AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. a 20. SAMHAIN, 1917. Pinginn a Fhiacha.
An Bhean mhí-Neáireach.
Bhí lánamha phósta i bParóiste an
Fhirtéaraigh uair, agus má bhí, bhí fhios
ag an saoghal gan iad a bheith ró-bhaodhach
dá chéile. Bhí an bhean ana-mhí-neáireach
agus bhíodh sí ag imirt i gcoinnibh a fir
i gcómhnuidhe. Dá n-abruigheadh sé léithe
aon rud a dhéanamh, ní dhéanfadh: ach
nuair a deireadh sé léithe gan é do
dhéanamh, siné díreach 'nuair a dheineadh
sí é. Nuair adubhairt sé léithe uair an
leabaidh do chóiriú, níor dhein sí ach
breith ar channa uisge agus é chaitheamh
isteach 'on leabaidh. “Bíodh an leabaidh
agat féin anocht,” ar seisean, “beidh
an cúinne agam-sa.” Agus is sa chúinne
a chuaidh sé a chodladh an oidhche sin.
Níorbh fhada dho'n oidhche go raibh sí
chuige & tuairgín aici. Do bhuail sí
anuas sa leath-cheann é agus é 'na
chodladh. Do rith sé agus bhain amach
an dorus. Sé áit 'nar chodail sé go
maidin ná i mbothán muc: ní leigfeadh
sgannradh dho teacht i ngoire an tighe.
I gcómhnuidhe riamh 'na dhiaidh sin, nuair
ba mhaith leis í do dhéanamh aon ruda,
is amhlaidh a deireadh sé léithe gan é
do dhéanamh, nó a mhalairt sin ar fad
do dhéanamh.
Do chuaidh sé ag baint mhóna lá ar
an gcnoc & nuair a bhí sé ag fágaint
an tighe. Dubhairt sé léithe gan aon
ghreim bhídh a bheiriú dho an lá san.
Dubhairt sise go mbeireóchadh. “Má
bheirghir,” ar seisean, “ná beir ag triall
orm-sa ar an gcnoc é.” Dubhairt sise
go mbéarfadh.
D'imthigh sé & do chuaidh sé 'ghá baint
ar an gcnoc. Is gairid go bhfeacaidh
sé aníos í agus tromáinín bídh aici.
Bhuail sí chuige an biadh thuas ar an
gcnoc. “Fan anso im' theannta, a
bhinín,” ar seisean, “go n-ithead é.”
Níor dhein sí ach iompódh ar a sáil &
imtheacht uaidh síos fé dhéin na faille.
“Nár fheicead do ghnúis áluinn aríst
do deo,” ars an fear go searbh fé
'na anáil nuair a mheas sé í do bheith
ar raon cluaise. Do chualaidh sí an
focal, ámh, agus stad sí & bhí droch-
sheasamh 'na súilibh. Do cheap an fear
go mbeadh sí chuige gach sé nóimeat,
agus bhí sgeón agus sgárd 'na shúilibh.
Sa deire, do chuimhnigh sé ar sheift.
“Fan aníos ó'n bhfaill!” ar seisean.
“Ní fhanfaidh mé, mhuis,” ar sise ag
baint chor aisti féin síos chun na
faille. Dubhairt an fear aríst léithe
fanacht ó'n bhfaill. “Beagán rath ort,”
ar sise. “Ní fhanfad ó'n bhfaill.”
“Fan aníos ó'n bhfaill!” ars an fear
léithe an tríomadh h-uair. “Dhera, fán
fada ort,” ar sise. “Ní fhanfad ó'n
bhfaill.” Agus fé mar a deireadh sé
léithe druidim aníos, siné nuair a bhíodh
sí ag cúladh síos go dtí sa deire, insa
gcúladh dhi, do h-ionntuigheadh drom thar
n-ais í agus do thuit sí leis an bhfaill.
“Imthigh!” ars an fear nuair a chonnaic
sé í, “agus nár éirghidh an lá ná an
oidhche leat.”
Bhí triúr iasgairí fe na bhun síos ag
iasgach le trapanna. Níor mhothuigheadar
éinní i nÉirinn nó gur buaileadh i n-aon
triollomhait amháin í, i n-aice leo san
uisge. Chomh luath is do thuit sí, do
shúngcáil sí agus cá dtuitfeadh sí ná
san áit go raibh an trap curtha cois
na cloiche ag an naomhóig. Dh'fháisg
na h-iasgairí ar a líonta do tharrac,
baineadh a leithéid de phreab asta.
Agus nuair a dh'fháisgeadar ar an trap
do tharrac is amhlaidh a bhí sí i n-achrann
istigh sa trap. B'é an fear deiridh ba
thúisge a chonnaic chuige aníos a ceann
sa trap & ba bheag nár thuit an t-anam
tur te as le' sgannradh. “A Mhuire
'Mháthair na Naomh!” ar seisean agus
do chaith sé uaidh an téad. “Tarraig
an trap!” ars an fear láir leis. “Ní
tharraiceóchad,” ar seisean. “Ní h-aon
bhollach é sin, sompla iseadh é: bain
amach an tigh!”
“Tharraiceófá go maith dá mb'é do
thrap féin é,” ars an fear láir.
As san go rabhadar ag bualadh agus
ag léasadh a chéile istigh sa naomhóig.
Do bhriseadar ceithre cinn des na maidí
ó bheith ag gabháil ar a chéile & ní raibh
ach sé cinn de mhaidí inti. Nuair a
chonnaic an tríomhadh fear an t-éirleach
a bhí déanta acu, do rug sé ar an
dá mhaide a bhí gan briseadh agus bhí a
ag baint a bhuille aisti gur shroich sé
an calaithe. Fágadh an trap agus an
bhean i dteannta chéile & níor tharraig
éinne ó shoin é.
“An Fiolar” do sholáthruigh.
“Big Smeóc” a dh eachtruigh.
An Fear Siubhal agus an
Buidéal.
Tháinig fear siubhal isteach i dtigh an
óil 'na raibh triúr againn bailighthe.
“Dia's Muire dhíbh annso 'steach,” ar sé.
“Dia's Muire dhuit is Pádraig,” arsa
sinne.
“Conus athá tú indiú, a Pháidín,” arsa
fear an tighe.
“Óse, mar is gnáth liom,” ar sé, “ach
thá na bóithre an-chruaidh ar mo bhrógaibh.
Thá na buinn ag éirighe uatha agus gan
pingin ruadh im' póca agam péire eile
dh'fhághailt, ach buidheachas le Dia thá mo
shláinte go maith agam. Bhuail an Seair-
geant umam síos an tsráid agus d'iarr
mé air an raibh péire sean -bhróg aige,
agus dubhairt sé á mbéadh péire 'sa
mbarraic go bhfuighinn iad. Chuairdigh sé
síos agus suas ach ní bhfuigheadh sé péire
d'fhághail, ach chuir sé a lámh 'na phóca &
thug sé reul dom, Dia a bheannachadh.
Bhal, bhí fhios aige chomh maith & bhí agam
fhéin cad a dhéanfainn leis an reul
san. Dhera, tabhair dhom buidéal anois,
a Sheáin, agus fad saoghal chúghat.”
Fear an Tighe: “Conus a bhéadh bróga
'ná aon rud eile agat nuair a chaitheann
tú do chuid airgid gan mhaith.
Fear Siubhal: “Caithim mo chuid airgid
gan …”
Fear an Tighe: “'Seadh mhuise, dé chúis
ná chuireann tú le chéile é go dtí go
mbéadh luach péire bróg agat?”
Fear Siubhal: “Éist, a mhic ó! nár
dh'airigh tú gur fuaireadh fear marbh i
ngort i n-aice Cluain Meala an lá fé
dheire & go raibh céad púnt istigh 'na
chasóig aige. Dé an mhaitheas dó anois
é? Á mbéadh buidéal aige bhéadh sé
'na bheatha anois.”
“Dé chúis,” arsa mise leis, “nár
cheannuigh tú arán leis an airgead sin,
nuair ná fuightheá é choimeád.”
Fear Siubhal: “Ó'se, a mhic ó! chun
an fhírinne dh'innsint duit, ní bhfuighinn
airgead a choimeád, mar thá puill ins
gach aon phócha athá 'gam. Agus arán do
cheannach leis! 'Sé an sgannradh é! Is
fuath liom arán mar thá an iomarca
de ithte 'gam ó'n lá a rugadh mé. Ní
bhfaighinn aon (t)sásamh d'fhághail anois
ach 'sa mbuidéal.
Colmcille.
Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
Cois Farraige Thiar
atá an
COLÁISTE ATLANTIC.
Múintear Sranngscéaluidheacht &
Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do
ógánaig atá idir a 16 agus a 24.
Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide —
MUIRIS MAC GEARAILT,
CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE.
Síol agus Leasú'
don bhfeirm nó don gháirdín.
Áthraighe Iarainn agus
Stáin.
Arán, Min, Plúr, Té
agus Biotáile.
SEÁN Ó RIADA,
an tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.
Tá i nDaingean Uí Chúise
TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;
SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;
ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.
ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”
Is aca bhíon plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.
AN T-EMPÓRIUM,
… le …
M. Ó Súileabháin & a Mhac,
CILL ÁIRNE.
Éadathóirí Maithe
Tá le fághail uatha:
Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.
Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.
Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a
dheinean.)
Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr &
flúirse dhíobh ann. In-Éirinn do deineadh.
Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag
T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, Teo.
Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.
Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; 1 Midleton.
STRATFORD AR AN ABHAINN.
“An craoibhín aoibhinn” do scríobh.
Ceithearnach de Mhuimhneach mhór mhod-
artha mhórdhálach do bhí ann, ar bhain Riagh-
altas Shacsana a gcuid talmhan dá shinn-
searaibh, gur crochadh mórán díobh & gur
díbreadh thar lear mórán eile, gan trácht
ar a shean-athair do fuair bás i bpríosún
ná ar a athair do theich leis go dtí an
tOileán Úr — preabaire nár lúgha leis
an diabhal 'ná an tír do rinne an sgrios
sin ar a mhuinntir.
Agus thárla gur sheól an Chineamhain é
go Sacsana, imeasg a námhad, dar leis.
Agus, mar do thuit sé amach, b'éigin dó
dul go Stratford ar an Abhainn, agus
do taidhbhrigheadh fís nó aisling dó ann
sin. Agus ar n-éirghe dhó as an aisling
sin dubhairt sé go maithfeadh sé do na
Sacsanachaibh chomh fada agus bhéadh sé i
Stratford ar an Abhainn, mar gheall ar
na rudaibh breághtha do chonnaic sé in a
aisling.
Agus do nocht sé do'n Chraoibhín an
méid do chonnaic sé ins an bhfís sin;
agus do rinne an laoi.
1 Buaidhreadh mór do bhain lem' shaoghal
Do thiomáin mé óm' bhaile anonn,
Agus cia an áit a gcasfaidhe mé
Acht soir ag Stratford ar an Abhainn!
2 Ní h-áil liom Sacsana. Do thuill,
Ó'n nGaedheal, an tír sin mallacht
trom,
Feuch! níor chuimhnigh mé air sin
Agus mé ag Stratford ar an Abhainn.
3 Bhí fuath do'n Ghall im' chroidhe go buan
An drong le cluain d'fhág mé go lom,
D'imthigh, arís, an fuath sin uaim
Agus mé ag Stratford ar an Abhainn.
4 Chuadhas amach san sruth i mbád
Fa ghluaiseacht shámh ar bhárr na dtonn,
Dhruideas mo shúil, a's chonnac fís,
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
5 Chonnaic mé mórán taidhbhse ag teacht
Ag siubhal le slacht anall 's anonn,
Ag brúghadh timchioll ar mo bhád;
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
6 Siúd chugam Hamlet, mar do bhí
An uair do chlaoidh Polónius crom,
'Dul le hOphelia, lámh ar láimh;
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
7 Chonnac an Giúdach, sgála 's sgian,
A's Pórtia leis. Ba liath a cheann,
Bhí an bás 'na shúil, a's an fuath buan,
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
8 Agus tháinig Rómeo le n-a ghrádh
Beirt áluinn aoibhinn óg, dar liom,
Agus an bráthair rinne an crádh:
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
9 Chonnaic mé Lír 's a ghruag le gaoith
An seanóir críon ceann-éadtrom
lom,
'S a bheirt bhain-diabhal 'gá leanamhain
siar;
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
10 D'aithnigheas an bhaintighearna gharg
Ag tiomáint roimpi a fir bhí fann —
Fuil an tsean-righ ar bhárr a sgíne —
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
11 Chonnaic mé Óberon 's a ríoghan
A's bodach taobh leó. Ar a cheann
Bhí cloigeann a's cluasa asail 'bagairt:
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
12 Chonnaic mé Cúntaois; bhí fear caol
Na ngairtéal criosach-creasach, ann,
'S an meisgtheóir greannamhail 'magadh
faoi:
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
13 An bhean Bheníseach óg bhán shéimh
Do thacht an t-éad, do bhí sí ann,
'S an Múrach uasal dubhghorm árd:
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
14 Do bhí mo dhá shúil dúnta dlúth
'S mo bhád ag siubhal ar bhárr na
dtonn
Acht chonnac iad mar d'fheicfinn thú!
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
15 D'imthigheadar amach óm' radharc
An méid sin. Tháinig tuilleadh ann,
Gan stad gan sgíth ag teacht go síor,
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
16 D'aithnigheas cuid, níor aithnigheas cuid,
Do bhí mo chorp gan lúth gan mheabhair,
'S mo shúil gan léargus, mar fhear marbh;
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
17 Tháinig a's d'imthigh, d'imthigh, tháinig
Aithreacha, máithreacha a's clann,
Uasal a's ísioll, sean a's óg;
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
18 Righthe a's prionnsaí, easboig, sagairt,
Fir státa, daoine rinne greann,
Caiptíní móra a's tincéirí:
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
19 Bainríoghna gleusta, daoine-cúirte,
Lucht iarrtha déirce, cléirigh peann,
Maighdine séimhe, ceannuightheóirí:
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
20 Do bhídís sin ag teacht im' thimchioll
Ní fhanaidís ró fhada ann,
Do shiúbhal mo bharc ró luath do'n mhéid
sin:
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
21 D'fhágas im' dhiaidh duine ar dhuine
Gur shnámh mo bharc ar fad ón dream,
Gur sguir gach tais' ar fad do m'
leanmhain,
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
22 Tháinig ann sin an tSídh-bhean aoibhinn
Titania mar bhláth na gcrann,
D'fhág sí a fleasg os cionn mo shúile;
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
23 Dhúisigh de phreib mé as mo laige;
D'fheuchas uaim “cá raibh an drong?”
Ní raibh acht ceo ar uachtar uisge:
Bhíos ag Stratford ar an Abhainn.
24 Tá áit amháin id' thír-se a Shacsain
'Na mbíonn do námhaid maol a's dall,
Agus saor ó ghangaid, fuath, formad,
'S í an áit sin Stratford ar an
Abhainn.
Cló-bhuailfimíd Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
25 A Albion chealgaigh pheacthaigh mheabhlaigh
Bréag-chráibhthigh mhilltigh bhréagaigh
shleamhain,
Má bhuaileann námhaid ar do dhorus
Tóg é chun Stratford ar an Abhainn.
26 Imtheóchaidh láithreach miana díoghaltais
A's fiabhras feirge as a cheann,
Ní bhéidh 'na chuimhne acht smuaínte an
Druadh —
Seól é go Stratford ar an Abhainn.
27 Orm-sa d'imir an Draoi sin draoidh-
eacht,
Chuirfeas mé síos anois im' rann,
Fuair sé d'a thír maitheamhnas uaim-se —
Agus mé ag Stratford ar an Abhainn.
AN DÍLLEACHTAIDHE FÁIN.
i.
Ní d'fhigheadóir ná do tháilliúir
Thugas grádh riamh ná taithneamh
Ach do bhuachaill an bhrollaigh ghléigil
Sé ba mhéinn liom a bheith im' aice.
Is cuma liom cad deir éinne,
Ní h-é mo chéad shearc a deir a dadamh,
Ach má sí a mháithrín atá 'n-a dhéidh orm,
Solus Dé nár chídh a h-anam!
ii.
Is dílleachtaidhe fáin mé
Gan mháthair, gan athair,
Is dá mbeadh mo rún i ndán dom
Ní áirmheoghainn bheith dealbh
Níl éinne ar an saoghal so
Dhéanfadh éagcóir ar mh'shamhail
Go mbeadh fonn air a leas do dhéanamh
Ná dul a n-ao'chor ins na flaithis.
iii.
A chiallaigh, ná fág at' dhiaidh mé,
Mar gheall ar bhólácht ná ar thalamh
Is gur gairid a bheadh port na móna
Ag breith bhó uait lá earraigh
Dob' fhearra dhuit cailín óg deas
Do bheith rómhat aige baile
Ná saidhbhreas Clár Fódla
Is tú phósadh le cailligh.
iv
Tá lionndubh ar mo chroidhe-si
Chomh ciardhubh le hata
Is tá brón ar mh'intinn
Fóríor, na fuil ag sgaipeadh
Tá mo ghrádh-sa i ngleann éigin
Is ní féid' liom é mhealladh
Is mara bhfaghad-sa le bréagadh é
Beidh mo laethanta gairid.
Fuaireas ó Shéamus Ua Donnghaile do bhíodh san
nGleann Mór anaice an Chuirreáin is atá anois
Meirice.
Finghin na Leamhna.
SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.
“An Seabhac” do bhailigh.
81 — Ciall id' cheann agus an chiall atá
ann as.
Is gnáth é sin a rádh le duine ná tuigeann “an
taobh eile” de scéal.
82 — Tar slán!
Focal molta é sin (le linn amhráin).
83 — Chugham aniar thu.
An céadna.
84 — A chonách san ort.
Conách .i. tairbhe, toradh. Tar éis rud maith (nó
droch rud) a thuitim amach do dhuine adeirtear é
sin leis.
MOLTA DÉ.
85 — Is giorra cabhair Dé ná an doras.
86 — Roinneann Dia na subháilcí.
Ní thugann Sé iad go léir d'aoinne ná ní fhágann
Sé aoinne gan subháilce éigin.
87 — Is mall Dia ach triallann A ghrásta.
88 — Meilid muilte Dé go mall ach
meilid mion, mín.
89 — Bíonn Dia foidhneach.
90 — Is mairg gur beag leis Dia mar lón.
91 — Is maith le Dia congnamh d'fhagháil.
92 — Is maith Dia fé thrócaire — ach ní
bhfaghtar bróga gan airgead.
Duine éigin adubhairt é sin go raibh tinneas a
chos ar an saoghal so ag cur níos mó imnidhe air ná
tinneas a anma ar an saoghal eile.
93 — Ní h-ionann duine bocht is Dia.
A rádh go bhfulaingeochadh sé chomh foidhneach nó
go ndéanfadh sé beart chomh comhachtach leis.
94 — Níl tuile ná trághann ach tuile na
nGrás.
95 — Imtheochaidh a dtiocfaidh is d'imthigh a
dtáinig riamh;
Ach ní imtheochaidh na Grásta go bráth
ó Dhia.
96 — Níor dhún Dia bearna riamh nár
oscail sé ceann eile.
97 — Níor loit Dia aon ní riamh ná leighis-
feadh sé.
98 — Marbhuigheann Dia duine chun duine
eile a thógaint.
99 — Tá Dia láidir is Máthair maith aige.
100 — Tugann Dia caitheamh is fagháil do
gach aoinne.
101 — Is minic a dhein Dia leas duine dá
aindeoin.
102 — Níor chuir Dia sceach i mbéal an
chuain riamh.
.i. D'fhág Sé saoirse na fairrge ag gach n-aon.
103 — Ní h-órduigheann Dia an phian i
gcomhnaidhe.
.i. Tarraingeann daoine féin ortha í go minic.
104 — Ní fearra dhuit Dia buidheach díot
ná an dá Asbal déag.
.i. Ní fearr an máighistir buidheach díot ná lucht
comhairlighthe and mháighistir!
105 — Ní thug Dia fios d'á Mháthair.
106 — Má tá Dia i gcabhair duit deineadh
an diabhal a dhícheall.
107 —Is mall ach is díreach díoghaltas Dé.
(Tuille le Teacht.)
Leabhair a Thaithnfidh
le Gaedhlaibh,
Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.
Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
… clár na leabhar …
Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i
Siopa na Leabhar
nGaedhealach.
SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.
Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”
A Ghaedheala! Ceannuighidh
“Éadach na Druipsighe”
Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.
Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.)
Co. Chorcaighe.
ROSC CATHA GAEDHEAL.
THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir
cheól is abhrán, agus oireamhnach don
phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1
an chóib, per post.
WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn
i mBeurla. An file ceadna a dhein.
É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a'
chóib.
Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad.
Ó FAOLÁIN & A MHAC,
In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH.
Carabhataí den Phoiplín
ar gach dath is
ar gach gné datha.
Liam Ó hAimheirgín,
(‘W. Bergin’)
a dheinean do lucht siopaithe.
Scriobh ag triall air go
62 Sráid Ghrafton,
in Áth Cliath.
DÁNTA DIADHA GAEDHEAL.
Tá Cualucht Chuilm Cille, i Magh Nuadhat,
tréis cnuasacht bheag de Dhántaibh Diadha
do chuir in eagar idir cheol agus focail.
Ocht ndánta atá sa' leabhrín.
TÁ “ADESTE FIDÉLES” ANN.
“Tórna” do thionntuig.
Bu cheart do lucht ceoil gacha scoile is
gacha paróiste roinnt cóib de bheith aca.
Leath raol a fhiacha (3d.)
Dosaon cóib ar leath choróinn (2/6).
Ó Rúnaire Chualucht Chuilm Cille, Magh Nuadhat,
nó
ó Mh. H. Gill, i mBaile Átha Cliath.
SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.
SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.
an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.
Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
Tá agam-sa
CULAITHE ÉADAIG do GHARSÚNAIBH.
CAIPÍNÍ & HATAÍ den uile shaghas.
Earraí Gaedhlacha.
MÍCHEÁL Ó NUALÁIN,
(M. J. NOLAN)
An Mheádhon-tSráid Thuaidh agus
Sráid an Chaisleáin, CORCAIGH.
RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.
Rásúr “Cosanta”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.
CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.
MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.
Sinn-ne a dhein
SNAOIS CHORCAIGHE
ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhhnaidhe.
TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —
“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”
Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheith sa' bheairtín idir thobac
is saigréidí.
LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.
Gheobhair deaghmhargadh
uaim-se i gcomhnaidhe.
TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.
PLÚR Gaedhlach.
MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.
SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.
SEÁN MAC CURTÁIN,
SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH.
Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.
“AN LÚCANIA”
(de dhéantús na hÉireann)
ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.
AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh … An Fear Gnótha.
An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.
Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.
Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.
Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.
Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh)
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath … na Díoltóirí.
Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.
Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn.
Go dtugaidh Dia Saoirse na bhFlaitheas
d'anam
THOMÁIS ÁGHAS
d'fhulaing bás ar son saoirse Éireann.
DUAISEANNA.
Táimíd buidheach d' Eibhlín Uasail Ní
Mhórdha a thug 5/- dúinn le tabhairt na
dhuais sa “Lóchrann.”
Fear an L.
GRAMADACH - THAITHNEAMHACH.
Bean Riaghalta i gCoinbhint i lár na
hÉireann do scríobh go dtí cailín uasal
fíor-Ghaedhlach i gCorcaigh, & adubhairt:
“… Cúpla oidhche ó shin, do bhí orm
faire le taoibh leabthan Siúir —,
agus is í do bhí go h-ana-lag, an
chréatúirín. Thuit a codladh uirri,
ámh, taréis a deich a chlog. D'fhéachas
im' thimcheall annsan féachaint an
bhfuighbhinn leabhar taithneamhach éigin
ná leigfeadh dom féin dul a chodladh.
‘Ceachta Cainnte Gramadaighe' an
chéad leabhar do-chonnac, & cé gur
beag fonn gramadóireachta do bhí
orm an uair sin de'n oidhche do
cheapas go léighfinn beagán de,
féachaint cad é an saghas leabhair
é agus an oiread san d'árd-mholadh
do-chonnaic mar geall air ó sna
h-ughdaraibh is mó cáil. An gcreid-
feá mé, a Mh —, níor stadas de
riamh ná choidhche ar feadh na h-oidhche
sin go dtí a sé a chlog ar maidin,
& bhí an uile phioc de léighte agam
an uair sin ó'n leathanach tosaigh
siar go dtí an leathanach deiridh.
Níor thuigeas gramadach na Gaol-
uinne, ná dar ndóigh an Ghaoluinn
féin, i-gceart go dtí san. B'fhíor
do'n scoláire Ghaedhil adubhairt gur
‘iongantach an leabhar é.’ Is iongan-
tach, a Mh —, is iongantach …”
c.c.g.
“PÓRTIA.” — Bhí dhá dhearmhad cló sa
chomhrádh úd Phórtia & Nerisa i “Lóchrann”
Deire Fomhair .i. “gonta” in inead gorta
& “thuiange” in inead thuigean. — S.T.
CÚNNTAS CINN LAE.
(Ar leanamhaint).
Brighid Stac do scríobh.
BEALTAINE.
Dé hAoine (25). — Bhíos im' shuidhe go
moch indiu ar eagla ná beadh aon gráine
siúicre rómham dá n-eirighinn déanach!
Ag dul ar sgoil dúinn ar maidin fuair-
eamair nead 'na raibh lacha mhór agus
naoi gcinn de lachannaibh óga istigh i
móinfhéar i n-aice na dtighthe. Bhí na
lachain bheaga go gleóidhte deas & go
h-anamamhail ach ní fhéadfaimís cuimh-
neamh ar cé h-é gur leis í go ceann
tamaill. Dúbhairt beirt chailíní beaga
gur le Síle Thaidhg iad mar go raibh
lacha léithe ar fán le fada. D'fhágam-
air ansan iad agus shocruigheamair an
sgéal mar seo — an lacha & na lachain
óga a thabhairt do'n mbeirt chailíní beaga
tráthnóna le tabhairt chun Síle, & bhíodar
lán d'áthas mar dúbhradar go mbeadh
Síle ana bhuidheach díobh, agus b'fhéidir go
dtabharfadh sí luach saothair éigin dóibh
féin. Is mó gáire a dheineas fé'n mbeirt
bheaga i rith an lae mar bhídís ag síor-
chogar liom — “Cad a dhéanfaimíd má
gheibheann éinne eile na lachain bheaga?”
agus rudaí mar sin, ach tháinig an tráth-
nóna ach go h-áirighthe agus dheineamair
fé mar bhí socruighthe againn. B'áthasach
a bhí an bheirt ag tabhairt an tabharthais
chun Síle & níorbh fhada bhíos age baile
nuair seo chúgham isteach iad & raol ar
bhárr a baise ag an nduine aca fachta
ó Shíle, agus ní fheadar cia aca iad
an nó í sin do b'áthasaighe.
Dé Sathairn (26). — Bhíos ar sgoil indiu
agus chaitheas an méid sin do'n lá ag
foghluim ach nuair thána abhaile chuas ar
an gCurrach le tae. Bhí gach aoinne
go gnóthach ansan ag baint mhóna, nó 'a
píceáil, 'á stualáil agus 'á cnochairt.
Is cuma dhóibh daor nó saor an- ghual
faid a bheidh an oiread san móna aca,
agus is cuma leó cad é an duadh a
gheibhid uaithe mar ní bhíonn aon chuimh-
neamh air sin nuair shuidhid síos le h-ais
teine bhreágh oidhche fhuar Gheimhridh agus
is seascair sámh a bhíd de bhárr a
saothair.
Dé Domhnaigh (27). — Chaitheas fanacht
istigh ó'n Aifrionn indiu agus an chuid
eile a leigint ann. Ní túisge a bhí a
sála thar dorus aca ná chromas ar chíste
deas milis a dhéanamh le h-aghaidh an
tráthnóna, cé nár iarr aoinne orm é,
ach bhí fhios agam ná cuirfeadh aoinne
suas de nuair gheóbhaidís é. Mhaise
b'fhearra dham ná tabharfainn fé, mar
díreach & é ar an dteine agam seadh
chuimhnigheas ar an ordú a fhág mo mháth-
air agam — “an t-uisge a sgaoile as an
dtobán a bhí sa gharraidhe ar eagla go
raghadh na sicíní síos ann. Bhí sé ró
dhéanach anois mar bhí trí cinn aca sínte
“mín marbh” ar bhárr an uisge. Thógas
iad & chuireas i bpoll iad sa gharraidhe
agus “d'fhágas súd mar a bhí sé.”
Gach uair dá dtagainn isteach i rith an
Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Lae dar liom go mbeadh an sgéal fachta
amach ach bhí an oiread san sicíní ann
nárbh fhuiriste iad a mhothú asta.
Dé Luain (28). — Bhí an lá indiu go
h-ana-bhreágh. Caitheadh é mar is gnáthach
ar sgoil. Níorbh fhada dham sa bhaile
tráthnóna nuair dúbhairt mo mháthair go
gcaithfí an cat dubh do mharbhú mar ná
fágfadh sé aon tsicín againn gan marbhú
mar go dtáinig sé isteach trí h-uaire
indiu & sicín 'na bhéal aige! Is amhlaidh
a fuair an cat amach na sicíní a bhí
curtha i bpoll agamsa & nuair chuala
an sgéal ní fhéadfainn gan gháirí; agus
nuair a chuala an cat bocht daortha chun
báis gan chúis d'inniseas an sgéal sa
cheart. Dá olcas é b'fheárr leó mar
sin é ná an cat a bheith cionntach mar
ba dheacair leó é mharbhú taréis a shaoth-
ar le fada!
Dé Máirt (29). — Chaitheas an lá indiu
mar aon lá eile. Bhí an lá go h-ana-
bhreagh, bhí an spéir go gorm agus an
fhairrge go breagh ciúin. Chuaidh mórán
naomhóg amach tráthnóna.
Dé Céadaoin (30) — Chonnacamair ar
bpeictiúirí indiu agus is mó gáire atá
bainte amach aca. Tháinig an sagart
isteach ar a h-aon a chlog & iad aige.
Bhí sult is gáirí ag na rudaíbh beaga
nuair a chonnacadar iad féin go deas
seabhrach sa pheictiúir & ba mhó ná san
a bhí againn-ne nuair a chonnacamair
an ceann sgiobtha de chuid againn, go
bhfóiridh Dia orainn! Bhíomair ró árd
ar na stólaibh agus d'imthig an ceann
dínn le h aer a' tsaoghail! Bhíomair
slán foláin aige i bpictiúir eile ámhach
mar a rabhamair suidhte. Níorbh fheárr
linn orainn iad mar ní bheadh aon gháirí
againn dá mbeimís slán. Bhí na peic-
neócham i gcomhnuidhe ar an spórt a
bhí againn 'na dtaobh.
Déardaoin (31). — Tá mí na Bealtaine
caithte indiu agus ba dheas an mhí í go
deimhin, Is mó sult is cuideachta a
bhí againn i rith an mhí atá caithte — go
orainn go léir. Chuas 'on tuar leis
na buaibh tráthnóna & b'aoibhinn áluinn
an radharc an paróiste mór dtimcheall
Shuidheas féin & Áine bheag síos ar an
gclaidhe ar feadh tamaill bhí an uain
chómh h-aoibhinn sin. Bhí gach aon rud i
bhfeidhil chodalta go dtí go n-eireóchadh
an ghrian arís agus dhúiseóchadh gach rud
beó; ach na mairbh, fóiríor, fanfaid
fé'n bhfód.
Do BHÁS anso.
‘TÓIBÍN.’ D'eug Siobhán Ní Mhurchadha — bean
dílis Thomáis Tóibín — ar an 4adh lá de
Dheire Fómhair, i mBaile an Teampaill,
Cois Laoi, in aois a cúig is trí fichid,
agus tá curtha i gCillcré, Cois Bríde,
i Múscraighe. 'Íosa, dein trócaire ar a
h-anam! A Bharra Naomhtha, dein eadar-
ghuidhe dhi! Dé bheatha grásta Dé.
AN PONNCÁN GREANAMHAR
(“The Quare Yankee).
Tá sé anois ceathair-déag nó cúig-
déag de bhlianaibh ó shoin ó bhíos, Domhnach
áirithe, im sheasamh fé chrann na pailme,
cois an tséipéil annso. Do bhuail firín
téagartha, geanncach ó'n nGleann i leith
chúgham. Bhí dánaidheacht aige orm i
gcomhnuidhe, mar clann na beirte drithár
dob eadh é féin agus leas-mhac deirféar
mo mháthar. Diarmuid a' Chápa a ainm.
Thugas fé ndeara go raibh sé ag crothadh
a shlineán, é ag fáth-gháiridhe, a shúile
dearg mar bheadh sé déis bheith ag áir-
neán, & rucaí 'na léine. D'aithneochadh
duine dall go raibh scéal nuadh sa
bhaile 'na dhiaidh — scéal a bhíonn go
minic le h-innsint ag fearaibh pósta
ins na ballaibh seo.
“Cogar a leith, a Ghruagaig, airiú,”
ar sé; “tá mac óg sa tséipéal agam
agus mar a dhéanfadh fear fial muinn-
teardha, tá súil agam go seasóchair
leis.”
“Ó, go mairir do mhac, a Dhiarmuid,”
arsa mise. “Déanfad is fáilte. Cion-
nas tá bean do thighe?”
“Tar slán, a bhuachaill; tá Peig go
maith. Go deimhin is í dubhairt liom
tusa a chásamh indiu, ‘agus,’ ar sí, ‘abair
leis go bhfágfad an ainm fé féin, agus
go bhfuil súil agam go gcuirfidh sé
ainm chomh deas air is tá ar an rud
mic a baisdeadh do Mháire Dhuibh seacht-
ain ó shin.’”
“Cad í an ainm a glaodhadh ar mhac
Mháire Dhuibhe?”
“George Dominick,” arsa Diarmuid.
Sul a raibh am agam ar fhreagra a
thabhairt ar Dhiarmuid, do ghlaoidh an
cléireach isteach orainn.
Bhí an choinneal ar lasadh rómhainn,
agus an sagart 'na sheasamh cois an
tobair baisdidhe, cochall agus stoil air,
& deabhadh air. Bhí an mháthair bhaisdidhe
'na seasamh ann leis, agus í ag bob-
aireacht do mhamalóig bhig éigin a bhí
casta i n-éadaí fada bána aici.
“Bain an t-éadach dá cheann,” arsa
Diarmuid. “Go bhfeicidh a athair bais-
didhe é. Leanbh breágh leabhair is eadh
é,” ar seision i gcogar liomsa.
“Baisde leis an gcréatúir!” arsan
mháthair bhaisdidhe; “sin é a athair 'na
dheigh bheathaidh.”
Thugas catshúl air nuair do nocht sí
a cheann, agus ní fhaca acht mainléidín
buidhe-dhearg agus oiread cnaipe do
shróin air.
“Cad é an ainm atá le glaodh ar
an leanbh?” ars an sagart.
“Gruagach, a athair,” arsa mise.
Dhéanfa t'anam go deo dá bhfeicthá
an dá bholg-shúil a tháinig do Dhiar-
muid, nuair chualaidh sé an ainm shuarach
Ghaodhalach.
Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —
I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.
Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.
SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Scriobh chuige.
Má tá báigh cheart agat
Led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:
Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.
T. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath.
BRONNTAISÍ
NODLAG!
FÁINNÍ is ÓRNÁIDÍ.
M. De RÓISTE,
60 Sráid Phádraig N., CORCAIGH.
Scríobh chuige, nó glaodhaig.
A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid
TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.
TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!
Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.
Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath.
Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Tá le fagháil uainn-se
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID
den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.
Tá ÁTRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID
mar atá miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.
Scríobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.
LIAM MAC AODHGÁIN & A Chl.-Mhac Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.
Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid
Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN
atá ag
TOMÁS Ó MURCHADHA,
(‘T. J. Murphy’)
111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,
ar aghaidh Árdoifige an Phuist anon.
Ceannuigh do chuid
leighis,
i Siopa an Bhúrcaigh
.i. Tig na cúinne, idir
SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,
I gCorcaigh.
Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.
Leabhair Bheaga Bhlasda na
Gaedhilge
Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.
Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh.
Dosaen saor tríd a bpost ar Trí Réalacha (1/6).
1. “Laethanta Geala” (Kerry School-
girl's Diary).
2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs
to Catchy Tunes).
3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”
4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short
Dramatic Sketch).
5. “Cunntas Cinn Lae” le Brighid
Stac.
Le fághail ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
in Uachtar Sráide na Driseoige a 87,
BAILE ÁTHA CLIATH.
Le
MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH
An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair
is Tobac ann don Gaedhilgeoir:
UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE A 87
i mBAILE ÁTHA CLIATH.
“A Mhuire na bhFeart! ní h-eadh.
Seadh mhuise Gruagach ar mo mhac-sa.”
“Ar do mhac-sa gan dabht,” arsa
mise, “tá an ainm sin ar dhaoinibh chomh
maith leat-sa is leis-sean.”
“Pé 'ca tá nó ná fuil, ní bheidh sí
mar aincis ar mo leanbh-sa i rith a
shaoghail Cuir uait do chuid thricks,
a Ghruagaig, agus faig ainm dheas
ghalánta dho.”
“Faigh-se dho í, a Dhiarmuid, & faigh
Sasanach beag éigin mar tu féin chum
seasamh leis chomh maith — mar an deamhan
seasamh a dhéanfad-sa indiu leis!”
“Ní dá ríribh ataoi,” a Ghruagaigh. Ná
fuil a fhios agat ná beidh sé éirightheach
dom' mhac tú dhiúltú seasamh leis. Tá
cronnadh ar sin. Gheobhaidh mo leanbh
bás.”
“Bás na gcat 'san earrach chuige!”
arsa mise.
“'Seadh!” arsan sagart. “Cé sheas-
óchaidh leis mar sin.”
“Tá dritheáir dom i Meirice le fiche
bliadhain agus ba mhaith liom é ainmiú
mar athair baisdidhe do'n leanbh.”
“Cad is ainm dod' dhritheair?” ars
an sagart.
“Níl air ach Seán,” arsa Diarmuid go
truaighmhéileach. “'Sé chuir an t-airgead
chum an tséipéil nuadh i n-uraidh chugat.”
“Is cuimhin liom é go maith.” arsan
sagart. “Glaodhfead Seán ar an leanbh
mar sin, agus má dhéanann fear comh
maith leis siúd de 'na dhiaidh seo, ní
aon náire dhuitse ná do'n dúthaigh é.”
“S-S-Seán!” arsa Diarmuid, ag tochus
a chinn. “Tá an ainm an-sguite. Ar
ghrádh Dé agus cuir aguisín beag éigin
féin léi, nó ní bheidh aon ghnó abhaile
chun Peig agam.”
“Tá go maith,” arsan sagart. “Joseph-
Patron-o'-th'-Universal-Church”
“Faire fút, a athair! Dhéanfadh a leath-
san an ghnó. Ná cuir leis ach cuid de.”
“Och! táim bodhar agat John Joseph,
what dost thou ask of the Church of God?
Abair ‘Faith’”
“Fay-it,” arsan mháthair bhaisdighe a's
me ag gabháil an doras amach,
Deirtear in-ar measg-na nár mhair
leanbh riamh gur eitigh duine seasamh
leis. Mar sin féin d'éirigh maith go
leor le Shon Shó — sin é a thugann a
athair air. Is mó spíde agus droch-
ghuidhe a gheibhinn sé ó n-a mháthair Peig,
ámhthach, nuair a bhíodh Shon Shó i dtreo
an bháis le aicíd éigin. Agus go deimhin
ba dheacair aicíd d'ainmniú nár shaoth-
ruigh Shon Shó leis a chuid dí. Tháinig
an tréis & an craos galar air; cuir
sé an triuch & an bhruitíneach de, agus
seacht ngalair nách iad.
“Tá Shon Shó marbh sa deireadh 'gat,”
a deireadh Peig liom-sa lá, nuair a bhíodh
sé tabhartha suas leis an liath-bhuidhe a
tháinig air dtaobh úbhla glasa d'itheadh a
ghoid sé as gáirdín an mhinistir.
“Marbhú na Sasanach air, a Pheig,” a
deirinn-se.
“Mhuiseadh, a shean-rangartaigh an ghúit!
nár théidhead-sa abhaile ach im' chorp mharbh
má gheibheann Shon Shó bás ná fágfad
ribé de'n fhéasóig liath thuas ort gan
stathadh dhíot.”
Ach, mar a deirim, ní fhuair sé bás.
I n-aois a cheithre bliana déag, bhí sé
'na gharsún chruaidh gheanncach & mar a
dubhairt a mháthair bhaisdidhe, b'é a “Athair
na dheigh bheathaidh é.” Ní raibh baoghal ar
mo chuid féasóige annsan — go deimhin
bhíos féin & Peig chomh mór ag a chéile,
's bheadh bó agus coca. Mar sin féin
níl lá ghabhadh tharm ná cloisinn trácht
ar thréithibh Shon Shó. Ní raibh garsún
'sa pharóisde chomh urbhóideach leis. Ní
raibh cómhursa 'n-a thimcheall ná raibh ag
gearán air. Thug a athair ar chluais do'n
tsagart é, & thug an sagart i bhfad níos
m ó ná a bheannacht do. Seachtain i n-a
dhiaidh sin bhí an sagart ar Station sa
Ros-leathan i dtigh bheag Nóra Báine.
Lá clagair a b'eadh é, agus shocruigh an
sagart cois na teine é féin chun bheith
ag éisteacht ann. Ba ghearr gur líon
an bothán de dheataigh.
“Cad tá ar an simne indiu?” arsa
duine.
“D'iompuig an ghaoth,” arsa duine eile.
Níor chuimhnig éinne aca gur b'é Shon
Shó a chuaidh ar bhuaic an tighe agus do
dhing scrath 'sa tsimné chaith an sagart
dul amach sa chró agus tinneas c inn
seachtaine air.
“Sgaoilfead leis, a Ghruagaigh,” arsa
Diarmuid, “agus mo mhalacht 'n-a bhóthar.”
“Crosaim an leanbh bocht,” arsa Peig.
“Huth!” arsa mise.
Gruagach an Tobair.
(Ní críoch).
Scottish Review (ar 1/- ó Shráid a'
Mhuilinn a 12, Am Peairt in Albain).
Tá socair ag Gaedhlaibh Alba n teachtairí
do chur chun Chómhdháil na Síothchána a
tionólfar tréis an Chogaidh. Ar lorg
cirt dá ndúthaig a bheid — ceart náisiúin.
Tá cúntas iomlán ar an ní ag Ruadhraí
Arascainn 's Mháirr sa ‘Review’ san.
Tá cur sios ann ag H. Mac Neacail
ar an gceangal a deineadh idir Shasana”
agus Alba i mbliain a 1603 agus a
1707. Le “feall is le fóirneart” a
deineadh. Beurla an “Review” san ar
fad.
S. T.
TUSA IS SINN-NE.
Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a
bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i
n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN,” a chonaicís
an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn.
Luibh-Eolas.
Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair.
Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht
ins gach tor is ar fuaid gacha páirce.
Briosclán.
Bileóga míne deasa a bhíon
ar an mBriosclán (Potentilla
Anserina) agus leathta anuas
ar an dtalamh is maith leis bheith.
Tá na bláithíní go geal buidhe ach ní
bhíon aon raidhse dhíobh ann. Tá an taobh
íochtair den bhileóig ar dhath an airgid, &
bileóg iseadh í go dtagan feócha uirthe
cúpla neomat tréis í stathadh. Fásan
géagán amach as cabhail na luibhe agus
imthighean sa tsiubhal do féin & déinean
lus beag nua dhe agus ní túisce socair
sa talamh don lus nua 'ná go gcuirean
géagán eile amach & tréis tamal slighe
(leath troigh) bheith curtha dhe aige, déin-
ean planda nua dhe, agus mar sin de,
go mbíon sraith lus nua ann & ceangal
eadartha i bhfuirm géagáin. Iad mar a
bheadh saighdiúirí agus dlúthas cabhrach
eadartha.
Adeirid Cláirínigh leigheas ar an
mbreoiteacht mhóir a bheith ann. Labh-
artar — ‘brioscalthán’ agus ‘brioscán,’
agus deirean an Colgánach M.R.I.A. go
n-abarthar ‘briosclóg,’ Cois Life.
An Slánlus.
Níl leanbh sa Ghaedheal-
tacht ná h-aithnighean an
Slánlus (Plantago Lan-
ceolata). Amach as an bpréimh iseadh
fhásaid na bileóga, Iad fada biorach,
agus gan an ghlaise cheudna ar aghaidh
na bileóige agus atá ar a cúl. Bíon
féitheóga fada ó bhun go bárr gacha
bileóige. Is suarach an bláth a bhíon
ar an Slánlus; is ar éigin gur fiú
bláth a thabhairt air. É mar a bheadh
cnaipín ar bharra gais fhada chruaidh.
Tá árd-mheas ar an Slánlus mar
leigheas ar chneádh. Nuair a bhuailean
garsún buille dá chamán ar mhéirín ar
gharsún eile, rithean an duine gortaithe
fé dhéin an tSlánluis agus brisean
sé bileóg de agus cimilean sé don
mhéir gheárrtha í. Cuirean san stad
leis an dtabhairt fola & ní raghaidh
an cneádh chun otharais (1). De sin
an ainm. Adeirean an Colgánach go
ndeinid Albanaigh & muinntir Shléibhte
Himalaya an saghas ceudna úsáide dhe
-é in a leigheas ar dhro'chneádh aca,
& seo scéal a chuala sé i gConnachtaibh:
D'éirigh idir an Chiaróg & an Dara-
daol, tráth, & bhí in a chogadh chraorac
aca. Sa chath dhóibh rug an Daradaol
ar an gCiaróig agus chuir sé nimh a
iorbaill innte agus d'fhág sínte marbh í,
dar leis. Ach cad a dhein an Chiaróg
ach greim den tSlánlus 'ithe agus do
leighiseadh láithreach bonn í.
Cruach Phádraig.
Tá gaol gairid idir an
Slánlus & Cruach Phád-
raig (Plantago Major).
Clann na beirte iseadh iad, muran drith-
áireacha iad. Níl bileóga na Cruaiche
biorach, ámh, ach amach as an bpréimh
fhásaid siad & tá na féitheóga ionnta.
Luibh ana-threun is eadh í. Is cum a cad
é an phasáil (2) a déanfí uirthe, ní raghadh
sí d'eugaibh. Tá an saghas ceudna buadha
innte agus atá sa tSlánlus. Deintear
ceirighe (3) de sna bileógaibh mar leigheas
ar aon dro'chneádh. Ní dóigh liom go
bhfuil aon luibh eile ann go luadhtar
ainm Phádraig léi ach an Chruach, agus
is iongna é sin. Tá ‘cró’ agus ‘cru’
agus ‘cupóg’ dá labhairt chomh maith le
Cruach.
Fuaireas dhá ghearraiste i dtaobh b láth
agus lus le déanaighe — ceann ó Eibhlín
Ní Mhórdha i Mainistir na Corann agus
ceann ó Liam Ó Súileabháin i Scoil na
h-Eadaragólach: Seo mar adeir Liam i
dtaobh scaipe an tsíl: “Nách iongantach
an tsligh a dheinean Nádúir a gnó gan
fhios don saoghal! Na síolta nách féidir
leó eitilt is nár thug Nádúir sciatháin
dóibh, bíon dúil ag eun éigin ionta.
Tógan an Londubh … agus an Fhuis-
eóg leó iad … na síolta go bhfuil
sciatháin ortha, is anamh a chífeá aon eun
'á n-ithe …”
Seán Tóibín.
(1) fester. (2) siubhalóid. (3) plaster.
SEÁN Ó SIOCHFRADHA, FILE OILEÁIN
DAIRBHRE.
Bhí sé féin is fear eile ag teacht ó
obair tráthnóna seaca.
“Tá,” sé ag cur sheaca, a Sheáin,” adubh-
airt an fear leis.
“Tá,” arsa Seán, “agus an méid atá
aige á chur dhá fhágaint ar barra.”
Aimsir Nodlag nuair a bhítheas ag díol
an táille le sagart an pharóisde.
“Seadh, a Sheáin,” arsa fear, “ar dhíolais
a sagart fós?”
“Níor dhíolas,” arsa Seán, “ach dhíol-
fainn go tapaidh dá bhfaghainn aon ní
air.”
Domhnall Ua Súiliobháin,
Baile Uí Theárnaighe.
FÓGRA AR CHAORA.
Caora bhainionn, bán d'imthig ar fán,
Ó Dháith ó Duinn ó'n mbaile bán,
Tá a h-eirbhall beárrtha agus barra na
cluaise dhi,
Tá trí litreacha ar a cuid olna, dhá “v”
agus “o,”
Chuir droch-mhadraí agus feirmeóirí mí-
chéadtacha
Chun fáin an chaora, ó áit go h-áit,
Agus inne fuair í & thabharfaidh uaidh í,
Is maith é a dhualgas.
Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.
Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh,
is Madaí Dorn.
TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teo.,
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.
Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.
GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.
Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
"Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
"Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”
Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —
TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, Corcaigh.
Chómh blasta le h-aon-ím!
MARGAIRÍN
“LEANDAR”
Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.
Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.
Tá le fághail uainn-ne —
TÉ BLASTA CÚMHRA.
Ceannuigh púnt de mar shompla.
SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.
BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.
Tá riadhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.
Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —
SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (Teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.
Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
GACH CÓIR SCOILE!
Tá againn-ne
LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.
Scríobh chugainn ar lorg eolais:
MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)
Cúirt Dáma a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.
Smithfield a 88, i mBealfeirste.
Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.
Tá …
SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG
d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí
I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN
sa ‘Mhardíog,’
I gCORCAIGH.
Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.
Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT
ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.
Scríobh chun an Árd-Oide.
ó
CHOMPLUCHT DONOBHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,
a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait
TROSCÁN TIGHE,
ÁRAISTÍ BÚIRD,
ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN.
GUAL, AOL,
BRÍCÍ, “TÁTHÁN” (Cement),
agus gach cóir eile oirean DO LUCHT
TÓGÁLA TEACH.
An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA.
Mícheál Ó Caoimh, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.
Scríobh chuige.
Do bheatha 's do Shláinte
Anso.
II. — FUITHIN.
Ba cheart do Ghaedheal dá réir sin
nuair bheadh sé ag déanamh tighe nó dá
thógáil ar chíos ceann a thogha mar na
cinn bhíodh ag Gaedhil fadó. Ní fhéad-
faimís déanamh gan fuithin éigin, ach ní
chun fothana amháin atá tigh uainn. Is
áit é tigh chun maireachtain ann, agus
chun bás d'fhághail ann; agus níor mhór
do bheith oireamhnach chun an dá ghnó sin;
agus ní gádh bheith ag chur órnáidí beaga
annso is annsúd ar thighthibh, má bhíonn
slighe mhaith ionnta, agus iad déanta go
daingean, láidir, agus slacht agus deise
ortha, & gan aon chuid de'n tigh bheith ag
magadh fé'n gcuid eile, ná ag bréagnú
na coda eile, beidh an tigh órnáideach a
dhóthain. Ba cheart do thigh bheith láidir
mar nuair bhíonn fear ag déanamh tighe
ní do féin amháin ba cheart do bheith
ag obair, ach do'n dream a thiocfaidh
n-a dhiaigh, leis. Tír fhliuch iseadh tír na
hÉireann agus ní dúthaig grianmhar í.
Ní mór do thigh bheith tirm, agus ní mór
dúinn é dhéanamh ar chuma is go dtioc-
faidh pé grian bheidh ann isteach. Caith-
fear an tigh do dhéanamh ar bhall tirm,
ar ghainimh, nó ar ghrean, nó ar chloch
aoil nó ar chloch dhearg. Súghann siad
so uisge na fearthanna go tapaidh, ach
an tigh a tógtar ar chré is deacair é
choimeád tirm. Is tiorma bheidh tig ar
chnoc ná tigh i ngleanntán, agus is mó
de'n ngréin a gheibheann sé. Is ceart
do thigh bheith cluthmhar ins an ngeimhreadh
agus fionnfhuar ins an samhradh.
Má's tigh cathrach é, nó tigh cois cath-
rach ní mór cóir bheith ann chun gach bhásta
agus salachar a bhreith a bhfad ó bhaile
sul a ndeinidís aon díoghbháil sláinte
do mhuinntir an tighe.
Ba cheart an tigh bheith déanta de'n
adhbhar atá le fághail ins an tír & ba
cheart gach aon phioc triosgáin a bheidh
ann bheith de dhéantus Gaedhealach, leis.
Nuair bhíonn gach aon bhall triosgáin i
dtigh de dhéantus Gallda is geall le
dul go Sasana an dorus d'fhosgailt &
bualadh isteach ann, & dar ndóigh nuair
bheadh duine ag dul ag féachaint carad
ní h-amhlaidh ba mhaith bheith ag fágáil a
thíre féin agus ag dul go tír eile. Bhí
muinntir na hÉireann ag tréigeann a
dtíre le céad bliain, agus ní gnáthach
nuair bhíonn a leithéid sin ar siubhal go
dtóg, tar tighthe breaghdha. Dá mbeadh
uaisle Gaedhealach i nÉirinn bheadh tighthe
breaghdha ins gach cúige chun bheith mar
shómpla d'aoinne bheadh ag tógáil tighe.
Na tighthe a chímíd ar imioll na cathrach
ní h-aon tsómpla d'aoinne iad. Níl
ionnta ach boscaí beaga suaracha saora.
Níl láidireacht ná tathach ionnta. Níl
slighe ionnta chun céilidhe ná cóisire.
Ní bhfaghadh aon tsean-Ghaedheal saoghal
ná sláinte ionnta.
(Tuille le teacht).
Má tá
Trucail, Cárr nó Cóiste
uait,
Nó deisiú le déanamh
ar rothaí, &c., &c.,
Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:
C. Ó CONAILL agus a Chualuct,
SRÁID LIADROM
CORCAIGH.
Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:
“Scéalta don Aos Óg,” 2d.
“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.
“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6.
Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:
Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, an Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.
Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —
Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:
“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.
BÍODH PÍOPA MAITH
GAEDHLACH AGAT.
Tá …
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
le ceannach i ngach siopa tobac.
Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —
CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
Áth Cliath.
Má léighir Béarla,
LÉIGH LEABHAIR MHAITHE.
“Poets and Poetry of Munster,” by James Clar-
ence Mangan; 3/- agus postas 4d.
Tá Béarla is Gaedhilg ann.
“Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/- agus
postas 5d.
“In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing-
ton; 3/6 agus postas 5d.
“The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar
cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais
é sin; 3/6 agus postas 5d.
“Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar
ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 &
postas 5d.
Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais.
SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA.,
Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH CLIATH.
Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11