Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mí Feabhra 1913

Title
Mí Feabhra 1913
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1913
Publisher
Muintir Raighill is Cuirc

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Lóchrann



PÁIPEUR LE GAEDHILG IN AGHAIDH AN MHÍOSA É SO.



IML. V. UIMHIR I. MÍ FEABHRA, 1913. PINGINN.



AG BUN ROS NA COILLE.



Ag bun ros na coille ar thuitim an
drúcht aréir,
Seadh dhearcas an fhinnebhean shoin-
eanta b'áilne gné
Do ritheas na coinnibh chun tuitim i
bprásáil léi
Sé labhair sí “a dhuine, ar an buile
taoi, ní dóigh dhuit mé,”



II.



“A spéirbhean mhaiseamhail mhaireanta
modhmhail tais shéimh
An maireann do dhuine nó ar mhiste
leat gabháil liom féin”
D'fhreagair sí mise go cliste de
chomhrádh shéimh
Go gcaithfinn é imirt ar chluithche cúig
gcártaí léi.



III.



Do luigheamar ar imirt is ní thagadh
liom áireamh géar
An t-aon mar a thugainn, leis an g-
cuireata bhuailfeadh é
Nuair bhuaidh sise an cluithche is milis
adubhart-sa léi
“Ní hádhbhar duit mise ó chailleas-sa
lúth mo ghéag.”



IV.



“Má bhuadhas ort sa chluithche le glio-
cas ná bíodh ort brón
Tar liom abhaile-gheobhair beath' uisge
is fíon ar bórd
Gheobhair cead suighe liom is taistil
le misneach is lúth ar neóin
I nineadh bheith caithte dhuit geallaim
arís bheith óg.”



V.



Nuair labhair sí siud liomsa do chor-
ruigh mo chroidhe is do léim
Is cheapas go gcaithfeadh an fhinne-
bhean saighead trím thaobh
Is binn 's is blasta do chanainn léi
fíor is bréag
Go dtí an tarna glaodh 'choileach —
mo bheannacht gur scaoileas léi.



Bhí triúr fear ann inaon tigh amháin
agus do dheineadar rud éigin as an
slighe agus do daoradh an triúr chun
a gcrochta. Taréis iad do dhaoradh
do ghlac an breitheamh truagh don
mhnaoi bhoicht [mar gurbh'iad a fear
agus a mac a's a dritháir do daoradh]
agus dubhairt sé “Is mór an truagh
an triúr do chur amach as aon tigh
amháin.”



Do ghlaoidh sé chuige ar an mnaoi.



“Tá t'fhear agus do mhac agus do
dhritháir anso” ar seisean “Tabharfad
párdún do dhuine aca. Ciacu aca is
fearr leat. Beir leat do rogha aca
anois.”



Do stad an bhean ar feadh tamaill
agus í ag cuimhneamh is ag smaoineamh.



“Well” ars an breitheamh “ciaca
aca bhéarfaidh tú leat.”



“Gheobhaidh mé fear ón Mumhain
Gheobhaidh mé mac óm chúm
Agus béarfaidh mé féin mo dhritháir
liom.”



AN BACACH AGUS AN BHEAN.



AN BACACH.



Gombeannuighe Rí na naomh duit.
Muire is a h-Aon-Mhac,
Mise an bacach aosta atá 'na
ag siubhal,
Nár tháinig riamh ghadh éileamh, is tá
anois ad iarraidh déirce,
A bhean an tighe bí euscaidh, agus
scaoil mise chun siubhail.



An Bhean



Mhuise suidh-se síos is déan reast;
glac-sa bog an saoghal so;
Níl muirghean ort ná géibheann acht
tú féin garbh mór
Ad iarraidh saidhbhris do dhéanamh de
bhárr do mhálaí déirce
Is beidh mórán aca id' éis-se, dá
mhéid é do shiubhal.



An Bacach



Ní thógfainn prátaí ar scéith uaig ná
deoch den bhainne ghéar uait
Ach lomra na gcaorach isé do b'aite
liúm.
Éir' id shuidhe, a spéir bhean



Saill is im is gréithre is tréighfidh mé
an siubhal.



An Bhean



A bhacaigh bhuidhe na léige leig dod'
ráidhte baotha,
Ar na fir isteach do ghlaodhfainn chun
do phlaosc-sa do bhrughadh
Nuair ná tógfá prátaí ar scéith uaim
abheadh tíortha tirm glan plaos-
cach
Ná deoc den bhaine ghéar uaim, mar
sé is baoth chun an tsiubhail.



An Bacach.



Do fuaireas togha rogha is comhairle
ó chailíníbh na parróisté
Cúpla mála is córda is iad do chean-
gal ar mo thaoibh,
Ní theastuigheann a thuille den tsórd
uaim acht cúilfhionn deas as
clóca
Agus siubhlóchaidh mé clár Fodla nó
gheobhad í gan mhoill.



Nuair siubhlóchad féin an méid sin,
ní baoghal go mbead gan aoinne,
Ceannochaidh mé píosa bréidín i nÍmo-
coille thíos,
Beidh a bróga i bhfaisin déanta is a
búclaí greanta ar aon chois
Is mo mhaidí croise ag léimrigh i n-
doras gach aon tighe.



Beidh mé feasta am “foreman” ar
bhuachaillíbh na Fodhla,
Ar bhaiste is ar chóisire is gach ball
eile dá ngeobhad,
Beidh a gcáibíní na ndóirnibh ag umh-
lughadh dham ar bhóithribh
Is a dtoibreacha órdha ní leomhfaid
siad suidhe.



TADHG Ó MURCHADHA,



do soláthruigh.



SEAGHAN CLÁRACH AGUS AN
BHÁLACH.



Do ghluais buachaill roimis lá ó Dhún
Ghuairne go Rath Luirc mar ar
chomhnuigh Seaghan Clárach.



Do bhuail sé ag an ndoras agus do
tháinig an cailín amach chuige, a's
d'fhiafruigh sé dhí an raibh Seaghan
Clárach istigh.



“Tá” ars an cailín.



“Abair leis teacht amach chugham” ars
an buachaill.



Do chuaidh an cailín isteach agus
thug sí an teachtaireacht uaithi.



“Abair leis go raghaidh mé amach
nuair ólfaidh mé mo dheoch” ar
Seaghan.



Do tháinig an cailín amach & do thug
sí an teachtaireacht



“Stad ar do chois, a chailín” ar sé.
Do fuair sé a pheann, a dhubh, a's
a pháipéar aghus do sgríobh sé
nóta.



“Tabhair é sin do d'mháighistir” ar
seisean.



Do thóg sí isteach an nóta chun
Seaghain.



Seo mar a bhí san nóta: —



“Innis do Sheaghan gheal Chlárach úr
uasal,
An file gan cháim nár ghnáthach gnúis
ghruama,
Gur mise an Bhálach bán a Dún
Ghuairne
Ná hólann a chárt go brath i rúm
uaigneach.”



Nuair do léigh Seaghan Clárach an
rann, do tháinig náire air. Phreab sé
amach ceannlomnochta. Do rug sé
ar láimh ar an ngarsún agus adubh-
airt —



“A fhile gan cháim, is a Bhálaigh úir
uasail,



Do hoileadh go hárd idir dháimh na
ndruadh cruadhcheist,



Fiche agus fáilte fearthar chughat
uaimse



Is gur muireann liom tú fhágháil ins
an Ráth, a ghnúis ghruadh-ghlain.”



Do thug Seaghan isteach é agus do
choingibh é ar feadh bliadhna.



Straere mór do b'eadh Seaghan.
Do bhíodh sé i gcomhnuidhe ag siubhlóid;
is gach nidh do thuiteadh amach i rith an
lae d'innseadh an garsún do gach aon
oidhche nuair do thagadh sé abhaile; a's
ní thuigeadh muinntir an tighe iad.



Acht do bhí aon nidh amháin nár innis
sé dhó go dtí an lá deirineach nuair
a bhí a bhliadhain tugtha aige.



Dubhart Seaghan le na mhnaoi “Tá
an garsún ag imtheacht uaim amárach
agus tá bóthar fada roimis. Tá
cearc reamhar thurcaí ansan is mairbh í
agus beirbh i gchóir a bhreicfaist í, a's
tabhair le n-ithe dhó í, ar maidin
amárach.”



Ar maidin amárach — do chuaidh Sea-
ghan amach go dtí fear des na comh-
ursain chun chun go mbeárrtí é.
An fhaid do bhí sé amuich, do tháinig
an fear do bhíodh ag gabháil lastiar



agus ní bhfuair an garsún pioc de.



Do bhuail sé amach mar a raibh Sea-
ghan dá bhearsadh a's do bhuail a lámha
ar dhá lígh an dorais agus é go dubhach
agus níor labhair sé smiog. Nuair
dob 'fhada le Seaghan gur labhair sé,
do bhris ar an bhfoidhne aige a's adu-
bhairt sé.



“A Bhaltaigh ghearra andeas ó Dhún na
Slógh!
Fáth do sheasaimh, aithris dúinn do
sgeól.
An é cailleamhaint fearainn t'athar
cúis do bhróin
Nó milleadh ban do ghabh tú is tú go
hóg.”



Do fhreagair an garsún.



Ní milleadh ban do ghabh mé. Diúl-
tuighim dóibh.



Ná cailleamhaint fearainn m'athar
cúis mo bhróin,
Ach amhain do chearc gur mhaith a súp
is a feóil
Dá ithe ag fear is é ag magadh fútsa
a Sheóin”



Do phreab Seaghan amach. Fuair
sé peann, dubh, agus páipéar agus
do sgríobh sé a phas do, agus thug
costas an bhóthair go maith do.



TADHG Ó MURCHADHA,
do sholáthruigh.


L. 2


NA MÚRAIGH.



Thuaidh i mbaile 'n Mhúraig fadó do
chómhnaidh naonbhar deirbhráthair. Na
Múraig a tugtaoí ortha. Ní raibh a
fhios ag aon duine aca cé'n ainm a
bhí ar aon duine da dheirbhratháireacha
agus ní raibh a fhios ag aon duine eile
mór thímcheall an pharóiste ach oiread,
ce'n ainm a bhí ar aoinne aca. Do
bhí trí no ceathair do ghoirt bheaga aca
agus gach aon mhaidean bé an chéad
rud a dheineadh an fear críonna, cómh
maith agus dá mba feirm mhór throm
a bhéadh aige, ná imtheacht amach a'
féachaint ar an dtalamh.



Aon oidhche amháin san gheimhreadh do
bhí sé ag cur sneachtaidh go trom agus
do bhí sneachtadh ar an dtalamh go
tiugh. Do bhí talamh na Múrach clúd-
aighthe lé sneachtadh cómh maith lé haon
talamh eile agus nuair a dh'éirigh an
fear críonna ar maidin n'fheacaidh sé
an talamh.



“Tá fhios agamsa” arsa é sin leis
féin “cail an talamh imthigthe; tá sé
tógtha ag Gearaltach an Droma,”
agus leis sin léim sé síos in tseómra
agus dhúisig sé a ochtar deirbhrathar.



“Eirighidh bhúr suidhe” arsa é sin
leo, “tá an talamh goidighthe ag
Gearaltach an Droma” “fear a
bhíonn ag goid talmhan é agus bain-
feamna sásamh do i dtaobh é ghoid.”



Léim an t-ochtar ina suidhe agus
bhuaileadar ortha a gcuid éadaig.
Bheir gach aon duine aca ar bhata mhór
agus bhuaileadar amach cosnochtuighthe
sa tsneachtadh. Siúd síos do dhruim
Cnoic Bréandain iad agus faobhar
fútha nó go dtángadar go dtí Mul-
lach Bhéal.



Bhí a dteist siúd amuigh lé neart
agus lé óinsiúltacht & nuair chonnaic
an Gearaltach chuige iad tháinig
sórt eagla ar rómpa. Tháinig an
naonbhar chuige a's d'fiafrughighea-
dar do cá raibh a gcuid talmhan.



“Mo truagh mhór sibh,” ar seisean
“tá an talamh agamsa agus dá mhéid
deabhadh a dheanfaidh sibhse beidh an
talamh aige baile agamsa róimhibh.



Do chas an naonbhar tar nais agus
do thosnuigheadar ar a bheith ag cur
díobh go tiugh nó go dtánagadar go
dtí Mullach Bhéal.



“Stadaig” ars' an mac críonna
“tá an riabhach air siúd; cómhairímís
sin féin.”



Do thosnuigh sé ar chómhaireamh agus
chómhairigh sé a ochtar deirbhrathar ach
níor chómhairig sé é féin i naó' chor.



“Ná raibh a fhios agamsa” ars an
deirbhráthair críonna “go ndéanfadh
sé díoghbháil éigin; tá duine againn
coimeádaighthe aige.”



Síos leó arís tríd an sioc & an
sneachtadh nó go dtangadar go dtí
an Drom. Tháinig an Gearaltach
amach agus chómairigh sé iad agus bhí
an naonbhar ann. Siúd leo arís agus
níor stadadar nó go dtánagadar go
dtí Mullach Bhéal. Do chómhairigh an
mac críonna arís iad ach níor bhac sé
é féin agus do chasadar síos arís.
Do bhíodar síos agus suas mar sin
trí huaire.



Nuair a thángadar go dtí Mullach
Bhéal an tríomhadh uair do leig an
fear críonna abhaile a ochtar deir-
bhrathar agus chuaidh sé féin siar go
dtí Coimín Ól chun cleamhnas a
dhéanamh lé inghean an Dálaig. Do
deineadh an cleamhnas a's do bhí gach
aon nídh socraighthe aca, ach bhí an
cailín óg thuas sa tseómna a's theas-
taig uatha labhairt lé. Dob' fhada
leis an mháthair an fhaid a bhí sí thuas
agus chuaidh sí suas chúichi. Do bhí an
cailín óg ag gol go dúbhach agus d'
fhiafraigh an mháthair dhí cad a bhí 'á cur
ag gol.



“Tá” ar sí sin, “ná feadar cia'n
ainm a thabharfainn ar mo mhac dá
mbeadh sé agam.



“Mhuise tá an ceart agat” ars'
an mháthair agus shuigh sí síos agus
ghoil sí.



B'fhada leis an Dálach an fhaid a
bhíodar agus chuaidh sé suas chucha.
D'ínnsigheadar dho cionnus a bhí an
scéal agus dúbhairt sé go raibh an
ceart aca agus thosnuigh sé féin ag
gol na dteannta.



Do bhí an Múrach thíos agus n'fhead-
air sé cad a bhí dá gcoiméad thuas
ins an tseómra. Cheap sé gur bh'amh-
laidh a bhíodar chun an cleamhnas a
bhriseadh agus chuaidh sé suas chun a
fhios a fhághail arbh' eadh. D'ínniseadar
do cad a bhí ar siubhal aca.



“Mo thruagh mhór sibh,” arsa é sin,
“Bhí naonbhar agam bmáthair aca agus
fuair sí ainm dos gach aoinne aca.”



“Mhuise tá an ceart agat” ars'
iad san go léir agus tangadar anuas.
Do pósadh iad agus do mhaireadar
go sásta as san amach.



Seán Ua Murchadha,
Scoil Bhaile na nGall,
Corca Dhuibhne.



TADHG Ó RUDAIGHE.



Deir an Seabhac go bhfuil daoine
greannamhra 'na phróiste féin agus
is ró-mhaith 'do chreidfinn é.



Ach tá daoine greannamhra i
n-áiteannaibh eile leis, agus cé ná
féadfaidís dul i gcomórtas le muin-
tir an tSeabhaic ins na cúrsaibh sin,
tá cuid acu ná beadh ró-mhór chun
deirig mar sin féin. Ach ba ghreanna-
amhra go mhór iad roimis seo.



Bhí fear i bPróiste Chatharaigh i g-
Cairbre tuairim is trí fichid bliadhain
ó choin. Tadhg Ó Rudaighe ab ainim
do. Fear dúr, garg, stuacach do bhí
ann. Ach fear macánta deag-chroidh-
each deagh chomhursanach ar a shon san.
Ní cheileadh sé an fhírinne choidhche nú
an rud dob fhírinne leis, agus bhí an
meas céadna aige ar gach duinne — ar
tighearna agus ar treabhadóir, ar righ
agus ar rudaire, ar iarla, agus ar
iasgaire.



Bhí mac ag Tadhg, agus áiltheoir d'-
ailfraits aimhleasta a bhí ann; mac
chomh fiadhain ná féadfadh daoine foidh-
neamh leis. Bhí an t-athair agus an
mháthair na suidhe ar dha thaobh na teine
oidhche gheimhridh agus fiadhantas an
mhic mar adhbhar machtnaimh a's buartha
aige Tadhg, agus gan an dódhéag sár-
uighthe ag an mac fós. Fí dheire do
labhair Tadhg le n-a mhnaoi.



“A Mháire!” ar seiseam.
“Teacht” arsa Máire.
“A Mháire” arsa Tadhg airís.
“Seadh, airiú,” arsa Máire.
“Sé tá agum á cheapadh” arsa
Tadhg, “gur fearra dhúinn Taidhghín
do chur ar scoil feasta féachaint a
bhfuil éinní ann do bhrisfeadh an béal
aige.”



Do shíl Tadhg is dótha gurab amhlaigh
a cuirfí béalbhach na bhéal fé mar a
dhéanfí le bramach nuair a bheifí ghá
bhrise.



Ach pé tréithe fóghanta a bhain le
Tadhg, bhí aon locht amháin air, ná raibh
aon phaidir de mheamhair aige riamh.
Do théidheadh sé gruigh aifrean gach
Domhnach agus lá saoire, agus chun a
dhiútae dhá uair sa bhliadhain, ach úrn-
uighthe níor fhoghluim sé riamh.



Bhí sagart na próiste ag gabháil
thar bhrághaid tighe Thaidhg an mhaidean
so d'áirithe agus bhí Tadhg ar tarac
seanachré i gcliabhán ar a mhuin chun í
leathadh ar an dtalamh. Go tig stéi-
sion iseadh bhí an sagart ag dul.



Do labhair an sagart chuige suas.



“An bhfuil aon phaidear fós agut
a Thaidhg,” ar seisean.



“Fágaim le huadhacht,” arsa Tadhg,
“go bhfuil idir Phaidir agus Cré ar
mo dhrom agum.”



Do leun Tadhg an sagart go tig
an stéision, agus nuair a tháinig a
easaontas d'éirig eatortha nú pé
buirbeacht do bhain do Thadhg do chuir
an sagart an ruaig air.



Do fiafruigheadh de Thadhg nuair a
tháinig sé amach cad d'imthigh air.



“An spreasáinín de shagairtín do
cuireadh chughainn anso do chuir an
ruaig orm le fuip” arsa Tadhg.
“Agus ní baoghal gur do súd do chuas
ar mo ghlúnaibh ach do Dhia na Glóire
moladh go deo leis. Ach —.”



Ní raibh uain aige Tadhg a thuile
radh nuair do glaodhadh isteach air gur
mhaith leis an sagart labhairt leis.
Chuaidh Tadhg isteach agus bhí an sagart
go ceannsa cneasta séimh leis.



Chríochnuig Tadhg a fhaoistin agus
nuair a bhí se ullamh chun imtheachta
d'fhiafriuig an sagart de dá dtugadh
sé paidirín do, an bhfaghadh sé geal-
lamhaint uaidh go n-abróch' sé an
Chróinn Mhuire gach oidhche feasta.



“Ó Mhuise! geallaim dhuit,” arsa
Tadhg, 'go dúthrachtach “faid agus
mhairfeadfa beo ar an saoghal so ná
beidh aon mhaide sgóir idir me féin
agus Dia na Glóire.”



Agus conus a sábhálfair th anam”
ars an sagart “gan úrnuighthe ná
paidreacha rádh.”



Tugaim mé féin suas do Dhia gach
Domhnach” adubhairt Tadhg, “agus is
olc an marga ná seasóch seactmhain.



EIBHLE.



TRÉITHE NA N-EACH.



I n-Dá Dhrom i mBéara do chuala
an dán so leanas, lá, ó Thadhg Ó
Séaghdha. Bhí móran Éirean eachtraí
ag Tadhg, agus ba mhaith leis iad d'-
aithris, nuair a bhíodh cúpla deoch óltha
aige. Tá focail sa dáinín seo aige
nár thuigeas agus admhuighim ná
fós iad. Níl a fhios agam cia
rinne an dán. B'fhéidir go mbeadh
eolas ag daoine eile mar gheall air
ná fuil againn sa treó so.



Caol Cróga.



I.



An t-each glé-gheal nár thréig riamh
allus in aoird,
Agus ná raibh éan phioc in aon chor
meaithte 'na clí;
Tréigean sí éanlaithe agus machaire
laoig,
Nó ar thaobh cnuic lá gréine ag baint
tosaig ar an ngaoith.



II.



An t-each dearg-dhubh ná meastar 'na
púca ar sliabh,
Ó Dhún Geanain is as san go h-Ubhla
ar srian;
Thug sí an tapa ó éachaibh na Mumhan
na diaidh,
Ón gCaiseal go Caraig an Dúna
siar.



III.



An t-each ruadh, luaimneach, lán tre-
óireach,
Ná luaisgfeadh bun ruaine (gruaige)
lán sgeomhar;
'Sé chuala á luaidhscint lá an ghleoidh
ann
Gur luaithe í naoi n-uaire ná na fáin-
leóga.



IV.



An t-each riabhach nár iarr riamh í
ghreadad le spuir;
Thugadh iaracht aniar i gan fhios dá
folt;
Stialladh sí sriantaibh le reathaibh a
cos,
Agus thugadh fiadh bliadhna ón sliabh
nuair a choradh na coin.



V.



An t-each donn b'fhearr drom, taobh
agus clí;



Bonn spideal lom de théid mhuiníl (?),
An t-é labhrfadh go trom go tréan sa
bhruighin,
Thar eachaibh an domhain gur toghadh
chun laochais í.



VI.



An t-each dearg lasan an domhan go
léir,
Gabhan an talamh go tapaidh nuair
labarthar léi;
Thug seacht cathracha marbh & Lonndan
tréith,
'S tháinig a bhaile gan mhasla le lúth
a géag.



(Cuireadh “Tréithe na n-Each,” i gcló
san mbl., 1910, i “nDuanaire na Ma-
caomh,” ach ó thárla go bhfuil an ceann
go chomh neamh-chosamhail leis an g-
ceann úd, tá sé da chur i gcló san
“Lóchrann” againn. Ameasg na n-
daoine iseadh fuair Caol Cróga é. —
Fr. an L.)



AN MADARUAD AGUS AN
LEÓMHAN.



Suím aimsire ó shoin nuair a bhí an
droch-shaoghal i n-Éirinn agus nuair a
bhí muínntir na h-Éireann go léir ag
fagháil bháis de'n ghorta, bhí fear na
chómhnuidhe i mbothán beag ar an d-
taobh thiar de'n Daingean. Fear óg,
láidir do bheadh é agus bhí sé maith
ábalta ar phágh lae do thuilleamh acht
'ní raibh an págh lé fágháil aige agus
bhí sé ag fagháil bháis le h-ocras chóm
maith leis na seandaoíne ná raibh ab-
alta ar oibriúghadh i n-aon chor. Bhí
an t-ocras dá chrádh chómh mór san
gur bhris ar an bhfoidhne aige agus
gur dhein sé suas a aigne chum dul
síos go h-íochtar na h-Éireann féa-
chaint an bhfaigheadh sé aon phágh lé
tuilleamh ann.



Ar maidin lár na mháireach do
ghlés sé é féin chuin bóthair; do dhún
sé dorus an t-seana-bhotháin na dhiaidh
agus do chuir sé dho sa t-siúbhal do
b'fheárr dho bhí aige. Taréis mórán
siúbhalóide do casadh isteach i g-coíll
mhóir é. Sé an sórt coille í seo, na
coíll a bhí lán d'ainmhidhthibh fiadhaine
agus ní dócha gur chuaidh puínn daoíne
eile riamh isteach sa choíll chéadna,
acht bhí an t-ocras chómh mór san air
gur chuma leis cad d'imtheóchadh air
dá bhféadadh sé teacht suas lé h-éin-
nídh le n-ithe.



Do shiúbhlaigh sé tamall isteach tríd
an gcoíll agus n'fheacaidh sé éinnídh
ach na craínn mhóra a bhí ar gach taobh
de. Do bhí sé ag imtheacht tríd an
gcoill agus ní fada isteach a bhí sé
nuair a chualaidh sé glór uathbhásach
mar bhúithreach tairbh. Do druid sé
leis an áit gur chualaidh sé an glór
agus bhí sé cómh cóngarach san de ar
deireadh, go bhfeacaidh sé cad a bhí ag
déanamh an ghlóir. Is amhlaidh a bhí
leómhan mór agus é ceangailte do
chrann agus nuair nár bh'fhéidir leis é
féin d'fhuasgailt, do chrom sé ar a
bheith ag béicigh faid a bhí ná chroídhe.
Bhí poll trí lár an chrainn agus bhí
earball an leomhain istigh sa pholl &
bhí mórán dinnceacha leis an eirball i
dtreó ná féadfadh an leómhan é a
tharrac amach.



Nuair a chonnaic an leómhan an fear
ag teacht fé na dhéin do chuir sé búirt
chráidhte as agus d'iarr sé go truaigh-
mhéileach ar an bhfear é sgaoíleadh.
Tháinig crith agus sgannradh croidhe
ar an bhfear mbocht acht dúbhairt an
leómhan leis gan piuc eagla do bheith
air, agus gheall sé dho dá sgaoíleadh
sé é go mbeadh sé dílis do go bhfaghadh
sé bás.



Tháinig misneach do'n bhfear agus
do dhruid sé anonn leis an gcrann
agus do sgaoíl sé na dinnceacha do
bhí ag coimeád an earbaill agus do
shaor sé an leómhan.


L. 3


Nuair a bhí an leómhan sgaoilte do
dhruid sé siar ó'n bhfear agus d fheuch
sé air ó'n a cheann go dtí na chosaibh.
Fé dheireadh do labhair sé.



“Tá aithreachas orm,” ar seisean,
“go gcaithfead tá a dh'ithe anois, acht
n'íl leigheas agam air, mar táim an-
so ceangailte de'n gcrann so lé
seacht mbliadhna agus níor bhlaiseas
aon ghreim bídh ó shoin agus ní mór ná
go bhfuilim caillte.”



“Á,” ars' an fear, “is maith an
gníomh do dheineas nuair a sgaoíleas
tu. Gheallais dom gombeidhfeá dí-
lis dom, ach in ionad san is amhlaidh a
táir chuin mé a mharbhadh. Nách deas
an díoluíghect é sin tar éis mo thrio-
blóidí.”



Dá chruadhacht é croídhe an leomhain
do chorruigh an chaint sin é.



“Tabharfad beagáinín cáirde
dhuit,” ars' seisean “nó go ngeóbhaidh
triúr éicint an bóthar chúghainn agus
má mholann siad san dom tú dh'ithe
íosfad tu, ach má deireann siad liom
leigeant duit ní cuirfead barra
méire ort.”



“Is maith an margadh é” ars' an
fear.



Shiubhaluíghdear leó ar feadh tam-
aill agus is geárr gur bhuail seana-
chapall bán leó agus gan aige ach
leath-shúil agus é bacach as a dhá cois
deiridh. D'innis an leómhan a sgéal
do agus d'fhiafruigh sé dhe an raibh sé
ceart aige an fear a dh'ithe.



“Dhé cad na thaobh ná h-íosfá é”
ars' an capall “má' tá ocras ort.
Dá mbeinn id chás is fadó a bheadh sé
thiar im' bolg agam mar dá mbeadh
sé sin chómh láidir leatsa agus tusa
chómh lag leis sin, is fadó a bhís ar an
saoghal eile aige.”



“Seadh anois” ars' an leómhan leis
an bhfear, “tá cead agam ó dhuine
de'n triúr pé i n-Éirinn é.”



“Tá go macánta” ars' an fear.



“Is fearra dhómhsa sibh a leana-
mhaint” ars' an capall, “go bhfeicead
cad é an deireadh a thiocfaidh ar bhúr
g-cúrsa.



Do shiúbhluigh an triúr leó ar feadh
tamaill agus ní fada go bhfeacadar
na gcoinne sa bhóthar slataire do
sheana-chú. Bhí cuma na críonachta tar
bárr uirthi agus bhí cuma an ocrais
chómh maith uirthi. Bhí sí chómh manntach
le seanabhean agus do sháthadh sí a
ceann isteach thairis an gclaídhe anois
agus aríst féachaint an bhfaigheadh sí
éinnídh le cur na bolg. Nuair a
tháinig sí gairid dóibh d'innis an leó-
mhan an t-eachtra di agus d'fhiafhruig
sé di an gceadóchad sí dho an fear a
dh'ithe.



“Dá ndéantá mo chomhairle si”
ars' an chú, “is fadó a bheadh a chúram
curtha dhíot agat. Dá mhéid maithea-
saí a dhéanfá do'n gcladhaire sin níor
mhór é a bhuidheachas ort. Nuair a
bhíosa óg bhínn im' sheirbhíseach mhaith dom'
mháighistir agus feuch anois nuair at-
áim críona an mór é mo bhuidheachas.”



“Seadh” ars' an leómhan leis an
bhfear “tá ceadh beirte de'n dtriúr
agam.” “Tá” ars' an fear go cráidh-
te agus is dóca go bhfuil sé chómh maith
agam-sa mé féin a dh'ollamhughadh i
gcóir na síorruigheachta.”



Sa chaint dóibh cé chífidís chúcha acht
madaruadh agus gé treasna 'na bhéal
aige agus cuma an bhitheamhnaigh air.
Nuair a chonnaic sé iad do chaith sé
uaidh an ghe agus dhein sé fé na ndéin
go cráisteamhail. D'innis an leómhan
na cursaí dho agus tar éis an sgéil a
bheith ínnsighthe do labhair an mada-
ruadh.



Ní chreidfinn, ar seisean leis an
leómhan “go g-ceangalófaí tusa i
slíghe ná sgaoilfeá thú féin. Ní fol-
áir no bhí ana-ghreim ort.”



Bhí greim maith orm, ars' an
leómhan.



“Téanuíghid” ars' an madaruadh,
“go bhfeicfeam cá rabhais ceang-
ailte.”



D'imthigheadar ortha agus ní fada
go dtánadar go dtí an crann agus
d'fheuch an madaruadh go geur ar an
bpoll.



“Cuir t-earbhall isteach sa poll,”
ars' an madaruadh, “go bhfeicead
cionnus i bhís ceangailte.”



Do sháthaidh an leómhan a earball
isteach sa pholl mar ní raibh aon
choinne leis an olc aige.



“Chuir cúig nó sé dhinnceachaibh
leis” ars an madaruadh leis an bhfear.



Do dhein an fear mar adubhradh
leis.



“An rabhais chomh ceangailte sin”
ars' an madaruadh leis an leómhan.



“Do bhíos agus i bhfad níos ceang-
ailte,” ar' an leómhan.



“Cuir a thuille dínnceacha leis mar
sin,” ars' an madaruadh.



Do chuir an fear naoi nó deich do
dhínnceach leis ansan.



“An rabhais chómh ceangailte le
sin,” ars' an madaruadh.



“Is mar seo díreach do bhíos
ceangailte,” ars' an leómhan.



“Seadh beir níosa cheangailte
anois,” ars' an madaruadh, “agus tá
súil agam ná sgaoilfidh éinne níos
mó thu.”



Do chuir an fear cupla dínnc eile
leis an earball agus d'imthigheadar
uaidh agus d'fhágadar annsan ag béi-
cigh go fíochmar é. Ansan do labhair
an madaruadh leis an bhfear.



“Mo thruagh mhór thu a stúmpa am-
adáin,” ar' seisean, “mar an nádur-
tha a bhís chuin an ropaire úd a sgaoil-
eadh. Cár imthigh do chiall a bhreall-
áin? Téir abaile anois agus fan ann
mar níl aon ghnó lasmuich aige duine
símplídhe mar tusa.”



“Do sgaradar le chéile annsan;
imthigh an mhadaruadh isteach fé'n g-
coill agus chuaidh an fear abhaile
bréan de féin.



TOMÁS RUISÉAL,
Scoil Bhaile na nGall,
Corca Dhuibhne.



BAIST DO LEANBH FÉIN AR
DTÚIS.



Fadó bhí sagart & cléireach ag dul
ag léigheadh Aifrinn go tigh feirmeora
& fuaireadar beirt leanbh ar thaobh an
bhóthair. Thóg an sagart leanbh aca
agus do thóg an cléireach leanbh eile.



“Baist mo leanbh-sa ar dtúis,
'athair,” arsan cléireach.



“nDomhnac ní bhaistfead,” arsan
sagart, “is measa liom mo leanbh
féin.” Ach faid a bhí sé ag baisteadh
a leinbh féin fuair leanbh an chléirigh
bás.



Thug an sagart leis annsan a leanbh
féin & bhí faire & friothálamh maith air.
Bhí borradh aon gé fé. Nuair
eirigh sé suas na gharsún chuir
an sagart ar sgoil é chun go raibh sé
n-a sgoláire agus é suas n-a ógánach
breagh duine uasail.



Bhí sé mar seo lá istigh sa phárlús
ag léigheamh leabhair do féinig & chon-
naic sé duine bocht ag teacht isteach
i ngáirdín an tsagairt. Tháinig an
duine bocht ar a dhá ghlúin ag rádh na
coróineach a's d'fhág sé osgailte an
geatan-a dhiaidh. Tháinig dá mhuac is-
teach & bhíodar ag tóbhach. Do chon-
naic an buachaill aimsire iad. Do
chuir sé amach iad. Do dhún sé an
geata ortha & do bhuail sé slais de'n
lasg ar an duine bocht & do chuir sé
amúdha ar an gcoróin é.



Do bhí an t-ógánach ag féachaint or-
tha tríd an bhfuinneoig & do ghlaoidh
sé ar an mbuachaill chuige & d'fhiaf-
ruigh sé dhe cad na thaobh gur chuir sé
an duine bocht amúdha ar an gcoróin.
Dubhairt sé leis gur leig sé na muca
isteach sa ghairdín & go rabhadar ag
tóbhach. D'fhiafruigh sé dhe ciaca is
mó an damáiste a dhéanfadh na muca
ná an peacadh do san an duine bocht
a chur amúdha ar an gcoróin. Dubhairt
sé ná feadair sé sin.



“Imthigh,” ar seisean, “téirigh go
dtí an Pápa & fiafruigh de cadab'
fhiu an choróin a chuiris amúdha ar an
duine bocht.”



“D'imthigh sé & do chuaidh sé ag triall
ar an bPápa & d'innis sé a sgéal do,
dúbhairt an Pápa leis gur pinginn.
Tháinig an buachaill aimsire annsan
ag triall ar an ógánach & dubhairt sé
leis gur pinginn.



“Bhfuil aon mhaith eile sa phinginn
sin?” arsan t-ógánach leis. Dúbhairt
an buachaill ná feadair fé sin.”



“Bhfuil aon mhaith eile sa phinginn
sin?” arsan t-ógánach leis. Dubhairt
an buachaill ná feadair sé sin.



“Imthigh arís,” arsan t-ógánach,
“agus fiafruigh de'n Phápa an bhfuil
aon mhaith eile sa phinginn sin.”



D'imthigh sé ag triall ar an bPápa
agus d'fhiafruigh sé dhe an raibh aon
mhaith eile sa phinginn sin. Dúbhairt
an Pápa leis go raibh — go raghadh
duine d'aon coiscéim amháin go
Flaithis Dé léi.



D'fhiafruig an Pápa dhe cia chuir
iad san mar ceisteanna air. D'innis
an buachaill dho. “Abair leis sin
mar dhuine bheith annso chugham ar
maidin an lae go mbeidh Oidhche Nod-
lag air, arsan Pápa.



Tháinig sé abhaile & d'fhiafruigh an
t-ógánach de an raibh aon mhaith eile
sa phinginn. Dúbhairt sé leis go
raibh — go raghadh duine d'aon choiscéim
amháin go Flaithis Dé léi. Dá mb'
áil leat an ní sin a dhéanamh ar dtúis.”
ar seisean.



Bhí olc ag an mbuachaill chuige i
dtaobh an méid trioblóide do chuir
sé air & níor innis sé dho go ndúbhairt
an pápa leis dul ag triall air i n-ao'
chor go dtí an lá déanach.



“Cad na thaobh nár innis é sin
fadó dhom?” arsan t-ógánach.



“Fé mar chuiris-se chun trioblóide
mise ní mór liom-sa an trioblóid
chéadna a bheith ort-sa,” arsan buachaill
aimsire.



Táinig an tógánach annsan ar a dhá
ghlúin & do léigh sé stair de leabhar.
Ba ghearr gur chuala sé an capall ag
teacht sa doras amuich ag crothadh a
srian agus a h-iallait go fuinneamhail.
D'éirigh sé & d'osgail sé an doras.



“Cad tá uait-se?” ar seisean
leis an gcapall.



“Teacht it' iarraidh se,” arsan ca-
pall.



“Cad leis a ritheann tú?”



“Rithim le gaoith Mhárta de dhruim
sléibhe” arsan capall.



“Ní dhéanfa mo ghnó,” arsan t-
ógánach, “imthigh ort.”



Tháinig sé ar a dhá ghlúin arís a's
do léigh sé stair eile dá leabhar. Bha
gearr gur chuala sé an capall amuigh
arís ag crothadh a srian 'sa h-iallait
níos fearr ná an capaill ó chiainibh.
D'éirigh sé & d'osgail sé an doras.



“Cad tá uait-se?” ar seisean.



“Teacht it' iarraidh-se” arsan
capall.



“Cad leis a ritheann thu?”



“Beirim ar an ngaoith a bhíonn rómh-
am & ní bheireann an ghaoth a bhíonn im'
dhiaidh orm.”



“Ní dhéanfá mo ghnó,” arsan t-
ógánach. Imthigh ort.”



Tháinig sé ar a dhá ghluin & do léigh
stair eile. Ba ghearr gur chualaidh
sé an capall ag teacht taobh amuich
arís ag crothadh a srian sa h-iallait.
D'éirigh sé & d'osgail sé an doras.



“Cad tá uait-se?” ar seisean.



“Teacht it' iarraidh-se,” arsan
capall.



“B'fhéidir go ndeanfá mo ghnó,”
arsan t-ógánach.



“Cad leis a shritheann tú?”



“Le h-inntinn mhná idir beirt fear,”
arsan capall.



Tháinig sé annsan & líon sé máilín
de ghainnimh thirim & do dhein sé criath-
ar poll tríd le snáthaid reimhir.
Bhuail sé laistigh de'n iallait ar an
gcapall é & ní miste a rádh ná rabhadar
i bhfad ag dul go dtí an Pápa.



Nuair a chuadar 'on Róim ní raibh
aon ghráinne de'n ghainnimh sa mhála ná
raibh caillte aca.



“Cá bhfuil mo phádh? arsan capall.



“Tá sé le fagháil agat, ach imthigh &
bailigh gach aon ghráinne de'n ghainnimh
do cailleamair ag teacht.”



D'imthigh an capall & sara raibh sé
tagaithe bhí a shíothcháin déanta aige
leis an bPápa. Chuir san an capall
gan a phádh. Tháinig sé abhaile annsan
& d' imthigh sé féin & an sagairt lá ar
n-a mháireach & chuadar san ait gur
chuireadar an leanbh eile. D'osgail
sé an poll & d'éirigh as aníos colúr
gléigeal & thug aghaidh soir ó dheas.



Séamas O Conaill,
Sgoil Cill Roilig,
Bólus.



[Do bheimís buidheach d'aoinne a
chuirfeadh brígh an sgéil sin romhainn
i n-iúl go cruinn, nó mhá tá a mhalairt
d'innsint air i n-aon áit eile.



Fr. an L.]



“AN CHEARC AGUS AN COILEACH.”



Bhí fear ann fadó agus is minic a
bhí agus beidh go deo. Bhí triúr mac
aige. Do bhí droichead dhá thógaint
aige & nuair éirigheadh sé ar maidin
bhíodh sé leagaithe roimis. Dubhairt
an mac críona go bhfanfadh sé dá
fhaire & má fhan ní fheacaidh sé aoinne
ag teacht ag leagadh an droichid. An-
san dfhan an dara mac dhá fhaire an
dara oidhche a's ní fheacaidh sé aoinne
ag teacht ag leagadh an droichid.
D'fhan an mac óg dá fhaire an trímhadh
h-oidhche agus i lár na h-oidhche siar
do bhuail chuige seana-chailleach.



“An ” arsa an
t-seana-chailleach leis an mbuachaill.



“Déanfad” ar seisean.



Do bhuaidh an t-seana-chailleach an
chéad bhreith agus bhuaidh seisean an
dara bhreith.



“Chuir do bhreith, a sheana-chaillig,”
arsa an buachaill.



“Cuirim-se mar bhreith agus mar
cleasa droma draoidheachta ort dul
go dtí an domhan toir agus an t-
snáthad do chaill mo sheana-mháthair
d'fhágháil.” “Cuir do bhreith” arsa an
t-seana-chailleach.



“Cuirim-se mar bhreith agus mar
chleasa droma draoidheachta ort dul
a's maireachtaint ar an méid coirce,
do thiocfaidh chúgat trí chró na sná-
thaide.



Dhimthig an buachaill go dtí an domh-
an toir. Nuair a bhí sé ag dul a
chodhla is toidhche sé an biadh fuair sé
ná muga do mhaothal stálaighthe agus
arán mhin-choirce.



Do bhí inghean aige an tseana-
chailleach seo agus bhí sí ana-bhreagh
agus bhí an buachaill chómh breágh léithe.
Nuair d'éirig an buachaill ar maidin
dúbhairt an t-seana chailleach leis dul
go dtí an stábla san amuigh agus an
t-snáthad do chaill a seana mháthair
d'fhághail.



D'imthigh sé ar amach agus nuair
chaitheadh sé sgaob amach thagadh dá
sgaob déug isteach. Igcaitheamh an
lae síar do bhuail inghean na seana-
caillighe chuige isteach agus biadh
goidithe aici chuige fé na haprún.
An fhaid do bhí sé ag ithe an bhídh, bhí an
tsnáthadh fachta aici.



“Seo” arsí sin leis “Má fhiaf-
ruigheann mo mháthair díot a bhfuairis í
abair go bhfuairis & má deir sí leat
í thabhairt dí abair “Má chuiris iachall
orm í d'fhagháil níor chuiris iachaill
orm í thabhairt duit.”



Marsin do bhí agus nuair a tháinig



(eirigh go l. 6)


L. 4


CEISNEAMH INGHINE
GHOIL.



“As so mar an gcéadna” ar sí
“dhá chailligh dhéag tighe Ghoil .i. gruig
& graig, gorta, goin & goid & glias-
aoid, déarcach & diúltadh & doithilleach,
ceasachtach & caolchuid & cannránach.
Agus ba leor do adhbhar uireasbaidh
nó ocrais do neach féachain ar chorp
chreatlom cruadhlongach gacha crón-
chríonchaillighe dhíobh: & go bhfanfadh
mionubhall nó ramhar-áirne ar gach
ruibe do mhaillighibh glasliatha garbha
gach aon chaillighe aca: & is amhlaidh
bhíd gach aon lá san mbliadhain,
& sé chailleacha ar gach dorus do dhóir-
sibh tighe Ghoil díobh, & iad ag aoire &
ag aithisiughadh gach neach dá dtig don
bhaile seo, & ní choimhlíonann bliadhain
dá shaoghal dá néis aon neach dá
naoirid na hárachtaigh sin.”



“Dar lic Pádruig atá i gCaiseal”
ar Feidhlime “ní aoirfid & ní cháinfid
siad mise, óir ní fheicfid siad dá
súilibh sinn. Agus an bhfuil neach don
mhuintir is measa ná an méid adu-
bhrais?”



“Atá go deimhin,” ar an inghean,
“m'oide si, & an té ag ar oileadh &
ag ar beachtmúineadh mé .i. áird-
fheadhmanach tighe Ghoil.”



“Créad is ainm dó?” ar Feidhlime.



“Deireoil mac Beagmheanmain,”
ar sí, “Fear diablaidhe drochoinigh
doidhealbhach do thuathaibh Dé Danann
agus Dollrachtach mac Diúlta ainm
an tsagairt do bhaist é; & tug sé trí
tonna thairis .i. tonn léire, tonn
cheasachta, & tonn diúlta. Agus a
uasail Fheidhlime “ar an inghean “is
sgítheach imshníomhach atuirseach atáid
lucht an bhaile seo; óir atá tearca
bidh ar a maithibh & tart ar a muilthibh,
& díth riain ar a gconaibh le gorta.
D'fhágadar ár seanbhiadh sinn & níor
thángadar ár mbíadh nuadh chughainn.
Is áird-ingneach ár gcaith ar bheagán
luch, le láneasba an bhaile seo: Agus
dá mbí mo mháthair-se nó mo shiúr
mhór do thiocfadh amach do chreidfeá-sa
sgéala uatha, óir is eól dóibh ceis-
neamh do dheunamh. Óir ní heól dam
an nidh do ráidís na mná móra do
rádh, ar an adhbhar níor cleachtadh dam
deaghdhaoine d'fheicsin ná d'agallamh
riamh, & oileamhaint mná idir a buin &
a buaraigh do múineadh damhsa. Ní
hionann agus cách.”



“Dar an lic Pádruig atá i g-
Caiseal Mumhan” ar Feidhlim “dá
mb'í do mháthair nó do shiúr do tioc-
fadh ann do léigfimís-ne a bhfuil ó
Luachair Dheaghaidh siar dóibh, & ós tusa
tháinig ann, fágaim se a bhfuil ón
Mangartain siar go hiarthar Éireann
ort.”



“A haithle sin do ghabh fearg mhór
an righ & do gabhadh a each dó agus do
chuaidh uirthi. Iar na fheicsin don in-
ghin, do lean an rígh & do ghaibh an t-each
ar a shrian & a dubhairt. “Fost a
uasail & a árdfhlaith, a Fheidhlime mic
Chriomhthuin” ar sí “Gion gur feargach
tú, óir ní dlighthear do righ bheith fear-
gach gan diultadh do dheaghchomhairle, &
frithealamh fírinne.”



“Ní bhfuilim se feargach” ar an
righ “acht ní tráth comhráidh dam anois
é, óir is mór an duartan doininne &
an fuacht & an fliuch atá ann, & is
trom & is tiug an sneachta, & ní fhea-
darmair cá slighe na racham.”



“Ní fásach an tír id thimcheall, & is
leat féin a chumas & a cheannas; & ní
féidir thú chongbháil amuigh gibé ionad
na rachair. Agus dá ndeachair go
teach coibhche nó chomhursan dúinne a
déarfaidís nár shaidhbhire iad féin ná
sinne. Agus inneósad féin beagán
do sgéalaibh an bhaile seo dhuit,” ar
bhn inghean, “ionnus go mba luighde
eas amhras ar bhiadh ná ar dheoch do
bheith ann tar héis féin. Óir tánga-
dar ceathrar deoraidhthe chughainn ar
aoídheacht san earrach so, agus ní san
bhaile féin do fríth biadh dhóibh, & níor
fríth mar sin féin dóibh é, nó gur fá-
gadh geill & braighde i ngeall ris ó
Ghoil .i. abhac & a bhráthair.



“Cia an biadh do fríth dhóibh ar na
braighde?” ar an Rígh. “Do fríth”
ar sí “an tochtmhadh cuid d'asnach ***
cléibh gamhnuidhe gormchlighthe noch d'-
éag le truaghalar i meodhan míosa
Fheabhra, & do sgéithfidís coin gharga
ghorta da éis, & gadhair ghlana ghuith-
bhinne; & oiread eile sin do shean-
bhléin sheanmhuice lochartha lántruagh
noch d'éag le hainteasuigheacht láighthe
no clíoghdóireachta; agus leathbhairín
sgreamhloisgithe coirce noch d'fhás i
niarmhar íochtair athghuirt athmhóna ris-
nar bhain taithneamh gaoithe ná gréine
ón lá fár treabhadh gus an lá fár
baineadh é. “Créad an t-annlan do
frith dhóibh leis?” ar Feidhlime. “Do
frith” ar sí “mar oiread sgiatháin
feidhleacáin do ghlas mhillín iar na
shleamhain tharang tré chambéal críon-
bhalláin, & iar na chamchalc ar a dear-
nachaibh ag baineaglaigh bhig ghiorra-
bhuidhe bhréanláighrigh mhórsháthaigh dhíoma-
saigh agar sheacht mó a greim ná a
húirseacht. D'fhiafruigheadar na deo-
raidhthe an gcuirfí salann air siúd.
Adubhradar sin nach raibh nídh ann ar a
gcuirfí salann muna gcuirthí ar a
dteangthaibh é.” “Ní rangabhair bhúr
leas” ar Goil “is leor guirte bhúr
dteangtha cuige. Agus is é do frith
mar dheoch dóibh meidrín beag íseal
fhothchaol, lán duirn 'na huachtar & dhá
lan duirn 'na híochtar, & fós do ba
folamh a meodhan, do bhainne ghlas iar
na shuathadh i láthair mhná ghlóraighe
bholgshúilighe mhíolaighe ná cíoradh a
ceann acht gacha Cáisg, & ná hionnladh
a lámha acht gach Luan Bealtaine.
Agus is mór an t-adhbhar gallaruighthe
daoine an deoch sin & a tabhairt ó
chríochaibh ciana chúcha. Agus do coing-
bheadh mac & bráthair fhir an tighe in-
geall ris an mbiadh sin gur díoladh
na fiacht do gealladh ar a shon.”



“Agus is olc an tam thángais
chughainn” ar an ingean “an tan is
teirce an biadh san mbliadhain, óir ní
bhfuil againn acht arán tláightheach
truagh coirce ar na losgadh-bhruith; &
uisge odhar-phiastach na leamhna ar na
leathsgagadh; & foirghneamh foirbhe
fíorchung; & crombhotha chaol i chumhan
ga camdheataigh. Do chuadar ár n-
daoine aosta i luige & ár ndaoine
óga i gcliabhchaoile. Agus is measa
duitse, a uasail Fheidhlime, nach dhóich
aoidheachta do thriath ná do thighearna
mar thusa triall fá thuairim na háite
'na bhfuil gach amhgar, & gach uireasba
dá gcualaís, & mórán eile nach fiú
liomsa aithris ná fháisnéis duitse.
Óir ní dhearna do bhárr ná do lamháil
acht bheith baothbhanamhail naomhtha nea-
mhársa, & ní heol domhsa an nidh do
rádhais na mná móra do rádh. Agus
dá mb' í mo mháthair nó mo shiúr mhór
do thiocfadh amach do thiocfadh amach
do dhéanfaidís a dhá oireadh a ndear-
na-sa do cheistneamh riot, dá fhios an
seachnóchaidís na sluaighte so sinn
anocht.



“Dar an lic Padruig atá i g-
Caisiol” do ráidh Feidhlime “dá mba
í do mháthair nó do shiúr mhór do thioc-
fadh ann, do léigfimís-ne dhóibh ón n-
Droing go Dún Baoi, agus ó's tusa
tháinig ann, fágfaimíd ón nDruing go
fairrge agat. Agus tabhair each &
iorradh don inghin “ar sé” & an dara
fallaing atá agam, do gheobhair í.



“Geobhadsa san uait” ar an in-
ghean “óir ní dlighthear tuarastal
flatha do mhnaoi.”



“Gabhthar ár neich dúinn“ ar Feidh-
lime.



“Cá conair nó cá slighe 'na ngeo-
bhair” ar sí “óir níor mhaise dhúinn
bhúr nimhtheacht an tráth so, acht mí-
mhaise, & clú diúlta & doithchill.”



“Má seadh” ar Feidhlime “ní bhfuil
againn acht fanamhain ar an bhfaithche
bhfódghlas bhféaruaithne seo anocht.”



“Níor mhaith dhúinne de sin” ar an
inghean “óir cé beag d'fhéar atá san
bhaile seo, d'íosaidís bhúr neachradh é,
& do léigeadar satalach bhúr ndaoine
é, go nach eireochaidh sé go bráth, & nach
áiteóchar an baile so tar bhúr néis.”



Ní fheadramair” ar Feidhlime
“créd eile do dhéanfaimís muna n-
deachaimís fé an dtalamh dtrom so
síos.”



“Níor mhaith dhúinne de sin féin, a
uasail Fheidhlime” ar an inghean “óir
an t-ionad 'na ndeánfí tusa nó do
shamhail eile d'adhlacadh, do bheadh eag-
lais ann & do bronnfí dá éis sin d'-
órd riaghalta éigin í, & do sgarfadh
sin an baile lem athair, & le na shliocht
go bráth.”



“Má seadh” ar Feidhlime “an bhfuil
fhios agat féin créad do dhéanfam?
Agus cionnus atáthar agat féin a in-
ghean?” ar Feidhlime.



“Is amhlaidh atá an teach úd os do
chomhair” ar sí “cliabh chumhang cosárd
& solas i ngach leathtroigh dá bhallaí.
Agus is osgailte is gnáthach a phríomh-
dhóirse, ní le féile acht le fíoreasba
fear istigh. Agus ba mhór an truagh
do thriath ná do thighearna mar tusa
dul isteach ann, óir atáid muintir
tighe Ghoil i néaghmuis an dá chailligh
déag úd adubhart riot; & leinbh ag
liughradh & ag bodhradh an tighe; & na
crombhotha úd dochír. Atá ann fós
fáidhingean bheag bhíos ag fochmhadh a's
ag fonamhaid fá gach aon dá dtig don
bhaile seo, agus an tan thig deorach
nó anaithnid isteach eatortha, re súil
ní fhéachann ar eagla an líon liath-
chailleacha luath shúileacha lánghránna,
agus an stór sgraostaí sean chliabha-
cha seargshrónacha bhíos ag machtnamh &
ag sír shéachain air go bhfágann an
féin nó go dtabhair dóibh
biadh nó éadach, ór nó airgead thar
cheann oinigh ar eagla aortha & imdhe-
argtha.” “Dar an lic Pádruig atá i
gCaiseal” ar Feidhlime “dá bhfionn-
aimísne a bheith mar sin, ní thiocfaimís
dá ionnsuidhe go bruinne an bhrátha;
& ní fheadar créad do dhéan riot, óir
ní bhfaghaim slighe chum imtheachta uait
ná chum fanamhain agat. Agus, a in-
ghean, is mithid damhsa bheith ag im-
theacht.”



“Ná déin,” do ráidh an inghean,
“acht tar liomsa go teach m'athar &
mo mháthar féin.”



“Créad do gheobhainn uait, a haithle
an cheisnimh mhóir do rinnis riom gus
an dtráth so?”



“Do gheobhair,” ar an inghean,
“tighthe leathnochtaithe, & miasa leath-
lána, cuirn leathfholamha, & súgh an
tuirtín talmhan, deargadh donnbhrat-
ach, & fuic chaomhna go bun bhúr gcluas,
barr na gcrann re cognamh, & casúir
do chnámhaibh daoine do bhriseadh.”



“Dar an lic Pádruig atá i gCais-
eal,” ar maithe Mumhan “gé mór do
cheisneamh, is measa do chonnradh.



“Tabhar dot' aire” ar sí.



Annsin labhras Feidhlime ris na
sluaghaibh & adubhairt. “Is fearr an
connradh. Óir 'na tighthe leathnoch-
taithe' adeir sí. Beidh tuighe don
leith amuigh ortha & gan brobh don leith
istigh. Agus na ‘miasa leathlána’
adeir sí. Beidh a lán bidh gus a
nimeallaibh ortha leath istigh, & iad fo-
lamh amuigh. Agus na ‘cuirn leath-
fholamha.’ Beidh a lán do dhigh istigh
ionnta & iad folamh amuigh. Agus
‘súgh an tuirtín talmhan’ adeir sí. Na
créithre meala dá ndearnas leasu-
ghadh leanna anuiridh fa bhúr gcomhair-
se, & i mbliadhna caithfear libhse iad.
‘An dearg donnbhratach’ adeir sí. Ní
cuirfear ar bhur leabhtachaibh acht bruit
dhonna. ‘An fuic caomhna go bun bhúr
gcluas’ .i. fothragadh amíse ar bhur
gcorpaibh & an foileadh anuas ar bhúr
gceannaibh. Agus ‘bárr na gcrann
re cognamh’ dubhairt sí, & ‘casúir do
chrámhaibh duine dá sgoltadh’ .i. cnó &
ubhla & a bhfiacla dá sgoltadh.”



Adubhairt Feidhlime “Rachaimíd
leat.”



Eirigheas an inghean bheg iar sin, &
gabhas Feidhlime ar láimh & beireas
léi chum an dúna é. Agus is amhlaidh
fuaireadar na tighthe taithneamhacha
taobhleabhaire, & na cuilte caomha
cumhdaighthe, & foirgneamh fairsing
fionnaolta ar n-a nuadhluachradh.
Agus do cuireadh céad fear fíorua-
sal i ngach halla do theach Ghoil, gona
bhfuirinn do lucht ceoil, airfide &
ealadhan. Agus tug comhnuidhe dá
neachradh & dá ngiollaíbh. Agus do
shuidheadar na sárshlóigh do réir a
nathardha & a nduthchais & a nanmana.
Óir níor cuireadh íseal i nionad uasail
ná daoi i nionad flatha, acht gach naon
'na ionad chinnte féin. Agus do
dáileadh biadha saora sochaithmhe, agus
deocha garga gabhála, & lionnta réidhe
ro mhílse dhóibh. Agus do bhádar ceath-
rar ar fhichid do naoimh chléireachaibh i
gcoimhdeacht & i gcuideachtain Fheidh-
lime, & ba dhíobh sin Maolruana agus
Maoltuile agus Maolfaidh, & Maoi-
ling Luachra & mórán eile maille riu
ná hairmhighthear annso. Agus do
bhádar go ceann cian choigcíos ar
mhíosa ag caitheamh na fleidhe sin; a's
níor bhfearr an chéad oidhce ná an
oidhche ná oidhche dhéanach iad. Agus i
gcionn na ré & na haimsire sin tháinig
giolla carbaid an rígh isteach & adu-
bhairt.



“Is mairg do thréig iomchosnamh
Leithe Mogha ar cheannas aoin tighe
amháin, ó nach annso orduighthear do
righ Mumhan síor chomhnuidhe do dhéan-
amh, & is leór dúinn a fhaid atáimíd
ann.”



Truagh, a ghiolla,” ar Feidhlime “Ó
ghabhais lámh orainn, beam ar siubhal &
ag imtheacht feasta. Agus cár bh'-
fhearr damhsa ríoghacht Mumhan agam
na ríoghacht an tighe seo.”



“Mallacht ar do bhéal, a ghoilla,”
ar Goil “óir d'eirigh sonas & saidh-
bhreas re linn an rígh linn, óir na
dabhacha donna datháille mar ibh thear
iad go bhfaghthar lán an athuair iad &
an feadh do bheadh an righ nár bhfochair
ní bheadh easba orainn.”



“Créad fár chuiris an inghean bheag
do cheisneamh & do thabhairt diúlta
dhúinn?” ar Feidhlime “agus iomad
maoine & mórmhaitheasa an bhaile se.”



“Ní do thabhairt diúlta dhuit, do
chuireas í” ar Goil “acht dá fhéachain
an bh'ionnchuir do labhairt re cléir í.”



“Is ionnchuir go deimhin” ar Feidh-
lime “agus ní ionnchuir do chléir
labhairt léise, ar a líomhthacht, agus ar
a léire teangan.”



Eirigheas Feidhlime iar sin, agus
tiomarcas ceileabhradh do Ghoil agus
dá theaghlach & tug céad do gach crodh
dhóibh; agus do ghluais roimhe chum
siubhail i nathghairid gacha conaire a's
gacha caoimheolais tar Luachair Dheagh-
aidh go críoch Chonaill Gabhra.



Cormac Ó Cadhlaigh.



Do scríobh a láimhscríbhinn, i gCol-
áisthe Cholmáin, Mainistir Fhearmuighe,
do scríobh Eoghan ó Mathghamhna i g-
Corcaigh mhóir Mhumhan chum úsáide an
duine uasail, an tAthair Muiris Cin-
neiféic i bparróiste Teampaill Ghil &
na Blárnan. An ceathramhadh lá fich-
ead d' Óctóber, aois an Tighearna
1841.


L. 5


PÁIPÉAR AN PHÓSTA.



Bhí fear fadó ann agus is minic a
bhí agus beidh arís leis agus chuir sé
beirt bhan a bhí aige agus ní raibh sé
sásta gan an tríomhadh bean do phósadh.
Seadh go háirighthe d'imthigh sé agus
Jug ann chun cleamhanais do dhéanamh
agus is ann do bhí an cuata ag imthe-
acht. Bhí mang na hata, bata na láimh
aige agus a bhróga go polasáilte. Bhí
sé ag cur de gan stad gan staona
gur chuaidh sé go Neidín agus seoladh
isteach go tigh é go raibh cailín óg
agus lánamha aosta. D'fhiafruigh fear
a tighe dhe cad a thug é. D'innis sé
dho gur fé dhéin mná do tháinig sé.



“Ó” arsa fear a thíghe. “Is maith
mar do tharluig. Tá sí agamsa; sin
é, má déinimíd aon tsocrúghadh agus
má thaithnigheann sibh fein le na chéile.”



Do dhéineadar an cleamhnas gan
mhoill agus chuadar go dtí an sagart
chun sorcú do dhéanamh leis.



“Seadh” arsan sagart leis an ó-
gánach, ní féidir liom tú phósadh gan
teistiméaracht do shagairt pharoiste
féin do bheith agam.



“Ó,” arsan tógánach, “ní gádh dó
san aon deifir do dhéanamh. Gheobhaidh
mé é sin gan mhoill.



'Seadh d'imthigh sé air ag triall ar
a shagart féin chun an teistiméaracht
d'fhagháil uaidh.



“Cionnus is féidir liom é sin do
dhéanamh, arsan sagart agus nach fiú
thú é.”



“Ó arson Dé 'Athair,” arsa é sin,
“tabhair dom slighe éigin e agus seo
mar a fuair —



Seo chúghaibh giollthán do mhuíntir
Dhuilleáin, air mhuin giorráin is gan í
diolgais (?).



Níl aige bothán, tigh ná troschán
acht is minic ar a' gcnocán é go brui-
geantach.



Do mhairbh sé Siubhán an tarna
leannán agus níor thaise don donnán
a bhí aige roímpi.



Bhíodh sé ag gabháilt de smután idir
a dhá s inneán agus ba mhinic í ar
féurán i dtigh a muíntir.



Dimthigh an t-ógánach air agus an
páipéar aige ag triall ar an mnaoi
acht nuair a chuadar go dtí an sagart
eile chun iad a cheanghailt & do shin
chuige a pháipéar ba throm an tsúil
thug an sagart air tar éis é léaghaidh,
agus dubhairt.



“A mhic ó, más fear mar sin tu ní
bhfaghaidh tu aon bhean annso, acht im-
thig ort agus faigh bean id' pharóiste
féin más féidir leat.



D'imthig sé air agus geallam-se
dhuit ná raibh an jug chomh mór ann is
bhí ag teacht.



Séamus Ó Conraoi,
Sgoil a Ghleanna,
Baile an Sgeilg.



SGÉUL.



Bhí fear fadó ann is minic a bhí
agus beidh go deó. Baintreabhach do
b'eadh é agus bhí triúr mac aige. Do
phós sé arís. Lá da raibh sé as baile
dúbhairt an leas-mháthair leis an
dtriúr mac an raghaidís ag imirt
breithe, agu dúbhairt siad go raghaidís.
Bhuaidh an leas-mháthair an chéad bhreith
agus do bhuaidh an triúr mac an dara
breith.



“Cuir do bhreith” ar siad leis an
leas-mháthair.



“Cuirim-se mar bhreith agus mar
chleas an droma draoidheachta
Each na gClog do thabhat libh.”
“Cuiridh bhúr mbreith” ar sí sin.



“Cuirim se mar bhreith ort agus
mar chleas an droma draoidheachta
dul siar ar an bhFiach agus mair-
eachtaint ar thrí punnanacha coirce go
dtiocfam-na chúghat.”



Spric chloiche iseadh í seo atá amuigh
ins an bhfarraige ar an dtaobh shiar
de cheann Sibil i bparróisde 'n Fhirt-
éuraigh.



Chuaidh an triúr mac ag triall ar
Each na gClog agus d'imthigh sí sin ar
an bhFiach. Nuair a bhí an triúr mac
tamall ó bhaile thárlaig fear leo.
D'fhiafruig sé dhíobh cá rabhadar ag
dul agus d'innseadar do.



“Is beag an mhaitheas díbh sin” ar
seisean. Is minic atá sé tástálta
agam-sa.” Cé bheadh annach an Gad-
aidhe Dubh agus d'imthig sé in-éinfheacht
leó, ag triall ar Each na gClog.
Nuair a thángadar go dtí an stábla
ann a raibh Each na gClog do bhain-
eadar an glas de'n ndoras. Capall
do b'eadh Each na gClog go raibh brat
mór uirrthi agus é lán do shligirníníbh
óir. Nuair a bhíodar ag tógaint an
bhrait dí do chroth sí í féin. Seo leo
ag ruith an fhaid a bhí na gcosaibh agus
ní rabhadar ach tamall beag ó bhaile
nuair do rugadh orrtha. Lé rígh mór
do b'eadh Each na gClog agus do
tugadh go dtítigh an righ iad d'órduig
sé teinne mhór do chuir síos agus
corcán mór do chrochadh uirrthi.



“Anois,” arsa an rígh, “tá an mac
críona i ngoireacht uair a chloig dhá
bhás.”



“Chuadhsa chómh gairid dom bhás leis
sin” arta an Gadaidhe Dubh. “Bhí
triúr fear ag gabháil trí choill lá
agus bhí trí mhaingisín óir acu. Do
bhuaileadar fé na gceann iad agus
do thuit a gcodladh orrtha. Nuair a
fuaireas 'na gcodladh iad do thógas
na maingisíní agus chuireas cloch 'na
n'ionad. Nuair a mhúsgluingheadar
as a gcodladh bhraitheadar imighthe iad.
D'imthigheadar orrtha ag lorg agus
fuaireadar rian mo chos ag gabháil
tríd an gcoill. Fuaireadar tuagh
agus bhíodar ag leagadh na gcrann
anuas. Nuair a bhíodar ag an gcrann
deireanach do ghlaoidh an coilleach
agus chaitheadar bailiúghadh leó agus
bhíos-sa san chrann san is nách giorra
chuadh-sa dom bhás na é sin.”



Do shaor an Gadaidhe Dubh an chéad
mac.



“Anois” arsa an ríg “tá an dara
mac i ngiorracht leath uair a chloig
dá bhás.



“Is ghiorra chuadhsa dom bhás ná é
sinn” arsa an Gadaidhe Dubh. “Lá
do casadh isteach idtigh mé ann a raibh
bean ag gol agus leanbh ar a baclainn
aici. Dhfhiafruigheas di cad é an rud
a bhí airrthi agus dúbhairt sí liom gur
amhlaidh a chaithfheadh sí an leanbh a chuir
i bpí do fhathach a bhí sa tigh.



“Is fuirist an sgeul san do leigh-
eas” arsa mise. Do bhaineas an
mhéar bheag dhén leanbh agus do chuir-
eas san phí í. Ansan do chuir an mhá-
thair an leanbh i bhfolach. Nuair a
bhrath sí an fathach ag teacht chuin an
tíghe dúbhairt sí liom mo chuid éadaig
do bhaint díom agus dul síos an t-
seómra agus me féin do chaitheamh
imeasg na ndaoine marbh. Tháinig an
fathach isteach agus d'fhiafruig sé an
raibh an pí deanta agus dúbhairt an
bhean go raibh. “Tabhair dom é” ar
sé sin agus do thug.



Do fuair sé méar bheag an leinbh
sa phí agus cheap sé go raibh sé ann.
D'imthigh se síos an t-seomra agus
sgianaige chuin blúire feóla d'fhághail
agus cé an duine go raghadh sé chuige
ach cúgham féin a's do bhain sé blúire
dem' leath cheathramhain agus nách
giorra chuadh-sa dom' bhás ná é sin”
arsa an Gadaidhe Dubh. Bhí máthair
an rígh ag éisteacht leis an méid sin
agus níor mhothuig go rug sí ar láim
air & dubhairt sí gur bhí féin an bhean
san.



“Agus feuch” arsa an rígh “misean
leanbh.”



Ansan do leig an rígh an trímhadh
mac saor agus thug sé féasta mór
dóibh, fuaireadar Each na gClog ag
dul abhaile dhóibh. Nuair a thángadar
go dtí an leas-mháthair ní raibh aon
nídh innte ach na chnámha.



Sin é mo sgeul-sa is má tá bréag
ann bíodh



NÓRA NÍ LUBHAING.
Sg. Bhaile an Fhirtéaraigh.



BAINNE AN GHABHAIR BHÁIN.



Seo amhrán a scríobhas síos tá
tamall ó shoin ó Amhlaoibh ó Laoingsigh,
dall atá theas i mBaile Chaisleáin
Bhéara i gConndtae Chorcaighe agus
ní dóig liom gur cuireadh i gcló
inaon leabhar ná paipéar fós é. Ba
chosamhail an fonn a bhí aige air leis
a' bhfonn atá leis an amhrán san —
“An Cailín Deas Ruadh.



Seán óMurthuille.



Bainne an Ghabhair Bháin.



I mbun Chnuic a'Tíghe iseadh do bhíos-sa
sealad gan ghádh,
Do dhíolainn an cíos trí mí sul a
dtagadh an lá,
Do bhíodh bacaigh na tíre im thímcheal
is a gceaintíní stáin,
Is ní shásóchadh aon díghe iad gan
bhraon do bhainne an ghabhair bhain.



Tá an baile seo bodhar agam ghabhar
is d'imthigh sí indisc
Tá na cearca sa chrann agus síl
baoghal ná go bhfuil scaipeadh ar
na huibhe
Tá an leabaidh fém' dhrom gan dabht
agus níor bogadh le mí
Nach amailighthe dall aon (ts) amhail
fir le heasba mná tighe.



Is minic do bhíos im shuidhe cois na
haisce (?) go sámh
Bhíodh ba bainne ins an muighe, laoigh
agus muca ar a' bpáirc
bhíodh ba boga ag guidheal cois a' tighe
is iad ag feitheamh ar mhnáibh
Ag is ná cuirfin-se puinn aon tsuim
i mbainne an ghabhair bháin.



Do bhronnfadh a theighleach ar aon'e a
mhairfeadh dá chlainn,
Ná coimeádfadh rud éigin do féinig
sar a dtuitfeadh sé i n-aois
Gan bheith n-a bhochtainín aonair gan
bhraon aige a shluigfadh a chroidhe.



A fhir úd thall bí-se ceannsa cneasta
led' mhnaoi
Mar is measa duit uait í go mór ná
a mairean de d' chlainn
Nuair a bheidh tú go fann lag mall is
tú ar leabaidh it luighe
Go mbeidh sí agat cheann gach am a's
í ag bota na díghe.



A Phádruig uí Shéaghdha guidhim séan
agus rath ort go bráth,
Nuair a innseas mo scéal duit ní
baoghal ná gur thuigis mo chás,
Thugais cnocáinín féir dom go raibh
féur ann go meigiol a' fás,
Agus seachtmain an lae sin do scéigh-
feadh sí cana chúig gcárt
a chríoc.



ASAL AN CHLÚIMH.



(Sean ó Duinnshléibhe, file an Oileáin Tiar.)



Ní miste dham trácht ar an asal dob
'fhearr,
Is ‘character’ breagh do léigheamh do;
Is go gcuirfinnse a chlú thar fairrge
anonn,
Is go measaim gur fiú é dhéanamh.
Le mire is le brigh do dheineann gach
nidh,
Is gur fada gur mhaoidhimh sé a shao-
thar.
Le gliocas thar barr, le hacfuinn a
chnámh,
Do dheineann gach bearna do réabadh.



Dá mbeadh agam bólacht is capaill na
Fódla,
Is tarrac go leor mar Dhéamar,
Ní scarfann go deo le hasal an
spóirt,
B'é an taca é chun an ghnó do dheu-
namh.
Dá bhfeicfeá-sa lá é ag tarrac ón
dtráigh,
Nó branradh amháin le céachta;
Ní iarrfadh go bráth ort coirce ná
práta
Ach leigint ar a ádhbhar féin dó.



Is mór mar chloisim-se ón té atá na
dhoras,
Gur dubhach mar ghoileann an cléir-
each;
Ghá radh go follus gur fhág an sonas
é,
An tráth gur shroicheas chugham féin é.
Nuair a thagann an rás i naice na
trágha —
Go mbéarfaidh go sásta an chraobh
leis;
Ní fheacaidh a mháistir a eirball
sgáinte
Cé gur minic le fánaidh sléibhe é.



Scalladh ar na comhursain do bhear-
tuig ná dubhairt
Go raibh m'asal-sa dúr i naon chor,
Is go gcuirfinn a luth i bhfeirm le
colúr
Do sceinnfeadh tréis múscailt piléar
d'fhagháil.
Bhí a dheire 's a ghúnga go ceapaithe
cúmtha
Mar a thiocfadh sé as múnla déanta
Is go ndubalóchadh siubhal ar an each
bhí ag “Bún”
I mbaitil a chúrsa dhéanaigh.



Is mór atá m'aigne le cuaird na
seachtmhaine
Ó tháinig an teachtaireacht chughamsa
Tuairisc is aitheant ó chomhluadar an
airm
Go dtabharfaidís dachad geal púnt
air,
Ní bhfuaireadar fós freagra dá bharr
Go dtógfaidh mé aga chun comhairle;
Is go mbé bhfearra dham an tór a
a ghlacadh
Mar tá sé i mbaile chontabharthach.



Is agamsa atá an t-asal nach cás
dam seasamh air
Tá lán de mhaitheas 'na thréithibh —
'Sé an saighdiúir calma é i dúis an
airm
Ná teichfeadh le heagla i naon chor,
Tá uaisle na Banban i mbuairt is i
nachrann
I d'fhonn 's é tharrac dóibh féinig,
Nuair a labharfá Laidean leis, d'umh-
lochadh sé chun tailimh síos
D'fhonn is go n-imtheochadh na piléir
de.



Dá bhfeicfeá sa bhfiadhach é ag tarrac
aniar
Is na capaill na dhiaigh ar saothar,
Na marcaigh go dian fé allus dá riar
Agus dá ngreadadh le hiarnaí géara,
Dá bhfeicfeá-sa an fiadh ag imtheacht
sa diabhal
Is gach duine ad iarraidh é thraochadh
Is do thánig ministéir liath ó nDain-
gean aniar
is do thairg sé céad uaidh féin air.



'Sé nidh deir na hughdair, dar liom,
ar chlú
An asail ba dhúire i nÉirinn,
Bairille púdair do chur thiar le na
rúmpa,
Ní bhainfeadh sé lúth ná léim as.
An té chifeadh a ghúnga, a dheire, is a
mhúnla,
Chuirfeadh sé iongnadh ar éinne;
Níor tháinig aon lá ó thosach na rátha
Ná go mbrisinn-se sámhthach déil air.



CORMAC Ó CADHLAIGH,
Do sholáthruigh sa Blascaod Mhór,
1907.


L. 6


sé isteach tráthnóna do lorg sí air í
agus dubhairt sé léithe an méid adubh-
airt an cailín leis féin.



Sé an saghas leabthan thug an tseana
chailleach do ná leabaidh a bhí lán do
spuraidh iarainn agus nuair éirigheadh
sé ar maidin thugadh sí chuige an muga
de mhaothal stálaighthe ach do thugadh
an inghean a biadh féin chuige. Ar
maidin lár na mháireach nuair éirigh
sé thug an tseana-chailleach do mias
agus dúbhairt sí leis dul go dtí an
loch san shíos agus an fáinne do chaill
a sheana-mháthair d'fhághail. D'imthig
sé air agus nuair chaitheadh sé mias
amach thagadh dhá mhéis deug isteach.
I gcaitheann an lae síar do chonnaic
sé chuige an cailín agus bíadh goidithe
aici chuige agus an fhaid a bhí sé ag
ithe do dhéin sí sin lacha dhí féin agus
thug sí aníos an fáinne ó thóin an phuill
agus thug sí do é agus dúbhairt sí
leis — “Má fhiafhruighean an tseana-
chailleach dhíot an bhfuair é, abair go
bhfuairis; agus má deir sí leat é
thabhairt dí abair léi má dubhairt sí
leat é d'fhághail ná dubhairt sí leat
é thabhairt di.”



Nuair a tháinig sé abhaile tráthnóna
d'iafhruig sí dhó an bhfuair se é agus
dubhairt sé go bhfuair agus dubhairt
sí leis é thabhairt dí, & dubhairt se
na focail adúbhairt an cailín leis.
Nuair a bhí sé ag dul a chodladh thug
sí chuige an muga mhaothal agus an t-
arán min-choirce & leigeadh sé sin air
go n-ólad sé é.



Nuair d'eirig sé ar maidin dúbh-
airt an t-seana-chailleach leis dul an-
san síos & an claidheamh a bhí aige na
seana-mháthair do bhaint dí. Do bhí
amhras aici ar an inghin go mb'í a bhíod
ag fághailt na rudaí seo & dá d-tabh-
airt de'n mbuachaill & do chuir sí is-
teach i seomra í agus an glas uirrthi.
D'imthig an buachaill & dá mbeadh se
riamh & choidhche ag baint an claidhimh
dí ní fhéadfadh sé é bhogadh. Lár a lae
shiar chonnaic sé chuige éun dubh trídh
an spéir & cé bheadh ann ach
Do sháigh sí bíorán na láimh féin & do
sgaoil sí trí braon fola anuas ar
chroidhe a dheárnan agus dubhairt sí
leis é sin do sgaoileadh anuas ar aran
gclaidheamh & an glór do dhéanfhadh sé
go gcloisfaoi ar fuaid an domhain é &
gan é dhéanamh go m-ba dóigh leis go
mbeadh sí féin aige baile.



D'fhan sé go ceann i bfad gan é
dheanamh & ansan sgaoil sé anuas na
trí braon fola ar an gclaideamh a's
an glór do dhein sé chualaidh an t-
seana-chailleach é & chúaidh sí go poll
an ghlais feuch an raibh an inghean ann
& do bhí. Nuair a tháinig an buachaill
abhaille thug an inghean cógar do,
nuair bheadh gach aoinne na gcodhladh
anocht an capall do thabhairt amach as
an stábla & imtheacht air abhaile & go
raghadh sí féin méinfeacht leis mar an
rud a chuirfeadh an tseana-chailleach
orrtha i maireach ná féadfadh aoinne
acu e dhéanamh. Nuair fuaireadar
gach aoinne na gcodhladh thugadar leo
an capall & d'imthígheadar orrtha. Ar
maidin do bhrath an tseana-chailleach
iad imighthe & ghlaoidh sí ar a beirt
mhac & d'imthigheadar orrtha na ndiaidh.



I gceann tamaill dúbhairt an cailín
leis an mbuachaill feuchaint na dhiaidh
feuch an raibh aoinne teacht & ní raibh
agus i gceann tamaill eile dubhairt
sí leis feuchaint na ndhiaidh arís & ní
raibh éinne ann & dubhart sí arís leis
é & dubhairt se go raibh trí éin dubha
in aice leó.



“Sin íad Seumuisín, tomaisín & mo
mháthair,” ar sí sin, “agus caith uait
an tsnáthad” ar sí sin & do chaith a's
d'fhás coill mhór de shnáthaidíbh suas go
dtí an spéir & chaith an mháthair & an
bheirt mhac filleadh abhaile & tuagh a's
claidheamh do thabhairt leó. Do bhí an
lá san i bhfaighid orrtha a's bhí an bua-
chaill & an cailín tamaill mór ó bhaile.



Lár na mháireach arís dubhairt sí leis
an mbuachaill feuchaint na dhiaidh feuch
an raibh aoinne ag teacht & ní raibh, &
dúbhairt sí arís leis é agus ní raibh,
& an trímhadh h-uair adubhairt sí leis é
bhí na trí héin dúbha arís i naice leó &
dubhairt sí leis an fáinne do chaitheamh
uaidh & do chaith & d'fhás coill mhór d'-
fháinnaidhibh suas go dtí an spéir agus
chaitheadar dul abhaile & bhí an lá san
i bhfaghaidh orrtha.



Bhí an buachaill & an cailín in aice
leis an dtigh fé'n dtráth san. An trímhad lá dúbhairt an cailín leis an
mbuachaill feuchaint na ndiaidh & ní
fheacaidh sé aoinne dubhairt sí leis
arís & arís é agus an trímhadh h-uair
chonnaic se na trí héin dúbha arís.
Dubhairt sí leis an claidheamh do
chaitheamh uaidh & do chaith & d'fhás coill
mhór de chlaidhtibh go dtí an spéir &
chaitheadar filleadh abhaile. Do bhí an
buachaill & an cailín i naice an tíghe
annsan. Dúbhairt an cailín leis gan
póg da thabhairt dá athair na d'aoine
eile nó má thabharfadh na cuinneóchadh
se uirrthi féin go deo arís. Mairsin
do bhí, agus nuair a chuaidh sé abhaile
ní thug sé póg d'aoinne ach pe an
líobadh a bhí ag an madra air thug sé
póg do & níor chuimhnigh sé go raibh a
leithéad sin de chailín riamh aige. Bhí
inghean “micil na muc” lá ag dul ag
triall ar uisge & nuair a tháinig sí os
cionn an tobair in áirde chonnaic sí
sgath an cailín shíos ins an dtobar,
mar bhí an chailín an airde ar chrann
os cionn an tobair & cheap inghean
Mhicil gur b'é a sgáth féin a bhí shíos
sa tobar. Bhuail sí buille dá cana i
gcoinnibh an chlaidhe & d'imthig sí uirrthi
& ní fheadar aoinne ó shoin ce an áit
gur imthig sí. La eile tháinig bean
Mhicil féin ag triall ar uisge & nuair
chonnaic sí an sgáth shíos sa tobar
bhuail sí buille dá cana i gcoinnibh an
chlaidh & d'imthig sí uirrthi & ní fheadar
aoinne ó shoin cé an áit gur imthigh sí.
Thainig Micil féin lá eile ag triall
ar uisge & nuair a
igath shíos sa tobar bhí sé
imtheachta nuair a gháir an
áirde & d'innis sí do cionnas
a bhean agus a inghean. Thug Micil leis
abhaile an cailín. Ní fada a bhí sí
aige Micil nuair fuaireadar cuireadh
ó'n mbuachaill mar bhí sé ag pósadh
cailín ón domhan toir. Chuaidh an
cailín & Micil air an bpósadh.



I lár na h-oidhche dúbhairt an cailín
bórd a chur i lár an tíghe a's cuiread.
Bhuail sí cearc a coileach ar an mbórd
& chaith sí gráine coirce chucha. Phrioc
an coileach an chearc agus dubhairt an
chearc. “Faire, faire! a choillichín,
is mór an náire dhuitse beith leis an
gcircín do fuair an tsnáthad duit
nuair bhís ins an domhan toir. I g-
ceann tamaill eile chaith sí gráine
eile chúcha agus phrioc an coileach an
chearc a's dúbhairt sí,” faire, faire!
a choillichín, is mór an náire dhuit se
bheith leis an gcircín a dhein lacha dí
féin & thug an fáine ó thóin an locha.”
Chaith sí gráine eile chúcha & phrioc an
coileach an chearc, agus dúbhairt sí.
“Faire, faire1 coillichín is mór an
náire dhuit-se bheith leis an gcircín a
thug na trí braon fola duit le sgaoi-
leadh anúas ar an gclaidheamh.” Nuair
chualaidh an buachaill an méid seó dá
rádh ag an gcailin d'aithin sé gur bhí
a bhí ann. D'imthig sé & thug sé leis
í go dtí na tigh féin & mhaireadar go
lántsásta as san amach.



Sin e mo sgeul is má tá breug ann
bhíodh, ní mise chúm ná cheap é.



Nóra Ní Lubhaing,
Sg. Bhaile an Fhirtéaraigh.



I NÁIT DÁR GHABHAS.



I náit dár ghabhas féinig go déannach
araoir,
Do casadh orm spéirbhean 's í a' réidh-
teach a cinn,
Caisí boga bronacha le na caomh-
leacain síos
A dhá bais aici dá bpléascadh 'sí
'géar-ghol 's ag caoi.



'S cad a thug an tráth so san áit seo
thu 'd' aonar
A chailín na gcochán cúl-chrothánach
péarlach?
An é t'athair nó do dhreatháir no do
leanán fir céile
Do-chuaidh uait ar neamh-áird go bhfuil
an t-ochlán go léir ort.



D'fhreagair sí “dar ndóigh 's me bean
mhódhmharach na gciabh,
Ní gaolta ná comhgus do leonuigh mo
cliabh
Ní capall ná bólacht ná mór-stoc ar
shliabh,
Ach grádh mo chroidhe seóladh ar bórd
luinge siar.”



IS má imthigh ar fán uait, a bháin-chnis,
is dóigh.
Ná fillfidh aon tráth ort tar sáile go
deoidh,
Cuirfead síoda 'gus séal ort 'stú
árdú chun ceoil
Ach gluaiseacht go bráth liom, a ghrádh
ghil 's a stór.



'S da dtugthá dom féinig fíon craorac
is beoir,
IS bainríoghan a dhéanam díom féin
ar an gcoróin,
Ní ghluaiseochainn-se féinig le h-aon
fhear go deóidh,
Go bhfeicead mo chéad searc a' teacht
marbh nó beo.



IS mairnéalach luinge me shiubhluigh a
lán,
IS deir siad gur staraidhe me mheal-
lann na mná,
Tá coróin gheal im' phóca is go leor
díobh le fagháil,
Tá an crúsga ar an mbórd is is cóir
do bheith lán.



Nach aoibhinn is nach aerach do'n té
bhíos ag ól,
Ní bhíonn peaca sa tsaoghal air ná aon
ní dá shórt,
Dá gcastaí air spéirbhean 's go m-
béarfadh di pós —
Go dé sin do'n té sin na baineann
san leo?



Nach aoibhinn do sna h-einíni éirigheas
go h-árd
'S luigheann le na chéile ar aon ghéigín
amháin
Ní mar sin dom' féin is dom' chéad
míle grádh
Ach chomh fada ó n-a chéile is tá'n
réilthean ó'n mbán.



A óigbhean bhreagh stuamdha na gruaige
breagh buidhe,
Tar annso anuas chugam i gcómhgar
na dighe,
Mar do thógfá-sa an ceo so 's an
brón suas dem' chroidhe,
Mar d'éireochadh an lóchán de'n choirce
le gaoíth.



A ógánaigh uasail cár chodlaís ar-
aer?
Do chodlas ar mo leabaidh is cár
codlaís-se féin?
Nuair luighim-se ar mo leabhaidh ní
chodalaim néal.
'S gurbh' iad do bhréithre míne blasta
d'fhúig an t-osnadh so im' thaobh.



Seán Ó H-Uallacháin,
Baile an Bhuithléaraigh,
Tigh Molaga.



TADHG NA SAMHNA.



A Thaidhg na Samhna, is ceann sa tír
thú,
Ba bhinn do labhartha, is níor mhall sa
chroidhe tú,
Ó thógais do cheann do bhí greann na
ndaoine ort
Is gur crochadh as crann i nGleann an
Chruim thú.
Mo chúig chéad chara, do bhanaltra
dhílis,
Do thal ort bainne is do thug leabaidh
a cuim duit,
Thug comhairle do leasa dhuit chun im-
thighthe díreach,
Is go bhfeicidh sí fós indeis-láimh
Chríost tú.



Cár mhiste sin dá ndéanfá tréason,
Bean do nochtadh nó marbhadh do dhéa-
namh,
Ach bheith ag gabháil leis an bhfuirinn
nár choinnibh le chéile,
D'fhágadar thusa is d'imthigeadar
féinig.



Tá Éire ar lasadh agus Sasana buar-
tha,
Ó tháinig an gasra dearg ar chuardach,
Ta an leomhan fé mhairg, cé gurab
annam é ar buaireamh,
Ag an téad ghá cheangal gan neart
aige ar ghluaiseacht.



Tá ceol ar an bhfairrge an fhaid a
ritheann sí tímpal
Nó as soin suas go barra na taoide
I ndiaidh an phreabhaire ba thapaidh tar
trínse
Sé Tadhg na Samhna ó Ghleann an
Chruim thu.



A Thaidhg, ba bhreagh í do lámh ar ráinn
nó ar shluasaid,
Is ba bhreagh í do sheasamh i sgioból an
bhuailte,
Do chasfá an tseisreach ar deiseal nó
tuathal,
Agus d'iompochthá an taobh dearg den
talamh i nuachtar,



Nuair a théightheá g'ruig an Aifreann
ar maidin Dé Domhnaigh,
Ba bhreagh í do phearsain ag seasamh
ar do chobhlaigh,
Do bhí an dá liath-bhruinnill ag feithe-
amh ar labhairt leat,
Is gurbh' í an Mhaighdean Mhuire do rug-
ais mar rogha leath.



Bliadhain 'san dtaca so ó ghabhas an
tslighe seo
Agus cóisire fhairsing do lucht airm
id' thimcheall
Chuir cuing an phosta ort i ndóigh nár
síleadh
Is gur dtigh bheith le hÁine gur ceár-
nadh díoghbhal.



Do deineadh do mharbhthain i Laoi 'gus
i gCléire,
I mBaile na Blárnan nó i nDún na
Séada
Is gur i mBeanntraighe istigh do bhí
cion ar do ghaolta
Cois an Fháilbhe nó i lár Uibh Laoghaire.
A Thaidhg ba bhreagh í th'sháith is bá bhreagh
í th'éifeacht,
Ba bhreagh í do lámh is croidhe le caol-
pheann,
A Thaidhg ná beireadh aon bhreith dhaor-
tha
B'usa an taidhbhreamh dá mbeireadh
Dia saor thu.



Cormac Ó Cadhlaigh.



Do fuair an mharbhthain sin ó shean-
fhear darbh ainm Tadhg Ó Muireadhaigh
i bpharóiste na gCúirseacha, seacht
míle nó mar sin ó Chionn tSáile, 15,
6, 1906.



PAIDIR.



Réir Dé go ndeinimíd
Agus beatha na naomh go dtuillimíd,
Ceol na n-aingeall go gcloisimíd
Agus radharc na bhFlaitheas go bhfeici-
míd.



A Bhainríoghan na bhflaitheas freagair
is fóir sinn,
A Mháthair dhé, a bhréithre an eolais,
Cumraidhe mh'anma ort, a mhaighdeam
ghlmhorar.


L. 7


A FHEIRMEÓIRÍ!



AN FILLEADH BEAG.



AN CULAITH GAEDHEALACH
I n-iomlán, agus
Brístín, agus
Brat agus
Dealg, agus
Caipín, i n-a theannta ar —
50/—



SCRÍOBHAIDH CHUGHAM GO SRÁID AN RÍGHO
49A i gCorcaig.



TOMÁS Ó GORMÁIN.



TROSGÁN TIGHE.



FÓGRA.



LEABHRÁIN PINGINNE
“An Lóchrainn.”



Táid na leabhráin seo leanas ullamh anois —



1.PÁIRLIAMENT NA MBAN,
Cuid I.



2. "PÁIRLIAMENT NA MBAN,
Cuid II.



(Cormac Ua Cadhlaigh do chuir in eagar).



3. CAISMIRT NA GCEARC.
Cuid I.
4. CAISMIRT NA GCEARC.
Cuid II.



5. AN SIOTA 's A MHÁTHAIR,



6. LIAM NA GIÚISE.
(“An Seabhac” do chuir in eagar).



16. Leathanaigh de glan-Ghaedhilge nga
ceann.



Le fághail saor tríd an bpost ar 1½ d. an
ceann nó ar 9d. an dosaen



Scriobhtar go dtí



RAIGHILL IS MAC CUIRC,
TRÁIGH-LÍ.



LEABHRA AN CHONNARTHA.



BOOKS SUITABLE FOR INTERMEDIATE PROGRAMME.



By P. O Seochfradha. 6d. net.



Bruidhean Chaorthainn: An Ossianic Romance. Edited, with Notes and
Vocabulary, by Padraic MacPiarais, B. A., Barrister-at-Law. 9d. net.



Dearg-Ruathar Chonaill Chearnaigh: A Rudrican Tale from a Thomond MS.,
with Vocabulary. 123 pp. Limp Cloth, 9d., net.



Bodach an Chóta Lachtna: An Ossianic Wondertale. Edited, with Notes and
Vocabulary, by Padraic MacPiarais. 80 pp. 6d., net.



AN CLAIDHEAMH SOLUIS.



Cuidigh leis an g-cuis agus ceannuigh an Claidheamh Soluis. Ní'l as
acht pingin sa tseachtmhain. Ar an phingin seo gheobhadh tú gach saghar
eoluis ar chúrsai an tsaoghail.



Árus an Chlaidhimh ag — 25 Cearnóg Rutlainn, Baile atha Cliath.




L. 8


AONACH NA BANNDAN.



Ar aonach cheart na Banndan
Lá seal dá rabhas-sa.
Is mise bhí san am san
Gan amhgar gan gádh.
Do cheannuigheas blúire gamhna
Ó fhear andeas don cheanntar;
Ní bhfuaireas riamh ar cheann í,
Ar cheannraigh ná ar bhrághaid.



Thugamar linn anall í
Go dtángam ar thar Banndain
Do chuireas-sa mo ghamhainín
I gcobhlaigh san scáth.
Bhí ceol is rinnce is damhas ann
Shuidheamar síos na dteannta
Ba ghearra dhúinn go rabamar
Gan mheabhair seal mar chách.



Nuair bhí am againn ar ghluaiseacht
Ní raibh sí ann ná a tuairisc
Dubhart-sa féin lem buachaill
An gamhainín beag d'fhagháil.
Bleagárdaithe na tuaithe
Ghá rádh “an í siúd suas í?”
Is é dheinidís de thruagh dham —
“An bhfuairis í a Sheaghain?”



Níor fhágas cnuic ná sléibhte
Ná gleannta cumhanga caola
An faid do rith mo ghaolta
Gan aon tuairisc di d'fhagháil.
Gur bhé deinidís le chéile
Ní aithnighmíd thú ar aon chor
Pé aca fear d'imthigh ar strae thu
Nó peacach bocht fáin.”



D'innseas páirt dem sgéal dóibh
Is an chuid ba mhó dhe 'na 'éitheach
Gur fear do bhí le céird mé
Am shaor ghlan gan cháim,
Go rabhas ag dul go Béarra
Mar is ann do bhí mo 'station'
Sul a mbainidís na géinig (?)
An teudach dom chnaibh.



Níor fhágas bóthar, cnuic ná
gleannta
Ná aon áit go raibh mé 'na amhras
Cuimearacha abhann,
Cobhlach ná sgáth.
An fhaid do rith an ceanntar
Is blúire ní raibh ann de
Is feuch air sin nar chlampar
do bhí geallta do Sheaghan.



TADHG Ó MURCHADHA.
Scoláire i gColáire Cholmáin,
Fearmuighe do sholáthruigh.



Gach aon ao saghas earraí le fághail ann.



DO THIGHTHIBH AOIDHEACHTA INSO.



Má's as baile dhíbh a Ghaedhilgeóirí gheobhaidh
sibh ósduigheacht & bárr freasdail má chuireann
sibh fúibh ins na tighthibh Gaedhlacha so:



I gCorcaigh.



Tigh Inghín Ní Bhuachalla, 6 Sráid an
Droichid.



(Láimh le Droichead Pádraig).



Grianán na nGaedhal



Gaedhluinn ag muintir a' tighe.



IN UÍBH RÁTHACH ÁLUINN



Aoidheacht maith do Ghaedhlaibh.



BEAN UÍ DHUILLEAIN,
Spúncán, An Cuirreán.



Labhartar Gaedhilg 'sa' tig seo.



GLANACHAR
SAOIRSEACHT
SÍBHÍALT



I LÚNNDAIN SASANA.



CUIRIDH FÚIBH I DTIGH AN
PHAORAIGH.



Socair-Lios do Ghaedhealaibh,
I nDún Garbhán.



Tá teach aoidheachta deas ag
Maighréad Ní Annracháin




Baile an Fheirtéaraig an Craoibhin Aoibhinn,
Ameasg Ceanntair Gaedhlacha nEirinn tíom-
pall,
Tá ann greann Seana-nósa a's ceólta ár sinn-
sear.



Tá rinnce is damhas ann & amhráin bhríoghmhar



Má tá Gaedhluin uait, ná cunláiste chum í
fhoghluim, nó airgiod agat le caitheamh cuir
fios air an fear fíor-Ghaedhlach Liam Ó Lúbhaing,
Baile an Firtéaraig, Daingean.



I dTráighlí.



TIGH-ÓSTA UÍ SHUILIOBHÁIN,



A Ghaedhla, Cabhruighidh Le Chéile!



TÁILLÚIREACTHI.



DONNCHADH UA LIATHÁIN,
43 Sráid Marlboro,
i gCorcaigh.



Labartar Gaedhilge ann.



TROSGÁN SIGE.



Solus
na nGaedheal
déanta
i mBaile Átha Cliath.



LEABHRÍN NA LEANBH.
Norma Borthwick.
A lesson-book for Standard V.
Irish as an extra, 40 pages.
net 3d.
by post. 4d.



Aesop a tháinig go hÉirinn.
Parts I. — V.
net. 6d.
by post. 7d.



Seadna. Part I. Reduced to
net. 9d.
by post. 11d.



Vocabulary to Seadna
net. 2/—
by post. 2/2



CÓMHLUCHT NA FÍRINNE CATOILICE
I N-ÉIRINN,
LEABHAR ÚRNAIGHTHE,
PRAYER BOOK IN IRISH



Fé Chomairce
Naomh Pádraig
Ag Sraid an Ríogh
i gCorcaig.



Seán Ó Conaill



SAOR EALADHANTA AGUS
SNAIGHTHEADÓIR CLOICHE.



Is uaidh a gheobhfar gach aon nidh dá
fheabhas mar chros-liag, leac-cuimhne
altóra, agus mar sin dóibh, chun
ónáidí ar uaghaibh agus ar eaglaisibh.




“AN LÓCHRANN.”



Ar na chur amach gach mí ag Muintir
Raighill is Cuirc i dTráigh-lí. Le
fághail saor tríd an bpost ar trí
relachaa san mbliadhain.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services