AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. 10. EANAIR, 1917. Pinginn a Fhiacha.
DÉANAMH AN CHLEAMHNAIS.
Do chuir Mícheál Ua Séaghdha sgéala
chun Seán Ruadh bheith 'n-a choinnibh i
gCathair Saidhbhín lá an aonaig. Do
gheall Seán don teachtaire go mbeadh.
Do tháinig lá an aonaigh, agus níor
bh'é dearmhad éinne aca gan bheith sa
Chathair. Nuair bhí formhór na mbeithidh-
each díolta do bhuail Seán anoir an
tsráid. Cúpla coiscéim 'n-a dhiaidh bhí
a bhean Máire, agus le na gualainn
bhí Bríghid a n-inghean — cailín dathamhail
fionn, cír nuadh 'n-a gruaig, stocaí
geala uirthe, & radharc le fághail anois
is arís ar chiúmhais bheag de chóta cradh-
reac fé n-a gúna.
San am chéadna bhí ag gabháil soir
'n-a gcoinnibh buachaill óg deagh-chroicinn,
Tadhg Ua Séaghdha a ainm. Bhí a athair,
Micheál Ua Séaghdha, ar thaobh de, agus
a mháthair, Cáit, ar an dtaobh eile. Ba
dhóigh le duine gur 'n-a phríosúnach aca
do bhí sé. Níor bh'eadh ámh; acht do bhí
nidhthe nár bheithidhigh le díol an lá san
i gCathair Saidhbhín.
Nuair a thánadar chun a chéile do
sheasuigheadar tamall beag ag caint;
agus uair nó dhó shleamhnuig Tadhg idir
Bhríghid & na ba clár-adharcacha a bhí ag
dul chun stáisiún na traeneach i naghaidh
a dtoile. Sa phoínnte sin ní raibh éan
deáramh ag Tadhg ná ag Bríghid leis na
buaibh: Bhíodar toilteannach go leor.
Mícheál: Ós rud é go bhfuil gnó an
aonaig déanta againn, agus gur anamh
a castar ar a chéile sinn, nárbh' fhearra
dhúinn dul agus braon beag a bheith ar
ár suaimhneas againn?
Seán: Do bhainis an focal as mo
bhéal; & féach, táimíd ar aghaidh dorais
Shéamuis Bhreathnaig amach. Buailimís
isteach chuige. Do dheineadar, agus do
bhagair Séamus ortha ós cionn cheann na
ndaoine, do bhí ag ól ag an gcontúirt,
leanamhaint ar a n-aghaidh. D'oscail
dorais beag rómpa mar osclóchadh na
daoine sidhe é, & do bhíodar i seómra
beag deas i gcúl a' tighe.
Do shuidheadar chun an bhóird & chun
na dighe, act amháin Bríghid. Do shuidh sí
sin i n-aice finneoige a bhí ag oscailt
ar otrainn mar a raibh coca féir agush
móin.
Mícheál: Nách breágh an Inid í moladh
le Dia, is breágh an aimsir cleamhnaistí
dhéanamh í.
Seán: Is breágh; agus táid siad ghá
ndéanamh leis.
Mícheál: Bhfuil éin nidh ar siúbhal agat
féin, a Sheáin? Ba dhóigh liom nár mhisde
dhuit congnamh sa bhfeirm a bheith feasda
agat.
Cáit: Tá sé marbh ó ghnó, an fear
bocht.
Máire: Tá mhuise, agus sinne 'n-a
theannta. Féach an cailín bocht san
thall: ar mh'anam — agus ná raibh éan
droch nidh ar mh'anam —
Mícheál & Cáit: Amen! a chréatúir
bhoicht.
Máire: Go bhfuil sí amuigh ar bhior a
cinn aige ó cheann, ceann na seachtaine,
& gur minic a deirm léi go mbearra
dhí imtheacht go Meirice uaidh.
Bríghid (ag an bhfinneóig): Ní fheadar
cad é sin ag dul fé'n gcoca? Ainimhidhe
éigin greanamhar.
Ní chuireann éinne éan tsuím innti;
acht i gcionn tamaill bhig éirigheann Tadhg
go réidh agus téidheann sé anonn chúiche,
agus fanann sé thall.
Mícheál: Is maith dhí go bhfuil sí sláin-
teamhail láidir, Dia ghá beannachadh.
Máire: Is fíor duit go bhfuil sí mar
sin, baodhachas le Dia. Dá bhfeicfá í
sin — déis a lae 'chaitheamh amuigh a
baint asrach — dá bhfeicfá ós cionn
tobáin éadaig í, nó a déanamh cuiginne
amach as a cabhail gan chabhair, gan
chongnamh — nár dheinidh an braon so dith
ná dochar dam —
Mícheál & Cáit: Amen, a Thighearna.
Máire: Go gcuirfeadh sí spórt ort.
Cáit: Is maith a chreidim tú, a Mháire,
mar thá a leithéid thiar sa bhaile againn.
Cad tá agam ghá rádh? Sin é sa bhfinn-
eóig é. (I gcogar) Cúis gháire chúghainn,
féach mar a dheinead siad muínteardhas
le chéile, na créatúirí! Buachaill níos
sobháilcí ná é níor cruithnigheadh riamh.
Lá mithille ar shleághan, ar rámhain, nó
ar speil ní'l a leithéid sa pharróiste;
agus ar fuid an tighe — nár éirighead
as so acht im beathaidh —
Seán & Máire: Amen, a laogh mhuise.
Cáit: Nách í gach éan bhean a bheadh
chómh deas-lámhach leis. Sin é an buach-
aill ná cualathas leanbh na comhursan
riamh ag gol 'n-a dhiaidh; is nár chuir a
athair ná a mháthair riamh as a n-ainm
acht chómh beag.
Mícheál: Ó tá sé chómh maith san, a
Cháit, nárbh' fhearra dhuit é thairiscint
do Sheán ann so mar chliamhain?
Seán: Ól suas an braoinín sin, a
Mhichíl. Im' briathar, a Cháit, má dhein-
eann tú go mbeidh fáilte roimis. Ní'l
fear sa dá pharróiste do thoghfainn
roimis.
Mícheál: Sin mar is fearr an sgéal.
An mór airgid a bheidh uait?
Seán: Tá feirm bhreágh thailimh ann,
agur is mór dem' chuid alluis innte.
Tá capall agus trucaill ann agus
deich gcinn de bhuaibh matha; ceithre
ceartaosaí, chúig cinn de ghamhnaibh agus
dorn maith caorach.
Mícheál: Cad é an t-annlan atá 'gat
ghá dhéanamh de'n bhraoinín sin, a Sheáin?
Caith suas fad ó é.
Máire: Ná caith, a Sheáin; is amhlaidh
a bheir ar meisge.
Seán: Ní h-eadh, ná ar cuid de
mheisge. Seo fé thuairm bhúr sláinte
go léir, agus go gcuiridh Dia ar ár
leas sinn. Tá, a Mhicíl, siad san ann,
& cailín chómh dathamhail is do gheobhfá
as so go bun chnoc na Mangarton, pé
áit go bhfuil sé.
Mícheál: Trum do lámh, a Sheáin. Sin
mar atá sí, agus ba dhual athar di é.
Seán (ag bualadh an bhóird): Ba dhual
máthar dí é pé sgeal é. Trum do phóg,
a sheana-bhean. An deamhan cailín ba
dhathamhla ná Máire a bhí i bparróiste
na Dromaid an lá a thugas ar mo
chúlaibh a bhaile í.
Máire (ag gháiridhe): Aha, a Sheáin,
d'aithnigheas go mbeifá ar meisge.
Seán: Ní bhead ná ar meara-chuimhne;
agus (go h-árd) an tubaist fear a thag-
faidh fé dhia mo thighe mar chliamhain, dá
mb'é mac rí Sheoirse Shasana é, chun go
gcómhairighidh sé amach chúgham-sa ar mo
bhais céad púnt airgid.
Cáit: Céad púnt airgid!
Máire: Amás, ní h-amhlaidh is mór
leat é, a Cháit, a chuid. Féach a bhfuil
agat dá fhághail.
Mícheál: Cheannochadh céad púnt an
gleann 'sa bhfuil ann.
Seán: Ní dóigh le cómhursa áirighthe
dhuit sin, a Mhichíl; ba ghearr an mhoill
air céad púnt do thairiscint dom indé
air.
Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
CIARRAIDHE.
AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.
ÉADATHÓIRÍ MAITHE
Tá le fághail uatha:
Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.
Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.
Ciarsúirí de'n línéadach Cheart Ghaedhealach is
a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.
Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.
Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a
dheinean.)
Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.
TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,
Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE.
Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint
gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa
Tigh Ósta so. Leabaidh, Bricfeast, Dinnéar, Té
agus Freastal ar 5/- sa ló.
BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.
SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.
ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.
ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.
SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.
An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA
MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
i MAGHCHROMTHA.
Scríobh chuige.
Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
cuir fút sa tigh seo
TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I gCATHAIR SAIDHBHÍN.
An tig is fearr in Uibh Ráthach.
Labharfar Gaedhilg leat ann.
I n-Éirinn a Deintear
“BRÓGA NA LAOÍ.”
Táid le fághail i ngach sráid bhaile.
Mícheál: Crúnca an ghalair! Ní cás
do san, céad púnt a bheith aige. Is
dócha, ó tá an t-airgead san go léir
uait, ná coinneochair féin éin nídh?
Seán: Shar a ndéineam éan trácht
air sin, inis dom cad é an t-airgead
atá le tabhairt dod' mhac agat.
Mícheál: Buachaill breágh seadh Tadhg,
a Sheáin.
Cáit: Dob fhearra do chailín é, 'á
mba' de'n bhóthar a thógfadh sí é, ná
dá bhfaghadh sí sruimile go mbeadh na
céadta dúbha aige.
Máire: Ní gádh do Bhríghid bheith ag
cuardach de shruimilíbh i n'ao'chor, a Cháit.
Seán: An t-airgead, an t-airgead:
cuir ainm feasda air, a Mhichíl.
Mícheál: Tá'n tú ag dearmhad an
bhraoinín sin ar fad, a Sheáin.
Máire: Ná bain leis, a Sheáin. Níor
cheapas go ndéanfá mar sin é, a Mhichíl.
Mícheál: Ní'l fonn orm éin nidh do
dhéanamh mar sin ná mar siúd acht
cleamhnas, a Mháire, & déanfad é sin
le congnamh Dé.
Máire: Is ríghin chuige tú, mhuiseadh.
Cáit: Ní'l leigheas aige air, a Mháire.
Connus ainmneochadh sé airgead chun go
gcuiridh sibhse i n-iúil do cad a bheidh
agaibh féin dá choimeád?
Seán: Ní fada go n-inneosfar san
do, a Cháit. Rúm sa tig; mo rogha
beirt de sna buaibh bainne; féar fliuch
agus tirim dóibh; inead garraidhe; na
cheithre ceartaosaí; mo leabaidh féin
gan dabht, agus leath a bhfuil amuigh
agus istig de sgach éin nidh eile acht
an capall. Déanfaidh an capall ár
ngnó araon: ní roinnfeam é.
Cáit: D'fhágais dealbh go leor do
leanbh féin Sheáin.
Máire: Dealbh! Is í 'n-a leabaidh
chlúimh, i dtigh cluthmhar slinne, is cúil
phrátaí taobh thiar di. Drosúr nua gur
thugas mo thrí púint air is é 'lúbadh fé
shoithíbh faiseantamhail. Trúnc lán de
chuilteannaibh is d'éadaíbh daora a cuir-
eadh ó Mheirice chúiche. Im briathar nach
gádh dhi luid do cheannach go ceann
seacht mbliana ó indiú. Seadh mhuise,
dealbh!
Mícheál: Ní raibh éan choinne agam
go mbeifá chómh docht san ar t'inghín,
a Sheáin. Nuair a thána isteach bhí sé
ar m'aigne cheithre fichid púnt do thair-
iscint, acht déis a bhfuil ráidhte agat
do bheadh trí fichid ró mhór.
Máire: Ní dá ríribh a taoi, a Mhichíl.
Seán: Má seadh, tá an cleamhnas
briste.
Mícheál: Ní'l leigheas air; ní'l éan
díobháil déanta.
Cáit: Mhuise, a Mhichíl, ó bhí na cheithre
fichid ar d'aigne, abair anois leis go
dtabharfair do iad.
Mícheál: Tá go maith; bíodh sé aige,
cé ná fuil éan mheon leis. Beifar a'
magadh fúinn.
Seán: Im briathar ná beifar, mar ná
tógfar uait é. An céad púnt, nó bíodh
an cleamhnas briste. Siúbhalaidh ort, a
Mháire.
Bríghid (ag eirighe ó'n bhfinneóig): Ná
siúbhalaig go fóil, a dhaid. Ní'l an
cleamhnas briste, acht slán.
Seán: Éist do bhéal, a thoice! An
as do chéill ataoi?
Bríghid: Ní h-eadh baodhachas le Dia;
acht fad do bhíobhúir-se ag caint annsan
do dheineamair-na an cleamhnas ann so.
Tá leath-chéad púnt dá chuid féin sa
bhannc ag Tadhg, agus tá sé chun dul
go Meirice i dtosach an Mhárta, agus
táim-se ag dul le na chois.
Tadhg: Dia leat, a Bhríghid; & abair
leo go bpósfam amáireach.
Bríghid (ag gáiridhe) — agus pósfam —
(i ndeire na seachtaine): Má's maith libh-
se sinn fhanamhaint sa bhaile deinidh pé
margadh is mian libh; acht ná dearmhad-
aidh go bhfuil an cleamhnas slán.
Tadhgh: Agus go mbeidh?
Bríghid: Agus go mbeidh.
Tá an ceathrar eile 'n-a seasamh; a
lámha siar síos leo, agus a mbéil ar
leathadh.
Seán (sa deire): Cad déanfar anois,
a Mhichíl?
Mícheál: Déanfair d'inghean fhágaint
sa bhaile an chéad uair eile a raghair a
déanamh cleamhnais.
Cáit: Ba mhór an truagh san, mar is
mó céille aici ná againn go léir. Ní'l
eádrainn acht fiche púnt, agus pé áit
go bhfaghad-sa a leath gheobhaidh Tadhg é.
Máire: Ní dhéanfainn dabht díot, a
Chait, agus maithfead-sa an leath eile
dhuit.
Seán: Cleamhnas slán is eadh mar
sin é.
Mícheál: Sin mar is fearr é, agus
ólfam sláinte na lánamhan 'oige anois.
Iad go leir: Sláinte & sliocht ortha.
Mícheál: Acht cogar, a Bhríghid, cad
é an t-ainmhidhe úd a chuaidh fé'n gcoca?
Bríghid (ag gáire): Luichín bheag, agus
dubhairt sí liom mé féin a sheachaint
ort-sa.
Cáit: Bíodh san agat, a Mhichíl.
Tadhg (i gcogar le Bríghid, agus iad
ag leanamhaint na cod' eile amach)
Siúbhalaidh soir an tsráid tamall beag.
Bríghid: Ní raghad go deimhin; mhar-
bhochadh mo Mham mé.
Tadhg: Tabhar póg an so féin dom
mar sin.
Bríghid: Is greanamhar an rud atánn
tú 'iarraidh. Do chloisfidís tú.
Tadhg: Ah, déin — éin phóigín amháin.
Bríghid: Ní thabharfad, ná cuid de
phógín.
Ruitheann sí i ndiaidh a muíntire, acht
iompuigheann sí arís ar Thadhg, & deir-
eann sí: “Fan go deire na seachtaine.”
Síle Ní Chonchúbhair,
Scoil Cill Mhic Ciarain,
Uibh Ráthach.
(Ar n-a dheisiú do “Ghruagach an Tobair.”)
Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH
“An Seabhac” do bhailigh.
118 — Mian mic a shúil.
Ba mhaith leis gach rud a chífeadh sé d'fhagháil.
119 — Pé leis an leanbh len' athair a ghuidh-
fidh sé.
120 — Mo leanbh mo leithscéil!
Deirtear san le searbhas le bean nuair a bhíonn
sí ag tabhairt an leinbh mar leithscéal i dtaobh gan
gnó éigin a bheith déanta aici.
121 — Scoláirí na scoile, gobadáin na
gorta, d'íosfaidís na clocha dá
bhféadaidís iad a chogaint.
122 — Ní féidir ceann críona a chur ar
cholainn óig.
123 — An rud is beag ag fear is mór ag
leanbh é.
124 — Garsún go h-am dinnéir agus fear
an lá go léir.
Chun oibre.
125 — Leasmháthair a thógfadh air é.
Nuair a dheineann duine rud nár cheart do ach
nach rud ró náireach é, deirtear mar sin leis.
126 — Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn
an smacht.
127 — Má thugann tú órdlach dá shligh féin
dod' mhac tógfaidh sé bannláimhe.
128 — Mara smachtuighir do dhailtín
Is é choimeád go h-íseal,
Is measa dhuit le beathú' é,
Ná coileán machtíre.
129 — Is fearr smacht na biadh.
130 — Is maith atá 'fhios ag gach máthair
cionnus smacht a chur ar leanbh
iasachta.
131 — Máthair chos-éadtrom inghean chos-
trom.
132 — Fiche bliadhain a bhíonn an fear ag fás,
Fiche bliadhain ag trácht thar a neart,
Fiche bliadhain ag casadh le bheith ann,
Is fiche bliadhain gur cuma dho ann
nó as.
133 — Fiche bliadhain ag fás
Fiche bliadhain fé bhláth
Fiche bliadhain ag trághadh.
AN CORP.
SLÁINTE AGUS GALAIR, &rl.
1 — Is fearr an tsláinte ná na táinte.
2 — Is beag rud is buaine ná an duine.
3 — Is milis an rud an t-anam.
4 — Má's maith leat beith buan caith fuar
agus te.
.i. Biadh fuar agus biadh te. Do bhí uasal de
Ghaedhealaibh uair ar féasta ag Gallaibh i nÉirinn.
Cuireadh nimh sa bhiadh nó sa digh the dho. Bhí Gaedheal
bocht éigin i láthair — fear ceoil nó seirbhíseach.
Fuair sé fios an drochfhuadair. Thug sé rabhadh do'n
uasal. “Caith fuar agus teich,” ar sé. Do theich.
5 — Tosach sláinte codla.
6 — Deire sláinte osna.
7 — Órduigheann Dia an aicíd a sheachnadh.
8 — Caitheann gach aoinne deachmhadh an
tsláinte a dhíol.
9 — I dtosach na h-aicíde is fusa í leigheas
nó
10 — I dtosach na n-aicíde ná bhí mall
Mar níl brigh sa luibh ná fachtar i
n-am.
11 — Tagann leigheas is aicídí i gcoinnibh
a chéile.
12 — An luibh ná faghtar is í fhóireann.
Ceapann duine dá mbeadh a leithéid seo de rud
aige go mbeadh sé go maith.
13 — Nuair a bhíonn an t-othar leighiste
bíonn meidhir fé'n dochtúir.
14 — Is liagh gach othar t'r éis a leighis.
15 — Ceiridhe le tóin gan teinneas.
16 — Sé an t-“ochón” é agus an greim
mór.
17 — Is mó an chainnt ná an chneadach.
18 — Má tá bean an tighe tinn níor chaill
sí a goile.
Deirtear na cheithre cinn sin le daoinibh ná
bíonn chomh tinn is a leigeann siad ortha.
19 — Neanntóg do dhóigh me, cupóg do
leighis me.
20 — Galar gan náire grádh nó tart ach
do bhuaidh an tochas ortha.
21 — Is beag an dealg do ghní braon,
nó
22 — Is minic do dhein dealg braon.
23 — Is gránna an dúthchas maoile.
24 — Is fearr maol ná bheith gan ceann ach
níl ann ach san.
25 — Is fuirist fuiliú' ar cheann charrach.
.i. Ceann tinn, is fuirist fuil a bhaint as. Is
fuirist droch-iomchar a nochtadh i ndroch-dhaoinibh.
26 — Is olc an dúthchas méiscridhe.
27 — Is olc an dúthchas súile dearga.
28 — Is faidshaoghlach iad lucht múchta.
Múchadh .i. asthma.
29 — Is dóigh leis an duine go bhfuil an
liathbhuidhe air féin go bhfuil sé ar an
saoghal.
Liathbhuidhe = Jaundice.
30 — As a ceann a gheibheann an bhean
fuacht: as a chosaibh an fear.
31 — Níl aige ach an scrugall agus an
t-iogán.
.i. Duine caithte, tanaidhe. Iogán = goile éin,
craw.
32 — Ní tharrangochadh sé scadán de'n
ghríosaigh.
.i. Duine lag.
33 — Is measa an ath-iompáil ná an chéad
fhiabhras.
34 — Is measa scríob sa lurgain ná
buille 'n tuaigh sa cheathramhain.
35 — Ag priocadh ar ghirb.
.i. Ag oscailt seana-chréacht. Girb = gearb.
36 — Ní bhíonn gearán gan adhbhar
nó
37 — Ní bhíonn trúig gan adhbhar.
38 — Is gairid ó'n inchinn an anachain.
.i. Is beag an rud a ghoirteochadh an inchinn.
39 — Is minic a báthadh duine i dtobar
uisce [nó i lochán na ngéanna].
40 — Galar Úna nó cúram gan cion
[? galar “rún” an ceart].
Tuille le Teacht.)
BAILE ÁTHA CLIATH.
LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,
Idir Leabhair Ghaedhilge
agus Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.
Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.
Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i
SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.
SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.
Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”
TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!
Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.
Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.
RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.
RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.
MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.
IM AR FHEABHAS
AN DOMHAIN É SEO:
IM C.C.C.
Nuair a bheir 'á lorg
ar fhear an tsiopa,
féach chuige go mbeidh
an cómharta so ar
chlúdach gacha bosca:
The “3 C's” Brand.
CHOICE CREAMERY
CCC BUTTER
THE FINEST
THE WORLD CAN
PRODUCE.
SEE THAT THIS
BRAND IS ON
EVERY PACKET
Is ann is féidir é cheannach
in a mhórchodaibh ag
an 21adh tigh
ar CHALADH NA gCEANNAITHE
(Merchants' Quay),
I gCORCAIGH.
Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6. Muinntear Ghuill, Áth Cliath
A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid
TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.
DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ.
Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir
drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí
Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar
iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí
sin ag duine ar bith eile in Éirinn.
PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN agus a Chua.,
‘Theatrical Outfitters,’
38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, i gCORCAIGH
Má tá
TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE
uait,
Nó deisiú le déanamh
ar rothaí, &c., &c.,
Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:
C. Ó CONAILL agus a Chualucht,
SRÁID LIATH-DHROMA,
CORCAIGH.
A Ghaedheala! Ceannuighidh
“ÉADACH na DRUIPSIGHE”
Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.
Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.
A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?
Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR “LION” is
fearr do lucht-aráin-a-dhíol.
Muíntir Mhic 'Ille Shethanaich a dheinean
i gCorcaigh.
GEO. SHAW & SONS,
Muillean Sain Seán, i gCORCAIGH.
Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —
I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CORCAIGHE.
Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.
AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.
An Seabhac, i gCill Áirne … An Fear Eagair.
Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.
Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.
Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.
Na Díoltóirí.
Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.
Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.
DUAISEANNA.
Tá duais agam á chur go dtí —
Tomás Ó Criomhthain,
An Blascaod Mór,
agus go dtí —
Brighid Ní Chiabháin,
Com a' Liaigh,
Paróiste Fionntrágha.
Do chuir an bheirt aca san a lán rudaí
chugham gurbh fhiú a chur i gcló. Beidh
scéal le Tomás againn i gcló an mhí
seo chughainn.
Tá trí duaiseanna Choláiste an
Daingin á gcur an mhí seo go dtí —
Máire Ní Chatháin, An Blascaod
Mór;
Pádraig Ó Séaghdha, Sc. Bhaile an
Fhirtéaraigh,
Siobhán Ní Mhuircheartaigh, Scoil
Cheanntrágha.
Táim buidheach dosna scríobhnóirí sin
atá ag soláthar agus ag saothar do'n
Ghaedhilg agus do'n “Lóchrann.” Nílim
i n-ao'chor buidheach dosna scríobhnóirí
óga eile ná fuil ag soláthar ná ag
cur aon ní chugham. Faire fútha, nach
óg do bhuail an leisce iad.
Tá cara maith do'n Ghaedhilg “An
tAthair Pádraig,” tar éis £1 a chur
chugham (per Seán Tóibín) chun é thabh-
airt na dhuaiseannaibh do scríobhnóirí
óga. Táimíd buidheach de. Nár bheiridh
aon lá bocht go bráth air.
Aoinne agaibh, a óga, go bhfuil aon
aiste scríobhtha agaibh i gcóir na duaise
sin, an chualaith d' eadach Rialto, cuir
sa phost láithreach é.
Ní mór dom mo bhuidheachas a chur
i n-iúl ós árd do Mhairsile Ní Mhuir-
thuile, O.S., ó Bheanntraighe, i dtaobh an
bailiú breagh sean-fhocal atá aici 'á chur
chugham chun aon cheann ná raibh agam
féin a bhaint asta. Is mór mo bhuidh-
eachas uirthi. Is beag eile a fuaireas
de chabhair. Dá aoibhne de smaoineamh é,
ní maith a ghéillim ámhthach gur ag an
óg-mhnaoi uasail sin agus agam féin
amháin, dá fheabhas sinn, atá gach eolas
agus iomláine eolais ar shean-fhoclaibh na
Cúige seo! Géillim, dar deimhin, gur
beag eile atá d'iarraidh iad a chur go
dtí an “Lóchrann.” Ní ag lochtú lucht
leisce atáim. Is breagh sámh an rud
leisce.
“An Seabhac,”
Fear “An Lóchrainn,”
Daingean Uí Chúise.
CLUICHÍ.
AN LÁIR BHÁN.
Bíonn gasradh beag leanbh bailighthe le
chéile & eatortha istig bíonn caoidhrán
móna nó práta nó rud éigin ar a
nglaodhtar “An Láir Bhán.” Tógann
duine aca maide nó camán 'na láimh,
dúnann a súile & cromann ag bualadh
na láireach báine go tiugh, te. Seo leis
an gcuid eile ar a gcroídhe díchill ag
iarraidh na láireach a ghoid, ag seachaint
an mhaide san am gceudna. Nuair
éirigheann lé h-aoinne an láir a sgiobadh,
deirid go léir d'aon ghuth — “goideadh,
goideadh an láir bhán.” Osgaluigheann
an cailín eile a súile ansan & deir —
“Ní or goideadh riamh láir ab' fheárr,
Anso siar a ghaibh sí
Ag dorus tíghe an ghadaídhe
Is a ghiolla bhig bhradhaigh cuir uait
an láir bhán.”
Lé linn na bhfocal ndeire a rádh dírígh-
eann sí an maide ar an té go bhfuil
amhras aici uirthe, agus má thárluigheann
gur b'í an duine ceart í fágtar an
camán ag an gcailín ceudna ar feadh
babhta eile. Mara mbeidh an ceart aici
deir an té go bhfuil an láir bhán aici —
“Cuir uait an camán,” agus is aici sin
a bhíonn sé ansan.
CEANN A' STÁCA.
Cuireann na leanbhaídhe go léir a
ndóirne dúnta as cionn a chéile. Ansan
cuireann duine aca ceist & freagruigh-
eann an chuid eile.
“Cé tá anáirde?”
“Ceann a stáca.”
An cheud chailín arís —
“Leig ar lár é
Ar maidin amáireach
Go n-íosaidh sé práta
Beirighthe beártha
Aníos ó ghort a' gheártha
Is braoinín dip.
Tóg.”
Nuair deir sí “tóg,” tógtar anuas
an dorn ba shia anáirde. Leantar do
mar sin go mbíonn na dóirne go léir
tógtha go dtí aon cheann amháin. Ansan
deir sí — “Cé tá shíos?” agus deir siad
— “Fear a' tíghe.” Deirid go léir ansan
d'aon ghut — “Buailtear é, buailtear é,
buailtear é,” ag bualadh an chailín gur
glaodhadh uirthe “fear a' tíghe.”
Eilís Stac.
POST DO CHAILÍN.
Tá post do chailín i dtig i mBaile
Átha Cliath. Níl sa tig ach beirt bhan
uasal. Gheobhaidh cailín maith a bhfuil
Gaedhilg na Mumhan aici tuarasdal
maith.
Scríobh chun bean an tighe, 47 Uachtar
Sráide Chillmhuire, Áth Cliath.
Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
PAIDIR PHEIG PHEADÍDÍ.
Tá Micí Réigin i na chomhnaidhe i n-aici
linn agus fear ana-mhaith iseadh é chun a
chuid oibre a dhéanamh. Is aige a bhíonn
a chuid féir san iothlainn nuair a bhíonn
muinntir Chillmhicciarain ag dul go dtí
an Chathair d'iarraidh pící agus racaí.
Seadh, go h-áirighthe, chuaidh Micí go
dtí an t-aonach so ghaibh tharainn agus
bhí ceartaos aige. Nuair a tháinig sé
abhaile an oidhche sin — & deirineach go
leór a bhí sé nuair a tháinig sé — do
bhíos-sa sa leabaidh nuair a chuala mo
Mhicí as straoileáil isteach & gach aon
chnead aige. Do léimeas amach as an
leabaidh & d'osglas leath an dorais chun
an scéal a chlos. Creidim gur ciall
ghreannmhar atá ag na daoine críona —
ní maith leo aon scéal nua a bheith ag
na rudaí beaga ach á gcur a chodla
go luath istoidhche. Seadh, tháinig Micí
isteach agus do shuidh sé ar an iarta.
Do chuir mo mháthair cúpla fód ar an
teine & do thóg m'athair amach a dhúidín.
“Seadh, a Sheáin,” arsa Micí, “is agam-
sa a bhí an trioblóid indiu. Ar a ceath-
air a chlog indiu do ghluaiseas leis an
mí-fhoirtiún ceartaosa chun an aonaigh.
Ní rabhas ach thall ag seana-phóirse
Pheigh Pheaidí nuair a dh'iompuigh sí síos
treasna páirce a' Leasa mar a mbíodh
peata mionáin a bhí ag Peig Pheaidí
na chodla. Thóg an ceartaos leis an
mionán le h-iarracht dá h-adharca agus
thosnuigh an gligín mionáin ar “mheig-
eg-eg.” Chuir Peig a ceann amach tríd
an bhfuinneoig agus níorbh aon ana-radh-
arc an ghruaig liath do bhí uirthi ag dul
isteach na súile. “Nár fhága Dia an
rath ort,” arsa Peig, “tu féin & do
cheartaos, a shimpleóir!” Nár dheas an
Phaidir í sin ó bhean a bhíonn ag rith go
dtí an seipéal ga' n-aon lá! Seadh,
bhaineas slat annsan agus do chasas an
beithidheach síos an bóthar. Ní fada gur
bhuail Pilib liom & cúpla colna aige
agus ghluaiseamair i n-éinfheacht. Nuair
a thánamair go dtí barra an tseana-
bhóthair rug ana-chith orainn & do shuidheas
féin & Pilib fé thor ach nuair b'fhada
linn a bhí an cith do bhogamair chun
siubhail arís; ach go rabhad aige Dia,
a Sheán, ní raibh rian dem' bheithidheach
i n-éinfeacht leis na colna. Seo me
féin & Pilib ag cuardach annso agus
annsúd. Tar éis tamaill b'éigean do
Philib imtheacht ar an aonach. Níor fhágas
féin poll ná póirse gan cuardach agus
me cráidhte, scólta & sé áit a fuaireas
fé dheire í ná thíos ar an Rinn Áird
ag féachaint amach ar chuan Bhéilínse.
Nuair a thánamair ar pháirc an aonaigh
bhí na jobéirí go léir ag imtheacht, ach
tháinig garsún droch-mhúinte aca aníos
chugham agus d'fhiafruigh díom cad a bhí
agam á iarraidh ar an seanabhó. Bhí olc
orm féin tar éis cúrsaí na maidne.
“Ní éileochainn aon leath-phinnig thar deich
bpúint ar dhuin' uasal,” arsa mise leis,
“ach nár fhaghad aon lá dá tairbhe má
thabharfainn gan fiche púnt í do shiocán
mar thusa.” Bhuaileas buille uirthi agus
bhuaileas an geata amach. Bhuail Taidhgín
Mháire liom. “Seo dhuit dhá sgilling &
tiomáin abhaile í as mo radharc,” arsa
mise leis, agus d'imthigh sé féin agus
í féin uaim. “An dóigh leat, a Sheáin,”
arsa Micí le deaidí, “ar mhaith dhuit
droch-phaidir Pheig Pheaidí ag dul ar an
saoghal eile. Go dtugaidh Dia oidhche
mhaith dhíbh go léir.”
Do phreabas-sa isteach sa leabaidh
agus do chlúduigheas mo cheann agus do
chaitheas an oidhche go léir ag taidhreamh
go rabhas ag comáint bó ar an aonach
& ná raghaidís annso ná annsúd dom.
Lá'r na mháireach bhí droch-scéal eile ag
Micí. Nuair a fuair Taidhgín Mháire an
dá scilling chuaidh sé ar meisce & nuair
tháinig sé abhaile ní raibh aon tuairisc
ar an gceartaos aige. Bhí Micí d'iar-
raidh é bhualadh ach tánathas eatortha.
Máirín Ní Shéaghda,
Sg. Cill Mhic Ciarain,
I n-Uibh Ráthach.
DO'N LÓCHRANN.
Fonn: “Alliliú mo Mháilín.”
I.
Ar theacht thar n-ais do'n Lóchrann,
Is cóir dúinn a mhaith a mhaoidheamh,
Mar ní raibh sa tír 'á iúngnais,
Ach glórtha gan mórán crích'.
Glanan súd an bóthar,
Do'n deórtha 's do'n dtaisdealaighe,
Tá radharc na súl do'n óige ann,
Is tógan le mire a gcroidhe.
II.
Aoinne a léighean an Lóchrann,
Ba chóir do súd machtnamh cruinn,
Go bhfuil gach Gaedhluinn fúghanta ann,
Ó gach úghdar dá bhfuil sa tír.
Léighim-se féin go dlúth é,
Is é sgrúdadh le bárr an phinn,
'S níl ó'n a cheithre chúinne,
Aon striúd ann ná fuil go fíor.
III.
An t-óig-fhear nighte, gleóidhte,
Atá á sheoladh, is dá chur chuin cinn,
Árd-chéimeach, léigheanta, mórdha,
Gur bród dúinn, é bheith 'nár dtír.
Dá mbeinn-se féin ám' ghéirseach,
Agus léas agam le mórán maoin',
Dob fheárr liom é 'na léine,
Ná Éire, le fear gan chrích.
IV.
'S níl aon ainnir Ghaedhlach,
Ó Bhéara go Caisleán Nua,
Ná go seolfainn féin ar séirse,
Go dtí an té úd 'á bhreacadh súd,
Do bheirim féin an chraobh do,
Sa Ghaedhluinn dár casadh liúm,
Buadh is beannacht Dé aige,
A n-aghaidh 'n lae leis a ghuidhim do súd.
Tomás Ua Criomhthain,
An Blascaod Mór.
P. H. Pearse le “Cóilín.” (Curtis, 12
Bóithrín an Teampaill, Áth Cliath, a chuir
amach — leathraol a fhiacha). Gearrachúntas
ar an bPiarsach é sin, agus taithneochaidh
le Gaedheal ar bith a léighean Béarla.
Trí h-uaire a tháinig athrú fáis ar mheon
an Phiarsaig, adeir “Cóilín;” é bheith in
a scribhneóir ar shaoghal leanbhaí, é bheith
in a fhile & a shaogal féin mar adhbhar
filidheachta aige, agus ansan é bheith in a
scribhneóir i dtaobh poluitigheachta agus
náisiúntais. S. T.
Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó
ALTHÓIR don TEAMPALL
San Aolchloch nó sa' Mharmar,
déanfaidh
SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Ar Fheabhas é. Scriobh chuige.
SLIGHE BHEATHA
MAITH DOD' MHAC!
Cuir chúgham-sa é
agus múinfead dó
conas bheith in a
SHEOLAIDHE
SCÉALA-GAN-
SRAÍNNG
Fé cheann ráithe nó
leathbhliana.
Scríobh ar lorg an réimleabhráin.
TOMÁS Ó SÚILLEABHÁIN
(Ó Uibh Ráthach)
"SCHOOL OF WIRELESS
TELEGRAPHY,"
CORCAIG.
Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é.
Geobhair deaghmhargadh
uainn-ne i gcomhnaidhe.
TÉ, ar feabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
faimídne an postas ar cheithre púint de.
PLÚR Gaedhlach.
MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha, min choirce is min
bhuidhe.
SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.
SEÁN & TOMÁS MAC CURTÁIN,
Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios,
CORCAIGH
Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag
T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.
Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.
Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.
Tá CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne.
Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair)
FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill.
CROS agus a CHLANN MHAC,
18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay),
CORCAIGH.
Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomhartaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.
Táid so 'á ndéanamh againn-ne —
ÉIDE SAGART,
ÁTHRAIGHE ALTHÓRA
mar chailíní, miasa, &c.
CROISEANA
den déanamh CEILTEACH in ór nó
airgead geal, agus
BUINN ÓIR
is
AIRGID.
LIAM MAC AODHGÁIN & a CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.
An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor.
Ceannuigh
STALCA SILVERSPRING
agus
“GORM” SILVERSPRING.
I nGleann Maghair, i gCorcaigh,
a deintear.
Sinn-ne a dhein
SNAOIS CHORCAIGHE
ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.
TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —
“Exhibition Roll agus
“Shandon Plug.”
Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheit sa' bheairtín idir thobac is saigréidí.
LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.
Aon rud i bhfuirm Éadaigh do Fhearaibh
tá ag
SÉAMUS Ó h-AODHA,
10 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
Píanó Ceart Gaedhlach ar £32!
Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn
anois, ag
Pigott & Co. Ltd.,
Luimneach, Ath Cliath
is Corcaigh.
CLÁR FEISE ÍBH RÁTHAIGH,
Dia hAoine, Meitheamh 29adh, 1917.
1. Duais £1 ar chúnntas scríobhtha idtaobh
shinnsireachta, seanachuis, is gníomhartha cine
nó muintire ar bith go bhfuil aon ádhbhar díobh
lonuighthe in Íbh Ráthach.
2. Duais 15/- ar chiorrú de sgéal nó
eachtra fada ar bith atá cúmtha cheana go
bhfuil clú air. Dhéanfadh timchioll míle
focal Gaedhilge an bheart do'n chomórtas
so ach caithfear brígh an scéil do thabhairt
amach go soilléir pé méid focal raghaidh
ann. Cuir i gcás “Diarmuid is Gráinne”
nó “The Cailín Bán” (le Gribhthín).
3. Duaiseanna 7/6 agus 5/- ar Chunntas
Cinn Lae; do chailíní scoile in Íbh Ráthach ag
cur síos ar gach nidh thárla dóibh ar feadh mí.
4. Dsna. 7/6 agus 5/- ar an rud céadna
ó bhuachaillí scoile in Íbh Ráthach.
5. Ds. 12/6 ar aighneas láidir do scríobhadh
mar bheadh idir bean is fear go mbeadh seis-
ean tar éis bó mhaol do dhíol ar aonach is an
bhean do bheith ag áiteamh air gur dhíol ró-
shaor. Nó adhbhar bheárrthóireachta ar bith
eile.
6. Dsna. 6/-, 4/-, 3/-, 2/6 do leanbhaíbh
scoile fé bhun 14 bl. i bParróisde Chathair
Saidhbhín nó ó'n gCois in Oileán Dairbhre
ar chómhrádh Gaedhilge thar na puinntíbh
seo (a) Cé'r a díobh iad is cá gcómhnuighid,
(b) Aimsir is clog, (c) Cóimhreamh is airgead,
(d) Beannachta is sláinte, (e) Baill na
colna, (f) Ainmhidhthe coitchionnta, (g) Béil-
idhe is mion-chaint bhúird, (h) Mion-phaid-
reacha.
7. Dsna. 6/-, 4/-, 3/- ar chómhrádh do
leanbhaíbh fé bhun 15 ó scoileannaibh i na
bhfuil an clár-dá-theangthach ar siubhal thar
Cúrsaí (a) Na Gaedhilge, (b) Na hÉireann,
(c) Sgoileanna, (d) Na hEaglaise is Creid-
imh, (e) Feirmeóireachta nó tighis, (f) Caith-
eamh-aimsirí is cluithchí, (g) Biadh & sláinte,
(h) Leabhair Gaedhilge agus a n-úghdair.
8. Dsna. 7/6, 6/-, 5/- do'n sgoláire scoile
is feárr léighfidh is míneoghaidh cúpla stáir
as “An Lóchrann.”
9. Dsna. 6/-, 4/- is 3/- do'n bhuachaill nó
chailín fé bhun 17 is feárr a déarfaidh ceann
de dhántaibh Thomáis Ruaidh nó Eoghain Ruaidh
nó leath-chéad líne nó mar sin de'n chuid
tosaigh de “Laoi Oisín” nó de'n “Peacach
san Bás” de “Chuairt a' Mheádhon Oidhche”
nó de'n “Siota 's a Mháthair.”
10. Dsna. 15/- is 7/6 ar an aithris is feárr
ar an bpíosa cómhráidh seo “Ag Déanamh
Cleamhnais” ag fuirinn leanbhaí scoile.
11. Coróinn ar an innsint is feárr de
sgéal gairid pléisiúrach éigin .i. é innsint
do'n sluagh ó'n stáidse lá na Feise.
12. 10/- do roinnt idir an bheirt is feárr
a dhéanfaidh beárrthóireacht ar a chéile, mar
dh'eadh, os comhair na Feise, ar a rogha cúise
iomarbháidh.
13. Dsna. 7/6 agus 5/- dos na mnáibh óga
nó pósta is feárr chun abhránuidheachta.
14. 6/-, 4/- is 3/- dos na cailíní scoile
is feárr chun abhránuidheachta.
15. An rud céadna i gcóir garsún scoile.
16. 7/6 is 5/- dos na h-abhránuidhthe fear
is feárr.
17. Camóga nó camáin is liathróid do'n
bhuidhin scoile is feárr chun abhránuidheachta
in éinfeacht. Gan níos mó ná dáréag in
aon bhuidhin.
18. Buinn airgid do'n gceathrar is feárr
dhéanfaidh ríl ceathrair ag an bhfeis.
19. Bonn airgid do'n rinnctheoir buach-
alla is feárr atá fé bhun fiche bliadhain.
20. Bonn airgid nó collaer de lása
Luimnighe do'n rinnctheoir cailín is feárr
ach í bheith fé bhun ocht mbl. déag.
21. Cúig sgillinge déag do roinnt idir
na leanbhaí scoile is feárr chun na rinncí
Gaedhlacha.
22. 16/- do'n ochtar garsún scoile (gan
éinne acu a bheith thar 15) is treise i dtarrac
na téide.
23. Pheidhre bhróg do'n gharsún sgoile fé
bhun 15 is feárr chun léim árd a chaitheamh.
24. Pheidhre de bhróga dearga do'n chailín
scoile is feárr chun léimt luasgaigh tré
théid — sé sin, is sia a choimeádfaidh ar siubhal
é gan dul in achrann sa téid. Beidh beirt
chun na téide do luasgadh ach faghadh gach
cailín a beirt féin má's feárr léi é.
COINGHÍLL.
Ní fuláir ainmneacha iomaidhtheóirí bheith ag
na Rúnaidhthibh roim an 21adh lá Bealtaine.
Caithfear aisdí scríobhtha chur isteach roim an
lá gcéadna. Ní bhronnfar aon duais mara
mbíonn triúr astigh ar a gcomórtas ná aon
dara duais mara mbíonn cúigear ag iomaidh.
Tá coinne againn go bhfaghaimíd cuid des naduais-
eannaibh seo nó síntiúsaí i gcóir na Feise ó Ghaedhlaibh
a léighfidh seo ag baile nó i gcéin.
Cómh-
Rúnaidhthe.
CAITLÍN NI SHÚILIOBHÁIN
TADHG Ó SÉAGHDHA
Seoladh: Connradh na Gaedhilge,
Cathair Saidhbhín.
CEISTEANNA:
1 — Cím é agus ní fheicim é,
Cím ar bhárr an aitinn é,
Drúcht an fhéir a sgaipean sé,
Ní stadan sé ach ag rith. — Sgáil.
2 — Ceathrar ar rith, ceathrar ar crith,
beirt ag déanamh eolais agus Mac Ní
Bhodagáin 'na ndiaigh. — Bó.
3 — Tobairín fíor-uisge ar fhíor-bharra
a' tsléibhe finneóigin gloine leis a's
dhoruisín déil air. — Súil.
4 — Ní h-ór é, ní stán é, ní pláta é,
Ní gabha do dhein é ná ceárduighe.
— Leac-oidhre.
5 — Tá láir bhán sa loch
A's ní stadan sí cos
Go dtéidhean sí go Ros.
— An ghealach.
6 — Sin é síos & suas mo chómh-naos.
Mo lámha.
7 — Tigin ar uasg — Sméar dubh ar
sgairt.
Mac Léighinn.
DEIN SO, LED THOIL.
Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a
bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i
n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís
an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn.
Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
SEÁN BUIDHE
Gléas D.
Tá an ceol i bhFilidheacht na Mumhan, leathanach 200.
I.
Tá sgéal agam chúghaibh-se, go dtáinig sé
'n dúthaigh,
An faraire gléigeal úd, Seán Buidhe,
Tá bád agus long aige, ag snámh ar na
tonntacha,
Agus thug sé leis flúirse de'n ór bhuidhe.
Curfá:
Buailidh a' rógaire,
Buailidh a' rógaire,
Buailidh a' rógaire, Seán Buidhe,
Buailidh a' rógaire,
Is cuiridh dá fhógairt é,
I gCorcaig, in Eochaill, 's i dTráighlí.
II.
Is saor maith slinne é, is togha 's rogha
muiltheora,
Do ramhróch sé bréid agus plainín,
Tá aige cleasa, a bhaineann le maidí,
Agus phógfadh sé bruinnioll, gan aon nidh.
Buailidh a' rógaire, &rl.
III.
Is píobaire, bheidhleadóir, eilictheóir, adh-
madóir,
Fear snaoise mheilth, cíoradóir, gréasaidhe,
Do dhéanfadh sé fíonta de bharraíbh na
gcraoibheacha,
Agus shnámhfadh sé an taoide go tóin
puill.
Buailidh a' rógaire, &rl.
IV.
Is táilliúir 's is gabha é, 's is printéiridhe
leabhar é,
Is mar mheasaim gan amhras is breágh
scríobhann,
Dhéanfadh sé céachta go dtreabhfá an
saoghal leis,
Soc agus colltar is másaí.
Buailidh a' rógaise, &rl.
V.
Do dhéanfadh sé n-a dhiaidh sin duit, fáinne
agus biana,
Agus do chuirfeadh sé fiacla i gcárdaíbh,
Do lámhachfadh sé an fiadh, bheadh ar árd-
chnoc le bliadhantaibh,
Is ba ró-bhreágh an t-iasgaire é Seán
Buidhe
Buailidh a' rógaire, &rl.
VI.
Ní Seán Buidhe m'ainm-se, ach faraire
gléigeal,
Lúthmhar mear éadtrom is mór-chroidheach,
Níl slighe ar bith céirde ná tuillfinn-se
raol air,
Is ní dhéanfainn na dhéidh sin de stór puinn.
Buailidh a' rógaire, &rl.
VII.
A chailíní deasa ó cheanntar na Rátha,
A bhfeacabhair an bhagabond Seán Buidhe?
Ní leómhfadh aon óig-bhean gabháil tharainn
an bóthar,
Le h-eagla an rógaire Seán Buidhe.
Buailidh a' rógaire, &rl.
VIII.
Ar maidin Dé Domhnaigh 's me gabháil síos
an bóthar,
Go h-atuirseach brónach gan ór puinn;
Do casadh orm óig-bhean bhí gléasda go
córach
'S í faire ar an rógaire Seán Buidhe.
Buailidh a' rógaire, &rl.
IX.
Tá bean aige i gCaiseal is bean i bPort-
láirge,
Is bean eile thoir aige i dTráighlí;
Is níl bean óg ar mh'eolas ná díolfadh a
clóca
Chun airgid póca do Sheán Buidhe.
Curfá:
Buailidh a' rógaire, &rl.
Do scríobh Muiris Ua Conaill, Cillínliath, é seo ó
bhéal aithris Sheáin Uí Shéaghdha, Bréachaig, Parróiste
na Dromod. Táilliúr aerach iseach Seán agus bíonn
an t-abhrán so ar siubhal chomh minic sin aige go
dtugtar “Seán Buidhe” air féin imeasg na gcómhur-
san. Roinnt bhliadhan ó shoin do bhí cruinniú mór ag
Peadar ag séipéal na Dromod is labhair sé go dian
i gcoinne Sheáin Bhuidhe éigin eile ná fuil Peadar
ró-cheanamhail air. Dúbhairt sé leis an bpobal gur
mheasa ná an mac mallachtan é Seán Buidhe is gurab
é fé ndeara gach mí-ádh do bhí anuas ar mhuintir
Íbh Ráthaigh. Bhí bean aosda ag éisteacht leis is dúbh-
airt sí “tá Seán Buidhe níosa mhacánta ná tú féin
pé olc atá agat chun an duine bhoicht.” Do cheap sí
gurab é Seán Bhréachaighe bhí á leadhbadh aige Peadar.
BEIR É FÉIN LEAT.
Bhí sean lanamha ann fadó agus is é
mo thuairim ná raibh an saoghal ró mhaith
acu ar chuma éigin. Pé sgéal é bhí an
tsean-bhean abhfad níos sine ná an sean-
duine & is dócha ná raibh puinn céille
aici. Bhíodh sí á rádh gach aon lá dá
mbé toil Dé go bhfaigheadh sí bás go
mbeadh sí ana-shásta. Deireadh an sean-
duine gur bhréag a bhí aici dhá ínnsint
agus gur mear a rithfidh sí ó'n mbás
dá bhfeiceadh sí ag teacht é. Deireadh
sise ná rithfeadh agus go mbeadh míle
fáilte aici roimis.
Bhí an sean-duine seo ana-ghlic agus
dubhairt sé leis féin go mbeadh fhios
aige a raibh an tsean-bhean ag ínnsint
na fírinne. D'imthig sé lá agus do
bheárr sé an coileach. Níor fhág sé an
oiread is aon chleite amháin air. Sgaoil
sé uaidh ag an ndoras é, agus bhuail
sé féin isteach agus do shuidh thuas i
n-aice na teine. Bhí fuacht ar an gcoil-
each mbocht agus tháinig sé isteach agus
bhí sé ag bailiú leis go mall a d'iar-
raidh dul i n-aice na teine. Chonnaic
an tsean-bhean é ag déanamh suas uirthi
féin agus cheap sí láithreach gur b'é an
bás a bhí ann. Do bhéic sí & do sgread
sí le h-eagla roimis, agus ar sise leis:
“A mhaise, gaibh anonn agus beir é féin
leat.”
Cáit Ní Chonaill,
Sc. Chúm Shóla.
Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.
Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn.
H. JOHNSTON,
TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teo.,
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.
GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.
Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”
Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —
TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.
CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!
MARGAIRÍN
“LEANDAR”
Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.
Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.
Tá le fághail uainn-ne —
TÉ BLASTA CÚMHRA.
Ceannuigh púnt de mar shompla.
SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.
BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.
Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne, &
é chomh saor le h-aon rud
a gheobhfá i gCorcaigh nó
i mBaile Átha Cliath.
Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —
SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE,
Co. Chorcaighe.
Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
DO BHEATHA 'S DO SHLÁINTE
ANSO.
I. — BIADH (tuille dhe).
Má 's é an bainne an biadh is fearr
is é an t-uisge an deoch is fearr. Ní
san amháin ach is é an t-éan deoch amháin
é ba cheart d'aoinne d'ól. Caithfear
deoch d'ól. D'fhéadfadh duine maireacht-
ain tamall maith gan biadh; ach ní fhéad-
faí déanamh gan deoch ach lá nó mar
sin. An bhásta bhíonn ins an gcolainn
tar éis bidh & oibre, muna gcuirfeadh
an chabhail di é, do dhéanfadh nimh de,
agus do mharbhóchadh sé an duine go
tapaidh. Is é an t-uisge is fearr a
chabhraigheann linn chun an bhásta sa don
chur dinn. Bímíd ag caitheamh uisge coit-
chianta. Bímíd dá ól i n-a dheoch, agus
bíonn sé flúirseach ins na glasraí a
ithimíd, i gcabáiste, i dturnapaí, i bprátaí
agus i mbiadh eile. Bíonn deich gcuid is
cheithre fichid as an gcéad d'uisge i n-a
lán díobh san. Tá trí fichid cuid fé'n
gcéad d'uisge i bhfeoil búistéara. Tá
níos mó ná san d'uisge i n-iasc. I bhfoch-
air an bhásta a thabhairt leis tugann an
t-uisge congnamh mór chun an biadh do
leaghadh agus do chur tríd an gcabhail.
Tá biadh ins an uisge leis. Tá mórán
uisge ins an gcolainn féin. Tá deich
gcuid is trí fichid fé'n gcéad d'uisge
innte, agus is follus as san go ndein-
eann uisge mórán chun an cholann do
choimeád suas. Teastuigheann idir ceithre
phiúnta agus chúig phiúnta d'uisge ó fhear
oibre ins an ló. Bíonn cuid mhaith de'n
uisge sin ins an mbiadh a chaithimíd; ach
ní mór dúinn uisge d'ól leis. Ní gádh
dhúinn aon deoch eile d'ól. I dtaobh té,
caifí, agus cócó, dar ndóig, níl ionnta
ach uisge agus gráinní beaga measgtha
air. Ní h-aon díobháil do dhuine folláin
na deocha san d'ól go measardha, ach ní
gádh d'aoinne iad d'ól. Gan dabht nuair
bheadh troime nó codladh ag teacht ar
dhuine do spreagfaidís é & ghríosfaidís
é ar feadh tamaill. Ach tá daoine &
níor cheart dóibh na rudaí sin d'ól.
Cuireann siad fallsaer ortha. Duine
bhíonn ag ól té gach aon lá, & b'fhéidir
trí h-uaire sa ló, má stadann sé dhe
lá, agus má bhíonn teinneas cinn air
ar maidin lá ar n-a bhárach is comhartha
dho é sin go raibh sé ag ól an iomarca
dhe. Sé an sgéal céadna é le caifí. Is
fearr de dheoch an cócó ná aon cheann
díobh san mar tá biadh ann.
Tá uisge eile ann ar a dtugtar uisge
beatha, ach is é ainm ba cheart a thabhairt
air ná uisge báis. Nimh iseadh é. Ní
mharbhuigheann sé duine an chéad uair,
agus tá daoine & mhairid a bhfad dá
ól. Ach aoinne a leanann dá ól ar
feadh a bhfad marbhuigheann sé ins an
deire iad. Deineann sé díoghbháil do'n
inchinn agus do'n chroidhe go mór mhór ach
tá sé díogbhálach do gach aon chuid de'n
colainn. Is é an sgéal céadna é ag
leann & ag beoir ach gan oiread de'n
nimh a bheith ionnta & atá ins an uisge
beatha. Má thugann duine mar bhéas do
féin bheith ag ól na ndeoch san faghann
siad greim air i dtreo nach féidir leis
déanamh gan iad. Deinid siad meis-
geoir de agus níl radharc is gráinne
ar an saoghal ná meisgeoir.
(Tuille). Peig.
FEIRMEÓIREACHT.
Tá an sean-fhocal ann “nách é lá na
gaoithe lá na scolbh.” Is maith a thuigid
feirmóirí brígh an tsean-fhocail sin anois.
Tá cúis chuige aca. Tá an síor-dhortadh
báistighe atá againn le cúpla mí ag
báint na smúite as a súilibh. Chíonn
siad go bhfuil easpadh tighthe ortha. Tá
cuid dá gcuíd stoic amuigh fé'n bhfear-
thainn; tá mórán dá ngléas oibre ag
dreoghadh cois claidhe na h-otrann; agus
tá, rud is measa dhóibh anois, a gcuid
prátaí, nár tháinig leo a thiormughadh,
curtha fliuch i bpollaibh aca mar a lobh-
faid siad gan amhras.
Badh mhaith linn cómhairle do thabhairt
d'fheirmeóiríbh óga ar an gceist seo na
dtighthe. Tír fhliuch is eadh Éire. Tá sí
fliuch riamh, agus beidh go deo. Níl aon
leigheas ar an mbáistigh; ní thiocfaidh le
h-inntleacht an duine gléas a cheapadh
choidhche do chiomeáfaidh uainn í. Dáltha
na mbocht beidh sí i gcomhnuidhe againn.
Acht ó n-uair ná fuil sé i n-ár gcumas
cosg do chur léi, ba cheart go mbeadh
eolas againn cionnos sin féin do chos-
aint uirthe. An feirmeóir ná déanfaidh
beidh a rian air; beidh a thoradh aige,
beidh sé bocht go deo.
Cad é an tairbhe do dhuine ba do
thógaint sa t-samhradh má leogann sé
dhóibh bás d'fhagháil ó'n bhfuacht sa gheimh-
readh? Cad é an mhaith dho bheith 'á
mharbhughadh féin le gort & le garraidhe
má leogann sé do thoradh a chuid oibre
lobhadh 'n-a dhiaidh sin?
Tá súil againn go bhféachfaidh an feir-
móir óg roimis feasda, agus ba mhaith
linn dá dtugadh sé an chéad aire dá
thig cómhnuighthe féin. Ba cheart do tigh
glan, oireamhnach, cluthmhar do bheith aige,
& inead ceart codlata do bheith ann.
Ní féidir leanbhaí galánta do thabhairt
suas i mbothánaibh gan chrích. Ní bheidh
ionnta acht bacaichíní. Ba cheart bórd
& solas air do bheith aca chun stuidéir
do dhéanamh, agus roinnt leabhar agus
páipéir do bheith le tarrac chúcha aca.
Lasmuigh ba cheart do'n tigh bheith dath-
amhail; tíompal an tighe bheith glan, agus
bláthana saora, agus toir chumhra bheith
curtha annso agus annsúd ann. Níor
cheart crainn úbhall do dhearmhad acht
chómh beag. Fásaid siad ins gach aon
bhall. Is mór ag leanbhaibh iad, agus is
maith an bia dhóibh iad.
Is mór an cheist í seo ceist na
dtighthe, agus is olc linn ná fuil cao
againn ná slighe againn ar labhairt uirthe
mar ba mhaith linn. Ní'l againn anois
acht a rádh arís: Ná leogaidh bhúr gcuid
leis an mbáisdigh, & tugaidh a gceart
do sna leanbhaibh. Is asta bheidh muin-
ghín againn go léir fós.
Gruagach an Tobair.
FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH, &rl.
A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.
“AN LÚCÁNIA”
(de dhéantús na hÉireann)
ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.
Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:
“Scéalta don Aos Óg,” 2d.
“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.
“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6
Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:
Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.
Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —
Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:
“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.
Tá árd-teist ar
MHUINTIR HILLIARD (teo.)
CÍLL ÁIRNE,
De bhárr an chuma in a gcabhruighid
le déantúisí na hÉireann. Ní gádh
earraí thar lear do cheannach, agus
SEOGH EARRAÍ
GAEDHEALACHA
Le fághail in a dtigh sin. An siopa
éadaigh is mó agus is fearr
i gCiarraidhe.
Tig a 6 agus a 7 sa' tSráid Mhóir,
CÍLL ÁIRNE.
Earraí Gaedhlacha do Ghaedhlaibh!
Léinte. Lámhainní. Carabhata.
Stocaí “Guailneáin.” Bróga.
Caipíní agus Hataí,
ó TH. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath.
BÍODH PÍOPA MAITH
GAEDHLACH AGAT.
Tá
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
le ceannach i ngach siopa tobac.
Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —
CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.
Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.
Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press,” Dúndroma, Áth Cliath
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11