Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Papers on Irish Idiom

Title
Papers on Irish Idiom
Author(s)
O'Leary, Peter Canon,
Compiler/Editor
O'Rahilly, Thomas F.
Composition Date
1926
Publisher
Browne and Nolan Limited

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Is ainmhí bó.
Is fear é.
Fear isea é.
Isé é.
Isí í.
Isiad so iad.
Isiad san iad.
Isiad súd iad.
Is sinn féin sinn féin.
Isé é.
Isé Tadhg é.
Isé Tadhg é siúd.
Isé an rí é siúd.
Isé an fear láidir é siúd.
Isé an fear fónta é.
Isé an fear caillte é.
Isé an lá fuar é.
Isé an cladhaire bithúnaig é.
Is é sin féin é.
Is cladhaire bithúnaig é.


L. 2


Isea san.
Is maith an fear é sin.
Is olc an capall é siúd.
Is breá an lá an lá iniubh.
Is breá. Cad is breá? An lá. Cad
é an lá? An lá iniubh.
Isé an bás an marcach úd.



Cé hé an mar-
cach úd? An bás.



Is i n-am thart (i. Ba).



Do b'ea.
Do b'é.
Do b'í.



Ba láidir an fear é,
Is láidir a
bhí sé.



Ba mhaith é.
Do b'olc é.
Ba chruaig é.


L. 3


Ba mhór an cladhaire é.
Ba bhreá an lá é.
Ba dhorcha an uíche í.
Do b'uíche dhorcha í.
Ba dhorcha í an uíche.
"Ba dhorcha í an uíche is
níor throm é mo bhrat".
Ba bhréag do san.



Is diúltach, láithreach.



Ní hea.
Ní hé.
Ní hí.
Ní hiad.
Ní sinn.
Ní sibh.
Ní fear do dhin é.
Ní hea.
Ní hanso atá sé.
Ní hea, nú Ní hann.
Ní cat é.
Ní luch é.
Ní francach é.
Ní feárr a thúis ná a dheire.
Ní feárr bheith ag caint air.
Ní teasg é, & ní fuláir é
dhéanamh.
Ní fuláir dom stad.
Ní fuláir lium stad.
Ní fuláir nú is ar buile atá sé.
Ní, hea, ach ar meisge.
Ní héidir gur 'na cholla
bheadh sé?
Ní hea i n-aonchor.


L. 4


Is diúltach i n-am thart.



Níor bh' ea.
Níor bh' é.
Níor bh' í.
Níor bh'iad.



Is i gceist (i. An).



An ea?
An fear é?
An crann é?
An é é?
An í í?
An iad iad?
An iad?
An mar sin é?
An fíor é?
An fíor di é?
An fíor dóibh é?
An bréag dóibh é?
An adhmad cloch?
An feóil iasg?
An iasg feóil?
An ar meisge atá sé?
An é sin é?
An é seo é?
An é siúd é?
An í sín í?
An iad san iad?
An é Tadhg é?
An é an báille é?
An é an báille atá ansúd?
An báille atá ann, an é?
'Na chuis atá sé, an ea?


L. 5


Is i gceist, i n-am thart.



Ar chapall é?
Ar chapall maith é?
Ar bh'ainmhí é?
Ar chloch é?
Ar chloch mhór í?
Ar mhór an chloch í?
Ar mhór í an chloch?
Ar bh'árd é?
(1) Ar bh'árd é an cnuc?
(2) Ar bh'árd an cnuc é?
(3)Ar bh'árd an cnuc a
bhí ann?
(4) Ar chnuc árd é?
(5) Ar bh'árd-chnuc é?



Tá i n-am láithreach.



Táim go maith.
Tá an lá go breá.
Tá an lá iniubh go breá.
Táid.
Táid na bá sa ghort.
Táid na gabhair sa gháirdín.
Táid na cearca ag breith.
Táid na bá ag breith.
Táid na prátaí dubh.
Tá an gimhre chúinn.
Tá sé fuar, fliuch, annróch.



Sid iad na chúig bhríthe, .i.



(1) 'An raibh aoirde sa chnuc?'
(2) 'An raibh aoirde ann seachas cnuic eile dá shórd?'
(3) 'An raibh aoirde sa chnuc san ná beadh i gcnuc eile dá
mbeadh sé ina inead?'
(4) 'Ar chnuc é, agus an raibh sé árd?'
(5) 'Ar chnuc é a bhí thar bárr le haoirde?' - P. Ó L.


L. 6


Tá iumad [nú an iumad]
annróig air.
Tá an fuacht ag cur orm.
Tá orm gabháil amach san
uíche.
Tá sé ort gur tu ghuid an
bhó ón ministir.
Tá púnt agum ort.
Tá coróinn agut orm.
Tá sé le fáil agut.
Tá breith agum air.
Táim bodhar agut.
Táim cortha dhíot.
Táim cortha uaig.
Táim creachta leat.
Táim creachta agut.
Táim suas leat.
Táim anso le seachtain.
Táim-se anso le breis agus
seachtain.
Tá i n-am thart (i. Bhí
nú Do bhí).



Do bhí.
Do bhí an lá iné go breá.
Bhí an lá arú 'né fliuch.
Bhí an lá ruimis sin fuar.
Bhíomair ag obair.
Do bhíomair.
Bhí bruid orainn.
Bhí brúth orainn.
Bhí d'fhiachaibh orainn.
Bhí orainn san do dhéanamh.
Bhí cur-isteach éigin orainn.
Bhí duine éigin ag cur is-
teach orainn.


L. 7


Bhí an tine i n-éag.
Bhí an chuinneal múchta.
Bhí an taoide amuich.
Bhí an taoide istig.
Bhí an taoide ag trá.
Bhíodar na muca ag sgread-
aig.



Tá i n-am le teacht.



Beig an lá amáireach go
breá.
Beig siuc anocht aguinn.
Beid ag teacht.
Be sé ag imeacht.
Beig sgéal nó aige.
"Beig gan treabha!"
Beig agut.
"Beig thiar ort."
Beig breall ort.
Be sé thiar ort.
Beig a thora agut.
Beig a rian ort.
Beig a rian air!
Beimíd go léir go maith fós.
Beig an sgéal go breac ar ball
aguibh.



Is nea-dhír, abarthach,
láithreach.



Deirim gurab ainmhí bó.
Deir sé gur breá an lá é.
Is dó liumsa gur lá fuar é.
Is dó lium gur fíor duit sin.
Deirim-se gur bréag duit sin.
Deir sé gur uisge fearthainn.
Deir sé gurab ea.
Deir sé gur anso atá an
sgian.


L. 8


Deirim-se gur i gCorcaig atá
sí.
Deirim gurab ann.



Is nea-dhir, diúltach,
láithreach.



Deirim nách ainmhí cloch.
Deirim nách crann slat.
Deirim nách ea.
Deir sé nách cat madra.
Cé adeir nách fíor do san?
Deirim-se nách fíor do é.



Is nea-dhír, abarthach,
thart.



Dubhart gur bh'olc é.
Dubhart gur bhithúnach é.
Dubhart gur chapall é.
Dubhart gur bh'amhlaig a
bhí an fear ar meisge.
Dubhart gur bh'amhlaig.
Dubhairt sé gur bhréag dom
san.



Is nea-dhír, diúltach, thart.



Dubhart nár bh'ainmhí cloch.
Dubhart nár chrann slat.
Dubhart nár bh'ea.
Dubhairt sé nár chat madra.
Cé dubhairt nár bh'fhíor do
san?



Dubhart-sa nár bh'fhíor do
é.


L. 9


Tá nea-dhír, abarthach,
láithreach.



Deirim go bhfuil.
Deirim go bhfuil fuacht orm.
Deirim go bhfuil an gimhre
ag teacht.
Deirim go bhfuilim leata.
Deirim go bhfuilim cortha.
Deirim go bhfuil tuirse orm.



Deir sé go bhfuil airgead
aige.



Tá nea-dhír, abarthach,
thart.



Dubhart go raibh.
Dubhart go raibh fuacht orm.
Dubhart go raibh sé fuar, pé
dath a bhí air.
Dubhart go raibh púcaí ann &
go bhfeacathas a leithéidí.
Dubhairt seisean go raibh an
éagóir agum.


L. 10


NA TÁTHFHOCAIL.



Is ainm gan éifeacht
Ní chuirean sé
i n-iúil nádúr an fhocail.
Tá conjunction maith go
leór. Ach is mó an táthú
atá, cuir i gcás, sa bhfocal
i ná mar atá sa bhfocal agus.
Má deirim "sgian agus
bulóg," táthíon agus an
"sgian" agus an "bhul-
óg." Ach ma deirim "Tá
sgian i mbulóig," is cóngg-
araí go mór an tathú. Dá
bhrí sin is cirte Táthfhocal
mar ainm ar i ná aon ainm
eile.



Ní hé an táthú céanna a
dhéinid aon dá tháth-
fhocal. Ciallaíon gach focal
díobh a tháthú fein, agus
ní fuláir a mbreithniú go
ró-chruinn.



An Táthfhocal do.



Túir do Thadhg an sgian.
Is mac do Dhónal Doncha.
Is dritháir do Thadhg Dónal.
Ní shiúlódh an capall dom.
Déin bróga do Shíle.
"Déintear mo sháith crónáin
dom."



Cimeád an solas do súd.
Ná déin a thuille don chor
so.


L. 11


Ná tar dom' iarraig.
Ba mhaith lium crann do
ghearra.



Geárr do réir a chéile é.
Bím ann do ló & d'uíche.
D'aimse sé don urchar san é.
"Bhí sí dá aimsiú do bhea-
raibh nimhe" (Diarmaid
agus Gráinne).



"Slécht don ghilla bhicc
útt" (Beatha Bharra).



An Táthfhocal ó.



Túir uisge leat ón dtobar.
Tá sé dóite ón ngréin.
Cuir uait!
Táim anso ó Dhomhnach.
Táim anso ó mhaidin iné.
Ní leanbh ó 'réir me agut.
"Praiseach ó 'réir é?"
Táim cortha ó bheith ag
brise na gcloch.



Táim bodhar ó bheith ag
éisteacht leis.



Is ó Dhiarmaid do fuaras
é.



"Ro gairmeadh an chumhal
ón rígh" (Beatha Bharra).
Is ón Sgibirín mise.



An Táthfhocal de.



Túir dom cuid den arán.
Buin de [nú des] na cártaíbh
sin.
"Ní bhuinfeadh sé an t-eir-
eabal de chat."


L. 12


Buin an chluas díom.
Buin díot.
Buin díot do chasóg.
Buin díot do chlóca.
Gheóinn de mhaide ort.
Gheóinn de shlait ort.
Gheóinn de m'fhuip ort.
Gheóinn de chosaibh unnat.
Gheóinn de dhóirnibh unnat.
Is de na Cárthaig me.



Ní díobh mise.
Níor airíos riamh a leithéid
de chaint.



Ní fheaca riamh a leithéid
sin d'adhmad.



Ní fheaca riamh do leithéid
d'fhear.



Tá ag dul ded chiall.
Tá ag dul dá chiall.
"Má théun dem ghadhraibh,
Beig Bran & Fly agum,
Lili mheadhrach & Finder
bán."



Tá ag dul dá mhisneach.
Tá ag dul dá shiúl.
Tá ag dul dá ghuile.
Do chuaig de.
Bíodh dá bhárr agut.
Tóg an chloch den bhóthar. T
"Gheóinn bás ded chumha."
Do rug sé a anam saor leis
de thora a reatha.



Is den adhmad is feárr a
dintear an triosgán is feárr.



An Táthfhocal le.



Do ghearras mo mhéar le
sgiain.



Is le Máire an sgian san.


L. 13


Tá sí agumsa le seachtain.
Is le feirg do chimeádas í.
Tá mo mhéar chô teinn le
hotharas.
Cuir ceirí lé.
Labhair le dochtúir éigin.
Raghad-sa leat.
Ná bí lium.
Ná din aon rud lium.
Déanfad so 's súd leat.
Ruith caillí le fánaig.
D'ime sé le fánaig na
habhann.



D'ime sé le haeur an tsael.
Dul le gréasaíocht.
Dul le céird.
Dul le buile.
Do thiteas leó.
Táim ag casa le cluí dhéa-
namh.



Táim creachta leat.
Fan leat go fóil.
Siúl leat.
Raid leat é.
Tóg leat é.
Imig leat.
Cumáin leat.
Tumáin leat.



Ól leat.
Táim ag éisteacht leat.
Táim ag fithamh leat.


L. 14


MÁ AGUS DÁ.



(Táid dhá tháthfhocal
chuiníollach aguinn sa
Ghaeulaing, .i. má agus dá.
Níl acu sa Bhéarla ach aon
cheann amháin, .i. if.



Gabhan má módh dír.
Gabhan dá módh nea-
dhír.



Má tá.
Dá mbeadh.
Má bhíon an lá amáireach
tirim, beimíd ag buaint.
Dá mba rud é go mbeadh an
lá amáireach tirim, bheimís
ag buaint.



Más rud é go mbeig an lá
amáireach tirim, beimíd ag
buaint.



Má tá bréag ann, bíodh.
Dá mbeadh bréag ann, ba
chuma lium.



Ma gheibhim lom air, buail-
fead é.



Dá bhfaghainn lom air, do
bhuailfinn é.



Má bhím i n-am, be sé air
agum.



Dá mbeinn i n-am, do bheadh
sé air agum. (Máisea, ní
bhacfad é.)



Má bhínn i n-am, do bhíodh
sé air agum.



Más maith é, is mithid é.
Dá mba mhaith é, ba mhithid
é.


L. 15


Déanfad é, más olc ortha é.
Do dhéanfainn é, dá mb' olc
ortha é.



Déin é, más olc ortha é!
Déin é, má fhéadair é.
Do dhéanfá é dá bhféadthá é.
Má tá sgian agut, túir dom
ar iasacht í.



Dá mbeadh sgian agum, do
thúrfainn duit ar iasacht í.



Má bhuailim-se thusa, ná
buail-se mise, mar tá 'ner-
vis' orm!



Dar fia! má bhuailir-se mise,
buailfead-sa an 'nervis'
díotsa go mear.



Dá mbuailinn-se thusa, ní
bhuailfá-sa mise, toisg an
'nervis' do bheith orm.



Dar fia! dá mbuailteá-sa
mise, do bhuailfinn-se an
'nervis' díotsa go mear!



Má tá sé fliuch, tá sé fuar.



Dá mbeadh sé fliuch, bheadh
sé fuar.



Má bhí sé fliuch iné, do bhí
sé fuar iné.



Dá mbeadh sé fliuch iné, do
bheadh sé fuar iné.



(Isé an gléas Béarla san
thuas an gléas cainte is
éigiallaí dár bhuail riamh
umum. Tá dhá am-ruimhe
sa chaint, agus níl am-
ruimhe ar bith sa chiall.
Ach is fior-ghnáth é.)


L. 16


Má agus dá fé dhiúlta.



Mara bhfuil.
Dá mba ná beadh.
Mara bhfuil capall agut.
(a) Dá mba ná beadh capall
agut.
(b)Mara mbeadh capall
agut.
Mara mbeadh capall agum,
ní bheinn i n-am anois.
Dá mba ná beadh capall
agum, ní bheinn i n-am
anois.
Mara mbeadh go raibh capall
agum, ní bheinn anso chô
luath.
Mara raibh capall agut,
bhi asal maith agut.
Ní bheadh sé sásta mara
bhfaghadh sé é.



Dá mba ná faghadh sé é, do
bheadh sé mí-shásta.



Dá mba rud é ná faghadh sé
é, do bheadh an sgéal go
holc aige.



Mara mbeadh an doras do
bheith osgailte, bhíomair
réig.
Mara mbeadh go raibh an
doras osgailte, bhíomair
réig.



Mara mbeadh rud éigin do
thitfeadh an spéir.



Mara mbeadh an chloch san
ní thitfinn.


L. 17


Mara mbeadh an chloch
san do bheith ansan, ní
thitfinn.



Mara mbeadh go raibh an
chloch san ansan, ní thit-
finn.



Dá mba ná beadh an chloch
san ansan, ní thitfinn.



"Is breá é úr saol, mara
déirc a dheire dhíbh."



"Má'sea féin, is aeurach an
obair í."



Dubhairt sé gur bhreá é ár
saol, marar dhéirc a dheire
dhúinn. Dubhart-sa, dá
mb'ea féin, gur bh'aeurach
an obair í.



Mara mbeig an méid sin
déanta agut nuair a thiuc-
fad buinfead an ceann díot.



Mara mbeadh an méid sin
déanta agut nuair a thiuc-
fainn, do bhuinfinn an
ceann díot.



Mara mbeadh go raibh an
méid sin déanta agut nuair
a thánag, do bhuinfinn an
ceann díot.



Dá mba ná beadh an méid
sin déanta agut nuair a
thánag, do bhuinfinn an
ceann díot.



Dá mba ná beadh an méid
sin déanta agut nuair a
thiucfainn, do bhuinfinn
an ceann díot.



Féadfair dul ann más maith
leat é.



D'fhéadfá dul ann dá mba
mhaith leat é.



Ní gá dhuit dul ann mara
maith leat é.


L. 18


Níor ghá dhuit dul ann mar-
ar mhaith leat é.



Níor ghá dhuit dul ann dá
mba nár mhaith leat é.



Ní dhéanfá é marar mhaith
leat é dhéanamh.



Ní dhéanfá é mara mbeadh
gur mhaith leat é dhéanamh.



Ní dhéanfá é dá mba nár
mhaith leat [é dhéanamh].



Gabhan má cómhrá dír.
Gabhan dá cómhrá nea-
dhír.



Sol. Má bhím-se ar lár agut,
bíodh an tslat agut.
Dubhart leis, dá mbeinn-se
ar lár aige, an tslat do
bheith aige.


L. 19


IV.



CÓMHLEANÚINT NA N-AM.



I n-amaibh dlúite leanan
am thart am thart.



Dubhairt sé



go raibh an lá breá.
gur bhreá an lá é.
nár bh'olc é.
ná feidir sé.
nách sgian a bhí aige.
nách tusa a bhí uaig.
nách ort do bhí sé ag
glaoch.



nár chuimhne sé ort.



Mheasas —
gur id cholla a bhís.
gur ghréasaí thu.
gur bh'amadán tu.
gur capall a bhí agut.
gur chapall é.



Shíleas gur labhrais.
Thuigeas gur i gCorcaig a
bhís.



Dubhraís go raibh tart ort.



Mára féidir an t-am lean-
tach do bheith thart, ní
fuláir é bheith cuiníollach.



Gheallais go dtiucfá amáir-
each.



Dubhart go mbeadh tart &
ocras orm nuair a thiuc-
fainn, & tá.


L. 20


Dubhairt sé go mbeadh sé
anso anois, & níl.



Dubhairt sé go mbeadh sé
anso iné, & ní raibh.



Dubhairt sé go mbeadh sé
anso amáireach, & ní bheig.



Ach nuair is am coitian
an t-am leantach, leanfa sé
gach am. Féach —



Deir sé
Dubhairt sé
Déarfa sé
ná bíon tréan
buan.



Leanan gach am am
láithreach.



Deirim
go raibh.
go bhfuil.
go mbeig.



Measaim
gur bhuail.
go mbuailean.
go mbuailfig.



Isé cúis go leanan am
thart am thart, mar ní
féidir a mhalairt. Ní fhéad-
fadh duine a rá Dubhairt
Tadhg go bhfuil sé ag fear-
thainn. Do b'ionan san &
a rá Dubhairt Tadhg iné
go bhfuil sé ag fearthainn
iniubh, i. caint éigciallaí.



Leanan gach am am le
teacht.



Déarfad
go raibh.
go bhfuil.
go mbeig.


L. 21


Neósfad
ná raibh.
ná fuil.
ná beig.



Leanan gach am módh
cuiníollach.



Déarfainn
go raibh.
go bhfuil.
go mbeig.



Ba dhó lium
gur bhuail.
go mbuailean.
go mbuailfig.


L. 22


V.



MION-CHÓMHRÁ.



A haon (1) is cómhartha don
chéad-rá, a dó (2) is cómhartha
don fhreagra.



1. Dia dhuit! (dhíbh!)



2. Dia's Muire dhuit!
1. Bail ó Dhia oraibh!



2. Gurab amhla dhuit!
2. Dia's Muire dhuit!
1. Mór[a] dhuit!



2. Mór' is Muire dhuit!



Ag Sgarúint.



1. Slán beó agut! (aguibh!)



2. Go dtéir slán!
2. Go mbeire Dia slán tu!
2. Go mbeire Dia slán
a-bhaile thu!
2. Go n-éirí an t-á leat!
2. [Go n-éirí do bhóthar
leat!
2. Go n-éirí leat!]



An Aimsir.



1. Lá breá!
2. Tá sé mar sin.
2. 'Sea, go deimhin.
1. Cad é an sgéal é?
2. Maith go leór.
1. [Conas tán tú?
1. Conas taoi?]
1. Conas táir?



1. [Conas tán sibh?]
1. Conas táthí?


L. 23


2. Maith go leór, go ra' maith
agut.
2. Táim go maith, slán a
bheir.
1. Nách breá an lá é!
2. Is breá go léir, baochas le
Dia!
1. Lá fliuch!
2. Tá sé mar sin.
1. Nách fliuch an aimsir í!
2. Is fliuch go deimhin, agus
is fuar.
1. Nách fuar an lá é!
2. Abair é.
1. Nách caillte an lá é!
2. Ní cuimhin lium a leith-
éid.
1. Ní cuimhin ná liumsa.
2. Ní cuimhin ná le haenne
atá suas.
1. Nách uafásach an uain í!
2. Is éachtach an uain í.
1. Nách uafásach an uain í
le fliche!
2. Is uafásach, agus le fuaire.



2. D'imig an donas uirthi le
fliche & le fuaire.
2. Tá an mac mallachtain
le fuaire ar an lá.
2. D'imig an mac mallacht-
ain ar an lá, tá sé chó fuar
san.



Ar an Aonach.



1. An rabhais ar an aonach?
2. [Do] bhíos.
1. Cad a bhí agut dá dhéan-
amh ann?
2. Ag díol na ngamhan.
1. Ar dhíolais iad?
2. [Do] dhíolas.
1. An mór a fuarais ar an
gceann díobh?


L. 24


2. Seacht bpúint deich.
1. Ba mhaith é.
2. Níor bh'olc é, agus uiread
bethíoch ann.
1. Tá an dúthig lán díobh.
2. Tá, agus gach aenne ad
iarraig sgarúint leó.
1. Mar sin níl an féar ann
chun a gcothithe.
1. Is maith do sgarais-se led
chuid féin díobh.
2. Cheapas go bhfaghainn
na hocht bpúint, nú, an
chuid ba lú dhe, seacht
bpúint cúig-déag.
1. Go deimhin ní gearánta
dhuit i n-aonchor. Fuar-
ais rud maith.
1. Go dtuga Dia lá maith
dhuit!
2. Go dtéir slán!



Ag teacht isteach i dTig.



1. Bail ó Dhia oraibh!
1. [Bail ó Dhia anso is-
teach!]
1. Go mbeannaí Dia anso!
2. Dia's Muire dhuit!
2. [An bhail chéanna ort!]
2. [Dé bheatha-sa!]
1. Conas táthí go léir?
2. Tá an tsláinte aguinn,
baochas le Dia! Conas
táir féin?
1. Ag cur díom chô maith
agus fhéadaim é.
2. Ar thugais aon sgéal nó
leat chúinn?
1. Níor thugas blúire ar
domhan.
2. Ach! cadé an mhaith thu?
Drid aníos chun na tine
agus téig thu féin. Tá an


L. 25


lá iniubh pas cruaig ann
féin.



1. Ní misde a rá [ná] go
bhfuil.
2. Ó thárla na prátaí bheith
beirithe aguinn, b'fhéidir
go n-íosfá ceann nú dhó
acu.



1. Ambasa, ní hins gach aon-
bhall do gheóinn iad. Táid
siad ag dul i ngannach-
úisí ag daoinibh, mar
phrátaí.



2. Is geárr go mbeid na
prátaí nó aguinn, le cún-
amh Dé.



1. Is geárr go mbe siad ag-
uibhse, ach cathin [a] bhe
siad ag daoinibh eile?



2. Ba cheart do gach aenne
cúpla iumaire prátaí luath
do bheith aige i gcóir an
tsaosúir.



1. Ó! 'sea 'sdó! Dá ndin-
eadh gach aenne an ceart,
bheadh an saol go dian-
mhaith. Ach b'fhéidir
nách é gach aenne go
mbeadh an chóir aige, ná
d'fhéadfadh an aimsir do
fhrithálamh.



2. Bheidís díomhaoin an
fhaid do bheidís dhá dhéan-
amh. Agus "dá mbeadh
suineann go Samhain ann,
bheadh breall ar dhuine
éigin."



1. Ambasa, is seanfhocal é.
2. 'Sea, agus ní sáraítear a
leithéidí.



1. 'Sea! Beannacht Dé


L. 26


aguibh istig agus amuich!



Is cuma dhom anois cadé
an cor do bhéarfaig me an
chuid eile den lá.



2. Mhuise, ní hé an méid sin
do chuirfig puinn mas-
mais ort. Is lag is cóir é
mhaíomh ort.


L. 27


VI.



déin nú din.



Déin éisteacht (= Éist).
Déin gluaiseacht (= Gluais).
Déin stad.
Déin do bhéal do dhúna.
Déin aire thúirt dod ghnó
féin.
Déin gan bheith 'om bodhra.
Déin na ba do chrúth.
Déin an capall do ghabháil.
Ar dhinis an doras do dhúna?
Ar dhinis an tine do choigilt?
Ar chuiris amach an gadhar?
Ar dhinis an doras do dhúna
air?



Ar dhinis an císte?
Ar dhinis é fhuine go maith?
Do dhineas.
Ná déin guid.
Ná déin marú.
Ná déin dearmad [nú dear-
úd].
Déinig úr ndícheall.
Ná déin dá chuid ded dhí-
cheall.



Tá sé ag déanamh orainn.



Cuir an bia ar an mbórd.
Cuir an chuideachta 'na suí.
Cuir faor ar na sgeanaibh.
Ná cuir an leanbh ag gol.
Cuir amach an madra.
Cuir chút é sin.
Cuirig ar chrannaibh é.
Cuir ormsa é.
Cuirim-se ortsa é.


L. 28


"Cuir me feasta."
Cuir díot! nú Cuir an tal-
amh díot.
Tá sé ag cur de.
Tá sé ag cur an bhóthir
de.
Cuir umut.
Cuirim ort!
Tá teinneas fiacal ag cur orm.
Bíonn teinneas fiacal ag cur
orm.
Tá an fuacht ag cur air.
Tá an brothal ag cur air.
Táid dathacha ag cur orm.
Ná cuir orm & ní chuirfead
ort.
Chuir san go mór air.
Níl aon chur 'na chuinnibh
sin agum.
Ná cuir leis & ná buin uaig.
Cuir an gadhar leis an muic.
Cuir an dlí air.
Cuir smacht air.
Cuir eagla air. shed me.
Chuirfead-sa iachaint ort
stad.
Cuirfead a mhalairt de chú-
ram ort.
Cadé an geall do chuirfeá
ann?
Cuirfead lea-ghalún pórtair
leat ann.
Cuirfead leat é!
Tá sé ag cur 's ag cúiteamh.
Táir ag cur an dín suas.
Tá an coirce curtha aguinn.
Táimíd ag cur cré suas.


L. 29


Táimíd-ne ag cur na haith-
chré suas.



Chuir sé bréag orm.
Tá sé ag cur suas don bhia.
Cuir deoch fé.
Cuir aoile fé.
Cuir smeara fé.
Cuir fé ghuí an phobail é.
Cuir fé.
Tá sé ag cur s[h]neachtaig.
Tá sé ag cur fearthanna.
Ta sé ag cur s[h]eaca.
Cuireadh an leabhar air.
Cuir a-bhaile an iasacht.
"Nig a chosa,
Cuir a-cholla é,
Bog deoch don tseanduine."
Chuir sé liú as.
Chuir sé athine ortha.
Chuir sé eólas orm.
Chuir sé a rian.
Chuirfeadh sé rian na lachan
ar an uisge.



Chuir sé stró orm.
Cuir uait!
Cuirig uaibh!
Chuir sé fé i gCorcaig.
Chuireas róm é dhéanamh.
Cuireadh mallacht air.
Cuireadh fé chuinnealbháth
é.
Cuireadh fé ghrádaibh é.
Cuireadh a-mú é.
Bíonn tú i gcónaí ag cur síos
ar an dté.



Tá cur síos ar an gcoga sa
nócht iniubh.


L. 30


Ná cuir 'na cheann.
Chuir sé culaith éadaig dhá
dhéanamh.



Cuir slacht air.
Cuir i gcás gur saighdiúir
mise.
Cuireadh ar bun é.
Ná cuir im leith-se é.
Cuir i leataoibh é.



túir (tabhair).



Túir dom deoch. Tr'om
deoch.
Túir dom é. Tr'om é.
Túir uait an sgian.
Tóg an chloch so.
Túir fúthi.
Thug sé fobha fé.
Thug sé fúm go binn é.
Túir do thuairim.
Túir leat an capall.
Túir chúm é.
Is minic [a] thug na cleití an
fheóil leó.



Tá sé túrtha.
Tá sé túrtha (nú tugtha) don
locht san.
Mac tabhartha. Clann
tabhartha.
Túir an leabhar ann!
Túir "bachall" ar dhuine
éigin sar a dtúrfí ort é.



Ná túir ainm Dé gan fáth.


L. 31


Túir do dhrom leis.
Thug sé a chúl leis an dtig.
Cadé an tacaíocht do bhéar-
fair dom sa ghabhar?



Aon tacaíocht is maith leat,
ach go dtúrfair-se radharc
a shúl & lúth a chos do.



Thugais t'éthach!
Thugais easgaine.
Thugas seachtain ann.
Thug sé rátha 'na luí.
Thugas bliain 'od chosaint
ar thine & ar uisge.



Thugas fé ndeara an solas.
Thugas iarracht ar éirí.
Túirt-suas.
Tá túirt-suas maith air.
Tá túirt-suas mór air.
Tugadh túirt-suas do.
Cuireadh túirt-suas duine
uasail air.



Tá sé túrtha suas.



Thug sé suas.
Tá túrtha suas aige.
Bhí túrtha suas aige.
Thugas m'anam.
Thug sé leabhar éthig.
Beig túirt-amach ann.
Beig ana-thúirt-amach ag-
uinn.



Iad do thúirt dá chéile.
Is deacair fírinne & éthach
a thúirt dá chéile.



Fear maith. Bean mhaith.
Rud maith.



Is maith é.


L. 32


Is maith é sin.
Maith go leór!
Go ra' maith agut!
Ná ra' maith agut!
Gan bhaochas duit.
Is maith do dhinis é.
Ní har mhatha leat tugadh
an chómhairle sin duit.



Mar mhatha leis féin isea
dhinean an cat crónán.



Fliuchfar Tadhg; & is maith
an sgéal é, nuair nár fhan
sé istig.



Nách maith nár fhanais
féin istig!



Din rud ar do mháthir.
Nách maith ná dinean tú
féin rud ar do mháthir!



Airiú, nách maith é!
Maith an áit go rabhais!



Ba mhaith an mhaise dhuit é.



"Is dána an mhaise dhuit
seasamh i ndiaig do luit."



Maith mar [a] thárla.
"An fíon dá chathamh ag
mathibh na tíre."



Matha na Mumhan.



Maith d[h[o]m an méid sin.
Maith d[h]om an sgilling.
Ní mhaithfear [nú ní maith-
fear] puinn duit.



Mathún[ach]as.


L. 33


mór.



Is mór le rá é.
Ní mór le rá é.
Is suarach le rá é.
Ní mór le rá é.
Is mór an sgéal é.
Ní mór dhom gluaiseacht.
Ní mór dhom fille.
Ní mór linn duit.
Ní mór lium do é.
Ní mór ná go bhfuil sé ite.
Ní mór ná go raibh sé déanta.
Ní mór ná go mbe sé críoch-
naithe.
Ní mór lium é.
Is mór an náire dhuit é.
Nách mór éirís!
Daoine móra.
Is sleamhain iad leacacha
an tí mhóir.
Go mór mór.
Ní móide go raghad.



Is bád beag é.
Is beag an bád é.
Is lú an bád eile ná é.
Is beag orm é.
Is beag lium é.


L. 34


Is beag atá ann díobh.
Is beag ná go bhfuilim sásta.
Is beag má tá aenne i nÉirinn
d'fhéadfadh é dhéanamh.
Is beag an sgéal é.
Ba bheag an sgéal é dá
n-imíodh sé níos measa
air.
Is beag an iúna.
Is beag a' bhrí é.
Is beag a' mhaith é.
Is beag an chabhair thu.
Ní beag dhom san.
Ní beag lium é.
Beag a mhaith sagart gan
cléireach.



Túir déirc don mhnaoi
bhoicht, a bheag nú a
mhór.



Níl a bheag ná a mhór agum.
Is beag dá mhearathal ort.
Is beag dá fhios agut.



D'fhan an sgéal mar sin.
Sgéal thairis!
Tá an sgéal go breac thall
acu.



Tá an sgéal go hainnis
aguibh.
Conus tá an sgéal acu?
Cadé an sgéal é?
Cuir sgéal chútha.
Is túisge deoch ná sgéal.
Is mór an sgéal é.
Is beag an sgéal é.


L. 35


Is trua an sgéal é.
Is olc an sgéal é.
Is tiubaisteach an sgéal é.
Is millte an sgéal é.
Is mí-ábharach an sgéal é.
Is greannúr an sgéal é.
Is ait an sgéal é.
Sgéal gan dath!
Sgéal an chaipín deirg.
A sgéal féin sgéal gach aenne,
& sgéal an chait a phisgín.



Cuid den arán.
Cuid den fheóil.
Cuir uait cuid den chaint.
Ceapan sé mo chuid do
bhreith leis.



Ní hé do chuid é.
Ní beag d'aenne a chuid féin.
Níl sé sásta lena chuid féin
gan cuid an fhir thall do
bheith 'na teannta aige.



Mo chuid fola.
Mo chuid airgid.
Mo chuid tailimh.
Mo chuid arúir.
Mo chuid féir.
Mo thalamh.
Mo chuid gruaige.
Mo ghruaig.
Mo chuid leabhar.
Mo leabhair.
Mo leabhar.
Leabhar lium.
Talamh lium.


L. 36


Tusa & do chuid óil fé ndeár
an obair seo.



Tá breall ort féin & ar do
chuid faireacháin.



Ní dhíolfair an cíos led
chuid rinnce.



Leog dom féin led chuid
cainte.



Tusa & do chuid críche thug
an méid sin orainn.



Cadé an chuid atá agutsa
dhe?
Níl aon chuid agut de.
Ná cath amach an t-uisge
salach go mbeig an chuid
ghlan istig agut.



Éist, a chuid!
Mo chuid den tsaol thu!
Tar a leith, a chuidín.
Cuid na huíche.
An té bhíon amuich, fuaran
a chuid.



Ní beag do dhuine gan chuid
de chuin é féin.



Duine gan chuid.
An chuid is lú dhe.
An chuid is lú dhe, dhá uair
sa mbliain.
Tá do chuid is do chlú agut.
Mo chuid den mhin.
Mo chuid mine.
An chuid is feárr acu.



An chuid is mó acu.
A n-urmhór.
A bhfurmhór.



An chuid eile.
Dhin sí dhá chuid den tlú.


L. 37


Mór-chuid
Cuid mhór.
Cuid mhaith.



Ana-chuid fíona.
An chuid ná fuaramair.



An focal ceart.
Tá an ceart agut.
Tá smut den cheart aige.
Níl uaim ach mo cheart.
Ní bhfaghair ach do cheart.
Túir a cheart féin do Shaosar.
Cadé a mhaith a rá ach an
ceart?
Isé an 'chloch ghorm' i
gceart é.



Níl an t-úll so aibig i
gceart.
Níl sé teann i gceart fós.
Níl sé teann sa cheart agut.
Níl sé teann 'na cheart agut.
Níor lomais i gceart é.
Níor lomais sa cheart é.
Níor lomais 'na cheart é.
B'áil leis, de chorp ceart, go
leogfinn an bhó bheag leis.



De chorp ceart.
Corp na héagóra.
Le corp díomhaointis.
Is cuma nú aincheart lom-
cheart.


L. 38


An rí féin (not an rí é féin).
Mé féin. Tú féin. Iad féin.
Ca bhfuil sé féin?
Ca bhfuil sí féin?
Mise féin.
Mo chapall féin.
Mo chapall-sa.
Tadhg féin.
Bhíos féin ann.
Dhineas féin é.
Din féin é.
Din-se é.
Din féin an doras do dhúna.
Mar sin féin.
Tá an donas féin air.
Ná an uair sin féin.
Stad anois féin de.
Cé [hé] tu féin, a ghiulla
thall?



Cé hé féin?



Ní cúrsaí gáirí é.
Ní cúrsaí cainte é.
Ní cúrsaí ceisnimh é.
Tá dúil i gcaint acu. B'fhéi-
dir go bhfuil cúrsaí cainte
anois acu!



Seo, seo! Cuir uait an
chaint sin, & tairig chút
rud éigin eile mar chúrsaí
magaig.



Ní labhraim leis an nduine,
ná ní dhinim aon chur-
isteach air; ach i gcúrsaí
aon díobhála do dhéanamh
do, ní dhéanfinn a leithéid.


L. 39


I gcúrsaí na hoibre seo ar
siúl i dtaobh talúintí &
cíosa, is amhla(ig) mar atá
an sgéal, is ar éigin atá
anois sa talamh is feárr
daoine do chothú, & gan
cíos do bhac.



I gcúrsaí an sgéil seo ar siúl
agutsa, is fada nár airíos
sgéal is lú deabhramh ná é.



Chathis tamall maith id
chúrsaíbh.



Bhí Aogán Ó Rathile i dtig
lá. Bhí fear eile sa tig, &
stíovard duine uasail do
b'ea é. 'Stiúirdín' a
thugadh na daoine air.
Bhí maidrín ag an stíov-
ard, & 'Diúicín' do
b'ainm do. Maidrín beag
géar do b'ea é. Tháinig
an sagart go dtí an tig an
lá céanna. Le linn an
tsagairt do theacht an
doras isteach, do léim
'Diúicín,' & rug sé ar
sháil air. Níor dhin an
sagart ach breith ar dhá
chois deirig ar 'Dhiúi-
cín' & buille dhá cheann
do bhuala ar an dtáirsig,
gur mhairbh é, go ndubh-
airt Aogán an laoi:



'A Dhiúicín an anma,
is deacrach do chúrsaí,
Ag teacht chun an Aifrinn
le hiumarca 'n umh-
laíocht.



Do cheann ar an dtairsig
go daingean do dlúth-
íodh, —


L. 40


Ach ní bás gan sagart fuair
do mhadra, a Stiúirdín."



Déin do ghnó féin.
Tá dro-ghnó idir lámhaibh
agut.



Mara bhfaghair gnó, déin
gnó.



Gnó cleamhnais atá acu.
Gnó léinn.
Gnó ealaíon.
Gnó céirde.
Gnó táilliúra.
Gnó ceannaíochta.
Gnóthí ceannaíochta.
Gnóthí léinn.
Gnóthí eagailse.
Gnóthí creidimh.
Gnó an fhir thall.
Gnóthí puiblí.
Gnóthí príováideacha.
Gnóthí iasachta.
Gnóthí sa bhaile (nú ag
baile).
Gnóthí feisireachta.
Gnóthí miltneachta.
Gnóthí cogaig.
Gnóthí luingeas.
Gnó sráide.
Gnó tuatha.
Gnóthí móra.
Gnóthí gan tairfe.
Gnóthí gan bhun gan bhárr.
Gnóthí poiliteacha.
Gnóthí gan chiall.


L. 41


Gnóthí gan mheabhair.
"Gan ghnó gan obair ag
imeacht an lá so,
Gnó abhrais.
Cadé an gnó atá agut ann?
Cadé an gnó atá agut de?
D'aon-ghnó isea do dhineas
é mar olc air.
Tá gnó nách é agum.
Gnó táirne.
Is leamh an gnó dhuit é.
Obair theampaill.
Obair lámh.
Obair innill.
Obair shaothraithach.
Droh-obair.
Obair shnáthide.
Obair ealaíon.
Is deas an obair í seo!
Is maith é mo ghnó ag titim
libh!



Is feárr bheith díomhaoin ná
dro-ghnóthach.


L. 42


Dro-ghnó.



"Déin arís me!" adeir an
dro-ghnó.


L. 43


VII. - MEASGRA CAINTE.



Diarmaid. — An mar sin é? Dermot.
Tadhg Dubh. — Is mar.
D. — Cár ghabhais chúinn?



T. — Ó Thulaig.
D. — Bhfuil aon nócht ar
siúl?



T. — Blúire riamh.
D. — Cé hé sin aniar?



T. — Dónal Buí.
Dia 's Muire dhuit, a
Dhónail Bhuí.



Dl. — Dia 's Muire dhuit, is
Pádraig, a Thaidhg Dhuibh
Í Chróinín. Nách álainn
an aimsir í?



T. — Is álainn go léir, mola le
Dia dhá chiunn, agus is ag
dul i bhfeabhas atá sí.



Dl. — Ní huiriste dhi feabhas
mór do dhul uirthí feasta.



T. — Ambasa is fíor d[h]uit é.
An mbeadh aon rud sa
phíopa agut?



Dl. — Níl sé ró-fholamh agum,
& má tá féin gheóimíd rud
uaitse le cur ann.



T. — Gheófá agus fáilte, dá
mbeadh sé agum.



Dl. — Ní hea, ach gheód agus
fáilte, mar tá sé agut.


L. 44


T. — Fágaim le huacht ná
fuil blúire agum. Níl
uiread & chuirfeadh fearg
ar do shúil.



Dl. — An seana-sgéal i gcó-
naí! Chuirfinn-se geall
anois, dá gcuardaíthí do
phócaí, go bhfaghfí píopa
breá crón agus faid an lae
'máirig de phíosa tobac i
gcúinne éigin agut.



T. — Tá go breá! 'As a
chómhair amach is usa
bréag do chur ar dhuine.'
Cuirfead-sa geall, má cuar-
daíthar thu féin, go
bhfaghfar dhá phíopa
bhreátha chróna agut, &
faid an lae 'máirig & an
lae 'manarthair de théad
tobac agut. Féach anois tu!
Tair anso, a Dhiarmaid,
agus cuardaímís é.



Dl. — Ní hea, ach tair anso,
a Dhiarmaid, agus cuar-
daímís Tadhg féin.



D. — Ní hea, ach seasaíg mar
atá aguibh agus cuardód-
sa beirt aguibh, agus ansan,
an té go bhfuil an píopa
agus an tobac is feárr aige,
bíodh air a roinnt
eadrainn.



T. — 'Sea go díreach! Agus
cé chuardóig thusa féin?
Ca bhfios dúinn ná gur
agutsa atá an tobac is
feárr agus an píopa is
feárr?



D. — Seo! Cuardaig-se me,
agus pé rud a gheóir
bíodh sé agut.


L. 45


T. — Ní chuardód. Dá
mbeadh aon ní fónta agut,
ní bheifá chó toilteanach
chun do chuardaithe.



Dl. — Sea! sea! a Thaidhg,
tairig amach an píopa san
agut, agus dearg é, nú is
geárr go mbeig sguimh ar
ár bhfiaclaibh ó bheith ag
fithamh leis agus ag
cuimhneamh air.



T. — Tairiceód láithreach,
agus má'sea ní bhuinfe sé
an sguimh det fhiaclaibh-
se go mbuine sé dem fhiac-
laibh féin ar dtúis é.



Thairig Tadhg amach a
phíopa. Bhí sé chô dubh
le sméaramhán agus snas
ag taithneamh sa chloig-
eann agus sa chois aige.
Chuir Tadhg an chos 'na
bhéal agus bhuin súrac as.
Bhí sé stupaithe. Ní
raghadh ann agus ní
thiucfadh as. Do shín
Tadhg a lámh sa bhféar a
bhí ag fás 'na thimpal,
agus bhuin an dias [nú
léas] le n-a iungain de.
Ansan do sháig sé an
tráithnín trí chois an
phíopa. Ansan do chuir
sé an chos 'na bhéal arís,
agus do thairig agus do
shéid go breá bog réig.
"Sea!" ar seisean, "bíon
daoine ag ceannach réit-
eóirí i siupaíbh. B'fheárr
lium fhéin tráithnín mar
réiteóir ná an réiteóir a
gheófá-sa thíos i dtig an
chúinne agus go dtúrfá
dhá phingin ghuile air.


L. 46


An bhfuil sé anois agut?"
Le Dónal Buí isea do
labhair sé.



"Níor thugas-sa aon dá
phingin ghuile ar aon
réiteóir, thíos i dtig an
chúinne ná i n-aon tig
eile," arsa Dónal, "agus
pé duine adubhairt gur
thugas, do thug sé a éth-
ach."



"Ambasa, a mhic ó," arsa
Tadhg, "ní gá dhuit aon
fhearg a bheith agut
chúmsa mar gheall air.
Ní mise chum ná cheap é.
Má chuala mar abhar
spóirt é i measg daoine go
bhfuil athine mhaith acu
ortsa agus ar thig an
chúinne, cadé mo leigheas-
sa air?"



"Dá mbeadh fhios agumsa,"
arsa Dónal Buí, "cé hiad
a bhí dhá tharac chútha
mar abhar spóirt, ba
gheárr go gcuirfinn a mhal-
airt de chúram ortha."



"Neósfad-sa dhuit go cruinn
cé'r bh'iad cuid acu,"
arsa Tadhg Dubh Ó Crói-
nín. "Bhíos féin thíos
istig i dtig an chúinne lá
an aonaig, agus bhí Seán
Óg agus an ghasra a bhíon
i gcónaí i n-aonacht
leis, agus d'airig mo dhá
chluais é dhá insint dóibh
go raibh réiteóir airgid
agutsa, agus gur cheannaís
ó mhnaoi an tí é ar dhá
phingin ghuile, agus gur
dhócha gur bh'amhlaig a


L. 47


theastaig uait é bhronna.
"Airiú! cé air go mbronn-
fadh sé é?" arsa mise. "Ó
go deimhin," ar seisean,
'is maith atá fhios aige
féin cé air go mbronnfadh
sé é.' 'Cé air, as dó?'
arsa mise. 'Ní Cé air,'
ar seisean, 'ach Cé
uirthi!'"


L. 47


Bhí a phíopa féin i mbéal
gach duine den triúr um an
dtaca san, agus iad ag
tarac go breá bríomhar
sóil. Ní túisge thit an
focal déanach à béal
Thaidhg ná do liúig Diar-
maid agus thit an píopa
as a bhéal anuas ar an
móinteán. Do chrom
Tadhg Dubh a cheann,
agus do chífá a ghuaille dá
luasga, agus a bhalla bea-
tha ar crith, agus a anál
ag teip air le neart suilt.



Bhí Dónal Buí thall agus cos
a phíopa idir a fhiaclaibh
aige, a cheann i n-áirde
aige, agus 'muc ar gach
malainn leis,' agus uiread
mo dhurainn ins gach aon
chnapóig deataig a bhí aige
dá thumáint amach as a
bhéal, agus iad chô cíor-
ubh (ciardhubh) agus chífá
deatach dá stealla suas à
simné go mbeadh tine ann &
go mbeadh sú deich mblian
dá losga ann.



Cheapas féin gur mhithid
teacht uatha, agus do
thánag.


L. 48


VIII. — EÓN RUA AGUS AN SAGART.



Do thárla, lá Domhnaig, go
raibh Eón ag dul ó Chuill-
inn-í-chaoimh go Duire-
na-gruí. Do tháinig an
sagart suas leis. Bhí Eón
'na chuis, agus bhí an sag-
art ar marcaíocht. Do
thuig an sagart nár éist an
cuisí Aifreann i gCuillinn,
agus ná beadh sé i n-am
chun Aifrinn d'éisteacht i
nDuire-na-gruí. Ní raibh
athine aige ar Eón.



Sagart. — Dia 's Muire dhuit-
se, a fhir mhaith!



Eón. — Dia 's Muire 's Pád-
raig duit, a athir!
S. — An 'mó míle as so go
Duire-na-gruí?



E. — Níor thómhaiseas riamh
an bóthar so, a athir.



S. — Ní rabhais ag an Aif-
reann i gCuillinn?



E. — Ní rabhas, a athir. Tá
an ceart sa méid sin agut.



S. — Ní bheir i n-am chun
Aifrinn Dhuire-na-gruí.



E. — An ea, mhuise, a athir?
Agus ca bhfios duit, led
thoil?



S. — Isé mo thuairim gur beag
dá mhearathal ort, agus gur
beag dá bhuairt ort, ní hag
breith bhreithe ort é.


L. 49


E. — Is maith an cómhartha
an cheannrach.



S. — Cad í an cheannrach?
E. — "Ní hag breith bhreithe
ort é." Nuair is measa í
an bhreith, isea is gná-
thí le duine "Ní hag
breith bhreithe ort é" do
rá.



S. — Mar dhea gur dhineas
éagóir ort nuair a dubhart
ná raibh puinn dá bhuairt
ort. Ba dhó lium, dá
mbeadh beann agut ar an
Aifreann, go bhfanfá leis
an Aifreann a bhí id dhiaig
i gCuillinn.



E. — Is minic d'airíos, a
athir, gur "bh'fheárr
Aifreann ruime dhuine ná
dhá Aifreann 'na dhiaig."



S. — D'airíos-sa leis é, ach
is dá mhar-a-chéile dhuitse
iad.



E. — Conas é sin, a athir?
S. — Mar níl sé rôt na id
dhiaig agut.



E. — Níl leigheas air, a athir.
"An té go mbíon an donas
ar maidin air, bíon sé um
thráthnóna air."



S. — Mar sin, "an té ná
múinean Dia, ní mhúinid
daoine é." An té ná glac-
fig cómhairle is dóichí dho
a aimhleas do dhéanamh.
An té ná glacfig cómhairle
ar maidin, déanfa sé a
aimhleas ar maidin, agus
beig an donas air; agus an
té ná glacfig cómhairle um


L. 50


thráthnóna déanfa sé a
aimhleas um thráthnóna,
agus beig an donas air.
"An té ná múinean Dia
ní mhúinid daoine é," ní
ghlacan sé cómhairle. Sin
é an té go mbíon an donas
ar maidin agus um thráth-
nóna air.



E. — Sea! Nách breá é sin!
B'fhéidir, a athir, ó thu-
gais an tseanmóin dom
anso, go dtúrfá an t-Aif-
reann dom anso. Bheinn
ana-bhaoch díot. Bheinn
go deimhin.



S. — Cadé mar shaghas duine
thu? Ceoca amadán nú
rógaire thu? Cé'ra díobh
thu?



E. — De mhuintir cháinte
(Cháinte), a athir.



S. — De mhuintir Cháinte, —
an de mhuintir Cháinte na
háite seo thu?



E. — Isea, a athir, má
thuillean an áit uaim é.



S. — Ó! tuigim. B'fhéidir
gur de mhuintir mholta na
háite leis tu, má thuillean
an áit uait é.



E. — Is mór an trua, a athir,
nár dineadh file dhíot!



S. — Cad uime?



E. — Mar ní bhíon de ghnó
ag filíbh ach ag mola agus
ag cáine, fé mar a tuilltear
uatha é, agus is dó lium nár
dheacair an gnó do mhúine


L. 51


dhuitse. Ní mór ná go
ndéarfinn go bhfuil sé ar
eólas agut hana féin.



S. — Ceapaim gur mó atá ar
eólas agutsa ná a leogair
ort, agus tá daoine ar fuaid
an tsael gur mó go mór a
leogaid ortha ná a mbíon
acu. Ceoca aicme is feárr?



E. — "Moladh gach aenne an
t-á mar a gheóig," a
athir.



S. — Fo! fo! Chimeádfá
anso go huíche me.



E. — Go deimhin, a athir, is
tusa atá 'om chimeád-sa.
Ach bhí an sagart imithe,
bíodh go raibh an focal
déanach ag Eón.


L. 52




L. 53




L. 54


X. — IS AGUS TÁ.



A MBRÍ. A NDEIFRÍOCHT.



Ceist. — Cad é an ní is?



Freagra. — Cuing isea é idir dhá ní nú idir dhá mhódh;
agus ní féidir é bheith 'na chuing idir ní agus módh.



C. — Cad é brí na cuinge sin?



F. — Gurab ionan ní dhíobh agus an ní eile, nú go
mbuinean ní dhíobh leis an ní eile.



C. — Túir solaoid ar an ionantas.



F. — Is caint urlabhra. Ionan "caint" agus "urlabhra."



C. — Túir solaoid ar an mbuint.



F. — Is ainmhí bó .i. buinean an ní dá ngoirtear "bó"
leis na nithibh dá ngoirtear "ainmhithe."



C. — Túir solaoid ar is 'na chuing idir dhá mhódh.



F. — Is 'na cholla atá Tadhg, nú Is ag dul i bhfliche
atá an lá.



C. — Ca bhfuil an dá mhódh sa chéad sholaoid?



F. - Módh collata Thaidhg, agus an módh ar a bhfuil
Tadhg.



C. — Ca bhfuil an dá mhódh sa tarna solaoid?



F. — Módh méadaithe fliuchra, agus an módh ar a bhfuil
an lá.



C. — Cad é brí is nuair is cuing é idir dhá mhódh?



F. — Gurab ionan módh dhíobh & an módh eile, nú go
mbuinean módh dhíobh leis an módh eile.



C. — Túir solaoid ar an ionantas san.



F. Is 'na cholla atá Tadhg. Ionan an módh ar a bhfuil
Tadhg agus módh collata Thaidhg féin.



C. — Túir solaoid ar an mbuint sin.



F. — Is ag dul i bhfliche atá an lá — Buinean an módh ar
a bhfuil an lá leis an módh coitian a chiallaíd na focail
"méadú ar fhliuchra."



C. — Cad fá nách féidir is a bheith 'na chuing idir ní agus
módh?



F. — De bhrí nách féidir chuíche a rá gurab ionan ní
agus a mhódh. Ní féidir a rá "gur ní módh." Níl le rá


L. 55


ach "go bhfuil an ní sin ar an módh san," agus tá an
focal chuige sin. Má deir duine Is an lá fliuch, ní ghabhan
is greim ar bith, agus ní ghabhan an abairt ciall ar bith.
Ach má deir duine Tá an lá fliuch, tá ceangal agus ciall
ann láithreach.



C. — Nách cuing idir ní agus módh is i ráitibh den
tsaghas so .i. Is maith é, Is olc é, Is mór é, Is beag é, Is fuar
é, Is fliuch é?



F. — Ní hea. Is ráite cónggair iad so, agus is féidir gach
rá dhíobh do shíne, féach —



Is maith é i. Is ní fónta é. Sin dhá ní.
Is olc é i. Is dro-ní é. Sin dhá ní.
Is mór é i. Is rud mór é. Sin dhá ní.
Is beag é i. Is rud beag é. Sin dhá ní.
Is fuar é i. Is rud fuar é. Sin dhá ní.
Is fliuch é i. Is rud fliuch é. Sin dhá ní.



Nú mar seo: —



Is maith é i. Is maith atá sé. Sin dhá mhódh.
Is olc é i. Is olc atá sé. Sin dhá ní.
etc.



C. — Conas is féidir an focal céanna do bheith 'na ní
agus 'na mhódh?



F. - Is féidir an focal céanna do ghlaca go fíor-mhinic
'na ní nú 'na mhódh, fé mar is rogha leis an gcainteóir é.
Is módha ar an gcéad amharc iad so. .i. maith, olc, beag,
mór, dubh, geal, cam, díreach, ach is féidir gach focal díobh
do ghlaca 'na ní, Níl maith mór ann. An t-olc do
sheachna. Do chuir sé an beag 'na mhór orm. Do chuiris
an dubh 'na gheal orm. Do chuir sé an cam 'na dhíreach
orm.



C. - Cad é an ní tá?



F. - Cuing idir ní agus módh; agus ní féidir é bheith
'na chuing idir dhá ní ná idir dhá mhódh.



C. - Cad é brí na cuinge sin?



F. - Go mbuinean an módh leis an ní.



C. - Túir solaoid ar an mbrí sin.



F. - Tá an lá fuar. "Tá," an chuing. "An lá," an
ní. "Fuar," an módh ar a bhfuil an lá. Tá an fhearthainn
ag titim. "Tá," an chuing; "an fhearthainn," an ní; "ag
titim," an módh ar a bhfuil an fhearthainn. Tá Tadhg


L. 56


'na cholla. "Ta," an chuing; "Tadhg," an ní; "'na
cholla," an módh ar a bhfuil Tadhg. Tá an t-airgead 'na
phóca. "Tá," an chuing; "an t-airgead," an ní; "'na
phóca," an módh ar a bhfuil an t-airgead. Tá Dónal i
gCorcaig. "Tá," an chuing; "Dónal," an ní; "i
gCorcaig," an módh ar a bhfuil Dónal.



C. - Nách áit Corcaig?



F. - Is áit Corcaig, ach is módh "i gCorcaig."



C. - Conas nách féidir tá a bheith 'na chuing idir dhá
ní?



F. - Má deir duine Tá Tadhg sagart, Tá Dónal rí, Tá
Doncha fear, níl ciall ar bith leis an gcaint, mar ní féidir
don bhfocal tá an dá ní do cheangal i gcéill. Ach má
dintear módh den tarna ní i ngach rá dhíobh, beirean tá
a ghreim agus nochttar an chiall. Féach! Tá Tadhg
'na shagart. Tá Dónal 'na rí. Tá Doncha ina fhear.



C. - Conas nách féidir tá do bheith 'na chuing idir dhá
mhódh?



F. - Ní féidir é chur i n-inead is ina leithéid seo de rá. .i.
Is 'na cholla atá an duine. Dá ndéarfí Tá 'na cholla atá
an duine, ní bheadh ciall ar bith ann.



C. - An féidir is agus tá do chur i n-inead a chéile?



F. - Ní féidir, gan an suíomh d'atharú.



C. - Cad a tuigtear leis an atharú san?



F. - Ní do chur 'na mhódh, nú módh do chur 'na ní
agus an dul do chasa.



C. - Cad chuige an dul do chasa?



F. - Ta an dul a ghabhan le is bun-os-ciunn leis an
ndul a ghabhan le tá.



C. - Conas é sin?



F. - Sa dul a ghabhan le is tá focal an eólais ar tosach.
Sa dul a ghabhan le tá tá focal an eólais ar deire.



C. - Cad a tuigtear le focal an eólais?



F. - An focal sa bhreith, a thugan eólas na breithe uaig.
Féach! Is ainmhí bó. "Ainmhí" focal an eólais. Is
sagart Tadhg. "Sagart" focal an eólais.



C. — Túir solaoidí ar an atharú suímh.



F. — Is sagart Tadhg. Tá Tadhg 'na shagart
Is rí Dónal. Tá Dónal 'na rí.


L. 57


Is fear Tomás. Tá Tomás in' fhear.



Is fuar atá an lá (dhá mhódh). Tá an lá fuar (ní
agus módh).



Is 'na cholla atá Tadhg (dhá mhódh). Tá Tadhg
'na cholla (ní agus módh).



Is i gCorcaig atá sé (dhá mhódh). Tá sé i gCorcaig
(ní agus módh).



C. — Abair rialta an tsuímh seo.



F. — (I) Cuing isea is idir dhá ní nú idir dhá mhódh.



(2) Cuing isea tá idir ní agus módh.



(3) Tá an dul a ghabhan le h-is bun-os-ciunn leis an
ndul a ghabhan le tá.



C. — Túir roinnt solaoidí ar na rialtaibh sin.



F. — Sid iad anso iad, i.



SOLAOIDÍ AR AN GCÉAD RIAIL.



AN CHUING
NÍ AN EÓLAIS
AN NÍ AR A DTUGTAR
AN TEÓLAS



Is adhmad clár.
Is crann dair.
Is fear é.
Is fear maith é.
Is bean í.
Is bean mhaith í.
Is dro-bhean í.
Bithúnach é sin.
An mac é?
Is ea.
Má's mac é.
Is mithid é.
Is maith é.
Is olc é.
Is cruaig an cás é.
Is fuar an lá é.
Is lá fuar é.
Is lá breá an lá iniubh.
Is fada (.i. aimsir fhada) ó bhí lá breá aguinn.


L. 58


AN CHUING



MÓDH AN EÓLAIS



AN MÓDH AR A
DTUGTAR AN TEÓLAS



Is ag ruith atá an t-uisge.
Is ag fás atá an féar.
Is fuar atá an lá.
Is dorcha atá an uíche.
An ar buile atá sé?
Ní har buile.
Ní hea.
Is ar meisge atá sé.
Is gan chiall a bhe sé.
Is 'na cholla do fuaras é.
Ca ionnas (= Conas) fhágais é?
(Is) Ag teacht chuige féin (d'fhágas é).
Is olc do dhin sé é.
Is lag do mheasas é.
Is i n-aistear do thánag.
Ní hanso fhanfad.
Is anocht d'imeód.
Ca- thin do chasfair?
(Is) Amáireach (do chasfad).
Is anois do chasfad-sa.
Is im cheann atá an teinneas.
Is fada dho mar sin.
Is geárr uait (atá) an bás.
Is amhlaig mar atá sé.
Is 'na shagart do Mhícheál.


L. 59


AN TARNA RIAIL.



AN CHUING



AN NÍ



AN MÓDH, .I. FOCAL AN EÓLAIS



Tá an lá fuar.



Tá an fear 'na cholla.



Tá an t-uisge ag ruith.



Tá an féar ag fás.



Tá an muileann ar siúl.



Táid na daoine ag teacht.



Táid na sgamail ag gluaiseacht.



Tá ocras orm.



Tá tart ar Thadhg.



Tá Dónal ar meisge.



Tá a bhean ag ól uisge.



Táid a pháistí ag béicig.



Do bhí sé anso.



An bhfuil sé ansúd?



Níl (sé) (ansúd).



Tá- -imse dhá rá go bhfuil.



Tá an t-éthach agut.



Tá dearúd ortsa.



Is féidir breith fé is do chur fé tá, agus a atharach san.
Ach ní fuláir an dul do chasa agus ní do
chur 'na mhódh nú módh 'na ní. Mar tá an dul a ghabhan
le h-is bun-os-ciunn leis an ndul a ghabhan le tá.



Is ag ruith atá an t-uisge (dhá mhódh).
Tá an t-uisge ag ruith (ní agus módh).
Is ag fás atá an féar (dhá mhódh).
Tá an féar ag fás (ní agus módh).
Is fuar atá an lá (dhá mhódh).
Tá an lá fuar (ní agus módh).
Is sagart Tadhg (dhá ní).
Tá Tadhg 'na shagart (ní agus módh).
Is 'na shagart atá Tadhg (dhá mhódh).
Is rí Dónal (dhá ní).
Tá Dónal 'na rí (ní agus módh).
Is 'na rí atá Dónal (dhá mhódh).



Túir fé ndeara go gcuirean is focal an eólais ar
tosach, agus go gcuirean tá focal an eólais ar deire.


L. 61




L. 62




L. 63




L. 64




L. 65




L. 66




L. 67




L. 68




L. 69




L. 70




L. 71




L. 72


XIII. - AN RUD DO CHUIR ÁTKINSON
AMÚ.



TADHG. — Táim ag machtnamh, a Dhoncha, ar an ndear-
úd uafásach san a dhin Atkinson nuair a chuir sé síos
?'na leabhar an tuathal san: "Is Subject Predicate."



DONCHA. — Is mairg duit a bheadh 'od bhodhra féin ag
machtnamh ar thuathalaibh Atkinson. Dá mbeitheá ag
machtnamh ortha go ceann bliana, ní bheadh macht-
namh déanta agut ortha go léir. Ach cad is dó leat a
chuir amú é san aon rud amháin sin?



TADHG. — Sidé an rud a chuir amú é. An t-eólas a thugan
duine uaig nuair a labhran sé, is féidir é bheith in' eólas ar
aon ní amháin áirithe nú in' eólas aicmeach. Má deirim,
cuir i gcás, Is adhmad clár, ní thugaim d'eólas uaim ach go
mbuinean an rud ar a dtugtar clár leis an aicme rudaí ar
a dtugtar adhmad. Ach má deirim Isé Seán an bithúnach,
ní dhinim aon trácht i n-aonchor ar aicme rudaí. Aon
ní amháin fé leith isea an rud ar a dtugaim an t-eólas uaim,
agus aon ní amháin fé leith isea an t-eólas féin a thugaim
uaim. Cuir i gcás ná fuil fhios ag aenne ach agumsa
cé dhin an bithúntas. Tá gach aenne ag lorg eólais ar an
mbithúnach. 'Sé an bithúnach an rud ar a bhfuil an
t-eólas uatha. Nuair a deirim-se Isé Seán an bithúnach
tugaim dóibh an t-eólas atá uatha, agus sa bhfocal Seán
isea chuirim an t-eólas san. Agus féach féin, do réir nádúra
na Gaeulainge, nách fuláir dom Seán do chur ar tosach, i
n-aice le isé. Dá n-abrainn Isé an bithúnach Seán, sa
bhfocal bithúnach a bheadh an t-eólas, agus Seán an duine
'na mbeinn ag túirt an eólais uaim air. Nuair a chuirean
duine ceist orm, is ag lorg eólais a bhíon sé. Má fhiafraíon
duine dhíom Cé hé an bithúnach? tá eólas uaig, eólas ar
an mbithúnach. Má thugaim mar fhreagra air, Seán,
tugaim dò an t-eólas atá uaig, 'sé sin "Isé Seán an bithú-
nach," agus sa bhfocal Seán atá an t-eólas.



Má fhiafraíon sé dhíom, âfach, Cé hé Seán? tá eólas
uaig ar Sheán. Má deirim, dhá fhreagra, An bithúnach,
tugaim eólas dò láithreach. Insim dò rud ná raibh fhios
aige, 'sé sin "gurb é an bithúnach Seán." B'fhéidir go


L. 73


ndéarfadh sé 'om fhreagra, "Cheapas gur bh'é an bithú-
nach an fear úd thall go bhfuil an chaíora aige."



Sidé fírinne na Gaeulainge, peoca aicme rudaí nú aon
rud amháin áirithe a bhíon san eólas, ní fuláir é theacht
i gcónaí láithreach i ndiaig an fhocail Is.



Tá a mhalairt sin ar fad de sgéal sa Bhéarla. Sa Bhéarla
is minic gur cuma ceoca an t-eólas nú an rud ar a dtugtar
an t-eólas a bheig ar tosach. Má deir duine Who is the
king? is cuma leis ceoca John is the king, nú The King is
John, a túrfar mar fhreagra air. Túrfaig gach taobh acu
dhó an t-eólas atá uaig.



Isé an Béarla chuir Atkinson amú. Ní raibh fhios aige
gurb é nádúr na Gaeulainge nách fuláir an t-eólas a bheith
ar tosach nú go n-atharaítear an chiall.



DONCHA. — Is deas an riail í sin, a Thaidhg. Nuair a
thugan duine eólas uaig, cuirean sé amach an t-eólas ar
dtúis, agus ansan an rud ar a dtugan sé an t-eólas uaig.
Is olc ó Atkinson a rá ná féadfadh sé an méid sin a thuis-
gint.



TADHG. - Is olc uaig nithe nách é sin.


L. 74




L. 75




L. 76




L. 77




L. 78




L. 79




L. 80




L. 81




L. 82




L. 83




L. 84




L. 85




L. 86




L. 87




L. 88




L. 89




L. 90




L. 93


XX. SEACHAIN BÉASA IASACHTA.



Má dhinean duine faire ar tháiliúir agus é ag obair,
chítear ná fuil greim snáthide dá gcuirean sé gan gothí
áirithe dhá leanúint aige. Is gothí iad ná cuirean feabhas
ná olcas ar an obair, chô fada agus thuigean an té nách
táiliúir; ach ní fhéadfadh an ceárdaí an obair do dhéanamh
gan na gothí do dhéanamh. Béasa do bhuinean leis an
gcéird isea na gothí sin. Mara mbeadh go bhfuil cúnamh
ná tairfe éigin unta ná tuigtear lasmuich den chéird, ní
dócha go mbeadh a leithéidí le fisgint.



Má dintear faire ar an saor cloiche, tá an sórd céanna
le fisgint. Agus an sórd céanna arís má dintear faire ar
an ngobha.



Deir an fíodóir nách ceárd i gceart aon cheárd ach fío-
dóireacht, óir go bhféadfadh aon duine greim snáthide
do chur, nú cloch do chur i bhfalla, nú buille 'chasúr do
bhuala, ach ná féadfadh aenne beó, ach fíodóir, spól do
chathamh. Ach d'éamais an spóil do chathamh, dinean
an fíodóir gothí áirithe nách baol go bhféadfadh duine
nách fíodóir iad do dhéanamh. Ní baol go bhféad-
fadh an táiliúir iad do dhéanamh. Agus dá gcuireadh sé
chuige, ní baol ná go loitfeadh sé mo chasóg.



Tá an sgéal céanna san fíor i dtaobh gach léinn agus
gach sgríbhinne agus gach aiste agus gach ealaíon dá
ndintear i mBéarla seachas i nGaeulaing, nú i nGaeulaing
seachas i mBéarla. Táid béasa fé leith ag buint le gach
teangain, agus gothí fé leith, agus córú fé leith. Agus ní
féidir na béasa, ná ná gothí, ná an córú, ná an ghluaiseacht
ghnótha, a bhuinean le teangain díobh, do thúirt isteach
sa teangain eile, gan an obair do lot.



Dá bhrí sin, más maith leat aiste nú ealaí Ghaeulainge
do dhéanamh mar is ceart, seachain gach béas iasachta.



Nil aon uair is deacra san do dhéanamh ná nuair bheig
rud éigin ag duine le haistriú ó theangain acu go dtí an
teanga eile. Is ró-dheacair an sgéal d'aistriú, ag túirt an


L. 94


bhrí leat go cruinn agus go hiumlán, agus ag fágáilt na
mbéas cainte id dhiaig. Ní fuláir an smaoineamh Béarla,
cuir i gcás, do sgur ar fad as a chéile agus ath-déanamh
do chur air, agus mórán de, ná fuil ann ach coirt agus
forchroiceann, do chathamh uait.



Nuair a chífir-se Béarla den tsórd so, féach: ná habair-se
as Gaeulaing "Do freagradh é le guth glan airgeadaí ón
mbád"; nú má abrair a leithéid sin, geallaim-se dhuit go
mbeig "guth árd gáirí" umut ó chúig cúigíbh na hÉireann.
Ní bheig unat ach táiliúir ag casa le spól do chathamh.



"Agus conas a déarfad é?" arsa tusa.



Abair é díreach fé mar a thit sé amach, — "Do labhair
an duine amuich sa bhád." Ná bac an clear ná an silvery.
Níl unta ach gothí. Níl unta ach coirt. Más maith leat
órnáid do chur ar do chaint, cuir órnáid Ghaeulach uirthi,
mar a dhéanfadh Eón Rua, féach:



"Lem thaoibh gur siúd spéirbhean
Ba thrí-bhinne saor-ghuth
Ná caoin-chruit, guth éanlaith' is píb."



Sin clear, silvery voice agut, agus ficeam cé chuirfig Béarla
air gan a lot! Ní feárr bheith ag caint air, ach é chur i
n-aon fhocal amháin. Is fíor-lot ar Ghaeulaing gach órnáid
Bhéarla. Níl i n-órnáid chainte ach béas. Béas iasachta
isea gach órnáid iasachta. "Cuir a-bhaile an iasacht."


L. 95


XXI. — CÉADNITHE AN CHRUINNE-
THÓMHAIS.



SLUINNTE.



1. Eó (a point), i. ionad gan méid.



2. Líne, i. faid gan lethad.
Críoch líne eó, agus cóghearra línte eó.



3. Líne díreach i. líne gan casa ann.



4. Uachtar (a surface), i. ní agá bhfuil faid agus lethad,
gan rimhre.



Críoch uachtair líne, & cóghearra dhá uachtar líne.



5. Clár (a plane), i. uachtar ina luíon díreach idir
aon dá eó ann.



Ní fhéadfadh dhá líne dhíreach luí ar a chéile, i gcuid díobh,
gan luí ar a chéile ar fad, ná slí do chôdhúna. Ní lú ná fhéadfadh
dhá chlár.



6. Taibhse (a solid), i. ní agá bhfuil faid & lethad &
rimhre, i n-aonacht.



Teórana taibhse uachtair.



7. Osgal (an angle), i. gabhal, i. cómhrac (meeting) dhá
líne.



8. Osgal dírlíneach (rectilinear angle), i. osgal is de
chómhrac dha líne dhírig.



9. Díorosgal (right angle), i. nuair chómhracaid dhá líne
dhíreacha & do-níd dhá chô-osgal i n-aice a chéile, is
díorosgail an dá chô-osgal san, & is côdhíreacha dá chéile
an dó líne sin.



10. Mórosgal (obtuse angle), i. osgal is leithe ná díor-
osgal.



11. Caolosgal (acute angle), i. osgal is caoile ná díor-
osgal.



12. Línte díreacha côfhana,
i. línte díreacha i n-aon chlár & fan a chéile, i dtreó, pé


L. 96


faid do leantar iad, ar aghaig nú siar, nách féidir dóibh
dúna ar a chéile.



13. Dealbh (figure), i. ní atá côdhúnta fé theórainn nú
fé theóranaibh.



14. Clárdhealbh dírlíneach,
i. dealbh ar chlár, côdhúnta fé líntibh díreacha:



15. Trílíneach, nú trianosgal, i. fé thrí líntibh díreacha;



16. Ceatharlíneach, nú ceathrosgal, i. fé cheithre líntibh
díreacha;



17. Illíneach, nú iolosgal, i. fé líntibh díreacha iomdha;



18. Côlíneach (equilateral), i. fé líntibh cómha. Trian-
osgal côlíneach



19. Trianosgal côthaobhach nú côchosach
i. gur cómha dhá thaobh aige.



20. Trianosgal fiar, i. nách cómha
aon dá thaobh aige.



21. Trianosgal díorosgail, i.
go bhfuil osgal leis dír.



22. Trianosgal mórosgail,
i. go bhfuil osgal leis mór.



23. Trianosgal caolosgail,
i. gur caol iad na trí hosgail aige.



24. Côfhanach, i. ceatharlíneach gur
côfhana gach dá thaobh dè ar aghaig a chéile.



25. Fiarbheannach



26. Côfhanach díorosgail



27. Cearnach, i. côfhanach côbheannach
díorosgail.



28. Côbheannach fiar, nú fiar-cheathardha



29. Côfhanach fada fiar



30. Áin, i. clárdhealbh fé aon líne, i. a cuaird-
roth, & gur côfhaid do gach líne díreach ó'n gcuairdroth
go hinne na háine, i. go heó láir na háine.



31. Ga, i. líne díreach ó inne go cuairdroth.



32. Tuam, i. cuid den gcuairdroth.



33. Srang, i. líne díreach ó chrích go crích fé
thuaim. Agus bíon dhá thuaim ar gach srang, i. an dá
chuid ina dteasgan sé an áin.



34. Fíorthrasna. Fiarthrasna.


L. 97


FAOMHA.



Is cead:



1. Dhá eó do cheangal le líne díreach;



2. Líne do leanúint as a chrích;



3. Áin do theórain um rogha inne le rogha ga.



FÍORTHA (NÚ FÍRTHE).



1. Más cómha nithe & an céanna, is cómha na nithe
féin.



2. Má buintear ó chómhaibh cómha, nú an céanna, is
cómha is dè.



3. Má curtar le cómhaibh cómha, nú an céanna, is
cómha is dè.



4. Má curtar le neachómhaibh cómha, nú an céanna,
is neachómha is dè.



5. Má buintear ó neachómhaibh cómha, nú an céanna,
is neachómha is dè.



6. Is cómha côchoda na gcómh, nú an chéanna.



7. Is cómha cô-iolara na gcómh, nú an chéanna.



8. Is cómha nithe do chô-uirean.



9. Is mó an uile ná an chuid.



10. Is cómha an uile agus na coda uile.



11. Is cómha díorosgail uile.



12. Má chómhracaid líne díreach & dhá líne dhíreacha
eile, i n-aon chlár, & go mbeid an dá osgal laistig, ar aon
taobh, níos lú i dteannta 'chéile ná dhá dhíorosgal, is dual
an dá líne dhíreach[a] san do chómhrac i leith an taoibh
sin ach iad do leanúint chuige.


L. 98


AN CHÉAD AIRLE. CLEAS.



Trianosgal côlíneach do chur ar líne dhíreach cheaptha.



Ceaptar an líne díreach AB. Iarrthar trianosgal
côlíneach do chur air.



Um an inne A le hAB mar gha teórantar an áin BCD
(Faomh a 3).



Um an inne B le BA mar gha teórantar an áin ACE
(F. a 3).



Ceangail le líne díreach A & côghearra na gcuairdroth,
i. C. Ceangail B & C mar an gcéanna (F. a haon).



Froma. A inne na háine BCD, dá bhrí sin is cómha
AB & AC.



B inne na háine ACE, d. bh. s. is cómha BA & BC.



Isé AB an céanna. Is cómha é féin & AC, & é féin & BC,
d. bh. s. is cómha AC & BC, & is côlíneach ABC, & tá sé
déanta ar AB, i. an ní ba chleas (Q.E.F.).



AN TRÍÚ HAIRLE. CLEAS.



Cómh an bhig do theasga den mhór, de dhá shain-líne
dhíreacha neachómha.



AB & C an dá shain-líne dhíreacha neachómha. C an
bheag & AB an mhór. Teasgtar d'AB cómh C.



Gléas. As an eó A cuir AD côfhaid C.


L. 99


Um A mar inne le AD mar gha cuir an áin DEF. AE
an cómh a bhí le teasga.



Froma. A inne na háine DEF, dá bhrí sin is cómha
AE & AD. Ach do cuireadh AD côfhaid le C & is cómha
iad. Dè sin is cómha AE & C, i. tá AE, cómh an bhig C,
teasgtha den mhór AB, i. an ní ba chleas.



AN CEATHRÚ HAIRLE. CEIST.



Má tá dhá thrianosgal & gur cómha fé leith acu dhá thaobh
& a n-osgal-san sa chéad cheann & dhá thaobh & a n-osgal-
san sa dara ceann, is cómha na treas taoibh, & is cómha na
hosgail ar aghaig na gcô-dtaobh.



Sa dá thrianosgal ABC & DEF, bíodh gur cómha an dá
thaobh AB & DE, & gur cómha an dá thaobh AC & DF,
& gur cómha an dá osgal BAC & EDF. Ansan is cómha
an treas taobh BC & an treas taobh EF; is cómha an
t-osgal ABC ar aghaig AC & an t-osgal DEF ar aghaig
DF; is cómha an t-osgal ACB ar aghaig AB & an t-osgal
DFE ar aghaig DE; is cómha an trianosgal ABC & an
trianosgal DEF.



Froma. Má curtar an trianosgal ABC ar an dtrian-
osgal DEF, i dtreó go mbeig an eó A ar an eó D & an líne
AB ar an líne DE,



beig an eó B ar an eó E, mar is cómha AB & DE
(Coiníoll).



An fhaid bheig AB ar DE, luífig AC ar DF, & ní féidir a
mhalairt, mar is cómha na hosgail BAC & EDF.



Ansan beig an eó C ar an eó F, mar is cómha AC & DF.



Ansan luífig an líne BC ar an líne EF, nú dúnfig dhá líne
dhíreach slí, ní nách féidir.


L. 100


Ansan luífig clár an trianosgail ABC ar chlár an trian-
osgail DEF, nú dúnfid dhá chlár slí, ní nách féidir.



Dá bhrí sin cô-oirid an trianosgal ABC & an trianosgal
DEF.



Dá bhrí sin is cómha iad. An ní ba cheist. (Ní ceist níos
mó é).



AN CÚIGIÚ HAIRLE. CEIST.



Is cómha na hosgail ag bun trianosgail chôchosaig; & má
leantar na cosa cómha, is cómha na hosgail amuich.



Trianosgal côchosach ABC. AB & AC na cosa cómha
aige. Fromtar gur cómha an dá osgal ABC & ACD; & má
leantar AB go D & AC go hE, gur cómha an dá osgal CBD
& BCE.



I mBD glac aon eó F. Ón líne CE teasg CG, i. cothrom
BF.



Ansan, tá dhá thrianosgal againn, i. ACF & ABG, inar
cómha fé leith AF & AG, AB & AC, & inar côchéanna an
t-osgal BAC, i. is cómha fé leith AB & AG go n-a n-osgal,
& AC & AF go n-a n-osgal.



Dá bhrí sin is cómha BG & CF; is cómha an t-osgal ABG
& an t-osgal ACF; & is cómha an t-osgal AGB & an
t-osgal AFC.



Airís, is cómha AF & AG, agus is cómha AB & AC. Ach
má buintear cómha ó chómhaibh is cómha is dè.



Dá bhrí sin is cómha BF & CG.



Agus is cómha FC & GB, i. sa dá thrianosgal, BFC &
BCG, is cómha fé leith BF, FC, go n-a n-osgal, & CG, GB,
go n-a n-osgal.


L. 101


Dá bhrí sin is cómha an dá thrianosgal, is cómha na
hosgail eile acu ar aghaig na gcô-dtaobh, i. is cómha FBC
& GCB, & is cómha GBC & FCB. Agus isiad FBC & GCB
na hosgail amuich.



Má buintear na cómha FCB & GBC ó na cómhaibh FCA
& GBA, beid dè na cómha ACB & ABC. Sin iad na hosgail
ag an mbun.



Dá bhrí sin is cómha na hosgail ag bun trianosgail chô-
chosaig, & má leantar na cosa cómha is cómha na hosgail
amuich. An ní ba mheasg.



AN SÉÚ HAIRLE. CEIST.



I dtrianosgal, más cómha dhá osgal, is cómha an dá
thaobh fútha.



ABC an trianosgal. Is cómha ann na hosgail ABC
& ACB. Is dual gur cómha an dá thaobh, i. AB & AC.



Froma. Mara cómha iad, tá beag & mór ortha. Bíodh
AB 'na mhór, & teasg dè BD côfhaid AC. Cuir DC.



Ansan, tá dhá thrianosgal aguinn, i. DBC & ACB. Is
cómha acu DB & AC. Is céanna acu BC. Is cómha acu an
dá osgal DBC & ACB, is cómha fé leith acu DB go <m> BC
go n-a n-osgal & AC go CB go n-a n-osgal.



Dá bhrí sin is cómha an dá thrianosgal san, i. is cómha
an uile & a[n] chuid, i. ní nách féidir.



D. bh. s. ní fíor nach cómha AB & AC.



D. bh. s. is fíor gur cómha iad, i. an ní ba cheist.



AN SEACHTÚ HAIRLE. CEIST.



Ar aon taobh den aon líne ní féidir dhá thrianosgal do
bheith gur cómha acu an dá [thaobh] a chómhracas i gcrích
den líne úd, & mar an gcéanna an dá thaobh a chómhracas
sa chrích eile.


L. 102


Más féidir é, bíodh an dá thrianosgal, i. CAB & DAB, ar
aon taobh den aon líne AB, & gur cómha CA & DA ag
cómhrac i nA, & gur cómha mar an gcéanna CB & DB ag
cómhrac i mB.



Cuir CD. Ar dtúis, bíodh C lasmuich den trianosgal
DAB.



Ansan, is cómha AC & AD. Dá bhrí sin is cómha an
t-osgal ACD & an t-osgal ADC.



Is lú, ámh, BCD ná ACD, óir is lú an chuid ná an uile.



Dá bhrí sin is lú BCD ná ADC.



Is mó ná san is lú BCD ná BDC, óir is mó BDC ná ADC.



Dá bhrí sin ní cómha BCD & BDC.



Airís: is cómha BC & BD. Dá bhrí sin is cómha BCD
& BDC, i. is cómha iad & ní cómha iad, i. ní nách fíor.



Dá bhrí sin ní fíor gur cómha AC & AD, an fhaid is
cómha BC & BD. Óir, i n-áiteamh chruinn, ní féidir neamh-
fhíor d'fhás à fíor.



Cuir i gcás go bhfuil an eó C laistig den trianosgal ADB.



Lean AD go hE & AC go hF. [Cuir CD.]


L. 103


Is cómha, más fíor, AD & AC. Dá bhrí sin is cómha na
hosgail lasmuich, i. EDC & FCD.



Ach is lú an chuid, i. BDC, ná an uile, i. EDC. Dá bhrí
sin is lú BDC ná FCD, & go mór mór ná BCD.



Is cómha, ámh, más fíor, BC & BD. Dá bhrí sin is cómha
BDC & BCD, i. is cómha iad & ní cómha iad. Sin baos.



Dá bhrí sin, más cómha AD & AC, ní cómha BC & BD;
nú más cómha BC & BD, ní cómha AD & AC.



Dá bhrí sin, Ar aon taobh, etc.



AN TOCHTÚ HAIRLE. CEIST.



Má tá dhá thrianosgal ann, & gur cómha gach taobh i
gceann acu & taobh fé leith sa cheann eile, is cómha na
hosgail atá ar aghaig na gcô-dtaobh acu.



Is dá thrianosgal ABC & DEF. Is cómha acu AB & DE,
AC & DF, BC & EF. Is dual dè gur cómha an t-osgal BAC
& an t-osgal EDF, etc., ar aghaig na gcô-dtaobh.



Óir, má curtar an trianosgal ABC ar an dtrianosgal
DEF, ag cur na heó B ar an eó E, & ag cur an líne BC ar
an líne EF, luífig an eó C ar an eó F, mar is cómha BC &
EF. Ansan luífig an trianosgal ABC cruinn ar an dtrian-
osgal DEF, nú beig ar aon taobh den aon líne dhá thrian-
osgal gur cómha acu an dá thaobh a chómhracas i gcrích den
líne úd & mar an gcéanna an dá thaobh a chómhracas sa
chrích eile. Ach ní féidir sin.



Dá bhrí sin luífid ar a chéile cruinn, i. cô-oirfid.



Ach is cómha nithe do chô-oirean. Dá bhrí sin is cómha
an dá thrianosgal, & is cómha na hosgail ar aghaig na
gcô-dtaobh, i. BAC & EDF, etc.



Dá bhrí sin, Má tá, etc.


L. 104


AN NAEÚ HAIRLE. CLEAS.



Osgal dírlíneach do dhítheasga, i. é chur 'na dhá chô-osgal
dhírlíneacha.



Osgal dírlíneach BAC. Dítheasgtar é.



I nAB glac aon eó, i. D. De'n líne AC teasg AE, i.
côfhaid AD. [Cuir DE.] Cuir trianosgal côthaobhach ar
DE, i. DFE. Cuir AF.



Dítheasgan an líne AF an t-osgal BAC.



Froma. Tá dhá thrianosgal aguinn anois, i. DAF &
EAF, & is cómha gach taobh i nDAF & taobh fé leith i
nEAF, i. is cómha AD & AE, DF & EF, & is céanna acu AF.



Dá bhrí sin is cómha na hosgail atá ar aghaig na gcô-
dtaobh acu, i. is cómha DAF ar aghaig DF & EAF ar aghaig
EF, i. tá an t-osgal BAC curtha 'na dhá chô-osgal dhír-
líneach, i. BAF agus CAF. — An rud a bhí le déanamh.



AN DEICHIÚ HAIRLE. CLEAS.



Sain-líne díreach do dhítheasga, i. do chur 'na dhá
chómh.



Sáin-líne díreach isea AB. Tá orainn é chur 'na dhá
chómh.


L. 105


A los an chéad airle cuir trianosgal côlíneach air, i. ABC.
A los an naeú airle dítheasg an t-osgal dírlíneach ABC
leis an líne dírig CD. Dítheasgan an eó D an líne AB.



Froma. Is cómha AC & CB, óir is côlíneach ABC. Is
céanna acu CD. Is cómha an t-osgal ACD & an t-osgal
DCB.



Dè sin, is cómha fé leith AC, CD, go n-a n-osgal, & BC,
CD, go n-a n-osgal.



As san, à los an cheathrú airle, is cómha na treas taoibh,
1. AD & DB.



Dá bhrí sin is dítheasgtha i [n]D an sain-líne díreach, i.
AB, 1. is déanta an cleas.



AN TAONÚ HAIRLE DÉAG. CLEAS.



A sain-eó i líne dhíreach cheaptha líne do chur côdhíreach,
nú fé dhíorosgalaibh.



AB an líne ceaptha. Glac aon dá eó ann, C & D, cô-
fhaid ón sain-eó, i, E, à los an tríú hairle.



Cuir, à los an chéad airle, trianosgal côlíneach ar CD,
i. CFD. Cuir FE.



Is côdhíreach ar AB FE, as an eó E, i. as an sain-eó.



Froma. Is cómha CF agus FD ó ghléas. Is céanna FE ag
an dá thrianosgal CFE & DFE. Is cómha CE & ED ó
ghléas.



Dè sin, sa dá thrianosgal CFE & DFE is cómha fé leith
CE, EF, FC, & DE, EF, FD.


L. 106


Dá bhrí sin, à los an ochtú hairle, is cómha an dá osgal
CEF & DEF.



Dá bhrí sin is díorosgal gach osgal díobh.



Dá bhrí sin tá EF côdhíreach ar AB, & is ag E atá
san.



Dá bhrí sin is déanta an cleas, i. líne as an sain-eó E,
côdhíreach ar AB.



Is ní de bhárr na hairle sin gur sain treó ag líne díreach.



Mara sain, gabhadh an líne AB dhá threó' i. treó C &
treó D.



Cuir, à los na hairle thuas, côdhíreach ar AC à B, i. BE.



Ansan, tá BE côdhíreach ar AC. Dè sin, is cómha ABE
& EBC.



Tá BE côdhíreach ar AD, mar tá sé côdhíreach ar AB & níl
i nAD ach AB do leanúint. Dè sin is cómha ABE & EBD.



Ach is cómha iad cómha an chéanna. Dá bhrí sin is
cómha EBC & EBD.



Ach is follas gur cuid den osgal EBD an t-osgal EBC,
i. is cómha an uile & an chuid, — ní nách fíor.



D'fhás an ní sin as a rá go bhféadfadh AB gabháil dhá
threó. Dá bhrí sin ní fhéadfadh.



Dá bhrí sin is sain treó ag gach líne díreach. Agus is
réig an cheist.



AN TARNA HAIRLE DÉAG. CLEAS.



Ar líne cheaptha nách sain críoch líne do chur côdhíreach à
heó sain lasmuich dhe.


L. 107


AB an líne ceaptha, & ní sain crích dò ag A ná ag B. C an
sain-eó. Iarrtar líne do chur côdhíreach à C ar AB.



Glac rogha eó, D, lastall d' AB, i. lastall ó C.



Ansan, um C mar inne le CD mar gha cuir an áin FDG.
A los an deichiú airle, dítheasg FG ag H. Cuir CH. Tá
CH côdhíreach ar AB.



Froma. Is cómha CF & CG, óir gatha na haon áine iad.
Is cómha FH & HG de ghléas. Is céanna CH ag an dá
thrianosgal, i. CHF & CHG.



Dè sin is cómha fé leith CH, HF, FC, & CH, HG, GC.



Dè sin, à los na hochtú hairle, is cómha an dá osgal
CHF & CHG.



A los an naeú sain-rá is díorosgal gach osgal acu, i.
is côdhíreach CH ar AB, i. tá CH curtha à C côdhíreach,
— an ní a bhí le déanamh.



AN TRÍÚ HAIRLE DÉAG. CEIST.



An dá osgal a dhinean líne díreach i n-aice 'chéile ag
cómhrac dó ar meán líne dhírig eile, is dá dhíorosgal iad, nú
is cómha a méid & méid dhá dhíorosgal.



ADC & BDC an dá osgal a dhinean CD i n-aice 'chéile,
ag cómhrac dò ar AB. Is dá dhíorosgal iad, nú is cómha
a méid i n-aonacht & méid dá dhíorosgal i n-aonacht.



Froma. Más cómha ADC & BDC is dá dhíorosgal iad


L. 108


cheana, à los an naeú sain-rá, & tá DC côdhíreach ar AB.



Mara bhfuil, cuir DE (sa dara deilbh) côdhíreach ar AB,
à los an aonú hairle déag.



Ansan, is cómha an t-osgal EDB & a choda uile, i. EDC
& CDB.



Ar na cómhaibh sin cuir an céanna, i. EDA. Má cur-
tar cómha ar chómhaibh, is cómha is dè; dá bhrí sin is
cómha EDB go nEDA & EDC go CDB go nEDA.



Airís, is cómha ADC & a choda uile, i. ADE & EDC.



Ar na cómhaibh sin cuir an céanna, i. CDB. Dè sin,
mar atá thuas, is cómha ADC go CDB & ADE go nEDC
go CDB.



Chítear anois gur céanna ADE go nEDC go CDB, gur
cómha an céanna san & an dá dhíorosgal, i. ADE & EDB,
& gur cómha é féin & an dá osgal eile, i. ADC & CDB. Dá
bhrí sin is cómha an dá dhíorosgal & an dá osgal eile.



Ar an gcuma gcéanna is féidir a nochta gur cómha an
dá dhíorosgal & aon dá osgal d'fhéadfadh CD do dhéanamh
le hAB, i n-aice 'chéile.



Dá bhrí sin is fíor an airle thuas.



AN CEATHRÚ HAIRLE DÉAG. CEIST.



Ag eó i líne díreach má chómhracaid dhá líne dhíreach eile,
ón dá thaobh, & gur cómha dhá dhíorosgal & an dá osgal atá
ar dhá thaobh an líne sin, is sain treó don dá líne úd, i. is
aon líne díreach iad.



Ag an eó B sa líne dhíreach AB cómhracaid ón dá
thaobh an dá líne, i. CB & BD, & is cómha dhá dhíorosgal
agus an dá osgal ABC & ABD. Iomora is sain treó don
dá líne, i. CB & BD, i. is aon líne iad.


L. 109


Froma ar gcúlaibh. Marab é BD treó CB gabhadh sé
treó eile, i. go hE.



Ansan, à los na hairle do fromadh anois, is cómha dhá
dhíorosgal & an dá osgal CBA go nABE.



Is faomhtha gur cómha dhá dhíorosgal & an dá osgal
CBA go nABD.



Dè sin is cómha CBA go nABE & CBA go nABD.



Leog ar lár an céanna, i. CBA, & is cómha ABE & ABD,
i. an chuid & an uile, — ní is baoith.



D. bh. s. isé BD treó CB, & is aon líne iad, — i. an ní ba
cheist.



AN CÚIGIÚ HAIRLE DÉAG. CEIST.



Má chôghearraid dhá líne dhíreach, is cómha na frith-
osgail acu.



Côghearraid an dá líne dhíreach AB & CD ag E. Is
cómha acu na frith-osgail, i. is cómha CEA & BED, & is
cómha CEB & AED.



Froma ar aghaig. Is cómha dhá dhíorosgal & an dá
osgal CEA go CEB.



Is cómha dhá dhíorosgal & an dá osgal CEA go nAED.



Cómha an chéanna, is cómha iad féin. Dá bhrí sin is
cómha CEA go CEB & CEA go nAED.



Sgar CEA leó. Má buintear an céanna ó chómhaibh is
cómha is dè. Uime sin is cómha CEB & AED, i. dhá fhrith-
osgal.



Ar a shamhail sin de chuma fromtar gur cómha na frith-
osgail eile, i. CEA & BED.



Dá bhrí sin is fíor an airle.


L. 110


AN SÉÚ HAIRLE DÉAG. CEIST.



Má leantar taobh trianosgail, is mó an t-osgal amuich
ná ceachtar den dá osgal is sia uaig istig.



Leantar BC, i. taobh de thaobhaibh an trianosgail ABC.
Tá an t-osgal amuich, i. ACD, níos mó ná ceachtar de
na hosgalaibh is sia uaig istig, i. ná ABC & ná CAB.



A los an deichiú airle dítheasg AC i nE.



Cuir BE & lean é go hF, gur cómha BE & EF, à los an
tríú airle. Cuir FC.



Froma. Ansan, is cómha AE & EC, de ghléas. Is
cómha BE & EF, de ghléas. Is cómha na frith-osgail,
AEB & CEF.



Dá bhrí sin, is cómha fé leith AE go nEB go n-a n-osgal
AEB & CE go nEF go n-a n-osgal CEF.



Dè sin, a los an cheathrú airle, is cómha an t-osgal ECF,
ar aghaig EF, & an t-osgal EAB, ar aghaig EB.



Ach is mó an t-osgal ACD ná an t-osgal ECF.



Uime sin is mó é ná an t-osgal EAB, i. ná CAB.



AN SEACHTÚ HAIRLE DÉAG. CEIST.



I dtrianosgal is lú aon dá osgal i n-aonacht ná dhá
dhíorosgal.


L. 111


Lean go D BC, i. taobh den trianosgal ABC.



A los na hairle thuas, is lú an t-osgal ag A ná an t-osgal
amuich, i. ACD.



Má curtar an céanna ar nea-chómhaibh, i. ar bheag &
ar mhór, is nea-chómha fós iad, ar an ndul gcéanna, i.
beag & mór. Cuir an t-osgal ACB ar na nea-chómhaibh,
i. ar A & ar ACD. Is nea-chómha is dè, i. A go nACB an
beag, & ACD go nACB an mór.



Ach is cómha dhá dhíorosgal & ACD go nACB, i. an
mór.



Uime sin is mó dhá dhíorosgal ná an beag, i. ná A go
nACB.



Ar a shamhail sin de chuma fromtar gur mó dhá dhíoros-
gal ná aon dá osgal eile sa trianosgal.



Dá bhrí sin, I dtrianosgal, etc.



AN TOCHTÚ HAIRLE DÉAG. CEIST.



I dtrianosgal, más nea-chómha taoibh, is nea-chómha
ar an réir gcéanna, na hosgail ortha.



Sa trianosgal ABC is nea-chómha na taoibh AB & AC,
i. is lú AB. Is éigean dè gur lú an t-osgal ar AB, i. an
t-osgal ACB, ná an t-osgal ABC ar AC.



D' AC teasg AD, i. cómh AB. Cuir BD.



Froma. Ansan, à los an chúigiú hairle, óir is côch-
osach ABD, is cómha an dá osgal agá bhun, i. ABD &
ADB.



Ach, óir is leanta CD, i. taobh den trianosgal DBC, is
lú ACB ná ADB.



Dè sin is lú é ná ABD.



Dè sin is lú go mór é ná ABC. — Mar bhí le nochta.


L. 112


AN NAEÚ HAIRLE DÉAG. CEIST.



I dtrianosgal, más nea-chómha osgail, is nea-chómha, ar
an réir gcéanna, na taoibh fútha.



Sa trianosgal ABC is lú an t-osgal ag C ná an t-osgal
ag B. Is éigean dè gur lú an taobh AB ná an taobh AC.



Froma (ar gcúlaibh). Mara lú é, is cómha iad, nú is
mó é.



Ní cómha iad, óir ba chómha dè sin an t-osgal ag B
& an t-osgal ag C, & ní cómha.



Ní mó é, óir ba mhó dè sin, à los na hairle thuas, an
t-osgal ag C ná an t-osgal ag B, & ní mó (mar faomhadh).



Dá bhrí sin is éigean gur lú an t-osgal ag C, ar AB, ná an
t-osgal ag B, ar AC. — Mar bhí le nochta.



AN FICHIÚ HAIRLE. CEIST.



I dtrianosgal is mó aon dá thaobh i n-aonacht ná an treas
taobh.



Glac trianosgal, i. ABC. Glac dhá thaobh leis, i. AB &
AC. Fromfar gur mó i n-aonacht [iad ná BC.



Lean BA go D, gur cómha é féin & AC. [Cuir DC.]



Froma. Cuir an céanna AB ar an dá chómh, i. ar AD &
ar AC.


L. 113


Má curtar an céanna ar chómhaibh, is cómha is dè.
& BA go nAC na cómha is dè anso.



Óir is cómha na cosa AC & AD, is cómha, à los an
cúigiú airle, na hosgail ACD & ADC.



Ach is mó BCD ná ACD; dè sin is mó é ná ADC; i. sa
trianosgal BCD is mó an t-osgal BCD ná an t-osgal BDC.



Dá bhrí sin, à los na hairle thuas, is mó an taobh BD,
fén osgal BCD, ná an taobh BC, fén osgal BDC.



Ach is cómha BD & BA go nAC.



Dè sin is mó BA go nAC ná BC. — Mar bhí le froma.


L. 120



A Dhoncha, a chara,



Ní misde a rá gur chuir do leitir áthas orm. Thugais
fé'n obair tá deich mbliana ó shin ann! Is beag an t-iúna
gur thuigis an gnó chô tapaig. Agus féach, mar chríochnú
ar m'áthas, siné an tAimhirgneach i n-aonacht linn sa
sgéal. Sea! sea! sea! Tá san go maith.



Is dóich, de chruinneas na Gaeulainge, go leanfig an dá
ainm ar triangle, .i. "trianosgal" nuair isiad na hosgail
a bheig as cómhair na haigne, agus "trílíneach" nuair
isiad na línte bheig.





Tá brí ag "an" sa Ghaeulaing ná fuil ag the sa Bhéarla.
Tá sórd sealbhaíochta ann go minic. B'fhéidir gur chruinne
bheadh an sgéal agum dá n-abrainn go bhfuil "sainiú"
ann ná fuil sa bhfocal the. "Do chonaic sé an rud sa
chúinne" = …









Ní cuimhin lium ceoca chuireas chút an dara [=tarna]
hairle (…) nú nár chuireas. Sin chút anois
iad go dtí an naeú hairle, agus í féin.


L. 121


Seo roint focal sa mbreis duit: -



"Ní is baoth," …
"Ní is foimhille," …
"Froma ar gcúlaibh," …
"Froma ar aghaig," …
"Sainiú," …
"Sainrá," …



Is dóil liom gur feárr "sainrá" ná "sluinne." Ach
bíodh úr rogha aguibh féin.



Do chara go buan.



Peadair Ua Laoghaire.





A Dhoncha, a chara,



Seo dhuit dórnán eile. Ba mhaith go ndéanfá féin &
Ó hAimhirgin an gnó so go léir do sgrúda go dlúth sar a
gcurfí as cómhair na puiblíochta é.



Dá fheabhas do dhéanfadh aenne amháin an gnó,
b'fhéidir go mbeadh dearúd air anso & ansúd, & go
bhficfadh duine eile an dearúd nuair na ficfadh sé
féin é.



D.ch.g.b.


L. 122


Féach. Ní thaithnnean "cruinne-thómhas" lium.
Cuardaig focal is feárr.



Cad déarfá le "meas" mar Ghaeulaing ar theorem?


L. 124


APPENDIX.



I.



Caisleán Ó Liatháin,
10:12:'97.



A Dhoncha, a chara,



Tá ní agum anois le cur as do chómhair agus as cómhair
Í Aimhirgín, agus níor chuireas as úr gcomhair ruime seo
é, óir níor cheapas go raibh úr n-aigne aibig chuige. Tá
sé as cómhair m'aigne féin, amh, ó fhíor thosach ár n-oibre.



Is eól díbh conas mar atáim le trí nó ceathair de bhlian-
aibh dhá chur 'na luí coitianta ar mhuintir C[h]unnartha
na Gaelge nách fuláir do dhuine gléas focal nó suíomh
focal an Bhéarla do chur ó n-a aigne ar fad, más mian leis
suíomh focal na Gaelge do bheith cruinn aige.



Ceapaim go dtuigean beirt aguibhse an ní sin math go
leór anois, agus gur mithid dam an ní eile seo do chur as
úr gcómhair. Sa léucht úd a thugas uaim i mBleácliath
trí bliana an fhómhair seo chuaig tharainn, thugas amharc
beag ar an ní seo, ach níor thugas ach amharc beag.



Sidé an ní. Is féidir do dhuine aiste Gaelge do dhéanamh
agus gléas, nó suíomh, na bhfocal do bheith fíor-Ghaeulach
aige, agus san am gcéanna gléas agus suíomh na smaoin-
eamh do bheith fíor-Ghallda aige.



Isí solaid a thugas do mhuintir Átha Cliath ar an méid
adubhart leó, .i. an deifríocht a bhíon idir thuarasgbháil i
nGaelge agus tuarasgbháil i mBéarla. Thug an file
Gaeulach an tuarasgbháil seo ar an tramp a ghuid na
bróga:



"Bhí maig 'na dhrom,
leatha 'na ghabhal,
agus caipín beag leathir air."



Dubhart leó dá mbeadh an tuarasgbháil sin ag sgéalaí
Béarla le túirt uaig go líonfadh sé fiche leathanach as.
Agus dubhart leó nách ar an sgéalaí Béarla ach ar an
sgéalaí Gaeulach is ceart athiris do dhéanamh. Ní
dubhart a thuille an uair sin ar an ní sin, ach is mithid
tuille do rá anois air.


L. 125


Ní dóil lium go bhfuil údar aguinn dár sgríbh Gaelge
sgurtha le dhá chéad blian nár dhin an dearúd san. Ach
ní dóil lium go bhfuil duine acu go léir do dhin é níos
deise agus níos críochnaithe ná mar [a] dhin Seán Ó
Donnabháin féin é san aiste úd dárab ainm "Ríogan
Tíre na nÓg." Tá an aiste sin i nIrisleabhar an mhí seo.
Ní túisge do léus é ná thuigeas go raibh solaoid álainn
agum ar an ní a bhí im aigne. Is fiú dhuit féachaint
uirthi agus í do lé go cruinn. Tá suíomh na bhfocal go
math inti. Ach is fíor-Bhéarla ó thosach go deire suíomh
an mhactnaimh. Is aiste Béarla í. Féach:





Is fíor-Bhéarla an smaoineamh san ó thosach go deire.
Is suíomh Béarla atá air, agus is gluaiseacht Béarla atá
air. Ba mhór le rá Ó Donnabháin lá éigin. Is mór le
rá fós é. Agus féach féin gur dhin sé an dearúd san.
Ní hathin dam duine dár lucht sgríbhinne nár dhin é,
ach amháin na filí. Níl aon phiuc de smaoineamh an
Bhéarla ins na filíbh cearta, ins na filíbh fíor-Ghaeulacha,
.i. i nEón Rua, ná i nAogán Ó Rathile, ná 'n-a leithéidí.
Ach is smaoineamh Béarla, agus gluaiseacht Béarla air,
atá i n-ar sgríbh Árd-easbag Thuama ó Hómer agus ó
Thomás Ó Mhóra.



Is mithid dúinn féachaint isteach san ní seo go cruinn
agus go géar. Tá an Ghaelge agus an Béarla buinis-
ciunn le n-a chéile i n-an uile shórd slí. Táid buinis-ciunn
ins na foclaibh is lú. Níl uiread agus aon fhocal amháin
Gaelge go bhfuil focal sa Bhéarla cô-fhaid, cô-lethad,
cô-mhéid agus é. Níl uiread agus aon ghléas amháin
cainte sa Ghaelge go bhfuil gléas cainte sa Bhéarla ar aon
dul ar fad leis. Níl uiread agus aon smaoineamh amháin
gurab é an greim céanna a bheirean an dá theangain air.


L. 126


An smaoineamh go mbeirean an Béarla ar cheann air,
beirean an Ghaelge ar chois air. An smaoineamh go
mbeirean an Béarla ar imeal air, beirean an Ghaelge ar
lár air. An smaoineamh go mbeirean an Béarla 'na
chodaibh air, beirean an Ghaelge i n-aonacht air. Agus
mar sin dóibh gan acht (…) gan fuíol.



Isé rud atá ag mille ár n-údar nách fuláir leó a chur
fhiacaibh ar an nGaelge an greim céanna, .i. greim an
Bhéarla, do bhreith ar an smaoineamh. Ní fhéadan an
Ghaelge san do dhéanamh, agus is amhlaig a bhíon an
aiste .i. mar [a] bheadh duine a bheadh ag casa le siúl ar
a dhá dheárnáin agus a dhá chois i n-áirde aige.



An toirmeasg céanna atá idir an dá theangain i dtaobh
an ghreama a bheirid ar an smaoineamh, tá sé eatartha i
dtaobh gluaiseachta an smaoinimh. Níl gluaiseacht
smaoinimh i dteangain díobh ná fuil an uile bhlúire dhi
buinis-ciunn le gluaiseacht an smaoinimh chéanna sa
teangain eile. Ní féidir uiread agus dhá fhocal do chur i
mbun a chéile i dteangain acu acht buinis-ciunn leis an
gcuma 'na ngabhaid le chéile sa teangain eile. Féach:



capall dubh, a black horse.



Do sgríos chun an Niallaig, tá roinnt laethanta ó shin
ann, ar an ní seo. Deir sé go bhfuil an machtnamh
céanna i n-a aigne féin le móran aimsire. Ach deir sé
go bhfuil a eagla air nách féidir an ní sin do mhúine dár
sgoláiríbh, mar go bhfuil gluaiseacht smaoinimh an
Bhéarla ró-dhaingean 'na n-aigne le neart tathí.



Tá an tathí ann gan amhras; ach ba bhóir go bhféadfaí
tathí eile do chur i gcuinnibh an tathí sin.



Isé eagla atá orm féin ná gur beag na daoine do chuimhnig
riamh fós ar an sgéal, .i. gur beag na daoine go bhfuil a
fhios acu an deifríocht machtnaimh sin do bheith i
n-aonchor ann. Ní féidir dóibh tathí dhéanamh de go
dtí go mbeh a fhios acu é bheith ann. Cuir i gcás go
bhfuil a fhios ag duine a leithéid do bheith ann, ní féidir
do tathí do chur air as na leabhraibh Gaelge atá aguinn
i gcaint sgurtha, óir tá sé d'umard ar na leabhraibh sin
gur gluaiseacht Béarla atá ar an rith smaoinimh unta.


L. 127


Tá an ghluaiseacht cheart ins na hamhránaibh, agus
ins na seana-ráitibh. Agus féach, dá chómhartha san
féin, gur ró-dheacair Béarla do chur ortha.



Tá an ghluaiseacht cheart le fáil i n-áit eile. Tá sí le
fáil i gcaint na ndaoine nár labhair aon Bhéarla riamh,
agus i gcaint na ndaoine do labhran an dá theangain ar
chô-dheise.



Tá súil agum go ndéanfaig beirt aguibh machtnamh ar
an ní sin as so amach, agus chô fada agus thig libh, go
mbe sibh dhá thúirt as cómhair lucht foghlamtha na
Gaelge.



Tá ní beag eile agum le ra leatsa. Leogaim leat
"Gaehilg" nó "Gaedhlinn" nó "Gaodhluinn." Is
neamhní liumsa ceoca do sgrítear. Ach "atá"! Níl
uair a chím é sin ná cuirean sé fonn úirlicí orm.



Aon rud a dhinean difríocht brí ní fuláir féachaint
chuige go cruinn. Ta an dá fhocal beó aguinn i mbéalaibh
na ndaoine, agus dá bhrí bheachta leo … Má dintear
aon fhocal amháin anois de'n dá fhocal san, loitfar leath
na Gaelge beó d'aon iaracht amháin. "Atáim im cholla
's ná dúistear mé." Ní dubhairt an file riamh a leithéid
sin. Dubhairt sé: "Táim-se im cholla," etc. Cad
déarfaí le sgoláire Béarla iniubh dobhearódh an Béarla
do cheartú do réir Shakespeare nó Spencer?



Is neamhní lium leitriú ná guillean ar an mbrí; ach ní
fuláir dúinn an brí do chimeád pé rud a dhéanfaig aon ní
eile.



Iarfad an méid seo ort. Aon ní a chuirfir i gcló uaimse
feasta, ná cuir "atá" ann mara gcuiread féin ann é. Tá
gráin mo sgart agum air ach amháin an uair is relative é.
Ansan ní fhéadfainn déanamh i n-a éamais.



Tá gléas deas agus measaim ná fuil greim i gceart agut
air. "Níor mheasa dhuit rud a dhéanfadh díobháil duit
ná rud fónta," …


L. 128


Dónal. - "Imeód uait ar fad!"



Cáit. - "Ní fearr lium rud a dhéanfair."



D. - …



C. - …



D'airínn daoine Gaeulacha ag cur Béarla air mar seo:



Dónal. - "Gheód bás mar olc ort!"



Cáit. - "Mhuise ní fearr linn beó thu."



D. - …



C. - …



D. - "Ní thiucfad abhaile go lá!"



C. - "Ní fearr lium riamh é," nó "Ní fearr lium tu
theacht."



D. - "Fanfad i gCorcaig go lá!"



C. - "Ní fearr lium sa bhaile thu."





"Níor bh'fhearr lium rud do dhéanfá ná do bhéal
d'éisteacht" …



"Níor mheasa dhuit duine bhéarfadh do chuid leis ná
do dhuine muinteartha" …



Sin úsaid dá dhéanamh de'n dá abra, "ní measa" agus
"ní fearr", agus ní fheaca i n-aon leabhar riabh a leithéid.
Tá a fhios ag an saol go raibh na habartha san san úsáid
sin i mbéalaibh daoine le linn Chéiting. Ca' n-a thaobh
ná ficimíd i n-aon leabhar leis iad?



Deirim leat arís, a Dhoncha, a chara, ná fuil de'n Ghaelge
i leabhraibh aguinn ach imeal beag seochas a bhfuil le
fáil di i mbéalaibh na ndaoine, agus gur mó is fiú í ag
teacht á béalaibh na ndaoine ná amach as aon leabhar, dá
mb'é Céiting féin é.



Do chuireas leitir ag trial ar Ó Dúill dhá rá leis aire
mhath do thúirt do chaint na ndaoine 'n-a pháipéur. Ní
fheadar cad é an chúis go bhfuil uiread dúile aguibh uile i
n-aontú leitrithe. Má osglaim leabhar le Scott, chím fiche
sórt leitrithe ar gach leathanach de. Is chun cainte do
thúirt amach a dintear leitriú. An leitriú ná fuil do réir
na cainte, is bréag é. Is bréag rough, már fíor snuff.


L. 129


Má dintear aon tú i n-aonchor, dintear é do réir urmhóir
úsáide. Fágtar ár rogha leitrithe aguinn go dtí go mbeirig
nós éigin bua. Ansan beig gach aenne sásta.



Pé sgéal é, ná curtar i leabhar rud ná fuil i mbéal aon
duine beó. Féach ortha so: -



ana cheart, …
aincheart, …
ana mhian, …
ainmhian, …
ana dhleathach, …
aindleathach, …
ana chúram, …
anchúram, …
ana eólas, …
aineólas, …



Agus ní ghlacfa sibhse "ana" i n-a aonar! Ní fuláir libh
é cheagal de'n fhocal is giorra dho i gcónaí. Ní hé an
brí céanna atá aige ceangailte agus sgurtha. Dá bhrí sin,
má ceagaltar ormsa é, conas [a] chuirfead i n-iúil an brí
atá leis sgurtha, agus go bhfuilim ag éisteacht riamh leis?



Deirim leat gurab é bua an pháipéir nóig seo cead a
cinn agus cead a cos a thúirt don Ghaelge ó chúig árdaibh
Éireann. Ní gá ch i n-inead dh, óir níl suim ag aenna
anois unta san. Ach ní mar a chéile san agus "atá" i
n-inead "tá," agus "anmhór" i n-inead "ana mhór,"
agus a leithéidí.



Más ag dul go Baile ibhfad-síos duie, ní mór duit aire
mhath do thúirt do na nithibh seo uile. Bíodh an páipeur,
chô fada agus is féidir é, i rucht a gheóig taithnneamh
thuaig agus theas. Nuair [a] thiucfaig aiste ó fhear
adtuaig, cur isteach é fé mar [a] thaithnnfig leis an muintir
thuaig, agus ná bac Céiting. Nuair [a] gheóir páipeur ó
fhear andeas, cuir isteach é mar [a] thaithnnfig le muintir
na Mumhan, agus ná bac Céiting. Fág aighneas an sgéil
agus socrú an sgéil fé'n bpuiblíocht féin. Is as an aighneas
phuiblí do thiucfaig an ceart amach sa deire. Cuir ainm
gach fir fé bhun a aiste féin, agus ansan má dhinean sé
amadán de féin, bíodh air féin. Chífig an phuiblíocht cé
aige go mbeig an ceart, agus beig gach aenne sásta. Is
gearr go bhfaghair féin, ar an gcuma san, radharc agus
eólas agus tathí, i dtreó, i ndia chéile, go dtiucfaig leat
aontú do dhéanamh mór-thimpal, agus ní har éigin ach
ar ais.


L. 130


Thar gach uile ní, ciméad do shúil ar shuíomh agus ar
ghluaiseacht cheart an smaoinimh Ghaeulaig. Má bhíon
an smaoineamh fíor-Ghaeulach i rucht agus i ngluais-
eacht, níl baol ar an gcaint, - be sí fíor-Ghaeulach pé
máchail eile bheig uirthi. Agus is ró-fhuiriste na máchailí
eile do leigheas.



Mise,



Do chara go buan,



Peadar Ua Laoghaire.



II.



Caisleán Ó Liatháin.



A Osboirn, a chara,



Isé céad fhocal atá agum le rá gur mór go léir an t-áthas
lium do leitir d'fháil. Tá sí cruinn, blasta, fíor-Ghaeulach.
Ní hé amháin go bhfuil sí gan tuathal, ach fós go bhfuil
inti cónggar cainte agus deise gléas, agus an neart agus
an fuinneamh do thig díobh.



Túir an méid seo fé neara, amh. Tá roinnt laethanta
sa mbliain nách gnáth uimhir do chur leó. Ní deirtear
"an chéad lá de Bhealltaine," ach amháin "Lá Bealtaine";
agus "Lá Lúnasa," agus "Lá Samhna," agus "Lá Nollag"
agus "La Cuille,"



Ag lé do leitreach dam go haireach, do buaileadh so
isteach im aigne, .i. gur ar aon dul amháin, agus ar aon
ghluaiseacht amháin, atá it aigne-se an smaoineamh a
gabhtar sa dá rá so, (I) "buailtear an gadhar," agus
(2) percutitur canis. Dá bhrí sin nách féidir le t'aigne
percutitur a ghlaca fuilingtheach agus gan "buailtear"
do ghlaca fuilingtheach mar an gcéanna.



Im aigne-se isé gléas Gaelge is ceart do chur ar percutitur
canis ná "tá an gadhar dá bhuala. Tá an deifríocht
chéanna agum idir an dá rá san, .i. "tá an gadhar dá
bhuala" agus "buailtear an gadhar," atá idir an dá rá
so, .i. "tá an gadhar dá bhuala agum," agus "buailim


L. 131


an gadhar." Táid na trí gléasa so aguinn anois sa Ghaelge
bheó, agus brí fé leith ag gach gléas díobh:



Buailim an gadhar,
Tá an gadhar dá bhuala agum
Buailtear an gadhar. (Níl aon Laidean agum air.)



It aigne-se ceapaim gur mar a chéile "buailtear an
gadhar" agus "tá an gadhar dá bhuala." Tá an dá
chiall buinis-ciunn ar fad im aigne-se. Sidé an deifríocht
díreach fé mar [a] chím im aigne é. Nuair adeirim "tá
an gadhar dá bhuala," isé an "gadhar" an subjectum
agus glacan se an buala. Nuair adeirim "buailtear an
gadhar," luíon "buille" ar an "ngadhar" díreach fé
mar luíon se air s ará eile úd, .i. "buailim an gadhar."
Nuair adeirtear "buailim an gadhar," is fiosach go
n-éiríon an buille uaimse agus go dtitean sé ar an ngadhar.
Ach nuair adeirtear "buailtear an gadhar", ní fiosach cá
n-éiríon an buille ach is fiosach go dtitean sé ar an ngadhar.



Níl mo thrácht sa méid sin ach ar an nGaelge bheó,
.i. ar an ní atá im aigne, as cómhair mo shúl, ar an ní
go bhfuil deimhne agum air. Bhí an ní sin mar sin im
aigne sar ar léus aon fhocal Béarla ná Gaelge ná Laidne
riamh. Tá se mar sin i n-aigne na ndaoine le trí chéad
blian gan amhras. Ní féidir lium a dhéanamh amach ná
go raibh an ga céanna leis ruime sin. Má bhí an gá
céanna leis, ní fuláir nó bhí se féin nó a leithéid ann.



Mar adeirir, is neamhní ainm. Déanfaig x an gnó, fé
mar [a] dhin sé an gnó don tsolas nua so. Ba mhath
lium, amh go réiteóimís ar bhrí an fhocail "fuilingtheach."
Do réir dheallraimh ní fuláir fulag éigin do bheith ann,
.i. passio. Ceapaim nách fulag ach gníomh atá sa bhfocal
san itur. Agus maidir le hacriter pugnatur, dar ndó ní
gníomhach go dtí é.



Gan amhras tá cosmhalacht mhór idir an dá theangain
ins na ráitibh sin. Sic itur ad astra , "Sin mar a téitear
go reultaibh." Ventum est ad flumen, "Do tánathas go
habhainn." Concurritur, acriter pugnatur, "Iunnsaítear,
troitear go grod." Ach sa Laidin ná sa Ghaelge,
ní fhicim aon fhulag. Is fíor-ghníomh do chím ar gach
taobh.


L. 132


Mar adubhart thuas, ní fheadar cad a bhí i n-aigne an
Rómhánaig nuair adubhairt sé pugnatur; ach tá a fhios
agum cad tá im aigne fein nuair adeirim troitear, agus tá
a fhios agum an smaoineamh do bheith gníomhach. Is
ionann é agus "táthar ag troid," "bítear ag troid," nó
"déintear troid."



Isé nádúr an ghléasa so sa Ghaelge gur féidir don
ghníomh seasamh ann gan trácht ar ghníomhaí. Féach:
buailim = percutio, buailir = percutis, buailean (sé) = percutit,
buailtear = percussion fit (?). Nílim sásta le percussio fit;
ní nochtan sé m'aigne go hiumlán. Seo mar do nocht-
fainn i bhfocalaibh Gaelge í: - Buailtear, .i. tá duine,
nó daoine, éigin ag buala. Siúltar, .i. tá duine, nó daoine,
éigin ag siúl. Buailfear, .i. beig duine, nó daoine, éigin
ag buala. Táthar, .i. tá an duine, nó táid na daoine.



Níl a fhios agum cad a bhí i n-aigne an Rómhánaig
nuair adubhairt sé ut valetur? Ach nuair adeirim fein
táthar chút! tá a fhios agum gurab é rud a bhíon im aigne
ná "táim chút", nó "tá sé chút," nó "táimid chút," nó
táid siad chút," ach nách math lium aon trácht do
dhéanamh ar cé atá chút. Nuair adeirim béarfar ort!
isé rud a bhíon im aigne ná "béarfad ort," nó "béarfa
sé ort," nó "béarfaimíd ort," nó "béarfaid ort," ach ní
math lium aon trácht do dhéanmh ar cé bhéarfaig ort.



Isé rud do dhinim ná an gníomh d'innsint gan trácht
ar an ngníomhaí.



Is cosmhail gurab é an rud céanna do dhin an Rómhán-
ach nuair adubhairt sé nocebitur tibi, ach is dóil lium go
raibh sé sa chás chéanna ina bhfuil fear an Bhéarla anois.



Má uirean d'fhear an Bhéarla an gníomh d'innsint gan
trácht ar an ngníomhaí, níl ar a chumas é dhéanamh ach
leis an ngléas fhulangach. Cuir i gcás nách math leis a
rá cé bhuailfig thu, ach go dtiucfaig an buille ort ó thaobh
éigin, ní fuláir do an chaint do dhéanamh fulangach, .i.
"be tú buailte," you'll be struck. Is féidir dómhsa an
chaint d'fhágáil gníomhach, agus buailfear thu do rá.



Ní aon taím leat ar fad i n-a ndeirir ar an gcuma 'na
seasíd graimeur agus teanga i mbun a chéile. Má
thuigim i gceart thu, isé adeirir gurab é an graimeur an
dlí ar a gcumtar an teanga, agus má chítear sa teangain
rud buinis-ciunn leis an ngraimeur, gur ceart é thréigean


L. 133


nó é dh'atharú. Ní dóil liumsa gur mar sin ata an cás
eatartha. Ceapaim, má ghlacaid daoine nós cainte, agus
brí ar a dtoil féin leis an nós san acu, agus go ngeóig an
nós san de chosaibh sa ghraimeur, gurab é an graimeur
do chaifig géille agus gurab é an nós an máistir. Dá bhrí
sin isí céad cheist is éigean do chur ar an bpunc so, - ceoca
gníomhach nó fulangach buailtear i n-aigne na ndaoine?
Más gníomhach é i n-aigne na ndaoine, ní féidir don
ghraimeur é dhéanamh fulangach.



Ach nuair [a] bhíon an graimeur déanta agus é glacaithe
ag an gcoitiantacht, tá fhiachaibh ar gach duine rud do
dhéanamh air. Is féidir, amh, dul uaig arís. Má théun
duine anois is duine arís 'na chuinnibh, agus má leathan
an nós nua ar an gcoitiantacht, cuirfe sé seana-nós á
seilbh. Ise an nós an dlí. Ta bua ag nós ar ghraimeuraibh.



Táir dhá chasa lium gur mian lium mo bhrethúntas
féin do chur as ciunn na sean-údar. Ní hé sin atá agum
dhá dhéanamh. Ní hé i n-aonchor. Sidé atá orm. Ní
féidir lium ciall na sean-údar do ghlaca ó sgoláiríbh na
haimsire seo, mar tá sé buailte isteach im aigne ná fuil
eólas acu ar chiall na sean-údar. Is usa go mór eólas do
chur ar Ghaelge na haimsire seo ná ar Ghaelge na
sean-údar. Ní thig leis na sgoláiríbh seo an Ghaelge
atá beó do thuisgint. Deir duine acu Tá sé mise. Deir
duine eile acu Is cill ann. Ní féidir lium leabhar do
thógaint im láimh ná fuil lán de thuathalaibh agus d'iomroll-
aibh de'n tsórd san. Conas is féidir dómhsa iuntaoibh
do bheith agum as an muintir do scríbh na leabhair nuair
[a] thugaid fé rá seana-Ghaelge do mhíniú dham? Féach
air seo: "Níor bh'í an cheárd san moc cheárd." Chuir
sgrínneóir éigin an c sin isteach i ndearúd. Níl aguinn
ach an c sin do bhualadh amach, agus tá an chiall chô glan
le solas na gréine: "Níor bh'í an cheárd san mo cheárd,"
That art was not my art. An bhfuil a fhios agut cad í
an chiall a bhuineadar na sgoláirí as? That art was no
swineherd's art! Cuir i gcás gur bh'í sin ciall an tsean-
údair, is mar seo do chuirfeadh an sean-údar síos an chaint:
"Níor mhuc-cheard an cheard san." Tá an tuathal san
as cómhair na sgoláirí go léir le deich mblianaibh agus
dathad, agus do ghlacadar uile é ó dhuine go duine acu.
Is dóil lium go bhficfir é san Appendix atá le "Tóruigheacht
Dhiarmuda agus Ghráinne."


L. 134


Fic Irisleabhar na Bealltaine, 1893. Ar an dara
leathanach tá so: -



Bídh naomh bhail nách caomh la nech,
Bíodh foel craicend coerach.



… Taisbeánan an sean-
údar conas do haithneófar an naomh ón bhfaolchú.
Nás fíor-naomh é, ní hi n-áit chaomh do gheófar é. Má
tá sé san áit chumpórdach, .i. i gcroicean na caereach,
seachain é. Ansan isea is gnáth an faolchú do bheith.



Féach anois ar an gcuma 'nar mhínig Kuno Meyer é!
Cimeád ar sgoláirí ar an nGaelge bheó, agus ta nách-mór
gach-aire bhfocal ar tuathal acu. Ach sgaoil siar iad sa
tseana-Ghaelge, mar a mbeig cead cos agus cead lámh
acu, agus ní beag d'iúna a mbeig d'éirim agus de thuisgint
acu le nochta. …



Ní chreidim focal uatha, agus níl leigheas agum air.
Ní féidir lium focal do chreidiúint uatha ach uiread le
lucht an chlavis Homerica a bhíodh aguinn fadó. Ní
dócha go bhfeacaís-se riamh é.



Ní math lium bheith ag fáil locht ar ár sgoláiríbh, mar
tá obair mhór mhath achu dhá dhéanamh, agus iad dá
déanamh ar a ndícheal. Tá deifríocht idir san d'admháil,
agus a rá go bhfuil gach ní sa cheart acu. Gach ní dá
bhficim 'na ndiaig bíon droh-amhras agum air. Níl
leigheas agum ar an ndroh-amhras san. Bíon eagla orm
go mb'fhéidir gur "muc-cheard" do bheadh dá chur
'na luí orm!



Seo nós Laidne do shleamhnaig isteach orainn i bhfad
siar: - Oh my God! = "Ó mo Dhia" i bhfíor-Ghaelge,
óg ná sean, níl cás agalltach (vocative case) ar "mo." Oh
fili mi = "Ó a mhic." Is trua gan sgoláirí agum anois ar
aon láthir go n-iarfainn ortha Gaelge do chur dom ar
Come hither, my boy. Ceapaim gur tearc duine acu ná
déarfadh "Tar i leith, mo bhuachail," i n-inead "Tar i
leith, a bhuachail."


L. 135


Ba dhóbair dam scriptum est a Caesare do dhearúd.
Sidé adeirim, gurab ionan bun-bhrí an fhocail Laidne a
agus an fhocail G[h]aelge ó; gur bh'é a an focal a bhí
ag muintir na Laidne i gcéill "by" cum agente; go bhfuil
ó sa Ghaelge sa chéill chéanna aguinn beó fós; gur as an
dtobar gcéanna d'éirig an dá theangain, .i. an Laidean
agus an Ghaelge; gur dhóth, dá bhrí sin, an t-ó Gaelge
do bheith, an chuid ba lú dhe, chô hársa leis an a Laidne,
agus dá bhrí sin gur bh'fhearr d'fhocal é mar Ghaelge ar
by (cum agente) ná le, bíodh go mbeadh ceart i le, rud
ná fuil. Ní dóil lium go bhféadfaí aon locht d'fháil ar
an rá so, .i. "clóbhuailte ó Ghill" ("sgríofa ó Chaesar"),
etc. Is cô-réir dóibh ….



Ag lé do leitreach tríthi síos sam, ní hé mo thuairim go
bhfuil puinn easaontachta eadrainn. Ní fhicim ní dhe
ach ar an t-aon phunc amháin, .i. An gníomhacht buailtear?
Ní dóil lium go bhfuil sé ansan fein, ach go dtuigfimís a
chéile i gceart. Nuair a deirir-se invidetur tibi, is obiectum
an tibi sin, dativum objecti. Sin díreach mar [a] thuigim-
se "buailtear an gadhar," nó "buailtear thu." Is
obiectum "thu" nó "gadhar," .i. accusativum objecti.



Pé sgéal é, tá do leitir go hálainn ar fad. Do léus í go
minic i ndia chéile, agus dá mhinicí do léus í, isea is fearr
do thaithnn sí lium. Is trua gan an t-eólas céanna ar ár
nGaelge ag fearaibh óga na hÉireann anois "ó Dhoncha
Dí go Ti Mhóire." Dá mbeadh, níor bhaol dúinn í
d'fháil bháis uainn, agus gan aguinn 'na diaig ach
glafarnach Béarla.



Do chara go buan,



Peadar Ua Laoghaire



P.S. - Chím go minic i leabhraibh le i gcéill apud, agus
gur by chuirid ár sgoláirí mar Bhéarla air. Deirid
Connachtaig fós "An mór an t-airgead atá libh?" (apud
vos), "Cé bhí leat?" …
"Slóghadh la Laighnibh" = …



Cogar! Ca bhfios dómhsa cad iad na punca beaga
diamhara caola den tsórd san atá sa tseana-Ghaelge fé
shrónaibh ár sgoláirí a-ganas dóibh? Ca bhfios dam an
'mó "much-cheard" atá ann acu? - D.ch.g.b.


L. 136


III.



CAINT NA NDAOINE.



Tadhg. - Níl aon dícéille is mó a chím ag sgoláirí dhá
dhéanamh ná an rud ná tuigid siad do chur síos láithreach
'na thuathal. Tá éacht de choraibh matha cainte imithe
uainn hana fein mar gheall ar an ndícéille sin. Aon
bhlúire cainte do gheibhimíd i mbéalaibh sean-daoine,
ní ceart duinn é chathamh uainn, pé domlas a gheibhimíd
air ná pé tuathal a mheasaimíd a bheith ann. Is ceart
dúinn iad go léir do sgrí síos, agus ansan bheith dhá
mbrath agus dá meas ar ár suaineas.



Doncha. - Dhe mhuise, a Thaidhg, tá drabhaíol cainte
ná beadh aon mhath d'aenne bheith dhá cur síos. Cad
é an saghas Gaelge bheidh agut má chuirean tú síos
manageáil, agus leecháil, agus grumbleáil, agus a leithéidí!



T. - Ní cheapfainn uaim féin a leithéidí sin. Ach
má bhím ag innsint sgéil duine eile, agus go ndéanfaig
an duine sin úsáid de na foclaibh sin, ní fuláir dómhsa iad
do chur síos 'na chaint don duine sin nó bréag do chur
air. An airíon tú leat me, a Dhoncha? Níor mhair aon
teanga riamh fós gan an uile shaghas cainte inti, uasal
agus íseal, garbh agus cneasta, sleamhain agus anacair.
Ní fhéadfadh teanga maireachtaint ar aon chuma eile.
Cad é an fhaid a mhairfeadh an Béarla dá gcathadh bacach
an mhála labhairt mar a labharfadh Gladstone nú Sexton?
Ní féidir do theangain leanúint beó mara bhfaghaig an
uile dhuine sa náisiúin, ón ri go dtí bacach an mhála,
cothrom a bhéil féin de chaint inti. Dá múchtaí ar an
neómat so a bhfuil de Bhéarla briste dhá labhairt ins na
ríochtaibh seo agus ar fuid an domhain, ní mhairfeadh
an Béarla cheithre huaire fichead. Pé saghas cainte a
túrfaí don phuiblíocht i n-inead an Bhéarla bhriste, ba
ró-ghearr go nglacfaí 'na caint náisiúnta í. Amach as
caint na ndaoine, bíodh sí briste nú slán, isea d'fhásan
caint na n-uasal. Is ar chaint na ndaoine atá a seasamh
do chaint na n-uasal. Cuír i gcás na huaisle is mó, dá
mba ná beadh ann ach iad féin, cá mbeadh a n-uaisleacht?



D. - An-dagha, is fíor duit é. Chaifidís féin breithe ar
an ráinn agus ar an sluasaid.



T. - Más math linn an Ghaelge do chimeád beó, ní


L. 137


fuláir dúinn an uile fhocal a thagan amach á béal duine
do sgrí síos agus do chimeád.



D. - Caifimíd bheith dhá manageáil agus dá spelláil
agus da bparseáil go dtí go mbeimíd bodhar botherálta
acu, agus na sgoláirí go leir ag titteráil mhagaig fúinn!



T. - A Dhoncha, a chruí 'stigh, is mah a dubhraís an
méid sin. Dubhraís é le dro-mheas, ach dar so 's súd
ní fhéadfadh an sgoláire is fearr acu brí do chainte do
thúirt uaig chô fuinte chô críochnaithe sa chaint is uaisle
'na phluc. Ná bíosh aon phiuc dá mhearathal ort, isí
caint na ndaoine, bíodh sí briste nú slán, an chaint is
treise. Is mó an neart agus an fuinneamh atá i n-aon
dán amháin de dhántaibh Burns ná i n-ar tháinig riamh
de mhíleánaibh ceóil á pípín Thomáis Í Mhóra.



D. - Ó, foth, foth! a Thaidhg. Ná cáin ár nduine
féin - agus gan aguinn ach é.



T. - "Gan aguinn ach é!" Ní linn i n-aon chor é.
Níl aon chuid aguinn de. Níl aon éileamh aguinn air.
File Gallda isea é, agus file Gallda isea Burns. Agus
isé Burns an file is fearr de'n bheirt. "Gan aguinn ach
é!" Táid siad 'na bhfichidíbh aguinn ach aithine do
chur ortha.


L. 140


SEANA-BHRÓG A CHRAPAN AN CHOS.



Doncha. - Cad é an dalla-bhodhra-buicín atá ortha ná
hosglaid siad a súile agus dul láithreach sa cheann chóir
de'n obair!



Tadhg. - Ag aighneas ar leitriú a bhíd siad. Is dóil
leó gurab é an leitriú an gnó go léir. Is mó acu an
t-éadach ná an duine atá istig san éadach. Is mó acu
an bhróg ná an chos atá sa bhróig. Cad é an tairfe
dham bróg dheas a bheith orm má chrapan sí mo chos
agus nách féidir dom siúl inti?



D. - An-dagha, ach b'fhearr lium go mór í chathamh
díom agus imeacht coslomarochta.



T. - B'fhearra dhuit é, leis. Níl sa leitriú so go bhfuil
an t-aighneas go léir dá dhéanamh mar gheall air ach
seana-bhróg atá lán suas de tharaingíbh, agus de
thaoibhíníbh rua, agus de bharraicíníbh cama crua. Ní
féidir d'aon chainteóir Gaelge an tseana-bhróg san d'fhulag
ar a chois.



D. - Agus féach, a Thaidhg; conas fhéadaid na daoine
sin féin, lucht an aighnis, an tseana-bhróg san d'fhulang?



T. - Mar ní cos bheó a bhíon sa tseana-bhóig acu, ach
cos marbh! Ní féidir don tseana-shlipéid an chos
mharbh a ghortú.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services