Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Meadon agus Deireadh Fogmair 1911

Title
Meadon agus Deireadh Fogmair 1911
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1911
Publisher
Muintir Raighill is Cuirc

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Lóchrann



PÁIPEUR LE GAEDHILG IN AGHAIDH AN MHÍOSA É SO.



IML. V. UIMHIR IV. MEADON & DEIREADH FOGMAIR, 1911. PINGINN.



AISTRUGHADH ÓN mBÉARLA ANSO
SIOS.



Tadhg Bodhlaer ó Chathair Saidhbhín
do rinne an t-astriú, agus é i naois a
cheithre fichid.



Tá beart mór eile aistrighthe aige
agus níor thréig sé an obair fós.



(1) When the strong box contains
no more,
Both friends and flatterers shun
the door. Plutarch.



(1) Nuair ráinighean leis on mbosga
mór bheith follamh.
Seachnaid caraid as cluanairí
an dorus.



(2) 'Tis an old maxim in the school
That flattery is the food of fools;
Yet now and then your men of
wit
Will condescend to take a bit.



(2) 'Sé céime na sgoileana tá le
fada ráidhte
Gur cluanaireacht is biadh d'
amadánaibh
Cé ndeonan daoine tuigsionach
Anois as arís blúire d'ithe dhi.



(3) Not a step is out of tune,
As the tides obey the moon,
Byron.



(3) Aon choiseéin níl as an slighe
Ar nós na taoide do réir Geal-
aighe,



(4) Go; you may call it madness,
folly;
You shall not chase my gloom
away.
There's such a charm in melan-
choly!
I would not; if I could, be gay.
Rodgers.



(4) Bí ar siubhal; ní leomhthar mo
ghruaim do sgaradh liom;
Bím ar buile nó ar dithcéille;
Tá doiligheas chómh fíor thaithnea-
mhach
Ná beinn buacach anois da bhféad-
thainn.



(5) Optics sharp it needs I ween,
To see what is not to be seen.
Trumbell.



(5) Spéaclaidhe géara do réir mar
théighean mo thuigsint
Is gádh chun aon ní amharc ná fuil
le feicsint.



(6) But stumbling in the rugged dell,
The gallant horse exhausted fell;
The impatient rider strove in
vain,
To rouse him with the spur and
rein;
For the good steed, his labours
o'er,
Stretched his stiff limbs to rise
no more.
Then, touched with pity and re-
morse,
He sorrowed o'er the expiring
horse. Sir W. Scott.



(6) Ach tuisleadh ins an ngleann
aimhréidhteach
An capall calma thuit lán
traochta
An marcach mí-fhoidhneach do chas
gan bhrígh,
Le srian as spuir é chur 'na shuidhe
Mar an t-each fóghanta tar éis a
shaothair



A ghéaga do shín; b'é críoch a
shaogail.
Ansan, do bhí a chroidhe go léan-
mar
'S ar a each do chaoin le linn a
éagtha.



(7) Men have many faults; poor
women have but two!
There's nothing right they say,
Or nothing good they do.



(7) Is iomdha iad lochta fear
Níl ag mná bochta ach a dó
Níl smid den cheart na mbriath-
raibh.
'S ní mó ná maith a ngnó.



(8) Weep no more, lady, weep no
more,
For sorrow is in vain;
For violets plucked, the sweetest
shower
Will not revive again?



(8) Ná guil a bhean uasal ná guil
níos mó
Níl i mbrón ach mór díomhaoin-
teas



An bhláth is taithneamhaighe taréis
bheith stáithte
Ní chuirfeadh báisdeach slacht arís
ann.



(9) No compound of this earthly ball
Is like another all in all.



Tennyson.



(9) Dá chumasc sa domhan so as bheith
a siubhal let laethe,
Ní bhfuighir is gach aon phúinte
mar a chéile.



(10) The fair maid who the first of
May,
Goes to the fields at break of day,
And washes in dew from the
hawthorn tree
Will ever after handsome be.



Proverb.



(10)



An chead lá 'an t-samhradh téigh-
eadh óg bhean chaoin
Le heascradh an lae sé dhéin
gheal-dhroighin
Agus nigheadh í féin le slaod dá
dhrúcht
As go bráth 'na dhéidh sin beidh
dathamhail.



(11) The envied have a brilliant fate,
Pity is given where griefs are
great. Palladas.



(11) Leanan formad séan ar sógh
Téighean ar dtruagh do lucht
dubróin.



(12) As some lone bird without a mate,
My weary heart is desolate;
I look around and cannot trace,
One friendly smile or welcome
face;
And even in crowds I am still
alone,
Because I cannot love but one.



Byron.



(12) Mar éan éigin aonair gan chom-
pánach
Mo chroidhe bocht tuirseach tá
dólásach
Féachaim timpall as ní fhéadaim
áireamh
Mion — gháir charadach ná aghaidh
fháilteach
Measg sluaighte bím am chaon-
aidhe aonair
Toisc nach bínn liom aon ach aon-
bhean.



DUAISEANNA.



Tá duais speisialta dá thabhairt do
Sheumas Ó Conaill,
Sgoil Cill Roilig,
i nUibh Ráthach.



Sé Seumas do sgríobh an sgeul
gurab ainm do “Gabha an tSuic” atá
i gcló insa Lóchrann an babhta so.
Garsún an-óg iseadh Seumas, acht níl
cuma nuadh na h-óige ar a chuid
Gaedhilge, bail ó Dhia air.



Na trí duaiseanna eile atá agam,
táid siad dá roinnt ar an dtriúr so
agam.



Síghle ní Bhréandáin,
Sg. Bhaile na Cille,
Maistir Gaoithe.



Sgeul mór fada do sgríobh Síghle
ar thriúr ceárduighthe nach í an cheárd
is fearr do bhí aca, acht rud éigin
eile. Slán beo leis an sean-aimsir!
Is fad' ó do-chuala an sgeul san thuas
istigh i Sgoil Bhaile na Cille, oidhche
fhuar fhliuch stoirmeach. Ní bhfaghaidh
an sgeul bás go deo anois, a Shíghle.



Seán Ó Criomhthain,
Sg. An Bhlosgaeid Mhóir.



Tá fuinneamh i d' chainnt i blas uirthi
a Sheáin, & cá h-iongna san & tú ag
éisteacht le glór na dtonn ag bris-
eadh ó Leacain a' Chumhaidh go Tráigh
an Oileáin ó rugadh thu. Lean de'n
réim atá fút, a bhuachaill.



Seán Ó Raighill,
Sg. na mBráthar,
insa Daingean.



Garsún iseadh Seán ná raibh focal
Gaedhilge aige tamall ó shin. Is
truagh gan í leath chomh maith ag gach
aenne insa Daingean & mar tá sí
anois aige.



Fear an Lóchrainn.



BEAN DUBH A' GHLEANNA.



(Seán Ó Cathasaigh, Cill Áirne, an t-amhránaidhe.



Pádraig Pléimionn do ghléas.)



BEAN DUBH A' GHLEANNA.



Ó! do bhíos-sa lá dem' saoghal
Istigh i séipéal Dé,
'S mo leabhar agam da leigheadh ar
mo ghlúinibh.
Ar a modhamhail' is ar a
'S ar a maillighe siúd gan chlaon,
'S ní 'g amharc ar an Naomh-chorp
do bhíos-sa.
Nuair a shamhluigheas chúgham am'
dhiaidh
Gur bhreaghtha í siúd ná'n ghrian,
'S na'n gheallach a chuir Dia as na
spéarthaibh;
'S ná'n long ar an muir móir,
Maidin aoibhinn fhóghmhair,
'Sí' tarrac ar a seólta go h-Éirinn.



II.



Ta bó 'gam ar an sliabh
Is táim le seal n-a diaidh,
Ó chailleas mo chiall le nuadhchar;
Dá seoladh soir 's siar,
I ngach áit da ngabhann an ghrian,
Ó mhaidin go buidheann tráthnóna.
Nuair fheuchaim féin anonn
I ngach áit dá mbíonn mo rún,
Ritheann óm' shúilibh sruth deora,
'S a Righ ghil na ndúl,
Go bhfóirir ar mo chúis,



Mar sí 'n bhean dubh' ó'n ngleann
do bhreoidh me.



III.



Bean dubh a' Ghleanna,
An bhean dubh ab' fhearra,
An bhean dubh ba dheise gáire,
Go bhfuil a píop mar an eala,
'S a gruadh mar an sneachta,
'S a com seang singil álainn.
Níl ógánach cailce
Ó Bhail' Áth' Cliath go Gaillimh
Ná as san go Tuaim Uí Mheádhra,
Ná bíonn ag triall 's ag tarrac
Ar eacha donna deasa,
Ag tnúth leis an mbean dubh áluinn.



IV.



An té chífeadh mo theach,
'S gan de dhíon air acht seasg,
'Na shuidhe 'muigh ar thaobh an bhóthair,
Eirigheann suas ar bheach,
'S deineann ann a nead,
Le grian 's le teas an tsamhraidh.
Nuair éirigheann suas an tslat,
Ní fhanann uirth' aon mheas
Acht ag tnúth leis an mbrainnse is
óige.
'S a chúilfhionn álainn deas,
D'euluigh uaim go pras,
Mo chúig ceud slán go deo leat.


L. 2


GADAIDHE MÓR GLEANNA
FLEISGE



(ar leanamhaint.)



An oidhche sin dubhairt an gadaidhe
mór leis an ngarsún teacht leis go
ngoidfidís caora ó fheirmeóir a bhí i
naice leo. D'imthigheadar agus thán-
adar go dtís na caoirigh, ach má thán-
adar bhí cloigín féi gach caora aca.
Nuair a chonnacadar na fir d'imthigh-
eadar 'sa' rith uatha agus chroith na
cloigíní. Seo amach leis an bhfeir-
meóir láithreach agus le muintir a
thighe, agus chuadar 'sa' tsiubhal i n-
diaidh an ghadaidhe. Chuir an gadaidhe
'sa' cosa, ach d'imthigh an garsún fé
cheann des na caoirigh agus ní fhea-
caidh aenne é.



Ach a n-imthigheadar abhaile thóg an
garsún leis ceann des na caoirigh go
tigh an ghadaidhe agus dubhairt go
mb'fhearr de bhitheamhnach é féin ná é.



Do bhí beirt phríntíseach eile ag an
ngadaidhe mór. Dubhairt sé leo oidhche
imtheacht a dtriúr & mála óir do ghoid
ó dhuine uasal a bhí len' ais. D'innis
sé dhóibh go raibh an t-ór curtha i
bhfolach fé lic na teine ag an duine
uasal; agus dubhairt sé leo gurbh' é
b'fhearra dhóibh a dheunamh an bheirt
chríonna a dhul síos an seimné agus
Seaán d'fhanacht amuich chun an óir a
tharrac aníos uatha.



Bhí eagla ar an mbeirt go mbeur-
faí ortha agus sé dheineadar ná Seaán
a chur síos agus d'fhan an bheirt aca
féin anáirde.



Chuaidh Seaán síos agus fuair sé an
t-ór agus do cheangail ar ceann
téide é agus do thairrig an bheirt an
seimné amach é; agus ar eagla go
sgeithfeadh Seaán ortha nuair a ragh-
aidís abhaile, d'fhágadar thíos é agus
thugadar an bóthar abhaile ortha féin,
agus dubhradar ag baile go rugadh
ar Sheaán agus gur dócha go raibh sé
marbh fén dtráth san.



Bhí súil ag Seaán le ceann na
téide gach aon nóimeat agus nuair
b' fhada leis go rabhthas ag theacht ag
triall air cheap sé nár mhisde dho
seift éigin a cheapadh chun dul amach.



Fuair se croiceann gabhair go raibh
na h-adharca air agus bhuail sé aniar
ar féin é. Annsan fuair sé seana-
shlabhraí agus chuir sé ar sileadh leis
féin iad agus nuair bhí sé socair mar
sin chrom sé ar ghleo is ar fhothrom a
dheunamh ar fuaid an tighe. Do dhúi-
sigh a raibh istigh agus do sgannruigh-
eadar; ach i n-ionad aon lagadh do
theacht ar an ngleo is amhlaidh a mheu-
duigh air go dtí go gceapfadh aenne
go raibh a raibh de dhiabhail i n-Ifreann
n-achrann 'na chéile ar fuaid an tighe.



Do rith na seirbhísigh mar a raibh an
máighistir agus dubhradar go raibh an
diabhal 'sa' tigh. Dubhairt an máighis-
tir gur dócha gurbh'é bhí ann, agus go
dtabharfadh sé ceud púnt d'aenne
sgaoilfeadh an doras amach é. Bhí
leisge ar aenne 'ca é dheunamh ach ar
aenne amháin .i. cailín tighe a bhí ortha.
Dubhairt sise go mb' fhé' go bhfeudfadh
sí féin é dheunamh agus d' osgail sí
an doras.



Thug Seaán sgiúird an doras amach
agus ní túisge a chuir sé an doras de
ná chaith sé dhe na slabhraí agus na
h'adharca agus chuaidh sé abhaile.



Bhuail sé cnag ar an ndoras.
Tháinig duine des na príntíseacha ó'n
dtaobh istigh.



“Cé tá annsan?” ar seisean.



“Leun ort' a 'mhadáin,” arsa
Seaán, “cé bheadh ann ach mise.”



“Do rith an príntíseach mar a raibh
a chomrádaidhe. “Do chroidhe 's do
chorp!” ar seisean leis, “táthar chugh-
ainn. Tá Seaán sa doras.”



D'euluigheadar araon go maol-
chluasach an doras iadhta amach agus
ní fheacathas rian díobh riamh ó shin ag
Faill an Deamhain mar a mbíodh an
Gadaidhe mór na chomhnaidhe i nGleann
Fleisge.



Do bhí Seaán ag gabháil ar an ndo-
ras gur bh' éigean don Gadaidhe Mór
eirghe 's é leigeant isteach.



Do bhíodar araon, tuairim le
seachtmhain na dhiaidh sin, agus iad
sínte i mbeul na pluaise agus iad
ag trácht air chúrsaí gadaidheachta a's
chomh deacair agus bhí sé aon chreach
fhóghanta do sholáthar. Insa chainnt
dóibh dubhairt an máighistir go raibh
capall ceann-árd córach ag duine
uasal i n-aici le Cill Áirne, agus gur
mhór an chomaoin ar aon bhitheamhnach
bhocht é bheith aige.



“Agus ca mb' fháth na goidfimís
é?” arsa Seaán.



“Huh,” arsan Gadaidhe, “is fuirist
cainnt a dheunamh, acht níor mhór do
dhuine a mhaide tosaigh a chur amach
chun greim d' fhagháil ar siúd mar
chapall; mar bíonn na feacht ndóirse
is an seacht ngreamanna air.”



“Bainimís iarracht as, pé 'sa' do-
mhan é,” arsa Seaán.



Siúd leo siar go dtí Cill Áirne
agus thánadar ar charraig os cionn
tighe an duin' uasail.



“B'fhearra dhuit-se bualadh síos fé
dhéin an tighe” arsan Gadaidhe le
Seaán, “agus ná leig aon ní ort a's
b'fhéidir go bhfuighfeá eolas éigin i
dtaobh an chapall. T á aithne aca súd
orm-sa agus ní aithne mhuinteardhais
ná aithne mhacánta é.”



Siúd le Seaán síos agus do bhí sé
ag learaireacht timcheall na h-áite
ar feadh tamaill. Annsan do-chon-
naic sé muintir an tighe go léir ag
teacht amach ar an bhfaithche dhoibh féin
tar éis bidh agus do bheannuigheadar
do, agus d'fhiafruigheadar cad a thug
mar sin é.



Táim ar lorg Gadaidhe Gleanna
Fleisge” arsa Seaán.



“Cad a dhein sé ort, arú?” ar
siad-san.



“Croch árd lá gaoithe chuige!” arsa
Seaán,” “an boinín beag a bhí agam'
mham, ná go dtáinig sé 's do bheir sé
leis í. Chonnac 'á dheunamh é.”



Shuidheadar tamall 's do bhíodar
ag cainnt 's ag cadráil. I gcionn
tamaill, pé feuchaint a thug Seaán
fé dhéin na carraige do chonnaic sé
an duine ar an gcarraig. Do phreab
sé is do leig se liúgh as.



“Dar a leabhar-sa!” ar seisean,
Siúd é é.”



“Cé h-é féin?” ar siad go léir.



“An Gadaidhe Mór,” arsa Seaán.



D'fheuchadar go léir. Do chonnca-
dar go léir é; & d'aithnigheadar go
léir ó n-a thuairisg gurbh é féin a bhí
ann. Annsan seadh thosnugh an cibeal.
Do leig gach aenne aca liúgh, agus
siúd fé dhéin na carraige iad ar a
séirsín díchill. Do baineadh geit as
an ngadaidhe & ní fada a bhain sé dhe
teacht anuas de'n charraig agus bheith
ag cur de & teann deabhaidh fé. Siúd
leis thar na portaighthe soir agus an
sluagh go léir n-a dhiaidh. An poll ná
beireadh sé de léim leis do bheireadh
sé de shnámh leis é agus do bhí grean
agus móin agus uisge ag imtheacht sa
spéir anáirde ó na chosa. Do leana-
dar go léir é. Do lean Sean leis é,
acht ní fada gur thuit sé i bpoll por-
taigh agus d'fhan ann go raibh an chuid
eile imthighthe. Annsan d'fhill sé ar
an dtigh agus sé an cheud shádhadh a
dhein sé ná dul 'n stábla agus adhas-
tar a bhualadh ar chapall an duine
uasail agus gabháil an timcheall go
Gleann Fleisge.



Ach a dtáinig sé 'n ghleann do chuir
sé an capall i bhfolach agus chuaidh sé
fé dhéin an Ghadaidhe. Nuair a shrois
sé an doras chuala sé é sin istigh ag
cainnt le n-a mhnaoi. Do chuir sé
cluas ar féin ag éisteacht leo. Do
chaitheadar tamall maith ag cainnt a's
do b' é bun agus barr an sgéil go
gcaithfí Seaán a chrochadh ach a dtagadh
sé abhaile. Droch ionntaoibh ab' eadh
a leithéid, dubhradar.



Níor leig Seaán aon rud air. Tar
éis tamaill do bhuail sé an doras.
D'eirigh an Gadaidhe Mór agus d'os-
gail sé an doras.



“Tair isteach,” ar seisean, “agus
nára Dia do bheatha abaile chugainn.”



Níor leig Seaán do a thuilleadh radh.



“Mhuise mo ghrádh-sa Dia, a mháighis-
tir,” ar seisean “ach is iongantach an
bobhta coisidheachta é sin a dheinis
treasna na bportaighthe indiu. Go
bhfágaidh Dia lúth do chos agat, cé nach
mór gur gadh dhuit feasta é ó tá an
capall úd agat.”



“Cad é sin dá radh agat? arsan
Gadaighe, “An amhlaidh atá sé agat.”



“An amhlaidh a mheasfá dhom teacht
'á iongnais?” arsa Seaán, agus cuma
simplidhe air, mar dheadh.



“Mhuise, maith a' buachaill é sin,”
arsan Ghadaidhe, agus seo amach é
mar a raibh an capall agus do bhí á
shlíobhadh agus á fheuchaint, agus do
dhearmhaid sé ar fad an t'olc a bhí
aige chuig Seaán; do bhí an t-áthas
chomh mór san air dtaobh an chapaill.



An oidhche sin agus go moch maidin
la'r na mháireach do bhí bean an Ghad-
aidhe ag tathant ar a fear, agus á
ghríosagadh chun an garsún a chrochadh.
Do bhí sórt eagla ar an nGadaidhe
féin roimis agus do cheap sé go
mb' fé' go dtosnocadh sé ar rudaí
beaga phrocadh uaidh féin, & go bhfág-
fadh sé gan sgreatal é. Do ghéill sé
do chainnt na mná & do bhí fearg agus
olc ag teacht air chuig Seaán. “An
chroth a gheobhair a bhuachaill,” ar seis-
ean n-a aigne féin.



Nuair d'éirigh an garsún ar maidin
do ghlaoidh an Gadaidhe chuige air.



“A Sheaáin,” ar seisean agus a
gháire 'á dheunamh aige, “Táim 'á chea-
padh agus a fheabhas a dheinis an gnó
úd indé nach gadh dhom a thuille aim-
sire a chaitheamh ag múineadh gnáth-
chleasa na céirde dhuit. Téanam ort
siar 'n gharrdha go dteasbáinead
cleas na croiche dhuit.



“Táim sásta, bí gar! arsa Seaán.



Siar leo agus is amhlaidh a bhí croch
annsan, agus teudán cnáibe agus
lúb air, ar sileadh as.



“Téirigh se anáirde, a Sheaáin, ar-
san Gadaidhe agus 'nneosad-sa dhuit
cad a dheunfair.



Chuaidh Seaán anáirde ar an gclár.



“Cuir an lúb san timcheall ar do
mhuineál agus annsan chífir an spórt,
arsan Gadaidhe.”



“Ar mh'anam fhéin ná cuirfead, a
mhaighistir, arsa Seaán, dá gcuir-
inn, & go n-imtheoch an clár so ós na
cosaibh agam, is agat-sa do bheadh an
spórt ag feuchaint ormsa & rinnce
an ghaid dá dheunamh agam.”



“Och! ní baoghal don chlár,” arsan
Gadaidhe ag teacht aníos, “Feuch, ar
seisean, “déin mar sin é,” agus do
chuir sé an lúbh fé n-a mhuineál féin.



“Mhuise, is maith a thagann do char-
abat duit, a mháighistir,” arsa Seaán
agus do tharraig sé an bollta a bhí
fé'n gclár. Anuas leis an gclár &
an maighistir i n-éinfheacht leis. D'-
fháisg an teudán ar a sgórnach & d'-
fháisg agus d'fháisg. Do bhí sé ag
crothadh na gcos ar a dhícheall. Ach
níorbh' fhearra dho ná fanacht socair,
mar ní fada go raibh beannláimhe dá
theangain amach. I gcionn tamaill do
stad sé. Seo isteach le Seaán go
dtí bean a' tighe.



“A leithéid seo, a bhean,” ar seis-
ean, “É féin atá annsúd amuich
agus dá mbeinn ag cainnt go dtí
maidean amáireach leis ní bhfuighinn
aon fhreagra uaidh acht beannláimhe dá
theangain amuich aige ag stealladh-
mhaghadh fúm.”



“I gcúntas Dé,” ar sise & seo
amach léi 'n gharrdha.



Ní thúisge bhí sí imthighthe ná rug
seisean ar an dá mhála óir do bhí fé
cheann na leabthan istigh. Chuaidh sé
de léim ar muin an chapaill agus
níor stad sé de'n réim sin go
dtáinig sé 'nDaingean go dtí n-a
mháthair.



Sin é sgeul Ghadaidhe mhoir Gleanna
Fleisge agus go rabhad age Dia má
tá aon fhocal d'aithféis ná de sgail-
éathan ann.



A Chríoch san.



GABHA AN TSUIC.



(Seumas Ó Conaill ó Scoil Cille
Roilig i mBólus do soláthruigh an
sgeul so.)



Bhí gabha ann fad' ó. Is minic a bhí
is beidh go deo. Sé an ainm a bhí air
Gabha an tSuic. Sé fé ndeara é sin
mar ainm a thabhairt air mar ní dhein-
eadh sé aon ní ach suic do cheuchtaibh.
Sé an áit á raibh sé na chomhnaidhe i
gCathair Uibh Ráthaigh. Lá mar seo do
ghaibh garsún aniar Barra na Sráide
agus capaillín bán aige; sicéad
gorm air agus caipín uaithne. Ní
raibh aon bhróga air. D'iompuigh sé
anuas chun Gabha an tSuic. D'iarr
sé iasacht an teallaigh an Ghabha an
tSuic go fóilín agus nach fada iarr-
fadh sé é.



“Gheobhair agus fáilte,” arsa Gabha
an tSuic.



Thainig an garsún anuas dá chapall.
Chaith sé uaithe na ceithre cosa, thug sé
isteach sa teallach iad.



Dhírigh sé agus séideadh na mbolg
agus ba ghearr go raibh crú fé chois
aca aige. Níor dhein sé ach breith ar
an gcois agus í chaitheamh amach an
doras. Do chuaidh sí féin fé'n gcap-
all. Dhein sé na cheithre cruite agus
ba ghearr an mhoill air é, do-chuaidh na
cosa go léir fé'n gcapall uatha féin.
Do ghaibh an garsún buidheachas le
Gabha an tSuic i dtaobh an teallach a
thabhairt do agus dubhairt sé leis gan
aon ní dá bhfeacaidh sé aige féin dá
dheunamh a dheunamh. “Níl an cheard
agat,” ar seisean. D'imthig sé uaidh
annsan de Bharra na Sráide soir.



Do bhí capaillín beag ag Gabha an
tSuic agus do bhí sí sin beagáinín
crostálta chun an iarrainn a chur
fúithi agus do gheibheadh sé mórán dá
duagh nuair do bhíodh na cruite
caithte. Chonnaic sé an gnó ag teacht
saoráideach go leór ar Gharsún an
tSicéid Ghoirm. Dubhairt Gabha an
tSuic na aigne féin, nuair d'imthigh
an garsún uaidh, go gcuirfeadh sé
féinig an t-iarrann fé'n gcapall
feasta arís ar an gcuma san. B'-
fhada leis go raibh an t-iarrann a bhí
fúithi caithte aici. Cheap sé nár bhain
sí an oiread ar aon iarrann riamh.
Níor fhan sé lé h-é chaitheamh. Thug sé
leis a chapall i ndoras na ceardchan
& do cheangail sé de'n ursain í.


L. 3


Fuair fé an tuagh bheag fé mar
chonnaic sé ag Garsún an tSicéid
Guirm á dheunamh. Thairig sé iarracht
di os cionn na glúine ar chois tosaigh
an chapaill agus do bhris sé an chos ar
an gceud ásga. Do bhuail sé arís í
chun gur bhain sé uaithi an chos agus
ba gheairid go raibh fuil síos an
bóthar. Tháinigh sé annsan agus do
bhain sé an chos eile uaithe. Do bhí sí
macánta go maith, mo ghraidhn í, agus
é ag baint a dhá cos deirigh dí.



Thug sé leis annsan na ceithre cosa.
Bhuail sé chuige isteach sa teallach
iad. Dhírigh sé ar séideadh na mbolg;
ach, má 'seadh, ba ghearr go raibh bal-
aithe dóighte timcheall air. Do bhí sé
isteach s amach sa teallach leo chun
gur leigheadar air agus ná raibh aon
ní ionnta ach na cnámha. Dob'
éigeant do eirghe asta. Do ghlaoidh
sé ar triúr nó ceathrar fear chun an
capall a chur i bpoll agus do chuir-
eadar.



Do bhí Gabha an tSuic ag deunamh a
ghnótha fé mar bhí riamh ach tamall eile
n-a dhiaidh sin do bhuail garsún an
tSicéid Ghuirm chuige aniar Barra na
Sráide agus a chapaillín bán aige,
agus dhá shean mhnaoi ar a chúlaibh aige.
D'iompuigh sé síos chun Gabha an tSuic
& d'iarr sé iasacht an teallaigh arís
air.



Dubhairt an Gabha go bhfaigheadh a's
fáilte. Thainig sé anuas dá chapall.
Chuaidh sé isteach sa cheardchainn. Chuir
sé teine breagh guail sa teallach a's
do dhírigh sé ar séideadh na mbolg
chun go raibh sí breagh dearg aige.
Do rith sé amach annsan agus do bheir
sé ar an dá shean mhnaoi agus do bhuail
sé fé gach osgail leis iad agus do
bhuail sé isteach sa teallach iad, agus
do-chongaibh sé ann iad, leis. Dhirigh
sé ar séideadh na mbolg chun ná raibh
aige ach na cnámha. Tháinig se annsan
& do phrioc sé gach aon chnamh aca
amach ar an inneoin.



Bhí Gabha an tSuic ag feuchaint gach
aon chor gur chuir sé na cnámha sa
teallach aris agus shéid sé na builg
leo. Ba ghearr gur sgaoil sé amach
maighre de mhnaoi bhreagh óig. Do
dhein sí babhta breagh rinnce sa
ceardchainn agus b'í ab fhearr chuige.



Dubhairt an garsún le Gabha an
tSuic gan aon ní a dheunamh dá
bhfeaca sé aige féin dá dheunamh.



“Níl an cheard agat,” ar seisean.



Bhuail sé uaidh amach agus do phreab
sé anáirde ar a chapall agus an bhean
ar a chúlaibh aige. D'imthigh sé leis
Barra na Sráide soir.



Do cheap Gabha an tSuic go raibh an
cheard go maith aige uaidh an lá san
mar thug sé fé ndeara go maith é.
Do bhí beirt sean-bhan aige féinig — a
mháthair féin & máthair a chéile. Dubh-
airt sé leis féin gurb fhearr aenne
amháin fóghanta ná an bheirt aca, agus
thug sé iarracht ar iad a bhreith leis sa
cheardchainn ach ní thiocfaidís leis.
Do bhí an-dhúil i dtobac aca. Gheall
sé ceathramha thobac do'n cheud duine
do raghadh chuige sa cheardchainn. Chua-
dar sa cheardchainn. Do bhí teine
rbheagh ghuail dearg sa teallach róm-
pa. Do dhún sé amach an doras agus
do bheir sé ortha agus do bhuail sé
isteach insa teallach iad. Do dhírigh
sé ar a bheith ag séideadh na mbolg.
Do dhírigheadar san ar a bheith ag
liúighrigh 's ag béicigh. Chaith duine aca
amach í féin, tháinig an oiread san
nirt ionnta; agus fé mar chuireadh sé
duine aca isteach bhíodh an duine eile
amuich. Fuair sé a dhóthain 'an tsao-
ghal uatha, ach fé dheire fuair sé an
ceann ab fhearr ortha.



Do dhírigh sé ar séideadh na mbolg
ortha fé mar a chonnaic sé ag Garsún
an tSicéid Ghuirm d'a dheunamh. Do
phioc sé na cnámha amach ar an inne-
oin. Chuir sé le na chéile iad. Chuir
sé isteach sa teallach iad ach má chuir
ba bheag an mhaitheas do san — níor
fheud sé aon bhean a dheunamh díobh.



Tháinig eagla annsan air go gcroch
faí é dtaobh na sean-bhan ach cé gheo-
bhadh an doras isteach chuige ach Gar-
sún an tSicéid Ghuirm.



“Shaoileas go ndubhart leat gan
aon ní dá bhfeicfeá ar siubhal agam-
sa a dheunamh, ná raibh an cheard
agat,” arsan garsún.



Do bhailigh sé na cnámha arís. Chuir
sé sa teallach iad. Do shéid sé na
builg agus do sgaoil sé amach as an
teallach iad fé mar bhíodar cheana
agus ní misde a radh má bhí deabhadh
ag teacht ortha go raibh deabhadh ní sa
mhó ag imtheacht ortha. D'imthigh an
garsún annsan agus n' fheacaidh an
Gabha ag imtheacht é.



Tamall na dhiaidh sin tháinig Garsún
an tSicéid Ghuirm chuige sa cheard-
chainn arís agus gan aon bhróga air.
D'fhiafruigh sé de Ghabha an tSuic an
dteasdochadh buachaill uaidh tamall.
Dubhairt sé leis ná teastochadh, ná
raibh mórán oibre aige. Dubhairt sé
leis é féin a choimeád go ceann
bliadhna, ná h-iarrfadh sé aon ní air
ach bróga chur air. Bhí Gabha an tSuic
sásta.



Bhí a ndóthain le deunamh ar san
amach aca mar ní raibh aon ní bhaineas
le gaibhneacht ná go ndeunfadh Gar-
sún an tSicéid Ghoirm é. Bhí gaibhne
na Cathrach go léir díomhaoin mar
dob' fhearr an garsún ná seisear aca.



Tamaillín na dhiaidh sin, dubhairt
Garsún an tSicéid Ghoirm le Ghabha
an tSuic go bhfeaca sé ar an bpáip-
éar geall míle púnt dá chur ag Gabha
na gCleas le h-aenne, chun cleas a
dheunamh leis féin. Sé fé ndéara
Gabha na gCleas a thabhairt air mar,
ná bhíodh aon ní dá dheunam aige ach
clis. Níor bhuail aenne riamh leis ab'
fhearr ná é chun cleas.



D'imthígheadar araon ortha ag triall
ar Ghabha na gCleas. Chuireadar geall
míle púnt leis go ndeanfaidís féin
cleas chomh maith leis. Chuadar isteach
sa cheardchain. Do chrom Gabha na
gCleas ar na builg a shéidheadh. Do
dhearguigh sé an teallach & do sgaoil
sé amach cith cruithneachtan.



Tháinig Garsún an tSicéid Ghuirm.
Do shéid sé na builg. Sgaoil sé
amach sgata colúr, agus fé nóimeat
ní raibh gráinne cruithneachtan ná raibh
ithte aca.



Tháinig Gabha na gCleas chun na
teine arís. Do shéid sé na builg
agus do sgaoil sé amach sgata lachan.



Chuaidh Garsún an tSicéid Ghuirm &
do dhearguigh sé an teallach agus
sgaoil amach mada ruadh agus fé
cionn nóimit ní raibh lacha le fághail
ná raibh marbh ag an mada ruadh.



Bhí Loch mór uisge ar an dtaobh eile
de'n bhóthar ar aghaidh dorais na
ceardchan amach. Chuaidh Gabha na
gCleas go dtí an teallach an tríomhadh
h-uair & sgaoil sé amach sgol bradán
insa loch.



Chuaidh Garsún an tSicéid Ghoirm
chun na teine arís agus shéid sé na
builg & ní fada gur sgaoil sé sgol
eascún amach insa loch agus níor fhágh-
adar bradán ann nár mharbhuigheadar.



Annsan d'eirigh Gabha na gCleas as
an sgeul. Dubhairt sé ná raibh aon
ghnó aige féin le Ghabha an tSuic tráth
's gurbh é a bhuachaill a bhí aige á chur
na choinnibh féin 's gur bhuaidh an bua-
chaill féin air. Thug sé dhóibh an míle
púnt agus d'imthigheadar ortha abhaile.



Ar an mbóthar abhaile dhóibh chual-
adar go raibh Inghean Ríogh Laighean
gan a bheith ar fóghnamh, agus go raibh
dhá mhíle púnt le fagáil ag an té
leighseochadh í.



Chuadar araon go tigh Ríogh Laigh-
ean. An duine tháinig 'n doras chuca,
d'fhiafruigh sé dhíobh cad a thug iad.
Dubhradar gur dochtúirí iad féin &
go dtánadar chun Inghean an Ríogh do
leigheas. Dubhairt an Ríogh nár cheap
sé go raibh dochtúir i nÉirinn ná fea-
caidh í & gur beag dá dtairbhe a
fuarthas.



“Mara ndeineam-ne í leigheas, ní
gabhadh dhuit aon rud a thabhairt
dúinn,” arsa Gabha an tSuic.



Tugadh mar a raibh an inghean ann-
san iad. Is amhlaidh a bhí sise agus a
h-aghaidh & iompuighthe siar i leith
a droma. D'órduígheadar í chuir i
seomra leo féin agus dabhach 'uisge
fuar & dabhach 'uisge bhog a chur chuca.
Annsan dubhradar leis na daoine go
léir gabháil amach as an seomra.



Dhúnadar an doras ortha fhéinig.
Tháinig Garsún an tSicéid gairm ann-
san agus do chuir sé sa chathaoir í a's
thairig sé chuige an tuagh bheag as a
phóca. Chaith sé an ceann di agus
leag sé síos sa dabhaigh 'uisge bhog é.
Thairig sé chuige hainceasúir as a
phóca agus chuimil sé dá muineál é agus
níor shil sí aon bhraon fola. Do chuir
sé an ceann san uisge fuar annsan,
agus tar éis é thiormhughadh do bhuail
sé anuas ar an gcolainn é n-a cheart.
Do bhí sí n-a mnaoi chomh breagh ann-
san agus do-chonnaic súil duine riamh
í agus cúl gruaige ar dhath an óir
uirthi. Fuaireadar an dá mhíle púnt
annsan & d'imthigheadar.



Dubhairt Garsún an tSicéid Ghuirm
le Gabha an tSuic gan aon ní dá
bhfeiceadh sé ar siubhal aige féin a
dheunamh. “Níl an cheard agat,” ar
sisean.



Do bhí lá & bliadhain caithte an uair
sin ag Garsún an tSicéid Ghoirm agus
dubhairt sé leis an ngabha go raibh sé
ag imtheacht. D' fhág sé slán beo
aige & d'imthighsé.



Do bhí inghean Ríogh Uladh san
ngreim cheudna i raibh inghean Ríogh
Laighean & nuair a chuala sí inghean
Ríogh Laighean do leigheas do chuir sí
amach ar an bpáipéar dhá mhíle púnt
d'aenne a leighseochadh í féin. Do-
chuala Gabha an tSuic é & d'imthigh sé
ag triall uirthí.



Tháinig sí go tigh an Ríogh & d'órduigh
sé dhóibh gach ní fé mar chonnaic Gar-
sún an tSicéid Ghoirm dá dheunamh
sin. Annsan d'órduig sé dhóibh im-
theacht agus do chuir sé an glas ar
féin.



Tháirig sé chuige an tuagh bheag a's
do bhain sé an ceann de'n chailín. Bhí
sí ag taosgadh fola ar nós uisge na
h-abhann. Dhein sé gach ní dá bhfeaca
sé ag Garsún an tSicéid Ghoirm dá
dheunamh léi, ach níorbh' aon tairbhe é,
n'fheudfadh se an ceann a chur arís
uirthi.



B'fhada le muintir an Ríogh a bhí sé
ag gabháil do'n leigheas agus do
bhíodar ag gabháil do'n doras d'iarr-
aidh dul chuige. Cheap sé go raibh a
chúrsa críochnuighthe aige nuair a
tháinig garsún an tSicéid Ghoirm tré
pholl na h-eochrach isteach chuige. Bheir
sé ar an gceann & nigh sé agus ghlan
sé é agus do bhuail sé anuas i gceart
ar an gcolainn é. Annsan dubhairt
sé le Gabha an tSuic gan aon ní a
dheunamh dá bhfeicfeadh sé aige féin a
thuille. Bhí Gabha an tSuic sásta.
Fuair sé an dá mhíle púnt. Tháinig
sé abhaile & ní dhearna sé aon ní eile
as san amach.



Sin é mo sgeul-sa Má tá breug
ann bíodh; ní mise chúm ná cheap é; ach
do bhí nead bradáin i mbarr sgeiche
agus naoi n-uibh capaill innte agus
ballán firean ar gor ortha. Críoch.



“CIAN NA mBEANN ÓIR.”



Bhí fear ann fadó, agus bhí is minic
a bhí, agus béidh arís leis; agus is é
an ainm a bhí air ná Cian. B'é an
fear é ba mhó áiltheóireacht dár ceap-
adh riamh. Bhíodh na sagairt, agus
gach aon duine eile nách mór, na choin-
nibh mar gheall ar a chuid díth céille.



Bhí tigh breágh, mór, fairsing aige,
agus ní fheadar-sa a raibh sé pósta
nú ná raibh. Do choimeádadh sé deór-
aidhe, agus do chuireadh sé éadach
ortha, dá mhéid aimhleas a dheineadh sé
dhó féin. Bhíodh sé ag rómhar agus ag
cur prátaí Dé Domhnaig, agus ní
théigheadh sé riamh go dtí an t-Aif-
rionn, cé ná raibh an Séipéal i bhfad
uaidh.



Ní fheictí, riamh i dtigh tábhairne é;
acht ní shaoradh san é, mar bhíodh sé ag
bruigheann is ag achrann le daoine
chómh minic is dá mbeadh sé ar meisge
go coitchianta. Dheineadh sé a lán
cleas mar olc ar na sagairt, d'fhonn
go gcráidhfeadh sé iad. Ní raibh lei-
gheas aige air seo is dócha, mar bhí na
clis briste ann.



Bhíodh sé ag imtheacht leis na daoine
maithe, agus bhíodh mórán cleas aige
foghlumtha uatha súd. Ní thugadh sé
puinn oidhcheanta sa bhaile acht ag im-
theacht ag ceólthóireacht leó, agus is
dóigh liom go raibh an ceól sídhe aige.
Bhíodh anbheann ag na púcaibh air,
mar bhí sé chómh breágh, d'fhear agus
do luig súil duine riamh air.



Seadh, i n-deire na dála do buail-
eadh breóidhte é, agus bhí sé an dhon-
aidhe ar fad. Níor tháinig sagart ná
bráthair chun é d'fheiscint an babhta
so; acht más eadh do tháinig séas. Má
tháinig féin ní raibh aon mhaith ann as
san amach. Ní raibh sé ábalta ar
chorruighe thar dorus na dhiaidh san.



I gcionn sgaithimh éigint eile do
buaileadh breóidhte arís é. Do tháinig
an sagart chuige an uair seo. Taréis
do'n tSagart a chuid féin do dhéanamh
dho mhothuig sé atharughadh mór ag
teacht ar Chian bhocht, agus do aithin
sé go raibh aithreachas ag teacht air i
dtaobh na rudaí do dhein sé riamh as
an slighe. D'iarr Cian ar an Sagart
na rudaí do dhein sé riamh as an slighe
air féin, iad do mhaitheamh dó, agus is
ar an Sagart a bhí an t-áthas 'dhá
dhéanamh san.



D'iarr an Sagart ar Chian má
fhéadfadh sé ín aon chor é, teacht chuige
féin tar-éis bháis dó, agus innsint dó
cad é an chrích a bhéarfadh é nuair a
raghadh sé gho dtí an saoghal eile. Do
cailleadh an fear bocht annsan, agus
do shaoil mórán dhaoine go mbeadh sé
damanta.



Aon Domhnach amháin bhí Aifrionn ag
an Sagart céadhna, agus do tháinigh
colúr bán isteach chuige agus beann
óir ar a cheann, agus do sheasaimh sé
ar an altóir agus dubhairt sé:



“Mise Cian na mBeann Óir,
Gur shia mo lón ná mo shaoghal,
Níor chúireas aoin'ne riamh as mo
thig
Ná níor cúireadh mé a Tigh Dé.”



Féach nár damnuigheadh é dá mhéid
aimhleas a dhein sé nuair a bhí sé sa
t-saoghal so; acht is dócha go ndéan-
faidhe acht gur dhein sé aithríghe leis
an Sagart an uair úd a cuireadh an
Ola-Dhéanach air.



PEIG NÍ SHÚILLEABHÁIN,



Scoil Doire'n-Chairn.


L. 4


LUCHT DLIGHE & GÉAR-
CHÚISE.



(Sgeul Aoir).



Oidhche lae 'le Pádraig fad' ó, do
bhí na Gaedhil go léir bailighthe i
dteannta chéile ins na Flaithis. Do
bhí na sluaighte aca ann, do bhí Fionn
& na Fianna ann. Do bhí Brian Bóru-
mha agus Dal gCais ann. Do bhí
Niallaigh & Domhnallaigh & Conchubhraigh
& Brianaigh agus gach aon “aigh” eile
dá raibh riamh i nÉirinn ann. Do bhí
rí-rá mór aca & gleo & ‘tabhairt
amach.’



Do bhí aon tsean-duine liath amháin
istigh na lár agus iad go léir bailighthe
na thimcheall agus iad ag deunamh
muinteardhais agus gáirdis leis agus
iad go léir ag cainnt i dteannta
chéile agus ag gáiridhe agus ag deun
amh suaircis & aoibhnis & grinn. An
Sean-duine liath fé ndera an
dibhearsion go léir. Pádraig Naomh-
tha mac Calphruinn do bhí ann, agus
do bhí clanna Gaedheal go léir ag
gabháil cion & cáirdeasa leis le linn
lae a fhéile. Do bhí alaidhir ar an
duine bocht aca, agus giorra-anáil ó
bheith ag crothadh lámh leo, agus ní
bhíodh leath freagra tugtha aige ar
dhuine nuair a bheireadh fear mór
faid — gheughach leathan — tslineánach
fionn-fhiasógach ar chrobh ar mo dhuine
bocht agus do bhaineadh fásgadh as an
gcrobh do chuireadh an fhuil ar ais go
gualainn ann. Ní bhíodh “beo samhlo-
char thu, a dhuine” ráidhte ar fongnamh
aige sin nuair do thagadh laoch lúthmhar
éigin eile de Ghaedhealaibh taobh istigh
de agus do bhíodh greim beartha aige
ar an gcrobh bocht arís agus fásgadh
uathbhásach eile bainte aige as. Do bhí
Pádraig bocht ar mearbhall aca, agus
cárbh' iongnad san, dar ndóigh; ná
rai aige. A leithéid de rí-ra
do bhí aca agus d' fhuirse umá rabh-
ilium!



D'éirigh Conán maol mac Mórna
ar chnocán féarach os a gcionn agus
do bhí ag cur cainnte agus bladhmainn
as.



“Dar trí shlána Dé, arsa Conán,
“Ní fheaca i nárd ná i bhfánaidh, thoir,
ná thiar, aon gháirdeas ar Ghaedheal-
aibh níos mó ná an gáirdeas atá ann-
so anocht ortha; acht ní bhfuighbhim a
mhéid ná a uaisle do chur i gcéill
mar nach ceaduighthe dham na seacht
mionna ná na seacht mallachta do chur
mar threise le briathraibh mo bhéil. Acht,
dar liom féin, ní h-aoibhneas ceart go
deagh-cheol. Faighimís ár lucht ceoil
agus seanma agus deinimís rinnce
agus gliagram cos!” arsa Conán.



Agus do fuarthas an lucht ceoil
agus seanma agus do seinneadh ceol
dóibh. Ceol do bhog agus do chorruigh
an croidhe aca go rabhadar go súbhach
sámh 'á éisteacht; Ceol do bhiodhg a s
do mhúsgail iad go rabhadar go cródha,
cath-chalma aige: Ceol do-chuaidh fé
sna cosa aca agus ná feudfaidís na
cosa do choimeád socair aige acht
preabadh ar an úrlár agus sásamh a
gcroidhe agus a meanman do rinnce
dhóibh féin. Ba shuairc do bhítheas ann.
Do bhí fear mór míleadhta amháin ag
rinnce. Dair-chrann ar méid & ar
treise é. Goll mac Mórna do bhí
ann. Do bhí Conán ag feuchaint air.
Dar leis ná raibh sárughadh a bhráthar
de rinnceoir ins na flaithis; agus do
bhí sé ag maoidheamh as a dhuine muin-
teardha.



“Mhuise chugam aniar thu, Ghoill,
a bhrátair, a's cuimhnigh ar mhuintir
do mháthar. Mo ghradh é tapadh do
throighthe agus clagar do chos le ceol,
agus nár chaillir…”



Acht do dhein Conán an donas leis
an moladh san. Thug Gall léim rinn-
ceóra as a chorp agus tháinig anuas
ar leithead a dhá bhonn ar an úrlár
agus leis an searradh a bhain sé ar an
úrlár d'imthigh a raibh fé na chosa síos
tríd an spéir. Ba dhóbair do Gholl
imtheacht síos leis, acht go rug sé ar
an bhfaobhar & do tairrigeadh aníos
arís é.



“Dar croicean na fóisge,” arsa
Conán “tá an donas deunta.”



An sgailp de'n úrlár d'imthigh —
carraig ab eadh í — bhí sí ag tuitim 's
ag tuitim síos, síos, síos go ndeaghaidh
sí as radharc na nGaedheal do bhí
bailighthe ag beul an phoill, thuas ins
na Flaitheasaibh.



An uair cheudna do bhí mac ag Bel-
subob — ní cuimhin liom cad é an ainm
a bhí ar an leaid óg acht, dar ndóigh,
is cuma. Do bhí ana-dheallramh aige
len' athair. Do bhí earbaillín beag
air agus do bhí ionga bheag cham ar
nós iongan cait amuich n-a bharr, &
do bhí dhá adhaircín ag fás ar chláirín
a eudain díreach mar bheadh ar mhion-
áinín gabhair. Do bhí árd mheas ag á
dhaid air & ba mhór an t-aoibhneas beith
ag feuchaint ortha agus an buachaillín
óg ar a leathghlúin ag an Sean-bhua-
chaill, agus mo bhíoranach agus “fiasóg
liath-ghorm gharbh” a athar & a dhaid dá
stathadh aige ar saothar. “Deunfaidh
sé sin fear maith fós” adeireadh an
sean-bhuachaill. Is geal leis an
bhFear dubh a ghearrcach féin!



Do bhí an mac beag lá agus é ag
lámhacán thíos ar leacacha dearga na
bpian. Bhí an cailín aimsire, mar is
gnath le na leithéid, ag cainnt le
pílear óg ag an dorus, nuair a chua-
lathas an cnagarnach agus an glór &
an fothrom. Isteach leis an gcailín
aimsire agus is amhlaidh do bhí istigh
ná an oighre óg agus é na chíste
greidil gan anam agus carraig mhór
anuas air. Annsan iseadh d'éirigh an
murdal agus an gheoin agus an chlibit.
Do chuirfeadh sé náire ar Chonán maol
na Mallacht an lá ab fhearr a bhí sé
riamh, an chainnt & na bréithre adubh-
radh annsúd. Do bhí deatach brimstón
ag éirghe as a mbeulaibh le fuinneamh
agus le faobhar & le feidhm na bhfocal.
“Cé h-é an mac!!! do chaith an
chloch?” ar siad.



Anuas a tháinig sí,” arsa fear. Ní
raibh adharca ná eirbhall ná ionga ar
ar an bhfear san, acht é dóighte go
maith.



“Ca bhfios duit-se sin? arsa Bel-
subob.



“Tá's agam go maith,” ar sé. “fín-
néith fáth-chliste mise ar gach rud a
bhaineann le clocha a thuitim. Anuas
a bhíonn feidhm na gcloch i gcómhnaidhe,
Ní thuitid suas choidhche.”



“Tháinig an chloch so i bhfad,” arsa
duine eile, agus do bhí an deallramh
ceudna air sin & do bhí ar an gceud
duine.



“Ca bhfios duit?” arsa Belsubob.



“Fear geuraidheachta agus cruinn-
fhaisnéise ab eadh mise nuair a bhíos
ar an saoghal. Is mé a réidhtigheadh
gach doimhin-cheist deacrach. Dá n-
innstí dhom cia an fhaid do chuaidh cloch
i dtalamh do dheunfainn amach cia án
fhaid ó bhaile a bhí an té a chaith í. Da
gcloisinn an glór a dheunfadh sí ag
dul tríd an aer do bheadh 'fhios agam
cia an siubhal a bheadh fúithe & cia an
fhaid a raghadh sí & cia an neart a bhí
insa té a chaith í. An chloch so,” ar
seisean, “tháinig sí faid gach 'n fhaid.
Tháinig sí anuas chomh fada a's tá suas
ann.”



B'in í an cheist annsan. “Cad as
a tháinig an chloch?” Bhí Belsubob ag
tochas a adhairce.



“Tá's agam-sa cad as a tháinig sí,”
arsa fear eile.



“Connus san?” ar siad go léir.



“An bhfeiceann sibh an chúnlach (.i.
caonach) atá ar an gcloich sin?” ar
seisean.



“Chímíd,” ar siad.



“Fear iseadh' mise go bhfuil eolas
speisialta agam ar chúnlachaibh.
Aon chúnlach a theasbáin
fí dham d'inneosainn láithreach cár
fhás sé. Níor fhás an chúnlach san riamh
insa dúthaigh seo — tá an brothal agus
an teas go ró-mhór ann. Ná níor
fhás sé ar an domhan daonda. Níor
fhás sé i n-aon áit eile acht ins na
Fla… Ní h-eadh, acht mar a
bhfuil na Fíré… Ní h-eadh, acht
san áit i dtéigheann na… na…
na daoine ná tagann annso.”



“Peadar a mhairbh mo gharsún!”
arsa Belsubob & buile feirge air.



“Fan leat go fóil,” arsa fear
eile. “Nach é seo oidhche lae 'le
Pádraig. Tá's agam-sa mar nach
fear mise go bhfuil eolas speisialta
agam ar ghnóthaí mar sin. Bíonn rí-
rá agus ‘tabhairt amach’ mór age sna
h-Éireannaigh tuairim na h-oidhche
anocht i gcomhnaidhe. Iad san a dhein
é.”



“Acht is i dtigh Pheadair atáid siad
agus Peadar a dhíolfaidh as” arsa
Belsubob “An ndearbhochaidh sibh?”
ar seisean leo.



“Dearbhocham,” ar siad go léir,
“Cad é féin?”



“Gur b' é Peadar fé ndeara é,”
ar sé,



“Tabharfam an leabhar ann,” ar
siad.



“An bhfuil fear dlighe againn chun
an chúis a phléidheadh,” arsa Bel-
subob.



“Tá” agus do baineadh macalla
as póirsíbh ifrinn le glór na nguth
go léir ghá radh.



“Áirmhigh iad,” arsa Belsabob le
fear go raibh eolas speisialta aige
ar figiúirí. Do thosnuigh an fear.
Chaith sé i bhfad ag cóireamh.
Do chuaidh na figiúirí thar
teorainn air. Do stad sé & do thoch-
ais a cheann. “Ní h-aon tairbhe é,”
ar seisean “Tá mo chuid figiúirí go
léir ídighthe, & feuch tuille do lucht
dlighe ann fós gan áireamh.”



“Gheobham ar fear is clisde ortha,”
arsa Belsubob. “Cad is féidir
leat-sa a dheunamh?” ar sisean le
duine aca.



“Chuirfinn an dubh n-a gheal ort,”
ar sé sin.



“Chuirfinn-se n-a luighe ar mháthair
nách léi féin a leanbh,” arsan tríomhadh
duine.



“Ní beag san.” arsa Belsubobh,
“bhfuil aon bháille annso?” ar seis-
ean.



Tháinig sluagh mór báillí chuige.



“Imthigh,” arsa Belsubob, “agus
fógair dligh ar Pheadar.”



D'imthigh báille agus d'fhógair sé
dligh agus éilghthe ar Pheadar. Do bhí
Peadar bocht go buaidheartha. Seo
leis chuig Pádraig. “A leithéid seo,
a dhaltha,” ar sé. “Mac le Belsubob
do marbhuigheadh. Sibh-se do leag
carraig air.”



Ní raibh aon bhrón ar na hÉireannaigh
“truagh nach ar a athair a thuit sé,”
arsa Conán.



“Ologón ó!” arsa Peadar bocht,
agus seo leis ag lorg cabhartha, thug
gach aenne fé ndeara ar feadh dhá lá
n-a dhiaidh san go raibh ana-bhuaidhirt
agus an-imshníomh air, agus ní raibh
aon lagadh air ar feadh na h-aimsire
acht ag cuardach & ag lorg agus ag
cur tuairiscí, agus ní thaidhsigheadh sé
go bhfaigheadh sé an ní a bhíodh uaidh.



Tháinig lá na cúirte, tháinig an
breitheamh agus do shuidh tháinig Bel-
subob agus a lucht dlighe agus a chuid
fínidhthe fáithchlisde — sluaighte móra
dhíobh — agus do shuidheadar, agus
d'fhanadar le Peadar agus a lucht
chabhartha.



Ní raibh Peadar ag teacht. D'fhan-
adar leis go mío-fhoidhneach. I gcionn
tamaill chonncadar teachtaire ag
teacht.



“Dubhairt sé go mbeadh sé chugaibh
ar ball,” arsan teachtaire, is dóigh
liom go bhfuil rud éigin dá lorg aige.
Tá an tig n-a réabadh roilig aige, pé
rud atá uaidh.”



Do fanadh tamall eile — tamall
fada, agus do bhítheas ag eirghe mío-
fhoidhneach. Do bhí an breitheamh ar
buile. I gcionn tamaill do chonnca-
dar duine ag teacht. Do bhí sé ag rith &
do bhí saothar air agus allus ar sileadh
leis. Do bhí sé gan hata gan caipín,
agus bhí ceann dá shean-shlipéirí tuithte
dhe, agus an duine bocht ag teacht ar
séideadh. Peadar do bhí ann, agus
ba bhuaidheartha an Peadar é. Níor
stad sé go dtáinig sé 'n doras, agus
ní tháinig sé acht go dtí san. Do
léigh sé liúgh ar an mbreitheamh agus
ar lucht na dlighe.



“Hé!” ar seisean, “Hould-on-
aigí tamaillín eile, b'fhéidir go bhfai-
ghinn fós é,” agus siúd leis arís san
rith agus coiscéim bhacaighe san duine
bocht ó'n leathshlipéir, agus é ag síor-
chuardach agus ag síor-lorg.



Do shuidh lucht na dlighe & na cúirte
arís & bhíodar ag cainnt 's ag cadráil
go ceann tamaill. Ar ball bhíodar
ag éirghe tuirseach. Do théigheadh
duine 'n doras & d'fheuchadh sé suas
an cásan, acht ní fheiceadh sé Peadar
ag teacht. Théigheadh beirt 'n doras
agus do théighidís ar an gclaidhe
anáirde & d'fheuchaidís suas an
bóthar, acht ní bhíodh aenne ag teacht.
Fé dheire do bhítheas ag eirghe mío-
shásta le Peadar. Dubharthas so &
dubharthas súd & ní 'á mholadh adubhar-
thas aon rud. Tugadh leat uair a
chloig eile dho.



Tháinig an leath uair a chloig, acht ní
tháinig Peadar. Do bhítheas i bhfeirg
chuige. Do bhítheas ar buile chuige.
Níor fhan truagh ná trócaire ag aenne
dho. Do bhí deire na foidhne caithte
ag an mbreitheamh féin leis. D'éirigh
sé agus do bhí sé chun breith daortha a
thabhairt i naghaidh Pheadair nuair do
liúigh duine amuich. “Tá sé chugainn,”
arsan duine.



Do bhí sé ag teacht, acht bh' shin é an
teacht gan fuadar. B' shin é an teacht
gan fonn. B'shin é an teacht gan
deithneas. Do bhí sé ag teacht an
casán anuas go leadránach agus
coiscéim bhacaighe ann agus é go
searbh agus go canncarach & go tuir-
seach. Badh dhóigh leat air gurab
amhlaidh a bhí gach aenne a bhain leis
riamh fé chlár. Do chuir sé a cheann
'n doras & d'fheuch ar an mbreitheamh
go brónach, D'fhan gach aenne ciúin.
Do labhair Peadar.



“Éirighim as,” ar seisean go dubhach
& a cheann dhá chrothadh aige. “Ní h-
aon tairbhe é,” ar seisean. “Tá na
Flaithis cuarduighthe seacht n-uaire
agam agus thíos ná thuas ann, thoir ná
thiar ann, beag ná mór ann, ní
bhfuaireas fínéidh fáith-chlisde ná fear
dlighe do dhearbhochadh dom, ná a
phléidhfeadh mo chúis dom. Mo mhairg
go dubhach san, 's nách dealbh an cúrsa
é.”



D'imthigh Peadar ó'n doras arís &
do ghluais go mall & go brónach suas
an casán.



“BHNSMMBHBHC.”


L. 5


TOMÁS SUANTAIN.



I mBéal an Dhá Chab i nIarthar
Chairbre do chomhnaig Tomás Suan-
tain. Níl a fhios agam ca shoin a
rugadh é ná níl fhios agam ca shoin a
fuair sé bhás, ach tá fhios agam go
raibh sé 'na bheataidh le linn an droch-
shaoghail breis as trí fichid bliadain ó
shoin.



Ní raibh fear le 'na linn ba mhó go
raibh meas ar Ghaedhilg aige ná mar
a bhí ag Tomás, gidh go bhfuil deimhin
againn go raibh Gaedhil mhaithe i nÉir-
inn an uair sin. Ní dóigh liom gur
airig éin'ne agaibh teacht thar an bhfear
so, agus sin é fé ndearr gur mhaith
liom beagán do sgrí mar gheall air.
Bhí sé ar feadh mórán bliadhan ag iar-
aidh leitriú simplidhe do chur ar bun
ach do theip air agus sgríobh sé —
“Gave up my own spelling on the
21st February, 1860,” ar chúl chlúdaig
leitreach d'fhág sé na dhiaig. Dá
bhfeiceadh lucht molta leitriú sím-
plidhe an lae indiu an leitriú do
rinne seisean chuirfeadh sé ag macht-
namh iad.



Rinne sé a dhicheall a gcoinibh an
ólachain ar fuaid na tíre seo againne.
I leabhar do bhí aige tá leicthiúirí do
sgríobh sé féin. “Temperance Lec-
tures in Irish,” thug sé ortha, agus
chuir sé an blúire seo leanas ar
leathanach i mbrollach an leabhair —



Commenced August 21st, 1855.



Notice.



Teagasg ar neamh-mheisgeamhail-
eacht gach tráthnóna Dé Luain a bheidh-
eas tirim air a seacht a chlog ón
deichmhadh lá de'n mhí roim Shamhain
(lá an áonaig) go dtí an chead lá de
mí na Nodlag a dtigh an mhargaig i
mBéaladáhabh”



Trí leictiúir atá ann agus
geall le fiche leathanach den leabhar
fe gach ceann acu. Tá gaedhluinn
mhaith ionta, dar liom, gidh níl
aon ní saor acu muna bhfuil beagán
Béarlachas ionta. Bhí gráin aige ar
ólachán agus ar gach ar lean é.



Fuair sé mórán leitreacha ó Shea-
ghan O Dálaig do chuir na leabhair
Gaedhilge i gcló an trath san; agus
fuair sé leitreacha ó mhórán daoine
léigheanta a dtaobh nidhthe do bhain le
múineadh & le slánughadh na Gaedhilge.



Seaghán Windele ó Chorcaig b'eadh
duine acu. Cheap seisean sa bhliadh-
ain 1859 ná féadfaí Gaedhluinn do
shábháil ón mbás. Ní hiongnadh í go
lag anois agus an sgéal go dona an
uair sin aice.



“The Irish Language, as far as
public sympathy or interest in it is
concerned, is thoroughly lost. It
would be but throwing pearls to swine
to offer them song or hymn or any-
thing else in the vernacular Irish.”



Nách iongantach an sgéal é, má bhí
a leithéid sin amhlaidh an uair sin ná
fuil an teanga so againne imthighthe
chun fáin fad ó riamh. Bheag a cheap
an fear san go mbeadh “An Lóch-
rann,” againn anois agus mo leithéid-
se ag cur síos ar a thuairim sin i
dtaobh na ceiste seo agus gan ach
Gaedluinn ghá sgrí ágam; féach!



Theasduig ó Thomás Éire do bheith
leath-sgartha ó Shasana. Chuir sé litir
go dtí an páipéar sin gur teidiol
do — “An Náisiún” sa bhliadhain 1817.
Is deas an litir í. Dá bhfuigheadh sé
a thoil is lugha smacht do bheadh ag
Sasanaig orainn, ná mar a bheidh nuair
gheobhaidh Seán Reamoinn a thoil ar
ball, má gheibhean sé í. Níor chuir sé
d'ainm leis an litir ach — “Éireanach
Aith-theisdeach (A Protestant Irish-
man).”



Beidh tuille le rádh agam a dtaobh
an fhir seo uair éigin eile, le cong-
namh Dé. Luadhtar a ainm feasda i
measg na b-Prosdastúnach bhfearmhail
do thug grádh d'Éirinn agus do thean-
ga na h-Éireann, ba Ghaedheal an fear
do sgríobh —



“Is deacair damhsa cuir libh an
aimh-dheoin mo ghaolta agus m' Eag-
ailse, acht ní féidir liom fulaint le
básughadh na mbochdán agus le lagu-
ghadh mo thíre chun tairbhe cheannaighthe
Shasana. San “Náisiún” do chuir sé
an méid sin.



Fachtna.



CAOINEADH CHORMAIC UÍ RÍOGH-
BHARDÁIN D'Á MHAC.



1.



Mo shlán lem' leanbh a fuair gairm ó
Righ na gcomhacht,
Mo shlán lem' leanbh do bhí maitheasach
lán de spórt,
Mo shlán lem' leanbh bog taithneamhach
áluinn snódh,
Agus guidhim do flaithis mar leabaidh
go bráth gan smól.



II.



Gan smól, gan cheó, gan brón, gan
peacadh, gan pian,
Go raibh t' anam-sa 'stóir i gcómhair
na n-aingeal d'á riar.
Gach maidin & neoin le dóchas aithchim
go dian,
Ar Athair na gcómhacht mo leómhan-sa
'ghlacadh le mian.



III.



Is doilbh liom tú a Chormaich Óig insa
chill.
Mo ghas brollaigh-geal glan-osgailte
id' mheon & id' chroidhe,
Is osna liom glaodhach obann ort, a
stóir óm' thaoibh,
Agus dar Ghobnait níor bh'fhollus dam
do shórt 'sa' tír.



IV.



Mo bhrón tríom, mo stór-chroidhe a
leagadh go faon,
Róstaí ná ceól-sidhe ní bhreabhfadh mé
féin,
O mheónuighis do lóisdín do ghlac' ó
Mhac Dé
Guidhim sóghach síor id' nuadh-thigheas
atá i bhflaitheas na naomh.



V.



Aithchim óm' chroidhe Rig na bhflaitheas
go hárd,
Athair na naomh a Chríost is a thobair
na ngrást'
Anam súd sg'oil gan mhoill go h-
obann id' pháirt,
Gan peacadh, gan teimheal fá aoibh-
neas fada gach tráth.



VI.



Ba chródha, calma mo leanbh gan
puinn mórtais,
Níor dhóithigh tarcuisne thabhairt do
chlainn a chomharsan,
Ar linn imtheacht thug a bheannacht go
cruinn dóibh-sin
D'á dhruim gheobhaidh i leabaidh gCa-
thair na Síor-ghlóire.



VII.



Ba chlumhail, cumasach, caradach, grá
dach bhí,
Lúthmhar, meanmnach 'n-a bhallaibh, gan
cháim gan teimheal,
Múinte, tagartha, blasda 'n-a ráidh-
tibh caoin',
Súgach, seasmhach, seasgair-suilt sás-
da síodhach.



VIII.



Síodhach, stuamdha gan duairceas ná
gangaid na chroidhe
Síor-fhuadrach suaimhneasach, maitheas-
ach, mín,
Níor bh'fhuath leis a ch'luadar ar chaith-
eamh an bhídh,
Gidh 's truagh mise ar buaireamh le
sealadh d'á dhruim.



IX.



A cháile le h-áireamh, ba athargach
ngíomh (?),
Do b'áiteamh ar ábalacht 'ainm arís,
Do bhí sé deághthach, fial, fáiltheach &
fairsing 'n-a chroidhe
Gidh tháinig an dáta le n-ar gearradh
a shaoigheal.



X.



A shaoghal do thidheacht & a aois siúd
deich s bliadhain,
D'fhúig ceasadh croide & caoineadh
chách 'n-a dhiaidh,
File gníomhartha mílse-ráidhte & mian,
Le chéile síos do claoidheadh fá thar
'sa' liaigh.



XI.



I láthair Chríost go sgaoiltear t'-
anam, a stóraigh,
Gan cáirde puinn fá dhíon 'sa' Chathair
ghlórmhair,
Mo mhuingeán grinn nár thuill riamh
olc a chomharsan.
Banaltra is nid na ndaoine lag is
leomte.



XII.



Dá maireadh le haois bhí gníomh 'n-a
chnámhaibh tar f ir,
Bh misneach 'n-a chroidhe & inntinn árd
go leor,
A leaca mar lítis 'coimheasgar árd
le rós
A bheol bog binn is a chíor bhí táithte i
gcóir.



XIII>



Tá do bhanalthra ruin go dúbhach is do
phríomh-chomhgair,
Is dúbhach 'sis cumha 'sis sudhar ar mo
chroidhe go mór thu
Sínte dlúth insan úir 'n-a luighe m'-
óigfhear,
A luigheadh im' chlúid is bhíodh liúm go
binn ghlórach.



MÓRTAS GAEDHÉAL.



Gaedheal mise. Nach uasal san-
Gaedheal im' chroidhe, Gaedheal im
mheon, Gaedheal óm' 'sheacht sinnsear
Gaedheal. Gaedheal mise agus mé
'ghá mhaoidheamh. A shlán fé'n domhan
uile cine Gaedheal a shárughadh.



Dob' uasal mo shean agus mo shinn-
sear. Ba mhaith a bhfoghluim i leabh-
raibh agus i sgolaibh. Ba chruinn a
gciall i gcomhairlibh. Ba luath a lámh
agus ba chalma a gcroidhe i gcathaibh.
Ba thais iad le lagaibh. Ba dhána
le namhdaibh. Ba lúthmhar a léim ag
fiadhach na gcnoc fé thaithneamh gréine
gile.



Is uatha thánga — glúin ar ghlúin. Is
fuil dá bhfuil me, cnámh dá gcnámh
me, smior dá smior me. Is mé a
n-oighre — oighre a mór-chroidhe agus a
mór-mheoin agus a mór-ghníomh. Uasal
an oighreacht san. Is uasal thar daoine
an domhain mo shinnsear-sa. Níor
chuir Dia a sárughadh riamh ar thalamh.
Gaedheal mise agus im' Ghaedheal dom
go dtéighidh na seacht sluaisde de chré
chaisle os mo chionn.



Is í Éire mo thír — tír aoibhinn ar ucht
árd na dtonn. Is liom-sa í dem'
cheart féin óm' shinnsear. Éire
mhaordha na maoileann mbán. Éire
na ngeal-sruth ceoil agus na
ngleannta fraich. Is trom a torradh
'n-a gortaibh branair. Is milis a féar
ar bhántaibh. Is árd a crainn i gcoill-
tibh. Is cumhra a blátha ar thoraibh.
Is binn a h-éin ar ghéagaibh.



Gradh mo chroidhe thú, a mháthair, a
Éire. Is mé do leanbh. Ded' chré
mo chorp, mo fhuil, mo chroidhe. Is
leat dúthracht mo chroidhe dod' ghrá-
dhadh. Is leat toradh mo mheabhrach
cinn it' chomhairle. Is leat gliocas
mo lámh it' ghnó. Is leat lúth mo gheug
sa mbearnain ag ruagadh 's ag cos-
gairt do namhad. Ba thú riamh ba
thír do Ghaedhealaibh; agus, dar an
Dia dá n-adhraim, is tu is tír dóibh go
deire domhain.



Is í mo theanga an Ghaedhilg bhinn.
Teanga na mílte fada bliadhan. An
chainnt bhorb thréan, an chainnt chiúin
cheoil, an chainnt ghearr ghunta, an
chainnt líonmhar luath-fhoclach, an
tsruth-chaint ghrádha, an bhorb-chainnt
chatha, an deas-chainnt file agus fáidh'
agus fir-léighinn. Is í mo rogha í thar
theangthaibh an domhain mhóir, óir is
Gaedhil do cheap í, 's is Gaedhil do
chas í, 's is Gaedhil do lúb. A theanga
uasal mo shinnsear, ní cloisfear óm'
beul go brath acht tú.



Aoibhinn an ceol ceol Gaedheal. Buadh
an bhinnis 'na mbeulaibh agus i mbar-
raibh a meur. Is binn bhur seinm, a
mhaca agus a ingheana Gaedheal! Is
suairc foghar na clairsighe binne 's
is meidhreach clagar-cheol na chruite
's fíochmhar feadh na píbe mire ag
gríosughadh Gaedheal chun chatha.



Gaedheal mise. Cá bhfuil sa domhan
cáil níos uaisle. Gaedheal mise; 's
ní mhaithfinn troigh do neach dá rugadh.
Gaedheal mise, is cá bhfuil a shárughadh
san? Gaedheal mise — níor chum Dia
fear dob' fhearr ná Gaedheal.



GAEDHEAL.



CAPAILLÍN BÁN SHFAGHÁIN UÍ
CUANA.



Maidean cheoigh ag gabháilt an róid
dom,
Do casadh orm an gósda gléigeal.
An fear — “Ochón! an capall nó bó
thú?
Nó cad do sheol im' threó thú?
Táim ag feuchaint le dhá nuair ort
'S ní fheicim do chruidhte fút, ná a
d-tuairisc.
Da n-innsteá dhomh-sa cé bhain uait
iad —
Do dheunfainn aor do bhainfeadh an
ceann de.”
An capall — “Ní h-aon mhaitheas dómh-
sa bheith air buaidhsheadh,
Acht gurabé Seaghán de Barra thug
le stucaill ghuail me,
D'fhág sé thuas ar an mbóthar mór
mé,
'S gan mo chruidhte fúm ná a d-
tuairisc.”
An fear — Fógair do'n donas gaibhne
tuaithe,
Acht gaibh síos suas imeasg na n-
uaisle
An áit i bhfaghair an greim le guid
as an greim le fuadach
'S' sop le stathadh as bun na
cruaiche.”
An capall — “Cad a dheunfainn ar
maidin nuair a thiocfadh an duine
uasal,
D'fhiafrochad sé “cad é an capall
é seo ag stathadh na cruaiche?”
Adeurfadh an buachaill gur capail-
lín mairceach stracach stuacach
Clais 'na dhrom is rian an ghuail
air.”
Deurfadh an duine uasal, “do réir
mar thugann tú dhom a thuairisc,
Is é capaillín bán Sheaghain Uí
Chuana é,
As dá gcuirinn 'n phóna é ba mhór
an truagh é,
'S gan duine i mbun é d'fhuas-
gailt.”
An fear — “An capall thu goideadh
nó an capall tu fuaduigheadh
Nó an capall thu fuarthas i bpónaíbh
tuaithe.”
An Capall — “Ní capall me guideadh
's ní capall me fuarthas i bpó-
naíbh tuaithe
Acht sín-sean-mháthair Sheaghain Uí
Chuana,
Tá sé sgríobhtha i bpoll mo chluaise.”
An fear — “An fiach dubh go dtagaidh
id' uachtar,
Acht a dtiocfaidh an t-earrach beidh
sé cruaidh ort.”
An capall — “Léun a's ruaig ort' 's
is minic do bhidheas im' shuairc
fhear ag iomchar mná uaisle,
A's an té a nigheadh mo chosa ba
mhaith é a dhualgas;
Acht anois ó táim críona is mór an
truagh me,
Raghad abhaile, agus pé áit 'a bhfa-
ghaidh Sighle soipín de'n luachair,
Cuirfidh mar leaba fúm é 's cuir-
fidh chun suain me,
Sin seanchus agat ar chapall Shea-
ghain Uí Chuana.”


L. 6


BAILE BHFAD SIAR.



Oidhche fhuar fhliuch tamall mhaith ó shin
anois bhí gasradh bailighthe ag ceárd-
chain Phádraig Gabha ag sgoruidheacht,
agus bhí Diarmaid a' Ghleanna suidhthe go
seasgair 'san chúinne ag innsint
sgéal fiannaidheachta 'nuair a bhuail
duine éigin ag an doras. Nuair
leigeadh isteach é cia bheadh ann ná
strapaire do bhuachaíll caol árd go
nglaoidís Amhlaoibh air, agus ná raibh do
chúram air, acht ag stróireacht ó áit
go háit ag bailiughadh déirce. Ní
raibh a fhios ag aonne timcheall na
háite cia'r díobh é ná cad as a dtái-
nig sé, acht gur bhuail a mháthair chúcha
roinnt bliadhnta roimhe sin, ag siubhal
roimpi agus Amhlaoibh 'na baclainn aici,
agus do lonuigheadar i m-Baile-bhfad-
siar.



Nuair a fuair a mháthair bás do
sgaoil sé uaidh an tigh beagh do bhí aca,
agus bhíodh sé ag dul ó thigh go tigh an-
sain. Ní raibh sé ró-chruinn ann féin,
acht dáltha a leithéid riamh, do bhí a
chiall féin aige. Ba é fáth a thurais
an tráthnóna san ag lorg lóisdín na
hoidhche ar Pádraig Gabha. Fuair sé
bheith istigh agus fáilte, agus nuair a théithidh sé
é féin d' fhiarfaigheadar de an raibh
aon sgeal nuadh aige? Dubhairt sé go
raibh, agus sgeal mór — go raibh Tadhg Ua
Laoghaire ag tógaint talmhan Eam-
oinn Uí Dhonnchadha. Níor chuir aon-
ne a bhí istigh puinn suime 'na chainnt,
acht amháin Diarmaid a' Ghleanna, agus
dubhairt sé sin go raibh deallramh ar
an sgeal, agus nach é Amhlaoibh do cheap
é.



“Tá sgeal eile agam leis,” ar
seisean, “ta connstáblaí as teacht
go Baile-bhfad-siar.



“Ní'l aon deallramh air sin,” arsa
Pádraig Gabha.



“Téanaidh abhaile,” arsa Diarmaid
a' Ghleanna “is maith an sgéalaidhe an
aimsir.”



Do sgaipeadar agus d'fhágadar Amh-
laoibh agus Pádraig ag seanachuidheacht
ag an dteine.



I gcionn seachtmhaine ó'n oidhche sin,
do thuit aon gach rud amach díreach mar
dubhairt Amhlaoibh, agus ní misde a rádh
ná go raibh tiubaist agus trioblóid i
mBaile-bhfad siar annsin.



Ní raghadh Tadhg trasna an bhóthair
gan beirt chonstábla bheith 'na theann-
ta, agus do bhí orra dul síos ó'n mbear-
raic gach aon oidhche go dtí é ar eagla
go mbrisfidhe isteach an tigh air. Ní
raibh aon tsúil ag aon-ne annsin air,
acht amháin Amhlaoibh agus na gconnstáb-
laí leis, mar do bhíodh sé ag díol na
bprátaí leo. Bhí connstábla ann
dar bh'ainm Mhícheal Dubh, agus níor thaith-
inn sé leis i n-aon chor, mar do bhíodh
sé ag imirt air i gcomhnuidhe, agus a
d'iarraidh gan an luach ceart do thabh-
airt dó ar na prátaíbh.



Oidhche eile dá raibh Diarmaid a'
Ghleanna agus a chuideachta ag an
gceárdchain do bhuail Amhlaoibh isteach
chúcha, agus dubhairt sé go raibh Mícheal
Dubh an pílear agus Peg Thaidhg Uí Lao-
ghaire chun bheith pósda.



“Cá bhfios duit?” a dubhradh leis.



“Bíonn sí ag cur litreacha ag
triall air,” ar seisean.



“Seadh, a Dhiarmaid,” arsa Pád-
raig Gabha le Diarmaid a' Ghleanna,
“dubhraighis ná cuirfeadh an saoghal
Eamonn óg agus Peg ó'n a chéile, act is
deacair an sean-fhocal a shárughadh,
“Tá trí nidhthe nach féidir a dhéanamh
amach — obair na mbeach, intinn ban,
agus teacht na taoide.”



“Cuirfidh mé geall leat,” arsa
Diarmaid a' Ghleanna, “go bpósfar
fós iad.”



“Cuirfidh mé coróin leat,” arsa
Pádraig Gabha.



Timcheall seachtmhain na dhiaidh sin
do ruith Amhlaibh isteach go dtí na
connttáblaí agus sgeon air ag innsint
gur briseadh isteach an teach ar Thadhg
Uá Laoghaire an oidhche roimhe sin.
Amach leó & do chaitheadar an lá sain
& cúpla lá 'na dhiaidh ag ruith ó áit go
h-air ag tnúth le sgéal éigin d'fhagh-
áil amach, & fá dheireadh do ghabhadar
Éamonn Óg, bhí an sgéal céadna ar
siubhal lá'r 'na bhárach acu agus ní
raibh ach aon connstábla amháin Eam-
onn Ógh, agus ba thin é Míceál Dubh.



Timcheall meadhón lae cia bhuail-
feadh isteach chuige ná Peig Ní Lao-
ghaire, agus dar ndóigh bhí iongnadh air í
fheicsint. Bhíodar ag cainnt le chéile
annsain ar feadh tamall agus Éamonn
Óg ag éisteacht leó agus an glas air, i
éad air, gan amhras. Fá dheireadh do
sgiob sí a chaipín ó Mhícheal Dubh agus seo
amach í chomh tiugh riamh agus do b'féidir
léi. Do ruith sí tamall maith sul a
dtáinig sé suas léi agus bhí comhrádh eile
annsain eatorra.



Nuair a tháinig an Seárgeant & a
chuideachta thar n-ais cad do bheadh ná
Míceal Dubh sínte ar phleasg a dhro-
ma ar an úrlár agus gan gog as. D'ár-
duigheadar suas é agus ba é an chéad rud
a dubhairt sé ná,. Ó! do mhairbh Eamonn
Óg mé.” Síos leó sa tseomra, acht ní
raibh Éamonn Óg ann. Is gearr gur
bhuail Amhlaoibh chúcha agus mála prátaí
air. D'fhiarfuigh an Seárgeant de an
bhfeaca sé Éamonn Óg an aon bhall?



“Ní fheacha,” ar seisean, “agus bfhearr
le Mícheal Dubh bheith ag tonnlacan
Pheig Ní Laoghaire ná ag tabhairt aire
dá ghnó.



Do chuir an Sárgeant gearán is-
teach ar Mhícheal Dubh an lá sain, mar
d'innis Amhlaoibh do gur theich Eamonn
Óg an fhaid a bhí sé féin agus Peig ag
cainnt, ar an mbóthar.



Níor fhágadar teach ná teaghlach i
n-árd ná i n-ísleán gan cuardach ag
lorg Éamoinn Óig, acht níor éirigh
leó é aimsiughadh & ní rribh Peig le
fágháil acht chomh beag, ná aon tuairisg
aca ag bhaile cá'r ghaibh sí.



Maidin bhreágh ghréine 'san Abrán,
bhí long ag feaduigh & ag búithridh ag
ullmhughadh chum triall tar sáile. Bhí
deór aidhthe na h-Éireann go dúbhach
dubhrónach ag sileadh na ndeór. Is
mó cailin modhamhail, maiseamhail, agus
buachaill teann, téagartha, láidir, bhí
bailigthe isteach san luing sin & i n-a
measg bhí Éamonn Óg Ó Donnchadha,
Peig Ní Laoghaire agus Mícheal Dubh an
connstábla.



Is mó lá buadhartha, & oidhche mhí-
shuaimhneasach do chaith Tadhg Ua Lao-
ghaire i ndiaidh Pheig. Do thuit a lug
ar a lag ar fad aige. Bhí sé ag cur
litreacha ag triall uirri gach ré
seachtmhain ag iarraidh uirri teacht
abhaile agus sé dheireadh do chuir sí
litir anall lchuige dá rádh ná cuirfeadh
sí cos ar thalamh tirim na h-Éireann
go bráth arís muna dtugadh sé suas
feirm Éamoinn Uí Dhonnchadha.



Timcheall bliadna na dhiaidh sin do
bhuail Diarmaid a' Ghleanna isteach
cumh Pádraig Gabha, & dubhairt sé go
raibh coróin aige air.



Connuis é sin? arsa Pádraig.



Tá Eamonn Óg agus Peig tar éis
teacht abhaile agus iad pósda, ar seis-
ean.



Do bhuaidh sé sin air ar airigheas
riamh, arsa Pádraigh Gabha “acht níl
acht an rud a bhíonn, bíonn sé.”



“Connus tá Mícheal Dubh ag déan-
amh thall?



“Tá sé ag déanamh go maith. Tá
sé 'na chonnstábla thall aca & bhí sé
ag cainnt le Peig agus le Eamonn sul
ar fhágadar an áit thall.”



Do thug Tadhg Uá Laoghaire suas an
áit do Éamonn Óg agus do Pheig. Bhí
an tabhairt amach aca an oidhche sin.
Bhí Amhlaoibh ann agus é dhá mhaoidheamh
gur bha é féin do chuir an ruith ar
Mhicheal Dubh. Amach san oidhche, nuair
a bhog an braoinín Diarmaid a'
Ghleanna bhí se ag éileamh a choróin
ar Pádraig Gabha agus ag innsint gur
ba é féin agus na cailíní do sgannraidh
sean Thadhg an oidhche do briseadh is-
teach an teach air.



Tá Tadhg ag tabhairt an fhéir anois,
agus do dhein sé muinnteardhas le Eam-
onn Óg sul ar cailleadh é. Maireann
Éamonn Óg fós agus tá a thriomhadh mac
“Éamonn Óg” 'n-a gharsún maith
láidir.



Tá cáirdeas agus síothcháin idir muinn-
tir Bhaile-bhfad-siar arís agus iad ag
maireachtain go soilbhir soghach i
gcionn a chéile. Tá Amhlaoibh ag breith
ar mhála fós leis agus an-fhonn pósta air.
Tá Diarmaid a' Ghleanna ag dul a
gcríonnacht agus é a fagháil an phinse acht
is anamh lá ná tugann sé cuairt ar
an gceándchain, agus bíonn se féin agus
Pádraig Gabha ag trácht ar na rudaí
greannamhara do thuit amach i mBaile-
bhfad-siar le linn na sean-aimsire.



EIBHLÍN NÍ LOINEACHÁIN.



I.



MAIDEAN AOIBHINN AÉREACH.



Maidin aoibhinn aereach
I Maricopa tréith lag,
Ag smuaineamh dom ar Éirinn
'Seadh casadh seal im' threó,
An aindir mhilis mhaordha
Is gruaig a cinn go feur léi
A leaca mar rós na gcaortha
'S í ag síor-sileadh deór.



II.



Do labhair sí liom as Gaoluinn
Go h-aoibhinn blasta beusach
Go ceanamhail banamhail léigeanta
Gur bean í thuit i mbrón
Is cailín mise ó Éirinn
D'fhág mo mhuinntir traochta
Ag gol im'dhiaidh le geur-ghoin,
A's ní aithnighim éinne beo.



III.



Tá mo chroidhe chomh dubh le h-aon lon
'S ní maith liom suidhe chum béile
Mar tá daoine annso ná géileann
Do spéirbhean do m' shórt.
Tá tarcuisne i mbeul gach éinne
A's ní mian liom siubhal im' aonar
Mar táid orm-sa ag sméide
Trial leo 'san ród



IV.



Mhuise a chailín aoibhinn chiuin-tais
Is dubhach le m' chroidhe do chúrsa
Is fíor gur b'í seo an dúthaig
Gan mheas ar cáil mhná
Do mháthair Criost ní géillid
'Ná do phianta geur a h-aon-mhic
Acht ór, a's ól a's craos-dubh
A's ag mealladh ban do d' shórt.



V.



A bhuachaill chiúin is fíor thú
'S do ráidhte blasta míne
Is mór gur fearr an dríodar
I n-Éirinn ghlais na n-órd
Raghaidh me airís thar taoide
I meast na laoch mear bríoghmhar
A's pósfad buachaill dílis
Ar taoibh cnuic Thír Eoghain.



VI.



D'imthigh uaim an ríogh-bhean
Tridh ciúmhais an tsléibhe san oidhche
Chun maireachtaint aereach críosta-
mhail
I n-Innis ghlas na mbárd
Mo chomhairle do gach oig-bhean
Atá go suairc i bhFodhla
Gan teacht go deo tar mhór-mhuir
Ar thuairisc an óir.



VII.



Is mór gur fearr dibh Éirinn,
Ar ghualainn chnuic nó sléibhe
Ag bagairt gamhan no caorach
Go h-eudtrom mear óg;
'Ná bheith annso gan aon mheas
Bhur staoinsidhe lom gan chéile
'S bhur gcom chomh seang le naoscach
Tar éis cruaidh-stoirm' foghmhair.



AN SPAILPÍN FÁNACH



(% Seumas Ua Muircheartaig,
Marichopa, California.)



FEALLSAMHNACHT.



Bráthair don bhás an daidhbhreas,
Ní dlighion foigheach faoilte,
Dúsgadh foilmhe fuath charad,
M carthar neach gan maoine.



Mhinic bhíos damhna flatha,
Saidhbhir rathmhar óg áluinn,
S a mhac i bhfeidhil na súisde,
Trí ghlúine ó Righ go sámhain.



Tá sé bhéarsa fhichead de seo ann.
Cia chúm iad a léightheóir?



PAIDREACHA.



Bean chríona in aice Dhún Maon-
mhuighe i gCairbre is uaithe do fuar-
thas an Phaidir seo:



Luidhim le Dia; go luidhe Dia liom;
Eirighim le Dia; go n-eirighe Dia
liom;
Gabhaim Dia mar Athair agus Muire
mar Mháthair
As Flaitheas Dé mar dhualgas.
Diúlthuighim don áirseóir
Bronaim me fhéin ar Dhia
Maidion agus um thráthnóna;
I dtúis agus i ndeire gach ghnótha;
Aimsear catha agus bhuadhartha.



Na trí subháilcí Diadha
Creideamh, dóchas agus grádh.
Cad is grádh nó caránacht?
Tiodhlacaí suáilcí Diadha


L. 7


A FHEIRMEÓIRÍ!



An Filleadh Beag.



An Culaith Gaedhealach
I n-iomlán, agus
Brístín, agus
Brat, agus
Dealg, agus
Caipín, i n-a Theannta AR —



60/—



SCRÍOBHAIDH CHUGHAM GO SRÁID AN RÍGHO
49a I gCORCAIG.



TOMÁS Ó GORMÁIN.



TROSGÁN TIGHE.



FÓGRA.



LEABHRÁIN PINGINNE
“AN LÓCHRAINN.”



Táid na leabhráin seo leanas ullamh ancis —



1.PÁIRLIAMENT NA MBAN,



Cuid I.



2. PÁIRLIAMENT NA MBAN Cuid II.



(Cormac Ua Cadhlaigh do chuir in eagar).



3. CAISMIRT NA GCEARC Cuid I.



4. CAISMIRT NA GCEARC Cuid II.



5. AN SIOTA 'S A MHÁTHAIR,



6. LIAM NA GIÚISE.



(“An Seabhac” do chuir in eagar).



16 Leathanaigh de glan Ghaedhilge ngach
ceann.



Le fághail saor tríd an bpost ar 1½ d. an
ceann nó ar 9d. an dosaen.



Scríobhtar go dtí



RAIGHILL IS MAC CUIRC,



TRÁIGH-LÍ.


L. 8


GAIRM SCOILE.



DO SCOILEANNAIBH CHORCAIGHE
AGUS
CHIARRAIGHE.



Tá ádhbhar airgid fachta againn ó
dhaoinibh a chuireann suim i n-obair na
Gaedhluinne, le bronnadh an leanbhaíbh
scoile i gconndae Chorcaighe is i gCo.
Chíarraighe. Roinnfimíd an t-airgead
so idir na scoláirí scoile ó-n dá
chonndae seo a chuirfidh na sgéilíní is
feárr 'sis taithneamhaighe chughainn gach
mí. Cuirtear na sgéilíní go dtí
Mícheál Ua Floinn, ag Connradh na
Gaedhilge i dTráighlí.



A Ghaedhla, Cabhruighidh le Chéile!



NA BÚTASAÍ IS FEÁRR,
At STEPHENS & BOURKE'S,
26, Stephen's Green, DUBLIN.




DO THIGHTHIBH AOIDHEACHTA INSO.



Má's as baile dhíbh a Ghaedhilgeóirí gheobhaidh
sibh ósduigheacht & bárr freasdail má chuireann
sibh fúibh ins na tighthibh Gaedhlacha so:



I gCorcaigh.



Tigh Inghín Ní Bhuachalla, 6 Sráid an
Droichid.



(Láimh le Droichead Pádraig).



Grianán na nGaedhal
44 Mount Joy Street.
PRIVATE HOTEL.



Gaedhluinn ag muintir a' tighe. 57



IN UÍBH RÁTHACH ÁLUINN.



Aoidheacht maith do Ghaedhlaibh.



BEAN UÍ DHUILLEÁIN,
Spúncán, An Cuirreán.



Labhartar Gaedhilg 'sa' tig seo.



GLANACHAR
SAOIRSEACHT
SÍBHÍALTACHT.



I LÚNNDAIN SASANA.



CUIRIDH FÚIBH I DTIGH AN
PHAORAIGH.



SOCAIR-LIOS DO GHAEDHEALAIBH,
I nDÚN GARBHÁN.



Tá teach aoidheachta deas ag



MAIGHRÉAD NÍ ANNRACHÁIN



Baile an Fheirtéaraig an Craoibhin Aoibhinn,
Ameasg Ceanntair Gaedhlacha nEirinn tíom-
pall.
Tá ann greann Seana-nósa a's ceólta ár sinn-
sear.
Tá rinnce is damhas ann & amhráin bhríoghmhar.



Má tá Gaedhluin uait, ná cunláiste chum í
fhoghluim, nó airgiod agat le caitheamh cuir
fios air an fear fíor-ghaedhlach Liam ó Lúbhaing.
Baile an Firtéaraig, Daingean.



I dTráighlí.



TIGH-ÓSTA UÍ SHUILIOBHÁIN,
33 UPPER CASTLE STREET.
TERMS MODERATE



MUINTIR AODHAGÁIN,
32 SRÁID PHÁDRAIG, 32,
I Gcorcaig.



TÁILLIÚIREACHT.



DONNCHADH UA LIATHÁIN,
43, Sráid Marlboro,
I gCorcaigh.



Labhartar Gaedhilge ann.



TROSGÁN TIGHE.



HOUSE-FURNISHING.



SOLUS
na nGAEDHEAL
déanta
i mBaile Átha Cliath



Gach aon saghas earraí le fághail ann.



Leabhrín na leanbh.
Norma Borthwick.
A lesson-book for Standard V.
Net. 3d.
By post 4d.



Aesop a tháinig go h-Éirinn.
Parts 1. — V.
Net. 6d.
By post 7d.



Seadna Part I.
Reduced to
Net. 9d.
By post 11d.



Vocabulary to Seadna
Net. 2/-
By post 2/2



6 D'OLIER STREET, DUBLIN.



CÓMHLUCHT NA FÍRINNE CATOILICE
I n- ÉIRINN,



LEABHAR ÚRNAIGHTHE,




FÉ CHOMAIRCE
NAOMH PÁDRAIG.



Ag Sráid an Ríogh
i gCorcaig.



SEÁN Ó CONAILL



SAOR EALADHANTA AGUS
SNAIGHTHEADÓIR CLOICHE.



Is uaidh a gheobhfar gach aon nidh dá
fheabhas mar chros-liag, leac-cuimhne
altóra, agus mar sin dóibh, chun
órnáidí ar uaghaibh agus ar eaglaisíbh.



“AN LÓCHRANN.”



Ar na chur amach gach mí ag Muintir
Raighill is Cuirc i dTraigh-lí. Le
fághail saor tríd an bpost ar trí
réalacha san mbliadhain.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services