Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nodlaig, 1917

Title
Nodlaig, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 21. NODLAIG, 1917. Pinginn a Fhiacha.



SUANTRAIGHE NODLAG.



Pádraic Mac Piarais, bu cheann catha ar Ghaedhlaibh le linn na Cásca i mbliain a 1916, do rinne
an suantraighe seo. Clólucht Chuala i nDúndroma do chuir fé chló é i bhfuirm chárta Nodlag ceithre
bliana ó shin.



I láthair Chríost go raibh anam an tsáirfhir, an oidhche Nodlag so. S.T.



Crónán Mná Sléibhe.



A chinnín óir, a choinneall mo thighe-se,
Déanfair eolas dá siubhlann an tír so.



A bhéilín bhuig do dheol mo chíocha,
Pógfaidh Muire thu ar a slighe dhi.



A ghruadh bheag chruinn is séimhe 'ná síoda,
Leagfaidh Íosa a láimhín mín ort.



Póga Mhuire ar bhéilín mo naoidhe-se,
Is láimhín Chríost ar leacain mo laoigh bhig!



Bí ciúin, a theach, 's a luichíní liatha,
Comhnuighidh anocht in bhur gcuasaibh iadhta.



A leomhana ar an bhfuinneoig, fillidh bhur sgiatha,
Cosgaidh bhur gCrónán, a chuileoga ciara.



A fheadóg 's a chrotaigh, thar mo theach ná triallaidh,
Ná labhair, a chadhain, ag dul thar an sliabh so.



A dhúile an tsléibhe dhúisigheas go hiar-mhoch,
Ná corruighidh anocht go ngealaidh grian
Díbh!



Cuala Press. Pádraic Mac Piarais.



Feadóg, sórt pilibín. Crotach, cúirliún. Cadhan, saghas gé. Dúile, rudaí.



SEAN-CHAINTEANA Ó GHAEDHALTACHT NA h-ALBAN.



IARRATAS NA CAOIRE BIGE.



Ná lom mo cheann
Is ná loisg mo chnámha.



SEOTHOLÓ BHÁIBÍN.



Gur truagh nach mise 's mo leanbh bhí,
Gur truagh nach mise 's mo leanbh bhí,
Gur truagh nach mise 's mo leanbh bhí
Amuigh fé sgáth na ngeug ó
Chuirfinn annsan creadail tu
Bheinnsi féin ag feitheamh ort
Is iomdha té bheadh áthasach
Dá mba leobhtha féin tú.



SEAMRÓG NA mBUADH.



A sheamróg na nduilleog
A sheamróg na mbuadh
A sheamróg na nduilleog
Bhí ag Muire fé bhruaich
A sheamróg mo ghrádha
Is áluinne snuadh
B'é mo mhian annsa bhás
Tú bheith fás ar mh'uaigh
B'é mo mhian annsa bhás
Tú bheith fás ar mh'uaigh.



As Carmina Gadelica.



AN GUTH AR NEÓIN.



Tráthnóna Domhnaigh & me suidhte ar
bruach na mara ag éisteacht le fuaim
na farraige, agus le glór na n-éan,
greas léighte agam do'n leabhar ud gur
b'ainim do “Séadhna”; níorbh fhada dham
gur mhúscail an guth me, agus ar thóg-
aint mo chinn dam, cad a chífinn ach
an chualacht ban óg a cur an bhóthair
díobh go pras.



Do bhí deich pearsanna fichead ansa
chualacht so, agus gach beirt díobh a
gabháil le chéile, do bhí tuairim dhá
shlait do shlíghe 'deir gach beirt, agus
iad sa dul san a dréir a n'aoise, ó
chúig bliana fichead anuas go deich, bhí
gach beirt aca gan ionga gan órlach
ar a chéile aca, agus siúd 's go bhfuil
siad iargúlta laistíar d'Éirinn féinidh,
níor cheil Rí-na-Naomh an sgéimhiúlacht
orra, moladh go deó leis.



Bhí gach beirt aca & a n-amhrán féin
'á chanadh aca go bríoghmhar a nGaedh-
luinn bhlasta, do bhí a n-aghaidh do'n
dul so, go dtí an lanntán is breághtha
radhairc i nÉirinn, ansa cheann tiar do'n
Chuireadóireacht agus ní eile atá 'baint
leis a lanntán-so, aon duine ná beadh
baoch dá shláinte, & do thabharfadh cúpla
turus ansa lá ann ar feag tamaill, &
mar a mbráthfeadh sé feabhas 'á fhág-
aint, is é mé thuiscint nárbh' fheabhas
go bráth do.



An bheirt tosaigh an bheirt ab aosda
aca, seo críochnú a bhí air rann aca.



Dá mbeadh na báid-fé-thuinn na
stad,
Do bheadh ár n-aghaidh fé 's na
tíortha amach,



Ínnsean an leath-rann-so, dá mbeadh an
phosáiste réidh go mbeadh a gcúl le
na dtír dúthchais aca. Gaedhluinn ó'n
bpréibh, ó dhúthchas, agus ó'n gcliabhán
aca. Ceist — Cad tá age Connradh na
Gaedhilge 'á dhéanamh le corraigheacht &
fiche bliain. A caitheamh airgid na tíre
d'iarraidh ceann Gaedhlach a chur ar
Cholainn Ghalldha, agus ná feadair siad
ann, ná as, iad so fós riamh.



Tomás Ó Criomhthain,
Blascaod Mór.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


COIS FARRAIGE THIAR
atá an
COLÁISTE ATLANTIC.



Múintear Sranngscéaluidheacht &
Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do
ógánaig atá idir a 16 agus a 24.



Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide —



MUIRIS MAC GEARAILT,
CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



TÉIG FÉ DHÉIN



“AN EMPÓRIUM”



ar lorg Earraí
Gaedhlacha i gcóir
NA NODLAG.



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCANIA”
(de dhéantús na hÉireann)



ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



ARÁN HOSFORD.



NÁ h-ITH A MHALAIRT!



Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh,
i gCORCAIGH, a deintar.



SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



MALLACHTAÍ & EASGAINITHE.



Tá mallachtaí láidre insa Ghaedhilg.
Táid siad chomh fada san sa chainnt agus
iad chomh fighte innti agus a n-urmhór ag
gabháil chomh dlúth san le h-ócáidí áirighthe,
ná bíonn de ghnáth tuiscint na bhfocal atá
ionnta go toileamhail i n-aigne na ndaoine
úsáideann iad. Ar ócáidí feirge ámhthach
baintear feidhm asta chun an tocht do
scaoileadh de'n gcroidhe agus de'n aigne.
Ní h-ag brath ar cheann nó dhó a bhítear
chuige sin — tá an Ghaedhilg níos treise
agus níos cumasaighe ná san. Rud eile,
tá na mallachtaí agus na h-easgainithe seo
uile glan ó gharsamhlacht.



1 — Th'anam 'on diabhal!



Gnáth-fhocal iongantais é sin anois & ní mallacht.
Deirtear ámhthach —



2 — Th'anam 'on diabhal as do chorp.



Nuair a bhítear i bhfeirg le duine. Uaireannta
nuair nach maith le duine bheith ró láidir deirtear
“th'anam ó'n d — l,” nó “'on diabhach,” nó “'on riabhach,”
nó “'on fial,” nó “'on scian.”



3 — Crochadh árd lá gaoithe chughat,





4 — Croch árd is gad chughat.



5 — Bás na gcat san dubhluachair Earrach chughat



.I. Bás de'n dtart.



6 — Go dtuga 'n diabhal coirce dhuit [is
eorna le cogaint duit].



Le míoshásamh chun duine is gnáth san a rádh.



7 — Bíodh an diabhal agat [agus féar
muic' ar an mbóthar].



.I. “Níl aon spleádhchas agam leat.”



8 — Imtheacht gan teacht ort,





9 — Imtheacht gé an Oileáin ort — imtheacht
gan filleadh go bráth.



10 — Teacht a tseagail chughat — an teacht
fada mall.



Le duine leadránach a deirtear é sin.



11 — Tuille 'en tubaiste chughat,





12 — Tuille 'n diabhail fút,





13 — Conách a' diabhail ort é.



Drochghuidhe do dhuine go dtuiteann tubaist
éigin air.



14 — Nár gheibhir [? fhaghair] slígh i gcath ná
i gcruadhchomhrac,





15 — Nár gheibhir slígh i gcaiseal.



Le duine neamhshocair adeirtear san. Caiseal
[? fallaí uagha].



16 — Codladh an traona chughat.



Codladh leathbhliana [?].



17 — Codladh an tsicín sa charn chughat.



.I. Carn coirce.



18 — Scread maidne ort.



Tu dod' fhagháil marbh ar maidin.



19 — Fuil is gráin ort,





20 — Faire fút,





21 — Dearg náire chughat.



Le duine dheineann rud náireach adeirtear é sin.



22 — Greadadh chun a' mhadra rug a chnámh
uaidh.



Deirtear é sin nuair a bhíonn duine ag gearán
gan chúis mhór aige.



23 — Greadadh chughat.



24 — Nár leige Dia dhom thu.



Deirtear “nár leige dia ach 'mháin dom thu,” chun
an díobháil a bhaint as.



25 — Íde Chlainne Mhóire ort [do seoladh
leis an gcat fé dhraoidheacht].



Ag Tigh Mhóire i nDúnchaoin do bhíodar san.
Chonncadar long fé sheol. Chuadar ar a bórd. Ní
raibh innti ach cat dubh draoidheachta. D'imthigh an
long agus ní tháinig Clann Mhóire ó shin thar n-ais.



26 — Nár gheibhir [fhaghair] aon lá dá
thairbhe go bráth.



27 — Leaghadh Dia air.



[Ní l. “Dé” adeirtear].



28 — Mana dheor nár chuirir díot.



.I. Go raibh cúis ghuil choidhche agat. Mana =
comhartha roim ré.



29 — Masmus go gcuire sé ort.



Le duine a bhíonn ag lorg iomad le n-ól nó
le n-ithe.



BEAN DON CHONNACHTACH.



Ós tusa an fear ceoil
A shiubhlanns go leor
Faigh dómhsa seoid
A bhéas agam mar mhnaoi
Ná sanntuigh go deo
Maoin chaorach ná bó
Ach innseó mé an nós duit
A dtoghfaidh tú í
Bíodh sí deas óg
Gan mhairg gan ghruaim
Soineanta cóir
Ar'chuile shórt slighe
Tuisgionach lághach
Gan iomarca bróid
Agus sin í mo stóirín
Dá mbeadh sí gan pighin.



AN PONNCÁN GREANAMHAR
(“The Quare Yankee.”)



“A gcualaois airiú,” arsa duine des
na cómhursain, ag rith isteach chúghainn
lá, “cia tá tar éis teacht ó Mheirice?
Seán Óg a Chápa a's mála airgid
aige. Tá sé thall le deich mbliana
fichead. Siúbhlaidh ag fáiltiú roimis.
Tá muíntir an bhaile go léir i n-a
thimcheall thoir ar an gCrois.”



“An tubaist cos, a Thaidhg. Ní lugha
orm an domblas ná duine des na
Ponncáin sin d'fheicsint tar éis teacht
do. Muna mbeidh duine aca thall ach
faid bheidh sé ag crothadh na luaithe dhe
féin, ba dhóigh leat ná aithneochadh sé an
cat tar éis teacht do. Chonnac gaige
aca an lá fé dheireadh, agus balcaisidhe
sleamhaine dubha de'n chrúca a' dul i


L. 3


n-achrann dá chnámha air, agus nuair a
rith a mháthair chuige chum lom bróige a
bhreith air, do shín sé barra a mhéire
chúichi mar shínfeadh Tighearna Beann-
traighe aon lá riamh, agus dubhairt sé
trí phollaibh a shrón, ‘Hyu-doo-oal-aidee.’
Teachtaire ó'n bhFear nDubh gach Ponncán
atá ag mealladh ár n-amadán buachaillí
anonn go mbeidh ‘Killin-Foine-toimes’
thall aca. D'fhiafruigheas de dhuine
aca uair conas bhí comharsa dhom,
Diarmuid Dubh ó'n gCrostaire, ag cur
de i mBoston. ‘We meets evry-otheh-dy,’
arsan Ponncán. “He's a beeg mehchan’
oveh thay. Agus a fhios agam gur
b'amhlaidh bhí an saoghal ag Diarmuid —
lamh-thrucaill bheag aige, agus é spiúnadh
an tsalachuir ar dhá thaobh na sráide gach
aon bhreacadh lae, ag piocadh cnámha &
ceirteacha as. Ní raghad i n-a ghoire, a
Thaidhg.”



Mar sin féin ar eagla go mbeadh
Diarmuid agus Peig i n-earaid liom i
n-a thaobh, do bhuaileas soir chun na
Croise i ndiaidh Thaidhg agus chonnac ar
an mbóthar duine uasal leathan córach
i n-aois a dheich mblian is dá fhichead
nó mar sin; culaith éadaigh air a bhain-
feadh sraoth ón ngréin, agus roinnt de
mhuintir an ghleanna 'n-a seasamh 'n-a
mhór-thimcheall. Ní thabharfadh éinne ann-
so le fada a leithéid sin d'easonóir
do Phonncán a's go labharfaí focal
Gaedhilge chuige. Níor chuir sé aon
iongnadh orm ar an adhbhar-san nuair
chuala an chaint ar siubhal mar seo:



“Velkim hoam, Misther Cafey,” arsa
duine go fada righin.



“How arr 'oo tall, Mister Cafey,” arsa
duine eile.



“Ní aithnigheann sé i n-ao' chor sinn
a laogh,” arsa bean liomsa i gcogar ach
chualaidh sé í.



“Is fíor san, a bhean,” arsan Ponncán
i nGaedhilg bhlasda. “Ní aithnighim an
ball so, ná duine ar bith 'á bhfuil ann.
Tá an domhan mór siubhalta agam, agus
an chuid is mó dhe siubhalta go minic
agam; agus, dá mhéid cúrsaí do rug
mé, níor tháinig le duine riamh bob chomh
mór san do bhualadh orm a's do bhuail
méarlach de chaptaen luinge an tseacht-
ain seo. Do bhíos ag teacht go hÉirinn
chum mo dhaoine mhuinnteardha d'fheicsint
& do tháinig an long i dtír trí fichid
éigin míle as an áit seo. Dubhairt an
bitheamhnach úd gurbh' í Éire í; ach chím
anois gur thug sé an t-éitheach, agus
gur b'amhlaigh a chuir sé i dtír i gcúine
éigin iargcúlach de Shasana mé; ach,
chomh siúrálta 's tá ceann reamhar thuas
ar an mbuachaill úd, beidh sásamh agam-
sa as.”



D'iompuigh sé ar a fháil, agus siúd
ag cur chun imtheacht leis é. Seo ar
siubhal an ghárthac annsain.



“Faire! faire! a Sheáin Óig. Sid í
Éire & mise do dhearbhrathair Diarmuid
(an ghrian a luigh air) — sid iad na chómh-
arsain, do shean — chómhursain féin id'
thimcheall (braen atá ólta aige) — sid í
Peig annso (ní h-é gur amhlaidh a chaill
sé a chuid airgid) — sid é Shon Shó, do
mhac baisdighe (Shpake to yer unkil, shon
Shó).



Do bhailigheadar timcheall air arís
agus do dhruideas féin uatha anonn. Bhí
Peadar Ó Súileabháin, Distruict Cownsullur
(a ndubhairt sé féin) an bhaill i n-a
sheasamh im' aice.



“'Seadh, a Pheadair,” arsa mise, “is
greanamhar an Ponncán é Seán Óg.”



“Begob,” arsa Peadar, “he iss a quare
Yank sure 'nuff.”



Is mó seanchuigheacht a bhí 'n-a dhiaidh
sin agam leis an bPonncán Greanamhar.
Fear gunta ciallmhar Gaedhealach dob
eadh é. Fear d'oibrigh go cruaidh do
féin agus dá chreideamh agus dá thír.
Agus do bheannuigh Dia a chuid oibre,
mar bhí tighthe agus talamh de bharr a
shaothair aige. Do ceartuigheadh seomra
i dtigh Dhiarmuda dho, agus d'fhan sé
bliain i n-ár measg. Thigeadh na cómh-
ursain ag sgoruigheacht gach oidhche chuige,
& chuireadh sé na seandaoine ag cainnt.
Is iomdha sgéal fíor agus breágach a
cloistí ann — ar an mactíre, ar na
cataibh fianna, ar bhliain na bhFranncach,
ar bhliain an Ghorta, ar an dtóir a bhíodh
i ndiaidh na bhFiníneach mbocht & ar nithibh
nach iad — agus iad go léir i nGaedhilg.
Bhíodh na buachaillí óga ag éisteacht, agus
a mbéil ar leathadh; ach ní bhíodh béal
éinne leath chomh mór ar leathadh le béal
Shon Shó. Chaith sé uaidh a dhroch-chleachta
ar fad — an bhothántóireacht & na cártaí.
Théidheadh sé ar scoil gach lá, agus bhíodh
sé ar scoil na rodhm-sgéaluidheachta gach
oidhche. I dtosach na bliana seo, d'fhág
sé féin agus an Ponncán Greanamhar
slán againn agus d'imthigheadar leo chum
a ngnótha féin.



Nuair a bhíos-sa agus Diarmuidh agus
Peig ag filleadh abhaile, d'éis iad do
thionnlac go Beanntraighe, d'fhiafruigheas
de Dhiarmuid, dá mbeadh mac óg eile
ag Peig do, cad é an ainm a thabharfadh
sé air.



“Gruagach, mo choínnséas,” ar sé, “bhí
an ceart ó thúis agat-sa.”



Thug Peig clobhta beag fan na cluaise
dho.



“Huth,” arsa mise.



Ní dheinim dabht ná go mbeidh Gruagach
beag óg smotach lem' chois i bhfeidhil an
tobair fós.



Gruagach an Tobair.



DON LÉIGHTHEOIR.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla
le fághail uainn-ne.



Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



ROSC CATHA GAEDHEAL.



THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir
cheól is abhrán, agus oireamhnach don
phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1
an chóib, per post.



WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn
i mBeurla. An file ceadna a dhein.
É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a'
chóib.



Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad.



Ó FAOLÁIN & A MHAC,
In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH.



CARABHATAÍ den PHOIPLÍN



AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin’)



A DHEINEAN DO LUCHT SIOPAITHE.
Scriobh ag triall air go



62 SRÁID GHRAFTON,
in ÁTH CLIATH.



DÁNTA DIADHA GAEDHEAL.



Tá Cualucht Chuilm Cille, i Magh Nuadhat,
tréis cnuasacht bheag de Dhántaibh Diadha
do chuir in eagar idir cheol agus focail.
Ocht ndánta atá sa' leabhrín.



TÁ “ADESTE FIDÉLES” ANN.
“Tórna” do thionntuig.



Bu cheart do lucht ceoil gacha scoile is
gacha paróiste roinnt cóib de bheith aca.



Leat raol a fhiacha (3d.)
Dosaon cóib ar leath choróinn (2/6).



Ó Rúnaire Chualucht Chuilm Cille, Magh Nuadhat

ó MH. H. GILL, i mBAILE ÁTHA CLIATH.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATA



de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



SRÁID PÁDRAIG N. a 105,
(‘LUKE BURKE’) CORCAIGH.



SNAOIS CHORCAIGHE



ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”



Má theastuighaen uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheith sa' bheairtín idir thobac
is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Gheobhair deaghmhargadh
uaim-se i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.
MIN Gaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.
SIÚICRE agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN MAC CURTÁIN,
SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH.



Tá agam-sa
CULAITHE ÉADAIG do GHARSÚNAIBH.
CAIPÍNÍ & HATAÍ den uile shaghas.



Earraí Gaedhlacha.



MÍCHEÁL Ó NUALÁIN,
(‘M. J. NOLAN)



An Mheádhon-tSráid Thuaidh agus
Sráid an Chaisleáin,
CORCAIGH.



AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
An Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise
An Fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip gach mí tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



UM NODLAIG.



Odlaig agus Bliain Nua fé mhaise
dhaoibh uile, a léightheóirí & bliain
ón Nodlaig seo go raibh Caitlín
Ní Uallacháin go suairc, séanmhar
saor agus a clann 'san oighreacht
is dual dóibh.



DUAISEANNA.



Tá duais agam á chur go dtí an sean-
scoláire groidhe .i. Tomás Ó Criomhthain,
atá sa Bhloscaod Mór. Fágaim a chuid
scríobhnóireachta fúibhse, a léightheóirí, le
meas.



Fuaireas 10/- ó Dheora uasail Frín-
seach le tabhairt na dhuais sa “Lóchrann.”
Go raibh míle maith aici. Tabharfad é
do'n té a chuirfidh an scríbhinn is fearr
chugam agus gan ann ach saothar nua-
dhéanta an duine féin — aiste nó scéal
nó tuarasgabháil nó filidheacht. Bíodh sé
nua-dhéanta. Colmhan nó colmhan go
leith de'n “Lóchrann” d'fhaid ann. Cuir-
tear chugam é roimh Nodlag na mBan.



An Seabhac.



FEAR GAN ÁIRD.



“An Buachaillín Buidhe” do scríobh.



Fear gan áird a bhí ann gan déid-
earbhadh ar bith acht ní maith liom a rádh
go raibh sé sin n-a leas-ainm air. Ní
raibh, acht bháist mé féin an t-ainm air
im' inntinn i ngan fhios d'éinne eile
mar b'fhacthas dom gur dhuine é nach
dtugadh aon áird air. Bhí sé san oifig
chéadna liom nuair nuair tháinic mé go
Baile Átha Cliath i dtoiseach. Bhí sé ag
obair im' aice acht má bhí féin b'fhada
nár labhair sé fiú focail amháin liom.
Tar éis tamaill b'éigeantach dhom dul
i n'a airicis ar lorg eolais eicínt i
dtaobh an ghnó a bhíodh ar siubhal agam.
Bheireadh sé cibé eolais nó fios-sgéil a
bhíodh ag teastáil uaim go toilteanach
fáilteach. Níor mhór leis aguisín a thabh-
airt dom n-a chionn sin agus caithim a
aimhdeachtáil gurbh iomdha sin congnamh
& comhairle a fuair mé uaidh i dtaobh
mo ghnó. 'N-a dhiaidh sin agus uile ba
bheag focal eile a bhíodh aige le rádh
liom acht, “Lá fliuch indiu,” nó, “Cuir-
fidh an aimsir so an rath ar an tír,”
nó, “Tá cosamhlacht na báistighe ar an
lá,” nó focla eile de'n tsórt so ag
cur síos ar an aimsir. Ní abróchainn
go raibh gruaim air. Ní raibh, acht b'é
mo thuairim go raibh sórt cumha no
cathú nó troime-chroidhe i gcomhnuidhe dh'á
bhaint ó'n tsaoghal. Ní fheicfeá gáire ar
bith ar a bhéal. Ní fheicfá compánach
'n-a chuideachtain acht é ag dul faoi
dhéin a oibre n-a aonar & ag imtheacht
abhaile ar an gcuma céadna, tráthnóna.
Cé'r ab as é? 'Raibh bean nó clann
aige? Cá raibh sé n-a chomhnuidhe?
Chuireas na ceisteanna so ar shean-
Domhnall Mac Cárthaigh. Cara liom do
b'eadh é Domhnall agus b'é an fear ba
shine d'á raibh san áit é. Má bhí aon
fháisnéis le fagháil faoi dhuine ar bith sa
gcomhursanacht badh eisean an fear a
bhí i n-ann é 'thabhairt dom.



“Donnchadh bocht,” arsa Domhnall —
Donnchadh Ó Croimín, badh in é ainm
an fhir a bhfuilim ag cur síos air —
“is aisteach an fear é Donnchadh. Ní
thugann na buachaillí eile aon áird air.
As an Neidín thíos i gCiarraighe a
tháinic sé, sílim. 'Bhfuil sé pósta? —
ní'l, agus tá na liatha ag teacht air
anois. Cá bhfhuil sé n-a chomhnuidhe?
Badh dheacair liom é sin 'innsint duit.
Bíonn Donnchadh bocht 'n-a chomhnuidhe
ins gach aon áit. Ní ionndamhail go
gcuireann sé ráithche iomlán thart i
lóistín ar bith. Ní féidir é 'shásamh.
Is amhlaidh a bhíos an teach rud beag
salach. Bíonn bean-a-tighe go con-
tráilte. Bíonn an iomarca páistí ag
tógáil tormáin amuigh ar an tsráid
san áit sin. Bíonn an lóistín ro-
fhada ó n-a obair. Seo é an chaint
a bhíos ar bharr a theangadh aige, cibé
sgéal é, agus é ag imtheacht ó thigh chum
dul ar lorg ionaid chomhnuidhe eile.”



Bhí ainm airgid ar Dhonnchadh. Badh
é baramhail na ndaoine go raibh cuid
mhaith dhe curtha le céile aige. Ní raibh
fhios agam féin an raibh an ceart san
méid sin aca nó nach raibh acht badh in
é an barr cáilidheachta a tugadh do'n
duine. Cé ar bith é feictí é corr-
uair i ndoras an bhainc, Dia Sathairn.
Bhíodh sé dh'á leigint air féin gur ag
fanacht le duine eile a bhí sé. Ní
chuireadh sé cor as go ceann tamaillín.
Thoisigheadh sé annsin ag breathnú' uaidh
suas an casán agus ag féachaint ar a
uaireadán. D'éiligheadh sé leis féin n-a
dhiaidh sin amhlaidh a's nár mhaith leis
fanacht ní b'fuide leis an duine do
loic air. Ní leigeadh sé d'éinne lide
ar bith d'fhágháil ar chúrsaíbh a ghnóthaí.
Má's rud go raibh an t-airgead féin
aige is cinnte nar chaith sé mórán de.
Chuireadh sé a chuid laetheannta saoire
thart gan imtheacht ó'n mbaile. Deireadh
sé gurbh fhearr leis bheith ag siubhlóid-
eacht faoi'n tír 'ná bheith ag cur tuirse


L. 5


air féin ag taisteal go dtí áiteacha
eile. Bhíodh seo agus siúd de leith-
sgéal aige. “Bíonn an iomarca daoine
ins gach aon áit cois fhairrge san samh-
radh,” nó, “Is deacair lóistín feileamh-
nach d'fhágháil,” nó, “Is fearr liom an
tír so im' aice 'ná áit eile i nÉirinn.”



Aon oidhche gheimhridh amháin chuaidh mé
síos go dtí céilidhe a bhí i gCraobh an
Ch — de Chonnradh na Gaedhilge. Casadh
roint sean-charad orm ann & badh mhór
an spórt & an súgradh a bhí ar siubhal
im' thimcheall. Le linn mé bheith ag caint
le mnaoi uasail bhí mé ag tabhairt mo
shúl thar a gualainn. Cé chonnaic mé
n-a shuidhe i gclúid acht Donnchadh Ó
Croimín. Cúpla móiméid n-a dhiaidh sin
chuaidh mé 'n-a airicis & bhuail mé bleid
cainte air.



“Is maith liom thú 'fheiceál annso
a mhic Uí Chroimín,” arsa mé, “acht
níor shíleas go raibh dúil agat san
nGaedhilge.”



“Ó tá — beagán, beagán,” ar sé,
“tógadh mé i gceanntar Gaedhealach
san Mumhain.”



Ghabh sé a leithsgéal liom annsin dh'á
rádh liom go raibh fear ag feitheamh leis
san seomra eile.



Ó'n lá sin amach níor labhramar
acht Gaedhilge le chéile acht ba bheag
de'n teangaidh sin féin d'éirigh liom
a bhréagadh uaidh. Casadh orm é an
Domhnach n-a dhiaidh sin & é ag teacht
ó'n Aifreann. Thoisigh mé ag caint leis
& níor stad seisean ar feadh achair ag
cur síos go bríoghmhar ar obair filidhe
na Mumhan. Chuir sé iongnadh mór orm.
Ní rabhas ag braith leis an méid sin
cainnte uaidh. “Tá liom anois,” arsa
mé im' inntinn féin. “Tá fhios agam
an port a sheinnt le n-a bhéal d'fhos-
gailt agus 'sí an Ghaedhilge an port
sin.” Le linn na smaointe so bheith
ar siubhal agam chas mo dhuine ar a
sháil, “Táim-se ag dul an bealach so,”
ar sé, “slán leat,” agus ghabh sé bóthar
cam soir uaim! Duine leis féin ar
fad a bhí ann gan aimhreas ar bith.



Tháinic sé faoi dhein a oibre aon
lá fliuch amháin i Mí na bhFaoillí. Bhí
slaghdán mór air agus níor stad sé
acht ag casachtaigh ó mhaidin go tráth-
nóna. Chomhairligh mé dhó fanacht 'n-a
leabaidh nó go raibh biseach air, & níor
fhill sé ar ais do'n oifig an tseachtmhain
sin. Fuaireas fáisnéis faoi n-a lóistín
agus chuadhas le fiafruighe i dtaobh a
shláinte, Dia Domhnaigh. An teach a raibh
sé ann bhí sé n-a sheasamh achar beag
istigh ó'n mbóthar. Bean chaol árd a
d'fhosgail an doras. Albanach as Cúige
Uladh a bhí innti. D'aithnigh mé an méid
sin ar bhlas a cuid Béarla. Chuireas
tuairisg an fhir bhreóite léithe-se agus
d'innis mé dhí cé'rbh mé féin. Thug an
bhean isteach san bpárlús mé & dubhairt
sí liom, “Deir Mac Uí Chroimín go
bhfuil biseach air acht ataim-se i n-aimh-
reas faoi sin. Tá eagla orm go bhfuil
sé go dona. Ní itheann sé tada,” ar
í, “agus is mór atá ag dul ann ó
uair sé an slaghdán úd.”



“Is truaigh liom sin,” arsa mise,
‘ni'l fhios agam an féidir dhom é
'fheiceál.”



“Sílim gur féidir,” arsa bean a'
tighe, “fan go bhfeicfidh mé an bhfuil
sé 'n-a dhúiseacht.”



D'imthigh sí ó'n seomra acht bhí sí ar
ais ar bhuille boise agus threóruigh sí
mé go dtí leabaidh Dhonnchadha.



An fear bocht! Is ar éigean a bhí
mé i n-ann a aithneachtáil bhí sé chomh
claoidhte fann-lag sin. D'árduigh sé a
cheann le buidheachas do ghlacadh liom i
dtaobh go dtáinic mé le n-a fheiceál.
Labhair mé beagán leis acht níor fhanas
i bhfad. Do gheallas dó go dtiocfainn
arís ar cuaird chuige. Tháinic mé do'n
tigh gach tráthnóna thar a éis sin ag
siubhál abhaile dhom agus gach aon uair
dhá bhfaca mé é bhíodh comhrádh gearr
againn le chéile. Mheas mé gur mhaith
leisean duine eicínt 'fheiceál acht ba
léir dhom nach raibh sé ag déanamh an
ratha chor ar bith. Bhí sé ag eirghe ní
ba laige de réir a chéile. Dubhairt
bean a' thighe liom go raibh sise ag
déanamh gach éinní go díreach faoi
mar d'órduigh an dochtúir acht gurbh
eagal léithe go raibh an duine uasal
bocht ag dul siar ortha i gcomhnuidhe.
“'Sé deir an dochtúir,” ar sí, “go
bhfuil a chroidhe go lag ann, agus is
olc liom é sin a chlos.”



Níor mhian liom féin an focal a rádh
acht bhí sé buailte isteach im' inntinn
go raibh sé ag saothrú' an bháis. An
Luan deiridh a bhfaca mé é ní raibh
mé i n-aimhreas acht go raibh sé i
gcruth an tsagairt. Bhí cló cuirp ar
an bhfear bocht agus ba chrádh croidhe
dhom bheith ag féachaint air. Is amhlaidh
bhí orm dul go Sasana an oidhche sin
ó thárla gnóthaí le déanamh agam a
choinneóchadh i Lonndain mé go dtí
an Satharn. Bhí mé ag eirghe chum
bheith ag imtheacht acht shín Donnchadh a
lámh amach uaidh & rug sé orm. “Ná
bí ag imtheacht fós,” ar sé, “badh
mhaith liom cúpla focal a rádh leat.”
D'fhanas 'mo shuidhe cois na leabthan,
mar sin de, agus dhruideas i n-a aice
chum éisteacht le n-a raibh ag an bhfear
bocht le rádh liom. Tharraing sé a
sgéal amach go mall. Bhí bearna idir
gach siolla d'á chaint. Bhí sórt snagadh
'n-a sgórnaigh agus bhí strac-fhéachaint
agus brón mór 'n-a shúil agus é ag
labhairt.



Nuair tháinig mé go Baile Átha
Cliath thimcheall agus cúig agus fiche
bliain ó shoin,” ar sé, “thug mé grádh
mór do chailín. Bhí an cleamhnas geall
le socair. Bhí súil agam go gcuirfimís
fúinn i dtigh. Go mbéadh saoghal séan-
mhar againn le n-a chéile. Bhí suim air-
gid i dtaisge agam an t-am sin. Do



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA



MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Scriobh chuige.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.



T. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



BRONNTAISÍ
NODLAG!



FÁINNÍ is ÓRNÁIDÍ.



M. DE RÓISTE,
60 Sráid Phádraig N., CORCAIGH.
Scríobh chuige, nó glaodhaig.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID



den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



Tá ÁTRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID



mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid
Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN
atá ag
TOMÁS Ó MURCHADHA,
(‘T. J. Murphy’)
111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,
ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh.



1. “Laethanta Geala” (Kerry School-
girl's Diary).



2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs
to Catchy Tunes).



3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”



4. “Déanamh an Cleamhnais” (Short
Dramatic Sketch).



5. “Cunntas Cinn Lae” le Bríd Stac.



Le fághail ó



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann
don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,
i mBAILE ÁTHA CLIATH.
Agus ó Éasún, Átha Cliath.



chailleas é go léir. Briseadh an banc a
raibh sé ann. Bhí dreithshiúr bheagh agam.
Fuair an créatúir taom tinnis i
dtús a h-óige. Do dhein sé díoghbháil
ar a meabhair chinn. B'éigean dom í
choinneál i dtigh fé chúram dochtúra.
Bhí sí go h-an-chompórdach annsin. Ní
fhuair sí aon bhiseach. Tá sí annsin fós.
Badh chuma cé an easbaidh do bhéadh
orm féin. Do b'fhearr liom an créa-
túir bheith go socair i n-ionad a bhfuig-
eadh sí cúram. 'Ná í bheith i dtigh na
ngealt. Bhíos gan airgead. Acht mo
thuarastal amháin. Níor fhéadas pósadh.
Bhí mo dhreithshiúr 'n-a cúram orm. Ní
phósfadh an cailín eile fear bocht. Do
sgaramar ó n-a chéile. Ba mhór an
grádh do bhí agam uirthi-se. Ní raibh
leigheas agam ar an sgéal. Ní thréig-
finn an dreithshiúr agus gan aici acht
mise.”



Ní dhubhairt an duine bocht a thuill-
eadh. Thuit fras deór ó n-a shúilíbh &
ní raibh mé féin i n-ann focal a rádh
acht, “Is mór an díol truaighe thú gan
aimhreas ar bith.”



Bhuail bean a' tighe ar chomhlain an
dorais le n-a linn sin agus dubhairt
sí go raibh an tAthair Ó Ciaráin thíos.
D'fhág mé slán le Donnchadh annsin &
gheall mé go dtiocfainn le n-a fheiceál
chomh luath i nÉirinn agus bhéinn ar ais
sa mbaile.



Chonnaic mé an sagart agus mé ag
imtheacht. Fear beag lághach a bhí ann
agus badh mhór an sásamh inntinne dhom
go dtáinig sé an uair sin.



Ní túisge bhí mé ar ais san mbaile
ar teacht ó Shasana dhom 'ná chuaidh mé
faoi dhéin lóistín Donnchadha. Ní raibh
aon chall agam an cheist a chur ar
bhean a' tighe.



“Tá sé imthighthe — curtha,” ar sise,
“an oidhche chéadna a bhfaca tusa é.
An duine uasal bocht, ní raibh aon
anachain ann chor le naoidheanán.”



Cúpla laetheannta n-a dhiaidh sin
casadh orm an tAthair Ó Ciaráin ar
an tsráid. Thoisigheamar ag caint le
chéile i dtaobh ar gcarad.



“Cogar seo, a Athair,” arsa mise,
“bhí dreithshiúr aige. 'Bhfuil sí n-a
beathaidh fós?”



“Ó, tá,” ar seisean, “agus béidh
sise go maith. Shábháil an dreitheáir
bocht suim mhór airgid ó n-a thuarastal
agus tá sé curtha i dtaisge aige. Ní
baoghal nach mbéidh an cailín go com-
pórdach go deireadh a saoghail ó thárla
an t-airgead so fágtha aige 'n-a udhacht
dí.”



“Donnchadh bocht,” arsa mise, “ba
dheacair a thuigsint. Ní shílim go raibh
áird ag éinne air agus é beó.”



“Mura raibh áird ag éinne air,”
ars an sagart, “bhí áird ag Dia air,
an créatúir, solas na bhFlaitheas d'á
anam!”



FEAR NA DEAGH CHÓMHAIRLE.



Ní a bhfad de bhlianta ó shoin, do bhí
fear agus bean 'na gcomhnuidhe scathamh
ó'n áit seo. Lánamha phósta budh eadh
iad. Bhídar a bhfad de bhlianta a mair-
eachtain, go cneasta socair i dteannta a
chéile. Annsan — chibé rud budh cionntach
leis — do ghlac an bhean fuath dho'n bhfear.
Do bhí an fuath ag dul i ndaingineacht
ó am go h-am. Insan deire do mheas
sí gomadh mhaith an rud, an bás d'á
bhualadh. Nuair ná raibh an bás ag teacht
air chómh luadh is budh mhaith léi, shíl gomadh
mhaith an rud é mharbhadh. Cunnas san a
dhéanamh, ní raibh a fhios aici. Chuaidh sí
ag triall ar chomharsa, ag coinne le
cómhairle uaidh. Nuair do innis sí dho
san, cad do bhí ag déanamh buartha dhi,
dúbhairt sé léi teacht arís amárach.



Budh fhada léi uaithe an mhaidean,
chum teacht fé dhéin na cómhairle. Do
bhí aithne mhaith ag an cómharsa air an
bhfear agus, uirthe féin. Dá bhrígh sin,
bhí sé i ndán a chómhairle bheith ar bharra
a ghuib aige dhi. Rud eile bhí ana-
mheas aige air a fear súd agus budh
mhaith leis an mhaith in áith an uilc a
dhéanamh. Nuair tháinig an bhean lá-ar-
na-bháirach, bhí an chómhairle aige dhi. Do
bhí ana-áthas uirthe agus d'éiste sí leis
an bhfear, agus le n-a chómhairle go
dúthrachtach. Do bhí sé sin ar a gcuma
céadhna léi sin. Do theasduigh uaidh, gan
aon dul amugha bheith uirthe i dtaobh na
cómhairle. Ní raibh uaidh ach an mhaith a
dhéanamh dhóibh araon,



“Níl agam le tabhairt duit,” ar sé
léi, “ach an t-aon chómhairle amháin.”
“Thá go maith,” ar sí, “táim sásta.”
“Caithfe tú dul go dtí 'na leithéid seo
'reilig, ar an am mharbh d'oidhche, agus
glaodhach cómh-árd-do-chinn, na fochail
seo. ‘A Dhia ghléigil is a Mhuire ró
naomhtha, cad é in Éirinn do mharbhóchadh
fear?’ Má tháir chun leigheas d'fhagháil,
tiocfaig freagra ó'n taobh eile dhe'n
reilig.” Do dhein an bhean an chómhairle
go dlúth. Chuaidh sí go dtí an reilig
mar adubhradh léi, agus do ghlaoidh mar
a dubhairt an fear léi a dhéanamh.



“A Dhia ghléigil, agus a Mhuire ró
naomhtha, cad é in Éirinn do mharbhócadh
fear?”



“Plúr mín gléigeal, bainne tiugh caor-
each, do bheiriú ar a chéile agus a theanna
leis,” arsan guth.



Do ghlaoidh sí trí h-uaire, mar adúbh-
airt an fear a dhéanamh, & do fuair an
freagra céadna gach am. Siúd abhaile
í, cómh mear is dob fhéidir léi, chum
an leigheas do sholáthar gan mhoill. Do
fuair & do bheirigh ar a chéile iad, agus
thug do iad. Do bhí a fear ar a leabadh
agus, é ghá leogant air go raibh sé go
dona. Ní raibh fear na cómhairle dho'n
mnaoi, gan scéala chur chun an fhir, bheith
a gcóir do'n leigheas nuair a thiochfadh,
mar beirt ana mhuinteardha budh eadh
iad. Is é an fear céadna thug an chómh-
airle do'n mnaoi, agus d'fhreagair na


L. 7


ceisteanna dhi. Do theasduig uaidh iad
do chur ar a leas.



Do bhí sí ag teanna an leighis leis
chómh mear is dob féidir léi, ach in áit
a bheith ag dul a laige, is amhlaidh bhí sé
ag neartú. Nuair thug sí fé ndeara
cad do bhí ag tuitim amach, siúd léi
go teach an duine thug an chómhairle dhí,
ag rádh, “A chladhaire cad dúbhairt tú
liom a dhéanamh?” “Cad thá ort?” ar
sé sin. Atá m'fear ag dul i láidre
n'áit bheith ag dul chun báis. “Sin mar
is feárr é,” ar sé, “b'féidir nach ní
bhus feárr do gheobhfá.”



“Is dócha gur agat atá an ceart,”
ar sí leis. “Is feárr éan 'san dorn
'ná fiolar ar chrann. Rachad abhaile.”



Sliabh Geal gCua.



DO BHEATHA 'S DO SHLÁINTE
ANSO.



II. — FUITHIN.
(Ar leanamhaint).



Ní fhéadfaimís maireachtain gan aer
glan. Sin é an chúis nach féidir do dhuine
maireachtain fé uisge, agus is é an chúis
é leis go bhfuil sé chomh fuiris sin duine
a thachtadh. Cuir luch fé chlúdach gloine
agus tarraing an taer uaidh agus chífir
ag fághail bháis é. Aer glan an liagh
is fearr ann. Daoine bhíonn ag slogadh
aer neamhghlain ní bhíonn aon tsláinte
aca, bíonn cló cuirp ortha, ní bhíonn
luisne n-a gceannachaibh. Ní bhíonn anam
ná brigh ionnta. Is é ár n-anál féin is
mó shailigheann an t-aer. Muna bhfuil
aer glan ag teacht isteach ins an tigh
coitchiannta ní tigh folláin é. Tré dhóir-
sibh is tré fhuinneoigibh is mó thagann an
t-aer isteach, ach tiocfaidh sé tré aon
pholl i n-éan chor, poll eochrach cur i
gcás. Bíonn aer ag gabháil suas tríd
an simné i gcomhnuidhe agus is mar sin
is mó a imthigheann an drochaer agus
d'réir mar bhíonn sé ag imtheacht bíonn
aer glan ag teacht isteach tré dhóirsibh
agus trí fhuinneogaibh i n-a ionad. Ní
mór aer glan bheith ag teacht isteach i
seomra gach aon uair de'n ló & de'n
oidhche ins an ngeimhreadh chomh maith leis
an samhradh. Bíonn eagla ar dhaoinibh
go bhfaighdís fuacht. Is é an tslighe a
bhféadfaid iad féin do shaoradh ó'n
bhfuacht ná a ndóthain éadaig bheith ortha,
& bheith amuig fé'n aer chomh minic & is
féidir leo é chun iad féin do chruadh-
chaint. Ba cheart fuinneoga a dhéanamh
i slighe is go nosglochaidís. Nuair
ná bíonn an aimsir fuar is féidir an
fhuinneog do bheith ar lán-osgailt. Níor
cheart d'aoinne dul a chodladh aon oidhche
gan roinnt éigin de'n bhfuinneoig bheith
ar osgailt. Níl aon bhéas is fearr do'n
tsláinte ná é sin.



I dtír fhliuch mar í seo ní mór simné
maith bheith ins gach tigh. Is fearr i lár
an tighe é ná i n-éan áit eile. Is mó
tigh ann agus níl aon tslighe eile chun
an t-aer mífholláin do leigint amach
as ach tríd an simné. Ba cheart an
simné do choimeád glan osgailte i
gcomhnuidhe. Ar an dtaobh amuigh dár
n-anál féin is coinnle, lampaí & gal
nuair bhíonn siad dá ndóghadh is mó a
shailigheann aer an tseomra & dá bhrigh
sin ba cheart níos mó de'n bhfuinneoig
bheith osgailte nuair a bhíonn solus ar
lasadh ins an seomra ná aon am eile.
Is mó aer agus soluis a leigeann
fuinneoga leathana isteach ná fuinn-
eoga caola, ach nuair bhíonn an iomarca
gloine i bhfuinneoig bíonn an tigh ró-
fhuar ins an ngeímhreadh agus ní féidir
é fhulang le teas ins an samhradh. Ní
gádh seomraí bheith ró árd; is minic
nuair bhíd gur amhlaidh bhailigheann aer
neamhghlan anáirde.



(Tuille le teacht).
Peig.



MAR DO CLÓDHADH AN RÓS.



Cathair ná fuil ró mhór iseadh Beithiol
sa' Domhan Toir. Ephráta a tugtí
uirthe, tráth, & tá luaidhte sa Scríbh-
inn Diadha — ‘Ecce, adivimus eum in
Ephrata’ — Sdó! chualamar É in Ephráta.



Tá sa taobh thoir den chathair sin
teampall rí-bhreágh gona lán spuaic is
gona lán ornáidí agus istig ann tá
ceithre piarda is dathad den gheal-
mharmar. I gcomhgar an teampaill tá
páirc lena n-abartar Flóridus & ar
an bpáirc sin an sceul so leanas:



Óigbhean de Ghiúdachaibh gur cuireadh
in a leith peaca mór a bheith déanta
aici agus tugadh breith báis uirthe — go
loiscfí in a beathaidh í. Do deineadh
teine in a tímpal agus nuair a bhí
an lasair ag teacht in a comhgar, do
ghuidh sí Dia go dúthrachtach í shaoradh
ón droch-bhás, ós aige a bhí fhios í bheith
nea'-chionntach agus do chúlaig an las-
air go ndeaghaidh in eug, de bhárr na
paidre sin.



Agus do thárla ní a chuir iongna ar
a raibh do láthair. Na geuga crann a
bhí in a lasair nómat roime sin, d'fhás
duileabhur ortha, & annsan d'fhás blátha
ortha — blátha dearga. Agus na geuga
nár bhain an teine leó, d'fhás duileabhur
ortha san, & d'fhás blátha ortha — blátha
bána.



Agus bu iongna le cách feabhas na
cuma a bhí ar na bláthaibh sin agus
bu chumhra le cách an bolath a bhí uatha,
agus ní fheacaidh aonne roime sin a
shamhail siúd de bhláth.



Agus tá an saghas úd blátha sa
tsaoghal riamh ó shin agus ‘an rós’
a gairmthar do. Agus de sin, ainm
na páirce úd — Flóridus .i. ionad na
mbláth.



Seán Tóibín.



Sceul ón seana-Bheurla é sin.
Sir John Mandeville d'innis, i mbliain a 1320.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



Tigh “An Bhata Droighin Éille”
(‘H. JOHNSTON’) Teó.
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar



Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, Corcaigh.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir carta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



CEANNUIGH DO CHUID
LEIGHIS,
I SIOPA AN BHÚRCAIGH



.i. Tig na cúinne, idir
SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,
I gCORCAIGH.



Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



tá againn-ne
LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)



Cúirt Dáma a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.



Smithfield a 88, i mBealfeirste.
Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.




SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG



d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí



I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN
SA ‘MHARDÍOG,’
I gCORCAIGH.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT



ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



ó
CHOMPLUCHT DONOBHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait



TROSCÁN TIGHE,
ÁRAISTÍ BÚIRD,
ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN.
GUAL, AOL,
BRÍCÍ, “TÁTHÁN” (Cement),



agus gach cóir eile oirean DO LUCHT
TÓGÁLA TEACH.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA



MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.



Scríobh chuige.



TEACHT CHRÍOST.



Do ghlanas mo chroidhe anocht
Amhail mhnaoi do ghlanfadh a teach.
Roimh theacht d'á leannán d'á fios:
A leannáin, ná téirigh thart!



Do leathas doras mo chroidhe
Amhail fhear do-ghéanadh fleadh
Ar theacht i gcéin d'á mhac:
A Mhic, is áluinn do theacht!



Pádraic Mac Piarais.



Ó Chlólucht Chuala, i nDúndroma, lámh le Baile
Átha Cliath a fuaireamar an dealbhán is an duan
beag san tuas. Táimíd buidheach díobh.



MAIDIN LUAIN CINCÍSE.



An t-amhrán breagh úd .i. “Maidin Luain Cincíse”
a bhí sa “Lóchrann,” tá bhéarsa eile dhe ag muinntir
Chairbre ná raibh agaibh. Leath sgéal na Muimhneach
iseadh é.



Mícheál Ó Cuileanáin.



“Ná cáinig-se na Muimhnig, 'ná ná
cuimhnigh air go deo
Mar táid siad 'na gcroidhe 'stig
dílis go leor.
Chun go dtáinig in ár dtimcheall
na Hessians is na Heelans
Agus níor fhágadar súd againn píce
'ná claidheamh chun dul sa ghleo.”



SEILG I MEASC NA nALP. Mícheál
Breathnach do scríobh (ó Chlólucht Talbóid,
i mBaile Átha Cliath ar 1/-). Siúd é an
píosa Gaedhilge is fearr dár scríobh
Mícheál Breathnach, beannacht Dé len a
anam. Cur síos ar an Eilbhéis is eadh é
& ar an saghas saoghail a chaith Mícheál
féin ann nuair a chuaidh sé ann ar lorg
sláinte — ní nár thoil le Dia d'athbhronnadh
air. Tá fuinneamh cainnte sa t“Seilg”
ná fuil sa leabhar eile úd le Mícheál —
“Cnoc na nGabha.” Ní raibh aon laincis
ar a smaointe tráth bhí sé ag scrí ar
cúrsaí na h-áite úd an tsneachtaidh.
Bhí, nuair a thug sé fé “Cnoc na nGabha”
do aithinnsint. An Beurla a bhí mar
laincis air. Níor thuig sé conus é
chimeád uaidh amach. Bfhiú d'aonne an
leabhrán beag san bheith imeasc a chuid
leabhar aige mar chuimhneamh beag ar
dheagh Ghaedheal — ar Mhicheál Breathnach —
“an séimhfhear geanamhail cáirdeamhail
múinte.” S.T.



Má tá
TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE
uait,



Nó deisiú le déanamh
ar rothaí, &c., &c.,
Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:



C. Ó CONAILL agus a Chualucht,
SRÁID LIADROM
CORCAIGH.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
DO MHÚINEADH:



“Scéalta don Aos Óg, 2d.
“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.
“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, an Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



“Saints and Sinners (Dr. Hyde),
“Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A),
“Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle),
“Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.),
“Selections from Thomas Davis”
(T. W. Rolleston, M.A.).



“Songs of Myself and Lyrics”
(Thomas Mac Donagh), 4/6.



Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6.



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



CHÓMH BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Má léighir Béarla,
LÉIGH LEABHAIR MHAITHE.



“Poets and Poetry of Munster,” by James Clar-
ence Mangan; 3/- agus postas 4d.
Ta Béarla is Gaedhilg ann.



“Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus
postas 5d.



“In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing-
ton; 3/6 agus postas 5d.



“The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar
cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais
é sin; 3/6 agus postas 5d.



“Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar
ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 &
postas 5d.



Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais.



SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA.,
Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



















19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services