Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bealtaine, 1919

Title
Bealtaine, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Lóchrann



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh 38. BEALTAINE 1919. DHÁ PHINGINN A FHIACHA.



COLANN GAN CHEANN.



Do bhí fear ann fadó agus is é ainm
a bhí air ná Arus Dacail. Fear an-shaibhir
dob' eadh é agus bhí mórán iongantaisí
aige, agus bhíodh mórán cleas aige d'á
imirt, i dtreo go ndeireadh na daoine
nár dhuine saoghaltha in aon-chor é.



Do bhí tigh beag i gcúinne d'á fheirm,
& bhíodh fear na mbó 'na chomhnuidhe ann.
I gcionn beagán aimsire do cailleadh
fear na mbó ach níor chuir Arus Dacail
an fear a fuair sé 'na ionad 'na chomh-
nuidhe sa' tigh in aon-chor. 'Sé rud a
dhein sé ná leigeant dó dul 'na chomh-
nuidhe 'na thigh féin.



Do bhí an tigh beag follamh ansan &
do chuir Arus Dacail trí bharaile dighe
ann agus chuir sé fear ag faire air. I
gcionn seachtaine do bhí an fear imthithe
gan fios a thuairisce agus bhí trí chéile
ar na daoine mór-dtímpal nuair airigh-
eadar é. Ach níor chuir sin aon eagla
ar dhaoine áirithe agus is tapaidh a bhí
fear eile sa' tigh ag faire. I ndeire
na seachtaine do bhí an fear san imthithe
chomh maith leis an gcéad duine & Am
briathar, do tháinig scáth ar na daoine
roimh an dtigh & nár ró-fhuiriste duine
fhagháil chun faire dheunamh. Ach sa' deire
do fuarthas duine, fear mór ná beadh
scáth ná eagla air roimh céad sprid dá
mbeidís ag deunamh air chun a mharbhuithe.
Do chuaidh sé go dtí an tigh agus fuair
sé mar bhreab i dteannta a pháigh, go
mbeadh cead aige a dhóthain de'n digh ól
nuair a thiocfadh tart air. Bhí san go
maith agus bhí ag rith leis go h-áluinn
go dtí tráthnóna an tSathairn 'na dhiaidh
san. Ansan nuair a chuaidh sé chun deoch
fhagháil d'éirigh colann gan cheann anáirde
ar an gcéad-bharaile agus dubhairt sé:



“'Sé seo mo bharaile-se.”



“Má's é,” ars an fear, “bíodh sé
agat,” agus chuaidh sé go dtí an dara
baraile.



Bhí sé chun an deoch a thógaint as,
nuair a dubhairt an cholann, “'Sé sin
mo bharaile-se.”



“Má's é,” ars an fear, “bíodh sé
agat,” agus chuaidh sé go dtí an baraile
eile, & bhí sé ag tógaint na dighe nuair
a dubhairt an cholann an focal ceudna:
“Sin é mo bharaile-se,” ar seisean.



D'éirigh árd-fhearg ar an bhfear agus
dubhairt sé: “Is dóigh liom go bhfuil
níos mó ná do dhóthain sa dá bharaile
sin ansan & pé 'cu is leat an ceann
so nó nách leat tógfad-sa deoch as.”
Agus do thóg agus d'imthigh an cholann.



Roimis sin sa' ló, tháinig seanduine
an tslighe chun an fhir a bhíodh ag faire
agus nuair a chonnaic sé an deoch go
léir cheap sé fanamhaint ann an oidhche
sin & d'fhág an fear istig é, ach nuair a
chonnaic sé an cholann gan cheann tháinig
crith chos is lámh air & níor fhan focal
aige & ní h-ólfadh sé an deoch a thug
an fear chuige, mar is chuige a bhí sé 'á
thabhairt nuair a tháinig an cholann chuige
ar an mbaraile.



Nuair a tháinig aimsir chodlata do
chuadar araon a chodla sa leaba cheudna
mar ní raibh aon cheann eile sa tigh. I
gcaitheamh na h-oidhche tháinig an cholann
gan cheann chúcha agus isteach sa leabaidh
leis. Tháinig sé ar an dtaobh amuich &
thosnuigh sé ar bheith 'á mbrú' isteach. Do
bhí an seanduine ar an dtaobh istig in
aice an falla agus bhí an t-anam 'á
bhrú' as, ach ní leigfeadh an sgeón do
labhairt. Bhí fuinneog in aice leis agus
nuair a bhítheas ag dul ró-dhian air do
léim sé amach an fhuinneog agus as go
bráth leis.



Ansan do labhair an fear istig leis
an gcolainn agus dubhairt sé leis gan
bheith 'á bhrú níosa shia mar go raibh a
dhóithin slighe ansan aige agus mura raibh
go mb'fhearra dhó bheith ag bailiú leis
mar ná cuirfeadh sé féin suas leis i
bhfad. D'éirigh an cholann agus d'imthigh
sé uaidh.



Bhí tamall eile de'n oidhche imthithe &
nuair a fheuch an fear amach ar an úrlár
is amhlaidh a bhí deichneabhar ag bualadh
báire ann agus do bhí naonúr díobh ag
bualadh i gcoinnibh an aoinne amháin, agus
b'é duine é sin 'ná an cholann gan cheann.
D'fhan an fear faire ag feuchaint ortha
ar feadh tamaill agus sa deire dubhairt
sé — “Is mór an náire dhom bheith sínte
anso & an fear san amuigh in a leithéid
de chás.”



D'eirigh sé ansan agus chuir uime a
chuid eudaigh & chuaidh sé ag cabhrú leis
an gcolainn. Thosnuigheadar ar bhualadh
& i gcionn leath-uaire do bhí an naonúr
sínte marbh ar an úrlár ag an bhfear
bhí sé chómh maith chun bualadh. Ansan
do labhair an cholann leis.



“Is tú an fear is fearr dá bhfeaca
riamh,” ar seisean, “agus anois ó chabh-
ruighis liom bíodh an áit seo agat go
deo, mar mara mbeadh ar dheinis dom
anocht bhéinn anso i bpianta go deo, ach
anois táim saor, agus cuimhneóchad ort-
sa agus ní bheurfaidh aon lá cruaidh ort
i gcaitheamh do shaoghail.”



Sin é mo sceul-sa agus má tá breug
ann, bíodh.



Pádraig Ó Súilleabháin, Ceann Árd,
Corca Dhuibhne, do scríobh.



Sceulaidhe i gCeann Árd d'innis.



Sean-sceul atá ag Gaedhilgeóirí i ngach aon bhall
é sin. Tá sé ag Albanaigh, leis



Is iongantach an casadh bhain an té cheap é as ainm
Aristotle. Feuch, leis, gur ag feirmeóracht a bhíodh
an fear mór-eolais sin, agus a stór féinig dighe
aige, i gcúinne na feirme! — Lucht “An Lóchrainn.”



AONACH CHATHAIR SAIDHBHÍN.



Is beag duine in Uibh Ráthach ná tugann
cúrsa anois nó arís ar Aonach Chathair
Saidhbhín. Is ann a chidhtear am thuairim-
se an sluagh daoine is Gaedhealaighe, is
cródha, is subháilcí, is neamh-loisgighthe &
fós is dathamhla le fághail ar fúid cheithre
chúinní na h-Éireann indiu.



Ní chuireann san puinn iongna orainn,
nuair is eol dúinn go bhfuil Cathair Uibh
Ráthaigh ar cheann dos na catharachaibh is
ársaidhe in Éirinn, agus gurab iad
cuanta Uibh Ráthaig do thug ancoireacht
agus foithin do loingeas Clanna Míleadh
an chéad lá riamh a shroiseadar Éire.
Baisteadh an chathair ó inghin Conn-céad-
cathach gur b'ainm di Saidhbhín, a chómhnuigh
i láthair na catharach sa cheathramhadh déidh-
eanach de'n tarna h-aois. Bhí Saidhbhín
pósta ag Oillíoll Ollam — mac d'Eoghan
Mór, Righ na Mumhan.



Ar a shon go bhfuil an chathair ag dul
i méid ó lá go lá sé an oiread céadna
aontaighe atá ann le “cuimhne an fhiolair.”



Má ghabhann tu tríd aon tsráid do
shráideannaibh na cathrach tráthnóna lae
aonaigh, deirim-se leat gur rí-olc an
t-aonach a bhí ann mar a gcloisfir ceol
ag éirighe as gach tigh tábhairne. Ceol
amhránaidhe éigin súgac aerach i ndeas ó
Chathair Dómhnall, anoir ó Ghleann Bheithe,
anall ó Chois a' Ghóilin, nó béidir aniar
ó Oileáinín Aoibhinn Dairbhre a' canadh
amhráin d'amhránaibh Thomáis Ruadh nó file
éigin dá leithéid.



Seán na Buile.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.



D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
H. JOHNSTON, Teó.



Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.
Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, CORCAIGH.



NÍL A SHÁRÚ SO IN ÉIRINN:



MARGAIRÍN
“LOVING CUP”



I gCorcaigh a deintar. Tá le fáil in
a phúntaibh nó in a chnapógaibh.



ó



DHEUNTÚSACHÁN AN tSEANDÚNA,
I gCORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (Teo.),



CIONN tSÁILE,
Co. Chorcaighe.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



BÁS DHIARMUDA.



Nuair a rug Diarmuid Gráinne ó
Fhionn do cuireadh ruaig air & tháinig
sé chun comhnaithe go h-Uibh Ráthach, é
féin & Gráinne. Aon lá amháin tháinig
Spáinnigh (?) isteach ann ag cur cogaidh
ar na Fiannaibh. Do bhí fearg ar Dhiar-
muid chun Fionn ach do dhein sé a dhích-
eall chun ná raghadh na Spáinnigh chun na
bhFianna mar bhí a fhios aige ná raibh
na Fianna ollamh chun cogadh a thabh-
airt dóibh.



Dhein sé mar seo: Chuir sé teachtaire
go dtí na Fianna 'á rádh leo, bheith
ollamh agus go gcimeádfadh sé féin na
Spáinnigh siar an fhaid is d'fheudfadh
sé é.



Tháinig na Spáinnigh chuige & d'fhiaruigh-
eadar de cá raibh na Fianna 'na gcomh-
nuidhe. Dubhairt sé ná feadair sé, go
mbídís ag imtheacht ó áit go h-áit.



“Agus,” ar seisean, “má's ag cur
cogaidh ortha a thánabhair-se, b'fearra dhíbh
dul abhaile. Ní bhéadh aon dul agaibh ar
bhuachtaint ortha.”



“Níl aon eagla orainn rómpa,” ars'
iad, “agus an ceann aca tusa go bhfuil
an oiread san muiníne agat asta?”



“Ní ceann aca mé,” ar seisean, “ach
buachaill aimsire agus tá clis agam ná
féadfadh aoinne agaibh-se dheunamh.”



“Má's mar sin atá an sceul,” ars'
iad, “go bhfeudfadh buachaill dod' shórt-
sa cleas a dheunamh ná féadfaimis-ne
a dheunamh ní bhéadh aon-ghnó againn dul
i gcoinnibh na bhFianna. Cad iad na
clis is mó a chífeá 'á ndeunamh anso?”
ars' iad.



“Do-chínn,” ar sé, “daoine ag líonadh
baraile de ghrean agus bheiridís suas ar
chnoc é agus mharcuighdís é go dtí go
mbíodh sé ar bharra na faille. Ansan
léimidís anuas agus scaoilidís síos an
baraile.



“An ndeunfá-sa é?” ar siad.



“Am briathar go ndeunfainn,” ar
seisean.



Thugadar an baraile chuige go barra
cnuic a bhí 'na n-aice. Chuaidh Diarmuid
anáirde air. Scaoil sé leis agus d'fhan
anáirde air go dtí go raibh sé ar bharra
na faille. Ansan do léim sé anuas de
agus scaoil sé an baraile síos le faill.
Ansan do thriail cuid de sna Spáinnigh é
ach nuair a théighidís go barra na faille
ní fheudaidís léimt anuas de'n bharaile
& bheireadh sé le faill iad. Sa deire
d'eirigheadar as agus d'fhiaruigheadar de
an raibh aon chleas eile aige. Dubhairt
sé go raibh. Chuir sé a chlaidheamh 'na
sheasamh & do luigh sé anuas air agus
chas sé tímpal trí h-uaire. Do thriail
na Spáinnigh an cleas san acht nuair a
luigheadar anuas ar an gclaidheamh do
chuaidh an claidheamh suas trí gach duine
aca a thriail é.



Nuair a chonnacadar ná feudfaidís
aon chleas aca a dheunamh chuadar go
dtí a mbáid & sheoladar abhaile airís.



Tamal 'na dhiaidh san do bhí Diarmuid
agus Gráinne ag fiadhach cois Chnoic an
Fhiolair. Do thárluigh Gruagach an Oileáin
leo agus d'fhiafruigh sé de Dhiarmuid an
imreochadh sé an bhean, mar gheall. Dubh-
airt Diarmuid ná raibh aon rud riamh
aige ná h-imreochadh sé. D'imreadar
an cluiche ach ambasa gur bhuaidh an
Gruagach an bhean. Ansan do tháinig
dochma ar Dhiarmuid. Do chonnaic an
Gruagach go raibh buairt air & dubhairt
sé: “Bhuas-sa an bhean ach bíodh sí agat
má leanann sí thú.” D'imthigh an Gruagach
síos & d'imthigh Diarmuid suas ach do lean
Gráinne an Gruagach. Ansan dubhairt
Diarmuid gur d'imthigh an bhean síos mar
go raibh an fhánaigh aici. Ansan d'imthigh
an Gruagach suas & d'imthigh Diarmuid
síos agus do lean sí an Gruagach airís.
Do léim an Gruagach isteach san Oileán
ansan agus rug sé Gráinne leis.



Do tháinig ceó draoidheachta ar an
oileán ansan agus ní fhéadfadh aonne é
'fheicsint ar feadh seacht mblian. D'fhan
Diarmuid ar Chnoc an Fhiolair ar feadh
na seacht mblian agus nuair d'eirigh an
ceó de'n oileán do léim sé isteach ann.
D'imthigh sé gan mhoill ag triall ar thig
an Ghruagaigh agus fuair sé ann é. Do
chuir sé troid air gan mhoill ach do rug
an Gruagach greim air agus do leag sé
é. Leis sin do tháinig Gráinne isteach
& nuair a chonnaic sí iad do rith sí ag
trial ar chlaidheamh. Do bhí an Gruagach
anuas ar Dhiarmuid, ach do mheas sí gur
b'é Diarmuid a bhí ar bharra agus sháidh
sí an claidheamh tríd an nGruagach.



Nuair a chonnaic sí cad a bhí deunta
aici do tháinig crith cos is lámh uirthi
ach i gcionn tamail do shocruigh sí in
a h-aigne a rádh le Diarmuid gur le
fearg chuige a mhairbh sí an Gruagach.



An mac a bhí aici ó chuaidh sí ar an
Oileán d'órduigh Diarmuid dí é 'chom-
áint uaithe. Dubhairt sí go ndeunfadh
ach is é a dhéin sí 'ná banbh a dheunamh
de le draoidheacht fhoghluimigh sí ó'n
nGruagach agus chuir sí d'á chothú ar
Chnoc an Fhiolair é. I gcionn tamail
mhaith do bhí an collach so ana-mhór agus
ní fhéadfadh aonne é mharbhú. Do bhí sé
ag deunamh léir-scrios ar na daoine
mór-thímpal na h-áite agus do tháinig
na Fianna chun deire chur leis. Chuir-
eadar fios ar Dhiarmuid chun dul chúca
mar b'é Diarmuid an fear dob' fearr
aca. Dubhairt Gráinne leis gan dul
ann nó ná tiocfadh sé abhaile go bráth.
Ach níor ghéill sé dí agus d'imthigh sé.



Do bhí ar Dhiarmuid gan dul i n-aon
fhiadhach aon lá go bhfeicfadh sé braon
d'á chuid fola. Nuair a bhí sé ag im-
theacht do chaith Gráinne an scian leis
& do chuaidh sé 'na cholpa ach do bhrúig
sé isteach ann é agus d'fhág ann é chun
ná tiocfadh aon bhraon d'á chuid fola
amach agus d'imthigh sé air ag fiadhach.
I gcaitheamh an lae do mhúscluigheadar
an collach agus do mhairbh Diarmuid é.
Nuair a bhí sé marbh do chuaidh Diarmuid
chun é thomhus. Do tháinig sé ag 'á
cheann & thomhus sé siar le 'na throithe,
sé sin a chosa, é. Ach do bhí daoine
ann go raibh éad aca le Diarmuid agus
dubhradar leis tosnú ag barra an ear-
baill. Do dhein, agus chuaidh an dealg
nimhe a bhí ar dhrom an chollaigh i gcois



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.



Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


Dhiarmuda agus chuir sé chun báis é.
Nuair a bhí sé 'á chailleamhaint dubhairt
na Fianna le Fionn dul agus trí bhas
uisce do thabhairt chuige.



Do leighisfeadh trí bhas uisce ó Fhionn
an aicíd ba mheasa. Do chuaidh Fionn ag
triall ar an uisce ach do chuimhnigh sé ar
an rud a dhein Diarmuid air (do rug sé
Gráinne uaidh) & nuair a bhí sé i n-aice
Dhiarmuda do scaoil sé an t-uisce uaidh.
Chuaidh sé airís ag triall air & an bas
uisce aige ach do dhein sé an cleas
ceudna leis airís. Ansan d'eirigh na
Fianna go léir chuige agus do rith sé
ag triall ar an uisce agus thug sé
leis é go slán ach do bhí Diarmuid
marbh roimis. Ansan tháinig leun mór
ar Fhíonn ná tug sé an t-uisce chuige
ar dtúis.



Sean-sceulaidhe ar an gCeann Árd i gCorca
Duibhne d'innis an sceul san dom.



Pádraig Ó Súileabháin



Ceann Árd.



BEAN MHIC AN MHAOIR.



An caoine úd cúig rann a bhí i “Lóchrann” na
Bealtaine (Uimh. a 26) ag Gearóid ó Súiliobháin, tá
deallramh aige leis an gcaoine seo thíos. An bunús
ceudna atá leó araon, nach mór — gur mealladh bean
tighe amach ar an dtráigh ag piochadh báirneach (nó ag
baint duilisc) agus ná tabharfadh an bhean a bhí in
aonfheacht léi aon-chongnamh di nuair a bhí sí 'á bátha.



An bhean a phós mac an mhaoir 'n-a dhiaidh san, bhíodh
sí ag síor-rádh na cainte atá sa' dán, gan buidheachas
dí féin, gur thuig mac an mhaoir an sceul is gur chuir
sé uaidh í.



Sé an duileasg donn do rinne mo dhíobháil,
Thug go carraig me ná deunfaidh trághadh.
Is 'inghean úd thall cois na trágha síos
Nach truagh leat féin bean 'á báthadh.
Cha truagh, cha truagh, is beag do chás díom.
Sín do chrios uait, tabhair do lámh dom,
Nó cúinne ded' bhreacan, má sé is áil leat,
Feuch' a ndeunfa' me buille snámha.
Téirigh a bhaile, innis i dtráth é,
Ceil é, ceil é ar mo mháthair,
Go dtí go n-eirighean an ghrian amáireach.
Mo thruagh anocht mo thriúr páisdí,
Fear díobh bliana, fear a dá dhíobh,
'S fear beag eile in aois a thála.
Tiocfaidh an churrach anso amáireach.
Beidh m'athair ann 's mo thriúr driothár,
'S beidh mac an mhaoir ann ar rámh-bhrághaid.
'S gheobha siad mise ann d'éis mo bháthadh,
Mo chóta gorm ar bhárr na sáile,
'S mo chúilionn donn ar dhro'-chóiriú,
Mo bhróiste airgid ar charraig láimh liom,
'S mo phaidrín i lag mo bhrághad.
Is buidheach do'n té a raghaidh am' áit-se,
Gheobha sí meas ann, ciall is náire,
Gheobha sí gabhair bhíon ar árd-bheann,
Gheobha sí caoire maola bhána,
Is ba laoigh a' ruith um an áirigh.



Cha truagh — Ní truagh; feuch' — feuchaint;
áirigh — bothán.



An bhean uasal, Próinséas Tólmí do bhailigh in
Albain dachad bliain ó shin. Tá athrú beag anso
is ansúd sa' leagan san thuas.



Bhí ní cosúil leis seo sa tsean- “Lóchrann,” Sept-
ember, 1910. I gCorca Dhuibhne fuarthas é. — Fn.



CONGNAMH NA gCARAD.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



LUIBH-SHEANCHUS — Irish Ethno-Botany,
le M. F. Maloney, M.B., Dún Garbhán (ar
4/6 ó ,M. H. Gill & Son,' Áth Cliath). Tá
sean-leabhair ár gcine cuardaithe ag an
ndochtúir seo ar lorg eolais i dtaobh
luibheana na h-Éireann — an úsáid a deintí
dhíobh agus an meas a bhí ag daoine ortha.
Tá gearra-chúntas deas aige ar an gcuma
in a ndeineadh draoithe leigheas. Labhran
sé, leis, ar an gcuma in a dheinid muinn-
tir na tuaithe leigheas fós a' luibheanaibh.



Tá órdú lucht ealadhan ar an leabhar.
Tráchtan sé ar na luibheana in a mbeart-
aibh — fé mar atáid roinnte ag lucht
ealadhan .i. Umbelliferae, Compositae,
labiatae, &c., &c.



Tá an ainm Laidne, agus aon-ainm
amháin Beurla agus a lán ainm Gaedhilge
aige ar gach luibh. Is baoghal liom ná tug
sé an aire cheudna do sna h-ainmeacha
Gaedhilge & thug sé don dá shaghas eile.
Gach ainm atá i leabhar an Athar Eumonn
Ó h-Ógáin, tá sé sin sa Luibh-Sheanchas so
.i. “Euphrasia. Eyebright. Líon Radharc;
Soillse na Súl; Lus na leac. Convol-
vulus. Bindweed. Duillmheall.” Má
chuirean an dochtúir ceist ar aon-
Ghaedhilgeóir maith sa' Rinn (nó ar an
Athair Mícheul Ó Síothcháin, Ollamh, atá
i Magh Nuadhat), cloisfidh sé an ainm
Ghaedhilge atá ar an dá luibh sin tuas.



B'fhearr go mór an ainm Gaedhilge
atá ag muinntir na nDéise do chur sa'
leabhar, agus gan na h-ainmeacha go léir
— idir ainm Albanach is ainm Mhanannach
is ainm Ultach is ainm Mhuimhneach, &c. — do
chaitheamh isteach in aon-charn amháin mar a
dhein an t-Athair Eumonn Ó h-Ógáin roimis.
(Sórt foclóra is eadh an leabhar úd).



Ní h-aon-locht mór ar an leabhar so ó Dhún
Gharbhán ainmeacha an Athar E. Ó h-Ógáin
bheith ann, mar leabhar is eadh é sin ná
fuil le fáil anois.



Is truagh ainm Gaedhilge — “Luibh-
Sheanchas” — bheith mar phríomh-theidiol ar
leabhar Beurla, mar is a' Beurla scríobh
an dochtúir toradh a chuid cuardaigh.
Aonne dheinean stuideur ar bhláthaibh,
mar chaitheamh aimsire nó mar chéird,
beidh easnamh ar a chuid eolais má
bhíon sé in eumais an “Irish Ethno-
Botany” so.



Seán Tóibín.



TRÉITHE FHINN.



Do léigheas an méid seo leanas i leabhar
Fiannaidheachta:



1. Ba do bhuaidhibh Fhinn Mhic Cumhaill cé
mór do bhéarfadh do neach nár mhaoidhimh sé
de ló ná d'oidhche air é.



2. Adubhairt Pádraig:



“Ba mhaith an tighearna aga rabhabhair-si”
.i. Fionn Mac Cumhaill.



Do ráidh Caoilte (mac Rónáin):



“Dá mba ór an duilleabhar chuirios di
an choill, dá mba airgead an geal-tonn
do thabharfadh Fionn uaidh iad go léir.”



An Giolla Mear.



Tréithe ionmholta iad so ach bhí taobh dorcha dá mheón
do teasbántaí uaireanta eile mar atá i dTóruigheacht
Diarmuda. Ba mhaith linn idir thréithe fóghanta nó
a mhalairt 'fhághail. Fuaireamair cúpla aisde eile
thar Fionn ach níl éan chur síos ceart ar a thréithibh
ionnta, — Muinntir an Lóchrainn.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge
agus Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.



SRÁID DÁSON, a 45,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



Ní deintear aon phíopaí
eile in Éirinn ach
Píopaí Mhic Pheadair



agus is fada farsaing
atá a gcáil.



Le ceannach i ngach siopa toabc.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



Capp & Mac Peadair Teo.
Faiche Shain Stiabhna,
Áth Cliath.



In
Áircéid na Mumhan
gheobhair
Lámhainní Olna
de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.



Tá earraí Gaedhlacha le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:



Áircéid na Mumhan



le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’



I gCorcaigh.



Seán Ó Conaill,



Sráid an Rí, i gCorcaig



Scriobh chuige.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.



Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ



DE DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'na in aon tsiopa eile:



Sráid Phádraig No. a 105,



(‘Luke Burke’)



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Choláiste Uí
Comhraidhe,
Carraig an
Chabhaltaigh,
Conndae an
Chláir.



1919.



An Cheud Seisiún:



Ón 7adh lá de Iúl
go dtí an 2ra. lá
de Lúnasa.



An Tarna Seisiún:
Ón 4adh lá de
Lúnasa go dtí
an 30adh lá.



Togha Teagaisc, Togha Bídh
is togha Spóirt.



Gheobhair an Clár, agus gach eolas,
ón Rúnaidhe: ó Bhrian Ó h-Uiginn,
Carraig an Chabhaltaigh.



TÉIG FÉ DHÉIN



“AN EMPÓRIUM”



ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig.



An Fear Gnótha:
Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh



An Fear Eagair:
An Seabhac, Daingean Uí Chúise



Na Díoltóirí:
Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



ABHA AN ÉITHIGH.



Fad ó ins an Spáinn, na daoine do
théigheadh ar oilithre go dtí teampall
Shain Séamuis i gCompostella do chreid-
idís nár mhór dóibh an coinsias do bheith
go glan ionraic aca i ndeire a dturais.
Thárla uair go raibh ridire ríoga ag dul
'na oilithreach chun an teampaill sin agus
a ghiolla le na chois. Do ghluaiseadar
leo go moch ar maidin le h-ionchas go
sroisfidís Miranda an tráthnóna san chun
na h-Ébró do Ghabháil ansúd.



Sa tslighe dhóibh, do ghabh sionnach thórsa
ar an mbóthar.



“Sin sionnach breagh mór anois,” ars
an ridire.



“Ach, a thighearna!” ars an giolla, “ins
na tíortha do thaisdealas roim bheith id'
sheirbhís-se, dearbhuighim dar an dilse
is dual duit uaim, go bhfeaca-sa sionnaigh
ba dhá mhó ná an sionnach san, agus do
chonnac ceann aca uair bhí chómh mór le
tarbh beagnach.”



“Cad é mar chlú do bheadh ag an
bhfiaguidhe mharbhochadh é!” ars an ridire,
agus do thiomáin sé leis na thost. Fé
cheann tamaill do stad an ridire agus
adubhairt sé ós árd. “A Thighearna, cos-
ain indiu sinn araon ar chathú an éithigh
nó tabhair dúinn go gcúitighimíd ár gcion
i dtreo go gcuirimíd an Ébró anonn dínn
gan bháth gan bhaoghal.



Do tháinig iongnadh agus alltacht ar an
ngiolla ar chlos na paidre sin do agus
d'fhiafruigh sé den ridire cad fé ndear
dó í rádh.



“Ná fuil fhios agat,” ars an ridire,
“go gcaithfimíd an Ébró do ghabháil chun
dul go Compostella & go bhfuil neart ó
Dhia do'n abhainn sin pé duine a thugann
a éitheach sa tsligh ann dó do bháth mara
ndeinidh sé aithrighe.”



Shroiseadar abha na Sadosa.



“An í siúd an abha, a thighearna?” ars
an giolla.



“Ní h-í. Is fada uainn fós í,” ars
an ridire.



“A leithéid seo, a thighearna ridire.
An sionnach úd do chonnac-sa tráth ní
raibh sé ach chómh mór le gamhain.”



“Agus a dhuine chroidhe,” ars an ridire.
“Cad é sin domhsa cad é an méid bhí
san sionnach san agat.”



Do chomáineadar leo cois ar chois &
an giolla bocht ag deunamh a mhachtnaimh
leis féinig, go dtángadar go dtí abhainn
eile nár mhór a ghabháil.



“An í seo an abha úd?” arsa sé.



“Ní h-í fós ach is gearr go mbeimíd
ann,” ars an ridire.



“Pé sgeul é, a thighearna,” ars an
giolla, “an sionnach úd go rabhas ag
caint leat mar gheall air, do réir mar
is cuimhin liom ní raibh sé ní ba mhó
ná caora.”



“Ó mhaise,” ars an ridire, “leig dom
féin. Cá cuma dhomhsa tú féin agus do
shionnach.”



Ba ghearr go raibh deire an lae ann
agus gur chómhsholas fear le tor, agus
iad buailte le deire turais an lae sin
le Miranda.



“Siúd í thall an Ébro fé dheire, buidh-
chas le Dia,” ars an ridire.



“Ach, a mháighistir is fearr dá raibh ag
éinne riamh, “ars an giolla de gheit.” Do
bheirim mo bhriathar móide dhuit gur bheag
má bhí an sionnach úd chómh mór leis an
sionnach do chonnacamar ar maidin.



Cormac Ó Cadhlaigh
d'aistrigh ó'n bhFraincis.



TOMÁS TÓIBÍN.



R. I. P.



Do sciob an galar gránda Gaedhal
dúthrachtach de Ghaedhealaibh Chorcaighe leis
le deunaighe: Tomás Tóibín, ó Bhaile an
Teampaill, dritháir do Sheán Tóibín. Go
mbronna Dia solus geal na bhFlaithas ar
a anam.



Do bhí Tomás i mbláth na h-óige (26)
& deallramh na sláinte air go dtáinig
an galar gránda air agus laistigh de
sheachtain do bhí sé i roilig Chille Cré
i measc a shinnsir Gaedhal.



Fíor-Ghaedheal agus fíor-Chríostaidhe ab
eadh é. Ní raibh puinn den Ghaedhilg
aige & é ag eirighe suas ach ní túisge
a thuig sé brigh na h-oibre ná gur chrom
sé ar í fhoghluim go díchealach agus is
aige bí sí go líomhtha agus go blasta
nuair a tháinig sé in aois fir.



Do dhein sé a chion féin chun í thabhairt
do dhaoinibh eile, mar do bhí sé le blianta
'á múineadh i gCraoibh Chorcaighe & ar an
Dubh-Charraig, tréis a lae oibre, agus is
mór mar a mhothuighmíd uainnn anois é.
Do bhí sé i n-a “Fháinneach” agus is beag
rud i dtaobh na Gaedhilge a bhíodh ar
siubhal sa chomarsanacht so Chorcaighe ná
bíodh Tomás sáidhte ann. Níor imthigh mí
thairis ó chuireadh Cualacht Mhuire ar bun
ná raibh sé i láthair.



Buachaill séimh macánta geal-gáiriteach
dob eadh é gur annamh a casfaí a leithéid
ort le feabhas a mheóin & a dhea'-chroidhe.
Do bhí baint aige le Cualucht Bhinsint de
Pól agus do thaisg sé d'á anam an
fhaid as do bhí sé ar an saoghal so,
ag déanamh gnóthaí carthanachta imeasg
bochta Dé.



Do bhí suim mhór aige san iománuidheacht
agus do casadh go minic orm é ar pháirc
an bháire agus is maith mar ar thuig sé
conus camán do chasadh.



Is truagh cráite Gaedhil de shaghas
Thomáis d'imtheacht uainn agus an gádh
atá leó fé láthair, ach is fearr fhios ag
Dia, moladh go deó leis agus A thoil
Naomhtha go ndeintar!



S. De R., Craobh Chorcaighe.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk


L. 5


An Fear Ó Mhalla.



Roinnt blian ó shin bhí fear oibre ó
Mhalla, go dtugtí “Tadhg na Stiall”
mar leas-ainm air, 'na sheirbhíseach ar
feadh scaithimh aimsire i gConntae Thiob-
raid Árann. Fear láidir, lúbach, groidhe
dob' eadh Tadhg; fear nárbh' fhios do féin
méid a nirt, ná feidhm a chuirp. Ní
raibh teóra leis na gníomharthaibh gaisce
do dheineadh sé.



An feirmeóir go raibh Tadhg ag obair
aige, do bhí tarbh mór, dána trodach aige;
tarbh nárbh' ionntaoibh, dá bhfaghaidh sé faill
ar dhuine. Bhíodh an tarbh san agus slabhra
air agus é ceangailte de staic iarainn
amuigh i lár páirce. Dob' eagal d'éinne
é go dteagmhóchadh an tarbh leis, agus é
gan an slabhra air, & dá bhrí' sin do bhíodh
ar fhear an tairbh an t-ainmhidhe aingciallda
san do chimeád fé smacht nó bu bhaoghal
báis do chómhursain éigin é.



Bhí an scéal mar sin ar feadh tamaill
mhaith go dtí go dtáinig na cómhursain go
tigh an fheirmeóra oidhche ar scoruidheacht.
Do bhítheas ag cur síos ar ghníomharthaibh
gaile agus gaisce do dhein an duine seo
& an duine úd, agus sa deire thiar dubh-
airt duine de'n chuideachtain dá mbeadh
a leithéid súd d'fhear 'sa pharóiste fé
láthair gur ghearr a mhoill air tarbh dubh
an fheirmeóra do mhíniú.



“Nach cuimhin libh,” ar seisean, “cad a
dhein sé le tarbh Seáin Uí Riain an lá
thug an tarbh san fé & é ag teacht abhaile
ó'n gceardchain.” “Is cuimhin go maith,”
arsa duine de'n chuideachtain, “ach adéar-
fainn go bhfuil fear annso anocht dá
gcuirtí chuige é, a dhéanfadh an tarbh
san amuigh dho mhíniú, chómh maith leis an
bhfear úd do bhris cnámh droma thairbh
an Rianaigh.”



“Cé h-é féin airiú,” ars an chuid eile.



“Nách shin é ansan agaibh é,” ars an
chéad duine do labhair, “Tadhg na Stiall
ó Mhalla.”



Do gháireadar an chuideachta, mar cheap-
adar ná raibh i dTadhg na Stiall ó Mhalla
ach slibire gan chlisteacht, gan fuinneamh
gan tapamhlacht, cé go raibh cuma láidir
air.



“Cuiridh uaibh na gáirí,” ars an fear a
labhair ar dtúis, “ní cóir gáire a dhéanamh
fé dhuine ar bith go mbeadh cúis gháire
ann. Níl aon chúis gháire agaibh fé Thadhg
fós, agus ní móide díbh a bheith. Cuirfead-
sa geall deich bpúnt le h-aon fhear annso
go míneóchaidh Tadhgh an buachaill dubh úd
amuigh annsúd má gheibheann sé cead
chuige.”



“Bíodh 'na mhargadh,” arsa fear a' tighe,
“liom-sa an tarbh & ba mhaith liom mínithe
go maith é, acht ní dóigh liom go bhfuil sé
i gcumas éinne annso smacht a chur ar
an mbuachaill úd.



Cuireadh síos an geall eadartha agus
shocruigheadar ar lá chun Tadhg agus an
tarbh do dhul ag cómhrac — dá mbeadh sé
de mhisneach ag Tadhg dul i dtreis leis.
An fear a chuir an geall síos, d'fhiaf-
ruigh sé de Thadhg an dtabharfadh sé fé'n
dtarbh? Dubhairt Tadhg go ndéanfadh acht
go gcaithfí é dhíol go maith dá n-éirigheadh
leis an tarbh do chuir ar lár; nárbh' aon
mhagadh dul ag cómhrac le tarbh. Dubhairt
a raibh láithreach go ndíolfaí a phágh go maith
leis dá mbuadhadh sé ar an dtarbh agus
do cuireadh an t-airgead le chéile gan
mhoill.



“'Seadh! bhí go maith agus do ceapadh
lá an chómhraic agus nuair a chuaidh an
scéal amach ar fuaid na h-áite go raibh
Tadhg na Stiall” chun tarbh dubh a mháistir
do throid, bhí gach éinne 'á ullmhú féin
chun dul ag féachaint ar an spórt. An
Domhnach a bhí chúcha tímpeall a ceathair
a' chlog tráthnóna thosnuig na daoine ar
bhailiú isteach sa pháirc mhóir i raibh an
tarbh & bhí “Tadhg na Stiall” ann chómh
maith leo, go neamh-eaglach. Bhí an dúthuig
go léir ann, mar an radharc a bhí le
feicsint aca an tráthnóna san, ní fheac-
adar a leithéid riamh agus b'fhéidir ná
feicfidís go deo arís.



I gcionn tamaill chuaidh fear an tairbh
agus beirt fhear eile, agus “Tadhg na
Stiall” isteach 'on pháirc. Bhain Tadhg
de a chasóg agus do dhein sé muiniltrí
a léine d'fhilleadh. Chaith sé dhe a hata,
do chuir crios maith, láidir um 'á chom.



“'Seadh,” ar seisean, “scaoiltear
chúgham é.”



Do scaoileadh an tarbh, agus do phreab
fear an tairbh agus an bheirt eile amach
thar claidhe. Ní túisge a scaoileadh an
tarbh ná gur seo fé dhéin Taidhg é. Níor
chorruig Tadhg. Bhí sé na stalca dar le
n-a raibh láithreach. Tháinig sgannradh ortha,
mar shíleadar gurbh' amhlaidh a theip an
misneach ar Thadhg & go ndéanfadh an tarbh
min-ramh de. Seo an tarbh ag druidim le
Tadhg, go mall ar dtúis, ach fé mar bhí sé
ag teacht níos giorra dho, do bhí ag méadú
ar an bhfuinneamh agus ar an bhfuadar a
bhí fé, chun Tadhg do stolladh as a chéile.
Seo fé 'na dhéin é le fuinneamh nímhe agus
díreach agus an tarbh chun na n-adharc do
chur ann do phreab sé ar lea'-taoibh agus
le linn sceinneadh thairis don tarbh, do thug
Tadhg snap ar iarrbhall air & do chas a lámh
go daingean i gclúmh an iarbaill aige.



Seo an tarbh ag casadh timpeall, ag
iarraidh teacht ar Thadhg. Bhí fuair aige.
Bhí greim daingean ag Tadhg ar an iarball
le n-a láimh chlé, agus leis an láimh dheis
thosnuigh sé ar an dtarbh do léasadh, i
dtreó, sa deire thiar thall, gur thuit an
tarbh i n-a phleist ar an mbán, traochta
amach ag Tadhg. Do sheasaimh Tadhg os
a chomhair amach, agus do bhagair a dhorn
air. “Éirigh, a spreallaire,” ar seisean,
“níor bhuail fear ó Mhalla riamh fear
ar lár.”



Do liúigh na daoine agus do bheiceadar.
Bhí an tarbh dubh dána mínithe ag “Tadhg na
Stiall” ó Mhalla.



Pádruig Ó Corcora.



Explanatory Grammar (le Seaghan Ó
Catháin, ar 1/- ó ‘M. H. Gill & Son,’ Áth
Cliath). Má lean Gaedhilgeóir go dluth
dá chuid saothair riamh is é Seaghan Ó
Catháin a dhein. Leabhar nua é sin, in
a bhfuil míniú beacht ar a mbainean le
gramadach na Gaedhilge. S. T.



Má tá eolas uait ar an
nGaedhilg nó ar chionnos
í mhúineadh, níl agat ach
dul go dtí



COLÁISTE AN DAINGIN



Mí Iúil nó
Mí Lughnasa
so chugainn



ón 30 VI. go dtí 26 VII.



agus



ón 28 VII. go dtí 30 VIII.



Tá gach eolas le fagháil ó Rúnaidhe
Choláiste an Daingin,
Daingean Uí Chúise.



Oscalófar
COLÁISDE NA MUMHAN



I mBéal Átá 'n Ghaorthaidh



i dtoach mí
IÚIL, mar is
gnáthach.



Tá gach tuairisc in a thaobh le fághail
ó'n Rúnaidhe, ó Liam De Róiste,
Sráid an Chapail Bhuidhe a 27,
Corcaigh.



IOL-SCOIL NA MUMHAN
(RING IRISH COLLEGE).



Samhradh, 1919.



An Chéad Teurma:
Ó'n chéad lá Iúil go 31mhadh.



An Dara Teurma:
Ó'n 4adh lá Lughnasa go 29mhadh.



Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.



PÁDRAIG Ó CADHLA,



An Fear le Scríobhadh.



ANSO



I GCATHAIR CHORCAIGHE,



beidh



COLÁISTE GAEDHILGE



ar siubhal fé mar a bhí anuiridh;
i rith



MÍ IÚIL



I gColáiste Bráthar na Toirbhirte.



Scríobh chun an rúnaidhe ansúd.



“EUDACH NA DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball
in a deintar é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.


L. 6


Tá ÁTHRAIGHE AIRGID
den tsaghas so go h-oireamhnach
mar Bhronntanas Baiste.



Deinimíd-ne iad san agus an
uile-shaghas eile mar atá —



CAILÍSÍ, CUIRN AGUS CUACHA,



AGUS



ÓRNÁIDÍ I BHFUIRM BONN



AGUS



CROSANA CEILTEACHA,



mar aon



le h-ÉIDE SAGART, LÁSAÍ, agus



COINNLEÓIRÍ.



I gCorcaigh a deintar.



Cuir tuairisc a luach ar



LIAM MAC AODHGÁIN & A Chl.-mhac Teo.,



32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH



NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT,



ach an uair a raghair ar lorg



SAIGRÉIDÍ MAITHE,



agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan.



Abair



“SILK CUT”



le cailín an tsiopa.



I nDÚNDEALGAN



a deintear, agus tá 'á gcaitheamh



AR FUAID ÉIREANN.



P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA.



(teor.)



lucht a ndeunta.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



BOB.



Is as aiste racaireachta a sgríbh R. B. Sheridan
do thógas an méid seo a leanas.



I Sasana is eadh do thuit an sgeul amach; agus
Sasanaigh is eadh an giúistís Baoth & a bhean Brighid,
agus a n-inghean Leára: Éireannach is eadh Mac Uí
Chonchubhair, agus tá sé féin agus Leára i ngrádh
le chéile.



Táid Baoth agus Brighid i gcoinnibh an chleamhnais,
acht tá sé curtha roimhe ag an gConchubharach an
inghean do bheith aige da n-aimhdheoin. Le congnamh
a charad, an Dochtúir, do thug sé fúithe uair nó
dhó, ach do theip air. Sa deire cheapadar cleas
na leitreach agus na ‘nimhe,’ agus d'eirig leo.



An giúistís Baoth & a bhean, Brighid, 'n-a suidhe chun
bóird, agus iad déis a gcéad-phroinn do chaitheamh;
seirbhíseach do theacht le litir & Brighid ghá h-oscailt.
An seirbhíseach d'imtheacht ansan.



Brighid: Is ó'n gConchubharach í: tá 'ainm léi.



Baoth: An beitheamhnach!



Brighid (ag léigheadh dhí): “Is milis díoghal-
tas: agus cé gur theip orm i dtaobh
t'inghine, tá sé mar shásamh agam go
bhfuilim suas len a h-athair crua'-
chroidheach; b'aiteas liom gur tháinig
liom ar maidin indiu nimh do chur id
chuid té chugat —



Baoth: Cuir uait do chuid cleas, a Bhrighid.
A' ceapadh taoi.



Brighid: Seo dhuit féin an litir, má's eadh.



Baoth (ag léigheadh dho): “Táinig liom…
nimh… chuid té.” Ó, an t-uathbhás!
an cuirpeach! a Bhrighid!



Brighid: Stad, a chumainn; tá iar-sgríbhinn
léi. (Ag léigheadh) “Níl sé i gcómhacht
dochtúirí tú shaoradh.”



Baoth: Agus th-anam soir & siar, a Bhrighid,
cad na thaobh ná glaodhann tú ar
chabhair? Thá mo ghlór caillte 'gam;
tá casadh míoráin im cheann. Sgoilfidh
orm, agus me gan chabhair! a Sheáin!
a Leára! a Sheáin!



Seán (do theacht isteach): Ar ghlaodhais, a
mháighistir?



Baoth: Ar thugais fé ndeara go raibh éinní
bun os cionn im chuid té ar maidin?



Seán: Níor thugas, a mháighistir, ach amháin
go raibh an dríodar, dubh ann féin.



Baoth: Há! arsnaig, arsnaig dhubh. Cad
na thaobh ná ritheann tú ag iarraidh an
dochtúra, a leadaránaighe?



Brighid: Bí cinnte gur fánach é a ghnó.



Ritheadh sé ag iarraidh an dlighthóra go
ndéinir d'uacht.



Baoth: Sa donas sibh! glaoidh ar an ndoch-
túir, a bheitheamhnaig. Tá'n sibh go léir
ar tí mo mhairbhthe.



Sean: Ó, seo chugainn, an dochtúir, a
mháighistir. (É d'imtheacht).



Baoth: Anois, a Bhrighid, éist-se do bhéal,
feuchaint a' dtabharfidh an dochtúir fé
ndeara éinní bheith orm.



(An dochtúir do theacht isteach).



Dochtúir: Do ghabhas isteach chun a rádh
leat — Hulló, Dia'm' leigheas, a Ghiúis-
tís, cad imthig ort?



Baoth: Cad dubhart leat? Chíonn sé cheana
féin í — chómh soléir is dá mbeadh sí
sgríobhtha i leitreachaibh móra treasna
mo phlaitine. Tá sé chómh maith bheith
'im thanachadh.



Brighid: Ó, a dhochtúir, Ó, Ó!



Baoth: Cuir uait, a Bhrighid. Dá ríribh, a
dhochtúir, a' bhfeiceann tú atharrú croit
orm?



Dochtúir: Atharrú! a leithéid d'atharrú ní
fhacthas riamh. Cad do thug na paistí
dubha san ar do shróin?



Baoth: Paistí ar mo shróin!



Dochtúir: Agus an sgeoin sin id' shúil dheis!



Baoth: Sgeoin im' shúil dheis?



Dochtúir: Agus, mo nuar! tú go léir
atuithe! Nách dóigh leat go bhfuil, a
bhean uasal?



Brighid: Mo chreach! cad é 'n chabhair bheith
'á cheilt? Go deimhin, a stóraigh, tá a
dhá oiread ionnat is bhí ó chiainibh.



Baoth: Tá; moithighim anois é. Tá an nimh
tógtha agam. A dhochtúir, ar son an
chirt, fóir orm. Ná leog dom bás
d'fhághail go bhfeicead mo mharbhthóir
d'á chrochadh!



Dochtúir: Cad é sin a deireann tú, airiú?



Baoth: Deirim go bhfuil nimh tógtha agam.



Dochtúir: Árduigh do ghlór.



Baoth: An amhlaidh ná cloiseann tú mé?



Dochtúir: Tá do ghuth chómh lag san agus
chómh h-íseal ná tagann liom focal dá
n-abrann tú a chlos.



Baoth: Táim réidh mar sin. Tá sé chómh
maith m'fheart-laoi 'sgrí feasta: Hic
jacet, ar feadh mórán blianta, duine
de ghiúistísíbh an rí.”



Brighid: An t-uacht, a stóraigh — ná dear-
mhaid an t-uacht. Cuimhnigh gur gearr
ná beidh ionnat é 'dheunamh.



Baoth: Ní gearr; beidh an bás mall a'
siubhal orm.



Dochtúir: Tá'n tú réidh go deimhin, a chara;
coinneal bheag na beata ag dul i
n-eug, agus an uaigh dá h-oscailt.
Níl sa t-saoghal-so ach ceó; caith-
feam go léir imtheacht — idir uasal
agus íseal — níl dul ó'n mbás. Nuair
a ghlaodhann sé —



Baoth: An diuc ionnat, a ghlóireáin! an
mian leat me leigheas nó nách mian?



Dochtúir: Fóiríor, a chara! níl sé im'
chómhacht tú leigheas; ach geallaim
duit go dtabharfad do mharbhthóir chun
cúntais.



Baoth: Go ra' maith agat; ach bfhearr
liom féin é sin a dheunamh.



Brighid: Ach má théarnuigheann tú rithfidh
leis an gcuirpeach. Táim chómh mór
san ar buile chuige nách maith liom é
dhul ó'n gcroich.



Baoth: Is maith san uait, 'uanach; acht
má's mar a chéile leat é, dob fhearr
liom téarnú ar a shon san. 'Seadh,
a dhochtúir, ná fuil aon chabhair le
fagháil agam uait?



Dochtúir: Is oth liom a rádh ná fuil; ach
tá an sórd-dochtúra Gearamánaigh úd,
gur mhian leat an ruagairt do chur
air, sa tsráid i gcomhnuidhe, agus tá
sé an-thuigsionach in a leithéidibh seo.



Baoth: Faigh é; faigh é agus tabhair leat
é. Má leighiseann sé me gheobhad
teistiméireacht dochtúra ó'n iolsgoil
do. Imthigh agus brostuigh!



Dochtúir: Ní fuláir deabhadh dheunamh; tá'n
tú ag at go seoig. (É d'imtheacht).



Brighid: Nách mór an náire dhúinn é, a
stóraigh, má leogann tú do shaobh-liaigh
de'n tsaghas úd tú leigheas! Cé mór
é mo ghrádh dhuit, dob fhearr liom tú
fheiscint san uaig ná é bheith le rádh
gur b'éinne ach dochtúir galánta do
leighis tú.



Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, & c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


Baoth: Ní ghadh dhuit 'innsint dom, a ghrian-
áin, gur mór é do ghrádh dhom. Is fada
'fhios san agam. Agus geallaim duit
ná fuil ní ar bith is mó chuireann
sásamh aigne orm sa ghuais bhrónach in
a bhfuilim ná go bhfuilim id fhágaint-se
im' dhiaidh.



(Tigid an dochtúir agus an Conchubharach isteach).



Dochtúir: Sid é an Gearmhánach úd: Casadh
orm ag an ndorus go h-ádhmharach é.



Ó Con: Meiteo dabhasaí cuisleam.



Dochtúir: Deir sé liom féachaint conus tá
do chuisle.



Baoth: Ná fuil Gaedhilg aige?



Dochtúir: Níl focal.



Ó Con: Páilíó bhibhim básum geárum.



Dochtúir: Deir sé gur ró-gheárr é do
shaoghal.



Baoth: Dia linn! an bhfuil fhios aige cad
tá orm?



Dochtúir: Ní dóigh liom é.



Baoth: Abair leis gur thugadar arsnaig
dhubh dom.



Dochtúir: Illí arsnecca tugdábhéasant.



Ó Con: Nimhnátus est.



Baoth: Cad deir sé?



Dochtúir: Deir sé go bhfuil nimh tógtha
agat.



Baoth: Tá 'fhios san cheana 'gainn; ach cad
a dheunfaidh sí liom?



Dochtúir: Quid efectam?



Ó Con: Básabálus tútellam.



Dochtúir: Deir sé go bhfuil an bás ar an
malain agat?



Baoth: Faire, faire! A bhfeudfadh sé aon-
leigheas a dheunamh dom?



Ó Con: Bene céré leigheasbó bónó fullam.



Baoth: Cad deir sé? Cad iad na “ba”
iad so go bhfuil sé ag tagairt dóibh?



Dochtúir: Ní do bhuaibh atá sé ag tagairt;
acht deir sé go dtógfaidh sé air féin
thú leigheas ar thrí mhíle púnt.



Brighid: Trí mhíle púnt! Trí mhíle lainncis!
A ghrádh ghil, ná cuir suas le calaois
de'n tsaghas san; ná tabhair mar
shásamh do an t-airgead a thabhairt do.
Faig bás mar olc air.



Baoth: Ní bhfaghad, a Bhrighid, ní id' eiteach
é; ní thaithneann an bás liom.



Brighid: Ach! ní fiú biorán is é — speach
bheag, srann bheag, agus sin é thart é.



Baoth: Leanann codla fada fuar é, a
Bhrighid.



(Leára, inghean Baoth do theacht isteach).



Ó Con: Cuidam somrigheam diabheanas
tollam rósam!



Dochtúir: Tá iongna air i dtaobh áilneacht
t'inghíne.



Ó Con: Bé thellum libh ibhiam subhum rios-
libeane.



Dochtúir: Deir sé go bhfuil sé i ngrádh léi;
agus má thoilean tusa le í thabhairt do,
agus má's mian léi féin gabháil leis ar
an gcoinnghill san, go leighisfidh sé
láithreach tú gan duais 'ná tuarasdal.



Baoth: Dar fiadh! agus a ndubhairt sé an
méid sin go léir san bheagán focal
san? Nách breágh an teanga í an
Ghearamánais! Innis do go dtagaim
leis má fheudann sé Leára a mhealladh
— rud ná feudfaidh go deo.



Dochtúir: Aon tálus?



Ó Con: Sgríobhótus sinnóbus.



Dochtúir: Deir sé, an fhaid bheidh sé féin
ag sgrí an rud a leighisfidh tú go
gcaithfir-se do gheallamhaint do chur
ar pháipeur do.



(Iad araon do dhíriú ar scrí').



Baoth: Seo, a dhochtúir, sid é tá uaidh.



Dochtúir: Agus sid é do leigheas; léigh
féin é.



Baoth: Hath! Cad é seo? Gaedhilg bhlasta.



Dochtúir: Léig ós árd é; gabhaim-se orm
gur leigheas iongantach é.



Baoth ('á léighe'): “Nuair a léighfir é seo
beir leighiste aige d'chliamhain ionmhuin,
Mac Uí Chonchubhair.” I n-ainm na
seacht ndeamhan, cé h-é an dailthín
é tusa?



Ó Con: Mar a deirim leat, mise Mac Uí
Chonchubhair, do chliamhain grádhmhar.



Baoth: Thugais d'éitheach, a mhadra, ní tusa
mo chliamhain, mar tógfad-sa nimh arís,
& crochfar tú. Gheobha bás, a shuaracháin,
agus fágfad mo mhaoin ag Brighid.



Brighid: Déin, a stóir, agus deunfair an
ceart. Táim cinnte go bhfuil an chroch
tuillte aige.



Baoth: Tá, deireann tú. Cogar a leith,
a Bhrighid: Nuair a shílís ó chiainibh go
raibh nimh tógtha agam-sa nár ort do
bí an t-imshníomh mar gheall orm; nach
agat do bhí an cúram ionnam; nách
tú bhí eaglach go bhfaghainn bás! An
dá lá saoghail is do mhairfir ní thóg-
fad cómhairle uait arís! (Le mac Uí
Chonchubhair) A gcloiseann tú? Deir-
tear liom gur Éireannach tusa.



Ó Con: Seadh, agus tá móráil 'n-a thaobh
orm.



Baoth: An rud is mó ar domhan go bhfuil
fuath agam do. Tréig do thír agus
maithfead duit.



Ó Con: Feuch, a ghiúistís, mar a mbeadh
gur tú athair mo laogh-ghil do bhrisfinn
gach aon chnámh id chorp i dtaobh a leith-
éid d'iarraidh orm.



Dochtúir: Tá'n ceart agat.



Baoth: A ndeireann tú é? Má tá'n ceart
aige, ní fulair do'n an-cheart bheith
agam-sa. Seo, a bhearránaig, bronaim
m'inghean ort; agus is tú an dailtín
is neamh-náirighe dá bhfeaca riamh.



Ó Con: Abair leat, a mhic ó; tá fáilte
rómhat. An focal is seirbhe, ó'n té
thabharfidh brontannas mar Leára dhom,
níl ann ach milis-bhriathar.



Brighid: Seadh, a ghrádh ghil, is dóigh liom
go ndeunfaidh sé seo abhar achrainn
eadrainn faid mhairfeam arís.



Baoth: Ní deirim ná go bhfuil an fhírinne
agat, a ghrianáin, agus go deimhin dob
anamh ceal abhar achrainn sinn go dtí
so ach chómh beag!



Gruagach an Tobair.



BREITH BUIDHEACHAIS.



Amhail a gheallas roim ré, bheirim mo
bhuidheachas anois do Chroidhe Ró-Naomhtha
Íosa gur eirigh liom sa' scrúdú. Moladh
le Dia as ucht Mhuire Beannaithe is na
Marbh Naomhtha. Go ndeine Dia trócaire
ar a bhfuil imthithe romhainn. Amen.



C. Ó S.



Leabhair Nua iad so:



“The Collegians” (G. Griffin); agus reumh-
fhocal ann ó Phádraic Colm.



“Stories of Irish Life” (Carleton); agus
reumh-fhocal ann ó Darrell Figgis.



“Maria Edgeworth,” cuid d'ár scríobh sí;
agus reumh-fhocal ann ó Malcolm Cotter
Seton, m.a.



Uimhir a 10, a 11, agus a 12 de “every Irish-
man's Library” iad san.



Leabhair mhaithe ar 1/- an ceann
iad so:



“After Easter,” le Sibéal Tucaig.



“Dark Days,” Lennox Robinson do rinne.



“Leaver on The Wind,” S. M. Crevequer do
scríobh.



Scríobh indiu ar lorg an mhór-liosta leabhar.



“CLÓ-LUCHT TALBÓID,”



Áth Cliath.



Deoch Bhlasta Fholáin



ISEADH



“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



Seán Ó Dálaigh is a Chua. Tta.,



i gCorcaigh,



in a thaobh.



FEÓIL ÚR GHAEDHLACH.



Uaim-se gheobhair san.



agus



Eunlaith is Glasairí.



Mícheál Baróid,



Both a 64 & a 65, Margadh na Feóla,



Corcaigh.



Guthán a “276, Corcaigh.”



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.



Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


GHEOBHAIR ROTHAR MAITH
GAEDHLACH UAIM-SE:



“AN LÚCÁNIA”



Má tá motarán uait; nó deisiú le
deunamh ar rothar nó ar mhotarán
nó ar mhótar mór, deunfad-sa go
tapaidh is go toghtha dhuit é.



PÁDRAIG Ó H-AODHA,



Sráid Phembróc a 4 agus
Sráid an Chinn Thuaidh a 17,
CORCAIGH.



TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



NUAIR A BHEIR
I GCORCAIGH



Glaodhaigh isteach chugam-sa.



Tá teasbánadh mór
Uaireadóirí
agus Fáinní anso.



MÍCHEÁL DE RÓISTE,
Sráid Phádraig N. a 60,
CORCAIGH.



No scríobh chugam.



CHÓMH-BLASTA
LE
h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN



“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh
i gCORCAIGH



ag



Ó DUBHDAILL,



Ó MATHÚNA
& a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.



I gCÚIGE MUMHAN



a deunfar



An t-OIREACHTAS



i mbliana,



ón 3adh lá go dtí
an 9adh lá de mhí
Lughnasa, 1919.



Tá a lán duais mhaith
le bronnadh.



Cuir fios indiu ar an gClár
go dtí



AN RÚNAIDHE,



Cearnóg an Pháirneulaigh a 25,
i mBaile Átha Cliath.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“An Lúcania”



(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



Do Fhear na Feirme
é seo:





Síolta,
Leasú,
Úirlisí,
agus
Biadh Beithidheach



le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘Siopa Plúir is
Mine Shráid an Rí,’



An 3adh tigh i Sráid an Rí,



Corcaigh.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services