olc.
63 — Buaileann an tubaist i lár an bhóth-
air le duine.
.I. I n-áit nár dhóigh leat.
64 — Bíonn an donas i mballaibh eile
féin.
Nuair chloisfeadh fear an donais go raibh mío-ádh,
leis, ar dhuine eile déarfadh sé mar sin.
65 — Níor cheannuigh riamh an suaimhneas
ach an té ná fuair í.
66 — Is tearc neach ar a mbíonn rath ná
bíonn an meath ar chuid dá chlainn.
Sin ní a tugtar fé ndeara go minic.
67 — Lean ar an meath is tiocfaidh sí.
.I. Do ghní meathluightheacht béas meathluightheoir de
dhuine mhaith.
68 — Lomann bruid cinéal; lomann lom
coingheall.
.I. Creachann agus scriosann bruid namhad an
cinéal a bhíonn fé n-a smacht; briseann fiorbhocht-
aineacht geallamhna onóra.
69 — Chonnaic sé Murchadh nó an rud ba
ghiorra dho.
Le duine go gcuirfí scannradh uathbhásach air
adéarfaí é sin. Murchadh an Tóiteáin Ó Briain do
cuireadh anall ó Shasanna le linn Eibhlíse agus
do dhóigh & do chreach an Mhumha. Aoinne chonnaic
an Murchadh san is dóigh gur mhó an donas ná an
sonas do é.
70 — Éirigheann le Cairiú ceal é shárú.
Tagann olc ar dhuine ceal troda a dhéanamh na
choinne. Cairiú = fear scriosta Mumhan le linn
Eibhlíse.
71 — Ní tháinig olc i dtír nárbh' fhearrde
duine éigin é.
.I. “Is olc an ghaoth ná séideann do dhuine éigin.”
72 — Is fusa de an donas orm féin é
bheith ar mo chomharsain.
Is mór an solás ar fhear donais an donas d'fheis-
cint ar dhuine eile.
73 — An té go mbíonn an donas air ní
chuirfeadh Éire an sonas air.
74 — Ní chuireann an chinneamhaint a cos
fúithe.
.I. Bíonn sí gan stad ag gluaiseacht. Cinneamh-
aint, is gnáth gur “olc” nó “tubaist” a thuigid na
daoine tuatha a labhras Gaedhilg leis an bhfocal san.
75 — Is mairg go mbíonn buana iasachta
aige.
Buana .i. saighdiúir nó amhas a cuirtí ar buanacht
nó 'na chomhnaidhe isteach i dtighthibh na ndaoine in
Éirinn chun go gcothuighthí i n-aisce é, agus go
mbeidís na lucht faire agus smachta ar na daoine.
76 — Is olc an scéal nách fiú é “huth” a
rádh leis.
77 — Dá olcas é Séartha [nó Séamas]
b'fhearr é ná bheith 'na éagmais.
78 — Is deacair rogha do bhaint as dá dhígh.
Díogh = an ceann is measa ar uimhir rudaí.
79 — Nuair is cruaidh do'n chailligh caithfidh
sí rith.
.I. Nuair a bhíonn an t-olc ag druidim ró-ghairid di.
80 — Ní maith air muir ná ar tír í.
81 — Ní tairbhe bheith ag seanchas nuair a
bhíonn an anachain déanta.
Ní h-aon mhaith cainnt nuair bhíonn an t-olc déanta.
82 — Is é a locht a laighead.
.I. É bheith beag, b'shin a raibh d'olc ann.
83 — An rud nach fiú a lorg ní fiú é
d'fhagháil.
84 — Ní fiú salann an phraisigh é.
85 — Ní fiú trúmpa gan teanga é ná
madra-allaidh gan fiacla.
SÍON AGUS AIMSIR.
Is mór an tsuim a bhíodh riamh & atá
fós ag daoinibh i gcúrsaibh na síne is
na h-aimsire. An tsíon an chéad adhbhar
cainnte ag daoinibh, pé áit i mbuailid
le chéile. Ins na gnáth-chainnteannaibh atá
sa chaibideal so tá tagairt d'fhearthainn,
do cheo, do thiormacht, do shneachta, do
shioc, d'fhuacht is do theas, do ghaoith & do
chiúnas. Do bhíodh ainmhidhthe na talmhan &
éanlaithe an aer ag ár sinnsearaibh na
n-adhbhar eolais is faistine ar an saghas
síne bhíodh ag teacht. Do bhíodh comharthaí
síne aca ar an ngeallaigh, ar an ngréin
is ar na réaltaibh, ar an lá is ar an
oidhche, ar laethibh na seachtaine, ar gach
féile & mí, gach ráithe & gach tráth eile
do'n bhliadhain. A bhfuaireamairne dhíobh
san ameasc Gaedhilgeoirí na Mumhan,
táid cruinnighthe annso.
1 — Tosach ceatha ceo.
2 — Mar a leigfeá tré chriathar é.
.I. Fearthainn trom a bhíonn ag tuitim mar sin.
3 — Fearthainn a chiúnuigheas gaoth.
.I. Má thagann fearthainn le linn anfaidh laguigh-
eann san an ghaoth.
Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.
Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
4 — Gach aon lochán lán le h-aghaidh an
Mhárta.
5 — Is fuar gach fliuch 's is dubh gach
déanach.
6 — Mara mbídh sé tirm is fliuch is
fearr é.
7 Tiocfaidh an bháisteach lá nách teas-
aidhe
Is ní dhéanfaidh mo chaipín scáth dhom.
Le linn brothail is gnáth san do radh.
8 — Cuid mhór duibheann agus beagán
fearthanna.
Aimsir chruaidh ghaothmhar.
9 Báisteach ó Dhia chugainn ach gan é
bheith fliuch,
9 Cuid an lae 'máirigh go ndeinidh sé
anocht.
10 — Gach bliadhain dá dtigidh ag dul i
bhfliche 's i ndéanaighe.
Féach leat lthnch. 68, uim. 52.
11 — Má deireann tú amáireach le muir
beidh an lá amáireach fliuch.
A dhoichighe de an lá amáireach a bheith fliuch má
cheapann tú dul i n-aon áit.
12 — Ceo soininne ar aibhnibh, ceo doininne
ar chnocaibh.
13 — Ní tháinig an gorta le tiormacht riamh.
14 — Stad, stad, a bháistigh, tá na páistí
cois a' chlaidhe.
Rádh é sin ag leanbhaibh scoile nuair bhíd fé scáth
ón bhfearthainn.
15 — Ní buan sneachta ar chraoibh ó Lá 'le
Brighde amach.
16 — Bíonn ceathanna sneachtaidh um Bheal-
taine [agus cailleacha ar leabaidh
ag sranntarnaigh agus mairbh ag
tarrac ar theampalaibh].
Rud annamh, iongantach um Bhealtaine ach thár-
lóchadh a léithéid uaireannta. Magadh an chuid eile
de'n chainnt.
17 — Bás na céad mhná nó báisteach tar
éis dinnéir.
Do féadfaí a bheith níos measa.
18 — Olc síon an sioc, is fearr sioc ná
sneachta agus is fearr sneachta
ná síor-bháisteach.
19 — Díogh gach síona sioc.
20 — Tiocfaidh lá fós go mbeidh gnó ag
an mbó dá h-eirball.
Le linn droch-aimsire deirtear é sin .i. tioc-
faidh brothall fós go mbeidh na cuileanna ag crádh
na mbó.
21 — Fuacht na slinneán a bhreacas na
luirgne.
.I. Ó bheith i n-aice na teine. Is amhlaidh is gnáth
an chainnt sin a rádh nuair fhágfadh gníomh i bhfad ó
bhaile riain ar rud ná beadh, dar leat, aon bhaint
chruinn aige leis an ngníomh.
22 — Comh-fhaid a théigheann fuacht agus
teas.
23 — Fothain an lae fhuair is fionnfhuaradh
an lae the.
Le h-éadach nó le tigh nó le crann deirtear san.
24 — Dá mbeadh an ghrian ag scoltadh na
gcrann ba mhaith leis an bhfuar-
théidhe teas.
Fuar théidhe = duine gan fuinneamh gur mhaith leis
bheith i n-aice na teine coitcheannta.
25 — Do bhainfeadh sé an croiceann
d'fhíogach.
Deirtear san le h-aimsir fhuair. Fíogach = saghas
éisc go mbíonn croiceann garbh air.
(Tuille le teacht).
An Seabhac.
Sean-duine do bhí ann uair agus bhí
sé ana-léitheanta; ach dá mhéid an fhoghluim
do bhí air bhí locht air — bhí sé dearmhadach.
Is minic a bhíonn lucht léighinn mar sin
ach ní raibh aon chuimse leis an bhfear
seo deirim.
Lá bhí sé chun dul ag siubhal ach
bhraith sé go raibh a bhata siubhail ar an
bhfán uaidh. Chuarduigh sé halla an tighe.
Ní raibh rian de'n bhata ann. Dhein sé
machtnamh ar an scéal; annsan d'fhill
sé ar an seomra. Tharraing sé chuige
páipéar agus scríobh sé chun carad do:
A Chara,
Nuair a bhíos id' thigh-se 'raer ní
foláir nó d'fhágas mo bhata im' dhiaidh
ann. An té bhéarfaidh an litir seo
chugat tabhair do an bata & bead
ana bhuidheach díot.
Mise do chara,
Tomás de F.
Díreach agus an litir á cur sa chlúdach
aige chonnaic sé an bata féin i gcúinne
an tseomra i tharraing sé an litir arís
chuige agus do scríobh:
Aguisín — tá an bata úd fachta
agam. Ní gádh dhuit aoinne chur 'á
lorg.
T. de F.
Agus siúd leis agus an bata na láimh
aige agus do chuir an litir sa phost.
Máire Ní Áinle.
LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.
AN MHIAS.
Bhí Seán Ó Coileáin, file, ar bhainis,
lá, agus ní mó ná sásta bhí sé leis an
gcóir do cuireadh air. Ba righin leis an
fheoil. Ba ghann leis an roinnt. Níor
thaithn leis an mhias. Agus dubhairt sé
an rann:
Seán Ó Coileáin, Máistir, do mhúin gach
sc'láire dá dtáinig,
Ní bhfuair sé mar sheára ach 'mháin stráice
nú dhó
De chliathán seana-chránach do bheathuig na
seacht n-áltha;
Agus cláirín seana-chárta mar phláta fén
bhfeoil.
Seára = cuid.
Seán Ó h-Icidhe d'aithris.
M. Ó Cuileanáin do sgríbh.
Más maith leat muinntir Ghráda,
Go sásta is go socair
Tabhair geach aon ní dhóibh,
Is ná lorg aon ní ortha.
DO CHABHAIR-SE, A CHARA.
Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.
GRAMADACH NA GAEDHILGE.
“STUDIES IN MODERN IRISH”
(Part I.)
An t-Ath. Gearóid Ó Nualláin, ‘M.A., B.D.,
Ollamh Gaedhilge, do rinne.
5/- a luach. Ó
CHUALUCHT OIDEACHAIS ÉIREANN,
89 Sr. Talbóid,
in ÁTH CLIATH.
Cora Cainnte na Gaedhilge d'á léiriú is
d'á míniú. Cainnt an Athar Peadar
& an Chéitinnig an bun atá aige.
I LIOS TUATHAIL
gheobhair Bróga Gaedhlacha agus
Eudach Maith Gaedhlach
ó
Ó MÓRÁIN,
i SRÁID AN MHARGAIDH.
NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ
EILE IN ÉIRINN ACH
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
agus is fada farsaing
atá a gcáil.
Le ceannach i ngach siopa tobac.
Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —
CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.
I LIOS TUATHAIL
gheobhair
Áraistí Iarainn, Troscán & Rothair
ó
THOMÁS Ó CRÓINÍN,
I SRÁID LIAM.
FEÓIL ÚR GHAEDHLACH.
Uaim-se gheobhair san.
agus
EUNLAITH is GLASAIRÍ.
MÍCHEÁL BARÓID,
Both a 64 & 65, Margadh na Feóla,
CORCAIGH.
Guthán a “276, Corcaigh.”
CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraidhe. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
GHEOBHAIR ROTHAR MAITH
GAEDHLACH UAIM-SE:
“AN LÚCÁNIA”
Má tá mótarán uait; nó deisiú le
deunamh ar rothar nó ar mhótarán
nó ar mhótar mór, deunfad-sa go
tapaidh is go toghtha dhuit é.
PÁDRAIG Ó h-AODHA,
Sráid Phembróc a 4 agus
Sráid an Chinn Thuaidh a 17,
CORCAIGH.
TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!
Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.
Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.
NUAIR A BHEIR
I gCORCAIGH
glaodhaigh isteach chugam-sa.
TÁ TEASBÁNADH MÓR
UAIREADÓIRÍ
AGUS FÁINNÍ ANSO.
MÍCHEÁL de RÓISTE,
Sráid Phádraig N. a 60,
CORCAIGH.
Scríobh chugam.
CHÓMH BLASTA
LE
h-AON-ÍM!
MARGAIRÍN
‘LEANDAR’
TÁ 'Á DHÉANAMH
I gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL,
Ó MATHÚNA & a gCualucht.
Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.
DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN
ISEADH
“TANÓRA”
Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.
Scríobh chuig
SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua.
tta.,
I gCORCAIGH,
in a thaobh.
Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.
“AN LÚCANIA”
(de dhéantús na hÉireann)
ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.
DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:
Tá
SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIDHEACH
le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:
‘SIOPA PLÚIR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’
AN 3adh tigh i Sráid an Rí,
CORCAIGH.
Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.
Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.
Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11