Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bealtaine, 1918

Title
Bealtaine, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Lóchrann



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 26. BEALTAINE, 1918. Trí Leith-Phinge a Fhiacha.



Le h-Aghaidh an Aos' Óig.



Cuid de Chúnntas Cinn Lae do scríobh
gearrchaile scoile in Íbh Ráthach.



Márta 20. — Nuair bhíos ag aeracht na
mbó sa chnoc tar éis teacht ó'n sgoil
indiu do shuidheas anaice turtóige agus
bhíos ag feuchaint mór-thimcheall an chnuic.
Do thosnuigheas ag cuimhneamh ar na
radharcanna breagha a chífeá ó'n mBinn
Duibh. Chífeá Loch an Churráin & Bólus
& is deas féachann na páirceanna glasa
i bhfad síos uait. Tháinig sé isteach am'
aigne go raghainn suas an cnoc go
bhfeicfinn Faill a' Locha. D'fhágas na
ba annsan ag ithe an fhraoigh dóibh féin
agus suas liom is ní breug a rádh gur
thaithn na radharcanna liom go mór.
B'fhiú do éinne siubhal trí sna cnuic
laethanta breágha. Thánga anuas do dtí
sna ba annsan is do thiománas abhaile
iad is me go h-ana-shásta liom féin.



Márta 21. — Do chuas síos go dtí an
portach indiu leis an asal ag iarraidh
móna. Bhí Gobnait Ní Shéagha am choinnibh
le h-asal eile ar an ngnó chéadna.
“Mhuise, a Bhrighid,” arsa Gobnait liom,
“nach againn atá an saoghal cruaidh ag
obair ó mhaidin go h-oidhche. Bh'fhuil fhios
agat cad do dhéanfam,” ar sise. “Tá
sé chomh maith againn na cliabhanna a
chaitheamh uainn & dul ag marcaidheacht
ar na h-asalaibh chun tamaillín spóirt
a bheith againn.” Ní túisce a bhí sé
ráidhte ná go raibh sé déanta againn.
Síos leis na cliabhannaibh agus anáirde
linn-ne & seo na h-asail ag imtheacht
go tapaidh tríd an sliabh is nóimeat
eile ag seasamhis ag léimrigh ag iarraidh
sinn-ne do chaitheamh díobh ach do theip
ortha. Bhí sé déanach sa tráthnóna
nuair a thángamair abhaile leis an móin
tar éis lae greannmhair. Ní dúbhradh
focal linn… is dócha gur chuimhnigh ár
n-aithreacha ar na laethantaibh fadó nuair
a bhíodar féin óg.



Márta 22. — Do chuas go dtí an
t-aonach andiu. Fuaireas raol óm'
athair agus dhá thuistiún ó mo mháthair.
Bhí ana spórt agam ag féachaint ar
na daoinibh go léir ar pháirc an aonaig.
Do dhíol m'athair trí bheithidhig ar deich
bpúint fhichead. Bhí sé ana-shásta leis
sin. Cheannuigheas ribín deas uaithne…
maithseálann sé mo ghruaig go deas.



Márta 25. — Chuas ar sgoil indiu is
mo ribín nua uaithne ar mo ghruaigh
agam. Ó, go deimhin, do bhí éad ar
na cailíníbh eile. Dubhairt Gobnait Ní
Shéagha & Máire Ní Mhuircheartaigh gur
gránda an rud gruaig ruadh ach tá
fhios agam go maith gur éad buile bhí
ortha.



Márta 26. — Nuair a thánga abhaile
ó'n sgoil is nuair d'itheas mo dhinnéar
b'éigean dom dul go dtí an portach
ag cnuchairt na móna & ní h-aon ghnó
ró-dheas é, ar ndóin. Nuair a bhíodh an
phúcóg déanta agam do leagtí arís í
is annsan b'fhéidir ná bíodh droch-ghuidhe
anuas uirthe. Tá Máire ana-mhaith chun
iad a dhéanamh. Do bhíodh trí nó cheithre
cinn de phúcógaibh déanta aici sar a
mbíodh aon cheann amháin déanta agam-
sa. Tá taithighe aici air & níl agam-sa.
Do bhí pian am' dhrom ó bheith ag cromadh
síos is cheapas ná féadfainn siubhal a
bhaile leis an dtuirse.



Abrán 8. — Do bhíos am' ullmhú féinig
chun dul ar scoil indiu nuair cé thiocfadh
isteach chughainn ach Bean Uí Dhonnchadha.
Bhí sí ag lorg cailín aimsire. Dubhairt
sí liom féinig dá dtagainn aon tseacht-
ain amháin chúiche chun aire thabhairt do'n
tig agus do'n leanbh faid a bheidís féin
ag cnuchairt na móna go mbeadh sí ana-
bhuidheach díom. Do bhí ana-áthas orm
nuair fuaireas cead óm' mháthair imtheacht.
Dubhart liom féin go mbeadh an Fheis ag
teacht is go mbeadh mo dhóthain airgid
agam anois le caitheamh ann nuair a
thabharfainn seachtain ghá thuilleamh.



Abrán 9. — Cheapas go mbeadh saoghal
breágh agam i dtig bhean Uí Dhonnchadha.
Mhuise, níor mhaith liom bheith ann go ró-
fhada in ao'chor. Táim cráidhte ó'n leanbh
…bíonn sí ag gol gach aon nóimeat
orm. B'fhearr liom bheith amuigh ag cnuch-
airt na móna féin 'ná bheith ag tabhairt
aire dhi ach gheobhad leath-choróinn i ndeire
na seachtaine is do shásóch sé sin aon
chailín.



Abrán 10. — Anois nuair atá taithighe
agam ar mhuintir Dhonnchadha is maith
liom bheith annso. Ní labhraim focal
Beurla chun na leanbhaí ach go deimhin
níl breis Gaeluinne acu. Tá siad ag
teacht isteach ar í thuisgint uaim anois.
Nach mór a truagh na leanbhaí bheith ag
fás suas gan focal dá dteangain féin
acu. Cad é an t-iongnadh ach é bheith
chomh furuisde dhóibh í fhoghluim annso san
áit a bhfuil sí ag gach éinne. Tá Máirín
ag foghluim Gaeluinne ar gach aon rud
ar fuaid a tighe uaim-se. Is dóigh liom
gur fiú níos mó mé 'ná leath-choróinn sa
tseachtain dos na daoinibh seo.



Abrán 11. — Is moch ar maidin do
ghlaodhaig Bean Uí Dhonnchadha orm. Bí
mo dhóthain codlata agus tuirse orm is
b'fhearr liom fuireach sa leabaidh cúpla
uair a chluig eile ach chuimhnigheas ar mo
chuid oibre is thug sé sin congnamh dom
chun eirghe.



Bhí na leanbhaí go h-ana-chrostáltha ar
feadh an lae. Bhíos i gcrua'-chás acu.
Do shalaig Máirín a bib is do strac
Tomáisín a bhríste is do bhris Pádraig
‘juga.’ Nuair tháinig Bean Uí Dhonnchadha
isteach do bhí sí ar buile chugham-sa!



Abrán 13. — Tá mo sheachtain caithte
agam i dtig Bhean Uí Dhonnchadha agus
go deimhin níl aon chathú orm mar níor
bhraitheas aon tseachtain riamh chomh cruaidh
is chomh fada léi. Bhíos marbh ag na
leanbhaí ag gol agus ag déanamh gach
aon tsaghas crosdála. Tá uaigneas ar
Mháirín am' dhiaidh… bhí ana-chion aici
ar Ghaeluinn is ní bheidh éinne anois chun
í mhúineadh dhi nuair a bhead-sa imthithe.



Brighid Ní Shíothcháin.



SEAN-AMHRÁIN AR CEAL.



An mbeadh a thuille de'n amhrán so
leanas ag éinne:



Bhí bean i gConndae an Chláir agam
Is bean i gConndae an Ríogh,
Bhí bean i Sráid a Mhuilinn agam
Gurbh' í do chráidh mo chroidhe,
Bhíodh ceathrar ban ag siubhal lem' ais
Ach anois ó táim gan bhrigh
Níl bean agam 'ná gnó agam di
Ó táim ag dul i n-aois.



É ar a bhfonn ceudna le “Sciobairín” is
“Galway Bay.” Nó a thuille dhe seo:



Dubh ná donn ní ghrádhfainn,
Is le cailín ruadh níor crádhadh me,
Deamhas bean sa' domhan dob' fhearr liom
Ná an bháin-chnis gan smúit,
A dlaoithe daithte, fáinneach,
D'fhúig na mílthe lag le grádh dhi,
'S cad é an fáth ná tráchtfainn
Thar mo chailín áluinn fionn.



Ó Shéamus Ua Donnghaoile atá anois i Meirice do
fuaireas an bhéarsa sin. Bhí fonn deas aige dho;
fonn ar nós “My Love, Nell.”



Finghin na Leamhna.



Gúnaí & hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


Beidh



COLÁISDE CHAIRBRE



ar siubhal mar is gnáthach i



gCUAN DOR



I RITH MÍ LUGHNASA;



agus má thoilighean roint mhaith
scoláirí chuige roim ré, beidh
sé ar siubhal, leis, ar feadh



MÍ IÚIL.



Gheóbhthar eolas 'na thaobh ó



MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN,
Seanachúirt, An Sciobairín.



COIS FARRAIGE THIAR



atá an



COLÁISTE ATLANTIC.



Múintear Sranngscéaluidheacht &
Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do
ógánaig atá idir a 16 agus a 24.



Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide —



Muiris Mac Gearailt,
CATHAIR SAIBHÍN, I GCIARRAIDHE.



ARÁN HOSFORD.



NÁ H-ITH A MHALAIRT!



Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh,
I gCORCAIGH, a deintar.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



Bróga is Stocaí,



Léinte is Guaileáin,



Lámhainní is Bónaí.



T. Ó LOCHLAINN,



19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



LEATH-SGÉAL.



Cheap giománuithe Sheóirse go raghadh sé
go maith do Eagarthóir an pháipéir seo
tamall sosa is suaimhnis a bheith aige in
áit bhreágh fhuithineamhail i gcóir na Cásga
is ní ghlacfaidís le h-aon eiteach uaidh.



Sin é fé ndeara go raibh dearmhadaí
beaga cló i “Lóchrann” an Abráin.



San “Dá Dhrúncaer” is mar seo ba
cheart an stair de atá ag bun leathan-
aigh a chúig a bheith:



Seán: 'S dó' mhuise 'nois, Athair Paor,
liom-sa ní thaithneann Léan,
Is ní lugha ná thaithnim léi, &rl.



Agus san bhéarsa deirionach de “Rócán an
Land League” “Lucht na ndlighthe bhfallsa”
an rud ba cheart a bheith ann.



Finghin na Leamhna.



DOMHNALL NA GRÉINE.



Fear fréic agus frolic,
I seomra ná i halla,
Seadh Domhnall na gréine,
A gcualúir a thréithe,
Do chaithfeadh sé seachtain
Ag ól i dtigh leanna,
Is ná tuitfeadh neul air,
An sgathfaire tréitheach.



An Casadh:



D'ólfad sé a dtuillfeadh sé
Is dá mbeadh a thuille aige,
A chóta 's a léine,
A chóta 's a léine,
Domhnall na buile
Is Domhnall na gloine
Is Domhnall na gréine
Domhnall na gréine.



Is tailliúir 's is gabha é,
'S is printéar breágh leabhar é,
Domhnall na Géine,
Chúmfadh sé bheursa,
Bórd agus leabaidh
Do dhéanfadh go tapaidh,
Nó bríste breágh neuta
De chroiceann na gcaorach.



D'ólfadh sé a dtuillfeadh sé, &rl.



Níl aon bhean i gCorcaigh
Nár dhein sé í bhogadh,
Cailíní óga,
Singil is pósta,
Dá mbogadh 's dá mealladh
Istoidhche nó ar maidin
Le bladar is bréaga
Eachtraí is sgéalta.



D'ólfadh sé a dtuillfeadh sé, &rl



AN FOCAL IS SIA SA GHAEDHILG.



Fuaireamair iad so leanas:



1. “Go neartuighe Dia le lucht síothchána
agus neamh-thoirmeascamhlachta!”



Conchubhar Dubh.



2. “Ná h-abróchair abhrán nó rud éigin
a Thomáis?”



“Do bhuaidhis ar a bhfeaca riamh chun
neamh-chuileachtaineamhlachta.”



Seán Ó Conaill.



3. “Cuir uait do chuid randamandád-
uigheachta.”



Liam an Ghrinn.



FEIS CHIARRAIGHE, 1918.



TIONÓLFAR IN OILEÁN CIARRAIGHE,



DÉARDAOIN 15ADH LÁ DE MHÍ
NA LÚGHNASA.



Fé chúram an Choisde Conndae de Chonnradh na
Gaedhilge & fé choimirce i Easbuig Árd Fhearta is
Achad'eó, an tAthair Cormac Ua Súiliobháin, Dr le
Diadhacht.



Uachdarán Coisde na Feise —



An tAthair Liam Breathnach, Oileán Ciarraighe.



Cisdeoir na Feise —



An tAthair S. Ó hÚrdail, Oileán Ciarraighe.



Rúnaidhe na Feise —



Pádraig Ó Buachalla, B. A., O. S., Oileán Ciarraighe.



AN CLÁR.



1. Sceul nua-chúmtha, nó dornlach sceul.
Tímpal 3,000 focal ar fad. (Glacfar le
tionntó ó theangain eile). Duais, £2.



2. Cómhradh beirte do chúmadh (nó cúpla
ceann) i bhfuirm dráma. Tímpal 3,000
focal ar fad. Duais, £2.



3. Do'n scríbhinn is feárr i bhfuirm cún-
tais cinn lae ar na choimeád ag duine, ar
feadh coicighise ar a laighead. An chéad
duais, £1; an dara duais, deich scillinne.



4. Do'n aithris is feárr ar stáidse na
Feise; píosa cómhráidh idir bheirt nó agallamh
tré fhilidheacht. Chéad duais, £1; dara
duais, deich scillinge.



5. Do'n innsint is feárr ar sgéaltaibh
beaga grinn. Ní bheidh thar cúig neómataí
ag gach sgéaluidhe. Trí dhuaiseanna —
(1) 10/—; (2) 7/6; (3) 5/—.



6. Do'n té is feárr a thabharfaidh uaidh
idir fhuaim, is brigh an dán úd le Eóghan
Ruadh Ó Súiliobháin: “Taisdeal na Blár-
nan.” Duais, 10/—.



7. Do Chóracha Ceoil dáreug, nó as san
go fiche duine. “Go mairidh ár nGaeluinn
slán” nó “Suas leis an nGaedhilg” do
ghabháil i gceól ‘dá chuid.’ Chéad duais, £2;
dara duais, £1.



8. Abhránuidheacht aonair. Do gharsúnaibh
fé bhun 15 bl. Duaiseanna, 10/-, 7/6, 5/-.



9. An ní ceudna do chailíní fé bun a
15 bl.



10. Ríl nó Port Ceathrair. Do bhuachaillí
is cailíní i dteannta chéile agus culaith do
dhéantús is de fhaision Ghaedhlach a bheith ar
gach rinnceoir díobh. Duais, £1; agus
Dealg Teamhrach do'n chailín is deise
culaith.



11. Ríl nó Port Ochtair, mar atá i
gcomórtas a 10. Duais, £1 10; agus
Dealg Teamhrach do chailín.



12. Bratach maith (uaithne) do'n bhuidhin
píobairí is feárr chun ceoil is chun máir-
seála.



COINGILL.



Ní fuláir do gach duine go dteasdaigheann uaidh
dul ag iomaidheacht a ainm a chur isteach chun Rúnaidhe
na Feise roim an chéad lá de Lughnasa. Is leis an
gCoisde Conndae gach scríbhinn a bhuadhfaidh duais.
Ní bhronnfar duais i gcomórtas ar bith ná beidh
triúr, ar a laighead, astig air 'ná aon tarna duais
mara mbíonn ceathrar.



CONGNAMH NA GCARAD.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.



Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


DO BHEATHA 'S DO SHLÁINTE
ANSO.



II. — FUITHIN.



Is tír fhliuch í Éire, ach ní tír ró fhuar
í, agus mar sin féin ní mór an tig do
bheith cluthmhar. Chomh fada & a théidheann
aer tá Éire ar cheann de sna tíorthaibh
is foláine ar an domhan. Is í an fhairge
is mó is cionntach leis sin. Tugann
sí teas chugainn ins an ngeimhreadh agus
fionnfhuaire ins an samhradh. Níl ach deich
gcéim idir teas an tsamhraidh in Éirinn
agus teas an gheimhridh. An eitinn & na
galair eile atá ag déanamh díoghbhála in
Éirinn, ní ó theas ná ó fhuacht na tíre
thagaid, ach ó dhroch-thighthibh, ó dhroch-bhiadh,
ó dhroch-éadach.



Níor mhór ionad teine bheith beag nach
in gach aon tseomra i dtig, ach ní oir-
eann an saghas céadna gráta nó tinn-
teáin do'n uile shaghas tighe. Ní h-é an
teinnteán céadna bheadh i gCiarruidhe mar
a ndóghtar móin, i gCill Choinne mar a
bhfuil gual gan deatach, & i mBaile Átha
Cliath mar a ndóghtar an gual thagann
anall ó Shasana. Is le teine is mó
coimeádtar tighthe te ach tá slighte eile
ann leis. Is fearr le daoine an teine,
ámh, ná aon tslighe eile: níl aon nidh is
deise ná suidhe oidhche geimhridh os comh-
air teine mhaith chun sgéalaidheachta. Is
minic imthigheann an iomarca de theas
na teine suas an simné & is é cúis é
sin ná gan an gráta bheith oireamhnach.
Níor mhór do bheith ag seasamh amach
tamall ó'n bhfalla, agus a dhá thaobh
bheith ag iompódh amach chun an tseomra.
Is minic gur an iomarca teas bhíonn ins
an seomra. Baineann sé an brigh as
dhaoinibh nuair thugaid siad cuid mhaith
aimsire i seomra ró-the. Teastuigheann
níos mó teas ó'n aos óg, agus ó shean-
daoine, ná ó fhearaibh is ó mhnáibh láidire,
meadhon aosta. Nuair bhailigheann an
iomarca daoine isteach i seomra agus
ná bíonn na fuinneoga ar osgailt is
gearr go mbíonn an seomra ró mhúchta.
Dubhart cheana nach é an saghas céadna
tighe oireann do mhuinntir na h-Éireann
agus do lucht tíortha eile. Ba ghnáthach
riamh in Éirinn do dhaoinibh bailiughadh
isteach i dtighthibh a chéile chun sgoruidh-
eacht agus chéilidhe agus sgéalaidheacht.
Ba mhaith an nós é leis, mar is ar sgáth
a chéile a mhairid na daoine, agus is
ceart go mbeidís muinnteardha cáir-
deamhail le n-a chéile, agus is ins na
tighthibh ba cheart dóibh teacht um a chéile.
Daoine óga go mór mhór is deacair
dóibh maireachtain gan caidreamh a chéile.
Is chuige sin do bhíodh an chistin bhreagh
mhór in Éirinn riamh; agus ba cheart
cistin maith mhór do bheith ins gach aon
tig Gaedhealach leis, agus ar a luighead
ceann de na seomraibh codlata bheith
fairsing leis agus ionad teine ann chun
dá mbeadh duine tinn go bhféadfaí é
chur ann, & b'fhéidir Aifreann bheith ann.



Peig.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



CHI SINN THALL THU (Cúig aistíní le
Iain Báillidh Stiúbhard, nách maireann.
Ar lea'thistiún ó Chalum Mac Leóid,
Reiceadóir leabhar, i nDúndé, in Albain).



Albanach a marbhuigheadh sa chogadh an
t-ughdar. Bhí meon deas Gaedhlach aige,
rud nách gnáth ag saighdiúir. Mar seo
thráchtan sé ar dhuine a raibh 'pátrún'
de aige agus íoghar gáire ar aghaidh air
sa phátrún:



“Tha mi lánchinnteach gum bheil an
aon fhiamh-gháire fathast air far am
bheil é 'na luighe 'n-a leabaidh chaoil
san Fhraing ann an glac fuar an
bháis.”



Ní fhaca sé aon ró-thairbhe 'á dheunamh
d'á thír dhúchais — Tír na mbheann is Tír
na ngleann — ach dála na nGaedheal ar
fuaid na cruinne, bhí sé ag síor-thnú le
faoiseamh.



“Tha sinn uile a'n dóchas gu m
fosgail na nithean sin… súilean
luchd riaghlaidh na tíre gus na heu-
ceartan a thá r' an leasachadh ann an
Gaidhealtachd na h-Alban… óir
an talamh a bu leis (an Gaidheal)
le cóir… bha é air a leigeil leis
na h-uachdrain mar fhríthean seilg do
Ghoill agus do Shasunaich.”



Tá reumh-fhocal Beurla sa' leabhrán ón
té úd, Iain Mac a' Phearsain, atá mar
rúnaidhe in ‘Oifig an Chogaidh' i Sasana.
Is dóigh ná fuil cead ag duine mar
é siúd aon teanga eile a scríobha ach
teanga na hOifige úd. Tá árd mholadh
aige don Albanach a scríobhan Gaedhilg.
Ní fheadar an bhfuil sé ar an ndream
úd a mholan an chroch don Éireannach a
dheinean mar an gceudna?



Daoine a bhfuil an chló-cheárd thar
bárr aca iseadh clódóirí Alban, agus
má bhíon aon Ghaedhilgeoir i bhfus ag
cuimhneamh ar leabhar do bhualadh fé
chló, b'fhiú dho fios do chur sall ar
chóib de leabhráin Mhic Leoid (tá srath
dhíobh aige) & é chimeád ós a chomhair mar
shampla deiseachta. Tá obair dheas, ámh,
'á dheunamh cois Life le deunaighe — mar
“Scribhinní Mhíchil Bhreathnaigh,” & tuigean
fear cló “An Lóchrainn” a cheárd go maith
dar liom.



Seán Tóibín.



FOCAIL NEAMH-CHOITIANTA.



Tá foclóir nua Gaedhilge d'á chur in
eagar ag an Athair Pádraig Ua Duinnín
i mBaile Átha Cliath. Cumann na dTéx,
i Lonndan Shasana atá dá chur amach.
Bu mhaith le Rúnaidhe an Chumainn sin,
go gcabhróchadh léightheóirí “An Lóchrainn”
leis an Athair Pádraig sa ghnó san;
go soláthróghaidís focail neamh-choitianta
Gaedhilge — focail ná fuil in aon fhoclóir
— agus an liost do chur ag triall ar
an Athair Pádraig go dtí Sráid Eccles
a 70, in Áth Cliath.



Aonne d'fheudfadh aon liosta, beag nó
mór, do sholáthar, bu chóir do é seo
dheunamh, len a thoil.



S. T.



Dearg thiar, grian amáireach
Dearg thoir, fearthainn láithreach.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.



SRÁID DÁSON, a 45,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthan: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



ROSC CATHA GAEDHEAL.



THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir
cheól is abhrán, agus oireamhnach don
phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1
an chóib, per post.



WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn
i mBeurla. An file ceadna a dhein.
É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a'
chóib.



Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad.



Ó FAOLÁIN & A MHAC,



In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH.



NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ
EILE IN ÉIRINN ACH
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR



agus is fada farsaing
atá a gcáil.



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.



FAICHE SHAIN STIABHNA,



ÁTH CLIATH.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Scriobh chuige.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA



ó



LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ



DE DHÉANTÚS GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



SRÁID PÁDRAIG N. a 105,
CORCAIGH



(‘LUKE BURKE’)



Sinn-ne a dhein



SNAOIS CHORCAIGHE



ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”



Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheith sa' bheairtín idir thobac
is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh.



1. “Laethanta Geala.”
2. “Cosa Buidhe Árda.”
3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”
4. “Déanamh an Chleamhnais.”
5. “Cunntas Cinn Lae” le Bríd Stac.



Le fághail ó



Mháire Ní Raghallaigh,



'Sa tsiopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann
don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE A 87,



I mBAILE ÁTHA CLIATH.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



An Fear Gnótha:
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh



An Fear Eagair:
An Seabhac, Daingean Uí Chúise



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
agus c., do chur.



Na Díoltóirí:
Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid cóibeana gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



TOMÁS ÓG RUISEUL.



Gaedhal óg groidhe, Tomás Ruiseul —
tá ar lár. Go mbronna Dia solus geal
na bhFlaithas ar a anam! Amen.



D'á dhúthaigh is don Ghaedhilg a chaith sé a
thréimhse saoghail. Den treibh Dhuibhneach ab
eadh é agus thiar ag bun tSiona, in Iarthar
Chláir do bhíodh sé ag saothar do theangain
a shean is a shinnsear. Is ann a cailleadh
é & ní bás de bhárr aoise 'ná de dheas-
caibh galair a fuair sé, ach a chroidhe óg
d'á ropadh le beaignit. Níorbh oth leis
féin an bás do fuair sé, óir bu ar son
Chaitlín é. “Is maith liom,” arsa sé,
agus gan ann ach an dé, “gur ar son
na h-Éireann atáim ag fághail bháis.”



Tá in a dhiaig sa bhaile na daoine bu
gheal len a chroidhe. Iad go dubhach cás-
mhar, Síocháin Dé ortha!



Bu shinnsear clainne Tomás groidhe,
& ní lucht mór-ghusdail 'ná treabhachais
na daoine atá in a dhiaig.



An duine a bhfuil croidhe maith Gaedh-
lach aige, cabhruighan sé len a bhráthair,
ar uair an gháidh. Má tá id' chumas
púnt nó coróinn do thabhairt (d'fhonn do
mheas ar Thomás Óg Ruiseul do thais-
beáint) cuir ag triall ar lucht “Cabhair-
Chiste na Ruiseulach” i nDaingean Uí
Chúise é (nó ar Fhear “An Lóchrainn”)
agus beidh buidheachas Gaedhal ort.



Lámh Dé idir Ghaedhil agus ain-cheart
Gall.



S. T.



SEÁN Ó SIOCHRUDHA.



Do cailleadh Seán Ó Siochrudha, dritháir
don Seabhac, thall in Americe le déanaighe.
Gaedhilgeóir agus dea' Ghaedhal ab eadh é.
Go ndeine Dia trócaire ar a anam!



Is oth linn go mór an bhuairt sin bheith ar
an Seabhac agus ar a mhuinntir, S.T.



An Márta cruaidh gaothmhar,
'S an tAbrán bog braonach,
A chuireann an bhrigh
I gcluais na seana-chaorach.



AN DÁ DHRÚNCAER



(Ar leanamhaint).



Ó bhéal aithris Thaidhg Uí Chonchubhair, Lios Póil,
i gCorca Dhuibhne.



An tAthair Paor — sagart na parróiste.



Seán Ó Séagha - drúncaer duine.



Léan - bean phósda Sheáin Uí Shéagha.



Séamus Raol — fear síbín.



Sineud — bean Shéamuis Raol.



Máiréad — cómharsa.



Sroichid tig Sheáin.



Seán: 'Nis, Athair, sid é ár dtig féin,
Téanam isteach ag triall uirthi, sinn
araon,
Is annsan tuigfir féin, ciacu is mó mo
lochtaí-si ná lochtaí Léan.



Sagart: Raghaidh mé in éinfheacht leat, a
Sheáin Uí Shéagha,
Is tá súil agam le congnamh Dé, is le
h-eidirghuidhe na Naomh
Go ndéanfa mé síothcháin eadraibh
araon.



Seán: Mhuise mo thruagh go muar tú, Athair
Paor
Dá mbeadh dáréag eile sagart ad'
fhochair féin,
Agus Naomh Peadar 'nbhúr bhfochair go
léir
Ní chuirfeadh sibh teanga shíothchánta i
mbéal Léan.



Sagart: Eist do bhéal anois, a Sheáin Uí
Shéagha,
Is ná h-abair a thuille léi,
Go ragham isteach ag triall uirthi féin,
Is chidhfidh mé annsan cad a bheidh le
rádh agaibh ar gach taobh.



(Téidhid isteach)



Léan: (ag fáiltiú roim a' sagart): Dé
bheatha-sa chughainn, 'Athair Paor.
Muise! cá bhfuairis Seán Ó Séagha?
Táim-se á lorg ó eirghe lae,
Ar eagla go mbeadh sé báidhte i bpoll
ná i bhféith.



Sagart: Go mairir-se i bhfad, a Léan,
Is ní raibh aon bhaoghal báidhte andiu ar
Sheán Ó Séagha,
Bhí sé có' h-ábalta ar theacht abhaile le
h-éinne againn araon.



Léan: Ní bheadh san le rádh agat, 'Athair
Paor, dá gcífeá ‘teacht é ar maidin
indé,
I gcairtín asail ag tuinncéar, ceang-
ailte le téid,
Agus ceaintíní an duine bhoicht go léir,
aige raidtithe sa spéir.



Seán: O is fada go dtachtann an t-éitheach
tusa, a Léan
Is measa thu ná an Bréagaire Mór
féin
Adeireadh go dtugadh sé réilthín leis
ó'n spéir, de bharra stáca 'néadh sé
féin,
Is gurbh é thug leis ar scéith, Na Cruacha
Dubha ó'n nGréig.



Léan: Dhera, eist do bhéal, a lóitiméir,
Ar ndó' níl aon nidh ach éitheach le
fághail ó dhrúncaer,
Ná dúbhrais-se leis an Athair Paor, an
lá phós sé sinn araon,
Ná raibh agat ach a' seacht is raol,
Is mé tar éis cúig phúint a thabhairt
duit mé féin.



Seán: Ó! 'Athair Paor, crochfa sí an
saoghal, is go siúrálta crochfa sí
mé féin,
Chím ag teacht chughainn Séumas Raol,
Bhí sé sin láithreach a' mhargaidh ead-
rainn araon
Is 'neosaidh sé sin duit nár thug sí
dhom ach an seacht is raol.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 5


Léan: Dhera, 'Athair Paor, ná creid focal
ó Shéamus Raol mar is fearr é chun
an éithigh ná Seán Ó Séagha féin
Ach tá in éinfeacht leis Sineud,
Tá sí chó' fírinneach liom féin, is 'neós-
aidh sí sin duit gur cúig phúint an
spré.



(Tagann Séamus Raol isteach).



Séumas Raol: Good mawnin, yoos welcim
here, Fadee Power,
I 'spose 'oo came to make peace in the
house,
An' 'tis wantin' there, no doubt,
And all by Miss Shea wickey mouth.



Sagart: Good morning, kindly, Mister
Rayle, but I don't agree with what
you say;
Perhaps there are others as much and
more to blame than poor Mistress
Shea.



Léan: Mhuise, go dtachta an Beurla briste
tusa Shéamuis Raol,
Ná tabharfadh an chaint dúinn thá againn
go léir
An chaint a fuairis ót' athair is ót'
mháthair féin
Is atá ag an Athair Paor ós aige atá
an fhoghluim mhór go léir.



Séumas Raol: Wisha, Fadee, isn't she
nauty woman, Missus Shea;
She knows I hate that beddy Irish,
an' fhuin I talk it dat I'm shame.



Sagart: Let me tell you, Mister Rayle,
that I'm in full agreement with
Mistress Shea,
And now until I leave this place,
nothing but our own sweet Irish
will I give or take.



Sineud (le Seumas): Tuille tubaiste
chughat, a Sheumais Raol.
Is minic a dubhart-sa leat mé féin
an Beurla briste a dh'fhágaint it'
dhéidh,
Is gan a bheith it' ghléas magaidh is id'
choilichín Paor 'ges na cómhursain
uile go léir.



Seumas: Don't be bothering me, Missus
Rayle, I'm soddy I ever with 'oo
take
And that I didn't get a woman of
eddicate
That would give me Ingilee when she
did spake.



Seán: Dhera, ná fuil sé chó' maith agat, a
Sheumais Raol, dul ar an nGaeluinn
ar ár nós go léir
Ar ndó is dócha go bhfuil Beurla ag
an sagart chó' maith leat féin
Agus sin é é a labhairt Gaeluinne ar
ár nós féin —
Anois, a Sheumais Raol, is cuimhin leat
oidhche an chleamhnais idir mise is Léan
Agus is cuimhin leat nár thug sí dhom
ach a seacht is raol
Agus deir sí andiu leis an Athair
Paor gur chúig phúint a spré



Seumas: Well now, Fadee, if you let me
Ingilee spake,
I'll tell'oo nice an' p'ain the ups an'
downs an' all around the case.



Sagart: Dubhart leat cheana, a Sheumais
Roal, ná beadh againn ach ár dteanga
dhuthchais féin
Is mara bhfuil sí sin agat-sa, éist!



Seumas: Seadh 'nis, 'Athair Paor, inneósad
an sgéal sa Ghaeluinn chó' maith agus
fhéafad é:



Do bhíos láithreach a' chleamhnais Sheáin
is Léan is níor thug sí dho ach amháin
a' seacht is raol,
Agus cé go raibh sparán maith aice féin
Is dóigh dá mbeadh Seán 'na rí ar an
nGréig, ná faghadh sé pinginn eile ó
Léan.



Léan: Ara, nach maith a thuigid siad a chéile,
an dá dhrúncaer,
Agus nach deas a chuireann Seán a
sgéal i mbeul Sheumais Raol
Do bhís láithreach, a Shineud, is níor
innsis breug ar a dtáinig fós at'
shaoghal
Agus anois innis-se do'n Athair Paor
an mór a thugas-sa do Sheán mar
spré.



Sineud: Ara, a Léan, is cuimhin liom a'
sgeul chó' maith 's is cuimhin liom an
oidhche araer
Agus, as sparán do bhí ad' bhorlach
chlé, do thugais chúig phúint do Sheán
Ó Séagha,
Is ní maith a' chrí' a chuiris air ar mo
nós féin, nuair a thugas a raibh ar a'
saoghal agam do Sheumas Raol.



Finghin na Leamhna.



(Tuille le teacht.)



CAOINE Ó CHAIRBRE.



Dá mbeadh fhios ag mo ghrádh geal
Go bhfuilim-se anso báidhte,
Do threabhfadh sé cnuic
Is do raobfadh sé bánta,
Agus do thiocfadh sé im láthair,
San boch ochón.



Beir leitir uaim 'dtí an Father
Go bhfuilim inso báidhte
Ag tíochadh ar na báirnigh
Agus ar na préacháiní bána
Mian mhic a súile
Bhí ionam' leas-mháthair
Sí chuir 'om báth mé,
San boch ochón.



Tá mo leanbhaí gan cíoradh
Is a gcosa gan nighe acu,
Tá a mborlaigh osgailte
I gcoinnibh na gaoithe,
Agus mise annso sínte,
San boch ochón.



Tiocfaidh na sagairt amáireach
Is beidh an tAifreann árd acu,
Á léigheadh ar mo chlár-sa,
Agus mise anso báidhte,
San boch ochón.



(Ag piocadh bháirneach do bhí sí nuair do báthadh í).



Gearóid ó Súiliobháin do sholáthruigh.



SOME POEMS of ROGER CASEMENT
(ar 1/— ó Chlólucht Talbóid, in Baile Átha
Cliath). Ní filidheacht ró-iongantach atá
sa' leabhar san. Tá dán maith ann ar
theangain na Gaedhilge agus ceann fada
de shaghas “Fontenoi,” ag cur síos ar
chath Bheul an átha Bhuidhe. Tá gearra-
chúntas ar shaoghal Ruaraí ann & an té dhein
é, thuig sí conus cúntas do scrí go deas
símplidhe. Ní raibh de bhuairt riamh ar
Ruaraí Mac Easmuinn ach conus do
dheunfadh sé fóirithin ar Éire. “Tuigim
go maith,” ar seisean, tráth, le car-
aid, “go gcrochfar fós me ar son na
hÉireann!” Fear mór-chroidhe ab eadh
é gur ghile leis bochta Dé agus lucht
annró 'ná righte & ridirí. Go mbronna'
Dia solus geal na bhFlaithas ar 'anam.
Amen!



S. T.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



Má tá eolas uait ar an nGaedhilg
nó ar chionnos Gaedhilg a mhúineadh,
níl agat ach dul go dtí



COLÁISTE AN DAINGIN



Mí Iúil nó
Mí Lughnasa so chughainn.



Sé príomh-chuspóir oibre an Choláiste seo ná
eolas ar labhairt na Gaedhilge a thabhairt do'n
lucht foghluma, agus eolas ar chionnos an
chainnt sin a mhúineadh do dhaoinibh eile.



LEABHAIR LE LÉIGHEAMH.



Tosnóirí — “Laethanta Geala,” “Ceachta Beaga”
(I., II., III.), “First Irish Grammar” leis na
Bráithre Críostamhla).



Lucht Teistiméireachta — “Réalta de'n Spéir,”
“Aesop” (I. — VI.), “Eachtra Lomnachtáin,”
“Ceachta Cainnte Gramadaighe.”



Ranng “Dá Theangtach” — Beifear ag súil leis
go mbeidh staidéar déanta roim ré aca ar
an gcuid is fearr de litridheacht na nuadh-
Ghaedhilge; agus ar “Leabhar Geograiphe,”
“Leabhar ar Áireamh,” “Algébar,” &rl.



Tá gach eolas le fagháil ó Rúnaidhe,
Coláiste an Daingin, Daingean Uí Chúise.



TÉIGH GO
BAILE BHUINNEÁIN
AN AOIBHNIS



an samhradh so chughainn chun



GAEDHILGE 'FHOGHLUIM.



Beidh scoil samhraidh
ann do chách, agus
oidí oilte in a bun.



Scríobh chun an Rúnaidhe, i mBaile Bhuinneáin



Cois Sionann, i gCiarraidhe Luachra.



IOL-SCOIL NA MUMHAN



(RING IRISH COLLEGE).



Samhradh, 1918.



An Chéad Teurma:



Ó'n chéad lá Iúil go 26mhadh.



An Dara Teurma:



Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh.



Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.



PÁDRAIG Ó CADHLA,



An Fear le Scríobhadh.



COLÁISDE NA MUMHAN,



BÉAL ÁTHA AN GHAORTHAIDH.



Beidh an Coláisde ar
siubhal i mí Iúil agus
i mí na Lughnasa mar
is gnáthach.



Gheobhfar gach tuairisc 'na thaobh ó



LIAM DE RÓISTE,



27 Sr. an Chapaill Bhuidhe,
i gCorcaigh.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne



Buínn Óir is Buínn Airgid



den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



Tá ÁTRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID



mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



Liam Mac Aodhgáin & a Chl.-mhac Teo.,



32 Sráid Phádraig N.,
Corcaigh.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,



MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



ó



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua.,



2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



DATHÁN



den uile shaghas,
idir



SHNASDATH,
SLÁNDATH, agus
PÉINT,



(“Varnishes, Distemper, and Paint”)



TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH.



Gheobhair in aon tsiopa, nó mura
bhfaighir, scríobh chun



MHUINNTIR ÁRACHTÁIN,



Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCANIA”



(de dhéantús na hÉireann)



ó



DHOMHNALL Ó BUACHALLA, MAGH NUADHAT.



AN GORT GEAMHAIR.



(ar leanamhaint ó “Lóchrann” na Márta).



Nuair a tháinig Séamus abhaile agus
é 'na gheilt do phreab go tóin a tighe
agus do chuir air pé balcuis a bhí aige
& do bhuail an t-úrlár aníos go duairc
neamh-shultmhar.



“Conus a bhí an gort rómhat,” arsa
Siubhán.



“Ansa' fiabhal, mhuise, a bhean bheag,”
arsa Séamus. “Conus eile a bheadh sé
nuair a bhain an dá áirseóir úd na
ceangail ó n-a gcapaill agus thugadar
cead a srón dóibh.”



“Ara, ná raibh na capaill sin thiar a
gCráilighe go déanach araer,” ar sise,
agus tá an áit sin trí mhíle as so.”



“Dá mbeadh & fiche míle,” ar seisean,
“ní fuláir nach ar na daoinibh a tháinig
crúba capall. Níl aon phiuc do'n ghort
gan crú capaill buailte air.



Ní raibh capall ach aige beirt ansa
Bhlascaod an uair sin, dhá chapall ar
fad, agus do dhein Séamus amach gur
bh'amhlaidh a chuaidh an bheirt gur leo iad
do bhuntulaigh á n-iarraidh chun a mbuilg
a líonadh 'na ghort féin.



Tar éis an méid sin a rádh dho, b'eo
amach an dorus é, a' dul a' fógairt na
gcapall dóibh.



“Táim dá rádh leat,” arsa Siubhán,
“gan dul chun an-aitis leo, mar b'fhéidir
gur bé do chleasamhdí (?) a gheobhfá uatha.”



D'fhógair sé na capaill dóibh ach is
amhlaidh a chromadar san ar mhagadh fé,
go raibh a gcapaill féin mar ar chuir-
eadar iad & ceangail fútha, “agus iad
annsa cheann tsiar d'oileán, trí míle
as so” ar siad-san.



“Dar bhúr n-anam do'n bhfear is sine
atá thíos in íochtar Ifrinn,” arsa Séamus,
“nach capaill a bhí annsan ghort agus gan
aon chapall eile annsan oileán so ach
bhúr dhá gceann-sa amháin, & mo chorp-sa
agus m'anam, má thagaim-se suas leó
go mbeidh an t-oileán so gan áireamh
capall,” ar seisean.



An oidhche bhí chughainn do phrupáil Séamus
suas go luath é féin, do bhuail chuige a
phíce, sean-chasóg ar a ghualain agus é
reamhnach glan chun na h-oidhche a chaith-
eamh i gcúinne an ghuirt agus scóp ba
mhó ná san air, é siúrálta ‘cuirp’ dhá
chapaill a bheith fé mhaidean aige. Do
bhuail an dorus amach leis an lá bán
agus do shocruigh a gcúinne an ghuirt é
féin. Do bhí an oidhche thar druím go maith
shar ar bhraith sé faic, ach fé dheire do
chualaidh sé an truist ag teacht thar
claidhe. Do phreab sé n-a sheasamh, a
phíce 'na láimh & d'éaluigh cois a chlaidhe
síos chun go gcuirfeadh a gcoinnibh an
chlaidhe mhóir a bhí ar bharra an ghuirt é,
go mbeadh cothrom aige ar an bpíce a
chur ann. Do chuaidh de an capall a
chur a gcoinnibh an áird, mar is ar an
bhfarraige b'fheárr leis féin aghaidh a
thabhairt. Do phreab an capall amach as
an ngort & do thug aghaidh fé'n dtráigh bháin
síos. Do thuig Séamus gurb' amhlaidh a
bhí sé chun dul a bpoll fé phuirt na trágha
air agus go mbeadh turus eile ar an
ngort aige fé mhaidin. Leis an macht-
namh san a dhein sé, do chaith uaidh an
píce:



“Mo chorp 'n fiabhal, go leanfad trí
thalamh & fharraige thu, pé áit go ngeobh-
air,” ar seisean, “nó go mbainfead
sásamh díot as a bhfuil déanta agat.
B'eo leis a ndiaidh an chapaill thríd an
dtráigh síos. Níor bh'fhada go raibh an
bheirt acu a mbriseadh na tuinne a
n-aonacht. Do thug an chapall staonadh
air féin annsan, mar ná raibh sé sásta
de'n áit astigh fós. Nuair a chonnaic
Séamus an méid seo staonadh ar an
gcapall cad deiri' lem' amadán bocht
ná gur thug aon léim amháin as a chorp
is do chuir a dhá láimh in earball an
chapaill insan iarracht san. Nuair a
bhraith an bromach fiadhain an rud beirthe
ar earball, do léim anáirde díreach is
do thóg Séamus ó thalamh, ach b'é toil
Dé gur chaill sé a ghreim aige briseadh
na tuinne & do chuir na tonnta briste
suas ar a dtráig arís é, na shlibirín
mhaol-bháidhte.”



Tar éis teacht as an ósbairt sin do
Shéamus do thug aghaidh ar an dtig.
Níor bhraith aon duine ag teacht isteach é.



“A Shiubhán!” ar seisean.



“Hu!” arsa Siubhán.



“A Shiubhán!” ar seisean arís.



“Hu!” arsa Siubhán.



“Ó mhuise, mo chroidhe 'n fiabhal, má
chreidfinn sagart ná pápa air go bhfuil
beirt bhan ar an saoghal a dtómus gach
fir á bhfuil ann,” ar seisean, “mar ná
feadar cad a dhéanfadh iad 'éideach ach
gur dócha ná cuirean Dia ar a saoghal
sibh chomh h-iomadamhail leis na fir,” ar
seisean.



Bhí Siubhán bhocht 'na suidhe faid a bhí
Séamus ag cur an méid seo as. Bhí an
teinnteán báidhte 'ge na chuid éadaigh.



“A Mhuire Mháthair, cad a dhein slibirín
díot,” ar sise.



“Ní beag duit a luaithe a bheidh 'fhios
agat air,” ar seisean. “Tabhair dom
balcuis éigin tirm a chuirfead orm féin
ar dtúis.”



Do thug sí san do & gádh aige leis.



“A Shiubhán,” ar seisean.



“Seadh,” arsa Siubhán.



“Capaill mara go bhfuil ár gcuid
geamhair-ne ithte acu, a dhaltha,” ar
seisean, “agus beam 'ige lucht na
gcapall atá ar an mbaile seo, mar
bhíodar 'á dhaoradh gan chúis againn &
do chuirfinn méar i súil aon duine a
déarfadh liom riamh go raibh a leithéidí
ann go dtí anocht,” ar seisean.



Amáireach bhí an sgéal nua aige
Séamus ar fuaid an bhaile gurb' iad
na capaill mara do lait an gort air,
agus gur lean sé féin ceann acu go
dtí an fharraige & gur thug a bhrollach
do'n mhór-mhuir amach uaidh. Do cheap
na daoine annsan gur b'amhlaidh a fuair



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


na daoine maithe cómhacht air féin agus
do bhí sé curtha roimis aige a bheith
an' fhear feasa as so suas.



An oidhche a bhí chughainn do ghlaodhaigh
Siubhán ar fhearaibh óga an bhaile dul a
n-aonacht le Séamus agus go mb'fhéidir
go mbeadh caoi acu ar cheann éigin dos
na capaill a theanntú. Sin mar bhí.
B'eo le gasra acu agus cúpla srian
acu agus a ghléas féin ag gach nduine
acu, scóp ortha go mbeadh capall ó'n
bhfairrge acu fé mhaidin b'fhéidir, cé go
raibh cuid acu nár chreid go bhfeacaidh
Seumas riamh a leithéid.



Nuair a chuadar go bruach na trágha
báine do chuaidh beirt annso agus beirt
annsúd agus do chuireadar iad féin a
dtreo chun teacht suas leis, dar leo.



Ar mh'fhalluinn nár theip an sean-am
ar an gcapall gan teacht & do tháinig.
D'fhan gach nduine acu 'na thost mar a
raibh aige nó go bhfuaireadar istig ansa
ghort é. Do chruinnigheadar air ó'n dá
thaobh agus toisg na breise a bheith ann
acu do dheineadar fille-chaoch(?) de & do
rugadar ar mhuing air & do bhuaileadar
an tsrian go daingean leis. Annsan do
bhí capall ó'n mór-mhuir acu & mórtas
ortha mar gheall air.



Go tig Shéamuis a tháinig an capall,
dar ndóigh, mar is é fuair an tsrian.
Do cheap sé ar dtúis ná raibh aon duine
le bheith bocht sa domhan ach é féin toisg
an gort breágh coirce a bheith gan mhaith
go deo air, ach anois nuair a bhí an
tsrian leis an mbitheamhnach aige tuigeadh
do ná raibh aon duine bocht ar a chine.



“Seadh, a Shiubhán,” ar seisean. “Tá
capall breágh agam pé sgéal ag an
ngort é.”



“Mhuise,” ar sise, “ní fuláir nó
b'fhearra dhuit do ghort breágh coirce
ná é, a ghliogaire.”



“Mo chorp 'n fiabhal gur feárr liom
an tsrian a bheith leis an mbitheamhnach
so agam ná a bhfuil ag fás i gCiarraighe
dhe,” arsa Seumas.



Seadh, do bhí Seumas is a líntighe lán
de ghreann anois mar do bhí capall
breágh acu agus dob é sin féin ainm,
rud ná raibh riamh acu. Ach fé mar
dubhairt an fear nárbh bhaoth, nuair is
mó an greann is minic gurb eadh is
giorra an cúmha. B'shin i 'úmha' aige
Séamus leis é.



Nuair a chuaidh an ghuth tríd an dtír
go raibh beirtha ar chapall ó'n bhfairrge
annsan Oileán agus go raibh a raibh de
choirce ag fás ann ithte aige do bhí
iongnadh an domhain ar gach nduine. Do
chualaidh fear a bparróiste Fionn Trágha
é go raibh Paidí Mhuiris mar ainm air.



“Th'anam 'n riabhach a bhean bheag,” ar
seisean le na mhnaoi, “ar mbromach-na
is eadh é.”



“Ara, conus gurb' e do bhromach-sa
é,” arsan bhean, “ní fuláir nach thríd
an bhfairrge mhóir a ghaibh sé.',



“Is seadh go díreach,” ar seisean,
mar is minic a líon a mháthair féin a
bolg i bhfeirm an chuain agus í 'snámh
treasna Chuan Fion Trágha ó Bhaile Mhóir
& é shnámh thar n-ais ag dul abhaile dhi.”



Níl aon bhliain san am san ná go
mbíodh h-ocht gcínn de bhramaigh ar
féarach i mBeiginis. Sé mhí an téarma
a bhíodh ann acu. An cló & an croic-
eann a bhíodh ar na capaill á fhágaint
do bheidís 'nótáltha' ar fheabhus seochas
aon áit eile. Bhí bromaigh, an bhliain
sin, leis, i mBeiginis & toisg dúthchas
na bradaigheachta a bheith in sa bhromach
so ó n-a mháthair, ar nós an duine, ní
raibh sé sásta le féar Bheiginis, dá
fheabhus é gan teacht ag sladaigheacht
treasna na fairrge.



Do ghluais fear pharróiste Fionn Trágha
go h-obann ar thuairisg a chapaill ach ní
raibh sé i mBeiginis roimis. Ach mar a
raibh do bhí sé aige Séamus Mór annsan
Oileán Mhór roimis go saor, sábhálta.
Do cheap Seumas dul chun troda leis,
go mbeadh an bromach aige féin in inead
na 'domáiste,' mara mbeadh gur dhein na
cómhursain teasargan eatorra.



B'éigean do fhear Fionn Trágha fághal-
tas maith a thabhairt do Sheumas ach ní
raibh sé sin ach leath-shásta leis an
socrugha.



Tomás Ó Criomhthain,



An Blascaod Mór.



Do Fhear “An Lóchrainn”:



Sin sgéal chughat ó Thomás, a sháirfhir Ghaedlach, is
minic a chuala ó mhór-chuid aosta é. Ná bíodh sagart
ná bráthair á rádh gur bréag é, mar tá sé chomh fíor
is tá an timcheall gréine. — T. Ó C.



SEOTHOLÓ THOIL.



Gléas F.



I.



Mo chara go bráth tú, a pháisdín óig,
Tá'n tú suaithte, buadhartha, dreóil,
Má thagann tú liom-sa gheóbhair foithin is
cóir,
Is gheobhaidh tú duais nár luadh leat fós,
Agus seotho thoil is ná goil go fóil,
Seotholó thoil is ná goil ná deóir.



II.



Seacht n-iongnadh an domhain gan domhat do
gheobhair,
An Cnoc Maol Donn 's a ngabhann 'na threo,
A bhfuil de thalamh aníos gan chíos dom stór,
Faid a rithfidh an ghrian go dian sa ló,
Agus seotho thoil, &rl.



III.



Do gheobhair Magh Chromtha gan domhat chun
bróg;
Do gheobhair an Droichead 's a bhfuil ann de
lón;
Do gheobhair Baile Áth' Cliath chun fiadhaigh is
spóirt,
Is do gheobhair chun stuice Luimneach mhór,
Agus seotho thoil, &rl.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teó.



H. JOHNSTON,



Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, CORCAIGH.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE,
Co. Chorcaighe.



CEANNUIGH DO CHUID
LEIGHIS,



I SIOPA AN BHÚRCAIGH



.i. Tig na cúinne, idir



SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,
I gCORCAIGH.



Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.



Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



Tá againn-ne



LEABHAIR DON LEABHARLAINN



agus



LEABHAIR MAR DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



Muinntir Fhallamhain



(Fallon Bros. Ltd.)



Cúirt Dáma a 13 & a 14,



in Áth Cliath.



Smithfield a 88, i mBealfeirste.



Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.





Scéaluidheacht-gan-
Sraínng



d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí



I Scoil Uí Shúileabháin



sa ‘Mhardíog,’



I gCORCAIGH.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear



SRANNG-SCÉALUIDHEACHT



ann do chailíní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



TÉIG FÉ DHÉIN



“AN EMPÓRIUM”



ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIARSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.



TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
SA DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



EUDAC
BUAN-TSEASAMHACH.



An chulaith do-gheobhair uainn-ne,
beidh sí go córach dei'-dheunta.



Le dachad blian anuas, tá tosach
'á thabhairt againn-ne do dheun-
túisí Gaedhal. Níl muilionn in
Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne
togha na n-earraí ann — eudach ná
raghaidh ann, is ná dortfaidh
an dath as.



DO MHNÁIBH UAISLE —
TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS.



Gach Gúna dár dheinamar riamh,
bhí cuma is crot air.



Bainean deise ar leith leis na
Casógaibh a dheinan na táiliúirí
seo againn-ne.



Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas
úd go n-abarthar leis “Saothar
Lámh” ar taisbeáint anso.



Ní dhortfaidh an ghuirme as an
eudach gorm atá le ceannach
uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí
air, agus is mór an ní é sin,
an aimsir seo.



Scríobh (nó glaodhaig) chugainn.



LIAM Ó CONCHUBHAIR
is a Mhac,
SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40,
i gCORCAIGH.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.



“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.



“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



“Saints and Sinners (Dr. Hyde),



“Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A.),



“Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle),



“Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.),



“Selections from Thomas Davis”
(T. W. Rolleston, M. A.).



“Songs of Myself and Lyrics”
(Thomas Mac Donagh), 4/6.



Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6.



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



IS MÍORÚILTEACH NA LEIGHEASANA
DO BHUAIBH IAD SO:



LEIGHEAS UÍ DHOMHNAIL



ar bhuinneach laogh, 5/— a' buidéal.



‘Kural,’ ar leiceacht bo, 5/— a' bosca. Níl
aon teora leis chun ba do neartú.
‘Kuranzo,’ ar ghalar teangan bo, 4/6 a'
buidéal. Leighisean in aon lá amháin.
‘Murraine,’ ar bhruiliochán, 3/6 a' buidéal.
Leighisfidh an taom is measa taobh istigh
de naoi n-uaire a' chloig.
‘Kuraline,’ ar bhruinne dhearg, 4/— a' buid-
éal. Beidh an bhó i gceart taobh istigh de
sé uaire a' chloig.
‘Ringool,’ ar bhorraphéist, 2/6 a' buidéal.
‘Hoosaline,’ ar chasachtaigh nó ar mhúchadh, 4/6



Gheobhair ó



UA DÓMHNAIL, Siopa leighis Bó is Beithigheach,
An Eamhain, MIDHE; nó ó



THOMÁS MAC MÁTHUNA,
An Scairbh, CO. AN CHLÁIR.



In



ÁIRCÉID NA MUMHAN



gheobhair



LÁMHAINNÍ OLNA



de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.



Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:



ÁIRCÉID NA MUMHAN



le ‘Robertson, Ledlie is Ferguson,’



I gCORCAIGH.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services