Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mion-Chaint Cuid II

Title
Mion-Chaint Cuid II
Author(s)
O'Leary, Peter, Very Rev.,
Composition Date
1902
Publisher
Irish Book Company, The

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CUID A
II.



AN GNÍOMH.



D'á dhéanamh nó d'á fhulang.



Buail an gadhar.



Buaileadh sé.



Buaileadh sé an gadhar.



Buailimís an gadhar.



Buailimís an mhuc.



Buailidh.



Buailidh iad.



Buailidh go maith iad.



Buail amach!



Buail amach as san!



Buail a leith.



Buail chúgam a leith.



Buail anso.



Buail isteach.



Buail anonn.



Buail anall.



Buail ainíos.



Buail suas.



Buail thorm.



Buail ansan é.



Buail do lámh air.



Buail ar do cheann é.



Buail ar do mhuin chúgat é.


L. 4


Buail do bhóthar.



Buail uime.



Buail uímpi.



Buail umpa.



Buail 'na dtreó.



Buail fé 'na ndéin.



Buail síos fé'n dtig.



Buail amach fé'n gcnuc.



Buail an t-arbhar.



Buailfidh an tarbh thu.



Buailfidh an capal thu.



Buailim.



Buailim nuair fhéadaim é.



Táim ag bualadh.



Táim ag bualadh an ghadh-
air.



Do bhuaileas an gadhar.



Bhídheas ag bualadh an
ghadhair.



Bhídhinn ag bualadh an
ghadhair.



Bím ag bualadh an ghadhair.



Béidhead ag bualadh an
ghadhair.



Buailfad an gadhar.



Do bhuailinn an gadhar.



Dá mbuailinn an gadhar.



Má bhuailim an gadhar.



Má bhuaileas an gadhar.



Má bhuailinn an gadhar.



Tá an gadhar buailte
agam.


L. 5


Bhí an gadhar buailte agam.



Béidh an gadhar buailte
agam.



Bhéidheadh an gadhar buailte
agam.



Dá mbéidhfá tamaillín eile
gan labhairt bhéidheadh an
gadhar buailte agam.



Dá gcaithinn an chloch sa
treó san do bhuailfinn
an gadhar.



Bíodh an t-arbhar buailte
agat nuair a thiocfad.



Bí ag bualadh an arbhair
nuair a thiocfaidh sé.



Táim dom bhualadh.



Táir dod bhualadh.



Tá sé dá bhualadh.



Tá sí dá bualadh.



Tá an gadhar dá bhualadh.



Támuíd dár mbualadh.



Táthaoí d'bhúr mbualadh.



Táid siad dá mbualadh.



Táid na gadhar dá mbualadh.



Bím dom bhualadh.



Bíon tú dod bhualadh.



Bíon sé dá bhualadh.



Bíon sí dá bualadh.



Bíon an gadhar dá bhualadh.


L. 6


Bímíd dár mbualadh.



Bíon sibh d'bhúr mbualadh.



Bíd siad dá mbualadh.



Bhíos dom bhualadh.



Bhídhis dod bhualadh.



Bhí sé dá bhualadh.



Bhí sí dá bualadh.



Bhí an gadhar dá bhualadh.



Bhíomair dár mbualadh.



Bhíobhúir d'bhúr mbualadh.



Bhíodar dá mbualadh.



Táim buailte.



Táir buailte.



Tá sé buailte.



Támuíd buailte.



Táthaoí buailte.



Táid siad buailte.



Bím buailte.



Bíon tu buailte.



Bíon sé buailte.



Bímíd buailte.



Bíon sibh buailte.



Bíd siad buailte.



Bhídhinn buailte.



Bhídhtheá buailte.



Bhíodh sé buailte.



Bhímís buailte.



Bhíodh sibh buailte.



Bhídís buailte.



Béad dom bhualadh.



Béir dod bhualadh.


L. 7


Béidh sé dá bhualadh.



Béidh sí dá bualadh.



Béimíd dár mbualadh.



Béidh sibh d'bhúr mbualadh.



Béid siad dá mbualadh.



Béid na gadhair dá mbual-
adh.



Béad buailte.



Béir buailte.



Béidh sé buailte.



Béimíd buailte.



Béidh sibh buailte.



Béid buailte.
Béid siad buailte.



Bí dod bhualadh.



Bíodh sé dá bhualadh.



Bímís dár mbualadh.



Bídhidh d'bhur mbualadh.



Bídís dá mbualadh.



Bí buailte.



Bíodh sé buailte.



Bímís buailte.



Bíthí buailte.
Bíodh sibh buailte.



Bídís buailte.



An mbuailean tu an gadh-
ar?



Má bhuailim ní ghortuíghim.



An mbuailfá an gadhar?


L. 8


Dá mbuailinn féin ní
ghortóchainn.



An mbuailfir an gadhar?



Má bhuailim féin ní ghortóch-
ad.



An mbuailteá an gadhar?



Má bhuailinn féin ní ghort-
uíghinn.



Ar bhuailis an gadhar?



Má bhuaileas níor ghortuígh-
eas.



Go mbuailir an gadhar!



An casóg nua í sin ort?



Iseadh.



Go mairir í!



An bróga nua iad san
ort?



Iseadh.



Go mairir iad!



Mhaise go mairir na fún-
saí!



Go mairir a's go gcaithir
iad!



Inse Charaig an ime,



Nár mhairidh sí a h-ainim ná
a sloinne!" (Aoibhlin ní
Chonaill).



Nár mhairidh an mhuc an
lainncis!


L. 9


Ghuideas caora.



Nár chuiridh sí saíll ort!



D'itheas ubh gé.



Go labhraidh sé leat!



Tá tart orm.



Gan sos chugat!



Gan rath air mar sgéal!



Gan geir ort!



"Gan a sheisear 'na mbláth
air!"



Sonuachar chugat!



Séan ort!



Léun ort!



Go gcuiridh Dia an rath ort!
Rath Dia chúgainn!



Tá siorach ag láir Thaidhg.



Ach! Rath Dia chúgainn!



Chonách san ar an bhfear
mbocht!


L. 10


Tá airgead aige.



Chonách san air!



Tá bean mhaith aige.



Chonách san air!



Tá Nóra ag teacht chuichi
féin.



Chonách san uirthi!



Táid na Breathnaig ar muin
na muice ó fuaradar a
gcuid tailimh.



Chonách san ortha!



Béad-sa ag imtheacht.



Go n-eirghidh leat!



Go dtéidhir slán!



Go mbeiridh Dia slán tu!



Go mbeiridh Dia slán abhaile
thú!



Go n-eirighidh an t-ádh leat!



"Seachain na fáthana agus
ní baoghal duit na h-
ádhana."



"Gó n-eirghidh an t-ádh
leat!"



Moladh gach aoinne an t-ádh
mar a gheabhaidh.


L. 11


Go neartuighidh Dia leat!
May God give you addi-
tional strength!



Cabhair Dé chugainn!



Dia le cabhair chugainn!



Dia linn!



Dia linn a's Muire!



Iaramíd cabhair a's cong-
namh ar Dhia.



Dínnéar ag cabhrúghadh le
suipéar.



Duine gan dínnéar, beirt
chum suipéir.



Buailtear.



Do buailtí.


L. 12


Do buaileadh.



Go mbuailtear!



Dá mbuailtí.



Má buailtear.



Do buailfí.



Deir sé go mbuailfí.



Táthar fé bhualadh.



Táthar buailte.



Bídhtear fé bhualadh.



Bídhtear buailte.



Bhídhtheas fé bhualadh.



Bhídhtí fé bhualadh.



Bhídhtheas buailte.



Bhídhtí buailte.



Beidhfar fé bhualadh.



Beidhfar buailte.



Go rabhthar buailte!



Beir ar an ngabhar.


L. 13


Beirtar ar an ngadhar.



Do rugas ar an ngadhar.



Do rugadh ar an ngadhar.



D'fheuch sé orm.



Do feuchadh orm.



Do ghuid sé mo sgian.



Do guideadh mo sgian.



Thug sé fúm.



Do tugadh fúm.



Do theith sé uaim.



Do teitheadh uaim.



Do chuir sé isteach orm.



Do cuireadh isteach orm.


L. 14



L. 15


Siúbhaltar sa lá.



Labharthar árd i bhfeirg.



Codaltar asdoídhche.



Siúbhlaid daoíne.



Táthar chúgat.



Tá an tarbh chúgat.


L. 16


Curtar arbhar sa n-earach.



Cuirid daoíne arbhar sa n-
earach.



Do creachadh mé.



Do guideadh é.



Do labhradh leis.



Do glaodhadh air.



Do marbhadh é.



Do cailleadh é.



Do fuaradh é.



Do briseadh é.



Do briseadh é.



Do treabhadh an pháirc.



Do cuireadh an síol.



Do fliuchadh an ithir.



Do tiomáineadh ainíos an
geamhar.



Do téitheadh le gréin é.



Do boradh le fás é.



Do nochtadh an dias.



Do líonadh an gráinn.



Do buídheadh le spéir é.



Do h-aibígheadh le fóghmhar
é.



Do baineadh le speil é.



Do baillígheadh sa n-ioth-
lainn é.


L. 17


Do deineadh stáca de.



Do cuireadh i sgioból é.



Do buaileadh le súiste é.



Do cáthadh le gaoíth é.



Do líonadh i mála é.



Do díngeadh le bata é.



Do rugadh go muillion é.



Do cruadhadh ar lic é.



Do meilleadh i mbróin é.



Do glanadh le créithir é.



Do tugadh abhaile é.



Do fliuchadh le h-uisge é.



Do fuineadh le dóirnibh é.



Do leathadh fé bhasaibh é.



Do cuireadh le teine é.



Do ruadhadh le teas é.



Do tógadh suas é.



Do cuireadh ím air.



Do blaiseadh go milis é.



Ba dheas é!



Táthar 'gham bualadh.



Táim dom bualadh.



Táthar ag bualadh an
ghadhair.



Tá an gadhar dá bhualadh.



Táthar ag guid mo
sgeine.



Tá mo sgian dá guid.



Táthar ag brise na
gcloch.



Táid na clocha dá
mbrise.


L. 18


Bídhtear ag buaint
arbhair.



Bíon arbhar dá bhaint.



Bhídhtí ag marbhadh
daoíne.



Bhíodh daoíne dá marbh-
adh.



Bhídhtí ag gearadh crann.



Bhíodh craínn dá ngear-
adh.



Bhídhtí ag ceanach capal.



Bhíodh capail dá gcean-
ach.



Bhídhtí 'gham chur amú.



Bhídhinn dom chur amú.



Bídhtear ag ithe bídh
anso.



Bíon bhiadh dá ithe anso.



Ithtear biadh anso.



Béidhfar ag baint
phrátaoí.



Béid prátaoí dá
mbaint.



Béid na prátaoí bainte
againn.



Béidhfar ag déanamh
féir.



Béidh féur dá dhéanamh.



Béidhimidh ag sábháil
fhéir.



Dá mbéidhfí ag brise
cloch ní béidhfí fuar.


L. 19


Dá mbéidheadh clocha dá
mbrise againn ní bhéimís
fuar.



Má táthar ag brise cloch
ní fhuiltear fuar.



Má tá clocha dá mbrise
acu ní fhuil siad fuar.



Táim chúgat.



Tá sé chúgat.



Támuid chúgat.



Táid siad chúgat.



Béidhfar buailte.



Buailfar.



Buailfar.



Fíllfar.



Iosfar thú.



Béidhfar ithte.


L. 20


Do deineadh cómhthionól.



Do ceapadh riaghalta.



Do cumadh dlighte.



Do glaodhadh cúis.



Do h-éisteadh fínnithe.



Do tugadh leabhartha.



Do cuireadh leabhartha.



Do h-ínseadh fírinne.



Do h-ínseadh éitheach.



Do cuireadh ceisdeana.



Do freagaradh.



Do dalladh daoíne.



Do labhradh.



Do labhradh go maith.



Do labhradh go h-olc.



Do labhradh go réidh.



Do labhradh go h-árd.



Do labhradh go dána.



Do labhradh go cneasda.



Do labhradh go tur.



Do labhradh go fíochmhar.



Do labhradh go colgach.



Do labhradh gan chiall.



Do labhradh abhfad.



Níor labhradh abhfad.



Níor labhradh puínn.



Do deineadh a lán cainte.



Bhí an lá imighthe.



Cuireadh an chúis ar athlá.



Cad é an fhaid?



Go lá Philib an chleite.



Eirghítear an maidin.



Téidhtear chum oibre.


L. 21


Fantar ag obair go h-
aimsir briocbhaist.



Ithtear an briocbhaist.



Téidhtear ag obair airís.



Baintear móin le sleán.



Leathtar í le píce.



Bristear cuid dí.



Leathtar tiugh í.



Leathtar fánach í.



Baintear an fód ramhar.



Baintear caol é.



Tiormuíghthear an mhóin fé'n
spéir.



Cructar an mhóin.



Déintear cruiceóga dhí.



Déintear cruacha dhí ar an
bport.



Líontar i gcruibeanaibh í.



Beirtear isteach sa tsráid í.



Díoltar í.



Ceanuíghtear bia ar an
airgead.



Tugtar abhaile an bia.



Cothuíghtear mná agus
clann.



Téidhtear i gcoíll.



Curtar faobhar ar thuaghaibh.



Leagtar adhmad.



Glantar na géaga dé.



Baintear an choirt dé.



Curtar ar thrucailíbh é.



Tugtar abhaile é.



Tómhaistear le sraing é.


L. 22


Geártar 'na chodaibh é le
sábh.



Déintear cláracha dé.



Déintear triosgán de chuid
dé.



Fágtar an chuid a bhíon caol
dé chum teine.



Dóightear an choirt agus na
slisneacha agus an brús-
gar.



Do saothruíghtí a lán lín i
n-Éirinn roímhe seo.



Do treabhtí an ithir go maith
agus do leigtí amach i
n-iumairíbh an talamh.



Do leasúightí go maith, leis,
an talamh, sul a gcurtí
an ros ann.



Do curtí an ros go luath
sa n-Earach.



Fásan líon, i n-thir mhaith,
tuairm a's trí troíghthe
goileith ar aírde.



Tigean bláth beag gorm i
mbár an ghais.



Dá mbaintí an bláth do
loitfí an gas.



Nuair bhíon an líon aibig
staithtear as an dtalamh
é leis an láimh.



Ceangaltar ansain é 'na
phunanaibh.



Curtar na punana 'na
seasamh sa pháirc ar feadh
beagán aimsire.


L. 23


Ansan curtar i bpoll é, fé
uisge, agus clocha anuas
air, ar feadh seachtmhaine.



Feuchtar ansan é.



Má bhíon an colg briosg
tógtar as an uisge é.



Leathtar ansan é ar bhán
lom, ag tuaradh.



Leathtar ana thanaídhe é.



Ní fágtar aon dá ghas os
cionn achéile.



Leathtar 'na shrathanaibh é.



Gealan sé leis an spéir.



Nuair bhíon sé geal baillígh-
thear suas é 'na phunanaibh
móra agus curtar isteach
ar lochta é.



Nuair thagan an geimhre
agus ná bíon an uain
chum oibre lasmuich, beir-
tear 'na dhórnánaibh ar
an líon agus buailtear
é le tuairgín ar chloich
go dtí go mbrúitear an
colg ann.



Ansan sgoithtear le tlú é,
go mbaintear an colg
as.



Cíorthar le h-astal é.



Baintear an bunach as.



Déintear táithíní dé.



Déintear sgothana dé.



Curtar an sgoth-lín ar
chuigiolach.


L. 24


Snímhtear le túran é.



Déintear snáth dé.



Fílltear an snáth 'na
sgáinníbh.



Nightear é.



Tuarthar é.



Gealtar fé'n spéir é.



Tochraistear 'na cheirtlíníbh
é.



Deilbhthear ar chrann é.



Beirtear go tig an fhíghdóra
é.



Curtar sa tseól é.



Curtar inneach fé.



Fíghtear le spól é.



Déintear éudach dé.



Déintear línéudach dé.



Déintear anairt dé.



Curtar inneach bunaig fé.



Déintear cnafás dé.



Déintear bairlíní dé.



Déintear mhálaídhe dé.



Déintear léinteacha dé.



Déintear eudach leapan
dé.



Déintear éudach-cláir dé.



Déintear éudaighe lámh dé.


L. 25


"Bhí comhthionól cruinnighthe i gCorcaig Dé Luain."
"Do cruinnígheadh comhthionól i gCorcaig Dé
Luain,". "Bhí comhthionól i gCorcaig Dé Luain."



"Do chonac tig dóighte i gCorcaig."



"Do chonac
tig d'á dhóghadh i gCorcaig."



Chonac páirc d'á treabhadh.



Chonac páirc threabhtha.



Chonac árthach d'á líonadh.



Chonac árthach lán.



Chonac bó dá mharbhadh.



Chonac bó mharbh.



Chonac bó mharbh.



Chonac bó agus í mharbh.



Chonac bó agus í dhá mar-
bhadh.



Chonac búisteir 'ghá marbhadh.



Chonac arán d'á ithe.



Chonac a leath ithte.



Chonac a leath d'á ithe.



Chonac a bhformhór 'ghá ithe.



Chonac a bhformhór d'á n-
ithe.



Chonac a bhformhór ag ithe.



Chonac a bhformhór ag ithe
na n-úbhal.



Chonac a bhformhór 'ghá n-
ithe.


L. 26


Buailtear arbhar.



Buailtear arbhar.



Tá arbhar buailte.



Tá arbhar dá bhualadh.



Arbhar buailte.



Arbhar a buaileadh.



Arbhar atá dá bhualadh.



Arbhar atá buailte.



Bualadh.



Buailte.



Lucht buailte.



Lucht cáithte.



Siúbhal.



Tá siúbhal mhaith agat.



Is maith liom do shiúbhal.



Lucht siúbhail.



Fear siúbhail.



Bean tsiúbhail.



Bí ar siúbhal.



Tá an muillion ar siúbhal.



Cuir ar siúbhal é.



Siúbhlóid.



Lucht siúbhlóide.



Lucht bóithreóireachta.



Lucht coisidheachta.


L. 27


Lucht léighinn.



Lucht snámha.



Lucht óil.



Lucht siúbhalta na gcnuc.



Lucht léighte na leabhar.



Lucht snáimhte na n-abhan.



Lucht ólta na ndeoch.



Tá sé ag fearthainn.



Tá sé ag sioc.



Ta sé ag sneachta.



Tá sé ag glanadh suas.



Tá sé ag gealadh.



Tá sé dhá rádh.
Ta sé ráidhte.



Tá sé moch.



Tá sé déidhnach.



Tá sé buille chlog.



Tá sé 'na oídhche.



Tá sé 'na lá.



Tá sé 'na lá gheal.



Tá sé 'na chogadh dhearg.



Tá sé 'n' oídhche dhubh.



Tá sé 'n' eadartha.



Tá sé 'n' am staid.



Tá sé 'n' am dul a chodla.



Tá sé 'n' am codalta.


L. 28


Tá sé 'n' am mhairbh na
h-oídhche.



Tá sé 'n' am eirighthe.



Tá sé 'n' am Aifrinn.



Tá sé 'na Dhomhnach.



Tá sé 'na gheimhre amuich 's
amach.



Tá sé fuar.



Tá sé brothalach.



Tá sé teith.



Tá go maith!



Mo bhualadh.



Do bhualadh.



A bhualadh.



A bualadh.



Ár mbualadh.



Bhúr mbualadh.



A mbualadh.


L. 29


A díbirt.



A tabhairt dó.



A gcur beo i dtalamh.



A losgadh.



A gcrochadh.



Mo bhreith as!



Ár mbreith as!



A mbreith as!



Táim chum do bhuailte.



Táim chum a ngeártha.



Do chuir sé chum bhúr
mbuailte.



Do cailleadh leat chum a
ráidhte.



Ní'l cásur agam chum a
mbriste.



Táim chum a ndíolta.
Táim chum iad do dhíol.



Táim chum bhur mharbhtha.
Táim chum sibh do mharbhadh.



Táim chum a mbeártha.
Táim chum iad do bhearadh.


L. 30


Dá mbeidhinn chum mo
chrochta.



Dá mbeidhinn le crochadh.



Do daoradh chum a chrochta é.
Do daoradh chum na croiche é.
Táthar chum é chrochadh.
Crochfar é.



An chum mo mharbhtha ataoi?
An chum mé mharbhadh ataoi?
An mé mharbhadh atá uait?
An amhlaidh a mharbhóchthá mé?
An é mo mharbhadh atá uait?



Do dheinis mo dhíoghbháil.
Deinis díoghbháil dom.
Do ghortuíghis mé.
Táim basgaithe agat.



Dheinis mo chreachadh.
Dheinis mé chreachadh.
Táim creachta agat.
Do chreachaís me.



Cheapamair go mbeidhmis
tóicthe leis, agus dar
ndóich is amhlaidh atá-
muíd creachta leis.



Buail an gadhar.



Tá bata agat féin chum a
bhuailte.



Fágaim a bhualadh fútsa.



Fágaim ceanach na bó fút.



Fágaimse fútsa díol aisti.


L. 31


Fág a ceanach fúm leis má
seadh.



Cé atá ag díol na bó so?



An bhfuil sí durtha?



An samhaisg í?



Samhaisg dhurtha.



An bhfuil a díol fút?



Tá, má gheibhim a fiacha.



An mór é?



Cheithre púint déag.



Tá tuille agus a fiacha
ansan.



An mór sa mbreis dar
leat?



Deich bpúnt a fiacha.



Mar sin ní tu atá 'ghá díol.



Is cuma cé atá 'ghá díol,
ní fiú a thuille í.



Beidh sí gan díol air sin.



Beidh sí gan ceanach ar a
thuille.



Cad é seo oraibh?



Mise atá ag díol na bó
so, agus an duine seo
'ghá ceanach.



Ní h-eadh acht mise atá ag
ceanach na bó so agus ní
fheadair an duine seo
conus í dhíol.


L. 32


An mór atá eadraibh?



Tá cheithre púint. Do dhíol-
fainn-se an bhó ar cheithre
púint déag, agus is fiú níos
mó 'ná san í.



Is fiú deich púint í agus ní
fiú feóirlinn thairis í.



Feuchaig aleith orm, beirt
agaibh. Má oirean duitse
an bhó do dhíol is feara
dhuit 'ná cúpla púnt í
bheith as do láimh agat.
Agus má oirean duitse
í cheanach ar deich bpúint
is feara dhuit 'ná an dá
phúnt eile í bheith ad sheilbh
agat. Samhaisg bhreagh
óg dheabhraitheach iseadh í.



Bíodh sí aige ar an dá phúnt
déag.



Tógfad í. Ní bhrisfead
focal an duine.



Éist!
Éist anois!
Éist do bhéal!



Fan!
Stad!
Fan socair!
Cuir uait!



Cogar!
Éist liom!
Ar airíghis!
An airíghean tu leat mé!
Cogar a leith chugam!
Cogar a leith!



Fan go fóil!


L. 33


Neósfidh an aimsir é!



Fan leat go fóil!



Beidh a fhios agat!



Gabhaimse orm!



Geallaimse dhuit!



Creid mé leis!



Tá an ceart agat!



Is fíor dhuit!



Is fíor dhuit é!



Is fíor dhom é!



Is fíor gan dabht!



Iseadh gan amhras!



Is beag dá mhearbhall ort!



Thugais t'éitheach!



Thugais féin é!



Is bréag dhuit sin!



Tá an t-éitheach agat!



Tá corp an éithig agat!



Tá an dearg-éitheach agat!



Deirimse gur bréag dhuit
sin!



Is cuma liom!



Go deimhin is cuma liom!
Fágaim le h-uadhacht gur
cuma liom!
Fágaim le h-uadhacht a's le
h-aithrighe an tsaoghail
gur cuma liom!



Cad é an t-aos tu?



Mhaise ní fheadar.



Fágaim le h-uadhacht ná
feadar.


L. 34


Fágaim le h-uadhacht go
bhfuil tart orm.



Fágaim le h-uadhacht gur
mithid duit sin.



Cá bhfuil Diarmuid?



Andaigh ní fheadar.



Andaigh féin ní fheadar.



An bhfuaraís aon nídh uaidh?



Ní bhfuaras mhaise!



Am briathar ná fuaras!



Andaigh ní bhfuaras.



An bhfuil ocras ort?



Tá andaigh!



An ólfá deoch?



D'ólfaínn andaigh!



Cé dhíolfaidh as?



Maise andaigh is cuma
liom! Díoladh a rogha
duine as!



Acht go n-ólfair-se é?



Seadh andaigh!



Andaigh is breagh bog a
thagan sé chugat!



Dhe mhaise, andaigh, ní feár
riamh é!



Ní bhfaghan aoinne deoch
anso gan díol as.



An eadh, mhaise?



Am briathar gur'bh eadh,
mhaise.


L. 35


Seadh! Ní'l leigheas air!



Tá, agus gach aon leigheas.



Cad é an leigheas?



Díol as.



Ná dúbhart leat nár mhór
liom d'á rogha duine díol
as?



Ambasa dúbhraís agus is
fial uait é.



Ag magadh fúm ataoí.



Is dóich liom gur mhaith
leatsa bheith ag magadh
fúmsa.



Conus é sin?



Tusa ag ól díghe agus mise
ag díol as.



Ambasa acht gur dóich liom
go bhfuil dearmhad ort
sa mhéid sin pé i n-Éirinn
é. Sin magadh nár
deineadh riamh fós fút.



Cad é an magadh?



Duine ag ól díghe agus
tusa ag díol as.



Seo! seo! Imthig abhaile
a's bíodh ciall agat.



Is dócha gur 'mó duine gan
ciall a thagan anso?



Is anso a thagaid siad.



Ambasa is maith an bhail
ortsa gan an chiall do
bheith acu.



Dá mbeidís chómh dealbh
leatsa ba chuma dhom
acu no uatha í.


L. 36


Andaigh is dócha é.



Seo! seo! Bailig leat as
san a's ná bí am bodh-
radh!



Dhe mhaise, bodhaire Uí
Laoghaire ort! Muna
baoghlach ataoi.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services