Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Meitheamh, 1918

Title
Meitheamh, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 27. MEITHEAMH, 1918. Trí Leith-Phinge a Fhiacha.



BACACH AN CHLÁIR.



Giolla an Chleite do scríobh.



Mar ab' é toil Dé ar leithligh é, is
gearr go mbeidh aontaighe agus pátrúin
chomh dealbh ó bhacachaibh is tá Loch Cruite
ó mhíoltaibh móra. Is mór an t-atharú
san tsaoghal é. Fiche blian ó shin ní
thagadh aonach 'ná pátrún ná bailigheadh
bacaigh is daill ó gach taobh ann. Do
thagaidís as gach áird ann. Bhíodh na
bóithre lán díobh an lá roimh ré, iad
féin agus a n-asail agus a mná agus
a scuainidhe leanbh.



Is iongna leis an saoghal é, ach is
fánach a chítear bacach ná dall gan
bean le 'n-a chois, bíodh is ná bíonn
an chos ró-mhaith aige go minic. Agus
ní mór gur gnáthaighe san 'ná a bheag
nó a mhór d'ál páistidhe ar sodar 'n-a
ndiaidh ar bhóithribh, mór-mhór nuair a
bhíd siad ag dul fé dhéin aonaigh nó
margaidh.



Agus ní foláir nó bhíodh buadh éigin
is na h-aontaighibh a thagadh scór blian
ó shin. D'imthigheadh a ndaille d'fhurmhór
na ndall agus a mbacaighe de n-a lán
bacach a thagadh ar an aonach; ach níor
le linn an aonaigh a bheith ann é. An
fear gur dhóigh leat ná bíodh léas de'n
radharc aige maidin lae an aonaigh, bheadh
an dá shúil go h-aibig aige lá'r na mháir-
each; agus an bacach gur thruagh leat é,
chuireadh sé a bhóthar dé go luaimneach
láidir mear nuair a bhíodh an t-aonach i
leath-taoibh.



Is iomdha duine ar fuaid an cheann-
tair seo fós gur cuimhin leó an lá
aonaigh i mBaile an Chláir nuair a bhí
an fiadhach mór ar an mbacach.



Bhí an saoghal mór ar an aonach an
lá so áirithe — ní h-eadh ach an saoghal
mór agus a bhean agus a chlann fairis.
Dar ndóigh, bhí bacaigh go flúirseach ann.
Ní dócha go raibh bacach ó Bhaile Mhúirne
go Dún Mór ná táinig ann an lá
céadna. Mar a mbeadh an fhairsinge
go léir a bheith i bpáirc an aonaigh,
do líonfaidís bacaigh agus tuinncéirí
is lucht méaracán is cleas an pháirc
iad féin.



Go moch ar maidin sar ar luigh grian
ar gheamhar bhí socair faoi ag bacach
díobh thíos i mbun na páirce, le h-ais
an gheata. Bhí bean le n-a chois, gan
amhras. Bheadh a cúram féin uirthe siúd
ar ball nuair a bhaileochadh na daoine;
ach i n-úrthosach na maidne is amhlaidh a
bhí sí ag feistiú dho'n mbacach agus d'á
shocarú go deas agus go compórdach i
gcomhair an lae. Pé áit gur shaothruigh
sí ascallán féir as, bhí sé annsúd aici.
Do chóirigh sí an féar go cruinn fé'n
mbacach & do bhailigh a chóta mór agus
sean-phluid 'n-a thimcheall.



Ba thruagh Mhuire leat ár mbacach bocht
agus é 'n-a shuidhe annsúd, agus cóiriú
agus gléasa a ghnótha uime. Bhí cos
d'á shean-bhríste sínte amach uaidh, agus
í chomh follamh is bhí sí an lá bhí an
bríste d'á ghearradh ag an dtáilliúir.
Cad déarfadh aoinne ach gur tionóisg
éigin a dh'éirigh do chois an fhir bhoicht &
go mb'éigean í ghearradh dhe.



Fear óg láidir do b'eadh é; fear teann
láidir. Dá mbeadh lúth a chos aige &
fonn oibre air, ní raibh fear ar an
aonach an lá san is túisge thoghfadh
feirmeoir mar sclábhuidhe ná an fear
úd na leath-choise.



Ach má bhí an chos go h-olc aige ní
raibh aon teipeadh ar an teangain aige,
ná ar na súilibh. Ní cualathas riamh i
mBaile an Chláir teanga ba mhó luas
'ná teanga an bhacaigh úd. Agus na
súile! a Thiarcais! Bhí súil aca ar an
ngeata aige, 'seadh agus soir amach go
h-Árd an Phóna; agus an tsúil eile ag
faireadh na ndaoine a bhí ar fuaid na
páirce, & gur dhóigh leat go bhfeacaidh
sí an t-airgead a bhí thíos i bpóca gach
duine go raibh airgead 'n-a phóca aige.



Bhí sé socair annsúd tamall beag
sar a dtáinig fear stoic 'ná caorach.
Domhnall an tSeanbhaile an chéad duine
tháinig. Bhí a chasóg ar a chuislinn aige &
allus ar sileadh leis. D'airigh ridire an
mhaide croise an choiscéim ag déanamh
aniar ar an ngeata. Chuir sé a cháibín
ar an dtalamh uaidh.



“Mór dhuit-se ar maidin, a dhuine
chóir,” ar seisean le Domhnall, “agus
ó's tú an chéad duine ar an aonach
beidh an rath orm i gcomhair an lae
má bhronann tú pinginn orm.”



“Cá bhfaghainn-se pinginn duit, airiú?”
arsa Domhnall.



“Ó Dhia,” ars an bacach. “Nuair a bhí
an saidhbhreas Aige d'á roinnt níor chuimh-
nigh Sé orm-sa i n-aon chor; fuair duine
éigin eile mo chuid. B'fhéidir gur tusa



“Má's mé,” arsa Domhnall, “is é is
lugha is gan dom roinneadh leat.” Agus
do thug sé pinginn dó.



Tháinig duine agus duine eile. Ba
ghearr go raibh lucht stoic ag teacht
go tiugh. Bhí an bacach ar a dhícheall
a d'iarraidh go bhfaigheadh sé, le n-a
phaidreacha, daoine do chur suas go
Flaitheas Dé de chosaibh tiorma.



“Mhaise,” adeireadh sé, “tabhair do
dhéirc do'n aindeiseoir bocht gur bhain
Dia a choisidheacht de. Tabhair do phing-
inn do'n mbacach bocht ná fuil beithidheach
ná bó ná laogh ná caora aige. Roinn
leis an dtruagh-bhochtán an chuid a thug
Dia dhuit, agus cuirfidh an tAthair Sior-
ruidhe coróinn neámhdha i dtaisce dhuit
— Go dtugaidh Dia solus na bhFlaitheas
do na h-anamnachaibh a dh'fhág thu, a
fhir ghalánta — fóir ar an ndaidhbhir, ar
theachtaire Dé —”



Bhí an bhean ag amhrán go binn is go
ceolmhar thuas i measg cábán an óil.
Bhuaileadh sí síos ag triall ar fhear na
bpaidreacha anois is arís. Pé rud a
bheireadh sí chuige i mbuidéal dubh — agus
ní h-é mo thuairim gur bhláthach é, 'ná
bainne bearrtha — do chuireadh sé árd-
spionnadh ann.



Bhí sé ag druidim siar le h-earball
an lae. Cuid de na daoinibh go raibh
beithidhigh nó caoirigh nó bramaigh aca ar
an aonach, agus a dhíol iad, bhíodar ag
cuimhneamh ar bheith ag bogadh chun bóthair
abhaile. Bhí tuilleadh daoine ann ná raibh
taidhbhreamh an bhaile d'á dhéanamh fós
dóibh. Daoine iad so gur ghnáthach tart
do-mhúchta ortha, & gur leor leo an baile
do bhaint amach i n-am mhairbh na h-oidhche.



Do h-airigheadh an liúgh thuas i n-uachtar
páirce an aonaigh, tamall siar ó bhothaibh
an óil. Is amhlaidh a bhí tuinncéir ag
ceannach sean-ghroga capaill ó fhear na
ruacan anoir ó Inse. Ní nárbh' iongna,
níor réidhtigheadar i dtaobh fiacha an
chapaill. Is deacair margadh do dhéanamh
le tuinncéir mara dtugtar breith a
bhéil féin dó. Ní raibh an preabaire seo
sásta a bhóthar do thabhairt air gan sásamh
do bhaint amach. Is mairg d'aoinne thar-
raigean aghaidh tuinncéara air, agus is
mairg do dhaoinibh eile a bhíonn láithreach
le linn stailce do theacht ar aoinne
dhe'n treibh.



Do liúigh ár dtuinncéir-na go h-árd
& go binn, “A chlann na ngoradh, abú!



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


Beidh
COLÁISTE CHAIRBRE
ar siubhal mar is gnáthach i
gCUAN DOR
I RITH MÍ LUGHNASA;



agus má thoilighean roint mhaith
scoláirí chuige roim ré, beidh
sé ar siubhal, leis, ar feadh
MÍ IÚIL.



Gheóbhthar eolas 'na thaobh ó
MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN,
Seanachúirt, Sciobairín.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



ARÁN HOSFORD.



NÁ h-ITH A MHALAIRT!



Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh,
i gCORCAIGH, a deintar.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



Led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.



T. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



Fóiridh, fóiridh; tá éagcóir d'á dhéanamh
orm.”



Do h-airigheadh an ghairm chatha sain
mór-dtimcheall an aonaigh. Do ritheadar
na tuinncéirí ó gach taobh. Ba ghearr
go rabhadar 'n-a satha cholgach timcheall
ar fhear an chapaill, gach aoinne aca &
a mhaide anáirde aige. Dá bhféadaidís
teacht air, do bhéadh suaimhneas ag rua-
canaibh uaidh go ceann abhfad aimsire;
ach bhí a raibh d'fhearaibh ar an aonach ag
brú isteach chomh maith le h-aicme na
stán, & ba léir do na tuinncéiribh gur
threise an dream a bhéadh 'n-a gcoinnibh
ná a mbuidhean féin dá dtarraigídís
bruidhean chucha. Dá bhrigh sin ba ghearr
gur dhruideadar i ndiaidh a gcúl. Níor
scaipeadar, ámh, fé mar do dhéin na
daoine eile a bhailigh le linn na h-argóna.



Ní foláir nó do tuigeadh d'fhear na
ruacan go mbeadh a leas aige d'á
dhéanamh & a bhóthar abhaile do thabhairt
air. Fear sítheach do b'eadh é, agus
fear nár thaithigh bruidhean 'ná achrann.



Bhí sé ag sleamhnú leis síos fé dhéin
an gheathaidh, agus é ag braith ar go
bhfaigheadh sé faill ar phreabadh anáirde
ar a shean-chapall & greadadh leis. Níor
dhéin sé é i gan fhios do na tuinn-
céaraibh, ámh. Bhíodar súd ag faireadh.
Chonncadar an t-éalú aige dh'á dhéanamh,
agus do phreabadar an uile mhac máthar
aca fé n-a dhéin.



(Tuille le teacht).



AN DÁ DHRÚNCAER



(ar leanamhaint).



Ó bhéal aithris Thaidhg Uí Chonchubhair, Lios Póil,
i gCorca Dhuibhne.



An tAthair Paor — sagart na parróiste.



Seán Ó Séagha — drúncaer duine.



Léan — bean phósda Sheáin Uí Shéagha.



Séamus Raol — fear síbín.



Sineud — bean Shéamuis Raol.



Máiréad — cómharsa.



Sroichid tig Sheáin.



Léan: Seadh anois, 'Athair Paor, cad a
deireann tú leis an dá dhrúncaer,
A' b'iad a chreidfe tú, nó mise agus
Sineud, nár innis breug ar a dtáinig
fós 'ár saoghal.



Sagart: Go siúrálta, a Léan, táim ag dul
amach agaibh ar gach taobh,
Deir Séamus agus Seán Ó Séagha ná
raibh ann ach a seacht is raol —
Agus deireann tusa agus Sineud gur
chúig phúint an spré,
Dá mbeadh éinne eile agam ar aon
taobh,
Thabharfainn breitheamhnachas láithreach
ar an sgeul.



Sineud: Dhera, a Léan, nách cuimhin leat-sa
bean a tighe seo amuigh, Máireud,
A bheith 'ár bhfochair ar feadh na h-oidhche
sin go léir,
Agus is cuimhin léi an sgéal chomh maith
le h-éinne againn féin.



Léan: I mbriathar go bhfuil an ceart agat,
a Shineud,
Féach ná cuimhneoghainn uirthi sin mé
féin,
Tabharfa mé isteach láithreach chughat í,
Athair Paor,
Is í an cailín í a chuirfidh corc sa dá
dhrúncaer!



Athair Paor: Brostuig ort-sa mar sin, a
Léan,
Theasdóch uaim-se bheith sa bhaile mé
féin
Ní fheadar cathain a bheadh duine orm
ag glaodhach.



Seán Ó Séagha: I mbriathar, 'Athair Paor,
má thagann Máiréad chughainn gheobh-
aimíd dúiseacht,
Mar tá teanga aici bheárfadh an fhéasóg
de Ghiúdach,
Is dá raghadh sí chun feirge do chaitfeadh
sí an teine dhearg idir an dá shúil
ort.



Sagart: Éist anois, a Sheáin Uí Shéagha, go
dtiocfa sí isteach, í féin,
Níor chuala-sa aon droch-rud riamh i
ndiai' Mháiréad.



(Tig Máiréad isteach).



Máiréad: Dé bheatha-sa ar a' mbaile chugh-
ainn, 'Athair Paor,
Is dócha gur b'amhlaidh thángaís chun
Críosdaithe dhéanamh de'n dá dhrún-
caer
Agus má 'néann tú dhíobh é, beam ag
guidhe leat nó go ragham 'n chré.



Sagart: Á, a Mháiréad, táid siad so 'n-a
gCríosdaighthe cheana chó' maith linn
féin,
Gan aon locht sa tsaoghal dá n-eireógh-
aidís as an mbraon.



Seumas Raol: Seadh anois, 'Athair Paor,
ba mhaith liom beagán focal a rádh,
mé féin, sar a gcuirfeá aon cheist
chun Máiréad
Agus as Beurla is feárr a neósainn
a' sgeul, dá lámhalfá-sa dhom é.



Sagart: Á, a Shéamuis, tá do Bheurla ró-
chrosda go léir,
Ní maith a thuigfinn é, mé féin, agus
tabhair an chaint dúinn a thuigfimíd
go léir.



Seán (i gcogar le Sineud): Th'anam 'n
riabhach, a Shineud, a chualaís cad
dubhairt an tAthair Paor —
Mhuise, nách diail an Beurla atá ag
Séamus Raol agus a rádh ná fuil
aon tuisgint air ag an Athair Paor.



Sineud (i gcogar eile): Dhera, a' magadh
atá an sagart, a Sheáin Uí Shéagha,
Cé nach dóigh leat go mbeadh aon
mhagadh ag baint leis an Athair
Paor.



Séamus Raol: Well, mar sin, Athair Paor,
leanfad do'n Ghaeluinn có' maith is
d'fhéadfad é —
Agus anois, Athair Paor, oidhche cleamh-
nais Seáin is Léan, b'í sin oidhche
thórraimh Thaidhg Uí Néill
Agus bhí an triúr san i dtig a' chuirp
ar feadh a' lae
Ag riarú' bairrlíntí, coinnleóirí, agus
áruistí té,
'S ag olagón go fuidheach nuair ólaidís
a' braon —
Tráthnóna, fuaireadar trí buidéil &
dubhrathas leo braon a thabhairt dómh-
sa is do Sheán Ó Séagha — agus dá
ngeobhadh chúcha aon stróinseur —
Mhuise, dá sgoilfinn-se & Seán de'n
tart, ní bhfaghaimís asta braon,
Agus 'á b'ón Spáinn do gheobhadh stróin-
seur ní bhfaghadh sé diúir as aon
buideul.
D'óladar féin iad go léir, i slighe 's
go rabhdar ar meisge caoch,
Tamall ag caismirt & a' plé, tamall
a' seimint a' chlár bog déil, tamall
ag gol i ndiai' Sheáin Uí Néill
Agus an dóigh leat-sa, 'Athair Paor,
go bhfuil aon chuimhne acu san ar ar
mhór ná ar bheag í an spré —
Is má imthig chúig phúint ó Léan is amhla'
chaill sí é ar thórramh Sheáin Uí Néill.



Ní Críoch.



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Táid le fághail i ngach sráid bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



GRÁDH, CLEAMHNAS AGUS
PÓSADH.



Tá roinnt sean-fhocal againn ag tag-
airt do phósadh agus do ghrádh. Tá cuid
mhaith seirbhthin i n-urmhór na gcainnteanna
san. Dar leat ortha nár mhór an ionn-
taoibh a bhí ag na daoine tháinig romhainn
as an ngrádh, ná as buaine an ghrádha.
An pósadh féin — mar le rud a bhí riamh
agus atá fós fé mhór-mheas & fé ghradam
ag Gaedhealaibh — is olc a théigheann sé
ó fhaobhar na sean-fhocal; nó b'fhéidir is
córa a rádh, gur beag de'n tuigsint
'na thaobh a bhí i n-aigne ar sínsear a
chuireadar i n-iúl i bhfuirm sean-fhocal.
Tá cúis leis an scéal a bheith amhlaidh
b'fhéidir .i. gur greann & magadh a shamh-
luighid daoine de ghnáth leis an ngrádh,
agus go ró-mhinic, leis an bpósadh féin.
Is amhlaidh is maith leo guth a thabhairt
do'n chuid éadtrom neamhthábhachtach de'n
scéal & an taobh eile, an taobh tábhachtach
dáiríribh doimhinn a choimeád fé dhiscréid
ó shúilibh, agus ó chluasaibh an dreama
ná tuigfeadh.



1 — An chéad ghrádh mná, an dara grádh
fir.



Sin iad is buaine bhíonn.



2 — Galar an grádh ná leighiseann luibh-
eanna.



3 — Is mór an ní grádh nó eagla.



4 — Cion i gan fhios do mhnaoi nó leanbh.



Ma bhíonn 'fhios aca cion a bheith agat ortha bain-
fid siad feidhm as an gcion san ar mhaithe leo féin
gan beann ar do mhaith-sa.



5 Ceileann searc ainnimh is locht.



.i. Ní h-eol duit locht ar bith ar an duine go
bhfuil grádh agat do. Ní réidhteochadh gach duine
leis sin.



6 — Bíonn an grádh riabhach [?] ann.



7 — Soir atá mo thriall is siar atá mo
ghrádh.



Duine ag dul i n-áit agus gurbh' fhearr leis gur
n-áit eile raghadh nó d'fhanfadh.



8 — Tart deire an óil, brón deire an
ghrádha.



9 — Ní raibh grádh mór riamh ná tiocfadh
fuath 'na dhiaidh.



Is mór idir uimh. 8 agus 9.



10 Comhfhaid a théigheann fuacht & teas,
Comhfhaid a théigheann fuath & grádh.



11 — Uireasbadh mhéaduigheas cumha.



Ní gnáth é sin a rádh ach le h-uireasbaidh an duine
go mbíonn grádh againn do.



12 I ndiaidh an tsochair a bhíonn an grádh.



“I ndiaidh na comaoine,” adubhairt an bárd-
scológ. Mar a chéile é sin agus a rádh le duine —
13 —Mo ghrádh thu — an rud agat.”



14 — Nuair a laguigheann an lámh laguigh-
eann an grádh.



15 — An uair a dhruideann an radharc
ó'n tsúil druideann an grádh
ó'n gcroidhe.



16 — An grádh ná bíonn láithreach fuar-
ann sé.



17 — Ní bhíonn grádh ag mnáibh do ghrog-
aire liath.



18 — Pógtar an leanbh le grádh do'n
bhanaltrain.



19 — Ní ghaibheann grádh le gnás is ní
cheileann fuath a locht.



20 — Is fuar cumann caile.



21 — Galar gan náire grádh nó tart.



22 — Is olc an cineán an grádh.



Cineán .i. peata.



23 Cleamhnas imigéin nó cleamhnas
dheis duine féin.



Siad is fearr.



24 Cleamhnas an chairn aoiligh nó cáir-
deas Críost i bhfad amach.



.i. Cleamhnas béil dorais.



25 Níl aon “leaghadh Dia” ná faghann
“lom amhgair.”



26 Níl aon tsean-stoca ná faghann
sean-bhróg.



Do chursaí pósta atá tagairt sa dá chainnt sin.



27 Má phósann tú i n-ao' chor pós
anuiridh





28 Má dheineann tú i n-ao' chor é déin
ó 'nuiridh é.



.i. An pósadh. Má oireann duit é dhéanamh dein
láithreach é. Bíodh sé le rádh i gcionn bliana agat
gur dheinis anuiridh é.



29 Sonuachar do'n donuachar.



.i. Deaghchéile do dhrochchéile.



30 Toghaibh do bhean do réir a duthchais.



Comhairle maith go leór nuair ná beadh aon
aithne i n-ao' chor agat uirthi — rud ná bíonn uair-
eannta ag duine!



31 Imthigheann an t-ór agus fanann an
óinseach





32 Imthigheann an chuid is fanann na
puis





33 Imthigheann an spré leis an bhfaill
is fanann an bhreill ar an mnaoi





34 Is mairg a phósfadh bean i ngioll ar
chúig bhó,
Téigheann bó aca leis an muir is
báthann poll bó,
Tagann machtíre ón gcnoc is itheann
sé bó nó dhó,
Is dar ndóigh cé mór don donas an
cúigmhadh bó.



Is é teagasc na gceithre rádh san ach nach ceart
d' fhear bean gan chrích a phósadh toisc go bhfuil air-
gead ná maoin aici. Is iongantach gan aon teagasc
mar sin á fhagháil ag mnáib chun fir gan mhaith a
sheachaint.



(Tuille le Teacht.)



MÍ DEM SHAOGHAL, le Bríd Stac (ar
3d. ó Mhuinntir Fhallamhain in Áth Cliath).
Tá fhios ag lucht léighte “An Lóchrainn”
go dtuigean Bríd Stac conus aistí beaga
do scrí go deas. Tá an “Cúntas Cinn
Lae” úd in a leabhrán 34 leathanach anois
agus é an-oireamhnach do lucht foghlumtha
na Gaedhilge.



LUIBH-EÓLAS, le Seán Tóibín (ar 1½d.
ó Mhuinntir Fhallamhain, i mBaile Áth Chliath).
Gearra-aistí a bhí fé chló sa “Lóchrann,”
táid in a leabhrán, leis. 16 leathanach atá
ann.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
SRÁID DÁSON, a 45,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



ROSC CATHA GAEDHEAL.



THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir
cheól is abhrán, agus oireamhnach don
phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1
an chóib, per post.



WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn
i mBeurla. An file ceadna a dhein.
É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a'
chóib.



Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad.



Ó FAOLÁIN & A MHAC,
In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH.



NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ
EILE IN ÉIRINN ACH
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
AGUS IS FADA FARSAING
ATÁ A GCÁIL.



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Scriobh chuige.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ
de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



SRÁID PÁDRAIG N. a 105,
CORCAIGH.



(‘LUKE BURKE’)



Iarr Clár Choláiste
Eoghain Uí Chomhraidhe



ar an Rúnaidhe —
Brian Ó hUiginn,
Carraig an Chabhaltaigh,
Co. an Chláir.



SAMHRADH, 1918



Iúl 8adh go Lughnasa 3adh



Lughnasa 5adh go Lughnasa 31adh



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
cuir fút sa tigh seo



TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I gCATHAIR SAIDHBHÍN.



An tig IS FEARR in Uibh Ráthach.



LABHARFAR GAEDHILG LEAT ANN.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



“MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d.



“LUIB-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d.



Le fághail ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann
don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Na Díoltóirí.



Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



AN t-EURÓPACH.



Irisleabhar grinn ab eadh “An t-Európach.” In
aghaidh an mhí do cuirtí amach é. Sé mí ab' eadh faid
a shaoghail (1899-1900). Mic léighinn a bhí i gColáiste
na Tríonóide do chuir ar bun agus do dhein soláthar
do. Bhí Conal Cearnach, Aonghus Draoi, Mac Uí
Shúiliobháin agus Mac Uí Shéagha ortha san. Dheineadh
Aonghus Draoi peictiúirí suilt don irisleabhar agus
is minic a bhíodh rud maith grinn ann den tsagas so
thíos ó'n Siothbhra .i. Mac Uí Shéagha.



Cailleadh Aonghus Draoi i mbliain a 1902. Tá
na scríobhnóirí eile anso is ansúd ar fuaid na
h-Éireann fós. Iad go léir in a ministríbh, is dóigh
linn.



Ó Sheamus Ó Casaide, ‘M.A.,’ a fuaireamar an
méid seo thíos. Níor dheineamar aon athrú ar an
leitriú. Tá sé díreach mar do bhí san “Európach.”
Tá saghas gluaisín curtha againn leis, ámh, óir is
gadh linn san. — S. T.



COMHRÁDH ANTOINI OS CIONN
SAESAIR.



[Iúl Saesar, treas gníomh 'san dara feacht.
I Sgríbhin Séicspéir]



(LEIS AN SÍOTHBHRA).



A cháirde, agus a chomh-thír-áitreamhaigh
Rómhanach,
Tugaidh bhúr gcluasa ar cáirde dham go
fóil
(Buidh dhual díbh iad bheith fada, flúirseach,
asalach,
Agus ní bhfuil uaim fé láthair acht a
n-iasacht).
D' adhlaice Saesar tigeam — ní d'á mholadh.
D'á mholadh! — tá seisean ar slighe na
fírinne.
Agus sinne — annsan Rómha! — maireann
droch-ghníomh
Nuair a bhíos fear a dhéanta bliadhanta
tréith;
Feuch fiú droch-bhádh do ghní an saor, (1)
Droch-bhróg ná oireann do'n té cheannaig é;
Droch-mhac, droch-bhóthar, 's gach leibiste
Gurb iad do mhaireann nuair imigheann gach
maith.
(Guidhtear rud maith sul fuarann corp
an saoir!) (2)
Cé fhág riamh uacht (an gníomh is feárr dhein
fear),
Nár briseadh é 'n-a mhíle smidirín?
Cé fhág riamh fiacha nár fhan fada buan?
'Gus b'é sin dála Saesar. Deir an Búrcach
breágh
Go raibh sé dúlmhar, a's badh mhór an locht (3)
(Sin locht nach bhfuil ar Bhúrcach mairge!)
Uch! badh dhá mhó an díoghaltas tugadh air!



Annso fé chead do'n Bhúrcach a's do'n uile —
(Fear rígh-ghalánta is seadh an Búrcach,
fear
Ná dúnfadh súil ar chara i dtigh an ósda;
Feuch a choinncín —rós chraorach an ghalán-
tacht! (4)
Agus sin a ndála uile siar go h-earball).
Acht ní h-é seo an áit ná'n caoth chum
seanachais —
Do thánadh annso chum caint ar shocraid
Saesair:



Bhí Saesar ana achamair agam fhéin;
An trí 's a' trí bh'eadh ar sean-aithreacha,
Acht deir an Búrcach-so go raibh sé dúlmhar,
Agus fear galánta 'n Búrcach, mar adubh-
airt.
Is iomdha brágha thug Saesar chum na Rómha,
Agus do líon a n-eiric pócaí mhuintir a
chéile.
An samhlaigheann so go raibh Seághan Saesar
dúlmhar?
(Tochas ar an mBúrcach, eud atá dh'á ithe!)
Nuair ghoil na boicht, budh ghnáthach le Saesar
gol
(A' samhluigheann so mórdháil? Is dóigh
liom féin
Gur mó samhluigheann go raibh sé ar dith-
céile,
Nó go raibh othar éigin bog 'n-a cheann!)
Acht bhí fhios aige gur air a bheidheadh a
n-éiliomh, (5)
Agus níor mhaith leis gadhar do chur le
h-éinneach —
Dá mbeidheadh sé dúlmhar, 'sé 'n fear thall
do ghoilfeadh!
Acht deir an Búrcach libh go raibh sé dúlmhar
(“Tá sé ag déanadh sead-ar-glaigín de'n
sgeul”),
Agus is fear — acht ar seachaint na bréige,
Saoilim ná déarfad faic mar gheall ar
Bhúrcach.
Tá'n Búrcach ró dheas-bheulach ar shlighthibh,
Agus a bhfad ró aicillighe le sgian.
Bíodh san mar atá — 'gus sgaoileam leis an
mBúrcaigh! (6)
Do chonchabhar a n-urraigh 'sa Rótunda (7)
Gur tharraingeas-sa c'róin trí h-uaire dho
Ná glacfadh sé (de bhrigh, mar adubhairt sé
féin
Go raibh trí púnt aige amuigh orm!)
Ar dúil é sin? Má's eadh ní foclóir ceart
mo leabhar-sa!
Acht deir an asal so go raibh sé dúlmhar, (8)
Agus is fear — mar a dubhart shuas — an
Búrcach
(Ní h-é go dtabharfainn éitheach ar dhuine-
uasal:
B'fhéidir go ndéarfad gó — sé sin a ghnó-
san; (9)
Má's maith le h-éinneach san a chasadh
leis,
Déanfad 's fáilte; 'neosfad-sa nidh is
fios dam!)
Do thugabhair gean do tamall; ní gan fáth,
Óir b'é féin sás bhar bhfeoil a chur ar
ghríosaigh,
Agus beóir a ghlaodhach go h-aibigh ar cheann
cláir.
Uch! ní gan fáth tugadh taithneamh do!
Cad fá ná fuil aon ualfortach indiu do?
A ghaois! mar d'fhágais croidhthe colnacha;
Gur chaill na daoine a n-íntinn! Glacaidh
foighne,
Óir tá mo chroidhe annsúd i gcomhra Saesair.
Caithfead stad go dtiocfaidh sé air n-ais
cúgam,
(Nó go bhfadhad deoch biotáile — táim ag
allus). (10)
Tógfad anál nó déarfaidh cladhaire éigin
Gur measa mé ná 'n Búrcach — ologón!



Ní'l acht indé ó fheudfadh focal Saesair
Seasadh mar chosaibh-ghréine leis an domh-
an: (11)
Indiu tá sé chomh marbh le Matúsalem!
Comh mór 'n-a thost le h-asal bocht Balám!
Comh polltha agus tá criathar; agus ní'l
éinneach
Comh mór dith-céile agus beannughadh dho!
A mháighisdirí, dá n-oirfeadh damh-sa fearg
adhaint
Do chuirfinn srathar ar an each is cóir.
'Gus, leis an mBúrcaigh 's le Mac Uí
Chathasa (12)



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


Déarfainn focail do bheidheadh mar sgata
puch (13)
I gcluasaibh malluighthe na beirte-sin!
(Galántacht, tá's agaibh. atá dá lot),
Acht ní h-é sin mo shlighe, óir b'fheárr liom
riamh
mo bhreith do thabhairt go dána ar na mairbh,
Nó orm féin, nó orruibh-se —
(Óir tá's agam (14)
Ná árdóigh neach de'n méid-sin maide
chúgam;
Acht tá an drong úd aibigh, obann, oll
Chum sgian do shádh i gc'rán 's i gcreat-
alach,
Agus dá bhrigh sin ní baoghal go mbacfad
leo).



Feuch annso pár, agus séala Saesair air.
Do fuaras —
(Seadh! ná bac cá bhfuaras é.
Litir ó mháthair a chéile iseadh é).
'Sé so a uacht! (Leis féin: Ní fheadar
an mór fhág sé?)
Caithfead imtheacht! Slán! Slán agaibh,
a cháirde.
Do fuaras sgeula go bhfuil mo theach trí
theine
Léighfead é so chúgaibh nuair a gheabhad an
caoth.
(Leis féin: Sidé i lá mór-ghlórmhar Philib
a' Chleithte)
Slán! slán! a cháirde! Slán! slán!
slán!



“Aililiú! pilliliú! ologón!” ag cách — & imighid.



CEARTÚCHÁN AGUS GLUASÍN:



(1) Droch-bhád (?). Do ghní = dheinean. (Cheannaig)
é = í. (2) Corp an tsaoir. (3) Dúlmhar = sanntach.
Mairge = mairg é (?); i mbaisce (?). (4) Na galán-
tacht'. (5) A bheadh. (6) Leis an mBúrcach. (7) Do
chonnacabhar anuiridh. (8) An t-asal so. (9) Gó =
breug (?). (10) Go bhfaghad. (11) Seasamh. (12) Mar
a ‘b.’ (13) Scata poc (?). (14) (Óir … leo). Ní
raibh an dá theorainn sin (…) san “Európach.”



“AN SMÓLACH” (leabhar abhrán is ceoil
le Hubert E. Rooney; ar 1/6 ó Mhánsal is
a Chua. in Áth Cliath). Níl aon abhrán sa
leabhar ná fuil fé chló, idir cheol & cainnt,
go minic cheana. Tá ‘Siubhail a Ghrádh,’
“Jimmy mo mhíle stór,’ ‘Eibhlín a rún’ &
abhráin mar sin ann. Cló breágh soiléir
atá sa leabhar & clúdach deas den righin-
pháipeur uime. Maidir le h-eagarthóir-
eacht, ámh, ní dóigh liom go dtáinig aon
tinneas cinn ar Mhr. Rooney le déine
saothair. Sean-leitriú atá caithte ar
leath-taoibh le fiche blian anuas, tá san
aige. ‘Mar shúil go mbheidhinn (lc. a 4);
‘bidheann m'athair is mo mháthair’ (lch. a 10).
Tá cuid eile den leitriú gan a bheith dreir
a chéile aige — suaimhneas (lch. a 7) agus
suaineas (lch. a 13); cuman (lch. a 3),
cumann (lch. a 16); budh leathan (lch. a 8),
ba ghile (lch. a 12), &c.; cúmhrtha (lch. a 3),
cúmhra (lch. a 7).



Is iongna liom aonne do chur an leagain
úd de ‘Eibhlín a rúin’ fé chló — ‘Do shiubhal-
fainn féin,’ &c., agus an leagan is deise —
‘Le grádh dhuit níl radharc im cheann,’ ó
Chonndae an Chláir (feuch leat “Lóchrann
a 9) gan aon eagar ceoil curtha leis fós.



S.T.



BÁS.



D'eug, ar an dara lá de Bhealtaine,
i mBaile an tSaoir, i nDúndroma, Áth
Cliath — GUSTÁMH HAMALTÚN, Fear-le
Dlighe, in aois a 36 bliana. Céile dílis
Eithne Culbheruell é.



SEANMÓIN DON EUNLAITH.



'Sa tsiubhal do Shan Fróinsias is d'á
bheirt chompánach, lá, in aice le Bebhagna
san Iodáil, chonnacadar graithin eun ar
chrann ar thaobh an bhóthair. Bhí na h-éin
ag eitilt leó go sásta anonn is anall
ó chraoibh go craoibh & d'fhan an naomh,
tamall, ag feuchaint ortha.



“Fanaidh liom go fóil, ar seisean,
len a cháirdibh, “go ndeinead caint
lem' bhráithribh, na h-éiníní.”



Ar chloisint glóir an naoimh dóibh, do
tháinig na h-éin go léir in a thímpal &
d'fhanadar go ciúin faid a bhí sé ag
caint leo:



“Éiníní mo chroidhe, a bhráithre liom,”
ars an naomh. “Is 'mó tabhartas atá
bronntha oraibh-se ag Dia, agus bu chóir
díbh bheith ag gabháil buidheachais Leis gach
tráth den ló, pé áit nó inead díbh. Dia
do bhronn oraibh an clúmh áluinn uasal
san agus na sciatháin sin a bheirean chun
gacha dútha is toil libh sibh. Níor dhear-
mhaid Sé sibh tráth na h-Airce úd Naoi
agus fuibh-se d'fhág Sé farsainge agus
breá'thacht na nglinnte aer.



“Cothú gan duagh a dheinean sibh-se
oraibh féin; ní gádh dhíbh síol do chur
'ná fómhar do bhaint. Tá fíor-uisce an
tobair agus an tsrutháin agaibh chun bhúr
dtart a mhúchadh. Tá fuithin na ngleann
is na gcrann agaibh ar uair an tsuain is
um thráth na nead. Socrú Dé é sin go
léir.



“An T-É chruthaig sibh, tá Sé dbhúr
gcosaint de shíor idir eun & gearrcach.
Ó's léir do gach n-aon an t-árdchion
san bheith ag an gCruthaigthóir oraibh,
ná gabhadh mí-bhuidheachas 'ná fuaire sibh.
Bídh, de shíor is de ghnáth ag canadh dán
molta Dho.”



Le linn na seanmóine sin, bhí na h-éin
ag árdú gob agus ag greadadh sciathán
le méid an áthais a bhí ortha. Do ghaibh
an naomh in a measc ag caint leó is
ag leagadh lámh ortha go geanamhail, 'n
a n-eun is 'n a n-eun. Bu thaithneamh
dá shúil brice & deise a gclúimh. D'éis
a bheannacht do chur ortha, do dhein sé
comhartha dhóibh imtheacht agus do leig-
eadar gáir áthais is do scaipeadar i
ngach áird de chúig árdaibh an domhain.
D'fhill an naomh chun a chompánach agus
chrom sé ar a bheith d'á lochtú féin nár
chuimhnigh sé riamh roime sin ar labhairt
le h-eunlaith an aer — an pobal is ómós-
aighe dár éist riamh le Briathar Dé.



Seán Tóibín.



Tomás Chelánó agus San Bónabhentúra d'aithris.
Iar n-a bhaint a' leabhar an Athar Léopóld de
Chérancé.



NÁ DEARMHAID SO, A CHARA.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



Má tá eolas uait ar an nGaedhilg
nó ar chionnos Gaedhilg a mhúineadh,
níl agat ach dul go dtí



COLÁISTE AN DAINGIN



Mí Iúil nó
Mí Lughnasa
so chughainn.



Sé príomh-chuspóir oibre an Choláiste seo ná
eolas ar labhairt na Gaedhilge a thabhairt do'n
chainnt sin a mhuineadh do dhaoinibh eile.



LEABHAIR LE LÉIGHEAMH.



Tosnóirí — “Laethanta Geala,” “Ceachta Beaga”
(I., II., III.), “First Irish Grammar” leis na
Bráithre Críostamhla).



Lucht Teistiméireachta — “Réalta de'n Spéir,”
“Aesop” (I. — VI.), “Eachtra Lomnachtáin,”
“Ceachta Cainnte Gramadaighe.”



Ranng “Dá Theangtach” — Beirfear ag súil leis
go mbeidh staidéar déanta roim ré aca ar
an gcuid is fearr de litridheacht na nuadh-
Ghaedhilge; agus ar “Leabhar Geograiphe,”
“Leabhar ar Áireamh,” “Algébar,” &rl.



Tá gach eolas le fagháil ó Rúnaidhe,



Coláiste an Daingin, Daingean Uí Chúise.



TÉIG GO
BAILE BHUINNEÁIN
AN AOIBHNIS
an samhradh so chughainn chun
GAEDHILGE 'FHOGHLUIM.



Beidh scoil samhraidh
ann do chách, agus
oidí oilte in a bun.



Scríobh chun an Rúnaidhe, i mBaile Bhuinneáin
Cois Sionann, i gCiarraidhe Luachra.



IOL-SCOIL NA MUMHAN
(RING IRISH COLLEGE).



Samhradh, 1918.



An Chéad Teurma:



Ó'n chéad lá Iúil go 26mhadh.



An Dara Teurma:



Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh.



Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.



PÁDRAIG Ó CADHLA,
An Fear le Scríobhadh.



COLÁISDE NA MUMHAN,
BÉAL ÁTHA 'N GHAORTHAIDH.



Beidh an Coláisde ar
siubhal i mí Iúil agus
i mí na Lughnasa mar
is gnáthach.



Gheobhfar gach tuairisc 'na thaobh ó



LIAM DE RÓISTE,
27 Sr. an Chapaill Bhuidhe,
i gCorcaigh.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID
den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



tá ÁTHRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID
mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.,”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:




SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIDHEACH
le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘SIOPA PLÚIR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’



AN 3adh tigh i Sráid an Rí,
CORCAIGH.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCANIA”
(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



OILEÁN AN tSONAIS.



Tráthnóna breágh samhraidh ab eadh é,
tráthnóna go mbeadh fonn ar éinne sín-
eadh cois claidhe gréine nó ar phort
faille, bhí an uain chomh h-aoibhinn sin.
Bhí Seán a' Ghleanna, mar ba ghnáth leis,
ag aodhaireacht a chúpla bó ar bhárr na
faille. Fear meadhon-aosta a b'eadh
Seán. Bhí sé pósta ach níor bhronn Dia
aon chlann air. Bhí an paiste beag
talmhan a bhí aige in aice na farraige
ar thaoibh gleanna & b'éigean do aodhair-
eacht a dhéanamh ins na gortaibh a bhí
ar bhruach na faille.



Duine ab eadh Seán a chuireadh ana-
shuim i gcúrsaíbh a tsaoghail. Ba mhinic
é ag cur 's ag cúiteamh leis féin is
é ag aodhaireacht. An tráthnóna áirithe
seo is é sínte go breágh dho féin ar an
bhfeur, d'fheuch sé amach ar an muir mhóir
bhraonaigh is do chonnaic sé i bhfad amach
báid is árthaighe. Chuimhnig sé láithreach
ar an gcogadh agus ar na báid-fó-thuinn.
Ach le h-aoibhneas na h-uanach do thuit
sé n-a chodladh. Níorbh' fhada go raibh sé
n-a chnap. Do deineadh taidhreamh do is
é sa neul san.



Chonnaic sé mar a bheadh tír áluinn
aoibhinn ar an dtaobh thall de'n bhfar-
raige uaidh. Tháinig, dar leis, fomhuireán
isteach chun tíre is í ag cur tonntacha
troma dhá druim. Tháinig duine amach
aisti — an captaen — is é fé na chulaith
airm is ármála.



Labhair sé le Seán & d'fhiafruig de
an bhfaca sé aon ní iongantach. D'innis
Seán do cad a chonnaic sé.



Maran ar mo shúilibh atá sé, arsa
Seán, bhí rud éigin ann.



Ní h-eadh, ars an captaen, tá sé
ann agus, ar seisean, má's maith leat
é teasbeánfad-sa a thuille anois duit.
Bhí eagla ar Sheán bhocht ach thug an
captaen a lámh is a fhocal dó ná deun-
fadh sé dochar ná díobháil do is go
dtabharfadh sé saor slán mar a raibh
sé arís é.



Chimil sé mo shúile dar liom, arsa
Seán, agus é 'á innsint 'na dhiaidh sin,
is ní raibh 'fhios aon ní agam gur mhoth-
uigheas glór is gliothram an uisge im'
thimchioll agus me ag imtheacht le fánaidh
fé'n bhfairrge … I gcionn tamaill
bhig bhí fhios agam go dian-mhaith go
rabhas i mbád-fó-thuinn … Bhuaileam-
air le h-árthach mór … Ceistigheadh
captaen an árthaigh … Bhí sí lán de
bhagún do Shasana … D'órduigheadh
criú an árthaigh chun na mbád mbeag &
ar leagadh do bhaise bhí fuighleach feóla
ag éiscíníbh is míolta móra na farraige
… Bhuail árthach eile linn … Go
h-Éirinn a bhí sí sin ag dul le cruith-
neacht is níor bacadh léi.



B'eo linn, arsa Seáin, is fuinneamh
fúinn agus ba gheárr gur shroiseamair
oileán áluinn. Chuaidh an captaen agus
me féin i dtír annsan. Thug sé ann-
so 's annsúd tríd an oileán me. Tír
áluinn go léir, talamh thorthamhail shaidhbhir
ann … Páirceanna lán-leathana fé
arbhar is fé thortha … fir bhreághtha is
mná áilne ag obair 's ag gnó i ngach
cúinne de'n oileán … Iad ag canadh
laoithe is dánta a sean is a sinnsear
'na dteangain dúchais féin … Tighthe
cómhnuithe seasgaire cluthmhara & bailte
is cathracha caithiseacha i ngach áird …
Muilthe is mianaig á n-oibriú ar fuaid
na tíre … Cuanta geala leathana is
iad breacaithe le loingeas is le bádaibh
tráchtála ó chian is ó chomhgar …
Scoileanna is coláisdí greanta i ngach
ball is baile agus go léor oidí oilte
lán-léigheanta ionnta ag teagasg na
n-óg is 'á stiúradh ar bhealach a leasa,
is chun leasa a dtíre dúchais … Team-
paill Dé is a gcinn mhaordha go h-onórach
i spéir gheal Dé … Cuma an tsonais
is an tsóláis ar gach duine is ainmhidhe
… Cló an tsaibhris, an tsuainis agus
an tséin ar an dtír go léir.



Tír na n-Óg ceart í seo, má tá a
leithéid ann, arsa Seán.



Nuair a bhí an radharc áluinn seo
feicthe ag Seán, do theastuig uaidh fan-
amhaint san oileán, dar leis. Ach dubh-
airt an captaen leis go gcaithfeadh sé
seasamh len a fhocal, is é féin (Seán)
a thabhairt a bhaile saor slán arís. Le
duadh mór do tharraig sé Seán isteach
sa bhád-fó-thuinn arís.



Nuair a bhíodar ar bórd d'fhiafruig
Seán de'n chaptaen cad é an ainm a
bhí ar an oileán úd is dubhairt seisean
gurbh í sin Éire Nua … Tír a bhí
tamall fada fé smacht iasachta ach atá
anois, ar seisean, chomh saor le éanlaithe
an aeir. Níl feicthe agat-sa ach tosnú
na h-oibre atá curtha ar bun innte, ar
seisean … Má mhairir beagán eile
chífir 'n-a thán-ruith í & chífir an t-oileán
san ar cheann des na náisiúin is saibhre
's is séanmhaire sa domhan … Feud-
fair féin dul chun cómhnuithe ann agus
beidh do chion féin d'obair is d'ollmhaith-
eas na tíre agat.



Le na linn sin d'eirig glór is glioth-
ram an uisge i gcluasaibh Sheáin arís &
ghlaodhaig duine éigin air:



A Sheáin! a Sheáin!



Dhúisigh sé de phreib. Chuimil sé a
shúile is d'fheuch na timchioll.



A Mhuire! ar seisean, táim báidhte.



Nílir, a chuid! arsan guth in aice leis.



D'fheuch 'na thimcheall arís agus, dar
ndó, bhí sé tirm ar an bport & Máire,
a bhean, 'na seasamh in aice leis. Bhí
na ba tagthaithe a bhaile is gan éinne
na ndiaidh. Ar eagla na cinneamhna
d'imthigh an bhean bhocht ar thóir a fir 's
a fír-chéile.



Go dtugaidh Dia saoghal fada dhúinn!
arsa Sean, is iad ag dul abhaile. Bhí
fhios aige féin cad na thaobh.



Pádraig Ua Ceallacháin, O.S.,
Muirigheach, i gCorca Dhuibhne.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



Min Mhaghchromtha. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


AN t-OIREACHTAS, 1918.



Tionólfar i gCILL ÁIRNE,
LUGHNASA 4adh–10adh.



Beidh Iomaidheachta mar leanas:



1. Léirmheas a scríobhadh ar shaoghal is ar
shaothar na bhfilí nGaedhlach ó aimsir Céitinn.
Chéad duais, £50. Dara duais, £25.



2. Úrsceul a scríobhadh go mbeidh baint
aige le Seachtain na Cásga. Duais, £20.



3. Úrsceul a scríobhadh go mbeidh baint
aige le ré éigin de Stair na h-Éireann.
Duais, £20.



4. Cluiche nua do cheapadh. Duais, £20.



5. Cluiche d'aistriú ó theangain iasachta.
Duais, £10.



6. Liost d'ainmneachaibh áite aon bharún-
tachta in Éirinn maille le na mbrigh.
Duaiseanna, £5, £3, £2, £1.



7. Iarrachtaí nuadha filidheachta, £5 an
duais.



8. Aiste a scríobhadh ar Pholaitíocht nó
ar Science nó ar Fhealsamhnacht. £2.



9. Aiste ar adhbhar éigin seanchais nó ar
shaothar litríochta. Do mhacaibh léighinn san
Iol Sgoil. Bonn óir.



10. Sceul nó sceulta thar gnáth-shaoghal i
gcathair. Duaiseanna, £5 agus £2.



11. Do'n chainteoir Gaeluinne is feárr,
fé bhun 16 bl., nárbh í an Ghaeluinn a theanga
dhúthchais. Duais, trí seachtmhaine saoire ag
Coláiste Gaedhlach agus costas traenach.



12. Do'n triúr ar a laighead atá in aon
tigheas ó thosach na bliadhna is feárr ag
labhairt na Gaedhilge ná raibh sí ó dhuthchas
aca. Duaiseanna, £4 agus £2.



13. Do'n triúr fé bhun 12 bl. is feárr
chun Gaeluinne do labhairt le na chéile.
Duaiseanna, £1, 15/-, 10/-.



14. Ar abhcóideacht. Dsna., £2 is £1.



15. Ceisteanna do fhreagairt ar Stair
na h-Éireann san 17adh aois. Duaiseanna,
£4 is £2.



16. An t-adhbhar céadna le 15 do dhaoinibh
óga fé bhun 16. Dsna., £1 10 is £1.



17. Ar scéaluidheacht do dhaoinibh fásta.
Dsna., £2 is £1.



18. Ar scéaluidheacht do dhaoinibh óga.
Dsna., £1 is 10/.



19. Ar greas próis nó filidheachta a rádh.
Dsna., £2 is £1.



20. An t-adhbhar céadna le 19, do'n aos
óg. Dsna., £1 is 10/-.



21. Ar seandán a rádh. £2 is £1.



22. Ar mhúinteoireacht Gaedhilge. Bonn
óir nó costas míosa i gColáiste Gaedhlach.



23. Do'n triúr mac léighinn is feárr ó i
scoil dhá theangthach. Dsna., £5 is £3. £1.
le h-aghaidh costais do gach múinteoir a
thabharfaidh triúr go dtí an comórtas.



24–28. Ar amhránuidheacht aonair do
fhearaibh, do mhnáibh do bhuachaillí beaga
is do gearrchailí. £2 is £1 do dhaoinibh
fásta. £1 is 10/- do shóisir.



29. Ar amhránuidheacht i gceathrar (cuar-
tetta). Dsna., £2 is £1.



30. Ar phortaireacht. £2 is £1.



31. Ar chórachaibh aenchiúil. Daoine fásta.
Dsna., £4 is £2.



32. Ar chórachaibh aenchiúil. Daoine óga.
£2 is £1.



33. Ar chórachaibh ilchiúil. Dsna., £4 is £2.



34. Greas ceoil ar an bpíb uileann.
Dsna., £4 is £3.



35. Greas ceoil ar an bheidhlín. Duais-
eanna, £3 is £2.



36. Greas ceoil ar an bhfideóig. Duais-
eanna, £1 10 is £1.



37. Greas ceoil ar an bpíb uileann do
fhoghluimtheóir. Duais, £2.



38. Greas ceoil ar an bpíb mór. Duais-
eanna, £3 is £2.



39. Do'n bhuidhin píobairí is feárr. Duais-
eanna, £10, £5, £2.



40. Greas ceoil ar an gcruit. Duais-
eanna, £3 is £1.



41. Do'n bhand práis is feárr. Ds., £10.



42–47. Ar rinnce do fhearaibh is do
gharsúnaibh is do ghearrchailíbh. Buinn óir.



48. Ar ríl ceathrar. Cheithre buinn óir.



49. Ar ríl seisear. Bonn óir do gach
duine.



Sciath an Oireachtais do'n chraoibh is mó
bheurfaidh buaidh i gcomórtasaibh áirighthe.



Ní mór do éinne go dteasduigheann uaidh
dul ag iomaidheacht fios a chur ar an gclár
iomlán is ar fhuirm iontrála go dtí Rúnaidhe
an Oireachtais, 25 Cearnóg Parnell, Baile
Átha Cliath. Caithfear ainmneacha a chur
isteach roim an 21adh Meithimh.



Rúnaidhe, Coisde an Oireachtais i gCill Áirne —
Pádraig Ó Dubháin.



FAIRSINGE BAINNE.



Chuaidh duine bocht simplidhe ó Chill
Bhaile h-Eoghan chuig an aonach, lá, le
hí bó a cheannach. An chéad duine a
casadh air, bhí bo le díol aige.



“A' bhfuilir a' ceannach?” ars an
duine, ar sé sin.



“Táim,” arsa Micheál ó Chill Bhaile
h-Eoghan. “An mór a' bainne atá aici-
sin?”



“Tá cuid mhór bhreágh,” ar sé sin.



Chreid Micheál bocht é (bhí sé ró-
mhacánta, tá fhios agat); cheannaigh sé
an bhó agus d'imthig leis abhaile.



Nuair a chonnaic a bhean an bhó
d'fhiafruigh sí an raibh mórán bainne
aici.



“Ná bí ag trácht ar bhainne,” ar
sé sin, “ach ceannaig baodhail!”



Dar ndó, nuair a thástáladar an bhó
ní raibh aon diúir bhainne aici. Tubáin
mhóra le hí bainne is eadh na baodhail.



S. Ó Meachair, in Iarthar Chláir, d'innis.



Le hí = le haghaidh. S. T.



PÓSADH.



Do phós Oisín oirbhidneach Mac an Iascaire
an dís seo: DIARMUID Ó COBHTHAIGH, mac
do Sheóirse Ó Cobhthaigh is d'á chéile Sineud,
ó Áth Cliath, agus SADHBH TRÍNSEACH, inghean
do Eireamhóin Trínseach is d'á chéile Sibeul
(an mac ab óige do Árd-Easbog Áth Cliath,
eisean).



I dTeampall Ratha Fearnáin do rinne, ar
an 17adh lá de Abrán a' Gaedhilg.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teó.
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.



DATHÁN
den uile saghas,
idir
SHNASDATH,
SLÁNDATH, agus
PÉINT,
(“Varnishes, Distemper, and Paint.”)



TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH.



Gheobhair in aon tsiopa, nó mura
bhfaighir, scríobh chun



MHUINNTIR ÁRACHTÁIN,
Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



SÍOLTA,
LEASÚ agus
ÚIRLISÍ
don bhFEIRM.



Gleus gearrtha Turnaipí agus
DEIGHALTÁIN
don UACHTAR BAINNE.



Tá ag
Ó LUASA & Ó CONAILL,
I gCORCAIGH.



Scríobh chuca.



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



tá againn-ne
LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)
Cúirt a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.



Smithfield a 86, i mBealfeirste.



Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.




SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG
d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí
I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN
SA ‘MHARDÍOG,’
I gCORCAIGH.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT
ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



TÉIG FÉ DHÉIN
“AN EMPÓRIUM”
ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.



TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



EUDACH
BUAN-tSEASAMHACH.



An Chulaith do-gheobhair uainn-ne,
beidh sí go córach dei'-dheunta.



Le dachad blian anuas, tá tosach
'á thabhairt againn-ne do dheun-
túisí Gaedhal. Níl muilionn in
Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne
togha na n-earraí ann — eudach ná
raghaidh ann, is ná dortfaidh
an dath as.



DO MHNÁIBH UAISLE —
TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS.



Gach Gúna dár dheinamar riamh,
bhí cuma is crot air.



Bainean deise ar leith leis na
Casógaibh a dheinan na táiliúirí
seo againn-ne.



Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas
úd go n-abarthar leis “Saothar
Lámh” ar taisbeáint anso.



Ní dhortfaidh an ghuirme as an
eudach gorm atá le ceannach
uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí
air, agus is mór an ní é sin,
an aimsir seo.



Scríobh (nó glaodhaig) chugainn.



LIAM Ó CONCHUBHAIR
is a Mhac,
SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40,
I gCORCAIGH.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.



“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.



“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



“Saints and Sinners (Dr. Hyde),



“Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A.),



“Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle),



“Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.),



“Selections from Thomas Davis”
(T. W. Rolleston, M. A.).



“Songs of Myself and Lyrics”
(Thomas Mac Donagh), 4/6.



Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6.



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



IS MÍORÚILTEACH NA LEIGHEASANA
DO BHUAIBH IAD SO:



LEIGHEAS UÍ DHOMHNAIL
ar bhuinneach laogh, 5/- a' buidéal.



‘Kural,’ ar leiceacht bo, 5/ a' bosca. Níl
aon teora leis chun ba do neartú.



‘Kuranzo,’ ar ghalar teangan bo, 4/6 a'
buidéal. Leighisean in aon lá amháin.



‘Murraine,’ ar bhruiliochán, 3/6 a' buidéal.
Leighisfidh an taom is measa taobh istigh
de naoi n-uaire a' chloig.



‘Kuraline,’ ar bhruinne dhearg, 4/- a' buid-
éal. Beidh an bhó i gceart taobh istigh de
sé n-uaire a' chloig.



‘Ringool,’ ar bhorraphéist, 2/6 a' buidéal.



‘Hoosaline,’ ar chasachtaigh nó ar mhúchadh, 4/6



Gheobhair ó



UA DÓMHNAIL, Siopa Leighis Bó is Beithigheach,
An Eamhain, MIDHE; nó ó



TOMÁS MAC MÁTHUNA,
An Scairbh, CO. AN CHLÁIR.



In
ÁIRCÉID NA MUMHAN
gheobhair
LÁMHAINNÍ OLNA
de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.



TÁ EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:



ÁIRCÉID NA MUMHAN
le ‘Robertson, Ledlie is Fergurson,’
I gCORCAIGH.



Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services